ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

59
12 Feabhra 2016


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2016/C 56/01

Seasamh (AE) Uimh. 1/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004
A ghlac an Chomhairle an 10 Nollaig 2015
 ( 2 )

1

2016/C 56/02

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 1/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh i ndáil le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh a ghlacadh lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004

48


 


 

(1)   Faoin tagairt C 56 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

12.2.2016   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


SEASAMH (AE) Uimh. 1/2016 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

A ghlac an Chomhairle an 10 Nollaig 2015

(2016/C 56/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun limistéar Eorpach aonair iarnróid a bhunú de réir a chéile, tá gá le gníomhaíocht ón Aontas i réimse na rialacha is infheidhme i leith iarnróid maidir le gnéithe teicniúla idir-inoibritheachta agus sábháilteachta, toisc dlúthbhaint a bheith acu lena chéile agus toisc go bhfuil leibhéal comhchuibhithe níos airde de dhíth ar leibhéal an Aontais ina leith. Tá reachtaíocht ábhartha iarnróid á glacadh le fiche bliain anuas, go háirithe trí phacáiste iarnróid agus is iad Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) na cinn is ábhartha i ndáil leis an méid sin.

(2)

Is gá obair shuntasach theicniúil a dhéanamh chun na spriocanna maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid a bhaint amach i gcomhthráth le comhlacht speisialaithe i gceannas uirthi. Sin an fáth go raibh sé riachtanach, mar chuid den Dara Pacáiste Iarnróid in 2004, gníomhaireacht Eorpach a dhéileálann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid a chruthú laistigh den chreat institiúideach atá ann faoi láthair, agus cothromaíocht na cumhachta san Aontas á cur san áireamh.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), bunaítear gníomhaireacht Eorpach iarnróid (“an Ghníomhaireacht”), ar mhaithe le bunú limistéar iarnróid Eorpach gan teorainneacha a chur chun cinn agus le cabhrú chun an earnáil iarnróid a athbheochan agus na buntáistí ríthábhachtacha atá aici ó thaobh na sábháilteachta de a atreisiú. Tá athruithe tábhachtacha sa Cheathrú Pacáiste Iarnróid atá ceaptha chun feidhmiú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid a fheabhsú trí leasuithe trí bhíthin Treoir 2004/49/CE agus Treoir 2008/57/CE a bhfuil an péire acu nasctha go díreach le cúraimí na Gníomhaireachta, a athmhúnlú. Déantar foráil sna Treoracha sin go háirithe maidir le cúraimí a dhéanamh a bhaineann le húdaruithe feithiclí agus deimhnithe sábháilteachta a eisiúint ar leibhéal an Aontais. Beidh ról níos mó i gceist don Ghníomhaireacht. I ngeall ar an líon suntasach athruithe a thugtar isteach leis ar na cúraimí agus ar eagrú inmheánach na Gníomhaireachta, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 a aisghairm agus gníomh dlíthiúil nua a chur in ionad.

(4)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith rannpháirteach i bhfíorchultúr Eorpach iarnróid a fhorbairt, lena gcuirfear uirlis riachtanach san idirphlé, sa chomhairliúchán agus i malartú na dtuairimí idir na gníomhaithe go léir in earnáil an iarnróid ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar a bhfeidhmeanna faoi seach, mar aon le gnéithe teicniúla earnáil an iarnróid. Agus a cúraimí á ndéanamh, agus go háirithe nuair a bheidh tuairimí agus moltaí á ndréachtú aici, ba cheart don Ghníomhaireacht aird a thabhairt ar shaineolas seachtrach iarnróid, go háirithe saineolas gairmithe ón earnáil iarnróid agus ó na húdaráis náisiúnta ábhartha. Ba cheart don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, meithleacha agus grúpaí inniúla agus ionadaíocha a bheidh comhdhéanta de na gairmithe sin, den chuid is mó, a bhunú.

(5)

Ar mhaithe le léargas a thabhairt ar na hiarmhairtí eacnamaíocha ar an earnáil iarnróid agus ar a tionchar ar an tsochaí, agus le cur ar chumas daoine eile cinntí eolasacha a dhéanamh, go háirithe an Coimisiún, Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta (“an Bord Bainistíochta”) agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta (“an Stiúrthóir Feidhmiúcháin”), agus chun tosaíochtaí oibre agus leithdháileadh acmhainní a bhainistiú laistigh den Ghníomhaireacht ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart don Ghníomhaireacht forbairt bhreise a dhéanamh ar a rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht measúnaithe tionchair.

(6)

Ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht theicniúil neamhspleách oibiachtúil a sholáthar don Choimisiún den chuid is mó. Le Treoir (AE) 2015/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7)  (*), déantar foráil maidir le sonraíochtaí teicniúla maidir le hidir-inoibritheacht (“STIanna”) a dhréachtú agus a athbhreithniú, agus le Treoir (AE) 2015/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)  (**), déantar foráil maidir leis na modhanna comhchoiteanna sábháilteachta (“MCSanna”), na spriocanna comhchoiteanna sábháilteachta (“SCSanna”) agus na táscairí comhchoiteanna sábháilteachta (“TCSanna”) a dhréachtú agus a athbhreithniú. Tá buanchreat teicniúil agus comhlacht speisialaithe le foireann thiomnaithe a bhfuil ardchaighdeán saineolais aici de dhíth ar mhaithe le leanúnachas na hoibre agus fhorbairt STIanna, MCSanna, TCSanna agus SCSanna. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht bheith freagrach as moltaí agus barúlacha a sholáthar don Choimisiún maidir le STIanna, MCSanna SCSanna agus TCSanna a dhréachtú agus a athbhreithniú. Ba cheart don Ghníomhaireacht tuairim theicniúil neamhspleách a sholáthar, arna iarraidh sin do na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus do chomhlachtaí náisiúnta rialála.

(7)

Chun go mbeidh eisiúint deimhnithe sábháilteachta aonair chuig gnóthais iarnróid níos éifeachtaí agus níos neamhchlaonta, tá sé riachtanach go sannfar ról lárnach don Ghníomhaireacht. I gcás ina bhfuil an réimse oibríochta teoranta do Bhallstát amháin, ba cheart go bhféadfadh an gnóthas iarnróid lena mbaineann iarratas ar dheimhniú sábháilteachta aonair a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta nó faoi bhráid an údaráis náisiúnta sábháilteachta. Tá Treoir (AE) 2015/… (**) chun foráil a dhéanamh maidir leis an méid sin.

(8)

Faoi láthair, déantar foráil i dTreoir 2008/57/CE, i gcás feithiclí iarnróid, maidir le húdarú a thabhairt chun na feithiclí sin a chur i mbun seirbhíse i ngach Ballstát, ach amháin i gcásanna áirithe sonracha. Phléigh an Tascfhórsa maidir le húdarú feithiclí a bhunaigh an Coimisiún in 2011 roinnt cásanna inar fhulaing monaróirí agus gnóthais iarnróid mar thoradh ar rófhad agus róchostas an phróisis údaraithe agus mhol sé roinnt feabhsuithe. De bharr go n-eascraíonn roinnt de na fadhbanna as castacht an phróisis údaraithe feithiclí atá ann faoi láthair, ba cheart é a shimpliú agus, más féidir, a chomhaontú faoi nós imeachta aonair. Níor cheart go bhfaigheadh aon fheithicil iarnróid ach údarú amháin. I gcás ina bhfuil an réimse úsáide teoranta do ghréasán nó gréasáin laistigh de Bhallstát amháin, ba cheart go bhféadfadh an t-iarrthóir rogha a dhéanamh iarratas ar údarú feithicle a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta nó faoi bhráid an údaráis náisiúnta sábháilteachta tríd an ionad ilfhreastail dá dtagraítear sa Rialachán seo. Bheadh leasanna inláimhsithe ann dá bharr don earnáil trí chostas agus ré an nós imeachta a laghdú, agus mhaolódh sé an baol go bhféadfadh idirdhealú tarlú, go háirithe i gcás cuideachtaí nua ar mian leo dul isteach i margadh iarnróid. Tá Treoir (AE) 2015/… (***) chun foráil a dhéanamh maidir leis an méid sin.

(9)

Tá sé bunriachtanach nach mbeadh leibhéal laghdaithe sábháilteachta i gcóras iarnróid an Aontais mar thoradh ar Threoir (AE) 2015/… (***) agus ar Threoir (AE) 2015/… (****). Maidir leis sin, ba cheart go dtógfadh an Ghníomhaireacht an fhreagracht iomlán uirthi féin maidir leis na húdaruithe feithicle agus leis na dearbhuithe sábháilteachta aonair a eisíonn sí, ag glacadh uirthi féin inter alia dliteanais chonarthacha nó neamhchonarthacha ina leith sin.

(10)

Maidir le dliteanas fhoireann na Gníomhaireachta agus na cúraimí a shanntar don Ghníomhaireacht á gcur i gcrích aici, ba cheart go mbeadh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh. Níor cheart go dtiocfadh moilleanna míchuí nó go bhforchuirfí srianta gan údar maidir le hiompar na n-imeachtaí náisiúnta breithiúnacha mar thoradh ar an bPrótacal sin a chur i bhfeidhm. I gcás imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le foireann na Gníomhaireachta, ina n-iarrfaí ar chomhalta foirne teacht os comhair cúirte náisiúnta, ba cheart don Bhord Bainistíochta a chinneadh gan mhoill mhíchuí díolúine an duine sin den fhoireann a tharscaoileadh, ar an gcoinníoll nach gcuirfidh an tarscaoileadh sin leas an Aontais i mbaol. Ba cheart go mbeadh bonn cirt cuí ag baint leis an gcinneadh sin agus ba cheart é bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(11)

Ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú go dílis leis na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha, go háirithe i gcásanna ina bhfuil gá le rannpháirtíocht na Gníomhaireachta ós rud é go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis a cúraimí a fheidhmiú maidir le húdaruithe feithicle, le deimhnithe sábháilteachta aonair a d'eisigh an Ghníomhaireacht agus maidir le cinntí i ndáil le tionscadail trealaimh taobh riain an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a fhormheas. I gcás ina n-iarrtar ar an nGníomhaireacht nó ar bhall dá foireann faisnéis a chur ar fáil maidir le himeachtaí náisiúnta ábhartha, ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go ndéanfaí an iarraidh sin ar fhaisnéis, nó más gá, ar rannpháirtíocht in imeachtaí, a láimhseáil le dúthracht chuí agus taobh istigh de thréimhse ama réasúnta. Chuige sin, ba cheart don Bhord Bainistíochta na nósanna imeachta iomchuí a ghlacadh le húsáid sna cásanna sin.

