ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
29 Aibreán 2020


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste na Réigiún

 

An 138ú Seisiún Iomlánach de Coiste Eorpach na Réigiún, 11.02.2020 – 12.02.2020

 

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis Bhliantúil 2020 don Fhás Inbhuanaithe

1

 

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

5

 

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Clár Oibre 2020 ón gCoimisiún Eorpach

8

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste na Réigiún

 

An 138ú Seisiún Iomlánach de Coiste Eorpach na Réigiún, 11.02.2020 – 12.02.2020

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Smacht Reachta a Neartú laistigh den Aontas – Treoirphlean Gníomhaíochta

15

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Pacáiste um Méadú 2019

20

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Rannchuidiú na Réigiún agus na gCathracha le Forbairt na hAfraice

25

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – I dtreo Comharsanachtaí agus Pobail Bheaga Inbhuanaithe – An Beartas Comhshaoil faoi bhun Leibhéal an Bhardais

29

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Imirce Daoine Oilte san Aontas: Aghaidh a Thabhairt ar an Dúshlán ar gach Leibhéal

34

 

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Cultúr in Aontas a fhéachann le níos mó a dhéanamh: Ról na Réigiún agus na gCathracha

39


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 141 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste na Réigiún

An 138ú Seisiún Iomlánach de Coiste Eorpach na Réigiún, 11.02.2020 – 12.02.2020

29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis Bhliantúil 2020 don Fhás Inbhuanaithe

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (An Coiste),

ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Straitéis Bhliantúil 2020 don Fhás Inbhuanaithe (ASGS) (1);

ag féachaint dá rún an 9 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Seimeastar Eorpach 2019 agus i bhfianaise Shuirbhé Bliantúil Fáis 2020 (2);

Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach

1.

ag cur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfeidhmeoidh ASGS 2020 mar phointe tosaigh chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach, óir fágann sin tréimhse níos faide agus fócas níos leithne ag an Seimeastar Eorpach in ionad é a bheith dírithe ar ábhair imní a bhaineann go hiomlán leis an ngeilleagar agus orthu sin amháin;

2.

den tuairim nach foláir athrú ó bhonn a dhéanamh ar an rialachas agus ar an smaointeoireacht is bonn le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh ina iomláine, agus díriú athuair ar úinéireacht an tSeimeastair Eorpaigh ar an leibhéal áitiúil, má táthar le ASGS a úsáid mar uirlis comhordaithe beartais lena gcuirfí an Comhaontú Glas don Eoraip chun feidhme;

3.

á chur i bhfáth nach mór aghaidh a thabhairt, ar bhealach iomlánaíoch, ar gach gné den fhorbairt inbhuanaithe (an t-iomaíochas, an chuimsitheacht, an comhshaol, an dea-rialachas) atá níos leithne ná an Comhaontú Glas féin d’fhonn na SDGannna a chur i gcrích; chuige sin, beidh comhleanúnachas ó thaobh beartas ag teastáil a fhad a bhaineann le comhbhabhtálacha agus le dúshláin dáileacháin. Áirítear leis sin freisin feabhas a chur ar na gnéithe cultúrtha agus sóisialta a bhaineann le heolas a tháirgeadh, le heolas a roinnt agus leis an nuálaíocht. Leis an Seimeastar Eorpach, ba cheart go mbeadh an uile leibhéal rialtais agus na geallsealbhóirí ábhartha, ag obair dóibh i gcomhpháirtíocht le chéile, in ann na comhbhabhtálacha sin a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, an smaointeoireacht neamh-chomhtháite a sheachaint agus an comhleanúnachas a áirithiú, agus na SDGanna á bpríomhshruthú acu ó réimse beartais go chéile ag an am céanna;

4.

ag cur in iúl gur díol sásaimh dó gur fógraíodh go mbeadh ranna sonracha sna Tuarascálacha de réir Tíre agus sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú dírithe ar fhaireachán a dhéanamh ar na SDGanna agus ar mheasúnú a dhéanamh ar bheartais ghaolmhara, agus go n-áireofaí faoi na Moltaí Tírshonracha rannchuidiú sonrach gach tíre maidir leis na SDGanna; á thabhairt dá aire gur gá a chur san áireamh, agus na SDGanna á gcomhtháthú sa Seimeastar Eorpach, nach mar a chéile ó chríoch go chéile an pointe tosaigh ábhartha agus go bhfuil gá le bonn iomchuí staidrimh chun faireachán a dhéanamh ar na SDGanna ar an leibhéal réigiúnach;

5.

ag iarraidh tráthchlár soiléir agus spriocanna atá soiléir intomhaiste agus faoi cheangal ama chun na SDGanna a chur i gcrích, i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Chomhaontú Glas agus in ASGS araon; á chur i bhfáth gur cheart na spriocanna agus na hamlínte sin a shocrú trí phróiseas measctha, is é sin le rá próiseas ón mbarr anuas agus ón mbun aníos araon, ina n-oibreodh an uile leibhéal rialtais agus na geallsealbhóirí ábhartha i gcomhpháirtíocht le chéile;

6.

ag teacht le héirim fhoriomlán na moltaí atá déanta do Bhallstáit an limistéir euro, agus á thabhairt dá haire, os a choinne sin, go dtacaíonn siad ar éigean leis na huaillmhianta maidir le glasú agus cuimsiú atá de dhlúth agus d’inneach na SDGanna agus an Chomhaontaithe Ghlais, agus nach leagtar béim leordhóthanach sna moltaí sin ar na dúshláin bheartais a thagann chun cinn toisc nach mar a chéile an pointe tosaigh ó chríoch go chéile;

7.

á thabhairt dá aire go mbeartaítear leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe EUR 1 trilliún d’infheistíocht inbhuanaithe a shlógadh sna deich mbliana amach romhainn; aiféalach, áfach, gurb é atá sa Phlean den chuid is mó, meascán de bhearta, de thionscnaimh agus d’uirlisí airgeadais atá ann cheana féin nó atá pleanáilte roimh ré, ach iad a bheith curtha faoi cheannteideal comhchoiteann anois; imníoch, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé nach mbeadh an Plean sin i riocht na hacmhainní airgeadais agus an comhordú is gá a shlógadh chun cur chun feidhme éifeachtach na SDGanna san Eoraip a áirithiú faoi 2030; ag iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí measúnú breise ar na fíorchostais a bhaineann leis an aistriú i dtreo na forbartha inbhuanaithe agus go ndéanfaí plean níos mionsonraithe maidir le maoiniú na SDGanna; den tuairim gur cheart aird ar leith a dhíriú ar thionscnaimh nuálaíochta a spreagadh, ar tionscnaimh arna ndéanamh ar bhonn comhoibríoch idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha agus arna dtiomáint chun cinn ag cathracha agus ag réigiúin iad;

8.

ag leagan béim ar an ngá atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ionas gur féidir miondealú difreáilte a dhéanamh ar na hacmhainní airgeadais a theastaíonn chun an infheistíocht phoiblí a chistiú ar gach leibhéal rialtais d’fhonn an Comhaontú Glas a chur chun feidhme;

9.

ag aontú leis go bhfuil athchóirithe struchtúracha arna ndéanamh sna Ballstáit ar na réimsí beartais straitéiseacha a bhaineann le cuspóirí an Chonartha agus beartais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme ríthábhachtach le haghaidh chóineasú agus iomaíochas an Aontais, lena n-áirítear an margadh aonair a dhoimhniú. Creat úsáideach atá sa Seimeastar Eorpach chun na hathchóirithe sin a chur chun cinn, ar choinníoll go ndéantar raon feidhme na n-athchóirithe struchtúracha atá incháilithe do chistiú an Aontais a shainiú de réir phrionsabal na coimhdeachta agus ar choinníoll go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach ann mar chomhpháirtithe iomlána;

Gné chríochach an tSeimeastair Eorpaigh

10.

ag cur in iúl gur díol sásaimh dó an bhéim atá leagtha ar an méadú atá ag teacht ar éagothromaíochtaí réigiúnacha agus ar dhúshláin ghaolmhara maidir leis an bhfás agus leis an gcomhtháthú ar fud na mBallstát agus laistigh díobh; á chur i bhfios go láidir go mbíonn tionchar mór ag na héagsúlachtaí sna pointí tosaigh ar an gcaoi a ndéanann na Ballstáit agus a gcuid réigiún a mbeartais inbhuanaitheachta a dhearadh agus a chur chun feidhme; á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar na héagsúlachtaí críochacha trí bheartais áit-bhunaithe, agus leas á bhaint as measúnuithe tionchair críochacha mar thaca leo;

11.

ag tarraingt aird ar ábharthacht mhéadaithe na dTuarascálacha de réir Tíre, go háirithe Iarscríbhinn D a ghabhann leo, lena dtabharfar treoir maidir le beartais infheistíochta ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear iad siúd a chistítear faoin mBeartas Comhtháthaithe agus faoin gCiste um Aistriú Cóir; á chur i bhfios go láidir, de réir thorthaí shuirbhé de chuid an Choiste ar na comhlachais náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar chathracha agus réigiúin os comhair a rialtas náisiúnta, nach raibh baint leordhóthanach ag a rialtais náisiúnta leis an ullmhúchán ná leis an bplé a rinneadh ar Iarscríbhinn D ar an leibhéal polaitiúil, agus gur minic nach dtugtar léargas cruinn in Iarscríbhinn D ar na riachtanais infheistíochta atá acu;

12.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhsheasmhacht agus comhordú láidir idir an Seimeastar Eorpach agus an beartas comhtháthaithe chun na cuspóirí i dtaca le hinbhuanaitheacht agus cuimsiú sóisialta atá sa Chomhaontú Glas a bhaint amach; ní ar na daoine is leochailí a chuirfear costais an aistrithe i dtreo na forbartha inbhuanaithe; dá bhrí sin, ní mór don Sásra um Aistriú Cóir tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil do na daoine agus do na réigiúin is mó atá thíos leis, go háirithe dóibh siúd atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise, cuir i gcás réigiúin a bhfuil córais fuinnimh scoite acu, agus do thionscail dianfhuinnimh agus do na tionscail sin a fhágtar thíos leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an athrú sa tsamhail fuinnimh, tar éis dóibh a ngealltanais maidir le dícharbónú a chomhlíonadh; ag cur in iúl, ina theannta sin, gur díol sásaimh dó rialachas an Chiste um Aistrú Cóir a bheith bunaithe ar Rialachán na bhForálacha Coiteann (CPR) agus ag iarraidh go mbeadh critéir shoiléire agus oibiachtúla ann maidir le leithdháileadh;

Gné shóisialta an tSeimeastair Eorpaigh

13.

ag tacú le comhtháthú na SDGanna sa phleanáil don straitéis eacnamaíoch inbhuanaithe, go háirithe ós rud é go bhfuil na spriocanna ag teacht cuid mhaith le cur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; ag cur in iúl, dá bhrí sin, gur díol sásaimh dó an teachtaireacht a eisíodh le déanaí maidir le hEoraip láidir shóisialta d’aistrithe córa (3) agus ag iarraidh go gcuirfear i láthair go pras an plean gníomhaíochta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme;

14.

ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh gníomhaíochta a mholadh chun an bhearna fostaíochta idir na hinscní agus an bhearna phá idir na hinscní a laghdú;

15.

ag cur in iúl gur díol sásaimh dó gur cuireadh gné réigiúnach san áireamh sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht is déanaí, atá dealraitheach le “Scórchlár Sóisialta Réigiúnach Eorpach” an Choiste a eisíodh i mí Mheán Fómhair 2019;

16.

imníoch, ar an gcaoi chéanna is atá an Coimisiún, faoi na héifeachtaí diúltacha a leanfaidh aosú an daonra agus faoi dhúshláin dhéimeagrafacha eile amhail pobail ísealdlúis agus scaipthe, líon an aosa óig a bheith ag laghdú agus an ráta breithe a bheith ag titim, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí a chur san áireamh a fhaightear sa tuairim ón gCoiste dar teideal Demographic change: proposals on measuring and tackling its negative effects on EU regions and on The EU response to the demographic challenge [Athruithe Déimeagrafacha: Tograí maidir le hÉifeachtaí Diúltacha na nAthruithe sin ar Réigiúin an Aontais Eorpaigh agus Freagairt an Aontais do Dhúshlán na Déimeagrafaíochta a Thomhas agus Dul i nGleic leo];

Rialachas an tSeimeastair Eorpaigh

17.

á thabhairt dá aire nach féidir le samhail fáis an Aontais cur go rathúil leis na cuspóirí domhanda a chumhdaítear sna SDGanna agus sa Chomhaontú Glas mura n-áiritheofar comhordú ceart leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Tá an Coiste á athdhearbhú gur gá úinéireacht an tSeimeastair Eorpaigh a mhéadú ar an leibhéal áitiúil chun go mbeidh sé níos éifeachtaí i ndáil leis an sprioc nua uaillmhianach atá ag an Aontas na SDGanna a chur i gcrích, go háirithe toisc nach féidir, de réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), 65 % de spriocanna na SDGanna, lán 169 sprioc díobh san iomlán, a chur i gcrích gan rannpháirtíocht iomlán na n-údarás réigiúnach agus áitiúil ná gan comhordú iomlán a dhéanamh leo. Ionas go mbainfear amach na gealltanais a thugtar sa Seimeastar, ba cheart an uile leibhéal rialtais agus na geallsealbhóirí ábhartha a bheith rannpháirteach ann mar chomhpháirtithe, in ionad a bheith i dtortaobh leis na cleachtais reatha arb é is mó atá i gceist leo comhairliúchán a dhéanamh ag na céimeanna deiridh de phróiseas an tSeimeastair. Ba cheart an cur chuige comhpháirtíochta sin a ghlacadh mar ábhar práinne agus cur chun feidhme na SDGanna a chur i gcrích ar an leibhéal áitiúil trí leas a bhaint as cuspóirí agus spriocanna áitbhunaithe agus creataí ama gaolmhara; chuige sin, ní mór breis béime a chur ar ghealltanais oibríochtúla maidir leis na SDGanna agus ar athbhreithnithe áitiúla deonacha arna ndéanamh ar phróisis chur chun feidhme na SDGanna;

18.

á chur i bhfios go láidir go dtugtar treoir anois sa Seimeastar Eorpach maidir le clársceidealú na n-infheistíochtaí atá le comhchistiú faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (SIE), agus maidir leis an Ionstraim Bhuiséadach um Chóineasú agus um Iomaíochas atá beartaithe. Tá an Coiste ag tabhairt rabhaidh, áfach, faoin mbaol a bhaineann le cur chuige an tSeimeastair Eorpaigh, ar cur chuige láraithe ón mbarr anuas é, lena gcuirtear srianta míchuí ar chur chuige an Bheartais Comhtháthaithe, ar cur chuige díláraithe ón mbun aníos é sin, agus ar a chuid beartas áit-bhunaithe; ag iarraidh freisin go mbeadh comhsheasmhacht ann idir cur chuige clársceidealaithe ilbhliantúil an Bheartais Comhtháthaithe agus an Seimeastar Eorpach;

19.

ag áitiú ar an Aontas próisis rialachais an tSeimeastair Eorpaigh agus beartas comhtháthaithe an Aontais a chomhordú go héifeachtach bunaithe ar na prionsabail chéanna a fhad a bhaineann leis an gcomhpháirtíocht agus leis an rialachas il-leibhéil; ag athdhearbhú a thuairime maidir leis na naisc idir an beartas comhtháthaithe agus an Seimeastar Eorpach; ag athdhearbhú a thogra maidir le Cód Iompair (4) a d’fhágfadh ról ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa Seimeastar Eorpach mar chomhpháirtithe iomlána, cosúil leis an gCód Iompair maidir le comhpháirtíocht i Rialachán na bhForálacha Coiteanna 2014-2020; ag leagan béim ar an ngá atá ann úsáid na mbeartas atá cistithe ag an Aontas a chur chun cinn le haghaidh fhothú acmhainneachta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus ag meabhrú na tuairime a d’eisigh sé le déanaí ar an ábhar sin (5); aiféalach nach soláthraítear sa Tuarascáil Faireacháin Bhliantúil maidir le cur chun feidhme Chlár Tacaíochta 2018 um Athchóiriú Struchtúrach sonraí faoin úsáid a bhaineann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha as an gclár;

20.

ag lua freisin nach mór do na geallsealbhóirí, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a bheith rannpháirteach go gníomhach i gcur i gcrích na SDGanna féin. Dá bhrí sin, agus deireadh tagtha le sainordú ardán geallsealbhóirí an Aontais maidir leis na SDGanna, ba cheart sainiú a dhéanamh ar chineálacha nua rannpháirtíochta geallsealbhóirí i gcur chun feidhme na SDGanna, go háirithe tríd an Seimeastar Eorpach, ach iad a bheith chomh huaillmhianach céanna;

21.

á threorú dá Uachtarán an rún seo a chuig ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Uachtaránacht na Cróite ar an gComhairle agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

An Bhruiséil, 12 Feabhra 2020

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://ec.europa.eu/info/publications/2020-european-semester-annual-sustainable-growth-strategy_ga

(2)  https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2019-03856-00-00-res-tra-en.docx/content

(3)  COM(2020) 14 críochnaitheach

(4)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Feabhas a chur ar Rialachas an tSeimeastair Eorpaigh: Cód Iompair do Rannpháirtíocht na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach. Rapporteur Rob Jonkman (NL/ECR). Glacadh í an 11 Bealtaine 2017 (IO C 306, 15.9.2017, lch. 24) (Níl leagan GA ann; teideal aistrithe).

(5)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Feabhas a chur ar Acmhainneacht Riaracháin na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach chun Infheistíochtaí agus Athchóirithe Struchtúracha a Neartú in 2021-2027. Rapporteur Manuela bora (IT/PES). Glacadh í an 4 Nollaig 2019 (IO C 79, 10.3.2020, lch. 25).


29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (an Coiste)

De bharr an mhéid seo a leanas:

a)

Tá dlisteanacht dhaonlathach an Aontais Eorpaigh ag brath ar mhuinín na saoránach as a n-ionadaithe a thoghtar ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

b)

Is é an daonlathas ionadaíoch is bonn leis an tionscadal Eorpach; léirigh an méadú a tháinig ar líon na ndaoine a chaith vóta sna toghcháin Eorpacha in 2019 an fonn nach beag atá ar na saoránaigh gnóthaí an Aontais a mhúnlú; ní mór do gach leibhéal rialtais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus bealaí nua a fhorbairt chun teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh;

c)

Gach bliain déantar toghcháin a reáchtáil sna Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus is deis iad na toghcháin sin chun eolas a thabhairt do na saoránaigh faoin gcaoi a dtéann beartais Eorpacha i bhfeidhm ar an uile leibhéal rialachais, rud a chuidíonn go mór le creidiúnacht an Aontais, mar a fheictear do na saoránaigh í, a threisiú.

d)

Is léir go bhfuil ról ríthábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ós iad is cúis le leath na hinfheistíochta poiblí uile, le trian an chaiteachais phoiblí agus leis an gceathrú cuid den ioncam ó cháin san Aontas Eorpach;

Tá Coiste Eorpach na Réigiún (an Coiste)

1.

Ag cur in iúl gur díol sásaimh dó an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur ar bun agus ag tnúth lena chion féin a dhéanamh chun torthaí nithiúla a bhaint amach agus chun gníomhaíocht a dhéanamh a rachaidh chun tairbhe ar dhóigheanna nithiúla do shaoránaigh an Aontais;

2.

Den tuairim gur deis í an Chomhdháil chun na bearta atá de dhíth ar an Aontas a shainaithint d’fhonn cur lena chumas chun a fheidhmiú daonlathach a chur i gcrích agus a fheabhsú i gcomhréir le prionsabal nua na coimhdeachta gníomhaí;

3.

Á chur i bhfios go láidir, i gcás na n-ionadaithe tofa áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais, a bhfuil breis agus milliún díobh ann san iomlán, gur cheart páirt a thabhairt dóibhsean i dtaca le beartais an Aontais a mhúnlú agus le nasc a chruthú idir an tAontas agus na saoránaigh; chun cur le hinfheictheacht an phróisis sin, geallann an Coiste díospóireachtaí a chur chun cinn maidir le saincheisteanna AE sna parlaimintí réigiúnacha agus sna comhairlí bardasacha;

4.

Ag cur in iúl gur díol sásaimh dó na bearta atá molta chun níos mó teagmhála a dhéanamh leis na saoránaigh agus ag cur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé díospóireachtaí téamacha de chineál oscailte agus fairsing a bheith ann; ag tacú go hiomlán leis an smaoineamh gur cheart gnéithe tábhachtacha den Chomhdháil a dhílárú ionas go mbeadh limistéir agus pobail lasmuigh de phríomhchathracha na hEorpa agus na mBallstát rannpháirteach go díreach agus go gníomhach iontu. Chuige sin, cuirfidh an Coiste tacaíocht ar fáil dá chomhaltaí maidir le himeachtaí áitiúla a eagrú a bheidh dírithe ar théamaí na Comhdhála agus ceapfaidh sé uirlisí chun torthaí agus moltaí na ndíospóireachtaí sin a bhailiú agus a chur in iúl don Chomhdháil;

5.

Ag iarraidh go mbeidh na hIonaid Europe Direct rannpháirteach sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus go measfar mar mhoil rannpháirtíochta réigiúnacha iad, i bhfianaise a raon feidhme agus toisc gurb é an príomhról atá acu aird na saoránach a dhíriú ar na saincheisteanna Eorpacha. Tá taithí thábhachtach ag na hIonaid Europe Direct ar dhíospóireachtaí a chur chun cinn, mar sin ba cholún mórthábhachta iad chun a áirithiú go mbeadh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa leathan agus fairsing agus go mbeadh tarraingt aici ar thuairimí éagsúla;

6.

Á chur i bhfáth nach mór a áirithiú go mbeidh an t-iolrachas agus an chuimsitheacht mar chuid de phróiseas na Comhdhála agus ag tacú go hiomlán leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa le haghaidh cur chuige déach, mar atá seisiún iomlánach den Chomhdháil ar an leibhéal institiúideach, agus sraith d’fhóraim agus de ghníomhaíochtaí díláraithe gaolmhara a bheidh dírithe ar na saoránaigh, agus rud ba ghá a dhéanamh ná an nasc is dlúithe idir an dá chur chuige a áirithiú; teann air go gcaithfidh an Chomhdháil agus na gníomhaíochtaí a bhaineann léi an éagsúlacht atá san Eoraip a léiriú, d’fhonn díospóireacht dhomhain a spreagadh;

7.

Ag moladh gur cheart don Chomhdháil an rannchuidiú a fhaightear ó uirlisí an daonlathais rannpháirtigh atá ann cheana a chomhtháthú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun bealaí an daonlathais ionadaíoch a chomhlánú. Áirítear leis sin, mar shampla, an comhphlé leis na saoránaigh agus na fóraim atá tiomnaithe dóibh, a cuireadh i gcrích go rathúil i roinnt réigiún, arb é a bhíonn iontu grúpaí cothroma rannpháirtithe a roghnaíodh go randamach. Is léir freisin ón taithí a fuarthas orthu go dtí seo gur mór an tairbhe freisin meascán d’fhóraim saoránach agus d’fhóraim saineolaithe i dtaca leis sin.

8.

Den tuairim nach mór don Aontas, fiú tar éis dheireadh na Comhdhála, leanúint de theagmháil dhíreach a dhéanamh leis na saoránaigh, ag tógáil dó ar an taithí fhairsing a fuarthas ó shamhlacha rannpháirtíochta d’fhonn buansásra struchtúrtha a bhunú le haghaidh idirphlé ar leibhéal na cosmhuintire. Anuas ar na buansásraí sin, ní mór idirphlé a chothú i gcomhthreo leo maidir le saincheisteanna reatha; seans nach mar a chéile i gcónaí an spriocghrúpa a bheidh i gceist óir braithfidh sin ar an tsaincheist i dtreis;

9.

Ag teacht leis an tuairim gur gá ról sa Chomhdháil a thabhairt do dhaoine óga agus gur gá don Chomhdháil díriú orthu go háirithe d’fhonn béim a leagan ar threo an tionscadail Eorpaigh amach anseo; agus á chur i bhfios go láidir nach mór do gach togra a dhéanfaidh an Chomhdháil ábhair imní na nglúnta atá le teacht a chur san áireamh;

10.

