ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

59
26 Bealtaine 2016


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2016/C /01

Fógra comórtas oscailte — EPSO/AD/323/16 – Imscrúdaitheoirí (AD 7) do na próifílí seo a leanas: 1 – Imscrúdaitheoirí: Caiteachais an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú – 2 – Imscrúdaitheoirí: Custam agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha – EPSO/AD/324/16 – Imscrúdaitheoirí (AD 9): Cinn foirne

1


 


 

(1)   Faoin tagairt C 187 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

26.5.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

EPSO/AD/323/16 – Imscrúdaitheoirí (AD 7) do na próifílí seo a leanas: 1 – Imscrúdaitheoirí: Caiteachais an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú – 2 – Imscrúdaitheoirí: Custam agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha – EPSO/AD/324/16 – Imscrúdaitheoirí (AD 9): Cinn foirne

Ní foláir clárú roimh an sprioc-am seo: 28 Meitheamh 2016 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach (Oifig Frith-Chalaoise na hEorpa (OLAF) go háirithe) baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “riarthóirí” (grúpa feidhme AD).

Is iad an fógra comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte, arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach na nósanna imeachta roghnúcháin seo. Féach, áfach, nach bhfuil feidhm ag Iarscríbhinn II de na rialacha ginearálta sin maidir leis na comórtais seo. Ina ionad sin, tá feidhm ag Iarscríbhinn II atá ag gabháil leis an bhfógra comórtais seo.

An líon iarrthóirí atá á lorg do na painéil:

EPSO/AD/323/16 (AD 7)

Próifíl 1: 25

Próifíl 2: 15

EPSO/AD/324/16 (AD 9): 10

Cuimsíonn an fógra seo dhá chomórtas agus tá dhá phróifíl i gceann amháin acu. Ní féidir cur isteach ach ar phróifíl amháin i ngach comórtas. Ní mór an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir an rogha sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.

DUALGAIS AN PHOIST

EPSO/AD/323/16 (AD 7)

1.   Imscrúdaitheoirí: Caiteachais an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú

Earcófar faoin bpróifíl seo riarthóirí (AD 7) a dhéanfaidh imscrúduithe sna réimsí seo: caiteachas an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú, agus drochghníomhartha tromchúiseacha bhaill foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh. Clúdaíonn caiteachas an Aontais Eorpaigh, inter alia, caiteachas a mhaoinítear as cistí talmhaíochta agus struchtúracha, cabhair réamhaontachais, cabhair sheachtrach, caiteachas láraithe, caiteachas na n-ionstraimí airgeadais, agus caiteachas a bhainistítear i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Imscrúdaitheoirí: Custam agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha

Earcófar faoin bpróifíl seo riarthóirí (AD 7) a dhéanfaidh imscrúduithe sna réimsí seo: custam agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha.

EPSO/AD/324/16 (AD 9): Cinn foirne

Is é is aidhm don chomórtas oscailte seo riarthóirí (AD 9) a roghnú a bheidh i gceannas ar fhoireann imscrúdaitheoirí a bheidh ag obair sna réimsí seo: caiteachas an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú, drochghníomhartha tromchúiseacha bhaill foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh, custam agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha.

Clúdaíonn caiteachas an Aontais Eorpaigh, inter alia, caiteachas a mhaoinítear as cistí talmhaíochta agus struchtúracha, cabhair réamhaontachais, cabhair sheachtrach, caiteachas láraithe, caiteachas na n-ionstraimí airgeadais, agus caiteachas a bhainistítear i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha: teangacha

Teanga 1: leibhéal C1 ar a laghad i gceann de na 24 theanga oifigiúla atá ag an Aontas Eorpach

Teanga 2: leibhéal B2 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis; teanga nach í teanga 1 í

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha

(https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Tá tuiscint mhaith ar an mBéarla (idir scríobh agus labhairt) ag teastáil don dá chomórtas seo. Is é an Béarla an teanga is minice a úsáideann imscrúdaitheoirí agus iad ag obair i réimse an fhrith-éillithe agus na coireachta airgeadais i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Tá eolas maith ar an mBéarla riachtanach, dá bhrí sin, bíodh sé chun cuir i láthair a thabhairt, plé a dhéanamh nó tuarascálacha a scríobh d’fhonn comhar éifeachtach agus malartú faisnéise a chinntiú le húdaráis náisiúnta na mBallstát agus tíortha nach ballstát den Aontas Eorpach iad.

Is i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis nach mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach.

Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 2. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Choimisiúin agus, ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II ar roghanna teanga na gcomórtas seo.

Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN III faoi na cáilíochtaí agus faoin taithí oibre atá de dhíth go gach próifíl.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ?

1)    Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

I gcás gach próifíle i ngach comórtas, má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe arna socrú ag EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí sin , déanfar na trialacha sin san ionad measúnaithe (pointe 3) ina ionad sin.

Eagrófar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire mar seo a leanas:

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

Réasúnaíocht uimhriúil agus theibí le chéile: 10/20

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

Trialacha díbeartha is ea na trialacha thuasluaite agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar i dtrialacha eile an ionaid measúnaithe.

2)    Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

I dtús báire, déanfar na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil trí scrúdú a dhéanamh ar an eolas a thug na hiarrthóirí san iarratas ar líne. Tá dhá chás is féidir a bheith ann:

Má bhíonn na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí in ord íslitheach ar bhonn na marcanna a gnóthaíodh sna trialacha sin, go dtí go sroichfear tairseach áirithe arna socrú don dá chomórtas agus do gach próifíl ag EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin. Ní dhéanfar na comhaid eile a sheiceáil.

Mura mbeidh na trialacha ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad.

Ansin, i gcás na n-iarrthóirí incháilithe a roghnaíodh ar an dóigh a bhfuil cur síos thuas uirthi, agus ina gcás siúd amháin , déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus ar bhonn an eolais a thug na hiarrthóirí faoin gclib “An Scagthóir Buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent) san fhoirm iarratais. Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú do gach critéar roghnúcháin a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile (ó 1 go dtí 3) agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir.

Ansin, iolróidh an bord roghnúcháin na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeoidh siad iad lena fháil amach cé na daoine is mó atá in oiriúint do dhualgais an phoist.

Tá an liosta critéar do gach próifíl in IARSCRÍBHINN IV.

3)    An tIonad Measúnaithe

I gcás gach próifíle i ngach comórtas, tabharfar cuireadh go dtí an chéim seo den chomórtas do 3 oiread ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 agus sa Bhéarla freisin. Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an t-ionad measúnaithe.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 1 ar siúl roimh ré , is san ionad measúnaithe iad a dhéanfar iad.

Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta agus inniúlachtaí sonracha gach ceann de na comórtais agus gach ceann de na próifílí a mheas san ionad measúnaithe le 5 thriail (agallaimh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta agus sonracha, gníomhaíocht i ngrúpa, cás-staidéar sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 agus triail tuisceana teanga sa Bhéarla), faoi mar atá léirithe sna táblaí thíos:

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Gníomhaíocht i ngrúpa

Cás-staidéar

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

4.

Foghlaim agus forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Gníomhaíocht i ngrúpa

Cás-staidéar

6.

Buanseasmhacht

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

8.

Cumas ceannaireachta

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Pasmharcanna

3/10 i ngach inniúlacht agus 40/80 san iomlán


Inniúlacht

Triail

Inniúlachtaí a bhaineann le réimse an chomórtais

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí sonracha

Pasmharc

60/120

An Béarla

Triail tuisceana teanga

Pasmharc

5/10

Triail díbeartha is ea an triail tuisceana teanga, ach ní dhéanfar an marc a ghnóthófar inti a chur leis na marcanna a ghnóthófar i dtrialacha eile an ionaid measúnaithe.

4)    An painéal

I ndiaidh doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal , don dá chomórtas agus do gach próifíl, de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH?

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu. Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo:

28 Meitheamh 2016 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

EPSO/AD/323/16

1.   Imscrúdaitheoirí: Caiteachas an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú (AD 7)

Ar na príomhchúraimí a bheidh le déanamh tá:

imscrúduithe a dhéanamh de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 (http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2013:248:0001:0022:GA:PDF) sna réimsí thuasluaite, agus chuige sin dul ar misin chuig na Ballstáit nó chuig tíortha nach ballstáit den Aontas Eorpach iad agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, nó imscrúduithe a dhéanamh ar áitribh le faisnéis agus fianaise a bhailiú do na cáschomhaid;

agallaimh a chur ar fhinnéithe, ar dhaoine a mbaineann an t-imscrúdú leo, ar dhaoine ar foinsí eolais iad agus ar sceithirí, agus na hagallaimh sin a ullmhú;

anailís a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid a bhaineann le cáschomhaid;

doiciméid a bhaineann le himscrúduithe (e.g. pleananna imscrúdúcháin, tuarascálacha imscrúdúcháin, tuarascálacha misin, miontuairiscí cruinnithe) a dhréachtú;

monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme mholtaí OLAF;

cur le hábhair chothrománacha a bhaineann leis na himscrúduithe;

caidreamh a chothú le seirbhísí, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Choimisiúin a bunaíodh leis na Conarthaí nó ar a mbonn (ar a dtugtar “institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh” anseo feasta) nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le seirbhísí náisiúnta na mBallstát agus tíortha nach ballstáit den Aontas Eorpach iad agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcaidreamh sin ó thaobh imscrúduithe de;

comhairle a chur ar fáil maidir leis an dlí coiriúil náisiúnta agus idirnáisiúnta mar aon le dlí an Aontais Eorpaigh.

2.   Imscrúdaitheoirí: Custam agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha (AD 7)

Ar na príomhchúraimí a bheidh le déanamh tá:

imscrúduithe a dhéanamh de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 (http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2013:248:0001:0022:GA:PDF) maidir le calaois custaim agus trádála (go háirithe calaois i dtaobh áit tionscnaimh fhabhrach nó neamhfhabhrach amhail imghabháil dleachtanna frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh, calaois maidir le mí-aicmiú, calaois gearrluachála) agus calaois a bhaineann le tobac agus earraí góchumtha;

cigireachtaí a dhéanamh i dtaobh acmhainní dílse traidisiúnta de bhun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2007/436/CE, Euratom (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1439369005059&uri=CELEX:02000R1150-20141224) maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach;

cruinnithe ad hoc a eagrú leis na Ballstáit agus na cruinnithe sin a stiúradh;

seiceálacha ar an láthair a dhéanamh san Aontas Eorpach, cuairteanna a dhéanamh ar chuideachtaí ann agus misin imscrúdúcháin a dhéanamh i dtíortha lasmuigh de; faisnéis a bhailiú agus a anailís a dhéanamh uirthi agus fianaise a bhailiú ar dhóigh a bhfágfaidh go mbeidh sí inghlactha mar fhianaise in imeachtaí cúirte;

faisnéis a bhaint amach as bunachair sonraí éagsúla agus anailís a dhéanamh uirthi;

agallaimh a chur ar fhinnéithe, ar dhaoine a mbaineann an t-imscrúdú leo, ar dhaoine ar foinsí eolais iad agus ar sceithirí, agus na hagallaimh sin a ullmhú;

tuarascálacha imscrúdúcháin a scríobh (tuarascálacha ar chúirteanna ar chuideachtaí, tuarascálacha misin agus tuarascálacha deiridh, nótaí comhaid, teachtaireachtaí agus comhfhreagras cúnaimh fhrithpháirtigh);

monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme mholtaí OLAF;

imscrúduithe atá idir lámha ag seirbhísí imscrúdúcháin na mBallstát a chomhordú agus cúnamh a thabhairt imscrúduithe den saghas a dhéanamh;

fianaise a thabhairt os comhair cúirte, más gá, maidir le himscrúduithe OLAF;

cur le hábhair chothrománacha a bhaineann leis na himscrúduithe;

caidreamh a chothú le seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le seirbhísí náisiúnta na mBallstát agus tíortha nach ballstáit den Aontas Eorpach iad, agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcaidreamh sin ó thaobh imscrúduithe de.

EPSO/AD/324/16 – Imscrúdaitheoirí: Cinn foirne (AD 9)

Ar na príomhchúraimí a bheidh le déanamh tá:

bheith i gceannas ar fhoireann imscrúdaitheoirí a dhéanann imscrúduithe de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 (http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2013:248:0001:0022:GA:PDF) agus chuige sin dul ar misin chuig na Ballstáit nó chuig tíortha nach ballstáit den Aontas Eorpach iad agus seiceálacha ar an láthair dhéanamh, nó imscrúduithe a dhéanamh ar áitribh le faisnéis agus fianaise a bhailiú do na cáschomhaid;

cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe le seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, leis na Ballstáit, le tíortha nach ballstát den Aontas Eorpach iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i dtaobh imscrúduithe;

agallaimh le finnéithe, le daoine a mbaineann an t-imscrúdú leo, le daoine ar foinsí iad agus le sceithirí a chomhordú;

cur le hábhair chothrománacha a bhaineann leis na himscrúduithe;

maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar obair na foirne agus a chinntiú go ndéanfar na cúraimí agus na freagrachtaí a dháileadh go héifeachtúil ar na baill foirne chun na torthaí lena bhfuiltear ag súil a fháil;

cumas ceannaireachta éifeachtach a léiriú chun a chinntiú go spreagfar an fhoireann agus go bhforbróidh siad a gcuid scileanna agus a dtaithí;

caidreamh a chothú le seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le seirbhísí náisiúnta na mBallstát agus tíortha nach ballstát den Aontas Eorpach iad, agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcaidreamh sin ó thaobh imscrúduithe de.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


IARSCRÍBHINN II

AN tÚDAR ATÁ LE RIALACHA TEANGA NA NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN SEO

Is é atá sna comórtais seo sainchomórtais arb é is aidhm dóibh imscrúdaitheoirí agus cinn foirne imscrúdaitheoirí a earcú. Na riachtanais atá leagtha amach sa roinn “NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA” den chomórtas seo, tá siad ag teacht leis na príomhriachtanais atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thaobh sainscileanna, saintaithí agus saineolais agus leis an ngá atá ann earcaigh nua a bheith ábalta a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach, i gcomhar le baill foirne eile go háirithe.

Ar an ábhar sin ní mór d’iarrthóirí dara teanga an chomórtais a roghnú as measc líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá an teorainn sin ann i ngeall ar shrianta buiséid agus oibriúcháin freisin, agus i ngeall ar mhodhanna roghnúcháin EPSO (féach pointí 1, 2, 3 thíos). Cheap Bord Bainistíochta EPSO riachtanais teanga na gcomórtas seo agus aird á tabhairt aige ar na cúinsí sin agus ar riachtanais shonracha eile a bhaineann le dualgais an phoist i gceist nó leis na riachtanais ar leith atá ag an gCoimisiún Eorpach.

Is é is príomhaidhm do na comórtais seo painéal riarthóirí a chur i dtoll óna bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh daoine a earcú. Tá sé ríthábhachtach riarthóirí a bheith in ann dul i mbun oibre go héifeachtach a luaithe a earcaítear iad agus a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh lena gcuid comhghleacaithe agus lena gcuid bainisteoirí. I bhfianaise na gcritéar maidir le húsáid teangacha i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn an tAontas Eorpach (féach pointe 2 thíos), is é tuairim an Choimisiúin Eorpaigh gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis an rogha dara teangacha is oiriúnaí do na comórtais seo.

Tráth is go bhfuil an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ar na teangacha is minice a labhraítear, is minice a n-aistrítear téacsanna astu agus go dtí iad, agus is mó a úsáideann baill foirne laistigh den Choimisiún Eorpach chun críche cumarsáide riaracháin, agus tráth is go bhfuil na teangacha sin ar na teangacha is minice a úsáidtear le tríú páirtithe a bhíonn ag plé le himscrúduithe i dtaobh frith-éilliú, custaim agus trádála, ní mór ceann ar a laghad de na teangacha sin a bheith i measc an dá theanga is éigean a bheith ag iarrthóirí.

Ina cheann sin, meastar go bhfuil eolas maith ar an mBéarla sár-riachtanach le bheith in ann a bheith ag obair i gcomhar le páirtithe eile i réimsí na coireachta airgeadais, i réimse an fhrith-éillithe agus i réimse na n-earraí góchumtha i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tá eolas maith ar an mBéarla sár-riachtanach chun cuir i láthair a thabhairt, plé a dhéanamh agus tuarascálacha a scríobh, lena chinntiú go mbeidh comhar agus malartú faisnéise éifeachtacht ann le húdaráis náisiúnta na mBallstáit agus le tíortha nach ballstát den Aontas Eorpach iad. Sin é an chúis a mbeidh ar iarrthóir triail tuisceana teanga i mBéarla a dhéanamh le linn chéim an ionaid measúnaithe.

An teanga a roghnóidh siad mar theanga 2 don chomórtas (an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis), sin í an teanga nach mór d’iarrthóirí a úsáid san fhoirm iarratais ar líne, agus is í an teanga sin nach mór do EPSO a úsáid agus é ag déanamh cumarsáid le grúpa mór iarrthóirí a chuir iarratas bailí isteach agus i roinnt de na trialacha a bhfuil cur síos orthu i bpointe 3.

1.   An t-údar atá leis an rogha teangacha i ngach nós imeachta roghnúcháin

Is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gur ar bhonn na gcritéar seo a leanas is ceart an rogha teangacha i ngach nós imeachta roghnúcháin, agus go háirithe aon teorannú ar an rogha sin, a chinneadh:

(i)

An gá earcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach

Caithfidh earcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus a bheith ábalta na dualgais ar earcaíodh iad lena n-aghaidh a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní mór do EPSO deimhin a dhéanamh de go bhfuil eolas leordhóthanach ag iarrthóirí ar theaglaim teangacha a chuirfidh ar a gcumas a gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach agus ní mór dó, leis, deimhin a dhéanamh de, go háirithe, go bhfuil siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh lena gcuid comhghleacaithe agus lena gcuid bainisteoirí agus a gcuid oibre laethúla á déanamh acu.

Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh údar le trialacha áirithe gan a bheith ar fáil ach i líon teoranta de theangacha cumarsáide d’fhonn féachaint chuige go bhfuil sé ar chumas gach iarrthóra a chuid oibre a dhéanamh i gceann de na teangacha sin, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá aige. Mura ndéanfaí sin, bheadh baol mór ann go mbeadh líon mór iarrthóirí ar éirigh leo ann nach mbeadh ábalta, faoi cheann tréimhse réasúnta, na dualgais ar earcaíodh iad lena n-aghaidh a dhéanamh. Lena chois sin, ba ionann gan sin a dhéanamh agus neamhaird a dhéanamh de go mbíonn na daoine a chuireann isteach ar phost i seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh toilteanach bheith ag obair in eagraíocht idirnáisiúnta nach foláir di úsáid a bhaint as teangacha cumarsáide chun a cuid oibre a dhéanamh i gceart agus na cúraimí atá uirthi de dhroim chonarthaí an Aontais Eorpaigh a dhéanamh.

(ii)

Cineál an nós imeachta roghnúcháin

I gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé go mbeadh cineál an nós imeachta roghnúcháin ina údar le teorainn a chur leis an rogha teangacha.

I gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacha Foirne, eagraíonn EPSO comórtais oscailte arb é is aidhm leo measúnú a dhéanamh ar scileanna iarrthóirí agus ar a gcumas a gcuid dualgas a dhéanamh.

Is éard atá san ionad measúnaithe modh roghnúcháin arb é atá ann measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí ar dhóigh chaighdeánach, bunaithe ar ghníomhaíochtaí éagsúla a ndéanann baill an bhoird roghnúcháin breathnadóireacht orthu. Is de réir creat inniúlachtaí a dhéantar an measúnú, creat a cheapann na húdaráis cheapacháin roimh ré, agus úsáidtear modh marcála comónta agus modh comhchinnteoireachta chuige.

Trí scileanna sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh meastóireacht a dhéanamh ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá cuid mhór taighde eolaíoch déanta a léiríonn gurb iad na hionaid measúnaithe, ar ionsamhlú d’fhíordhálaí oibre iad, is fearr a thugann caoi ar mheastóireacht a dhéanamh ar conas a chruthódh iarrthóirí sa phost i gceist i ndáiríre. Sin é an chúis a n-úsáidtear ionaid measúnaithe ar fud an domhain. I bhfianaise a fhad a mhaireann gairmréimeanna in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a fhusa atá sé dul ó phost go post sna hinstitiúidí céanna, tá measúnú den chineál seo fíorthábhachtach, go háirithe agus oifigigh bhuana á roghnú.

Chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil na hiarrthóirí ar aon bhonn le chéile agus measúnú á dhéanamh orthu agus gur féidir leo cumarsáid dhíreach a dhéanamh leis na measúnóirí agus leis na hiarrthóirí eile atá páirteach sna gníomhaíochtaí, measúnaítear iarrthóirí le chéile agus gan ach aon teanga amháin á húsáid. Cé is moite den chás ina bhfuil príomhtheanga amháin ag comórtas, níl an dara rogha ann ach céim an ionaid measúnaithe a dhéanamh i líon teoranta teangacha.

(iii)

Srianta buiséid agus oibriúcháin

Ar roinnt cúiseanna, is é tuairim Bhord Bainistíochta EPSO go mbeadh sé míphraiticiúil céim an ionaid measúnaithe de chomórtas ar leith a dhéanamh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh.

Ar an gcéad dul síos, thiocfadh impleachtaí tromchúiseacha buiséadacha as sin, a d’fhágfadh nach bhféadfadh institiúidí an Aontais Eorpaigh riar ar a riachtanais earcaíochta leis an mbuiséad atá ann faoi láthair. D’fhágfadh sé, leis, nach mbeadh luach réasúnta a gcuid airgid á fháil ag an gcáiníocóir Eorpach.

Ar an dara dul síos, dá gceadófaí céim an ionaid measúnaithe a dhéanamh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, theastódh mórchuid ateangairí le haghaidh gach comórtais agus chaithfí na comórtais a reáchtáil in ionaid ina mbeadh botháin ateangaireachta.

Ar an tríú dul síos, ba ghá líon i bhfad níos mó daoine a cheapadh mar bhaill den bhord roghnúcháin chun na teangacha uile a d’fhéadfadh na hiarrthóirí a úsáid a chlúdach.

2.   Na critéir a roghnaítear na teangacha dá réir i ngach nós imeachta roghnúcháin

I gcás ina mbíonn ar na hiarrthóirí rogha a dhéanamh as líon teoranta teangacha de theangacha oifigiúil an Aontais Eorpaigh, caithfidh Bord Bainistíochta EPSO cinneadh a dhéanamh, cás ar chás, cén rogha teangacha a bheidh ann, ag tabhairt airde dó ar na nithe seo a leanas:

(i)

aon rialacha sonracha inmheánacha maidir le húsáid teangacha atá ag an institiúid nó ag na hinstitiúidí nó ag na comhlachtaí i gceist;

(ii)

na riachtanais shonracha a bhaineann le dualgais an phoist agus na riachtanais ar leith atá ag an institiúid nó ag na hinstitiúidí i gceist;

(iii)

na teangacha is minice a úsáidtear san institiúid nó sna hinstitiúidí i gceist, rud a chinntear ar bhonn na nithe seo:

na scileanna teanga (scileanna atá dearbhaithe agus a bhfuil cruthúnas orthu) ag leibhéal B2, nó os a chionn sin, de Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha atá ag oifigigh bhuana de chuid an Aontais Eorpaigh atá fostaithe go gníomhach;

na teangacha is minice a n-aistrítear téacsanna go dtí iad, ar doiciméid iad a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid go hinmheánach institiúidí an Aontais Eorpaigh;

na teangacha is minice a n-aistrítear doiciméid astu, ar doiciméid iad a ullmhaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh go hinmheánach agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid lasmuigh de na hinstitiúidí;

(iv)

na teangacha cumarsáide a úsáidtear chun críocha riaracháin laistigh den institiúid nó de na hinstitiúidí i gceist.

3.   Teangacha cumarsáide

Sa roinn seo tá cur síos ar na rialacha ginearálta maidir le húsáid teangacha chun críocha cumarsáide idir EPSO agus iarrthóirí. Is féidir riachtanais shonracha eile a leagan amach san fhógra comórtas.

Tugann EPSO aird chuí ar an gceart atá ag iarrthóirí, de bhrí gur saoránaigh den Aontas Eorpach iad, cumarsáid a dhéanamh ina máthairtheanga. Aithníonn sé, leis, go b'fhéadfadh iarrthóirí a bhfuil a n-iarratas bailíochtaithe acu teacht chun a bheith ina mbaill de sheirbhís shibhialta na hEorpa agus tairbhiú de na cearta a eascraíonn as na Rialacháin Foirne agus a bheith faoi réir na n-oibleagáidí a ghabhann leis na Rialacháin sin. Ar an ábhar sin, is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gur cheart do EPSO, gach uair is féidir, cumarsáid a dhéanamh le hiarrthóirí agus eolas a chur ar fáil dóibh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, cuirfear ar fáil sna teangacha oifigiúla go léir an t-ábhar buan ar fad atá ar shuíomh gréasáin EPSO, fógraí comórtais agus na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte.

Sonraítear i ngach fógra comórtas cé na teangacha is ceart a úsáid agus na foirmeacha iarratais ar líne á líonadh isteach. Ní mór na treoracha maidir le líonadh isteach an iarratais a bheith ar fáil sna teangacha oifigiúla uile. Beidh na rialacha sin i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse a theastaíonn chun próiseas déanta iarratais ar líne tosaigh a chur ar bun a bheidh ar fáil sna teangacha oifigiúla uile.

Ar mhaithe le cumarsáid a dhéanamh go gasta agus go héifeachtúil, a luaithe a bheidh iarratas tosaigh iarrthóra bailíochtaithe, is i líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais a dhéanfar gach cumarsáid atá dírithe ar ghrúpa mór daoine. Is sa teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar theanga 1 nó sa teanga a roghnaigh sé mar theanga 2, i gcomhréir leis an bhfógra comórtais, a dhéanfar an chumarsáid sin.

Is féidir le hiarrthóirí cumarsáid a dhéanamh le EPSO ina rogha teanga oifigiúil de chuid an Aontais, ach d’fhonn cuidiú le EPSO déileáil go héifeachtúil le cumarsáid, moltar d’iarrthóirí úsáid a bhaint as an líon teoranta teangacha a bhfuil EPSO in ann plé leo gan dul i muinín an aistriúcháin.

Is féidir go mbeidh trialacha áirithe i líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil na scileanna teanga is gá ag na hiarrthóirí chun páirt a ghlacadh i gcéim an mheasúnaithe de chomórtas oscailte. Is san fhógra comórtais a leagtar síos roghanna teanga gach trialach.

Is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh go gcinntíonn na socruithe thuasluaite go mbíonn cothromaíocht chóir chuí ann idir leas na seirbhís, ar thaobh, agus ar an taobh eile, prionsabal an ilteangachais agus an neamh-idirdhealaithe ar bhonn teangacha. Bíonn ar iarrthóirí dara teanga a roghnú nach ionann í agus an teanga a roghnaigh siad mar theanga 1 (an mháthairtheanga nó a cothrom de ghnáth), agus ó tharla go bhfuil sin amhlaidh cinntítear gur féidir iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile ar aon bhonn le chéile.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN III

CÁILÍOCHTAÍ AGUS TAITHÍ OIBRE

EPSO/AD/323/16

1.   Imscrúdaitheoirí: Caiteachas an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú (AD 7)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh agus taithí oibre ábhartha 6 bliana ar a laghad a fuair an t-iarrthóir ina dhiaidh sin mar imscrúdaitheoir, oifigeach póilíneachta nó oifigeach de shaghas eile um fhorfheidhmiú an dlí a raibh sé de chúram air imscrúduithe a dhéanamh a bhain le coireacht airgeadais, éilliú poiblí agus cosaint an leasa airgeadais phoiblí.

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh agus taithí oibre ábhartha 7 mbliana ar a laghad a fuair an t-iarrthóir ina dhiaidh sin mar imscrúdaitheoir, oifigeach póilíneachta nó oifigeach de shaghas eile um fhorfheidhmiú an dlí a raibh sé de chúram air imscrúduithe a dhéanamh a bhain le coireacht airgeadais, éilliú poiblí agus cosaint an leasa airgeadais phoiblí.

Ní foláir an taithí oibre a bheith faighte ag na hiarrthóirí i ngníomhaireacht nó comhlacht forghníomhaithe dlí, i gcóras dlí nó riaracháin phoiblí Ballstáit, nó in institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh, nó in eagraíocht idirnáisiúnta.

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

2.   Imscrúdaitheoirí: Custam agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha (AD 7)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh agus taithí oibre ábhartha 6 bliana ar a laghad a fuair an t-iarrthóir ina dhiaidh mar imscrúdaitheoir, oifigeach póilíneachta nó custaim nó oifigeach de shaghas eile um fhorfheidhmiú an dlí a raibh sé de chúram air imscrúduithe a dhéanamh ar chalaois nó ar mhírialtachtaí a raibh dochar iontu do leas airgeadais na mBallstát nó do leas airgeadais an Aontais Eorpaigh.

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh agus taithí oibre ábhartha 7 mbliana ar a laghad a fuair an t-iarrthóir ina dhiaidh mar imscrúdaitheoir, oifigeach póilíneachta nó custaim nó oifigeach de shaghas eile um fhorfheidhmiú an dlí a raibh sé de chúram air imscrúduithe a dhéanamh ar éilliú nó ar mhírialtachtaí a raibh dochar iontu do leas airgeadais na mBallstát nó do leas airgeadais an Aontais Eorpaigh.

Ní foláir an taithí oibre a bheith faighte ag na hiarrthóirí i gceann de sheirbhísí custaim na mBallstát, i ngníomhaireachtaí eile um fhorghníomhú an dlí nó in institiúidí sin an Aontais Eorpaigh a raibh sé de chúram orthu imscrúduithe a dhéanamh ar chalaois agus ar mhírialtachtaí a raibh dochar iontu do leas airgeadais na mBallstát nó do leas airgeadais an Aontais Eorpaigh.

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

EPSO/AD/324/16 – Imscrúdaitheoirí: Cinn foirne (AD 9)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh agus taithí oibre ábhartha 10 mbliana ar a laghad a fuair an t-iarrthóir ina dhiaidh sin i ngníomhaireacht nó i gcomhlacht um fhorghníomhú an dlí, i gcóras dlí nó riaracháin phoiblí Ballstáit, nó in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí, in eagraíocht idirnáisiúnta nó i gceann de sheirbhísí custaim na mBallstát, taithí mar imscrúdaitheoir, ionchúisitheoir nó giúistís a raibh sé de chúram air imscrúduithe a dhéanamh ar chalaois nó ar mhírialtachtaí a raibh dochar iontu do leas airgeadais na mBallstát nó do leas airgeadais an Aontais Eorpaigh.

Ní foláir a bheith ina cuid de na 10 mbliana sin taithí oibre 4 bliana ar a laghad ar obair bhainistíochta nó ar fhoireann a chomhordú , róil a raibh fíorchúraimí bainistithe pearsanra ag dul leo, agus taithí oibre 2 bhliain ar a laghad a fuair an t-iarrthóir mar ionchúisitheoir nó breitheamh i gceannas ar fhoirne imscrúdúcháin nó i gceannas ar fhoireann imscrúdaitheoirí a raibh sé de chúram uirthi imscrúduithe riaracháin nó breithiúnacha a dhéanamh.

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh agus taithí oibre ábhartha 11 bhliain ar a laghad a fuair an t-iarrthóir ina dhiaidh sin i ngníomhaireacht nó i gcomhlacht um fhorghníomhú an dlí, i gcóras dlí nó riaracháin phoiblí Ballstáit, nó in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí, in eagraíocht idirnáisiúnta nó i gceann de sheirbhísí custaim na mBallstát, taithí mar imscrúdaitheoir, ionchúisitheoir nó giúistís a raibh sé de chúram air imscrúduithe a dhéanamh ar chalaois nó ar mhírialtachtaí a raibh dochar iontu do leas airgeadais na mBallstát nó do leas airgeadais an Aontais Eorpaigh.

Ní foláir a bheith ina cuid de na 11 bhliain sin taithí oibre 4 bliana ar a laghad ar obair bhainistíochta nó ar fhoireann a chomhordú , róil a mbaineann cúraimí bainistithe pearsanra leo, agus taithí oibre 2 bhliain ar a laghad a fuair an t-iarrthóir mar ionchúisitheoir nó breitheamh i gceannas ar fhoirne imscrúdúcháin nó i gceannas ar fhoireann imscrúdaitheoirí a raibh sé de chúram uirthi imscrúduithe riaracháin nó breithiúnacha a dhéanamh.

Chun an taithí ar dhualgais bhainistíochta nó chomhordúcháin a mheas, cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh eolas ábhartha a sholáthróidh na hiarrthóirí, mar shampla:

teideal na bpost a bhí ag an iarrthóir, cur síos beacht orthu, agus an fad a mhair gach ceann acu;

an líon ball foirne a bhí faoi chúram an iarrthóra agus na poist sin aige,

an líon leibhéal bainistíochta a bhí lastuas agus laistíos de, agus an líon piaraí a bhí aige.

Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh ach amháin má fuarthas í i ndiaidh an dioplóma a éilítear chun cur isteach ar an gcomórtas a bhaint amach.

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chfilleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN IV

CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN

Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a mheas chun rogha a dhéanamh ar bhonn cáilíochtaí:

EPSO/AD/323/16

1.   Imscrúdaitheoirí: Caiteachas an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú (AD 7):

1.

taithí oibre ar imscrúduithe a dhéanamh arb é ab aidhm dóibh leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint sna réimsí seo: caiteachas an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú agus drochghníomhartha tromchúiseacha bhaill foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh;

2.

céim ollscoile, a bhaineann le dualgais na próifíle seo, sa bhreis ar an gcéim is gá chun cur isteach ar an gcomórtas;

3.

cáilíocht, sa bhreis ar an gcáilíocht is gá chun cur isteach ar an gcomórtas, lena ndearbhaítear go ndearnadh 480 uair oiliúna ar a laghad a bhaineann le dualgais na próifíle seo, agus teastas bainte amach i ndeireadh na tréimhse oiliúna;

4.

taithí oibre ar rialuithe nó ar imscrúduithe ar áitribh ar an láthair a dhéanamh agus ar agallaimh a dhéanamh sna réimsí seo: caiteachas an Aontais Eorpaigh, frith-éilliú agus drochghníomhartha tromchúiseacha bhaill foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh, a rinneadh faoi chuimsiú imscrúduithe riaracháin nó breithiúnacha;

5.

taithí oibre ar thuarascálacha imscrúdúcháin a dhréachtú, e.g. tuarascálacha misean, tuarascálacha deiridh, tuarascálacha anailíseacha, nótaí don chomhad;

6.

taithí oibre, a bhaineann le dualgais na próifíle seo, ar chúrsaí oiliúna a eagrú agus a thabhairt;

7.

taithí oibre ar chuir i láthair a dhéanamh ar nithe a bhaineann le haon cheann de dhualgais na próifíle seo (comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna);

8.

taithí oibre, a bhaineann le dualgais na próifíle seo, ar a bheith ag obair i dtimpeallacht idirnáisiúnta nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

9.

taithí oibre ar bheith páirteach i ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin, nó gníomhaíochtaí den saghas sin a chomhordú, i ndáil le níos mó ná Ballstát amháin nó tír amháin nach ballstát den Aontas Eorpach í;

10.

taithí oibre ar shaincheisteanna frithchalaoise a chomhordú idir seirbhísí, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh;

11.

taithí oibre ar shaincheisteanna frithchalaoise a chomhordú idir eagraíochtaí idirnáisiúnta;

12.

Taithí oibre ar shaincheisteanna frithchalaoise a chomhordú idir seirbhísí náisiúnta.

2.   Imscrúdaitheoirí: Custam agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha (AD 7):

1.

taithí oibre ar imscrúduithe a dhéanamh arb é ab aidhm dóibh leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint sna réimsí seo: custam agus trádáil, tabac agus earraí góchumtha;

2.

céim ollscoile, a bhaineann le dualgais na próifíle seo, sa bhreis ar an gcéim is gá chun cur isteach ar an gcomórtas;

3.

cáilíocht, sa bhreis ar an gcáilíocht is gá chun cur isteach ar an gcomórtas, lena ndearbhaítear go ndearnadh 480 uair oiliúna ar a laghad a bhaineann le dualgais na próifíle seo, agus teastas bainte amach i ndeireadh na tréimhse oiliúna;

4.

taithí oibre ar rialuithe nó ar mhisin imscrúdúcháin ar an láthair a dhéanamh i dtíortha nach ballstát den Aontas Eorpach iad agus ar agallaimh a dhéanamh sna réimsí seo: custam agus trádáil, tobac agus earraí góchumtha;

5.

taithí oibre ar thuarascálacha imscrúdúcháin a dhréachtú, e.g. tuarascálacha misean, tuarascálacha deiridh, tuarascálacha anailíseacha, nótaí don chomhad;

6.

taithí oibre, a bhaineann le dualgais na próifíle seo, ar chúrsaí oiliúna a eagrú agus a thabhairt;

7.

taithí oibre ar chuir i láthair a dhéanamh ar nithe a bhaineann le haon cheann de dhualgais na próifíle seo (comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna);

8.

taithí oibre, a bhaineann le dualgais na próifíle seo, ar a bheith ag obair i dtimpeallacht idirnáisiúnta nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

9.

taithí oibre ar fhaisnéis a bhaint amach as bunachair shonraí éagsúla agus anailís a dhéanamh uirthi, mar chuid de ghníomhaíochtaí imscrúdúcháin.

EPSO/AD/324/16 – Imscrúdaitheoirí: Cinn foirne (AD 9):

1.

taithí oibre, a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos don chomórtas seo, ar imscrúduithe a dhéanamh arb é ab aidhm dóibh leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint;

2.

céim ollscoile, a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos don chomórtas seo, sa bhreis ar an gcéim is gá chun cur isteach ar an gcomórtas;

3.

cáilíocht, sa bhreis ar an gcáilíocht is gá chun cur isteach ar an gcomórtas, lena ndearbhaítear go ndearnadh 480 uair oiliúna ar a laghad a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos don chomórtas seo, agus teastas bainte amach i ndeireadh na tréimhse oiliúna;

4.

taithí oibre, a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos don chomórtas seo, ar rialuithe nó ar imscrúduithe ar an láthair ar áitribh a stiúradh agus ar agallaimh a dhéanamh, a rinneadh faoi chuimsiú imscrúduithe riaracháin nó breithiúnacha;

5.

taithí oibre ar thuarascálacha imscrúdúcháin a dhréachtú nó a athbhreithniú, e.g. tuarascálacha misean, tuarascálacha deiridh, tuarascálacha anailíseacha, nótaí don chomhad;

6.

taithí oibre, a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos don chomórtas seo, ar chúrsaí oiliúna a eagrú agus a thabhairt;

7.

taithí oibre, a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos don chomórtas seo, ar chruinnithe a eagrú agus a stiúradh i dtimpeallacht idirnáisiúnta nó i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

8.

taithí oibre, a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos don chomórtas seo agus a mhair dhá bhliain ar a laghad, sa bhreis ar an taithí is gá chun cur isteach ar an gcomórtas, ar a bheith i gceannas ar fhoireann imscrúdaitheoirí a raibh sé de chúram uirthi imscrúduithe a dhéanamh;

9.

taithí oibre ar bheith i gceannas ar ghníomhaíochtaí imscrúdúcháin, nó gníomhaíochtaí den saghas sin a chomhordú, i ndáil le níos mó ná Ballstát amháin nó tír amháin nach ballstát den Aontas Eorpach í;

10.

taithí oibre ar shaincheisteanna frithchalaoise a chomhordú idir seirbhísí institiúidí an Aontais Eorpaigh;

11.

taithí oibre ar shaincheisteanna frithchalaoise a chomhordú idir eagraíochtaí idirnáisiúnta;

12.

taithí oibre ar shaincheisteanna frithchalaoise a chomhordú idir seirbhísí náisiúnta.

Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.