ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

62
11 Eanáir 2019


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Parlaimint na hEorpa

2019/C 12/01

Cruinniú Iomlánach COSAC LX — 18-20 Samhain 2018, Vín — Rannchuidiú an COSAC LX

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 12 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Parlaimint na hEorpa

11.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


CRUINNIÚ IOMLÁNACH COSAC LX

18-20 Samhain 2018, Vín

Rannchuidiú an COSAC LX

1.   SLÁNDÁIL AGUS AN COMHRAC IN AGHAIDH NA hIMIRCE NEAMHDHLEATHAÍ

1.1.

Meabhraíonn COSAC go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach agus aontaithe i leith na himirce, ar chur chuige é a áiritheoidh comhleanúnachas idir beartais inmheánacha agus beartais sheachtracha, a chuimsíonn na bealaí imirce go léir agus atá bunaithe ar na prionsabail agus na luachanna ar a bhfuil AE fothaithe. Dá réir sin, ní mór díriú isteach ar bheartas imirce atá dleathach, sábháilte agus rianúil agus fós urraim chuí a thabhairt do chearta tearmainn agus do phrionsabal an non-refoulement. Chun go mbeadh freagairt fhadtéarmach agus éifeachtach ann i leith na ndúshlán daonna, sóisialta agus polaitiúil a ghabhann leis an imirce neamhrialta agus leis an aslonnú éigeantais, éilítear comhar feabhsaithe leis na tíortha tionscnaimh agus idirthurais agus le tríú tíortha ina bhfuil dídeanaithe, tairbhithe cosanta idirnáisiúnta nó lucht lorgtha tearmainn mar chuid de chomhpháirtíocht níos leithne chun go mbeifear in ann dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leis na feiniméin seo agus go mbeifear in ann an múnla gnó atá ag smuigléirí agus gáinneálaithe a bhriseadh. Cuireann COSAC i bhfáth go láidir freisin an gá atá le Comhchóras Eorpach Tearmainn athchóirithe, lena n-áirítear Gníomhaireacht Tearmainn AE lánfheidhme, atá bunaithe ar chóimheá chothrom idir freagracht agus dlúthpháirtíocht agus a spreagann cur chun feidhme mhír 5 agus mhír 6 de na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018.

1.2.

Measann COSAC gur gá tuilleadh díchill a dhéanamh chun teorainneacha seachtracha AE a chosaint, agus é mar sprioc leis sin iontráil neamhrialta in AE a chosc, dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine, agus bás ar muir a chosc. Aithníonn COSAC an tábhacht atá le Schengen agus an t-athchóiriú air i gcosaint theorainneacha seachtracha AE, lena n-áirítear próiseas méadaithe Schengen a chur ar aghaidh ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir eile. Cuireann sé béim freisin ar an ngá atá le dlús a chur go suntasach le filleadh éifeachtach imirceach neamhrialta i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha an dlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais. Ag teacht leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach i nDeireadh Fómhair, creideann COSAC gur cheart na comhaontuithe ath-ligean isteach atá ann cheana a chur chun feidhme go hiomlán, agus ar shlí neamh-idirdhealaitheach, i leith Bhallstáit uile AE, agus gur cheart comhaontuithe foirmiúla nua maidir le hath-ligean isteach a thabhairt chun críche ach fós an cumas tionchair is gá a chruthú agus a fheidhmiú trí úsáid a bhaint as gach ceann de bheartais, ionstraimí agus uirlisí AE atá ábhartha. Tá gá le dícheall breise chun go bhféadfar Ráiteas AE-na Tuirce a chur chun feidhme go hiomlán vis-à-vis Bhallstáit uile AE.

1.3.

