ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
1 Deireadh Fómhair 2020


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste na Réigiún

 

An 139ú seisiún iomlánach, 30 Meitheaamh-2 Iúil 2020

 

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Creat Airgeadais Ilbhliantúil Athbhreithnithe agus Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe

1

 

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tosaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún do 2020-2025 – Eoraip atá níos cóngaraí dá saoránaigh trína sráidbhailte, cathracha agus réigiúin

8

 

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — tograí ó Choiste Eorpach na Réigiún i bhfianaise Chlár Oibre 2021 an Choimisiúin Eorpaigh

16

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste na Réigiún

 

An 139ú seisiún iomlánach, 30 Meitheaamh-2 Iúil 2020

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cur Chun Feidhme Comhaontuithe Saorthrádála: an dearcadh réigiúnach agus áitiúil

21

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Seiceáil oiriúnachta ar an gCreat-Treoir Uisce, an Treoir Screamhuisce, an Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil agus an Treoir maidir le Tuilte

28

 

Tuairim Ionchais ó Choiste Eorpach na Réigiún – Todhchaí Bheartas AE d’Aer Glan faoi chuimsiú na hUaillmhéine maidir le Truailliú Nialasach

35

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Treochlár don Hidrigin Ghlan – an méid a chuireann údaráis áitiúla agus réigiúnacha le hEoraip aeráidneodrach

41

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú

48


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste na Réigiún

 

An 139ú seisiún iomlánach, 30 Meitheaamh-2 Iúil 2020

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Pacáiste Seirbhísí: dearcadh nuashonraithe údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa

53

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Dlí Aeráide Eorpach: bunú an chreata chun aeráidneodracht a bhaint amach

58

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Ciste um Aistriú Cóir

74


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 324 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste na Réigiún

An 139ú seisiún iomlánach, 30 Meitheaamh-2 Iúil 2020

1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Creat Airgeadais Ilbhliantúil Athbhreithnithe agus Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Creat Airgeadais Ilbhliantúil Athbhreithnithe agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile dar luach EUR 1 100 billiún agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (“Next Generation EU”), ar féidir léi an bealach a réiteach d’Aontas níos láidre, níos inbhuanaithe, níos comhtháite agus níos athléimní. Tugtar leis an togra seo an chéad fhreagairt chun dul i ngleic leis an iarmhairt láithreach a bheidh ag géarchéim COVID-19, agus chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí fadtéarmacha an Aontais;

2.

ag tabhairt aitheantais do na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na mBallstát is mó atá buailte leis an ngéarchéim agus na mBallstát sin a bhfuil a réigiúin fós tite ar gcúl, agus é ag iarraidh ag an am céanna cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le deontais agus éifeacht ghiarála na n-ionstraimí airgeadais;

3.

á chur in iúl, áfach, gur ábhar imní dó go bhfuil EUR 34.6 billiún níos lú sa togra athbhreithnithe don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil dar luach EUR 1 000 billiún ná mar a bhí sa togra ón gCoimisiún in 2018, agus go bhfuil sé fiú níos ísle fós ná na seasaimh ó Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus ó Pharlaimint na hEorpa, rud a laghdaíonn cumas an Aontais Eorpaigh aghaidh a thabhairt ar chuspóirí fadtéarmacha an Aontais. Maidir leis sin go háirithe, ní mór do CnaR agus do Pharlaimint na hEorpa a bheith i bhfad níos rannpháirtí, de réir mar is iomchuí;

4.

á thabhairt dá aire go bhfágann an tsolúbthacht mhéadaithe i mbuiséad an Aontais trí uasteorainn na n-acmhainní dílse a mhéadú go sealadach faoi 0,6 % de OIN an Aontais, go gcuirtear buiséad níos leordhóthanaí ar fáil don Aontas chun tacú le téarnamh an Aontais agus chun bheith in ann freastal ar na huaillmhianta a leagtar amach i gclár oibre straitéiseach an Aontais;

5.

á thabhairt dá aire an fógra ón gCoimisiún maidir le tograí maidir le hacmhainní dílse nua a d’fhéadfadh a bheith ann agus atá nasctha le cuspóirí an phlean téarnaimh; á chur i bhfios go láidir, áfach, nár chuir an Coimisiún tograí reachtacha ar aghaidh fós maidir le fíoracmhainní dílse dhá bhliain tar éis a chéad togra maidir le CAI iar-2020; á athdhearbhú ina leith sin gur iarr sé ar an gCoimisiún tograí reachtacha nithiúla ar an ábhar a thíolacadh go práinneach, e.g. maidir le cáin ar phlaistigh agus trádáil astaíochtaí;

6.

á athdhearbhú nach mór do CAI agus don Phlean Téarnaimh araon díriú ar an gcomhtháthú mar bhunluach de chuid an Aontais Eorpaigh, chun tabhairt faoi mhórdhúshláin amhail téarnamh ó ghéarchéim iar-COVID-19, an Comhaontú Glas don Eoraip, na spriocanna forbartha inbhuanaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chomh maith le hiomaíochas a spreagadh agus éagothromaíochtaí a shárú, maille leis an gclaochlú digiteach chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon áit ar gcúl;

7.

á chur i bhfios go láidir gurb ionann caiteachas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus trian den chaiteachas poiblí agus dhá thrian den infheistíocht phoiblí, agus gurb iad sin a chuireann chun feidhme 70 % de reachtaíocht uile an Aontais, 70 % de na bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus 90 % de na beartais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide; dá bhrí sin, ní mór cinneadh bunriachtanach a dhéanamh maidir leis an ngá – i dtaca le leagan amach, comhairliúchán, cur chun feidhme agus bainistiú cistí – go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha uile páirteach, chomh maith le riail éigeantach a dhéanamh go gcaithfidh na Ballstáit a cheadú do na húdaráis áitiúla uile tairbhiú de na cistí le haghaidh infheistíochtaí, amhail an infheistíocht chríochach chomhtháite, agus dul ar iontaoibh na gcistí sin;

Comhtháthú i gcroílár an téarnaimh

8.

ag cur béim air go bhfágann tionchar neamhshiméadrach phaindéim COVID-19 ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais go bhfuil gá le freagairt beartais leormhaith;

9.

á chur in iúl gur mór aige an togra ón gCoimisiún Eorpach chun ról an Bheartais Comhtháthaithe a áirithiú mar bheartas láidir infheistíochta fadtéarmach de chuid an Aontais, chomh maith leis na hinfheistíochtaí breise tríd an tionscnamh nua tacaíochta breisithe dar teideal REACT-EU agus gur mór aige an cur chuige lena n-áirithítear leibhéal tacaíochta atá i gcomhréir le tionchar na géarchéime. Ar an gcaoi sin, tá an leanúnachas fíor-riachtanach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag bogadh chuig céimeanna téarnaimh agus ag cur tacaíochta ar fáil do na daoine agus do na háiteanna is mó a bhfuil gá acu léi. I dteannta a chéile, is freagairt éifeachtach láithreach atá sna tograí sin ar phaindéim COVID-19 mar aon lena hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha; tá sé á chur i bhfios, áfach, nár cheart na solúbthachtaí sa chlár nua seo a bhainistiú go lárnach agus gur cheart iad a chur chun feidhme faoi phrionsabal na bainistíochta comhpháirtí, agus sainchumais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach á n-urramú;

10.

á iarraidh go mbeidh tuilleadh soiléireachta ann maidir leis an idirghníomhaíocht idir sásraí nua éagsúla, amhail React EU, an Ciste um Aistriú Cóir, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tuilleadh castachta a sheachaint agus le nach mbeidh srianta náisiúnta níos troime á dtabhairt isteach ag na Ballstáit;

11.

á thabhairt dá aire gur cheart go bhfágfadh an síneadh beartaithe ar na cláir oibríochtúla reatha gurbh fhéidir infheistíocht ríthábhachtach a chur chun feidhme go tapa; ag iarraidh go ndéanfar tograí a fhormheas go pras, ar tograí iad atá dírithe ar sholúbthacht a mhéadú agus raon feidhme na réimsí a leathnú chun tacú, i measc nithe eile, le seirbhísí sláinte, turasóireacht, talmhaíocht, oideachas, cultúr agus FBManna a chabhródh le cathracha agus réigiúin airgead a infheistiú sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis i gcomhréir le prionsabail an Bheartais Comhtháthaithe;

12.

á thabhairt le fios gur ábhar imní dó cineál sealadach athneartuithe áirithe, go háirithe maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe agus forbairt tuaithe, nach bhfreagraíonn do riachtanais fhadtéarmacha forbartha agus do na ciorruithe tosaigh a rinne an Coimisiún i dtograí 2018; á thabhairt le fios gur mór aige dá bhrí sin, an togra ón gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na leithdháiltí náisiúnta don Bheartas Comhtháthaithe in 2024 chun EUR 10 mbilliún eile a chur le himchlúdach an Bheartais Comhtháthaithe, b’fhéidir, gan codanna dá leithdháiltí a bheith á gcailleadh ag aon Bhallstát;

13.

á chur in iúl gurb oth leis nár aisiompaigh an Coimisiún a chinneadh an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a dheighilt ó Rialachán na bhForálacha Coiteanna, rud a chuireann isteach ar fhorbairt chomhtháite limistéar uirbeach agus tuaithe (a bhfuil géarghá léi);

14.

á chur in iúl gurb oth leis gur ar leibhéal na mBallstát seachas ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach atá an cion d’acmhainní airgeadais dírithe, cé gur ar an leibhéal áitiúil agus/nó réigiúnach atá roinnt mhaith inniúlachtaí maidir le cúram sláinte, bearta sóisialta agus athléimneacht, agus dá bhrí sin tá sé ag cur i bhfios an gá atá leis na prionsabail díláraithe comhpháirtíochta agus rialachais il-leibhéil a urramú;

15.

á chur i bhfios a thábhachtaí atá an comhar críochach Eorpach chun cabhrú le daoine, le pobail agus le gnólachtaí comhar a dhéanamh thar theorainneacha, éifeachtaí díobhálacha na géarchéime a shárú, agus dlús a chur leis an téarnamh eacnamaíoch. Beidh comhar ríthábhachtach don téarnamh, agus cuirfidh an sásra nua um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha tacaíocht ríthábhachtach ar fáil chun slabhraí luacha tionsclaíocha agus nuálaíochta Eorpacha a fhorbairt, i gcomhréir leis na straitéisí um speisialtóireacht chliste;

16.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go ndearnadh measúnú tionchair chríochaigh cuí ar na tionchair neamhshiméadracha ar an leibhéal réigiúnach sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo;

17.

á chur in iúl gur mór aige go bhfuil an nasc láidir le cuspóirí beartais straitéiseacha an Aontais (an Comhaontú Glas, an digiteáil) á choinneáil agus go bhfuil an Coimisiún á gcur chun cinn mar uirlisí chun téarnamh Eorpach a bhaint amach; á chur in iúl gur cúis áifeála dó, áfach, nach bhfuil Colún Eorpach na gCeart Sóisialta i gcroílár straitéis téarnaimh an Aontais;

18.

den tuairim go bhfuil sé tábhachtach téarnamh, i gcomhréir le Beartas Comhtháthaithe láidir, a chur i bhfeidhm ar bhealach ina n-áirítear prionsabail na coimhdeachta gníomhaí;

Plean Téarnaimh agus an Seimeastar Eorpach

19.

á chur in iúl gur mór aige an togra uaillmhianach ón gCoimisiún maidir le Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena gceadófar tacaíocht airgeadais ar mhórscála don infheistíocht agus do na hathchóirithe is gá; ag meabhrú go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha freagrach as breis is leath na hinfheistíochta poiblí agus, dá bhrí sin, nach mór dóibh a bheith in ann tacaíocht leordhóthanach a fháil ón tionscnamh seo; á chur i bhfios ina leith sin an riosca a bhaineann le cur i bhfeidhm na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta trí chláir náisiúnta, is é sin an riosca go mbeidh ganntanas faisnéise iomchuí agus cumarsáide ann faoi idirghabháil an Aontais thar ceann a shaoránach;

20.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach comhleanúnachas na bpleananna téarnaimh a áirithiú, dúbailt infheistíochta agus rómhaorlathas nó ualaí riaracháin a sheachaint d’fhonn a bheith éifeachtúil agus chun an sprioc choiteann a bhaint amach maidir le géarchéim na haeráide, an ghéarchéim eacnamaíoch agus an ghéarchéim shóisialta a shárú a luaithe is féidir;

21.

á chur in iúl go láidir go bhfágann an nasc láidir idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Seimeastar Eorpach go méadaítear an phráinn atá le hathchóiriú domhain a dhéanamh ar an Seimeastar Eorpach agus ar rialachas eacnamaíoch an Aontais i dtreo próiseas trédhearcach, cuimsitheach agus daonlathach. Mura n-athchóirítear an Seimeastar Eorpach, tá baol ann go bhfágfaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go mbeidh tuilleadh láraithe ann, cur chuige ón mbarr anuas maidir leis na pleananna téarnaimh agus filleadh ar bheartais nach gcuireann san áireamh an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i measc na mBallstát agus laistigh díobh agus a chuireann bac ar an infheistíocht phoiblí a bhfuil géarghá léi chun téarnamh inbhuanaithe an Aontais a bhaint amach;

22.

den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil agus gné chríochach, má tá sé le bheith ina shásra seachadta dlisteanach éifeachtúil. Dá bhrí sin, tá sé níos práinní ná riamh an togra ón gCoiste le haghaidh Cód Iompair maidir le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar an leibhéal náisiúnta sa Seimeastar, agus rannpháirtíocht Choiste Eorpach na Réigiún ar an leibhéal Eorpach sa Seimeastar, a chur chun feidhme;

23.

ag tacú le huaillmhian an Choimisiúin téarnamh an Aontais a neartú chomh maith lena athléimneacht agus lena neamhspleáchas straitéiseach trí InvestEU a uasghrádú agus tríd an tSaoráid Infheistíochta Straitéisí a chruthú;

24.

á chur i bhfios gur mór aige an togra le haghaidh Ionstraim nua um Thacaíocht Sócmhainneachta, lena gcuirfear borradh faoi gheilleagar an Aontais trí infheistíochtaí príobháideacha a dhreasú agus trí chuideachtaí a ullmhú ó gach cearn den gheilleagar ar mhaithe le todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de agus a bheidh cumasaithe go digiteach. Ní mór í a chur i bhfeidhm go tapa agus chuirfí fáilte roimh threoirlínte lena ndéanfaí infheistíochtaí a ailíniú go soiléir le tosaíochtaí an Aontais, chun a chuspóir a bhaint amach, mar atá, cabhrú le gnólachtaí a bheadh inmharthana faoi ghnáthchúinsí teacht slán as an ngéarchéim atá ann faoi láthair; á chur i bhfios nach mór an tacaíocht sin a dheonú de réir critéir thrédhearcacha lena gcuirtear san áireamh ní hamháin an tionchar sonrach ar an earnáil agus ar an réigiún ach an tacaíocht airgeadais phoiblí a fuarthas ar bhealaí eile chomh maith.

Aontas níos athléimní agus níos glaise

25.

á chur i bhfios gur mór aige an méadú suntasach ar imchlúdach an Chiste um Aistriú Cóir do réigiúin a bhfuil dúshláin mhóra rompu leis an aistriú fuinnimh, rud a fhágfaidh méid iomlán an Chiste um Aistriú Cóir ag EUR 40 billiún; ag éileamh, áfach, gur cheart réigiúin a chur san áireamh, a raibh súil acu le bearta rialála éifeachtacha maidir le cosaint aeráide agus dá bharr sin a rinne infheistíocht go luath agus go fairsing san fhuinneamh inathnuaite agus i dteicneolaíochtaí an fhuinnimh inathnuaite, agus a leanfaidh orthu leis sin; ag tarraingt aird ar chomhthéacs speisialta na réigiún atá ag brath ar bhreoslaí iontaise agus a bhfuil córais fuinnimh iargúlta acu, faoi mar atá i gcás oileán agus na réigiún is forimeallaí; ag cur i bhfios a mhór-imní, áfach, go bhfuil acmhainní airgeadais i bhfad níos mó ná mar atá beartaithe ag an gCoimisiúin Eorpach de dhíth má táthar chur geilleagar an Aontais a dhícharbónú.

26.

á chur in iúl gur mór aige an clár neamhspleách EU4Health ar fiú EUR 7,7 billiún é ó thaobh acmhainní breise de, rud a fhágann go bhfuil a imchlúdach iomlán EUR 9,4 billiún mar chuid den tríú colún den Phlean Téarnaimh don Eoraip i gcomhréir le héilimh pholaitiúla CnaR le déanaí; teann air nach mór an ionstraim a bheith mar thiomantas leanúnach don tsláinte i gcónaí i mbuiséad an Aontais seachas mar ionstraim shealadach laistigh de CAI 2021-2017;

27.

á iarraidh go neartófar tuilleadh fós gnéithe réigiúnacha agus áitiúla na mbeart a bhaineann le sláinte, go háirithe maidir le cúram sláinte trasteorann agus cúram sláinte sna réigiúin is forimeallaí, agus tugann sé dá aire nach mór do na Ballstáit agus don Choimisiún Eorpach, i ngeall ar nádúr díláraithe na gcóras sláinte i gcásanna áirithe, na rialtais áitiúla a dhéanamh níos rannpháirtí i bhfreagairtí éigeandála sláinte agus a gcomhairle a leanúint maidir le leithdháileadh cistí.

28.

á chur in iúl gur mór aige an t-atreisiú EUR 2 billiún ar rescEU chun acmhainneacht bhuan a fhorbairt chun gach cineál géarchéime a bhainistiú, go háirithe trí bhonneagar práinnfhreagartha, acmhainneacht iompair agus foirne tacaíochta éigeandála a bhunú; teann air nach leor ionstraim shealadach aonuaire agus go bhfuil gá le gealltanas fadtéarmach mar aon le buiséad atreisithe; á chur in iúl gur mór aige an gealltanas ón gCoimisiún, de mheon ullmhachta, ceachtanna a fhoghlaim ón bpaindéim reatha agus cláir a atreisiú, lena n-áirítear rescEU agus Fís Eorpach ach gan a bheith teoranta dóibh;

29.

ag aontú leis an ngá le hacmhainneachtaí freagartha éigeandála agus tubaiste an Aontais a fhorbairt tuilleadh agus ag tacú leis an togra ón gCoimisiún maidir lena uirlisí éigeandála a threisiú, amhail Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, agus iad a dhéanamh níos solúbtha; á chur i bhfáth, áfach, nach mór, leis na huirlisí agus na bearta atá molta, riachtanais agus cúinsí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh freisin go airithe i limistéir atá an-leochaileach ar nós na réigiún is forimeallaí;

30.

ag meabhrú an bhreisluacha atá ag críocha tuaithe le haghaidh rath an tionscadail Eorpaigh agus go háirithe i gcás géarstaideanna. Déanann na réigiúin agus na húdaráis áitiúla réitigh nuálacha a fhorbairt agus freastalaíonn siad ar bhunriachtanais na hEorpa maidir le sábháilteacht bia, lena n-áirítear don chuid eile de dhaonra na hEorpa. Fágann an éigeandáil atá ann faoi láthair gur gá athruithe a dhéanamh ar an bparaidím shóisialta, eacnamaíoch agus chríochach chun an bhearna a líonadh agus chun comhar idir limistéir uirbeacha agus tuaithe a nascadh agus a chothú ar bhealach níos fearr;

31.

á chur in iúl gurb oth leis an togra ón gCoimisiún buiséad CETFT a laghdú i gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe seo, rud atá bunoscionn le cuspóir an Aontais Eorpaigh maidir le comhtháthú críochach; á chur in iúl gur mór aige an tacaíocht bhreise EUR 15 bhilliún atá beartaithe don fhorbairt tuaithe; á chur i bhfios, áfach, nach gcúitíonn an méadú beag sin an laghdú buiséid 28 % a bheartaigh an Coimisiún in 2018 do CETFT; á chur in iúl gurb oth leis freisin gur laghdaigh an Coimisiún Eorpach, sa togra athbhreithnithe do CAI, an cistiú don chomhbheartas talmhaíochta faoi 9 % i gcomparáid le CAI 2014-2020;

32.

á iarraidh go ndéanfaí buiséad POSEI (Clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht), ina leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí san Aontas, a neartú, agus go ndéanfaí na ciorruithe a mhol an Coimisiún don tréimhse 2021-2027 a aisiompú;

33.

á chur i bhfios nach mór leis an gcistiú do CETFT riachtanais agus uaillmhianta Farm to Fork and Biodiversity Strategy [na Straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus Straitéis na Bithéagsúlachta], a foilsíodh le déanaí, a léiriú agus nach mór tacú le feirmeoirí agus le ceantair thuaithe na hathruithe struchtúracha is gá a dhéanamh chun aistriú chuig córais bhia níos inbhuanaithe; ní mor, áfach, uirlisí praiticiúla agus maoiniú láidir a bheith ag gabháil le Straitéis na Bithéagsúlachta agus ní mór í a fhorbairt i dteannta na réigiún agus na gcathracha, a mbeidh orthu í a chur chun feidhme freisin.

34.

ag cur béim air go ndiúltaíonn sé go láidir do na réitigh a mhol an Coimisiún Eorpach, réitigh a fhágfaidh go rachaidh staid na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in olcas i gcomparáid leis an am i láthair ó thaobh na teorann ama chun leithdháiltí bliantúla ó chláir an Aontais a úsáid agus ó thaobh leibhéal an réamh-mhaoinithe agus, go háirithe cómhaoiniú tionscadal;

35.

á chur in iúl gur mór aige an méadú EUR 10,5 billiún ar an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) i gcomparáid leis an togra is déanaí maidir le CAI, lena n-ardaítear leithdháileadh na hionstraime go EUR 86 bhilliún, a gcuirfear EUR 1 bhilliún de ar fáil cheana féin in 2020;

36.

ag tacú leis an rún fás a spreagadh tar éis na paindéime trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar criticiúil iompair agus naisc trasteorann chun an t-aistriú glas i dtreo soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a chur chun cinn, go háirithe trí aon mhilliún pointe luchtaithe a thógáil d’fheithiclí leictreacha; á thabhairt dá aire go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh breoslaí glana ar fáil don chomhtháthú críochach agus sóisialta, agus gur cheart an t-éileamh níos ísle i gceantair thuaithe agus oileánacha a chúiteamh le scéim speisialta, cosúil leis an gclár WiFi4EU do cheantair thuaithe;

37.

á chur in iúl gurb oth leis nár méadaíodh bunús ginearálta an chláir nua um Chearta agus Luachanna, arb é is aidhm dó iarrachtaí a mhaoiniú chun cearta agus luachanna bunúsacha an Aontais a chosaint agus chun saoránacht ghníomhach Eorpach a spreagadh, chun go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra i ndáil leis sin i roinnt Ballstát;

38.

á mheabhrú gur ceapadh an Comhaontú Glas mar straitéis claochlaithe lena gcosnaítear an comhshaol, agus ar an gcaoi sin ár slí bheatha; á chur i bhfios gur deis iontach eacnamaíoch agus thionsclaíoch iad an fuinneamh inathnuaite, na teicneolaíochtaí glana, an geilleagar ciorclach agus an claochlú digiteach chun fás a thionscnamh agus poist a chur ar fáil agus chun samhail nua rathúnais a chruthú;

39.

á thabhairt le fios go dtacaíonn CnaR go hiomlán le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais agus forbairt an Chomhshocraithe Aeráide trí bhearta agus tionscnaimh atá comhordaithe agus trasearnálach lena n-áirithítear go dtugtar aird chuí ar rialachas il-leibhéil agus ar éagsúlacht chríochach agus ar an bprionsabal nach bhfágfar aon duine ná réigiún ar gcúl; den tuairim gur maith is féidir le réigiúin agus cathracha dlús a chur leis an bpróiseas tríd an iliomad gníomhaíochtaí, lena n-áirítear soláthar poiblí, athchóiriú foirgneamh, iompar glan, bainistiú dramhaíola níos fearr agus uasghrádú digiteach agus claochlú inbhuanaithe turasóireachta;

40.

ag iarraidh, sa chomhthéacs sin, ionstraimí breise lena dtabharfar rochtain dhíreach ar chistí an Aontais d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh a ngníomhaíochtaí inbhuanaithe faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua, amhail an tSaoráid um Chathracha na hEorpa atá ann cheana faoin gClár Fís 2020;

41.

á iarraidh go mbainfí úsáid níos solúbtha as acmhainní nua de chuid CAI d’fhonn measúnú agus oiriúnú a dhéanamh ar na fíorchostais a bhaineann leis an aistriú chuig forbairt inbhuanaithe agus téarnamh glas, agus ag spreagadh tionscnaimh nuálaíochta ar tionscnaimh iad a dhéantar ar bhonn comhoibríoch idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha atá á stiúradh ag na cathracha agus na réigiúin;

42.

á éileamh go mbeidh an cistiú ón Aontas i gcónaí faoi réir measúnú ar thionchar an athraithe aeráide agus ar an inbhuanaitheacht. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar fhóirdheontais, ar chabhair agus ar chláir thacaíochta trína ndéantar díobháil dhíreach nó indíreach don chomhshaol i bhfianaise a gcomhsheasmhachta leis na spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta;

43.

á chur in iúl gur ábhar imní dó an bhearna infheistíochta sa chlaochlú glas, a mheastar a bheith cothrom le EUR 470 billiún in aghaidh na bliana; á chur i bhfios go bhfuil géarghá le plean mionsonraithe maidir leis gcaoi leis an mbearna ollmhór sin a mhaoiniú;

44.

á chur in iúl gur mór aige an “Rabharta Athchóiriúcháin” atá beartaithe agus ag iarraidh go gcuirfí maoiniú leordhóthanach ar fáil agus go mbeadh an slabhra luacha iomlán rannpháirteach d’fhonn dlús a chur leis an téarnamh. I bhfianaise na ndifríochtaí móra idir críocha, ba cheart neamhspleáchas a thabhairt do na réigiúin agus do na cathracha pleanáil a dhéanamh, go háirithe i gcéim cur chun feidhme a bpleananna, chomh maith le rochtain dhíreach ar Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Ba cheart an oiliúint agus comhroinnt eolais a bheith mar chuid den chreat Eorpach chun sineirgí a chur chun cinn a bheidh le saothrú agus chun éifeachtúlacht in úsáid na gcistí a mhéadú;

Aontas atá dírithe ar an todhchaí

45.

á chur in iúl gur mór aige go neartófar Fís Eorpach le EUR 7,8 billiún, an Eoraip Dhigiteach le EUR 1,5 billiún agus Iompar CEF (Saoráid um Chónascadh na hEorpa) le EUR 1,5 billiún. Is ríshoiléir gur ar an leibhéal áitiúil a bhíonn tionchar ag an airgead breise do thaighde, go háirithe i gcás na sláinte, an gheilleagair ghlais agus na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí; á chur i bhfios go bhfuil a lán údaráis réigiúnacha freagrach as ollscoileanna agus as institiúidí taighde agus go bhféadfaidh siad, dá bhrí sin, tairbhe a bhaint as na cláir sin go hindíreach; á thabhairt dá aire nach mór cistí taighde a dheonú ar bhonn iomaíoch lena áirithiú go dtiocfar slán i margadh domhanda an taighde agus na nuálaíochta agus chun cuibhreannais taighde Eorpacha a neartú;

46.

á chur in iúl gur cúis imní dó, áfach, go bhfuil ciorruithe leanúnacha á ndéanamh ar shraitheanna Fuinnimh agus Digiteacha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa;

47.

á chur in iúl gur mór aige na tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus d’fhonn tacaíocht a atreisiú do bhearta lena dtugtar aghaidh ar dhífhostaíocht i measc na n-óg agus ar bhochtaineacht leanaí chomh maith le fócas breise ar thacaíocht a thabhairt don lucht saothair sna haistrithe glasa agus digiteacha agus ar dhúbailt an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú (CED);

48.

á chur in iúl gur mór aige an togra ón gCoimisiún chun neartú beag ar a laghad a dhéanamh ar an infheistíocht i ndaoine óga agus in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta trí EUR + 3,4 billiún a chur leis an gclár ERASMUS agus EUR 150 milliún leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta; á chur in iúl gur ábhar imní dó, áfach, nach bhfuil na méaduithe sin fós chomh mór lenar leagadh síos sna tograí ón gCoimisiún ó mhí na Bealtaine 2018 agus go gcoinníonn sé a éileamh ar líon na rannpháirtithe sa chlár ERASMUS (1) a mhéadú faoi thrí agus ar EUR 2 bhilliún le haghaidh an chláir Eoraip na Cruthaitheachta (2);

49.

ag moladh na hairde ar leith a tugadh ar an gcultúr, ar an oidhreacht chultúrtha, ar an earnáil chlosamhairc agus ar earnáil na cruthaitheacha, a bhfuil tionchar mór ag an ngéarchéim orthu, rud is fíor faoin turasóireacht freisin, agus ag tacú leis go bhféadfaidís tairbhe a bhaint as an tionscnamh REACT-EU;

50.

á iarraidh go ndéanfaí creat iomchuí a chur ar fáil, mar chuid de phlean téarnaimh eacnamaíoch an Aontais, sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma do réigiúin nach bhfuil chomh héagsúlaithe sin ó thaobh an gheilleagair de, ar réigiúin iad ar sainréimsí dá gcuid na hearnálacha is mó atá thíos le tionchar ghéarchéim COVID-19;

51.

á chur i bhfios a thábhachtaí atá athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais oideachais an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis an ngá atá ann an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a thabhairt cothrom le dáta, rud atá de dhíth don tréimhse iar-COVID-19, chun cuidiú le réigiúin agus le réigiúin tearcfhorbartha a bheith ullmhaithe agus feistithe go maith don oideachas digiteach, rud a thacódh leis na ceantair atá thíos leis an mbearna dhigiteach ina leith seo.

Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (3)

52.

den tuairim nach féidir ligean do ghéarchéim COVID-19 cur isteach ar uaillmhianta na hEorpa na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus a bheith aeráidneodrach faoi 2050, uaillmhianta nach bhfuil réalaíoch ach amháin má bhíonn siad fite fuaite leis na hacmhainní airgeadais iomchuí agus le creat iomchuí fioscach agus rialála;

53.

á chur in iúl gur mór aige uaillmhian an Choimisiúin Eorpaigh EUR 1 trilliún d’infheistíochtaí inbhuanaithe príobháideacha agus poiblí a chur ar fáil sna deich mbliana amach romhainn, ach is ábhar imní dó an méid seo a leanas: (a) ní bheadh ansin ach sciar sách beag de na hinfheistíochtaí uile a bheadh de dhíth, a mheasann an Coimisiún Eorpach féin a bheith cothrom le thart ar EUR 260 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030; (b) tá an meastachán sin teoranta d’infheistíocht a bhaineann le haeráid agus le fuinneamh amháin, agus bheadh suimeanna níos mó fós ag teastáil má táthar chun cuspóirí inbhuanaitheachta níos leithne, lena n-áirítear infheistíochtaí i gcaipiteal sóisialta agus daonna, a bhaint amach; (c) níl an príomhfhigiúr EUR 1 trilliún ag brath go mór ar chistí nó tionscnaimh nua “breise” ach ar bheartais agus ionstraimí AE atá ar siúl nó atá pleanáilte cheana;

54.

á chur in iúl gurb oth leis go bhfuil rómheastachán á dhéanamh ar phríomhfhigiúr an Phlean, is cosúil, cé go ndealraítear go bhfuil an Plean féin tearcmhaoinithe agus teoranta ó thaobh raon feidhme de, agus go ndéantar faillí ann ar na gnéithe socheacnamaíocha ríthábhachtacha;

55.

á thabhairt le fios i gcás fuinnimh, iompair agus tithíochta, gur gníomhaithe ríthábhachtacha iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na hinfheistíochtaí is gá chun an t-aistriú chuig an inbhuanaitheacht a sholáthar; den tuairim, dá bhrí sin, nach féidir cuspóirí an Phlean a bhaint amach gan rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus á chur in iúl gurb oth leis gur cosúil nach dtuigeann an Coimisiún an méid sin;

56.

den tuairim go bhfuil gá le córas airgeadais agus fioscach lena ndreasófar infheisteoirí chun infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh, má táthar chun infheistiú san aistriú chuig samhail eacnamaíoch inbhuanaithe; á chur in iúl gur mór aige, ina leith sin, obair leanúnach an Choimisiúin ar mhaoiniú inbhuanaithe ach á mheabhrú gur gá an creat rialála a leathnú go pras chun an inbhuanaitheacht shóisialta a chumhdach chomh maith (4);

57.

den tuairim láidir go bhfágfaidh cánachas, trí chomharthaí praghais iomchuí, go mbeidh iompar inbhuanaithe i measc táirgeoirí, úsáideoirí agus tomhaltóirí, agus ag tathant ar an gComhairle, dá bhrí sin, an reachtaíocht atá molta maidir le cáin bhreisluacha (CBL) a ghlacadh go tapa ionas gur féidir leis na Ballstáit úsáid níos spriocdhírithe a bhaint as rátaí breisluacha chun uaillmhianta comhshaoil méadaithe a léiriú;

58.

ag moladh go mbeifí cúramach i dtaca le pleananna an Choimisiúin reachtaíocht nua maidir le soláthar poiblí glas a thabhairt isteach; cé gur féidir leis a bheith ina uirlis úsáideach ina leith sin, tá roinnt mhaith údaráis phoiblí ag obair fós ar an gcreat reatha a oiriúnú tar éis athchóiriú 2014, mar sin ba cheart aon cheanglais reachtacha nua a choimeád simplí ach éifeachtach (5); á thabhairt le fios gur mór aige gur chuir an Coimisiún in iúl go gceadófar tuilleadh solúbthachta sna treoirlínte maidir le státchabhair ionas gur féidir leis na húdaráis phoiblí an t-aistriú chuig samhail eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh agus a thionlacan;

59.

den tuairim láidir, agus na ceachtanna a foghlaimíodh óna gcur ar fionraí mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, gur cheart spriocanna fadtéarmacha an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i rialacha fioscacha an Aontais ar bhealach níos fearr;

60.

á chur i bhfios an gá atá le hiarrachtaí tiomanta chun deiseanna nua maidir le CAI a chur in iúl ar bhealach sorochtana do na saoránaigh agus freisin don mhilliún polaiteoirí tofa áitiúla agus réigiúnacha atá san Aontas i bhfoirm iarracht chomhbheartaithe ó institiúidí uile an Aontais.

An Bhruiséil, 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – “Erasmus: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt” (IO C 168, 16.5.2019, lth. 49).

(2)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – “Eoraip na Cruthaitheachta agus an Clár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir” (IO C 168,16.5.2019, lth. 37).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Sustainable Europe Investment Plan – European Green Deal Investment Plan.[Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe – Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip] (COM(2020) 21 final).

(4)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – “Plean Gníomhaíochta:Fás inbhuanaithe a mhaoiniú” (IO C 86, 7.3.2019, lth. 24).

(5)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – “Tuarascáil cur chun feidhme ar sholáthar poiblí” (IO C 39, 5.2.2020, lth. 43).


1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

8


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tosaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún do 2020-2025 – Eoraip atá níos cóngaraí dá saoránaigh trína sráidbhailte, cathracha agus réigiúin

Is éard atá i gCoiste Eorpach na Réigiún (CnaR) tionól polaitiúil atá leagtha síos i gConarthaí an Aontais a chuireann ionadaíocht institiúideach ar fáil do na limistéir chríochacha, na réigiúin, na cathracha agus na bardais go léir.

Má tá Aontas Eorpach ann a thugann aird ar riachtanais agus ar ábhair imní áitiúla agus réigiúnacha, déantar dlisteanacht dhaonlathach a mhéadú, úinéireacht a fheabhsú agus breisluach níos fearr a bhaint amach i dtaca le beartais an Aontais agus le héifeachtacht na mbeartas sin ar an láthair. Ar an gcaoi sin, téann an méid sin chun sochair do na saoránaigh. Chuige sin, oibríonn Coiste Eorpach na Réigiún i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh, mar aon leis na Ballstáit ag na leibhéil éagsúla rialtais. I bhfianaise staid reatha an Aontais, is gá an comhar sin a neartú go leanúnach agus páirt níos mó a bheith ag réigiúin, cathracha agus bardais i bhforbairt bheartais agus reachtaíocht an Aontais.

Ón ngéarchéim go dtí an téarnamh: i dtreo Aontas Eorpach atá athléimneach, inbhuanaithe agus comhtháite

Le blianta beaga anuas tá dúshláin roimh an Aontas Eorpach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo: is é sin géarchéim airgeadais mhór, cúluithe eacnamaíocha tromchúiseacha, dúshláin shóisialta agus chríochacha, na haistrithe glasa agus digiteacha, éagobhsaíocht i gcomharsanacht an Aontais agus ar an leibhéal domhanda agus an imirce. De dheasca phaindéim COVID-19, tá dúshlán breise á chur ar dhlúthpháirtíocht an Aontais agus tá aird tarraingthe ar chumas an Aontais dul i ngleic le héigeandálaí a chuireann brú mór ar sheirbhísí sláinte, sóisialta agus poiblí. Tá sé léirithe ag an ngéarchéim is déanaí seo, ní hamháin gur gá freagairt chomhordaithe a ghlacadh, a bhfuil buiséad AE i bhfad níos láidre ina thaca léi, ach gur gá freisin tacaíocht bhreise a thabhairt don aon mhilliún údarás áitiúil agus réigiúnach atá ag obair sa líne tosaigh chun na saoránaigh agus geilleagair áitiúla a chosaint agus chun freagairt d’éigeandálaí (1).

Ní mór don Aontas a bheith níos athléimní ó thaobh cúrsaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha ina réigiúin agus ina chathracha go léir. Agus infheistíocht Eorpach atá maoinithe mar is ceart ina taca leis, ní mór don Aontas a áirithiú go bhfreastalaíonn a bheartais agus a chláir ar riachtanais na bpobal áitiúil. Is iad na cathracha agus na réigiúin a thiomáineann geilleagar na hEorpa. Tá ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach bunriachtanach i gceapadh agus cur chun feidhme bheartais an Aontais. Is ar an gcúis sin nach mór don Aontas páirt níos fearr agus níos láidre a thabhairt do na cathracha, na bailte agus na réigiúin i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais trí phróiseas rialtais il-leibhéil atá praiticiúil agus dea-eagraithe. Ní mór don Eoraip dlús a chur leis an digiteáil agus borradh a chur faoin gcumas nuálaíochta i gcomhar leis na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais. Chun téarnamh níos tapa agus níos cothroime a áirithiú, tá gá le dlúthpháirtíocht, freagracht agus comhpháirtíochtaí níos fearr san Eoraip bunaithe ar thiomantas an Aontais d’fhás glas, inbhuanaithe atá cothrom ó thaobh críche de a bhaint amach, a thacaíonn le gach réigiún agus le gach cathair.

Dá bhrí sin, díreoidh Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) ar na tosaíochtaí seo a leanas – a mbeidh príomhbhearta ag gabháil leo – le linn a dhá théarma oifige cúig bliana (2020-2025):

An Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh: daonlathas an Aontais a neartú agus ag comhoibriú le chéile ar son thodhchaí ár nAontais

Is é an misean atá ag CnaR an Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh agus an daonlathas Eorpach a neartú ar gach leibhéal d’fhonn freastal ar riachtanais na saoránach ar bhealach níos éifeachtúla agus iontaoibh na saoránach san Aontas agus sna hinstitiúidí Eorpacha a chothú an athuair. Oibreoidh CnaR chun a áirithiú go bhfaighidh na réigiúin, na cathracha, na bailte agus na sráidbhailte go léir tacaíocht ón Aontas agus aghaidh á tabhairt acu ar iarmhairtí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha phaindéim COVID-19. Leanfaidh CnaR de fheabhas a chur ar cháilíocht reachtaíocht an Aontais agus tionchar críochach na reachtaíochta a thuar ar bhealach níos fearr agus prionsabal na coimhdeachta gníomhaí a chur chun cinn. Chun an misean sin a chur i gcrích, bainfidh CnaR leas as an obair reachtach, bheartais agus pholaitiúil atá á déanamh ag a chomhaltaí agus ag a gheallsealbhóirí. Sa bhreis air sin, forbróidh CnaR feachtas cumarsáide a bheidh dírithe ar an ról bunúsach atá ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha i ndáil le daonlathas na hEorpa agus, mar chuid de sin, déanfar ullmhúchán don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus rannchuideofar léi. Cuirfear Baraiméadar Bliantúil ar an Leibhéal Áitiúil agus Réigiúnach ar bun a bheidh bunaithe ar fhianaise staidrimh fhónta agus ar chur chuige cuimsitheach a mbeidh a chomhaltaí agus a gheallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach ann agus a mbeidh díospóireacht iomlánach pholaitiúil ardleibhéil ina cuid de. Beidh an Baraiméadar sin ina phointe tagartha bliantúil agus cuirfidh sé leis an gcuspóir sin ar an gcaoi sin.

Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh CnaR tús áite do na príomhbhearta seo a leanas:

1.

Feasacht agus gníomhaíochtaí a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i dtaca le bunluachanna an Aontais – is iad sin meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine – ar gá iad a chosaint agus a urramú fiú i dtráthanna éigeandála. Tá CnaR meáite ar na freagairtí iomchuí áitiúla agus réigiúnacha ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas a shainaithint agus ar theagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh trína chomhaltaí d’fhonn an bhearna idir institiúidí an Aontais agus pobail áitiúla a dhúnadh;

2.

A éileamh a athdhearbhú go mbeidh páirt iomlán aige agus go ndéanfaí ionadaíocht chothrom air i ngach comhlacht den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Mar is amhlaidh le géarchéimeanna eacnamaíocha agus aeráide, léirigh an phaindéim gur gá níos mó ná riamh machnamh domhain a dhéanamh ar dhaonlathas agus ar bheartais Eorpacha agus gur deis thábhachtach a bheidh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun plé a dhéanamh leis na saoránaigh agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an Aontas mar thionscadal agus, chomh maith leis sin, chun moladh a dhéanamh roimh na chéad toghcháin eile do Parlaimint na hEorpa maidir le bealach nua oibre don Aontas, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí d’fhonn cathracha agus réigiúin a dhéanamh rannpháirteach sa phróiseas ceaptha beartas;

3.

A iarraidh ar Bhallstáit an Aontais agus a institiúidí na gealltanais a aontaíodh i nDearbhú Bheirlín 2007 agus i nDearbhú na Róimhe 2017 a chosaint, a fhorbairt agus a neartú, eadhon trína aithint gur cheart tascanna agus an comhar a roinnt ar gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, chun an tAontas Eorpach a dhéanamh níos éifeachtaí, níos aontaithe, níos daonlathaí agus níos athléimní. Ba cheart téacs deiridh an tseasaimh chomhpháirtigh maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a ghlacadh i spiorad an chomhair institiúidigh;

4.

Samhail a fhorbairt le haghaidh idirphlé buan agus struchtúrtha leis na saoránaigh trí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha faoi scáth na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus ina dhiaidh sin, rud a d'fhágfadh go mbeadh próiseas dhá threo cumarsáide ann idir na saoránaigh agus na hinstitiúidí Eorpacha. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh an taithí fhairsing atá ag CnaR agus na dea-chleachtais atá ann cheana i ndáil le daonlathas an mhachnaimh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus an iliomad líonraí de chomhairleoirí tofa áitiúla agus réigiúnacha, d'fhéadfadh siad a bheith ina mórbhuntáiste agus díospóireacht á déanamh ar Thodhchaí na hEorpa;

5.

Tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun an leas is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí nua teicneolaíochta agus uirlisí faisnéise agus cumarsáide. Tá acmhainneacht shuntasach ag teicneolaíochtaí digiteacha a bheith ina réitigh nuálacha ar dhúshláin eacnamaíocha, sóisialta agus eacnamaíoch ár linne. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú, an chumarsáid idir daoine a éascú agus rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú ar bhealaí nua éagsúla, cur le trédhearcacht, cuimsitheacht, cuntasacht agus freagrúlacht an phróisis cinnteoireachta, rialachas áitiúil a fheabhsú agus an daonlathas a chomhlánú agus a threisiú. Is é sin an fáth nach mór feabhas suntasach a chur ar athléimneacht agus neamhspleáchas na gcóras digiteach agus sholáthraithe na gcóras sin.

6.

An éagsúlacht a chur chun cinn, tríd an gcuimsitheacht agus bearta comhionannais a chur chun cinn agus tríd an idirdhealú bunaithe ar inscne (2), ar bhunadh ciníoch agus eitneach (3), ar reiligiún, ar mhíchumas, ar aois (4) agus idirdhealú bunaithe ar aon fhoras sa chinnteoireacht ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta áitiúil agus réigiúnach a chosc agus a chomhrac, bíodh sin laistigh de CoR nó lasmuigh de;

7.

Páirt ghníomhach a ghlacadh san fheachtas feasachta agus cumarsáide, ar feachtas é a théann i ngleic le steiréitíopaí inscne a sheolfaidh an Coimisiún Eorpach agus a bheidh ina ardán d’eintiteas áitiúla agus réigiúnacha trínar féidir leo dea-chleachtais a mhalartú ar an ábhar sin;

8.

Tacú le mionlaigh san Eoraip agus iad a neartú, go háirithe tríd an tionscnamh “Minority SafePack”;

9.

A bheith mar phointe tagartha do gach údarás réigiúnach agus áitiúil san Eoraip, lena n-áirítear lasmuigh de chomhaltas CnaR, trí fhéiniúlacht pholaitiúil agus caidreamh CnaR a neartú agus, chomh maith leis sin, tríd an gcomhar leis na príomhfhinní polaitiúla, leis na rialtais náisiúnta, le hionadaithe tofa ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, le comhlachais Eorpacha agus náisiúnta d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus le hoifigí réigiúnacha sa Bhruiséil a neartú;

10.