(12)

Ar mhaithe le forbairt bhreise a dhéanamh ar an limistéar Eorpach aonair iarnróid, go háirithe maidir le faisnéis iomchuí a sholáthar do chustaiméirí lastais agus do phaisinéirí, agus forbairt ilroinnte na bhfeidhmchlár teileamaitice sin a sheachaint, tá sé riachtanach ról treisithe a thabhairt don Ghníomhaireacht i réimse na bhfeidhmchlár sin. Ba cheart ról lárnach a bheith ag an nGníomhaireacht, mar chomhlacht inniúil ar leibhéal an Aontais, chun an chomhsheasmhacht i bhforbairt agus úsáid na bhfeidhmchlár uile theileamaitice a áirithiú. Chuige sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a chumhachtú chun gníomhú mar an t-údarás córas i gcás feidhmchláir teileamaitice, agus, sa cháil sin, riachtanais chomhfhreagracha na bhfochóras uile a chothabháil, faireachán a dhéanamh orthu, agus iad a bhainistiú ar leibhéal an Aontais.

(13)

I bhfianaise a thábhachtaí agus atá ERTMS chun forbairt rianúil a dhéanamh ar an limistéar Eorpach aonair iarnróid agus dá shábháilteacht, agus d'fhonn forbairt ilroinnte ERTMS a sheachaint, tá sé riachtanach comhordú foriomlán ar leibhéal an Aontais a neartú. Dá bhrí sin, ba cheart ról níos lárnaí a bheith ag an nGníomhaireacht, ag feidhmiú mar an comhlacht Aontais is mó saineolas sa réimse, lena n-áirithiú comhsheasmhacht i bhforbairt ERTMS, chun rannchuidiú lena áirithiú go gcomhlíonann trealamh ERTMS sonraíochtaí atá i bhfeidhm agus lena áirithiú go ndéanfar cláir thaighde Eorpacha a bhaineann le ERTMS a chomhordú le forbairt shonraíochtaí teicniúla ERTMS. Go háirithe, ba cheart go gcoiscfeadh an Ghníomhaireacht ceanglais náisiúnta bhreise maidir le ERTMS lena gcuirfí a idir-inoibritheacht i mbaol. Ba cheart riachtanais neamh-chomhoiriúnacha a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach nó a aisghairm.

(14)

Chun go mbeidh na nósanna imeachta maidir le húdaruithe a eisiúint, chun fochórais taobh riain um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht a chur i seirbhís, níos éifeachtaí agus comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, tá sé riachtanach, roimh aon ghlao ar thairiscintí a bhaineann le trealamh ERTMS taobh riain, go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht a sheiceáil go bhfuil na réitigh theicniúla atá beartaithe i gcomhréir go hiomlán le STIanna agus go bhfuil siad idir-inoibritheach go hiomlán dá bharr sin. Tá Treoir (AE) 2015/… (***) ann chun na críche sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht meitheal chomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra atá ag gníomhú i réimse ERTMS a bhunú. Ba cheart rannpháirtíocht comhlachtaí den sórt sin sa ghrúpa a spreagadh a mhéid is féidir.

(15)

Chun an comhar a éascú agus dáileadh soiléir a ráthú ar na cúraimí agus na freagrachtaí idir an Ghníomhaireacht agus údaráis náisiúnta sábháilteachta, ba cheart prótacal cumarsáide a fhorbairt eatarthu. Ina theannta sin, ba cheart ardán coiteann faisnéise agus cumarsáide le feidhmiúlacht fhíorúil ionaid ilfhreastail a fhorbairt, ar bhonn na bhfeidhmeanna agus na gclár atá ann cheana más iomchuí, trí chur lena bhfeidhmiúlacht arbh í an aidhm a bheadh leo go mbeadh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta ar an eolas i gcónaí faoi na hiarratais uile ar údaruithe/deimhnithe sábháilteachta, faoi chéimeanna na nósanna imeachta sin agus an toradh a bheadh leo. Is cuspóir tábhachtach é don ardán seo go n-aithneofar ag céim luath an riachtanas i dtaca le cinntí a bheidh le déanamh ag na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus ag an nGníomhaireacht a chomhordú i gcás iarratas éagsúil lena n-iarrtar údaruithe agus deimhnithe sábháilteachta comhchosúla. Ba cheart cásanna den sórt sin a shainaithint ar bhealach coimrithe trí fhógraí uathoibríocha.

(16)

Bhíodh údaráis inniúla náisiúnta ag gearradh táille, go dtí anois, as údaruithe feithiclí agus deimhnithe sábháilteachta aonair a eisiúint. Agus na hinniúlachtaí á n-aistriú chuig an Aontas, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht i dteideal táille a ghearradh ar iarratasóirí as na deimhnithe agus na húdaruithe atá luaite sna haithrisí roimhe seo a eisiúint. Tá sé tábhachtach prionsabail áirithe a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le táillí agus muirir atá iníoctha leis an nGníomhaireacht. Ba cheart leibhéal na dtáillí agus na muirear sin a mheas ar bhealach lena ndéanfaí costas iomlán na seirbhíse a chuirfear a chumhdach, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, na costais ábhartha a thig as na tascanna a shanntar do na húdaráis náisiúnta sábháilteachta. Maidir leis na táillí agus na muirir sin ba cheart dóibh a bheith cothrom leis an meán reatha do na seirbhísí ábhartha nó níos ísle ná an meán reatha sin, agus ba cheart iad a shocrú ar bhealach trédhearcach, cothrom, aonfhoirmeach i gcomhar leis na Ballstáit agus níor cheart iomaíochas na hearnála Eorpaí iarnróid lena mbaineann a chur i gcontúirt agus ba cheart iad a bhunú ar bhonn ina dtabharfar aird chuí ar chumas na ngnóthas iad a íoc agus níor cheart ualach neamhriachtanach airgeadais a fhorchur ar chuideachtaí dá mbarr. Ba cheart go gcuirfí san áireamh iontu, de réir mar is iomchuí, riachtanais shonracha fiontar beag agus meánmhéide.

(17)

Is cuspóir ginearálta é gur cheart leithdháileadh nua feidhmeanna agus cúraimí ar údaráis náisiúnta sábháilteachta agus ar an nGníomhaireacht a dhéanamh go héifeachtúil, gan na leibhéil arda sábháilteachta atá ann faoi láthair a laghdú. Chuige sin, ba cheart go ndéanfaí comhaontuithe comhair, lena n-airítear eilimintí costas, a thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta. Ba cheart go mbeadh acmhainní leormhaithe ag an nGníomhaireacht ionas go mbeadh sí in ann a cúraimí nua a dhéanamh, agus ba cheart go mbunófaí uainiú leithdháileadh na n-acmhainní sin ar riachtanais atá sainithe go soiléir.

(18)

Agus moltaí á ndréachtú aici, ba cheart don Ghníomhaireacht cásanna gréasán atá i bhfad ón gcuid eile de chóras iarnróid an Aontais agus a bhfuil saineolas sonrach de dhíth orthu ar chúiseanna geografacha nó stairiúla a chur san áireamh. Ina theannta sin, nuair atá an réimse oibríochta teoranta do na gréasáin sin, ba cheart go bhféadfadh iarrthóirí ar dheimhnithe sábháilteachta aonair agus ar údaruithe feithicle na foirmiúlachtaí is gá a chomhlíonadh go háitiúil trí na húdaráis náisiúnta sábháilteachta is ábhartha. Chuige sin, agus d'fhonn go laghdófaí an t-ualach riaracháin agus an costas, ba cheart go bhféadfaí leis na comhaontuithe comhair a bheadh le tabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta leithdháileadh iomchuí cúraimí a fhoráil, gan dochar do ghlacadh na freagrachta deireanaí ag an nGníomhaireacht chun an t-údarú nó an deimhniú sábháilteachta aonair a eisiúint.

(19)

Agus fios gnó na n-údarás náisiúnta, go háirithe fios gnó na n-údarás náisiúnta sábháilteachta, á chur san áireamh, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann úsáid oiriúnach a bhaint as an saineolas sin agus na húdaruithe agus deimhnithe sábháilteachta aonair ábhartha á dtabhairt. Chuige sin, ba cheart saineolaithe náisiúnta do thabhairt ar iasacht chuig an nGníomhaireacht a spreagadh.

(20)

Déantar foráil i dTreoir (AE) 2015/… (****). agus i dTreoir (AE) 2015/… (***). maidir le scrúdú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta ó thaobh sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid de, agus ó thaobh comhoiriúnachta le rialacha iomaíochta de. Cuirfidh siad teorainn freisin leis an deis atá ag Ballstáit rialacha náisiúnta nua a ghlacadh. De thoradh ar an gcóras reatha ina bhfuil líon mór rialacha náisiúnta fós ann, féadfaidh coinbhleachtaí féideartha le rialacha an Aontais agus trédhearcacht neamhleor a bheith ann agus idirdhealú féideartha idir oibreoirí, go háirithe na cinn níos lú nó cinn nua. D'fhonn ascnamh i dtreo rialacha iarnróid atá trédhearcach neamhchlaonta i ndáiríre ar leibhéal an Aontais, is gá atreisiú a dhéanamh ar an laghdú de réir a chéile ar rialacha náisiúnta, lena n-áirítear rialacha oibriúcháin. Agus tá tuairim bunaithe ar shaineolas neamhspleách neodrach riachtanach ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, is gá ról na Gníomhaireachta a neartú.

(21)

Tá nósanna imeachta feidhmíochta, eagrúcháin agus cinnteoireachta i réimse na sábháilteachta agus na hidir-inoibritheachta iarnróid an-éagsúil i measc na n-údarás náisiúnta sábháilteachta agus na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra, rud a dhéanann dochar d'fheidhmiú rianúil an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid. Is féidir leis seo tionchar diúltach a bheith aige ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar mian leo dul isteach sa mhargadh iarnróid i mBallstát eile go háirithe. Dá bhrí sin, tá comhordú neartaithe riachtanach d'fhonn comhchuibhiú níos fearr a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar chinnteoireacht na n-údarás náisiúnta sábháilteachta agus ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra trí bhíthin iniúchtaí agus cigireachtaí, nuair is cuí, i gcomhar leis na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta.

(22)

I réimse na sábháilteachta, tá sé tábhachtach an leibhéal trédhearcachta is mó is féidir agus sreabh éifeachtach faisnéise a áirithiú. Tá sé tábhachtach feidhmíocht a anailísiú, bunaithe ar tháscairí comhchoiteanna sábháilteachta (TCSanna) lena nascfar gach páirtí san earnáil léi agus ba cheart dul ina bhun sin. A mhéid a bhaineann le cúrsaí staidrimh, is gá oibriú i ndlúthchomhar le Eurostat.

(23)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith freagrach as tuarascáil a fhoilsiú gach re bliain d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le hidir-inoibritheacht agus sábháilteacht a bhaint amach. I bhfianaise an tsaineolais theicniúil atá aici agus a neamhchlaontachta, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún freisin chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid an Aontais.

(24)

Ba cheart idir-inoibritheacht an ghréasáin Thras-Eorpaigh iompair a fheabhsú agus ba cheart na nuathionscadail infheistíochta a roghnóidh an tAontas chun tacaíocht a thabhairt dóibh a bheith i gcomhréir le cuspóir na hidir-inoibritheachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Is í an Ghníomhaireacht an comhlacht iomchuí chun rannchuidiú leis na cuspóirí sin a bhaint amach agus ba cheart di comhoibriú go dlúth le comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais i dtaca le tionscadail a bhaineann leis an ngréasán tras-Eorpach iompair. I ndáil le himlonnú ERTMS agus tionscadail de chuid ERTMS, ba cheart a áireamh i ról na Gníomhaireachta cabhrú le hiarratasóirí tionscadail a chur chun feidhme, ar tionscadail iad lena gcomhlíontar an STI a bhaineann le rialú agus ceannas agus le comharthaíocht.

(25)

Is cuid thábhachtach den chóras sábháilteachta í cothabháil rothstoic. Níl fíormhargadh Eorpach ar bith ann go nuige seo le haghaidh trealamh iarnróid a chothabháil toisc nach ann do chóras deimhniúchán do cheardlanna cothabhála. Cuireann sé sin le costais na hearnála agus dá thoradh sin déantar aistir gan ualaí ar bith. Dá bhrí sin, ba cheart coinníollacha comhchoiteanna a fhorbairt agus a nuashonrú de réir a chéile chun ceardlanna cothabhála agus eintitis a dhéanann cúram de chothabháil feithiclí seachas vaigíní lastais a dheimhniú agus is í an Ghníomhaireacht an comhlacht is iomchuí chun réitigh leordhóthanacha a mholadh don Choimisiún.

(26)

Is gné an-tábhachtach na cáilíochtaí gairmiúla nach mór do thiománaithe traenach a bheith acu ó thaobh sábháilteachta agus idir-inoibritheachta san Aontas. Is réamhchoinníoll freisin iad na cáilíochtaí gairmiúla le haghaidh saorghluaiseacht oibrithe san earnáil iarnróid. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an gceist sin laistigh den chreat don idirphlé sóisialta atá ann cheana. Ba cheart don Ghníomhaireacht an tacaíocht theicniúil atá riachtanach a sholáthar chun go gcuirfear an ghné sin san áireamh ar leibhéal an Aontais.

(27)

Ba cheart don Ghníomhaireacht an comhar a éascú i measc na n-údarás náisiúnta sábháilteachta, na gcomhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe agus na gcomhlachtaí ionadaíocha ón earnáil iarnróid atá ag feidhmiú ar an leibhéal Eorpach d'fhonn an dea-chleachtas a chur chun cinn, faisnéis ábhartha a mhalartú, sonraí a bhaineann le hiarnróid a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht sábháilteachta fhoriomlán an chórais iarnróid san Aontas.

(28)

D'fhonn na leibhéil trédhearcachta is mó is féidir a áirithiú mar aon le rochtain chothrom do gach páirtí ar an bhfaisnéis ábhartha, ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal ar na cláir, i gcás inarb ábhartha, agus ar na doiciméid atá beartaithe do phróisis sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid. Is amhlaidh an scéal i gcás ceadúnas, deimhnithe sábháilteachta aonair agus doiciméid ábhartha eile iarnróid. Ba cheart don Ghníomhaireacht modh a sholáthar atá éifeachtúil, soláimhsithe agus inrochtana chun an fhaisnéis sin a mhalartú agus a fhoilsiú, go háirithe trí réitigh iomchuí na teicneolaíochta faisnéise, d'fhonn éifeachtúlacht chostais an chórais iarnróid a fheabhsú agus tacú le riachtanais oibríochtúla na hearnála.

(29)

Tá tábhacht ag baint le cur chun cinn na nuálaíochta agus an taighde sa réimse iarnróid agus ba cheart don Ghníomhaireacht í a spreagadh. Níor cheart go dtarlódh aon saobhadh sa mhargadh lena mbaineann mar thoradh ar aon chúnamh airgeadais a chuirfear ar fáil laistigh de chreat ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta maidir leis sin.

(30)

D'fhonn éifeachtúlacht thacaíocht airgeadais an Aontais a mhéadú mar aon le cáilíocht na tacaíochta sin agus a comhoiriúnacht leis na ceanglais theicniúla ábhartha, ba cheart ról gníomhach a bheith ag an nGníomhaireacht maidir le measúnú a dhéanamh ar thionscadail iarnróid.

(31)

Is réamhchoinníollacha iad tuiscint cheart agus aonfhoirmeach ar reachtaíocht maidir le sábháilteacht iarnróid agus idir-inoibritheacht, iarnróid ar threoracha cur chun feidhme agus ar mholtaí ón nGníomhaireacht chun an acquis iarnróid a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun go bhfeidhmeoidh an margadh iarnróid ar an gcuma chéanna. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht dul i mbun gníomhaíochtaí oiliúna agus míniúcháin go gníomhach ina leith sin.

(32)

Agus feidhmeanna nua na Gníomhaireachta á gcur san áireamh maidir le húdarú feithicle agus deimhniú sábháilteachta aonair a eisiúint, beidh gá ar leith ann le gníomhaíochtaí oiliúna agus le foilseacháin sna réimsí sin. Ba cheart saor-rannpháirtíocht a thairiscint do na húdaráis náisiúnta sábháilteachta i ngníomhaíochtaí oiliúna, nuair is féidir, go háirithe i gcás inar ghlac siad páirt in ullmhú na ngníomhaíochtaí sin.

(33)

D'fhonn go bhféadfaidh sí a cúraimí a chomhlíonadh i gceart, ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith ag an nGníomhaireacht agus buiséad uathrialach aici a mhaoineofar, go príomha, trí ranníocaíocht ón Aontas agus trí tháillí agus muirir a íocfaidh iarratasóirí. Níor cheart go gcuirfí neamhspleáchas ná neamhchlaontacht na Gníomhaireachta i mbaol mar gheall ar aon ranníocaíochtaí airgeadais a fhaigheann sí ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó eintitis eile. D'fhonn neamhspleáchas a áirithiú ina cuid bainistíochta ó lá go lá agus sna tuairimí, moltaí agus cinntí a eisíonn sí, ba cheart eagrú na Gníomhaireachta a bheith trédhearcach agus ba cheart freagracht iomlán a bheith ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ba cheart d'fhoireann na Gníomhaireachta a bheith neamhspleách agus iad ar conarthaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon i gcaoi go gcoimeádfaidh sí an t-eolas eagraíochtúil agus an leanúnachas gnó atá aici agus malartú riachtanach leanúnach saineolais leis an earnáil iarnróid á choinneáil ag an am céanna. Ba cheart costais foirne, costais riaracháin, costais bonneagair agus costais oibríochtúla a áirithiú i gcaiteachas na Gníomhaireachta agus, inter alia, an méid a íoctar leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta as a gcuid oibre sa phróiseas maidir le húdarú feithicle agus le deimhniúchán sábháilteachta aonair, i gcomhréir leis na comhaontuithe ábhartha comhair agus na forálacha sa ghníomh cur chun feidhme maidir le cinneadh na dtáillí agus na muirear.

