ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
60 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 224 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
13.7.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE
EPSO/AD/343/17 — Aistritheoirí (AD 5) Gearmáinise (DE)
EPSO/AD/344/17 — Aistritheoirí (AD 5) Fraincise (FR)
EPSO/AD/345/17 — Aistritheoirí (AD 5) Iodáilise (IT)
EPSO/AD/346/17 — Aistritheoirí (AD 5) Ollainnise (NL)
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 5 Meán Fómhair 2017 ag 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a bhféadfaidh institiúidí an Choimisiúin Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach den chuid is mó, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “aistritheoirí” (grúpa feidhme AD).
Is iad an fógra comórtas seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.
Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte le fáil in IARSCRÍBHINN I.
An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha:
|
Rogha 1 |
Rogha 2 |
EPSO/AD/343/17 — DE |
9 |
5 |
EPSO/AD/344/17 — FR |
6 |
7 |
EPSO/AD/345/17 — IT |
10 |
4 |
EPSO/AD/346/17 — NL |
8 |
7 |
Na poist a d’fhéadfaí a thairiscint d’iarrthóirí a n-éireoidh leo, is sa Bhruiséil nó i Lucsamburg a bheidh siad.
Baineann an fógra seo le roinnt comórtas, agus tá dhá rogha ag dul le gach ceann de na comórtais sin. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon chomórtas amháin agus ar aon rogha amháin. Ní mór duit an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú na nithe sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.
DUALGAIS AN PHOIST
Is ag grád AD 5 a théitear i gceann ghairm an riarthóra — is cuma cé acu riarthóir teanga nó riarthóir de chineál eile atá i gceist — sna hinstitiúidí Eorpacha.
Is é príomhchúram a bhíonn ar riarthóirí teanga (aistritheoirí) cuidiú a thabhairt misean na hinstitiúide nó na heagraíochta ina bhfuil siad ag obair a chur i gcrích trí aistriúchán ardchaighdeáin a dhéanamh ar dhoiciméid roimh an sprioc-am atá leagtha síos dóibh agus trí chomhairle teanga a thabhairt.
Ar na cúraimí a bhíonn ar an aistritheoir tá aistriúchán, ó dhá theanga fhoinseacha ar a laghad go dtí a phríomhtheanga, mar aon le hathbhreithniú ar aistriúcháin ó na teangacha sin, taighde téarmaíochta, cúnamh a thabhairt cúrsaí oiliúna a eagrú, agus bogearraí ríomhaireachta a fhorbairt. Is minic na téacsanna a mbítear ag plé leo a bheith casta, agus bíonn baint acu le cúrsaí polaitíochta, cúrsaí dlí, cúrsaí eacnamaíocha, cúrsaí airgeadais, cúrsaí eolaíochta nó cúrsaí teicniúla, agus le gach réimse eile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leis. Chun na cúraimí sin a dhéanamh caithfear úsáid thráthrialta a bhaint as uirlisí ríomhaireachta agus as uirlisí eile oifige a bhaineann go sonrach leis an obair.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:
1) |
Coinníollacha ginearálta:
|
2) |
Coinníollacha sonracha — teangacha: Ní mór eolas a bheith agat ar 3 theanga oifigiúla ar a laghad de chuid an Aontais Eorpaigh . San fhógra comórtas seo is mar seo a thagraítear do na teangacha:
Is iad seo na roghanna teanga atá ann: ROGHA 1
Tabhair do d’aire nach mór na híosleibhéil a luaitear thuas a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 2.I ngeall ar an méid mór jabanna aistriúcháin agus doiciméad a fhaightear i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis, ní mór ceann amháin ar a laghad de na teangacha sin a bheith ag iarrthóirí chomh maith lena bpríomhtheanga. Ar na cúiseanna céanna sin, ní mór d’iarrthóirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas d’aistritheoirí Fraincise nó Gearmáinise bheith ábalta dul i mbun oibre aistriúcháin as ceann amháin eile ar a laghad de na trí theanga sin. |
3) |
Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre:
|
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Iarratas a dhéanamh
Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 (féach an roinn “Coinníollacha sonracha — teangacha”).
Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, iarrfar ort a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus eolas breise a thabhairt a bhaineann leis an gcomórtas (mar shampla: dioplómaí). Lena chois sin, beidh ort na teangacha a bheith mar theanga 1, 2 agus 3 a roghnú.
Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”. A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go bhfuil an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am .
2) Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Má bhailíochtaíonn tú d’iarratas faoin sprioc-am, tabharfar cuireadh duit sraith de thrialacha ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh freisin. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.
Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
Trialacha |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Marcáil |
Pasmharc |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga 1 |
20 ceist |
35 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 20 pointe |
An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 15/30 |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Teanga 1 |
10 gceist |
20 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
4/10 |
Réasúnaíocht theibí |
Teanga 1 |
10 gceist |
10 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 15/30 |
Triail tuisceana teanga |
Teanga 2 |
12 cheist |
25 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 12 phointe |
6/12 |
Triail tuisceana teanga |
Teanga 3 |
12 cheist |
25 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 12 phointe |
6/12 |
Scileanna sa phríomhtheanga |
Teanga 1 |
25 cheist |
25 nóiméad |
Neamhbhainteach |
Neamhbhainteach |
Triail phíolótach is ea an triail ar scileanna sa phríomhtheanga. Ní triail díbeartha é agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthóidh na hiarrthóirí san áireamh sa chuid eile den chomórtas seo. Déanfar na torthaí a phróiseáil gan breathnú ar na sonraí pearsanta chun críocha anailíse ar mhaithe leis na comórtais a eagrófar amach anseo.
Ní chuirfear toradh na trialach réasúnaíochta uimhriúla sa chuntas agus marc iomlán na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire á áireamh le linn an chomórtais seo. Mar sin féin, ní mór pas a ghnóthú i ngach triail a mharcálfar le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas.
3) Seiceálacha incháilitheachta
Déanfar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí a thug na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta sonracha.
Déanfar seiceáil incháilitheachta ar iarratas na n-iarrthóirí in ord íslitheach na marcanna iomlána a ghnóthaigh siad sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí incháilithe a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha aistriúcháin a dhéanamh do gach comórtas agus do gach rogha. Ní sheiceálfar na comhaid eile. Tuairim is ceithre oiread, nó cúig oiread ar a mhéad , an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha aistriúcháin a dhéanamh.
4) Na trialacha aistriúcháin
Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit dhá thriail aistriúcháin a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Trialacha |
Teanga |
Fad ama |
Marcáil |
Pasmharc |
||
|
Ó theanga 2 go teanga 1 |
60 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 80 pointe |
40/80 |
||
|
Ó theanga 3 go teanga 1 |
60 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 80 pointe |
40/80 |
Má theipeann ort i dtriail (a), ní mharcálfar triail (b).
Chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas ní mór an marc a ghnóthóidh tú sna trialacha seo a bheith ar cheann de na marcanna foriomlána is airde .
5) An tIonad Measúnaithe
Tuairim is dhá oiread, nó dhá oiread go leith ar a mhéad , an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun na céime seo. Má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sna trialacha aistriúcháin ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh aon lá amháin agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an t-ionad measúnaithe.
Ach amháin má deirtear a mhalairt, ba cheart duit do chuid doiciméad tacaíochta a thabhairt leat (na bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe díobh) go dtí an t-ionad measúnaithe. Scanfaidh EPSO na doiciméid agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfar ar ais duit iad an lá céanna.
Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta, a marcálfar gach ceann acu as 10 bpointe, a mheas san ionad measúnaithe. Déanfar sin le trí thriail (cur i láthair ó bhéal, agallamh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta agus cleachtadh i ngrúpa), faoi mar atá léirithe sa tábla thíos.
Déanfar marcanna na dtrialacha sin a chur le marcanna na dtrialacha aistriúcháin chun marc foriomlán gach iarrthóra a dhéanamh amach:
Inniúlacht |
Trialacha |
|||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Cleachtadh i ngrúpa |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Cleachtadh i ngrúpa |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
Pasmharc |
40/80 |
6) An painéal
Tar éis dó an tseiceáil a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn a gcuid doiciméad tacaíochta, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal do gach comórtas agus do gach rogha de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh an pasmharc i ngach triail a marcáladh agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, na painéil d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht go bhfaighidh sé post.
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu faoin sprioc-am seo:
5 Meán Fómhair 2017 ag 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET).
IARSCRÍBHINN I
NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.
Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc, tabharfar cuireadh chun an chéad chéim eile den chomórtas dó.
Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal iad.
1. NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
1.1. Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha
Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), luaite sa roinn “Na Coinníollacha Incháilitheachta”.
Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin), eolas a bhaineann le dualgais an phoist , de réir an méid atá ráite sa roinn “Na Coinníollacha Incháilitheachta” thuas.
(a) |
Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais. Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann. |
(b) |
Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:
|
1.2. Doiciméid tacaíochta
Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).
Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:
— |
doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó |
— |
conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh; |
— |
(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar; |
— |
(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála. |
Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.
Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.
1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh an sprioc ama le hiarratais a dhéanamh, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.
Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:
— |
trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu); |
— |
facs (+ 32 2 299 80 81); nó |
— |
tríd an bpost:
|
2. CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?
Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.
Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Má dhéanann iarrthóir aon chumarsáid dhíreach nó indíreach ar aon dóigh eile seachas an dóigh sin, is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas é.
Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach roinn 4.4).
Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an ionaid measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.
3. CUMARSÁID
3.1. Cumarsáid a dhéanamh le EPSO
Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach ar cheann de na dóigheanna seo:
— |
tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid). nó |
— |
glao a chur ar Europe Direct (00 800 67 89 10 11); nó |
— |
tríd an bpost:
|
Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.
I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga (arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh). Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).
3.2. Rochtain ar fhaisnéis
Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.
Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.
Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
3.2.1. Faisnéis a nochtar go huathoibríoch
Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:
— |
na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna; |
— |
incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh; |
— |
Talent Screener (an Scagthóir Buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán; |
— |
na réamhthrialacha: do thorthaí; |
— |
na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh; |
— |
an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe. |
Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:
— |
go bhfuil na trialacha thart; |
— |
go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus |
— |
nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile. |
3.2.2. Faisnéis a iarraidh
Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.
Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.
Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.
Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.
4. GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ
4.1. Deacrachtaí teicniúla
Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh láithreach sa chaoi is go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn:
— |
tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid); nó |
— |
tríd an bpost:
|
Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) agus mínigh go haicearrach cad í an fhadhb.
I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:
— |
na feitheoirí a chur ar an eolas ar dtús agus ansin iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus |
— |
teagmháil a dhéanamh le EPSO tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) agus míniú aicearrach a thabhairt ar an bhfadhb. |
4.2. Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach
4.2.1. Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.
Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).
Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.
Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) tríd an bhfoirm theagmhála ar líne, agus tríd an bhfoirm sin amháin; |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire; |
— |
faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.
Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.
4.2.2. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.
Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:
— |
míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó |
— |
an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh. |
Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.
Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1); |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid; |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.
Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.
4.3. Modhanna eile le conspóid a dhéanamh
4.3.1. Gearáin riaracháin
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.
Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).
Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1); |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe; |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
4.3.2. Achomhairc bhreithiúnacha
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.
Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne EPSO, ní mór duit gearán riaracháin a dhéanamh i dtosach (féach roinn 4.3.1).
Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/). |
4.3.3. An tOmbudsman Eorpach
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1.–4.3.).
Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.
Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/). |
4.4. Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin
Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin; |
— |
go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe; |
— |
nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad; |
— |
go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis; |
— |
nach ndearna tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú na trialacha iad féin; |
— |
go ndearna tú séitéireacht i dtriail; |
— |
nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais an teanga, nó ceann de na teangacha, nach mór a roghnú mar theanga 2, nó nár dhearbhaigh tú an t-íosleibhéal a theastaíonn i dteanga 2; |
— |
gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe; |
— |
nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin; |
— |
gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (cuirfear san áireamh go bhféadfadh na cásanna ina bhféadfadh údar a bheith le teanga eile a úsáid, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó |
— |
go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla. |
Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN II
SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS
Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait
|
AST-SC 1 go AST-SC 6 AST 1 go AST 7 |
AST 3 go AST 11 |
AD 5 go AD 16 |
|||||||||||||
TÍR |
Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile) |
Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (trí bliana ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (ceithre bliana nó níos mó) |
||||||||||||
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/ Getuigschrift van hoger secundair onderwijs Diplôme d’enseignement professionnel Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature — Kandidaat Graduat — Gegradueerde Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor |
Bachelor académique (180 crédits) Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS) |
Licence/Licentiaat Master Diplôme d’études approfondies (DEA) Diplôme d’études spécialisées (DES) Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS) Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur Doctorat/Doctoraal diploma |
||||||||||||
България |
Диплома за завършено средно образование |
Специалист по … |
|
Диплома за висше образование Бакалавър Магистър |
||||||||||||
Česká republika |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia Magistr Doktor |
||||||||||||
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) Højere Handelseksamen (HHX) Højere Afgangseksamen (HA) Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK) |
Bachelorgrad (BA or BS) Professionsbachelorgrad Diplomingeniør |
Kandidatgrad/Candidatus Master/Magistergrad (mag.art) Licenciatgrad ph.d.-grad |
||||||||||||
Deutschland |
Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife |
|
Fachhochschulabschluss Bachelor |
Hochschulabschluss/ Fachhochschulabschluss/ Master Magister Artium/Magistra Artium Staatsexamen/Diplom Erstes Juristisches Staatsexamen Doktorgrad |
||||||||||||
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti) Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) Magistrikraad Arstikraad Hambaarstikraad Loomaarstikraad Filosoofiadoktor Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
||||||||||||
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht, Grád D3, i 5 ábhar Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta National Certificate Gnáthchéim bhaitsiléara Ordinary bachelor degree Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.) National diploma (ND, Dip.) Ardteastas (120 ECTS) Higher Certificate (120 ECTS) |
Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) |
Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS) Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile University degree Céim mháistir (60-120 ECTS) Master’s degree (60-120 ECTS) Dochtúireacht Doctorate |
||||||||||||
Ελλάδα |
Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ) |
|
Πτυχίο ΑΕΙ (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
||||||||||||
España |
Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU) Bachillerato BUP Diploma de Técnico especialista |
FP grado superior (Técnico superior) |
Diplomado/ Ingeniero técnico |
Licenciatura Máster Ingeniero Título de Doctor |
||||||||||||
France |
Baccalauréat Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU) Brevet de technicien |
Diplôme d’études universitaires générales (DEUG) Brevet de technicien supérieur (BTS) Diplôme universitaire de technologie (DUT) Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
Licence |
Maîtrise Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d’études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche Diplôme des grandes écoles Diplôme d’ingénieur Doctorat |
||||||||||||
Italia |
Diploma di maturità (vecchio ordinamento) Perito ragioniere Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore |
Diploma universitario (DU) Certificato di specializzazione tecnica superiore/ Attestato di competenza (4 semestri) |
Diploma di laurea – L (breve) |
Diploma di laurea (DL) Laurea specialistica (LS) Master di I livello Dottorato di ricerca (DR) |
||||||||||||
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) Higher Diploma |
|
Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor Master Doctorat |
||||||||||||
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu) |
Bakalaura diploms (160 kredītpunktu) Profesionālā bakalaura diploms Maģistra diploms Profesionālā maģistra diploms Doktora grāds |
||||||||||||
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
Aukštojo mokslo diplomas Bakalauro diplomas Magistro diplomas Daktaro diplomas Meno licenciato diplomas |
||||||||||||
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
BTS Brevet de maîtrise Brevet de technicien supérieur Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
Bachelor Diplôme d’ingénieur technicien |
Master Diplôme d’ingénieur industriel DESS en droit européen |
||||||||||||
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány Szakközépiskolai érettségi – képesítő bizonyítvány |
Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme) |
Főiskolai oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits) |
Egyetemi oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits) Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés) Doktori fokozat |
||||||||||||
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
Bachelor’s degree |
Bachelor’s degree Master of Arts Doctorate |
||||||||||||
Nederland |
Diploma VWO Diploma staatsexamen (2 diploma’s) Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
Bachelor (WO) HBO bachelor degree Baccalaureus of “Ingenieur” |
HBO/WO Master’s degree Doctoraal examen/Doctoraat |
||||||||||||
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife- und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom/ Akademiediplom |
Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea |
Universitätsdiplom/ Fachhochschuldiplom/ Magister/Magistra Master Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis Doktortitel |
||||||||||||
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
Licencjat/Inżynier |
Magister/Magister inżynier Dyplom doktora |
||||||||||||
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário/ Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
Bacharel Licenciado |
Licenciado Mestre Doutorado |
||||||||||||
Republika Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o završnom ispitu |
Stručni pristupnik/pristupnica |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Magistar struke Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke Doktor umjetnosti |
||||||||||||
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (Colegiu universitar) învățământ preuniversitar |
Diplomă de licenţă |
Diplomă de licenţă Diplomă de inginer Diplomă de urbanist Diplomă de master Certificat de atestare (studii academice postuniversitare) Diplomă de doctor |
||||||||||||
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
Univerzitetna diploma/magisterij/specializacija/doktorat |
||||||||||||
Slovensko |
Vysvedčenie o maturitnej skúške |
Absolventský diplom |
Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár) |
Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia Bakalár (Bc.) Magister Magister/Inžinier ArtD. |
||||||||||||
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning (Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet) Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå |
Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor) |
Maisterin tutkinto – Magisterexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen Lisensiaatti/Licentiat |
||||||||||||
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/ Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)
Meriter på avancerad nivå:
Meriter på forskarnivå:
|
||||||||||||
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
Honours Bachelor degree Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) Doctorate |
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs