ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
11 Feabhra 2020


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, Moltaí agus Tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

2020/C 47/01

Rún maidir le Ionchur Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gClár Oibre an Choimisiúin don bhliain 2020 agus ina dhiaidh sin

1

2020/C 47/02

Rún maidir le Tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin: Ba cheart creidiúnacht agus leasanna geostraitéiseacha an Aontais Eorpaigh a chaomhnú

15


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 47 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


I Rúin, Moltaí agus Tuairimí

RÚIN

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

11.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Rún maidir le “Ionchur Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gClár Oibre an Choimisiúin don bhliain 2020 agus ina dhiaidh sin”

(2020/C 47/01)

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige an 30 agus an 31 Deireadh Fómhair 2019 (cruinniú an 30 Deireadh Fómhair), ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an Rún seo a leanas le 170 vóta ar a shon, 5 vóta ina aghaidh agus 9 staonadh.

1.   Réamhrá

1.1.

Go ginearálta, tá ceithre mhórthreocht nach mór a bheith i gcroílár na dtosaíochtaí polaitiúla a bheidh ag an reachtas polaitiúil nua: an digiteáil, an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta, an déimeagrafaíocht agus an domhandú. De bharr na mórthreochtaí sin tá athrú ag teacht ar an gcaoi a mairimid agus a n-oibrímid agus cé go bhfuil deiseanna ollmhóra á gcruthú, tá dúshláin nua á gcruthú acu freisin (1). Is é scála agus luas an athraithe an tsaincheist is tábhachtaí ina leith sin.

1.2.

Tá an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát meáite ar Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus ar Chomhaontú Pháras (2) a chur chun feidhme agus ar an gcur chun feidhme sin a chur chun cinn ar fud an domhain trí bhíthin a réimse iomlán gníomhaíochtaí seachtracha. Thairis sin, i mí na Nollag 2018, ar imeall COP24, shínigh an tAontas agus 20 Ballstát Dearbhú na Siléise maidir le Dlúthpháirtíocht agus Aistriú Cóir (3). Sa dearbhú sin, chuir siad i bhfios go láidir go bhfuil gné shóisialta an aistrithe chuig geilleagar ísealcharbóin ríthábhachtach chun glacadh sóisialta a fháil do na hathruithe atá a tharlú.

1.3.

Tá an margadh aonair fós ina phríomhuirlis le haghaidh lánpháirtiú na hEorpa. Rachadh a athnuachan chun tairbhe na hEorpa, rud a d’fhágfadh go mbeadh sí níos inbhuanaithe agus níos comhtháite. Mar shampla, cuireann an Margadh Aonair Digiteach deiseanna ar fáil agus is gá é a fhorbairt chun iomaíochas an Aontais a áirithiú, trí thimpeallacht fhabhrach a chruthú le haghaidh cineálacha nua fiontar atá ag teacht chun cinn sa mhargadh seo. Idir an dá linn, ní mór don Aontas a áirithiú go mbeidh na cineálacha nua fiontar sin inbhuanaithe agus go dtiocfaidh méadú orthu agus go bhfanfaidh siad san Eoraip.

1.4.

Ní mór dúinn gníomhú ar gach leibhéal ag an aon am amháin agus dinimic gníomhaíochta a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil. Creideann CESE go gcaithfidh an fhorbairt inbhuanaithe a bheith i gcroílár thodhchaí na hEorpa (4), dá bhrí sin, agus iarrann sé go mbunófaí straitéis uileghabhálach AE 2050 maidir leis an inbhuanaitheacht d’fhonn Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme (5). Leis an aistriú paraidíme sin, tá gá le hathruithe ar a) rialachas, i.e. tá gá le sásraí rialachais tiomnaithe chun aghaidh a thabhairt níos tapa ar fhadhbanna práinneacha agus chun dul i ngleic le saincheisteanna casta. Is é an ról a bheadh ag na sásraí sin leibhéal AE agus leibhéal na mBallstát a nascadh seachas gníomhaíocht cheachtar de na leibhéil sin a ionadú; ar (b) chomhtháthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) i bpróiseas faireacháin eacnamaíoch agus shóisialta agus i bpróiseas buiséadaithe an Aontais. I ndáil leis an méid sin, d’fhéadfaí táscairí nua, feabhsaithe, intomhaiste agus comhlántacha sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil a sholáthar don Seimeastar Eorpach chun faireachán a dhéanamh ar gach gné de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar a phrionsabail, chomh maith leis na 17 SFI, agus chun súil a choinneáil ar na gnéithe sin.

1.5.

Maidir leis an ngné shóisialta, is féidir leis an Aontas a bheith bródúil as an múnla sóisialta atá aige i gcomparáid le codanna eile den domhan. Mar sin féin, ní féidir talamh slán a dhéanamh de na héachtaí sóisialta ná den dul chun cinn sóisialta atá déanta san Eoraip. In 2017, dheimhnigh an tAontas Eorpach go bhfuil sé tiomanta do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an bealach chun cinn ríthábhachtach chun ceapadh beartas ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta a bhaint amach ar bhealach comhleanúnach, ina dtreisíonn siad a chéile, d’fhonn comhthoil athnuaite a chothú maidir le straitéis eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe ar mhaithe le gealltanas an Aontais a chur i gcrích, is é sin go n-oibreoidh sé ar mhaithe le fás eacnamaíoch cothrom agus dul chun cinn sóisialta a chuirfidh le dea-bhail a chuid saoránach (6).

1.6.

Ní mór don Aontas Eorpach feabhas a chur ar a bheartais agus ar a ghníomhaíochtaí chun comhionannas inscne agus cineálacha eile comhionannais a áirithiú, chomh maith lena ráthú go mbeidh comhdheiseanna sa tsochaí ag gach duine a mbíonn orthu déileáil le níos mó ná cineál amháin idirdhealaithe.

1.7.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí nua sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil, chomh maith leis na tosaíochtaí atá ann cheana, tá CESE ag éileamh buiséad AE a bheidh uaillmhianach agus níos spriocdhírithe agus a léireoidh an toil freagairt do dhúshláin atá roimh AE ach a d’fhéadfaí a iompú ina ndeiseanna, rud a chruthódh tionscadal nua don Aontas. Dá bhrí sin, iarrann CESE go ndéanfaí seiceáil oiriúnachta ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

1.8.

Tá ról lárnach ag rannpháirtíocht struchtúrtha agus rialta na sochaí sibhialta agus ag an idirphlé sibhialta i ngach gné de chur chun cinn na hinbhuanaitheachta, idir eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil, agus ba cheart sainordú soiléir a thabhairt le haghaidh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta chun forbairt, cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar an straitéis. Is díol sásaimh do CESE an spreagadh nua don daonlathas Eorpach a mhol Uachtarán toghaí an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, agus tá sé réidh chun páirt iomlán a imirt sa chomhdháil atá beartaithe maidir le Todhchaí na hEorpa.

1.9.

Ní mór ról lárnach a bheith ag an idirphlé sóisialta i gcónaí maidir le beartais agus bearta i ndáil leis an margadh saothair a cheapadh agus a chur chun feidhme, ar beartais agus bearta iad a chuidíonn go héifeachtach le cuideachtaí agus le hoibrithe. I bhfianaise na ndúshlán mór a bhaineann le haistriú cóir chuig geilleagar glas agus fás inbhuanaithe, tá sé ríthábhachtach go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach d‘fhonn faisnéis ábhartha a chur san áireamh agus d’fhonn teacht ar chomhthoil maidir le gníomhaíocht. Is réamhriachtanas iad an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil chun aistriú cóir, poist níos fearr agus ioncam cuibhiúil a bhaint amach agus chun an dumpáil shóisialta a chomhrac.

1.10.

Tacaíonn CESE le cánachas cothrom agus leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, na himghabhála cánach, an sciúrtha airgid agus na gcleachtas airgeadais a bhaineann le tearmainn chánach; ní mór é a bheith mar chomhchuspóir ag institiúidí AE, ag rialtais agus ag gnólachtaí oibriú i gcomhar le chéile chun sásraí éifeachtúla, amhail an dá Threoir i gcoinne seachaint cánach, a chur ar bun.

1.11.

Dá bhrí sin, i gclár oibre an Choimisiúin do 2020 agus sna tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí atá beartaithe, beidh gá le coigeartuithe a dhéanamh ar chuspóirí, seasaimh agus modhanna oibre an Choimisiúin. Ní mór dá bheartais inmheánacha agus sheachtracha a bheith comhleanúnach agus i gcomhréir leis na SFInna, ionas go dtabharfar aird chuí ar phrionsabail na héifeachtúlachta, na coimhdeachta, na comhréireachta agus na hinbhuanaitheachta.

1.12.

D’fhonn tograí nithiúla a ullmhú do chlár oibre an Choimisiúin do 2020, chuir CESE san áireamh na treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024 mar a thíolaic Uachtarán toghaí an Choimisiúin i mí Iúil 2019 iad (7).

1.13.

Is léiriú é comhdhéanamh nua an Choimisiúin, mar a tíolacadh ar an 10 Meán Fómhair é, ar na tosaíochtaí agus na huaillmhianta a leagtar amach sna treoirlínte polaitiúla seo agus tá sé bunaithe ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar na hathruithe ar an aeráid, ar an teicneolaíocht agus ar an déimeagrafaíocht atá ag athrú ár slí maireachtála agus oibre.

2.   Ár mbonn eacnamaíoch a fhorbairt: an múnla Eorpach don todhchaí – forbairt eacnamaíoch mharthanach, chuimsitheach agus inbhuanaithe, margadh aonair athdhaingnithe, fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn

2.1.

Is léir go bhfuil gá le straitéis eacnamaíoch nua don Eoraip: plean dearfach le haghaidh fhorbairt gheilleagar an Aontais amach anseo sa domhan mór, rud a chuirfeadh le hathléimneacht an Aontais in aghaidh suaití eacnamaíocha agus a threiseodh inbhuanaitheacht – eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil – a mhúnla eacnamaíoch, rud a thabharfaidh ar ais muinín, cobhsaíocht agus rathúnas comhroinnte do gach Eorpach. Ag cur leis an dul chun cinn a baineadh amach le blianta beaga anuas, d’fhéadfaí an straitéis sin a úsáid mar obair ullmhúcháin le haghaidh comhtháthú breise eacnamaíoch, fioscach, airgeadais, sóisialta agus polaitiúil atá riachtanach chun cuspóirí mhargadh aonair agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta na hEorpa a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 3 CAE.

2.2.

Ní féidir leis an Aontas Eorpach a bheith bunaithe ach ar straitéis atá fónta ó thaobh an gheilleagair de agus stóinseach ó thaobh na hinbhuanaitheachta sóisialta agus comhshaoil de. Ní mór a áirithiú leis an ngné chomhshaoil go n-urramófar “na teorainneacha atá le hacmhainní an phláinéid” agus nach mbainfear ró-úsáid as acmhainní nádúrtha, ionas go mbeifear in ann úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach a bhaint as na hacmhainní sin agus go gcosnófar an bhithéagsúlacht go héifeachtúil (8). Tá an gnó ar cheann de na rudaí a spreagann forbairt na sochaí agus an chomhshaoil, agus an t-iomaíochas inbhuanaithe. Tá cuideachtaí Eorpacha, mar aon le hoibrithe agus páirtithe leasmhara, réidh chun a ról a imirt agus a bhfreagrachtaí a ghlacadh chucu féin. Tá timpeallacht ghnó de dhíth ar an Eoraip, timpeallacht a chabhróidh le hullmhú don todhchaí agus a bhfuil gnéithe sóisialta agus comhshaoil ina ndlúthchuid de, agus a sholáthróidh dálaí fabhracha agus tacaíochta chun gnó a dhéanamh ionas gur féidir le cuideachtaí fás go héifeachtach ar bhealach inbhuanaithe agus, ar an gcaoi sin, rachmas a ghiniúint le hathdháileadh ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh fostaíocht ar chaighdeán níos airde, deiseanna fostaíochta níos fearr agus cearta in-fhorfheidhmithe a bheith i gceist leis sin freisin.

2.3.

