ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

62
20 Meitheamh 2019


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Parlaimint na hEorpa

2019/C 209 A/01

Fógra folúntais PE/226/S — Riarthóir, innealtóir foirgníochta (AD 6) (bean nó fear)

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 209 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Parlaimint na hEorpa

20.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/226/S

RIARTHÓIR, INNEALTÓIR FOIRGNÍOCHTA (AD 6)

(bean nó fear)

(2019/C 209 A/01)

 

Tá nós imeachta roghnúcháin á eagrú ag Parlaimint na hEorpa ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun liosta d’iarrthóirí oiriúnacha a bhunú don 12 phost seo a leanas:

RIARTHÓIR, INNEALTÓIR FOIRGNÍOCHTA (AD 6)

(bean nó fear)

Sula ndéanfaidh tú iarratas a chur isteach, ní mór duit an Treoir d’Iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra folúntais seo a léamh go cúramach.

Tugann an Treoir sin, ar cuid dhílis den fhógra folúntais í, soiléiriú ar na rialacha a rialaíonn an nós imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.

CLÁR NA nÁBHAR

A.

CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT (AN PHRÓIFÍL RIACHTANACH)

B.

AN NÓS IMEACHTA

C.

IARRATAIS A CHUR ISTEACH

IARSCRÍBHINN:

TREOIR D’IARRTHÓIRÍ I NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN A EAGRAÍONN PARLAIMINT NA hEORPA IARRATAIS A CHUR ISTEACH

A.   CÚRAIMÍ AGUS INCHÁILITHEACHT (AN PHRÓIFÍL RIACHTANACH)

1.   Faisnéis Ghinearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun 12 phost mar oifigeach (AD 6) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht — An Stiúrthóireacht um an mBonneagar agus An Stiúrthóireacht um Thionscadail Tógála, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1). Is iad na próifílí atá á lorg ná innealtóir (2) foirgníochta agus/nó ailtire sna ceithre réimse seo a leanas:

1)

Bainistiú Saoráide (innealtóir)

2)

Córais foirgníochta (innealtóir le speisialtóireacht i gcórais hiodrálaice, aershreibhe agus leictreachais)

3)

Bainistiú ar thionscadail tógála: oibreacha struchtúir (ailtire nó innealtóir)

4)

Bainistiú ar thionscadail tógála: suiteálacha teicniúla foirgníochta (téamh, aerú, aerchóiriú, leithris, leictreachas (ardvoltas agus ísealvoltas), (innealtóir le speisialtóireacht i suiteálacha teicniúla)

Tabhair do d’aire nach féidir leat iarratas a dhéanamh ach ar cheann amháin den cheithre réimse.

Tá gá le cáilíochtaí speisialaithe do na poist seo, mar atá luaite i Roinn A (3)(b) den fhógra seo.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 6, an chéad chéim, ag a bhfuil buntuarastal de EUR 5 416,58 in aghaidh na míosa. Tá an tuarastal sin faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile dá bhforáiltear sna coinníollacha fostaíochta d’oifigigh an Aontais Eorpaigh (1). Tá sé díolmhaithe ó ghach cáin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí rathúla a oiriúnú, áfach, i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó imthosca an teaghlaigh.

2.   Cúraimí an phoist

Lonnaithe sa Bhruiséil, i Lucsamburg nó in Strasbourg (3), beidh na daoine a earcófar ag déanamh maoirseacht ar bhainistiú na bhfearann agus na dtionscadal foirgníochta i bParlaimint na hEorpa. Ag feidhmiú dóibh faoi cheannas an chinn aonaid, agus faoi chuimsiú na gclár agus na dtosaíochtaí a bheidh sainithe ag na comhlachtaí parlaiminteacha agus a n-ardbhainistíocht, is é a bheidh go príomha sna réimsí agus dualgais ná:

Réimse 1: Bainistiú Saoráide

Clúdaíonn an réimse seo na seirbhísí teicniúla éagsúla agus seirbhísí do na húsáideoirí atá le cur i bhfeidhm le haghaidh dea-bhainistiú agus dea-úsáid na bhfoirgneamh, i gcomhthéacs Bainistiú/Samhaltú Faisnéise Foirgníochta (Building Information Management/Modelling — BIM).

Réimse 2: Córais foirgníochta (córais hiodrálaice, aershreibhe agus leictreachais)

Clúdaíonn an réimse seo bainistiú ar shuiteálacha teicniúla foirgnimh: córais hiodrálaice, aershreibhe agus leictreachais, go háirithe téamh, aerú agus aerchóiriú (HVAC) chomh maith le leithris. Tá bainistiú an chórais slándála dóiteáin ina chuid den réimse sin.

Réimse 3: Bainistiú ar thionscadail tógála: oibreacha struchtúir

Clúdaíonn an réimse seo bainistiú tionscadal, bídís ina dtionscadail tógála le haghaidh foirgnimh nua nó athchóiriú páirteach nó iomlán a dhéanamh ar na foirgnimh atá ann cheana féin.

Réimse 4: Bainistiú ar thionscadail tógála: suiteálacha teicniúla foirgnimh (téamh, aerú, aerchóiriú, leithris, leictreachas (ardvoltas agus ísealvoltas))

Clúdaíonn an réimse seo bainistiú tionscadal chun suiteálacha teicniúla foirgnimh a chur isteach nó a athchóiriú: aerú, aerchóiriú, leithris, leictreachas (ardvoltas agus ísealvoltas), córais leictrimheicniúla agus trealamh ardaithe.

I bhfeidhmiú na gcúraimí seo, éilítear, i measc nithe eile, scileanna anailíse, réasúnaíochta, dréachtaithe, maoirseachta teicniúla agus bainistithe riaracháin, chomh maith le sáreolas praiticiúil ar bhogearraí oifige agus ar uirlisí ríomhchuidithe le haghaidh forbairt agus bainistiú tionscadal. Caithfidh bua maith taidhleoireachta agus an cumas iad féin a chur in iúl go héasca go poiblí a bheith freisin ag na daoine a earcófar, chomh maith le bheith in ann teagmhálacha a choinneáil go héasca le dreamanna éagsúla ó chúlraí polaitíochta, eacnamaíocha agus sóisialta agus a bheith in ann foireann a bhainistiú.

Fágann na dualgais sin go gcaithfear taisteal go minic chuid áiteanna oibre Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le teagmháil a dhéanamh go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint.

3.   Incháilitheacht

Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta agat:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, dioplómaí agus an t-eolas is gá

Beidh agat leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile, a mhair trí bliana ar a laghad, agus céim bainte amach ag a dheireadh atá aitheanta go hoifigiúil le haghaidh ailtire nó innealtóir i réimse na foirgníochta, na tógála nó i gcórais hiodrálaice, aershreibhe, leictrimheicniúla agus leictreachais.