(34)

I ndáil le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú, tá sé ríthábhachtach go ngníomhóidh an Ghníomhaireacht go neamhchlaonta, go léireoidh sí sláine agus go ndéanfaidh sí ardchaighdeáin ghairmiúla a shuí di féin. Níor cheart aon chúis dhlisteanach a bheith ann riamh ann lena cheapadh go mbeadh tionchar ar chinntí ag leasanna a bheadh i gcoinbhleacht le ról na Gníomhaireachta ina cáilíocht mar chomhlacht a dhéanann freastal ar an Aontas ina iomláine nó ag leasanna príobháideacha nó cleamhnachtaí aon chomhalta d'fhoireann na Gníomhaireachta, aon saineolaí náisiúnta ar iasacht, nó aon chomhalta den Bhord Bainistíochta nó de na Boird Achomhairc, lena gcruthófaí coinbhleacht don duine i dtrácht maidir lena dhualgais oifigiúla a fheidhmiú, nó a d'fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht leis an bhfeidhmiúchán sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha cuimsitheacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasanna lena gcumhdófar an Ghníomhaireacht ar fad. Leis na rialacha sin, ba cheart na moltaí a d'eisigh an Chúirt Iniúchóirí ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 15 de 2012 a chur san áireamh.

(35)

D'fhonn an próiseas cinnteoireachta a shruthlíniú sa Ghníomhaireacht agus chun cuidiú le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht a fheabhsú, tabharfar isteach strúchtúr rialachais dé-leibhéil. Chun na críche sin, ba cheart ionadaithe a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a dtabharfar na cumhachtaí riachtanacha dóibh, lena n-áirítear cumhachtaí chun an buiséad a bhunú agus chun an doiciméad clársceidealaithe a fhormheas. Ba cheart don Bhord Bainistíochta treoshuímh ghinearálta a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus ba cheart dó baint níos mó a bheith aige le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, d'fhonn maoirseacht ar chúrsaí riaracháin agus buiséadacha a atreisiú. Ba cheart Bord Feidhmiúcháin is lú a chur ar bun d'fhonn cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú ar shlí iomchuí agus tacú lena phróiseas cinnteoireachta. Ba cheart cumhachtaí an Bhoird Feidhmiúcháin a shainiú i sainordú a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta agus ba cheart tuairimí agus cinntí sealadacha a bheith san áireamh ann, de réir mar is iomchuí, faoi réir fhormhuiniú deiridh an Bhoird Bainistíochta.

(36)

Chun trédhearcacht chinntí an Bhoird Bainistíochta a áirithiú, ba cheart d'ionadaithe ó na hearnálacha lena mbaineann freastal ar na cruinnithe dá chuid, ach gan cheart vótála a bheith acu. Ba cheart don Choimisiún ionadaithe na ngeallsealbhóirí éagsúla ar bhonn chomh hionadaíoch agus atá siad ar leibhéal an Aontais ar ghnóthais iarnróid, ar bhainisteoirí bonneagair, ar an tionscal iarnróid, eagraíochtaí ceardchumann, paisinéirí agus custaiméirí lastais a cheapadh ar bhonn ionadaíoch.

(37)

Is gá a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag páirtithe a ndéanfaidh cinntí na Gníomhaireachta difear dóibh na réitigh is gá a lorg, réitigh ar cheart iad a thabhairt ar shlí atá neamhspleách agus neamhchlaon. Ba cheart sásra oiriúnach achomhairc a bhunú chun go mbeidh cinntí an Stiúrthóra Fheidhmiúcháin faoi réir achomhairc chuig Bord Achomhairc speisialaithe.

(38)

I gcásanna ina n-éireoidh easaontas idir an Ghníomhaireacht agus údaráis náisiúnta sábháilteachta maidir le deimhnithe sábháilteachta aonair nó údaruithe feithicle a eisiúint, ba cheart nós imeachta eadrána a bhunú ionas go ndéanfar cinntí ar bhealach comhbheartaithe, comhoibríoch.

(39)

Chabhródh dearcadh straitéiseach níos leithne i leith ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta pleanáil agus bainistiú níos éifeachtaí a dhéanamh ar a cuid acmhainní agus rannchuideodh sé le caighdeán níos airde ar thorthaí na Gníomhaireachta. Déantar é sin a dhearbhú agus a athneartú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (10). Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Bord Bainistíochta doiciméad clársceidealaithe aonair, ina bhfuil na cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla, a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil, tar éis dul i mbun comhairliúcháin chuí leis na geallsealbhóirí ábhartha.

(40)

Nuair a shanntar cúram nua don Ghníomhaireacht i ndáil le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht chóras iarnróid an Aontais tar éis ghlacadh an doiciméid chlársceidealaithe, ba cheart don Bhord Bainistíochta, más gá, an doiciméad clársceidealaithe a leasú le go n-áireofar an cúram nua sin ann tar éis anailís a dhéanamh ar an tionchar ó thaobh an duine agus an bhuiséid a bheidh aige ar acmhainní.

(41)

Ba cheart do ghníomhaíocht na Gníomhaireachta a bheith trédhearcach. Ba cheart rialú éifeachtach Pharlaimint na hEorpa a áirithiú agus, chuige sin, ba cheart dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa faoin ndréachtchuid ilbhliantúil de dhoiciméad clársceadalaithe na Gníomhaireachta agus an deis a bheith aici éisteacht le Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a éisteacht agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a fháil. Ba cheart don Ghníomhaireacht reachtaíocht ábhartha an Aontais a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid a chur i bhfeidhm freisin.

(42)

Le blianta beaga anuas, agus níos mó gníomhaireachtaí díláraithe á gcruthú, táthar tar éis an trédhearcacht agus an rialú ar bhainistiú chistí an Aontais a leithdháiltear orthu a fheabhsú, go háirithe maidir le buiséadú táillí, rialú airgeadais, cumhacht urscaoilte, ranníocaíochtaí scéimeanna pinsin agus an nós imeachta buiséadach inmheánach (cód iompair). Ar an gcaoi chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) an 25 Bealtaine 1999 gan choinníoll i leith na Gníomhaireachta, agus ba cheart di aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (12).

(43)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cur chuige an Aontais a chur chun cinn ar bhealach gníomhach maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid ina caidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha. Ba cheart leis an méid sin freisin, laistigh de theorainneacha inniúlacht na Gníomhaireachta, rochtain fhrithpháirteach ar mhargaí iarnróid tríú tíortha do ghnóthais iarnróid an Aontais agus rochtain ar rothra iarnróid an Aontais ag gréasáin tríú tíortha a éascú.

(44)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú i ndáil le himscrúdú ar dhréacht-rialacha náisiúnta agus ar rialacha náisiúnta atá ann cheana, le faireachán ar na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra, le bunú rialacha nós imeachta na mBord Achomhairc agus le táillí agus muirir a mbeidh an Ghníomhaireacht i dteideal a thobhach a chinneadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhlacht speisialaithe a bhunú chun réitigh chomhchoiteanna a cheapadh i gcúrsaí a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir na cuspóirí a bhaint amach ar leibhéal an Aontais mar gheall ar chineál comhpháirteach na hoibre atá le déanamh, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(46)

Is gá, chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go cuí, go gcuirfear prionsabail áirithe chun feidhme maidir le rialachas na Gníomhaireachta, d'fhonn an Comhráiteas agus an Cur Chuige Comhchoiteann arna gcomhaontú ag an Meitheal Idirinstitiúideach ar ghníomhaireachtaí díláraithe AE i mí Iúil 2012 a chomhlíonadh, arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí a shruthlíniú agus cur lena bhfeidhmíocht.

(47)

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

PRIONSABAIL

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”).

2.   Déantar foráil sa Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an Ghníomhaireacht a bhunú, agus cúraimí na Gníomhaireachta;

(b)

cúraimí na mBallstát i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

3.   Leis an Rialachán seo, tacaítear le bunú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, agus go háirithe na cuspóirí maidir leis an méid a leanas:

(a)

idir-inoibritheacht laistigh de chóras iarnróid an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2015/… (***);

(b)

sábháilteacht chóras iarnróid an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2015/… (****).

(c)

deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach dá bhforáiltear i dTreoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

Airteagal 2

Cuspóirí na Gníomhaireachta

Is é an cuspóir a bheidh ag an nGníomhaireacht rannchuidiú le limistéar Eorpach aonair iarnróid gan teorainneacha a fhorbairt tuilleadh agus lena fheidhmiú éifeachtach, trí ardleibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta a ráthú, agus seasamh na hearnála iarnróid ó thaobh na hiomaíochta de a fheabhsú freisin ag an am céanna. Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, maidir le hábhair theicniúla, le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme trí chur chuige comhchoiteann a fhorbairt i leith sábháilteacht ar chóras iarnróid an Aontais agus trí leibhéal idir-inoibritheachta chóras iarnróid an Aontais a fheabhsú.

Beidh mar chuspóirí breise ag an nGníomhaireacht forbairt rialacha náisiúnta iarnróid a leanúint d'fhonn tacú le feidhmíocht na n-údarás náisiúnta ag gníomhú dóibh i réimsí na sábháilteachta agus na hidir-inoibritheachta iarnróid agus barrfheabhsú nósanna imeachta a chur chun cinn.

I gcás ina bhforáiltear dó sin le Treoir (AE) 2015/… (***) agus le Treoir (AE) 2015/… (****), is í an Ghníomhaireacht a ghlacfaidh ról an údaráis Aontais a bheidh freagrach as údaruithe a eisiúint maidir le feithiclí iarnróid agus cineálacha feithiclí a chur ar an margadh agus as deimhnithe sábháilteachta aonair a eisiúint do ghnóthais iarnróid.

Agus na cuspóirí sin á saothrú, tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird iomlán ar phróiseas mhéadú an Aontais agus ar na bacainní sonracha a bhaineann le naisc iarnróid le tríú tíortha.

Airteagal 3

Stádas dlíthiúil

1.   Comhlacht de chuid an Aontais, a mbeidh pearsantacht dhlítheanach aici, a bheidh sa Ghníomhaireacht.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, tabharfar don Ghníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe féin. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ionadaíocht uirthi.