Tá gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an mhargaidh aonair i gcroílár na lánpháirtíochta Eorpaí agus cuireann an margadh aonair go mór le geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa. Mar sin féin, ní mór é a chomhlánú, a athbheochan agus a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn a bheith ina Mhargadh Aonair Digiteach. Ba cheart béim a leagan ar dhálaí fabhracha a chruthú chun cineálacha éagsúla fiontar a fhorbairt (lena n-áirítear samhlacha nua eacnamaíocha), digiteáil agus nuálaíocht, agus deiseanna trasteorann. Ba cheart feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú agus tiomantas dáiríre a thabhairt go ndéanfar comhtháthú breise air. Dá bhrí sin, ba cheart don mhargadh aonair a bheith in ann forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus nuálaíocht a ghiniúint, infheistíocht a mhealladh, tacú le fiontraithe, agus iomaíochas inbhuanaithe a chuideachtaí ar mhargaí domhandaithe a chothú. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a aithint nach bhfuil tionchar dearfach an mhargaidh aonair scaipthe go cothrom agus nach bhfuil gach saoránach in ann leas a bhaint as na buntáistí a thagann as (9).

2.4.

I dtaca leis an ionchas maicreacnamaíoch, níl an éiginnteacht imithe i laghad. Tá imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, mar aon le teannas domhanda idir na Stáit Aontaithe agus an tSín arb iad na Stáit Aontaithe is cionsiocair leis, fós os ár gcomhair, rudaí a bheidh go gairid ina rioscaí ar an taobh thíos don fhás eacnamaíoch agus fostaíocht. De réir Réamhaisnéis Eacnamaíoch an tSamhraidh ón gCoimisiún Eorpach, tugadh faoi deara nár bhain roinnt tíortha amach na leibhéil fostaíochta a bhí ann roimh an ngéarchéim d’ainneoin ráta dífhostaíochta comhiomlán íseal i gcomparáid le fiche bliain anuas. Meastar nach mbeidh i ráta fáis na hOlltáirgeachta Intíre san Aontas Eorpach i mbliana ach ráta suarach 1,4 % agus 1,2 % a bheidh sa limistéar euro (10). Is ábhar imní do CESE go bhféadfadh na rioscaí ar an taobh thíos don ionchas eacnamaíoch maidir leis an limistéar euro athrú go héasca ina ngéarchéim shocheacnamaíoch eile sa todhchaí nach bhfuil i bhfad uainn, rud a chruthódh dúshláin mhóra maidir le coigeartú (11). Chun an baol go dtarlódh cúlú eacnamaíochta nua a sheachaint, tá gá le beartas buiséadach leathan (staid fhioscach dheimhneach) mar aon le beartas airgeadaíochta a bhfuil an cur chuige céanna ann. Tá buiséad leathan tábhachtach go háirithe sna Ballstáit sin a bhfuil farasbarr mór i gcomhardú a gcuid íocaíochtaí agus a bhfuil comhardú fioscach cobhsaí nó farasbairr acu.

2.5.

Ní léiríonn an fás ar OTI an dea-bhail atá ar fhormhór na saoránach, ná ní léirítear díghrádú an chomhshaoil ná ídiú acmhainní nádúrtha. Ar an ábhar sin, is gá bearta a fhorbairt a bhaineann le dea-bhail na sochaí agus leis an inbhuanaitheacht trí thacar táscairí níos oiriúnaí a léireoidh cé chomh mór agus atá an tionchar eacnamaíoch fadtéarmach i ndáiríre. Mura ndéantar tagairt ach do OTI amháin múnlófar beartais nach bhfuil san áireamh iontu ach an tionchar eacnamaíoch atá acu. Dá bhrí sin, is gá an creat tagartha a mhéadú trí tháscairí sóisialta agus comhshaoil a chur san áireamh d’fhonn athchóirithe atá inbhuanaithe dáiríre a cheapadh. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh na táscairí sin comhoiriúnach do SFInna na Náisiún Aontaithe freisin (12).

2.6.

Is cúis mhór imní fós iad na héagothromaíochtaí sóisialta ollmhóra laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus laistigh de réigiúin, agus na míchothromaíochtaí críochacha idir limistéir thuaithe agus uirbeacha. Is léir freisin go bhfuil éagothroime shuntasach ann nuair a bhreathnaímid ar shaibhreas. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil “geilleagar na dea-bhaile” mar thosaíocht ag Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle agus aontaíonn sé go gcaithfidh laghdú na héagothroime agus na n-éagothromaíochtaí a bheith ina thosaíocht beartais. Aontaíonn sé freisin gur gá coincheap gheilleagar na dea-bhaile a chomhtháthú i mbeartais AE amach anseo agus gur cheart go mbeadh áit níos lárnaí aige i gcinnteoireacht inbhuanaithe agus eacnamaíoch.

2.7.

Tá an tAontas ag tabhairt aghaidh ar staid gheopholaitiúil agus eacnamaíoch atá ag athrú go tapa, ar pholarú sóisialta agus sochaíoch atá ag dul i méid, ar ról méadaitheach an digitithe agus na teicneolaíochta i ngach gné den saol, mar aon leis an athrú aeráide agus dúshláin chomhshaoil eile. Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, tá claochlú tionsclaíoch an Aontais ríthábhachtach agus ní mór aird iomlán a thabhairt ar na SFInna domhanda, lena gcuirtear príomhchreat domhanda ar fáil don fhorbairt eacnamaíoch atá cothrom agus inbhuanaithe.

2.8.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird níos mó a thabhairt ar shaincheisteanna sóisialta agus fostaíochta a dhéanann difear do dhaoine óga, go háirithe i dtéarmaí an phlé faoi thodhchaí na hoibre. Áirítear orthu sin, inter alia, an digiteáil, obair ardáin ar líne, ilroinnt agus díbhuanú an mhargaidh saothair, a mbíonn tionchar ar leith acu ar dhaoine óga.

2.9.

Beidh éifeachtaí an athraithe dhéimeagrafaigh ina mbunchúis le cuid de na dúshláin is intuartha a bheidh roimh an Aontas seo againne agus roimh na Ballstáit sa mheántéarma. Léiríonn forbairtí déimeagrafacha go mbeidh ar an Eoraip feabhas a chur ar lánpháirtiú saothair na mban, na n-oibrithe óga agus na n-oibrithe níos sine, na ndaoine faoi mhíchumas agus na n-imirceach. Tá gá le beartais níos dinimiciúla, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí maidir leis an margadh saothair má táthar chun leas a bhaint as a dtallann, a scileanna agus a n-acmhainneacht fiontraíochta agus chun poist ar ardchaighdeán a sholáthar chomh maith. Ba cheart córais leordhóthanacha cosanta sóisialta a bheith mar chuid den réiteach sin, chomh maith le haistrithe gasta ón dífhostaíocht go conarthaí agus coinníollacha fostaíochta cobhsaí oibre.

2.10.

Is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhchoiteanna sin ach infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus in inbhuanaitheacht shóisialta. Trí fheabhas a chur ar institiúidí mhargadh an tsaothair (i.e. beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, ról níos éifeachtúla a bheith ag na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (13)) ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh dálaí eacnamaíocha agus sóisialta níos fearr ann do níos mó Eorpach. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thuasluaite, iarrann CESE, i measc nithe eile, go mbeadh córais cosanta sóisialta níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe ann. I ndáil leis sin, tá deis ann don Aontas Eorpach agus a Bhallstáit gníomhaíocht beartais níos éifeachtaí a dhéanamh.

2.11.

D’fhéadfaí an ghníomhaíocht sin a dhíriú ar ghealltanas maidir le Colún na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Tá an gealltanas sin, mar a leagtar amach san Fhorógra Idirinstitiúideach, bunaithe, i measc nithe eile, ar phrionsabail an fháis inbhuanaithe agus an dul chun cinn eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn, mar aon le comhtháthú agus cóineasú, éagsúlacht na gcóras náisiúnta agus príomhról na gcomhpháirtithe sóisialta (14).

2.12.

Ina theannta sin, ní mór don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le SFInna na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus é á aithint, ar an gcéad dul síos, gurb é an fás eacnamaíochta a ghineann na hacmhainní intíre ar dtús, agus timpeallacht fhabhrach ag tacú leis ar gach leibhéal; agus ar an dara dul síos, go bhfuil gníomhaíocht na hearnála príobháidí, taithí agus cruthaitheacht na bhfostaithe, infheistíocht agus nuálaíocht, ríthábhachtach chun an fhorbairt a spreagadh (15).

2.13.

Tá sé léirithe gur uirlis fhíor-riachtanach é an t-idirphlé sóisialta chun feabhas a chur ar phróiseas ceaptha beartas agus reachtóireachta an Aontais, chun reachtaíocht a réamh-mheas nó chun rogha mhalartach a chur ar fáil agus chun dlisteanacht shóisialta na reachtaíochta sin a neartú. D’fhéadfadh idirphlé sóisialta a bheith ina uirlis freisin chun an clár oibre maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme.

2.14.

Le linn na ngéarchéimeanna airgeadais agus eacnamaíochta, bhí ról cobhsaíochta ag BCE. Molann CESE gur cheart ról BCE mar iasachtóir na dála deiridh a chomhdhlúthú. Mar sin féin, tá aghaidh á tabhairt againn fós ar fheiniméin eacnamaíocha ar díol imní iad amhail leibhéal measartha íseal infheistíochta in ainneoin beartas airgeadaíochta atá sách fairsing nó go bhfuil na bainc ag taisceadh cistí le BCE fiú má thabhaíonn siad rátaí úis diúltacha. Ós rud é nach féidir linn géarchéimeanna airgeadais ná eacnamaíocha breise a chur as an áireamh, ní mór don Choimisiún nua bearta a chur chun feidhme chun nach mbeidh geilleagar an Aontais chomh leochaileach do ghéarchéimeanna agus chun go mbeidh sé níos athléimní. Ina theannta sin, d’fhonn géarchéimeanna amach anseo a chosc, ní mór don Choimisiún bearta a thabhairt isteach chun margaí airgeadais a chobhsú agus chun an chuid sin den gheilleagar a bhaineann le héileamh go háirithe a neartú. Fágann cur i bhfeidhm docht na rialacha fioscacha go mbíonn an fhorbairt eacnamaíoch lag, go háirithe sa staid éiginnte atá ann faoi láthair. Arís, molann CESE go gcuirfí riail an bhuiséid chomhardaithe chun feidhme (16).

Tograí:

I gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe tá 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) curtha ar aghaidh a bhfuil an tAontas tiomanta iad a bhaint amach faoi 2030. Iarrann CESE go mbunófaí straitéis uileghabhálach AE 2050 um an inbhuanaitheacht chun Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus an straitéis sin a ráthú le buiséad uaillmhianach AE, agus creideann sé go gcuideodh cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta leis an méid seo a leanas (17):

Ní mór a áirithiú le straitéis nua Eorpach maidir le margadh aonair agus beartas tionsclaíoch d’fhonn múnla de gheilleagar sóisialta margaidh inbhuanaithe a fhorbairt, go mbeidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta ó thaobh na teicneolaíochta, na nuálaíochta agus na hinbhuanaitheachta de, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

An margadh aonair a athbheochan, a athchóiriú agus a chur i gcrích trí athbhreithniú a dhéanamh ar na Treoracha sin atá barrthábhachtach chun dálaí fabhracha a áirithiú do chuideachtaí, do FBManna agus do chineálacha éagsúla fiontar (amhail samhlacha eacnamaíocha nua agus an geilleagar sóisialta), agus don nuálaíocht agus d’fhorbairt scileanna chomh maith. Áirítear air sin scéimeanna soghluaisteachta agus deiseanna trasteorann eile, agus, go háirithe, an margadh aonair do sheirbhísí, a athbhreithniú.

Agus aird á tabhairt ar an ról méadaitheach atá ag an ngeilleagar sóisialta maidir le forbairt eacnamaíoch chuimsitheach agus inbhuanaithe a chothú, chomh maith leis an ngné shóisialta den Aontas Eorpach, measann CESE gur cuspóir tábhachtach é éiceachóras fabhrach – le maoiniú iomchuí ón Aontas – a fhorbairt don gheilleagar sóisialta, agus tabharfar aghaidh air sin i gclár oibre an Choimisiúin (18).