Tacú leis an daonlathas ionadaíoch trí idirghníomhaíocht níos láidre a chothú le parlaimintí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus trí dhea-chleachtais a mhalartú maidir le huirlisí a chuireann borradh faoin daonlathas ionadaíoch agus rannpháirtíoch, lena n-áirítear buiséid rannpháirtíochta. Is réamhriachtanais iad an smacht reachta, an daonlathas agus an dea-rialachas chun maoiniú ón Aontas a fháil;

11.

Leas a bhaint as anailísí atá fianaise-bhunaithe chun faireachán a dhéanamh ar dhílárú inniúlachtaí áitiúla agus réigiúnacha agus airgeadais fo-náisiúnta agus an méid sin a chur chun cinn, mar aon le feidhmiú an daonlathais áitiúil san Aontas;

12.

Uirlisí digiteacha a chruthú chun inniúlachtaí beartais agus airgeadais a leagan amach, trí leas a bhaint as sineirgí leis na huirlisí atá in úsáid cheana ag eagraíochtaí an Aontais agus ag eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta;

13.

Tacú leis an obair thábhachtach atá á déanamh ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i líne thosaigh phaindéim COVID-19 agus i ndail leis na géarchéimeanna eacnamaíocha agus sóisialta agus an obair sin a chur chun cinn. Tá an phaindéim á léiriú a thábhachtaí atá sé, ar thaobh amháin, prionsabal na coimhdeachta gníomhaí a chur i bhfeidhm i gceart, mar aon leis an ról bunriachtanach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus an gá atá le comhordú agus le tacaíocht ar an leibhéal Eorpach ar an taobh eile;

14.

Grinnscrúdú a dhéanamh ar thionscnaimh bheartais an Aontais chun a áirithiú go ndéanfar gné chríochach a ionchorprú iontu agus go gcomhlíonfaidh siad ceanglas an Aontas maidir le breisluach, i gcomhréir leis na moltaí ón “Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus Níos lú a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla” agus leis na “Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr”;

15.

Ualaí riaracháin agus costais chur chun feidhme a laghdú do na réigiúin agus do na cathracha trí bhéim a chur ar an reachtaíocht a shimpliú agus trína mholadh gan rórialáil, mar a thugtar uirthi, a dhéanamh ar bhonn níos ginearálta;

16.

Dlús a chur leis an gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle Eorpach, lena n-áirítear trí líonra na Mol Réigiúnach agus tríd an Ardán “Fit for Future” (Ullamh don Todhchaí, d’fhonn éifeachtacht phróiseas ceaptha beartais an Aontais a fheabhsú le haiseolas ó gheallsealbhóirí áitiúla agus réigiúnacha atá fianaise-bhunaithe;

17.

Tábhacht an fhéinrialtais áitiúil a chur chun cinn laistigh den Aontas Eorpach, sna tíortha is iarrthóirí, agus sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus i dtíortha Chomharsanacht an Oirthir agus na Meánmhara;

18.

Tacú le gníomhaíocht dhomhanda an Aontais trí luachanna agus prionsabail, amhail cearta an duine, an daonlathas, an smacht reachta, an fhorbairt inbhuanaithe agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, i measc nithe eile, agus é sin a dhéanamh i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe i réigiún na Meánmhara agus san Oirthear;

19.

Parlaimintí réigiúnacha a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtreoirthionscadal CoR-CALRE chun tús a chur le díospóireachtaí polaitiúla maidir le príomh-shaincheisteanna an Aontais, amhail ullmhú Chláir Oibre Bhliantúla an Choimisiúin Eorpaigh;

20.

A áirithiú go dtacóidh an tAontas le rannpháirtíocht éifeachtach na hóige, lena n-áirítear trí chomhar struchtúrtha le Comhordaitheoir Eorpach na hÓige, trí bhearta a threisiú, amhail an Ráthaíocht don Aos Óg, chun deiseanna fostaíochta agus oideachais ar ardcháilíocht a fheabhsú, agus Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí a bhunú;

21.

Leanúint den chomhar le Polaiteoirí Tofa Óga faoi chuimsiú chlár CnaR do Polaiteoirí Tofa Óga chun naisc a chruthú do ghlúnta na bpolaiteoirí tofa áitiúla agus réigiúnacha amach anseo le próisis ceaptha beartas Eorpacha agus náisiúnta;

22.

Éagsúlacht chultúrtha ár bhféiniúlachtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha a chur chun cinn, mar aon leis na teangacha agus na traidisiúin éagsúla ar a bhfuil oidhreacht chultúrtha na hEorpa bunaithe. A chur i bhfios go láidir go bhfuil earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, a bhfuil ról acu mar fhostóirí sa gheilleagar áitiúil agus i saol sóisialta na bpobal, buailte go dona ag an bpaindéim agus go bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu. Rannchuidiú le Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr, lena n-áirítear infheistíocht sa chultúr a phríomhshruthú i gcistí éagsúla an Aontais, mar aon le sineirgí a neartú idir an cultúr agus beartais eile amhail an turasóireacht, an beartas réigiúnach, an t-oideachas, an óige, an taighde agus an nuálaíocht.

Tuiscint a fháil ar na claochluithe sochaíocha doimhne a bhaineann leis na dúshláin dhigiteacha, chomhshaoil agus dhéimeagrafacha atá ann agus freagairt a thabhairt orthu chun pobail réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil teacht aniar iontu a thógáil

Tá na haistrithe reatha aeráide agus digiteacha, na claochluithe déimeagrafacha agus iarmhairtí na sreafaí imirce inmheánacha agus seachtracha ag cur isteach go mór ar gach réigiún, cathair, baile agus sráidbhaile san Eoraip. I ndail leis an dara tosaíocht sin, is é an misean a bheidh ag CnaR réitigh a aithint a ligfidh d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla aghaidh a thabhairt ar na claochluithe sochaíocha sin sna háiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine agus anailís a dhéanamh ar na réitigh sin. De bharr phaindéim COVID-19, is gá machnamh a dhéanamh ar an bhfhreagairt iomchuí ar na dúshláin sin. Tá an Eoraip agus na Ballstáit á léiriú a ullamh atá siad gach a mbeidh le déanamh a dhéanamh chun beatha daoine agus an geilleagar a shábháil. De dheasca na géarchéime seo, tá gá níos mó le dianmhachnamh a dhéanamh ar bheartais, inniúlachtaí agus feidhmiú foriomlán an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tá CnaR ag tnúth leis an díospóireacht thábhachtach ar bheartais uile an Aontais, i ndáil leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, agus tá sé ag tnúth le hathbhreithniú agus measúnú níos ginearálta a dhéanamh orthu, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Chun an misean sin a chur i gcrích, bainfidh CnaR leas as an obair reachtach, bheartais agus pholaitiúil atá á déanamh ag a chomhaltaí agus ag a gheallsealbhóirí. San am céanna, rannchuideoidh sé leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le gnóthú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Comhlánófar é sin le feachtas cumarsáide a mbeidh CnaR i gceannas air. Rannchuideoidh an Baraiméadar Bliantúil ar an Leibhéal Áitiúil agus Réigiúnach leis an tosaíocht sin a bhaint amach.

Tabharfaidh CnaR tús áite do na príomhbhearta seo a leanas:

23.

Plean do ghéarchéim phaindéim COVID-19 a chur chun cinn atá bunaithe ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus ar thionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

24.

Rannchuidiú leis na spriocanna laghdaithe carbóin do 2030 a bhaint amach, d’fhonn an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, trí ghníomhaíocht uaillmhianach agus chinntitheach a spreagadh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach tríd an gComhshocrú Aeráide agus trí thionscnaimh ábhartha áitiúla agus réigiúnacha eile maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe;

25.

Úsáid straitéisí um speisialtóireacht chliste agus ionstraimí eile a chur chun cinn agus comhpháirtíochtaí Eorpacha agus comhoibriú príobháideach agus poiblí áitiúil á méadú d’fhonn feabhas a chur ar inniúlachtaí gairmiúla agus ar dheiseanna cáilíochta i réimsí, in ionaid oibre agus i dteicneolaíochtaí atá riachtanach chun cur leis an inbhuanaitheacht, breisluach agus athléimneacht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

26.

Rannchuidiú le beartas comhshaoil uaillmhianach de chuid an Aontais, lena n-áiritheofar an comhtháthú beartas faoi chuimsiú na gClár Gníomhaíochta uile don Chomhshaol. A áirithiú go dtabharfar aird leordhóthanach ar an ngné áitiúil agus réigiúnach agus na trí phríomhthosaíocht chomhshaoil atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme: is iad sin an bhithéagsúlacht an geilleagar ciorclach agus an tosaíocht maidir le truailliú nialasach. Beartais chomhshaoil agus aeráide a leagan amach atá oiriúnach don chur chun feidhme praiticiúil i ngach cineál pobal;

27.

Forbairt an Chomhshocraithe Aeráide a mhúnlú agus tacaíocht a thabhairt dó trí bhearta agus tionscnaimh chomhordaithe agus chothrománacha, lena n-áirítear trí rannchuidithe arna gcinneadh go háitiúil agus trí ghealltanais pholaitiúla ar leibhéal na réigiún agus na gcathracha agus é mar aidhm leis sin go gcuirfear leis an rialachas il-leibhéil, go scaipfear dea-chleachtais go héifeachtach agus nach bhfágfar aon duine ná réigiún ar gcúl;

28.

An tionchar a bheidh ag na claochluithe fuinnimh, soghluaisteachta agus digiteacha ar ár bpobal a thuar. Straitéisí a cheapadh agus tacaíocht a thabhairt dá gcur chun feidhme tapa chun a n-éifeachtaí dearfacha a uasmhéadú agus a dtionchair diúltacha áitiúla a laghdú;

29.

Tacú le hathléimneacht áitiúil trí dhul in oiriúint don athrú aeráide, agus cur leis an acmhainneacht áitiúil freagairt do tharluithe adhaimsire atá ag tarlú níos minice agus a bhfuil éifeachtaí níos déine ag gabháil leo, go háirithe trí na hacmhainní is gá a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun gur féidir leo tubaistí a bhainistiú tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, agus trí leas a bhaint as Ciste Dlúthpháirtíochta níos láidre an Aontais;

30.

Rannchuidiú leis an sprioc maidir le truailliú nialasach agus timpeallacht atá saor ó thocsainí, agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla a ullmhú agus tacaíocht a thabhairt dóibh ionas gur féidir leo spriocanna uaillmhianacha an Aontais don phlean gníomhaíochta maidir leis an truailliú nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach a chur chun feidhme. Rannchuidiú leis an athbhreithniú ar an bpacáiste um shoghluaisteacht uirbeach ar bhonn na gceachtanna a foghlaimíodh ó na Pleananna um Shoghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe agus na húdaráis iompair phoiblí a ullmhú chun freagairt do bhagairtí eisginiúla ar sheirbhísí soghluaisteachta atá sábháilte agus slán a chur ar fáil;

31.

A áirithiú go gcuirfear tuairimí agus rannchuidithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach san áireamh go cuí in idirphléití il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh sna Ballstáit agus na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, na straitéisí náisiúnta fadtéarmacha agus na straitéisí náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha á gceapadh, á measúnú agus á gcur chun feidhme;

32.

Tacú leis an gCoimisiún Eorpach an “Rabharta Athchóiriúcháin” a mhúnlú agus a chur i gcrích go rathúil agus é a chur i gcroílár na straitéise téarnaimh don tréimhse tar éis na paindéime;

33.

Tacú le huaillmhian an Choimisiúin Eorpaigh lipéadú táirgí atá saor ó dhífhoraoisiú a bhunú agus foraoisí a chosaint agus a athbhunú ar fud an domhain;

34.

Aghaidh a thabhairt ar an deighilt dhigiteach agus foghlaim dhigiteach níos mó agus digiteáil na seirbhísí poiblí áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn, lena n-áirítear le tacaíocht ó Chlár 2021-2027 don Eoraip Dhigiteach, chun ualaí riaracháin a laghdú agus chun borradh a chur faoi fhás inbhuanaithe gnólachtaí áitiúla agus geilleagar athléimneach, agus chun rannchuidiú le hEoraip níos inbhuanaithe agus níos glaise;

35.

Tacú le scileanna digiteacha agus scileanna litearthachta sna meáin a chur ar fáil do chách ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus oibriú chun creat Eorpach a bhunú le haghaidh imlonnú na hintleachta saorga daonlárnaí agus iontaofa;

36.

Tacaíocht a iarraidh ón gCoimisiún Eorpach, ó Bhallstáit an Aontais agus ó réigiúin agus cathracha na mBallstát sin chun dlús a chur le nuachóiriú agus digiteáil na gcóras oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh i dtrealamh bonneagair oideachais agus tacaíocht d’fhostaíocht sa gheilleagar áitiúil. Rannchuidiú le hiarrachtaí chun gníomhaíochtaí faoi chlár Erasmus+ agus faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a atosú. Is dhá bhealach thábhachtacha iad an Limistéar Eorpach Oideachais agus an Clár Oibre Nua Scileanna don Eoraip trína bhféadfaí gníomhaíocht a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt agus beidh an Clár Erasmus a bheidh ann amach anseo ina thaca leo;

37.

Feabhas a chur ar nascacht leathanbhanda agus imlonnú 5G ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon, agus riachtanais infheistíochta a bheidh ann amach anseo a leagan amach chomh maith;

38.

A áirithiú gur féidir le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla rannchuidiú leis an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” a bheidh ann amach anseo agus tairbhe a bhaint aisti; comhairlí bia ar leibhéal áitiúil a thionscnamh, táirgeoirí agus tomhaltóirí bia áitiúil a nascadh, aistí bia folláine a chur chun cinn agus feasacht a ardú maidir le cur amú bia; aghaidh a thabhairt ar riachtanais airgeadais na bhfeirmeacha chun na bearta is gá maidir leis an aeráid, an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chur chun feidhme;

39.

Aghaidh a thabhairt ar an dúshlán méadaithe a bhaineann le himirce daoine oilte agus éiceachórais nuálacha réigiúnacha a fheabhsú tríd an gcomhtháthú críochach a neartú, trí gheilleagar na dea-bhaile a chothú agus tríd an taighde agus an nuálaíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thacaíocht ó Fhís Eorpach, ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus ó ionstraimí cistiúcháin náisiúnta éagsúla. Tionscnaimh chríochacha maidir le fadbhreathnaitheacht a sheoladh, mar aon le gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo athléimneacht shóisialta, eacnamaíoch agus sláinte na réigiún agus na gcathracha a threisiú a luaithe is féidir;

40.

Cur le Straitéis Eorpach uileghabhálach maidir leis an athrú déimeagrafach a théann i ngleic leis na dúshláin dhéimeagrafacha go léir le freagairt leathan, chomhordaithe, chomhleanúnach ón Aontas, toisc gur saincheist leathan í sin a bhfuil tionchar aici ar bheartais uile an Aontais;

41.

A áirithiú go bhfhorbróidh an tAontas beartas imirce atá cuimsitheach, daonnúil agus cóir nach bhfágann na Ballstáit, na réigiúin teorann, na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí leo féin chun dul i ngleic leis an ngéarchéim imirce, óir is saincheist náisiúnta agus Eorpach í seo; tacú le malartú dea-chleachtas idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le lánpháirtiú imirceach;

42.

Ionchur réigiúnach agus áitiúil a chur ar fáil maidir le beartas imirce an Aontais a athchóiriú, lena n-áirítear an lánpháirtiú, nósanna imeachta córa um fhilleadh agus beartais tearmainn a bheidh in ann freagairt go leordhóthanach do threochtaí imirce atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, i gcomhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais, i gcás na ndaoine sin a bhfuil cosaint dhaonnúil de dhíth orthu; teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, imirce neamhrialta a chosc agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac;

43.

Cultúr ina n-urramófar an smacht reachta a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach mar réamhchoinníoll le haghaidh phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa agus mar bhunluach de chuid an Aontais atá cumhdaithe sna Conarthaí agus atá i gcoiteann ag traidisiúin bhunreachtúla na mBallstát;

44.

Iarraidh ar an Aontas poist a chosaint agus téarnamh a áirithiú atá bunaithe ar chóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos agus ar chearta sóisialta agus dálaí oibre níos fearr do chách, agus aird á tabhairt ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar chórais náisiúnta, lena n-áirítear dóibh siúd atá ag obair i gcineálacha nua fostaíochta, amhail obair ardáin agus an geilleagar poistíneachta, mar aon le hoibrithe sa gheilleagar traidisiúnta, i micreafhiontair agus in earnáil an chultúir. A aithint go ngineann FBManna dhá thrian den fhostaíocht ar fad, a bhfuil an chuid is mó díobh fréamhaithe go docht i bpobail áitiúla agus atá, dá bhrí sin, ina ngné ríthábhachtach de chreatlach sóisialta na hEorpa. Leanann CnaR den Réigiún Fiontraíochta Eorpach (RFE) a chur chun cinn, maille le gníomhaíochtaí uile-Eorpacha eile d’fhonn an fhiontraíocht a fhorbairt agus a mhéadú, go háirithe i measc na hóige;

45.

Gníomhú mar éascaitheoir le haghaidh comhar um fhorbairt idir cathracha agus réigiúin agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn d’fhonn ról níos fearr a bhaint amach ó thaobh rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, amhail an choinbhleacht agus an éagobhsaíocht pholaitiúil, an leochaileacht eacnamaíoch, an imirce, agus an t-athrú aeráide;

46.

Dea-chleachtais a mhalartú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na dtíortha aontachais agus na dtíortha comhpháirtíochta ó chomharsanacht an Aontais, maille le tíortha an Domhain Theas agus rochtain na n-údarás sin ar thacaíocht spriocdhírithe ón Aontas a éascú.

A áirithiú, bunaithe ar bhunluachanna an chomháthaithe sóisialta, eacnamaíoch agus críochaigh, go mbeidh an tAontas Eorpach i gcónaí ag freastal ar na saoránaigh agus ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu

Is é an misean a bheidh ag CnaR a áirithiú go n-urramófar an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach trí bheartais de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil tionchar acu ar dhaoine agus ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu (beartais áit-bhunaithe). Chun an misean sin a chur i gcrích, bainfidh CnaR leas as an obair reachtach, bheartais agus pholaitiúil atá á déanamh ag a chomhaltaí, a chomhpháirtithe agus a gheallsealbhóirí. Leanfaidh sé de bheith ag cur le slógadh na “Comhghuaillíochta um Chomhtháthú”, lena léirítear an breisluach a bhaineann leis an gcomhtháthú mar réimse beartais agus mar bhunluach atá ina bhonn taca le beartais uile an Aontais. Díreoidh sé ar ról na réigiún agus na gcathracha i bplean téarnaimh eacnamaíoch an Aontais. Cuideoidh Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha agus an Baraiméadar Bliantúil ar an Leibhéal Áitiúil agus Réigiúnach leis an misean sin a chur i gcrích.

Tabharfaidh CnaR tús áite do na príomhbhearta seo a leanas:

47.

Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a mholadh mar phríomhuirlis de dhlúthpháirtíocht Eorpach a thagann le huaillmhian an Aontais dul i ngleic lena thosaíochtaí go léir, a chuireann breisluach ar fáil, atá níos trédhearcaí agus níos intuigthe do na saoránaigh agus a áiríonn Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na tosaíochtaí nua a leagtar síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip;

48.

Rannchuidiú le treisiú an Bheartais Chomhtháthaithe, rud atá ríthábhachtach ó bunaíodh an tAontas, trí chur chun feidhme cliste Chiste Sóisialta na hEorpa, Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Chiste Chomhtháthaithe, a áiritheoidh go mbeidh tionchar suntasach acu ar gach réigiún san Eoraip;

49.

Leanúint de bheartas comhtháthaithe láidir agus éifeachtach an Aontais a chur chun cinn do réigiúin uile an Aontais, rud a bhfuil gá leis ní hamháin chun cuidiú le cathracha agus le réigiúin teacht slán as géarchéim COVID-19, ach freisin chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin eile a bhfuil gné láidir chríochach ag baint leo agus a bhfuil éifeachtaí éagsúla acu ar na réigiúin agus na cathracha éagsúla ar fud na hEorpa agus eatarthu, go háirithe an t-athrú aeráide agus an t-aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, an claochlú digiteach, athruithe déimeagrafacha agus an imirce;

50.

Béim a leagan ar an ngá atá le maoiniú leordhóthanach cobhsaí Bheartas Chomhtháthaithe an Aontais agus an Chomhbheartais Talmhaíochta chun gur féidir leo a gcuspóir iomlán a bhaint amach; tacú le geilleagair áitiúla agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha úsáid éifeachtach a bhaint as na hacmhainní atá leithdháilte faoi láthair ar théarnamh gheilleagar na hEorpa;

51.

I bhfianaise thionchar críochach neamhshiméadrach ghéarchéim COVID-19 atá tuartha, a iarraidh go gcuirfear cistí réigiúnacha agus áitiúla ar leataobh laistigh den Chiste nua Téarnaimh. A áirithiú nach gcuirfear an ionstraim nua ar bun ar bhealach a d'fhágfadh go mbeadh buiséad an Bheartais Comhtháthaithe thíos leis agus go ndéanfar infheistíochtaí a chomhordú le hidirghabhálacha cistí an Aontais chun éifeachtaí giarála a uasmhéadú agus chun ilroinnt agus lárú a sheachaint;

52.

A chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas, i bhfianaise phaindéim COVID-19, an tslándáil sláinte a neartú agus cur lena acmhainní sláinte féin agus a sholáthairtí leighis, lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta. Áirítear leis sin modhanna dlíthiúla a leagan síos chun go mbeifear in ann, más gá, soláthar a dhéanamh go tapa agus go héasca nó tús a chur leis an monarú. Ina theannta sin, ní mór tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a n-acmhainneachtaí freagartha i gcás éigeandálaí agus i gcás tubaistí a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le sláinte phoiblí agus seirbhísí sóisialta a chur ar fáil do na saoránaigh, molfaidh CnaR go ndéanfar gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus go dtacófar le struchtúir ullmhachta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i gcomhair tubaistí chun freagairt do bhagairtí sláinte agus do chásanna géarchéime i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;

53.

Athléimneacht na dtimthriallta eacnamaíocha a eagrú trí chóineasú spásúil na slabhraí táirgeachta san Eoraip a neartú;

54.

Úsáid straitéisí maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, faoi chruthú post, faoi obair chuibhiúil, agus faoin gcuimsiú sóisialta, i gcomhréir le cuspóirí Chairt athnuaite Leipzig agus an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas Eorpach;

55.

Oibriú i dtreo Creat athnuaite Rialachais Eacnamaíoch, lena n-áirítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ag cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim d’fhonn rialacha fioscacha an Aontais a fheabhsú trí bhunriail a thabhairt isteach d’infheistíochtaí inbhuanaithe, lena n-áirítear cómhaoiniú na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta laistigh den chuspóir uileghabhálach maidir le pleanáil airgeadais inbhuanaithe;

56.

Faireachán a dhéanamh ar thionchar na paindéime agus ar an drochthionchar a bheidh aige ar an dífhostaíocht fhadtéarmach i ngeilleagair áitiúla agus réigiúnacha uile an Aontais. Béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé athmhachnamh a dhéanamh ar straitéisí tionsclaíochta agus fiontraíochta an Aontais agus díriú ar ghnéithe inbhuanaitheachta an fháis d’fhonn téarnamh tapa a thabhairt i gcrích. Éiceachórais nuálacha, an geilleagar sóisialta agus speisialtóireacht chliste a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt do bheartais tionsclaíochta áit-bhunaithe;

57.

Faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chóid Iompair maidir le Comhpháirtíocht lena áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán in ullmhú na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na gclár don tréimhse 2021-2027. Ba cheart prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil a bheith ina gcúis inspioráide do rialachas an tSeimeastair Eorpaigh freisin;

58.

A iarraidh go mbeadh rochtain dhíreach ag cathracha agus ag réigiúin ar mhaoiniú ón Aontas chun gur féidir leo an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme agus a áirithiú go mbeadh údaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach in ullmhú na bpleananna um aistriú cóir agus i gcur chun feidhme an Chiste um Aistriú Cóir;

59.

A áirithiú gur féidir le réigiúin, cathracha agus daoine aonair tairbhe a bhaint as bearta simpliúcháin Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Tacú leis an gcomhrac i gcoinne míbhainistíocht agus calaois chistí an Aontais agus an méid sin a chosc;

60.

Rannchuidiú le feidhmiú an Mhargaidh Aonair a neartú agus a fheabhsú, ní hamháin trí bhacainní ar na ceithre shaoirse ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a shainaithint agus trí shimpliú riaracháin a spreagadh, ach freisin trína áitiú go bhfuil ról bunriachtanach ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú rialacha an Mhargaidh Aonair. Béim a leagan, i ndáil leis an méid sin, ar na héifeachtaí suntasacha atá ag an tsaorghluaiseacht ar an Margadh Aonair agus foláireamh a thabhairt maidir le haon ilroinnt bhreise an Mhargaidh Aonair;

61.

An Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú a leathnú chun geallsealbhóirí ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a shlógadh i dtaca le cur chun cinn an Bheartais Comhtháthaithe agus aird a tharraingt ar an mbreisluach atá ag an Aontas do gach saoránach den Aontas agus do phrionsabail dhaonlathacha, trí fhaireachán a dhéanamh ar thionchar infheistíochtaí atá á maoiniú ag an Aontas agus an tionchar sin a chur in iúl;

62.

Faireachán a dhéanamh ar an gCreat Státchabhrach Sealadach agus ar bhearta eile den chineál céanna ina dhiaidh sin ionas gur féidir tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil chun poist a shábháil in earnálacha agus i réigiúin atá buailte go dona ag an bpaindéim. A chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go mbeadh sé d’aidhm ag rialacha níos solúbtha maidir le Státchabhair “suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas” agus go mbeidh an chúis sin bailí i bhfad tar éis Nollaig 2020, dáta éaga an Chreata Shealadaigh; a iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a bheith ullamh chun síneadh a chur leis an gCreat Sealadach nó solúbthachtaí comhchosúla a cheadú chun cuidiú le hearnálacha agus le réigiúin atá buailte ag an ngéarchéim teacht slán aisti;

63.

Tacú le bailiú agus scaipeadh faisnéise a bhaineann le solúbthacht na nósanna imeachta soláthair phoiblí, ós rud é, sna cúinsí reatha, go bhfágann na nósanna imeachta sin gur féidir le húdaráis chonarthacha úsáid a bhaint as an nós imeachta idirbheartaithe le ceanglais nós imeachta laghdaithe;

64.

Tacú le Clár Oibre an Aontais um Cheantair Thuaithe chun an dídhaonrú a leigheas agus chun a sheachaint go mbeadh na réigiúin sin i mbaol na bochtaineachta agus chun a áirithiú go nglacfaí cur chuige cothrom agus cuimsitheach i dtaca le forbairt chríochach Eorpach;

65.

Obair leantach ghníomhach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí CnaR maidir le “Sráidbhailte Cliste” agus an coincheap a chur chun cinn i measc na n-institiúidí Eorpacha; tionscnaimh um nuálaíocht agus um nuachóiriú do cheantair thuaithe a chur chun cinn agus straitéis a ghlacadh maidir le soghluaisteacht chliste inbhuanaithe faoin gclár do chinn scríbe turasóireachta cliste;

66.

A áitiú, i gcás géarchéime inar cheart teorainneacha a dhúnadh go sealadach nó faireachán níos dlúithe a dhéanamh orthu, gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le rialacha agus nósanna imeachta comhchoiteanna ceangailteacha chun saorghluaiseacht an Aontais a ráthú; a thabhairt faoi deara go bhfuil ardluach le limistéir trasteorann eacnamaíocha agus sóisialta don Aontas;

67.

A chur i bhfáth gur léirigh gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha seiftiúlacht den chéad scoth le linn ghéarchéim COVID-19 in ainneoin an iliomad teorainneacha a dúnadh agus na srianta nach bhfacthas riamh cheana. Tháinig siad ar réitigh chun leanúint den chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta, rud a léirigh fíor-dhlúthpháirtíocht idir saoránaigh na hEorpa. Is meabhrú í an ghéarchéim seo gurb í an Eoraip gan teorainneacha ar cheann de na príomhéachtaí a baineadh amach le lánpháirtiú na hEorpa, rud nach mór a chosaint. Ba cheart go mbeadh sé ina thosaíocht bhuan ag an Aontas Eorpach agus ag na hinstitiúidí Eorpacha leanúint de bheith rannpháirteach i dtionscadail idir daoine agus i dtionscadail trasteorann ar mhionscála, ar tionscadail iad a chruthaíonn creat na líonraí trasteorann agus na dtionscadal ar mhórscála trí iontaoibh fhrithpháirteach a chothú idir na daoine atá rannpháirteach iontu;

68.

Seasamh leis an tábhacht a bhaineann leis na hacmhainní buiséid riachtanacha don Chomhar Críochach Eorpach agus iad a áirithiú, ar léiríodh go bhfuil an comhar sin fíor-riachtanach do roinnt mhaith údaráis réigiúnacha chun saineolas agus dea-chleachtas maidir le príomhdhúshláin a mhalartú, ach freisin chun naisc dhaonna a bhunú idir údaráis réigiúnacha thar theorainneacha;

69.

Infheistíocht phoiblí a spreagadh in oileáin agus i réigiúin ar bheagán daonra agus sna réigiúin is forimeallaí trí na rialacha maidir le Státchabhair a oiriúnú a thuilleadh, tríd an gcómhaoiniú Eorpach a mhéadú faoin mBeartas Comhtháthaithe agus trí chomhar críochach a fhorbairt le triú tíortha;

70.

Tabhairt cothrom le dáta chóras bainistíochta foriomlán an Bheartais Comhtháthaithe a chur chun cinn, go háirithe trí nósanna imeachta riaracháin a shimpliú ar gach leibhéal rialachais;

71.

Cur chun feidhme críochach iomlán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a éileamh, maille le cur chun feidhme an coincheapa “Eoraip Láidir Shóisialta d’Aistrithe Córa”;

72.

Tacú le cruthú ghné réigiúnach Scórchlár Sóisialta na hEorpa arna dhéanamh ag an gCoimisiún, agus é sin a dhéanamh i dlúthchomhar leis na Ballstáit;

73.

Éiceachórais nuálacha réigiúnacha a dhéanamh níos athléimní i gcoinne éifeachtaí díobhálacha éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo tríd an Limistéar Eorpach Taighde a chur i gcrích do shaorghluaiseacht na dtaighdeoirí, an eolais eolaíoch agus na teicneolaíochta, trí shineirgí idir Fís Eorpach agus cláir chistiúcháin de chuid an Aontais a chur chun cinn agus trí leanúint den obair rathúil atá á déanamh ag an Ardán um Malartú Faisnéise agus ag an tionscnamh idirinstitiúideach “An Eolaíocht sna Réigiúin”.

74.

Rannchuidiú leis an athbhreithniú ar Rialachán TEN-T agus ar an maoiniú a ghabhann leis agus béim a leagan ar an ngá atá ann na naisc easnamhacha i mbonneagar iompair trasteorann a chur i bhfeidhm chun cathracha agus réigiúin uile an Aontais i limistéir lárnacha agus imeallacha a nascadh, lena n-áirítear na Réigiúin is Forimeallaí;

Bainfidh Coiste Eorpach na Réigiún leas as na hacmhainní go léir agus an tionchar polaitiúil atá aige chun an Eoraip a neartú. Trí chearta bunúsacha a chuid saoránach a chosaint agus trína áirithiú go mbeidh beartais agus infheistíochtaí an Aontais éifeachtúil agus éifeachtach, déanfaidh an Coiste iarracht an tAontas a athrú ó bhonn chun go mbeidh sé níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos athléimní ionas go gcomhlíonfaidh sé ionchais na saoránach.

An Bhruiséil, an 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Dearbhú ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar ghníomhaithe sa fhreagairt Eorpach ar ghéarchéim COVID-19 (Níl leagan GA ann, teideal aistrithe).

(2)  Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lgh. 37-43).

(3)  Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lgh. 22-26).

(4)  COM(2008) 426: Proposal for a directive on the application of the principle of equal treatment between persons [Togra le haghaidh Treoir maidir le prionsabal na córa comhionainne idir daoine a chur i bhfeidhm].


1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

16


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — tograí ó Choiste Eorpach na Réigiún i bhfianaise Chlár Oibre 2021 an Choimisiúin Eorpaigh

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

ag féachaint don mhéid seo a leanas:

Clár Oibre Coigeartaithe 2020 an Choimisiúin Eorpaigh (1),

an Prótacal maidir le Comhar leis an gCoimisiún Eorpach ó Fheabhra 2012,

tosaíochtaí CnaR dá théarma oifige cúig bliana (2020-2025),

á mholadh don Choimisiún Eorpach na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích trína Chlár Oibre do 2021:

1.

aghaidh a thabhairt ar an oscailt súl atá i ngéarchéim COVID-19 trí bhéim bhreise a chur ar an dea-bhail shóisialta agus ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil laistigh de shamhail an gheilleagair shóisialta margaidh agus, san am céanna, aird a thabhairt ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

2.

a áirithiú go ndíreofar sa straitéis téarnaimh don tréimhse tar éis na paindéime, straitéis a bheidh ag luí go hiomlán le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus leis na gealltanais a thug an tAontas faoi Chomhaontú Pháras, ar shláinte shaoránaigh na hEorpa a chosaint agus ar siúl a chur athuair faoin bhfás eacnamaíoch san Aontas. Agus na dlíthe maidir leis an aeráid á gcur chun feidhme, ní mór aitheantas a thabhairt d’éagsúlacht gheografach, eacnamaíoch agus shóisialta chríocha na hEorpa ina n-iomláine agus prionsabal an rialachais il-leibhéil a threisiú san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta;

3.

oibriú i gcomhar le CnaR chun infheictheacht na ngníomhaíochtaí sin agus an tacaíocht phoiblí a thugtar dóibh a mhéadú trína chreat “An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil”;

4.

gné na sláinte a áireamh i gcreat an Chomhaontaithe Ghlais, eadhon trí stíl mhaireachtála fholláin a chur chun cinn do chách, iniúchadh breise a dhéanamh ar na naisc agus na sineirgí atá ann cheana idir an tsláinte, an comhshaol, an fuinneamh, an geilleagar, poist, an t-iomaíochas agus cosaint na haeráide agus, an tráth céanna, straitéis shoiléir a bheartú chun críocha, geilleagair agus sochaithe athléimneacha a thógáil sa tréimhse i ndiaidh na paindéime faoi chuimsiú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

5.

tuilleadh beart a dhéanamh chun an t-ualach atá ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a mhaolú agus iarracht á déanamh acu aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19 agus na cistí uile atá ar fáil a úsáid chun freastal ar riachtanais chórais sláinte na hEorpa. De dheasca leathadh tapa an víris, tá brú breise á chur ar an gcúram sláinte agus ar an gcúram sóisialta agus, san am céanna, is gá ullmhú a dhéanamh don “dara ráig” den víreas. Ar mhaithe le pleanáil trasteorann i gcás paindéime, ba cheart foirne réigiúnacha géarchéime a chur chun cinn ina bhfuil páirt ag gach leibhéal rialachais, a dhíríonn ar chásanna eipidéimeacha agus a oibríonn thar theorainneacha;

6.

oibriú i gcomhar le CnaR chun cur le feasacht agus cumas na nÚdarás Bainistíochta chun gur féidir leo an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna a bhaineann leis an gComhaontú Glas agus, an tráth céanna, rochtain níos dírí ar chistí ón Aontas d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, go háirithe tacaíocht a thabhairt do cheantair teorann trí dhlús a chur le tabhairt isteach an tSásra Trasteorann Eorpaigh;

7.

an Comhshocrú Aeráide a chur chun cinn mar chomhthionscnamh chun an comhar a fheabhsú idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na saoránaigh agus é mar aidhm dó an t-athrú aeráide a chomhrac agus, san aon am amháin, dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíoch atá ann de dheasca phaindéim COVID-19. Bheadh sé mar aidhm dó freisin na geallsealbhóirí uile a thabhairt le chéile chun comhshocruithe aeráide áitiúla a tharraingt suas agus a chur chun feidhme agus dea-chleachtais a mhalartú;

8.

Fóram um Théarnamh Glas a chur ar bun trínar féidir le CnaR, an Coimisiún Eorpach, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus geallsealbhóirí eile oibriú in éineacht ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais laistigh den chreat nua maidir le téarnamh iarphaindéimeach;

9.

a áirithiú go leanfaidh an uaillmhian maidir le truailliú nialasach agus timpeallacht atá saor ó thocsainí, mar a fhoráiltear sa Chomhaontú Glas, de bheith ina cuid lárnach den Téarnamh Glas. Tá plean gníomhaíochta uaillmhianach maidir leis an truailliú nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach riachtanach chun cur leis an gcosaint sláinte go háirithe;

10.

a bheith níos uaillmhianaí i dtaca le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais a bheidh ann amach anseo chun stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus chun go mbeidh an tAontas ina cheannródaí idirnáisiúnta maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, rud atá bunriachtanach chun tionchar paindéimí amach anseo a chosc nó a laghdú; cur chun feidhme tapa Straitéis Foraoiseachta na hEorpa a chur chun cinn agus a áirithiú go gcuirfear na sásraí cearta i bhfeidhm ar mhaithe lena áirithiú go ndéanfar dea-chleachtais a mhalartú agus cur lena líonmhaireacht;

11.

táirgeadh áitiúil inbhuanaithe bia a chur chun cinn agus na tionscnaimh a fógraíodh sa straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” á gcur chun feidhme. Ar an gcaoi sin, caomhnófar an bhithéagsúlacht, an ithir, an t-uisce agus an mhuirthimpeallacht agus áiritheofar go mbeidh leibhéal maith ioncaim ag feirmeoirí an Aontais; san am céanna, praghsanna cothroma margaidh a áirithiú i margadh cothrom do tháirgeoirí talmhaíochta tríd an táirgeadh a oiriúnú d’éileamh an mhargaidh ar bhealach atá ceangailteach i gcoitinne; a áirithiú go dtacófar le feirmeoirí agus le ceantair thuaithe agus na hathruithe struchtúracha is gá á ndéanamh acu don aistriú chuig córais bhia níos inbhuanaithe;

12.

plean gníomhaíochta a chur i gcrích le haghaidh chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chuideoidh le gné shóisialta an Aontais a threisiú agus le tionchar na n-aistrithe glasa agus digiteacha a mhaolú. Cuireann CnaR i bhfios go láidir go bhfuil gné chríochach láidir ag baint le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus gur cheart an scórchlár sóisialta, nach dtaispeánann faoi láthair ach na meáin náisiúnta, a threisiú le sonraí réigiúnacha breise;

13.

Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí a thugann aghaidh ar bhochtaineacht agus eisiamh leanaí san Aontas a chomhtháthú sa phlean maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;

14.

fiosrú a dhéanamh ar acmhainneacht an gheilleagair shóisialta agus “Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta” a ullmhú, agus a n-ionchorprófaí a bhunphrionsabail i mbeartais shocheacnamaíocha éagsúla de chuid an Aontais Eorpaigh, rud a chuirfeadh le haistriú glas agus cóir agus le plean téarnaimh sa ré iar-COVID-19 ina laghdófaí an bhearna idir an t-oideachas, scileanna agus poist, ina dtabharfaí tús áite don dífhostaíocht i measc na hóige agus ina gcuirfí cothromaíocht inscne chun cinn;

15.

togra a ullmhú maidir le hathchóiriú uaillmhianach ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ina gcuimseofar an cuspóir maidir le hairgeadas poiblí inbhuanaithe agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim an choróinvíris;

16.

cuidiú le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a spreagadh a bhféadfadh fíorthionchar a bheith acu ar an bhfíorgheilleagar ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus aird a thabhairt, san am céanna, ar chás sonrach na réigiún is forimeallaí;

17.

togra a ullmhú go luath chun go ndéanfar athchóiriú domhain ar an Seimeastar Eorpach agus ar rialachas eacnamaíoch an Aontais chun bogadh i dtreo próiseas atá trédhearcach, cuimsitheach agus daonlathach. I ngeall ar an nasc láidir atá idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Seimeastar Eorpach, is mó an gá práinneach atá le hathchóiriú chun tuilleadh láraithe agus cur chuige ón mbarr anuas a sheachaint maidir leis na pleananna téarnaimh. B’fhearr sin a dhéanamh seachas tosaíocht a thabhairt do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i measc na mBallstát agus laistigh díobh agus don infheistíocht phoiblí ar ardcháilíocht atá ag teastáil le haghaidh théarnamh inbhuanaithe an Aontais. Ba cheart a chomhtháthú sa leagan athchóirithe den Seimeastar Eorpach, agus é ina phríomhstraitéis eacnamaíoch don Eoraip lena gcuirtear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun feidhme ar fud an Aontais, prionsabail na comhpháirtíochta, an rialachais il-leibhéil, mar aon le gné chríochach, ar bhonn an togra ó CnaR maidir le Cód Iompair do rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa Seimeastar ar an leibhéal náisiúnta agus do rannpháirtíocht Choiste Eorpach na Réigiún ar an leibhéal Eorpach;

18.

aghaidh a thabhairt ar leochaileacht luachshlabhraí Eorpacha a nochtadh le linn ghéarchéim COVID-19; na lúbanna ar lár a aithint agus foinsí i slabhraí soláthair an Aontais a éagsúlú trína spleáchas ar thíortha aonair a laghdú, trí bhonn tionsclaíoch na hEorpa a neartú ar dhóigh inbhuanaithe agus trí uathriail thionsclaíoch straitéiseach an Aontais a dhaingniú; beartas maidir le braislí a cheapadh mar chuid lárnach d’aon bheartas tionsclaíoch de chuid an Aontais a bheidh oiriúnach go leor chun forbairt braislí Eorpacha den chéad scoth a neartú trína ndéanfar braislí, líonraí agus éiceachórais réigiúnacha a nascadh;

19.

a bheith teann ar chur chun feidhme níos fearr na gcaibidlí maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála an Aontais agus díriú ar thionchar socheacnamaíoch agus críochach na gcomhaontuithe trádála a fheabhsú, lena n-áirítear an comhaontú a bheidh ann amach anseo leis an Ríocht Aontaithe, trí anailísí geografacha agus earnála níos sonraí a chur fáil agus, an tráth céanna, coinníollachtaí na gcaibidlí maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe i gcomhaontuithe saorthrádála a neartú. Tá CnaR ar aon intinn leis an gCoimisiún Eorpach nach bhféadfaidh trádáil shaor, chóir agus oscailte feidhmiú ach amháin má tá Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) láidir agus éifeachtach ann agus tacaíonn sé le rún an Choimisiúin tionscnamh cuimsitheach maidir le hathchóiriú EDT a sheoladh;

20.

a áirithiú go mbeidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na gclár do thréimhse 2021-2027;

21.

a áirithiú nach ndéanfaí cumhachtaí a lárú ná nach mbainfí sainphribhléidí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de thoradh solúbthacht bhreise a dheonú i ndáil le húsáid na gcistí comhtháthaithe agus sna rialacha maidir le státchabhair, solúbthacht a bhfuil gá léi chun tacú le téarnamh na réigiún agus na gcathracha agus na gceantar tuaithe ó ghéarchéim COVID-19;

22.

leas a bhaint as an taithí a fuarthas ón gClár Oibre Uirbeach don Aontas agus ó Chairt athnuaite Leipzig chun Cruinniú Mullaigh Uirbeach a reáchtáil maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe;

23.

cur leis an togra maidir leis an “rabharta athchóiriúcháin”, maille le plean gníomhaíochta na Comhpháirtíochta Uirbí maidir le tithíocht arna ghlacadh i Samhain 2018, chun Clár Oibre Eorpach le haghaidh Tithíochta a ullmhú lena gcoinneofaí an tithíocht ina gné lárnach de bheartais an Aontais a bhfuil tionchar acu uirthi;

24.

togra a ullmhú chun go gcuirfí Clár Oibre an Aontais um Cheantair Thuaithe ar bun atá comhleanúnach agus uaillmhianach agus atá dírithe go háirithe ar chríocha iargúlta a ndéantar faillí orthu go minic. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí nasc níos fearr a chothú le saoránaigh a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus atá, dar ndóigh, níos scoite amach ó chórais rialachais láraithe. Dá ndéanfaí athbheochan ar bhailte agus pobail tuaithe, léireofaí tacaíocht fhollasach an Aontais agus neartófaí dlisteanacht an Aontais ar an leibhéal áitiúil;

25.

freagairt láidir a thabhairt ar na dúshláin atá roimh earnáil turasóireachta na hEorpa trí mhaoiniú gearrthéarmach agus straitéis fhadtéarmach téarnaimh i ndiaidh géarchéime a chur ar fáil, rud a d'fhágadh go mbeadh an earnáil níos athléimní agus níos inbhuanaithe amach anseo. Dá bhrí sin, ní mór a áirithiú leis an mbeartas comhtháthaithe i mbuiséad fadtéarmach an Aontais do 2021-2027 go mbainfear leas níos fearr as acmhainneacht earnálacha an chultúirt agus na turasóireachta. Táthar fós ag díriú ar an iomaíochas eacnamaíoch tríd an taighde agus an nuálaíocht, tríd an aistriú digiteach agus tríd an gClár Oibre Eorpach don Turasóireacht Eorpach;

26.

an Plean Gníomhaíochta nuashonraithe don Oideachas Digiteach a chur chun feidhme chun aird iomlán a thabhairt ar thionchar COVID-19 agus ar na coinníollacha nua le haghaidh an oideachais agus na hoiliúna. A bhuí leis an bPlean Gníomhaíochta sin, ba cheart go gcuirfí dlús le forbairt thapa na n-uirlisí cianoideachais i réigiúin, i gcathracha, i gceantair thuaithe, i réigiúin bheagfhorbartha, go háirithe i scoileanna agus, ar an gcaoi sin, bheadh scileanna digiteacha agus meán ina ndlúthchuid den fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus bheadh an Plean ina ardán maidir le comhroinnt dea-chleachtas idir cathracha agus réigiúin Eorpacha agus ar fud an domhain;

27.

páirt ghníomhach a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur i gcrích an Mhargaidh Aonair Dhigitigh trí leas a bhaint as an ról lárnach atá acu ó thaobh seirbhísí digiteacha a sholáthar do shaoránaigh agus ó thaobh bonneagar digiteach a chruthú agus a bhainistiú; a áirithiú go ndéanfar dlúthfhaireachán agus tomhas ar phróisis an chlaochlaithe dhigitigh inbhuanaithe i réigiúin agus cathracha na hEorpa agus béim á leagan ar an deighilt idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe;

28.

maoiniú breise agus oideachas a chur ar fáil maidir le soláthar tapa agus cuimsitheach an bhonneagair dhigitigh agus, go háirithe, 5G san Aontas, lena n-áirítear trí bhíthin chiste téarnaimh de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo agus, san am céanna, nasc leathanbhanda níos tapa agus an trealamh is gá a ráthú i gceantair thuaithe, shléibhtiúla agus oileánacha, sna réigiúin is forimeallaí agus i gceantair a bhfuil dúshláin dhéimeagrafacha rompu;

29.

tacú le Limistéar Eorpach Oideachais a sheoladh faoi 2025 i ndlúthchomhar leis an Limistéar Eorpach Taighde d'fhonn oideachas agus oiliúint ar ardcháilíocht, maille le comhionannas agus cothroime san oideachas, a áirithiú mar fhreagairt ar an athrú déimeagrafach agus ar imirce daoine oilte; CnaR a dhéanamh rannpháirteach i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbeart le haghaidh an oideachais agus na hoiliúna a bheidh ann amach anseo agus i gcur chun feidhme an Chláir Oibre Nua Scileanna don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach;

30.

meastóireacht atá bunaithe ar an eolaíocht a chur i láthair maidir le tionchar COVID-19 ar an athrú déimeagrafach agus a áirithiú go mbeidh na cinntí a dhéanfar amach anseo saincheaptha do riachtanais agus sainiúlachtaí áitiúla;

31.

tús áite a thabhairt don tacaíocht d’eagraíochtaí – lena n-áirítear eagraíochtaí neamhbhrabúis – chomh maith le FBManna, ealaíontóirí aonair agus fostaithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta atá buailte go dona ag ráig COVID-19. Agus creat straitéiseach reatha an Aontais don chultúr á fheabhsú agus mar chuid de Chlár nua Eoraip na Cruthaitheachta, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chreatlach shaibhir chultúrtha na hEorpa a neartú agus a chosaint, agus ar shainiúlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus an oidhreacht;

32.

a áirithiú gur chuig na pobail áitiúla a rachaidh an cúnamh a thabharfaidh an tAontas i ndiaidh na géarchéime do na tíortha is iarrthóirí agus na tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus go ndéanfar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá bunriachtanach chun dlisteanacht dhaonlathach rannpháirtíocht an Aontais a bhunú sna tíortha sin a rannpháirtiú agus a chumhachtú go leormhaith agus, san am céanna, go leanfar d’aird a tharraingt ar na contúirtí a bhaineann leis nuair a dhéanann duine nó grúpa cumhachtaí an rialtais áitiúil a ghabháil chucu féin (local state capture), rud a chuireann bunsraith an daonlathais i mbaol, agus aghaidh a thabhairt ar na contúirtí sin;

33.

tacaíocht ón Aontas atá dírithe ar riachtanais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus a gcomhlachas a mhéadú go háirithe i dtíortha comhpháirtíochta sa Mheánmhuir Theas agus i gComhpháirtíocht an Oirthir d’fhonn dinimicí nua a chruthú le haghaidh athchóirithe díláraithe agus d'fhonn torthaí i réimse an rialachais a fheabhsú, mar aon le hinfheictheacht shochair bheartais an Aontais ar fud na gcríoch agus na leibhéal rialachais sna tíortha comhpháirtíochta a threisiú. Ba cheart a áireamh leis sin Scoil Riaracháin Phoiblí de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir a bhunú, mar atá molta sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020;

34.

rannchuidiú le gnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena n-áirítear trí údaráis áitiúla agus réigiúnacha sna tíortha comhpháirtíochta a dhéanamh rannpháirteach agus trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí comhair idir piaraí i spiorad na comhpháirtíochta agus na dlúthpháirtíochta, go háirithe i bhfianaise mhórthionchair dhomhanda phaindéim COVID-19 agus na mbeart a rinneadh chun srian a choinneáil uirthi;

35.

páirt a thabhairt do rialtais áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme Straitéis an Aontais maidir le Comhionannas Inscne agus sa phróiseas faireacháin uirthi agus bearta agus uirlisí athléimneachta i gcoinne iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 do shaincheisteanna inscne a ionchorprú inti;

36.

leas a bhaint as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa mar dheis thráthúil chun machnamh a dhéanamh, in éineacht le saoránaigh agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar an Aontas mar thionscadal atá bunaithe ar luachanna bunúsacha, amhail an daonlathas agus an smacht reachta, agus ar na hathruithe is gá a dhéanamh ar chreat institiúideach reatha an Aontais chun a éifeachtacht agus a dhlisteanacht a fheabhsú, mar aon le braistint na saoránach go bhfuil “úinéireacht” acu ar an tionscadal Eorpach;

37.