4.   Is í an Ghníomhaireacht, agus í sin amháin, a bheidh freagrach as na feidhmeanna agus na cumhachtaí a shanntar di.

Airteagal 4

Cineálacha gníomhartha de chuid na Gníomhaireachta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)

moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hAirteagail 13, 15, 17, 19, 35, 36 agus 37 a chur i bhfeidhm;

(b)

moltaí a chur faoi bhráid na mBallstát maidir le hAirteagal 34 a chur i bhfeidhm;

(c)

tuairimí a eisiúint chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 10(2) agus Airteagal 42, agus chuig na húdaráis lena mbaineann sna Ballstáit de bhun Airteagal 10, Airteagal 25 agus Airteagal 26;

(d)

moltaí a chur faoi bhráid na n-údarás náisiúnta sábháilteachta de bhun Airteagal 33(4);

(e)

cinntí a eisiúint de bhun Airteagail 14, 20, 21 agus 22;

(f)

tuairimí a eisiúint arb é a bheidh iontu modhanna inghlactha comhlíontachta de bhun Airteagal 19;

(g)

doiciméid theicniúla a eisiúint de bhun Airteagal 19;

(h)

tuarascálacha iniúchta a eisiúint de bhun Airteagal 33 agus Airteagal 34;

(i)

treoirlínte agus doiciméid neamhcheangailteacha eile lena n-éascaítear cur i bhfeidhm na reachtaíochta sábháilteachta agus idir-inoibritheachta a eisiúint de bhun Airteagail 13, 19, 28, 32, 33 agus 37.

CAIBIDIL 2

MODHANNA OIBRE

Airteagal 5

Cruthú agus comhdhéanamh na meithleacha agus na ngrúpaí

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht líon teoranta meithleacha ar bun chun críche moltaí, agus i gcás inarb ábhartha, treoirlínte a dhréachtú, go háirithe maidir le sonraíochtaí teicniúla idir-inoibritheachta (“STIanna”), le spriocanna comhchoiteanna sábháilteachta (“SCSanna”) le modhanna comhchoiteanna sábháilteachta (“MCSanna”) agus le táscairí comhchoiteanna sábháilteachta (“TCSanna”) a úsáid.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht meithleacha a chur ar bun i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt leo arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 81 (“an coiste”) nó ar a tionscnamh féin, tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Is ionadaí ón nGníomhaireacht a bheidh mar chathaoirleach ar na meithleacha.

2.   Is iad a bheidh ar na meithleacha:

ionadaithe a ainmneoidh na húdaráis náisiúnta inniúla chun páirt a ghlacadh sna meithleacha;

gairmithe ón earnáil iarnróid a roghnóidh an Ghníomhaireacht ón liosta dá dtagraítear i mír 3. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh ionadaíocht leordhóthanach ar na hearnálacha sin den tionscal agus ar na húsáideoirí sin a bhféadfadh na bearta a fhéadfaidh an Coimisiún a mholadh bunaithe ar na moltaí a chuirfidh an Ghníomhaireacht faoina bhráid difear a dhéanamh dóibh. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach iarracht, i gcás inar féidir, ionadaíocht gheografach chothrom a bhaint amach.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht, más gá, saineolaithe neamhspleácha agus ionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a aithnítear mar eagraíochtaí inniúla sa réimse lena mbaineann a cheapadh ar na meithleacha. Ní fhéadfar baill foirne na Gníomhaireachta a cheapadh ar na meithleacha, cé is moite den chathaoirleach ar na meithleacha, a bheidh ina ionadaí nó ina hionadaí ar an nGníomhaireacht.

3.   Déanfaidh gach comhlacht ionadaíoch dá dtagraítear in Airteagal 38(4) liosta de na saineolaithe is incháilithe, a bheidh faoi shainchúram ionadaíocht a dhéanamh air i ngach meitheal, a sheoladh ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta cibé uair a tharlaíonn athruithe

4.   I gcás ar bith ina mbeidh tionchar díreach ag obair meithleacha den sórt sin ar dhálaí oibre, ar shláinte agus ar shábháilteacht na n-oibrithe sa tionscal, beidh ionadaithe a ainmneoidh eagraíochtaí ceardchumainn, ag gníomhú dóibh ar an leibhéal Eorpach, rannpháirteach mar chomhaltaí iomlána sna meithleacha ábhartha.

5.   Seasfaidh an Ghníomhaireacht speansais taistil agus chothabhála chomhaltaí na meithleacha, bunaithe ar rialacha agus ar scálaí a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta.

6.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar thoradh obair na meithleacha agus na moltaí agus na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 á ndréachtú aici.

7.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht grúpaí ar bun chun críocha Airteagal 24, Airteagal 29 agus Airteagal 38(1).

8.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht grúpaí a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 38(4) agus i gcásanna a mbeidh bonn cirt leo, arna iarraidh sin don Choimisiún nó don choiste, nó ar a tionscnamh féin.

9.   Beidh obair na meithleacha agus na ngrúpaí trédhearcach. Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha nós imeachta na meithleacha agus na ngrúpaí, lena n-áirítear rialacha maidir le trédhearcacht.

Airteagal 6

Comhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta

I gcás ar bith ina mbeidh tionchar díreach ag na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagail 13, 15, 19 agus 36 ar thimpeallacht shóisialta nó ar dhálaí oibre na n-oibrithe sa tionscal, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta faoi chuimsiú an choiste um idirphlé earnála a bunaíodh de bhun Chinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún (15). I gcásanna den sórt sin, féadfaidh na comhpháirtithe sóisialta freagra a thbahairt ar na comhairliúcháin sin, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh laistigh de thrí mhí.

Eagrófar na comhairliúcháin sin sula gcuirfidh an Ghníomhaireacht a moltaí faoi bhráid an Choimisiúin. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar na comhairliúcháin sin agus beidh sí ar fáil i gcónaí chun a cuid moltaí a léirmhíniú. Seolfaidh an Ghníomhaireacht na tuairimí a chuirfidh an coiste um idirphlé earnála in iúl, mar aon leis na moltaí ón nGníomhaireacht, ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus seolfaidh an Coimisiún ar aghaidh chuig an gcoiste iad.

Airteagal 7

Comhairliúchán le custaiméirí lastais iarnróid agus le paisinéirí

I gcás ar bith ina mbeidh tionchar díreach ag na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 13 agus in Airteagal 19 ar chustaiméirí lastais iarnróid agus ar phaisinéirí, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, lena n-áirítear ionadaithe ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta. Sna cásanna sin, féadfaidh tabharfaidh na heagraíochtaí sin freagra ar na comhairliúchain sin, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh laistigh de thrí mhí.

Déanfaidh an Coimisiún liosta na n-eagraíochtaí a rachfar i gcomhairle leo a dhréachtú, agus cúnamh á fháil aige ón gcoiste.

Eagrófar na comhairliúcháin sin sula gcuirfidh an Ghníomhaireacht a moltaí faoi bhráid an Choimisiúin. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar na comhairliúcháin sin agus beidh sí ar fáil i gcónaí chun a cuid moltaí a léirmhíniú. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na tuairimí a chuirfidh na heagraíochtaí lena mbaineann in iúl, mar aon leis na moltaí ón nGníomhaireacht, a sheoladh ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus seolfaidh an Coimisiún ar aghaidh chuig an gcoiste.

Airteagal 8

Measúnú tionchair

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht faoi mheasúnú tionchair ar na moltaí agus ar na tuairimí dá cuid. Glacfaidh an Bord Bainistíochta modheolaíocht measúnaithe tionchair ar bhonn mhodheolaíocht an Choimisiúin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht idirchaidreamh leis an gCoimisiún lena áirithiú go dtabharfar aird chuí ar obair ábhartha sa Choimisiún. Maidir leis na toimhdí ar a mbunófar an measúnú tionchair agus leis na foinsí sonraí a úsáidfear, déanfaidh an Ghníomhaireacht iad a shainaithint go soiléir sa tuarascáil a ghabhann le gach moladh.

2.   Sula n-áireofar gníomhaíocht sa doiciméad clársceidealaithe a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 51(1), déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú tionchair go luath ina sonrófar an méid a leanas ina leith:

(a)

an tsaincheist atá le réiteach agus na réitigh a d'fhéadfadh a bheith uirthi;

(b)

a mhéid a bheadh gníomh ar leith de dhíth, lena n-áirítear moladh ón nGníomhaireacht a thabhairt nó tuairim uaithi a eisiúint;

(c)

an méid a mbeifí ag súil leis ón nGníomhaireacht chun an fhadhb a réiteach.

Sula n-áireofar aon ghníomhaíochtaí ná aon tionscadail sa doiciméad clársceidealaithe, cuirfear faoi réir anailís éifeachtúlachta iad, ina n-aonar agus in éineacht lena chéile, d'fhonn an úsáid is fearr is féidir a bhaint as buiséad agus as acmhainní na Gníomhaireachta.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ex post a dhéanamh ar an reachtaíocht bunaithe ar a moltaí.

4.   Cuirfidh na Ballstáit na sonraí a bheidh riachtanach do mheasúnú tionchair ar fáil don Ghníomhaireacht, i gcás ina mbíonn na sonraí sin ar fáil.

Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, déanfaidh na comhlachtaí ionadaíocha sonraí, nach bhfuil faoi rún agus atá riachtanach don mheasúnú tionchair, a chur ar fáil don Ghníomhaireacht.

Airteagal 9

Staidéir

I gcás inar gá sin chun a cúraimí a chur chun feidhme, ordóidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar staidéir lena mbeidh baint, i gcás inarb iomchuí, ag na meithleacha agus ag na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 5, agus maoineoidh sí na staidéir sin óna buiséad.

Airteagal 10

Tuairimí

1.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht tuairimí arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na comhlachtaí rialála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), go háirithe maidir le gnéithe a bhaineann leis an tsábháilteacht agus leis an idir-inoibritheacht sna hábhair sin a chuirfear ar a súile dóibh.