Fáiltíonn COSAC roimh na tograí ón gCoimisiún maidir leis an Treoir um Fhilleadh, leis an nGníomhaireacht Tearmainn agus leis nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (1), a áirithíonn go mbainfear an úsáid is éifeachtaí as acmhainní agus go bhforbrófar íoschaighdeáin chomhchoiteanna i bhfaireachas teorann seachtrach, agus urraim chuí á tabhairt do fhreagracht agus inniúlachtaí na mBallstát agus ag áirithiú go mbeidh rialú parlaiminteach éifeachtach ann. Ag an am céanna iarrann COSAC ar na páirtithe uile i dtrácht na pléití a bhrú ar aghaidh d'fhonn teacht ar chomhaontú i dtaobh athchóiriú Rialachán Bhaile Átha Cliath a áiritheoidh cur chuige níos cothroime agus roinnt an ualaigh a bheith níos éifeachtaí. Cuireann COSAC béim ar an ngá atá le teacht ar réiteach tapa don Chomhchóras Eorpach Tearmainn agus iarrann sé ar an gComhairle leanúint den obair d'fhonn an réiteach seo a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir.

1.4.

Meabhraíonn COSAC gur tháinig cinn stáit nó rialtais AE le chéile ag cruinniú neamhfhoirmiúil in Salzburg an 19-20 Meán Fómhair 2018 chun plé a dhéanamh ar nithe tábhachtacha sa tslándáil inmheánach agus go ndearna siad a machnamh ar an dul chun cinn a bhí bainte amach agus gur aontaigh siad, inter alia, dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh gach cineál cibearchoiriúlachta, cúblála agus mífhaisnéise. Ina leith seo, iarrann COSAC go dtabharfaí isteach bearta chun cibearghníomhaíochtaí mídhleathacha agus mailíseacha, mar aon le gníomhaíochtaí cibearchumasaithe den sórt sin, a chomhrac agus fós urraim a thabhairt do na cearta bunúsacha go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint na príobháideachta. Ba cheart an obair ar gach togra ón gCoimisiún a eisíodh le déanaí a thabhairt chun críche roimh dheireadh an téarma reachtaigh.

1.5.

Cuireann COSAC béim ar an tábhacht atá le bearta atá dírithe ar threisiú a dhéanamh ar an acmhainneacht radacú agus sceimhlitheoireacht a chosc agus freagairt go héifeachtach ina n-aghaidh. Tacaíonn sé leis na nithe a rinneadh le déanaí chun feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise agus na mbunachar sonraí, chomh maith le treisiú a dhéanamh ar acmhainneacht an Aontais i mbainistiú géarchéime agus a chomhleanúnaí agus a éifeachtúla atá na sásraí freagartha géarchéime ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta araon.

2.   RATHÚNAS AGUS IOMAÍOCHAS A CHINNTIÚ TRÍ DHIGITIÚ

2.1.

Cuireann COSAC béim ar an bhfíoras gur cheart creat rialála AE a fhorbairt i gcomhréir le dul chun cinn mear sa teicneolaíocht má táthar chun rathúnas agus iomaíochas AE a chinntiú go hinbhuanaitheach. Tá sé bunriachtanach do AE ró-reachtóireacht a sheachaint go leanúnach agus dul chun cinn a dhéanamh i réimsí na nuálachta agus an digitithe.

2.2.

Iarrann COSAC ar na comhreachtóirí an obair ar na tograí maidir le cánachas digiteach agus maidir leis an bpacáiste sonraí is déanaí, arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún in Aibreán 2018, a bhrú ar aghaidh go mear agus beart a dhéanamh i dtaca leis na tograí reachtacha eile atá idir lámha a bhaineann leis an Margadh Aonair Digiteach, lena n-áirítear an togra maidir le r-phríobháideacht, arb é sin an ionstraim dheireanach den tsraith a bhfuil gá leis má táthar chun an nuachóiriú ar chreat dlíthiúil cosanta sonraí AE a nuashonrú roimh dheireadh an téarma reachtaigh reatha. Ag teacht leis an seasamh ón gComhairle Eorpach, fáiltíonn COSAC roimh an obair atá ar siúl ag na hInstitiúidí Eorpacha agus ag na Ballstáit ar phlean comhordaithe i dtaca leis an intleacht shaorga.

2.3.