CnaR agus na parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu a dhéanamh rannpháirteach go hiomlán i gcomhlachtaí uile na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus an próiseas a thabhairt chomh gar do na saoránaigh agus is féidir; oibriú i gcomhar le CnaR chun samhail phíolótach a fhorbairt le haghaidh idirphlé buan struchtúrtha leis na saoránaigh trí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, rud a d'fhágadh go mbeadh próiseas cumarsáide dhá threo ann idir na saoránaigh agus institiúidí an Aontais, rud a d’fhéadfadh cinnteoireacht an Aontais a fheabhsú san fhadtéarma;

38.

dlús a chur le hiarrachtaí chun an bhréagaisnéis a chomhrac ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach trí thacú le seiceálaithe fíricí neamhspleácha, leis an litearthacht sna meáin agus le hiriseoireacht ar ardchaighdeán agus, san am céanna, béim a leagan air nár cheart an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise a úsáid mar chúis chun cinsireacht a dhéanamh ná srian a chur leis an tsaoirse tuairimíochta;

39.

cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith beartais imirce, lánpháirtíochta agus tearmainn bunaithe ar phrionsabail a bhaineann leis an urraim do chearta bunúsacha an duine, ar an gcoimhdeacht, ar an dlúthpháirtíocht agus ar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát; a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí comhpháirteacha níos fearr d’fhonn teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint agus an comhrac i gcoinne na himirce neamhrialta agus na gáinneála ar dhaoine a threisiú i gcomhar le comhpháirtithe an Aontais agus le tíortha tionscnaimh agus idirthurais; tacaíocht d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a neartú i ndáil leis an ról bunriachtanach atá acu sna beartais lánpháirtíochta;

40.

leanúint den chomhar rathúil le CnaR i dtaca le Rialáil Níos Fearr agus le cur chun cinn choincheap na “coimhdeachta gníomhaí”, go háirithe trí thionscnamh Líonra na Mol Réigiúnach le haghaidh athbhreithniú ar chur chun feidhme bheartais an Aontais (RegHub) agus an ról nua atá aige san Ardán “Fit for Future” (Ullamh don Todhchaí) agus trí thacú le CnaR RegHub 2.0 a fhorbairt chun go bhféadfadh sé a bheith níos éifeachtaí agus aiseolas tráthúil a thabhairt bunaithe ar thaithí an úsáideora ar chur chun feidhme bheartais an Aontais ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; na prionsabail sin a dheimhniú agus forbairt a dhéanamh orthu sa Teachtaireacht maidir le Rialáil Níos Fearr atá á hullmhú ag an gCoimisiún faoi láthair;

41.

aird a thabhairt ar na díospóireachtaí a rinneadh i bparlaimintí náisiúnta ar Chlár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh don todhchaí, i ndiaidh na gconclúidí ó Thascfhórsa an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Coimhdeacht agus Comhréireacht agus ón treoirthionscadal a sheol Coiste Eorpach na Réigiún agus Comhdháil na dTionól Reachtach Réigiúnach san Eoraip (CALRE).

Tá CnaR á threorú dá Uachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh agus chuig na hUachtaránachtaí ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

An Bhruiséil,2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  COM(2020) 440 final.


TUAIRIMÍ

Coiste na Réigiún

An 139ú seisiún iomlánach, 30 Meitheaamh-2 Iúil 2020

1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

21


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cur Chun Feidhme Comhaontuithe Saorthrádála: an dearcadh réigiúnach agus áitiúil

Rapóirtéir:

Michael MURPHY (IE/PPE), Comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann

Doiciméad tagartha:

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le Cur Chun Feidhme Comhaontuithe Saorthrádála: 1 Eanáir 2018 – 31 Nollaig 2018

COM(2019) 455 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála; á mheas nach é amháin gur céim ríthábhachtach í i dtreo na trédhearcachta ach gur ionstraim éifeachtach í freisin chun faisnéis chúlra oibiachtúil a sholáthar don phobal faoi chomhaontuithe saorthrádála arna gcaibidliú ag an Aontas Eorpach;

2.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá acmhainneacht bheartas trádála an Aontais Eorpaigh chun cuspóirí an Aontais a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis an bhfás inbhuanaithe, cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe, fostaíocht, poist a chruthú agus infheistíocht san Aontas. Tuigeann CnaR ag an am céanna, áfach, go bhfuil géarchéim COVID-19 ina mórshuaitheadh do gheilleagair na hEorpa agus do gheilleagair dhomhanda agus go saobhfaidh sí deiseanna trádála domhanda i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide Eorpacha. De réir suirbhé a rinne Ard-Stiúrthóireacht na Trádála sa Choimisiún Eorpach, tá coinne le laghdú 10 %-16 % sa trádáil dhomhanda in 2020 agus le haghaidh AE-27 táthar ag tuar laghdú 9 %-15 % i gcás onnmhairí lasmuigh de AE-27, arb ionann é agus laghdú idir EUR 282-470 billiún ar onnmhairí lasmuigh de AE-27 (1);

3.

á mheabhrú go bhfuil 36 mhilliún post san Aontas ag brath ar onnmhairí lasmuigh den Aontas, ar mná a líonann 13,7 milliún de na poist sin, gur tháinig méadú 66 % idir 2000 agus 2017 ar na poist san Aontas a bhraitheann ar onnmhairí chuig an gcuid eile den domhan, arb ionann é agus 14,3 milliún post breise, agus gur mhéadaigh an cion d’fhostaíocht san Aontas a bhíonn ag brath ar dhíolacháin earraí agus seirbhísí chuig an gcuid eile den domhan ó 10,1 % in 2000 go 15,3 % in 2017 (2); á thabhairt dá aire le teann imní go measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair go bhfágann paindéim COVID-19 go bhfuil 12 mhilliún post caillte in 2020, gan trácht ach ar an Eoraip amháin;

4.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá saorthrádáil idirnáisiúnta riailbhunaithe a théann chun tairbhe na gcomhpháirtithe trádála uile; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de leasanna trádála an Aontais Eorpaigh a chosaint agus cur i gcoinne threocht mhéadaitheach na caomhnaitheachta;

5.

á thabhairt dá aire go bhfuil tionchar na gcomhaontuithe saorthrádála san Aontas le brath ar an leibhéal réigiúnach. Tá CnaR, dá bhrí sin, ag iarraidh ar an gCoimisiún é a choimeád ar an eolas go córasach agus na hiarmhairtí áitiúla agus réigiúnacha a d’fhéadfadh a bheith ag an trádáil a chur san áireamh go luath sa chaibidlíocht;

6.

den tuairim gur cheart na comhaontuithe saorthrádála a chur in oiriúint do FBManna faoi mar ba cheart FBManna a chur in oiriúint do chomhaontuithe saorthrádála; ag cur i bhfios i dtaca leis sin ról ríthábhachtach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chun comhaontuithe saorthrádála a chur in oiriúint do FBManna ar an leibhéal áitiúil;

7.

ag leagan béim ar an bhfreagracht chomhpháirteach atá ar gach leibhéal rialachais chun a áirithiú go ndáilfear sochair an domhandaithe go cothrom, agus go maolófar na tionchair dhiúltacha;

8.

á thabhairt dá aire go bhfuil an chuma air gur gnáthriail seachas eisceacht sa trádáil dhomhanda anois an méadú ar bhearta nach bhfuil ag cloí le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála agus na socruithe neamhtharaife idirdhealaitheacha nua atá ann, agus go bhfuil baol ann go dtiocfaidh ualaí rialála iomarcacha cómhalartacha astu; den tuairim gur cheart cláir tacaíochta AE atá ann cheana agus an faireachán orthu a mheasúnú an athuair, i gcomhréir le rialacha iomaíochta AE, chun tacú le réigiúin atá thíos le cogaí trádála, tríd an ualach orthu a laghdú;

9.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bhunaigh an Coimisiún, an 22 Nollaig 2017, Sainghrúpa um Chomhaontuithe Trádála agus é mar aidhm aige trédhearcacht agus cuimsitheacht i mbeartas trádála an Aontais a fheabhsú; á thabhairt dá aire nach bhfuil aon duine de na 28 saineolaí sa ghrúpa (3) ina n-ionadaí d’údarás áitiúil nó réigiúnach nó do cheann dá gcomhlachais; á iarraidh ar an gCoimisiún an Sainghrúpa a choinneáil san fhoirm reatha agus ról CnaR mar bhreathnóir a chaomhnú. I gcás ina bhfuil athrú le teacht ar struchtúr ginearálta an tSainghrúpa, iarrann CnaR go dtabharfaí cuireadh dó a bheith ina chomhalta;

10.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go gcumhdaítear 29 %-31 % de thrádáil an Aontais Eorpaigh le comhaontuithe trádála fabhracha;

Moltaí a bhaineann le COVID-19

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fógra ón gCoimisiún maidir le tús a chur le himeachtaí athbhreithnithe ar an mbeartas trádála, as a dtiocfaidh straitéis nua faoi dheireadh na bliana. Mar sin féin, iarrann CnaR ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfeidhmíonn sé gach dícheall cuí agus aird chuí san athbhreithniú sin ar an tsaincheist maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála i réigiúin agus i gcathracha na mBallstát;

12.

á thabhairt dá aire gur thug paindéim COVID-19 chun suntais go bhfuil geilleagair dhomhanda an-idirnasctha agus, le linn géarchéime, nach bhfuil tír ar bith ann ar féidir léi dóthain a mhonarú lena riachtanais a shásamh ina haonar. Dá bhrí sin, chun córas trádála domhanda atá cothrom, oscailte agus bunaithe ar rialacha a áirithiú, tá CnaR ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach leanúint dá chuid oibre maidir le hathchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála; á thabhairt dá aire, ar an gcaoi chéanna, nach mór don Aontas, i gcásanna ina saobhtar an iomaíocht dhomhanda, leas iomlán a bhaint as a chuid ionstraimí cosanta trádála agus uirlisí nua a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais tríú tíortha a shaobhann an margadh;

13.

ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach leanúint dá chuid oibre ag tabhairt aghaidh ar an iomaíocht shaofa laistigh den mhargadh aonair mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha. I ndáil leis an méid sin, tá CnaR ag fanacht le foilsiú an Pháipéir Bháin ón gCoimisiún ar ionstraim maidir le fóirdheontais eachtracha. Tá tábhacht ar leith le dul chun cinn sa réimse oibre sin chun cothrom iomaíochta a áirithiú do chuideachtaí an Aontais i réimsí amhail an soláthar poiblí;

14.

á thabhairt dá aire gurb iad na réigiúin agus a rialtais atá i mbrollach an chatha in aghaidh na géarchéime, ag dul i ngleic lena hiarmhairtí sláinte agus eacnamaíocha; den tuairim, dá bhrí sin, nach mór don Aontas oibriú ar stoc-chairn straitéiseacha de threalamh ríthábhachtach a thógáil chun na réigiúin a ullmhú do phaindéimí eile amach anseo; á chur in iúl gur díol sásaimh dó i ndáil leis sin coincheap an Choimisiúin maidir le “huathriail straitéiseach oscailte” chun slabhraí soláthair domhanda a éagsúlú chomh maith le cuid de tháirgeadh ábhar ríthábhachtach a aisdúichiú;

15.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra le haghaidh CAI nua ón 27 Bealtaine, lena n-áirítear tionscnamh nua REACT-EU agus treisiú sealadach an tionscnaimh Next Generation EU. Sa chomhthéacs sin, tá CnaR á chur in iúl gur díol sásaimh dó cistí breise atá sannta don Bheartas Comhtháthaithe, ar féidir iad a úsáid chun tionchar eacnamaíoch na géarchéime a chomhrac, lena n-áirítear trí infheistíocht agus leachtacht a chur ar fáil do FBManna atá buailte ar an leibhéal áitiúil, go háirithe iad siúd sna hearnálacha is measa atá buailte. Áiritheofar leis sin go ndéanfar roinnt mhaith gnólachtaí agus áiteanna fostaíochta a tharrtháil;

16.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur simplíodh cur i bhfeidhm roinnt clár cistiúcháin de chuid an Aontais, lena n-áirítear InvestEU, i bhfianaise ghéarchéim COVID-19; ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach, áfach, leanúint leis an gcóras rochtana feabhsaithe ar mhaoiniú thar raon clár a mhairfidh tar éis na paindéime, ionas go mbeidh FBManna Eorpacha in ann deiseanna brabúsacha a dhéanamh as teicnící digiteála agus dícharbónaithe chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus poist inbhuanaithe a chruthú;

Acmhainneacht iomlán comhaontuithe trádála a bhaint amach – dearcthaí réigiúnacha agus gnó

17.

ag aontú go láidir le dearcadh an Choimisiúin nach féidir le cuideachtaí an Aontais tairbhiú de chomhaontuithe trádála an Aontais ach amháin má tá an fhaisnéis ábhartha acu faoi ábhar na gcomhaontuithe sin agus má thuigeann siad an chaoi ina bhfeidhmíonn siad sa chleachtas; á chur i bhfáth gur gá páirt a thabhairt d’ionadaithe réigiúnacha san iarracht feabhas a chur ar chur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála; á chur i bhfios, chuige sin, a thábhachtaí atá sé pleananna gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála a fhorbairt a bheidh saincheaptha do gach Ballstát, dá chuid réigiúin éagsúla, agus do leasanna gnó réigiúnacha;

18.

á thabhairt dá aire le teann imní gur cosúil go bhfuil castacht na rialacha maidir le tionscnamh agus na bhfoirmeacha riaracháin a éilíonn comhpháirtithe trádála an Aontais chun fabhair a thabhairt do chuideachtaí an Aontais, chomh maith leis an iarracht a bhaineann le cruthúnas a thabhairt ar thionscnamh fabhrach, díréireach do FBManna san Aontas toisc nach bhfuil na hacmhainní céanna acu is atá ag cuideachtaí móra;

19.

ag athdhearbhú a sheasaimh seanbhunaithe nach féidir le comhaontuithe trádála AE amach anseo cosc a chur ar rialtais ar gach leibhéal seirbhísí poiblí a chur ar fáil, tacú leo nó iad a rialáil, ná cosc a chur orthu raon na seirbhísí a chuireann siad ar fáil don phobal a leathnú;

20.

á mheabhrú go dtarlaíonn an chuid is mó de ghníomhaíochtaí onnmhairithe FBManna laistigh den mhargadh aonair (4), agus gan ach thart ar leath de na FBManna a dhíolann a n-earraí lasmuigh de AE-28 (5); á thabhairt dá aire, ina theannta sin, go bhfuil gníomhaíochtaí onnmhairithe FBManna thar a bheith comhchruinnithe, agus níos mó ná dhá thrian d’onnmhairí iomlána FBManna san Aontas ag imeacht as sé Bhallstát (6);

21.

á chur i bhfáth, de réir suirbhé a rinne CnaR agus Eurochambres le déanaí, go n-éilíonn cur chun feidhme éifeachtach trádála an méid seo a leanas (7):

a)

aghaidh a thabhairt ar an mbearna eolais a bhaineann le comhaontuithe saorthrádála AE trí fhaisnéis phraiticiúil a chur ar fáil maidir leis an gcaoi ar féidir le FBManna leas a bhaint as comhaontú saorthrádála ar leith sa chleachtas agus trí ghníomhaíochtaí níos eolasaí leis an bpobal gnó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil (oiliúint, seimineáir, ceardlanna, seónna bóthair, etc.);

b)

feabhas a chur ar sholáimhsitheacht na n-uirlisí atá ar fáil saor in aisce agus atá dírithe ar thacú le gnólachtaí agus le FBManna chomh maith le feasacht an phobail ar na huirlisí sin a bheith ann;

c)

aghaidh a thabhairt ar chastacht agus easpa comhleanúnachais na rialacha maidir le tionscnamh agus na nósanna imeachta custaim;

d)

áireamhán rialacha tionscnaimh saor in aisce ar líne a chur chun feidhme go mear mar chéad líne bhreise tacaíochta do FBManna san Aontas maidir le dul i ngleic le castachtaí na rialacha sin i gcomhaontuithe trádála an Aontais;

22.

den tuairim gur gá níos mó a dhéanamh chun faisnéis a scaipeadh maidir le feidhmiú na trádála idirnáisiúnta, go háirithe ar leibhéal na mBallstát agus a n-údarás áitiúil agus réigiúnach, a bhfuil ról lárnach le himirt acu i ngeall ar an eolas atá acu ar FBManna ar an leibhéal áitiúil agus ar an dlúth-theagmháil atá acu leo; á aithint mar sin go bhfuil deis ann do CnaR agus don Choimisiún Eorpach dul ag obair go córasach le chéile chun faisnéis ábhartha a scaipeadh agus chun uirlisí idirghníomhacha ábhartha a fhorbairt, amhail Áireamhán Rialacha Tionscnaimh do FBManna;

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an obair shárfhorbartha atá déanta ag an gCoimisiún ar an tairseach ar líne lena gcomhtháthófar dhá bhunachar sonraí, an Bunachar Sonraí um Rochtain ar an Margadh agus an Deasc Chabhrach Trádála;

24.

á chur in iúl, ina theannta sin, gur díol sásaimh dó na huirlisí atá ann cheana a úsáideann an Coimisiún Eorpach chun FBManna san Aontas a chur chun cinn agus chun tacú leo ina n-iarrachtaí idirnáisiúnaithe ionas go mbeidh siad níos iomaíche ar fud an domhain, agus leagann sé béim ar an ngá atá lena áirithiú go nglacfaidh na huirlisí sin cur chuige ón mbun aníos ina gcur i bhfeidhm;

25.

á chur in iúl gur ábhar imní dó na saincheisteanna le comhpháirtithe trádála atá fós gan réiteach mar a chuirtear i láthair iad sa tuarascáil ón gCoimisiún, go háirithe go bhfuil bacainní fós roimh tháirgí an Aontais maidir le rochtain a fháil ar roinnt margaí i dtíortha comhpháirtíochta. Ba cheart ardtosaíocht a thabhairt d’aitheantas frithpháirteach neamh-mhaorlathach maidir le caighdeáin theicniúla;

A áirithiú nach mbeidh neamhionannas i measc réigiúin an Aontais mar thoradh ar rannpháirtíocht eacnamaíoch dhomhanda

26.

tá sé den tuairim, in ainneoin an fháis eacnamaíoch ar an iomlán arna spreagadh ag comhaontuithe saorthrádála, go bhfuil roinnt earnálacha eacnamaíocha ann, mar aon leis na réigiúin ina bhfuil na hearnálacha sin lonnaithe, ar dócha go ndéanfar dochar dóibh;

27.

ag tacú le dearcadh an Choimisiúin go bhfuil acmhainneacht mhór i gcomhaontuithe trádála an Aontais le haghaidh onnmhairí táirgí talmhaíochta ach is ábhar imní dó go dtugtar le tuiscint sa dréacht-tuarascáil eatramhach ar mheasúnú tionchair inbhuanaitheachta don chomhaontú trádála le Mercosur go bhfuil coinne le héifeachtaí diúltacha do cheantair thalamhaíochta agus thuaithe, agus gurb é sin an fáth ar dhiúltaigh Ballstáit áirithe don chomhaontú mar atá sé faoi láthair. Tá CnaR teann air freisin go bhfuiltear chun measúnú a dhéanamh ar chomhaontú Mercosur in aghaidh an chuspóra gáis ceaptha teasa a laghdú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart daingniú chomhaontú AE-Mercosur a bheith ag brath ar bhearta lena gcasfar thart buaicleibhéal reatha an dífhoraoisithe in Amasóin na Brasaíle;

28.

á chur i bhfios, i bhfianaise an tsuirbhé a rinne CnaR i gcomhar le Eurochambres maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála, gur sainaithníodh freisin go bhfuil méadú ar an mbrú iomaíochta ó chuideachtaí eachtrannacha ina ábhar imní nach beag do na réigiúin nuair a thiocfaidh comhaontuithe trádála an Aontais i bhfeidhm (8);

29.

ag cur béim air, mar a leagtar béim air le staidéar EPRS (9) atá bunaithe ar anailís ar shreafaí trádála i roinnt Ballstát, go bhfuil feidhmíocht onnmhairithe na réigiún curtha i gcomhchoibhneas dearfach agus láidir le hOlltáirgeacht Intíre agus go bhfuil an trádáil thar a bheith comhchruinnithe i roinnt réigiún i ngach Ballstát a ndearnadh anailís orthu;

30.

á mheabhrú gur aithin an Coimisiún tionchar neamhchothrom an domhandaithe ó thaobh críche de leis an bPáipéar Machnaimh Harnessing Globalisation [Leas a bhaint as an Domhandú] agus leis an bPáipéar Machnaimh Future of EU Finances [ar a bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais Eorpaigh], inar cuireadh i bhfios, cé go bhfuil tairbhí an domhandaithe ag leathadh go forleathan, gur minic a iompraítear na costais ar an leibhéal áitiúil;

31.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le freagairt uile-Aontais chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún ar gcúl agus na míchothromaíochtaí thuasluaite á réiteach;

32.

den tuairim láidir gur féidir le measúnuithe tionchair chríochaigh a bheith ina n-uirlisí cumhachtacha chun iarmhairtí neamhshiméadracha a d’fhéadfadh a bheith ag comhaontuithe trádála ar réigiúin Eorpacha a shainaithint agus a chainníochtú ag céim luath, rud a fhágann gur féidir na beartais phoiblí cearta a chur ar bun sna críocha lena mbaineann chun déileáil leis an tionchar; á mheas gur gné ríthábhachtach an méid sin agus beartais trádála fhónta, thrédhearcacha agus fianaisebhunaithe á bhfoirmliú;

33.

ag leagan béim ar leith ar ról an bheartais comhtháthaithe maidir le feabhas a chur ar iomaíochas chríocha an Aontais trí infheistíochtaí spriocdhírithe atá curtha in oiriúint do riachtanais aon chríche ar leith in earnálacha tábhachtacha, amhail bonneagair líonra, taighde agus nuálaíocht, FBManna, seirbhísí TF, gníomhú ar son an chomhshaoil agus na haeráide, fostaíocht ar ardchaighdeán agus cuimsiú sóisialta;

34.

á mheabhrú, i bhfianaise na fianaise láidre maidir le patrúin réigiúnacha sa trádáil idirnáisiúnta, go bhfuil sé ríthábhachtach, má tá an tAontas chun léirscaoileadh breise trádála a thabhairt isteach, go ndéantar measúnuithe tionchair roimh gach tionscnamh suntasach sa réimse sin, lena ndírítear ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta agus, go háirithe, ar an leibhéal fonáisiúnta;

35.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur mhol an Coimisiún ina Phlean Téarnaimh don Eoraip i mí na Bealtaine 2020 go neartófaí a uirlisí éigeandála, lena n-áirítear an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD), agus go mbeadh siad níos solúbtha ionas gur féidir acmhainní a úsáid go tapa agus ar scála nuair is gá. Tá súil ag CnaR go gcuirfidh an Coimisiún a thogra in iúl go pras agus tá sé á athdhearbhú aige (10) ina fhianaise sin go raibh tairseacha cáilitheachta a bhí sách ard (250 iomarcaíocht ar a laghad) (11) agus clúdach íseal buiséid de EUR 225 mhilliún in aghaidh na bliana i gceist leis an togra roimhe seo ó CECD don tréimhse chistiúcháin 2021-2027;

Beartas trádála mar phríomhionstraim chun cur leis an inbhuanaitheacht

36.

den tuairim láidir go bhfuil ról tábhachtach ag beartas trádála chun a áirithiú go mbeidh éifeachtaí dearfacha eacnamaíocha, sóisialta, críochacha agus comhshaoil ag an domhandú do dhaoine agus do ghnólachtaí san Eoraip agus níos faide i gcéin;

37.

á mheabhrú, de réir shuirbhé speisialta Eorabharaiméadair ó 2019 (12), go bhfuil méadú tagtha ar chion na bhfreagróirí a luaigh ábhair imní maidir le tionchair dhiúltacha na trádála idirnáisiúnta ar an gcomhshaol, agus go bhfuarthas amach sa suirbhé céanna go bhfuil méadú tagtha ar líon na bhfreagróirí a chreideann nach mbaineann siad tairbhe as trádáil idirnáisiúnta mar gheall ar a tionchar ar an gcomhshaol;

38.

á mheabhrú gur cheart don Chomhaontú Glas an beartas trádála mar aon leis an mbeartas eacnamaíoch, rialála agus iomaíochta a chomhtháthú mar chuid d’iarracht chuimsitheach chun cabhrú leis an gcomhshaol agus chun uaillmhianta diana comhshaoil a leagan síos d’earnáil na tionsclaíochta ina hiomláine;

39.

den tuairim go bhféadfaí sásra chun dul i ngleic le “sceitheadh carbóin” a úsáid chun cothrom iomaíochta a bhaint amach; á thabhairt dá aire, áfach, nach mór don bheart sin cothromaíocht a bhaint amach idir ábhair imní a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an trádáil agus leis an gcothroime ionas nach spreagfar frithbheart in aghaidh onnmhairí ó Bhallstáit, agus, ar an gcaoi sin, a dhéanfadh dochar do thionscail an Aontais;

40.

ag tacú go láidir le plean gníomhaíochta 15 phointe an Choimisiúin mar phríomhionstraim chun go mbeidh caibidlí na Trádála agus na Forbartha Inbhuanaithe (TSD) níos éifeachtaí, caibidlí atá mar chuid de chomhaontuithe trádála nua-aimseartha uile an Aontais. Mar sin féin, ní féidir é sin a chur chun feidhme ach amháin trí bhíthin clásail iomchuí lena bhfágtar gur féidir na ceanglais inbhuanaitheachta a fhorfheidhmiú, a fhíorú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith;

41.

á chur in iúl maidir leis an gceist ar cheart iarmhairtí trádála áirithe (a bhaineann le trádáil) a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh forála de chuid na gcaibidlí maidir le TSD go dtacaíonn CnaR leis an tuairim, i gcás tíortha atá i mbun iomaíocht éagórach, mar shampla trí dhul timpeall ar chroíchaighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair nó ar chaighdeáin inbhuanaitheachta, gur cheart forálacha a dhéanamh freisin maidir le sásraí smachtbhannaí;

42.

ag leagan béim ar an ngá atá ann na caibidlí maidir le TSD i gcomhaontuithe trádála an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr trí bhearta boga agus trí úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní taidhleoireachta an Aontais agus na mBallstát féin;

43.

á iarraidh freisin go n-áireofaí i gcomhaontuithe saorthrádála AE rialacha dochta maidir le míphraghsáil aistrithe, praghsáil aistrithe chalaoiseach agus imghabháil cánach ag cuideachtaí liostaithe;

44.

ag teacht leis an tuairim gur féidir leis na caibidlí maidir le TSD, tríd an trádáil, feabhas a chur ar dhálaí áirithe, amhail obair chuibhiúil a chur ar fáil, cosaint an chomhshaoil agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, d’fhonn athrú beartais éifeachtach agus inbhuanaithe a bhaint amach (13) i dtríú tíortha; á thabhairt dá aire ag an am céanna, áfach, go n-eascraíonn na saincheisteanna sin as próisis dhaonlathacha laistigh d’ord bunreachtúil tíre ar leith;

45.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, cinneadh an Choimisiúin Príomh-Oifigeach Forfheidhmithe Trádála a cheapadh chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cosaintí aeráide, comhshaoil agus saothair atá cumhdaithe i gcomhaontuithe trádála an Aontais, agus tá dóchas nach beag aige go mbunóidh an Príomh-Oifigeach Forfheidhmithe Trádála bealaí láidre cumarsáide leis an tsochaí shibhialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go sannfar dóthain acmhainní ar an Oifig lena áirithiú go mbainfidh sí amach a cuspóirí;

46.

ag tagairt, sa chomhthéacs sin, áfach, do staidéar CnaR ar “ghné dhaonlathach chaibidlíochtaí an Aontais ar chomhaontuithe trádála: ról agus freagrachtaí na saoránach agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil”, ina leagtar béim air nach leor infhaighteacht faisnéise inti féin le próiseas trédhearcach agus rannpháirteach a áirithiú, agus nach mór aird ar leith a thabhairt ar shásraí ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil atá dírithe ar an rochtain ar an bhfaisnéis sin a áirithiú. Go háirithe, tugann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le fios go minic nach bhfuil sásra foirmiúil ann le haghaidh idirphlé leis an leibhéal náisiúnta ábhartha ó thaobh an bheartais trádála de, agus is mó fós a bhraitear an easpa sin ar leibhéal an Aontais;

47.

den tuairim, ag an am céanna, nach ceart do bheartas trádála an Aontais an bonn a bhaint d’iarrachtaí cúnaimh forbartha an Aontais i dtríú tíortha agus iarrann sé go mbeadh cur chuige cothrom ann i leith na saorthrádála ó thaobh geilleagair atá níos leochailí de; á mheabhrú a thábhachtaí atá trádáil atá saor agus cothrom, agus béim ar acmhainneacht na bochtaineachta laghdaithe trí chomhtháthú eacnamaíoch idir-réigiúnach agus laistigh den réigiún; á iarraidh go mbeadh comhleanúnachas beartais níos fearr sna hearnálacha idirnáisiúnta trádála agus forbartha, agus tugann sé dá aire go bhfuil an tAontas ag aistriú ó chúnamh forbartha idirnáisiúnta chuig cur chuige comhpháirtíochta níos cothroime;

An tionchar diúltach a bhíonn ag forbairtí uathúla ar earnálacha agus ar réigiúin ar leith a mhaolú

48.

á iarraidh ar na príomhghníomhaithe institiúideacha uile aird ar leith a thabhairt ar na naisc thrádála atá ann cheana idir réigiúin AE-27 agus an Ríocht Aontaithe, lena saineofar den chuid is mó an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar a ngeilleagair faoi seach. Ní mór bearta iomchuí a dhéanamh d’earnálacha agus do chríocha a ndéanfaí an-dochar dóibh;

49.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó moltaí an Choimisiúin Eorpaigh chuig an gComhairle an 3 Feabhra 2020 le tús a chur le caibidlíochtaí maidir le comhpháirtíocht nua leis an Ríocht Aontaithe; den tuairim nach mór don Choimisiún Eorpach a áirithiú go gcosnófar leasanna an Aontais sa chomhaontú arna chaibidliú;

50.

á chur in iúl, agus tagairt á déanamh aige do Pháipéar Seasaimh Thoscaireacht na Spáinne chuig Coiste na Réigiún (14), gurb oth leis go bhfágfaidh an cinneadh a rinne na Stáit Aontaithe taraifí breise a thabhairt isteach ar tháirgí Eorpacha, ar fiú USD 7, 496 billiún iad, mar fhrithbheart maidir leis an gcabhair a thug an tAontas Eorpach agus rialtais áirithe de chuid na mBallstát do mhonaróir aerárthaí Airbus, gur táirgí talmhaíochta agus agraibhia a tháirgtear sna Ballstáit is mó a bheidh thíos leis an gcinneadh sin;

51.

á chur i bhfáth gur fhág na taraifí atá curtha ag SAM ar chruach go bhfuil sraonadh mór trádála ar tháirgí cruach ó thríú tíortha agus go bhfuil siad ag teacht isteach sa mhargadh Eorpach i gcainníochtaí atá ag méadú ó shin. Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh ar éifeachtacht bhearta cosanta an Aontais maidir leis an gcruach i bhfianaise thimpeallacht eacnamaíoch thionscal na cruach atá buailte, chun tuilleadh dochair do chuideachtaí cruach náisiúnta a sheachaint. Leis an athbhreithniú sin, ba cheart féachaint go sonrach ar na méaduithe a tháinig roimhe seo ar chuótaí taraife a chasadh thart;

Cothrom iomaíochta a áirithiú do chuideachtaí an Aontais i gcóras trádála riailbhunaithe

52.

á mheabhrú go bhfágann smachtbhannaí an Aontais a fhorchuirtear ar chúiseanna geopholaitiúla éagsúla nach mbaineann leis an trádáil go mbíonn frithsmachtbhannaí ann a bhuaileann go díréireach réigiúin áirithe a bhfuil naisc sheanbhunaithe trádála acu sna tríú tíortha sin; den tuairim nach mór cothromaíocht cheart a áirithiú idir bearta cúiteacha a dhéanamh agus iomaíocht a chaomhnú agus gur cheart athmheastóireacht a dhéanamh ar na cláir tacaíochta atá ag an Aontas cheana féin chun tacú le réigiúin atá thíos le cogaí trádála;

53.

ag tarraingt aird ar na hachainíocha a rinneadh le déanaí ar bheartas trádála níos teanntásaí ón Aontas chun teicneolaíochtaí, cuideachtaí agus margaí a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála ón taobh amuigh agus tá sé den tuairim go bhfuil beartas trádála níos réamhghníomhaí de dhíth ar an Aontas, beartas a bheadh réidh chun a chuid cuideachtaí a chosaint trí bhearta frithchúitimh iomchuí a choinneodh bord ar bhord leis na forbairtí is déanaí maidir le slabhra luacha agus trí chreat dlíthiúil ceangailteach le haghaidh coinbhleachtaí trádála. Molann CnaR an tacaíocht a thugann an tAontas don iltaobhachas agus na smaointe atá curtha síos aige maidir le hathchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála, chomh maith le seasamh réamhghníomhach an Choimisiúin maidir leis an tsáinn i ndáil le comhlacht achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála, i.e. na socruithe eatramhacha achomhairc le Ceanada agus leis an Iorua;

54.

á thabhairt dá aire, áfach, cé gur féidir a bheith ag súil leis go réasúnta nach féidir le haon tír í féin a leithlisiú ón domhandú gan costais ollmhóra a thabhú, go bhfuil fíor-riosca ann go gclisfidh ar an gcóras iltaobhach trádála agus, dá bhrí sin, go gcaithfidh an tAontas machnamh a dhéanamh ar Phlean B;

55.

ag tacú go láidir leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán um Fhorfheidhmiú a leasú ionas go bhféadfaidh an Coimisiún frithbhearta a spreagadh i gcásanna ina gcuirfeadh comhpháirtí cosc ar an díospóid dul chomh fada sin le go bhféadfaí údarú den sórt sin a dheonú;

56.

ag teacht leis an tuairim gur gá don Aontas iarracht níos ionsaithí a dhéanamh chun an chómhalartacht a áirithiú agus chun dul i ngleic leis an gcaomhnaitheacht maidir leis an rochtain ar mhargaí soláthair i dtríú tíortha;

57.

á chur in iúl gurb oth leis, dá bhrí sin, an easpa dul chun cinn sa chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an togra athbhreithnithe le haghaidh Ionstraim um Sholáthar Idirnáisiúnta (15) a thíolaic an Coimisiún in 2016.

An Bhruiséil, an 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2020/may/tradoc_158764.pdf

(2)  http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2018/november/tradoc_157516.pdf

(3)  http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156487.pdf

(4)  EPRS, CETA implementation: SMEs and regions in focus,[Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimint na hEorpa, Cur chun feidhme CETA (Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála): ag díriú ar FBManna agus ar réigiúin] staidéar a seoladh arna iarraidh sin do CnaR, 18 Samhain 2019, ar fáil ag http://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document.html?reference=EPRS_IDA(2019)644179

(5)  Flash Eurobarometer 421, Idirnáisiúnú Fiontar Beag agus Meánmhéide, Deireadh Fómhair 2015.

(6)  An Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe.

(7)  Eurochambres agus Suirbhé CnaR maidir le “Cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála – dúshláin agus deiseanna do ghnólachtaí agus do réigiúin”, https://cor.europa.eu/en/events/Documents/ECON/Survey_Note_CoR-Eurochambres_Survey_15_November_2019.pdf

(8)  Suirbhé CnaR – EUROCHAMBRES ar chur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála, Lúnasa-Deireadh Fómhair 2019.

(9)  EPRS, Interactions between trade, investment and trends in EU industry: EU regions and international trade, staidéar a seoladh arna iarraidh sin do CnaR, an 27 Deireadh Fómhair 2017, ar fáil ag http://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document.html?reference=EPRS_STU(2017)608695

(10)  Opinion of the European Committee of the Regions— Strengthening territorial resilience: empowering regions and cities to face globalisation (IO C 54, 13.2.2018, lth. 32).

(11)  Go háirithe ós rud é nach leagtar síos le clár coibhéiseach na Stát Aontaithe (Trade Adjustment Assistance (TAA)) íostairseach d’iomarcaíochtaí nach mór a bhaint amach.

(12)  https://ec.europa.eu/commfrontoffice/publicopinion/index.cfm/survey/getsurveydetail/instruments/special/surveyky/2246

https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_19_6294

(13)  Parlaimint na hEorpa, Free trade or geo-economics? Trends in world trade [Saorthrádáil nó geo-eacnamaíocht? Treochtaí i dtrádáil dhomhanda], An Roinn Beartais um Chaidreamh Seachtrach, An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais, Meán Fómhair 2019.

(14)  Seasamh Thoscaireacht na Spáinne chuig Coiste na Réigiún maidir leis an tionchar a bheidh ag díospóidí trádála agus bunú taraifí nua maidir le táirgí talmhaíochta agus agraibhia ar gheilleagair réigiúnacha agus áitiúla san Aontas – https://cor.europa.eu/en/news/Pages/US-tariffs-on-EU-agri-food-products.aspx

(15)  https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2019/march/tradoc_157728.pdf


1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

28


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Seiceáil oiriúnachta ar an gCreat-Treoir Uisce, an Treoir Screamhuisce, an Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil agus an Treoir maidir le Tuilte

Rapóirtéir:

Piotr CAŁBECKI (PL/PPE), Uachtarán Réigiún Kujawsko-Pomorskie

Doiciméid tagartha:

SEC(2019) 438

SWD(2019) 439

SWD(2019) 440

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

A.   Barúlacha réamhráiteacha

1.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cuireadh an tseiceáil oiriúnachta ar an gCreat-Treoir Uisce (CTU) agus ar an Treoir maidir le Tuilte i gcrích go tráthúil i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de CTU ina sonraítear go ndéanfaidh “an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an Treoir sin 19 mbliana, ar a dhéanaí, tar éis di teacht i bhfeidhm agus go molfaidh sé aon leasuithe is gá a dhéanamh uirthi”;

2.

Á chur in iúl gurb é an t-uisce an leas coiteann is tábhachtaí agus gur acmhainn theoranta é is gá a chosaint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, ó thaobh cáilíochta agus cainníochta araon. Sáraíonn cosaint agus bainistiú an uisce teorainneacha réigiúnacha agus náisiúnta, ós rud é go dtéann 60 % d’abhantracha an Aontais thar chríoch aon Bhallstáit amháin;

3.

Á thabhairt le fios go ngineann earnálacha uisce-spleácha an Aontais EUR 3,4 trilliún in aghaidh na bliana, arb ionann é agus 26 % d’oll-bhreisluach bliantúil an Aontais agus go bhfuil thart ar 44 mhilliún duine fostaithe sna hearnálacha sin; san am céanna, á thabhairt dá aire agus é ina ábhar imní dó nach meastar stádas maith éiceolaíoch a bheith ach ag 40 % d’uiscí dromchla na hEorpa agus nach bhfuil stádas maith ceimiceach ach ag 38 % díobh (1);

4.

Á iarraidh, i bhfianaise phaindéim COVID-19, go ndéanfaí steiriliú an fhuíolluisce a fheabhsú, tuilleadh taighde maidir le caomhnú níos fearr a dhéanamh ar an bhfuíolluisce (uisce dubh agus uisce liath) agus leathadh méadaithe na réiteach dúlra-bhunaithe d’fhonn deireadh a chur le haon bhagairt eipidéimeolaíoch ar cháilíocht an uisce;

5.

Á chur i bhfáth gur gné bhunriachtanach é an t-uisce don chomhshaol agus do bheatha daoine. Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna Ballstáit maidir le faireachán a dhéanamh agus maidir le bearta coisctheacha agus feabhais a ghlacadh chun uisce ar ardcháilíocht a bhaint amach agus a ráthú. Is iad na cathracha agus na réigiúin atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh rochtain uilíoch ar uisce agus ar shláintíocht a chur ar fáil mar cheart bunúsach. Tá sé tábhachtach réiteach a fháil ar an easpa saineolais, ar an rómhaorlathas agus ar an easpa cur chuige il-leibhéil, a mbíonn tionchar diúltach ag an méid sin ar an éifeachtúlacht agus lena bhféadfaí úsáid dea-chleachtas ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a dhéanamh dodhéanta;

6.

Á thabhairt le fios a thábhachtaí atá an t-uisce do na saoránaigh Eorpacha a chinn ceann de na chéad Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh (ECI) a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar a n-ábhair imní maidir le beartas uisce an Aontais. Is obair leantach é an tseiceáil oiriúnachta seo ar ghealltanais an Choimisiúin mar fhreagairt ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh “Right2Water” (2) maidir leis an gceart ar uisce agus ar sheirbhísí sláintíochta a chur chun cinn;

B.   Conclúidí na seiceála oiriúnachta

7.