Ag iarraidh go ndíreofar go soiléir ar na príomhdhúshláin atá roimh an Aontas Eorpach agus go ndéanfar plé ón mbun aníos ar ábhair na Comhdhála, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, an ceartas sóisialta, an fhorbairt inbhuanaithe, an claochlú digiteach, an imirce, comhphobal Eorpach na luachanna, an geilleagar agus poist, an comhtháthú críochach agus athruithe ar bheartais, próisis, institiúidí agus acmhainní an Aontais, lena n-áirítear ról an daonlathais áitiúil agus réigiúnaigh agus ról an fhéinrialaithe, atá riachtanach chun cur ar chumas an Aontais freagairt do riachtanais agus ionchais na saoránach i leith na saincheisteanna sin. D’fhonn torthaí na Comhdhála a chur chun feidhme go hiomchuí, níor cheart a chur as an áireamh go mb’fhéidir go gcaithfí athruithe a dhéanamh ar Chonarthaí an Aontais;

11.

ag teacht leis an togra a rinneadh i seasamh Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (P9_TA-PROV (2020) 0010) gur cheart roinnt fóraim théamacha ina dtugtar léiriú ar na tosaíochtaí beartais a thionól i rith phróiseas na Comhdhála agus gur cheart idir 200 agus 300 saoránach ar a mhéad a bheith páirteach sna fóraim sin agus triúr saoránach in aghaidh an Bhallstáit ar a laghad iontu, arna ríomh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí; ag teacht le moladh Pharlaimint na hEorpa gur cheart go roghnódh institiúidí neamhspleácha sna Ballstáit na saoránaigh a ghlacfaidh páirt iontu ar bhonn randamach as measc shaoránaigh uile an Aontais i gcomhréir leis na critéir thuasluaite;

12.

suite de go bhfuil sé ríthábhachtach béim a leagan, le linn phlé na Comhdhála, ar an gcaoi le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar choincheap na saoránachta Eorpaí bunaithe ar chearta aonair mar chuid de chóras rialachais il-leibhéil an Aontais Eorpaigh, ionas go bhféadfar leas níos fearr a bhaint as an tacaíocht a thugann na saoránaigh don lánpháirtiú Eorpach agus ionas go mbeidh siad níos rannpháirtí i gcinnteoireacht an Aontais;

13.

ag tarraingt aird ar an imní atá air faoi na seasaimh atá curtha in iúl ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Comhairle na nAirí go dtí seo, seasaimh atá ar easpa soiléireachta agus uaillmhéine a fhad a bhaineann le raon feidhme agus próiseas na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, go háirithe i gcás rannpháirtíocht údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais Eorpaigh agus rannpháirtíocht Choiste na Réigiún;

14.

den tuairim go gcaithfidh sé a bheith mar sprioc shoiléir ag an gComhdháil tograí nithiúla le haghaidh reachtaíochta a cheapadh nó athruithe ar Chonarthaí an Aontais a dhéanamh, a phléifí ina dhiaidh sin le linn fheachtas toghchánaíochta Pharlaimint na hEorpa 2024, le cur san áireamh i gCoinbhinsiún eile amach anseo;

15.

ag cur in iúl gur díol sásaimh dó an seisiún iomlánach den Chomhdháil atá beartaithe, a mbeidh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, den Choimisiún Eorpach, de rialtais AE27, de na Parlaimintí náisiúnta agus de Choiste Eorpach na Réigiún páirteach ann; ag iarraidh go ndéanfadh ar a laghad ochtar comhaltaí a bhfuil cearta vótála iomlána acu ionadaíocht ar Choiste Eorpach na Réigiún; den tuairim freisin gur gá go mbeadh ionadaíocht chothrom ag dara dlísheomra na bParlaimintí náisiúnta, ós rud é, i gcás go leor Ballstát, go mbíonn suíocháin ag ionadaithe d’údaráis réigiúnacha sna parlaimintí sin;

16.

ag iarraidh ar Choiste Stiúrtha na Comhdhála cothromaíocht pholaitiúil agus institiúideach a áirithiú idir na leibhéil rialachais uile, lena n-áirítear comhalta amháin de Choiste Eorpach na Réigiún a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil ó bhall foirne de chuid an Choiste sin a bheadh ar iasacht ag an gcomhrúnaíocht;

17.

ag cur in iúl gur díol sásaimh dó an moladh go mbeadh ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha ó na tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas páirteach sa phlé maidir le todhchaí na hEorpa;

18.

ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún na prionsabail a leagtar amach sa rún seo a ionchorprú ina ndearbhú comhpháirteach agus ag cur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige a shíniú a chur leis an dearbhú sin;

19.

ag treorú dá Uachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus chuig Uachtaránacht na Cróite ar an gComhairle.

An Bhruiséil, 12 Feabhra 2020

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

8


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Clár Oibre 2020 ón gCoimisiún Eorpach

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (An Coiste)

Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

Clár Oibre 2020 ón gCoimisiún Eorpach (CWP) (1);

an Prótacal maidir le Comhar leis an gCoimisiún Eorpach ó Fheabhra 2012;

an Rún ón gCoiste maidir leis na Tograí ón gCoiste le haghaidh Shainordú Reachtach Nua an Aontais Eorpaigh ón 27 Meitheamh 2019;

1.

Á athdhearbhú gur gá d’ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha agus do shaoránaigh Eorpacha a bheith rannpháirteach agus beartais de chuid an Aontais á gceapadh agus á gcur chun feidhme, go háirithe trí chur i bhfeidhm cuí na coimhdeachta gníomhaí agus an rialachais il-leibhéil;

2.

Ag éileamh comhaontú práinneach maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) chun seoladh tráthúil clár nua de chuid an Aontais a áirithiú. Ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhthráth lena iarrachtaí caibidlíochta leis an údarás buiséadach, plean teagmhasach a chur ar aghaidh ionas nach gcuirfear isteach ar aon chláir i gcás ina nglacfar CAI go mall;

3.

Ag athdhearbhú a éilimh dhaingin i dtaca leis an gcreat airgeadais a bheidh ann amach anseo a shocrú ag 1,3 % ar a laghad d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE-27 chun buiséad atá i gcomhréir le riachtanais, ionchais agus ábhair imní shaoránaigh an Aontais a dhaingniú, lena n-áirítear na tosaíochtaí nua a leagtar síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip;

4.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán dlúth a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chóid Iompair maidir le Comhpháirtíocht le linn na Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus na cláir do thréimhse 2021-2027 a ullmhú agus a áirithiú go n-eascróidh comhpháirtíocht iomlán as rannpháirtíocht údarás áitiúil agus réigiúnach. Ba cheart prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil a bheith ina gcúis inspioráide do rialachas an tSeimeastair Eorpaigh freisin, ar son na héifeachtachta agus na dlisteanachta, agus is fíor sin murab ionann agus riamh ós rud é go gcuirtear treoirlínte ar fáil tríd an Seimeastar do chláir Bheartas Comhtháthaithe 2021-2027;

5.

Ag fáiltiú roimh a thiomanta atá an Coimisiún do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme trí iad a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach, mar a mhol an Coiste, agus a áireamh i gcur chuige foriomlán an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

Maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip

6.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (LRAnna) a áireamh go comhsheasmhach sa reachtaíocht agus sna tionscnaimh uile a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, dar tús an Comhshocrú Aeráide Eorpach. Dá réir sin, tá rún ag an gCoiste tacú go hiomlán le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais agus le forbairt an Chomhshocraithe Aeráide trí bhearta comhordaithe agus cothrománacha d’fhonn a áirithiú go gcuirfear leis an rialachas il-leibhéal agus leis an dlisteanacht chríochach a bhuí leis sin agus nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún ar gcúl;

7.

Ag athdhearbhú a éilimh go n-áiritheodh an Coimisiún go mbeidh an dlí aeráide Eorpach bunaithe ar anailís chríochnúil ar an tionchar atá aige agus ar na tairbhí a bhaineann leis, agus ar phleananna maoiniúcháin nithiúla ina theannta sin, agus go dtabharfar léiriú soiléir ann ar ról na LRAnna agus tráthchlár soiléir le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna chun aeráidneodracht a bhaint amach;

8.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún an tacaíocht riachtanach a áireamh do LRAnna i gcur chun feidhme beartas oiriúnúcháin sa Straitéis nua um Oiriúnú de chuid an Aontais;

9.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar idirphlé il-leibhéil faoi chúrsaí aeráide agus fuinnimh chomh maith le comhairliúchán poiblí, agus LRAnna rannpháirteach ann, a chur ar bun sna Ballstáit nuair a bheidh meastóireacht á déanamh ar na Pleananna Náisiúnta deiridh don Fhuinneamh agus don Aeráid i Meitheamh 2020. Tá an Coiste tiomanta d’fhóram d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus de gheallsealbhóirí a chur ar bun chun comhoibriú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit chun aiseolas a thabhairt ar chur chun feidhme beart agus tionscnamh a bhaineann leis an gComhaontú Glas, mar aon le moltaí a dhéanamh faoi thograí reachtacha;

10.

Ag fáiltiú roimh an togra le haghaidh “mionn ghlas”, inar cheart don Choiste a bheith rannpháirteach go sainráite. Tríd an tionscnamh, ba cheart go bhféadfaí a) critéir inbhuanaitheachta a ionchorprú i ngach beartas, tosaíocht mhaicreacnamaíoch agus ionstraim airgeadais de chuid an Aontais, sa Seimeastar Eorpach agus i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, chun a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht uile ag teacht le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, agus b) constaicí agus neamhréireachtaí a shainaithint i reachtaíocht an Aontais agus a bhaint di. Rannchuideoidh an Coiste leis an sprioc sin trí thionscnaimh amhail Líonra na Mol Réigiúnach;

11.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht iomlán a thabhairt do thionscnaimh rathúla amhail Cúnant na Méaraí, an Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais, agus roinnt tionscnaimh réigiúnacha, náisiúnta agus trasteorann eile;

12.

Ag fáiltiú roimh iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh earnáil an fhuinnimh a dhícharbónú trína straitéis le haghaidh chomhtháthú na hearnála cliste, trí rabharta athchóiriúcháin agus trí fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aon iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag athchóirithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh a chosc nó a fhritháireamh chun tionóntaí, tomhaltóirí leochaileacha agus teaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh a chosaint. Ina theannta sin, tá an Coiste ag athdhearbhú a éilimh i gcomhair clár oibre Eorpach le haghaidh tithíochta. Trí chlár oibre réamhghníomhach den sórt sin, atá ar aon dul leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal “Tithíocht do chách”, ba cheart gnéithe d’athchóiriú státchabhrach a chumhdach inter alia mar aon leis an tsaincheist faoi shásraí um rialú cíosa chomh maith le héifeachtaí an phlódaithe ar na margaí tithíochta arna dhéanamh trí ardáin dhigiteacha;

13.

Ag fáiltiú roimh thograí a áireamh chun cathracha Eorpacha a ghlasú agus an bhithéagsúlacht a ardú i gceantair uirbeacha, lena n-áirítear tionscnamh nua Chomhaontú na Cathrach Glaise. Ag tacú le Straitéis Bhithéagsúlachta uaillmhianach de chuid an Aontais a ullmhú tar éis 2020 agus le seasamh an Aontais faoin 15ú Comhdháil de na Páirtithe (COP) sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD) de chuid na Náisiún Aontaithe (NA) chun a áirithiú go n-aithneofar LRAnna go foirmiúil mar phríomh-chomhpháirtithe ó thaobh bearta a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus forbairt a dhéanamh orthu, ar bearta iad is gá chun cailliúint na bithéagsúlacht agus díghrádú seirbhísí éiceachórais a stad;

14.

Ag fáiltiú roimh Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach a ullmhú, nach mór a bheith uaillmhianach, faoi cheangal ama agus dírithe ar an eolaíocht, arb í an chosc an chéad tosaíocht dá chuid, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola atá ag an Aontas. Sa chomhthéacs sin, tá an Coiste ag súil leis an togra reachtach arb é is aidhm dó tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas;

15.

Ag tarraingt aird ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin nasctha uile nuair atáthar ag féachaint le timpeallacht neamhthocsaineach a chruthú agus ag súil le cur le dréachtú an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an Truailliú Nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach, atá sceidealaithe lena ghlacadh in 2021;

16.

Ag fáiltiú roimh a thiomanta atá an Coimisiún fís fhadtéarmach nua a fhorbairt do cheantair thuaithe agus téann sé i bpáirt le Parlaimint na hEorpa (2) chun Clár Oibre de chuid an Aontais um Cheantair Thuaithe a éileamh agus cur chuige cothrom cuimsitheach a éileamh i leith forbairt chríochach Eorpach ionas go ndéanfar riachtanais na gceantar tuaithe a phríomhshruthú sna beartais Eorpacha ábhartha uile, mar a luaitear sa dearbhú maidir le forbairt tuaithe a glacadh i gCorcaigh;

17.

Á chur i bhfios go bhfuil ról tábhachtach ag LRAnna i dtaca le cur chun feidhme an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) a bheidh ann amach anseo agus sa straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” a fógraíodh cheana, lena n-áirítear tríd an soláthar poiblí a ghlasú, trí aistí bia folláine a chur chun cinn, trí fheasacht a ardú faoi dhramhaíl bhia agus trí bhearta nithiúla a chur chun feidhme ar an talamh. Tá an Coiste den tuairim gur deis uathúil atá sa straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” chun an comhtháthú beartais a ardú agus an t-aistriú i dtreo córais bhia atá níos inbhuanaithe a spreagadh agus gné chomhshaoil CBT a threisiú. Laistigh den straitéis sin, ba cheart spriocanna cainníochtaithe a leagan amach i bplean gníomhaíochta, ar spriocanna iad a bhaineann le lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú faoi 30 % ar a laghad faoi 2027, agus le leasacháin nítrigineacha shintéiseacha a laghdú, leis an méid talmhaíochta a shaothraítear go horgánach a mhéadú, le cur le tomhaltas torthaí agus glasraí agus leis an ráta murtaill san Aontas a laghdú;

18.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach faisnéis do thomhaltóirí a threisiú trí éicilipéid Eorpacha chomhchuibhithe agus trí chaighdeáin choiteanna chun an t-aistriú chuig tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn trí cheannacháin ghlasa a éascú agus trí chuideachtaí a dhreasú chun a n-inbhuanaitheacht a fhorbairt agus a fheabhsú; ag éileamh córas lipéadaithe cothaithe Eorpach chun tacú le roghanna níos folláine a thabhairt do thomhaltóirí an Aontais;

19.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta a sholáthar chun tréadachas an Aontais a chur chun cinn;

20.

Ag éileamh clár oibre straitéiseach cuimsitheach le haghaidh gach earnála muirí Eorpaí chun tacú le dícharbónú an tionscail mhuirí agus cur chuige inbhuanaithe i leith iascaigh agus táirgeadh bia, mar aon le buntáiste iomaíoch réigiún muirí Eorpach a chaomhnú;

21.

Den tuairim gur cheart pobail chósta a áireamh i gceapadh beartas le haghaidh rialú inbhuanaithe acmhainní na n-aigéan chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda ar an leibhéal áitiúil;

22.

Ag éileamh Straitéis Foraoise AE tar éis 2020 agus í tugtha cothrom le dáta chun a áirithiú go ndéanfar beartais ar leibhéal an Aontais a bhfuil tionchar acu ar an bhforaoiseacht a chomhordú agus chun bonn a leagan síos do Phlean Gníomhaíochta de chuid an Aontais maidir leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí chun an tionchar atá ag tomhaltas táirgí agus amhábhar ar an gcomhshaol a laghdú san Aontas;

23.

Ag tacú le Plean “Sáraithe Ailse” na hEorpa agus á chur i bhfios gurb iondúil go ndéantar an chosc, an diagnóis agus an chóireáil i bpobail áitiúil na n-othar, rud a fhágann go bhfuil ríthábhacht le rannpháirtíocht fhiúntach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chun go mbeidh rath ar an tionscnamh sin;

24.

Á chur in iúl go bhfuil coinne aige go gcuirfear feabhas ar inrochtaineacht agus inacmhainneacht cógas ar fud réigiúin uile an Aontais mar gheall ar Straitéis Chógaisíochta nua don Eoraip, rud a fhágann go n-áiritheofar an nuálaíocht d’othair agus go dtreiseofar príomhsheasamh tionsclaíoch na hEorpa;

25.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlús a chur leis an gcomhar maidir le galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú agus páirt a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa réamhobair as a dtagann tograí ón gCoimisiún le haghaidh cárta vacsaínithe/pas coiteann do shaoránaigh an Aontais;

26.

Ag athdhearbhú a éilimh chun an prionsabal a bhaineann le “gan tairseach shlán a bheith ann do nochtadh” a chur i bhfeidhm maidir le gach ceimiceán réabtha inchrínigh ar fud raon iomlán dhlíthe an Aontais, agus á iarraidh go gcuirfear toirmeasc ar dhéfheinil agus ar thaláití i ngach ábhar teagmhála bia;

27.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún teacht aniar i gcás tubaiste a áireamh mar cheann de na príomhghnéithe den fhorbairt inbhuanaithe agus a áirithiú go gcuirfear an méid sin san áireamh i gcistí agus tionscadail de chuid an Aontais amach anseo agus go dtreiseofar acmhainneacht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chun rioscaí a laghdú, ullmhú do thubaistí agus tubaistí a bhainistiú;

28.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar aon dul leis an Tionscamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal “Fairosene”, togra a chur i láthair le haghaidh athbhreithniú ar chánachas fuinnimh trína mbaintear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, trína ráthaítear cothrom iomaíochta inbhuanaithe idir modhanna iompair éagsúla agus trínar féidir cánacha níos ísle a ghearradh ar fhuinneamh in-athnuaite, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos saoire ná breoslaí iontaise, agus ag tathant ar an gComhairle an reachtaíocht atá beartaithe faoi cháin bhreisluacha (CBL) a ghlacadh go tapa, ionas gur féidir leis na Ballstáit úsáid níos spriocdhírithe a bhaint as rátaí CBL chun uaillmhianta comhshaoil méadaithe a léiriú;

29.

Á chur i bhfáth gur gá an iomaíocht éagórach a sheachaint ó thíortha nach Ballstáit de chuid an Aontais iad nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna maidir leis an aeráid. Tá an Coiste thar a bheith aiféalach nach luaitear i gclár oibre an Choimisiúin an rún atá aige sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a mholadh d’earnálacha roghnaithe;

30.

Ag fáiltiú roimh a uaillmhéine atá Plean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe ón gCoimisiúin chun EUR 1 trilliún a shlógadh sna deich mbliana seo chugainn. Mar sin féin, tá sé á chur in iúl gur trua leis go ndealraíonn sé nach bhfuil an plean féin chomh huaillmhianach sin sa chleachtas – cruth nua ar bhearta a bhí ann cheana agus a bhí beartaithe roimhe sin atá i gceist leis den chuid is mó – agus nach bhfuil a ndóthain acmhainní breise ann;

31.

Ag fáiltiú roimh rún an Choimisiúin breis solúbthachta a áirithiú, de thoradh an athbhreithnithe leanúnaigh ar rialacha agus treoirlínte státchabhrach, do na réigiúin a dhéanann aistriú cóir mar aon le breis solúbthachta a áirithiú d’infheistíochtaí inbhuanaitheachta;

32.

Ag tarraingt aird ar ról ríthábhachtach an bheartais comhtháthaithe mar an phríomhionstraim airgeadais i mbuiséad an Aontais chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar a áirithiú go mbeidh na Cistí nua um Aistriú Cóir comhlántach leis na cistí eile agus comhsheasmhach leo. Ina leith sin, tá sé á dhearbhú go mbeidh baint leanúnach ag an gComhghuaillíocht um Chomhtháthú le glacadh agus cur chun feidhme thionscnaimh an Chomhtháthaithe Beartais agus le próiseas an chlársceidealaithe;

33.

Ag fáiltiú roimh rún an Choimisiúin straitéis le haghaidh na soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste a chur i láthair chun earnáil an iompair a nuachóiriú agus a ghlasú; á chur i bhfios gur cheart cistiú le haghaidh an bhonneagair iompair agus an taighde a nascadh le tosca inbhuanaitheachta. Tá an Coiste á dhearbhú go bhfuil sé toilteanach oibriú leis na ranna ábhartha de chuid an Choimisiúin chun réitigh phraiticiúla a fhorbairt chun dícharbónú na soghluaisteachta a dhreasú agus a éascú i gceantair uirbeacha agus thuaithe an Aontais;

34.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún córas bainistíochta foriomlán an Bheartais Comhtháthaithe a shimpliú ar gach leibhéal rialachais chun na hualaí riaracháin atá ar na húdaráis bhainistíochta agus ar na tairbhithe a laghdú d’fhonn inrochtaineacht agus éifeachtacht an chistithe a fheabhsú. Thairis sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún sraith fhorlíontach táscairí a ghlacadh, amhail an tInnéacs maidir leis an Dul Chun Cinn Sóisialta, chun táscaire na holltáirgeachta intíre (OTI) a chomhlánú chun fíorfhorbairt shocheacnamaíoch na réigiún a léiriú agus chun a áirithiú go ndéanfar dáileadh níos cothroime ar Chistí an Bheartais Comhtháthaithe. Ag tarraingt aird ar an tábhacht a bhaineann le hinfheictheacht thorthaí na dtionscadal atá cistithe ag an Aontas a mhéadú chun na tairbhí a bhaineann leo do shaol laethúil na nEorpach a chur os comhair an phobail ar bhealach níos fearr.

Aghaidh a thabhairt ar an aistriú digiteach

35.

Ag ardú feasacht faoi dhearcthaí críochacha don mhargadh aonair agus faoina riachtanaí agus atá sé an comhtháthú digiteach a chur chun cinn. Den tuairim, dá bhrí sin, go n-áirithítear cumhdach leordhóthanach do na réigiúin uile le bunú líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití;

36.

Den tuairim gur gá an creat rialála de chuid an Aontais atá anois ann agus a bhfuil feidhm aige maidir leis an ngeilleagar comhoibríoch nó leis an ngeilleagar ardán a thabhairt cothrom le dáta go críochnúil. Go háirithe, tá coinne ag an gCoiste go rachfar i ngleic le saincheist ríthábhachtach trí “Ghníomh na Seirbhísí Digiteacha”, is é sin an tsaincheist a bhaineann le stádas ardán agus rochtain ar shonraí chun na critéir leasa ghinearálta a shonrú;

37.

Ag súil le seoladh Innéacs áitiúil/réigiúnaigh um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) sa tríú ráithe de 2020;

38.

Á chur i bhfáth gur gá ceanglais infheistíochta eile a chinneadh don todhchaí arb é is aidhm dóibh nascacht leathanbhanda a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiún, agus tá sé á mholadh go n-oibreofar leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta chun scéimeanna nua cistiúcháin agus tacaíochta a fhorbairt do bhonneagar teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) i gceantair faoi mhíbhuntáiste;

39.

Ag tacú le cur chun feidhme an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip, agus lena thabhairt cothrom le dáta, agus leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a thabhairt cothrom le dáta;

40.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar chreat rialála an Aontais Eorpaigh don Intleacht Shaorga mar ghné thábhachtach den taighde agus den nuálaíocht, agus do na seirbhísí poiblí chomh maith leis sin. Ba cheart cur chuige duine-lárnaithe i leith forbairt teicneolaíochta a léiriú leis an athbhreithniú sin agus ba cheart urraim do luachanna agus prionsabail Eorpacha a áirithiú, agus deimhin á déanamh de go bhfuil smacht iomlán ag na hEorpaigh ar a gcuid sonraí pearsanta;

41.

Ag fáiltiú roimh an mbéim atá á cur ar an gcibearshlándáil a mhéadú agus ag iarraidh ar an gCoimisiún na córais arna n-oibriú ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a áireamh ina smaointeoireacht ar fad;

42.

Den tuairim go bhfuil straitéis chuimsitheach, fhadtéarmach d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa riachtanach. Ní mór don straitéis sin a bheith ina taca leis an aistriú digiteach, deis a thabhairt do gach comhchuid d’earnáil na tionsclaíochta rannchuidiú go hiomlán le cruthú geilleagair aeráidneodraigh agus chiorclaigh agus tógáil ar chur chuige áit-bhunaithe atá dírithe ar éiceachórais réigiúnacha a threisiú agus a nascadh;

43.

Ag súil leis an Tuarascáil maidir le Bacainní ar an Margadh Aonair agus tá coinne aige go soláthrófar léargas soiléir cuimsitheach inti ar na constaicí is mó atá ag cur cosc ar ghnólachtaí Eorpacha – fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe – agus ar an bpobal leas iomlán a bhaint as an Margadh Aonair. Ina theannta sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun constaicí arna sainaithint a bhaint agus an creat rialála foriomlán de chuid an Aontais a shimpliú. Tá an Coiste á chur i bhfios go bhfuil príomhról ag an speisialtóireacht chliste chun príomh-mhisin de chuid an Aontais a nascadh amhail oiriúnú don aeráid agus aistriú tionsclaíoch le héiceachórais nuálaíochta áitiúla agus réigiúnacha agus tá dlúthchomhar idir an Coiste, an Coimisiún agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) á mholadh aige chun an coincheap sin a threisiú a thuilleadh;

44.

Den tuairim gur cheart a áirithiú trí ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, a bhfuil an clár suntasach dar teideal Fís Eorpach mar aon le roinnt ionstraimí cistiúcháin náisiúnta ina dtaca leo, nach bhfágfar aon réigiún ná cathair ar gcúl agus nach mbeidh an líon céanna daoine tallainne ag imeacht ó réigiúin fhorimeallacha Eorpacha is a d’imigh uathu le déanaí chun dul chuig cathracha móra agus chuig réigiúin thionsclaíocha bhunaithe agus nach ndéanfar an méid céanna infheistíochtaí ar ard-bhreisluach a bhaint de na réigiúin fhorimeallacha Eorpacha is a rinneadh le déanaí lena gcur i dtreo príomhchathracha agus réigiúin thionsclaíocha bhunaithe.

Maidir le hathchóirithe sóisialta agus eacnamaíocha

45.