Fáiltíonn COSAC roimh an bhfíoras go bhfuil an togra ón gCoimisiún le haghaidh Fhís na hEorpa ag leanúint de na hionstraimí cistithe seanbhunaithe ach go mbeidh sé freisin ina spreagadh nua, bíodh sin i ndáil leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach nó i ndáil le forbairtí ionsar dhíriú níos mó ar thaighde agus nuálaíocht. Tacaíonn COSAC le forbairt acmhainneachtaí lárnacha an Chláir don Eoraip Dhigiteach amhail ríomhaireacht ardfheidhmíochta, intleacht shaorga, cibearshlándáil agus ardscileanna digiteacha chomh maith lena áirithiú go mbeidh siad in úsáid go forleathan agus go mbeidh rochtain ag gnólachtaí agus ag an bpobal araon orthu ar fud an gheilleagair agus ar fud na sochaí. Thairis sin, déanfar urraim do chearta bunúsacha, agus go háirithe na cearta chun saoil phríobháidigh agus chun cosanta sonra pearsanta, a áirithiú agus a neadú go cuí i bhforbairt na dtionscnamh sin.

2.4.

Is cúis bhuartha do COSAC go bhfuil an bhearna inscne atá ar marthain fós sa saol digiteach ar fud AE ag déanamh dochar don dul chun cinn sa réimse seo. Tá tearcionadaíocht ar na mná ar gach leibhéal den earnáil dhigiteach san Eoraip. Cé go bhfuil an earnáil seo ag fás go tapa, leis na céadta de mhílte post nua á gcruthú gach bliain, tá an sciar de mhná san earnáil ag laghdú. Chun gníomhú ina aghaidh sin, tacaíonn COSAC le tionscnaimh an Choimisiúin atá dírithe ar dhul i ngleic le buansamhlacha, inniúlachtaí digiteacha a imscrúdú agus a mhéadú, agus rannpháirtíocht na mban i bhfiontraíocht agus nuálaíocht dhigiteach a éascú.

3.   NA BALCÁIN THIAR / OIRDHEISCEART NA hEORPA AGUS COMHARSANACHT AN AONTAIS

3.1.

In éineacht le hUachtaránacht na hOstaire ar Chomhairle AE, athdhearbhaíonn COSAC an tacaíocht a thugann sé agus an rannpháirteachas méadaithe atá aige i leith pheirspictíocht nithiúil AE a fhorbairt ag a mbeidh torthaí intomhaiste do na comhpháirtithe sna Balcáin Thiar / Oirdheisceart na hEorpa de réir a bhfeidhmíochta aonair agus bunaithe ar luachanna agus prionsabail chomhroinnte, amhail an daonlathas, smacht reachta, dea-rialachas, saoirse cainte agus neamhspleáchas na meán, urraim do chearta an duine, athmhuintearas agus dea-chaidreamh idir comharsana, chomh maith leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe.

3.2.

Fáiltíonn COSAC roimh an Dearbhú Comhpháirteach maidir le Comhar Réigiúnach agus le Dea-Chaidreamh Comharsanachta, roimh an Dearbhú Comhpháirteach maidir le Daoine atá ar Iarraidh agus roimh an Dearbhú Comhpháirteach maidir le Coireanna Cogaidh a síníodh ag Cruinniú Mullaigh na mBalcán Thiar i Londain an 10 Iúil 2018 faoi chuimsiú Phróiseas Bheirlín, agus roimh Chlár Oibre Tosaíochta Shóifia a glacadh ag Cruinniú Mullaigh AE-na Balcáin Thiar i Sóifia an 17 Bealtaine 2018. Tacaíonn COSAC le hUachtaránacht na hOstaire ar Chomhairle AE a mhéid a bhaineann leis an gclár oibre a bhogadh ar aghaidh.

3.3.

Cuireann COSAC i bhfios go láidir go bhfuil gá ann le cistí iomchuí a sholáthar sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile do thíortha a d'fhéadfadh a bheith ina mBallstáit nua de AE.

3.4.