(ii)   An taithí ghairmiúil is gá

Ní mór duit, i ndiaidh duit na cáilíochtaí is gá a bhaint amach faoi Roinn A 3(b)(i), 3 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith agat:

le haghaidh Réimse 1, Bainistiú Saoráide (innealtóir), in earnáil seirbhísí atá bainteach leis an bhfoirgníocht agus/nó le bainistiú suiteálacha teicniúla tionsclaíochta nó i mbainistiú foirgnimh, agus a mbeidh bliain amháin den taithí ghairmiúil sin agat i bhfeidhmiú agus/nó úsáid BIM nó in uirlisí samhlúcháin tionsclaíche;

le haghaidh Réimse 2, Córais Foirgníochta (innealtóir le speisialtóireacht i gcórais hiodrálaice, aershreibhe agus leictreachais), i mbainistiú suiteálacha teicniúla hiodrálaice, aershreibhe agus leictreachais atá mar chuid de threalamh tionsclaíoch agus/nó d’fhoirgnimh;

le haghaidh Réimse 3, Bainistiú tionscadal tógála (ailtire nó innealtóir), i mbainistiú tionscadal comhthráthach – bídís ina dtionscadail tógála le haghaidh foirgnimh nua nó athchóiriú páirteach nó iomlán a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana féin;

le haghaidh Réimse 4, Bainistiú tionscadal i dtógáil suiteálacha teicniúla foirgnimh (téamh, aerú, aerchóiriú, leithris, leictreachas (ardvoltas agus ísealvoltas)) (innealtóir speisialaithe i suiteálacha teicniúla), i mbainistiú tionscadal comhthráthach a bhaineann le suiteálacha teicniúla bídís i dtógáil foirgnimh nua nó in athchóiriú páirteach nó iomlán ar fhoirgnimh atá ann cheana féin.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór duit eolas sármhaith (leibhéal C1 ar a laghad (4)) a bheith agat ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris,

agus

eolas an-mhaith (leibhéal B2 ar a laghad1) ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2).

Ní mór do Theanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh na teangacha do Theanga 2 (Béarla agus Fraincis) sa nós imeachta roghnúcháin seo de réir leas na seirbhíse. Éilítear cáilíochtaí speisialaithe do na poist atá á dtairiscint mar gheall ar an gcineál cúraimí atá le cur i gcrích: scileanna anailíse, dréachtaithe, maoirseachta teicniúla agus bainistithe riaracháin. Caithfidh na daoine nua-earcaithe a bheith in ann a thuiscint cad iad na cúraimí atá le cur i gcrích, agus beidh orthu déileáil le comhaid riaracháin chomh maith le cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le daoine eile lasmuigh den Pharlaimint agus le bainisteoirí agus comhghleacaithe.

Is í an Fhraincis is minice a bhíonn in úsáid sa chumarsáid laistigh de na haonaid sa dá stiúrthóireacht atá ag earcú agus idir na haonaid sin. Tá máistreacht mhaith ar an bhFraincis riachtanach chomh maith chun go mbeidh tuiscint mhaith ag na daoine a earcófar ar an reachtaíocht is infheidhme maidir le foirgnimh agus le haghaidh maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú na bhfearann agus na bhfoirgneamh sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg. Is í freisin an ghnáth-theanga cumarsáide í le daoine lasmuigh den Pharlaimint (soláthraithe seirbhíse, riaracháin agus údaráis áitiúla de réir na rialacha atá i bhfeidhm i réimsí na foirgníochta, na sláintíochta agus na sláinte). Is é an Béarla is mó a bhíonn in úsáid sa chumarsáid leis na stiúrthóireachtaí eile san Ard-Stiúrthóireacht um an mBonneagar agus um Lóistíocht, leis na hArdstiúrthóireachtaí eile, agus le húdaráis pholaitiúla agus riaracháin na hinstitiúide, go háirithe ó thaobh doiciméid a dhréachtú de.

Thairis sin, is i mBéarla agus i bhFraincis a dhéantar na treoracha agus na rialacha is infheidhme maidir le slándáil na bhfoirgneamh a dhréachtú agus ní mór iad a chur ar fáil agus a chur in iúl don phobal sa dá theanga sin.

Dá bhrí sin, agus chun a gcuid cúraimí a ghlacadh orthu féin agus dea-fheidhmiú na seirbhísí a áirithiú, caithfidh na daoine a earcófar a bheith in ann, laistigh de thréimhse réasúnach, oibriú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i gceann amháin ar a laghad den dá theanga sin.

Sa bhreis air sin, chun cóir chomhionann a áirithiú, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann amháin den dá theanga sin ina príomhtheanga oifigiúil aige, eolas sásúil a bheith aige ar an dara teanga díobh.

B.   AN NÓS IMEACHTA

Is ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha a eagrófar an nós imeachta.

1.   Glacadh isteach chuig an nós imeachta roghnúcháin

Más rud é

go comhlíonann tú na coinníollacha ginearálta incháilitheachta,

agus go bhfuil iarratas déanta agat de réir na rialacha a leagtar síos faoin dáta deiridh i gcomhair iarratais,

déanfaidh an coiste roghnúcháin d’iarratas a scrúdú ó thaobh na gcoinníollacha sonracha incháilitheachta de.

Má chomhlíonann tú na coinníollacha sonracha incháilitheachta, déanfaidh an coiste roghnúcháin thú a ghlacadh isteach sa nós imeachta roghnúcháin.

Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt dóibh.

2.   Measúnú ar cháilíochtaí

Ar bhonn tábla measúnaithe a leagfar síos roimh ré, déanfaidh an coiste roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a nglacfar leo sa nós imeachta roghnúcháin agus tarraingeoidh sé suas liosta den 60 iarrthóir is fearr (15 in aghaidh gach réimse), a dtabharfar cuireadh dóibh chuig na trialacha scríofa.

Agus measúnú á dhéanamh ag an gcoiste roghnúcháin ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí, tabharfaidh sé aird ar leith ar na nithe seo a leanas a bheith sa chomhad iarratais:

le haghaidh Réimse 1, Bainistiú Saoráide,

taithí ghairmiúil in eagar oibríochtúil i réimsí éagsúla de Bhainistiú Saoráide, lena n-áirítear:

cothabháil trealaimh;

bainistiú seirbhísí d’úsáideoirí;

bainistiú fearainn foirgneamh;

taithí ghairmiúil i gcur i bhfeidhm agus úsáid BIM, go háirithe:

tarraingt suas agus/nó úsáid doiciméadachta in BIM;

úsáid bogearraí físe le haghaidh samhlacha digiteacha d’fhoirgnimh;

úsáid bogearraí le haghaidh cruthú múnlaí digiteacha do threalamh agus/nó d’fhoirgnimh;

taithí ghairmiúil i gcruthú agus/nó in úsáid uirlisí eagar faisnéise, lena n-áirítear:

formhaoirseacht ar chomhlíonadh conarthaí (costáil agus faireachán, sceidealú etc.);

cúraimí a leithdháileadh ar dhaoine i bhfoireann;

taithí ghairmiúil i nósanna imeachta soláthair phoiblí;

le haghaidh Réimse 2, Córais Foirgníochta (córais hiodrálaice, aershreibhe agus leictreachais),

taithí ghairmiúil i mbainistiú na réimsí éagsúla de shuiteálacha foirgníochta (córais hiodrálaice, aershreibhe agus leictreachais):

méidbhreithniú trealaimh;

formhaoirseacht ar shuiteáil trealaimh;

anailís agus réiteach fadhbanna i gcás trealamh atá curtha in úsáid;

oibríochtaí cothabhála trealaimh a dhéanamh agus/nó a mhaoirsiú;

taithí ghairmiúil i mbainistiú teicniúil ar chórais sábháilteachta dóiteáin:

cothabháil a dhéanamh agus/nó a fhormhaoirsiú i gcás na gcomhchodanna den chóras i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm sa Bheilg, sa Fhrainc nó i Lucsamburg;

taithí i measúnuithe feidhmiúla sábháilteachta dóiteáin a tharraingt suas i gcomhthéacs oibreacha feistithe;

taithí ghairmiúil sna réimsí seo a leanas:

meastóireacht ar chostais oibríochta agus fíorú iarbhír na gcostas sin;

formhaoirseacht ar thionscadail;

bainistiú ar ghnéithe riaracháin agus dlíthiúla conarthaí;

taithí ghairmiúil i nósanna imeachta soláthair phoiblí;

le haghaidh Réimse 3, Bainistiú tionscadal tógála, oibreacha struchtúir

taithí ghairmiúil san ailtireacht, go sonrach:

dearadh go ginearálta;