Na creatchoinníollacha a chruthú le haghaidh fíorchlaochlú digiteach agus le haghaidh Margadh Aonair Digiteach chun iomaíochas inbhuanaithe domhanda a athghnóthú agus fás inbhuanaithe agus poist a sholáthar, agus fís Eorpach a fhorbairt i réimsí amhail forbairt na hintleachta saorga eiticiúla agus na róbataice. Tá aistriú uileghabhálach de dhíth ar an Eoraip chun a bheith ar an réigiún digiteach is dinimiciúla ar domhan – ag cur san áireamh na ndeiseanna sna teicneolaíochtaí nua atá ag athrú na sochaí, amhail an teicneolaíocht bhlocshlabhra, nádúr domhanda an gheilleagair dhigitigh agus comhtháthú gnó i slabhraí luacha domhanda (19) – ionas gur féidir leis an Eoraip timpeallacht fhabhrach a chur ar fáil don nuálaíocht, don fhiontraíocht, agus le gur féidir poist ardcháilíochta, tháirgiúla a bhfuil pá maith ag dul leo, agus a urramaíonn an comhshaol, a chruthú, agus d’fhíorgheilleagar a théann chun tairbhe do chách (20). Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar scileanna digiteacha a shealbhú i ndáil le tacaíocht bhreise a thabhairt don eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (ETIM) agus do phrintíseachtaí. Ba cheart córais oideachais a athchóiriú nuair is gá chun iad a chur in oiriúint don fheidhm atá leo sa réimse digiteach, i measc gnéithe eile, agus ba cheart infheistíocht i gcórais oideachais a fheabhsú (21).

Leanúint de bheith ag tacú le margadh saothair na hEorpa a athrú ó bhonn agus, ag an am céanna, dea-fheidhmiú, cothroime agus sábháilteacht an mhargaidh sin a áirithiú (22). Molann CESE beart a dhéanamh chun a áirithiú go dtiocfaidh gach oibrí in AE, lena n-áirítear na hoibrithe sin atá sna cineálacha nua oibre, faoi chosaint na reachtaíochta maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair i ngach gné a bhaineann lena gcuid oibre (23) agus gur féidir leo tairbhe a bhaint as na teicneolaíochtaí is fearr chun sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre a fheabhsú agus chun timpistí a chosc, agus aird chuí á tabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar phríobháideachas agus ar rialú feidhmíochta (24);

Ba cheart a áirithiú ar chlár oibre an Aontais go mbeidh ceart ag cách ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus aird ar leith á tabhairt ar scileanna digiteacha a shealbhú. Ba cheart córais náisiúnta oideachais, oiliúna agus phrintíseachta a fhorbairt tuilleadh agus béim á leagan ar réimsí eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) agus ar dhéchórais. Fágfaidh an méid sin go ndéanfar riachtanais mhargadh an tsaothair a chomhoiriúnú ar bhealach níos fearr agus go mbeidh daoine in ann scileanna a shealbhú, a uasghrádú agus a fheabhsú chun iarmhairtí na réabhlóide digití, an athraithe aeráide agus na bhforbairtí sochaíocha agus déimeagrafacha a mhaolú (25).

Meascán comhleanúnach beartais de bheartais mhaicreacnamaíocha, thionsclaíocha, earnála agus saothair a mholadh chun glasú gheilleagar na hEorpa a áirithiú (26). Is é an aidhm atá leis feidhmiú an tslabhra soláthair ina iomláine a fheabhsú agus poist chuibhiúla a chruthú feadh an tslabhra, rud a chruthóidh deiseanna fostaíochta ar scála leathan. Ba cheart leis sin leas a bhaint as an acmhainneacht chun poist ardcháilíochta ghlasa agus tháirgiúla a chruthú agus a chur chun cinn trí chlár oibre maidir le fás glas agus inbhuanaithe a bhunú agus trí thionscnaimh a chur chun feidhme lena gcuirfí ar chumas cuideachtaí, go háirithe FBManna agus micrifhiontair, glacadh le SFInna mar chuid dá straitéis ghnó.

Tá béim áirithe ag an Seimeastar Eorpach, mar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, ar fhostaíocht agus ar fheidhmíocht shóisialta, ach tá sé lag maidir leis na contúirtí a bhaineann leis an athrú aeráide agus dul chun cinn an Aontais maidir le spriocanna Pháras a bhaint amach, mar a thuairiscítear i Suirbhé Bliantúil Fáis 2019. Dá bhrí sin, iarrann CESE go mbunófaí straitéis réamhbhreathnaitheach AE 2050 um fhorbairt inbhuanaithe mar chuid de Thimthriall Forbartha Inbhuanaithe, bunaithe ar tháscairí agus ar spriocanna sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil atá intomhaiste agus comhlántach (27), d’fhonn athchóirithe atá inbhuanaithe dáiríre a cheapadh.

Is léir gur uirlis úsáideach é an Scórchlár Sóisialta, ach is féidir é a fheabhsú. Ba cheart athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar na 14 tháscaire agus fotháscaire atá sa scórchlár (35 san iomlán), a mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach iontu, chun iad a chur in oiriúint do chuspóirí polaitiúla agus do chásanna socheacnamaíocha atá ag athrú san Eoraip.

Creideann CESE gur cheart na nithe seo a leanas a áireamh mar phríomhthosca athléimneachta i gclár gníomhaíochta (28):

cobhsaíocht airgeadais a neartú: acmhainn airgeadais an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) a mhéadú, beartas cánach Eorpach a chur chun cinn lena n-áirítear comhchuibhiú fioscach, leordhóthanacht fhioscach na mBallstát a éascú agus sásraí éifeachtacha a bhunú chun calaois chánach a chomhrac;

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a thabhairt chun críche trí chuspóirí BCE a leathnú, trí Chiste Eorpach Aonair a chruthú a mbeidh cumas eisiúna fiachais aige, trí rialachas an limistéir euro a fheabhsú agus é a dhéanamh níos daonlathaí;

táirgiúlacht na ngeilleagar Eorpach a mhéadú trí dhíriú ar phríomhthosca amhail infheistíocht (phoiblí agus phríobháideach), taighde, forbairt, oideachas agus gairmoiliúint, feabhas a chur ar bhainistiú gnó agus ar rannpháirtíocht na n-oibrithe;

margaí saothair agus cáilíocht na fostaíochta: cómhargáil agus idirphlé sóisialta a neartú chun a áirithiú go n-oibríonn cobhsaitheoirí uathoibríocha go héifeachtach agus árachas dífhostaíochta Eorpach a chruthú (chun scéimeanna náisiúnta a chomhlánú) agus beartais fostaíochta ghníomhacha níos fearr, agus níos mó díobh, a cheapadh, agus ról nua a chruthú don tSeirbhís Fostaíochta Phoiblí;

comhtháthú sóisialta a chur chun cinn trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, le maoiniú iomchuí agus níos spriocdhírithe, agus idirphlé sóisialta;

cruthú timpeallachtaí fabhracha don ghníomhaíocht ghnó agus don infheistíocht a chur chun cinn trí mhaoiniú cuideachtaí a fheabhsú. Aontas na Margaí Caipitil agus an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích, mar ábhar práinne, lena n-áirítear scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT);

príomhréimse eile beartais is ea dífhostaíocht fhadtéarmach a chomhrac agus daoine díspreagtha a athimeascadh le bearta práinneacha spriocdhírithe. Tacaíonn CESE le híoscheanglais maidir le hárachas dífhostaíochta i dtéarmaí glanráta athsholáthair, tréimhse teidlíochta agus ráta cumhdaigh, agus i dtéarmaí oiliúint agus tacaíocht d’oibrithe i gcás dífhostaíochta.

Tá sé ríthábhachtach an t-easnamh infheistíochta poiblí agus príobháideach a shárú, leis an aidhm leibhéil ghearrthéarmacha infheistíochta a bhí ann in 2007 a bhaint amach (22,5 % d’OTI san Aontas, i gcomparáid leis an ráta reatha 20,5 %; tá an dá fhigiúr i bhfad níos ísle ná figiúirí na Síne agus SAM). Dá bhrí sin, ní mór infheistíocht phoiblí a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí na mbeartas buiséadach agus ní mór tús áite a thabhairt d’infheistíocht phríobháideach, agus do phróiseas athchóirithe chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó. Ní mór na hathchóirithe sin a bheith fite fuaite le hathchóirithe lena gcuirtear feabhas ar cháilíocht na fostaíochta, lena laghdaítear a fhorbhásaí is atá na poist sin agus lena n-áirithítear ardleibhéal ceart sóisialta agus ceart saothair (29).

Measann CESE gur cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit, agus tagarmharcanna agus caighdeáin íosta á mbunú acu le haghaidh Eoraip shóisialta “AAA” (30), teacht ar chomhaontú maidir le sraith prionsabal, sainmhínithe agus modhanna coiteanna chun scéim ioncaim íosta leordhóthanach a chur ar bun sna Ballstáit uile. Leis an obair atá á déanamh faoi láthair ar bhuiséid tagartha (31) agus ar an Líonra Eorpach ar son an ioncaim íosta (32), cuirtear bonn ar fáil don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit chun critéir chomhchoiteanna a chomhaontú maidir lena chinneadh cad is ioncam íosta leordhóthanach ann chun daoine a thógáil amach as an mbochtaineacht agus chun go mbeidh saol maith acu atá comhoiriúnach do dhínit an duine. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar thionscnamh reachtach AE sa réimse seo, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí go léir.

Tá gá le tuilleadh infheistíochtaí poiblí sa tsláinte, san oideachas agus sa chuimsiú sóisialta agus i nglasú an gheilleagair, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Ba cheart an méid sin a éascú trí riail an chomhardaithe, a mhol CESE i roinnt de na tuairimí is déanaí uaidh, a thabhairt isteach, eadhon: nár cheart speansais infheistíochta, go háirithe na cinn a chothaíonn an fás inbhuanaithe fadtéarmach, a chur san áireamh i dtaca le cuspóirí easnaimh an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a chomhlíonadh. Má nasctar é sin le próiseas athchóirithe, cinnteofar go mbeidh an t-airgeadas poiblí inbhuanaithe san fhadtéarma (33).

Tugann CESE dá aire tiomantas Uachtarán toghaí an Choimisiúin togra le haghaidh ionstraim dlí a chur síos chun a áirithiú go mbeidh íosphá cothrom ag gach oibrí san Aontas seo againne. Measann sé go bhfuil sé úsáideach tagarmharcanna a shocrú lena gcuidítear le leordhóthanacht pá íseal a mheas, d’fhonn bochtaineacht i measc daoine óga a chosc, lena n-áirítear trí anailís agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn trí na próisis foghlama frithpháirtí atá ar fáil agus trí chomhchaighdeáin a thabhairt isteach chun íosphá trédhearcach intuartha a shocrú, i gcás inarb ann dóibh agus i gcás ina bhfuil na comhpháirtithe sóisialta á n-iarraidh (34).

Caithfear éagothromaíochtaí sóisialta a mhaolú, imghabháil chánach agus calaois a chomhrac agus tacú le dáileadh níos cothroime an ualaigh cánach, a bheith ina dtosaíochtaí polaitiúla ag an gCoimisiún nua. Dá bhrí sin, iarrann CESE go gcuirfí na rialacha a glacadh chun dul i ngleic leis na cineálacha coireachta agus míchleachtais sin ar an leibhéal Eorpach i bhfeidhm gan mhoill, agus go bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh ar bhearta eile níos éifeachtaí a bhunú lena n-áirítear ionstraimí chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí aindleathacha na dtearmann cánach (35).

3.   Todhchaí níos glaise, níos cothroime agus níos cuimsithí a thógáil – gníomhú go práinneach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus an tionchar atá aige

3.1.

Cuireann CESE i bhfáth nach mór cosaint an chomhshaoil a bheith mar ardtosaíocht ag an Aontas i bhfianaise an díghrádaithe comhshaoil atá ann faoi láthair, agus nach mór an chosaint sin a chur san áireamh i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí uile an Aontais. Cuireann an Coiste i bhfios go láidir gur cheart don Aontas straitéis athnuaite beartais tionsclaíochta a dhéanamh a bheadh comhoiriúnach don ghá atá le gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, chun sciar na bhfoinsí in-athnuaite sa mheascán fuinnimh a mhéadú agus chun coigiltis fuinnimh a dhéanamh, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear ar a laghad spriocanna Chomhaontú Pháras chun feidhme ina n-iomláine agus láithreach. Ag an am céanna, ba cheart don Aontas brú a chur ar na páirtithe eile i gComhaontú Pháras a dtiomantas a chomhlíonadh maidir le cothrom na Féinne a áirithiú do chuideachtaí Eorpacha. Ba cheart an méid sin a léiriú freisin trí spriocanna laghdaithe astaíochtaí an Aontais do 2030 agus do 2050 a chur ag luí leis an tiomantas sin.

3.2.

