ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

60
9 Meitheamh 2017


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

 

Seasamh (AE) Uimh. 4/2017 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil
A ghlac an Chomhairle an 25 Aibreán 2017

1

 

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 4/2017 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

14


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 184 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

9.6.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


SEASAMH (AE) UIMH. 4/2017 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

A ghlac an Chomhairle an 25 Aibreán 2017

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Baineann cosaint leasanna airgeadais an Aontais ní amháin le bainistiú leithreasuithe buiséid ach leis na bearta uile a dhéanann difear dá shócmhainní ar bhealach diúltach nó a bhagraíonn dochar a dhéanamh dá shócmhainní agus do shócmhainní na mBallstát ar bhealach diúltach a mhéid atá na bearta sin ábhartha do bheartais an Aontais.

(2)

Leis an gCoinbhinsiún arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint an 26 Iúil 1995 (3), lena n-áirítear Prótacal an 27 Meán Fómhair 1996 (4), Prótacal an 29 Samhain 1996 (5) agus Prótacal an 19 Meitheamh 1997 (6) a ghabhann leis (“an Coinbhinsiún”), bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainmhíniú i réimse na calaoise lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais. Rinne na Ballstáit an Coinbhinsiún a dhréachtú agus tugadh aird ann ar an gcaoi nach raibh an chalaois lena gcuirtear isteach ar ioncam agus caiteachas an Aontais teoranta do thír amháin i roinnt mhaith cásanna agus gur minic gurbh iad gréasáin eagraithe coiriúla a rinne an chalaois. Ar an mbonn sin, aithníodh cheana féin sa Choinbhinsiún sin gur iarradh, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh ar iompar calaoiseach lena ndéantar dochar do na leasanna sin. I gcomhthráth, glacadh Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (7). Leagtar síos leis an Rialachán sin rialacha ginearálta a bhaineann le seiceálacha aonchineálacha agus le bearta agus pionóis riaracháin maidir le mírialtachtaí i dtaca le dlí an Aontais agus, ag an am céanna, déantar tagairt ann do rialacha earnála sa réimse sin, gníomhartha calaoiseacha mar a shainmhínítear iad sa Choinbhinsiún agus i gcur i bhfeidhm dhlí coiriúil agus imeachtaí coiriúla na mBallstát.

(3)

Maidir le beartas an Aontais i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais, rinneadh bearta um chomhchuibhiú faoina réir cheana amhail Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95. D’fhonn cur chun feidhme bheartas an Aontais sa réimse sin a áirithiú, tá sé riachtanach go leanfar de dhlí coiriúil na mBallstát a chomhfhogasú tríd an gcosaint ar leasanna airgeadais an Aontais a chomhlánú faoin dlí riaracháin agus sibhialta do na cineálacha iompair is tromchúisí a bhaineann leis an gcalaois sa réimse sin, agus neamhréireachtaí á seachaint ag an am céanna, laistigh de na réimsí dlí sin agus ina measc araon.

(4)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ní mór teacht ar shainmhíniú coiteann den chalaois a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo lenar cheart iompar calaoiseach a chumhdach i dtaca le caiteachais, ioncam agus sócmhainní ar chostas bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (“buiséad an Aontais”), lena n-áirítear oibríochtaí airgeadais amhail gníomhaíochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí. Le coincheap na gcionta tromchúiseacha i gcoinne an chomhchórais chánach bhreisluacha (“CBL”) (“comhchóras CBL”) mar a bunaíodh le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (8), tagraítear do na cineálacha is tromchúisí de chalaois CBL, go háirithe calaois rothlach, calaois CBL trí thrádálaithe atá in easnamh, agus calaois CBL arna déanamh laistigh d’eagraíocht choiriúil, ar rudaí iad a chruthaíonn bagairtí tromchúiseacha don chomhchóras CBL agus, ar an gcaoi sin, do bhuiséad an Aontais. Ba cheart a mheas go bhfuil cionta i gcoinne an chomhchórais CBL tromchúiseach i gcás ina bhfuil nasc acu le críoch dhá Bhallstát de chuid an Aontais nó níos mó, nuair a eascraíonn siad as scéim chalaoiseach ina ndéantar na cionta sin ar bhealach struchtúrtha agus é mar aidhm leo buntáiste míchuí a bhreith ar an gcomhchóras CBL agus arb EUR 10 000 000 ar a laghad an damáiste iomlán a dhéantar mar thoradh ar na cionta. Le coincheap an damáiste iomláin, tagraítear don damáiste a mheastar a bheith déanta arb é an toradh ar an scéim chalaoise ina hiomláine do leasanna airgeadais na mBallstát lena mbaineann agus don Aontas araon, agus rátaí úis agus pionóis á n-eisiamh. Tá sé mar aidhm leis an Treoir seo cur leis na hiarrachtaí na feiniméin choiriúla sin a chomhrac.

(5)

Agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme ag an gCoimisiún faoi bhainistiú roinnte nó indíreach, féadfaidh sé cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig na Ballstáit, nó iad a chur faoi chúram comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí arna mbunú de bhun na gConarthaí nó faoi chúram eintitis nó daoine eile. I gcás na bainistíochta roinnte nó indírí sin, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith ag leasanna airgeadais an Aontais agus atá acu agus iad faoi bhainistiú dhíreach an Choimisiúin.

(6)

Chun críocha na Treorach seo, is éard atá i gcaiteachas a bhaineann le soláthar aon chaiteachas i dtaca leis na conarthaí poiblí arna gcinneadh le hAirteagal 101(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

(7)

Tá dlí an Aontais maidir le sciúradh airgid infheidhme go hiomlán maidir le sciúradh airgid a bhaineann le maoin a dhíorthaítear ó na cionta coiriúla a chumhdaítear leis an Treoir seo. Aon tagairt a dhéantar don dlí sin, ba cheart dó a áirithiú go mbeidh feidhm ag an gcóras smachtbhannaithe a thugtar isteach leis an Treoir seo maidir le gach cás tromchúiseach cionta coiriúla i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais.