Á thabhairt dá aire conclúid na seiceála oiriúnachta go bhfuil na treoracha oiriúnach dá bhfeidhm ar an iomlán ach go bhféadfaí feabhas a chur orthu. A bhuí leis na treoracha, tá leibhéal cosanta níos airde ann do dhobharlaigh agus do bhainistíocht riosca i gcás tuilte. Tríd is tríd, is i ngeall ar chistiú neamh-leordhóthanach, cur chun feidhme mall agus comhtháthú neamhleor na gcuspóirí comhshaoil i mbeartais earnálacha nár baineadh amach cuspóirí CTU go fóill, seachas aon easnamh a bheith sa reachtaíocht;

8.

Aithnítear sa tseiceáil oiriúnachta ceimiceáin mar réimse ina bhféadfaí feabhas a dhéanamh agus torthaí níos fearr a bhaint amach. Bíodh is go bhfuil roinnt fianaise ann gur tháinig laghdú ar thruailliú ceimiceach in uiscí an Aontais mar gheall ar CTU, an Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil agus an Treoir Screamhuisce, léirítear san anailís trí réimse ina bhfuil an creat reachtach atá ann faoi láthair fo-optamach: eadhon éagsúlachtaí náisiúnta (éagsúlachtaí idir liostaí de thruailleáin áitiúla) agus na teorainnluachanna nár cheart dóibh a shárú; an liosta de na substaintí tosaíochta (ar próiseas fada é sin); agus gur ar bhonn substaintí aonair a dhéantar meastóireacht sa Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil agus sa Treoir Screamhuisce ar an riosca atá ann do dhaoine agus don chomhshaol, gan aird á tabhairt ar éifeachtaí comhcheangailte na meascán, agus nach gcumhdaítear leis na treoracha sin ach cion beag bídeach de na substaintí atá sa chomhshaol;

9.

Á thabhairt le fios go bhfuil cáilíocht na n-acmhainní uisce óil fós i mbaol; aiféalach, dá bhrí sin, nach ndíríonn an tseiceáil oiriúnachta ar fheidhmiú agus ar chur chun feidhme Airteagal 7 de CTU maidir le meath ar cháilíocht na ndobharlach a sheachaint, ar dobharlaigh iad a úsáidtear chun uisce óil a astarraingt, agus maidir leis an laghdú ar an leibhéal íonaithe is gá chun uisce óil a tháirgeadh; ba cheart oibreoirí uisce óil a bheith in ann brath ar acmhainní uisce ar ardcháilíocht chun laghdú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le cóireálacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a áirithiú, maille le comhtháthú beartais i bhfianaise na Treorach athmhúnlaithe maidir le hUisce Óil, lena n-áirítear forálacha na Treorach maidir le rochtain ar uisce (3);

10.

Á chur in iúl gur cúis díomá é nach ndéantar anailís níos doimhne sa tseiceáil oiriúnachta ar thionchar rialú Weser (4) ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa. De bharr chur i bhfeidhm na gclásal meathlaithe agus feabhais a leagtar síos in Airteagal 4(1) agus chur i bhfeidhm na gclásal díolúine a leagtar síos in Airteagal 4(4-7) de CTU, tá éiginnteachtaí dlíthiúla ann d’oibreoirí agus d’údaráis araon. Go háirithe, is gá anailís bhreise a dhéanamh ar an tionchar ar ghníomhaíochtaí a chosnaíonn an comhshaol (amhail gléasraí cóireála fuíolluisce) nó a chuireann leis an oiriúnú don athrú aeráide agus le bainistiú fuinnimh agus acmhainní;

11.

Á chur i bhfios, ó tharla go bhfuil breis is leath de dhobharlaigh na hEorpa faoi réir díolúintí faoi láthair, go bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint le torthaí rathúla a bhaint amach faoi 2027, gan ach an ceann caol a lua, agus nach dócha go mbainfí amach na torthaí sin faoi spriocdháta 2027; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, nach mór dlús suntasach a chur le hiarrachtaí, le hacmhainní, agus le cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos fearr CTU, agus tá CnaR teann air nach mór do chomhlachtaí leanúint den uisce a chosaint faoin gCreat-Treoir Uisce, fiú tar éis 2027;

12.

Á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an meastóireacht trí thaithí a chur san áireamh ó na Ballstáit a bhfuil an Creat-Treoir Uisce á cur i bhfeidhm acu i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i rialú Weser. Is cúis imní é nach bhfuil an treoir á cur chun feidhme go leordhóthanach ag roinnt tíortha ach ní fhágann sin gur cheart neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna dlíthiúla atá tagtha chun cinn sna tíortha ina bhfuil an treoir á cur chun feidhme mar is ceart;

C.   Comhtháthú beartas: CTU agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais

13.

Á thathant nach ndéanfaí an méid céanna smaointeoireachta neamh-chomhtháite maidir le huisce agus go mbeadh tuilleadh comhleanúnachais agus comhordaithe ann i ngach cuid de reachtaíocht an Aontais lena mbaineann, go háirithe i ndáil le hábhair imní faoin athrú aeráide, faoin ngeilleagar ciorclach agus faoi thruailleáin atá ag teacht chun cinn. Ba cheart bainistiú uisce aeráid-athléimneach a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais agus aidhm shoiléir agus uaillmhianach a leagan amach in CTU maidir leis an maolú ar an athrú aeráide agus an t-oiriúnú don athrú aeráide;

14.

Á chur i bhfáth na hidirnaisc atá ann idir CTU agus an Treoir maidir le Tuilte agus beartais eile ina bhfuil ról ríthábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, amhail pleanáil talún, an talmhaíocht, táirgeadh fuinnimh, go háirithe an hidreachumhacht (agus soláthar fuinnimh), úsáid theirmeach uisce le haghaidh téimh agus fuarú, iompar d'uisce, sláinte an duine, an turasóireacht, cur chun feidhme na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh agus an Treoir maidir le Níotráití, etc.;

15.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, an mheastóireacht a rinneadh i gcomhthráth ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh, ar colún lárnach é sin den tseirbhís fuíolluisce san Eoraip, a raibh torthaí comhchosúla uirthi agus a bhí ar an tseiceáil oiriúnachta: is iad sin an gá le cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na n-ionstraimí dlí atá ann cheana, rud a spreagfadh tairbhí suntasacha don tsochaí agus don chomhshaol. Tá CnaR aiféalach, mar sin féin, nach ndearnadh anailís sa mheastóireacht ar éifeachtacht na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh i ndáil le sceití fuíolluisce thionsclaíoch i gcórais bhailithe agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh; aiféalach, ar an gcaoi chéanna, nach ndearnadh aon anailís dhlíthiúil ar an tionchar atá ag na neamhréireachtaí idir Airteagal 4 den Chreat-Treoir Uisce agus Airteagail 10, 7 agus 2(9) den Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh ar na gléasraí cóireála fuíolluisce is éifeachtúla san Eoraip;

16.

Á léiriú, ina cheann sin, na neamhréireachtaí idir cineálacha cur chuige na mBallstát maidir le fosfar agus eotrófú agus tá CnaR á mholadh comhleanúnachas níos fearr a bheith ann idir an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh agus CTU;

17.

Den tuairim go bhfuil sé bunriachtanach go dtabharfadh an Coimisiún Eorpach faoi thuilleadh forfheidhmithe a dhéanamh ar na hoibleagáidí maidir leis na príomhbhrúnna atá ar an gcomhshaol uisceach, amhail na brúnna sin a eascraíonn as an Treoir maidir le Níotráití agus an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar rianshubstaintí díobhálacha atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear micreaphlaistigh agus táirgí cógaisíochta, toisc nach féidir leis an teicneolaíocht reatha a úsáidtear i ngléasraí cóireála fuíolluisce na micreathruailleáin go léir a bhaint;

18.

Á chur i bhfios go láidir go bhfuil an diantalmhaíocht ar cheann de na príomhbhrúnna ar uisce dromchla agus ar screamhuisce, lena n-áirítear astarraingt agus truailliú de dheasca lotnaidicídí, leasachán agus iarmhar cógaisíochta ó antaibheathaigh beostoic. Sa chéad Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) eile, ní mór aird iomlán a thabhairt ar an tionchar atá ag gníomhaíocht talmhaíochta ar an uisce agus aistriú i dtreo cleachtais atá níos neamhdhíobhálaí don uisce a chothú. I measc na réiteach a d’fhéadfaí a chur ar fáil, tá tograí chun an choinníollacht chomhshaoil maidir le rochtain ar íocaíochtaí a leathnú chuig forálacha uile CTU, tograí chun feirmeoireacht níos éiceolaíche a chur chun cinn trí “eiciscéimeanna”, maille le tograí chun idirphlé agus malartú dea-chleachtas a spreagadh ina mbeadh oibreoirí uisce, ENRanna ábhartha agus feirmeoirí páirteach;

19.

Á mheabhrú gur príomhchinntitheach é an t-uisce maidir le bithsféar dea-fheidhmiúil, le bith-tháirgiúlacht agus le hacmhainn ionsúcháin agus go bhfuil tionchar aige ar ghníomhaíochtaí earnálacha éagsúla eacnamaíocha, go háirithe an talmhaíocht, an fuinneamh agus an tionsclaíocht agus go bhfuil tionchar ag na gníomhaíochtaí sin ar an uisce freisin. Is deis iontach iad na pléití atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ar siúl amach anseo sa timthriall reachtach reatha chun a áirithiú go n-áireofar an t-uisce agus cuspóirí uileghabhálacha CTU sna beartais lena gcuimsítear earnálacha eile; á chur i bhfios go láidir go leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip cuspóirí uaillmhianacha chun laghdú a dhéanamh ar úsáid acmhainní, an truailliú agus an tocsaineacht; dá bharr sin, ba cheart cuspóirí CTU a ionchorprú go soiléir i straitéisí, amhail “an plean gníomhaíochta nua don gheilleagar ciorclach”, “an plean gníomhaíochta maidir leis an Truailliú Nialasach”, an straitéis nua “Bithéagsúlachta” agus an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, ar mhaithe le comhtháthú iomlán beartais;

20.

Ag leagan béim ar an acmhainneacht a bhaineann le huisce athshlánaithe a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta chun an ganntanas uisce a laghdú, tacú leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, gur ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an Rialachán maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce agus tá CnaR ag athdhearbhú a sheasaimh maidir le hathúsáid uisce mar a tugadh le fios sa tuairim a bhaineann leis an ábhar seo (5);

21.

Á iarraidh ar an gCoimisiún córas faireacháin lánoibríochtúil a bhunú chun sonraí tomhaiste atá cothrom le dáta maidir le hiarmhar lotnaidicíde sa chomhshaol (go háirithe in ithir agus in uisce) a bhailiú ar bhonn rialta, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar thaithí rathúil chóras LUCAS (Suirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún) um fhaireachán ithreach;

22.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó cinneadh an Choimisiúin dar dáta an 13 Eanáir 2020 toirmeasc a chur ar thiaclóiprid, ar lotnaidicíd neoinicitíonóideach-bhunaithe í atá ina hábhar imní comhshaoil, go háirithe maidir leis an tionchar atá aici ar screamhuisce, agus a mheasann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a bheith contúirteach do shláinte an duine; á iarraidh freisin toirmeasc a chur ar ghliofosáit agus CBT a bheith ann a thacaíonn le deireadh a chur le húsáid lotnaidicídí;

D.   Na chéad chéimeanna eile chun stádas maith a bhaint amach i ndobharlaigh an Aontais

23.

Á chur i bhfios go láidir gur garsprioc é CTU i bhfeabhsú na n-acmhainní uisce san Eoraip agus gur pointe tagartha é do na hilchríocha eile. Mar sin féin, agus na dúshláin atá ag teacht chun cinn (e.g. an t-athrú aeráide, micreaphlaistigh, táirgí cógaisíochta, antaibheathaigh, etc.) agus na réitigh nua (teicneolaíochtaí agus modheolaíochtaí nua) atá ann le scór bliain anuas á gcur san áireamh agus i bhfianaise na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ní mór CTU a thabhairt cothrom le dáta go práinneach;

24.

Á iarraidh, i ndáil leis an méid sin, go ndéanfaí athrú ó bhonn d’fhonn breathnú ar an mbithsféar ar bhealach éabhlóideach (feasacht daoine a mhúscailt le go dtuigfidís go bhfuil an bithsféar ag athrú riamh anall) agus ar bhealach níos éiceachórasaí (lena n-áirítear inbhuanaitheacht na ndobharcheantar agus an dícharbónú), agus d’fhonn tuiscint níos fearr ar phróisis éiceolaíocha a chur chun cinn, lena n-áirítear timthrialla an uisce, carbóin, nítrigine agus fosfair;

25.

Á thabhairt le fios, i gcomhthéacs an athraithe nua sin, gur cheart gach dobharcheantar a mheas mar “shárorgánach Platónach” uathúil ina bhfuil tionchar ag teaglaim den gheomoirfeolaíocht, den aeráid agus d’éiceachórais (paistí antrapacha agus nádúrtha) agus cineálacha éagsúla de ghníomhaíocht an duine ar an timthriall uisce agus ar an stádas éiceolaíoch. Ba cheart an méid sin a mheas ní hamháin ó thaobh na slándála agus na n-acmhainní de, ach go príomha mar bhealach chun todhchaí inbhuanaithe, an tsláinte agus dea-cháilíocht an tsaoil do chách a chosaint;

26.

Á iarraidh go gcuirfeadh conclúidí na seiceála oiriúnachta dlús le hathrú comhtháiteach agus trasdisciplíneach agus réitigh nuálacha lena mbaineann a fhorbairt chun truailliú nialasach a bhaint amach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach faoin gComhaontú Glas don Eoraip; den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach an bhithéagsúlacht in aibhneacha, lochanna, bogaigh agus inbhir a chaomhnú agus a athbhunú, mar aon le haon damáiste de dheasca tuilte a chosc agus a íoslaghdú;

27.

Á iarraidh go bhforbrófaí gné nua iomlánaíoch de CTU inar cheart an cosc ar thuilte a chomhtháthú le bainistiú chun triomaigh a chosc agus bearta chun acmhainneacht na ndobharcheantar maidir leis an inbhuanaitheacht a fheabhsú (ó thaobh na héicihidreolaíochta de dírithe ar chúig eilimint: an t-uisce, an bhithéagsúlacht, an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, seirbhísí éiceachórais don tsochaí agus tionchair eile, an cultúr agus an t-oideachas go sonrach);

28.

Á chur i bhfáth gur gá dea-chleachtas bainistíochta agus teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an truailliú ó rianshubstaintí a laghdú, lena n-áirítear lotnaidicídí, antaibheathaigh, micreaphlaistigh agus substaintí contúirteacha eile; á chur i bhfios go láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar an truailliú ag an bhfoinse trí bhíthin cur chuige cuimsitheach bunaithe ar phróisis eolasacha agus rannpháirteacha a bhfuil na saoránaigh páirteach iontu agus ina bhfuil ról ag gach gníomhaí agus ina dtugtar tosaíocht do na réitigh is cothroime agus is costéifeachtaí. Ní mór réitigh a oiriúnú do dhálaí áitiúla agus aghaidh á tabhairt ar na hiarmhairtí a bheadh ann i gcás nach gcuirfear na réitigh chun feidhme agus freagairt do riachtanais léir-shainaitheanta agus do cheisteanna fadtéarmacha seachas a bheith ag brath ar “réitigh bhoga teicneolaíochta”, mar atá tugtha chun solais le seiceáil oiriúnachta an Choimisiúin Eorpaigh;

29.

Á iarraidh go ndéanfar tuilleadh taighde agus nuálaíochta maidir le héagsúlú na bhfoinsí uisce d’fhonn slándáil uisce a áirithiú, go háirithe do na cathracha Eorpacha a bhfuil tóir ag líon méadaitheach saoránach orthu agus do na réigiúin is mó atá buailte ag tréimhse fada tromaigh;

30.

Á mholadh go gcuirfí uirlisí nuálacha chun feidhme go práinneach chun stádas maith éiceolaíoch a bhaint amach i ndobharcheantair Eorpacha, amhail réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe (féach an Tuarascáil ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir le Forbairt Uisce an Domhain, Nature-Based Solutions for Water [Réitigh Éicihidreolaíocha Dhúlra-Bhunaithe]); á thabhairt le fios go ndéantar an bonneagar hidriteicniúil a thabhairt cothrom le dáta a bhuí le réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe, go háirithe i dtírdhreacha talmhaíochta agus uirbeacha maidir leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú aeráide agus feabhsaítear acmhainneacht ilghnéitheach inbhuanaitheacht na ndobharcheantar a bhaineann leis na cúig eilimint den éicihidreolaíocht (mar atá an t-uisce, an bhithéagsúlacht, seirbhísí éiceachórais don tsochaí, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, an cultúr agus an t-oideachas) (6). Cuireann siad cur chuige iomlánaíoch chun cinn trí eolaíocht agus oideachas trasdisciplíneach maidir leis an inbhuanaitheacht a spreagadh;

31.

Ag tarraingt aird ar ionaid chóireála camrais bheaga agus mheánmhéide a bhfuil fadhb bhuan acu ó thaobh a n-éifeachtúlachta a bheith ag laghdú ar bhonn rialta agus tá CnaR á mholadh na réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe a úsáid i gcórais um bhithscagachán dríodrúcháin sheicheamhaigh chun pointí truailleán ag sceití a laghdú d’fhonn stádas maith éiceolaíoch a bhaint amach d’éiceachórais fionnuisce;

32.

Á chur i bhfáth, de réir na Tuarascála Measúnachta a rinneadh le déanaí ar Uisce an Domhain, nach n-úsáideann ach 5 % d’infheistíochtaí a bhaineann le bainistiú uisce réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe agus gur cheart an céatadán sin a bheith níos airde. Is ionann truailliú ó fhoinsí idirleata agus uisce stoirme uirbeach agus beagnach 50 % den truailliú foriomlán sa dobharcheantar (truailliú ó fhoinsí idirleata ó uisce talmhaíochta, tírdhreacha agus uisce stoirme uirbeach agus uisce dromchla ó bhonneagar iompair agus ón ualach fosfair agus nítrigine ó thruailliú ó fhoinsí idirleata, e.g. i Muir Bhailt). Is é an bealach is éifeachtúla chun iad a mhaolú ná trí na réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe. Fágann sé sin gur gá réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe a chur i bhfeidhm 10 n-uaire níos mó ná mar a chuirtear i bhfeidhm iad faoi láthair chun tionchar an truaillithe a mhaolú, go príomha trí réitigh dhúlra-bhunaithe a chuirtear chun feidhme faoi chuimsiú na bprionsabal éicihidreolaíoch;

33.

Á chur i bhfáth, i bhfianaise thionchar méadaitheach an athraithe aeráide, gur cheart an Treoir maidir le Tuilte a chomhtháthú le CTU chun feabhas a chur ar athlíonadh screamhuisce, ar acmhainn coinneála na ngleannta abhann trí choinneáil sna tuilemhánna agus sna poldair agus trí na leibhéil uisce sna lochanna agus sna bogaigh máguaird a chúiteamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach acmhainn coinneála na ndobharcheantar a fheabhsú ós rud é go méadaíonn uisce carnadh an charbóin agus imshruthú na gcothaitheach trí ghníomhaíocht bhitheolaíoch a spreagadh, rud a chuireann cosc ar chothaithigh sceitheadh isteach san uisce agus san atmaisféar agus lena seachnaítear eotrófú agus blás algach tocsaineach;

34.

Á chur i bhfios go láidir gur cheart CBT, an Treoir maidir le Níotráití agus an Rialachán maidir le Táirgí Cosanta Plandaí a chomhchuibhiú le CTU, agus é mar aidhm leis sin truailliú ó fhoinsí idirleata (nítrigin agus fosfar) a laghdú, a bhfuil 20-50 % d’ualach na gcothaitheach i lochanna, i dtaiscumair agus i limistéir chósta á ghiniúint aige le tamall anuas. I réigiúin ina bhfuil feirmeoireacht bheostoic thionsclaithe dírithe, is cosúil gur deacair an cuspóir sin a bhaint amach mura dtugtar gealltanas – i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, na Straitéise Bithéagsúlachta agus na Straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” – in CBT agus i mbeartas náisiúnta laghdú suntasach a dhéanamh ar an gcineál feirmeoireachta sin. D’fhéadfaí cur leis sin freisin trí limistéir éiceatóin talún-uisce a bhunú atá an-éifeachtach, ina mbeidh bacainní dínítriginiúcháin agus geoiceimiceacha. Tá CnaR ag leagan béim air go laghdaítear cailliúint uisce ón ithir de dheasca gaotha láidre trí chastacht an tírdhreacha talmhaíochta a mhéadú (éiceatóin talún-uisce, línte crainn agus criosanna foscaidh) ach go ndéanann an méid sin cailliúint ábhair orgánaigh agus carbóin ón ithir a chosc freisin. Ar an ábhar sin, ba cheart modhanna den chineál sin (éiceatóin talún-uisce, línte crainn agus criosanna foscaidh) a ionchorprú sa straitéis bhithgheilleagair, mar aon le bearta eile chun acmhainn coinneála uisce sa tírdhreach a mhéadú. D’fhéadfadh sé sin cur go mór le gabháil agus stóráil carbóin, rud atá ar cheann de thosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais;

35.

Á chur i bhfáth, toisc go bhféadfadh uisce stoirme i gceantair uirbeacha 10-20 % d’ualach na dtruailleán cothaitheach a ghiniúint sa dobharcheantar, gur féidir an tionchar sin a mhaolú go héifeachtach – go háirithe i gceantair nuathógtha – trí leas a bhaint as ard-réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe ar chostas íseal, amhail córais um bhithscagachán dríodrúcháin sheicheamhaigh agus córais hibrideacha lena gcomhtháthaítear bonneagar traidisiúnta hidritheicniúil leis na réitigh éicihidreolaíocha dhúlra-bhunaithe. Ba cheart é sin a chomhordú le bearta chun an timpeallacht thógtha a oiriúnú d’aeráid atá ag athrú. Más infheidhme, ba cheart na réitigh sin a chur chun feidhme freisin i ndáil le stoc foirgneamh atá ann cheana;

36.

Á thabhairt dá aire gur mhol CnaR sa tuairim uaidh maidir leis an athchóiriú ar CBT cúig chuspóir comhshaoil inchainníochtúla (do 2027) a áireamh sa chéad leagan eile de CBT, lena n-áirítear ráthaíocht go gcomhlíonfaidh 100 % d’uisce dromchla agus screamhuisce an Treoir maidir le Níotráití gan aon díolúintí;

37.

Á thabhairt le fios go bhfuil an creat ama le haghaidh chur chun feidhme na mbeart a áirítear sna pleananna bainistithe abhantrach ábhartha róghearr, de bhrí go bhféadfaidh tréimhse ama níos faide ná 6 bliana a bheith ag teastáil don fhreagairt chomhshaoil; á mholadh, dá bhrí sin, go gcuirfí síneadh dhá thréimhse ar a laghad le tréimhsí pleanála suas go dtí 2039 agus tá CnaR á mholadh do na húdarás áitiúla agus réigiúnacha tionscadail nuálacha fhadtéarmacha a cheapadh (7);

38.

Den tuairim gur minic nach gcuirtear réitigh ar fáil i roinnt pleananna de chuid na mBallstát agus i roinnt pleananna náisiúnta maidir le himchuacha i ndáil le lonnaíochtaí ina bhfuil riosca íseal tuilte agus gur féidir aon chineál tógála a dhéanamh, lena n-áirítear athchóirithe a thugann tús áite do chosaint ar thuilte. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún agus dá ghníomhaireachtaí tacaíocht níos mó a thabhairt do na Ballstáit ionas gur féidir leo teacht ar réitigh fhéideartha;

39.

Á chur i bhfáth gur gá comhleanúnachas níos fearr a bheith ann idir CTU, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí atá i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil an Aontais agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) d’fhonn dlús a chur le hiarrachtaí faireacháin agus na bearta is fearr a shainaithint ina dhiaidh sin. Ní mór deireadh a chur le ceimiceáin ghuaiseacha ag an bhfoinse agus ní mór do mhonaróirí níos mó freagrachta a ghlacadh i ndáil le substaintí ceimiceacha a chuirtear ar an margadh;

40.

Á iarraidh go bhfiosrófaí úsáid na ndobharlach i gcur chun feidhme an Comhaontaithe Ghlais, go háirithe acmhainneacht feirmeacha algacha chun bheith mar acmhainn nadúrtha maidir le gabháil carbóin agus mar fhoinse fuinnimh atá neodrach ó thaobh carbóin de agus mar fhoinse beatha beostoic;

41.

Den tuairim gur cheart cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe a bheith ina ngné lárnach de CTU athbhreithnithe;

42.

Á iarraidh ar an gCoimisiún CTU a nascadh ar bhealach níos fearr le saintréithe críochacha áitiúla agus réigiúnacha. I bhfianaise leochaileacht choibhneasta na gcríoch áitiúil agus réigiúnach atá sléibhtiúil agus cnocach de dheasca dálaí aeráide agus – go háirithe i gcás dhobharlaigh abhainn na nAipiníní – an nádúr sealadach atá iontu atá ag méadú, leis an tagairt a dhéantar do na dálaí a shainaithnítear don chineál seo dobharlaigh (agus na modheolaíochtaí faireacháin atá leagtha síos, is dócha) ní léirítear na cuspóirí go leordhóthanach. Is é an toradh atá air sin ná go bhfuil aicmiú ann a dhéanann gannmheastachán ar a gcáilíocht fiú in éagmais brú antrapach, ar criticiúlacht é sin a dhéantar níos measa de bharr an athraithe aeráide;

43.

Á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an acmhainneacht cur chun feidhme i gcathracha agus i réigiúin ar fud an Aontais trí na hardáin atá ann cheana maidir le comhroinnt dea-chleachtas agus fios gnó a leathnú, maille le huirlisí airgeadais a chur ar fáil chun tacú le modhanna nuálacha agus réitigh chórasacha a aistriú idir réigiúin;

44.

Den tuairim, i bhfianaise ghnéithe cultúrtha, stairiúla agus sóisialta na ndobharlach, gur cheart leas a bhaint as CTU agus a raon feidhme cuimsitheach chun comhar trasdisciplíneach agus trédhearcacht a chur chun cinn agus chun na saoránaigh a chumhachtú mar “pháirtithe leasmhara” ionas gur féidir a gcuid tuairimí a chur in iúl sa phróiseas cinnteoireachta, lena n-áirítear maidir le gnéithe eacnamaíocha a chumhdaíonn na seirbhísí comhshaoil uile, seachas iad sin a bhaineann le soláthar agus cóireáil uisce amháin;

45.

Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir le dea-rialachas, á iarraidh go bhforbrófar modheolaíocht le haghaidh idirphlé rialta idir na geallsealbhóirí, na cinnteoirí, eagraíochtaí na sochaí agus na heolaithe ábhartha uile (“eolaíocht saoránach”) chun feabhas a chur ar a rannpháirtíocht i bhforbairt agus i gcur chun feidhme réiteach nuálach;

46.

Á mholadh do na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil fóntais uisce faoi úinéireacht phoiblí acu páirt a ghlacadh sa tionscnamh “Erasmus Water”, lena gceadaítear d’fhoireann theicniúil cuairt a thabhairt ar a gcontrapháirtithe i mBallstáit eile chun gur féidir leo foghlaim óna gcleachtais bainistithe uisce. Ba cheart cur le malartuithe den chineál sin, maille le tionscnaimh eile, amhail ceardlanna teicniúla, de bhrí gur deis is ea iad chun feasacht a ardú, idirphlé a chothú, foghlaim faoi réitigh agus acmhainneacht a fhorbairt;

47.

Á iarraidh ar an gCoimisiún na hionstraimí uile a chur chun feidhme chun aon chur amú uisce a sheachaint agus chun cothabháil cheart saoráidí um shreabhadh uisce a áirithiú;

48.

Á iarraidh ar an gCoimisiún a mheabhrú do na hinstitiúidí náisiúnta agus áitiúla uile gur earra poiblí bunriachtanach é an t-uisce agus, i bhfianaise an méid sin, gur cheart beartais praghsála uisce a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr i gcomhréir leis an bprionsabal um ghnóthú costas atá cumhdaithe in Airteagal 9 de CTU agus tagairt a dhéanamh do theaghlaigh, don talmhaíocht agus don tionscal mar “úsáideoirí uisce” agus a mholadh bearta praghsála a úsáid, amhail taraifí samhraidh nó taraifí do bhloic tomhaltasbhunaithe chun caomhnú na hacmhainne a chur chun cinn. Thairis sin, ba cheart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm go hiomlán trí bhíthin ionstraimí airgeadais inbhuanaithe, amhail an ionstraim um fhreagrachta leathnaithe táirgeora;

49.

Á chur i bhfáth go bhfágann acmhainní laghdaithe domhanda uisce go bhfuil éagothromaíochtaí ann ar an leibhéal domhanda, rud a d’fhéadfadh coinbhleacht réigiúnach agus dhomhanda a chruthú. Chun é sin a chosc, tá sé an-tábhachtach paraidímí nua, modheolaíochtaí nua agus réitigh chórasacha nua a chomhroinnt ar fud an domhain, go háirithe i limistéir ina bhfuil acmhainní uisce teoranta, amhail an Afraic agus an Meánoirthear. Tá CnaR á mholadh don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an gcomhar a d’fhéadfadh a bheith ann le Clár Hidreolaíoch Idir-Rialtasach de chuid UNESCO, d’fhonn ról ceannasach na hEorpa a fheabhsú i dtaca le hinbhuanaitheacht uisce an domhain a bhaint amach;

50.

Á iarraidh go ndéanfaí cosaint foinsí uisce a fhorfheidhmiú sna tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas agus sna tíortha aontacha.

An Bhruiséil, 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Tuarascáil EEA Uimh. 7/2018, lch. 6.

(2)  https://europa.eu/citizens-initiative/water-and-sanitation-are-human-right-water-public-good-not-commodity_ga

(3)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (athmhúnlú), (COM/2017/0753 final – 2017/0332 (COD)).

(4)  Preaseisiúint ó CBAE https://curia.europa.eu/jcms/upload/docs/application/pdf/2015-07/cp150074en.pdf

Téacs iomlán an rialaithe ó CBAE http://curia.europa.eu/juris/document/document.jsf?docid=165446&text=&dir=&doclang=EN&part=1&occ=first&mode=DOC&pageIndex=0&cid=2408179

(5)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce” (IO C 86, 7.3.2019, lch. 353).

(6)  Ecohydrology as an integrative science from molecular to basin scale: historical evolution, advancements and implementation activities.

Prof. M. Zalewski Ecohydrology and Hydrologic Engineering: Regulation of Hydrology-Biota Interactions for Sustainability.

(7)  Sampla amháin is ea athbhunú na mbradán, a chuaigh i léig de réir a chéile in abhainn na Réine sna caogaidí. Thosaigh Coimisiún na Réine ar bhearta praiticiúla a chur chun feidhme in 1991 ach ní raibh torthaí rathúla na mbeart sin le feiceáil go ceann 20 bliain ina dhiaidh sin.

(8)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(9)  Regulation (EC) No 1907/2006 of the European Parliament and of the Council of 18 December 2006 concerning the Registration, Evaluation, Authorisation and Restriction of Chemicals (REACH), establishing a European Chemicals Agency, amending Directive 1999/45/EC and repealing Council Regulation (EEC) No 793/93 and Commission Regulation (EC) No 1488/94 as well as Council Directive 76/769/EEC and Commission Directives 91/155/EEC, 93/67/EEC, 93/105/EC and 2000/21/EC (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


Tuairim Ionchais ó Choiste Eorpach na Réigiún – Todhchaí Bheartas AE d’Aer Glan faoi chuimsiú na hUaillmhéine maidir le Truailliú Nialasach

Rapóirtéir:

János Ádám KARÁCSONY (HU/PPE), Comhalta Chomhairle Tahitótfalul

Doiciméad tagartha:

Tuairim ionchais

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Barúlacha tosaigh

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Comhaontú Glas don Eoraip (1) atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach nua, an uaillmhian maidir le truailliú nialasach le haghaidh comhshaol saor ó thocsainí – ceann de thrí thosaíocht a luaigh an Coimisinéir nua um an gComhshaol – agus, thar gach rud eile, an plean gníomhaíochta um thruailliú nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach atá le glacadh in 2021;

2.

á thabhairt dá aire an tacaíocht mhéadaithe ón bpobal san Aontas do ghníomhaíocht uaillmhianach chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, mar a tuairiscíodh i suirbhé speisialta Eorabharaiméadair in 2019 ar dhearcthaí i leith cháilíocht an aeir. Is í an imní atá ag dul i méid maidir le truailliú aeir i gcomhthéacs dhianslógadh na hóige ar son an chomhshaoil an túsphointe do ghníomhaíocht uaillmhianach sa réimse seo;

3.

á thabhairt dá aire gurb é an truailliú aeir fós an baol is mó don tsláinte ón gcomhshaol san Aontas, agus gurb é is cúis le beagnach 500 000 bás anabaí gach bliain. Tá nasc idir an truailliú aeir agus galair riospráide, galair chardashoithíocha, strócanna agus ailse. Bíonn éifeachtaí díobhálacha suntasacha aige freisin ar an aeráid, ar éiceachórais, ar an timpeallacht thógtha – lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha – agus ar an ngeilleagar;

4.

ag léiriú a thábhachtaí atá sé na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a áireamh i mbeartais a bheidh ann amach anseo. Ar thaobh amháin, tá nasc féideartha idir an truailliú aeir agus a thromchúisí atá iarmhairtí an ionfhabhtaithe le víreas COVID-19 (2). Ní mór, dá bhrí sin, an comhrac in aghaidh truailliú aeir a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí phlean téarnaimh an Aontais. Ar an taobh eile, d’fhág laghdú suntasach ar thrácht, ar tháirgeadh tionsclaíoch agus ar ghníomhaíochtaí eile le linn cuirfiúnna, gur lú i bhfad an truailliú aeir agus torainn a bhí ann. D’fhág sin gur shoiléire don phobal go bhfuil timpeallacht níos folláine, laghdú ar an trácht, spásanna poiblí níos oscailte agus réitigh nádúrbhunaithe bunriachtanach dá bhfolláine. Tá tacaíocht láidir ann don deis stairiúil seo saol níos fearr a fhorbairt;

5.

á thabhairt dá aire gur lean cáilíocht an aeir san Eoraip d’fheabhsú de réir a chéile le blianta beaga anuas, ach go bhfuil a lán Ballstát nach bhfuil na caighdeáin reatha á gcomhlíonadh acu agus go bhfuil níos mó ná a leath díobh faoi láthair faoi réir nósanna imeachta um shárú. Tugann CnaR dá aire freisin nár thit leibhéil an ábhair cháithnínigh mhín (PM2,5), atá ar cheann de na cineálacha truaillithe aeir is guaisí do chóras riospráide an duine, go suntasach san Eoraip;

6.

á chur in iúl gur mór aige an obair atá á déanamh ag na Ballstáit, na hinstitiúidí Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta chun an truailliú aeir a mheasúnú agus chun dul i ngleic leis (3);

7.

ag iarraidh an athuair cur chuige comhtháite, beartas Eorpach uaillmhianach atá bunaithe ar fhoinsí, agus naisc idir beartais astaíochtaí agus beartais iontaíochtaí i dtéarmaí uaillmhianta agus tráthchlár araon (4); á iarraidh go gcuirfí san áireamh na conclúidí ó chomhairliúchán CnaR lena Mhoil Réigiúnacha (5) inar breathnaíodh ar chur chun feidhme na dTreoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus na dTreoracha um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta chomh maith leis na moltaí a tugadh sa tuairim ó CnaR – Towards an 8th Environment Action Programme (EAP) [I dTreo an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC)] (6);

8.

á mheabhrú an fhreagracht ar leith atá ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa réimse seo do na glúine atá le teacht, agus do shaoránaigh an lae inniu, go háirithe grúpaí atá níos leochailí, agus, tá CnaR suite de, dá bhrí sin, bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn ghéarchéim COVID-19, gur féidir athrú a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá na moltaí seo a leanas déanta aige;

Tionscnaimh nua a d’fhéadfadh a bheith ann

Bearta reachtacha

9.

á thabhairt dá aire go raibh an tSeiceáil Oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh éifeachtach go pointe áirithe chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, ach go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí fós. Molann CnaR gur cheart a chur san áireamh, le linn an athbhreithnithe sin, go bhféadfaí cáithníní sármhíne agus carbón dubh a bhfuil éifeachtaí díobhálacha ardaithe ar an tsláinte acu araon a áireamh bunaithe ar mholtaí ó EDS. Chomh maith leis sin, fad is a bhaineann le héifeachtaí ar an tsláinte, ba cheart an fócas a athrú ó mheasúnú a dhéanamh ar cháilíocht an aeir go nochtadh daoine do thruailliú an aeir a thomhas; á chur in iúl go bhfuil sé ag tnúth leis na tograí reachtacha ábhartha a bheidh ann in am trátha agus cuirfidh CnaR leis na nósanna imeachta sin más iomchuí agus nuair is iomchuí trí mholtaí a thabhairt bunaithe ar an dearcadh áitiúil agus réigiúnach;

10.

ag aontú gur bunús maith iad na rialacha reatha maidir le faireachán chun sonraí inchomparáide iontaofa a fháil chun cáilíocht an aeir a thomhas. Ba cheart tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh, áfach, ar na córais faireacháin arna n-ainmniú ag Ballstáit aonair. Molann CnaR go mbeadh baint níos dlúithe ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha le suíomhanna a ainmniú do láithreáin shonracha tomhais;

11.

á thabhairt dá aire, mar a thuairiscigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, gur socraíodh caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir beagnach 20obliain ó shin agus go bhfuil cuid acu sin i bhfad níos laige ná treoirlínte EDS agus an leibhéal a moladh san fhianaise eolaíoch is déanaí maidir leis an tionchar ar shláinte an duine;

12.

ag tacú leis an bhfógra ón gCoimisiún Eorpach go ndéanfaí na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le treoirlínte EDS, treoirlínte atá á n-athbhreithniú faoi láthair, ach is mian leis an gCoiste aird a tharraingt ar na nithe seo a leanas: Agus líon ard na mBallstát nach gcomhlíonann na caighdeáin atá ann faoi láthair á gcur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh cúnaimh le haghaidh cur chun feidhme i gcás inar gá agus inarb iomchuí agus maidir le tráthchláir chomhlíontachta a ndéanfaí dianfhaireachán orthu. Tá CnaR den tuairim gur cur chuige thar a bheith éifeachtach iad rialacha maidir le hastaíochtaí, agus molann sé dá bharr go dtabharfaí níos mó aird ar na rialacha sin a dhéanamh níos déine. Is díol sásaimh dó, ag an am céanna, gur féidir le roinnt Ballstát, réigiún nó cathracha teorainnluachanna níos déine a chur i bhfeidhm ar a dtionscnamh féin agus go ndéanann siad amhlaidh, cheana féin, más mian leo;

13.

ag leagan béim ar an ngá atá ann díriú níos mó ar rialáil astaíochtaí mar bhealach níos fearr chun aer glan a bhaint amach trí astaíochtaí a laghdú ag an bhfoinse (cosc ar thruailliú). Leagtar amach gealltanais uaillmhianacha maidir le laghdú astaíochtaí do na Ballstáit sa Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta, ach tá gá le rialacháin earnála uile-Aontais freisin. Is fearr is féidir cothroime iomaíochta a áirithiú le reachtaíocht an Aontais, mar go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha teacht as ceanglais laghdaithe astaíochtaí níos déine ar an leibhéal áitiúil. Le reachtaíocht an Aontais, ba cheart cosc a chur le truailliú a aistriú chuig suíomh eile, e.g. idir cathracha, tíortha nó ilchríocha comharsanacha nó trí ghluaisteáin díosail a onnmhairiú ó chathracha Iarthar na hEorpa, ina gcuirtear cosc ar a n-úsáid, chuig Oirthear na hEorpa, chuig an Afraic nó chuig áiteanna eile ar domhan. Ba cheart aird níos mó a thabhairt ar réimsí áirithe nach raibh faoi réir aon rialachán le déanaí: ina measc tá loingseoireacht (intíre), astaíochtaí neamh-sceite ón iompar de bhóthar (caitheamh agus cuimilt na gcoscán agus na mbonn), gineadóirí díosail (cumhacht uirbeach), eitlíocht, nó monarchana beaga (<1 MWth) dócháin amhail soirn agus coirí dóite adhmaid agus guail i dtithe. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar fhíordhálaí tiomána agus úsáide;

Maoiniú

14.

á chur in iúl go bhfuil easpa maoinithe spriocdhírithe ón Aontas ann i gcoitinne do bhearta maidir le cáilíocht an aeir, chun Pleananna maidir le Cáilíocht an Aeir a dhréachtú agus a chur chun feidhme, agus chun faireachán agus feabhsú fíor-ama a dhéanamh ar cháilíocht an aeir i gcoitinne. Meastar freisin gur próiseas deacair é maoiniú a fháil, agus mar sin ní mór é a shimpliú go suntasach chun a áirithiú go n-éireoidh leis na glaonna ar mhaoiniú. Ba cheart bailiú acmhainní airgeadais don mhaoiniú sin a bheith bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

15.

á thabhairt dá aire go mbíonn éifeacht ag truailliú dian ábhair cháithnínigh ar, go háirithe, cheirtleáin mhóra uirbeacha, na réigiúin mhórthionsclaithe agus na ceantair is boichte san Aontas, a mbíonn taithí acu ar bhochtaineacht fuinnimh in a lán cásanna freisin. Dá bhrí sin, ba cheart aistrithe earnála (talmhaíocht, iompar, tionscal agus fuinneamh) agus truailliú aeir a láimhseáil ar bhealach comhtháite, agus cur chuige saincheaptha a chur i bhfeidhm. Tá maoiniú riachtanach ós rud é go mbíonn tionchar suntasach ag acmhainní airgeadais ar an rath a bhíonn ar chur chun feidhme na gclár um cháilíocht an aeir. Ina theannta sin, bíonn roinnt réigiún faoi mhíbhuntáiste, ní hamháin mar gheall ar dhálaí socheacnamaíocha neamhfhabhracha, ach i ngeall ar staideanna geografacha dochracha nó cúinsí aeráide dochracha freisin, agus, dá bhrí sin, bíonn tacaíocht bhreise de dhíth orthu chun truailliú aeir a chomhrac;

16.

ag leagan béim ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta, lena n-áirítear cáilíocht an aeir a fheabhsú, do phobail áitiúla agus réigiúnacha. Is díol sásaimh do CnaR an Teachtaireacht ón gCoimisiún The EU budget powering the recovery plan for Europe [Plean téarnaimh don Eoraip á chumhachtú ag buiséad an Aontais] agus iarrann sé ar an gCoimisiún rochtain ar dheiseanna maoinithe an Aontais a shimpliú agus a mhéadú, go háirithe CFRE, LIFE, CETFT agus an Ciste um Aistriú Cóir, mar mhodhanna chun cuspóirí níos leithne a bhaint amach a rachaidh chun tairbhe do cháilíocht an aeir freisin, go háirithe iad sin atá sna pleananna maidir le cáilíocht an aeir faoi na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach comhleanúnachas a áirithiú idir tionscadail arna maoiniú ag an Aontas agus beartais na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, d’fhonn a dtionchar a uasmhéadú; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach freisin an dlúthchomhar leis an húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn chun na straitéisí, beartais agus cláir iomchuí a fhorbairt;

17.

á iarraidh go dtabharfaí isteach dreasachtaí nó aitheantas do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a fheidhmíonn ar bhealach dearfach;

Cur chun feidhme a fheabhsú

Rialachas il-leibhéil, comhar, cur chun feidhme agus forfheidhmiú

18.

á thabhairt dá aire go luaitear sna Seiceálacha Oiriúnachta go bhfuil fadhbanna leis an gcur chun feidhme agus go dtugtar le fios iontu gur fhág pleananna easnamhacha maidir le cáilíocht an aeir agus easpa tiomantais na mBallstát maidir le bearta iomchuí a dhéanamh go raibh moill nach beag i gcomhlíonadh na gcaighdeán maidir le cáilíocht an aeir; á thabhairt le fios gur mhórchúis le héifeachtúlacht theoranta na bpleananna maidir le cáilíocht an aeir na teorainneacha astaíochtaí d’fheithiclí arna leagan síos níos luaithe ag an Aontas, teorainneacha nach raibh in oiriúint d’fhíordhálaí tiomána;

19.

ag tabhairt faoi deara go bhfuil foinsí éagsúla truaillithe aeir ann: foinsí nádúrtha, trasteorann, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla (ar leibhéal gach sráide ar leith freisin). Chun truailliú aeir a chomhrac, ba cheart astaíochtaí ar gach leibhéal a laghdú ionas go nglacfaidh gach leibhéal a chion féin den fhreagracht. Beidh gá le dlúthchomhar agus cumarsáid níos éifeachtaí idir na leibhéil éagsúla rialtais má táthar chun feabhas éifeachtach a dhéanamh ina leith. D’fhéadfadh ról comhordúcháin a bheith ag údaráis réigiúnacha idir an leibhéal áitiúil agus an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart dea-chleachtais a bhailiú agus a scaipeadh. Ba cheart an comhar a leathnú chun cuideachtaí, comhlachtaí eolaíochta agus geallsealbhóirí ábhartha eile, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne, a áireamh;

20.