Ag tacú leis an gcuspóir foriomlán a bhaineann le hEoraip Shóisialta Láidir d’Aistrithe Córa agus tá rún aige rannchuidiú le cur chun feidhme críochach iomlán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, obair chuibhiúil a chur chun cinn do chách a thugann an bunús bunriachtanach d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch atá cothrom inbhuanaithe, lena n-áirítear maidir leis na tograí a fógraíodh faoi obair ardáin a rialáil, pá íosta a bhunú, scéim athárachais dífhostaíochta a phleanáil, tacú le hathoiliúint, an Ráthaíocht don Aos Óg a threisiú agus an Ráthaíocht i dtaobh Leanaí a chur chun feidhme;

46.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar chonclúidí Uachtaránacht na Fionlainne maidir le “geilleagar na dea-bhaile” lena dtugtar aghaidh ar dhea-bhail daoine mar rud atá maith ann féin agus mar thoisc ríthábhachtach don fhás maicreacnamaíoch agus don dul chun cinn;

47.

Ag fáiltiú roimh chruthú ghné réigiúnach Scórchlár Sóisialta na hEorpa arna dhéanamh ag an gCoimisiún agus tá sé á iarraidh go gcuirfear dlús leis na hiarrachtaí sin amach anseo trí bhreis comhair a dhéanamh leis na Ballstáit;

48.

Ag éileamh Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta lena molfaí inter alia sainmhíniú cothrománach dlí ar “fiontar sóisialta” agus lena ndéanfaí foráil maidir le Reacht Eorpach d’Fhiontair atá Sóisialta agus Bunaithe ar an Dlúthpháirtíocht;

49.

Ag fáiltiú roimh an Teachtaireacht ón gCoimisiún agus roimh oscailt comhairliúcháin phoiblí maidir leis an athbhreithniú ar an gCreat Rialachais Eacnamaíoch, lena n-áirítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF). Deis a bhfuil géarghá leis atá san athbhreithniú sin ar rialachas eacnamaíoch an Aontais chun rialacha fioscacha an Aontais a fheabhsú trí Riail Órga a thabhairt isteach d’infheistíochtaí inbhuanaithe, lena n-áirítear an cistiú atá curtha i leataobh sna Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta agus a bhfuil gá leo chun an Comhaontú Glas a chur chun feidhme;

50.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt d’fhothú acmhainneachta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrtha agus faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú atá ar na bacáin, mar a iarradh ina thuairim an 4 Nollaig 2019 (3);

51.

Ag cur i bhfáth an ghá atá le leanúint den obair chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú, go háirithe tríd an Aontas Baincéireachta a chomhlánú agus trí leithreasuithe buiséadacha leordhóthanacha le haghaidh na hIonstraime Buiséadaí um Chóineasú agus um Iomaíochas (BICC), agus trí dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo Scéim Eorpach Athárachais um Shochair Dífhostaíochta;

52.

Ag athdhearbhú a éilimh le haghaidh teachtaireacht nua maidir leis an turasóireacht inbhuanaithe san Eoraip;

An Eoraip agus í níos láidre ar domhan

53.

Ag fáiltiú roimh rún an Choimisiúin tionscnamh leathan a sheoladh faoi athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) tar éis na chéad Chomhdhála Aireachta eile de chuid EDT i Meitheamh 2020. Á chur i bhfios go bhfuil tábhacht níos mó fós leis sin i bhfianaise na bhforbairtí idirnáisiúnta atá á ndéanamh i dtreo na caomhnaitheachta méadaithe agus i bhfianaise na tacaíochta atá á tabhairt do chuideachtaí idirnáisiúnta trí fhóirdheontais stáit. Ina theannta sin, tá sé ag fáiltiú roimh an bPáipéar Bán maidir le hIonstraim um Fhóirdheontais Eachtracha;

54.

Á chur in iúl gur cúis imní dó an dréacht-tuarascáil eatramhach maidir leis an measúnú tionchair inbhuanaitheachta don chomhaontú trádála le Mercosur toisc gur dtugtar le fios inti go rachaidh sé chun tairbhe do thionscal monaraíochta agus seirbhísí an Aontais den chuid is mó, ach gurb iad an talmhaíocht agus na ceantair thuaithe san Aontas is mó a bheidh buailte leis na héifeachtaí diúltacha a bhfuil coinne leo;

55.

Á chur i bhfios go rannchuidíonn na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis an dea-rialachas agus leis an daonlathas áitiúil a threisiú i gcomharsanacht an Aontais agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún an pacáiste cúnaimh airgeadais a mhéadú do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe le haghaidh tionscnaimh fothaithe acmhainní idir piaraí, i gcomhréir le torthaí na meastóireachta ar thacaíocht an Aontais do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i réigiúin um méadú agus i réigiúin chomharsanachta (2010-2018);

56.

Ag fáiltiú roimh an bplean gníomhaíochta a fógraíodh faoin gcomhionannas inscne agus faoi chumhachtú na mban sa chaidreamh seachtrach agus tá sé ag rannchuidiú lena chuspóirí tríd an mbéim atá á cur ar chumhachtú na mban sa Chomhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM);

57.

Ag moladh don Choimisiún agus do na Ballstáit tacú leis an gcomhar trasteorann idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear i bhfoirm grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (EGTCanna) agus straitéisí macrairéigiúnacha (SMRanna) Eorpacha;

58.

Den tuairim gur cheart leanúint den phróiseas um méadú mar thosaíocht de chuid an Aontais, agus gur cheart do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a bheith níos rannpháirtí fós sna hullmhúcháin aontachais. Tríd an athbhreithniú ar mhodheolaíocht na caibidlíochta aontachais, ba cheart na cúiseanna imní sin a chur san áireamh. Trí ghníomhaíochtaí Chomhchoistí Comhairliúcháin an Choiste, tá rún aige cuidiú leis na tíortha is iarrthóirí a bheith níos comhtháite i bpríomhbheartais de chuid an Aontais roimh an aontachas;

59.

Ag aontú leis an tuairim gur cheart Comhpháirtíocht an Oirthir (EaP) a threisiú i bhfianaise an chomhairliúcháin faoina thodhchaí agus leanfaidh sé de bheith tiomanta a chuspóirí a chur chun cinn lasmuigh de na príomhchathracha agus ar an leibhéal rialachais is gaire don phobal;

60.

Ag cur i bhfios a thábhachtaí atá na gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha agus a dtionscnaimh um chomhar díláraithe chun Clár Oibre 2030 mar aon leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacaíocht leanúnach a thabhairt do na tionscnaimh sin agus próifíl an chéanna a ardú;

61.

Aiféalach nach ndéantar aon tagairt do Chomharsanacht an Deiscirt i gClár Oibre 2020; ag cur béim ar a bhfuil ag titim amach i mbliana agus comóradh á dhéanamh ar dhearbhú Barcelona atá 25 bliana ar an bhfód, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an deis uathúil sin a thapú chun clár oibre feabhsaithe de chuid an Aontais a mholadh do Chomharsanacht an Deiscirt ar mhaithe le réigiún pobail Meánmhuirí atá nuálaíoch, idirchultúrtha agus cuimsitheach ionas go bhféadfar dul i ngleic leis na dúshláin nua a bheidh romhainn faoi 2030;

62.

Ag athdhearbhú an ghá atá le borradh a chur le hardáin ríomhfhoghlama, le cur leis an méid cúrsaí oscailte ar líne atá ar fáil i réimse na cosanta sibhialta agus le líonrú eolais agus scileanna a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, tá sé ag tacú go láidir le bunú agus imscaradh Líonra Eolais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta;

Maidir le luachanna Eorpacha

63.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na huirlisí atá ag an Aontas cheana a threisiú chun faireachán a dhéanamh ar an smacht reachta agus chun é a chosaint agus sásra faireacháin cothrománach aonair a fhorbairt, i gcás inar féidir, le haghaidh an smachta reachta, an daonlathais agus cearta bunúsacha. Ba cheart an sásra a bheith bunaithe ar an oiread foinsí ilchineálacha agus is féidir, lena n-áirítear LRAnna, an tsochaí shibhialta eagraithe agus daoine aonair;

64.

Ag tathant ar an gCoimisiún leanúint de thacú le dea-chleachtais agus taithí a mhalartú idir leibhéil éagsúla rialachais sa troid i gcoinne an phobalachais agus an antoisceachais, agus le cultúr de chearta daonna a chur chun cinn, comhlánaithe le cistí, saineolas agus treoir phraiticiúil le haghaidh na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun ár gcórais dhaonlathacha a chosaint;

65.

Ag súil leis an tionscnamh le haghaidh Comhshocrú nua um Imirce agus Tearmann agus á thabhairt le fios go bhfuil gá práinneach le cur chuige cuimsitheach i leith na himirce, na lánpháirtíochta agus beartais tearmainn bunaithe ar phrionsabail a bhaineann le hurraim do chearta daonna bunúsacha agus ar an dlúthpháirtíocht. San am céanna, ba cheart don Aontas leanúint dá n-iarrachtaí chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint d'fhonn an imirce neamhdhleathach a chosaint agus chun cur i gcoinne na gáinneála ar dhaoine;

66.

Ag tacú le Plean Gníomhaíochta nua maidir leis an Lánpháirtíocht agus leis an gCuimsiú agus ag cur i bhfáth an róil bhunúsaigh atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun an lánpháirtíocht a éascú. Tá an Coiste ag fáiltiú roimh an méadú atá tagtha de réir a chéile ar an tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach a bhfuil rochtain dhíreach ag na húdaráis áitiúla uirthi agus á éileamh go gcuirfear leis an tacaíocht sin agus go mbeidh breis cistiúchán díreach simplithe ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun glacadh le himircigh rialta agus dídeanaithe agus iad a lánpháirtiú. Tá an Coiste tiomanta do chomhar breise a áirithiú idir an Coiste, an Coimisiún Eorpach agus na comhpháirtithe eile i dtionscnamh agus líonra na “gCathracha agus na Réigiún ar son na Lánpháirtíochta”;

67.

Ag fáiltiú roimh rún an Choimisiúin Eorpaigh oibriú i ndlúthchomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus náisiúnta chun a áirithiú gurb ann do Limistéar Eorpach Oideachais faoi 2025, ag tacú leis an gcuspóir a bhaineann le spás foghlama, staidéir agus taighde gan teorainneacha a thógáil agus ag cur i bhfios a riachtanaí atá sé cúrsaíocht daoine oilte agus athimirce a chothú;

68.

Á chur i bhfáth go ndéantar an fhéiniúlacht Eorpach a fhorlíonadh agus a threisiú leis an gClár Oibre Eorpach nua don Chultúr, rud a chomhlánaíonn féiniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, tríd an éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch a aithint san Eoraip, na hearnálacha cruthaitheacha agus cultúrtha Eorpacha a threisiú mar aon lena gcaidreamh le comhpháirtithe lasmuigh den Eoraip. Ina theannta sin, tá an Coiste á mholadh don Choimisiún Eorpach tacú leis an tionscnamh ón Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir leis an oidhreacht san Aontas Eorpach, arb é is aidhm dó an oidhreacht dhomhanda a úsáid mar uirlis chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta ceantar tuaithe san Eoraip;

69.

Ag fáiltiú roimh an “Straitéis Slándála Nua” agus leis an treoir maidir le Cosaint an Bhonneagair Chriticiúil, agus á éileamh go ndéanfar na tionscnaimh agus na straitéisí uile a dtugann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha fúthu i réimse na Cosanta Sibhialta a chur san áireamh.

An daonlathas Eorpach a threisiú

70.

Ag fáiltiú roimh an aitheantas atá tugtha ag an gCoimisiún do ról na leibhéal fonáisiúnta den rialtas laistigh de chóras daonlathas an Aontais. Tá an Coiste ag athdhearbhú, óna thaobh siúd de, fonn mór réigiúin agus chathracha na hEorpa a bheith rannpháirteach sa daonlathas agus sa chinnteoireacht Eorpach mar chomhpháirtithe lánfheidhme, agus rannchuidiú le cur chun feidhme phrionsabail an rialachais il-leibhéil, na coimhdeachta gníomhaí agus na comhréireachta;

71.

Ag fáiltiú roimh an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa atá ar na bacáin. Á thabhairt le fios go dtabharfar breisluach don phróiseas a bhuí le rannpháirtíocht ghníomhach an Choiste sna comhlachtaí rialála agus i seisiún iomlánach na comhdhála, rud a thabharfaidh deis do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus don phobal idirphlé fiúntach a dhéanamh leis an Aontas, ar cheart tograí nithiúla teacht as sin chun éifeachtacht agus feidhmiú daonlathach an Aontais a fheabhsú;

72.

Ag fáiltiú roimh a thiomanta atá an Coimisiún beartais a chur i gcrích ar bhealach trédhearcach, éifeachtúil agus a áirithiú go dtabharfar tairbhí follasacha leo agus ualach riaracháin iomarcach á sheachaint san am céanna. Ag athdhearbhú a thacaíochta ginearálta don Chlár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr agus tá coinne aige nach leanfaidh an prionsabal “ceann-istigh-ceann-amuigh” cur chuige meicníoch. Tá an Coiste ag súil le comhar a fhorbairt leis an gCoimisiún Eorpach trí líonra an Choiste de mhoil réigiúnacha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartas an Aontais ar an talamh;

73.

Ag tabhairt le fios a tábhachtaí atá sé ról comhordúcháin láidir a thabhairt don Choimisiún Eorpach i gcur chun feidhme Chlár Oibre Uirbeach an Aontais. Tá an Coiste den tuairim gur céim eile atá san athnuachan ar Chairt Leipzig i dtreo an Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach a nascadh leis an “gclár oibre maidir le rialáil níos fearr” de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus leis an gComhaontú Glas;

74.

Ag éileamh straitéis Eorpach uileghabhálach maidir leis an athrú déimeagrafach a bhfuil rún ag an gCoiste rannchuidiú léi trí anailís a dhéanamh ar thionchar an athraithe dhéimeagrafaigh ar ghrúpaí éagsúla daoine agus réigiún;

75.

Ag fáiltiú roimh phunann choimisinéara a chruthú ar an gcomhionannas. Tá an Coiste á mheabhrú go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le déileáil leis an gcomhionannas inscne: pá comhionann as obair chomhionann, comhroinnt chothrom freagrachtaí cúraim, socruithe saoire tuismitheoireachta agus saoire cúramóra íoctha go dóthanach, laghdú ar an mbearna pá agus pinsin, deireadh leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus buiséadú inscne. Tá sé á éileamh go ndéanfar bearta nithiúla chuige sin sna réimsí thuasluaite mar mhodh chun mná a chumhachtú, ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ar dtús;

76.

Á threorú dá Uachtarán an rún seo a chuig ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Uachtarán na Cróite agus Uachtarán na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

An Bhruiséil, 12 Feabhra 2020

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  COM(2020) 37 final

(2)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha ceantar tuaithe, sléibhtiúil agus iargúlta.

(3)  https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2019-02043-00-01-ac-tra-ga.docx/content


TUAIRIMÍ

Coiste na Réigiún

An 138ú Seisiún Iomlánach de Coiste Eorpach na Réigiún, 11.02.2020 – 12.02.2020

29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

15


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Smacht Reachta a Neartú laistigh den Aontas – Treoirphlean Gníomhaíochta

Rapóirtéir:

Franco IACOP (IT/PSE), comhalta de Chomhairle Réigiúnach Friuli Venezia Giulia

Doiciméad tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Smacht Reachta a Neartú laistigh den Aontas – Treoirphlean Gníomhaíochta – COM(2019) 343 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha ginearálta

1.

sásta leis an togra ón gCoimisiún, togra ina n-aithnítear gur réamhchoinníoll do phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa agus gur bunluach de chuid an Aontais é an smacht reachta atá cumhdaithe sna Conarthaí agus atá i gcoiteann ag traidisiúin bhunreachtúla na mBallstát agus togra ina leagtar tábhacht mhór ar an méid sin; á thabhairt le fios gur forás dearfach ar an gcóras reatha iad na tionscnaimh atá curtha síos ag an gCoimisiún maidir le prionsabail an smachta reachta a chur chun cinn, sáruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na prionsabail sin a sheachaint agus beart comhréireach a dhéanamh i gcás nach gcomhlíontar na prionsabail sin;

2.

ag aontú leis gur freagracht atá roinnte idir na Ballstáit agus an tAontas é faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta, cé gur ar gach Ballstát ina aonar a thiteann an fhreagracht sin go príomha. Tugtar bunús dlí soiléir in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) don ról faireacháin sin a bheith faoi chúram na n-institiúidí Eorpacha freisin;

3.

á thabhairt le fios freisin go bhfuil ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta agus ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis an smacht reachta a neartú: is leibhéal bunúsach dlisteanachta daonlathaí iad na húdaráis sin agus ba cheart dóibh cultúr an smachta reachta a chur chun cinn i gcónaí agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bprionsabal a bhaineann leis. Is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cur leis na gníomhaíochtaí cruthaithe eolais atá luaite sa togra ón gCoimisiún agus gníomhú freisin mar fhoinsí faisnéise don fhaireachán a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh. Chuige sin, is féidir leis an gCoiste éascú agus comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach cur leis an smacht reachta, mar shampla trí iad a spreagadh teacht ar chomhaontuithe traspháirtí maidir le gnéithe a bhaineann leis an daonlathas áitiúil, gnéithe a nglactar leis go bhfuil siad doshannta agus a chosnófar go comhpháirteach i gcás aon ionsaí orthu;

4.

á chur i bhfáth nach mór an urraim don smacht reachta a ráthú le leas gach duine, toisc gur réamhchoinníoll an méid sin ann féin chun na cearta agus na saoirsí bunúsacha a thugtar do dhaoine aonair le dlíchóras an Aontais a fheidhmiú. Is é a chiallaíonn an smacht reachta a neartú sna Ballstáit na cearta a thugtar do gach duine aonair a neartú;

5.

den tuairim dhaingean go dteastaíonn faireachán a dhéanamh ar na Ballstáit agus faireachán a dhéanamh ar na hinstitiúidí Eorpacha le go mbeidh córas cuimsitheach de chosaint an smachta reachta ann; den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart an córas atá ag an Aontas chun faireachán a dhéanamh ar an urraim don smacht reachta a fhorlíonadh le sásraí atá lasmuigh den Aontas féin. Cé go bhfuil siad ar an eolas faoi na deacrachtaí dlíthiúla atá le sárú, is díol sásaimh don Choiste, dá bhrí sin, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún tús a chur athuair le próiseas aontachais an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(2) CAE;

6.

sásta go bhfuil sé leagtha amach sa teachtaireacht príomhghnéithe an smachta reachta, amhail neamhspleáchas na mbreithiúna, cosaint na gceart bunúsach, sochaí shibhialta ghníomhach a bheith ann agus iolrachas sna meáin. Is gnéithe bunriachtanacha iad sin le haghaidh muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit, dhea-fheidhmiú an Aontais, comhar dílis idir an tAontas agus na Ballstáit agus, thar aon ní eile, lánurraim do na cearta a thugann dlíchóras an Aontais do na saoránaigh;

7.

á chur i bhfáth go bhfuil dlúthnasc idir an urraim don smacht reachta, cosaint na gceart bunúsach agus comhlíonadh phrionsabail an daonlathais agus go bhfuil siad fite fuaite ina chéile agus nach mór iad a urramú, a chosaint agus a neartú ar gach leibhéal rialtais; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí sna sásraí lena gcosnaítear an smacht reachta, go háirithe sa chóras faireacháin bhliantúil, an baol go sárófaí na cearta bunúsacha agus go n-imeofaí ó na prionsabail dhaonlathacha sna Ballstáit ar gach leibhéal rialtais;

8.

á mheabhrú don Choimisiún gur gá saintréithe agus traidisiúin dlí na gcóras dlí náisiúnta a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar a mhéid atá na Ballstáit ag cloí le prionsabail an smachta reachta;

9.

á thabhairt le fios go bhfuil saoránaigh an Aontais i dteideal dul ar iontaoibh na gcúirteanna, cúirteanna nach mór a bheith neamhspleách agus é le sonrú orthu go bhfuil. Ainneoin go bhfuil an sainchúram ar na Ballstáit rialáil a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar an córas breithiúnach a struchtúrú agus an chaoi a n-oibríonn sé, ní mór caighdeáin choibhéiseacha éifeachtúlachta a bheith ann ó dhlíchóras náisiúnta go chéile mar aon le ráthaíochtaí coibhéiseacha maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna sin a chuireann dlí AE i bhfeidhm; ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den fhaireachán leanúnach a dhéanann sé maidir le sáruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar neamhspleáchas na mbreithiúna;

10.

á chur i bhfios gur gá a áirithiú go mbeidh Ballstáit uile an Aontais faoi réir an leibhéil chéanna grinnscrúdaithe, gan aon idirdhealú bunaithe ar chritéir bhreise;

11.

á thabhairt le fios gur comhpháirteanna bunúsacha den smacht reachta iad saoirse na meán agus iolrachas sna meáin; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar chur isteach a d’fhéadfadh na húdaráis phoiblí a dhéanamh ar na meáin agus idiragairt a dhéanamh le cuidiú na n-uirlisí atá tugtha dó sna Conarthaí chun déileáil le sáruithe ar an tsaoráil faisnéise;

12.

á thabhairt dá aire go bhfuil an iriseoireacht neamhspleách agus ghairmiúil i mbaol de bharr ardáin dhigiteacha a bheith ag glacadh seilbh ar inneachar iriseoireachta gan íoc as, agus de bharr an nóis atá ann dul i muinín na meán sóisialta chun faisnéis agus nuacht a fháil, ach nach mbíonn an fhaisnéis ná an nuacht sin fíoraithe ná deimhnithe fiú, ina lán cásanna, sin nó gan bunús ar bith a bheith léi nó claonadh thar cuimse a bheith inti;

13.

ag tagairt, dá bhrí sin, don ghá díghairmiúlú na hiriseoireachta a chosc, tacaíocht airgeadais a thabhairt do na meáin neamhspleácha ar ardcháilíocht, an iriseoireacht iniúchach a spreagadh agus iad siúd a bhfuil lámh acu san iriseoireacht iniúchach a chosaint, agus córais a chur chun cinn chun bailíocht na nuachta a scaiptear ar ardáin ar líne a dheimhniú. Molann an Coiste go gcuirfí leis na tionscnaimh faireacháin a sheol an Coimisiún roimhe seo agus go dtreiseofaí na tionscnaimh sin;

14.

á chur i bhfáth go bhféadfadh bagairtí tromchúiseacha ar an smacht reachta a theacht ní hamháin ó údaráis an Stáit ach freisin ó oibreoirí eacnamaíocha príobháideacha móra atá gníomhach sna meáin agus sa gheilleagar digiteach. Ní féidir leis an gCoimisiún dul sa seans agus neamhaird a dhéanamh de na bagairtí ar iolrachas sna meáin, ar an gceart chun faisnéis a cheartú agus a fhíorú, ná ar an tsaoirse an ceart vótála a fheidhmiú, rudaí a d’fhéadfadh tarlú de bharr an gheilleagair dhigitigh. D’fhéadfaí roinn speisialta den tuarascáil bhliantúil atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhíriú ar na rioscaí a bhaineann le sáruithe ag gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad.

Iarraidh maidir leis an Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún an 22-23 Márta 2017 a chur san áireamh

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, agus a thograí á gcur chun feidhme aige, na critéir atá leagtha amach sa Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún an 22 agus 23 Márta 2017 maidir le Léamh Áitiúil agus Réigiúnach ar an Smacht Reachta san Aontas Eorpach a chur san áireamh ina n-iomláine;

16.

á chur i bhfáth go n-éilítear leis an urraim do phrionsabail an smachta reachta iarrachtaí éifeachtacha chun an t-éilliú a chomhrac agus cistí an Aontais a úsáid go cuí agus go trédhearcach. Ní mór aon chalaois a bhaineann le bainistiú na gcistí sin a thuairisciú gan mhoill do na húdaráis bhreithiúnacha agus an chalaois sin a thabhairt chun cuntais ar gach leibhéal;

17.

sásta gur féidir prionsabail an smachta reachta a neartú trí bhíthin nósanna imeachta a fhágann go mbraitheann eisíocaíocht chistí an Aontais ar chomhlíonadh iomlán na bprionsabal sin;

18.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cosc a chur ar chás ina bhféadfaí na sásraí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta a mheas mar phionós arna fhorchur ar phobail ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus ina bhféadfaí an bonn a bhaint de bhraistint na bpobal sin go mbaineann siad lenár bhféiniúlacht choiteann Eorpach;

19.