Ina theannta sin, is bagairt ríthábhachtach do dhaonra, do gheilleagar agus d’éiceachórais na hEorpa iad an aeráid a athraíonn go tapa, an tóin a bheith ag titim as an mbithéagsúlacht agus rioscaí eile comhshaoil, chomh maith leis an teip ghinearálta beartais rathúla a chur ar fáil. Sin é an fáth a bhfuil gá le straitéis láidir uileghabhálach AE 2050 maidir le forbairt inbhuanaithe chun Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. Ba cheart don Aontas dlús a chur leis an aistriú cóir agus inbhuanaithe chun an leibhéal is airde is féidir de sholáthar fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach. Ba cheart an soláthar fuinnimh sin a bheith glan, inacmhainne agus ba cheart go dtacódh sé le húinéireacht an phobail agus na saoránach a chur chun cinn.

3.3.

Ní mór don Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta agus í ag troid ar son an chomhshaoil agus ag dul i ngleic leis an athrú aeráide. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil gníomhaíocht bhreise ar son na haeráide ar cheann de thosaíochtaí an Aontais agus go leanfaidh sin amhlaidh, mar a leagtar amach i dTreoirlínte Polaitiúla Uachtarán toghaí an Choimisiúin, Ursula von der Leyen. Beidh meascán leathan beartais ag teastáil le haghaidh inbhuanaitheacht an chomhshaoil, lena n-áirítear beartas trádála. Beidh gá freisin bearta a chur chun feidhme go tráthúil, ar an leibhéal domhanda, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, i réimsí amhail fuinneamh agus iompar, cánachas, taighde, beartas tionsclaíoch agus iomaíochta, chomh maith le beartais fostaíochta agus shóisialta.

3.4.

Ar an iomlán, léiríonn réamh-mheastacháin ar an tionchar a bheadh ag cur chun feidhme Chomhaontú Pháras ina iomláine go bhféadfadh an t-aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach OTI a mhéadú 1,1 % breise agus an fhostaíocht a mhéadú 0,5 % i gcomparáid le cás nach mbeadh beartais gníomhaíochta aeráide iontu. Is ionann sin agus 1,2 milliún post breise san Aontas Eorpach faoi 2030, anuas ar na 12 mhilliún post nua a bhfuil súil leo cheana (36). Chun go dtarlódh sé sin, ba cheart cothrom na Féinne a thabhairt isteach san iomaíocht idirnáisiúnta, go háirithe do thionscail Eorpacha atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh (REIInna) (37).

3.5.

Ní bheidh an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach atá aeráidneodrach cuimsitheach mar réamhshocrú, mar go dtugtar le tuiscint leis costais agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith suntasach d’earnálacha ar leith. Tá dhá phríomhghné i gceist le haistriú cóir: “torthaí” (an fhostaíocht nua agus an tírdhreach socheacnamaíoch i ngeilleagar dícharbónaithe) agus “proiseas” (conas a bhaintear an sprioc sin amach). Bonn tionsclaíoch agus eacnamaíoch fónta ba cheart a bheith sna “torthaí” sin mar aon le timpeallacht infheistíochta fhabhrach agus córais saothair agus oideachais a fheidhmíonn go maith agus a bheadh in ann obair chuibhiúil a chur ar fáil do chách i sochaí chuimsitheach nach mbeadh aon bhochtaineacht inti. Maidir leis an “próiseas”, ba cheart é a bheith bunaithe ar aistriú atá bainistithe agus ina mbeadh beartais eacnamaíocha fhónta, agus idirphlé sóisialta agus sibhialta fónta, ar gach leibhéal chun a áirithiú go mbeadh na hualaí agus na sochair á gcomhroinnt go cothrom agus nach bhfágfaí aon duine ar gcúl. D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag na bearta agus na hathchóirithe is gá ar dhaoine agus ar réigiúin, lena n-áirítear athdháileadh suntasach lucht saothair thar earnálacha agus gairmeacha beatha, agus athruithe móra ar riachtanais scileanna amach anseo. Chun aistriú inbhuanaithe a bhaint amach, is gá infheistíocht a dhéanamh i gcosaint shóisialta éifeachtach chomhtháite.Ina theannta sin, ní mór é a nascadh go dlúth le neartú mór daonlathach ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, agus le straitéis láidir airgeadais a mbeidh sé ar a chumas maoiniú leordhóthanach a áirithiú don aistriú inbhuanaithe thar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil nua uaillmhianach, córais chánach náisiúnta atá inbhuanaithe agus cothrom, agus infheistíochtaí láidre poiblí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Sa chomhthéacs sin, tá gá le seiceáil oiriúnachta a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

3.6.

Le hionstraimí an Aontais amhail an Seimeastar Eorpach, CSE, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (EGF), chomh maith leis an Idirphlé Sóisialta Eorpach, is féidir rannchuidiú le haistriú cóir trí thacú le cuideachtaí, le hoibrithe agus le teaghlaigh a bhí ag brath ar fhostaíocht in earnálacha dianfhuinnimh le linn an aistrithe, lena n-áirítear trí athoiliúint, uasghrádú scileanna, comhairleoireacht phearsanta do chuardach post agus athsholáthair ioncaim.

3.7.

Is díol sásaimh do CESE na treoirlínte nua maidir le tuairisciú corparáideach ar fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, chomh maith leis na príomh-mholtaí maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar féidir leo rannchuidiú i ndáiríre le maolú ar an athrú aeráide nó oiriúnú don athrú sin (tacsanomaíocht) (38). I ndáil leis an méid sin, tá sé ríthábhachtach intuarthacht, deimhneacht agus soiléireacht a bhaint amach maidir leis na gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe i ndáiríre ó thaobh an chomhshaoil de (39).

Tograí:

Tacaíonn CESE le bearta leordhóthanacha a fhorbairt, faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach iomchuí, maidir le “aistriú cóir” lena dtugtar isteach bearta agus gníomhaíochtaí chun cosaint íosta a bhainistiú, a athrú agus a dheonú i gcás ionaid oibre atheagraithe nó dífhostú comhchoiteann a d’eascair as aistrithe (mar atá aistrithe teicneolaíocha, déimeagrafacha, an domhandaithe, an athraithe aeráide, an gheilleagair chiorclaigh), lena n-áirítear an ceart chun dul i mbun cómhargála chun an t-aistriú a thuar agus chun tacaíocht a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis an aistriú sin (an t-athrú ar an Treoir maidir le Dífhostú Comhchoiteann) (40).

Ní mór aistriú cóir a bheith mar chuid lárnach de chreat beartais na forbartha inbhuanaithe. Ba cheart beartais maidir le haistriú cóir a dhíriú ar éifeachtaí díobhálacha dáileacháin bhearta an bheartais aeráide a cheartú, ba cheart iad a bheith dírithe ar bhainistiú gníomhach na n-aistrithe i margadh an tsaothair agus ba cheart déileáil le saincheisteanna forbartha réigiúnaí iontu freisin.

Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide agus chomhshaoil, ní mór don Aontas geilleagar líneach a iompú ina gheilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh carbóin de, rud a áiritheoidh go mbeidh na timthriallta fadtréimhseach agus chomh héifeachtúil agus is féidir (41).

Creideann CESE gur cheart a chumhdach sa Chomhshocrú Airgeadais–Aeráide gach gné de bheartas chun dul i ngleic leis an athrú aeráide: aistriú cóir (bearta chun éifeachtaí an athraithe a mhaolú, ach freisin chun damáiste agus caillteanas a chúiteamh), chomh maith le beartais éifeachtacha chun oiriúnú don athrú aeráide. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do shamhail an gheilleagair chiorclaigh a mhéid is féidir agus a chreat rialála a fheabhsú. Caithfear gach rud a mhaoiniú as buiséid oiriúnacha, a bhainfear amach trí infheistíochtaí reatha a atreorú (cur in áirithe glas) agus trí fhoinsí nua maoinithe inrochtana (42).

Éilítear leis an gcomhshocrú go mbunófar creat beartais Eorpach a bheidh soiléir agus intuartha, san fhadtéarma, d’fhonn slándáil pleanála a áirithiú d’infheistíochtaí. I gcás an chreata seo, ní mór machnamh gníomhach a dhéanamh ar roghanna beartais éagsúla amhail sásraí um choigeartú ag na teorainneacha, amhail an Cháin Teorann ar Charbón, chun sceitheadh carbóin a sheachaint (43), i gcás táirgí nach bhfuil faoi réir na gcaighdeán comhshaoil agus sóisialta céanna (44).

Nuair a bheidh an tacsanomaíocht inbhuanaitheachta (45) glactha agus curtha chun feidhme go hiomlán, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann le bearta breise reachtacha, más iomchuí agus má tá siad bunaithe ar mheasúnú tionchair fónta. Sa chomhthéacs sin, thagródh CESE don dá thuairim uaidh maidir leis an gComhshocrú Eorpach Maoinithe don Athrú Aeráide (46) agus maidir le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin: Maoiniú an Fháis Inbhuanaithe (47).

Ní mór dlús a chur le hinfheistíochtaí, idir infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, sa gheilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de chun spriocanna uasghrádaithe laghdaithe astaíochtaí an Aontais do 2030 a bhaint amach, agus beidh gá le hathrú radacach chun geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le spriocanna Pháras. Tá laige mharthanach na gníomhaíochta infheistíochta i bhfuinneamh in-athnuaite san Eoraip i gcodarsnacht le leibhéal ard na mbreoslaí iontaise atá ann cheana agus le fóirdheontais eile atá díobhálach don chomhshaol, rud atá amhlaidh ar fud na mBallstát. Ní tearcinfheistíocht amháin atá i gceist leis an bhfadhb seo: tá leithdháileadh na n-acmhainní atá ann cheana mífheidhmiúil freisin. Tá gá le cuspóirí soiléire beartais agus creat beartais níos comhleanúnaí chun dul i ngleic leis na treochtaí diúltacha sin. I gcás ar bith, ní mór na hinfheistíochtaí is gá a bheith ag gabháil le deireadh ré na mbreoslaí iontaise san Eoraip chun a áirithiú go ndéanfar oibrithe na hEorpa a chosaint, go gcruthófar poist nua agus go dtabharfar tacaíocht d’fhorbairt áitiúil. Ní mór próisis idirthréimhseacha a chaibidliú leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ní mór baint a bheith acu le beartais trédhearcachta agus chumarsáide éifeachtacha.

Ba cheart cáin a ghearradh ar astaíochtaí CO2 ar fud an Aontais ar bhealach atá cothrom go sóisialta, rud a d’fhágfadh gurb é údar an truaillithe a d’íocfadh as agus go dtacódh sé le hinfheistíocht i bhfuinneamh glan inacmhainne. Le cánachas ar fhuinneamh, féadfar tacú leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus féadfar rannchuidiú le fás inbhuanaithe atá cothrom ó thaobh na sochaí de.

Ar cheann de na rioscaí is mó don tsláinte ón gcomhshaol san Aontas Eorpach tá truailliú aeir, rud is cúis le thart ar 400 000 bás anabaí in aghaidh na bliana. Má théitear i ngleic le truailliú aeir tríd an ngníomhaíocht aeráide, cruthaítear deis chun tacaíocht pholaitiúil agus mhóréilimh a fháil do bheartais maidir leis an athrú aeráide.

Bochtaineacht fuinnimh agus uisce a chomhrac, agus bia inrochtana, sláintiúil agus ar ardchaighdeán, agus táirgí sábháilte, a ráthú agus deireadh a chur leis an nochtadh díobhálach do cheimiceáin thocsaineacha. Ba cheart go mbeadh meascán leathan beartas, lena n-áirítear beartas talmhaíochta an Aontais, ina chabhair chun freastal ar éilimh nua na sochaí, lena n-áirítear modhanna inbhuanaithe táirgthe, cothú níos fearr, níos lú bia a chur amú, leas ainmhithe níos fearr, cosaint aeráide agus caomhnú na bithéagsúlachta.

Ba cheart don Aontas tacú le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol chun cabhrú leo Clár Oibre 2030 agus Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a chur chun feidhme.

Ní mór do bheartas trádála an Aontais a bheith comhsheasmhach le Clár Oibre 2030 agus le Comhaontú Pháras. Ní mór na forálacha atá ann cheana maidir leis na caibidlí ar thrádáil agus forbairt inbhuanaithe atá sna comhaontuithe a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

4.   Saoránaigh agus saoirsí – an tsíocháin, an ceartas agus institiúidí láidre – a chosaint

4.1.