2.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht tuairimí, arna iarraidh sin don Choimisiún, maidir le leasuithe ar aon ghníomh a ghlacfar ar bhonn Threoir (AE) 2015/… (***) nó ar bhonn Threoir (AE) 2015/… (****), go háirithe i gcás ina gcuirfear aon easpa líomhnaithe in iúl.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach tuairim dá cuid, go háirithe iad siúd dá dtagraítear i mír 2, a eisiúint chomh luath agus is féidir agus ar a dhéanaí laistigh de dhá mhí ón tráth a bhfaighfear an iarraidh ina leith, mura gcomhaontófar a mhalairt leis an bpáirtí iarrthach. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na tuairimí sin ar fáil go poiblí laistigh de mhí amháin ó dháta a n-eisiúna, i leagan óna mbainfear gach ábhar lena mbaineann rúndacht tráchtála.

Airteagal 11

Cuairteanna ar Bhallstáit

1.   D'fhonn na cúraimí a chuirfear uirthi a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd dá dtagraítear in Airteagail 14, 20, 21, 25, 26, 31, 32, 33, 34, 35 agus 42, agus d'fhonn cúnamh a thabhairt don Choimisiún a dhualgais faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, an measúnú ar chur chun feidhme éifeachtach reachtaíocht ábhartha an Aontais, féadfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit, i gcomhréir leis an mbeartas, leis na modhanna oibre agus leis na nósanna imeachta a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta.

2.   Tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát sin ar an eolas in am tráthúil faoin gcuairt a bheidh beartaithe, faoi ainmneacha oifigigh na Gníomhaireachta a tharmligfear chun dul ar an gcuairt, faoin dáta a dtosóidh an chuairt agus faoin bhfad ama a mheasfar a mhairfidh sí. Déanfaidh oifigigh na Gníomhaireachta a tharmligfear chun dul ar chuairteanna den sórt sin an méid sin tar éis don Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh i scríbhinn a thabhairt ina sonrófar cuspóirí agus aidhmeanna a gcuairte.

3.   Éascóidh údaráis náisiúnta na mBallstát lena mbaineann obair fhoireann na Gníomhaireachta.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil a dhréachtú maidir le gach cuairt dá dtagraítear i mír 1 agus seolfaidh sí chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát lena mbaineann í.

5.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 33(7) agus in Airteagal 34(6).

6.   Seasfaidh an Ghníomhaireacht na speansais taistil, chothabhála agus eile a thabhóidh foireann na Gníomhaireachta.

Airteagal 12

Ionad ilfhreastail

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht córas faisnéise agus cumarsáide a bhunú agus a bhainistiú a mbeidh ar a laghad ceann amháin de na feidhmeanna “ionaid ilfhreastail” seo a leanas aige:

(a)

pointe aonair iontrála d'iarratasóirí, áit a dtíolacfaidh siad a gcomhaid iarratais ar údarú cineáil, ar údarú feithiclí ar mhaithe lena gcur ar an margadh agus ar dheimhnithe sábháilteachta aonair. I gcás ina bhfuil an limistéar úsáide nó oibriúcháin teoranta do ghréasán nó do ghréasáin laistigh de Bhallstát amháin, forbrófar an pointe aonair iontrála chun a áirithiú go ndéanfaidh na hiarratasóirí an t-údarás sin is mian leo a roghnú chun an t-iarratas a phróiseáil le haghaidh údaraithe nó deimhnithe sábháilteachta aonair a eisiúint don nós imeachta ó thús go deireadh;

(b)

ardán coiteann malartaithe faisnéise, lena gcuirfear an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta ar an eolas maidir leis na hiarratais ar fad ar údaruithe feithiclí agus ar dheimhnithe sábháilteachta aonair, maidir le céimeanna na nósanna imeachta sin agus leis an toradh orthu, agus, i gcás inarb infheidhme, maidir leis na hiarrataí agus leis na cinntí ón mBord Achomhairc;

(c)

ardán coiteann malartaithe faisnéise, lena gcuirfear an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta ar an eolas maidir le hiarrataí ar fhormheas a fháil ón nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir (AE) 2015/… (***) agus maidir le hiarratais ar údaruithe le haghaidh fochórais taobh riain um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht lena mbaineann trealamh a úsáidtear leis an gCóras Eorpach um Rialú Traenacha (ETCS) agus/nó leis an gCóras Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach — Iarnród (GSM-R), maidir le céimeanna na nósanna imeachta sin agus leis an toradh orthu, agus, i gcás inarb infheidhme, maidir leis na hiarrataí agus leis na cinntí ón mBord Achomhairc;

(d)

córas luathrabhaidh lena bhféadfar a shainaithint go luath na riachtanais a bheidh ann maidir le comhordú a dhéanamh idir na cinntí a bheidh le glacadh ag na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus ag an nGníomhaireacht i gcás iarratais éagsúla lena ndéantar iarraidh ar údaraithe comhchosúla nó ar dheimhnithe comhchosúla sábháilteachta aonair.

2.   Déanfar sonraíochtaí teicniúla agus feidhmiúla an ionaid ilfhreastail dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt i gcomhar le gréasán na n-údarás náisiúnta sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 38 ar bhonn dréacht a ullmhóidh an Ghníomhaireacht, agus aird chuí á tabhairt aici ar thorthaí anailís costais is tairbhe. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta na sonraíochtaí teicniúla agus feidhmiúla a ghlacadh, mar aon le plean chun an t-ionad ilfhreastail a bhunú. Déanfar an t-ionad ilfhreastail a fhorbairt gan dochar do chearta maoine intleachtúla ná don leibhéal rúndachta is gá, agus aird chuí á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar fheidhmchláir TF agus ar chláir a bhunaigh an Ghníomhaireacht cheana, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 37.

3.   Beidh an t-ionad ilfhreastail i mbun oibríochta faoin … (*****).

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar iarratais a thíolacfar tríd an ionad ilfhreastail, go háirithe trí úsáid a bhaint as an gcóras luathrabhaidh dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1. Má aimsítear iarratais éagsúla ina n-iarrtar údaraithe comhchosúla nó deimhnithe comhchosúla sábháilteachta aonair, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar obair leantach iomchuí, amhail an méid seo a leanas:

(a)

a chur in iúl don iarratasóir/do na hiarratasóirí gurb ann d'iarraidh eile nó d'iarraidh chomhchosúil ar údarú nó ar dheimhniúchán;

(b)

oibriú leis an údarás/na húdaráis náisiúnta sábháilteachta ábhartha d'fhonn comhsheasmhacht idir na cinntí a bheidh le glacadh ag údaráis náisiúnta sábháilteachta agus ag an nGníomhaireacht a áirithiú. Mura bhféadfar teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach laistigh de mhí amháin ó thosach an phróisis comhordúcháin, déanfar an cheist a tharchur le haghaidh eadrána chuig an mBord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 55, in Airteagal 61 agus in Airteagal 62.

CAIBIDIL 3

CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA A BHAINEANN LE SÁBHÁILTEACHT IARNRÓID

Airteagal 13

Tacaíocht theicniúil — moltaí maidir le sábháilteacht iarnróid

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le TCSanna, le MCSanna agus le SCSanna dá bhforáiltear in Airteagal 5, in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2015/… (****). Déanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin freisin maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil ar TCSanna, ar MCSanna agus ar SCSanna.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin, arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a tionscnamh féin, maidir le bearta eile i réimse na sábháilteachta, agus an taithí a fuarthas á cur san áireamh.

3.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht treoirlínte d'fhonn cúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta sábháilteachta maidir le maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthais iarnróid, ar bhainisteoirí bonneagair agus ar ghníomhaithe eile i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir (AE) 2015/… (****).

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le MCSanna lena gcumhdófar aon eilimintí den chóras bainistíochta sábháilteachta ar gá é a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 9(7) de Threoir (AE) 2015/… (****).

5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirlínte agus doiciméid neamhcheangailteacha eile a eisiúint chun cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le sábháilteacht iarnróid a éascú, lena n-áirítear cúnamh a chur ar fáil do na Ballstáit chun rialacha náisiúnta a fhéadfar a aisghairm tar éis ghlacadh MCSanna agus/nó tar éis a n-athbhreithnithe a shainaithint, agus féadfaidh sí treoirlínte a eisiúint maidir le rialacha náisiúnta nua a ghlacadh nó maidir leis na rialacha náisiúnta atá ann cheana a leasú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirlínte maidir leis an tsábháilteacht iarnróid agus le deimhniúchán sábháilteachta a eisiúint freisin, lena n-áirítear liostaí de shamplaí dea-chleachtais, go háirithe maidir le hiompar agus le bonneagar trasteorann.

Airteagal 14

Deimhnithe sábháilteachta aonair

Déanfaidh an Ghníomhaireacht deimhnithe sábháilteachta aonair a eisiúint, a athnuachan, a fhionraí agus a leasú agus comhoibreoidh sí leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta i ndáil leis sin i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 18 de Threoir (AE) 2015/… (****).

an Ghníomhaireacht deimhnithe sábháilteachta aonair a shrianadh nó a chúlghairm agus comhoibreoidh sí leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta i ndáil leis sin i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir (AE) 2015/… (****).

Airteagal 15

Cothabháil feithiclí

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir leis an gcóras deimhniúcháin d'eintitis a bheidh freagrach as cothabháil i gcomhréir le hAirteagal 14(7) de Threoir (AE) 2015/… (****).

2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht moltaí faoi bhráid an Choimisiúin chun críocha Airteagal 14(8) de Threoir (AE) 2015/… (****).

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís ar aon bhearta malartacha a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir (AE) 2015/… (****) agus déanfaidh sí torthaí a hanailíse a chur isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 35(4) den Rialachán seo.