á thabhairt dá aire go bhfuil uirlisí sonracha amhail an ionstraim idir piaraí TAIEX-EIR ar fáil cheana féin agus go bhfuil siad in úsáid go rathúil ag roinnt Ballstát agus ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha;

21.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na hiarrachtaí chun comhaontú idirnáisiúnta i gcoinne truailliú aeir trasteorann a thabhairt i gcrích. Tá dlúthbhaint ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na Ballstáit araon le meithleacha, le tascfhórsaí agus le cláir chomhair áirithe faoin gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin (CLRTAP) (nó mar is fearr aithne air Coinbhinsiún Aeir Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE)). Is díol sásaimh do CnaR freisin gur lainseáladh an Fóram um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Truailliú Aeir anuraidh, rud a d’fhéadfadh dlús a chur leis an bhfeabhas ar cháilíocht an aeir ar fud an domhain tríd an eolas a bailíodh go dtí seo a scaipeadh agus a chomhroinnt; á chur i bhfáth go bhféadfadh comhar trasteorann idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith tábhachtach (laistigh den Aontas agus thar theorainneacha seachtracha an Aontais) agus go bhféadfadh ionstraim na Grúpála Eorpaí um Chomhar Críochach a bheith ina creat úsáideach le haghaidh tionscnaimh den chineál sin;

22.

ag leagan béim ar an ngá atá le comhar trasearnála agus le comhleanúnachas na réimsí ábhartha beartais. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh sna bearta ar gach foinse truaillithe aeir ar bhealach comhtháite: iompar (de bhóthar agus neamhbhóthair), fuinneamh (lena n-áirítear téamh baile), earnálacha na talmhaíochta agus na tionsclaíochta, agus réimsí ábhartha eile á gcur san áireamh amhail an t-athrú aeráide nó an tsláinte. D’fhéadfadh tairbhe chómhalartach a bheith ag baint leis na beartais sin (e.g. bearta coigilte fuinnimh), ach i gcásanna áirithe d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag beartais (e.g. dóchán bithmhaise a chur chun cinn nó tacú le gluaisteáin díosail) ar cháilíocht an aeir. Ba cheart leas a bhaint as sineirgí agus ba cheart forálacha a dhéanann níos mó dochair ná maitheas a sheachaint. Ba cheart gach beart ábhartha den Chomhaontú Glas don Eoraip a úsáid chun na cuspóirí reatha maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach: ní hamháin an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach ach freisin an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030, an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, agus an Dlí Aeráide;

23.

á thabhairt dá aire gurb í an talmhaíocht go dtí seo an earnáil is lú éifeacht maidir le hastaíochtaí a laghdú (réamhtheachtaí ábhair cháithnínigh is ea an t-amóiniam). Cé go bhfuil bearta chun astaíochtaí a mhaolú sa talmhaíocht ar fáil cheana féin, agus go bhfuil siad inmharthana go teicniúil agus go heacnamaíoch, níl na bearta sin in úsáid go forleathan go fóill. Agus sraith athchóirithe déanta ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) chun inbhuanaitheacht chomhshaoil CBT a fheabhsú, ba cheart do CBT freastal níos fearr a dhéanamh ar na spriocanna sin anois. Ba cheart bearta nua nó bearta níos déine a mheas le linn na caibidlíochta maidir le todhchaí CBT tar éis 2020 lena n-áirítear, mar shampla, éiciscéimeanna;

24.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a bhaint amach. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar chomhchuibhiú Criosanna Íseal-astaíochtaí agus, níos tábhachtaí fós, Criosanna Saor ó Astaíochtaí; á chur in iúl gurb eol dó gur laghdú sealadach atá sa laghdú ar thruailliú i limistéir dhianghlasála le linn ghéarchéim COVID-19, agus go bhfuil bearta déanta cheana féin ag cathracha chun éifeacht an tráchta a laghdú – leathnaigh siad casáin, d’ainmnigh siad lánaí do mhicreachóracha iompair, d’ísligh siad teorainneacha luais etc. Ba léir freisin gur cheart maoiniú (ón Aontas) a chur ar fáil go práinneach do chuideachtaí iompair phoiblí chun iad a choinneáil i mbun gnó, chun flíteanna a athnuachan le feithiclí nach bhfuil chomh truaillitheach céanna agus chun aistriú chuig mótariompar príobháideach a chosc; á chur i bhfios nach mór iomaíochas mhonaróirí an Aontais a chur san áireamh agus caighdeáin níos déine maidir le hastaíochtaí á mbreithniú agus á mbeartú d’fheithiclí peitril agus díosail – agus, ag an am céanna, tá CnaR ag iarraidh fáil réidh de réir a chéile leis na hinnill dócháin inmheánaigh sa trácht ar bhóithre agus is mór aige na Ballstáit, na réigiúin agus na cathracha a bhfuil dáta deiridh socraithe acu cheana chun gluaisteáin a bhfuil innill dócháin inmheánaigh iontu a ligean isteach ar a gcríoch. Tá CnaR i gcoinne préimheanna le haghaidh ceannach feithiclí a bhfuil innill den sórt sin iontu; á mholadh, i measc nithe eile, teicneolaíocht feithiclí atá saor ó astaíochtaí a chur chun cinn tuilleadh agus dlús a chur le hinfheistíocht sa ghréasán Eorpach iarnróid freisin mar cheann de na roghanna inmharthana a d’fhéadfadh a bheith ann do na comaitéirí;

25.

ag tarraingt aird ar an bhfadhb a bhaineann le téamh breosla sholadaigh i dtithe cónaithe. Ní cosúil go dtugann an reachtaíocht maidir le héicidhearthóireacht réiteach ar an bhfadhb. Dá bhrí sin, tá súil ag CnaR go dtabharfaidh an Coimisiún Eorpach aghaidh ar an tsaincheist sin i gcomhthéacs na dtionscnamh inbhuanaithe a bhaineann le táirgí faoin straitéis geilleagair chiorclaigh. Thairis sin, tá tacaíocht shuntasach ag teastáil ó dhaoine a bhfuil ioncam íseal acu (an bhochtaineacht fuinnimh), ní hé amháin chun fearais a athsholáthar ach chun oibriú agus cothabháil inacmhainne a áirithiú d’fhearais atá níos tíosaí ar fhuinneamh chomh maith. Ba cheart féachaint ar dhreasachtaí ad hoc chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú. Ba cheart don Choimisiún Eorpach breithniú a dhéanamh freisin ar rialacha a thabhairt isteach maidir le cáilíocht breoslaí a úsáidtear i gcórais téimh i dtithe cónaithe agus ba cheart dó chun na críche sin dreasachtaí iomchuí a chruthú, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais;

26.

ag tathant ar na Ballstáit a gCláir Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir a chur i gcrích agus a thabhairt cothrom le dáta mar ábhar práinne agus ranníocaíochtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh agus na cláir á ndréachtú agus á n-athbhreithniú acu;

Rannpháirtíocht an phobail

27.

á thabhairt dá aire gur cheart níos mó úsáid a bhaint as réitigh TF atá ann cheana, as feidhmchláir fón póca agus as uirlisí ábhartha eile chun an pobal a chur ar an eolas, agus, ar an gcaoi sin, déantar rud infheicthe den “mharfóir dofheicthe” chun feasacht an phobail a mhéadú. Ba cheart an fhaisnéis a bheith sothuigthe agus so-rochtana, agus ba cheart gnéithe sláinte a áireamh inti. Tugann suíomh gréasáin reatha an Innéacs Eorpaigh um Cháilíocht an Aeir (7) faisnéis chuimsitheach faoi cháilíocht an aeir san Eoraip, ach níl mórán aithne air agus is gá é a phoibliú níos mó. Ba cheart an suíomh a fheabhsú freisin trí shamhaltú chun faisnéis faoi cháilíocht an aeir a chur ar fáil maidir le réigiúin, sráidbhailte beaga agus limistéir thuaithe, áit nach dtomhaistear cáilíocht an aeir trí stáisiúin faireacháin;

28.

ag moladh go gcuirfí dlús le hiarrachtaí eolaíochta na saoránach. Ní féidir sonraí ó fheidhmchláir eolaíochta a chruthaigh saoránaigh a chur in ionad sonraí faireacháin toisc go soláthraíonn siad cáilíocht sonraí i bhfad níos ísle, rud nach mór a chur in iúl go soiléir don phobal, ach is féidir leis na feidhmchláir cur le sonraí faireacháin trí fhaisnéis níos beaichte a sholáthar maidir le treochtaí i dtruailliú aeir, agus páirt ghníomhach a thabhairt don phobal agus feasacht daoine a ardú. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí taighde maidir le feabhas a chur ar iontaofacht braiteoirí (ísealchostais) agus dlús a chur leo, agus is díol sásaimh dó freisin obair reatha an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) maidir le caighdeáin i ndáil le dlúthfhaireachán ar cháilíocht an aeir chomh maith le samhaltú cáilíochta aeir;

29.

ag moladh an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi fhadhbanna agus faoi fheabhsuithe araon lena léirítear torthaí dearfacha féideartha na gníomhaíochta, lena n-áirítear an acmhainneacht a bhaineann le cineálacha fuinnimh gan truailliú, amhail fuinneamh inathnuaite nó núicléach, a chuirfidh ar chumas na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach tacaíocht a thabhairt do bhearta;

30.

á thabhairt le fios go bhfuil ról tábhachtach ag saoránaigh maidir le srian a chur leis an truailliú aeir, go háirithe trína n-iompar féin a athrú i mórán gnéithe éagsúla dá saol, lena n-áirítear córacha iompair, téamh, bia, ach tomhaltas ginearálta freisin, nach bhfuil a lán acu ar an eolas fúthu go fóill (cé go bhfuil éagsúlacht mhór i bhfeasacht an phobail laistigh den Aontas Eorpach). Braitheann laghdú astaíochtaí ar an rannchuidiú sin, agus dá bhrí sin ba cheart do shaoránaigh a bheith dlúthpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta le linn pleananna agus bearta maidir le cáilíocht an aeir a fhorbairt, ón gcéim is luaithe. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sna pleananna do cháilíocht an aeir, ní hamháin bearta rialála, ach bearta eile lena ndéantar feasacht agus athruithe iompraíochta daoine a chur chun cinn agus tacú leo ina roghanna soghluaisteachta, amhail níos lú a thiomáint. Is féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an obair sin a éascú trí úsáid a bhaint as scéimeanna ar nós ClairCity; á áitiú, áfach, go n-aithneofaí agus go mbunófaí go forleathan tionscnaimh áitiúla, go mbeadh saoránaigh rannpháirteach sna tionscnaimh sin, amhail crainn a chur agus ballaí glasa a chruthú i gcathracha, an t-aer uirbeach a ghlanadh agus a fhuarú;

Comhchuibhiú, treoir agus gníomhartha cur chun feidhme

31.

ag moladh tuilleadh treorach maidir le tuairisciú ar cháilíocht an aeir agus samhaltú atá deartha go sonrach d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, i bhfianaise an róil shuntasaigh atá acu san earnáil seo. Ba cheart riachtanais an údaráis áitiúil a chur san áireamh in uirlisí tuairiscithe (an ríomhthuairisciú san áireamh). D’fhéadfadh sé nach mbeadh foireann ag údaráis áitiúla i gcónaí leis na scileanna teicniúla riachtanacha nó leis an leibhéal riachtanach Béarla. Trí fheabhas a chur ar an ríomhthuairisciú, ba cheart go mbeifí in ann sainiúlachtaí na n-úsáideoirí áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh, lena n-áiritheofaí comhsheasmhacht idir cúraimí tuairiscithe a shanntar d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a gcumhachtaí agus a n-acmhainní san earnáil sin;

Rannpháirtíocht i líonraí agus i dtionscnaimh

32.

ag aithint an lín ard tionscnamh agus líonraí atá ar fáil cheana féin lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le truailliú aeir (an Chomhpháirtíocht maidir le Cáilíocht an Aeir faoi chuimsiú an Chláir Oibre Uirbigh, an Painéal Saineolaithe maidir le hAer Glan i gCathracha faoi Choinbhinsiún Aeir UNECE (8), Fóram an Aontais maidir le hAer Glan, Cúnant na Méaraí, etc.). Cuireann roinnt mhaith díobh sin breisluach suntasach ar fáil sa bheartas d’aer glan agus spreagfadh CnaR údaráis áitiúla agus réigiúnacha le bheith níos rannpháirtí sna gníomhaíochtaí sin ar leibhéal an Aontais;

33.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tionscnamh nua de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Comhaontú na Cathrach Glaise chun cur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a fheabhsú. D’fhéadfadh Comhaontú na Cathrach Glaise nó an tArdán Teicniúil le haghaidh Comhar maidir leis an gComhshaol arna bhunú ag an gCoiste agus ag an gCoimisiún Eorpach a bheith ina n-uirlisí úsáideacha chun údaráis áitiúla agus réigiúnacha a stiúradh i dtreo na dtionscnamh is fearr bunaithe ar a gcuid riachtanas. Ba cheart go gcabhródh na hardáin sin freisin le bailiú agus aicmiú uirlisí, treoirdhoiciméad nó tacaíochta ábhartha eile atá ar fáil ó Choinbhinsiún Aeir UNECE, ón gCoimisiún Eorpach agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, nó ó aon líonra nó eagraíocht eile a d’fhéadfadh cabhrú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag obair maidir le cáilíocht an aeir a fheabhsú. Ba cheart saineolas speisialta agus tacaíocht theicniúil (e.g. fardail astaíochtaí áitiúla a fhorbairt, criosanna íseal-astaíochtaí a ainmniú, úsáid na samhla SHERPA, etc.) a sholáthar freisin, ós rud é gur gá oiliúint a chur ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na huirlisí sin a úsáid;

Na chéad chéimeanna eile

34.

ag áitiú ar an gCoimisiún Eorpach gnéithe áirithe de na rialacha maidir le hastaíochtaí a neartú tuilleadh ar leibhéal an Aontais agus céimeanna breise a ghlacadh chun comhar cothrománach agus ingearach éifeachtach agus feabhsaithe a áirithiú; ag tathant ar na Ballstáit agus ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha modhanna comhair agus cumarsáide níos fearr a aimsiú ag an am céanna;

35.

ag moladh go gcuirfí maoiniú i leith cháilíocht an aeir ar fáil do na húdaráis áitiúla agus do chomhlachais cáilíochta aeir chreidiúnaithe atá freagrach as pleananna cáilíochta aeir i gcriosanna ainmnithe cáilíochta aeir, agus tús áite á thabhairt do chriosanna ina bhfuil truailliú aeir níos airde;

36.

ag tarraingt aird ar an ngá atá ann na líonraí, na tionscnaimh, na huirlisí agus an treoir ábhartha a chomhordú agus a bhainistiú, ar ábhar eolais agus taithí leathan iad cheana féin, agus a chabhródh le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha feabhas a chur ar a gcuid oibre chun aer níos glaine a bhaint amach bunaithe ar shaineolas agus treoir theicniúil bhreise.

An Bhruiséil, an 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_ga.

(2)  De réir an staidéir a foilsíodh le déanaí Assessing nitrogen dioxide (NO2) levels as a contributing factor to coronavirus (COVID-19) fatality [Leibhéil dé-ocsaíde nítrigine a mheasúnú mar chúis a d’fhéadfadh cur le líon na mbásanna ón gcoróinvíreas (COVID-19)], ba i gceithre réigiún i dTuaisceart na hIodáile agus i réigiún amháin timpeall Mhaidrid sa Spáinn a bhí 78 % de na 4 443 bhás. Is sna cúig réigiún sin a bhí an meascán is measa de leibhéil NO2 agus de dhálaí aershreibhe a chuir cosc ar thruailliú aeir a scaipeadh.

(3)  Tá obair déanta ag an gCoimisiún Eorpach chun creat beartais an Aontais maidir le haer glan a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh: leis an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta a cuireadh in ionad na Treorach um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta, tugadh isteach ceanglais laghdaithe astaíochtaí do 2020-2029 agus ó 2030 ar aghaidh; d’éirigh go maith leis an bhFóram um Aer Glan chun cáilíocht an aeir a phlé; agus foilsíodh conclúidí na Seiceála Oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh; Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh conclúidí le déanaí maidir le Cáilíocht an Aeir a fheabhsú; D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa Tuarascáil Speisialta Uimh. 23/2018 — “Truailliú Aeir: Tá ár sláinte fós gan cosaint leordhóthanach” (IO C 324, 13.9.2018, lth. 12), agus tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag EDS ar a treoirlínte maidir le cáilíocht an aeir d’fhonn treoirlínte nua a eisiúint in 2021.

(4)  The Clean Air Policy Package for Europe [Pacáiste Beartais d’Aer Glan don Eoraip]. https://cor.europa.eu/en/our-work/Pages/OpinionTimeline.aspx?opIdMR-1217-2014.

(5)  https://cor.europa.eu/ga/news/Pages/consultation-air-quality.aspx.

(6)  IO C 168, 16.5.2019, lth. 27.

(7)  http://airindex.eea.europa.eu

(8)  An Coinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin.


1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

41


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Treochlár don Hidrigin Ghlan – an méid a chuireann údaráis áitiúla agus réigiúnacha le hEoraip aeráidneodrach

Rapóirtéir:

Birgit HONÉ (DE/PSE), An tAire Gnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha agus na Forbartha Réigiúnaí (an tSacsain Íochtarach)

Doiciméad tagartha:

Tuairim Féintionscnaimh

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

An tábhacht a bhaineann leis an Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050

1.

ag fáiltiú go mór roimh an bhformheas a thug an Chomhairle Eorpach ar an sprioc a bhaineann leis an Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050 agus roimh an aidhm atá ag an gCoimisiún Eorpach an sprioc sin a chumhdach i ndlí an Aontais lena thogra le haghaidh dlí AE maidir leis an aeráid (1);

2.

ag cur béime ar a thábhachtaí atá sé fás a ghiniúint atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go sóisialta, go háirithe tar éis ghéarchéim COVID-19. Ní mór don Chomhaontú Glas don Eoraip (2), ina gcuimseofar nuálaíochtaí teicneolaíocha agus sóisialta atá neamhdhíobhálach don aeráid, agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus acmhainní de, a bheith ina phríomhghné den téarnamh eacnamaíoch tar éis COVID-19. Ós rud é go bhfuil an hidrigin ghlan ar cheann de na teicneolaíochtaí sin don todhchaí, ní mór í a chur chun cinn go tréan san Aontas;

3.

ag fáiltiú go diongbháilte, dá bhrí sin, roimh an togra ón gCoimisiún le haghaidh straitéis hidrigine de chuid an Aontais, rud atá á iarraidh againn i moltaí na tuairime seo (3); á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin go mbeidh sé i bhfad níos indéanta geilleagar hidrigine glaine a fhorbairt de bharr an togra athbhreithnithe le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais do 2021-2027 lena ngabhann plean téarnaimh, agus tá sé ag éileamh ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa na roghanna sin a choimeád sa phróiseas reachtach;

4.

á thabhairt le fios go bhfágann sprioc na haeráidneodrachta gur gá athrú ó bhonn a dhéanamh ar an leictreachas, ar an bhfuarú agus ar an teas-soláthar agus gur gá, go háirithe, athruithe móra a dhéanamh in earnálacha na tionsclaíochta agus an iompair. Beidh réimse leathan de réitigh theicniúla atá bunaithe ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite de dhíth. Ach má táthar chun dlús a chur le teicneolaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu, is gá tacaíocht a chur ar fáil a bhaineann go sonrach leis an teicneolaíocht áirithe atá i gceist. Beidh an hidrigin ghlan, agus amhábhair agus breoslaí sintéiseacha a thagann aisti (4), bunriachtanach chun an sprioc sin a bhaint amach sa todhchaí agus ba cheart dá bhrí sin go gcuirfí tacaíocht shonrach ar fáil dóibh. Maidir leis sin, ba cheart béim ar leith a chur ar hidrigin ghlas ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite;

5.

den tuairim, sa chéim luath seo d’fhorbairt an mhargaidh, gur mhaith an smaoineamh é cur chuige oscailte a ghlacadh maidir leis na húsáidí a d’fhéadfadh a bheith ag an hidrigin ghlan ós rud é go bhféadfadh roinnt earnálacha méideanna áirithe den hidrigin ghlan a úsáid i ndáiríre. Measann CnaR gur gá díriú ar úsáidí a bhfuil gealladh fúthu de réir mar a thagann forbairt ar an margadh;

6.

á chur i bhfios, i dtaca leis sin, nach bhfuil sé chomh héifeachtúil céanna hidrigin ghlan agus ríomhbhreolsaí a úsáid i gcomórtas leis an leictreachas inathnuaite mar gheall ar chaillteanais tiontúcháin, agus gurb é is dóichí go mbeidh costais níos airde ar chuid mhór de na húsáidí sin san fhadtéarma. Ar an gcúis sin, ón meántéarma go dtí an fadtéarma, measfar gurb iad na húsáidí tosaíochta is féidir a bhaint as an hidrigin ghlan/ríomhbhreoslaí ná na réimsí ina bhfuil an hidrigin á húsáid mar amhábhar nó inarb amhlaidh nach réitigh inmharthana iad bearta éifeachtúlachta fuinnimh ná an leictriú díreach (e.g. táirgeadh amóinia agus cruach, an t-iompar tromshaothair agus fadraoin, próisis ardteochta agus stóráil leictreachais shéasúrach) agus sna codanna sin den timpeallacht thógtha/den téamh ceantair uirbigh nach bhfuil teaschaidéil ná teasghréasáin éifeachtacha iontu;

7.

á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht táirgeachta a bhaineann leis an hidrigin ghlas san Aontas, lena n-áirítear i réigiúin bheagfhorbartha NUTS 2, agus i réigiúin bheagfhorbartha máguaird (e.g an Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh), agus aird ar leith á tabhairt ar an iomaíocht le húsáid dhíreach an leictreachais ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite toisc gur bhonn tábhachtach é eolas cuimsitheach agus mionsonraithe a bheith ar fáil ar chásanna éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann ar mhaithe le geilleagar hidrigine glaise a fhorbairt san Eoraip. Ina theannta sin, tá CnaR á chur in iúl go bhféadfaí anailís a dhéanamh ar an méid a d’fheadfaí an hidrigin ghorm a úsáid mar réiteach idirthréimhseach;

8.

á mholadh go gcuirfeadh na Ballstáit geilleagar hidrigine glaise chun cinn agus a bpleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid (NECPanna) á dtabhairt cothrom le dáta acu in 2023, agus straitéisí hidrigine náisiúnta comhtháite a cheapadh i gcaoi agus go bhfuil bearta á gcur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí uile. Agus na tionscadail sin á dtarraingt suas agus á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha nó lena gcomhlachais náisiúnta agus réigiúnacha agus leis an bpobal eolaíoch. Moltar go ndéanfadh gach Ballstát scrúdú ar a fhéideartha a bheadh sé an hidrigin ghlas a tháirgeadh;

Gnéithe inbhuanaitheachta

9.

á chur i bhfáth gurb amhlaidh, san fhadtéarma, gurb é an leictrealú uisce, is é sin nuair a úsáidtear an leictreachas ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite (an hidrigin ghlas), an t-aon mhodh inbhuanaithe amháin atá ann chun an hidrigin a tháirgeadh. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a dhíriú ar an hidrigin ghlas agus geilleagar hidrigine á fhorbairt acu. Go dtí go mbeidh cainníochtaí leordhóthanacha ar fáil, is féidir le réitigh theicneolaíocha shealadacha – amhail an hidrigin ghorm – a bheith ina gcuidiú chun astaíochtaí CO2 a laghdú ón táirgeadh hidrigine atá ann cheana. Ní mór a áirithiú nach gcuirtear bac ar an aistriú chuig an hidrigin ghlas ar an dóigh sin, agus geilleagar hidrigine á fhorbairt. Ní mór tairbhí iarbhír agus suntasacha a fháil as na réitigh shealadacha ó thaobh chostas agus luas an chur chun feidhme de i gcomparáid leis an hidrigin ghlas agus níor cheart spleáchas ar an réiteach a roghnaíodh a bheith mar thoradh orthu san fhadtéarma;

10.

den tuairim go bhfuil ríthábhacht le haicmiú agus deimhniú cuimsitheach agus trédhearcach maidir leis an inbhuanaitheacht le haghaidh hidrigine/ríomhbhreoslaí, agus den tuairim go bhfuil ríthábhacht le húsáid fhairsing agus éigeantach a bhaint as na deimhnithe arna gceapadh sa phróiseas sin. Ní fhéadfaidh margadh le haghaidh na hidrigine glaise forbairt ach amháin le deimhnithe atá ceaptha a bheith dian, soiléir agus difreáilte agus lenar féidir freisin idirdhealú a dhéanamh idir an hidrigin ghorm agus an hidrigin ghlas. Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún próiseas an aicmithe gáis a bhrú chun tosaigh san Fhóram Eorpach um Rialáil Gáis (Fóram Mhaidrid) agus gníomhú go gasta chun togra a chur síos le haghaidh córas aicmiúcháin agus deimhniúcháin i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana maidir le fíordheimhniú an fhuinnimh inathnuaite; á éileamh, i dtaca leis sin, go bhféadfaí féachaint ar na córais ráthaíochta tionscnaimh chomhthreomhara atá ann cheana (Airteagal 19, RED (Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite) II) agus deimhnithe inbhuanaitheachta (Airteagail 25-31, RED II) a chumasc. Ba cheart don Choimisiún tacú le glacadh domhanda an deimhnithe/an chórais ráthaíochta tionscnaimh a fhorbrófar san Aontas;

Ról sonrach na réigiún

11.

á chur i bhfios gur féidir an hidrigin ghlas a tháirgeadh agus a úsáid ar bhealach díláraithe agus gur féidir léi a bheith mar chuid de sholáthar fuinnimh níos díláraithe san am atá le teacht, mar a leagtar amach sa straitéis fhadtéarmach ón gCoimisiún “Pláinéad Glan do Chách” (5), rud a dtacaíonn CnaR leis (6). Is féidir an fhorbairt réigiúnach agus áitiúil a chur chun cinn leis an hidrigin ghlas toisc gur féidir codanna suntasacha den luachshlabhra a bhunú i réigiúin agus i mbardais agus, ar an gcaoi sin, éifeachtaí tairbhiúla a bheith acu ar an bhfostaíocht agus ar FBManna. Ina theannta sin, is féidir an barrachas teasa ó tháirgeadh na hidrigine glaise a úsáid sa teas-soláthar áitiúil agus réigiúnach, agus is féidir an hidrigin a tháirgtear mar sheachtháirge le linn próisis áirithe a athshlánú agus a úsáid ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

12.

á chur i bhfáth go sainráite go bhfuil ról cinntitheach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le geilleagar na hidrigine a chur ar bun. Tá go leor údaráis áitiúla agus réigiúnacha ag obair ar straitéisí hidrigine, ar chláir maidir leis an hidrigin ghlas, agus ar thionscadail shonracha, mar shampla laistigh de raon na Comhpháirtíochta “European Hydrogen Valleys” (7). Is gníomhaithe ríthábhachtacha iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh fhorbairt an mhargaidh de bharr an mhéid seo a leanas: an t-eolas mionsonraithe atá acu ar imthosca áitiúla, a naisc le gníomhaithe áitiúla, an mhaoirseacht a dhéanann siad ar phróisis phleanála agus údarúcháin agus ar dheiseanna éagsúla réigiúnacha agus áitiúla le haghaidh cistiú agus dreasachta, a gcumhachtaí soláthair phoiblí agus a gcumhachtaí san oideachas agus san oiliúint ar leibhéal gairmiúil agus acadúil;

13.

á thabhairt dá aire gur féidir le réigiúin ról nasctha tábhachtach a bheith acu chun straitéisí réigiúnacha mar aon le cláir maidir leis an hidrigin ghlas a chur i dtoll a chéile chun forbairt chomhtháite ar luachshlabhra na hidrigine glaise a áirithiú. Fágann cóngaracht an táirgthe agus na húsáide gur féidir leo gréasáin hidrigine réigiúnacha a thógáil ar dtús agus iad a leathnú ansin le himeacht ama. Is féidir an soláthar hidrigine láraithe ar scála mór a mheaitseáil leis an éileamh díláraithe ó na tionscail, ó chórais iompair, ó fhoirgnimh agus ó chothromú na heangaí i dtimpeallacht bhraislí na dtionscal, ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta (cúpláil earnálacha). D’fheádfadh suíomhanna atá gar do chalafoirt a bheith tarraingteach go háirithe ós rud é go n-éascaíonn siad allmhairiú hidrigine/ríomhbhreoslaí san fhadtéarma. Tá CnaR ag tathant go mór ar an gCoimisiún Eorpach tacú le forbairt agus cur chun feidhme na straitéisí agus na gclár réigiúnach sin le haghaidh luachshlabhraí agus bhraislí na hidrigine glaise;

Comhordú fhorbairt an mhargaidh

14.

á athdhearbhú nach féidir forbairt teacht ar mhargadh na hidrigine glaise gan infheistíocht shuntasach a dhéanamh, lena n-áirítear ón earnáil phríobháideach. Ní féidir leis sin tarlú ach amháin má táthar muiníneach as forbairt an mhargaidh san fhadtéarma. Le spriocanna uaillmhianacha agus ceangailteacha, creat dlíthiúil soiléir, straitéis shainráite agus treochlár sonrach le haghaidh na hidrigine glaise, is féidir muinín a chothú;

15.

ag tathant ar an gCoimisiún fís uile-Aontais a fhorbairt sa straitéis hidrigine de chuid an Aontais atá ar na bacáin, go háirithe le haghaidh na hidrigine glaise do 2030 agus 2050, agus réamh-mheastachán a chur ar fáil de réimsí úsáide na hidrigine glaise, an glacadh leis an hidrigin ghlas ar an margadh agus cur chun cinn nuálaíochta breise, agus moltaí na tuairime seo á gcur san áireamh;

16.

ag iarraidh ar an gCoimisiún treochlár a chur síos mar chuid de straitéis hidrigine an Aontais, ar treochlár comhtháite é de bhearta reachtacha agus neamhreachtacha chun geilleagar hidrigine glaine Eorpach, mar aon le margadh aonair hidrigine dírithe ar an hidrigin ghlas, a thógáil, rud a chuirfeadh le moltaí na tuairime seo agus an Fhóraim Straitéisigh le haghaidh Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna). Ba cheart a bheith san áireamh i straitéis hidrigine an Aontais spriocanna uaillmhianacha le haghaidh acmhainneacht táirgeachta na hidrigine glaise, bunaithe ar anailís ar an acmhainneacht táirgeachta réigiúnach, agus ba cheart leathnú córasach an táirgthe hidrigine agus na húsáide hidrigine a chur chun cinn trí luachshlabhraí comhfhreagracha a bhunú. Ba cheart an straitéis a bheith ina rannchuidiú leis an gcomhordú uile-Aontais ar fhorbairt an tsoláthair, an éilimh agus an bhonneagair agus le comhordú gníomhaíochtaí rialála agus cistiúcháin ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, agus aird ar leith á tabhairt ar ról nasctha na réigiún a luaitear thuas chun táirgeadh agus úsáid na hidrigine glaise a uas-scálú ó thaobh an aistrithe amhábhar fuinnimh agus tionsclaíochta de;

17.

den tuairim go bhfuil forbairt gheilleagar na hidrigine glaise ríthábhachtach don bheartas tionsclaíochta inbhuanaithe arna shaothrú leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á thabhairt le fios go bhfuil gá leis an teicneolaíocht leictrealaithe a uas-scálú chuig scála gigeavata chun go mbeadh an hidrigin “ghlas” iomaíoch ó thaobh costais de. Ar an dóigh sin, tugtar deis (fostaíochta) don tionscal táirgthe leictrealaithe i mBallstáit an Aontais mar aon le deiseanna onnmhairithe ar fud an domhain. Tá CnaR ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach an méid sin a chur chun cinn. Tá sé ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh réigiúin Eorpacha — i dteannta earnáil na tionsclaíochta — rannpháirteach chun luachshlabhraí hidrigine trasearnála a fhorbairt lena nasctar an soláthar, an bonneagar agus an t-éileamh. Tá CnaR ag tathant ar an gCoimisiún, mar chuid de chur chun feidhme na Straitéise nua Tionsclaíochta don Eoraip (8), príomh-mhargaí a chur chun cinn dírithe ar theicneolaíochtaí na hidrigine glaise agus ar chórais na hidrigine glaise agus ar a n-úsáid le haghaidh an táirgthe aeráidneodraigh, go háirithe i dtionscal na cruach, na stroighne agus na gceimiceán. Tá CnaR á iarraidh go ndéanfaí straitéis an Aontais le haghaidh cruach ghlan, straitéis arna fógairt ag an gCoimisiún, a ghlacadh go gasta agus go gcuirfí béim iomchuí ar úsáid na hidrigine glaise;

18.

ag fáiltiú go croíúil roimh bhunú na Comhghuaillíochta Eorpaí don Hidrigin Ghlan arna fhógairt sa Straitéis nua Tionsclaíochta. Tá CnaR á iarraidh go gcuirfí an chomhghuaillíocht sin ar bun go gasta, go ndíreofaí ar an hidrigin ghlas agus go gcuideofaí leis an Aontas ról ceannródaíoch a imirt sa phríomhtheicneolaíocht sin trí chur le comhordú agus malartú eolais agus taithí. Tá CnaR á éileamh go ndéanfaí rannpháirtíocht na réigiún agus FBManna sa chomhghuaillíocht, de réir mar a d'fhógair an Coimisiún, a chur chun feidhme go comhsheasmhach;

19.

á thabhairt le fios go bhfuil gá le cur chuige níos córasaí i leith earnálacha mar gheall ar chomhtháthú méadaitheach na n-earnálacha trí na foinsí fuinnimh céanna a úsáid. Tá CnaR á chur i bhfáth gurb amhlaidh, leis an straitéis le haghaidh córais fuinnimh chomhtháite agus le straitéis hidrigine an Aontais (9) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, gur gá béim a chur ar a thábhachtaí atá an hidrigin ghlas ar bhonn córasach i ndáil le cineálacha eile fuinnimh le haghaidh comhtháthú earnálacha, amhail an leictreachas, gáis inathnuaite agus ríomhbhreoslaí, don chóras fuinnimh agus eacnamaíoch a bheidh ann amach anseo agus go gcaithfear modhanna cur chun feidhme a théann chun tairbhe don chóras a thaispeáint. Ní mór dóibh modhanna cur chun feidhme a thaispeáint atá chun tairbhe don chóras agus lena n-úsáidtear rialacha margaidh nua agus saincheaptha chun margadh feidhmiúil sa hidrigin a chruthú lena ndéantar, ar thaobh amháin, táirgeadh agus úsáid na hidrigine a spreagadh agus, ar an taobh eile, atá ina mhargadh atá comhtháite le margadh an leictreachais agus margadh an gháis;

Ag tacú leis an gcreat reachtach agus le forbairt an bhonneagair faoin gComhaontú Glas don Eoraip

20.

á chur i bhfáth go bhfuil an leathnú dinimiciúil ar fhuinneamh inathnuaite i nginiúint leictreachais mar bhonn le forbairt mhargadh na hidrigine glaise san Aontas. Tá CnaR á éileamh go ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED II) mar thoradh ar spriocanna aeráide 2030 de chuid an Aontais, ar spriocanna níos déine iad, go háirithe trí sprioc an Aontais le haghaidh an sciar den fhuinneamh inathnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a ardú dá réir sin; ag moladh do na Ballstáit agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha spriocanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta uaillmhianacha a shocrú chun an fuinneamh inathnuaite a leathnú, amhail an fuinneamh gaoithe agus an grianfhuinneamh; tá coinne ag CnaR go gcuirfí borradh faoin earnáil sin leis an straitéis maidir leis an bhfuinneamh inathnuaite amach ón gcósta arna fógairt ag an gCoimisiún, lena n-áirítear trí thionscadail nuálacha um tháirgeadh na hidrigine glaise amach ón gcósta a chistiú;

21.

á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh féachaint an dtugtar dreasachtaí leordhóthanacha le RED II agus le gníomhartha tarmligthe chun ríomhbhreoslaí a úsáid bunaithe ar astaíochtaí tionsclaíocha CO2 agus ar ghabháil agus úsáid carbóin (CCU) i gcéim idirthréimhse. Mar sin féin, ba cheart bearta a dhéanamh freisin chun cuntasaíocht dhúbailte ar laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint, mar aon le ríomhbhreoslaí a áireamh ina n-iomláine mar “fhoinse inathnuaite”;

22.

á éileamh freisin go ndéanfaí gníomhartha tarmligthe a dhréachtú go gasta faoi RED II chun soiléiriú a thabhairt ar aicmiú eangach leictreachais le haghaidh táirgeadh hidrigine (Airteagal 27 RED II) agus ar na híoscheanglais laghdaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí sintéiseacha (Airteagal 25 RED II);

23.

á chur i bhfios nach mór modh leictrealaithe atá neamhdhíobhálach d’eangacha agus do chórais a áirithiú agus eangacha leictreachais á n-úsáid le haghaidh táirgeadh hidrigine (bainistiú ar éileamh); á iarraidh go gcuirfear san áireamh i straitéis hidrigine an Aontais agus i straitéisí hidrigine ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach cruthú acmhainneachta breise leictreachais ghlais a áireamh le haghaidh leictrealú;

24.

á thabhairt le fios go gcruthaítear cothrom iomaíochta trí chostais sheachtracha a inmheánú agus go méadaítear tarraingteacht eacnamaíoch na hidrigine glaise. Tá CnaR ag tacú, dá bhrí sin, le hathbhreithniú cuimsitheach ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh d’fhonn an cánachas fuinnimh a ailíniú le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an hidrigin agus ríomhbhreoslaí a chur san áireamh i raon feidhme na Treorach; ag moladh do na Ballstáit an tsolúbthacht atá ann cheana a úsáid le haghaidh cánachas glas agus ioncaim bhreise a úsáid chun an t-ualach cánach ar an leictreachas ísealcharbóin a laghdú;

25.

á chur i bhfios go soláthraítear dreasachtaí suntasacha le Scéim an Aontais i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtionscail dianfhuinnimh (e.g. tionscal na gceimiceán agus tionscal na cruach), ar príomhrogha dóibh an hidrigin ghlas le haghaidh dícharbónú. San athbhreithniú ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí, ba cheart spriocanna aeráide nua 2030 a chur san áireamh, e.g. tríd an bhfachtóir laghdaithe línigh a mhéadú. D’fhéadfaí cur lena shábháilte atá infheistíochtaí trí íosphraghas a chur le EU ETS;

26.

i bhfabhar sásra oiriúnach coigeartaithe teorann a fhorbairt a bheidh ag cloí le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) le haghaidh astaíochtaí CO2 (10) do tháirgí arna n-allmhairiú ó thríú tíortha, a mbaineann an táirgeadh le hastaíochtaí arda CO2 agus atá faoi réir iomaíocht idirnáisiúnta láidir. Le córas den sórt sin, in éineacht le EU ETS coigeartaithe, d’fhéadfaí dreasachtaí a sholáthar chun an hidrigin ghlas a úsáid i dtionscail dianfhuinnimh;

27.

ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le bonneagar tras-Eorpach fuinnimh (Gréasán Tras-Eorpach Fuinnimh (GTE-F)) (11) agus ar rialacha an Aontais maidir le margadh gáis an Aontais, Treoir 2009/73/CE (12) maidir le gás go príomha, ar shlí a fhágann gur féidir geilleagar na hidrigine glaise a fhorbairt go dinimiciúil, agus an hidrigin a tharchur ar fud an Aontais. Mar chuid de sin, áirítear, mar shampla, caighdeáin uilíocha agus shoiléire a shainiú (e.g. an sciar ceadaithe den hidrigin sa chóras gáis nádúrtha), na ceanglais maidir le tionscadail leasa choitinn (PCInna) a choigeartú go hiomchuí bunaithe ar GTE-F, an phleanáil ar an mbonneagar leictreachais agus gáis a chomhordú, an bonneagar gáis atá ann cheana a athaicmiú, agus rialacha soiléire a leagan síos chun hidrigin dheimhnithe ó fhoinse fuinnimh inathnuaite a instealladh sa chóras gáis nádúrtha. Ina theannta sin, ní mór an bonn rialála le haghaidh gréasáin hidrigine phoiblí a fhorbairt, agus rochtain neamh-idirdhealaitheach orthu a áirithiú. Tá CnaR á thabhairt le fios gur tábhachtach an réamhriachtanas é gréasáin hidrigine thiomnaithe a thógáil agus a leathnú chun a áirithiú go mbeidh an hidrigin ar fáil i bhfoirm íon le haghaidh na n-úsáidí tosaíochta sin nach bhfuil aon roghanna malartacha insamhlaithe ar an hidrigin ann ina leith;

28.

den tuairim gur cheart, leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T), béim bhreise a chur ar theicneolaíochtaí ísealcharbóin tiomána le haghaidh leoraithe, cóistí agus na loingseoireachta intíre, amhail mótair leictreacha á gcumhachtú le cealla hidrigine nó línte cumhachta lastuas mar aon le foirmeacha fuinnimh eile atá ag teacht leis na ceanglais maidir leis an inbhuanaitheacht agus maidir le laghdú astaíochtaí. Réamhriachtanas chun na teicneolaíochtaí sin a chur ar fáil is ea tógáil an bhonneagair chomhfhreagraigh, feadh conairí croíghréasán i dtosach báire. Ba cheart don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) cistiú leordhóthanach a sholáthar chun na críche sin. Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, tugtar an deis ceanglais shonracha a leagan síos le haghaidh dhlús na stáisiún peitril hidrigine sna Ballstáit;

29.

ag iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a cheadú chun bonneagar píblíne a chruthú chun an hidrigin a iompar (píblínte a thógáil agus an bonneagar gáis atá ann cheana a athrú ó bhonn) agus chun bonneagar stórála a chruthú; á chur in iúl go soláthraítear deiseanna gnó trí fhorbairt agus cistiú a dhéanamh ar bhonneagar trasteorann le haghaidh na hidrigine idir braislí tionscal; á chur in iúl go bhfuil an comhar inmholta le hearnálacha eile a bhfuil bonneagar fuinnimh nua ag teastáil uathu toisc na pleanála spásúlachta agus na cost-éifeachtúlachta;

30.

ag tathant ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt d’úsáid na hidrigine glaise agus ríomhbhreoslaí chun an leictrea-shoghluaisteacht a chomhlánú san iompar earraí troma, san iompar poiblí agus san iompar d’uisce agus d’aer mar chuid dá straitéis maidir leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste. Chuige sin, tá gá le treochlár soiléir agus iontaofa agus le creat dlíthiúil Eorpach chun úsáid feithiclí astaíochtaí ísle a spreagadh laistigh de na córais dolaí atá ann cheana;

Tacaíocht trí bhearta airgeadais agus rialála agus státchabhair

31.

á chur i bhfáth gur gá tacú le forbairt gheilleagar na hidrigine glaise, go háirithe leathnú an táirgthe, trí chistí poiblí toisc nach bhfuil an hidrigin ghlas inmharthana go heacnamaíoch go fóill. Tá CnaR á thabhairt le fios gur cheart de bharr an athbhreithnithe ar na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh an tsaoirse atá ann le haghaidh sásraí cistiúcháin a choinneáil nó a leathnú ionas gur féidir forbairt luath sa mhargadh a spreagadh;

32.

á athdhearbhú gur comhchodanna ábhartha den chostas iad costais na hinfheistíochta agus an leictreachais araon chun hidrigin ghlas a tháirgeadh. I bprionsabal, tá sásraí soláthair agus sásraí éilimh araon ar fáil chun táirgeadh na hidrigine glaise a chur chun cinn, a bhféadfadh éifeachtaí comhchosúla a bheith acu ag brath ar a ndearadh. Is sásraí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh an tsoláthair de iad na deontais infheistíochta agus na préimheanna ar sholáthar leictreachais. Tá CnaR á chur i bhfáth gur léir ón taithí a fuarthas in earnáil an leictreachais gur féidir, ach ioncam cinnte a bheith ann ar feadh tréimhse áirithe, cur leis an acmhainneacht táirgeachta. Mar sin féin, chun brú iomaíoch a chruthú, d’fhéadfaí préimheanna ar sholáthar leictreachais agus deontais infheistíochta araon a chur ar tairiscint ón tús;

33.

á chur i bhfios gur féidir le bearta rialála éileamh ar hidrigin ghlas a chruthú in earnálacha nó réimsí áirithe ina n-úsáidtear í, agus ar an gcaoi sin féachaint leis an táirgeadh a leathnú. Cruthaítear éileamh iontaofa ar hidrigin ghlas agus ar ríomhbhreoslaí de thoradh an mhéid seo a leanas: spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú sna hearnálacha ábhartha i dteannta beart amhail cuótaí ceangailteacha measctha (e.g. aeriompar agus muiriompar), cuótaí laghdaithe GCT do sholáthróirí breosla nó tairseacha CO2 le haghaidh flíteanna (e.g. i gcás leoraithe, cóistí nó loingseoireacht intíre). I dtaca leis sin, tá CnaR ag iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as an tsaoirse dhlíthiúil atá ann cheana chun hidrigin ghlas/ríomhbhreoslaí a chur chun cinn agus RED II á chur chun feidhme acu. Rogha fhéideartha eile atá ann i gcás iarratas a dteastaíonn méideanna móra hidrigine ina gcomhair cheana is ea Conarthaí Difríochta le haghaidh Carbóin lena gcúitítear an difríocht idir costais iarbhír seachanta GCT na n-úsáideoirí agus praghas reatha CO2;

34.