úsáid comhpháirteanna agus ábhar;

feidhmíocht chomhshaoil;

inrochtaineacht;

cosc dóiteáin;

taithí ghairmiúil i ndisciplíní foirgníochta eile agus i gcomhordú teicniúil;

taithí ghairmiúil sna céimeanna éagsúla de thionscadail, ón gcomhairliúchán leis na húsáideoirí go dtí oibríochtaí a choimisiúnú agus faireachán ar bharántaí;

taithí ghairmiúil sna gnéithe éagsúla de bhainistiú tionscadal;

taithí ghairmiúil i nDearadh Ríomhchuidithe (CAD), idir dháthoiseach, thríthoiseach agus BIM;

taithí ghairmiúil sna réimsí seo a leanas:

meastóireacht ar chostais oibríochta agus fíorú iarbhír na gcostas sin;

bainistiú ar ghnéithe riaracháin agus dlíthiúla conarthaí;

bainistiú ar fhoireann agus/nó ar raon rannpháirtithe i dtionscadal;

nósanna imeachta soláthair phoiblí;

le haghaidh Réimse 4, Bainistiú tionscadal tógála, suiteálacha teicniúla foirgnimh (téamh, aerú, aerchóiriú, leithris, leictreachas (ardvoltas agus ísealvoltas));

taithí ghairmiúil sna réimsí éagsúla de shuiteálacha teicniúla, go sonrach:

dearadh go ginearálta;

méidbhreithniú trealaimh;

trealamh a shuiteáil agus a choimisiúnú;

anailís agus réiteach fadhbanna i gcás trealamh atá curtha in úsáid;

feidhmíocht chomhshaoil;

acmhainn chothabhála;

cosc dóiteáin;

taithí ghairmiúil i ndisciplíní foirgníochta eile agus i gcomhordú teicniúil;

taithí ghairmiúil sna céimeanna éagsúla de thionscadail, ón gcomhairliúchán leis na húsáideoirí go dtí oibríochtaí a choimisiúnú agus faireachán ar bharántaí;

taithí ghairmiúil sna gnéithe éagsúla de bhainistiú tionscadal;

taithí ghairmiúil i nDearadh Ríomhchuidithe (CAD), idir dháthoiseach, thríthoiseach agus BIM;

taithí ghairmiúil sna réimsí seo a leanas:

meastóireacht ar chostais oibríochta agus fíorú iarbhír na gcostas sin;

bainistiú ar ghnéithe riaracháin agus dlíthiúla conarthaí;

bainistiú ar fhoireann agus/nó ar raon rannpháirtithe i dtionscadal;

nósanna imeachta soláthair phoiblí.

Marcanna: ó 0 go 20 pointe.

3.   Trialacha

Triail scríofa

(a)

Triail cheapadóireachta i dTeanga 2 (Béarla nó Fraincis), bunaithe ar chomhad, chun measúnú a dhéanamh ar d’inniúlacht na feidhmeanna a dtugtar tuairisc orthu faoi Roinn A 2, sa réimse a roghnaíonn tú, a fheidhmiú chomh maith le measúnú a dhéanamh ar do chumas dréachtú a dhéanamh.

Fad ama na trialach: 3 huaire an chloig.

Marcanna: ó 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

Trialacha cainte

(b)

Agallamh leis an gcoiste roghnúcháin i dTeanga 2 (Béarla nó Fraincis) ina ndéanfar measúnú, i bhfianaise na faisnéise uile sa chomhad iarratais, ar do chumas na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu i Roinn A 2, sa réimse a roghnaíonn tú, a fheidhmiú. Féadfaidh an coiste roghnúcháin a chinneadh tástáil a dhéanamh ar d’eolas ar theangacha a bheidh sonraithe i d’iarratas agat.

Uasfhad ama na trialach: 45 nóiméad.

Marcanna: ó 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe).

(c)

Triail ghrúpdhíospóireachta i dTeanga 2 (Béarla nó Fraincis) ionas go mbeidh an coiste roghnúcháin in ann measúnú a dhéanamh ar d’inoiriúnaitheacht, ar do chumas caibidlíochta, ar do chumas cinnteoireachta agus ar d’iompar laistigh de ghrúpa.

Déanfaidh an coiste roghnúcháin fad na trialach sin a shainiú de réir chomhdhéanamh críochnaitheach na ngrúpaí.

Marcanna: ó 0 go 20 pointe (pasmharc: 10 bpointe).

4.   Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Beidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, de réir ord tuillteanais, le haghaidh gach réimse an 6 iarrthóir ag a mbeidh na marcanna is airde san iomlán sa nós imeachta (an measúnú ar cháilíochtaí agus na trialacha) agus ar éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach triail.

Cuirfear do chuid torthaí in iúl duit i gcumarsáid i scríbhinn.

Fógrófar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha ar na cláir fógraí i bhfoirgnimh Pharlaimint na hEorpa. Rachaidh bailíocht an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha in éag an 31 Nollaig 2022. Féadfar bailíocht an liosta a fhadú. Sa chás go bhfadaítear bailíocht an liosta, cuirfear an méid sin in iúl luath go maith do na daoine atá ar an liosta.

Sa chás go ndéantar post a thairiscint duit, caithfidh tú, chun críocha creidiúnúcháin, na doiciméid bhunaidh uile a éilítear a chur isteach, go háirithe dioplómaí agus deimhniúcháin oibre.

C.   IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Ní foláir duit an fhoirm iarratais oifigiúil (an fhoirm bhunaidh nó cóip de) a chomhlánú, ar foirm í a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo agus atá foilsithe san Iris Oifigiúil seo ag Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. Ní fhéadfaidh tú ach réimse amháin as na ceithre réimse atá molta a roghnú.

Iarrtar ort an Treoir d’Iarrthóirí a léamh go cúramach sula gcomhlánóidh tú an fhoirm iarratais.

Dáta deiridh do na hiarratais

Ní foláir an fhoirm iarratais agus fótachóipeanna de na doiciméid a sheoladh leis an bpost cláraithe (5), agus ar an tslí sin amháin, tráth nach déanaí ná an 22 Iúil 2019 (arna fhianú leis an bpostmharc) chuig an seoladh poist seo a leanas:

PARLEMENT EUROPÉEN

Unité Sélection des talents – MON 05 S030

Procédure de sélection PE/226/S

(ní foláir uimhir thagartha an nós imeachta roghnúcháin seo a chur in iúl)

60 rue Wiertz

1047 Bruxelles

Belgique

Ní chuirfear san áireamh na hiarratais a bheidh seolta tríd an bpost neamhchláraithe nó tríd an bpost inmheánach. Ní ghlacfaidh an tAonad um Roghnú Tallainne le hiarratais a chur isteach trí lámhsheachadadh.

Ní sheolfar aon admháil go bhfuarthas na comhaid iarratais ach amháin má tá admháil fála ag gabháil leis an bpost cláraithe.

Iarrtar ort GAN GLAO TEILEAFÓIN a dhéanamh chun eolas a fháil faoi sceideal an nós imeachta.

Mura mbeidh teachtaireacht ríomhphoist faighte agat i dtaobh d’iarratais roimh an 31 Deireadh Fómhair 2019, iarrtar ort teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig PE-226-S@ep.europa.eu.


(1)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(2)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(3)  D’fhéadfaí na poist seo a aistriú go dtí ceann de na háiteanna oibre eile atá ag Parlaimint na hEorpa.

