ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
61 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
2018/C 168/01 |
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 168 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
15.5.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Glaonna ar iarratais don tionscnamh WiFi4EU (nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla), faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i réimse na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha
(Clár Oibre Leasaithe Teileachumarsáide 2017 na Saoráide um Chónascadh na hEorpa — Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2017) 7732 ón gCoimisiún)
(2018/C 168/01)
Tá an glao ar iarratais seo a leanas á sheoladh ag Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta sa Choimisiún Eorpach leis seo don tionscnamh WiFi4EU chun deontais a dhámhachtain ar thionscadail i gcomhréir leis na tosaíochtaí agus na cuspóirí atá leagtha amach i gClár Oibre leasaithe 2017 i réimse na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
Iarrtar iarratais a chur isteach ar an gcéad ghlao (WIFI4EU-2017-1) chun nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla.
Is é EUR 17 745 000 an buiséad iomlán táscach atá ar fáil do na hiarratais a roghnófar faoin nglao seo.
Is é an 15 Meitheamh 2018 an spriocdháta le hiarratais a dhéanamh.
Ní mór iarratais don ghlao a chur isteach ar thairseach WiFi4EU: https://www.wifi4eu.eu/
Tá an doiciméadacht ábhartha don ghlao ar fáil ar shuíomh gréasáin INEA: https://ec.europa.eu/inea/en/connecting-europe-facility/cef-telecom/wifi4eu