á thabhairt dá aire, i ndáil leis sin, go bhféadfadh sé dá laghdófaí an cistiú a thugann an tAontas do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha gur pionós a bheadh ann a d’fhorchuirfí ar leibhéil áirithe rialachais nach mbeadh freagrach as na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a bheadh á maíomh ag an gCoimisiún. Thairis sin, d’fhéadfadh na tairbhithe a mheas gur pionós gan údar é laghdú den sórt sin ar chistiú agus, ar bhonn níos ginearálta, d’fhéadfadh saoránaigh na bpobal lena mbaineann é a mheas mar phionós gan údar, sa mhéid nach mbeadh sé nasctha le sáruithe sonracha ar chur chun feidhme na dtionscadal cistithe. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na bearta sin cur leis an drochintinn a bhraitear i leith na n-institiúidí Eorpacha;

20.

den tuairim, dá bhrí sin, go bhféadfadh na coinníollacha ó thaobh cistiú de a bheith ina réiteach nach n-úsáidfí ach i gcás sáruithe tromchúiseacha agus sistéamacha. I gcásanna inar ghá beart den sórt sin a ghlacadh, ba cheart é a thabhairt le fios do na pobail lena mbaineann an loiceadh tromchúiseach a rinne na húdaráis, rud a d’fhág gur laghdaíodh an cistiú;

21.

den tuairim gur tosaíocht, mar sin féin, na sásraí don idirphlé polaitiúil agus don fhaireachán, lena gcuirtear na Ballstáit ar comhchéim agus lenar féidir sáruithe ar an smacht reachta a chosc.

Measúnuithe maidir leis an gcóras bliantúil chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta

22.

á thabhairt le fios gur réamhchoinníoll do phróiseas iomlán na lánpháirtíochta Eorpaí an prionsabal go gcaitear go cothrom le gach Ballstát. Chuige sin, is díol sásaimh don Choiste an togra maidir le córas faireacháin bhliantúil a chuimseodh na Ballstáit uile a chruthú;

23.

á chur i bhfios go léirítear go soiléir leis an moladh córas faireacháin a chuimseodh na Ballstáit uile a chruthú gurb é an cuspóir atá ag an Aontas luachanna coiteanna a chosaint seachas an struchtúr a chuireann na Ballstáit ar institiúidí an stáit, le linn do na Ballstáit a gcumhachtaí a fheidhmiú, a cheistiú. Lena chois sin, is léir ó chros-seiceáil a rinneadh go bhféadfadh sé tarlú i ngach Ballstát go n-imeofaí de mhórán nó de bheagán ó phrionsabail an smachta reachta;

24.

ag léiriú a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeadh na Ballstáit rannpháirteach a ndóthain i mbunú an chórais chun faireachán a dhéanamh ar an smacht reachta agus sa phróiseas faireacháin féin;

25.

á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún nua tús áite a thabhairt do chur chun feidhme an chórais faireacháin bhliantúil. Tá an Coiste ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, beart a dhéanamh láithreach agus na hacmhainní riachtanacha cistiúcháin agus foirne a chur ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit gníomhú chomh tapa céanna agus a bpointí teagmhála a ainmniú. Ba cheart do na pointí teagmhála sin páirt a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus don tsochaí shibhialta ina gcuid oibre;

26.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá paraiméadair oibiachtúla agus thrédhearcacha chun faireachán cuí a dhéanamh. Tá ról tábhachtach ag cásdlí na Cúirte Breithiúnais i bhforbairt na bparaiméadar sin. Molann an Coiste na samhlacha a úsáidtear sa Scórchlár Ceartais a fhorbairt, Seicliosta Smachta Reachta Choimisiún na Veinéise a úsáid agus a bheachtú agus, ar bhonn níos ginearálta, tógáil ar an taithí atá faighte ag comhlachtaí Chomhairle na hEorpa;

27.

á chur i bhfáth, i gcomhréir leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2016, gur gá comhordú a dhéanamh ar na huirlisí atá ag an Aontas cheana chun measúnú a dhéanamh ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar na cearta bunúsacha, agus, i gcás inar féidir, iad a chomhtháthú i sásra faireacháin amháin;

28.

den tuairim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an faireachán bunaithe ar chóras chun sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú agus go nglacfadh an córas sin le heolas ón oiread foinsí ábhartha agus is féidir, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, an saol acadúil, agus freisin ó dhaoine aonair príobháideacha agus ón tsochaí shibhialta eagraithe;

29.

ag aontú leis gur cheart don Choimisiún an córas faireacháin a chomhordú; ag ardú na ceiste, áfach, cén ról san fhaireachán bliantúil a d’fhéadfadh a bheith, agus ba cheart a bheith, ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Tá an Coiste ag iarraidh ar an gCoimisiún é a mheas ar cheart sainordú na Gníomhaireachta a leasú chun leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht atá inti.

Tograí sonracha maidir le Coiste Eorpach na Réigiún agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith níos rannpháirtí i neartú an smachta reachta san Aontas Eorpach

30.

á mholadh gur cheart dlús a chur le rannpháirtíocht Choiste na Réigiún, na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na sochaí sibhialta maidir le cultúr ina n-urramaítear an smacht reachta a chur chun cinn;

31.

den tuairim gurbh é an imeacht bliantúil chun an smacht reachta a chur chun cinn, mar atá luaite sa togra ón gCoimisiún, ba cheart a bheith ar an gcruinniú deiridh de shraith cruinnithe arna dtionól ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ar imeacht láir ar leibhéal an Aontais a bheadh ann a chuirfeadh deireadh leis an tsraith; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún cruinnithe réigiúnacha maidir leis an smacht reachta a eagrú, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus na Ballstáit, roimh an imeacht bliantúil agus mar ullmhúchán dó;

32.

den tuairim nach gá gur sa Bhruiséil a thionólfaí an t-imeacht bliantúil. D’fhéadfadh cathair nó réigiún Eorpach difriúil é a thionól gach bliain. Molann an Coiste, dá bhrí sin, go bhféadfadh an Coimisiún “cathair an smachta reachta” a ainmniú gach bliain, agus go dtionólfaí an t-imeacht bliantúil sa chathair sin;

33.

den tuairim gur cheart cur go mór leis na cistí a bhíonn á leithdháileadh faoi láthair ar an tsochaí shibhialta agus ar na meáin neamhspleácha sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Ba cheart cuid den chistiú sin a chur i leataobh do na meáin áitiúla;

34.

á thabhairt le fios gur cheart, sa bhreis ar na líonraí breithiúnacha Eorpacha, comhlachais dlíodóirí agus comhlachais bharra a chuimsiú sna gníomhaíochtaí cur chun cinn agus faireacháin atá beartaithe ag an gCoimisiún. Ar an leibhéal áitiúil, meastar gurb iad na dlíodóirí an chéad chosaint ar mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an smacht reachta agus as cearta bunúsacha agus ar shárú a d’fhéadfaí a dhéanamh air nó orthu. Thairis sin, tá comhlachais dlíodóirí ann i ngach Ballstát san Aontas agus ar gach leibhéal rialachais san Eoraip (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus AE);

35.

á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ombudsmain, a bhfuil a lán díobh ann ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, páirteach sna gníomhaíochtaí cur chun cinn agus faireacháin atá luaite sa togra ón gCoimisiún. Ba cheart do na comhlachtaí cosanta sin a bheith rannpháirteach i mbailiú faisnéise, agus i gcruinnithe agus imeachtaí réigiúnacha chun prionsabail an smachta reachta a chur chun cinn;

36.

sásta go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún tacú leis na hollscoileanna agus le lárionaid taighde chun staidéar a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta; den tuairim gur cheart eolas tábhachtach a chur i dtreo taighdeoirí atá ag obair sna Ballstáit sin a bhfuil, bunaithe ar pharaiméadair chinnte, baol níos mó iontu do phrionsabail an smachta reachta. Ba cheart scaipeadh na bprionsabal sin ar phobail réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe, a bheith san áireamh i gcuid den ghníomhaíocht arna cistiú;

37.

á chur i bhfáth go bhfuil na mílte riarthóirí agus cleachtóirí áitiúla ag cur eolas ar rialacha agus ar straitéisí an Aontais tríd an obair a dhéanann siad ag bainistiú chistí an Aontais; den tuairim gur cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta a chur san áireamh san oiliúint a chuireann siad ar a gcuid oifigeach;

38.

á thabhairt le fios, i bhfianaise na taithí atá aige maidir le beartais an Aontais a scaipeadh agus i gcomhar leis na tionscnaimh atá aige cheana, go bhféadfadh an Coiste – le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach agus i gcomhar le CESE – imeachtaí oiliúna a eagrú d’oifigigh agus do chleachtóirí áitiúla;

39.

á mholadh, go háirithe, measúnú a dhéanamh ar a úsáidí a bheadh treoirthionscadal ina gcuirfeadh grúpa faoi leith d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha liosta critéar i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an smacht reachta (bunaithe ar na critéir a d’fhorbair Coimisiún na Veinéise). Faoi réir na srianta atá ar acmhainní na hinstitiúide, d’fhéadfadh an tionscnamh leas a bhaint as ceann de na samhlacha líonra ar thacaigh an Coiste leo cheana, mar shampla an Líonra um Fhaireachán ar an gCoimhdeacht nó na moil réigiúnacha. D’fhéadfadh líon beag cathracha nó réigiún, ar bhonn deonach, comhlíonadh phrionsabail an smachta reachta a fhíorú ina n-údaráis nó ina n-oifigí féin. D’fhéadfadh an Coiste liosta a tharraingt suas de na paraiméadair a chuirfí i bhfeidhm agus gníomhaíochtaí féin-iniúchóireachta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chomhordú, agus go n-áiritheodh an t-údarás áitiúil agus réigiúnach go mbeadh comhpháirtithe áitiúla, e.g. ollscoileanna, ombudsmain, comhlachais bharra, agus an tsochaí shibhialta eagraithe, páirteach ann.

Conclúidí

40.

I bhfianaise na mbarúlacha thuas, tá an Coiste:

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí sna sásraí lena gcosnaítear an smacht reachta, go háirithe sa chóras faireacháin bhliantúil, an baol go sárófaí na cearta bunúsacha agus go n-imeofaí ó na prionsabail dhaonlathacha sna Ballstáit, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den fhaireachán leanúnach a dhéanann sé maidir le sáruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar neamhspleáchas na mbreithiúna agus maidir le cur isteach a d’fhéadfadh na húdaráis phoiblí a dhéanamh ar na meáin;

á mholadh go gcuirfí leis na tionscnaimh a sheol an Coimisiún roimhe seo chun faireachán a dhéanamh ar na meáin agus go neartófaí na tionscnaimh sin;

ag iarraidh go gcuirfí go mór leis na cistí a bhíonn á leithdháileadh faoi láthair ar an tsochaí shibhialta agus ar na meáin neamhspleácha sa chreat airgeadais ilbhliantúil; á mholadh go leithdháilfí cuid den chistiú sin ar na meáin áitiúla neamhspleácha;

á mholadh go ndéanfaí roinn speisialta den tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta a dhíriú ar na rioscaí a bhaineann le sáruithe ag gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad agus, go háirithe, ag oibreoirí eacnamaíocha príobháideacha móra atá gníomhach sa gheilleagar digiteach;

ag iarraidh go gcuirfí an rún i gcrích maidir le tús a chur athuair le próiseas aontachais an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine;

ag iarraidh nach ndéanfaí coinníollacha ó thaobh cistiú de a mheas mar réiteach ach amháin i gcás sáruithe tromchúiseacha agus sistéamacha; ag achainí go ndéanfaí bearta chun a áirithiú nach dtabharfar buille éagórach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar gheall ar na pionóis;

ag iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do ghníomhachtú an chórais chun faireachán a dhéanamh ar na Ballstáit agus a ndóthain acmhainní airgeadais agus daonna a leithdháileadh ar na Ballstáit le go mbeidh siad in ann na huirlisí sin a bhunú;

ag iarraidh go gcuirfí chun feidhme na tograí atá leagtha amach sa Tuairim seo, arb é is aidhm dóibh dlús a chur le rannpháirtíocht Choiste Eorpach na Réigiún, na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na sochaí sibhialta maidir le cultúr ina n-urramaítear an smacht reachta a chur chun cinn.

An Bhruiséil, an 12 Feabhra 2020

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

20


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Pacáiste um Méadú 2019

Rapóirtéir:

Jaroslav HLINKA (SK/PSE), Méara cheantar Theas Košice

Doiciméid tagartha:

Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún – 2019 Teachtaireacht maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú

COM(2019) 260 final; SWD(2019) 215 final; SWD(2019) 216 final; SWD(2019) 217 final; SWD(2019) 218 final; SWD(2019) 219 final; SWD(2019) 220 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha ginearálta

1.

Ag tabhairt dá aire le teann spéise na Teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach in 2019 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú, a thuarascálacha tíre ar na tíortha is iarrthóirí, an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc, tuarascáil maidir leis an gCosaiv (*1), chomh maith leis an Tuairim chomhthreomhar maidir le hiarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht san Aontas;

2.

Ag tacú go hiomlán leis an aitheantas ón gCoimisiún Eorpach gur chun leas polaitiúil, slándála agus eacnamaíoch an Aontais féin é an méadú, mar infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin, sa chobhsaíocht, sa tslándáil agus san fhás eacnamaíoch ar fud na hEorpa;

3.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur athdhearbhaigh ceannairí an Aontais a dtacaíocht dheimhin dhearfa do pheirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar, agus gur dhearbhaigh comhpháirtithe na mBalcán Thiar a dtiomantas an athuair don pheirspictíocht sin mar rogha láidir straitéiseach, ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a tionóladh i Sóifia i mí na Bealtaine 2018;

4.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhforáiltear leis an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 do chúnamh a úsáid ar bhealach níos straitéisí agus níos dinimiciúla, ag díriú ar na príomhthosaíochtaí;

5.

ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach, sa chomhthéacs sin, tuilleadh oibre a dhéanamh leis na rialtais náisiúnta i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha chun ionstraimí sonracha a fhorbairt d’fhonn acmhainní na rialtas áitiúil agus réigiúnach sna Balcáin Thiar a fhorbairt chun an cistiú leithdháilte a úsáid go héifeachtach, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an mbearna struchtúrach ina gcumas chun ullmhú agus cur chun feidhme tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón Aontas a chómhaoiniú agus a réamh-mhaoiniú;

6.

Á athdhearbhú go bhfuil athchóirithe éifeachtacha riaracháin phoiblí i dtíortha na mBalcán Thiar, lena n-áirítear an dílárú fioscach, ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an dea-rialachas áitiúil, chun cumhacht a thabhairt do na rialtais áitiúla agus réigiúnacha seirbhísí ardchaighdeáin a fhorbairt agus a chur ar fáil lena gcuid saoránach agus dá gcuid saoránach, ar mhaithe lena rannpháirtíocht sa chomhar réigiúnach agus sa dea-chaidreamh comharsanachta, agus chun cláir oibre uaillmhianacha Eorpacha agus dhomhanda maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an athrú aeráide a bhaint amach;

Barúlacha tírshonracha

7.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó comhaontú stairiúil Prespa ar tháinig an Mhacadóin Thuaidh agus an Ghréig air i mí an Mheithimh 2018 chun díospóid faoin ainm, a mhair 27 mbliana, a réiteach;

8.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur chomhaontaigh an Chomhairle freagairt don dul chun cinn atá déanta ag an Albáin agus ag an Macadóin Thuaidh sna réimsí a comhaontaíodh d’aon toil sna conclúidí ón gComhairle i mí an Mheithimh 2018, agus gur réitigh sí an bealach chun tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an dá thír sin;

9.

Á chur in iúl gur oth leis gur baghcat freasúra agus líon íseal vótálaithe a bhí sna toghcháin áitiúla san Albáin i mí an Mheithimh 2019, agus tá sé ag athdhearbhú go bhfuil próiseas an mhéadaithe bunaithe ar fhiúntas agus ag brath ar urraim do phrionsabail an daonlathais, agus do chritéir eile Chóbanhávan;

10.

Á chur in iúl gur ábhar mór imní dó gur cuireadh tuilleadh cinntí faoin Albáin agus faoin Macadóin Thuaidh ar athló ar dtús ó mhí an Mheithimh go mí Dheireadh Fómhair 2019, agus is mór an chúis díomá dó cinneadh na Comhairle Eorpaí i mí Dheireadh Fómhair 2019 maidir le moill bhreise a chur ar thús chaibidlíochtaí aontachais AE leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh, dhá thír a léirigh gur lean siad dá ghealltanas cloí le bealach na hEorpa; is oth leis freisin nár bunaíodh an cinneadh sin ar mheasúnuithe aonair ar dhul chun cinn an dá thír is iarrthóir acu, agus thug sé foláireamh go bhféadfadh sé go bhfágfadh an easpa comhartha dearfach don dá thír is iarrthóirí go mbeadh tionchar diúltach aige sin ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; tá sé ag moladh don Chomhairle ina theannta sin go réiteofar an tsaincheist sin go dearfach roimh chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar i Ságrab i mí na Bealtaine 2020;

11.

Ag tacú go hiomlán leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2019 (1) maidir le tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin agus ag tathant go mór ar an gComhairle a chur san áireamh gur gá go dtabharfadh straitéis inchreidte AE um méadú spreagadh chun na torthaí arna gcomhaontú ag na páirtithe uile roimhe sin a bhaint amach, agus gur gá dearcadh láidir, inchreidte a chur ar fáil do na tíortha uile lena mbaineann;

12.

á chur in iúl gur cúis imní dó go bhféadfadh easpa dul chun cinn sa mhéadú difear díreach a dhéanamh do shlándáil agus d’fholláine an Aontais freisin, toisc go bhféadfadh sé tíortha uile na mBalcán Thiar a bhrú de réir a chéile i dtreo tríú páirtithe atá ag iarraidh a dtionchar a mhéadú sa réigiún cheana féin, lena n-áirítear – ach gan bheith teoranta dóibh – an Rúis agus an tSín;

13.

Á thabhairt dá aire, agus é ina chúis imní dó, go bhfuiltear fós ag fanacht leis an tSeirbia agus le Montainéagró gníomhú ar bhealach níos diongbháilte i réimsí ríthábhachtacha, go háirithe chun deireadh a chur leis an scoilt sa staid pholaitiúil, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil;

14.

Ag tathant ar ghníomhaithe polaitiúla agus ar leibhéil rialtais uile na Seirbia, Mhontainéagró agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine oibriú go dlúth i gcomhpháirtíocht chun moltaí na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip/na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ESCE/ODIHR) a chur chun feidhme maidir leis an gcreat toghcháin áitiúil a fheabhsú, agus gabháil do thimpeallacht pholaitiúil áitiúil a chruthú a bheidh trédhearcach agus cuimsitheach, bunaithe ar dhíospóireacht traspháirtí agus saor ó bhrú polaitiúil agus ó imeaglú ó lucht freasúra polaitiúil;

15.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach aghaidh a thabhairt sa chaibidlíocht aontachais leis an tSeirbia ar líomhaintí imeaglaithe oifigeach a toghadh go daonlathach agus atá ina gcomhaltaí de pháirtithe freasúra, go háirithe i mbardais Paraćin, Šabac agus Čajetina;

16.

Á thabhairt dá aire nach gcomhlíonann an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin critéir Chóbanhávan go leordhóthanach fós, agus aontaíonn sé gur cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais a luaithe a bheidh na critéir sin comhlíonta go leordhóthanach ag an tír;

17.

Á athdhearbhú gur cúis mhór imní agus díomá dó gurb é Mostar an t-aon bhardas amháin sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin nach raibh aon toghcháin comhairle áitiúla ann ó 2008 i leith;

18.

I bhfianaise iarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht san Aontas, tá an Coiste ag iarraidh, go háirithe ar cheannairí polaitiúla áitiúla in Mostar agus ar leibhéal Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine deireadh a chur leis an sárú gan fasach sin ar na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 3 den Chairt Eorpach um Fhéinriail Áitiúil, atá ina cheangal ar Bhallstáit uile Chomhairle na hEorpa, lena n-áirítear an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin;

19.

Á thabhairt le fios gurb amhlaidh go gcuirfear cosc ar aontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an Aontas má fhágtar sáinn thoghchánach Mostar gan réiteach toisc go sáródh sé sin, tar éis an aontachais, Airteagal 40 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a bhaint de shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sa tír sin;

20.

Á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún Eorpach i mí Iúil 2018 gur chomhlíon an Chosaiv na tagarmharcanna uile maidir le léirscaoileadh víosaí a d’fhormhuinigh an Chomhairle;

21.

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó tacaíocht Pharlaimint na hEorpa don togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le léirscaoileadh víosaí le sealbhóirí pasanna na Cosaive, a cuireadh in iúl i mí Mheán Fómhair 2018 agus i mí an Mhárta 2019, agus a athdhearbhaíodh faoin sainordú nua ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta i mí Mheán Fómhair 2019;

22.

Ag iarraidh ar an gComhairle aghaidh a thabhairt go práinneach ar léirscaoileadh víosaí leis an gCosaiv, arb í an t-aon tír sna Balcáin Thiar í a bhfuil víosa de dhíth fós ar a saoránaigh chun taisteal chuig tíortha an Aontais;

23.

Á chur in iúl gur oth leis go bhfuil meathlú mór tagtha ar an urraim do phríomhchearta an duine sa Tuirc, agus titim siar thromchúiseach i réimsí an smachta reachta agus na gceart bunúsach; á chur in iúl gur oth leis freisin go bhfuil maolú ag teacht ar shrianta agus ceartúcháin éifeachtacha sa chóras polaitiúil, de dheasca theacht i bhfeidhm na leasuithe bunreachtúla;

24.

Ag tabhairt dá aire chonclúidí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta ina ndearbhaítear go bhfuil caibidlíocht aontachais na Tuirce ina lánstad, le fírinne, nach féidir smaoineamh ar aon chaibidil nua a oscailt ná a dhúnadh, agus nach féidir a bheartú aon obair bhreise a dhéanamh ar athchóiriú an Aontais Custaim faoi láthair; á thabhairt dá aire gur oth leis go bhfuil an Tuirc ag diúltú fós forálacha an phrótacail bhreise, a ghabhann leis an gcomhaontú aontachais leis an Aontas, a chomhlíonadh agus ag diúltú aitheantas a thabhairt do Phoblacht na Cipire; sa chomhthéacs sin tá an Coiste ag athdhearbhú, ina theannta sin, na n-ábhar imní agus na moltaí a chuir sé in iúl roimhe sin i ndáil leis an gCipir, a léirítear go mion sa Tuairim uaidh maidir le Pacáiste um Méadú 2018; á thabhairt dá aire freisin gur oth leis go leanann an Tuirc dá hoibríochtaí druileála laistigh d’uiscí teorann na Cipire, in ainneoin iarrataí agus athiarrataí an Aontais go n-éireodh sí as a gníomhaíochtaí neamhdhleathacha sa Mheánmhuir Thoir, agus tá sé ag athdhearbhú a dhlúthpháirtíochta iomláine leis an gCipir i ndáil lena haitheantas idirnáisiúnta, a ceannasacht, agus a cearta faoin dlí idirnáisiúnta;

25.

Ag meabhrú a thábhachtaí atá stádas Varosha mar a leagtar amach i rúin roimhe seo ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear rún 550 (1984) agus rún 789 (1992), agus tá sé ag athdhearbhú nár cheart aon ghníomhaíocht a dhéanamh nach bhfuil i gcomhréir leis na rúin sin;

26.

Á chur in iúl go bhfuil sé in amhras go mór faoi dhlíthiúlacht agus sláine phróiseas toghcháin na Tuirce, go háirithe an cinneadh in 2019 ó Ardchomhairle Toghcháin na Tuirce toghcháin áitiúla a reáchtáil an athuair in Iostanbúl, chomh maith leis an gcinneadh ó údaráis na Tuirce gobharnóirí cúigeacha ceaptha, ag gníomhú mar mhéaraí cathrach gníomhacha, a chur in ionad mhéaraí cathrach Diyarbakır, Mardin agus Van a toghadh go daonlathach, agus cáineann sé go láidir gníomhartha breise diansmachta in aghaidh chomhaltaí agus fhostaithe na comhairle bardais, gníomhartha nach bhfuil ag teacht le spiorad ná le prionsabail na Cairte Eorpaí um Fhéinrialú Áitiúil;

27.

Ag aithint gur comhpháirtí tábhachtach i gcónaí í an Tuirc don Aontas i réimse na himirce agus na ndídeanaithe, agus ag athdhearbhú a thuairime láidre gur cheart sciar de na cistí a leithdháileann an tAontas a chur i leataobh do na rialtais áitiúla agus réigiúnacha a bhfuil baint dhíreach acu le sreabha imirce na ndaoine easáitithe agus na ndídeanaithe a bhainistiú; ag aithint gur cheart an Comhaontú um Athligean Isteach idir an tAontas agus an Tuirc a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach i gcás gach Ballstáit, agus é á thabhairt dá aire go bhfuil an comhar i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile le Ballstáit uile an Aontais bunriachtanach i gcónaí;

28.

Ag iarraidh ar na rialtais áitiúla agus réigiúnacha san Aontas an comhar lena bpiaraí i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha a neartú tuilleadh, iad a thionlacan agus iad ar a mbealach i dtreo lánpháirtiú Eorpach níos doimhne, agus a gcumais institiúideacha agus riaracháin a neartú ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, chomh maith lena gcumais luachanna agus prionsabail Eorpacha a chur chun cinn agus a urramú;

29.