á thabhairt le fios gur féidir leis an soláthar poiblí éileamh inbhraite intuartha a chruthú freisin. Is féidir ról lárnach a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis sin, ós rud é gur follas murab ionann agus riamh gur cásanna maithe iad na flíteanna atá ag bardais agus ag cuideachtaí bardasacha (e.g. glantóirí sráide, feithiclí diúscartha dramhaíola, córas iompair phoiblí áitiúil agus tacsaithe) lena léirítear na tairbhí a bhaineann le hidrigin ghlas agus teicneolaíochtaí tiomána eile atá aeráidneodrach a úsáid;

35.

ag fáiltiú roimh na tionscnaimh atá dírithe ar thionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) a chruthú le haghaidh hidrigin ghlas. Tá CnaR ag moladh don Choimisiún creat dlíthiúil a chruthú do IPCEInna le haghaidh hidrigin ghlas agus ag moladh do na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcreat sin chun an bealach a réiteach do thionscadail taispeána ar mhórscála. Ba cheart aird ar leith a thabhairt le sineirge a chruthú idir na IPCEInna éagsúla atá dírithe ar hidrigin d’fhonn “cás ubh an tsicín agus sicín na huibhe” a sheachaint i bhforbairt luachshlabhra na hidrigine glaise;

36.

ag éileamh go méadófaí an maoiniú do thionscadail taispeána le haghaidh hidrigin ghlas trí na Cistí Nuálaíochta agus Nuachóirithe a mhaoinítear faoi EU-ETS agus go gcuirfí tacaíocht spriocdhírithe ar fáil don hidrigin ghlas trí bhíthin an chláir InvestEU. Tá CnaR ag moladh do na Ballstáit agus na réigiúin Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) a úsáid, lena n-áirítear Interreg, sa tréimhse cistiúcháin atá le teacht chun braislí hidrigine réigiúnacha, áitiúla agus idir-réigiúnacha a bhunú agus a fheabhsú. Tá CnaR á chur i bhfáth an gá atá le sineirgí a chruthú ar gach leibhéal idir na cistí sin, IPCEInna, SCE agus maoiniú taighde;

37.

ag fáiltiú roimh an mbeartas maidir le hiasachtú fuinnimh a ghlac an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), lena n-áirítear cineálacha nua cur chuige dírithe ar an maoiniú a dhearadh mar chuid den chlár comhairleach InnovFin. I ndáil leis sin, tá CnaR ag iarraidh ar BEI tacaíocht shuntasach a chur ar fáil don hidrigin ghlas, i gcomhar le cineálacha cur chuige dírithe ar an maoiniú a théann chun tairbhe FBManna agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach nó a mbanc le haghaidh spreagadh;

38.

den tuairim go bhféadfadh ionad ilfhreastail ar leibhéal an Aontais rochtain ar mhaoiniú tionscadail a éascú go mór do ghnólachtaí, lena n-áirítear FBManna, agus do na réigiúin agus do na cathracha;

39.

ag moladh do na Ballstáit an tacaíocht a fhaigheann siad ón Aontas a chomhlánú le cláir náisiúnta le haghaidh tionscadail taispeána mhéadaithe, saotharlanna maireachtála, líonraí náisiúnta agus malartuithe idir na réigiúin ina dtáirgtear hidrigin, i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha nó lena gcomhlachais náisiúnta agus réigiúnacha;

40.

á chur i bhfios go bhfuil gá le comharthaí fadtéarmacha chun sreafaí airgeadais agus caipitil ón earnáil phríobháideach a stiúradh i dtreo infheistíochtaí san aistriú glas a bhfuil geilleagar hidrigine glaise mar chuid de, lena n-áirítear ar mhaithe le FBManna nuálacha. Tá CnaR ag súil le tacaíocht ón gCoimisiún ina leith sin sa straitéis maidir le maoiniú inbhuanaithe a d’fhógair sé;

An taighde agus an nuálaíocht

41.

á chur i bhfáth go bhfuil ról cinntitheach ag an taighde agus ag an nuálaíocht maidir le táirgeadh agus úsáid na hidrigine glaise a chur chun feidhme ar mhórscála. Ní mór an taighde agus an nuálaíocht sin a bheith dírithe ar chostais a ísliú i ngach cuid den luachshlabhra agus feabhas a chur ar inrialaitheacht, éifeachtúlacht agus saolré saoráidí. Dá bhrí sin, tá CnaR ag moladh go ndíreofaí go sainráite ar an hidrigin ghlas mar chuid den chlár Fís Eorpach, lena n-áirítear “Misin an Chomhaontaithe Ghlais”, an Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET) agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE);

42.

ag fáiltiú roimh an moladh ón gCoimisiún comhpháirtíocht Eorpach don hidrigin ghlan a chur chun feidhme mar chuid den chlár Fís Eorpach, mar chomharba ar an gComhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin (Comhghnóthas FCH) (13). Tá CnaR ag moladh an dearlaic airgeadais a fheabhsú chomh maith le sásra agus struchtúr na comhpháirtíochta a fheabhsú i gcomparáid le Comhghnóthas FCH, agus aird chuí á tabhairt ar thábhacht shonrach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, ionas go mbeifear in ann dá réir sin tacú le tuilleadh tionscadal taispeána maidir le hidrigin ghlas san Aontas, lena n-áirítear i ndáil leis an gComhpháirtíocht “European Hydrogen Valleys”. Tá CnaR á chur i bhfáth nach mór é a bheith mar phríomhchuspóir ag an gcomhpháirtíocht feabhas a chur ar an malartú eolais agus taithí idir na réigiúin, idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus idir gnólachtaí;

43.

ag moladh do na Ballstáit agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, mar chuid den fhreagracht atá orthu as an ardoideachas agus as an ngairmoiliúint, oiliúint gairmithe cáilithe agus eolaithe a chur chun cinn feadh an luachshlabhra hidrigine glaise ina iomláine. Ba cheart dóibh freisin seirbhísí comhairleacha iomchuí a bhunú agus a fheabhsú, go háirithe do FBManna. Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na hiarrachtaí sin, go háirithe i ndáil leis an gComhshocrú nua Eorpach do Scileanna agus leis an Limistéar Eorpach Oideachais a fógraíodh sa Straitéis nua Tionsclaíochta don Eoraip (14);

An ghné idirnáisiúnta

44.

á thabhairt le fios gur dócha, san fhadtéarma, go gcumhdófar cuid shuntasach den éileamh ar hidrigin/ríomhbhreoslaí le hallmhairí ó réigiúin ina bhfuil acmhainní inathnuaite an-mhaith; maidir leis sin, ní mór an hidrigin allmhairithe/ríomhbhreoslaí a bheith faoi réir critéir inbhuanaitheachta atá chomh dian céanna. Tá CnaR á mholadh táirgeadh hidrigine/ríomhbhreoslaí i dtríú tíortha agus iompar na hidrigine/ríomhbhreoslaí sin chuig an Aontas a chur san áireamh sa treochlár don hidrigin ghlas arna iarraidh. Ina theannta sin, tá CnaR á mholadh an comhar a bhunú le tíortha is onnmhaireoirí féideartha agus le tíortha eile is allmhaireoirí (e.g. an tSeapáin) agus sin ag céim luath chun tacú le forbairt chomhordaithe a dhéanamh ar gheilleagar idirnáisiúnta hidrigine glaine agus béim á cur ar an hidrigin ghlas. Lena chois sin, ba cheart na tionscnaimh idirnáisiúnta ábhartha amhail an Tionscnamh Hidrigine faoi chuimsiú na gcruinnithe aireachta maidir le Fuinneamh Glan agus faoi chuimsiú an “Mhisin um Nuálaíocht” a fheabhsú. Ach an oiread leis an gComhpháirtíocht “European Hydrogen Valleys”, ba cheart baint a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis an obair sin freisin.

An Bhruiséil, 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) (COM(2020) 80 final).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final).

(3)  Féach an Treochlár — Ares(2020)2722353.

(4)  De ghrá na simplíochta, úsáidfear an téarma “ríomhbhreoslaí” le tagairt a dhéanamh do bhreoslaí sintéiseacha sa chuid eile den tuairim seo.

(5)  COM(2018) 773 final.

(6)  Opinion of the European Committee of the Regions — Implementing the Paris Agreement through innovative and sustainable energy transition at regional and local level (IO C 39, 5.2.2020, lch. 72); Opinion of the Committee of the Regions — A Clean Planet for all — A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy (IO C 404, 29.11.2019, lch. 58).

(7)  Faoi scáth an Ardáin um Speisialtóireacht Chliste (S3P).

(8)  COM(2020) 102 final.

(9)  Féach Treochlár an Choimisiúin Eorpaigh – Ares(2020)2722353.

(10)  Féach an Measúnú ar Thionchar Tionscanta – Ares(2020)1350037.

(11)  Féach an Measúnú ar Thionchar Tionscanta – Ares(2020)2487772.

(12)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 i ndáil le rialacha coiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(13)  Féach an Measúnú ar Thionchar Tionscanta – Ares(2019)4972390.

(14)  COM(2020) 102 final.


1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

48


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú

Rapóirtéir:

Roby BIWER (LU/PSE), Comhalta de Chomhairle Bardais Bettembourg, Lucsamburg

Doiciméad tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Stepping up EU Action to Protect and Restore the World’s Forests [Dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú] (Ní raibh leagan GA ann tráth an fhoilsithe, teideal aistrithe ag aistritheoirí CnaR)

COM(2019) 352 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gealltanas an Choimisiúin Eorpaigh dlús a chur le hiarrachtaí chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú; á thabhairt dá aire gur oth leis raon feidhme teoranta na dtograí a cuireadh chun tosaigh;

2.

ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta ag an Aontas Eorpach le scór éigin bliain anuas chun an cumhdach foraoise a mhéadú, lena n-áirítear trí chláir mhéadaithe foraoisithe agus trí reachtaíocht dhocht foraoiseachta na mBallstát lena n-áirithítear athfhoraoisiú agus athfhás nádúrtha; buartha, mar sin féin, faoi ráta scanrúil dhíghrádú fhoraoisí an domhain, go háirithe díghrádú na bhforaoisí príomhúla, lena n-áirítear foraoisí slána agus foraoisí bainistithe araon (1);

3.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá foraoisí príomhúla mar phríomhionad bithéagsúlachta a sholáthraíonn seirbhísí éiceachórais a chuireann le sláinte an duine (úsáidí cógaisíochta, cothú, plandaí íocsláinte), leis an gcuimsiú sóisialta (an mheabhairshláinte, an fhostaíocht a chur chun cinn i gceantair thuaithe, an éiceathurasóireacht, etc.), chomh maith lena thábhachtaí atá an ról lárnach atá acu maidir leis an gcomhshaol a chosaint ar an bhfairsingiú fásaigh, ar thuilte, ar dhíghrádú an struchtúir hidrigeolaíoch, ar chreimeadh ithreach, ar adhaimsir, ar an easnamh báistí, ar aer truaillithe, etc.; á aithint freisin go gcuireann foraoisí de dhéantús an duine atá bainistithe ar bhealach inbhuanaithe, agus foraoisí dúchasacha aibí, le cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta;

4.

á aithint gur feiniméan an-chasta atá sa dífhoraoisiú a bhfuil cúiseanna éagsúla ann a spreagann é. Ar na príomhchúiseanna tá éilimh mhéadaitheacha ar bhia, beatha, bithfhuinneamh, adhmad agus tráchtearraí eile ó dhaonra domhanda atá ag fás; á chur i bhfáth gurb é an dífhoraoisiú an dara foinse is mó d’astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa agus gur mór an spreagadh é do chailliúint na bithéagsúlachta (2);

5.

á chur i bhfáth go bhféadfadh daoine agus éiceachórais araon an-chuid tairbhe a bhaint as caillteanas foraoisí a chosc, lena n-áirítear caomhnú na bithéagsúlachta, laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa trí ionsú carbóin – arb é ceann de na bearta is éifeachtaí um maolú an athraithe aeráide é – soláthar seirbhísí éiceachórais a d’fhéadfadh an fás inbhuanaithe a spreagadh agus bithgheilleagar nua foraoiseachta atá bunaithe ar shaothrú réasúnta agus inbhuanaithe na n-acmhainní;

6.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta rialála agus moltaí a chur chun tosaigh a bheidh saincheaptha chun freastal ar éagsúlachtaí sonracha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla d’fhonn gach cineál dífhoraoisithe agus díghrádaithe d’éiceachórais na bhforaoisí bunaidh lena gcuirtear stoc carbóin agus bithéagsúlacht ar fáil a chomhrac go héifeachtach agus na cistí iomchuí á gcur ar fáil san am céanna;

7.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil athbhunú na bhforaoisí, go háirithe sna réigiúin is dífhoraoisithe san Eoraip, fós ar cheann de na straitéisí is éifeachtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le maolú an athraithe aeráide. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh ról níos tábhachtaí a bheith ag méadú na gcóras agrafhoraoiseachta, trí chrainn a chur ar thalamh curaíochta agus ar fhéaraigh agus timpeall orthu;

8.

á iarraidh go mbeadh comhleanúnachas ann ó thaobh beartais de chun iarrachtaí, cuspóirí agus torthaí na mbeartas éagsúil, lena n-áirítear an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), tosaíochtaí idirnáisiúnta an Aontais, i.e. Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go 2030, Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, a bheartas trádála agus an Comhaontú Glas don Eoraip, a ailíniú i straitéis inbhuanaitheachta chuimsitheach a mbeadh cuspóirí soiléire agus bearta cur chun feidhme ag gabháil léi agus aird chuí á tabhairt ar chothromaíocht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil;

Tosaíocht 1: Lorg tomhaltais an Aontais ar thalamh a laghdú agus tomhaltas táirgí a ráthú san Aontas ó shlabhraí soláthair nach mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu

9.

á chur i bhfáth nach mór don Aontas a ráthú go mbeadh tomhaltas táirgí ó shlabhraí soláthair nach mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu i dtríú tíortha ina phointe lárnach den phróiseas chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú; á iarraidh ar an Aontas tomhaltóirí a áireamh i gcroílár an phróisis chun tionchar a imirt ar mhargaí a bhíonn ag brath ar fhoraoisí príomhúla a thiontú chun táirgí a úsáidtear go forleathan a tháirgeadh, amhail caife, cócó, ola pailme agus beostoc, ar fadhb é sin atá achrannach go leor;

10.

ag tabhairt aird ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar scriosadh an chomhshaoil i slabhraí soláthair éagsúla táirgí (e.g. pónairí soighe, ola pailme, siúcra, cócó, mairteoil, amhábhar le haghaidh bithbhreoslaí) agus cuireann CnaR i bhfios go láidir nár leor na tionscnaimh dheonacha atá déanta go dtí seo ag an earnáil phríobháideach agus an earnáil airgeadais chun an dífhoraoisiú domhanda a stopadh agus a fhreaschur; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún é a dhéanamh éigeantach na caighdeáin chomhshaoil agus na caighdeáin um Dhícheall Cuí maidir le Cearta an Duine (3) a chomhlíonadh;

11.

á thabhairt le fios gurb iad dóiteáin foraoise an bhagairt is mó ar chaomhnú éiceachóras foraoise i roinnt mhaith Ballstát agus réigiún san Aontas. Ós rud é gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na chéad fhreagróirí i gcás tubaistí, tá sé ríthábhachtach cuidiú leo chun a n-athléimneacht in aghaidh tubaistí a fheabhsú tuilleadh. Is í gníomhaíocht an phobail áitiúil chun srian a choinneáil ar thubaistí an bealach is tapa agus is éifeachtaí chun teorainn a chur leis an damáiste a dhéanann dóiteáin foraoise;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh chun rannpháirtíocht ghníomhach na dtomhaltóirí a spreagadh maidir le hearraí níos inbhuanaithe a roghnú, a chur chun cinn agus a úsáid, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, scéimeanna sonracha deimhniúcháin de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh táirgí nach mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu, lena gcomhtháthófar an scéim deimhniúcháin atá ar fáil cheana le haghaidh táirgí foraoisbhunaithe, lena ndéanfar Bainistiú Foraoisí agus an Slabhra Coimeádta (4) a áireamh i measúnú níos cuimsithí a mbeidh feidhm aige freisin maidir le táirgí nach bhfuil foraoisbhunaithe, lena gcuimseofar bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí; córais bainistithe agus táirgthe foraoisí a bheidh bunaithe ar laghdú a dhéanamh ar úsáid acmhainní nádúrtha (e.g. uisce), substaintí ceimiceacha (e.g. lotnaidicídí) agus fuinneamh (breoslaí iontaise agus fuinneamh ó fhoinsí neamh-inathnuaite fuinnimh i gcoitinne); na gnéithe sin nach mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu i dtaca le táirgí nach bhfuil foraoisbhunaithe a tháirgeadh; táirgí a chur chun cinn a bhfuil lorg carbóin theoranta acu ó thaobh iompair de (e.g. brandaí áitiúla, lorg carbóin), agus measúnaithe saolré ar tháirgí chun a dtionchar comhshaoil a thomhas agus chun comparáid a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil;

13.

á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí sa chomhrac i gcoinne na lománaíochta neamhdhleathaí trí phlean oibre FLEGT (Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí) 2018-2022 de chuid an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, go háirithe trí chur chun feidhme Rialachán Adhmaid an Aontais a neartú;

14.

á iarraidh ar an gCoimisiún táirgí de thionscnamh foraoiseachta inbhuanaithe a chur in iúl agus a chur chun cinn do thomhaltóirí ar bhealach níos fearr trí lipéad sonrach a fhorbairt ar a gcuirfear in iúl ráta dífhoraoisithe an táirge agus trí na córais Eorpacha bunachair sonraí/faisnéise atá ar fáil cheana a fheabhsú/a chomhtháthú (e.g. bunachar sonraí an Éicilipéid) ina mbeidh sé éasca táirgí a aithint nach mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu;

15.

á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta a thionscnamh chun cruinneas na faisnéise agus na measúnuithe a bhailítear sa chóras Eorpach faisnéise a sheiceáil d’fhonn feabhas a chur ar an iontaoibh san fhaisnéis a chuirtear ar fáil, lena n-áirítear ceanglais láidre inrianaitheachta lena ráthaítear tionscnaimh táirgí agus córais níos láidre faireacháin agus forfheidhmithe chun an chalaois agus an lipéadú mícheart ar tháirgí a sheachaint; á mholadh go gcuirfí beartais foinsithe eile san áireamh, go háirithe i dtíortha ina bhfuil ardráta dífhoraoisithe agus cumhdach íseal deimhniúcháin agus/nó ardráta de lománaíocht neamhdhleathach, e.g. oibleagáid fianaise a chur ar fáil gur foinsíodh táirgí ar bhealach inbhuanaithe, lena n-áirítear doiciméid a léiríonn trádáil earraí idir oibreoirí agus faisnéis faoi bheartais soláthair na bpáirtithe uile sa slabhra soláthair;

16.

á thathant ar institiúidí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus a n-iompar, a soláthairtí agus a gcreatchonarthaí a mhodhnú chun dul i dtreo úsáid táirgí de thionscnamh foraoiseachta inbhuanaithe; á iarraidh, thairis sin, ar a bhaill foirne agus ar a chomhaltaí na hastaíochtaí carbóin a bhaineann leis na heitiltí a ghlacann siad mar chuid dá n-obair in CnaR a fhritháireamh trí thacaíocht airgeadais a thabhairt do thionscadail foraoiseachta inbhuanaithe;

17.

á chur i bhfáth go dtairgtear, tríd an soláthar poiblí, a sheasann do thuairim is 14 % den olltáirgeacht intíre (OTI) san Aontas, spreagadh a d’fhéadfadh a bheith láidir a dhóthain chun conarthaí soláthair táirgí níos inbhuanaithe a áirithiú chun saothar, earraí nó seirbhísí a cheannach ó chuideachtaí. Chuige sin, dá gcuirfí cosc faoi Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí ar údaráis phoiblí táirgí a cheannach a mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu, d’fhéadfadh tionchar dearfach ábhartha a bheith aige sin ar chur chun cinn táirgí nach mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu;

18.

á thabhairt le fios go bhféadfaí sláinte na saoránach agus an phláinéid a chur chun cinn agus a chaomhnú i gcomhréir le Dearbhú C40 “Good Food Cities” (5) dá gcuirfí chun cinn gur cheart iompar an tomhaltóra a athrú go haistí bia folláine atá bunaithe ar phlandaí ina itear cuid mhór torthaí agus glasraí (ar cheart a dheimhniú nach mbíonn an dífhoraoisiú mar thoradh orthu), rud a laghdódh an tomhaltas domhanda feola. Ba cheart go léireofaí leis an athrú sin moltaí na straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, ar straitéis í a chothaíonn tomhaltas atá, a mhéid is féidir, áitiúil agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus shláinte an duine de;

19.

á mholadh don Choimisiún teacht ar shineirgí agus naisc le tionscadail agus tionscnaimh atá ann cheana a bhfuil baint acu le foraoisí uirbeacha nó peirea-uirbeacha a chruthú, maille le conairí éiceolaíocha ar an leibhéal fonáisiúnta, náisiúnta agus Eorpach agus lasmuigh den Eoraip; á thabhairt le fios go bhfuil cuid mhór tairbhí comhshaoil agus sóisialta (seirbhísí éiceachórais) ag baint leis na tionscnaimh sin do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gcathracha nasctha, lena n-áirítear aer glan, rialáil ar shreabhadh uisce, cosaint ithreach ar uisce agus ar ghaothchreimeadh, talamh díghrádaithe a athbhunú, athléimneacht in aghaidh tubaistí agus an athraithe aeráide, teochtaí níos ísle lae i rith an tsamhraidh, soláthar bia, bithéagsúlacht uirbeach níos mó, sláinte fhisiciúil agus mheabhrach níos fearr, luachanna maoine níos airde, etc.;

20.

á iarraidh go mbeadh saoránaigh na hEorpa agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gníomhaithe tráchtála agus geallsealbhóirí a dhíolann a gcuid táirgí ar an margadh Eorpach (e.g. cuideachtaí ilnáisiúnta) rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin; á thabhairt le fios an ról atá acu maidir le cosaint na bhforaoisí agus an gá atá ann an trédhearcacht a mhéadú ina dtuairisciú corparáideach ar fhreagrachtaí sóisialta agus comhshaoil (i gcomhréir le Treoir 2014/95/AE);

Tosaíocht 2: Oibriú i gcomhar le tíortha táirgthe chun an brú ar fhoraoisí a laghdú agus chun a áirithiú nach mbeidh baint ag an gcomhar AE um fhorbairt leis an dífhoraoisiú agus Tosaíocht 3: An comhar idirnáisiúnta a neartú d’fhonn stop a chur leis an dífhoraoisiú agus le díghrádú na bhforaoisí agus athbhunú na bhforaoisí a spreagadh

21.

ag tabhairt aird ar an bhfíoras gurb iondúil gur i dtíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad a tharlaíonn an dífhoraoisiú. Is ar an leibhéal áitiúil a thomhlaítear an chuid is mó den adhmad a tháirgtear sna tíortha sin ach, ina ainneoin sin, tá an glacadh atá leis an deimhniú maidir le hadhmad fós íseal de bhrí go bhfuil an costas a bhaineann le deimhniú a fháil ró-ard, go háirithe do shealbhóirí beaga atá in iomaíocht freisin le hadhmad traidisiúnta níos saoire nó le hadhmad a lománaítear go neamhdhleathach, fiú. Ar an gcaoi chéanna, ní mór aird ar leith a thabhairt ar an gcaoi a ndéantar táirgí foraoisbhunaithe a dheimhniú, amhail rubar nádúrtha, arna dtáirgeadh ag líon mór sealbhóirí beaga;

22.

á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an oideachas comhshaoil agus é a dhéanamh ina phríomhghné i dtíortha atá i mbéal forbartha ina bhfuil foraoisí príomhúla suite chun feasacht a ardú sna tíortha sin maidir leis an tábhacht a bhaineann lena n-acmhainní comhshaoil féin; á thabhairt le fios go bhféadfadh cuid mhór tairbhí a bheith ag baint le rannpháirtíocht dhíreach na saoránach sna tionscnaimh oideachais comhshaoil sin, mar shampla:

a)

eolas níos fearr ar a thábhachtaí atá na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn foraoisí a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe agus foraoisí príomhúla don tsochaí;

b)

aitheantas a thabhairt do na tairbhí iomadúla díreacha agus indíreacha atá ag baint leis an mbainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí (SFM);

c)

seans níos mó go mbeadh torthaí tairbhiúla ag baint le gníomhaíochtaí áitiúla chun an dífhoraoisiú agus díghrádú na bhforaoisí a theorannú; tuilleadh deiseanna chun cosaint na n-acmhainní nádúrtha a chlaochlú chun na hacmhainní sin a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus, ar an gcaoi sin, cur le poist ghlasa agus le fás glas don daonra áitiúil, etc.;

23.

á thabhairt le fios go ndéanfaidh an Coimisiún machnamh ar fhoraoisí príomhúla a mholadh mar láithreáin oidhreachta UNESCO chun iad a chosaint ar an dífhoraoisiú agus chun gurbh fhearr an deis go dtabharfaí aird an phobail ar chosaint na láithreán sin;

24.

á chur i bhfáth gur téarma lárnach í an bhithéagsúlacht, maille leis an ilfheidhmiúlacht, ar cheart a áireamh agus creat beartais foraoiseachta an Aontais á phlé; á thabhairt le fios go gcailltear an bhithéagsúlacht gach uair a tharlaíonn an dífhoraoisiú trí fhoraois phríomhúil nó foraois dhúchasach aibí a scriosadh, rud atá tipiciúil i gcás foraoisí agus a bheadh deacair a athbhunú de bhrí go mbeadh an limistéar an-díghrádaithe;

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Straitéis nua Bhithéagsúlachta uile-Aontais do 2030, lena n-ardaítear leibhéal uaillmhéine an Aontais chun gníomhaíochtaí a spreagadh d’fhonn stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus díghrádú na n-éiceachóras ar fud na hEorpa agus an tAontas a chur chun cinn mar cheannaire domhanda chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim dhomhanda na bithéagsúlachta, lena n-áirítear, e.g. limistéir faoi chosaint a bhunú do 30 %, ar a laghad, den talamh, spriocanna AE a thabhairt isteach i dtaca le hathbhunú an dúlra atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus cosaint níos déine a thabhairt d’fhoraoisí príomhúla agus cianaosta an Aontais atá fós ann, bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí tánaisteacha a chur i bhfeidhm (6), éiceachórais dhíghrádaithe agus talamh a athbhunú trí fhoraoisí, ithreacha agus bogaigh a athbhunú agus trí spásanna glasa a chruthú i gcathracha;

26.

á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos láidre chun na spriocanna a bhaineann leis an bhforaoiseacht a bhaint amach faoi chuimsiú Straitéis nua Bhithéagsúlachta an Aontais 2030 agus chun teacht ar chomhaontú maidir leis an gCreat Beartais Bithéagsúlachta Domhanda tar éis 2020 a ghlacfar ag an 15ú Comhdháil de na Páirtithe atá ar na bacáin le linn an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (UN CBD COP 15), atá bunaithe freisin ar an meastóireacht ar chur chun feidhme straitéis 2020;

27.

teann air go ndéanfaí comhaontuithe trádála a mheasúnú i gcoinne an chuspóra a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus go mbeidh siad bunaithe ar an bhforbairt inbhuanaithe; á iarraidh go neartófaí a gcaibidlí maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne an dífhoraoisithe agus go ndéanfaí an dífhoraoisiú a chomhtháthú sna measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol. I ndáil leis sin, ó tharla go bhfuil an dífhoraoisiú in Amasóin na Brasaíle tar éis buaicleibhéal a bhaint amach agus méadú 84 % tagtha ar dhóiteáin foraoise (7), tá CnaR á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit daingniú chomhaontú AE-Mercosur a chur ar fionraí go dtí go n-aisiompóidh rialtas na Brasaíle an treocht sin;

28.

á iarraidh go gcuirfí leis an bhforaoiseacht ghníomhach, oiriúnaitheach agus rannpháirteach i Straitéis Foraoiseachta an Aontais tar éis 2020 d’fhonn an bhithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, leas iomlán a bhaint as na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais. Ba cheart go gcuirfeadh na gníomhaíochtaí agus na hiarrachtaí sin go léir le beartas bithéagsúlachta domhanda atá níos uaillmhianaí, agus é a chur chun cinn, ina n-áiteodh an Eoraip go mbeadh ceannaireacht fhreagrach aici;

Tosaíocht 4: Maoiniú a atreorú chun tacú le cleachtais níos inbhuanaithe maidir le talamhúsáid agus Tosaíocht 5: Tacú le hinfhaighteacht agus cáilíocht na faisnéise a bhaineann le foraoisí agus slabhraí soláthair tráchtearraí agus leis an rochtain ar an bhfaisnéis sin. Tacú leis an taighde agus an nuálaíocht

29.

á chur i bhfáth go gcuirfear na bearta a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm chun foraoisí san Aontas a chosaint agus a athbhunú in iúl do shaoránaigh na hEorpa chun an tacaíocht do na bearta sin a mhéadú, maille lena n-éifeacht;

30.

á iarraidh ar an gCoimisiún bunachar sonraí Eorpach a bhunú ina mbaileofar tionscadail atá ar bun faoi láthair agus tionscadail a bhí ann roimhe seo idir an tAontas agus tríú tíortha, mar aon le tionscadail dhéthaobhacha idir Ballstáit an Aontais agus tríú tíortha, d’fhonn a dtionchar ar fhoraoisí an domhain a mheasúnú; ag leagan béim ar rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i gcur chun feidhme na dtionscadal sin;

31.

á thathant ar an Aontas straitéis um an Tionsclaíocht, an Digitiú agus an Dícharbónú a sheoladh chun ábhair éiceolaíocha athsholáthair adhmadbhunaithe a chur chun cinn ina gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas faoina dtionscnamh agus a lorg carbóin agus chun deimhniú nach bhfuil an dífhoraoisiú mar thoradh orthu a spreagadh agus úsáid an deimhnithe sin a chur chun cinn in earnálacha ar nós earnáil na tógála, earnáil na dteicstílí, earnáil na gceimiceán agus thionscal na pacáistíochta;

32.

á iarraidh ar an Aontas tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chláir thaighde agus faireacháin, amhail Copernicus, clár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne agus cláir faireacháin eile chun maoirseacht a dhéanamh ar shlabhraí soláthair tráchtearraí ionas gur féidir rabhaidh a shainaithint agus a thabhairt go luath maidir leis na táirgí ba chúis leis an dífhoraoisiú nó le díghrádú an chomhshaoil le linn a bpróisis táirgthe;

33.

á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint le Gníomhaireacht Eorpach um Fhoraoiseacht a bhunú i bhfianaise a thábhachtaí atá sé foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú.

An Bhruiséil, an 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://www.cbd.int/forest/definitions.shtml.

(2)  https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S0959378018314365#fig0005.

(3)  Tuigtear, go ginearálta, gurb é atá i gceist le Dícheall Cuí maidir le Cearta an Duine na bealaí inar féidir le cuideachtaí an tionchar diúltach atá ag a ngníomhaíochtaí, nó ag a ngníomhaíochtaí a bhaineann lena gcaidrimh ghnó, ar chearta an duine a shainaithint, a chosc, a mhaolú agus a chur san áireamh. https://corporatejustice.org/priorities/13-human-rights-due-diligence.

(4)  e.g. an Chomhairle um Maoirseacht Foraoisí® (FSC®), Programme for the Endorsement of Forest CertificationTM (PEFCTM) [Clár um Fhormhuiniú na nDeimhnithe Foraoisí], etc.

(5)  Faoi Dhearbhú C40 “Good Food Cities”, geallann cathracha an méid seo a leanas a dhéanamh: beartais soláthair bia a ailíniú leis an aiste bia fholláin don phláinéad (“Planetary Health Diet”) ina itear bia a fhaightear ón talmhaíocht orgánach agus tacú le tomhaltas folláin atá bunaithe ar phlandaí i gcathracha trí imeacht ó aistí bia atá neamh-inbhuanaithe agus mífholláin https://www.c40.org/press_releases/good-food-cities.

(6)  https://www.cbd.int/forest/definitions.shtml.

(7)  Institiúid Náisiúnta na Brasaíle um Spástaighde, 2019.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste na Réigiún

An 139ú seisiún iomlánach, 30 Meitheaamh-2 Iúil 2020

1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

53


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Pacáiste Seirbhísí: dearcadh nuashonraithe údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa

Rapóirtéir:

Jean-Luc VANRAES (BE/Renew Europe), Comhalta de Chomhairle Bardais Uccle

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach ríomhchárta Eorpach seirbhísí agus saoráidí riaracháin gaolmhara

COM(2016) 824 final

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat dlíthiúil agus oibríochtúil an ríomhchárta Eorpaigh seirbhísí arna thabhairt isteach le Rialachán [Rialachán maidir le ríomhchárta Eorpach seirbhísí]

COM(2016) 823 final

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tástáil comhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha

COM(2016) 822 final

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forfheidhmiú Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, lena leagtar síos nós imeachta um fhógra a thabhairt i leith scéimeanna údarúcháin agus ceanglais a bhaineann le seirbhísí, agus lena leasaítear Treoir 2006/123/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

COM(2016) 821 final

Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on reform recommendations for regulation in professional services [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i ndáil le moltaí maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar rialáil na seirbhísí gairmiúla] (Níl leagan GA ann tráth an fhoilsithe, teideal aistrithe ag aistritheoirí CnaR)

COM(2016) 820 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

An tábhacht agus an phráinn a bhaineann leis an Margadh Aonair le haghaidh seirbhísí a chomhlánú

1.

á thabhairt dá aire gur éacht mór de chuid bheartais an Aontais é an Margadh Aonair, atá mar bhonn agus mar thaca leis an iomaíochas, leis an rathúnas agus le folláine na dtomhaltóirí san Eoraip; á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn Margadh Aonair dea-fheidhmiúil le borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, faoin nuálaíocht, agus faoin bhfostaíocht ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus go dtéann Margadh Aonair a fheidhmíonn ar bhealach níos fearr chun sochair do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, atá ina soláthraithe poiblí tábhachtacha, lena n-áirítear in earnáil na seirbhísí;

2.

á aithint go bhfuil obair fós le déanamh ar an Margadh Aonair agus go bhfuil bacainní suntasacha fós roimhe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tiomantas níos mó ó ghníomhaithe institiúideacha ar gach leibhéal rialachais chun é a chur chun feidhme agus a dhoimhniú agus go bhfuil freagrachtaí tábhachtacha ar na Ballstáit go háirithe chun cur chun feidhme éifeachtach an Mhargaidh Aonair a áirithiú;

3.

á chur i bhfios go láidir gur féidir tionchar críochach tábhachtach a bheith ag tograí beartais maidir leis an Margadh Aonair agus gur cheart an tionchar sin a mheasúnú go cuí. Cuidíonn measúnuithe tionchair chríochaigh leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag tograí reachtacha a thomhas ar bhealach cuimsitheach agus cothrom, lena gcumhdaítear réimse leathan gnéithe agus tá siad bunriachtanach do go leor réigiún nach bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas reachtach ach a chuireann an reachtaíocht chun feidhme. Tá CnaR á athdhearbhú go bhfuil sé ullamh chun a shaineolas a chur ar fáil do na measúnuithe sin;

4.

á iarraidh go n-urramófar prionsabail an fhéinrialtais áitiúil, a mhéid is féidir, agus an Margadh Aonair á chur chun feidhme; á mheabhrú go n-aithnítear sa Chairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil (1) go bhfuil na húdaráis áitiúla ar cheann de na bunchlocha tábhachtacha in aon chóras daonlathach, go gcuirtear go mór le tógáil na hEorpa atá bunaithe ar phrionsabail an daonlathais agus ar dhílárú na gcumhachtaí nuair a dhéantar an féinrialtas áitiúil a chosaint agus a threisiú agus, chuige sin, nach mór mórchuid neamhspleáchais a bheith ag na húdaráis áitiúla i dtaca lena bhfreagrachtaí, na bealaí agus na modhanna trína bhfeidhmítear na freagrachtaí sin agus na hacmhainní is gá chun iad a chomhlíonadh;

5.

den bharúil gur cheart machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht cur chuige níos díláraithe a shaothrú i dtaca le cur chun feidhme an Mhargaidh Aonair, ar cur chuige é lena ndéanfaí an fhreagracht maidir le faireachán agus rialú chur i bhfeidhm ceart dhlí an Aontais a fhágáil faoi ghníomhaireachtaí ar leibhéal na mBallstát agus atá bunaithe ar an gcur chuige díláraithe maidir le cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais; den tuairim go gcabhródh cur chuige díláraithe den chineál sin leis an ualach riaracháin a laghdú ar gach leibhéal agus go gcuirfeadh sé úinéireacht na mBallstát ar an Margadh Aonair chun cinn, rud atá bunriachtanach dá fheidhmiú cuí;

6.

á thabhairt le fios gur i réimse na seirbhísí atá go leor de na bacainní eacnamaíocha is suntasaí atá fós ann;

7.

á chur i bhfios go láidir gur comhpháirt thábhachtach de gheilleagar na hEorpa iad seirbhísí, a sheasann do thuairim is 70 % d’OTI agus de phoist (2); á thabhairt le fios, áfach, gur saintréithe d’earnáil seirbhísí an Aontais iad an méadú mall táirgiúlachta agus an iomaíocht lag, maille leis an éagsúlacht mhór d’earnálacha seirbhísí a bhfuil saintréithe éagsúla acu; á thabhairt dá aire nach seasann an trádáil i seirbhísí laistigh den Aontas ach d’aon trian den trádáil earraí laistigh den Aontas agus nach bhfuil aon chomhartha ann go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i ndáil leis seo;

8.

á chur i bhfáth go bhfuil na bacainní gan údar atá ar sholáthar seirbhísí trasteorann, mar thoradh go príomha ar rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta éagsúla, i measc na bpríomhchúiseanna le drochfheidhmíocht san earnáil sin agus go mbeadh deiseanna níos fearr ag soláthraithe seirbhísí agus tomhaltóirí leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Mhargaidh Aonair dá gcuirfí deireadh leis na bacainní sin; á chur i bhfáth gur cheart aon ghníomhaíocht bhreise a bheith bunaithe ar riachtanais chruthaithe na soláthraithe seirbhísí; á chur i bhfáth go bhféadfar go mbeidh gá le cur chuige níos earnáilsonraí mar gheall ar éagsúlacht ollmhór na n-earnálacha seirbhísí agus go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag na rialtais réigiúnacha agus áitiúla chun réiteach a fháil ar na fadhbanna a thagann chun cinn;

9.

á chur i bhfáth gurb é atá i seirbhísí ionchur idirmheánach tábhachtach sa gheilleagar mar chuid de shlabhraí luacha domhanda agus go bhfuil seirbhísí iomaíocha, go háirithe seirbhísí gnó, ríthábhachtach don táirgiúlacht agus don iomaíochas costais in earnálacha eile, amhail an earnáil déantúsaíochta, atá riachtanach do gheilleagair réigiúnacha agus áitiúla;

10.

á thabhairt le fios, deich mbliana tar éis di teacht i bhfeidhm, nach bhfuil an acmhainneacht atá sa Treoir um Sheirbhísí chun feabhas a chur ar shaorghluaiseacht seirbhísí á réadú ina hiomláine go fóill agus go bhfuil réimse leathan bacainní fós ar sholáthraithe i raon earnálacha seirbhísí nuair is mian leo iad féin a bhunú i mBallstát eile nó seirbhísí a sholáthar ar bhonn sealadach trasteorann; á thabhairt dá aire go léirítear i meastacháin go bhféadfaí 1,7 % a chur le OTI an Aontais dá rachfaí i ngleic leis na bacainní ar an trádáil trasteorann agus ar an infheistíocht i seirbhísí faoin gcreat a cuireadh ar fáil cheana leis an Treoir um Sheirbhísí;

11.

á thabhairt dá aire nár glacadh ach ceann amháin de na tograí reachtacha ón gCoimisiún atá sa phacáiste seirbhísí, mar atá an treoir maidir le tástáil comhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha; á thabhairt dá aire, thairis sin, go bhfuil bac ar na tograí reachtacha maidir leis an ríomhchárta Eorpach seirbhísí sa phróiseas reachtach agus gur beag an dul chun cinn atá déanta ar an treoir atá beartaithe lena leagtar síos nós imeachta um fhógra a thabhairt i leith scéimeanna údarúcháin agus ceanglais a bhaineann le seirbhísí;

12.

á thathant ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí gnó agus gairmiúla is coitianta i ngach Ballstát a bhféadfadh an Treoir um Sheirbhísí atá ann faoi láthair a bheith tairbheach dóibh ionas gur féidir liosta cuimsitheach de chostais agus scrogaill neamhriachtanacha d’fhiontraithe a chur le chéile a luaithe is féidir; á thathant freisin ar an gCoimisiún moladh a dhréachtú, mar ábhar práinne, ina mbeidh gnáthshamhail do phointí teagmhála aonair – dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Treoir – ionas gur féidir leis na Ballstáit samhail chomhchoiteann a leanúint chun é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir do sholáthraithe iad a úsáid ina dteangacha éagsúla, mar a dhéantar i réimse na rialachán teicniúil go han-éifeachtúil agus ar íoschostais aistriúcháin;

13.

á thabhairt dá aire go bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith ag an rialú ó CBAE maidir le cás Visser Vastgoed (3) ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha; den bharúil gur cheart aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí sin le reachtaíocht an Aontais agus gurb í an treoir um fhógraí atá beartaithe an creat cuí lenar cheart tabhairt faoi sin;

14.

den bharúil go bhféadfadh sé nach mbeadh impleachtaí chás Visser Vastgoed teoranta d’oibleagáidí fógra a thabhairt maidir le pleananna criosaithe úsáid talún a bhaineann le seirbhísí miondíola ach go bhféadfadh impleachtaí a bheith aige ar réimsí eile freisin;

15.

á aithint a thábhachtaí atá Margadh Aonair dea-fheidhmiúil do réigiúin teorann agus creideann sé gur féidir ról úsáideach a bheith ag ionstraimí comhair trasteorann de chuid an Aontais, amhail GECCanna (4) i ndáil leis sin;

Ríomhchárta Eorpach seirbhísí

16.

á thabhairt dá aire gur dhiúltaigh Parlaimint na hEorpa don togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le ríomhchárta seirbhísí agus gur iarr sí ar an gCoimisiún an comhad a tharraingt siar; á thabhairt dá aire freisin nár éirigh leis an gComhairle teacht ar chomhsheasamh i dtaca leis an gcomhad sin agus tá CnaR á thabhairt le fios gur cheart, má táthar chun tacú le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann, bearta ón Treoir um Sheirbhísí atá ann faoi láthair, amhail na pointí teagmhála aonair, a chur chun feidhme mar is ceart;

17.

á mheabhrú do na comhreachtóirí gurbh é an cuspóir a bhí ag an ríomhchárta seirbhísí ón tús an chastacht riaracháin agus na costais riaracháin a laghdú do sholáthraithe seirbhísí trasteorann, go háirithe do FBManna, agus foirmiúlachtaí riaracháin á gcomhlíonadh acu, rud nár éirigh leis an togra a bhaint amach;

18.

á thabhairt le fios go mbeidh na costais chéanna fós le híoc ag soláthraithe seirbhísí trasteorann ó thaobh foirmiúlachtaí riaracháin a chomhlíonadh mura gcuirfear ríomhchárta seirbhísí chun feidhme agus go raibh an ríomhchárta seirbhísí ceaptha na foirmiúlachtaí sin a laghdú faoina leath, rud a rachadh go mór chun sochair do FBManna;

19.

á mheabhrú, dá bhrí sin, gur gá bearta tábhachtacha a dhéanamh chun an córas riaracháin a shimpliú ó thaobh soláthraithe seirbhísí de agus ó thaobh na gcostas neamhriachtanach atá rompu fós; á thabhairt le fios, áfach, nach mór an t-ualach reachtach, teicniúil agus riaracháin ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhaineann le tabhairt isteach an ríomhchárta seirbhísí a bheith comhréireach leis na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo;

20.

á mheabhrú do na comhreachtóirí go sonraítear sa Treoir um Sheirbhísí nach bhféadfaidh na Ballstáit ceanglais a dhúbailt atá comhionann leis na ceanglais atá comhlíonta ag an soláthraí i mBallstát eile cheana féin; á thabhairt dá aire, áfach, nach bhfuil sé sin á chur i bhfeidhm go leordhóthanach i gcleachtas agus, dá bhrí sin, go bhfuil na ceanglais chéanna ar sholáthraithe seirbhísí agus atá ar chuideachtaí baile cé gur chomhlíon siad ceanglais choibhéiseacha nó chomhchosúla ina mBallstát dúchais cheana féin;

21.

á mheabhrú do na comhreachtóirí go raibh castacht an chomhair idir údaráis náisiúnta agus an t-ualach riaracháin a bhaineann leis an nós imeachta beartaithe maidir leis an ríomhchárta seirbhísí i measc na bpríomhchúiseanna nár thángthas ar chomhréiteach sa chaibidlíocht maidir leis an tsaincheist sin. I ndáil leis sin, tá CnaR á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach díriú ar rialacha simplí, soiléire maidir le comhar idir na húdaráis ina thograí amach anseo;

22.

á thabhairt le fios go bhfuil an éagsúlacht shuntasach ó thaobh foirm dhlíthiúil agus ó thaobh ceanglais scairshealbhóra ar fud na mBallstát ina bac fós ar an tsaoirse bhunaíochta in earnáil na seirbhísí gnó;

23.

á thabhairt dá haire, ar an gcaoi chéanna, go mbíonn deacrachtaí móra ag soláthraithe seirbhísí cumhdach árachais slánaíochta gairmiúla a fháil, agus ceangal dlí orthu é a bheith acu, nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid seirbhísí a thairiscint i mBallstát eile;

24.

á thabhairt le fios freisin nach ndéantar an t-idirdhealú is gá i gcónaí i ndlíthe earnála náisiúnta idir na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí atá ag iarraidh iad féin a bhunú agus maidir leo siúd atá ag iarraidh seirbhísí trasteorann a sholáthar ar bhonn sealadach, rud a fhágann go bhfuil éiginnteacht agus ceanglais rialála dhíréireacha ann do sholáthraithe seirbhísí trasteorann;

25.

in aiféala nár cuireadh deireadh leis na bacainní thuasluaite agus go bhfuil siad fós ag cur leis an gcomhtháthú íseal seirbhísí sa Mhargadh Aonair faoin gcreat dá bhforáiltear cheana leis an Treoir um Sheirbhísí;

26.

