ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

61
14 Meán Fómhair 2018


Clár

Leathanach

 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar an bhfógra comórtais oscailte — EPSO/AD/361/18 — Aistritheoirí Gaeilge (GA) (AD 5) ( IO C 244 A, 12.7.2018 )

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 325 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


Ceartúcháin

14.9.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Ceartúchán ar an bhfógra comórtais oscailte — EPSO/AD/361/18 — Aistritheoirí Gaeilge (GA) (AD 5)

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 244 A an 12 Iúil 2018 )

Ar leathanach 1:

in ionad:

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 4 Meán Fómhair 2018 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET).

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a thiomsú as a bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach go príomha, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ‘ aistritheoirí’ (grúpa feidhme AD).”,

léitear:

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 20 Meán Fómhair 2018 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET).

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a thiomsú as a bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go príomha, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ‘aistritheoirí’ (grúpa feidhme AD).”.

Ar leathanach 5:

in ionad:

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Chun iarratas a dhéanamh is é an chéad rud nach mór duit a dhéanamh cuntas EPSO a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO (http://jobs.eu-careers.eu), faoin sprioc-am seo:

4 Meán Fómhair 2018 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET). ”,

léitear:

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Chun iarratas a dhéanamh is é an chéad rud nach mór duit a dhéanamh cuntas EPSO a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO (http://jobs.eu-careers.eu), faoin sprioc-am seo:

20 Meán Fómhair 2018 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET). ”.