Ag meabhrú, i ndáil leis sin, an róil dhoshannta atá ag comhlachais náisiúnta na rialtas áitiúil agus réigiúnach, chomh maith leis an ról atá ag Líonra Chomhlachais na nÚdarás Áitiúil san Eoraip Thoir Theas (NALAS), ar féidir leis tacú leis na rialtais áitiúla agus réigiúnacha athchóirithe riaracháin phoiblí a chur chun feidhme, chomh maith lena n-acmhainní a fhothú chun inniúlachtaí a fheidhmiú ar bhealach níos fearr agus seirbhísí poiblí áitiúla a chur ar fáil;

Ról na rialtas áitiúil agus réigiúnach i bpróiseas an mhéadaithe

30.

Á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh feidhm chomhionann ag prionsabail Eorpacha na coimhdeachta, na comhréireachta agus an rialachais il-leibhéil maidir le próiseas méadaithe an Aontais;

31.

Á leagan amach go bhfuil rannpháirtíocht na rialtas fonáisiúnta ríthábhachtach má tá próiseas an mhéadaithe le bheith cuimsitheach agus inbhuanaithe. Braithfidh an rath a bheidh ar mhéadú an Aontais sna Balcáin Thiar ar thacaíocht leanúnach ó na saoránaigh agus ar rannpháirtíocht na rialtas áitiúil agus réigiúnach chun an tionchar inbhuanaithe inmhianaithe a chruthú ar an leibhéal áitiúil, i gcomhpháirtíocht idir na rialtais áitiúla, réigiúnacha agus lárnacha, agus leis an Aontas chomh maith;

32.

Á mheabhrú go gcuirtear os cionn 60 % d’acquis an Aontais chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, cé go bhfuil – faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha – beagnach aon trian de bhuiséad iomlán an Aontais curtha i leataobh don bheartas comhtháthaithe, lena ndírítear ar gach réigiún agus ar gach cathair san Aontas;

33.

Á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha i bpróiseas an mhéadaithe, ní hamháin maidir le critéir pholaitiúla, ach freisin mar thiománaithe don fhás eacnamaíoch agus don fhorbairt inbhuanaithe ina gcríoch féin, agus mar sholáthraithe seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán dá gcuid saoránach;

34.

Á dhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur gné ríthábhachtach é cumhacht a thabhairt do na rialtais fhonáisiúnta an ról sin a chomhlíonadh chun Straitéis an Aontais maidir le Méadú i ndáil leis na Balcáin Thiar a chur chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, agus chun go n-éireoidh leis an lánpháirtiú Eorpach sa todhchaí;

35.

Á chur in iúl gur mór aige gur aithin an Coimisiún Eorpach gur gá ról an rialtais áitiúil agus réigiúnaigh a chur san áireamh, agus gur gá teacht ar chothromaíocht iomchuí idir an rialtas lárnach, réigiúnach agus áitiúil a thacaíonn ar an mbealach is fearr le cur chun feidhme athchóirithe agus le soláthar seirbhísí do na saoránaigh;

36.

Á mheabhrú gur oth leis an easpa tograí sonracha beartais maidir leis na rialtais áitiúla agus réigiúnacha, a cuireadh in iúl ina Thuairim maidir le Pacáiste um Méadú 2018;

37.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach beartais, uirlisí agus ionstraimí nithiúla a mholadh chun go mbeidh na rialtais áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach sna Balcáin Thiar d’fhonn a ról mar an réimse rialachais is gaire do na saoránaigh a threisiú;

38.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach uirlis phraiticiúil a fhorbairt chun tacú le fothú acmhainní éifeachtach do na rialtais áitiúla agus réigiúnacha sna Balcáin Thiar d’fhonn a mbeartais phoiblí áitiúla agus réigiúnacha a chomhchuibhiú leis an acquis trí oiliúint thiomnaithe, trí fhoghlaim idir piaraí agus trí mhalartú dea-chleachtas ar fud an réigiúin, agus lena bpiaraí san Aontas, i gcomhréir leis an tSaoráid don Riarachán Áitiúil, leis an gClár Oiliúna Réigiúnach, nó leis an gclár Erasmus le haghaidh ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha;

39.

Ag tathant ar an gCoimisiún an athuair an tionscnamh maidir le Tacaíocht d’Fheabhsú sa Rialachas agus sa Bhainistíocht (SIGMA) a leathnú chuig leibhéil fho-náisiúnta riaracháin i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, d’fhonn samhlacha díláraithe a shainiú le haghaidh athchóirithe ar an riarachán poiblí, agus chun tacú le feabhas a chur ar an rialachas áitiúil agus ar an mbainistíocht phoiblí áitiúil, d’fhonn an acquis a chur i bhfeidhm;

40.

Ag iarraidh arís ar an gCoimisiún Eorpach modhanna oibríochtúla ad hoc a chur ar bun ionas go bhféadfar sásraí TAIEX (Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise) agus sásraí Nasctha a úsáid chun an comhar a áirithiú idir rialtais áitiúla agus réigiúnacha na mBallstát agus rialtais na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha;

41.

Á chur in iúl go bhfuil sé ullamh oibriú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach nua, agus leis an gCoimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú go háirithe, maidir le cur chun feidhme agus úsáid phraiticiúil na n-ionstraimí sin ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

An smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha

42.

Á athdhearbhú nach mór comhlíonadh chritéir Chóbanhávan a bheith mar phríomhfhachtóir i gcónaí chun measúnú a dhéanamh ar ullmhacht na dtíortha is iarrthóirí chun bheith ina mBallstáit den Aontas, agus tacaíonn sé go hiomlán le prionsabail na coinníollachta cothroime agus doichte, agus le “bunphrionsabail i dtosach”;

43.

Á thabhairt dá aire, agus é ina chúis mhór imní dó, go bhfuil feidhmiú cuí na n-institiúidí daonlathacha, chomh maith le dul chun cinn inchreidte maidir leis an smacht reachta, fós ina bpríomhdhúshlán i réimse an smachta reachta i bhformhór na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha;

44.

Á chur in iúl gur ábhar mór imní dó freisin, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an timpeallacht don tsochaí shibhialta sna tíortha ag éirí níos naimhdí agus go bhfuil forbairtí diúltacha ag titim amach chomh maith leis sin i réimse shaoirse na meán chun tuairimí a nochtadh agus neamhspleáchas na meán;

45.

Á chur i bhfios go bhfuil ról ríthábhachtach ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha, i ngeall ar a ngaireacht do na saoránaigh, maidir le luachanna Eorpacha a chur chun cinn agus a urramú, agus go bhfuil siad ar an líne thosaigh ó thaobh dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an bhfuathchaint, ó thaobh grúpaí leochaileacha agus mionlaigh a chosaint, mar aon leis an gcomhtháthú sóisialta a chothú;

46.

Á chur in iúl go bhfuil sé suite de gur féidir leis na rialtais áitiúla agus réigiúnacha féin ról níos láidre a imirt chun an láthair pholaitiúil áitiúil agus an spás polaitiúil poiblí a shocrú, agus gur féidir leo a gcion freagrachta a ghlacadh maidir le haghaidh a thabhairt ar chuid de na heasnaimh i réimse an smachta reachta agus na gceart bunúsach, mar a chuir an Coimisiún Eorpach i bhfios go láidir;

47.

Ag iarraidh ar na rialtais áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha dlús a chur lena n-iarrachtaí torthaí nithiúla a bhaint amach sna réimsí seo a leanas:

47.1

timpeallacht dhearfach chumasúcháin a chruthú d’fheidhmiú na sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil, agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a chuimsiú i gceapadh beartais rannpháirtíochta áitiúla,

47.2

dul i ngleic le haon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras, de mheon Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe i gcoinne daoine faoi mhíchumas, grúpaí leochaileacha, agus mionlaigh eitneacha, go háirithe na Romaigh,

47.3

eisiamh, imeallú agus idirdhealú daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha a chomhrac, chomh maith le fuathchaint agus foréigean i gcoinne na ngrúpaí sin a chomhrac,

47.4

feabhas a chur ar ionadaíocht na mban i ngach réimse den rialachas poiblí áitiúil agus réigiúnach, agus an comhionannas inscne a áirithiú i gcoitinne, chomh maith le hidirdhealú agus aon chineál foréigin in aghaidh na mban a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu;

48.

Ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ról na rialtas áitiúil agus réigiúnach a aithint maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna bunúsacha ar an leibhéal áitiúil, fothú a n-acmhainní agus a scileanna a éascú i réimse an smachta reachta agus na gceart bunúsach, agus tacú leo trí uirlisí agus ionstraimí nithiúla a chur ar fáil chun an ról sin a chomhlíonadh;

Ról na rialtas áitiúil agus réigiúnach i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe

49.

Ag meabhrú na Tuairime uaidh le déanaí maidir le spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) mar bhonn do straitéis fhadtéarmach ón Aontas le haghaidh Eoraip inbhuanaithe faoi 2030, lena gcuirtear i bhfios go láidir go bhfuil gá, i gcás 65 % de na 169 gcuspóir sna 17 sprioc forbartha inbhuanaithe, le rannpháirtíocht láidir na réigiún agus na gcathracha i gcur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe, d’fhonn na spriocanna sin a bhaint amach;

50.

Á mheabhrú go n-éilítear leis an gcuspóir “gan aon duine a fhágáil chun deiridh” go n-áiritheoidh gach leibhéal rialtais comhtháthú tras-scála, agus ceapadh beartas atá áit-bhunaithe comhthacúil agus comhtháite;

51.

Á mheabhrú chomh maith go bhfuil ról lárnach ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha chun na spriocanna a leagtar amach i gComhaontú Pháras na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide a bhaint amach, agus go bhfuil gníomhú ar son na haeráide ar an leibhéal áitiúil ríthábhachtach maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, agus maidir le deiseanna áitiúla a chruthú d’infheistíocht inbhuanaithe agus d’fhás inbhuanaithe;

52.

Á chur in iúl go bhfuil sé suite de, dá bhrí sin, go bhféadfadh Cúnant na Méaraí don Aeráid agus don Fhuinneamh, mar ghluaiseacht ón mbun aníos, a bheith ina spreagadh chun cur ar chumas chathracha agus bhardais thíortha na mBalcán Thiar rannchuidiú le Comhaontú Pháras, Clár Oibre 2030 agus leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach trína logánú;

53.

Ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach tíortha na mBalcán Thiar, agus go háirithe a gcuid rialtas áitiúil agus réigiúnach, a chuimsiú ar bhealach níos fearr san fhorbairt a dhéanfar amach anseo ar Chúnant na Méaraí don Aeráid agus don Fhuinneamh, nó i dtionscnaimh choibhéiseacha náisiúnta agus réigiúnacha a mbeidh gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha páirteach iontu, agus leas a bhaint as acmhainneacht na gcomhlachas náisiúnta de rialtais áitiúla agus réigiúnacha agus as NALAS maidir le sainiú agus cur chun feidhme pleananna áitiúla maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide agus le héifeachtúlacht fuinnimh, pleananna i ndáil le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe agus ionstraimí beartais eile ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun Clár Oibre 2030 a bhaint amach.

An Bhruiséil, an 12 Feabhra 2020

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(*1)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Rún PE 2019/2883(RSP)


29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

25


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Rannchuidiú na Réigiún agus na gCathracha le Forbairt na hAfraice

Rapóirtéir:

Robert ZEMAN (CZ/PPE), Comhalta de Chomhairle Bardais Prachatice

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Cúlra

1.

á mheabhrú go bhfuil an fhorbairt inbhuanaithe agus beartais forbartha rathúla ag brath ar go leor saincheisteanna agus beartais eile, dá ndéanann siad difear, amhail tacaíocht ghinearálta do bhunú caidrimh phearsanta agus creataí comhair idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, beartais shóisialta agus sláinte, bainistiú na himirce, an tsábháilteacht agus an tslándáil, tacaíocht don fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, malartú eolais agus dea-riaracháin a chur chun cinn, etc.; den tuairim gur príomhghníomhaithe iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a fhad a bhaineann le mórán de na saincheisteanna sin, san Aontas agus lasmuigh de araon, agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach smaointe nua a fhorbairt maidir leis an gcaoi ar féidir leo cur leis an bhforbairt inbhuanaithe, go háirithe san Afraic;

2.

ag iarraidh go mbeadh cur chuige cuimsitheach ag an Aontas ina leith agus á chur i bhfáth, má tá rath le bheith ar na bearta atá molta, gur den ríthábhacht é go mbeadh dlúthchomhar ann idir na comhpháirtithe ábhartha i dtíortha na hAfraice agus institiúidí idirnáisiúnta, amhail Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (1) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (2);

3.

á thabhairt dá aire gur bealach amháin é an comhar eacnamaíoch agus forbartha ar mhórscála chun dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce chuig an Aontas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil, agus go mbeidh i gcónaí, gá le méid suntasach d’acmhainní poiblí san Aontas má táthar chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist chasta na himirce a mbaineann impleachtaí iomadúla léi. Le cur chuige den sórt sin, d’fhéadfaí an dearcadh diúltach ón taobh sóisialta agus ó thaobh na slándála a bhaineann leis an imirce chuig an Aontas a laghdú agus cineálacha áirithe teannais i sochaithe na hEorpa atá ag spreagadh an antoisceachais pholaitiúil agus shóisialta a mhaolú;

An obair atá déanta ag an gCoiste agus na tuairimí atá eisithe aige sa réimse seo

4.

ag meabhrú, dá bhrí sin, na hoibre suntasaí a rinne an Coiste cheana, go háirithe na tuairimí a dhréachtaigh Hans Janssen, Peter Bossman agus Jesús Gamallo Aller (3); ag cur na moltaí seo a leanas chun cinn mar ábhar machnaimh chomh maith le roinnt bearta eile atá níos nithiúla chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn san Afraic, d’fhonn cuidiú leis an mbrú atá ar dhaoine aonair chun dul ar imirce a laghdú (4);

5.

ag athdhearbhú a thacaíochta don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (an Ionstraim) atá beartaithe óir is foinse ríthábhachtach cistiúcháin í lenar féidir tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt don fhorbairt inbhuanaithe; ag iarraidh athuair go mbunófaí cláir shonracha gona mbuiséad féin a bheadh dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’obair chathracha agus réigiúin an Aontais i réimse na forbartha, lena n-áirítear raon tionscadail fhadtéarmacha san Afraic, agus gan cláir a bhaineann leis an Ionstraim (5) amháin san áireamh. Dá mb’fhéidir sin, d’fhéadfadh réigiúin ó gach cearn den Aontas cláir den sórt sin a bhainistiú go díreach, rud a chuirfeadh ar chumas cathracha, bardas, gnólachtaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis ó na réigiúin sin páirt a ghlacadh i dtionscadail a bhfuil sé mar aidhm acu caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú i limistéir gheografacha faoi leith, i gcomhréir le SDGanna na Náisiún Aontaithe (6);

6.

á chur i bhfios go láidir gur cheart breathnú ar na cláir sin mar chláir fhadtéarmacha d’fhonn a chur ar chumas na rannpháirtithe gealltanas a thabhairt a bheith rannpháirteach iontu ar bhonn fadtéarmach;

7.

den tuairim gur cheart sna cláir sin foráil a dhéanamh maidir le córas dreasachtaí agus tacaíocht theicniúil d’fhonn réigiúin a spreagadh chun páirt a ghlacadh iontu, go háirithe iad siúd nach bhfuil taithí ar leith acu cheana ar an gcomhar forbraíochta;

8.

suite de go bhféadfadh bunú na gclár tiomnaithe sin a chur ar chumas réigiúin, chathracha, ghnólachtaí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha na hEorpa, agus ar chumas na saoránach a mhaireann sna réigiúin agus cathracha sin, a bheith níos gníomhaí i dtaca leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn lasmuigh den Aontas, cur lena n-eolas ar an saol i gcodanna eile den domhan, go háirithe san Afraic, agus cur lena gcumas deiseanna gnó a fhorbairt i rith an ama;

9.

ag moladh go mbunófaí na cláir sin ar iarrataí ar rannpháirtíocht i réigiúin ina bhfuil béim ar leith ar an gcomhar trasteorann d’fhonn taithí, acmhainní daonna agus saineolas a chomhthiomsú;

10.

ag iarraidh go mbeadh na cláir sin chomh simplí agus is féidir ó thaobh riaracháin de;

Caidreamh pearsanta a chothú agus cumais a mhéadú mar uirlis bhunúsach chun tacú leis an gcomhar forbraíochta éifeachtach

11.

á thabhairt le fios go bhfuil dlúthnaisc stairiúla ag roinnt de na réigiúin is forimeallaí san Aontas leis an Afraic agus go bhfuil taithí acu i réimsí ar díol spéise iad dá gcomharsana; ag iarraidh go ndéanfaí a mór de na deiseanna maidir le comhar trasteorann atá ann, agus go mbainfí an úsáid is solúbtha is féidir as na deiseanna a thiocfaidh chun cinn le linn na chéad tréimhse eile faoi chuimsiú an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus na hIonstraime;

12.

den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach leas a bhaint as an gcomhar agus as na comhghuaillíochtaí atá ag bardais agus réigiúin an Aontais lena macasamhla Afracacha d’fhonn cur chuige a thabhairt isteach lena gcothófaí comhsheasmhacht idir beartais mar aon le saineolas faoin gcomhar forbraíochta, faoin gcomhar réigiúnach agus faoin nuálaíocht (i gcomhréir leis an Straitéis um Speisialtóireacht Chliste);

13.

á chur i bhfáth gur den riachtanas é ar mhaithe le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na dtionscadal cur le cumais agus leis an gcaidreamh díreach idir na saoránaigh a mhéid is féidir d’fhonn úinéireacht an dá pháirtí ar na tionscadail a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, a dtionchar ar na saoránaigh lena mbaineann a mhéadú;

14.

den tuairim go bhfuil tábhacht thar meán ag an tsoghluaisteacht agus ag neartú agus leathnú an fhíor-chaidrimh comhpháirtíochta, trí ionadaithe ar dtús agus, ina dhiaidh sin, go díreach idir cónaitheoirí na réigiún, na gcathracha agus na mbardas i dtíortha an Aontais Eorpaigh agus i dtíortha an Aontais Afracaigh, chun a áirithiú go dtacóidh an pobal i gcoitinne ar bhonn forleathan le cur chun feidhme na dtionscadal sin. Tá na húdaráis agus na comhlachtaí áitiúla ar na comhlachtaí polaitiúla is measúla agus is dlisteanaí dá bhfuil ann a fhad a bhaineann le tionscadail a chur chun feidhme go héifeachtach, ar tionscadail iad atá dírithe ar an gcaighdeán saoil san Afraic a fheabhsú;

15.

á thabhairt dá aire, bunaithe ar thaithí chomhaltaí an Choiste, go bhfuil tábhacht mhór le caidreamh pearsanta idir lucht ceaptha beartas, an tsochaí shibhialta agus na saoránaigh óir feidhmíonn sé mar bhonn le tionscadail shonracha, agus go n-áirithíonn an caidreamh sin go bhfuil na tionscadail sin inbhuanaithe agus go n-oibríonn siad go maith san fhadtéarma;

16.

suite de gur uirlis thábhachtach é faisnéis ar ardchaighdeán a chur ar fáil faoi fhíorshaol gnáthdhaoine san Aontas Eorpach agus san Afraic araon, uirlis ar féidir léi an fonn atá ar dhaoine imirce neamhrialta a dhéanamh chun na hEorpa a laghdú. Ní hamháin gur cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí bhíthin na meán cumarsáide, ach ba cheart, ina theannta sin, go ndéanfaí feasacht a ardú a mhéid is féidir trí chaidreamh idir piaraí, e.g. malartuithe díreacha idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar féidir leo tuiscint fhrithpháirteach níos fearr ar réaltachtaí cultúrtha agus socheacnamaíocha éagsúla a chur chun cinn agus a d’fhéadfadh feabhas a chur ar chur chun feidhme tionscadal forbartha ar gá iad a fhorbairt agus tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh dá bhrí sin;

17.

i bhfabhar an rannchuidithe is leithne is féidir a theacht ó chathracha agus ó réigiúin, agus ó bhardais na gcathracha agus na réigiún sin sna Ballstáit sin de chuid an Aontais nach bhfuil dian-naisc comhair forbraíochta á gcothú acu faoi láthair le tíortha na hAfraice. Le rannchuidiú den sórt sin, d’fhéadfaí tionscadail agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme ar bhealach níos leithne, níos ilghnéithí agus níos éifeachtaí d’fhonn tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe i dtíortha na hAfraice, agus dlisteanacht an chomhair sin á neartú ag an am céanna i súile shaoránaigh na mBallstát sin. Moltar comhpháirtíochtaí réigiúnacha agus áitiúla tríthaobhacha freisin chun easnaimh chultúrtha agus teanga a shárú;

Cur chuige iomlánaíoch maidir le comhar a dhéanamh le réigiúin agus bardais na hAfraice mar bhonn leis an rath fadtéarmach

18.

á chur i bhfáth gur uirlis éifeachtach chun feabhas a chur ar na dálaí maireachtála i dtíortha an Aontais Afracaigh é taithí údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa a chomhroinnt leis na tíortha sin, ar taithí í a fuair siad nuair a bhí aghaidh á tabhairt acu ar chúraimí laethúla a bhain le bainistiú críochach díreach agus comhar á dhéanamh acu le chéile, go háirithe thar theorainneacha, mar aon le leas a bhaint, ina theannta sin, as cur chuige iomlánaíoch nach bhfuil teoranta don chomhar forbraíochta;

19.

ag moladh, dá bhrí sin, gur uirlis úsáideach iad na tionscadail atá dírithe ar dhea-chleachtais a chomhroinnt, amhail Tionscnamh na Niocóise arna reáchtáil ag Coiste Eorpach na Réigiún, chun comhar díreach nithiúil a fhorbairt idir comhpháirtithe an Aontais agus comhpháirtithe lasmuigh den Aontas ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach (7);

20.

ag moladh gur cheart do thionscadail arna riar ag réigiúin an Aontais dlúth-chomhpháirtíochtaí a lorg le gnólachtaí, le heagraíochtaí neamhrialtasacha nó le saineolaithe ó na réigiúin sin, i gcomhar le bardais, lena ngnólachtaí, agus le cuideachtaí, eagraíochtaí agus oibrithe áitiúla na hAfraice. Ní foláir do na tionscadail sin a bheith bunaithe ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe (8) (pleanáil uirbeach, soláthar agus cóireáil uisce, bainistiú dramhaíola agus úsáid dramhaíola sa gheilleagar ciorclach, etc.) agus ní foláir dóibh freastal ar riachtanais na bpobal ar bhealach solúbtha fadtéarmach;

21.

ag cur in iúl gur feasach dó go bhfuil cur chun feidhme na dtionscadal sin atá dírithe ar an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn san Afraic an-chasta, an-éilitheach agus go ngabhann riosca leo go minic; den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart ionstraimí breise a chruthú chun tacaíocht a thabhairt do chathracha agus réigiúin an Aontais lena dtionscadail chomhair, atá dírithe ar inbhuanaitheacht agus slándáil na dtionscadal sin agus ar chur chun cinn gníomhaíochtaí comhpháirteacha lena spreagfar agus lena ndéanfar a gcur chun feidhme a chobhsú san fhadtéarma;

22.

ag moladh gur cheart tionscadail, comhroinnt dea-chleachtas agus gníomhaíochtaí eile a bheith dírithe go háirithe ar staid na ndaoine óga agus staid na mban sa tsochaí a chobhsú (9), cibé acu mar ghrúpaí nó mar dhaoine aonair, lena n-áirítear trí chur chun feidhme idir piaraí, agus ar an gcaoi sin a bhforbairt phearsanta a éascú agus an mhuinín atá acu as todhchaí níos fearr a mhéadú agus, dá bhrí sin, a gcumas cur le hinbhuanaitheacht a dtimpeallachta áitiúla a mhéadú freisin;

23.

den tuairim go bhfuil FBManna de dhlúth agus d’inneach i sochaí shibhialta atá nua-aimseartha, dea-fheidhmiúil agus cobhsaí agus, dá bhrí sin, ag moladh, sa bhreis ar thionscadail atá dírithe ar FBManna a chur chun cinn san Afraic, go gcuirfí chun feidhme gníomhaíochtaí amhail intéirneachtaí san Aontas, malartuithe foirne, bunú cuideachtaí comhpháirteacha Eorpacha agus Afracacha, agus aon ghníomhaíochtaí eile a bhféadfadh fostaíocht mhéadaithe i ngnólachtaí beaga a bheith mar thoradh orthu;

24.

ar an eolas faoin ngá atá ann tacú ní hamháin le réitigh áitiúla i réimsí na fostaíochta, na fiontraíochta, na sláinte, na cosanta comhshaoil agus gníomhaíochtaí eile, ach rannchuidiú freisin le neartú na trádála frithpháirtí, na fiontraíochta agus an chomhair ar an leibhéal idirnáisiúnta;

25.

á thabhairt dá aire gurb é an aidhm atá le gach gníomhaíocht feabhas a chur ar shaol daoine aonair, ar shaol teaghlach agus ar shaol na bpobal áitiúil, d’fhonn fás na meánaicme a chur chun cinn mar chuid lárnach de shochaí chobhsaí rathúil;

26.