(8)

Bagairt thar a bheith tromchúiseach do leasanna airgeadais an Aontais is ea an t-éilliú agus i mórán cásanna d’fhéadfadh baint a bheith aige leis an iompar calaoiseach freisin. Ós rud é go bhfuil dualgas ar gach oifigeach poiblí breithiúnas nó discréid a fheidhmiú go neamhchlaon, ba cheart a áireamh ar shainmhínithe an éillithe breabanna a íoc d’fhonn dul i gcion ar bhreithiúnas nó ar dhiscréid oifigigh phoiblí agus glacadh breabanna den sórt sin, beag beann ar an dlí nó ar na rialacháin is infheidhme i dtír an oifigigh áirithe sin nó maidir leis an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann.

(9)

Is féidir difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach diúltach mar thoradh ar chineálacha áirithe iompair ó oifigeach poiblí a gcuirtear ar a iontaoibh cistí nó sócmhainní a bhainistiú, bíodh sé nó sí i gceannas orthu nó ag gníomhú i bhfeidhm mhaoirseachta, ar cineálacha iompair iad ina bhfuil sé d’aidhm acu cistí nó sócmhainní a mhíleithreasú, contrártha don chuspóir atá beartaithe agus trína ndéantar damáiste do leasanna airgeadais an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, sainmhíniú beacht a thabhairt isteach ar chionta coiriúla lena gcumhdaítear iompar den sórt sin.

(10)

Maidir le cionta coiriúla an éillithe éighníomhaigh agus an mhíleithreasaithe, is gá sainmhíniú ar oifigigh phoiblí a chur san áireamh lena gcumhdófar gach oifigeach ábhartha, bíodh oifig fhoirmiúil san Aontas, sna Ballstáit nó i dtríú tíortha ina seilbh aige nó aici. Tá baint níos mó i gcónaí ag daoine príobháideacha le bainistiú chistí an Aontais. D’fhonn cistí an Aontais a chosaint go leordhóthanach ón éilliú agus ón míleithreasú, is gá mar sin go gcumhdófaí leis an sainmhíniú ar “oifigeach poiblí” daoine nach bhfuil oifig fhoirmiúil ina seilbh acu, ach, mar sin féin, a sanntar feidhm seirbhíse poiblí dóibh ar bhealach comhchosúil, agus a bhfuil an fheidhm sin á feidhmiú ar bhealach comhchosúil acu mar sin féin, i dtaca le cistí an Aontais, amhail conraitheoirí a bhfuil baint acu le bainistiú na gcistí sin.

(11)

Maidir leis na cionta coiriúla dá bhforáiltear sa Treoir seo, caithfidh feidhm a bheith ag coincheap na hintinne maidir leis na heilimintí uile de na cionta coiriúla sin. Féadfar cineál intinniúil gnímh nó neamhghnímh a infeiriú ó imthosca fíorasacha oibiachtúla. Na cionta coiriúla sin nach n-éilíonn rún, ní chumhdaítear leis an Treoir seo iad.

(12)

Leis an Treoir seo, ní chuirtear iallach ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do smachtbhannaí príosúnachta mar gheall ar chionta coiriúla a dhéanamh nach de chineál tromchúiseach iad, i gcásanna ina dtoimhdítear faoin dlí náisiúnta go bhfuil rún ann.

(13)

Go minic bíonn dlúthnasc idir roinnt cionta coiriúla i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais agus na cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus le gníomhartha reachtacha an Aontais atá bunaithe ar an bhforáil sin. Ba cheart, dá bhrí sin, comhleanúnachas idir gníomhartha reachtacha den sórt sin agus an Treoir seo a áirithiú i bhfoclaíocht na Treorach seo.

(14)

A mhéid is féidir le hiompar inchurtha i leith duine nádúrtha damáiste nó bagairt a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart do dhaoine dlítheanacha a bheith faoi dhliteanas i leith na gcionta coiriúla, mar a shainmhínítear sa Treoir seo iad, arna ndéanamh thar a gcinn.

(15)

D’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar bhealach coibhéiseach ar fud an Aontais trí bhíthin bearta ar cheart iad a bheith ina ndíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do chineálacha agus leibhéil áirithe smachtbhannaí nuair a dhéantar na cionta coiriúla atá sainithe sa Treoir seo. Níor cheart do leibhéil na smachtbhannaí dul thar a bhfuil comhréireach do na cionta.

(16)

Os rud go bhforáiltear sa Treoir seo do rialacha íosta, tá na Ballstáit saor rialacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil do chionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

(17)

Ní dhéanann an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm cuí agus éifeachtach bearta araíonachta nó smachtbhannaí seachas iad siúd ar de chineál coiriúil iad. Smachtbhannaí nach féidir gurb ionann iad agus smachtbhannaí coiriúla, a fhorchuirtear ar an duine céanna don iompar céanna, is féidir iad a chur san áireamh agus pianbhreith á cur ar an duine sin as cion coiriúil a shainmhínítear sa Treoir seo. I gcás smachtbhannaí eile, ba cheart lánurraim a thabhairt don phrionsabal go toirmisctear duine a thriail nó a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (ne bis in idem). Ní dhéanann an Treoir seo iompar a choiriúlú nach bhfuil faoi réir pionóis araíonachta nó bearta eile freisin maidir le sárú ar dhualgais oifigiúla, i gcásanna inar féidir na pionóis araíonachta den sórt sin nó bearta eile den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir leis an duine lena mbaineann.

(18)

I gcásanna áirithe, ba cheart foráil a dhéanamh leis na smachtbhannaí i dtaca le daoine nádúrtha do phionós uasta ceithre bliana príosúnachta ar a laghad. Ba cheart a áireamh le cásanna den sórt sin na cinn lena mbaineann damáiste suntasach nó lena mbaintear amach buntáiste suntasach trínar cheart an damáiste nó an buntáiste a thoimhdiú mar ní suntasach nuair is breis is EUR 100 000 a bhaineann leis. Más rud é nach bhforáiltear le dlí Ballstáit do thairseach shainráite do dhamáiste suntasach nó do bhuntáiste suntasach mar bhonn do phionós uasta, ba cheart don Bhallstát a áirithiú go ndéanfaidh a gcúirteanna méid an damáiste nó an bhuntáiste a chur san áireamh agus smachtbhannaí le haghaidh calaoise agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais á gcinneadh. Leis an Treoir seo, ní choisctear na Ballstáit foráil a dhéanamh do ghnéithe eile a léireodh cineál tromhchúiseach ciona choiriúla, mar shampla nuair atá baol an damáiste nó an bhuntáiste ann, ach go bhfuil sé de chineál an-suntasach. Mar sin féin, i gcás cionta i gcoinne an chomhchórais CBL, is í EUR 10 000 000 an tairseach ar cheart a thoimhdiú gurbh amhlaidh atá cion atá cothrom léi nó atá os a cionn suntasach, i gcomhréir leis an Treoir seo. Tá sé riachtanach íosleibhéil smachtbhannaí uasta príosúnachta a thabhairt isteach chun cosaint choibhéiseach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú ar fud an Aontais. Beartaítear go mbeidh éifeacht dhíspreagthach láidir ag na smachtbhannaí ar choirpigh ionchasacha, le héifeacht ar fud an Aontais.