Agus aitheantas á thabhairt ag COSAC don dul chun cinn atá déanta ag comhpháirtithe na mBalcán Thiar / Oirdheisceart na hEorpa, athdhearbhaíonn sé go bhfuil gá le tuilleadh iarrachta chun na próisis athchóirithe sna tíortha éagsúla a luathú, lena n-áirítear na hinstitiúidí daonlathacha agus athchóiriú an riaracháin phoiblí a neartú, agus torthaí a bhaint amach ar torthaí iad atá do-chúlaithe agus inbhuanaithe. Cuireann COSAC béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hiarrachtaí cobhsaí leanúnacha freisin chun dul i ngleic le díospóidí déthaobhacha atá fós gan réiteach sa réigiún, lena n-áirítear díospóidí teorann, agus go bhféadfadh an méid sin cobhsaíocht agus rathúnas a mhéadú sa réigiún. Fáiltíonn COSAC roimh na forbairtí dearfacha atá ag tarlú sa réigiún, go háirithe an comhaontú stairiúil idir iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine agus an Ghréig sa díospóid fhada faoin ainm.

3.5.

Iarrann COSAC ar chomhpháirtithe na mBalcán Thiar / Oirdheisceart na hEorpa a stóinseacht a neartú i leith cur isteach díchobhsaíoch ón gcoigríoch agus i leith mífhaisnéise, agus greim mhaith a fháil ar a roghanna straitéiseacha trí lán-ailíniú le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála AE.

3.6.

Chun béim a chur ar a thábhachtaí atá na tíortha comharsanacha go léir, aithníonn COSAC an tábhacht atá le Comhpháirtíocht an Oirthir agus cuireann sé i dtreis an fíoras nach bhféadfaí rathúnas Chomhpháirtíocht an Oirthir a bhaint amach ach amháin trí dhícheall comhpháirteach institiúidí uile AE, Bhallstáit uile AE agus na stáit atá i gComhpháirtíocht an Oirthir féin. Athdhearbhaíonn COSAC go bhfuil gá leis na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a choinneáil ar siúl go dtí go mbeidh comhaontuithe Mhionsc curtha chun feidhme go hiomlán.

3.7.

Is cuid lárnach den Chomhbheartas Slándála agus Cosanta é PESCO a bhfuil sé mar aidhm leis rannchuidiú le cobhsaíocht agus slándáil i gcomhthéacs geografach an Aontais Eorpaigh. Is mór is fiú le COSAC an comhar sin mar ionstraim chun an chosaint Eorpach a neartú.

4.    BREXIT — CÚRSAÍ MAR ATÁ

4.1.

Tugann COSAC dá aire go ndearna ceannairí AE27 athdhearbhú ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) an 17 Deireadh Fómhair 2018 go raibh lánmhuinín acu as Michel Barnier mar Phríomh-Idirbheartaí an Aontais agus go raibh siad diongbháilte leanúint de bheith aontaithe. Cuireann COSAC i bhfios go láidir go caithfear sláine an mhargaidh inmheánaigh agus dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i leith phrionsabail an mhargaidh aonair a chaomhnú.

4.2.

Cuireann COSAC i bhfios go láidir go gcaithfear Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint gan choinníoll in aon toradh ar an gcaibidlíocht ar mhaithe le réiteach inbhuanaithe a sholáthar do na saoránaigh. Cuireann COSAC béim ar an ngá atá le dlúthpháirtíocht i leith na hÉireann.

4.3.

Fáiltíonn COSAC roimh an dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar agus molann sé don Phríomh-Idirbheartaí leanúint lena chuid iarrachtaí teacht ar chomhaontú ar an Dearbhú Polaitiúil agus ar an ngaolmhaireacht sa todhchaí.

4.4.

Cuireann COSAC béim ar a thábhachtaí atá an comhar ar leibhéal idirpharlaiminteach leis an Ríocht Aontaithe i ndiaidh Brexit, agus scrúdóidh sé na módúlachtaí is féidir a bheith ann dá chomhar leanúnach féin leis an Ríocht Aontaithe ó bheidh an Comhaontú um Tharraingt Siar tugtha chun críche agus ó bheidh fios ar an gcreat don chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas sa todhchaí.

5.   AN BEARTAS AERÁIDE AGUS AN tAONTAS FUINNIMH

5.1.