Soláthraíonn an tAontas Eorpach síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, ainneoin a lán dúshláin inmheánacha agus sheachtracha a bheith le sárú aige. Seasann an tAontas Eorpach go daingean le prionsabail an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach. Is iad na prionsabail sin a threoraíonn ár mbeartais agus a chothaíonn an muintearas eadrainn, rud a chuireann lenár gcultúr comhroinnte. Ní mór an daonlathas a urramú san Eoraip agus a chur chun cinn thar lear. Ní mór rannpháirtíocht shibhialta, cuntasacht phoiblí, agus próisis chinnteoireachta níos cothroime, níos trédhearcaí agus níos cuimsithí a chur chun cinn ar gach leibhéal.

4.2.

Tá sochaithe oscailte bríomhara de dhíth ar an Aontas Eorpach, ina bhfuil cearta comhionanna ag daoine aonair agus ina bhfuil siad in ann maireachtáil saor ó idirdhealú agus lánurraim á tabhairt dá bpríobháideachas agus dá sábháilteacht. Cuireann an éagsúlacht chultúrtha le saibhreas na hEorpa agus a muintire. Tá an éagsúlacht sin ina cuid d’fhéiniúlacht agus de neart na hEorpa.

4.3.

Tá dúshláin mhóra roimh an Eoraip agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu agus iad a phlé de réir dhearcadh na hEorpa seachas de réir dhearcadh an Bhallstáit amháin, agus trí éifeacht iomlán a thabhairt do na forálacha a chumhdaítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 de CAE. Ar an gcúis sin, ní mór don daonlathas Eorpach an ghné thrasnáisiúnta dá chuspóirí agus dá dhúshláin a neartú, agus, ag an am céanna, saoránacht Eorpach bunaithe ar luachanna coiteanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Beidh gá freisin le níos mó eolais a scaipeadh faoi na hinstitiúidí Eorpacha mar aon le creat sochaíoch níos rannpháirtí, agus fócas níos Eorpaí.

4.4.

Tugann na hathruithe déimeagrafacha le fios go mbeidh imircigh, agus na buanna, na scileanna agus an acmhainn fiontraíochta atá acu, ag teastáil ón Eoraip. Tá géarghá leis an teachtaireacht agus na beartais maidir leis an imirce a athrú bunaithe ar chomhar níos dlúithe le tríú tíortha, chun díospóireacht chiallmhar bunaithe ar fhíricí a áirithiú. Níor cheart go mbreathnófaí ar dhídeanaithe ná ar imircigh mar bhagairt ach mar dheis do mhúnla eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa. Chuige sin, tá gá le cur chuige cuimsitheach agus straitéis chuimsitheach maidir leis an imirce, lena n-áirítear an imirce dhleathach.

Tograí:

Tá sásra cuimsitheach in-fhorfheidhmithe ag teastáil ón Aontas chun faireachán rialta a dhéanamh ar staid an daonlathais agus an smachta reachta i dtíortha uile an Aontais.

Ní mór seasamh leis na meáin shaora agus neamhspleácha agus leis an tsochaí shibhialta agus ligean dóibh a ról a ghlacadh sa daonlathas.

Tá an beartas tomhaltóirí gar do leasanna an phobail agus, dá bhrí sin, is féidir leis tionchar a imirt ar thiomantas daoine do phróiseas lánpháirtíochta an Aontais Eorpaigh. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún é a áirithiú go gcuirfear cearta tomhaltóirí i bhfeidhm agus go n-urramófar iad le linn an phróisis REFIT, sa saol digiteach agus maidir le sábháilteacht táirgí agus seirbhísí. Ba cheart don Choimisiún bearta a neartú chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leis an mbochtaineacht tomhaltais agus rochtain ar bhia agus ar sheirbhísí a fheabhsú do gach Eorpach. Ba cheart don Choimisiún na cearta atá ag tomhaltóirí ar fhaisnéis, oideachas agus rannpháirtíocht, agus a gceart chun iad féin a eagrú, a chur chun cinn ionas go ndéanfar ionadaíocht ar a leasanna nuair a bheidh na rialacha a bhfuil leas acu iontu á gceapadh.

Ní mór don Choimisiún an t-athbhreithniú atá á dhéanamh aige ar phríomhionstraimí dlíthiúla agus neamhdhlíthiúla bheartas tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh a chur i gcrích mar bheartas trasearnálach cothrománach saoránachta agus ní mór dó plean gníomhaíochta nua a chur i láthair chun tomhaltóirí a chosaint sna 10 mbliana amach romhainn.

Thairis sin, agus é á chur san áireamh aige gur cuid ríthábhachtach den cheartas sóisialta í an rochtain ar sheirbhísí chun leasa cách agus go bhfuil prionsabal na córa comhionainne d’úsáideoirí, lena gcuirtear toirmeasc ar aon chineál idirdhealaithe nó eisiaimh, mar bhonn taca leis an rochtain sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí coincheap na rochtana uilíche ar sheirbhísí chun leasa cách a shoiléiriú, agus go dtabharfaí isteach bearta reachtacha a chuirfeadh dualgas ar na Ballstáit táscairí rochtana a bhunú (48).

Ba cheart don Choimisiún Clár Oibre Eorpach um an Idirdhealú a Chomhrac a thíolacadh ar na forais a shainítear in Airteagal 19 de Chonradh Liospóin agus ba cheart dó freisin bearta nithiúla a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le prionsabail na córa comhionainne a chur chun feidhme agus chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí leanaí, ban, daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta atá leochaileach chomh maith le cineálacha nua leochaileachta. Molann CESE go ndéanfadh an Coimisiún beart práinneach maidir leis an tsaincheist sin ag tús a théarma oifige.

Ba cheart don Choimisiún tabhairt faoi thionscnaimh shonracha i gcomhréir leis na moltaí ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus ba cheart dó an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) a chur chun feidhme ina bheartais agus ina chláir sheachtracha, lena n-áirítear cárta míchumais AE a d’aithneofaí sna Ballstáit uile a thabhairt isteach. In 2020, ba cheart don Aontas an togra uaidh le haghaidh an Chláir Oibre Eorpaigh um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2020-2030 a thíolacadh agus ba cheart dó 2023 a ainmniú mar Bhliain Eorpach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

Molann CESE don Choimisiún freisin tacú le gníomhaíochtaí in institiúidí oideachais ar gach leibhéal chun cabhrú le mic léinn an bhréagnuacht a dhealú ó fhíricí atá bunaithe ar an eolaíocht.

Ní mór don Aontas feabhas a chur ar a chuid beartas agus gníomhaíochtaí chun comhionannas a áirithiú idir fir agus mná trí chlár oibre claochlaitheach intomhaiste don chomhionannas inscne a chur chun feidhme mar chuid de straitéis chomhtháite uaillmhianach cúig bliana de chuid an Aontais don chomhionannas inscne. Ba cheart go n-áireofaí sa straitéis sin caoi le deireadh a chur le bearnaí pá idir fir agus mná, ní amháin trí uirlis shonrach lena gcuirtear feabhas ar an trédhearcacht chorparáideach maidir le beartais phá agus lena straitéisí chun dul i ngleic le bearnaí pá idir na hinscní, ach freisin trí aghaidh a thabhairt ar na réimsí uile a shainítear sa Phlean Gníomhaíochta chun dul i ngleic leis an mbearna ioncaim idir na hinscní. Ina theannta sin, ní mór don Aontas a ráthú go mbeidh comhdheiseanna sa tsochaí do na daoine sin go léir a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar idirdhealú a dhéantar ar níos mó ná bealach amháin.

Leagann CESE béim ar a phráinní atá sé cabhrú le dídeanaithe agus le hiarrthóirí tearmainn agus iad a lánpháirtiú. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún athchóiriú éifeachtach ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn a thionscnamh agus a dhéanamh, ar athchóiriú é lena n-urramaítear cearta an duine, agus, ar an gcaoi sin, fíorchóras coiteann a bhunú do na Ballstáit uile. Molann sé freisin go ndéanfaí dul chun cinn maidir le hathlonnú dídeanaithe agus víosaí daonnúla do dhídeanaithe d’fhonn freastal ar na fíor-riachtanais atá acu. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena chuid iarrachtaí faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe maidir le dáileadh na ndídeanaithe i measc na mBallstát agus an cur chun feidhme sin a éascú.

Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go n-urramófaí cearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta san athbhreithniú a dhéanfar ar chomhaontuithe comhpháirtíochta le tríú tíortha idirthurais agus tionscnaimh na ngluaiseachtaí imirce, agus go bhforbrófaí ionstraimí airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce.

an comhar le tíortha comhpháirtíochta ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce, chun cabhrú le dídeanaithe, chun déileáil le gluaiseachtaí imirce measctha, chun dul i ngleic leis an smuigleáil agus chun obair a dhéanamh maidir le himircigh a chur ar ais (filleadh) agus a athligean isteach. Chun cúnamh éifeachtach a chur ar fáil do dhaoine ina dtíortha dúchais, ní mór na hionstraimí daonnúla, forbraíochta agus polaitiúla a chomhordú.

Ba cheart don Aontas beartais agus bearta a ghlacadh lena bhformhuinítear imirce shábháilte, ordúil agus rialta agus lena neartaítear an cuimsiú agus an comhtháthú sóisialta freisin. Ba cheart don Aontas rialacha a leagan síos maidir le stádas daoine aonair atá easáitithe ar chúiseanna comhshaoil agus comhoibriú níos dlúithe leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a mhéid a bhaineann le himirce lucht saothair agus cláir lánpháirtíochta (49).

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh bealaí sábháilte dleathacha ann do dhídeanaithe nuair a thagann siad chun an Aontais. Tá gá le cur chuige comhordaithe ó na Ballstáit uile agus ó gheallsealbhóirí Eorpacha agus náisiúnta, bunaithe ar fhreagracht chomhroinnte, leithdháileadh cothrom, cóineasú agus urraim do chearta bunúsacha, chun níos mó roghanna a áireamh maidir le hathaontú teaghlaigh, athshocrú agus athlonnú.

5.   Leasanna agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn ar fud an domhain – na modhanna cur chun feidhme a neartú agus athbheochan a dhéanamh ar an gcomhpháirtíocht dhomhanda ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe

5.1.

I ndomhan atá ag éirí níos ilroinnte agus níos ilpholaí, ní mór don Aontas Eorpach an seasamh atá aige a neartú chun rathúnas, slándáil agus luachanna an Aontais a ráthú. Mar a léiríodh i Straitéis Dhomhanda mhí an Mheithimh 2016, ní mór don Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta sa domhan trí thacaíocht leanúnach láidir a thabhairt don ord domhanda iltaobhach atá bunaithe ar rialacha, agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár. Ba cheart don Aontas an rialachas domhanda bunaithe ar bhunluachanna a chur chun cinn, mar atá geilleagar an mhargaidh shóisialta, cearta an duine, an smacht reachta, an fhorbairt inbhuanaithe, an t-iltaobhachas agus an urraim don dlí daonnúil idirnáisiúnta.

5.2.

Ba cheart don Aontas caidreamh láidir a fhorbairt mar thosaíocht le dlúthchomharsana, bunaithe ar chothromaíocht shoiléir idir cearta agus oibleagáidí. D’fhéadfaí tagairt a dhéanamh do bheartas comharsanachta na hEorpa agus do bheartas forbraíochta AE, atá ina dtosaíochtaí ag an Aontas, agus don Aontas Eorpach mar an deontóir is mó ar domhan. Ba cheart don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach san fhaireachán a dhéantar ar na beartais sin.

5.3.

Níor cheart don Aontas ligean don tóin titim as próiseas an mhéadaithe agus ba cheart dó leanúint den chaibidlíocht agus de na cláir aontachais le tíortha na mBalcán Thiar.

5.4.

Tá beartas trádála an Aontais Eorpaigh ina ghné fhíorthábhachtach a bhfuil feidhm aige maidir leis an Aontas trí chéile agus, go deimhin, a aontaíonn na Ballstáit uile. Chabhraigh an beartas trádála leis an Aontas cur le rathúnas an Aontais trí mhalartuithe tráchtála a dhéanamh le réimse leathan comhpháirtithe. Ag an am céanna, is léiriú ar luachanna an chuimsithe shóisialta agus na cosanta comhshaoil é an tAontas Eorpach agus cuireann an tAontas na luachanna sin chun cinn tríd an trádáil, ar luachanna iad atá ríthábhachtach chun an domhandú inbhuanaithe a mhúnlú – is é sin le rá, domhandú a rachaidh chun tairbhe ní amháin do chuideachtaí móra agus d’infheisteoirí, ach do ghnáthdhaoine, d’oibrithe, d’fheirmeoirí, do thomhaltóirí, do lucht ceardaíochta agus do na gairmeacha liobrálacha agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide freisin agus, go háirithe, do mhicrifhiontair. Is uirlis thábhachtach í an trádáil freisin chun tacú le beartas an Aontais maidir leis an domhan atá i mbéal forbartha, chun rannchuidiú leis an aistriú ó chéim na forbartha go céim na comhpháirtíochta, go háirithe leis an Afraic.