á aithint gur cheart leas a bhaint as gníomhaíochtaí faisnéise bunaithe ar thaithí an Aontais, a chuid Ballstát agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha na mBallstát sin chun cur le rath tionscadal atá dírithe ar thacú leis an bhforbairt inbhuanaithe, ar gníomhaíochtaí iad a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do na comhpháirtithe áitiúla. Tá sé tábhachtach freisin teagmhálaithe áitiúla a shainaithint ar féidir leo comhoibriú leis na tionscadail atá á gcur chun feidhme, nó ar féidir leo cabhrú le daoine óga, scoileanna agus institiúidí ábhartha comhpháirtithe oiriúnacha a aimsiú chun taithí a roinnt, malartuithe a eagrú, etc.;

27.

ag moladh go ndéanfaí na teicneolaíochtaí cumarsáide agus na líonraí sóisialta atá ar fáil a úsáid chun an fhaisnéis is iontaofa dá bhfuil ann a scaipeadh ar an mbealach is leithne agus is sainoiriúnaithe is féidir, bunaithe ar fhoinsí oifigiúla ón Aontas agus óna réigiúin, d’fhonn tionchar na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise a laghdú, san Aontas Eorpach agus i dtíortha na hAfraice araon;

28.

den tuairim go bhféadfadh caidreamh níos fearr ó thaobh cáilíochta de a bheith ann amach anseo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus an Aontais Afracaigh mar thoradh ar chaidreamh agus comhar feabhsaithe idir réigiúin an dá Aontas. Le comhpháirtíocht nua agus níos dlúithe idir daoine atá ar comhchéim, d’fhéadfaí cineálacha tábhachtacha eile comhair agus forbartha eacnamaíche agus sóisialta forásaí a éascú, rud a chuideodh freisin leis an mbrú atá ar dhaoine dul ar imirce a laghdú;

Treoirthionscadail mar eilimint riachtanach chun creat teoiriciúil na tuairime a chur i ngníomh

29.

á chur i bhfios go láidir go gcreideann sé gur cheart don Aontas súil a bheith ar an domhan mór aige ach gníomh a dhéanamh ar bhonn áitiúil, agus gur cheart leas a bhaint as cur chuige ón mbun aníos i gcónaí agus an plean seo á chur i gcrích. Dá bhrí sin, leagtar béim sa tuairim seo ar an ngá atá ann leas a bhaint as taithí údaráis réigiúnacha agus áitiúla na hEorpa, agus as taithí gnólachtaí agus saineolaithe, chun cur chun feidhme rianúil gníomhaíochtaí agus tionscadal a áirithiú, i gcomhar lena macasamhla Afracacha;

30.

ag cur in iúl gurb éard is aidhm don tuairim forbairt inbhuanaithe na sochaí i gcathracha agus i bpobail áitiúla na dtíortha Afracacha a chur chun cinn a mhéid is féidir; ag iarraidh go seolfaí, a luaithe is féidir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí gaolmhara eile, ós rud é go bhfuil gá leo sin chun cúnamh fadtéarmach rathúil a thabhairt do thíortha na hAfraice, i gcás inar féidir, ar chúiseanna polaitiúla agus slándála, d’fhonn is gur lú an fonn a bheadh ar dhaoine imirce neamhrialta a dhéanamh ní hamháin chuig an Aontas ach laistigh den Afraic féin freisin.

An Bhruiséil, an 12 Feabhra 2020

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://www.unhcr.org/.

(2)  https://www.iom.int/.

(3)  An Chomharsanacht agus an Domhan, Hans Janssen, 2018; An Ciste Tearmainn agus Imirce, Peter Bossman, 2018; An Imirce ar Bhealach na Meánmhara Láir, Hans Janssen, 2017; An Creat Comhpháirtíochta le Tríú Tíortha i dtaca leis an Imirce, Peter Bossman, 2017; Togra le haghaidh Comhdhearcadh Nua Eorpach maidir le Forbairt – Ár Saol, Ár nDínit, Ár dTodhchaí, Jesús Gamallo Aller, 2017; Cosaint Dídeanaithe ina Limistéir Tionscnaimh: Dearcadh Nua, Hans Janssen, 2016; Saol Maith do Chách: ón bhFís go Comhghníomhaíocht, Hans Janssen, 2015.

(4)  Fondúireacht Mo Ibrahim:https://mo.ibrahim.foundation/sites/default/files/2020-01/2019_Forum_Report_2.pdf.

(5)  An Chomharsanacht agus an Domhan, Hans Janssen, 2018.

(6)  SDGanna na Náisiún Aontaithe: https://www.undp.org/content/undp/en/home/sustainable-development-goals.html.

(7)  Tionscnamh na Niocóise: https://cor.europa.eu/en/our-work/Pages/Libya.aspx.

(8)  SDGanna na Náisiún Aontaithe: https://www.undp.org/content/undp/en/home/sustainable-development-goals.html.

(9)  Fondúireacht Mo Ibrahim: https://mo.ibrahim.foundation/sites/default/files/2020-01/2019_Forum_Report_2.pdf.


29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

29


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – I dtreo Comharsanachtaí agus Pobail Bheaga Inbhuanaithe – An Beartas Comhshaoil faoi bhun Leibhéal an Bhardais

Rapóirtéir:

Gaetano ARMAO (IT/PPE), Leas-Uachtarán agus Aire Geilleagair Réigiún na Sicile

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

A.    Comharsanachtaí agus pobail bheaga inbhuanaithe a thuiscint

1.

ag cur in iúl gur mór aige nádúr comhtháiteach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) agus, go háirithe, Sprioc 11 maidir le “Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe”, lena n-éilítear lonnaíochtaí daonna atá “cuimsitheach, sábháilte, seasmhach agus inbhuanaithe”;

2.

ag iarraidh aird a tharraingt ar an ról lárnach atá ag an rialachas il-leibhéil daonlathach agus cuimsitheach sa chomhpháirtíocht idir gach leibhéal den rialtas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na leibhéil atá faoi bhun leibhéal an bhardais ina bhfuil samhlacha agus eintitis éagsúla ag a bhfuil struchtúir, inniúlachtaí agus acmhainní atá curtha ar bhonn foirmiúil, a bheag nó a mhór. D’fhéadfadh sé a bheith an-chabhrach dá mbeidís páirteach sa rialachas il-leibhéil ó thaobh beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach agus ó thaobh dhlisteanacht an chórais dhaonlathaigh féin de; ag tabhairt dá aire gur fíor sin go háirithe maidir le beartais i réimsí ina dtugtar aghaidh ar údair imní thromchúiseacha na saoránach agus i réimsí ina mbíonn tionchar láidir ag na dúshláin agus ag na freagairtí beartais ar shaol na saoránach, amhail cúrsaí comhshaoil agus an t-athrú aeráide;

3.

á mheabhrú go bhfuil iarrachtaí iomadúla á ndéanamh cheana atá dírithe ar phobail inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-iarrtar an tsochaí a athrú chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha nua éagothromaíochtaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil. Áirítear ar na hiarrachtaí sin an Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach agus na comhpháirtíochtaí a bhaineann leis, Cairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe, Cairt agus Gealltanais Aalborg, an Dearbhú Bascach, an Clár Oibre Uirbeach nua, agus go leor eile;

4.

ag iarraidh, i gcomhréir le Tosaíocht 1 de chuid Choiste Eorpach na Réigiún don téarma oifige 2015-2020 maidir le “Poist agus fás inbhuanaithe a chruthú i gcathracha agus i réigiúin chun cáilíocht saoil níos fearr a thabhairt do na saoránaigh”, coincheap na bpobal inbhuanaithe, a bhaineann le gach ceantar a bheith páirteach sna pobail sin, a chur chun cinn agus lena n-áirithítear freisin gur féidir le limistéir nach bhfuil chomh maith sin as teacht ar na deiseanna is gá chun réitigh inbhuanaithe a fhorbairt;

5.

den tuairim gur cheart coincheap na bpobal inbhuanaithe a bheith dírithe ar limistéir bhochta nó leochaileacha a athbheochan trí chuspóirí sóisialta agus cuspóirí comhshaoil a chomhcheangal, i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an Seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol agus an chathair inbhuanaithe;

6.

ag tagairt don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún “I dTreo an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol”, a bhfuil sé mar aidhm léi a áirithiú go gcuirfear riachtanais gach cineáil pobail san áireamh i mbeartais chomhshaoil de chuid an Aontais;

7.

den bharúil go mbraitheann cur chun feidhme rathúil roinnt mhaith beartais chomhshaoil AE agus náisiúnta ar úinéireacht a bheith ag pobail fho-bhardasacha ar na beartais sin agus ar an rannchuidiú a thugann siad do na beartais sin;

8.

á thabhairt le fios gur léir go bhfuil sainiúlachtaí comhshaoil tábhachtacha ann ag leibhéal an bhardais agus faoina bhun. Is féidir tionchair shonracha a bheith ag dúshláin chomhshaoil ar aonaid fho-bhardasacha éagsúla; ag léiriú a thábhachtaí atá sé, dá bhrí sin, modhanna cur chuige iomlánaíocha a fhorbairt ar gach leibhéal ina dtabharfar aird chuí ar chúinsí logánta/difreáilte ina bhféadfadh bearta sonracha agus ionchur a bheith ag teastáil;

9.

á aithint gurb iad na leibhéil rialachais sna Ballstáit atá freagrach as an leibhéal fo-bhardasach atá freagrach as pobail fho-bhardasacha agus a rannpháirtíocht. Tá freagracht thábhachtach ar na húdaráis inniúla áitiúla agus réigiúnacha maidir lena gcríoch iomlán agus ní mór aird cheart a thabhairt air sin; ag iarraidh orthu páirt ghníomhach a thabhairt do na leibhéil fho-bhardasacha i gcur chun feidhme an bheartais comhshaoil agus tacú leo é sin a dhéanamh, agus áitritheoirí áitiúla a chumhachtú chun a gcuid pobal a dhéanamh níos inbhuanaithe;

10.

á aithint go n-úsáidtear téarmaíocht éagsúil i ndáil leis na cineálacha pobail sin, lena n-áirítear, inter alia, gráigeanna, comharsanachtaí, ceantair, bardaí, earnálacha, sráidbhailte, paróistí, buirgí. D’fhéadfadh na téarmaí sin tagairt a dhéanamh d’aonaid riaracháin, nó do phobail nach bhfuil ról riaracháin acu. Is ar an gcuma chéanna a bhaintear úsáid sa tuairim seo as na nathanna “faoi bhun leibhéal an bhardais” agus “fo-bhardasach”;

11.

á aithint go mbíonn cuma an-difriúil ar na pobail bheaga éagsúla: limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe, limistéir a bhfuil daonra mór iontu agus limistéir ar bheagán daonra, limistéir shaibhre agus limistéir dhíothacha;

12.

ag cur i bhfáth, go háirithe, gur gá aird a thabhairt ar chúinsí sonracha i limistéir a mbíonn dúshláin chomhshaoil ar leith rompu. De bharr iargúltacht na limistéar sin, tarlaíonn sé in amanna gurb iad na gnéithe nádúrtha uathúla a bhaineann leo is cúis lena dtábhacht éiceolaíoch dhíréireach:

a.

d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh oileáin bheaga scartha amach go fisiciúil ó na bardais eile ar cuid díobh iad, rud a fhágann go gcuirtear bac ar an rochtain ar sheirbhísí agus ar phróisis chinnteoireachta, go mbítear ag brath níos mó ar chúnamh seachtrach agus go mbíonn neamhspleáchas riaracháin lag iontu. Ní mór an comhoibriú leis an nGrúpa Idir-réigiúnach um Réigiúin Oileánacha i gCoiste Eorpach na Réigiún, mar aon le líonraí eile amhail Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais, Cónaidhm na nOileán Beag Eorpach, Líonra na nOileán Beag Eorpach agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcoincheap nuabhunaithe i ndáil le hOileánachas na Meánmhara a chur chun cinn agus a leathnú;

b.

is minic a bhíonn limistéir ar bheagán daonra nó atá tearc i ndaonra lonnaithe i bhfad ón gcuid eile den bhardas. Ba cheart an comhar leis na líonraí atá ann cheana, amhail líonra na limistéar tuaisceartach ar bheagán daonra (Northern Sparsely Populated Areas network), líonra na limistéar deisceartach ar bheagán daonra (Southern Sparsely Populated Areas network) agus Euromontana a chur chun cinn agus a leathnú;

c.

pobail fho-bhardasacha i limistéir a bhfuil próifílí geografacha sonracha acu, amhail limistéir sléibhe nó cois locha;

13.

á aithint a thábhachtaí atá bardais bheaga ach á chur i bhfios go láidir go ndírítear sa tuairim seo ar phobail bheaga faoi bhun leibhéal an bhardais a bhfuil dúshláin éagsúla rompu. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an méid seo a leanas i bpobail fho-bhardasacha: (i) ionadaithe tofa a dhéanann faireachán ar an tionchar a bhíonn ag tionscadail ar an gcomhshaol chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, (ii) spásanna poiblí chun plé a dhéanamh ar rannpháirtíocht i dtionscadail nó i ngníomhaíochtaí de chuid an Aontais nó ar an gcaoi chun beartas de chuid an Aontais a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, agus (iii) buiséid chun fiú na costais is lú is féidir nó saineolas teicniúil a chumhdach chun fios gnó a chur ar fáil maidir leis an gcaoi chun rochtain a fháil ar chistí AE;

14.

ag tarraingt aird ar na cineálacha éagsúla institiúidí atá ann ar an leibhéal fo-bhardasach, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, comhlachtaí poiblí oifigiúla, cineálacha eile rannpháirtíochta atá eagraithe ag údaráis phoiblí nó i gcomhar leo, coistí áitiúla agus grúpaí gníomhaithe;

15.

ag cur i bhfáth go bhfuil, toisc go leor cineálacha eagrúcháin éagsúla a bheith ann ar fud chríocha na mBallstát agus nach mbíonn an t-eagrúchán sin curtha ar bhonn foirmiúil go minic, an-acmhainneacht trialacha rannpháirtíochta agus daonlathacha sa leibhéal fo-bhardasach chun cineálacha nua rannpháirtíochta agus cumarsáide a fhorbairt (amhail pobail chomharsanachta, coistí sráidbhailte, saotharlanna rannpháirtíochta agus fóraim); á mheabhrú, i dtaca leis sin go háirithe, go bhfuil deiseanna slógaidh ollmhóra do na saoránaigh ag baint le gníomhaíochtaí maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide;

16.

ag aithint dó an ról atá ag eagraíochtaí pobail deonacha de shaoránaigh pobal beag i gcomhlachais agus i gcoistí áitiúla a bhfuil sé d’aidhm acu díriú ar shaincheist amháin a bhaineann leis an gcomhshaol nó, go ginearálta, gníomhaíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn. Cé gur féidir leis na grúpaí sin acmhainní, scileanna, fuinneamh agus spreagadh a thabhairt le chéile, is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na grúpaí a chumhachtú trí thacaíocht theicniúil agus airgeadais a thabhairt dóibh agus trí chomhairliúcháin rialta freisin.

B.    Conairí chun an beartas comhshaoil a neartú faoi bhun leibhéal an bhardais

Réimsí éagsúla cur i bhfeidhm

Forbairt le hastaíochtaí ísle

17.

ag cur in iúl gur minic gurb iad na pobail fho-bhardasacha is mó a dtéann saincheisteanna comhshaoil amhail cáilíocht an aeir nó torann i bhfeidhm orthu láithreach agus gur minic nach mbíonn mórán smachta acu ar chinntí a bhaineann leis an iompar agus leis an tsoghluaisteacht; á thabhairt dá aire nach bhfuil na saincheisteanna comhshaoil sin le brath go cothrom sna críocha éagsúla. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh sásraí faireacháin comhshaoil sonraí a dhí-chomhiomlánú faoi bhun leibhéal an bhardais chun go bhféadfadh bearta agus réitigh spriocdhírithe a bheith ann;

18.

ag tacú le treoirchreat comhleanúnach a fhorbairt maidir le maolú an athraithe aeráide do na pobail atá faoi bhun leibhéal an bhardais agus go háirithe do na hoileáin, rud a éascóidh dóibh aistriú chuig fuinneamh glan in-athnuaite. D’fhéadfaí breathnú ar an gcaoi ar comhtháthaíodh Comhaontú na nOileán (the Pact of Islands) i gCúnant na Méaraí um Aeráid agus Fuinneamh agus inspioráid a fháil uaidh sin agus d’fhéadfaí tionscnaimh atá ann cheana a áireamh, amhail Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais agus tionscadal Interreg maidir le Comharsanachtaí atá Gníomhach ar son na hAeráide.

Forbairt dhúlrabhunaithe

19.

ag moladh pobail bheaga (go háirithe pobail oileánacha, sléibhe nó thuaithe) a bheith rannpháirteach i mbainistiú limistéar nádúrtha, limistéir nach leanann teorainneacha na mbardas go minic. Le rannpháirtíocht den chineál sin, d’fhéadfaí cur leis an úinéireacht atá ag an bpobal áitiúil ar roghanna beartais comhshaoil a dhéantar agus laghdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí a bhaineann le saincheisteanna amhail úsáid talún. Ina theannta sin, d’fhéadfaí tuilleadh feasachta a ardú maidir leis na tairbhí socheacnamaíocha a bhaineann le limistéir nádúrtha faoi chosaint, bídís ina limistéir Natura 2000 nó ina limistéir eile;

20.

ag cur chun cinn an róil atá ag pobail atá faoi bhun leibhéal an bhardais i gcur chun feidhme réiteach dúlrabhunaithe, lena n-áirítear conairí agus criosanna glasa, crainn uirbeacha, mar aon le limistéir fiadhúlra pheirea-uirbeacha. Leis na hiarrachtaí sin, ba cheart go mbeifí in ann rochtain chothrom ar an dúlra a chur ar fáil, mar aon leis na tairbhí a bhaineann leis ó thaobh shláinte an duine, ó thaobh an t-athrú aeráide a mhaolú agus ó thaobh níos mó athléimneachta i gcoinne guaiseacha saorga agus guaiseacha nádúrtha.

Forbairt chiorclach

21.

ag iarraidh go dtabharfadh na leibhéil inniúla rialtais tacaíocht theicniúil shaincheaptha do phobail bheaga ionas gur féidir leo cleachtais maidir le bainistiú inbhuanaithe fuíolluisce agus le bainistiú dramhaíola a chur chun feidhme agus dul i ngleic leis an truailliú muirí agus cósta trí straitéisí a bhaineann le bheith saor ó dhramhaíl; ag iarraidh tionscnaimh atá ann cheana a chur chun cinn, mar shampla, an tionscadal de chuid ECFE lena dtugtar tacaíocht do chathracha agus do réigiúin sa gheilleagar ciorclach;

22.

ag moladh bearta a fhorbairt a bheadh ina dtaca le cleachtais atá nuálach go sóisialta ar an leibhéal fo-bhardasach, lena n-áirítear grúpaí a roinnfeadh rudaí agus uirlisí le chéile go háitiúil agus grúpaí a ligfeadh dá mbaill earraí a dheisiú a chaithfí amach murach sin.

Forbairt athléimneach

23.

ag cur chun cinn scaipeadh na mbeart a bhaineann leis an micraeráid chun oiriúnú don athrú aeráide, go háirithe i gcomharsanachtaí uirbeacha ina bhfuil go leor tógála déanta. D’fhéadfaí réitigh ar chostas íseal a áireamh leo sin, mar aon le réitigh níos casta ar leibhéal na gcomharsanachtaí, amhail foirgnimh a dhícheangal ó shéaraigh ar mhaithe le bainistiú níos fearr uisce stoirme. D’fhéadfadh bearta den chineál sin cur leis an athléimneacht i limistéir fho-bhardasacha a gcuireann guaiseacha nádúrtha isteach orthu tríd an mbrú ar bhonneagar ríthábhachtach a laghdú;

24.

ag moladh do chomhaltaí an Choiste córais bhia athghiniúnacha a chothú, ar córais iad a ghinneann tairbhí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an leibhéal fo-bhardasach agus thairis (e.g. gairdíní áitiúla do scoileanna agus do phobail, talmhaíocht a fhaigheann tacaíocht ón bpobal nó modhanna feirmeoireachta nuálacha);

25.

ag tarraingt aird ar an turasóireacht inbhuanaithe mar dheis le haghaidh fáis i bpobail bheaga, mar a leagtar amach san fhaisnéisiú ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa maidir le “limistéir ar bheagán daonra nó atá tearc i ndaonra” agus i dtuairimí eile a d’eisigh Coiste Eorpach na Réigiún maidir leis an turasóireacht (1) agus an oidhreacht chultúrtha (2).

Forbairt chothrom dhuineláraithe

26.

ag tathant ar an Aontas an ról atá ag na cineálacha éagsúla nuálacha den daonlathas rannpháirtíochta a aithint i ndáil le pobail inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe ar an leibhéal fo-bhardasach. D'fhéadfaí an acmhainneacht sin a neartú tuilleadh tríd an nuálaíocht dhaonlathach a chur san áireamh go follasach i réimsí ábhartha de bheartais chomhshaoil an Aontais nó mar ghné den tacaíocht a thugann an tAontas do thionscadail;

27.

ag tagairt d’iarrachtaí rathúla seanbhunaithe a dhéantar faoi chuimsiú Chlár Oibre Áitiúil 21 (Local Agenda 21) mar thúsphointe do leibhéal an bhardais a áireamh sa bheartas comhshaoil. Le breis agus scór bliain anuas, bhí tionscnaimh Chlár Oibre Áitiúil 21 ina dtaca ag údaráis áitiúla i gcur chun feidhme straitéisí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht áitiúil, trí mhodhanna, uirlisí agus dea-chleachtais a chomhroinnt.

Réimsí beartais éagsúla

Aitheantas

28.

go mór den tuairim gur cheart don Aontas, agus a bheartais chomhshaoil á gceapadh agus á gcur chun feidhme aige, aird a thabhairt ar riachtanais shonracha agus rannchuidiú na bpobal beag agus fo-bhardasach;

29.

ag moladh sásraí a shainaithint lena gcuirfear saincheisteanna fo-bhardasacha san áireamh agus tuairimí Choiste Eorpach na Réigiún á gceapadh agus aird institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais á tabhairt orthu, mar aon le comhar níos dlúithe a fhorbairt leis na heagraíochtaí agus na líonraí cuí a bhíonn ag plé le struchtúir fho-bhardasacha ar leibhéal an Aontais nó a dhéanann ionadaíocht orthu;

30.

ag moladh do chomhaltaí an Choiste idirghníomhú go pearsanta le pobail fho-bhardasacha ina gcríoch féin, an taithí a fhaigheann siad a roinnt agus a phlé sa Choiste agus an taithí sin a chuimsiú san obair a dhéanann siad, go háirithe i dtuairimí Choiste Eorpach na Réigiún, i malartuithe idir piaraí agus b’fhéidir san Ardán Teicniúil um Chomhar i ndáil leis an gComhshaol (Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil agus Coiste Eorpach na Réigiún);

31.

tiomanta do thagairt shoiléir a dhéanamh do phobail faoi bhun leibhéal an bhardais i dtosaíochtaí an Choiste don tréimhse i ndiaidh 2020;

32.

ag meabhrú an ghealltanais iomláin a thug an tAontas maidir leis an gcomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a chur chun cinn, go háirithe chun laghdú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil (oileáin agus an mhórthír araon), i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról na leibhéal fo-bhardasach rialachais i ndáil leis sin;

33.

ag moladh measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht an tairseach a bhaineann le roinnt na gcumhachtaí a leathnú, trí rannán breise a chur leis le haghaidh gach Ballstáit lena mbaineann, i gcás inarb ábhartha, ag cumhdach eintitis faoi bhun an leibhéil áitiúil agus ag tosú le hanailís a dhéanamh ar an ról atá acu i ndáil leis an mbeartas a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide;

34.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a mheas an bhféadfaí duais a bhunú do chomharsanachtaí inbhuanaithe, d’fhonn pobail áitiúla a spreagadh chun páirt a ghlacadh i mbainistiú a gceantar féin agus an bhféadfaí imeacht aon uaire nó imeacht athfhillteach a eagrú chun idirghníomhaíocht le pobail bheaga a chur chun cinn amhail Lá Eorpach bliantúil um Shráidbhailte agus Chomharsanachtaí Inbhuanaithe.

Ardú feasachta

35.

ag tairiscint aitheantas níos leithne maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an leibhéal fo-bhardasach i dtaca leis an mbeartas comhshaoil áitiúil a chur chun cinn i measc institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais. Mar chuid de sin, d’fhéadfaí a mholadh go gcuirfí an leibhéal fo-bhardasach san áireamh sna doiciméid bheartais as seo amach agus in athbhreithnithe a dhéanfaí ar straitéisí atá ann cheana de chuid institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais;

36.

ag moladh feasacht a ardú faoin leibhéal fo-bhardasach trí thionscadail taighde agus nuálaíochta an Aontais (Fís 2020 agus Fís Eorpach) agus, chomh maith leis sin, trí oibriú i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) agus seirbhísí taighde an Aontais;

37.

tiomanta dul i mbun idirphlé leis an gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear faoi chuimsiú an Ardáin Theicniúil um Chomhar i ndáil leis an gComhshaol, chun a áirithiú go dtabharfar aird leormhaith ar phobail bheaga faoi bhun leibhéal an bhardais agus beartais chomhshaoil shonracha de chuid an Aontais á gcur chun feidhme. A bhuí leis sin, d’fhéadfaí cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh cheana ag Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (DG ENV) agus na hArd-Stiúrthóireachtaí eile chun treoirdhoiciméid agus uirlisí a sholáthar atá dírithe ar phobail bheaga agus ar chomharsanachtaí.