Athdhearbhaíonn COSAC tiomantas an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát i leith Chomhaontú Pháras a chur chun feidhme go mear agus go hiomlán agus leanúint de bheith ina gceann feadhna ar an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, lena n-áirítear trí thograí reachtacha atá ar feitheamh a ghlacadh ar leibhéal AE. Tá an Comhaontú i gcónaí ina chloch choirnéil sna hiarrachtaí domhanda chun dul i ngleic go héifeachtúil leis an athrú aeráide ar an leibhéal domhanda. I bhfianaise na tuarascála a eisíodh le déanaí ó IPCC, cuireann COSAC béim ar an ngá atá le teorainn a chur leis an meánardú ar an teocht domhanda ionas go mbeadh sé go maith faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéil réamhthionsclaíochta agus cuireann sé béim ar thabhairt faoin bhfigiúir sin a thabhairt síos go dtí 1.5 °C.

5.2.

Fáiltíonn COSAC roimh thionscadal an Aontais Eorpaigh agus na hiarrachtaí ar fad atá ar siúl chun beartas fuinnimh níos sláine agus níos inbhuanaithe a bhaint amach. Tacaíonn COSAC le cur chuige cuimsitheach a chuireann an tAontas Eorpach san ionad tosaigh sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus tacaíonn sé le méadú ar tháirgeadh fuinnimh inathnuaite. Ag féachaint do COP24, a thionólfar sa Pholainn ón 3 go dtí 14 Nollaig 2018, tá súil ag COSAC go nglacfar rialacha cur chun feidhme maidir le Comhaontú Pháras agus go mbeidh na rialacha sin uaillmhianach agus cuimsitheach.

5.3.

Measann COSAC gur féidir leis an tionscadal maidir le hAontas Fuinnimh rannchuidiú go mór le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Go háirithe, cuireann COSAC béim ar an bhfíoras go rannchuidíonn cur chun cinn na bhfuinneamh inathnuaite leis na spriocanna atá leagtha amach i gComhaontú Pháras a bhaint amach. Ag an am céanna, trí fhuinneamh inathnuaite a úsáid laghdaítear spleáchas an Aontais Eorpaigh ar allmhairithe fuinnimh.

5.4.

Tacaíonn COSAC le bearta as a leanfaidh glacadh tapa agus cuimsitheach an Phacáiste Fuinnimh Ghlain, go háirithe na céimeanna go léir atá tógtha chun margadh inmheánach don leictreachas a chruthú agus chun feabhas a chur ar ullmhacht i leith rioscaí san Aontas Eorpach. Thairis sin, fáiltíonn COSAC roimh chóras nua a chruthú le haghaidh rialachas an Aontais Fuinnimh ina ndéantar pleanáil aeráide agus fuinnimh a thabhairt isteach in aon chreat aonair mar go gcruthódh sé seo sásra comhair chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme chuspóirí bheartas aeráide agus fuinnimh AE do 2030.

5.5.

Tugann COSAC dá aire go bhfuil méid áirithe Ballstát ann atá ag brath ar sholáthróir fuinnimh aonair a thugann dúshlán an Aontais Eorpaigh 1 an t-allmhaireoir fuinnimh is mó ar domhan. Tacaíonn COSAC leis na hiarrachtaí go léir atá ar siúl chun uasmhéadú a dhéanamh ar a mhéid a úsáideann an tAontas Eorpach foinsí dúchasacha fuinnimh, i lán-chomhlíonadh na spriocanna aeráide agus chun soláthar fuinnimh a áirithiú agus éagsúlú na bhfoinsí fuinnimh a chur chun cinn. Tugann COSAC chun suntais i dtaca le bearta atá déanta chun an comhshaol a chosaint agus chun táirgeadh fuinnimh inathnuaite a mhéadú go bhfuil siad sin ag rannchuidiú freisin le cumas iomaíochta an Aontais Eorpaigh. Sa chomhthéacs seo, tarraingíonn COSAC aird ar a thábhachtaí atá taighde agus forbairt. Thairis sin, tacaíonn COSAC le teicneolaíochtaí fuinnimh nua agus réitigh nuálacha a chur chun cinn.

5.6.