(19)

Maidir leis an bhfíric go ndéantar cion coiriúil laistigh d’eagraíocht choiriúil mar a shainmhínítear í i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (10), ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar é sin a mheas mar imthoisc ghéaraitheach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme arna mbunú lena gcórais dlí. Ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar an t-imthoisc ghéaraitheach a chur ar fáil do bhreithimh lena bhreithniú agus pianbhreith á cur ar chiontóirí acu, cé nach bhfuil aon oibleagáid ann ar bhreithimh an imthoisc ghéaraitheach sin a chur san áireamh ina bpianbhreith. Níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh don imthoisc ghéaraitheach i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta go bhfuil na cionta coiriúla mar a shainmhínítear iad i gCinneadh Réime 2008/841/CGB inphionóis mar chion ar leithligh agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh smachtbhannaí níos déine as.

(20)

I bhfianaise, go háirithe shoghluaisteacht dhéantóirí na coire agus shoghluaisteacht na bhfáltas a thagann as gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar chostas leasanna airgeadais an Aontais, mar aon leis na himscrúduithe trasteorann casta atá i gceist leis sin, ba cheart do gach Ballstát a dhlínse a bhunú d’fhonn cur ar a chumas gníomhaíochtaí den sórt sin a chomhrac. Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú dá bharr sin go n-áirítear ar a dhlínse cásanna ina ndéantar cionta coiriúla trí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide ar a bhfuarthas rochtain óna gcríoch a úsáid.

(21)

I bhfianaise na ndlínsí iomadúla a d’fhéadfadh bheith ann do chionta coiriúla trasteorann a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaítear prionsabal ne bis in idem ina iomláine agus an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí á chur i bhfeidhm.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le tréimhsí teorann atá riachtanach d’fhonn cur ar a gcumas gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar chostas leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. I gcás cionta coiriúla is inphionóis le smachtbhanna uasta ceithre bliana príosúnachta ar a laghad, ba cheart gurbh ionann an tréimhse teorann agus cúig bliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion coiriúil. Ba cheart nár dhochar an méid sin do na Ballstáit sin nach leagann tréimhsí teorann amach d’imscrúdú, d’ionchúiseamh ná d’fhorfheidhmiú.

(23)

Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in imeachtaí coiriúla ná do rialacha eile faoi dhlí an Aontais, go háirithe faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), a bhaineann le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), tá gá le foráil iomchuí a dhéanamh do chomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun gníomhaíocht éifeachtach a áirithiú i gcoinne na gcionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún mar aon le cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthraíonn an Coimisiún do na húdaráis náisiúnta inniúla toisc go bhféadfadh go mbeadh orthu comhordú ar a gcuid imscrúduithe a éascú. Níor cheart a bheith i gceist le cúnamh den sórt sin go mbeadh an Coimisiún rannpháirteach i nósanna imeachta imscrúdaithe nó ionchúisimh cásanna coiriúla aonair a sheolann na húdaráis náisiúnta. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí agus do na hiniúchóirí atá freagrach as buiséid institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a iniúchadh aon fhíoras a d’fhéadfaí a cháiliú mar chion coiriúil faoin Treoir seo a nochtadh don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus d’údaráis inniúla eile, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta de réir bhrí Airteagal 59 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

(24)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Féadfaidh tograí lena gcuirtear san áireamh éabhlóidí a d’fhéadfadh tarlú, go háirithe maidir le buiséad an Aontais a mhaoiniú, bheith ag gabháil leis an tuarascáil, más gá.

(25)

Ba cheart an Treoir seo a chur in ionad an Choinbhinsiúin le haghaidh na mBallstát atá faoina ceangal.

(26)

Chun pointe (d) d’Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a chur i bhfeidhm, ba cheart an tagairt do chalaois thromchúiseach lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún a fhorléiriú mar chalaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 agus in Airteagal 7(3) den Treoir seo nó, maidir le cionta i gcoinne an chomhchórais CBL, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Treoir seo.

(27)

Áirítear ar chur chun feidhme ceart na Treorach seo ag na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus sonraí den sórt sin a mhalartú idir na Ballstáit ar láimh amháin, agus idir comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais ar an láimh eile. Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta ar an leibhéal náisiúnta idir údaráis náisiúnta inniúla a rialú le acquis an Aontais. Ba cheart malartú sonraí pearsanta idir na Ballstáit a dhéanamh i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Sa mhéid a phróiseálann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais sonraí pearsanta, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) nó, i gcás inarbh infheidhme, ag gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin mar aon leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht imscrúduithe breithiúnacha.

(28)

Maidir leis an éifeacht athchomhairleach a bheartaítear le smachtbhannaí an dlí choiriúil a chur i bhfeidhm, tá gá le réamhchúram ar leith maidir le cearta bunúsacha. Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo agus cloítear léi leis na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus go háirithe an ceart chun saoirse agus slándála, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon le prionsabal ne bis in idem. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar na cearta agus na prionsabail sin go hiomlán agus ní foláir í a chur chun feidhme dá réir sin.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta riachtanacha a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar suimeanna a ghnóthú agus iad a aistriú chuig buiséad an Aontais go pras, gan dochar do rialacha earnáil-shonracha ábhartha an Aontais maidir le ceartúcháin airgeadais agus na méideanna a caitheadh go míchuí a ghnóthú.

(30)

Tá ról tábhachtach ag bearta riaracháin agus pionóis riaracháin i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ní dhíolmhaítear na Ballstáit leis an Treoir seo ón oibleagáid bearta riaracháin agus pionóis riaracháin an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme de réir bhrí Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95.