Cumarsáid agus scaipeadh faisnéise

38.

sásta measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht ábhar a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choiste maidir le líonraí an Aontais agus le gníomhaíochtaí a bhfuil spéis faoi leith ag pobail bheaga iontu, trí fhaisnéis a chur ar fáil faoi líonraí, cláir agus imeachtaí agus trí aiseolas ábhartha a bhailiú;

39.

ag gealladh go ndéanfaidh sé measúnú ar dhóigheanna chun aitheantas ar éachtaí comhshaoil a chur chun cinn ar leibhéal na bpobal beag, trí aird a tharraingt ar dhea-chleachtais agus trí mhacasamhlú réiteach inbhuanaithe a spreagadh. Áirítear leis sin iniúchadh a dhéanamh an bhféadfaí an méid sin a chomhcheangal le córais aitheantais agus le duaiseanna AE atá ann cheana, i gcomhréir le cleachtais a bhaineann leis na duaiseanna seo a leanas: an duais um Phríomhchathair Ghlas na hEorpa agus duais na Duilleoige Glaise Eorpaí, duais Natura 2000, an duais um Ghníomhaíocht Bhunathraitheach, agus na duaiseanna don tSeachtain Eorpach faoi choinne Laghdú Dramhaíola;

40.

ag léiriú a thábhachtaí atá sé cur chun feidhme an bheartais comhshaoil i bpobail bheaga faoi bhun leibhéal an bhardais a áireamh mar chuid den téama nó den chlár bliantúil de na himeachtaí athfhillteacha ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol, amhail an tSeachtain Ghlas, an tSeachtain Eorpach faoi choinne Laghdú Dramhaíola nó Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha;

41.

i bhfabhar úsáid athchóirithe a bhaint as an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) chun pobail fho-bhardasacha a nascadh le chéile agus lena rialtais áitiúla féin ar bhealach níos fearr chun rannpháirtíocht agus cinnteoireacht dhaonlathach a chothú.

Cistiú

42.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé deis a thabhairt do na gníomhaithe fo-bhardasacha rochtain a fháil ar chláir chistiúcháin an Aontais. Tá roinnt gníomhaithe ann a dhíríonn ar leibhéal na gcomharsanachtaí cheana, amhail an clár um Líonrú maidir le Forbairt Uirbeach (URBACT) lena gcothaítear malartú agus foghlaim Eorpach ar mhaithe le forbairt uirbeach inbhuanaithe. I ndáil leis sin, tá an Coiste ag iarraidh go gcuirfí oiliúint chuí ar fáil do na baill foirne i bpobail fho-bhardasacha chun úsáid éifeachtach a bhaint as cistí ón Aontas;

43.

den tuairim gur uirlisí sonracha iad an Fhorbairt Áitiúil faoi Stiúir an Phobail agus grúpaí gníomhaíochta LEADER chun an leibhéal fo-bhardasach a spreagadh ar bhealach níos fearr agus páirt a thabhairt dó ionas go bhféadfaí forbairt fhadtéarmach agus na spriocanna don straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach;

44.

ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun a áirithiú gur féidir le pobail bheaga rannchuidiú le tionscadail atá á gcistiú ag an Aontas agus leas a bhaint astu, ar tionscadail iad a chuireann an inbhuanaitheacht chun cinn faoi bhun leibhéal an bhardais. Is féidir é sin a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) tagairtí sonracha a dhéanamh do phobail bheaga i dtreoirdhoiciméid agus i lámhleabhair, (ii) glaonna ar léiriú spéise agus/nó cláir oibre a dhíríonn go sonrach ar phobail faoi bhun leibhéal an bhardais a ullmhú agus a fhoilsiú, agus (iii) rialacha airgeadais agus incháilitheachta a shimpliú agus a chuíchóiriú chun rannpháirtíocht na bpobal sin a spreagadh agus a éascú (e.g. athdháileadh deontas) d’fhonn forbairt chomhchuí iomlán an Aontais a chur chun cinn (Airteagal 174 CFAE).

An Bhruiséil, an 12 Feabhra 2020

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  NAT-VI/009 (IO C 185, 9.6.2017, lch. 15)

(2)  SEDEC/VI-035 (IO C 361, 5.10.2018, lch. 31)


29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

34


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Imirce Daoine Oilte san Aontas: Aghaidh a Thabhairt ar an Dúshlán ar gach Leibhéal

Rapóirtéir:

Emil BOC (RO/PPE), Méara Cluj-Napoca

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

1.

ag cur i bhfáth go bhfuil saorghluaiseacht na saoránach agus na n-oibrithe mar bhonn leis an margadh inmheánach agus go bhfuil sí ar cheann de na príomhshaoirsí a aithnítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh. Ní mór do shaoránaigh agus d’oibrithe a bheith in ann gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas; mar sin féin, ba cheart dóibh dul ar imirce mar gurb é sin atá uathu agus ní toisc brú a bheith orthu a réigiún féin a fhágáil mar gheall ar ghannchúis deiseanna eacnamaíocha nó ar chúiseanna eile;

2.

á thabhairt dá aire gurb é an dúshlán atá ann ná cothromaíocht a bhaint amach, maidir le cúrsaí dlí agus beartais, idir dhá phrionsabal bhunúsacha de chuid an Aontais Eorpaigh: saorghluaiseacht oibrithe agus cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta idir réigiúin;

3.

á thabhairt faoi deara gur saincheist chasta í imirce daoine oilte san Aontas Eorpach agus ag iarraidh go dtabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit araon freagairt phragmatach ó thaobh beartas de ar an gceist seo. Ba cheart aghaidh a thabhairt sa fhreagairt sin ar gach gné d’imirce daoine oilte (e.g. inimirce daoine oilte, cur amú éirime, cúrsaíocht daoine oilte, aisimirce), chomh maith le haghaidh a thabhairt ar na leibhéil dhifriúla, a bhíonn idirnasctha go minic, a bhfuil gníomh agus réitigh de dhíth, is é sin ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus fornáisiúnta (leibhéal an Aontais);

4.

den tuairim nach mór do chinnteoirí ar gach leibhéal a thuiscint nach saincheist theicniúil í imirce daoine oilte a bhfuil freagairt riaracháin nó beartais ag teastáil ina leith, ach gur ábhar polaitiúil í freisin agus é sin a aithint agus a chur san áireamh sna réitigh a mholtar. Mura dtabharfar aghaidh air sin, beidh éifeachtaí fadtéarmacha buana ag an bhfeiniméan sin ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus is dócha go gcuirfear bac ar an gcomhtháthú críochach dá bharr;

5.

á thabhairt dá aire gurb iad na míchothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha atá ann idir réigiúin an Aontais cheana féin is cúis cuid mhaith le himirce daoine oilte. I staidéir eimpíreacha sainaithnítear sraith de thosca brú agus tarraingthe (1) (2) (3) mar shampla, bíonn margadh saothair níos tarraingtí, deiseanna fostaíochta níos éagsúla agus cáilíocht saoil níos fearr ar an iomlán ar fáil sna réigiúin a dtéann na daoine oilte ar imirce chucu, ach is é a mhalairt atá fíor i gcás na réigiún as a dtagann na daoine oilte a théann ar imirce. Is cúis eile é sin le gur cheart don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo acmhainní a dhíriú ar an míchothromaíocht idir na réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce agus na réigiúin a dtéann na daoine sin ar imirce chucu, faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe, a chur ina ceart;

6.

á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ceangal láidir idir an beartas comhtháthaithe, atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí sin agus forbairt níos cothroime a chur chun cinn ar fud an Aontais, agus bearta atá beartaithe chun déileáil le himirce daoine oilte. Baineann dhá cheann de phríomhchuspóirí Eoraip 2020, mar atá céatadán na ndaoine fostaithe a mhéadú agus cuimsiú sóisialta a fheabhsú, go díreach le cruthú dálaí fabhracha a laghdóidh imirce daoine oilte. D’fhéadfadh inimirce agus filleadh daoine oilte a bheith mar thoradh ar chuspóirí eile de chuid Eoraip 2020, ar nós na nuálaíochta agus líon na ndaoine atá ag fáil oideachas tríú leibhéal a mhéadú, trí dhaoine éirimiúla a mhealladh agus a spreagadh;

7.

á thabhairt dá aire gur gá imirce daoine oilte agus feiniméin ghaolmhara a thuiscint agus a mheasúnú san Aontas Eorpach i gcomhthéacs an rialachais il-leibhéil. Cibé acu a bheidh saintréithe an rialachais il-leibhéil ina mbac nó ina ndeis sa réimse beartais seo, braithfidh sin go mór ar an gcaoi a ngníomhaíonn an tAontas agus a chuid institiúidí mar éascaitheoirí agus comhordaitheoirí ar cheapadh agus scaipeadh beartas;

8.

á thabhairt le fios gur féidir aghaidh a thabhairt go rathúil ar imirce daoine oilte ar an leibhéal fonáisiúnta, cé go mbreathnaítear uirthi go minic mar fhadhb bheartais a bhaineann leis an gcomhthéacs náisiúnta nó fornáisiúnta, mar gheall ar na héifeachtaí leathana agus tromchúiseacha a ghabhann léi. Tá ról lárnach ag údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis sin, ós rud é gurb iad na pobail áitiúla na pobail a mbíonn tionchar díreach ag iarmhairtí imirce daoine oilte orthu: is dúshlán ollmhór é do phobail áitiúla ar fud an Aontais é a lucht saothair óg agus oilte a chailleadh;

9.

á thabhairt faoi deara gur ar leibhéal na n-údarás áitiúil sna Ballstáit féin is fearr is féidir beartais maidir le himirce daoine oilte a dhréachtú agus a chur chun feidhme. Is córais iad na pobail áitiúla ag a bhfuil teorainneacha sách soiléir, rud a fhágann gur furasta anailís a dhéanamh ar an bhfadhb agus réitigh shaincheaptha a aimsiú. Chomh maith leis sin, is fusa do na húdaráis áitiúla faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an rath a bhíonn ar bheartais ar an leibhéal áitiúil;

10.

á thabhairt dá aire gur tairbheach an ní tarraingt ar thaithí agus cumas na riarachán fonáisiúnta sin agus beartais á gceapadh ar leibhéal an Aontais;

11.

den tuairim go bhféadfadh taithí dhíreach na n-údarás áitiúil maidir le haghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte eolas a chur ar fáil faoi éachtaí atá bainte amach mar aon le dea-chleachtais a chuideodh le beartas comhleanúnach a fhorbairt ar leibhéal an Aontais. Níl na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha teoranta le sainmhíniú ginearálta agus teibí ar shaincheisteanna beartais óir is féidir leo réitigh nithiúla agus éifeachtacha a chur ar fáil. Ní mór dóibh tuiscint níos fearr a fháil ar na hiarrachtaí agus ar na tionscnaimh atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte thar theorainneacha riaracháin na bpobal a ndéanann siad ionadaíocht orthu agus chun dul i mbun comhar réigiúnach agus idir-réigiúnach;

12.

á thabhairt le fios nach ionann na fadhbanna a bhíonn le sárú ag na réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce agus na fadhbanna a bhíonn le sárú ag na réigiúin a dtéann na daoine sin ar imirce chucu agus gur gá, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn éagsúil. Tá tábhacht leis an idirdhealú sin toisc gur cheart é a bheith mar aidhm ag beartais ar an leibhéal fornáisiúnta réitigh atá sásúil do gach taobh a éascú, nó ar a laghad teorainn a chur le cásanna ina bhfágtar na réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce chomh maith leis na réigiúin a dtéann na daoine sin ar imirce chucu faoi bhuntáiste (cur amú éirime);

13.

ag tarraingt aird ar an mbaol a ghabhann le himirce daoine oilte d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach an tionscadail Eorpaigh. Tá na réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce idir dhá thine Bhealtaine: tá cóineasú ag teastáil uathu (chun an bhearna idir iad féin agus na réigiúin a dtéann na daoine sin ar imirce chucu a laghdú), ach tá lucht saothair oilte á chailleadh acu. Go fadtéarmach, is cosúil go mbeadh sé an-deacair aon athrú nó aistriú chuig samhail eacnamaíoch inbhuanaithe agus iomaíoch atá bunaithe ar an ngeilleagar eolais agus ar tháirgí ard-bhreisluacha a bhaint amach i gcás ina dtiocfadh méadú ar na difríochtaí idir na réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce agus na réigiúin a dtéann na daoine sin ar imirce chucu. Mura dtabharfar aghaidh orthu, tiocfaidh méadú níos mó ar na difríochtaí agus beidh fáinne fí den “titim ó chéile” mar thoradh air sin. De réir an Innéacs Iomaíochais Dhomhanda, tá na Ballstáit in oirthear agus i ndeisceart an Aontais Eorpaigh ar na tíortha ar domhan is lú atá in ann a ndaoine oilte féin a choinneáil sa bhaile i láthair na huaire;

14.

á thabhairt le fios, in ainneoin sásraí chun éagothromaíochtaí a laghdú a bheith molta ag na hinstitiúidí Eorpacha, nach raibh na cineálacha cur chuige sin éifeachtach go huile is go hiomlán. Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine oilte a théann ar imirce, agus i bhfianaise na ngnéithe geografacha agus eacnamaíocha a bhaineann leis, tá gá le cineál eile tionscnaimh nó iarrachta, lena dtabharfaí aghaidh go díreach ar na tosca brú atá ann; is toradh iad na tosca sin ar na conairí sonracha fáis sna réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce, a fhágann nach bhfuil na réigiúin sin tarraingteach go leor don chuid sin den lucht saothair a bhfuil oideachas an-mhaith orthu;

15.

á thabhairt dá aire go bhfuil an bhearna idir an t-oideachas agus an margaidh saothair ar cheann de na fadhbanna a bhaineann le himirce daoine oilte. Is léir gur réimse é an t-oideachas inar féidir feabhsuithe a chur i bhfeidhm a chuideodh leis na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag imirce daoine oilte a mhaolú. Ba cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha níos mó airde a thabhairt air sin, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus Eorpacha. Chomh maith leis sin, ní mór do chórais oideachais dinimic athraitheach mhargadh an tsaothair agus an éagsúlacht mhéadaitheach a ghabhann leis a chur san áireamh le go mbeadh toradh ar na hinfheistíochtaí i gcaipiteal daonna tíre nó réigiúin, rud a chailltear le himirce daoine oilte;

16.

ag tarraingt aird ar fheiniméan nach mór súil ghéar a choinneáil air, is é sin an chaoi a bhfágann tuismitheoirí áirithe a bpáistí sa bhaile nuair a théann siad ag lorg obair níos fearr thar lear. Is toradh díreach é seo ar imirce daoine oilte agus bíonn impleachtaí fadtéarmacha aige;

17.

ag tarraingt aird ar an tábhacht a bhaineann leis na cláir Erasmus+ agus CSE+ agus le cláir eile cosúil leo maidir le deiseanna acadúla agus gairmiúla a chur ar fáil do dhaoine éirimiúla mar aon le deiseanna a thabhairt dóibh líonrú a dhéanamh agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú ar fud na hEorpa, seachas i moil réigiúnacha áirithe amháin, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme nithiúil Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Is céim sa treo ceart é go bhfuil an Coimisiún nua i bhfábhar buiséad an chláir Erasmus+ a mhéadú;

18.

den tuairim go bhfuil gá le ceannaireacht láidir agus comhordú ar iarrachtaí éagsúla ar fud na ndlínsí náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte. Tá sé thar a bheith tábhachtach bealaí sonracha a aimsiú chun líonraí comhair a chothú, chun cur i gcoinne dioscúrsa polaitiúil pobalach, agus chun lánpháirtiú na hEorpa a neartú. I gcás gníomhaíocht bhreise ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ba cheart díriú ar chomhordú agus ar éascú/cur chun cinn iarrachtaí ar na leibhéil fhonáisiúnta, trí chomhdhearcadh a chothú maidir leis an gcaoi ar cheart anailís a dhéanamh ar imirce daoine oilte agus an chaoi ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi, d’fhonn staid a rachadh chun tairbhe do na geallsealbhóirí uile a bhaint amach;

19.

á chur i bhfáth gur gá roinnt príomh-shaincheisteanna straitéiseacha maidir le himirce daoine oilte a shainaithint, ionas gur féidir le cinnteoirí dúbailt neamhriachtanach a sheachaint in iarrachtaí beartais phoiblí. Ní mór na saincheisteanna straitéiseacha sin a leagan amach ar bhealach a chinnteoidh go mbeidh tionchar soiléir ag bearta beartais agus ar bhealach a thacóidh le beartais a mbeidh gníomhaíocht nithiúil mar thoradh orthu;

20.

ag moladh go ndéanfaí cineálacha éagsúla freagairtí a shainaithint agus a chur chun feidhme i gcás gach fo-ghné d’imirce daoine oilte – inimirce daoine oilte, cur amú éirime, cúrsaíocht daoine oilte agus aisimirce. Tá réitigh shonracha éagsúla ag teastáil i ngach ceann de na réimsí sin. Tá sé an-tábhachtach gan cur chuige róghinearálta a ghlacadh i leith na bhfo-ghnéithe sin. D’fhéadfadh ráitis/cuspóirí leathana agus teibí, ar deacair iad a chur chun feidhme san fhíorshaol, a bheith mar thoradh ar easpa réiteach saincheaptha;

21.

sásta go bhfuil réigiúin agus cathracha áirithe ag cur réitigh chruthaitheacha chun feidhme cheana féin chun daoine oilte a mhealladh agus a choinneáil. I measc na mbeartas sin táthar ag tacú le hathlonnú daoine éirimiúla chuig na réigiúin/na cathracha sin, agus tá bearta níos sofaisticiúla i gceist freisin, cuir i gcás, maidir le forbairt líonraí trasnáisiúnta fiontraithe. Ní mór don Aontas Eorpach tacú le cláir nó le tionscnaimh arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an gcomhfhoghlaim idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha éagsúla na hEorpa;

22.

den tuairim go bhfuil an-tábhacht ag baint le gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha maidir le haghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte; is féidir lucht saothair sároilte a mhealladh agus a choinneáil go cinnte trí leas a bhaint as na hionstraimí um fhorbairt chríochach atá comhtháite sa bheartas comhtháthaithe.

23.

ag moladh gur cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus le húdaráis an Aontais, beartais agus ionstraimí a chur chun cinn chun cur le fiontraíocht áitiúil, féinfhostaíocht agus samhlacha forbartha gnó eile, a chuirfeadh le tarraingteacht na réigiún as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce;

24.

ag moladh go n-aithneoidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an ceangal, bunaithe ar mheasúnú réalaíoch ar riachtanais, idir na hacmhainní ar leith atá ina réigiún féin agus na buanna agus na beartais atá ag teastáil;

25.

ag moladh go mbunóidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha comhghuaillíochtaí áitiúla, lena n-áirítear na geallsealbhóirí uile (údaráis phoiblí, gnólachtaí, ollscoileanna, eagraíochtaí neamhrialtasacha, etc.) ar féidir leo beartais áitiúla a dhréachtú agus a chur chun feidhme chun imirce daoine oilte a mhaolú. Ba cheart tacú le cruinnithe rialta na ngeallsealbhóirí ábhartha agus iad a eagrú. Ba cheart leas a bhaint as na cruinnithe sin mar fhóraim chun réitigh áitiúla agus chomhthéacs-shonracha a phlé agus a bheartú, bunaithe ar éachtaí atá bainte amach in áiteanna/dlínsí eile;

26.

á thabhairt dá aire go bhféadfadh próisis dhiana pleanála straitéisí ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach a bheith tábhachtach chun soghluaisteacht acmhainní daonna a chur i gcomhchoibhneas le pleananna forbartha meántéarmacha agus fadtéarmacha, agus chun bonn láidir a chur faoin gcomhar le húdaráis réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha eile;

27.

ag iarraidh go mbeadh tuiscint níos fearr ann maidir leis na cúiseanna agus na constaicí a chuireann bac orthu siúd a chuaigh ar imirce san am atá caite filleadh ar a n-áit dúchais agus go mbeadh tuiscint níos fearr ann freisin maidir leis an gcaoi ar féidir le húdaráis phoiblí cúnamh a thabhairt chun na constaicí sin a laghdú. D’fhéadfadh tionchar claochlaitheach a bheith aige sin sa tslí gur cúrsaíocht daoine oilte nó aisimirce a bheadh ann in ionad imirce daoine oilte;

28.

ag moladh go ndéanfaí gníomhaíocht ar na leibhéil fhonáisiúnta a chomhtháthú agus a chomhordú le gníomhaíocht na mBallstát agus an Aontais agus prionsabal na coimhdeachta á urramú ag an am céanna. Tá comhtháthú na n-iarrachtaí a dhéantar ar na leibhéil éagsúla thar a bheith tábhachtach le go n-éireoidh le beartas an Aontais. Ba cheart beartais agus cláir a cheapadh chun comhordú a chomhtháthú agus a éascú idir gníomhaíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar thaobh amháin agus gníomhaíocht na mBallstát agus an Aontais ar an taobh eile. Tagann sin i gceist i gcás na réimsí go léir a bhfuil baint acu le himirce daoine oilte (oideachas, comhtháthú, forbairt réigiúnach, digiteáil, etc.). Is gá sásra a thionscnamh ar leibhéal an Aontais atá ceaptha go speisialta chun comhtháthú agus comhordú na mbeart beartais maidir le himirce daoine oilte a chothú;

29.

ag moladh nach mór do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith ar an eolas faoi cé chomh mór agus atá an feiniméan agus go gcaithfidh siad measúnuithe réalaíocha, dáiríre a dhéanamh ar shaintréithe gach réimse a mbíonn tionchar ag imirce daoine oilte air. Is trí chinnteoireacht agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, agus tríothu sin amháin, is féidir réitigh éifeachtacha a chur le chéile. Trí mheasúnú réalaíoch a dhéanamh ar imirce daoine oilte mar a tharlaíonn sí i ngach réigiún is féidir cabhrú le húdaráis phoiblí a bhfuil saincheisteanna comhchosúla nó gaolmhara le réiteach acu féin chun an comhar a chur in ionad an iomaíochais, agus d’fhéadfadh an measúnú sin feabhas a chur ar an gcomhordú idir na geallsealbhóirí go léir maidir leis na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh agus maidir leis na hacmhainní atá ann cheana;

30.

den tuairim go bhféadfadh nósanna imeachta tapa maidir le dioplómaí agus scileanna/inniúlachtaí a aithint cuidiú go mór le cur amú éirime a laghdú. Tá digitiú agus idirnascadh taifead indéanta agus riachtanach maidir leis seo, agus ba chóir iad a bheith bunaithe ar thionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear cáilíochtaí Europass atá sínithe go digiteach a bheidh ann amach anseo; ag cur in iúl, ina theannta sin, gur díol sásaimh dó an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú faoi 2025, limistéar nach gcuirfeadh na teorainneacha atá timpeall air isteach ar fhoghlaim, staidéar ná taighde a dhéanamh; ag tabhairt chun suntais, ag an am céanna, gur gá sásraí a chur ar bun chun cúrsaíocht daoine oilte agus aisimirce a chothú;

31.

ag moladh gur cheart don Choimisiún Eorpach dlús a chur lena iarrachtaí éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú, ar ceann de na príomhchúiseanna é a dtéann daoine oilte ar imirce. Tá ról lárnach ag na cistí comhtháthaithe maidir le tacú leis na réigiúin agus ceantair san Eoraip atá thíos leis na héagothromaíochtaí seo. Tá na beartais agus ionstraimí saincheaptha a théann i ngleic go díreach leis na héagothromaíochtaí sin idir oirthear/dheisceart na hEorpa agus tíortha an iarthair, agus idir réigiúin laistigh de na Ballstáit féin, ríthábhachtach chun deireadh a chur le ceann de na príomhchúiseanna atá le himirce daoine oilte. Tá tiomantas polaitiúil an Choimisiúin (4) d’íosphá cothrom an-ábhartha, go háirithe i dtaca le réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce, mar rachadh sé sin i ngleic le ceist na gcaighdeán maireachtála agus na ndálaí oibre, agus bheadh tionchar díreach aige ar an gcáilíocht saoil. Ba cheart beartas comhtháthaithe an Aontais do 2021-2027 a bheith ina bheartas fadtéarmach infheistíochta do na réigiúin uile, dírithe ar na deighiltí eacnamaíocha, sóisialta agus réigiúnacha a shárú agus i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta agus le cur chuige áit-bhunaithe. Ba cheart an beartas comhtháthaithe a chomhordú ar bhealach níos fearr le beartais AE eile ionas go mbeadh cothrom iomaíochta ann. Ba cheart comhordú ingearach na bhfoinsí éagsúla cistiúcháin a fheabhsú ar leibhéal an Aontais i rialachas an bheartais comhtháthaithe agus na gclár comhtháthaithe i ndiaidh 2020, d’fhonn a áirithiú go mbeidh na cláir oibre níos comhleanúnaí ar leibhéil éagsúla rialachais agus pleanála sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma (5);

32.

ag moladh go ndéanfar beartais réadúla chun lucht saothair oilte a mhealladh, a choinneáil agus a mhealladh athuair a cheapadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Príomhchoincheap straitéiseach amháin atá ann ná an cháilíocht saoil: mar a léiríodh cheana, is slí an-chumhachtach é feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil chun lucht saothair oilte a mhealladh agus a choinneáil. Is inmholta agus is inmhianaithe go ndéanfaí an cháilíocht saoil a thomhas agus a mheas go rialta agus ar bhealach struchtúrtha, d'fhonn faisnéis luachmhar a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le réimsí ar gá idirghabháil a dhéanamh iontu;

33.

ag moladh gur cheart d’údaráis áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus AE díriú ar chineálacha cur chuige feidhmiúla chun an eisimirce a aisiompú agus oibrithe a mhealladh (6): áirítear orthu sin geilleagar eolais a thógáil, tarraingteacht na réigiún a fheabhsú, straitéisí don diaspóra a fhorbairt, agus cur chuige feidhmiúil a chur chun feidhme maidir le rialachas uirbeach;

34.

ag moladh gur gá d’údaráis áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus AE díriú go sonrach ar dheireadh a chur le tosca struchtúracha a chuireann go mór le himirce daoine oilte (bonneagar/mórbhealaí, caighdeán seirbhísí, rochtain ar theicneolaíocht, etc.);

35.

ag tarraingt aird ar an ngá atá ann cur chuige comhtháite Eorpach a fhorbairt i leith imirce daoine oilte bunaithe ar mheasúnuithe réalaíocha, ar chomhar agus ar chomhordú ar an leibhéal áitiúil/réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, tá gá le beartais chomhordaithe ar scálaí éagsúla i réimsí a bhaineann le himirce daoine oilte, lena n-áirítear oideachas, digiteáil, comhtháthú agus beartais eacnamaíocha;

36.

den tuairim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtuigeann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cé chomh tábhachtach agus atá ról na n-ollscoileanna agus na soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna i dtaca leis an bhforbairt áitiúil sa gheilleagar eolasbhunaithe. Ní mór do na húdaráis phoiblí comhpháirtíochtaí a chothú leis na hollscoileanna, agus a bheith ar an eolas chomh maith faoin ngá atá le tacaíocht a thabhairt do na hollscoileanna, lena n-áirítear infheistiú a dhéanamh i mbonneagar áitiúil. Caithfidh an oiread coibhnis agus is féidir a bheith idir cuspóirí straitéiseacha na n-ollscoileanna agus cuspóirí straitéiseacha na n-údarás poiblí;

37.