Ní mór don fhuinneamh a bheith inacmhainne do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, agus fanacht amhlaidh. Ina bheith i bhfách le pleananna as a leanann cosaint na haeráide agus an chomhshaoil, cuireann COSAC béim ar an bhfíoras go gcaithfear todhchaí inbhuanaithe don tionscal agus do ghnólachtaí, mar aon le hiomaíocht chothrom, a áirithiú. Ní mór smaoineamh i gcónaí ar inacmhainneacht an fhuinnimh agus ar chumas iomaíochta an tionscail san Eoraip. Caithfear riachtanais shonracha na dtionscal a úsáideann go leor fuinnimh a chur san áireamh.

5.7.

Athdhearbhaíonn COSAC go gcaithfidh an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide fanacht mar cheann de na mórdhíchill i mbeartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, ní fhéadfar neamhaird a dhéanamh de nithe eile is cúis le truailliú an chomhshaoil. Sa chomhthéacs seo, tugann COSAC dá aire go gcuireann plaistigh, agus go háirithe micreaphlaistigh, go mór leis an truailliú — go háirithe in uiscí intíre agus sna haigéin. Is tábhachtach le COSAC go gcuirfí dlús leis na gníomhaíochtaí i gcoinne truailliú le plaistigh agus go gcuirfí deireadh le micreaphlaistigh a úsáid i ngrúpaí táirgí éagsúla. Tacaíonn COSAC le bearta atá dírithe ar dhramhaíl ó phlaistigh a laghdú, go háirithe plaistigh aon úsáide.

5.8.

Fáiltíonn COSAC roimh ghníomhaíochtaí chlár LIFE an Aontais Eorpaigh a thugann tacaíocht do ghníomhaíocht chomhshaoil agus do thionscadail chaomhantais chomhshaoil agus fiadhúlra ar fud an Aontais. Cuireann COSAC béim ar a thábhachtaí atá na tionscadail sin.

6.   AONTAS EORPACH TRÉDHEARCACH ATÁ NÍOS GAIRE DO NA SAORÁNAIGH I BHFIANAISE NA dTOGHCHÁN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA ATÁ AR NA BACÁIN

6.1.

Cuireann COSAC béim ar an ról lárnach atá ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid a bhaineann leis an Aontas Eorpach a thabhairt níos gaire dá shaoránaigh. Déanfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus chomh gar agus is féidir do na saoránaigh.

6.2.

Fáiltíonn COSAC roimh Thuarascáil an Tascfhórsa um Choimhdeacht, um Chomhréireacht agus um “Níos Lú a dhéanamh ar Bhealach Níos Éifeachtúla” agus roimh an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach le déanaí dar teideal “Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta: Ag neartú a róil i gceapadh beartas an Aontais” agus roimh na moltaí atá iontu chun an choimhdeacht a dhéanamh níos gníomhaí agus níos infheicthe.

6.3.

Cuireann COSAC béim ar an bhfíoras go bhfuil tábhacht mhór le rannpháirtíocht na bParlaimintí náisiúnta sna próisis ceaptha beartais agus reachtaíochta ar an leibhéal Eorpach chun ardleibhéal trédhearcachta, éifeachtúlachta agus inghlacthacht ag an bpobal a áirithiú. Spreagann COSAC institiúidí AE agus na Parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha, mar aon leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus an tsochaí shibhialta, oibriú le chéile chun feabhas a chur ar an malartú tuairimí idir na Parlaimintí, na húdaráis agus na saoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh.

6.4.

Fáiltíonn COSAC roimh na tograí ón gCoimisiún Eorpach chun feabhas a chur ar an gcumarsáid leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun go ndéanfaí a sainiúlachtaí i gcomhairliúcháin ghinearálta a chur san áireamh. Iarrann COSAC ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla dlús a chur lena n-idirghníomhú leis an gCoimisiún Eorpach.

6.5.