(31)

Ba cheart é a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta do phionóis choiriúla i ndáil leis na gníomhaíochtaí calaoise agus leis na cionta coiriúla a bhaineann le calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo. Níor cheart oibleagáidí a chruthú leis an Treoir seo i ndáil le pionóis den sórt sin nó le haon chóras eile forfheidhmithe dlí atá ar fáil a chur i bhfeidhm maidir le cásanna aonair. Féadfaidh na Ballstáit, i bprionsabal, leanúint orthu de bhearta riaracháin agus de phionóis riaracháin a chur i bhfeidhm ag an am céanna sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo. Agus an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí á chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit, áfach, a áirithiú nach sáraítear an Chairt trí smachtbhannaí coiriúla a fhorchur mar gheall ar chionta coiriúla i gcomhréir leis an Treoir seo agus trí bhearta riaracháin agus smachtbhannaí riaracháin a fhorchur.

(32)

Níor cheart difear a dhéanamh leis an Treoir seo d’inniúlachtaí na mBallstát a riarachán cánach a struchtúrú agus a eagrú de réir mar is cuí leo chun cinneadh, measúnú agus bailiú ceart cánach breisluacha a áirithiú, mar aon le cur i bhfeidhm éifeachtach dlí CBL.

(33)

Tá feidhm ag an Treoir seo gan dochar do na forálacha maidir leis na díolúintí a bhaint atá in CFAE, i bPrótacal Uimh. 3 ar reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i bPrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CFAE agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, atá i gceangal le CFAE agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus do na téacsanna lena gcuirtear chun feidhme iad, nó d’fhorálacha comhchosúla atá faoi chuimsiú an dlí náisiúnta. Agus an Treoir seo á trasuí sa dlí náisiúnta agus, ina theannta sin, agus an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí á chur i bhfeidhm, cuirtear na pribhléidí agus na díolúintí sin, lena n-áirítear an urraim ar shaoirse shainordú an Chomhalta, san áireamh go hiomlán.

(34)

Ní dochar an Treoir seo do rialacha ginearálta agus do phrionsabail ghinearálta an dlí náisiúnta choiriúil maidir le pianbhreitheanna a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú i gcomhréir leis na himthosca nithiúla i ngach cás aonair.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon bunú rialacha íosta i ndáil le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú i dtaca le calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile i gcoinne leasanna an Aontais Eorpaigh a chomhrac, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(36)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

(37)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná níl sí faoi réir a cur i bhfeidhm.

(38)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(39)

Chuathas i gcomhairle le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ghlac sí tuairim (15),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

Ábhar, sainmhínithe agus raon fheidhme

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta i ndáil le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú i dtaca le calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, d’fhonn an chosaint i gcoinne na gcionta coiriúla a dhéanann difear do na leasanna airgeadais sin a neartú, i gcomhréir le acquis an Aontais sa réimse seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe agus raon feidhme

1.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “leasanna airgeadais an Aontais” na hioncaim, na caiteachais agus na sócmhainní uile a chumhdaítear leis nithe seo a leanas, a fhaightear tríothu, nó atá dlite dóibh:

(i)

buiséad an Aontais;

(ii)

buiséid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a bhunaítear de bhun na gConarthaí nó buiséid a bhainistíonn siad agus a ndéanann siad faireachán orthu go díreach nó go hindíreach.

(b)

ciallaíonn “duine dlíthiúil” aon eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoin dlí is infheidhme, seachas Stáit nó comhlachtaí poiblí i bhfeidhmiú údarás an Stáit agus seachas eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.

2.   Maidir le hioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin i gcásanna cionta tromchúiseacha i gcoinne an chomhchórais CBL. Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh cionta i gcoinne an chomhchórais CBL tromchúiseach i gcás ina bhfuil nasc ag na gníomhartha nó na neamhghníomhartha a dhéantar d’aon ghnó agus a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) le críoch dhá Bhallstát nó níos mó den Aontas agus i gcás ina mbaineann damáiste iomlán ar a laghad EUR 10 000 000 leo.

3.   Ní dhéantar dochar do struchtúr ná d’fheidhmiú riarachán cánach na mBallstát leis an Treoir seo.

TEIDEAL II

Cionta coiriúla i dtaca le calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an aontais

Airteagal 3

Calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cion coiriúil a bheidh i gcalaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, nuair a dhéantar d’aon ghnó í.

2.   Chun críocha na Treorach seo, measfar gur calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais na gníomhartha nó na neamhghníomhartha seo a leanas:

(a)

i leith caiteachas nach mbaineann le soláthar, aon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

ráitis nó doiciméid atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht míleithreasú nó coinneáil éagórach cistí nó sócmhainní as buiséad an Aontais nó as buiséid arna mbainistiú ag an Aontas, nó thar a cheann;

(ii)

neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach, ar a bhfuil an éifeacht chéanna; nó

(iii)

sraonadh cistí den sórt sin nó sócmhainní den sórt sin chun críoch eile seachas na críocha ar deonaíodh i dtosach báire chucu iad;

(b)

i leith caiteachas a bhaineann le soláthar, ar a laghad nuair a dhéantar é chun gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh do dhéantóir an chiona nó do dhuine eile trí chailliúint do leasanna airgeadais an Aontais a chur faoi deara, aon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

ráitis nó doiciméid atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht míleithreasú nó coinneáil éagórach cistí nó sócmhainní as buiséad an Aontais nó as buiséid arna mbainistiú ag an Aontas, nó thar a cheann;

(ii)

neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach, ag a bhfuil an éifeacht chéanna; nó

(iii)

sraonadh cistí den sórt sin nó sócmhainní den sórt sin chun críoch eile seachas na críocha ar deonaíodh i dtosach báire chucu iad, lena ndéantar dochar do leasanna airgeadais an Aontais;

(c)

i leith ioncaim seachas ioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL dá dtagraítear i bpointe (d), aon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

ráitis nó doiciméid atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht acmhainní bhuiséad an Aontais nó buiséad arna mbainistiú ag an Aontas, nó thar a cheann, a laghdú go neamhdhlíthiúil

(ii)

neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach, ar a bhfuil an éifeacht chéanna; nó

(iii)

sraonadh sochair arna fháil go dlíthiúil, ag a bhfuil an éifeacht chéanna.