5.5.

Tá beartas cánachais cothrom agus nua-aimseartha de dhíth ar an Eoraip, beartas a bheidh curtha in oiriúint do dhúshláin an gheilleagair dhigitigh agus a chinnteoidh cothrom iomaíochta do mhórchuideachtaí idirlín, d’ardáin ar a ndíoltar earraí ar líne agus do ghnólachtaí áitiúla. Beidh gá le comhar níos forleithne ar an leibhéal idirnáisiúnta agus idir na húdaráis náisiúnta cánach chun dul i ngleic le himghabháil cánach, calaois agus seachaint cánach.

Tograí:

Tá CESE ag iarraidh, go háirithe, go mbeadh clár oibre uaillmhianach ann maidir leis an mbeartas trádála ar gach ceann de na trí leibhéal – aontaobhach, déthaobhach agus iltaobhach – beartas lena gcruthófar fás agus poist ardcháilíochta san Aontas agus lena gcuirfear beartas trádála atá bunaithe ar rialacha chun cinn ar an leibhéal domhanda.

Ní mór don Aontas, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta Eorpach, gnólachtaí san áireamh, an urraim iomlán do chearta an duine a chur chun cinn go gníomhach freisin agus comhaontuithe trádála á gcaibidliú acu. Thairis sin, ba cheart Coinbhinsiúin EIS a urramú. Ba cheart go mbeadh na comhaontuithe sin faoi réir maoirseacht dhaonlathach, lena n-áiritheofaí rannpháirtíocht chuí na sochaí sibhialta, agus i gcás nach ndéanfaí Coinbhinsiúin EIS a dhaingniú ná a chur chun feidhme i gceart, ba cheart treochlár a lorg maidir le gealltanais láidre (50).

Ní mór don Aontas gealltanas láidir a thabhairt freisin i ndáil le Comhaontú Pháras agus leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, d’fhonn fíorchlásail shóisialta, cosanta tomhaltóirí agus chomhshaoil a áirithiú i ngach comhaontú trádála (bheadh gach comhpháirtí trádála atá ag an Eoraip i gceist toisc gur shínigh 195 thír as na 197 dtír atá ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe iad). Ina theannta sin, bheadh an rogha ann anailís bhreise a dhéanamh ar phraghsáil carbóin ar an leibhéal domhanda, go háirithe i gcás na dtionscal Eorpach acmhainní agus fuinnimh (REEIInna) (51) agus, dá ndéanfaí an córas sin a cheapadh go maith de réir rialacha AE agus na hEagraíochta Domhanda Trádála, ba cheart é a chur chun cinn go gníomhach (52). D’fhéadfadh cáin ar charbón ag teorainneacha cabhrú chun an sprioc sin a bhaint amach.

Molann CESE don Choimisiún an t-idirphlé leis an tsochaí shibhialta a neartú le gur féidir cur le feidhmiú na gCaibidlí maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá CESE ag áitiú ar an gCoimisiún a bheith níos uaillmhianaí, go háirithe d’fhonn in-fhorfheidhmitheacht éifeachtach na ngealltanas sna caibidlí maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe a neartú (53). Ní mór don Aontas na leibhéil is airde de chearta an duine, de chosaint tomhaltóirí agus de chearta oibrithe a chur san áireamh i ngach comhaontú trádála a dhéanfar amach anseo. Thairis sin, ba cheart Coinbhinsiúin EIS a urramú. Ba cheart go mbeadh na comhaontuithe sin faoi réir maoirseacht dhaonlathach, lena n-áiritheofaí rannpháirtíocht chuí na sochaí sibhialta.

Tacaíonn CESE le cánachas cothrom agus leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, na himghabhála cánach, an sciúrtha airgid agus na gcleachtas airgeadais a bhaineann le tearmainn chánach; ní mór é a bheith mar chomhchuspóir ag institiúidí AE, rialtais agus gnólachtaí oibriú i gcomhar le chéile chun sásraí éifeachtúla amhail an dá threoir i gcoinne seachaint cánach a chur ar bun.

Ní mór don Aontas comhoibriú le réigiúin eacnamaíocha eile chun éilliú agus imghabháil cánach a chomhrac go héifeachtach ar fud an domhain agus chun a áirithiú go mbeidh rialacha idirnáisiúnta maidir leis an gcáin chorparáide soiléir, trédhearcach, oibiachtúil agus intuartha.

Mar thoradh ar na samhlacha nua gnó a úsáideann ardáin idirlín agus uirlisí digiteacha eile, is lú a bhraitheann cuideachtaí ar láithreacht fhisiciúil a bheith acu i dtír. Creideann CESE go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach prionsabail nua a fhorbairt maidir le conas brabús corparáideach a shannadh do thír AE agus cáin a ghearradh orthu, in idirphlé leis na comhpháirtithe trádála, agus páirt ghníomhach a ghlacadh san idirphlé leanúnach ar leibhéal ECFE/G20 i ndáil le comhaontú domhanda maidir leis an ngeilleagar digiteach, chun aon ghéarú ar an teannas trádála agus cánach a sheachaint idir na príomhghníomhaithe eacnamaíocha ar fud an domhain (54).

6.   Na tosaíochtaí a chur i gcrích trí rialachas láidir agus buiséad AE níos láidre

6.1.

Tá ár nAontas féin á mhúnlú ag na hathruithe atá ag teacht ar gheilleagair agus ar shaol na hoibre, ar an aeráid agus an gheopholaitíocht, agus beidh na hathruithe sin ina spreagadh tábhachtach dár dtodhchaí. Teastaíonn cur chuige nua rialachais ón Aontas agus, nuair is gá, rialacha agus ionstraimí nua chun beartais AE a shainiú agus a chur chun feidhme. Tá cur chuige iomlánach agus trasearnálach beartais de dhíth don fhorbairt inbhuanaithe chun a áirithiú go dtugtar aghaidh le chéile ar na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil.

6.2.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE nach mór don Aontas dul i ngleic leis na dúshláin sin trí thiomantas láidir polaitiúil agus comhtháthú polaitiúil níos fearr, agus, ag an am céanna, cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus na prionsabail dhaonlathacha a urramú go hiomlán agus iad a chur chun cinn, agus trí oibriú le chéile.

6.3.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil, mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch, éagothroime ann idir príomhinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, tá gá le cineálacha nua rialachais agus bainistíochta ar leibhéal an Aontais. Ba cheart ról Pharlaimint na hEorpa a neartú chun cuntasacht níos daonlathaí a chur chun cinn.

6.4.

Chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na SFInna a chur chun feidhme, beidh gá le buiséad láidir, timpeallacht ghnó fhabhrach agus infheistíocht phoiblí agus phríobháideach. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gcaibidlíocht don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile maoiniú cuí a áirithiú le haghaidh beartais fostaíochta, shóisialta agus chomhshaoil agus le haghaidh infheistíocht tháirgiúil.

6.5.

Is é an chéad chéim chun an ghné aeráide den chéad CAI eile a neartú ná an sprioc maidir leis an aeráid a áireamh i ngach gné den CAI a mhéadú go 40 %, mar a d’iarr CESE. Chuige sin, ba ghá na spriocanna earnálacha uile maidir leis an aeráid a choigeartú dá réir agus iad a dhéanamh ceangailteach ó thaobh dlí de. Ba cheart don Choimisiún agus don Pharlaimint oibriú le chéile freisin chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil ó thaobh an chomhshaoil de leagan amach glas an Chomhbheartais Talmhaíochta nua, eadhon an traschomhlíonadh comhshaoil agus na héiciscéimeanna, chun deireadh a chur de réir a chéile leis an tacaíocht a thugann an tAontas do thionscadail a dhéanann díobháil don aeráid agus chun modheolaíochtaí rianaithe aeráide a fheabhsú. Ba cheart dóibh freisin acmhainní suntasacha a shaoradh chun tacú leis na daoine aonair agus na críocha sin is mó atá thíos leis an aistriú go fuinneamh glas, trí ionstraimí nua a chruthú nó trí na cinn atá ann cheana a athchóiriú.

6.6.

Is bac dosháraithe í an aontoilíocht, a éilíonn na Conarthaí maidir le roinnt ceisteanna bunúsacha, i gcásanna tábhachtacha agus nuair a bhíonn cinntí ríthábhachtacha á ndéanamh, agus tá an Coiste i bhfách, dá bhrí sin, maidir leis na nósanna imeachta cinnteoireachta, le prionsabal na vótála trí thromlach cáilithe a úsáid sa Chomhairle agus, i gcás reachtaíochta, an gnáthnós imeachta reachtach a úsáid i ngach réimse inar féidir sin a dhéanamh. Meabhraíonn CESE gur féidir é sin a bhaint amach faoi na Conarthaí reatha trí úsáid a bhaint as na clásail “passerelle” éagsúla nó, i gcás comhar feabhsaithe, trí úsáid a bhaint as Airteagal 333 de CFAE (55).

Tograí:

Tá sé tábhachtach an comhar ar an leibhéal idirinstitiúideach a chur chun cinn agus urraim a thabhairt do shainchearta gach institiúide mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad. Leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr tugadh isteach creat nua don chomhar sin. Tá CESE den tuairim gur cheart go mbeadh CESE rannpháirteach sa chomhar sin chun a áirithiú go gcuirfear tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir san áireamh agus chun rannpháirtíocht na saoránach in obair an Aontais a éascú.

Bealach eile chun a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt inbhuanaithe a chur san áireamh níos fearr i mbeartais AE is ea uirlisí an Choimisiúin Eorpaigh maidir le rialáil níos fearr a úsáid. Ní mór meastóireacht a dhéanamh i measúnuithe tionchair uile an Choimisiúin ar na tionchair chomhshaoil, aeráide, shóisialta agus eacnamaíocha sa chaoi go dtabharfar aird chuí ar an inbhuanaitheacht agus go gcuirfear san áireamh í. Ní mór do mheastóireachtaí ex post anailís a dhéanamh freisin ar gach ceann de na trí ghné, agus cur chuige láidir comhtháite a úsáid. Tá ceangal ann freisin dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, mar atá leagtha síos i bhforálacha sna Conarthaí lena n-iarrtar dul i gcomhairle go sonrach le lucht saothair agus le lucht bainistíochta i ndáil leis an reachtaíocht a bhaineann le saincheisteanna sóisialta (Airteagal 154(2)). Ceann eile de na huirlisí le haghaidh rialáil níos fearr is ea dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, le Coiste Eorpach na Réigiún agus leis na parlaimintí náisiúnta chun ceanglas na cuimsitheachta atá i gcroílár Chlár Oibre 2030 a chomhlíonadh (56).

Creideann CESE go láidir nach bhfuil Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 curtha in oiriúint chun dul i ngleic leis na dúshláin nua atá leagtha síos i gClár Oibre Straitéiseach 2019-2024 na Comhairle Eorpaí agus i dTreoirlínte Polaitiúla 2019-2024 an Choimisiúin Eorpaigh nua. Tá sé á mholadh ag CESE go méadófaí an maoiniú chun (i) go bhféadfadh na Ballstáit Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme le go gcruthófar poist ar ardcháilíocht i gcomhthéacs na forbartha eacnamaíche inbhuanaithe; (ii) go bhféadfaí Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme agus (iii) go bhféadfaí Comhaontú Pháras a chur chun feidhme lena gcuirtear chun cinn athruithe córa chuig sochaithe glasa agus digitithe.

É a chur de choinníoll ar na Ballstáit prionsabal an smachta reachta, colún bunúsach luachanna an Aontais de réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), a chomhlíonadh chun cistí AE a fháil. Measann an Coiste freisin go bhféadfaí an choinníollacht sin a leathnú chuig na prionsabail eile atá nasctha leis an Smacht Reachta atá i gConarthaí AE (57).