Measann COSAC gur bunús maith do phléití amach anseo iad Tuarascáil an Tascfhórsa um Choimhdeacht, um Chomhréireacht agus um “Níos Lú a dhéanamh ar Bhealach Níos Éifeachtúla” agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach dar teideal “Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta: Ag neartú a róil i gceapadh beartas an Aontais”. Ag meabhrú do COSAC an tuairim a léirigh sé i gConclúidí COSAC LVII i ndáil leis an nós imeachta chun an Tascfhórsa a chur ar bun, cuireann COSAC i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-iarrfaí ar na Parlaimintí náisiúnta agus ar Pharlaimint na hEorpa a bheith páirteach sna pléití sin. Ba cheart go gclúdódh na pléití sin, inter alia, fadú a chur leis an tréimhse ocht seachtaine chun tuairimí réasúnaithe a chur isteach faoi chuimsiú shásra rialaithe na coimhdeachta trí thréimhsí sosa a fhágáil as an gcomhaireamh agus trína iniúchadh an bhféadfaí tréimhse dhá sheachtain dhéag a thabhairt isteach, chomh maith leis an gceist i dtaobh deis bhreise a thabhairt do na Parlaimintí náisiúnta chun a dtuairimí a thabhairt faoin gcomhréireacht agus faoin mbunús dlí do reachtaíocht atá beartaithe i dtuairimí réasúnaithe, á chur san áireamh dóibh gur féidir modhnuithe áirithe a ghnóthú gan gá a bheith le hathruithe ar na Conarthaí. Athdhearbhaíonn COSAC gur mór aige “sásra an chárta ghlais”, mar a thugtar air, mar mhodh chun an t-idirphlé polaitiúil idir an Coimisiún Eorpach agus na Parlaimintí náisiúnta a leathnú amach.

6.6.

Fáiltíonn COSAC roimh na hiarrachtaí atá déanta ag insititiúidí AE ionsar thuilleadh trédhearcachta. Sa chomhthéacs sin, tugann COSAC dá aire na hiarrachtaí atá beartaithe ag an gComhairle chun athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin trédhearcachta sa reachtaíocht agus fáiltíonn sé roimh na héilimh ar thrédhearcacht fheabhsaithe atá déanta ag an Ombudsman Eorpach agus ag na Parlaimintí náisiúnta. Leanfaidh COSAC na pléití sa Chomhairle go cúramach agus iarrann sé ar an gComhairle tuairisciú ar aon dul chun cinn ar na smaointe sin luath go maith agus athluann sé na conclúidí faoi mar atá i mír 2.8 den Rannchuidiú le Cruinniú Iomlánach COSAC LVIII (an Eastóin) agus i míreanna 2.6/2.7 den Rannchuidiú le Cruinniú Iomlánach COSAC LIX (an Bhulgáir). I ndáil leis an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh clár trédhearcachta éigeantach, iarrann COSAC ar na geallsealbhóirí uile aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ar bhealach cuiditheach.

6.7.

Cuireann COSAC béim ar an bhfíoras go bhfuil ionadaíocht shaoránaigh an Aontais Eorpaigh i bParlaimint na hEorpa bunaithe ar thoghcháin shaora agus chothroma a bheith ann. Fónann páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach mar nasc dhíreach idir na saoránaigh agus an córas polaitiúil, rud a rannchuidíonn le trédhearcacht agus le tuiscint níos fearr ar phróisis chinnteoireachta an Aontais Eorpaigh.

6.8.

I bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá le bheith ann an 23-26 Bealtaine 2019, is mór ag COSAC an dícheall atá á dhéanamh ag institiúidí AE chun an stóinseacht dhaonlathach san Eoraip a atreisiú. Trédhearcacht i bhfógraíocht pholaitiúil ar líne a chinntiú, comhrac in aghaidh feachtais mhífhaisnéise, feabhsú na rialacha maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus borradh a chur faoin gcibearshlándáil, is bearta tábhachtacha iad sin chun cur i gcoinne cineálacha nua bagairtí ar thoghcháin shaora agus chothroma, agus é sin a dhéanamh go héifeachtach.

6.9.

Spreagann COSAC saoránaigh uile na hEorpa le bheith rannpháirteach sna toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin. Thairis sin, meabhraíonn COSAC go bhfuil ag gach saoránach den Aontas Eorpach an ceart a bheith rannpháirteach go díreach i saol daonlathach an Aontais tríd an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, i measc bealaí eile.

(1)  COM(2018) 634 final, COM(2018) 633 final agus COM(2018) 631 final.