(d)

i leith ioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL, aon ghníomh nó neamhghníomh a dhéantar i scéimeanna calaoiseacha trasteorann i ndáil leis an méid seo a leanas:

(i)

ráitis nó doiciméid a bhaineann le CBL atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht acmhainní bhuiséad an Aontais a laghdú;

(ii)

neamhnochtadh faisnéise a bhaineann le CBL de shárú ar oibleagáid shonrach, ag a bhfuil an éifeacht chéanna; nó

(iii)

ráitis chearta a bhaineann le CBL a thíolacadh chun an neamhíocaíocht a cheilt ar shlí chalaoiseach nó cruthú éagórach ceart chun aisíocaíochtaí CBL.

Airteagal 4

Cionta coiriúla eile a bhaineann le calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cion coiriúil a bheidh i sciúradh airgid mar a thuairiscítear é in Airteagal 1(3) de Threoir (AE) 2015/849 a bhaineann le maoin a eascraíonn as na cionta coiriúla a chumhdaítear sa Treoir seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cionta coiriúla a bheidh in éilliú éighníomhach agus gníomhach, nuair a dhéantar d’aon ghnó iad.

(a)

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “éilliú éighníomhach” gníomh oifigigh phoiblí a iarrann nó a fhaigheann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáistí de chineál ar bith, dó féin nó do thríú páirtí, nó a ghlacann gealltanas buntáiste den sórt sin, chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna ar dhóigh a dhéanann dochar, nó ar dóigh di dochar a dhéanamh, do leasanna airgeadais an Aontais.

(b)

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “éilliú gníomhach” gníomh duine a gheallann, a thairgeann nó a thugann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáiste de chineál ar bith d’oifigeach poiblí dó féin nó do thríú páirtí chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna ar dhóigh a dhéanann dochar, nó ar dóigh di dochar a dhéanamh, do leasanna airgeadais an Aontais.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cion coiriúil a bheidh i míleithreasú, nuair a dhéantar d’aon ghnó é.

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “míleithreasú” gníomhaíocht oifigigh phoiblí a gcuirtear ar a iontaoibh nó ar a hiontaoibh go díreach nó go hindíreach cistí nó sócmhainní a bhainistiú a dhéanann cistí a ghealladh nó a eisíoc nó sócmhainní a leithreasú nó a úsáid, ar dhóigh atá contrártha don chríoch dár beartaíodh iad agus a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais ar aon slí.

4.   Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “oifigeach poiblí”:

(a)

oifigeach de chuid an Aontais nó oifigeach náisiúnta, lena n-áirítear aon oifigeach náisiúnta de chuid Ballstát eile agus aon oifigeach náisiúnta de chuid tríú tír;

(i)

ciallaíonn “oifigeach de chuid an Aontais” duine:

is oifigeach nó fostaí eile a fhostaíonn an tAontas faoi chonradh de réir bhrí Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (16) (“na Rialacháin Foirne”); nó

a dtugann Ballstát nó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach ar iasacht é nó í don Aontas, a chuireann feidhmeanna i gcrích atá coibhéiseach leo siúd a dhéanann oifigigh nó seirbhísigh eile de chuid an Aontais.

Gan dochar do na forálacha maidir le pribhléidí agus díolúintí atá i bPrótacal Uimh. 3 agus i bPrótacal Uimh. 7, déanfar Comhaltaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, arna gcur ar bun i gcomhréir leis na Conarthaí agus foireann comhlachtaí den sórt sin a chomhshamhlú ina n-oifigigh de chuid an Aontais, a mhéid nach bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo;

(ii)

tuigfear an téarma “oifigeach náisiúnta” mar thagairt don sainmhíniú ar “oifigeach” nó ar “oifigeach poiblí” i ndlí náisiúnta an Bhallstáit nó an tríú tír ina gcuireann an duine i dtrácht an fheidhm i gcrích.

Mar sin féin, i gcás imeachtaí a bhaineann le hoifigeach náisiúnta Ballstáit, nó le hoifigeach náisiúnta tríú tír, arna dtionscnamh ag Ballstát eile, ní cheanglófar ar oifigeach náisiúnta tríú tír an sainmhíniú ar “oifigeach náisiúnta” a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid atá an sainmhíniú sin comhoiriúnach lena dhlí náisiúnta.

Áireoidh an téarma “oifigeach náisiúnta” aon duine atá i seilbh oifig feidhmiúcháin, riaracháin nó bhreithiúnach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Déanfar aon duine atá i seilbh oifig reachtach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a chomhshamhlú ina oifigeach náisiúnta nó ina hoifigeach náisiúnta.

(b)

aon duine eile dá sanntar feidhm seirbhíse poiblí agus a fheidhmíonn an fheidhm sin a bhaineann le bainistiú leasanna airgeadais an Aontais nó cinntí ina leith sna Ballstáit nó i dtríú tíortha.

TEIDEAL III

Forálacha ginearálta i dtaca le calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an aontaIs

Airteagal 5

Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

1.   Déanfaidh na Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chionta coiriúla gríosú, agus cabhrú agus neartú le haon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh ar aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(3) a dhéanamh.

Airteagal 6

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 arna dhéanamh ar mhaithe leo ag aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar bhall d’orgán an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil ardseasamh aige laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe:

(a)

ar chumhacht ionadaíoch an duine dhlítheanaigh;

(b)

ar údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

(c)

ar údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá freisin chun a áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás ina bhfuil duine atá faoina údarás in ann aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5 a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe de chuid duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ní eisiafar an fhéidearthacht go mbeidh imeachtaí coiriúla ann in aghaidh daoine nádúrtha is déantóirí na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 nó atá faoi dhliteanas coiriúil ina leith faoi Airteagal 5 mar gheall ar dhliteanas daoine dlítheanacha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Smachtbhannaí maidir le daoine nádúrtha

1.   Maidir le daoine nádúrtha, áiritheoidh na Ballstáit gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 le smachtbhannaí coiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 le pionós uasta lena ndéantar foráil do phríosúnacht.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 le pionós uasta príosúnachta ceithre bliana ar a laghad nuair a bhaineann damáiste suntasach nó buntáiste suntasach leo.

Toimhdeofar go bhfuil an damáiste nó buntáiste a eascraíonn as na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) agus in Airteagal 4 suntasach nuair is mó ná EUR 100 000 a bhaineann leis an damáiste nó an buntáiste.