Na tionscadail a dtabharfar tacaíocht dóibh, agus a bheidh i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus a mbeidh acmhainní suntasacha le haghaidh nuálaíochta agus T&F ag teastáil dóibh, beidh gá iad a fhorfheidhmiú trí uirlis lena mbeifear in ann na foinsí éagsúla maoiniúcháin (lena n-áirítear CAI nua) a amharcléiriú agus iad a bheith bunaithe ar thionscnaimh éagsúla (58), eadhon:

maoiniú a atreorú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe trí “ioncam a chur ar leataobh do thionscadail ghlasa” agus, sa chomhthéacs sin, iasachtaí “a bhfuil eicilipéad orthu” ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) a chur chun cinn;

éascú cainníochtúil ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) a úsáid mar fhoinse maoiniúcháin;

an sciar den Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha atá curtha in áirithe don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide a mhéadú go 40 %;

ní mór don Aontas leibhéal uaillmhéine a léiriú a bheidh ag teacht le méid an dúshláin a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide; ní mór 40 %, ar an meán, dá bhuiséad iomlán (CAI 2021-2027) a leithdháileadh ar an gcuspóir sin;

sciar comhfhreagrach an Chiste Comhtháthaithe Eorpaigh a mhéadú de bhreis ar an 20 % atá ann faoi láthair;

3 % de chistí pinsin agus árachais a úsáid;

tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus micrifhiontair, i bhfoirm infheistíochtaí T&F suas le EUR 100 billiún chun na críche seo;

na gealltanais maidir le cúnamh airgeadais a tugadh do thíortha an Deiscirt, agus atá ag cur leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, a urramú (59).

7.   CESE ag treorú agus ag éascú rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i ngnóthaí an Aontais Eorpaigh – cumhacht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, iad a rannpháirtiú agus dul i gcomhairle leo

7.1.

Chun gach gné den inbhuanaitheacht – an ghné eacnamaíoch, an ghné shóisialta agus an ghné chomhshaoil – a chur chun cinn, tá gá le tréaniarracht agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe go léir lena mbaineann. Bíonn ról lárnach ag díospóireacht dhaonlathach oscailte a bhfuil rannpháirtíocht struchtúrtha na sochaí sibhialta mar bhuntaca léi le go mbeidh aistriú cothrom éifeachtach ann. Ní mór a bheith oscailte agus trédhearcach sa chaoi a dtugtar aghaidh ar na mórcheisteanna faoi na torthaí, faoin gcaoi leis na torthaí sin a bhaint amach agus faoin gcaoi lena áirithiú go bhfuil cothromaíocht chóir idir dualgais agus tairbhí agus nach bhfágtar aon duine ar gcúl.

7.2.

Tá béim á cur ag CESE ar an ról lárnach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le beartais a cheapadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu ag gach céim agus ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil. Chuige sin, is gá an cultúr a athrú agus aitheantas a thabhairt do luach na sochaí sibhialta ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát, rud atá cumhdaithe cheana in Airteagal 11 de CAE, lena bhforáiltear go ndéanfaidh institiúidí AE idirphlé sibhialta cothrománach agus ingearach a chur chun cinn agus a éascú, comhairliúcháin ghinearálta a dhéanamh agus bunsraith a leagan síos don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Tarlaíonn na próisis chomhlántacha sin gan dochar don chomhairliúchán le CESE ná don idirphlé sóisialta.

7.3.

Tá sé d’acmhainn ag an tsochaí shibhialta machnamh macánta a dhéanamh ar leasanna atá an-éagsúil lena chéile, nó a imíonn óna chéile uaireanta, agus an lucht cinnteoireachta a chur ar an eolas fúthu. Is sampla an-mhaith é CESE den phróiseas sin agus tá sé lántiomanta leanúint den ról sin atá aige: idirphlé a éascú agus droichid a thógáil laistigh den tsochaí shibhialta agus idir í agus na hinstitiúidí Eorpacha eile.

Tograí:

Ós rud é gurb é CESE institiúid na sochaí sibhialta ar leibhéal AE, ba cheart a ról a neartú go mór agus go hiomlán agus leas a bhaint as an gCoiste chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i ngnóthaí AE, agus an comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta, a threorú agus a éascú. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh páirt ghníomhach aige in ullmhú agus i gcur i gcrích na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, comhdháil a gcuirfear tús léi in 2020 agus a d’fhógair Ursula von der Leyen ina clár oibre don Eoraip.

Coinníonn CESE súil ghéar ar idirphléití struchtúrtha agus ar fhóraim chomhairliúcháin (e.g. Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, an Fóram Eorpach um Imirce) a thugann le chéile eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe eile ó institiúidí an Aontais agus ó na Ballstáit agus bíonn páirt ghníomhach aige sna fóraim sin. Agus ardáin ar nós REFIT á mbunú, ba cheart don Choimisiún ionadaíocht CESE a mheas i gcomhréir leis an sainordú atá tugtha don Choiste sna Conarthaí, agus a áirithiú freisin go léirítear san ionadaíocht sin an comhdhéanamh atá ar an gCoiste, is é sin na trí ghrúpa atá ann.

Is mian le CESE a mheabhrú nach bhfuil aon rannpháirtíocht struchtúrtha, ar leibhéal AE, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe. Molann sé go láidir don Choimisiún, dá bhrí sin, Fóram Eorpach um Chomhtháthú na Sochaí Sibhialta a bhunú (60) a mbeidh eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí fostaithe, agus eagraíochtaí ábhartha eile na sochaí sibhialta, rannpháirteach ann.

Nuair a bheidh tairseacha idirlín á mbunú chun tuairimí a bhailiú ón bpobal, lena n-áirítear eagraíochtaí agus daoine aonair, ba cheart don Choimisiún idirdhealú a dhéanamh idir na tuairimí a nochtann eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na tuairimí a nochtann daoine aonair. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún na geallsealbhóirí a mhapáil i gcomhar le CESE, trí leas a bhaint as an gClár Trédhearcachta, chun spriocghrúpaí atá ionadaíoch agus atá cothrom ó thaobh geografaíochta de a shainaithint. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na tuairimí sin a ualú go cainníochtúil agus go cáilíochtúil. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún oibriú go leanúnach ar na comhairliúcháin sin a fheabhsú maidir leis an trédhearcacht, an inrochtaineacht, an t-aiseolas agus an chuntasacht i leith na rannpháirtithe.

Chun cur chuige níos straitéisí a fhorbairt maidir leis na cleachtais sin, agus iad á gcur ar bhonn institiúideach agus ionadaíoch níos struchtúrtha, ba cheart don Choimisiún oibriú go dlúth le CESE agus tústuairim a iarraidh maidir leis an gcaoi a bhféadfaí idirphlé sibhialta a eagrú go héifeachtach agus go buan, agus ba cheart Teachtaireacht shonrach ón gCoimisiún a bheith mar thoradh air sin.

Ba cheart feabhas a chur ar éifeachtacht an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, trí bhealaí nua a fhiosrú, e.g. úsáid uirlisí digiteacha, chun rannpháirtíocht daoine óga agus daoine ó ghrúpaí leochaileacha go háirithe a mhéadú.

An Bhruiséil, an 30 Deireadh Fómhair 2019.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Luca JAHIER


(1)  Staidéar PE dar teideal Global Trends to 2035 [Treochtaí Domhanda go dtí 2035] agus tuarascáil ESPAS (an Córas Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais) Global Trends to 2030: Challenges and Choices for Europe [Treochtaí Domhanda go dtí 2030: Dúshláin agus Roghanna don Eoraip], an 9 Aibreán 2019.

(2)  Supporting the Sustainable Development Goals across the world: the 2019 joint synthesis report of the European Union and its member states [Ag tacú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar fud an domhain: tuarascáil chomhpháirteach sintéise 2019 ón Aontas Eorpach gona Bhallstáit], an 16 Bealtaine 2019.

(3)  Dearbhú na nAirí maidir le Solidarity and Just Transition Silesia Declaration [Dearbhú na Siléise maidir le Dlúthpháirtíocht agus Aistriú Cóir], a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí le linn 24ú Comhdháil na bPáirtithe (COP24) de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), an 3 Nollaig 2018 in Katowice na Polainne.

(4)  Tuairim ó CESE an 26 Meán Fómhair 2019 maidir leis an bPáipéar Machnaimh: I dtreo Eoraip Inbhuanaithe faoi 2030 (nár foilsíodh fós san IO).

(5)  Tuairim ó CESE an 13 Márta 2019 maidir le hÉisteacht le Saoránaigh na hEorpa ar mhaithe le Todhchaí Inbhuanaithe (Sibiu agus níos faide i gcéin), (IO C 228, 5.7.2019, lch. 37) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(6)  Tuairim ó CESE an 25 Eanáir 2017 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, (IO C 125, 21.4.2017, lch. 10) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(7)  A Union that strives for more – My agenda for Europe – Political guidelines for the next European Commission 2019-2024 [Aontas a fhéachann le tuilleadh a dhéanamh – An clár oibre agamsa don Eoraip – Treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024].

(8)  Cinneadh 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid”, (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).

(9)  Féach fonóta 5.

(10)  Réamhaisnéis Samhraidh CE 2019 https://ec.europa.eu/info/business-economy-euro/economic-performance-and-forecasts/economic-forecasts/summer-2019-economic-forecast-growth-clouded-external-factors_en.

(11)  Tuairim ó CESE an 24 Eanáir 2019 maidir leis an Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, (IO C 159, 10.5.2019, lch. 49) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(12)  Tuarascáil ECFE an 1 Márta 2019 Going beyond GDP: Measuring What Counts for Economic and Social Performance [OTI agus thairsti: an rud is tábhachtaí le haghaidh feidhmíocht eacnamaíoch agus shóisialta a thomhas] agus Tuairim ó CESE an 29 Márta 2012 maidir le OTI agus thairsti — rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i roghnú táscairí comhlántacha, (IO C 181, 21.6.2012, lch. 14) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(13)  Tuairim ó CESE an 17 Iúil 2019 maidir le ról nua na seirbhísí fostaíochta poiblí (PES) i gcomhthéacs chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, (IO C 353, 18.10.2019, lch. 46) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(14)  Interinstitutional Proclamation on the European Pillar of Social Rights [Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta], (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).

(15)  Rún arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015: I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

(16)  Féach go háirithe, Tuairim an 24 Eanáir 2019 maidir le Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, (IO C 159, 10.5.2019, lch. 49) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil) agus Tuairimí an 14 Feabhra 2018 maidir le Ceachtanna a foghlaimíodh chun Géire na mBeartas Déine san Aontas a sheachaint, (IO C 227, 28.6.2018, lch. 1) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil), an 18 Eanáir 2018 maidir le Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, (IO C 197, 8.6.2018, lch. 33) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil), an 10 Iúil 2013 maidir leis an bPáipéar Uaine maidir le Maoiniú Fadtéarmach Gheilleagar na hEorpa, (IO C 327, 12.11.2013, lch. 11) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil), an 26 Márta 2014 maidir le Tionchar na hInfheistíochta Sóisialta ar Fhostaíocht agus ar Bhuiséid Phoiblí, (IO C 226, 16.7.2014, lch. 21) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil), an 14 Aibreán 2018 maidir le Maoiniú Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, (IO C 262, 25.7.2018, lch. 1) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil) agus an 20 Feabhra 2019 maidir le Suirbhé Bliantúil Fáis 2019: Ar mhaithe le hEoraip níos Láidre i bhfianaise na hÉiginnteachta Domhanda, (IO C 190, 5.6.2019, lch. 24) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(17)  Féach fonóta 5.

(18)  Tuairim ó CESE an 17 Deireadh Fómhair 2018 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (ESF+), (IO C 62, 15.2.2019, lch. 165) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(19)  Féach fonóta 5.

(20)  Tuairim ó CESE an 17 Deireadh Fómhair 2018 maidir le Comhshocrú Eorpach Maoinithe don Aeráid, (IO C 62, 15.2.2019, lch. 8) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(21)  Féach fonóta 5.

(22)  Tuarascáil ó Choimisiún Domhanda na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Todhchaí na hOibre – Work for a brighter future [Obair ar Mhaithe le Todhchaí Níos Fearr], 22 Eanáir 2019. Cuirtear an tsláinte agus an tsábháilteacht i láthair sa tuarascáil seo mar chuid den Ráthaíocht Saothair Uilíoch.