4.   Tacóidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus, arna iarraidh sin uirthi, comhordóidh sí iad i maoirseacht na n-eintiteas a bheidh i bhfeighil cothabhála dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 17(1) de Threoir (AE) 2015/… (****).

Airteagal 16

Comhar leis na comhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe

Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na comhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 20(3), le hAirteagal 22(1), (2), (5) agus (7) agus le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2015/… (****).

Airteagal 17

Earraí contúirteacha a iompar d'iarnród

Déanfaidh an Ghníomhaireacht forbairtí a leanúint sa reachtaíocht a bhaineann le hearraí contúirteacha a iompar d'iarnród laistigh de bhrí Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus áiritheoidh sí, in éineacht leis an gCoimisiún, go bhfuil forbairtí den sórt sin i gcomhréir leis an reachtaíocht a bhaineann le sábháilteacht agus le hidir-inoibritheacht iarnród, go háirithe leis na ceanglais riachtanacha. Chuige sin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus féadfaidh sí moltaí a thabhairt uaithi ar iarratas ón gCoimisiún nó ar a tionscnamh féin.

Airteagal 18

Malartú faisnéise maidir le timpistí a bhaineann le sábháilteacht

Spreagfaidh an Ghníomhaireacht malartú faisnéise maidir le timpistí, teagmhais agus neastionóiscí a bhaineann le sábháilteacht agus taithí na ngníomhaithe iarnród dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/… (****) á cur san áireamh aici. Tiocfaidh forbairt ar dhea-chleachtais ar leibhéal na mBallstát chun cinn mar thoradh ar an malartú faisnéise sin.

CAIBIDIL 4

CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA A BHAINEANN LE hIDIR-INOIBRITHEACHT

Airteagal 19

Tacaíocht theicniúil i réimse na hidir-inoibritheachta iarnróid

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le STIanna, agus maidir lena n-athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2015/… (***);

(b)

moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na teimpléid do dhearbhú fíoraithe “CE” agus maidir leis na doiciméid sa chomhad teicniúil nach mór bheith ag gabháil leis, chun críche Airteagal 15(9) de Threoir (AE) 2015/… (***);

(c)

moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le sonraíochtaí i gcomhair clár, agus maidir lena n-athbhreithniú, chun críche Airteagal 47, Airteagal 48 agus Airteagal 49 de Threoir (AE) 2015/… (***);

(d)

tuairimí a thabhairt uaithi a bheidh ina modhanna inghlactha comhlíonta maidir le heaspaí in STIanna, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir (AE) 2015/… (***), agus na tuairimí sin a chur ar fáil don Choimisiún;

(e)

arna iarraidh sin don Choimisiún, tuairimí a thabhairt dó maidir le hiarratais ó na Ballstáit gan STIanna a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir (AE) 2015/… (***);

(f)

doiciméid theicniúla a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 4(8) de Threoir (AE) 2015/… (***);

(g)

cinneadh a eisiúint lena fhormheas sula ndéanfar aon ghlao ar thairiscintí a bhaineann le trealamh ERTMS taobh riain d'fhonn cur chun feidhme comhchuibhithe ERTMS san Aontas a áirithiú de bhun Airteagal 19 de Threoir (AE) 2015/… (***);

(h)

moltaí a thabhairt don Choimisiún maidir le hoiliúint agus le deimhniúchán na foirne ar bord i gcúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de;

(i)

treoir mhionsonraithe a bhaineann le caighdeáin do na comhlachtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú a eisiúint a bheidh mar chomhlánú ar an sainordú a thugann an Coimisiún dóibh.

(j)

moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin a bhaineann le dálaí oibre na mball foirne uile a thugann faoi chúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de;

(k)

moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaca le caighdeáin chomhchuibhithe a bheidh le forbairt ag comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú, agus caighdeáin a bhaineann le páirteanna spártha in-idirmhalartaithe lena bhféadfaí leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta chóras iarnróid an Aontais a fheabhsú;.

(l)

moltaí a chur chuig an gCoimisiúin, nuair is iomchuí, i ndáil le comhpháirteanna atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de.

2.   Agus moltaí á ndréachtú aici mar a thagraítear dóibh i bpointí (a), (b), (c), (h), (k) agus (l) de mhír 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sí go gcuirfear STIanna agus na sonraíochtaí le haghaidh clár in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, do threochtaí sa mhargadh agus do cheanglais shóisialta;

(b)

áiritheoidh sí go ndéanfar comhordú ar fhorbairt STIanna agus ar iad a thabhairt cothrom le dáta, agus ar fhorbairt ar aon chaighdeán Eorpach a bheidh riachtanach ó thaobh na hidir-inoibritheachta de, agus déanfaidh sí teagmhálacha ábhartha le comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú a choimeád ar bun;

(c)

glacfaidh sí páirt mar bhreathnóir, nuair is iomchuí, sna meithleacha ábhartha arna mbunú ag comhlachtaí sainaitheanta um chaighdeánú.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirlínte agus doiciméid neamhcheangailteacha eile a eisiúint chun cur chun feidhme na reachtaíochta idir-inoibritheachta iarnróid a éascú, lena n-áirítear cúnamh do Bhallstáit chun rialacha náisiúnta a shainaithint ar féidir iad a aisghairm de thoradh STIanna a bheith á nglacadh nó á n-athbhreithniú.

4.   I gcásanna nach gcomhlíonfadh comhpháirteanna idir-inoibritheachta ceanglais riachtanacha, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2015/… (***).

Airteagal 20

Údaruithe chun feithiclí a chur ar an margadh

Eiseoidh an Ghníomhaireacht údaruithe chun feithiclí iarnróid a chur ar an margadh, agus tabharfar de chumhacht di na húdaruithe sin a eisíonn sí a athnuachan, a leasú, a fhionraí nó a chúlghairm. Chun na críche sin, comhoibreoidh an Ghníomhaireacht le húdaráis náisiúnta sábháilteachta i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir (AE) 2015/… (***).

Airteagal 21

Údaruithe chun cineálacha feithiclí a chur ar an margadh

Eiseoidh an Ghníomhaireacht údaruithe chun cineálacha feithiclí a chur ar an margadh, agus tabharfar de chumhacht di na húdaruithe sin a eisíonn sí a athnuachan, a leasú, a fhionraí nó a chúlghairm, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2015/… (***).

Airteagal 22

Fochórais taobh riain um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht a chur i mbun seirbhíse

Sula ndéanfar aon ghlao ar thairiscintí a bhaineann le trealamh ERTMS taobh riain, seiceálfaidh an Ghníomhaireacht go bhfuil na réitigh theicniúla i gcomhréir go hiomlán le STIanna ábhartha agus mar sin go bhfuil siad idir-inoibritheach go hiomlán, agus glacfaidh sí cinneadh lena bhformheas, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir (AE) 2015/… (***).

Airteagal 23

Feidhmchláir theileamaitice

1.   Chun forbairt chomhordaithe na bhfeidhmchlár teileamaitice san Aontas a áirithiú, feidhmeoidh an Ghníomhaireacht mar údarás córais, i gcomhréir le STIanna ábhartha. Chuige sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht riachtanais chomhfhreagracha na bhfochóras a chothabháil, déanfaidh sí faireachán orthu agus déanfaidh sé iad a bhainistiú.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an nós imeachta maidir le bainistiú iarrataí ar athruithe ar shonraíochtaí d'fheidhmchláir theileamaitice a shainiú, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm. Chuige sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht clár iarrataí ar athruithe ar shonraíochtaí den sórt sin agus ar a stádas a bhunú, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta, maille leis an mbonn cirt ábhartha a bheidh leo.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na huirlisí teicniúla chun bainistiú a dhéanamh ar na leaganacha difriúla de shonraíochtaí d'fheidhmchláir theileamaitice a fhorbairt agus a chothabháil agus féachfaidh sí le comhoiriúnacht shiarghabhálach a áirithiú.

4.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar imlonnú na sonraíochtaí d'fheidhmchláir theileamaitice i gcomhréir le STIanna ábhartha.

Airteagal 24

Tacaíocht do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht do ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra, dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir (AE) 2015/… (***). Cuimseofar sa tacaíocht sin, go háirithe, an tsaincheist maidir le treoirlínte a dhréachtú chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht nó oiriúnacht úsáide comhpháirte idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/… (***) agus maidir le treoirlínte a dhréachtú do nós imeachta fíoraithe “CE” dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 15 de Threoir (AE) 2015/… (***).

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhar idir na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 44 de Threoir (AE) 2015/… (***), agus féadfaidh sí, go háirithe, feidhmiú mar rúnaíocht theicniúil dá ngrúpa comhair.

CAIBIDIL 5

CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA A BHAINEANN LE RIALACHA NÁISIÚNTA

Airteagal 25

Scrúdú ar dhréachtrialacha náisiúnta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht scrúdú ar na dréacht-rialacha náisiúnta a sheolfar chuici, laistigh de dhá mhí ón uair a bhfaighfear iad, i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir (AE) 2015/… (****) agus le hAirteagal 14(5) de Threoir (AE) 2015/… (***). Má tá gá le haistriúchán, nó mar gheall ar an dréacht-riail náisiúnta a bheith casta nó fada, féadfaidh an Ghníomhaireacht síneadh suas go dtí trí mhí sa bhreis a chur leis an tréimhse ama sin, faoi réir thoiliú an Bhallstáit. I gcásanna eisceachtúla, áfach, féadfaidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát lena mbaineann teacht ar chomhaontú go frithpháirteach chun an tréimhse ama sin a shíneadh tuilleadh.

Laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis ábhartha a mhalartú leis an mBallstát lena mbaineann, rachaidh sí i gcomhairle, leis na geallsealbhóirí ábhartha, i gcás inarb iomchuí, agus, ina dhiaidh sin, cuirfidh sí an Ballstát ar an eolas faoi thoradh an scrúdaithe.