Toimhdeofar go bhfuil an damáiste nó buntáiste a eascraíonn na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) agus faoi réir Airteagal 2(2) suntasach.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le smachtbhanna uasta príosúnachta ceithre bliana ar a laghad in imthosca tromchúiseacha eile arna sainmhíniú ina ndlí náisiúnta.

4.   I gcás cion coiriúil dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) nó in Airteagal 4 ar lú ná EUR 10 000 a bhaineann leis an damáiste nó ar lú ná EUR 10 000 a bhaineann leis an mbuntáiste, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí seachas smachtbhannaí coiriúla.

5.   Ní dochar mír 1 d’fheidhmiú cumhachtaí araíonachta ag na húdaráis inniúla in aghaidh oifigigh phoiblí.

Airteagal 8

Imthoisc ghéaraitheach

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go measfar gur imthoisc ghéaraitheach atá i gceist i gcás ina ndéantar cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5 in eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB.

Airteagal 9

Smachtbhannaí i dtaca le daoine dlítheanacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach, a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6, faoi réir smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha, agus áireofar orthu sin fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus d’fhéadfadh smachtbhannaí eile a bheith ar áireamh orthu freisin, amhail an méid seo a leanas:

(a)

eisiamh ón teideal chun sochar poiblí nó cúnaimh;

(b)

eisiamh sealadach nó buan ó nósanna imeachta tairisceana poiblí;

(c)

dícháiliú sealadach nó buan chun gníomhaíochtaí tráchtála a chleachtadh;

(d)

cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(e)

foirceannadh breithiúnach;

(f)

bunaíochtaí a úsáideadh chun an cion coiriúil a dhéanamh a dhúnadh go buan nó go sealadach.

Airteagal 10

Calcadh agus coigistiú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun calcadh agus coigistiú ionstraimeachtaí agus fáltas ó na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chumasú. Na Ballstáit sin atá faoi cheangal ag Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), déanfaidh siad na bearta sin i gcomhréir leis an Treoir sin.

Airteagal 11

Dlínse

1.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a bhunú más rud é:

(a)

gur ar a chríoch a rinneadh an cion coiriúil ina iomláine nó go páirteach; nó

(b)

gur náisiúnaí dá chuid é an ciontóir.

2.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a bhunú i gcás ina bhfuil an ciontóir faoi réir na Rialachán Foirne tráth an chiona choiriúil. Féadfaidh gach Ballstát staonadh ó na rialacha maidir le dlínse a bhunaítear sa mhír seo a chur i bhfeidhm nó féadfaidh siad iad a chur i bhfeidhm i gcásanna sonracha nó i gcásasanna ina gcomhlíontar coinníollacha sonracha, agus sna cásanna sin amháin, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.

3.   I gcás ina gcinneann Ballstát dlínse a leathnú chuig cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5 a rinneadh lasmuigh dá chríoch, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

tá gnáthchónaí ar an gciontóir ina chríoch;

(b)

déantar an cion coiriúil chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina chríoch; nó

(c)

is duine dá oifigigh an ciontóir a ghníomhaíonn agus é nó í i mbun a dhualgais nó a dualgais oifigiúil.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh feidhmiú a ndlínse faoi réir an choinníll nach féidir ionchúiseamh a thionscnamh ach amháin tar éis don íospartach tuairisc a thabhairt san áit ina ndearnadh an cion coiriúil, nó tar éis don Stát ina bhfuil an áit ina ndearnadh an cion coiriúil cáineadh a dhéanamh.

Airteagal 12

Tréimhsí teorann le haghaidh cionta coiriúla lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais

1.   Maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh do thréimhse teorann chun go gcumasófar iad a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus cinneadh breithiúnach a dhéanamh fúthu ar feadh tréimhse leordhóthanach ama ón uair a rinneadh na cionta coiriúla sin, ionas go rachfar i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a chumasú cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 is inphionóis le smachtbhanna uasta ceithre bliana príosúnachta ar a laghad, a ionchúiseamh, a thriail agus cinneadh breithiúnach a dhéanamh fúthu ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit tréimhse teorann a bhunú atá níos giorra ná cúig bliana, ach nach bhfuil níos giorra ná trí bliana, ar choinníoll gur féidir briseadh isteach ar an tréimhse nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun forfheidhmiú an méid seo a leanas a chumasú:

(a)

pionós ar mó ná bliain amháin príosúnachta é, nó mar rogha ar an méid sin,

(b)

pionós príosúnachta i gcás cion coiriúil is inphionóis le smachtbhanna uasta ar ceithre bliana príosúnachta ar a laghad é,

a fhorchuirtear tar éis ciontú deiridh i gcion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5, go ceann cúig bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe deiridh. Féadfar a áireamh sa tréimhse teorann sin faduithe a d’eascródh as briseadh nó fionraí.

Airteagal 13

Gnóthú

Ni dochar an Treoir seo don mhéid seo a leanas a ghnóthú:

(1)

ar leibhéal an Aontais: suimeanna a íocadh go míchuí i gcomhthéacs dhéanamh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) d’Airteagal 3(2), nó in Airteagal 4 nó in Airteagal 5;

(2)

ar an leibhéal náisiúnta, aon CBL nár íocadh i gcomhthéacs dhéanamh na gcionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2), nó in Airteagal 4 nó in Airteagal 5.

Airteagal 14

Idirghníomhaíocht le gníomhartha dlíthiúla infheidhme eile de chuid an Aontais

Ní dochar don Treoir seo é cur i bhfeidhm beart riaracháin, pionós agus fíneálacha mar a leagtar síos i ndlí an Aontais, go háirithe iad sin ar de réir bhrí Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 iad, nó a leagtar síos sa dlí náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le hoibleagáid shonrach faoi dhlí an Aontais. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéantar, le himeachtaí coiriúla ar bith, arna dtionscnamh ar bhonn forálacha náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme, difear míchuí do chur i bhfeidhm cuí, éifeachtach beart riaracháin, pionós agus fíneálacha nach féidir a ionannú le himeachtaí coiriúla, a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i bhforálacha náisiúnta cur chun feidhme.