(4)  Féach Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) — https://europass.cedefop.europa.eu/sites/default/files/cefr-en.pdf

(5)  Measfar gurb ionann an comhad a sheoladh le seirbhís phríobháideach chúiréireachta agus é a sheoladh leis an bpost cláraithe. Sa chás go ndéanfar an seoladh le cuideachta phríobháideach chúiréireachta, glacfar leis an dáta ar an bhfoirm seachadta mar dháta an tseolta.


IARSCRÍBHINN

Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa Leathanach

Leathanach

1.

RÉAMHRÁ

11

 

Cén leagan amach a bhíonn ar nós imeachta roghnúcháin?

11

2.

NA CÉIMEANNA SA NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

11

 

Glacadh le comhaid iarratais

11

 

Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta

12

 

Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha sonracha

12

 

Measúnú ar cháilíochtaí

13

 

Trialacha

13

 

Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

13

3.

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH?

13

 

Faisnéis Ghinearálta

13

 

Conas comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach?

13

 

Cad iad na doiciméid tacaíochta nach mór a iniamh leis an gcomhad iarratais?

14

 

Faisnéis Ghinearálta

14

 

Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha ginearálta á gcomhlíonadh

14

 

Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha sonracha á gcomhlíonadh agus le haghaidh cáilíochtaí a mheasúnú

14

4.

CUMARSÁID

15

5.

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

16

 

Comhionannas Deiseanna

16

 

Iarrataí ó iarrthóirí ar fhaisnéis a bhaineann leo a rochtain

16

 

Cosaint sonraí pearsanta

17

 

Speansais taistil agus cothaithe

17

IARSCRÍBHINN I

18

IARSCRÍBHINN II

21

1.   RÉAMHRÁ

Cén leagan amach a bhíonn ar nós imeachta roghnúcháin?

Sraith céimeanna atá sa nós imeachta roghnúcháin ina dtéann na hiarrthóirí in iomaíocht lena chéile; tá an nós imeachta ar oscailt do gach saoránach den Aontas Eorpach a chomhlíonann na critéir riachtanacha faoin dáta atá socraithe chun na hiarratais a chur isteach, ar nós imeachta é a thugann deis chothrom do na hiarrthóirí go léir a scileanna a léiriú agus a thugann an deis roghnú a dhéanamh bunaithe ar thuillteanas, agus ag an am céanna prionsabal na córa comhionainne á urramú.

Déantar na hiarrthóirí a n-éiríonn leo sa nós imeachta roghnúcháin a chur ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha as a roghnaíonn Parlaimint na hEorpa duine don phost a luaitear san fhógra folúntais.

I gcás gach nós imeachta roghnúcháin, déantar coiste roghnúcháin a cheapadh atá comhdhéanta de chomhaltaí atá ina n-ionadaithe ar an Riarachán agus ar an gCoiste Foirne. Is ar mhodh rúin a dhéantar obair an choiste roghnúcháin agus cuirtear an obair sin i gcrích i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1).

Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon teagmháil a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, leis an gcoiste roghnúcháin. Forchoimeádann an t-údarás ceapacháin an ceart gach iarrthóir a sháraíonn an treoir sin a eisiamh as an gcomórtas.

Déanann an coiste roghnúcháin na critéir incháilitheachta, arna leagan síos san fhógra folúntais, a chur i bhfeidhm go diongbháilte le linn dó cinneadh a dhéanamh maidir le gach iarrathóir i dtaobh an nglacfaidh sé lena iarratas nó nach nglacfaidh. Má glacadh le hiarrthóir i gcomórtas nó i nós imeachta roghnúcháin roimhe seo, ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad incháilithe go huathoibríoch don nós imeachta seo.

Chun go ndéanfar na hiarrthóirí is fearr a roghnú, déanfaidh an coiste roghnúcháin comparáid idir feidhmíocht na n-iarrthóirí chun breithniú a dhéanamh ar a gcumas na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu san fhógra a chomhall. Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil ar an gcoiste an leibhéal eolais a mheas ach ní foláir dó freisin na daoine is fearr atá cáilithe don phost a aithint, bunaithe ar thuillteanas na n-iarrthóirí.

Tabhair do d’aire, le do thoil, go dtógann sé idir 6 agus 9 mí nós imeachta roghnúcháin a thabhairt chun críche, ag brath ar an líon iarrthóirí.

2.   NA CÉIMEANNA SA NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

Tá na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta roghnúcháin:

glacadh le comhaid iarratais;

scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta;

scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha sonracha;

measúnú ar cháilíochtaí;

trialacha;

liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

Glacadh le comhaid iarratais

Ní foláir do na hiarrthóirí a shocraíonn iarratas a dhéanamh comhad iarratais iomlán a chur isteach ina mbeidh an fhoirm iarratais a ghabhann leis an bhfógra folúntais, í comhlánaithe agus sínithe, agus a mbeidh gach doiciméad tacaíochta a éilítear chun a léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta agus na coinníollacha sonracha a leagtar amach san fhógra folúntais ag gabháil léi, nó mura ndéanfaidh siad an méid sin déanfar iad a eisiamh as an nós imeachta. Ní foláir an comhad sin a sheoladh leis an bpost cláraithe faoin dáta deiridh atá leagtha síos san fhógra folúntais (measfar gurb ionann an comhad a sheoladh trí chuideachta phríobháideach chúiréireachta agus an comhad a sheoladh leis an bpost cláraithe. Sa chás go ndéantar an seoladh le cuideachta phríobháideach chúiréireachta, glacfar leis an dáta ar an bhfoirm seachadta mar dháta an tseolta. Féach Roinn C den fhógra folúntais, mar a bhfuil an seoladh agus an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach.

Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta

Scrúdóidh an tAonad um Roghnú Tallainne an féidir glacadh leis na hiarratais, is é sin le rá, an ndearnadh na hiarratais a chur isteach ar an modh iomchuí agus faoin dáta deiridh a shonraítear san fhógra folúntais agus an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha ginearálta incháilitheachta.

Dá réir sin, déanfar iarrthóirí a eisiamh go huathoibríoch más rud é:

go seoltar an comhad iarratais tar éis an dáta deiridh, arna fhianú ag an bpostmharc nó le foirm seachadta na cuideachta príobháidí cúiréireachta; nó

nach seoltar an comhad iarratais leis an bpost cláraithe ná le cuideachta phríobháideach chúiréireachta;nó

nach mbaintear leas as an bhfoirm iarratais a ghabhann leis an bhfógra folúntais; nó

nach bhfuil an fhoirm iarratais a ghabhann leis an bhfógra folúntais comhlánaithe go cuí; nó

nach bhfuil an fhoirm iarratais sínithe; nó

nach gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta incháilitheachta.

Cuirfear in iúl go díreach do na hiarrthóirí má diúltaíodh dá n-iarratas agus déanfar é sin tar éis an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach .

Déanfaidh an t-údarás ceapacháin liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a shonraítear san fhógra folúntais a tharraingt suas agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig an gcoiste roghnúcháin.

Scrúdú an gcomhlíontar na coinníollacha sonracha

Déanann an coiste roghnúcháin na comhaid iarratais a scrúdú agus tarraingíonn sé suas liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha sonracha a leagtar amach san fhógra folúntais. Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt dóibh .