á thathant, dá bhrí sin, ar na hinstitiúidí eile teacht ar chomhthuiscint chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a bhfuil sé i gceist, leis an togra reachtach don ríomhchárta, dul i ngleic leo, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí é a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr bunaithe ar an Treoir um Sheirbhísí;

27.

á aithint go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit maidir le critéir incháilitheachta chun gur féidir le soláthraithe seirbhísí páirt a ghlacadh i dtairiscintí, ar critéir iad a d’fhéadfadh a bheith ina mbac ar an Margadh Aonair; ba cheart, ar an gcúis sin, acmhainneacht ionstraimí an Aontais a úsáid chun na cineálacha cur chuige sin a chuíchóiriú nuair is féidir;

28.

ag tarraingt aird ar na forálacha sa Treoir um Sheirbhísí a bhfuil sé d’aidhm acu gníomhaíochtaí trasteorann a mhéadú agus fíormhargadh aonair do sheirbhísí a fhorbairt trí rialacha gairmiúla a chóineasú níos mó ar an leibhéal Eorpach agus tá sé á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tionscnaimh a mholadh chun comhlachais ghairmiúla a dhreasú ar an leibhéal Eorpach d’fhonn leas a bhaint as na deiseanna sin chun saorghluaiseacht soláthraithe seirbhísí a éascú;

29.

ag léiriú a thábhachtaí atá an Treoir um Sheirbhísí agus an méid a chuireann sí le saorghluaiseacht seirbhísí sa Mhargadh Aonair; á chur i bhfios san am céanna go mbíonn dúshláin iomadúla roimh ghnólachtaí, go háirithe FBManna agus údaráis phoiblí, agus rialacha na Treorach á gcur i bhfeidhm acu;

Nós imeachta um fhógra a thabhairt

30.

á thabhairt dá aire an rialú ó CBAE maidir le cás Visser Vastgoed, maille leis na héiginnteachtaí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (5), go háirithe i ndáil leis an amhras atá ann faoin oibleagáid fógra a thabhairt; á thabhairt dá aire, de bhreis air sin, go bhféadfadh sé nach mbeadh an raon feidhme teoranta do sheirbhísí miondíola agus do phleanáil úsáide talún amháin, ach go bhféadfadh sé difear a dhéanamh freisin do ghníomhaíochtaí rialála eile na n-údarás áitiúil agus réigiúnach;

31.

den tuairim go bhfuil deis ann de thoradh feabhas a chur ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoin bPacáiste Seirbhísí, is é sin aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá tagtha chun cinn de bharr an rialaithe ó CBAE agus tá sé á iarraidh ar na comhreachtóirí a n-iarrachtaí a dhíriú ar réitigh a fháil le linn na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair faoin nós imeachta um fhógra a thabhairt, lena n-áirithítear freisin go ráthóidh an nós imeachta an deimhneacht dhlíthiúil is gá;

32.

á chur i bhfáth go bhfuil dúshláin roimh roinnt mhaith údaráis áitiúla agus réigiúnacha ó thaobh acmhainneachta agus acmhainní de agus iad ag dul i ngleic leis an ualach riaracháin a bhaineann leis an oibleagáid dhlíthiúil fógra a thabhairt – i bhfianaise an rialaithe ó CBAE – agus gur cheart an méid sin a chur san áireamh in aon nós imeachta nua um fhógra a thabhairt chun an t-ualach riaracháin sin a laghdú a mhéid is féidir;

33.

á thabhairt le fios gur gá an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir na hiarrachtaí a cheanglaítear leis na hoibleagáidí fógra a thabhairt agus an breisluach a bhaineann le cuspóirí na Treorach um Sheirbhísí a bhaint amach agus á chur san áireamh gur beag tionchar a bhíonn ag formhór na rialachán áitiúil agus réigiúnach ar an Margadh Aonair agus gur dócha go gcomhlíonfaidh siad ceanglais na Treorach um Sheirbhísí;

34.

ag cur béim air gur cheart a sheachaint go gcuirfeadh aon nós imeachta nua um fhógra a thabhairt aon mhoilleanna neamhriachtanacha ar ghlacadh na rialachán áitiúil agus réigiúnach, ós rud é go mbíonn drochthionchar ag na moilleanna sin ar na geallsealbhóirí go léir lena mbaineann agus go gcuireann siad bac ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus ar infheistíochtaí (amhail san earnáil miondíola agus i bhforbairt réadmhaoine ghaolmhar);

35.

á iarraidh go mbeadh an Coimisiún Eorpach trédhearcach agus oscailte go leor don idirphlé maidir le haon nós imeachta nua um fhógra a thabhairt, go háirithe sa chéim den nós imeachta ina ndéanann an Coimisiún measúnú ar cibé atá nó nach bhfuil rialachán áitiúil nó réigiúnach ag cloí leis an Treoir um Sheirbhísí;

36.

teann air gur gá an Treoir um Sheirbhísí a chur chun feidhme go héifeachtach agus tá sé á mholadh don Choimisiún Eorpach, dá bhrí sin, tacar critéar cainníochtúil agus/nó cáilíochtúil a chur le chéile chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcineál rialachán áitiúil nó réigiúnach a d’fhéadfadh a bheith díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí, gan an díolúine sin a bheith ina bac ar chur chun feidhme na Treorach um Sheirbhísí;

37.

á mholadh don Choimisiún Eorpach féachaint an bhfuil eilimintí díláraithe den chur chun feidhme indéanta, lena n-áirítear fógra a thabhairt, atá nasctha le critéir chainníochtúla agus/nó cháilíochtúla, ós rud é go bhféadfadh sé sin cur le héifeachtúlacht an chur chun feidhme agus go bhféadfaí go ndéanfaí measúnú níos cruinne ar leas an phobail ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil dá bharr; ar an gcaoi sin, d’urramófaí prionsabal an fhéinrialtais áitiúil agus prionsabal na coimhdeachta;

38.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na comhréireachta agus an leasa phoiblí mar a chuirtear i bhfeidhm iad sa Treoir um Sheirbhísí, agus tá sé ag cur i bhfios go láidir sa chomhthéacs rialála áitiúil agus réigiúnach nach n-áirítear i raon feidhme Aithris 9 na Treorach um Sheirbhísí rialacha maidir le talamh a fhorbairt nó a úsáid agus pleanáil baile agus tuaithe.

An Bhruiséil, an 1 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Comhairle na hEorpa, 1985.

(2)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Single Market Performance Report 2019 [Tuarascáil 2019 ar Fheidhmíocht an Mhargaidh Aonair], SWD(2019) 444 final (Níl leagan GA ann tráth an fhoilsithe, teideal aistrithe ag aistritheoirí CnaR).

(3)  Cásanna Uamtha C-360/15 agus C-31/16 arna gcinneadh an 30 Eanáir 2018.

(4)  Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach

(5)  Tá os cionn 95 000 bardas san Aontas Eorpach, a bhfuil éagsúlachtaí móra eatarthu ó thaobh méide agus acmhainneachta de. Sa Ghearmáin agus san Ostair amháin, d’fhéadfadh, i bprionsabal, suas le 250 000 plean spáis áitiúil teacht faoi raon na Treorach um Sheirbhísí agus faoina hoibleagáid fógra a thabhairt (Tuarascáil Eatramhach dar dáta an 15 Eanáir 2020 maidir le staidéar a choimisiúnaigh CnaR ar an tionchar a bheidh ag an treoir um fhógraí ó CE ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bhfianaise an rialaithe ó CBAE ó mhí Eanáir 2018).


1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

58


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Dlí Aeráide Eorpach: bunú an chreata chun aeráidneodracht a bhaint amach

Rapóirtéir:

Juan Manuel MORENO BONILLA (ES/PPE), Uachtarán Réigiún na hAndalúise

Doiciméad tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach)

COM(2020) 80 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)

Is é is aidhm do ghníomhaíocht aeráide an Aontais agus na mBallstát daoine agus an pláinéad, leas, rathúnas, sláinte, córais bhia, sláine na n-éiceachóras agus ár mbithéagsúlacht a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide, i gcomhthéacs chlár oibre 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe, chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a shaothrú agus chun an rathúnas a uasmhéadú laistigh de theorainneacha an phláinéid agus chun an athléimneacht a uasmhéadú agus chun leochaileacht na sochaí i leith athrú aeráide a laghdú.

(5)

Is é is aidhm do ghníomhaíocht aeráide an Aontais, na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach daoine agus an pláinéad, leas, rathúnas, sláinte, córais bhia, sláine na n-éiceachóras agus ár mbithéagsúlacht a chosaint ar bhagairt an athraithe aeráide, i gcomhthéacs chlár oibre 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe, chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a shaothrú agus chun an rathúnas a uasmhéadú laistigh de theorainneacha an phláinéid agus chun an athléimneacht a uasmhéadú agus chun leochaileacht na sochaí i leith athrú aeráide a laghdú.

Cúis

Tá tábhacht thar meán le gníomhaíocht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach, rud atá aitheanta i gComhaontú Pháras agus atá i gcomhréir go hiomlán leis na cuspóirí a leagtar amach san aithris. Ar an gcaoi sin, b’fhaillí é gan na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur san áireamh.

Leasú 2

Aithris 14

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(14)

Tá an t-oiriúnú ar cheann de phríomhghnéithe na freagartha domhanda fadtéarmaí ar an athrú aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht chomhshaoil eile a uasmhéadú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha a ghlacadh maidir leis an oiriúnú.

(14)

Tá an t-oiriúnú ar cheann de phríomhghnéithe na freagartha domhanda fadtéarmaí ar an athrú aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht chomhshaoil eile a uasmhéadú. Ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha a ghlacadh maidir leis an oiriúnú lena gcuirfí san áireamh éagsúlacht eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach chríocha na hEorpa agus cineál sonrach na réigiún is forimeallaí atá aici .

Cúis

Tá tábhacht nach beag le tosca críochacha a fhad a bhaineann leis an rogha cheart beartais a dhéanamh ar mhaithe leis na hiarrachtaí athléimneachta agus oiriúnúcháin a neartú. Tá dálaí geografacha, aeráide, sóisialta agus eacnamaíocha ríthábhachtach maidir le leochaileacht a mheas agus a mheasúnú, le rioscaí a bhainistiú agus le cásanna féideartha le haghaidh athróga aeráide amach anseo a shainaithint. Céim mhór chun tosaigh i dtaca le forbairt na straitéisí sin ba ea uirlisí réamhaisnéise a bhunú le haghaidh oiriúnú agus athléimneacht a chur chun cinn, uirlisí ab fhéidir a chur in oiriúint do chúinsí éagsúla réigiúnacha agus áitiúla.

Leasú 3

Aithris 17

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(17)

Chuir an Coimisiún in iúl sa Teachtaireacht uaidh “Comhaontú Glas don Eoraip” go bhfuil rún aige measúnú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais um laghdú gás ceaptha teasa a mhéadú agus tograí a dhéanamh maidir léi sin lena áirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta 2050. Sa Teachtaireacht sin, chuir an Coimisiún i bhfáth gur cheart, trí bheartais uile an Aontais, cuidiú leis an gcuspóir aeráidneodrachta agus gur cheart do na hearnálacha uile a bheith páirteach. Faoi mhí Mheán Fómhair 2020, ba cheart don Choimisiún, bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus an anailís a dhéanfaidh sé ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus iad sin á gcur san áireamh aige (1), athbhreithniú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid agus féachaint ar roghanna maidir le sprioc nua 2030 laghduithe 50 go 55 % ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. I gcás ina measann sé gur gá sprioc 2030 an Aontais a leasú, ba cheart dó tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú de réir mar is iomchuí. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 30 Meitheamh 2021, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a mbeadh gá le leasú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme chun laghduithe ar astaíochtaí 50 go 55 % i gcomparáid le 1990 a bhaint amach.

(17)

Chuir an Coimisiún in iúl sa Teachtaireacht uaidh “Comhaontú Glas don Eoraip” go bhfuil rún aige measúnú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais um laghdú gás ceaptha teasa a mhéadú agus tograí a dhéanamh maidir léi sin lena áirithiú go bhfuil sí i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta 2050. Sa Teachtaireacht sin, chuir an Coimisiún i bhfáth gur cheart, trí bheartais uile an Aontais, cuidiú leis an gcuspóir aeráidneodrachta agus gur cheart do na hearnálacha uile a bheith páirteach. A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tús mhí Mheán Fómhair 2020, ba cheart don Choimisiún, bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus an anailís a dhéanfaidh sé ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus iad sin á gcur san áireamh aige (1), athbhreithniú a dhéanamh ar sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid agus féachaint ar roghanna maidir le sprioc nua 2030 laghduithe 55 % ar a laghad ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. I gcás ina measann sé gur gá sprioc 2030 an Aontais a leasú, ba cheart dó tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú de réir mar is iomchuí. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 30 Meitheamh 2021, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a mbeadh gá le leasú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme chun laghduithe ar astaíochtaí 55 % ar a laghad i gcomparáid le 1990 a bhaint amach.

Cúis

Más mian linn a chinntiú, i dtreo is gur plean glas a bheidh sa Phlean Eorpach don Téarnamh agus go mbainfear amach mar thoradh ar infheistíochtaí an lae inniu spriocanna 2030, agus i ndeireadh na dála, spriocanna 2050, ní mór an measúnú tionchair ar chreat reachtach 2030 a bheith uaillmhianach agus ní mór é a fhoilsiú a luaithe is féidir.

Leasú 4

Aithris 18

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(18)

Lena áirithiú go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit ar a mbóthar chun an cuspóir aeráidneodrachta agus an dul chun cinn maidir le hoiriúnú a bhaint amach ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn. Más neamhleor an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach nó i dtaca leis an oiriúnú nó mura mbíonn bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó más neamhleor iad chun an cumas oiriúnúcháin a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú nó chun leochaileacht a laghdú, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta ábhartha agus moltaí a eisiúint i gcás ina bhfaigheann sé nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú.

(18)

Lena áirithiú go leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit ar a mbóthar chun an cuspóir aeráidneodrachta agus an dul chun cinn maidir le hoiriúnú a bhaint amach ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn agus é a thomhas go rialta, mar aon leis na sonraí ábhartha uile a chur ar fáil don phobal . Más neamhleor an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach nó i dtaca leis an oiriúnú (toisc nár comhlíonadh na spriocanna cainníochtúla nó na sprioc-amanna) nó mura mbíonn bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 nó más neamhleor iad chun an cumas oiriúnúcháin a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú nó chun leochaileacht a laghdú, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta ábhartha agus moltaí a eisiúint i gcás ina bhfaigheann sé nach bhfuil bearta Ballstáit comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó gur neamhleor iad chun an cumas oiriúnaitheachta a fheabhsú, an athléimneacht a threisiú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú.

Cúis

Má dhéantar faireachán éifeachtach ar an dul chun cinn, féadfaidh sin cur le hinfheictheacht agus trédhearcacht na n-iarrachtaí a dhéantar chun an aeráidneodracht a bhaint amach agus ar mheon na húinéireachta a bhraitear ina leith. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na sonraí a fhaightear ar fáil i gcónaí, seachas sna tuarascálacha rialta amháin, agus ba cheart an creat ama a lua go sonrach.

Leasú 5

Aithris 20

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(20)

De bhrí go bhfuil ról láidir ag na saoránaigh chun an claochlú i dtaca leis an aeráidneodracht a chur chun cinn, ba cheart rannpháirtíocht láidir phoiblí agus shóisialta maidir leis an ngníomhaíocht aeráide a éascú. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, oibriú le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú agus a chumhachtú gníomhú i dtaca le sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach, lena n-áirítear trí bhíthin Comhshocrú Aeráide Eorpach a sheoladh.

(20)

De bhrí go bhfuil ról láidir ag na saoránaigh chun an claochlú i dtaca leis an aeráidneodracht a chur chun cinn, ba cheart rannpháirtíocht láidir phoiblí agus shóisialta maidir leis an ngníomhaíocht aeráide a éascú. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, oibriú le gach cuid den tsochaí chun an comhar, an malartú faisnéise agus na hiarrachtaí comhpháirteacha múscailte feasachta a neartú sa dá threo, d’fhonn sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach a bhaint amach , lena n-áirítear trí bhíthin an Comhshocrú Aeráide Eorpach a sheoladh mar uirlis nuálach rialachais lenar féidir ról a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus don tsochaí shibhialta agus do na saoránaigh i gcoitinne .

Cúis

Má táthar chun sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach a bhaint amach, ní mór an obair is gá chuige sin a bhunú ar an malartú faisnéise agus ar mhúscailt feasachta i measc an phobail. I dtaca le neartú na n-uirlisí sin, is féidir leis an gCoimisiún an phríomhpháirt a bheith aige san obair neartúcháin agus é i mbun a bheartais phoiblí a cheapadh agus a chur chun feidhme, sa mhéid go bhfuil siad bunaithe ar chur chuige trasearnála; os a choinne sin, baineann na gníomhaíochtaí atá beartaithe go sonrach leis na beartais earnála a d’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a shaothrú, de réir mar is iomchuí.

Leasú 6

Aithris 21

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(21)

D’fhonn intuarthacht agus muinín a chur ar fáil do na gníomhairí eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, chun a áirithiú nach féidir dul siar ar an aistriú i dtaca le haeráidneodracht, a áirithiú go dtiocfaidh laghdú le himeacht ama agus chun cuidiú leis an measúnú ar chomhsheasmhacht beartas agus ar an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun conair a leagan amach le haghaidh laghduithe astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin , lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(21)

D’fhonn intuarthacht agus muinín a chur ar fáil do na gníomhairí eacnamaíocha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, chun a áirithiú nach féidir dul siar ar an aistriú i dtaca le haeráidneodracht, a áirithiú go dtiocfaidh laghdú le himeacht ama agus chun cuidiú leis an measúnú ar chomhsheasmhacht beartas agus ar an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta, molfaidh an Coimisiún conair le haghaidh laghduithe astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí agus a thogra á dhréachtú aige, go háirithe le saineolaithe agus le riaracháin na mBallstát, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla .

Cúis

Gach tagairt don chonair a bheith á leagan amach trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a bhaint. Ba leor don Choimisiún conair a mholadh agus an dul chun cinn a mheas.

Leasú 7

Airteagal 2(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach chun gur féidir cuspóir na haeráidneodrachta, a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, agus an tábhacht a bhaineann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát á cur san áireamh.

Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach chun gur féidir cuspóir na haeráidneodrachta, a leagtar amach i mír 1 a chur chun feidhme ar bhonn comhchoiteann i gcathracha agus réigiúin na hEorpa , agus an tábhacht a bhaineann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát á cur san áireamh.

Cúis

Tá cur chun feidhme na reachtaíochta aeráide ag brath den chuid is mó ar chathracha agus ar réigiúin na hEorpa. Ar an ábhar sin, dealraíonn sé gurb iomchuí an fhoclaíocht a athrú.

Leasú 8

Airteagal 2(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Faoi mhí Mheán Fómhair 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(11) de Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus féachaint ar roghanna maidir le sprioc nua 2030 laghduithe 50 go 55 % ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. I gcás ina measann an Coimisiún gur gá an sprioc sin a leasú, cuirfidh sé tograí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de réir mar is iomchuí.

A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tús mhí Mheán Fómhair 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(11) de Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus féachaint ar roghanna maidir le sprioc nua 2030 laghduithe 55 % ar a laghad ar astaíochtaí i gcomparáid le leibhéil 1990. I gcás ina measann an Coimisiún gur gá an sprioc sin a leasú, cuirfidh sé tograí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de réir mar is iomchuí.

Cúis

Tá an loighic chéanna taobh thiar den leasú is atá taobh thiar den leasú a rinneadh ar aithris 17.

Leasú 9

Airteagal 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Conair maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach

Conair maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go 2050, i gcomhréir le hAirteagal 9 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chonair a leagan amach ar leibhéal an Aontais chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach. Laistigh de shé mhí ar a dhéanaí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gconair .

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún leasuithe ar an Rialachán seo a mholadh trí chonair a mholadh ar leibhéal an Aontais chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach faoi 2050 . Laistigh de shé mhí ar a dhéanaí tar éis gach stocáireamh domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach .

2.   Is é a bheidh mar phointe tosaithe ag an gconair sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(3).

2.   Is é a bheidh mar phointe tosaithe ag an gconair sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 2(3).

3.   Agus conair á socrú i gcomhréir le mír 1 déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a bhreithniú:

3.   Agus conair á moladh i gcomhréir le mír 1 déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a bhreithniú:

Cúis

Gach tagairt don chonair a bheith á leagan amach trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a bhaint. Ba leor don Choimisiún conair a mholadh agus an dul chun cinn a mheas.

Leasú 10

Airteagal 3(3)(e)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(e)

cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh;

(e)

cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh , agus comhtháthú críochach an Aontais á chur san áireamh go hiomlán ;

Cúis

Ba cheart comhtháthú réigiúnach an Aontais a chur san áireamh go soiléir sna critéir lena leagtar amach an chonair i dtreo na haeráidneodrachta.

Leasú 11

Airteagal 3(3)(k) agus (l) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(k)

an tiomantas atá ann do ról ceannaireachta ar an leibhéal domhanda maidir le haeráidneodracht;

(l)

measúnú ar an lorg carbóin, an lorg coise uisce agus an lorg bithéagsúlachta sa chaidreamh trádála le tríú tíortha chomh maith le gealltanais an Aontais faoi na conarthaí idirnáisiúnta ábhartha.

Cúis

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do ról tábhachtach údarásach a bheith aige ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus do ról lárnach a bheith aige san aistriú glas, cothrom, a bheidh bunaithe ar an dlúthpháirtíocht nach mór do thíortha agus do réigiúin tabhairt faoi má táthar chun sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050, agus gan aon duine a fhágáil ar gcúl san am céanna. I bhfianaise chineál agus thionchar foriomlán an athraithe aeráide agus a iarmhairtí socheacnamaíocha, atá beag beann ar theorainneacha, is deis é seo chun an rún daingean atá ag an Aontas a chur san áireamh. Is féidir é sin a dhéanamh trí oibleagáid a chur san áireamh sa Rialachán seo, agus an chonair i dtreo na haeráidneodrachta á sainiú, faoina n-ionchorprófar sna beartais agus sna gníomhaíochtaí uile gealltanais chun tacú leis na prionsabail chéanna is bonn leis an Rialachán seo sna tíortha agus réigiúin eile lasmuigh den Aontas Eorpach a bhfuil caidreamh d’aon chineál aige leo.

Ag an am céanna, ba cheart don Aontas Eorpach lorg carbóin agus lorg coise uisce na dtáirgí ó thríú tíortha a chur san áireamh, mar ní hamháin go gcuideoidh sé sin le hiomaíochas an gheilleagair, neartóidh sé ról ceannaireachta an Aontais maidir le haeráidneodracht trí chaighdeáin dhomhanda áirithe a éileamh.

Leasú 12

Airteagal 4(2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áirítear creata bainistíochta riosca cuimsitheacha, bunaithe ar bhunlínte láidre aeráide agus leochaileachta agus ar mheasúnaithe ar dhul chun cinn.

2.   Déanfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áirítear creata bainistíochta riosca cuimsitheacha, bunaithe ar bhunlínte láidre aeráide agus leochaileachta agus ar mheasúnaithe ar dhul chun cinn.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na peirspictíochtaí réigiúnacha, áitiúla agus forimeallacha a chur san áireamh, agus a straitéisí agus a bpleananna oiriúnúcháin á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu.

Cúis

Ní hionann an tionchar a bhíonn ag iarmhairtí an athraithe aeráide ó chríoch go chéile, agus bíonn an tionchar sin le sonrú ar shlí éagsúil ag brath ar fhachtóirí éagsúla atá ag tarlú. Braitheann an chaoi a dtarlaíonn na hiarmhairtí seo ar an suíomh geografach agus ar imthosca socheacnamaíocha; i mbeagán focal, braitheann sí ar leibhéil an riosca, na neamhchosanta agus na leochaileachta.

Fágann sin gur gá, ó thaobh measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le tionchar an athraithe aeráide, idirdhealuithe a dhéanamh ar iarmhairtí ar an leibhéal réigiúnach agus ar iarmhairtí ar an leibhéal áitiúil fiú, bunaithe ar thosca geografacha agus socheacnamaíocha. Dá thoradh sin, in ainneoin gur fadhb dhomhanda í fadhb an athraithe aeráide, ba cheart an t-oiriúnú a chur in oiriúint do shaintréithe gach críche ag brath ar an gcineál iarmhairtí i gceist agus ar an raon feidhme sonrach a bhaineann leo. Ní fhágann sin nach féidir na beartais sin a cheapadh ar dhóigh atá bunaithe ar chomhstraitéisí ar leithne a raon feidhme ná na cinn sin atá le cur ar comhréim leo.

Leasú 13

Airteagal 5(2a) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

2(a)     Déanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn comhchóras faisnéise AE a mbeidh rochtain ag an bpobal air, ina n-ionchorprófar an fhaisnéis arna giniúint ag na gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach agus an t-oiriúnú a chur chun cinn. Déanfar ceanglais a leagan síos chun caighdeánú agus aonchineálacht faisnéise a chinntiú trína áirithiú gurb éard atá ann sonraí atá so-aimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte. Bainfear tairbhe sa chóras seo as na deiseanna a théann leis an digiteáil agus le teicneolaíochtaí nua.

Cúis

Chun iomlán na sochaí a spreagadh le páirt a ghlacadh i gcomhlíonadh chuspóirí an dlí aeráide Eorpaigh, is den riachtanas go mbeadh faisnéis fhíoraithe agus ar ardchaighdeán ar fáil di a d’fhónfadh mar bhonn lena cuid cinnteoireachta agus le ceapadh beartas oiriúnach agus beart oiriúnach. Ar an ábhar sin, ba cheart dea-chleachtais a bhunú lena mbaileofaí agus lena n-aistreofaí faisnéis, agus ba cheart an chaoi a bpróiseáiltear an fhaisnéis sin a chaighdeánú agus a dhéanamh aonfhoirmeach. Is gá freisin córas a bhunú lena gcuirfí feabhas leanúnach ar an bhfaisnéis sin agus leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí nua chun malartú sonraí idir na gníomhaithe lena mbaineann a éascú, d’fhonn leas a bhaint as na sineirgí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus acmhainní a bharrfheabhsú.

Leasú 14

Airteagal 5(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír  1 agus mír  2, nach bhfuil bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, nó inar neamhleor an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó an t-oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh sé na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí, san am céanna leis an athbhreithniú ar an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

3.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír  1 agus ar an athbhreithniú dá dtagraítear i mír  2, nach bhfuil bearta an Aontais comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) nó gur neamhleor iad chun dul chun cinn a áirithiú maidir le hoiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, nó inar neamhleor an dul chun cinn i dtaca leis an gcuspóir aeráidneodrachta nó an t-oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh sé na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí, san am céanna leis an athbhreithniú ar an gconair dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

Cúis

Is é an aidhm atá ann an téacs a dhéanamh níos comhsheasmhaí trí úsáid a bhaint as tagairtí beachta san airteagal féin, bunaithe ar a bhfuil sna míreanna dá dtagraítear.

Leasú 15

Airteagal 6(2a) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(2a)     Beidh roinn sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 5(2a) lena n-áireofar straitéisí, bearta agus dea-chleachtais, chun cuidiú a thabhairt na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit a chur i gcomhréir le moltaí an Choimisiúin.

Cúis

Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit moltaí an Choimisiúin a ghlacadh ar dhóigh chomh simplí agus is féidir, ba cheart rochtain a bheith acu ar fhaisnéis fhíoraithe agus ar ardchaighdeán a d’fhónfadh mar bhonn lena gcuid cinnteoireachta agus le ceapadh beartas oiriúnach agus beart oiriúnach. Is gá an bonn eolais a mhéadú, an chumarsáid maidir le tionscnaimh agus straitéisí nuálacha a chur chun cinn agus aistriú dea-chleachtas a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, d’fhonn dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chothú, leas a bhaint as sineirgí agus acmhainní a bharrfheabhsú.

Leasú 16

Airteagal 7(1)(f) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(f)

faisnéis bhreise ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an dul chun cinn atá déanta agus maidir leis na héifeachtaí ar na críocha.

Cúis

I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh a bheidh ag réigiúin agus cathracha na hEorpa maidir le cur chun feidhme na mbeartas éagsúil a chumhdaítear leis an gcreat maidir leis an dlí aeráide, ba cheart a dtuairimí a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta.

Leasú 17

Airteagal 7(1)(e)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(e)

aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/… [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht].

(e)

aon fhaisnéis fhorlíontach maidir le hinfheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha , lena n-áirítear, nuair a bhíonn fáil uirthi, infheistíocht atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2020/… [An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht].

Cúis

Cé gur lú iad ná infheistíochtaí an Aontais agus na mBallstát, d’áiritheofaí trí infheistíochtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur san áireamh go ndéanfaí éagsúlacht chríochach an Aontais Eorpaigh a urramú go hiomlán in aon athbhreithniú a dhéanfaí ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta. Anuas air sin, is minic gurb iad réigiúin agus cathracha na hEorpa lárphointí na nuálaíochta inbhuanaitheachta agus ba cheart iad a chur san áireamh dá réir agus spriocanna uaillmhianacha á leagan síos don am atá amach romhainn.

Leasú 18

Airteagal 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Oibreoidh an Coimisiún le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú agus a chumhachtú gníomhú chun go mbeidh sochaí aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach ann. Déanfaidh an Coimisiún próiseas cuimsitheach inrochtana ar gach leibhéal, ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta, na saoránaigh agus an tsochaí shibhialta chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a aithint lena gcuideofar le cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus an fuinneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Oibreoidh an Coimisiún le gach cuid den tsochaí chun iad a chumasú le bearta cuimsitheacha a ghlacadh chun go mbeidh sochaí aeráidneodrach agus aeráid-athléimneach ann. Déanfaidh an Coimisiún próiseas cuimsitheach inrochtana ar gach leibhéal, ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta, na saoránaigh agus an tsochaí shibhialta chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun gníomhaíochtaí a aithint lena gcuideofar le cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Go háirithe le linn chéim an téarnaimh ón ngéarchéim COVID-19, ba cheart don Choimisiún brath ar an nasc díreach idir saoránaigh, gnólachtaí áitiúla agus a n-údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus tacú leis an nasc sin, ós rud é go mbeifear ag brath ar an nasc sin chun sochaí aeráid-athléimneach a chruthú agus tacaíocht na bpobal a áirithiú. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus an fuinneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1999 , chomh maith leis na gníomhaíochtaí faoin gComhshocrú Aeráide .

Cúis

Má táthar chun sochaí aeráidneodrach aeráid-athléimneach a bhaint amach, ní mór an obair is gá chuige sin a bhunú ar an malartú faisnéise agus ar mhúscailt feasachta i measc an phobail. I dtaca le neartú na n-uirlisí sin, is féidir leis an gCoimisiún an phríomhpháirt a bheith aige san obair neartúcháin agus é i mbun a bheartais phoiblí a cheapadh agus a chur chun feidhme, sa mhéid go bhfuil siad bunaithe ar chur chuige trasearnála; os a choinne sin, baineann na gníomhaíochtaí atá beartaithe go sonrach leis na beartais earnála a d’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a shaothrú, de réir mar is iomchuí. Tá gá le téarnamh glas. Mar sin féin, chun gur féidir an téarnamh sin a chur i gcrích, ní mór do shaoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa cloí leis an tionscadal. Dá bhrí sin, tá ról mórthábhachtach le himirt ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Leasú 19

Airteagal 9

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

An tarmligean a fheidhmiú

1.     Is faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.     Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.     Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.     Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.     A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.     Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

 

Cúis

An úsáid seo atá á baint ag an gCoimisiún Eorpach as gníomhartha tarmligthe chun athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna, tá sí ar neamhréir le hAirteagal 290 CFAE.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

ag tabhairt dá aire go bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip ar cheann de thionscnaimh shuaitheanta an Aontais; ag cur i bhfios go láidir go neartaíonn an straitéis nua fáis don tionscadal Eorpach, mar aon leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le buiséad an Aontais a foilsíodh le déanaí, an plean téarnaimh chun a áirithiú go mbeidh téarnamh tapa iomlán ann ón ngéarchéim reatha sláinte agus eacnamaíoch; á chur i bhfáth gurb é an príomhchuspóir nach mór a bheith leis an gComhaontú Glas ná an t-aistriú i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí, agus ag an am céanna téarnamh eacnamaíoch tapa agus inbhuanaithe a spreagadh, óir aithníonn sé go gcruthaítear deiseanna nua don Eoraip agus dá cuid saoránach de thoradh an aistrithe sin i dtreo sochaí agus geilleagair a bheidh níos athléimní;

2.

i bhfách tacú le cuspóir fadtéarmach an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach trí bhíthin cuspóir iomchuí a bheidh ceangailteach ó thaobh an dlí de óir is céim riachtanach é sin chun tionscadal na hEorpa a chur ar chonair na haeráidneodrachta do-athraithe faoi 2050. Tá gá leis an ngealltanas sin chun cur le hionad an Aontais Eorpaigh mar cheannaire domhanda a fhad a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus mar ambasadóir chun leanúint d’ardspriocanna na n-astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a shaothrú, mar aon leis an tábhacht a bhaineann le méid na n-aistrithe gás ceaptha teasa a mhéadú. Tá a leithéid sin riachtanach freisin mar bhealach chun muinín a chothú i measc ár saoránach, ár ngnólachtaí agus ár sochaí sibhialta, rud a áirithíonn iarracht chuimsitheach agus chomhbheartaithe. I ndáil leis sin, bheadh sé tábhachtach freisin machnamh a dhéanamh cheana féin ar an gconair bheartais a bheidh ag teastáil tar éis 2050, nuair is dócha go mbeidh gá i gcónaí le córas inbhuanaithe astaíochtaí diúltacha. I dtaca leis sin, tá sé tábhachtach, ina theannta sin, coincheap an cheartais aeráide idirghlúine a fhorbairt agus é a chur san áireamh sa chinnteoireacht atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;

3.

á thabhairt le fios go léiríonn an ghéarchéim sláinte atá ann faoi láthair ar dhóigh níos follasaí fós an gá atá le haistriú i dtreo sochaí agus geilleagar atá níos inbhuanaithe agus níos athléimní, óir má leantar de bheith ag tabhairt neamhaird ar an athrú aeráide tiocfaidh iarmhairtí níos dáiríre de sin; á chur i bhfáth gur chóir gur aistriú cóir, de réir a chéile agus buan a bheadh ann, mar go bhféadfadh réitigh neamh-inbhuanaithe sa ghearrthéarma a bheith díobhálach, seachas tairbheach, agus sinn ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta;

4.

á chur i bhfáth gur chóir a áirithiú faoin dlí aeráide Eorpach freisin gurb é an toradh a bheidh ar na bearta a chuirtear chun feidhme chun astaíochtaí glan-nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach na spriocanna tosaíochta eile i réimse an chomhshaoil, amhail cosaint na bithéagsúlachta nó bainistiú limistéar cosanta, a threisiú seachas iad a chur i mbaol;

5.

ag iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an aidhm maidir le haeráidneodracht agus aon spriocanna eatramhacha a bhaint amach; á mheabhrú gurb í an Ríocht Aontaithe an dara hastaíre CO2 is mó atá san Aontas faoi láthair, go bhfuil na laghduithe leanúnacha beartaithe atá ar siúl aici go mór os cionn mheán an Aontais agus go bhfuil sprioc aeráide náisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí – thart ar 57 % faoi 2030 – le comhlíonadh aici (1);

6.

ag díriú aird ar an dearbhú a glacadh le déanaí dar teideal “Na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha: gníomhaithe i bhfreagairt na hEorpa ar ghéarchéim COVID-19” agus ar an ngá atá ann go mbeadh an Comhaontú Glas don Eoraip ina ghné lárnach de phlean téarnaimh an Aontais, ionas go ndéanfar den ghéarchéim deis chun aghaidh a thabhairt go práinneach ar an athrú aeráide agus chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú;

7.

den tuairim gur gá na rialtais fhonáisiúnta ábhartha uile a rannpháirtiú i ndréachtú na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna) agus na mbeartas náisiúnta fadtéarmach trí mheán fíor-idirphlé rannpháirtíoch ar leibhéil éagsúla bunaithe ar an taithí a fuarthas ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil; i bhfách idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a chur san áireamh faoi chuimsiú reachtaíocht aeráide na hEorpa ach cuireann sé i bhfios go láidir an gá atá le cur chuige níos córasaí maidir le comhtháthú na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bpróisis an aistrithe i dtreo na haeráidneodrachta, ní hamháin sa phróiseas cinnteoireachta Eorpach ach freisin sa chaibidlíocht idirnáisiúnta; ag iarraidh athuair ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach ardán idirphlé buan il-leibhéil um an bhfuinneamh (2) a bhunú chun tacú le rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an phobail gnó agus geallsealbhóirí ábhartha atá i mbun an t-aistriú fuinnimh a bhainistiú;

8.

á chur i bhfáth, i bhfianaise a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na saoránach ar mhaithe le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i leith na haeráidneodrachta, gur cheart a mheas go bhfuil tábhacht thar meán le tionscnaimh lena spreagtar aiseolas ón mbun aníos agus lena dtacaítear le malartú faisnéise agus oideachais ar an leibhéal áitiúil má tá rath le bheith ar an gComhaontú Glas don Eoraip; ag moladh, i ndáil leis an méid sin, an Comhaontú sin a chomhtháthú sa dlí aeráide Eorpach; á chur i bhfáth gur cheart an Comhaontú sin a fhorbairt mar ionstraim nuálach rialachais lena bhféadfaí cumarsáid, comhar agus malartú faisnéise sa dá threo a dhéanamh ó leibhéal go chéile, ó earnáil go chéile agus ó chríoch go chéile d’fhonn éifeachtacht agus dlisteanacht bheartas aeráide an Aontais a fheabhsú; á chur i bhfáth go bhfágann rannpháirtíocht chuí na sochaí agus aon gheallsealbhóirí eile gur mó an seans atá ann go nglacfar le beartais agus, ina cheann sin, spreagann an rannpháirtíocht sin tomhas fairsing trédhearcach ar an dul chun cinn agus dá bhrí sin mothaíonn daoine agus eagraíochtaí ar dhóigh níos nithiúla go bhfuil ról éifeachtúil acu i bpróiseas an aistrithe féin;

9.

á thabhairt le fios nach é an bealach ceart chun dul i ngleic leis an athrú aeráide a cheapadh gurb ann don “aon chur chuige amháin do chách” agus leagann sé béim ar éagsúlacht réigiúin na hEorpa ó thaobh na haeráide, an chomhshaoil, an tírdhreacha, na soghluaisteachta agus an struchtúir eacnamaíoch agus shóisialta; á mheabhrú gurb é atá sa dlí aeráide Eorpach an creat-rialachán lena dtreorófar beartais aonair i dtreo an chuspóra aeráide agus go mbeidh a rath ag brath go mór ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; á chur i bhfios, ar an gcaoi chéanna, ós iad sin an leibhéal rialtais is gaire do na saoránaigh go bhfuil ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an dílárú fuinnimh a bhainistiú a bhuí sin le féintomhaltas, giniúint dháilte agus gréasáin chliste, maidir le hinfheistíocht a chur chun cinn agus maidir le beartais fuinnimh agus aeráide a chúpláil le bearta a glacadh i ndáil le tithíocht, bochtaineacht fuinnimh agus iompar;

10.

á chur i bhfáth gur chóir a áirithiú faoin dlí aeráide Eorpach, ó tá sé ina cholún lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus ós é an dlí réime atá ann chun an aeráidneodracht a bhaint amach, go gcloífí i ngach beart de chuid an Aontais leis an bprionsabal “gan dochar a dhéanamh” agus, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta gníomhaí, go n-urramófaí go hiomlán gach leibhéal den rialtas mar chomhpháirtithe i bpróiseas cinnteoireachta na hEorpa, seachas mar gheallsealbhóirí;

11.

ag iarraidh nach ndéanfaí cinntí bunúsacha maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí aeráide trí úsáid a bhaint as gníomhartha tarmligthe, óir murach sin chuirfí srian le cumhachtaí comhchinnteoireachta na n-údarás réigiúnach agus áitiúil. Tá CnaR den tuairim gur sampla de chinneadh bunúsach mar sin an chonair i dtreo na haeráidneodrachta atá fós le sainiú;

12.

den tuairim go bhfuil sé riachtanach, má táthar chun cuspóirí an dlí aeráide Eorpaigh a chomhlíonadh, go mbeadh faisnéis fhíoraithe agus ar ardchaighdeán ar fáil don dlí sin a d’fhéadfadh bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht agus faoi cheapadh beartas oiriúnach agus beart oiriúnach. Bíonn tionchar an athraithe aeráide le sonrú ar an leibhéal críochach, agus bíonn tionchar díreach aige ar na réigiúin agus ar na bardais. Tá riaracháin láir na dtíortha uile freagrach as fardail náisiúnta a tharraingt suas agus a chur in iúl. Chun cáilíocht na dtomhas a fheabhsú, is den tábhacht é na modhanna a fhorbairt trí mheán na hidirghníomhaíochta idir an tAontas Eorpach, na Ballstáit agus an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach, ionas gur féidir le bardais agus réigiúin a bhfardail a tharraingt suas de réir na gcritéar céanna bunaithe ar chur chuige críochach. Leis an bhfaisnéis sin, bheifí in ann cásanna sonracha a bhainfeadh le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a shainaithint, ar cásanna iad a bhféadfaí pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas ina leith a bheadh curtha in oiriúint do staid shocheacnamaíoch agus chomhshaoil gach réigiúin, chomh maith le cuspóirí earnála sonracha a shainaithint. Ina theannta sin, leis an bhfaireachán a dhéantar ón taobh réigiúnach agus áitiúil, is féidir anailís níos fearr a dhéanamh ar aon diall ó na conairí a shonraítear sna pleananna agus ar na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt orthu;

13.

den tuairim gur féidir, ach bearta éifeachtacha a dhéanamh ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn, cur le hinfheictheacht agus trédhearcacht na n-iarrachtaí a dhéantar chun an aeráidneodracht a bhaint amach agus ar mheon na húinéireachta a bhraitear ina leith agus, chun go bhféadfaí sin a dhéanamh, gur cheart, i gcás inarb iomchuí, sonraí a bhailiú ar an leibhéal réigiúnach, seachas ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn faoin dlí Eorpach aeráide; á mholadh go gcuirfí na sonraí a bhailítear ar fáil go héasca don phobal ar bhonn leanúnach, agus ní hamháin trí thuarascálacha rialta, ós rud é go bhféadfadh rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sa phróiseas faireacháin a bheith ina ghné lárnach chun bealach réalaíoch a nglacfadh an pobal leis a choinneáil i leith an chuspóra maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;

14.

den tuairim gur cheart forálacha a leagan síos sa Rialachán Rialachais chun a áirithiú go n-áireofar ar na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) miondealú ar rannchuidithe arna gcinneadh go réigiúnach agus go háitiúil d’fhonn aitheantas a thabhairt do ról na n-údarás fonáisiúnta maidir le gealltanais idirnáisiúnta aeráide a bhaint amach; á thabhairt dá aire an tuairim a d’eisigh sé maidir le “Rialachas aeráide tar éis 2020: Dearcadh Eorpach agus domhanda – rannchuidiú le COP24 UNFCCC”, arbh é Andrew Varah Cooper rapóirtéir na tuairime sin (níl leagan GA ann, teideal aistrithe);

15.

á chur i bhfáth nach amháin go méadófaí an trédhearcacht dá gcuirfí cuspóirí áitiúla agus réigiúnacha san áireamh ach, ina theannta sin, go gcuirfí feabhas ar cháilíocht agus ar mhionsonraí na n-iarrachtaí foriomlána chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn, rud a rachadh chun tairbhe go mór freisin don chomhar agus do na sineirgí idir gach leibhéal rialtais, ó thaobh gníomhaíochta agus cistí buiséadacha de araon. Laghdódh sé sin go mór an baol go bhféadfadh beartais aonair a d’áireofaí faoi chuimsiú an dlí aeráide Eorpaigh díobháil a dhéanamh do chomhtháthú réigiúnach na hEorpa;

16.

á chur i bhfáth gurb éard a tharlódh de thoradh cistí le haghaidh bearta atá oiriúnaithe do riachtanais áitiúla agus réigiúnacha a leithdháileadh ar shlí dhíreach shaincheaptha i gcomhréir leis na spriocanna a bhaineann go sonrach leis na leibhéil sin go mbeadh tionchar láidir acu ar an ngeilleagar, agus, rud eile de, go mbeadh sé d’éifeacht acu freisin cur le baint an phobail leis na struchtúir rannpháirtíochta;

17.

á mholadh go n-áireofaí caibidil áitiúil agus réigiúnach i gconclúidí an mheasúnaithe ar bhearta náisiúnta agus sa Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh, i dtreo is go bhféadfaí cur leis an trédhearcacht agus na mionsonraí a fhad a bhaineann leis na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá CnaR i bhfách le dréachtú na caibidle seo;

18.