TEIDEAL IV

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 15

Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún (OLAF) agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais

1.   Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla, rachaidh na Ballstáit, Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Coimisiún i mbun comhar lena chéile, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, sa chomhrac i gcoinne na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5. Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún, agus i gcás inarb iomchuí, Eurojust, an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil sin do na húdaráis náisiúnta inniúla más gá dóibh é chun comhordú a n-imscrúduithe a éascú.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit, laistigh dá n-inniúlachtaí, faisnéis a mhalartú leis an gCoimisiún chun gur fusa a bheidh sé na fíricí a shuí agus chun gníomhaíocht éifeachtach i gcoinne na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a áirithiú. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta inniúla na ceanglais rúndachta agus na rialacha cosanta sonraí a chur san áireamh i ngach cás ar leith. Gan dochar don dlí náisiúnta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis, féadfaidh Ballstát, chuige sin, agus faisnéis á soláthar don Choimisiún aige, coinníollacha sonracha a leagan síos chuige sin, lena gcumhdófar faisnéis a bheith á húsáid, ag an Coimisiún nó ag Ballstát eile a ndéantar an fhaisnéis a aistriú chuige.

3.   Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus na hiniúchóirí ar a bhfuil an fhreagracht as iniúchóireacht a dhéanamh ar bhuiséid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais arna mbunú de bhun na gConarthaí, agus ar na buiséid a ndéanann na hinstitiúidí bainistiú agus iniúchadh orthu, aon fhíoras a dtagann siad air le linn dóibh a ndualgais a dhéanamh a nochtadh do OLAF agus d’údaráis inniúla eile, ar fíoras é a d’fhéadfaí a cháiliú mar chion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta amhlaidh.

Airteagal 16

An Treoir seo a chur in ionad an Choinbhinsiúin maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

Leis seo, le haghaidh na mBallstát sin atá faoina ceangal, cuirtear an Treoir seo in ionad an Choinbhinsiúin maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint an 26 Iúil 1995, lena n-áirítear Prótacal an 27 Meán Fómhair 1996, Prótacal an 29 Samhain 1996 agus Prótacal an 19 Meitheamh 1997 a ghabhann leis, le héifeacht amhail ón… [dhá bhliain tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Le haghaidh na mBallstát a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí don Choinbhinsiún a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 17

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin … [2 bhliain tar éis dháta glactha na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach. Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón … [2 bhliain tar éis dháta glactha na Treorach seo].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áiritheoidh siad ráiteas freisin á rá gurb amhlaidh, le haghaidh na mBallstát atá faoi cheangal na Treorach seo, go ndéanfar na tagairtí atá sna forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana don Choinbhinsiún a bhfuil an Treoir seo á cur ina ionad a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas atá an ráiteas sin le leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 18

Tuairisciú agus measúnú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin … [4 bliana tar éis dháta glactha na Treorach seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá d’fhonn an Treoir seo a chomhlíonadh.

2.   Gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, cuirfidh na Ballstáit an staidreamh seo a leanas maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil má tá siad ar fáil ar leibhéal lárnach sa Bhallstát lena mbaineann:

(a)

líon na n-imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh, líon na n-imeachtaí a díbheadh, an líon a raibh éigiontú i gceist leo, an líon a thig ciontú astu agus líon na n-imeachtaí leanúnacha;

(b)

na suimeanna a gnóthaíodh tar éis imeachtaí coiriúla agus an damáiste a mheastar a bheith i gceist.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin … [7 mbliana tar éis dháta glactha na Treorach seo], agus a thuarascáil a cuireadh isteach de bhun mhír 1 agus staidreamh na mBallstát a cuireadh isteach de bhun mhír 2 á gcur san áireamh, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar thionchar an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo maidir le cosc a chur ar chalaois a dhéanamh ar leasanna airgeadais an Aontais a thrasuí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin … [5 bliana tar éis dháta glactha na Treorach seo] agus ar bhonn na sonraí a chuir na Ballstáit isteach, de bhun mhír 2, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, tar éis dó an méid seo a leanas a mheasúnú, maidir leis an gcuspóir ginearálta cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú:

(a)

an bhfuil an tairseach a luaitear in Airteagal 2(2) iomchuí;

(b)

an bhfuil na forálacha maidir le tréimhsí teorann amhail dá dtagraítear in Airteagal 12 éifeachtach go leor;

(c)

an dtugtar aghaidh go héifeachtach sa Treoir seo ar chásanna calaoise i dtaca le soláthar.

5.   Más gá, beidh togra reachtach i dteannta na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, agus féadfar foráil shonrach a áireamh ann i ndáil le calaois maidir le soláthar.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 20

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 134.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 25 Aibreán 2017. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO C 316, 27.11.1995, lch. 48.

(4)  IO C 313, 23.10.1996, lch. 1.

(5)  IO C 151, 20.5.1997, lch. 1.

(6)  IO C 221, 19.7.1997, lch. 11.

(7)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(8)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11. 12.2006, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(10)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(13)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí ag comhlachtaí agus ag institiúidí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(15)  IO C 383, 12.12.2012, lch. 1.

(16)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(17)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ó choireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39).


9.6.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

14


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 4/2017 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

I.   RÉAMHRÁ

Ar an 12 Iúil 2012, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Treoir (1) maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin an dlí choiriúil.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta ar an 8 Meitheamh 2013 (2) agus ar an gcaoi sin thug sí sainordú don Uachtaránacht dul i mbun cruinnithe tríthaobhacha le Parlaimint na hEorpa.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar an gcéad léamh ar an 16 Aibreán 2014 maidir leis an dréacht-treoir (3).

Ar an 12 Eanáir 2017, dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa, ar leibhéal an Choiste um Rialú Buiséadach (CONT) agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) comhaontú maidir le téacs an chomhréitigh atá mar thoradh ar an gcaibidlíocht a rinneadh le linn na gcruinnithe tríthaobhacha.

Ag an gcruinniú a bhí aici ar an 7 Feabhra 2017, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an dréacht-treoir. Ar an 25 Aibreán 2017, ghlac an Chomhairle a Seasamh ar an gcéad léamh atá go huile agus go hiomlán i gcomhréir leis an téacs comhréitigh maidir leis an Treoir a comhaontaíodh le linn na caibidlíochta neamhfhoirmiúla idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa.