(23)  Tuairim ó CESE an 25 Meán Fómhair 2019 – Achoimre ar Chostais agus Sochair na nInfheistíochtaí i Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair (OSH) (nár foilsíodh fós san IO)

(24)  Employment and social development in Europe 2019 [Fostaíocht agus Forbairt Shóisialta san Eoraip 2019]. Athbhreithniú ráithiúil an 26 Márta 2019.

(25)  Tuairim ó CESE an 25 Meán Fómhair 2019 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta – meastóireacht ar an gcur chun feidhme tosaigh agus moltaí don todhchaí (nár foilsíodh fós san IO).

(26)  Tuairim ó CESE an 21 Meán Fómhair 2017 maidir leis an Aistriú i dTreo Todhchaí níos Inbhuanaithe don Eoraip – straitéis do 2050, (IO C 81, 2.3.2018, lch. 44) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(27)  Féach fonóta 5.

(28)  Tuairim ó CESE maidir leis an Aistriú i dTreo Geilleagar Eorpach níos Athléimní agus níos Inbhuanaithe, (IO C 353, 18.10.2019, lch. 23) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(29)  Féach fonóta 11.

(30)  Tuairim ó CESE an 20 Feabhra 2019 – Le haghaidh Creat-Treoir Eorpach maidir le hIoncam Íosta, ( IO C 190, 5.6.2019, lch. 1) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(31)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1092&intPageId=2312&langId=en

(32)  https://emin-eu.net/what-is-emin/

(33)  Féach fonóta 16.

(34)  Féach fonóta 25.

(35)  Féach fonóta 11.

(36)  Eurofound (2019), Future of manufacturing - Energy scenario: Employment implications of the Paris Climate Agreement [Todhchaí na Monaraíochta – Cás an fhuinnimh; Impleachtaí Fostaíochta Chomhaontú Pháras], Tuarascáil Taighde ó Eurofound, Feabhra 2019.

(37)  Tuairim ó CESE an 17 Iúil 2019 maidir le Dearcadh earnáil na tionsclaíochta maidir leis an mbeartas aeráide agus an beartas fuinnimh a thabhairt le chéile, (IO C 353, 18.10, 2019, lch. 59) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(38)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2019 Guidelines on non-financial reporting: Supplement on reporting climate-related information [Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais: forlíonadh ar thuairisciú ar fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid].

(39)  Tuairim ó CESE an 17 Deireadh Fómhair 2018 maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (COM(2018) 353 críochnaitheach – 2018/0178 (COD)) agus maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin (COM(2018) 355 críochnaitheach - 2018/0180 (COD)) (IO C 62, 15.2.2019, lch. 103) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(40)  Féach fonóta 25.

(41)  Féach fonóta 5.

(42)  Féach fonóta 19.

(43)  Féach fonóta 7.

(44)  Féach fonóta 19.

(45)  Féach fonóta 38.

(46)  Féach fonóta 19.

(47)  Tuairim ó CESE an 17 Deireadh Fómhair 2018 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Banc Ceannais Eorpach, Coiste Eacnaíomach agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún) - Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a mhaoiniú (COM(2018) 97 críochnaitheach) (IO C 62, 15.2.2019, lch. 73) (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(48)  Tuairim ó CESE an 19 Meitheamh 2019 dar teideal Seirbhísí Bunriachtanacha a chur chun cinn chun gur fearr a chuirfear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme, IO C 282, 20.8.2019, lch. 7 (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(49)  Féach fonóta 5.

(50)  Tuairim ó CESE an 14 Feabhra 2018 dar teideal Na Caibidlí maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe i gComhaontuithe Saorthrádála an Aontais Eorpaigh, IO C 227, 26.8.2018, lch. 27 (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(51)  Tuairim ó CESE an 17 Iúil 2019 dar teideal Dearcadh earnáil na tionsclaíochta maidir leis an mbeartas aeráide agus an beartas fuinnimh a thabhairt le chéile, IO C 353, 18.10, 2019, lch. 59 (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(52)  Féach fonóta 19.

(53)  Tuairim ó CESE an 14 Feabhra 2018 dar teideal Na Caibidlí maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe i gComhaontuithe Saorthrádála an Aontais Eorpaigh, IO C 227, 28.6.2018, lch. 27 (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(54)  Tuairim ó CESE an 12 Iúil 2018 dar teideal Cáin a ghearradh ar bhrabús cuideachtaí ilnáisiúnta sa gheilleagar digiteach, IO C 367, 10.10.2018, lch. 73 (Níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(55)  Tuairim ó CESE an 17 Meán Fómhair 2015 dar teideal Conradh Liospóin a Fheabhsú, IO C 13, 15.1.2016, lch. 183 (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(56)  Féach fonóta 5.

(57)  Tuairim ó CESE an 19 Meán Fómhair 2018 dar teideal An Creat Airgeadais Ilbhliantúil do na Blianta 2021 go 2027, IO C 440, 6.12.2018, lch. 106 (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).

(58)  Féach fonóta 19.

(59)  Féach fonóta 19.

(60)  Tuairim ó CESE an 17 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, IO C 62, 15.2.2019, lch. 90 (níl leagan Gaeilge den Tuairim seo ar fáil).


11.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

15


Rún maidir le “Tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin: Ba cheart creidiúnacht agus leasanna geostraitéiseacha an Aontais Eorpaigh a chaomhnú”

(2020/C 47/02)

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige an 30 agus an 31 Deireadh Fómhair 2019 (cruinniú an 31 Deireadh Fómhair), ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an Rún seo a leanas le 174 vóta ar a shon, 12 vóta ina aghaidh agus 15 staonadh.

1.

Is mór an chúis díomá do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) é gur chinn ceannairí AE, ag an gComhairle Eorpach an 17-18 Deireadh Fómhair, tús na caibidlíochta aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin a chur siar arís de dheasca easpa aontoilíochta idir na Ballstáit.

2.

Is mór an chúis aiféala do CESE é nár comhlíonadh na gealltanais a rinneadh i leith an dá thír sin. Go deimhin, i gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 28 Meitheamh 2018, inar formhuiníodh na conclúidí maidir leis an méadú agus le próiseas na cobhsaíochta agus an chomhlachais arna nglacadh ag an gComhairle an 26 Meitheamh 2018, réitíodh an bealach go soiléir le haghaidh thús na caibidlíochta aontachais i Meitheamh 2019. An 18 Meitheamh 2019, chinn an Chomhairle Eorpach filleadh, tráth nach déanaí ná Deireadh Fómhair 2019, ar an bplé faoi na moltaí ón gCoimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin.

3.

Cuireann CESE i bhfáth, toisc nach ndearnadh aon chinneadh, don dara huair, i leith thús na caibidlíochta leis an dá thír sin a bhfuil na coinníollacha uile comhlíonta acu (1), gurb amhlaidh gur botún geostraitéiseach stairiúil atá ann agus go gcuireann sé creidiúnacht agus iontaofacht AE i mbaol. Bhí an deis ag AE tús a chur leis an gcaibidlíocht ach coinníollacht dhian a chur i bhfeidhm maidir leis an dea-rialachas, cur i bhfeidhm docht na gcritéar ballraíochta a éileamh le linn phróiseas na caibidlíochta agus ionstraimí feabhsaithe a cheapadh chun faireachán a dhéanamh ar an smacht reachta tar éis an aontachais.

4.

Tá CESE suite de go bhfuil gá le dianathbhreithnithe struchtúrtha laistigh de thíortha na mBalcán Thiar chun an réigiún sin a “Eorpú”.

5.

Níl amhras ar bith ar CESE ach go bhfuil a lán saoránach i gcuid de na Ballstáit ag éirí tuirseach den mhéadú. Níl amhras ar bith air ach gur tarraingíodh an aird pholaitiúil a bhí riachtanach don bheartas um méadú ón mbeartas sin mar gheall ar scoilt laistigh de AE faoi shaincheisteanna amhail an inimirce agus an buiséad nua. Mar sin féin, ní féidir neamhaird a thabhairt ar an gcomhdhearcadh polaitiúil ná ar thacaíocht mhór an phobail d’aontachas AE sa Mhacadóin Thuaidh agus san Albáin araon.

6.

Tá daoine óga sna Balcáin Thiar ag súil le cuid mhór ó AE agus níor cheart dúinn fealladh orthu. Tá CESE suite de gur cheart dúinn a áirithiú go mbeadh dearcadh dearfach acu den todhchaí ionas gur féidir leo maireachtáil i réigiún cobhsaí rathúil.

7.

Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta suite dearfa de gur réigiún geostraitéiseach príomha de chuid na hEorpa, agus atá ar leac an dorais againn, iad na Balcáin Thiar, cé gurb amhlaidh go bhfuil an spéis atá ag gníomhaithe domhanda eile sa réigiún á múscailt.

8.

Ag an 7ú Fóram de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar, a d’eagraigh CESE i dTiorána an 16-17 Aibreán 2019, d’athdhearbhaigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa dearbhú deiridh gur chun leas an réigiúin agus AE araon é méadú AE, agus go háirithe scaipeadh a luachanna daonlathacha agus a chaighdeán dlí chuig na Balcáin Thiar, ainneoin na ndúshlán iomadúil atá roimhe faoi láthair (2).

9.

B’iomaí uair a chuir CESE in iúl go bhfuil sé ina chúis imní dó go bhfuil áit na sochaí sibhialta ag laghdú i roinnt tíortha sna Balcáin Thiar agus d’iarr sé ar na húdaráis sna Balcáin Thiar a seacht ndícheall a dhéanamh chun urraim a áirithiú don smacht reachta, do chearta bunúsacha an duine, don athchóiriú breithiúnach, don chomhrac in aghaidh an éillithe agus an idirdhealaithe agus do neamhspleáchas iriseoirí agus do shaoirse an phreasa – cuid de na bunluachanna Eorpacha nach mór do gach Ballstát de chuid AE a urramú. Ní mór an t-idirphlé sóisialta agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta san fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta a spreagadh agus a chur chun cinn go mór.

10.

Leanfaidh CESE de bheith ag obair go dlúth agus go dian leis an tsochaí shibhialta sna Balcáin Thiar le tacú léi agus lena chur in iúl di gurb é an tAontas Eorpach an áit is dual di. Déanfaimid gach ar féidir linn chun an t-athmhuintearas agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn sa réigiún agus beidh seasamh daingean againn i dtaca le méadú AE. Táimid suite de go bhfuil dearcadh soiléir ar aontachas AE riachtanach le haghaidh chobhsaíocht an réigiúin agus tá súil againn go mbeidh an méadú ar cheann de thosaíochtaí AE, ainneoin na ndúshlán iomadúil atá roimhe faoi láthair (3).

11.

Ónár dtaobhna de, trínár ngníomhaíochtaí rialta lenár gcomhpháirtithe ón réigiún – Comhchoistí Comhairliúcháin na Sochaí Sibhialta le Montainéagró agus an tSeirbia, Fóraim na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar, mar aon le Comhdhálacha Ardleibhéil na Sochaí Sibhialta a eagraítear roimh na Cruinnithe Mullaigh idir AE agus na Balcáin Thiar – leanfaimid de bheith mar ghlór ag sochaí shibhialta na mBalcán Thiar agus de ghníomhú mar idirghabhálaí d’institiúidí AE agus do rialtais an réigiúin.

12.

Is mór an chúis sásaimh do CESE é an Rún ó Pharlaimint na hEorpa a glacadh an 24 Deireadh Fómhair 2019 agus dearbhaíonn CESE go bhfuil sé tiomanta go huile agus go hiomlán do thacaíocht a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún Eorpach nua beartas AE um méadú a neartú agus na huirlisí atá ag AE a fheabhsú don chaidreamh leis na Balcáin Thiar.

13.

Molann CESE go mór do na geallsealbhóirí uile gach beart riachtanach a dhéanamh ionas go nglacfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh dearfach d’aon toil roimh an gCruinniú Mullaigh idir AE agus na Balcáin Thiar i Ságrab i mBealtaine 2020. Ina theannta sin, iarraimid ar Uachtaránacht na Cróite ar Chomhairle AE spreagadh nua a thabhairt don phróiseas um méadú le linn an Chruinnithe Mullaigh sin.

An Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2019.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Luca JAHIER


(1)  Conclúidí na Comhairle, Meitheamh 2018.

(2)  An 7ú Fóram de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar: Dearbhú deiridh eesc.europa.eu/ga/agenda/our-events/events/7th-western-balkans-civil-society-forum/final-declarations

(3)  https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/files/7th_eesc_western_balkans_civil_society_forum_-_final_declaration.pdf