Ní foláir mionsonraí iomlána maidir le cúrsaí léinn, le hoiliúint, le heolas ar theangacha agus, más gá, le taithí ghairmiúil a bheith tugtha san fhoirm iarratais, eadhon:

i gcás cúrsaí léinn: an dáta tosaigh agus an dáta críochnaithe do gach cúrsa, mar aon leis an gcineál dioplóma nó dioplómaí, lena n-áirítear na hábhair a ndearnadh staidéar orthu;

i gcás na taithí gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist: an dáta tosaigh agus an dáta críochnaithe do gach tréimhse iomchuí agus tuairisc bheacht ar an gcineál cúraimí a bhí le comhall.

Maidir le hiarrthóirí a bhfuil saothair léinn, ailt nó téacsanna eile foilsithe acu, agus atá ábhartha do chúraimí an phoist, ba cheart dóibh iad sin a lua san fhoirm iarratais.

Déanfar na hiarrthóirí nach gcomhlíonann na coinníollacha sonracha incháilitheachta, arna leagan síos san fhógra folúntais, a eisiamh ag an gcéim seo.

Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas i litir i dtaobh chinneadh an choiste roghnúcháin i leith glacadh nó gan glacadh lena iarratas sa nós imeachta.

Measúnú ar cháilíochtaí

Chun iarrthóirí a roghnú a dtabharfar cuireadh chuig na trialacha dóibh, déanfaidh an coiste roghnúcháin meastóireacht ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí a mbeidh glactha leo chuig an gcéim seo den nós imeachta. Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha sna foirmeacha iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt dóibh (féach Pointe 3 thíos). Bunóidh an coiste roghnúcháin a chuid oibre ar na critéir a bheidh socraithe roimh ré agus aird á tabhairt aige go háirithe ar na cáilíochtaí a shonraítear i Roinn B 2 den fhógra folúntais.

Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas i litir i dtaobh chinneadh an choiste roghnúcháin i leith glacadh nó gan glacadh leis ag céim na dtrialacha.

Trialacha

Tá na trialacha go léir éigeantach agus tá feidhm díbeartha ag roinnt leo. Tá an líon uasta d’iarrthóirí a nglacfar leo i gcomhair na dtrialacha leagtha síos i Roinn B 2 den fhógra folúntais.

Ar chúiseanna eagraíochtúla, d’fhéadfaí a iarraidh ar na hiarrthóirí na trialacha scríofa agus cainte uile a dhéanamh ag an am céanna. Mar sin féin, déanfar na trialacha sin a cheartú san ord ina bhfuil siad san fhógra folúntais. Dá réir sin, mura mbainfidh iarrthóir amach an pasmharc atá riachtanach i gceann de na trialacha, ní mharcálfaidh an coiste roghnúcháin na trialacha a leanann.

Más rud é nach ndéanfaidh iarrthóir na trialacha go léir, ní mharcálfar ceachtar acu.

Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Ní dhéanfar ach an líon uasta iarrthóirí, mar a leagtar síos i Roinn B 4 den fhógra folúntais, a chur ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

Is ionann ainm iarrthóra a bheith ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha agus go bhféadfaidh ceann de sheirbhísí na hinstitiúide cuireadh chun agallaimh a thabhairt don duine sin, ach ní hionann é sin agus ceart ná ráthaíocht go ndéanfaidh an institiúid é a earcú.

3.   CONAS IARRATAS A DHÉANAMH?

Faisnéis Ghinearálta

Sula ndéanfar iarratas, ba cheart do na hiarrthóirí a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála go léir, idir choinníollacha ginearálta agus choinníollacha sonracha, rud a chiallaíonn gur cheart dóibh ar dtús an fógra folúntais agus an treoir seo a léamh go cúramach agus aird chuí a thabhairt ar na coinníollacha a leagtar amach iontu.

Bíodh is nach bhfuil aon teorainn aoise leagtha síos sna fógraí folúntais, tugtar ar aire go bhfuil an aois scoir don fhoireann leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

Ní foláir do na hiarrthóirí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais (an leagan bunaidh nó cóip de) atá ag gabháil leis an bhfógra folúntais agus atá foilsithe san Iris Oifigiúil seo ag Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

Ní chuirfear san áireamh doiciméid a sheoltar i ndiaidh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh.

Maidir le hiarrthóirí faoi mhíchumas nó iarrthóirí atá i gcúinsí ar leith a d’fhágfadh go bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu le linn na dtrialacha (e.g. iad a bheith torrach nó leanbh acu atá fós á chothú ar an gcíoch, nó mar gheall go bhfuil fadhbanna sláinte acu nó go bhfuil siad faoi chóir dochtúra), ní foláir dóibh an méid sin a thabhairt le fios ar an bhfoirm iarratais agus aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar ionas go mbeidh an riarachán in ann, más féidir, bearta iomchuí a ghlacadh. Más iomchuí, ba cheart go leagfadh siad amach ina bhfoirm iarratais, ar bhileog ar leithligh, aon socruithe speisialta a mheasann siad a bheith riachtanach chun a rannpháirtíocht sna trialacha a éascú.

Conas comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach?

1)

Comhlánaigh agus sínigh an fhoirm iarratais atá ag gabháil leis an bhfógra folúntais.

2)

Cuir faoi iamh liosta de na doiciméid tacaíochta go léir atá i gceangal leis an gcomhad, á léiriú duit cén uimhir atá tugtha do gach ceann agat.

3)

Cuir faoi iamh na doiciméid tacaíochta riachtanacha go léir, agus bíodh siad uimhrithe ar dtús agat.

4)

Cuir isteach an comhad iarratais de réir an mhodha a shonraítear san fhógra folúntais agus faoin dáta deiridh a leagtar síos san fhógra folúntais.

Cad iad na doiciméid tacaíochta nach mór a iniamh leis an gcomhad iarratais?

Faisnéis Ghinearálta

Níor cheart leagan bunaidh de na doiciméid a chur isteach; níor cheart ach fótachóipeanna nach bhfuil fíordheimhnithe de na doiciméid a éilítear a chur faoi iamh. Ní fhéadfar tagairtí do shuíomhanna gréasáin a mheas mar dhoiciméid tacaíochta chun na críche sin. Ní mheastar gur deimhniúcháin iad as phriontaí de leathanaigh as suíomh gréasáin, ach féadfar iad a chur faoi iamh mar fhaisnéis bhreise agus chuige sin amháin.

Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar an bhfíoras go mbeidh ar iarrthóirí a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha agus a ndéanfar post a thairiscint dóibh na leaganacha bunaidh de gach doiciméad riachtanach a thabhairt ar aird sula bhféadfar na hiarrthóirí sin a earcú.

Ní mheastar gur doiciméad tacaíochta atá in curriculum vitae.

Ní fhéadfaidh na hiarrthóirí tagairt a dhéanamh d’fhoirmeacha iarratais ná do dhoiciméid eile a cuireadh isteach mar chuid d’iarratas a rinneadh roimhe sin (2).

Ní sheolfar aon cheann de na doiciméid atá sa chomhad ar ais chuig na hiarrthóirí.

Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha ginearálta á gcomhlíonadh

Ní iarrtar doiciméad ar bith ag an bpointe seo chun a chruthú:

gur náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad na hiarrthóirí;

go bhfuil a lánchearta mar shaoránach á dteachtadh ag na hiarrthóirí;

go bhfuil a ndualgais comhlíonta ag na hiarrthóirí i ndáil leis na hoibleagáidí míleata is infheidhme de réir dlí;

go bhfuil na teistiméireachtaí carachtair ag na hiarrthóirí is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

Ní mór do na hiarrthóirí an fhoirm iarratais a shíniú. Is leis an síniú sin a dhearbhaíonn na hiarrthóirí ar a n-onóir go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh acu agus go bhfuil an fhaisnéis a thugann siad fíor agus iomlán.

Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha sonracha á gcomhlíonadh agus le haghaidh cáilíochtaí a mheasúnú

Tá ar na hiarrthóirí an fhaisnéis go léir agus na doiciméid uile a sholáthar don choiste roghnúcháin a chuirfidh ar chumas an choiste sin beachtas na faisnéise atá tugtha san fhoirm iarratais a fhíordheimhniú.

Dioplómaí agus/nó teastais lena ndeimhnítear gur bhain na hiarrthóirí cáilíocht amach i gcúrsa léinn

Ní foláir do na hiarrthóirí fótachóip a sholáthar de na dioplómaí nó teastais atá acu lena ndeimhnítear gur bhain siad cáilíocht amach i gcúrsa léinn ar an leibhéal a éilítear san fhógra folúntais.

Tabharfaidh an coiste roghnúcháin aird ar chórais dhifriúla oideachais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Maidir le dioplómaí tríú leibhéal, ní foláir an fhaisnéis is mionsonraithe agus is féidir a chur ar fáil, go háirithe maidir leis na hábhair a ndearnadh staidéar orthu agus an tréimhse a mhair na cúrsaí, ionas go mbeidh ar chumas an choiste roghnúcháin a mheas cé chomh hábhartha do chúraimí an phoist atá na dioplómaí sin.

Maidir le hoiliúint theicniúil nó ghairmiúil, nó le cúrsaí breisoideachais nó speisialtóireachta, ní foláir do na hiarrthóirí a chur in iúl an cúrsaí lánaimseartha, cúrsaí páirtaimseartha nó ranganna oíche a bhí i gceist leo, agus na hábhair a rinneadh mar aon le fad oifigiúil na gcúrsaí a chur in iúl chomh maith.

Taithí ghairmiúil

Más rud é go n-éilítear taithí ghairmiúil san fhógra folúntais, ní chuirfear san áireamh ach amháin an taithí ghairmiúil a bheidh faighte ag an iarrthóir i ndiaidh dó an dioplóma nó an cháilíocht léinn is gá a bhaint amach. Ní foláir cruthúnas a bheith sna doiciméid tacaíochta de thréimhse agus leibhéal na taithí gairmiúla agus ní mór an cineál cúraimí a cuireadh i gcrích a thabhairt chomh mionsonraithe agus is féidir ionas go mbeidh ar chumas an choiste roghnúcháin a mheas cé chomh hábhartha do chúraimí an phoist atá an taithí ghairmiúil sin.

Ní foláir go mbeadh doiciméad tacaíochta ann le aghaidh gach tréimhse d’obair ghairmiúil lena mbaineann, mar shampla:

deimhniúcháin ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha lena ndeimhnítear an taithí ghairmiúil a éilítear chun cur isteach ar an nós imeachta roghnúcháin;

más rud é, ar chúiseanna rúndachta, nach féidir leis na hiarrthóirí na deimhniúcháin sin a chur faoi iamh, tá sé ríthábhachtach, ina n-ionad sin, go ndéantar fótachóip den chonradh oibre nó den litir earcaíochta agus/nó den chéad duillín pá agus den duillín pá deiridh agus go ndéantar an fhótachóip a chur faoi iamh;

i gcás nach thar ceann fostóra a rinneadh an obair ghairmiúil (duine féinfhostaithe, duine a ghabhann le saorghairmeacha etc.), glacfar mar chruthúnas le sonraisc ina dtugtar mionsonraí faoi na seirbhísí a soláthraíodh nó le haon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile atá ábhartha.

Eolas ar theangacha

Ní foláir an t-eolas ar na teangacha a éilítear don phost a bheith deimhnithe le dioplóma, le teastas nó le dearbhú ar onóir an iarrthóra, é sin á chur ar fáil ar bhileog ar leithligh, lena mínítear an chaoi ar baineadh amach an t-eolas ar na teangacha i dtrácht.

Más rud é, ag céim ar bith den nós imeachta, go ndéantar a shuíomh go bhfuil an fhaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais mícheart nó nach bhfuil an fhaisnéis sin ag luí leis na doiciméid a éilítear chun an fhoirm iarratais a mheas nó nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach san fhógra folúntais á gcomhlíonadh, déanfar an t-iarrthóir a eisiamh as an nós imeachta.

4.   CUMARSÁID

Is ar na hiarrthóirí féin atá an mhortabháil a áirithiú go ndéantar an fhoirm iarratais (an leagan bunaidh nó cóip de), í comhlánaithe agus sínithe go cuí, mar aon leis na doiciméid tacaíochta a sheoladh leis an bpost cláraithe (3), faoin dáta deiridh chun iarratais a dhéanamh, arna fhianú ag an bpostmharc.

Ní chuirfear san áireamh na hiarratais a bheidh seolta tríd an bpost neamhchláraithe nó tríd an bpost inmheánach. Ní ghlacfaidh an tAonad um Roghnú Tallainne le hiarratais a chur isteach trí lámhsheachadadh.

Ní sheolfar aon admháil go bhfuarthas na comhaid iarratais ach amháin má tá admháil fála ag gabháil leis an bpost cláraithe.

Is faoi na hiarrthóirí féin atá sé litir nó teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh (4) chuig an Aonad um Roghnú Tallainne más rud é, faoin dáta atá luaite sa mhír dheiridh den fhógra folúntais, nach mbeidh ríomhphost faighte acu maidir lena n-iarratas.

I ngach comhfhreagras a sheolann an t-iarrthóir maidir le hiarratas a cuireadh isteach, ní foláir go luafar an t-ainm a tugadh san fhoirm iarratais agus uimhir an nós imeachta roghnúcháin.

Déanfar an comhfhreagras go léir a sheolann Parlaimint na hEorpa maidir le nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear cuireadh chuig trialacha, a sheoladh le ríomhphost chuig an seoladh a thugann an t-iarrthóir san fhoirm iarratais. Is ar an iarrthóir féin atá an mhortabháil a chuntas ríomhphoist a sheiceáil go tráthrialta (faoi dhó sa tseachtain ar a laghad) agus aon athrú ar a chuid sonraí pearsanta a chur in iúl don Aonad um Roghnú Tallainne.

Ba cheart gach cumarsáid a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin a sheoladh mar theachtaireacht ríomhphoist chuig an mbosca poist feidhme:

PE-226-S@ep.europa.eu

Sa chás nach mbeidh ar chumas na n-iarrthóirí a gcuntas ríomhphoist a sheiceáil, is orthu féin atá an mhortabháil é sin a chur in iúl láithreach don Aonad um Roghnú Tallainne agus seoladh ríomhphoist nua a sholáthar don Aonad.

Chun a áirithiú go mbeidh an coiste roghnúcháin neamhspleách, tá toirmeasc ar na hiarrthóirí i gcúinse ar bith aon teagmháil a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, leis an gcoiste roghnúcháin agus má dhéanann siad é sin d’fhéadfaí iad a eisiamh as an nós imeachta roghnúcháin.

Ní foláir gur chuig an Aonad um Roghnú Tallainne (2), ar a bhfuil an cúram déileáil le gach cumarsáid leis na hiarrthóirí nó go dtabharfar an nós imeachta roghnúcháin chun críche, a dhírítear gach comhfhreagras leis an gcoiste roghnúcháin agus aon iarraidh ar fhaisnéis nó aon chomhfhreagras eile a bhaineann leis an nós imeachta.

5.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

Comhionannas Deiseanna

Glacann Parlaimint na hEorpa fíorchúram chun gach cineál d’idirdhealú a sheachaint.