á thabhairt dá aire go bhfuil comhpháirtíochtaí idir gnólachtaí príobháideacha (a bhfuil suim acu sa taighde agus san fhorbairt), údaráis áitiúla agus ollscoileanna tábhachtach don fhás áitiúil agus don fhorbairt áitiúil agus gur cheart iad a áireamh i gcuspóir reatha an Choimisiúin, is é sin, é a dhéanamh níos fusa do ghnólachtaí beaga a bheith ina nuálaithe móra trí bhíthin straitéis do FBManna;

38.

ag cur in iúl gur cúis imní dó an baol atá ann go dtiocfaidh fás faoin neamhionannas idir cathracha agus réigiúin a dtéann an clár réime um thaighde agus um nuálaíocht go mór chun tairbhe dóibh agus ag tabhairt rabhaidh faoi neamhdhóthanacht na gcéimeanna a glacadh chun na bearnaí idir réigiúin a dhúnadh d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, lena n-áirítear an dúshlán déimeagrafach, agus chun rochtain do chách ar Fhís Eorpach (7) a chur chun cinn;

39.

den tuairim go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag an nascacht dhigiteach agus ag an speisialtóireacht chliste ar imirce daoine oilte. Is féidir le straitéisí réigiúnacha i réimse na forbartha cliste agus na speisialtóireachta cliste a bheith dírithe ar an mbuntáiste iomaíoch atá le fáil cheana féin i réigiún faoi leith nó a cruthaíodh ann. Ba cheart an nascacht dhigiteach agus forbairt na litearthachta digití a bheith ina ngnéithe bunriachtanacha d’iarrachtaí an Choimisiúin nua an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a thabhairt cothrom le dáta;

40.

á thabhairt le fios gur féidir le húdaráis áitiúla líon mór beart a leagan amach agus a chur chun feidhme atá dírithe ar athléimneacht na bpobal féin a mhéadú agus a fhorbairt, go háirithe i gcás deacrachtaí eacnamaíocha ar nós na dífhostaíochta. Is féidir tacú le hathléimneacht na bpobal agus lena gcumas iad féin a chur in oiriúint do thréimhsí cruatain agus na tréimhsí sin a shárú trí chláir uas-scilithe agus athscilithe, cosúil leis na cláir sin a fhaigheann tacaíocht tríd an gClár Oibre Scileanna don Eoraip, trí bhearta chun fiontraíocht agus comhlachtaí beaga a chur chun cinn, trí chláir oideachais agus pobail do mhic léinn agus do dhaoine óga a bhfuil a dtuismitheoirí ag obair thar lear, etc.;

41.

ag moladh go dtacódh an Coimisiún Eorpach go gníomhach – i ndlúthchomhar le Coiste Eorpach na Réigiún, le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Airí AE – le hiarrachtaí na gcomhlachtaí poiblí áitiúla agus réigiúnacha aghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte. Is eintiteas casta riaracháin agus polaitiúil é an tAontas agus tá gá le hanailís chúramach a dhéanamh ar a chuid freagrachtaí agus ar a chumais maidir le himirce daoine oilte. Is éard a bheidh i gceist sa phlé maidir le ról an Aontais ná na freagrachtaí a bheidh air a chinneadh chomh maith leis na huirlisí is fearr atá ar fáil ar leibhéal an Aontais a shainaithint;

42.

den tuairim nach mór cuimhneamh ar “fostaí atá ag filleadh ar a thír dhúchais tar éis dó nó di seal a chaitheamh thar lear” mar fhostaí an-luachmhar ó thaobh próifíl ghairmiúil de agus, dá bhrí sin, gur cheart an luach sin a bheith soiléir dóibh siúd a chuireann fostaíocht ar fáil nuair a bheidh an próiseas roghnúcháin comhfhreagrach á chur i gcrích acu.

An Bhruiséil, 12 Feabhra 2020

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Coiste Eorpach na Réigiún, 2018, Aghaidh a Thabhairt ar Imirce Daoine Oilte: an Ghné Áitiúil agus Réigiúnach.

(2)  An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Stiúrthóireacht D – Soghluaisteacht Oibrithe, Tuarascáil Bhliantúil 2018 maidir le Soghluaisteacht Oibrithe laistigh den Aontas Eorpach.

(3)  Atoyan, R., Christiansen, L., Dizioli, A., Ebeke, C., Ilahi, N., Ilyina, A., Mehrez, G., Qu, H., Raei, F., Rhee, A. and Zakharova, D., Emigration and Its Economic Impact on Eastern Europe, nóta plé ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, mí Iúil 2016.

(4)  Ursula von der Leyen, Aontas níos uaillmhianaí. An clár oibre agamsa don Eoraip, lch. 9.

(5)  ESPON, 2019, Addressing Labour Migration Challenges in Europe [Aghaidh a thabhairt ar Dhúshláin a bhaineann le Imirce Lucht Saothair san Eoraip], lch. 18.

(6)  Idem, lgh. 17-18.

(7)  COR-2018-03891.


29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

39


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – An Cultúr in Aontas a fhéachann le níos mó a dhéanamh: Ról na Réigiún agus na gCathracha

Rapóirtéir:

Vincenzo BIANCO (IT/Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE)), Comhalta de Chomhairle Bardais Chatania

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

1.

den tuairim gur gá tuiscint leathan a thabhairt ar an gcultúr agus ar éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a théann níos faide ná caomhnú agus cosaint na hoidhreachta inláimhsithe amháin agus a chuidíonn le tuiscint a fháil ar na hathruithe sóisialta agus cultúrtha atá ag tarlú ar fud shochaí na hEorpa;

2.

á chur in iúl go bhfuil sé ar an eolas faoin ról a d’fhéadfadh a bheith ag cathracha agus ag réigiúin, a bhfuil fís iolraíoch agus nuálach den chultúr acu, ina mbeadh páirt níos gníomhaí ag na saoránaigh i bpróisis fáis chultúrtha agus ina gcuirfí na huirlisí ar fáil dóibh chun páirt ghníomhach a ghlacadh. Tá an Coiste á chur i bhfios chuige sin gur gá saoirse an léirithe ealaíonta a chosaint, rud atá ina réamhriachtanas le haghaidh an daonlathais, agus cosaint a thabhairt freisin do cheart na saoránach uile rochtain a bheith acu ar léirithe cultúrtha éagsúla, rud atá bunriachtanach le haghaidh dhea-bhail na sochaí (1). Agus é ar an eolas faoin méid sin, tá sé den tuairim nach mór do ghníomhaíochtaí i réimse an chultúir dlús a chur le cumas na healaíne agus an chultúir a bheith ina bhfórsa gan laincis agus neamhspleách sa tsochaí; tá sé ag iarraidh ar gach leibhéal rialtais agus ar na hinstitiúidí Eorpacha tacú le hiarrachtaí cur le cumas na n-ealaíontóirí freagairt do na bagairtí agus don fhuath a d’fhéadfadh a bheith rompu sa réimse poiblí;

3.

ag iarraidh ar an gCoimisiún an cultúr a chur san áireamh mar cheann de na tosaíochtaí polaitiúla atá le saothrú sa téarma nua, agus ag iarraidh ar an gComhairle tacaíocht a thabhairt, faoi chuimsiú an chéad CAI eile, do leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha atá dírithe ar chur chun cinn, bainistiú, úsáid agus forbairt na hoidhreachta cultúrtha a chothú ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil;

4.

ag iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as acmhainní cultúrtha agus úsáid acmhainní cultúrtha a chur chun cinn, go háirithe i measc daoine óga, d’fhonn forbairtí sa tsochaí, sa gheilleagar agus i bpoist a dhaingniú;

Comhthéacs: gealltanas an Aontais maidir leis an gcultúr a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach

5.

á chur i bhfáth go gcumhdaítear leis na Conarthaí gealltanas an Aontais maidir le “saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga” a urramú agus go gcuirtear an tAontas faoi cheangal an comhar idir na Ballstáit a spreagadh, lena bhforlíontar a ngníomhaíocht i dtaca le “feabhsú ar eolas agus ar leathadh chultúr agus stair na bpobal Eorpach, caomhnú agus … cruthú ealaíonta agus liteartha, go fiú in earnáil an chlosamhairc”, agus lena dtugtar na cumhachtaí don Aontas chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát i réimsí an chultúir, na turasóireachta, an oideachais, na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú acu;

6.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh ón gCoimisiún leanúint ar aghaidh le clár reatha Eoraip na Cruthaitheachta mar chlár neamhspleách, lena gcuirfear creat airgeadais neamhspleách ar fáil i réimse an chultúir chun an leanúnachas maidir le torthaí thréimhse 2014-2020 a áirithiú;

7.

á chur i bhfáth go ndéantar an fhéiniúlacht Eorpach a fhorlíonadh agus a threisiú leis an gClár Oibre Eorpach nua don Chultúr, trí éagsúlacht chultúir na hEorpa a aithint, na hearnálacha cruthaitheacha agus cultúrtha Eorpacha a threisiú mar aon lena gcaidreamh le comhpháirtithe lasmuigh den Eoraip;

8.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil rannpháirtíocht shuntasach le brath ar an láthair mar gheall ar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, agus go bhfuil na mílte gníomhaíochtaí ar siúl ar fud na hEorpa, lena spreagtar comhroinnt agus tuiscint oidhreacht chultúrtha na hEorpa mar acmhainn chomhroinnte, lena músclaítear feasacht ar an stair agus ar luachanna coiteanna Eorpacha, lena neartaítear féiniúlacht Eorpach agus braistint chómhuintearais i spás Eorpach coiteann, lena gcuirtear an cuimsiú chun cinn;

9.

den tuairim, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún um Thírdhreacha na hEorpa agus leis an gClár Oibre Eorpach Nua don Chultúr, go bhféadfaí cuspóirí ginearálta Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 a fheabhsú trí ghné shuntasach maidir le forbairt chríochach a chur san áireamh i bhfoirm straitéisí cultúrtha réigiúnacha agus áitiúla lena mbaineann an turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe a chur chun cinn;

10.

á chur in iúl gur mór aige an Creat Eorpach um Ghníomhaíocht maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2018, ina bhfuil cúig ghné a bhfuil sé mar aidhm leo fíorathrú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanaimid oidhreacht chultúrtha na hEorpa a thuiscint, a chaomhnú agus a chur chun cinn;

11.

á thabhairt dá aire, de bhreis ar an gclár Cultúir agus ar an gclár tacaíochta don earnáil chlosamhairc Eorpach (MEDIA) a bhí ann roimhe seo, gur thacaigh an Coimisiún leis an earnáil chultúrtha trí chistiú beartais comhtháthaithe, tríd an gclár um Iomaíochas na bhFiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide (COSME) agus tríd an gclár ar a dtugtar Fís 2020, agus go n-áirítear ionstraimí breise tacaíochta in “Erasmus +”, i gCiste Sóisialta na hEorpa agus i gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa;

12.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an prionsabal maidir le hinfheistíochtaí sa chultúr a phríomhshruthú i mbeartais éagsúla an Aontais a chur i bhfeidhm freisin agus cistí Eorpacha á gclársceidealú, ionas nach bhféachfar ar an gcultúr mar bheartas earnáil-sonrach amháin agus go n-aithneofar an ról atá aige maidir le gach gné den chomhtháthú (eacnamaíoch, sóisialta agus críochach). Chuige sin, tá an Coiste ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le sineirgí a neartú idir an cultúr agus beartais eile amhail an turasóireacht, an beartas réigiúnach, an t-oideachas, an óige agus an taighde agus an fhorbairt (R&D);

13.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis bhainistíochta méadú a dhéanamh, i gclársceidealú nua na gcistí Eorpacha do réimsí atá tite ar gcúl, ar infheistíocht sa chultúr, lena n-áirítear tacaíocht do bhearta chun oidhreacht fhairsing a “athbhunú don phobal” trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí neamhbhrabúsacha agus trí bhuntáirgí cultúrtha a fhorbairt (go háirithe seirbhísí leabharlainne poiblí);

14.

den tuairim go bhfuil sé tábhachtach dlús a chur leis an infheistíocht sa chultúr mar atá beartaithe cheana do chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus do chlár Erasmus +. Ní mór dúinn aird a tharraingt ar ról tábhachtach na réigiún agus na gcathracha sna próisis lánpháirtíochta trí thacú le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí neamhbhrabúsacha, d’fhonn dea-chleachtais bhainistíochta a spreagadh;

15.

á thabhairt dá aire gur túsphointe soiléir gan débhrí í an chaibidlíocht maidir leis an mbeartas comhtháthaithe tar éis 2020 chun straitéis úsáideach a chur le chéile chun spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, lena ndéantar foráil maidir le dúbailt na gclár mór Eorpach a bhfuil tionchar díreach acu ar bheartais chultúrtha amhail Eoraip na Cruthaitheachta agus Erasmus;

Ról na n-údarás réigiúnach agus áitiúil

16.

á chur i bhfáth go bhfuil ceantair i ngach Ballstát den Aontas atá aitheanta mar Láithreáin Oidhreachta Domhanda ag UNESCO – láithreáin a bhfuil tábhacht eisceachtúil chultúrtha agus nádúrtha ar leith ag baint leo – agus, ar an iomlán, go bhfuil 381 Láithreán Oidhreachta Domhanda in 27 mBallstát an Aontais, as iomlán 1 121 suíomh ar fud an domhain;

17.

á chur i bhfáth go bhfuil oidhreacht chultúrtha na mBallstát scaipthe go forleathan agus go bhfuil sé deacair rochtain a fháil uirthi i mórán cásanna, agus go mbíonn deacrachtaí suntasacha ann ó thaobh í a chaomhnú agus a úsáid;

18.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis bhainistíochta tacú le coimirciú agus cosaint fhisiciúil na hoidhreachta cultúrtha, go háirithe chun go gcaomhnófar go gníomhach an oidhreacht fhorleathan atá lonnaithe sna réigiúin laistigh nó sna réigiúin fhorimeallacha ar deacair rochtain a fháil uirthi;

19.

ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá an turasóireacht chultúrtha, lena gcuirtear chun cinn luach intreach an chultúir agus lena gcuirtear le forbairt chríochach ar an mórgóir. Tá an Coiste ag tabhairt le fios chuige sin an gá atá le cur chuige comhtháite maidir leis an turasóireacht chultúrtha, mar chuid de straitéisí speisialtóireachta cliste freisin, chun a tionchar ar cheantair áitiúla a réasúnú agus chun a áirithiú go leanfaidh sí de bheith inbhuanaithe. Chuige sin, tá an Coiste ag tagairt don Chóras Eorpach de Tháscairí Turasóireachta (ETIS) ón gCoimisiúin Eorpach, lenar féidir cabhrú le feidhmíocht chinn scríbe na turasóireachta cultúrtha a thomhas i ndáil leis an inbhuanaitheacht, agus iarrann sé go ndéanfaí é a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

20.

á chur in iúl gur mór aige an spéis mhéadaitheach atá ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud na hEorpa i bhfíseanna agus gníomhaíochtaí comhroinnte a chur chun cinn sna Ballstáit agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu chuige sin. Tá an Coiste ag súil gur féidir tionscnaimh atá cosúil leo sin a cuireadh chun feidhme faoi Chairt Agrigento, arna síniú ag na céadta méaraí agus ag uachtaráin réigiúin na hIodáile agus a bhfuil tacaíocht faighte acu ó chomhlachais thar a bheith ionadaíoch, a atáirgeadh i dtíortha eile;

21.

á chur in iúl gur eol dó gur gá ról níos mó a thabhairt d’Eorpaigh i bhfás an chultúir trí na huirlisí a theastaíonn uathu le bheith gníomhach a chur ar fáil dóibh. Tá an Coiste ar an eolas freisin faoin méid is féidir leis an gcultúr agus leis an éagsúlacht chultúrtha cur leis an bhforbairt inbhuanaithe, mar a aithnítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (2), agus geallann sé go n-oibreoidh sé chun príomhchumasóirí na forbartha sin a dhéanamh astu ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

Cuspóirí tosaíochta na n-údarás réigiúnach agus áitiúil

22.

ag iarraidh ar réigiúin agus ar chathracha san Eoraip, chomh maith le heagraíochtaí agus líonraí réigiúnacha oidhreachta cultúrtha, inspioráid a fháil ón gCreat chun gníomhaíochtaí agus pleananna straitéiseacha fadréimseacha agus éifeachtacha a fhorbairt maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn agus leas a bhaint aisti;

23.

á thabhairt le fios gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na leibhéil rialtais iomchuí chun tionscnaimh a sheoladh chun eolas a chur ar dhaoine atá in aois scoile agus ar dhaoine fásta araon faoi oidhreacht chultúrtha na hEorpa, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil sé ar intinn acu cur fúthu i mBallstát den Aontas Eorpach;

24.

ag féachaint ar an eolas atá ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus ar an úsáid a bhaintear aisti, mar chumasc de léirithe, oidhreacht agus leagáidí éagsúla cultúrtha, sóisialta agus cruthaitheacha de chuid na nglúnta a bhí ann romhainn, agus de chuid thraidisiúin agus nósanna phobail na hEorpa, mar mhodh chun an tsaoránacht Eorpach a chomhtháthú mar aon lena cumas chun dlús a chur leis an lánpháirtíocht agus leis an gcuimsiú sóisialta;

25.

den tuairim gur gá, ar an leibhéal Eorpach, tionscnaimh a neartú lena gcothófar eolas agus rochtain ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa, mar chuid ríthábhachtach de shaoránacht na hEorpa a chomhdhlúthú agus de bhraistint daoine aonair go mbaineann siad leis an Eoraip a chur chun cinn;

26.

ag leagan béim ar an méid a fhéadfaidh nascadh bailte, an phiarfhoghlaim agus líonraí cathracha a dhéanamh maidir le feasacht ar shaincheisteanna saoránachta a chur chun cinn agus a mhúscailt, mar mhodh rannpháirtíochta sa saol sibhialta agus mar mhodh lánpháirtíochta, go háirithe i ndáil leis na Ballstáit nua;

27.

á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta sa chultúr agus i bpleananna chun úsáid a bhaint as gnéithe den oidhreacht chultúrtha, lena n-áirítear na gnéithe sin a ndearnadh faillí iontu nó a tréigeadh, faoi bhainistíocht idirghníomhach agus inbhuanaithe laistigh de Chlár Oibre Uirbeach nua 2030. Is éard a bheidh i gceist leis sin tairbhe a bhaint as tionscnaimh nuálacha arna gcur chun cinn ag na bardais agus tionscnaimh chomhair arna gcur chun cinn ag geallsealbhóirí réigiúnacha;

28.

á mholadh go ndéanfaí tuilleadh neartaithe ar thagairtí do phríomhról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le saol ealaíonta agus cultúrtha a gcuid pobal a chur chun cinn agus leas a bhaint astu agus iarrann sé go mbeadh páirt níos mó ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla sa chlár. Sa chomhthéacs sin, tá sé ag cur i bhfáth an ghá atá ann an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leithdháileadh acmhainní do thionscadail mhórscála agus bearta agus gníomhaíochtaí cistiúcháin áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide;

29.

ag iarraidh ar an gCoimisiún rochtain níos éasca ar an gcultúr agus ar áiteanna cuimhneacháin a thabhairt do na hEorpaigh trí thomhaltachas cultúrtha a spreagadh, go háirithe i measc na nglúnta óga, trí bheartais chomhtháite oideachais agus oiliúna ar feadh an tsaoil a fhorbairt agus trí phobail áitiúla a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtionscnaimh chultúrtha;

30.

den tuairim gur cheart tacaíocht a thabhairt do na tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha, go háirithe tionscnaimh a bhaineann le heolas ar an oidhreacht agus lena húsáid, ar tionscnaimh iad a d’fhéadfadh torthaí a bhaint amach i dtéarmaí na cáilíochta, na fostaíochta, na nuálaíochta digití agus an chuimsithe shóisialta, agus tionscnaimh a bhaineann le forbairt, i gcomhthéacs Eorpach, na n-amharc-ealaíon agus na dtaibhealaíon;

31.

á chur in iúl go bhfuil sé ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le leas a bhaint as deiseanna digiteacha chun an cultúr a chur chun cinn ar bhealach idirghníomhach agus chun grúpaí uile na sochaí a mhealladh, go háirithe daoine óga, mar choimeádaithe agus tionscnóirí na hoidhreachta cultúrtha amach anseo;

32.

ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le forbairt an chaidrimh chultúrtha idir tíortha na Meánmhara, lena n-áirítear maidir le tionscnaimh taidhleoireachta cultúrtha;

33.

ag tabhairt le fios a thábhachtaí atá an comhar trasteorann agus idir-réigiúnach i réimse an chultúir ó théann an oidhreacht chultúrtha thar theorainneacha (3). Chuige sin tá an Coiste ag cur béim ar an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear i gcur chun feidhme na comhpháirte cultúrtha de straitéisí macrairéigiúnacha;

34.

á chur i bhfáth, d’fhonn eolas ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus an úsáid a bhaintear aisti a éascú, gur gá feabhas a chur ar mhalartú sonraí agus faisnéise idir údaráis riaracháin phoiblí, atá ag feidhmiú i dtíortha an Aontais, agus ar an gcumarsáid a dhéanann siad leis an bpobal chomh maith;

35.

ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a ghlacadh chun rannpháirtíocht éifeachtach shaoránaigh na hEorpa agus an úsáid a bhaineann siad as an oidhreachta chultúrtha fhairsinge ar fud na mBallstát a chur chun cinn, go háirithe trí rochtain iomlán ar fhaisnéis a éascú mar réamhriachtanas dá rannpháirtíocht ghníomhach agus trí thacú le hardán faisnéise sonrach a chur ar bun;

36.

ag cur chathracha agus réigiúin na hEorpa faoi cheangal, ina gcáil riaracháin, a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh eiseamláirí den nuálaíocht shóisialta agus eacnamaíoch atá dírithe ar an gcultúr a fhiosrú agus tionscnaimh a chur chun cinn atá oscailte don tsochaí shibhialta agus do chomhlachais, agus ag an am céanna na hEorpaigh a chur san áireamh i bhforbairt an chultúir agus in oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe a chosaint agus a chur chun cinn.

An Bhruiséil, an 12 Feabhra 2020

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  https://en.unesco.org/creativity/sites/creativity/files/artistic_freedom_pdf_web.pdf

(2)  https://sustainabledevelopment.un.org/post2015/transformingourworld

(3)  Mar shampla Bealaí Cultúrtha Chomhairle na hEorpa, (https://www.coe.int/en/web/cultural-routes/about) nó Laethanta Oidhreachta Domhanda UNESCO – an Eoraip (https://visitworldheritage.com/en/eu)