á iarraidh athuair go mbunófaí faireachlann Eorpach um aeráidneodracht ionas gurbh fhusa oibleagáidí náisiúnta a chomhlíonadh maidir le tuarascálacha a chur isteach faoi chuimsiú rialachas an Aontais Fuinnimh. Ba cheart go bhféadfaí, dá bharr sin, faisnéis atá cothrom le dáta a chur ar fáil go neamhspleách agus go poiblí do chinnteoirí agus don phobal i gcoitinne maidir leis an tuiscint eolaíoch ar an athrú aeráide agus maidir le cásanna chun teorainn a chur leis. Ag an am céanna, ba cheart iniúchadh nua a dhéanamh ar scileanna AE mar chuid den Lánléargas Scileanna AE. Ba cheart don fhaireachlann cúnamh a thabhairt chun cúinsí agus leochaileachtaí sonracha chríocha na hEorpa a mhapáil agus faireachán a dhéanamh orthu ionas nach ndiúltófaí don phróiseas aistrithe. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip straitéis fáis nua an Aontais agus ní mór dó a bheith ina cholún lárnach de straitéis an Aontais maidir le téarnamh inbhuanaithe tar éis phaindéim COVID-19 agus, dá bhrí sin, tá sé riachtanach go mbeadh cur chun feidhme na mbeartas i gcomhréir le fás scileanna chun gur féidir beartais a cheapadh a sheasfaidh an aimsir ar mhaithe le sochaí chothrom agus le geilleagar cobhsaí atá ag fás;

19.

á chur i bhfáth go mbraitheann éifeachtacht na n-iarrachtaí a dhéantar chun rannpháirtíocht an phobail a chinntiú ní hamháin ar fhaisnéis a bhailiú ó gach cuid den tsochaí, ach ar fhaisnéis leordhóthanach a chur ar fáil dóibh freisin maidir leis an tionchar a bheidh ag an rannpháirtíocht sin. Má theastaíonn uainn réitigh inbhuanaithe a aimsiú, beidh gá le comhar ó gheallsealbhóirí, ní hamháin a fhad a bhaineann le hoibriú agus cothabháil córas, ach leis an bpróiseas cinnteoireachta freisin. Dá bhrí sin, má táthar chun athrú iompraíochta a chur chun cinn ní leor na hiarrachtaí a dhéantar chun rannpháirtíocht an phobail a chinntiú a bheith dírithe ar chumarsáid aontreo amháin;

20.

ag moladh leas a bhaint as fuinneamh inathnuaite chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach. Ní mheasann CnaR gur teicneolaíocht inbhuanaithe í an chumhacht núicléach don todhchaí ná níl sé i bhfách breis úsáide a bhaint aisti;

21.

á thabhairt le fios go bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa mar chuid de struchtúr rialtasach agus daonlathach an Aontais, ar struchtúr saibhir agus ilchineálach é, agus gur cheart caitheamh leo ar bhonn iomchuí dá réir; á chur i bhfáth maidir leis sin nár cheart rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a aicmiú mar chuid de rannpháirtíocht an phobail, agus nár cheart í a bheith teoranta do chleachtaí sonracha, ach gur cheart, ina áit sin, go bhfágfadh sí an deis ag na húdaráis sin rannchuidiú córasach a dhéanamh le linn an timthrialla forbartha beartais chomh maith le measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlachtaí reachtacha reatha; á thabhairt le fios i ndáil leis sin go n-aithnítear le Comhaontú Pháras ról tábhachtach an rialachais il-leibhéil sa bheartas aeráide agus an gá atá le comhar le réigiúin agus le cathracha agus meabhraíonn sé gur ghabh na Páirtithe orthu féin, faoi Airteagal 2, na sreafaí airgeadais poiblí agus príobháideacha a oiriúnú do spriocanna an Chomhaontaithe agus don fhorbairt aeráid-athléimneach. I ndáil leis an dlí aeráide, ba cheart do na próisis tuairiscithe agus athbhreithnithe atá ann cheana agus dóibh sin a bunaíodh le déanaí feidhmiú mar bhonn lena gcinnteofaí go mbeadh na sreafaí airgeadais ag teacht go hiomlán le spriocanna Chomhaontú Pháras ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;

22.

ag tabhairt chun suntais na mórfhadhbanna a bhaineann le fuinneamh núicléach ó thaobh na hinbhuanaitheachta de (maidir leis na hamhábhair lena mbaineann agus saincheist na dramhaíola núicléiche atá gan réiteach fós) agus tá CnaR ag moladh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na spriocanna aeráide a bhaint amach go príomha trí dhul i muinín fuinneamh inathnuaite in ionad aon mhéadú a dhéanamh ar úsáid an fhuinnimh núicléach, i gcomhréir le hAirteagal 194 CFAE.

An Bhruiséil, an 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(1)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(1)  Climate Neutrality as Long-term Strategy: The EU’s Net Zero Target and Its Consequences for Member States [An Aeráidneodracht mar Straitéis Fhadtéarmach: Sprioc ghlan-nialasach an Aontais agus a Iarmhairtí do na Ballstáit], O. Geden, F. Schenuit, Lúnasa, 2019.

(2)  Chosain CnaR an seasamh sin i roinnt tuairimí dá chuid (níl leagan Gaeilge díobh ann; is teidil aistrithe iad seo): “Rialachas an Aontais Fuinnimh agus fuinneamh glan” le Bruno Hranić; “Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de” le Michele Emiliano; “Rialachas aeráide tar éis 2020: Dearcadh Eorpach agus domhanda – rannchuidiú le COP24 UNFCCC” le Andrew Varah Cooper; agus an Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas a glacadh i mí na Nollag 2019.


1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

74


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Ciste um Aistriú Cóir

Rapóirtéir ginearálta:

Vojko OBERSNEL (HR/PSE), Comhalta den Fheidhmeannacht Áitiúil: Cathair Rijeka

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

COM(2020) 22 final

Togra leasaithe le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosa

COM(2020) 23 final

Togra leasaithe le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

COM(2020) 460 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

COM(2020) 22 final

Leasú 1

Aithris 13

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun solúbthacht a sholáthar le haghaidh clársceidealú acmhainní CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, ba cheart go mbeadh sé indéanta clár neamhspleách CUAC a ullmhú nó acmhainní CUAC a chlársceidealú i dtosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó laistigh de chlár a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) nó ón gCiste Comhtháthaithe. I gcomhréir le hAirteagal 21a de Rialachán (AE) [RFC nua], ba cheart acmhainní CUAC a threisiú le maoiniú comhlántach ó CFRE agus ó CSE+. Ba cheart do na méideanna faoi seach a aistrítear ó CFRE agus ó CSE+ a bheith ag teacht leis na cineálacha oibríochtaí a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir.

Chun solúbthacht a sholáthar le haghaidh clársceidealú acmhainní CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, ba cheart go mbeadh sé indéanta clár neamhspleách CUAC a ullmhú nó acmhainní CUAC a chlársceidealú i dtosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó laistigh de chlár a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) nó ón gCiste Comhtháthaithe. I gcomhréir le hAirteagal 21a de Rialachán (AE) [RFC nua], d’fhéadfaí acmhainní CUAC a threisiú le maoiniú comhlántach ó CFRE agus ó CSE+. Ba cheart do na méideanna faoi seach a aistrítear ó CFRE agus ó CSE+ a bheith ag teacht leis na cineálacha oibríochtaí a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir.

Cúis

Togra polaitiúil atá sa Chiste um Aistriú Cóir agus ba cheart é a bheith ina chomhlánú ar an mbuiséad comhtháthaithe reatha, agus é sin amháin. Sa chleachtas, an chuid is mó de na gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe tacaíocht ó CUAC (Airteagal 4) a thabhairt dóibh, bheadh sé indéanta maoiniú a thabhairt dóibh cheana féin faoi Chuspóirí Beartais 1 agus 2 trí CFRE agus CSE+.

Leasú 2

Airteagal 2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua], rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach aonair maidir le “réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de”.

I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua], rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach aonair maidir le “réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de” , i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras, sprioc an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí 2030 .

Cúis

Ba cheart tagairt shoiléir a dhéanamh i gcuspóir an chiste do spriocanna Chomhaontú Pháras, do sprioc an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus do spriocanna laghdaithe astaíochtaí 2030.

Leasú 3

Airteagal 3(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.    Tacóidh CUAC le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post sna Ballstáit uile .

1.    Le CUAC , cisteofar tionchar sóisialta, socheacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe ar na réigiúin nó ar na gníomhaíochtaí atá buailte.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 4

Airteagal 4(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   I gcomhréir le mír 1, tabharfaidh CUAC tacaíocht eisiach do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

2.   I gcomhréir le mír 1, tabharfaidh CUAC tacaíocht do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a mbeidh éagsúlú eacnamaíoch agus ath-thiontú mar thoradh orthu;

(a)

infheistíochtaí táirgiúla agus inbhuanaithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a mbeidh éagsúlú eacnamaíoch agus ath-thiontú mar thoradh orthu;

(b)

infheistíochtaí i ngnólachtaí nua a chruthú, lena n-áirítear trí ghorlanna gnó agus seirbhísí comhairliúcháin;

(b)

infheistíochtaí i ngnólachtaí nua a chruthú , ar gnólachtaí iad atá ábhartha le haghaidh an aistrithe chuig an bhforbairt inbhuanaithe , lena n-áirítear trí ghorlanna gnó agus seirbhísí comhairliúcháin;

(c)

infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus chun aistriú teicneolaíochtaí nua a chothú;

(c)

infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí inbhuanaithe taighde agus nuálaíochta agus chun aistriú teicneolaíochtaí nua a chothú;

(d)

infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus bonneagar le haghaidh fuinneamh glan inacmhainne, le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú, agus don éifeachtúlacht fuinnimh agus don fhuinneamh in-athnuaite a úsáid;

(d)

infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus bonneagar sóisialta le haghaidh fuinneamh glan , slán agus inbhuanaithe inacmhainne, le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú, agus don éifeachtúlacht fuinnimh agus don fhuinneamh in-athnuaite a úsáid;

(e)

infheistíochtaí i ndigitiú agus i nascacht dhigiteach;

(e)

infheistíocht lena dtacaítear le cur chun feidhme Threoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (Airteagal 15.3), Threoir (AE) 2010/31 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (Airteagail 9 agus 11) agus Threoir (AE) 2012/27 maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh (Airteagal 14.4);

(f)

infheistíochtaí in athghiniúint agus i ndí-éilliú láithreán, in athchóiriú talún agus i dtionscadail athraithe cuspóra;

(f)

infheistíochtaí i ndigitiú agus i nascacht dhigiteach;

(g)

infheistíochtaí i bhfeabhsú an gheilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear trí dhramhaíl a chosc, laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, deisiú, athúsáid agus athchúrsáil;

( g )

infheistíochtaí in athghiniúint agus i ndí-éilliú láithreán, in athchóiriú talún agus i dtionscadail athraithe cuspóra , i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as mar a shainmhínítear in Airteagal 2(122) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach don mhargadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ;

(h)

uas-sciliú agus athsciliú oibrithe ;

( h )

infheistíochtaí i bhfeabhsú an gheilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear trí dhramhaíl a chosc, laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, deisiú, athúsáid agus athchúrsáil;

(i)

cúnamh i gcuardach poist do chuardaitheoirí poist;

( i )

uas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair ;

(j)

cuimsiú gníomhach na gcuardaitheoirí poist;

( j )

cúnamh i gcuardach poist do chuardaitheoirí poist;

(k)

cúnamh teicniúil.

( k )

cuimsiú gníomhach na gcuardaitheoirí poist;

 

(l)

aon ghníomhaíochtaí sonracha eile, arna gcomhaontú idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ábhartha le haghaidh na críche lena mbaineann, an Ballstát agus an Coimisiún Eorpach, atá i gcomhréir leis na straitéisí forbartha áitiúla agus atá ina rannchuidiú leis an aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de san Aontas faoi 2050 ;

(m)

cúnamh teicniúil.

Cúis

Aon infheistíochtaí i gcosaint an chomhshaoil, ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis an riail lena bhforáiltear gur cheart don pháirtí a rinne an truailliú costas na mbeart a bheidh le déanamh chun déileáil leis an truailliú a sheasamh.

Níor cheart uas-sciliú ná athsciliú a bheith srianta d’oibrithe amháin, ach ba cheart oiliúint daoine dífhostaithe, cuardaitheoirí poist, etc. le haghaidh poist sa gheilleagar glas a chur san áireamh ann freisin.

Ba cheart solúbthacht bhreise sa rogha tionscadail a dtacaítear léi a áirithiú, dá dtoileodh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chríoch lena mbaineann, an Ballstát agus an Coimisiún Eorpach leis sin.

Leasú 5

Airteagal 5, pointe (a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

díchoimisiúnú tógáil cumhachtstáisiún núicléach;

(a)

díchoimisiúnú, tógáil cumhachtstáisiún núicléach , nó aon fhoirm infheistíochta eile i gcumhachtstáisiúin núicléacha;

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 6

Airteagal 5, pointe (d)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(d)

infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, dáileadh, stóráil nó dóchán na mbreoslaí iontaise;

(d)

infheistíocht a bhaineann le hasbhaint, táirgeadh, próiseáil, dáileadh, stóráil nó dóchán na mbreoslaí iontaise , lena n-áirítear oscailt mianach guail nua ;

Cúis

Níor cheart CUAC a bheith ina fhoinse tacaíochta le hoscailt ná athoscailt mianach guail. Mar sin féin, níor cheart an teorannú sin a shíneadh chuig cineálacha eile mianadóireachta (mianadóireacht miotail, mianraí tionscail, cloch ornáideach, etc.), ar gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad lena gcruthaítear fostaíocht ardchaighdeáin fhadtéarmach.

Leasú 7

Fomhír a chur le deireadh Airteagal 5

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

 

Ní dheonófar aon tacaíocht d’oibríochtaí i réigiún NUTS 3 i gcás ina mbeidh an méid seo a leanas sceidealaithe le linn thréimhse an chláir agus bunaithe ar phlean críochach um aistriú cóir: oscailt mianaigh nua guail, ligníte nó scealla ola nó oscailt ceantair bainte móna nó athoscailt mianaigh guail, ligníte nó scealla ola, nó athoscailt ceantair bainte móna, a díchoimisiúnaíodh go sealadach.

Cúis

Is é is cuspóir don tacaíocht cúnamh a thabhairt san aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, lena n-eisiatar oscailt mianach nua agus/nó ceantar nua bainte móna agus athoscailt mianach nó ceantar den saghas sin más ann dóibh.

Leasú 8

Airteagal 6(1), an dara fomhír

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ní dhéanfaidh an Coimisiún clár a fhormheas ach i gcás ina bhfuil réasúnú cuí le sainaithint na gcríoch is mó atá faoi thionchar diúltach ag próiseas an aistrithe, atá sa phlean críochach um an aistriú cóir ábhartha, agus go bhfuil an plean críochach um aistriú cóir ag teacht leis an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide sa Bhallstát lena mbaineann.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún clár a fhormheas ach i gcás ina bhfuil réasúnú cuí le sainaithint na gcríoch is mó atá faoi thionchar diúltach ag próiseas an aistrithe, atá sa phlean críochach um aistriú cóir ábhartha, agus go dtugtar gealltanas sa phlean críochach um aistriú cóir spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, sprioc an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí 2030 a ghnóthú agus go bhfuil sé ag teacht leis na straitéisí críochacha dá dtagraítear in Airteagal [23] de Rialachán (AE) [RFC nua], leis an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide sa Bhallstát lena mbaineann agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta .

Leasú 9

Airteagal 6(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is éard a bheidh i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí CUAC cuid nó iomlán acmhainní CUAC a leithdháiltear do na Ballstáit agus na hacmhainní a aistrítear i gcomhréir le hAirteagal [21a] de Rialachán (AE) [RFC nua]. Beidh iomlán acmhainní CFRE agus CSE+ a aistrítear chuig tosaíocht CUAC cothrom ar a laghad le hoiread go leith de mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin ach ní rachaidh sé thar trí oiread den mhéid sin .

Is éard a bheidh i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí CUAC cuid nó iomlán acmhainní CUAC a leithdháiltear do na Ballstáit agus na hacmhainní a bhféadfaidh na húdaráis bhainistíochta a chinneadh iad a aistriú i gcomhréir le hAirteagal [21a] de Rialachán (AE) [RFC nua]. Ní sháróidh méid acmhainní CFRE agus CSE+ atá le haistriú chuig tosaíocht CUAC oiread go leith de mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin.

Cúis

Ba cheart breis solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na méideanna atá le haistriú ó CFRE agus ó CSE+ chuig CUAC. D’fhágfadh sin go gcuirfí teorainn le saoradh féideartha gealltanas i gcás acmhainn ionsúcháin íseal sna críocha is mó atá faoi thionchar an aistrithe.

Leasú 10

Fomhír a chur le deireadh Airteagal 6(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Ní fhormheasfaidh an Coimisiún aistrithe acmhainní CFRE agus CSE+ chuig tosaíocht CUAC ach amháin i gcás nach sáróidh méid iomlán an aistrithe 20 % den leithdháileadh tosaigh ón gclár oibríochtúil chuig CFRE agus CSE+ (arna ríomh de réir Ciste).

Cúis

Déantar an téacs reachtach a ailíniú leis an meabhrán míniúcháin.

Leasú 11

Airteagal 7(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   In éineacht le húdaráis ábhartha na gcríoch is infheidhme, ullmhóidh na Ballstáit plean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó a chumhdaíonn críoch amháin nó níos mó a ndéanann sé difear dóibh, críoch a chomhfhreagraíonn do leibhéal 3 d'aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (“réigiúin NUTS leibhéal 3 ”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 868/2014 ón gCoimisiún nó codanna díobh, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir le caillteanas post a d'fhéadfadh bheith ann i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le hathrú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.

1.   In éineacht le húdaráis ábhartha na gcríoch is infheidhme, ullmhóidh na Ballstáit plean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó a chumhdaíonn críoch amháin nó níos mó a ndéanann sé difear dóibh, críoch a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 d'aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (“réigiúin NUTS leibhéal 2 ”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 868/2014 ón gCoimisiún nó codanna díobh, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir le caillteanas post a d'fhéadfadh bheith ann i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le hathrú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.

Cúis

Ní bheidh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha an aistrithe teoranta do chríocha ar leibhéal NUTS 3, ach is é is dóichí go mbeidh tionchar acu ar chríocha máguaird. Ar an gcúis sin, agus chun an rialachas a shimpliú, is cosúil go bhfuil sé níos iomchuí an tacaíocht a dhíriú ar leibhéal NUTS 2.

Leasú 12

Airteagal 7(2), pointe (b) (nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(b)

(nua) gealltanas soiléir d’aistriú glas, a bheidh ceart agus cóir go sóisialta, agus Comhaontú Pháras á chur chun feidhme;

Cúis

Níor cheart pleananna críochacha um aistriú cóir a fhormheas ach amháin má tá gealltanas soiléir iontu do spriocanna Chomhaontú Pháras, mar a chuir an Chomhairle Eorpach i bhfáth an 18 Deireadh Fómhair 2019.

Leasú 13

Airteagal 7(2), pointe (c) (nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(c)

(nua) gealltanas soiléir don chuspóir a bhaineann leis an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 agus lena spriocanna laghdaithe astaíochtaí a ghnóthú faoi 2030;

Cúis

Níor cheart pleananna críochacha um aistriú cóir a fhormheas ach amháin má tá gealltanas soiléir iontu don chuspóir a bhaineann leis an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 agus lena spriocanna laghdaithe astaíochtaí a ghnóthú faoi 2030, mar a chuir an Chomhairle Eorpach i bhfáth an 12 Nollaig 2019.

Leasú 14

Airteagal 7(2), pointe (c)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(c)

measúnú ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena n-áirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ina sainaithnítear líon na bpost a ndéanfar difear dóibh agus na gcaillteanas post a d'fhéadfadh bheith ann, na riachtanais agus na cuspóirí forbartha atá le baint amach faoi 2030, nasctha le hathrú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí a bhfuil lorg mór astaíochtaí gás ceaptha teasa ag baint leo sna críocha sin;

(c)

measúnú ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena n-áirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ina sainaithnítear líon na bpost a ndéanfar difear dóibh agus na gcaillteanas post a d'fhéadfadh bheith ann, na riachtanais agus na cuspóirí forbartha atá le baint amach faoi 2030, nasctha le hathrú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí a bhfuil lorg mór astaíochtaí gás ceaptha teasa ag baint leo sna críocha sin , mar aon le measúnú ar éifeachtaí iarmhartacha diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ag an aistriú ar réigiúin chóngaracha ;

Cúis

Ba cheart na héifeachtaí iarmhartacha diúltacha uile a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas go cuí sna pleananna críochacha um aistriú cóir.

Leasú 15

Airteagal 7(2), pointe (f)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(f)

tuairisc ar shásraí rialachais ina bhfuil socruithe comhpháirtíochta, na bearta faireacháin agus meastóireachta atá pleanáilte agus na comhlachtaí freagracha;

(f)

tuairisc ar shásraí rialachais ina bhfuil socruithe comhpháirtíochta, na bearta faireacháin agus meastóireachta atá pleanáilte agus na comhlachtaí freagracha , murab ionann iad agus na heilimintí ar a bhfuil tuairisc cheana sa chlár mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) [RFC nua]; ní mór d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith páirteach go hiomlán i ngach gné de sin ;

Cúis

Mar bheart simpliúcháin, níor cheart a thabhairt ach amháin an fhaisnéis atá éagsúil leis na heilimintí ar a bhfuil tuairisc cheana sa chlár i gcomhréir leis an “Teimpléad le haghaidh cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis), ó CSE+, ó CUAC, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CEMI – Airteagal 16(3)” (Iarscríbhinn V de RFC). De bhreis air sin, ní mór a mheas gur páirtithe leasmhara lárnacha iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa phróiseas sin.

Leasú 16

Airteagal 7(2), pointe (h)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(h)

i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d'infheistíochtaí táirgiúla d'fhiontair nach FBManna iad, liosta uileghabhálach na n-oibríochtaí agus na bhfiontar den sórt sin agus réasúnú ar an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí ina léirítear go rachadh na caillteanais post a d'fhéadadh a bheith ann thar líon na bpost a chruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin;

(h)

i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d'infheistíochtaí táirgiúla agus inbhuanaithe d'fhiontair nach FBManna iad, réasúnú ar an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí ina léirítear go rachadh na caillteanais post a d'fhéadadh a bheith ann thar líon na bpost a chruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin;

Cúis

Is cosúil nach indéanta liosta uileghabhálach d’oibríochtaí agus d’fhiontair (cuideachtaí móra) a sholáthar i gcéim an chlársceidealaithe, agus go bhféadfadh sé go dtiocfadh moilleanna as sin ó fhíorthús na tréimhse clársceidealaithe. Ina theannta sin, tá an cur chuige sin ag teacht salach go díreach ar iarrachtaí simpliúcháin, arbh é an toradh a bhí orthu, i measc nithe eile, nósanna imeachta ar leithligh is infheidhme maidir le tionscadail mhóra de bhun Airteagal 100-103 de RFC reatha a thréigean.

Leasú 17

Airteagal 7(2), pointe (i)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(i)

i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d'infheistíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir 2003/87/CE, liosta uileghabhálach de na hoibríochtaí a bhfuiltear chun tacú leo agus réasúnú go gcuirfeadh siad leis an aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus go mbeadh laghdú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a rachadh i bhfad faoi na tagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don saor-leithdháileadh faoi Threoir 2003/87/CE mar thoradh orthu agus ar choinníoll go bhfuil gá leo chun líon suntasach post a chosaint;

(i)

i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d'infheistíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir 2003/87/CE, réasúnú go gcuirfeadh na hoibríochtaí a dtabharfar tacaíocht dóibh leis an aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus go mbeadh laghdú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a rachadh i bhfad faoi na tagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don saor-leithdháileadh faoi Threoir 2003/87/CE mar thoradh orthu agus ar choinníoll go bhfuil gá leo chun líon suntasach post a chosaint;

Cúis

Is cosúil nach indéanta liosta uileghabhálach d’oibríochtaí a sholáthar i gcéim an chlársceidealaithe, agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh moilleanna as sin ó fhíorthús na tréimhse clársceidealaithe.

Leasú 18

Airteagal 8a (nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Airteagal 8a

1.     Cuirfear Ardán um Aistriú Cóir (dá ngairtear“an tArdán” anseo feasta) ar bun, faoi mhaoirseacht agus bainistíocht dhíreach an Choimisiúin Eorpaigh, chun go n-éascófar malartuithe taithí déthaobhacha agus iltaobhacha faoi na ceachtanna a foghlaimíodh agus faoi na dea-chleachtais ar fud na n-earnálacha uile atá buailte.

2.     Beidh dhá ghné ag an Ardán:

(a)

meithleacha teicniúla, agus aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin nithiúla sna réigiúin lena mbaineann, agus malartuithe taithí agus dea-chleachtas á n-éascú acu i leith ullmhú pleananna um aistriú cóir agus oibríochtaí aonair. Déanfar na meithleacha teicniúla, ar cheart údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith san áireamh iontu, a chur ar bun de réir riachtanais oibríochtúla CUAC, agus cumhdach earnála na n-oibríochtaí a dtacaítear leo á chur san áireamh.

Oibreoidh na meithleacha teicniúla i ndlúthchomhar le Mol Comhairleach InvestEU a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) [clár InvestEU nua] agus le seirbhísí ábhartha an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta chun a áirithiú go mbeidh an t-eolas praiticiúil agus teicniúil is gá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun rochtain a fháil ar an gcistiú atá ar fáil trí chlár InvestEU agus trí BEI.

(b)

Fóram Bliantúil de Réigiúin atá i mbun Aistriú Cóir (dá ngairtear“an Fóram” anseo feasta), agus é eagraithe i gcomhar le Coiste Eorpach na Réigiún. Leis an bhFóram, beifear in ann treoshuíomhanna beartais a chomhordú agus a thrasuí i ngníomhaíochtaí oibríochtúla na meithleacha teicniúla.

3.     Bunóidh an Coimisiún na socruithe mionsonraithe a bhaineann le sásraí rialachais, comhaltas, oibriú agus buiséad an Ardáin. Áiritheofar rannpháirtíocht chothrom ar gach leibhéal rialtais.

4.     Cumhdófar costais oibríochtúla an Ardáin leis na hacmhainní cúnaimh theicniúil de bhun Airteagal 3(2), an tríú fomhír.

Cúis

Ba cheart forálacha praiticiúla maidir le cur ar bun an Ardáin um Aistriú Cóir a chur leis chun breis soiléire a thabhairt faoi chuspóirí agus oibriú an ardáin.

Leasú 19

Airteagal 10(4)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát agus seolfaidh sé comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí

COM(2020) 23 final

Leasú 20

Airteagal 21a (1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfar méid na n-acmhainní atá ar fáil do CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post i gcomhréir le hAirteagal [3] de Rialachán (AE) [Rialachán CUAC] a chomhlánú le hacmhainní ó CFRE, ó CSE+ nó ó mheascán díobh sin, na catagóire réigiún ina bhfuil an chríoch lena mbaineann lonnaithe. Beidh iomlán na n-acmhainní CFRE agus CSE+ aistrithe chuig CUAC ar a laghad cothrom le hoiread go leith de mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin ach ní rachaidh sé thar [trí] oiread de. In aon chás ní rachaidh na hacmhainní iomlána a aistreofar ó CFRE nó ó CSE+ thar 20 % den leithdháileadh ó CFRE agus ó CSE+ faoi seach chuig an mBallstát lena mbaineann. (…)

Déanfar méid na n-acmhainní atá ar fáil do CUAC faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post i gcomhréir le hAirteagal [3] de Rialachán (AE) [Rialachán CUAC] a chomhlánú le hacmhainní ó CFRE, ó CSE+ nó ó mheascán díobh sin, na catagóire réigiún ina bhfuil an chríoch lena mbaineann lonnaithe , trí bhíthin aistriú deonach . Beidh iomlán na n-acmhainní CFRE agus CSE+ aistrithe chuig CUAC ar a laghad cothrom le leath de mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin ach ní rachaidh sé thar oiread go leith de. In aon chás ní rachaidh na hacmhainní iomlána a aistreofar ó CFRE nó ó CSE+ thar 20 % den leithdháileadh ó CFRE agus ó CSE+ faoi seach chuig an mBallstát lena mbaineann. (…)

Cúis

Ba cheart breis solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na méideanna atá le haistriú ó CFRE agus ó CSE+ chuig CUAC. D’fhágfadh sin go gcuirfí teorainn le saoradh féideartha gealltanas i gcás acmhainn ionsúcháin íseal sna críocha is mó atá faoi thionchar an aistrithe.

Leasú 21

Airteagal 59(3a) (nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

3a.     Leis na hoibríochtaí a dtacófar leo le CUAC i gcomhréir le Rialachán (AE) [Rialachán CUAC], aisíocfar an tacaíocht ó CUAC más rud é, laistigh de 10 mbliana tar éis na híocaíochta deiridh a dhéanamh leis an mBallstát a fuair an tacaíocht, go n-osclaítear mianach nua guail, ligníte nó scealla ola nó ceantar nua bainte móna nó go n-athosclaítear mianach guail, ligníte nó scealla ola nó ceantar bainte móna sa chríoch inar úsáideadh an tacaíocht ó CUAC.

Cúis

Is é is cuspóir don tacaíocht cúnamh a thabhairt do réigiúin leis an aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, lena n-eisiatar oscailt mianach nua agus/nó ceantar nua bainte móna agus athoscailt mianach a díchoimisiúnaíodh go sealadach.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

1.

ag fáiltiú roimh bhunú an Chiste um Aistriú Cóir ós príomhuirlis a bheidh ann chun tacú leis na réigiúin is mó atá faoi thionchar an aistrithe chuig an aeráidneodracht;

2.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil príomh-mholtaí ó CnaR san áireamh sa togra le haghaidh an Chiste um Aistriú Cóir, ar píomh-mholtaí iad a leagtar amach sa Tuairim uaidh maidir le hathrú struchtúrtha socheacnamaíoch ar réigiúin ghuail na hEorpa (1);

3.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go dtabharfar tacaíocht do na Ballstáit uile leis an gciste, ach go mbeidh sé dírithe go fóill féin ar na réigiúin is mó atá buailte, agus orthu sin amháin. Thairis sin, chun a áirithiú go mbeidh an ciste comhdhlúite mar is cuí agus éifeachtach, agus chun an íosteorainn chabhrach a bhunú, níor cheart ach pobal na réigiún atá buailte a chur san áireamh;

4.

ag fáiltiú roimh na leithreasuithe beartaithe de EUR 11 270 459 000 (i bpraghsanna reatha) le haghaidh an Chiste um Aistriú Cóir ó Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus roimh an méid breise de EUR 32 803 000 000 (i bpraghsanna reatha) ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh mar spreagadh mór chun cuspóir an Chiste um Aistriú Cóir a bhaint amach; á thabhairt dá aire le teann imní go bhféadfadh níos lú trédhearcacht agus inchomparáideacht leithdháiltí a bheith ann idir ceannteidil CAI de dheasca na figiúirí a bheith á sloinneadh i bpraghsanna reatha; á éileamh ar an gComhairle an méid sin a chur san áireamh mar fhíorleithreasuithe breise sa chaibidlíocht ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027;

5.

á thabhairt dá aire le teann imní go mbeidh, de dheasca na n-acmhainní breise arna maoiniú faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, as a dtiocfaidh breis gealltanas sna blianta 2021-2024, brú as cuimse ar na húdaráis bhainistíochta agus ar na tairbhithe deiridh beagnach 75 % den leithdháileadh iomlán a ullmhú, a chur chun feidhme agus a chaitheamh laistigh de na chéad 4 bliana den tréimhse chlársceidealaithe nua;

6.

ag fáiltiú roimh an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach chun treisiú leis an aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach, aeráid-íogair agus inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta de faoi 2050 trí bhearta spriocdhírithe agus tacú leis na limistéir is mó atá faoi thionchar an aistrithe chuig an aeráidneodracht ar bhealach speisialta agus le hacmhainní breise; ag cur béim ar a riachtanaí atá sé gan na cistí breise sin a thógáil ó bhuiséad an bheartais comhtháthaithe faoi aon imthosca; ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh buiséad láidir le haghaidh an bheartais chomhtháthaithe mar an bpríomhthosaíocht chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide ar an leibhéal críochach;

7.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an Ciste nua um Aistriú Cóir a chur faoi Cheannteideal 2 (Comhtháthú agus Luachanna) de CAI 2021-2027 seachas faoi Cheannteideal 3 (Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol), agus tá sé á athdhearbhú aige go ndiúltaíonn sé do na ciorruithe atá beartaithe a dhéanamh ar an mbeartas comhtháthaithe; ag meabhrú an ghlao ó CnaR go n-eisiafaí cómhaoiniú náisiúnta iomlán Chistí SIE ó na ríomhanna faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis; á mheas gur cheart an méid céanna a bheith infheidhme maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir;

8.

ag tarraingt aird ar na deacrachtaí ar leith atá ann do réigiúin atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise le córais fuinnimh scoite, amhail na réigiúin is forimeallaí; ag cur béim ar a lárnaí atá forbairt an mheascáin fuinnimh, i ndáil leis an gcríoch, leis an uisce, leis an dramhaíl agus leis an bhfuinneamh, sa straitéis fuinnimh i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de;

9.

ag tabhairt mheastachán coigeartaithe an Choimisiúin Eorpaigh dá aire, is é sin, go dtiocfaidh infheistíocht EUR 150 billiún faoi 2030 as na trí cholún den Sásra um Aistriú Cóir. Ina ainneoin sin, tá imní ar CnaR maidir leis an ráta giarála a bhfuil coinne leis agus maidir le féidearthacht infheistíochtaí príobháideacha i gcás roinnt de na tionscnaimh fhéideartha;

10.

á iarraidh nár cheart aon tacaíocht ó CUAC ná ó SUAC a dheonú d’infheistíochtaí i réigiúin NUTS 3 i gcás ina mbeidh údarú poiblí deonaithe d’oscailt mianaigh nua guail, ligníte nó scealla ola nó ceantair bainte móna nó d’athoscailt mianaigh guail, ligníte nó scealla ola, nó d’athoscailt ceantair bainte móna, a díchoimisiúnaíodh go sealadach;

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cheart íocaíocht iasachtaí na hearnála poiblí a theorannú do thionscadail ag a bhfuil tionchar intomhaiste agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha nó chomhshaoil tar éis an aistrithe chuig geilleagar atá aeráidneodrach;

12.

á thabhairt le fios gur gá d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha tionscadail a mhaoiniú freisin sa phróiseas i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach, ar tionscadail iad nach ngineann sreabh leordhóthanach ioncaim dhílis agus nach bhfaigheann na húdaráis sin tacaíocht lena n-aghaidh faoi aon chláir eile den Aontas; ag fáiltiú sa chomhthéacs sin roimh an togra le haghaidh rialachán maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin gCiste um Aistriú Cóir lena dtacaítear le riachtanais infheistíochta eintiteas ón earnáil phoiblí a eascraíonn ó na dúshláin a bhaineann leis an aistriú ar a bhfuil tuairisc sna pleananna um aistriú cóir;

13.

ag tabhairt dá aire taithí agus glacadh athraitheach údarás áitiúil agus réigiúnach ar fud an Aontais i dtaca le húsáid sásraí airgeadais BEI. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go mbeidh rath ar cholún 3 den Sásra um Aistriú Cóir, tá CnaR á éileamh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go soláthróidh na Ballstáit faoi seach cúnamh teicniúil agus praiticiúil leordhóthanach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sin ar mian leo na sásraí airgeadais faoi seach de chuid BEI a úsáid;

14.

ag tabhairt dá aire ailíniú raon feidhme na tacaíochta ón gCiste um Aistriú Cóir, ó CFRE agus ó CSE+, ós rud é gur féidir tromlach na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo tríd an gCiste um Aistriú Cóir a mhaoiniú freisin laistigh de na cuspóirí faoi CFRE agus CSE+;

15.

buartha faoin moill a d’fhéadfaí a chur ar chur chun feidhme phríomhchláir an bheartais comhtháthaithe mar gheall ar CUAC. Lena chois sin, tá CnaR buartha freisin faoin gcastacht agus faoin maorlathas a d’fhéadfadh teacht as an gciste nua sin ó thaobh bhainistiú phríomhchláir an bheartais chomhtháthaithe de;

16.

aiféalach gurb é is aidhm don togra ón gCoimisiún cláir a bhunú ar leibhéal NUTS 3 seachas ar leibhéal NUTS 2, arb é sin an leibhéal ag a ndéantar príomhchláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme. Tagann an togra sin salach ar choincheap na limistéar feidhme, ar limistéir iad nach gá a bheith cothrom le limistéir riaracháin NUTS 3. Cuireann CnaR béim ar a thábhachtaí atá sé plean críochach comhfhreagrach amháin a éileamh ar leibhéal NUTS 2;

17.

á éileamh go leathnófaí raon feidhme na tacaíochta ón gCiste um Aistriú Cóir ionas go bhféadfaidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha, le comhaontú ón gCoimisiún Eorpach agus ó na Ballstáit, tionscadail incháilithe bhreise a chur san áireamh ina bpleananna críochacha um aistriú cóir. Ina theannta sin, tá CnaR á iarraidh go gcuirfí an dífhostaíocht, agus an dífhostaíocht i measc na hóige go háirithe, san áireamh mar phríomhtháscaire chun na hacmhainní arna leithdháileadh don chiste a dháileadh;

18.

á éileamh go mbeadh páirt lárnach ag páirtithe leasmhara áitiúla agus réigiúnacha in ullmhú na bpleananna críochacha um aistriú cóir, ós rud é go gcomhroinnfear bainistíocht CUAC agus go bhfuil acmhainní CFRE agus CSE+ nasctha go dlúth leis an tacaíocht ó CUAC;

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún breis treorach a thabhairt faoin gcaoi a mbeartaíonn sé cúnamh a thabhairt d’údaráis bhainistíochta agus do réigiúin agus a bpleananna críochacha um aistriú cóir á ndréachtú acu, ós rud é go bhféadfaidh an togra le haghaidh rialachán CUAC, lena n-áirítear a iarscríbhinní, a bheith fós faoi réir modhnuithe substaintiúla. Tá rabhadh á thabhairt ag CnaR i gcoinne moilleanna breise in ullmhú na gclár sin ina bhfuil an tacaíocht ó CUAC ag brath ar thacaíocht ó CFRE agus CSE+ mar gheall ar an oibleagáid a bhaineann le pleananna críochacha um aistriú cóir a fhormheas;

20.

á chur i bhfáth nár cheart do chríocha atá buailte liostaí uileghabhálacha a sholáthar ina bpleananna críochacha um aistriú cóir, ar liostaí iad de chuideachtaí agus/nó d’oibríochtaí féideartha arbh fhéidir go ndeonóidís tacaíocht dóibh, ós rud é go bhféadfadh moilleanna i nglacadh na bpleananna sin teacht as sin mar aon le hualaí riaracháin neamhriachtanacha ar údaráis bhainistíochta. Tá CnaR á thabhairt le fios, ina leith sin, gur fágadh nós imeachta ar leithligh le haghaidh glacadh tionscadal mór amach as an togra ón gCoimisiún le haghaidh RFC nua agus go bhféadfadh liosta den sórt sin de thairbhithe agus/nó d’oibríochtaí an méid sin a iompú droim ar ais arís;

21.

á éileamh go ndéanfaí uasteorainn 20 % de na leithdháiltí tosaigh ón gclár oibríochtúil chuig CFRE agus CSE+ a chur i bhfeidhm maidir leis na haistrithe chuig CUAC. Tá sé á mholadh ag CnaR go dtabharfaí breis solúbthachta d’údaráis bhainistíochta trí aistrithe a dhéanamh ar bhonn deonach de bhun Airteagal 6(2) den dréachtrialachán le huasmhéid suas le 1,5 oiread an mhéid tacaíochta ó CUAC agus le toiliú na n-údarás áitiúil agus réigiúnach lena mbaineann, agus leis sin amháin;

22.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ualaí riaracháin neamhriachtanacha a sheachaint trí mheasúnú tionchair ex ante ar an scéim clársceidealaithe agus faireacháin le haghaidh CUAC a bheartú go soiléir;

23.

á thabhairt dá aire go dtabharfar achoimre ar thosaíochtaí infheistíochta CUAC i dtuarascálacha tíre, ar cuid de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh iad; á chur i bhfios nach bhfuil baint fhoirmiúil ag na réigiúin leis an bpróiseas agus tá sé den tuairim gur gá ról níos láidre a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun cuspóirí CUAC a bhaint amach;

24.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go sainmhínítear eilimintí sonracha sa Rialachán nach mór a chur san áireamh sna pleananna críochacha um aistriú cóir. Tá CnaR á iarraidh ar an údarás reachtach gealltanas soiléir a chur leis na heilimintí sin, ar gealltanas é do spriocanna Chomhaontú Pháras, do sprioc an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus dá spriocanna laghdaithe astaíochtaí le haghaidh 2030;

25.

á thabhairt le fios gur cruthaíodh an tArdán do Réigiúin Ghuail atá i mbun aistriú chun díriú ar réigiúin mianaigh guail ina raibh gníomhaíochtaí mianaigh guail fós ar bun agus gurbh éard a bhí beartaithe raon feidhme an tionscnaimh a leathnú chuig gach réigiún ar mór a lorg carbóin sa dara céim. Tá CnaR á chur i bhfáth go mbeidh ar na réigiúin atá i mbun aistriú aghaidh a thabhairt ar chonstaicí comhchosúla, agus, dá bhrí sin, tríd an ardán nua, gur cheart seirbhísí comhairleacha a sholáthar, cúnamh a thabhairt d’údaráis bhainistíochta agus do thairbhithe lena smaointe tionscadail agus leis an gcur chun feidhme praiticiúil ar an leibhéal áitiúil, agus a bheith ina mhalartú dea-chleachtas freisin;

26.

ag fáiltiú, ina leith sin, roimh chruthú an Ardáin um Aistriú Cóir, rud ba cheart a bhunú ar thaithí dhearfach na réigiún sin ar mór a lorg carbóin agus na réigiún eile ar éirigh leo imeacht ó bhreoslaí iontaise go foinsí fuinnimh ghlain. Tá CnaR á chur i bhfios gur cheart don ardán sin a áirithiú go n-oibreoidh gach rann den Choimisiún agus BEI i ndlúthchomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar athrú struchtúrtha sna réigiúin is mó atá buailte. Tá geallta ag CnaR páirt ghníomhach a ghlacadh in oibriú an Ardáin um Aistriú Cóir, go háirithe trí Fhóram Bliantúil de na Réigiúin atá i mbun Aistriú Cóir a eagrú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach;

27.

á chur i bhfáth nach mór an tsolúbthacht a áireamh i bhforálacha an Aontais maidir leis an státchabhair nuair is mian le réigiúin incháilithe atá i mbun aistriú an infheistíocht phríobháideach a mhealladh. Tá CnaR á éileamh athuair ar an gCoimisiún go ndéanfadh sé, agus treoirlínte nua á dtarraingt suas aige, na fadhbanna atá nasctha le hathrú struchtúrtha sna réigiúin atá buailte a chur san áireamh agus go n-áiritheodh sé go bhfuil na réigiúin sin sách solúbtha le bheith in ann a dtionscadail a chur chun feidhme ar bhealach atá inmharthana go sóisialta agus go heacnamaíoch;

28.

á chur i bhfios nár cheart tacaíocht tríd an gCiste um Aistriú Cóir le haghaidh infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair, cé is moite de FBManna, a theorannú do na limistéir sin atá incháilithe chun státchabhair a fháil faoi Airteagal 107(3)(a) agus (c) de CFAE faoi na rialacha maidir leis an státchabhair atá ann cheana. Leis an státchabhair sin, ba cheart go bhféadfadh gach limistéar a bhaineann tairbhe as an gCiste um Aistriú Cóir cur i gcoinne na bagartha go gcaillfí poist ag céim luath. Ina theannta sin, ba cheart an méid sin a áirithiú tríd an Rialachán Blocdhíolúine Ginearálta a oiriúnú dá réir sin;

29.

á chur i bhfios gur cheart an deis a thabhairt do na réigiúin is mó atá faoi thionchar an aistrithe chuig geilleagar atá aeráidneodrach dul i gcoinne an athraithe struchtúrtha ghaolmhair go gníomhach a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, tá Coiste Eorpach na Réigiún á mholadh gur cheart a áirithiú leis na coigeartuithe a dhéanfar amach anseo ar an dlí maidir leis an státchabhair, e.g. trí bhíthin treoirlíne nua ón gCoimisiún Eorpach bunaithe ar Airteagal 107(3)(b) nó (c) CFAE, go gceadófar an chabhair beag beann ar stádas an limistéir fóirithinte faoi na rialacha atá ann cheana;

30.

ag tabhairt aitheantas don ról atá ag straitéisí um speisialtóireacht chliste mar cheann de na príomhuirlisí seachadta do CUAC nua;

31.

ag cur béim ar cheistneoir a sheol Coiste Eorpach na Réigiún chun anailís a dhéanamh ar na hathruithe is gá a dhéanamh ar rialacháin maidir leis an státchabhair i ndáil leis an athrú struchtúrtha ar réigiúin ghuail na hEorpa (2); á chur i bhfios go gcuirtear i bhfáth sna conclúidí gur cheart státchabhair a bheith ina taca ag an bpróiseas aistrithe chun cuideachtaí a mhealladh, rud a d’fhéadfadh caillteanais poist agus caillteanais i gcruthú luacha a chúiteamh agus gur cheart breis solúbthachta a thabhairt trí rialacha maidir leis an státchabhair, go háirithe maidir leis an infheistíocht sa bhonneagar fuinnimh, san éifeachtúlacht fuinnimh, san infheistíocht fuinnimh agus san fhuinneamh inathnuaite;

32.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil an togra reachtach bunaithe ar Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar airteagal é atá bunaithe ar an gcomhtháthú, agus go bhfuil sé den tuairim go dtugtar achoimre shoiléir sa togra ar a bhreisluach Eorpach agus go bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus le prionsabal na comhréireachta.

An Bhruiséil, 2 Iúil 2020.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Tuairim maidir le hathrú struchtúrtha socheacnamaíoch ar réigiúin ghuail na hEorpa (IO C 39, 5.2.2020, lch. 58).

(2)  https://cor.europa.eu/ga/news/Pages/report-coal.aspx