Is fostóir comhionannais deiseanna í agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith i do dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

Iarrataí ó iarrthóirí ar fhaisnéis a bhaineann leo a rochtain

Tá ceart sonrach ag na hiarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin faisnéis áirithe a bhaineann leo go díreach agus go leithleach a rochtain, faoi réir na gcoinníollacha a dtugtar tuairisc anseo thíos orthu. De bhua an chirt sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa an fhaisnéis bhreise seo a leanas a sholáthar d’iarrthóir arna iarraidh sin dó:

a)

féadfaidh na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chuig an triail scríofa, arna iarraidh sin dóibh, cóip a fháil de bhileog mheastóireachta a gcuid cáilíochtaí. Ní foláir aon iarraidh ar chóipeanna a dhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón dáta ar seoladh an litir ag tabhairt fógra don iarrthóir den chinneadh.

b)

féadfaidh na hiarrthóirí sin nach bhfaigheann pas i dtriail scríofa agus/nó nach bhfuil i measc na n-iarrthóirí a dtugtar cuireadh chuig trialacha cainte dóibh, arna iarraidh sin dóibh, cóip a fháil de na páipéir a scríobh siad don triail mar aon le cóip den bhileog mheastóireachta phearsanta ina bhfuil trácht an choiste roghnúcháin i dtaobh chomh maith agus a d’éirigh leo. Ní foláir aon iarraidh ar chóipeanna a dhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón dáta ar seoladh an litir ag tabhairt fógra don iarrthóir den chinneadh.

c)

maidir leis na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chuig na trialacha cainte dóibh agus nach bhfuil a n-ainm ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, ní chuirfear na marcanna a fuair siad sna trialacha éagsúla in iúl dóibh go dtí go mbeidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha tarraingthe suas ag an gcoiste roghnúcháin. Arna iarraidh sin dóibh, féadfaidh siad cóip dá dtriail scríofa a fháil, agus i ngach ceann de na trialacha, scríofa nó ó bhéal, cóip den bhileog mheastóireachta phearsanta ina bhfuil trácht an choiste roghnúcháin i dtaobh chomh maith agus a d’éirigh leo. Ní foláir aon iarraidh ar chóip a dhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón dáta ar seoladh an litir ag tabhairt fógra don iarrthóir den chinneadh gan é a chur ar an liosta do dhaoine oiriúnacha.

d)

maidir leis na hiarrthóirí a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, is é a ndéanfar a chur in iúl dóibh gur iarrthóirí iad ar éirigh leo sa nós imeachta roghnúcháin.

Déileálfar le hiarrataí i gcomhréir leis an gceanglas go ndéantar obair an choiste roghnúcháin ar mhodh rúin, amhail a leagtar síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (Airteagal 6 d’Iarscríbhinn III) agus i gcomhlíonadh na rialacha maidir le cosaint daoine aonair a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil.

Cosaint sonraí pearsanta

Déanann Parlaimint na hEorpa, ina cáil mar an comhlacht atá freagrach as eagrú nósanna imeachta roghnúcháin, a áirithiú go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarrthóirí i ndlúthchomhlíonadh Rialachán (CE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.

Speansais taistil agus cothaithe

Déanfar ranníocaíocht i dtreo speansais taistil agus cothaithe na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig trialacha dóibh. Déanfar mionsonraí faoin nós imeachta agus na rátaí is infheidhme a thabhairt sa litir lena dtugtar cuireadh don iarrthóir chuig na trialacha.

Glacfar leis gurb é an seoladh a thabharfaidh an t-iarrthóir san fhoirm iarratais an áit óna bhfágfaidh an t-iarrthóir le dul chuig an áit ina n-iarrfar air na trialacha a dhéanamh. Maidir leis sin, ní fhéadfar aird a thabhairt ar athrú ar an seoladh a chuirfidh an t-iarrthóir in iúl tar éis do Pharlaimint na hEorpa cuirí chuig trialacha a sheoladh, ach amháin sa chás go measann an Pharlaimint go bhfuil force majeure i gceist nó gur cás é atá go hiomlán eisceachtúil.


(1)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(2)  Tá feidhm ag na coinníollacha seo maidir leis na hiarrthóirí go léir, lena n-áirítear oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh.

(3)  Measfar gurb ionann an comhad a sheoladh le seirbhís phríobháideach chúiréireachta agus é a sheoladh leis an bpost cláraithe. Sa chás go ndéantar an seoladh le cuideachta phríobháideach chúiréireachta, glacfar leis an dáta ar an bhfoirm seachadta mar dháta an tseolta.

(4)  Seoladh: PARLEMENT EUROPÉEN, Unité Sélection des talents - MON 05 S030, Procédure de sélection PE/226/S, 60 rue Wiertz, 1047 Bruxelles, Belgique Seoladh ríomhphoist: PE-226-S@ep.europa.eu

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 295, 21.11.2018).


ARSCRÍBHINN I

Treoir tháscach de na cáilíochtaí is iomchuí chun cur isteach ar nósanna imeachta roghnúcháin don ghrúpa feidhme AD (1) (arna mheas ar bhonn cás ar chás)

TÍR

Cúrsa ollscoile a mhaireann 4 bliana ar a laghad

Cúrsa ollscoile a mhaireann 3 bliana ar a laghad

Belgique – België – Belgien

Licence/Licentiaat/Diplôme d’études approfondies (DEA)/Diplôme d’études spécialisées (DES)/Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS)/Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)/Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)/Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation de l’enseignement secondaire supérieur (AESS)/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrïeel ingenieur/Master — 60/120 ECTS/Master complémentaire — 60 ECTS ou plus

Agrégation de l’enseignement secondaire supérieur (AESS) — 30 ECTS

Doctorat/Doctoraal Diploma

Bachelor académique (dit “de transition”) - 180 ECTS

Academisch gerichte Bachelor - 180 ECTS

България

Диплома за висше образование Бакалавър — 240 ECTS/Магистър — 300 ECTS/Доктор

Магистър след Бакалавър — 60 ECTS/Магистър след Професионален бакалавър по … — 120 ECTS

 

Česká republika

Diplom o ukončení vysokoškolského studia/Magistr/Doktor

Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář)

Danmark

Kandidatgrad/Candidatus/Master/Magistergrad (Mag.Art)/Licenciatgrad/Ph.d.-grad

Bachelorgrad (B.A or B. Sc)/Professionsbachelorgrad/Diplomingeniør

Deutschland

Master (alle Hochschulen)/Diplom (Univ.)/Magister/Staatsexamen/Doktorgrad

Bachelor/Fachhochschulabschluss (FH)

Staatsexamen (Regelstudienzeit 3 Jahre)

Eesti

Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)/Magistrikraad/Arstikraad/Hambaarstikraad/Loomaarstikraad/Filosoofiadoktor/Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)/Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Céim Onórach Bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS) Honours Bachelor Degree (4 years/240 ECTS)/Céim Ollscoile University Degree/

Céim Mháistir (60-120 ECTS) Masters Degree (60-120 ECTS)/Céim Dochtúra Doctorate

Céim Onórach Bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B. Eng) Honours Bachelor Degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B. Eng)

Ελλάδα

Πτυχίο [ΑΕΙ (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου), ΤΕΙ υποχρεωτικής τετραετούς φοίτησης] 4 χρόνια (1ος κύκλος)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

 

España

Licenciado/Ingeniero/Arquitecto/Graduado/Máster Universitario/Doctor

Diplomado/Ingeniero técnico

Arquitecto técnico/Maestro

France

Maîtrise/MST (maîtrise des sciences et techniques)/MSG (maîtrise des sciences de gestion)

DEST (diplôme d’études supérieures techniques)/DRT (diplôme de recherche technologique)

