ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 252

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
31 Iúil 2020


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2020/C 252/01

Pacáiste Soghluaisteachta I maidir le hiompar de bhóthar – Dearbhú ón gCoimisiún

1


GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 252/1


Pacáiste Soghluaisteachta I maidir le hiompar de bhóthar – Dearbhú ón gCoimisiún

(2020/C 252/01)

Tugann an Coimisiún dá aire gur ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa na colúin shóisialta agus mhargaidh atá i bPacáiste Soghluaisteachta I an 15 Iúil 2020 (1).

Is mór na feabhais shóisialta a bheartaítear sa togra seo. Is oth leis an gCoimisiún áfach, go bhfuil eilimintí sa chomhaontú a tugadh i gcrích ag an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa nach bhfuil i gcomhréir le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus formhuiniú chuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, formhuiniú ón gComhairle Eorpach. Atá sna heilimintí sin, filleadh éigeantach na feithicle chuig an mBallstát bunaíochta gach 8 seachtaine agus srianta a fhorchur ar chomhoibríochtaí iompair. Ní raibh na bearta sin ina gcuid de na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 31 Bealtaine 2017 agus ní dhearnadh measúnú tionchair orthu. Mar thoradh ar an oibleagáid ar an trucail filleadh, beidh neamhéifeachtúlachtaí sa chóras iompair agus tiocfaidh méadú ar astaíochtaí neamhriachtanacha, ar thruailliú agus ar phlódú, agus an tráth céanna fágfaidh na srianta ar iompar traschórais go laghdófar a éifeachtacht ó thaobh tacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí iompair lastais ilmhódacha.

Is é rud a dhéanfaidh an Coimisiún anois grinnmheasúnú ar an tionchar ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar fheidhmiú an mhargaidh aonair a bhaineann leis an dá ghné sin. Is i bhfianaise an Chomhaontaithe Ghlais agus i bhfianaise bearta atá ann chun iompar a dhícharbónú agus an comhshaol a chaomhnú a dhéanfaidh an Coimisiún amhlaidh, agus Margadh Aonair dea-fheidhmiúil a áirithiú san am céanna.

Tar éis measúnú tionchair, déanfaidh an Coimisiún a cheart a fheidhmiú, más gá, togra reachtach spriocdhírithe a chur ar aghaidh sula dtiocfaidh an dá fhoráil i bhfeidhm.


(1)  Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le haimsiú suímh trí bhíthin tacagraf (IO L 249, 31.7.2020, lch. 1.).

Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil iompair de bhóthar (IO L 249, 31.7.2020, lch. 17.).

Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú san earnáil iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49.).