II.   CUSPÓIR AN TOGRA

Is é is cuspóir leis an dréacht-treoir rialacha íosta a bhunú i ndáil leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus smachtbhannaí i réimse an chomhraic i gcoinne na calaoise agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile lena ndéantar díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, d’fhonn cuidiú go héifeachtach le cosaint níos láidre i gcoinne na coiriúlachta lena ndéantar díobháil do na leasanna airgeadais sin, i gcomhréir le acquis an Aontais sa réimse seo. Le hais an Choinbhinsiúin maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (4), a gcuirtear an Treoir seo ina ionad le haghaidh na mBallstát sin atá faoina ceangal, cuirfidh na Ballstáit sin rialacha níos déine ar fáil maidir le roinnt saincheisteanna tábhachtacha, go háirithe maidir leis an gcóras smachtbhannaí.

III.   ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

A.   Barúlacha ginearálta

Ar bhonn an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach, rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle caibidlíocht neamhfhoirmiúil d’fhonn teacht ar chomhaontú polaitiúil. Léirítear go hiomlán, sa téacs i Seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, an comhréiteach ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir, le cúnamh ón gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin ba cheart tagairtí do Sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh a thuiscint mar thagairtí don chomhréiteach ar thángthas air sna cruinnithe tríthaobhacha.

I Seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh coinnítear cuspóirí an Choinbhinsiúin maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (5) mar aon le cuspóirí an togra ón gCoimisiún. Tá forálacha atá níos soiléire agus níos sonraí i dtéacs na dréacht-treorach maidir le roinnt de na saincheisteanna a luaitear sa Choinbhinsiún, agus tugtar isteach léi freisin forálacha úrnua, foráil do thréimhsí rúraidh mar shampla.

B.   Bunús dlí

Is ar Airteagal 325(4) CFAE a bunaíodh an togra ón gCoimisiún. Mar sin féin, chomhaontaigh na comhreachtóirí gur bunús dlí eisiach iad Airteagal 83 (1) agus Airteagal 83(2) CFAE le rialacha íosta a bhunú i ndáil leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus smachtbhannaí, lena n-áirítear i ndáil le cionta coiriúla i réimse an chomhraic i gcoinne na calaoise lena ndéantar díobháil do leasanna airgeadais an Aontais. Glacfar an Treoir, dá bhrí sin, ar bhonn Airteagal 83(2) CFAE.

Tá fógra tugtha ag Éire gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo. Roghnaigh Éire a páirt a bheith aici sa Treoir seo. Níl an Ríocht Aontaithe ná an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl siad faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

C.   Príomh-shaincheisteanna beartais

1.   Sainmhíniú ar leasanna airgeadais an Aontais agus raon feidhme na Treorach

Tugtar sainmhíniú ar leasanna airgeadais an Aontais in Airteagal 2 den Treoir. Sa chur chuige ginearálta, mhol an Chomhairle na cionta uile in aghaidh an chomhchórais chánach bhreisluacha (CBL), a chumhdófaí a priori leis an sainmhíniú, a eisiamh ó raon feidhme na Treorach. Tar éis dul i mbun caibidlíochta leis an bParlaimint, áiríodh na cionta in aghaidh na gcomhchóras CBL sa Treoir sa deireadh. Cuireadh sainmhíniú sonrach maidir le calaois i gcás ioncam a eascraíonn ó CBL isteach in Airteagal 3. Mar sin féin, tá raon feidhme na Treorach teoranta, mar nach mbeidh feidhm ag an Treoir ach i gcásanna ina mbeidh na cionta tromchúiseach. Measfar na cionta a bheith tromchúiseach nuair a bheidh baint acu le críoch dhá Bhallstát nó níos mó agus nuair a bheidh damáiste iomlán de ar a laghad EUR 10 milliún i gceist.

2.   Sainmhíniú ar chionta coiriúla

Sainmhínítear na cionta coiriúla a chumhdaítear leis an Treoir seo in Airteagal 3. Tugadh na sainmhínithe ar chalaois agus ar éilliú gníomhach agus éighníomhach cothrom le dáta agus, den chuid is mó, tá siad ag teacht le sainmhínithe an Choinbhinsiúin agus na bprótacal a ghabhann leis anois. Tugadh isteach cion nua maidir le míleithreasú, a chumhdaíonn iompar oifigeach poiblí, nach calaois é sa chiall chruinn.

3.   Smachtbhannaí do dhaoine nádúrtha

I Seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, leagtar síos sraith rialacha maidir le pionóis íosta do dhaoine nádúrtha in Airteagal 7. Ó thaobh an Choinbhinsiúin de, tugtar rialacha mionsonraithe nua faoi leibhéal na smachtbhannaí isteach leis na rialacha sin. Féadfar pionóis níos déine a ghearradh do chionta a mbaineann damáistí nó buntáistí móra leo, i.e. pionós uasta ceithre bliana príosúnachta ar a laghad.

4.   Rúradh

Ní áirítear aon rialacha sainráite maidir le rúradh sa Choinbhinsiún. Go deimhin, tugtar na chéad rialacha mionsonraithe ceangailteacha maidir le rúradh i ndlí coiriúil an Aontais isteach leis an Treoir in Airteagal 12. Tá oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhse rúraidh lena bhféadfar an dlí a fhorfheidhmiú ar feadh tréimhse leordhóthanaí chun dul i ngleic leis na cionta ar bhealach éifeachtach, agus déantar foráil d’íostréimhse rúraidh cúig bliana ar a laghad i gcásanna a bhaineann le cionta tromchúiseacha. Tugadh riail maidir le rúradh i gcás pionós a fhorfheidhmiú isteach fosta.

5.   Comhar idir na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus gníomhaireachtaí AE agus an Chúirt Iniúchóirí

Tugtar rialacha nua isteach le hAirteagal 15 maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit, ar ghníomhaireachtaí áirithe amhail Eurojust agus ar an gCoimisiún comhoibriú laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, sa chomhrac i gcoinne na gcionta coiriúla a leagtar síos sa Treoir. Tá oibleagáid anois freisin ar an gCúirt Iniúchóirí agus ar chomhlachtaí iniúchta eile fíorais ábhartha a nochtadh.

IV.   CONCLÚID

Léirítear i Seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa agus a d’éascaigh an Coimisiún. Trí Sheasamh na Comhairle a ghlacadh ar an gcéad léamh gan aon leasuithe, bunaíonn Parlaimint na hEorpa, in éineacht leis an gComhairle, an Treoir.


(1)  12683/12

(2)  10729/13

(3)  9024/14

(4)  IO C 316, 27.11.1995, lch. 48.

(5)  IO C 316, 27.11.1995, lch. 48.