DESS (diplôme d’études supérieures spécialisées)/DEA (diplôme d’études approfondies)

Master 1/Master 2 professionnel/Master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles/Diplôme d’ingénieur/Doctorat

Licence

Italia

Diploma di Laurea (DL) — da 4 a 6 anni/Laurea specialistica (LS)/Laurea magistrale (LM)/Master universitario di primo livello/Master universitario di secondo livello/Diploma di Specializzazione (DS)/Dottorato di ricerca (DR)

Diploma universitario (3 anni)/Diploma di Scuola diretta a fini speciali (3 anni)/Laurea — L180 crediti

Κύπρος

Πανεπιστημιακό Πτυχíο/Bachelor

Master/Doctorat

 

Latvija

Bakalaura diploms (160 kredītpunkti)/Profesionālā bakalaura diploms/Maģistra diploms/Profesionālā maģistra diploms/Doktora grāds

Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunkti)

Lietuva

Aukštojo mokslo diplomas/Bakalauro diplomas/Magistro diplomas/Daktaro diplomas/Meno licenciato diplomas

Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas

Luxembourg

Master/Diplôme d’ingénieur industriel/DESS en droit européen

Bachelor/Diplôme d’ingénieur technicien

Magyarország

Egyetemi oklevél/Alapfokozat – 240 kredit/Mesterfokozat/Doktori fokozat

Főiskolai oklevél/Alapfokozat – 180 kredit vagy annál több

Malta

Bachelor’s degree/Master of Arts/Doctorate

Bachelor’s degree

Nederland

HBO Bachelor degree

HBO/WO Master’s degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Bachelor (WO)

Österreich

Master Magister/Magistra

Magister/Magistra (FH)

Diplom-Ingenieur/in

Diplom-Ingenieur/in (FH)

Doktor/in

PhD

Bachelor

Bakkalaureus/Bakkalaurea

Bakkalaureus/Bakkalaurea (FH)

Polska

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Licencjat/Inżynier

Portugal

Licenciado/Mestre/Doutor

Bacharel/Licenciado

Hrvatska

Baccalaureus/Baccalaurea (Sveučilišni Prvostupnik/Prvostupnica)

Stručni Specijalist

Master degree (magistar struke) 300 kredit min

magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing).

Doktor struke/Doktor umjetnosti

Baccalaureus/Baccalaurea (Sveučilišni Prvostupnik/Prvostupnica)

România

Diplomă de Licență/Diplomă de inginer/Diplomă de urbanist/Diplomă de Master/Diplomă de Studii Aprofundate/Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)/Diplomă de doctor

Diplomă de Licență

Slovenija

Univerzitetna diploma/Magisterij/Specializacija/Doktorat

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Slovensko

diplom o ukončení vysokoškolského štúdia/bakalár (Bc.)/magister magister/inžinier/ArtD

diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (bakalár)

Suomi/

Finland

Maisterin tutkinto — Magister-examen

Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min 160 opintoviikkoa — studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen/Lisensiaatti/Licentiat

Kandidaatin tutkinto - Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto -

Yrkeshögskoleexamen (min 120 opintoviikkoa — studieveckor)

Sverige

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)/Licentiatexamen/Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå: Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng/Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå: Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng/Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå:

Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

United Kingdom

Honours Bachelor degree/Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)/Doctorate

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland


(1)  Déanfar daoine a fhostú ar ghráid 7 go 16 de ghrúpa feidhme AD faoin gcoinníoll breise go mbeidh taithí ghairmiúil iomchuí de bhliain amháin ar a laghad acu.


ARSCRÍBHINN II

IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ — ACHOMHAIRC — GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH

Maidir le hiarrthóirí a mheasann go ndearnadh cinneadh díobhálach ina n-aghaidh, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh sin, féadfaidh siad nós imeachta achomhairc a thionscnamh nó féadfaidh siad gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach (1).

Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh na hiarrthóirí a iarraidh ar an gcoiste roghnúcháin athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí seo a leanas:

gan glacadh isteach leo chuig an nós imeachta roghnúcháin

gan cuireadh a fháil chuig an triail scríofa

gan cuireadh a fháil chuig na trialacha ó bhéal.

Ní fhéadfaidh an cinneadh gan iarrthóir a chur ar an bpainéal a bheith faoi réir athbhreithniú ag an gcoiste roghnúcháin.

Ní mór na hiarrataí ar athbhreithniú a sheoladh trí ríomhphost chuig PE-226-S@ep.europa.eu laistigh de 10 lá féilire ón dáta a seolann an tAonad um Roghnú Tallainne teachtaireacht ríomhphoist chugat a chuireann an cinneadh sin in iúl duit. Seolfar freagra chugat a luaithe agus is féidir.

Achomhairc

Féadfaidh tú gearán bunaithe ar Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2), a dhíriú chuig:

Ard-Rúnaí

Parlaimint na hEorpa

Bât. Konrad Adenauer

2929 Luxembourg

LUXEMBOURG

Tá an rogha seo ar fáil ag gach céim den nós imeachta roghnúcháin.

Tarraingítear d’aird ar an bhfíoras go bhfuil cumhacht fhorleathan ag coistí roghnúcháin a mbreithiúnas féin a thabhairt, agus gur go neamhspleách a dhéanann siad a gcinntí agus nach féidir leis an údarás ceapacháin na cinntí sin a athrú. Ní féidir an chumhacht bhreithiúnais sin a chur faoi réir athbhreithniú ach amháin sa chás inar léir go ndearnadh sárú soiléir ar na rialacha a rialaíonn a gcuid oibre. Féadfar, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanann coiste roghnúcháin a agóid go díreach os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh fiú amháin mura mbíonn gearán taiscthe cheana féin faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig:

Tribunal de l’Union européenne

2925 Luxembourg

LUXEMBOURG,

bunaithe ar Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

Níl an rogha seo ar fáil ach amháin maidir le cinntí a ghlacfaidh an coiste roghnúcháin.

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinntí riaracháin lena ndiúltaítear glacadh le hiarrthóir i nós imeachta roghnúcháin ar fhorais nach bhfuil an t-iarratas ag comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i Roinn B 1 den fhógra folúntais ach amháin sa chás go mbíonn gearán taiscthe ar dtús, de réir mar atá sonraithe thuas.

Ní fhéadfar achomharc chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach amháin trí dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte i mBallstát den Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Tosaíonn na tréimhsí ama a leagtar síos in Airteagal 90 agus in Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a bhfuil feidhm acu maidir leis an dá chineál achomhairc, ón dáta ar tugadh fógra den chinneadh bunaidh a bhfuil éifeacht dhíobhálach aige ort nó, sa chás amháin gur iarraidh ar athbhreithniú atá i gceist, ón dáta ar tugadh fógra duit i dtaobh fhreagra bunaidh an choiste roghnúcháin ar an iarraidh sin.

Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

Is féidir le hiarrthóir, faoi mar is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach, gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach:

Médiateur européen

1, avenue du Président Robert Schuman - BP 403

67001 STRASBOURG CEDEX

FRANCE

faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa (3).

Ba cheart do na hiarrthóirí a thabhairt dá n-aire nach bhfuil aon éifeacht fhionraitheach ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman ar an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh maidir le hachomhairc a thaisceadh le Binse an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eo


(1)  Ní dhéanfaidh athbhreithnithe, achomhairc ná gearáin chuig an Ombudsman Eorpach aon chur isteach ar obair an choiste roghnúcháin.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Cinneadh 94/262/ CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir le rialacháin agus coinníollacha ginearálta d’fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994, lch.15).


 

Image 1

Image 2

Image 3

Image 4