2.   I gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go bhféadfar na ceanglais bhunriachtanacha ó thaobh na hidir-inoibritheachta iarnród de a chomhlíonadh faoi na dréacht-rialacha náisiúnta, go bhféadfar MCSanna agus STIanna a bheidh i bhfeidhm a urramú agus SCSanna a bhaint amach, agus nach mbeadh aon idirdhealú treallach ná srian faoi cheilt ar oibríochtaí iompair iarnróid idir Ballstáit mar thoradh orthu, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina measúnú dearfach. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún an riail a bhailíochtú sa chóras TF dá dtagraítear in Airteagal 27. I gcás nach gcuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina measúnú laistigh de thréimhse dhá mhí ón uair a bhfaighidh sí an dréacht-riail náisiúnta nó laistigh den síneadh ama a cuireadh leis an tréimhse a comhaontaíodh, i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Ballstát dul ar aghaidh le tabhairt isteach na rialach gan dochar d'Airteagal 26.

3.   I gcás ina mbeidh toradh diúltach ar an scrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Ghníomhaireacht sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus iarrfaidh sí air an seasamh atá aige i ndáil leis an measúnú sin a shonrú. Tar éis di tuairimí a phlé leis an mBallstát lena mbaineann, i gcás ina gcoimeádann an Ghníomhaireacht a measúnú diúltach ar bun, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid a leanas laistigh d'uastréimhse aon mhí amháin:

(a)

eiseoidh sí tuairim don Bhallstát lena mbaineann ina sonrófar na cúiseanna nár cheart don riail náisiúnta nó do na rialacha náisiúnta atá i gceist teacht i bhfeidhm agus/nó nár cheart í nó iad a chur i bhfeidhm; agus

(b)

cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas faoina measúnú diúltach, agus sonróidh sí na cúiseanna nár cheart don riail náisiúnta nó do na rialacha náisiúnta atá i gceist teacht i bhfeidhm ná/nó a chur i bhfeidhm.

Ní dhéanfaidh sin dochar don cheart atá ag Ballstát riail náisiúnta nua a ghlacadh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2015/… (****) nó le pointe (b) d'Airteagal 14(4) de Threoir (AE) 2015/… (***).

4.   Laistigh de dhá mhí, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún an seasamh atá aige maidir leis an tuairim dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear na cúiseanna atá aige i gcás easaontais.

I gcásanna ina measfar nach leor na cúiseanna a thabharfar nó nach dtabharfaidh an Ballstát aon chúiseanna, agus i gcás ina nglacfaidh an Ballstát an riail náisiúnta i dtrácht gan an tuairim dá dtagraítear i mír 3 a chur san áireamh ar bhealach leordhóthanach, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ar cinneadh é a eiseoidh sí don Bhallstát lena mbaineann, ina n-iarrfar air an riail sin a mhodhnú nó a aisghairm. Glacfar na cinntí cur chun feidhme sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

Airteagal 26

Scrúdú ar rialacha náisiúnta atá ann cheana

1.   Taobh istigh de dhá mhí tar éis iad sin a fháil, scrúdóidh an Ghníomhaireacht rialacha náisiúnta ar tugadh fógra di ina leith i gcomhréir le hAirteagal 14(6) de Threoir (AE) 2015/… (***). agus Airteagal 8(6) de Threoir (AE) 2015/… (****). I gcás ina bhfuil gá le haistriúchán, nó mar gheall ar chastacht nó ar fhad na rialach náisiúnta, féadfaidh an Ghníomhaireacht síneadh suas le trí mhí sa bhreis a chur leis an tréimhse ama sin, faoi réir thoiliú an Bhallstáit. I gcásanna eisceachtúla, áfach, féadfaidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát lena mbaineann teacht ar chomhaontú frithpháirteach chun an tréimhse ama sin a shíneadh tuilleadh.

Laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis ábhartha a mhalartú leis an mBallstát lena mbaineann agus, ina dhiaidh sin, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoi thoradh an scrúdaithe.

2.   I gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go bhféadfar na ceanglais bhunriachtanacha ó thaobh na hidir-inoibritheachta de a chomhlíonadh faoi na rialacha náisiúnta, go bhféadfar MCSanna agus STIanna a bheidh i bhfeidhm a urramú agus SCSanna a bhaint amach, agus nach mbeadh aon idirdhealú treallach ná srian faoi cheilt ar oibriú iompair iarnróid idir Ballstáit mar thoradh orthu, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoina measúnú dearfach. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún an riail a bhailíochtú sa chóras TF dá dtagraítear in Airteagal 27. I gcás nach gcuireann an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann ar an eolas laistigh de dhá mhí ón uair a bhfaightear na rialacha náisiúnta, nó laistigh den tréimhse ama sínithe a comhaontaíodh, i gcomhréir le mír 1, beidh an riail bailí i gcónaí.

3.   I gcás ina mbeidh toradh diúltach ar an scrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Ghníomhaireacht sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus iarrfaidh sí air an seasamh atá aige i ndáil leis an measúnú sin a shonrú. Más rud é, tar éis di tuairimí a phlé leis an mBallstát lena mbaineann, go gcoimeádann an Ghníomhaireacht a measúnú diúltach atá aici, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas laistigh d'uastréimhse aon mhí amháin:

(a)

eiseoidh sí tuairim don Bhallstát lena mbaineann ina luafar go ndearnadh measúnú diúltach ar an riail náisiúnta nó na rialacha náisiúnta atá i gceist nó ina sonrófar na cúiseanna i dtaobh cén fáth ar cheart an riail nó na rialacha atá i gceist a mhodhnú nó a aisghairm; agus

(b)

cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas faoina measúnú diúltach, agus sonróidh sí na cúiseanna i dtaobh cén fáth ar cheart an riail náisiúnta nó na rialacha náisiúnta atá i gceist a mhodhnú nó a aisghairm.

4.   Laistigh de dhá mhí, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún an seasamh atá aige maidir leis an tuairim thuasluaite, lena n-áirítear na cúiseanna atá aige i gcás easaontais. I gcásanna ina measfar nach leor na cúiseanna a thabharfar nó nach dtabharfaidh an Ballstát aon chúis, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ar cinneadh é a eiseoidh sí don Bhallstát lena mbaineann, ina n-iarrfar air an riail náisiúnta i dtrácht a mhodhnú nó a aisghairm. Déanfar na cinntí sin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

5.   De mhaolú ar mhír 3 agus ar mhír 4, i gcás bearta coisctheacha práinneacha, má eascraíonn measúnú diúltach as an scrúdú dá dtagraítear i mír 1, agus más rud é nach ndearna an Ballstát lena mbaineann an riail náisiúnta i dtrácht a leasú nó a aisghairm laistigh de 2 mhí ón tuairim a fháil ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, lena n-iarrfar ar an mBallstát an riail sin a mhodhnú nó a aisghairm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 81 (2).

I gcás measúnú dearfach ag an nGníomhaireacht agus má tá tionchar ag an riail náisiúnta atá i gceist ar níos mó ná Ballstát amháin, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht agus leis na Ballstáit, na bearta iomchuí lena n-áirítear athbhreithniú ar MCSanna agus ar STIanna más gá.

6.   Beidh feidhm leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, i mír 3 agus i mír 4, mutatis mutandis, i gcásanna ina gcuirfear ar a súile don Ghníomhaireacht go bhfuil aon riail náisiúnta, bíodh sí ina riail ar tugadh fógra ina leith nó ná bíodh, iomarcach, i gcoinbhleacht le MCSanna, le SCSanna, le STIanna ná le haon reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa réimse iarnróid, nó ina gcruthaíonn sé bacainn nach bhfuil údar léi ar an margadh aonair iarnróid.

Airteagal 27

Córas TF a bheidh le húsáid chun fógra a thabhairt agus rangú a dhéanamh ar rialacha náisiúnta

1.   Bainisteoidh an Ghníomhaireacht córas tiomnaithe TF ina mbeidh rialacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25 agus in Airteagal 26 agus modhanna comhlíonta náisiúnta dá dtagraítear i bpointe 34 d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/… (***). a bheidh inghlactha go náisiúnta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht iad ar fáil do gheallsealbhóirí chun críocha comhairliúcháin, i gcás inarb iomchuí.

2.   Tabharfaidh Ballstáit fógra maidir le rialacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25(1) agus in Airteagal 26(1) don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún trí chóras TF dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na rialacha sa chóras sin, lena n-áirítear stádas a scrúdaithe, agus nuair a bheidh sé sin déanta, foilseoidh sí toradh dearfach nó diúltach an mheasúnaithe agus úsáidfidh sí an córas TF sin chun críocha an Coimisiún a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 25 agus le hAirteagal 26.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht scrúdú teicniúil ar na rialacha náisiúnta atá ann cheana, dá dtagraítear sa reachtaíocht náisiúnta atá ar fáil amhail an … (******) ar rialacha iad a liostaítear ina bunachar sonraí de dhoiciméid tagartha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht rialacha náisiúnta a dtugtar fógra ina leith a rangú i gcomhréir le hAirteagal 14(10) de Threoir (AE) 2015/… (***). Chuige sin, bainfidh sí úsáid as an gcóras dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht rangú ar rialacha náisiúnta a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2015/… (****), agus i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann léi, agus forbairt reachtaíocht an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh. Chuige sin, forbróidh an Ghníomhaireacht uirlis um bainistíocht rialacha a úsáidfidh na Ballstáit chun a gcórais rialacha náisiúnta a shimpliú. Bainfidh an Ghníomhaireacht úsáid as an gcóras dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo chun an uirlis um bainistíocht rialacha a fhoilsiú.

CAIBIDIL 6

CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCÓRAS EORPACH UM BAINISTIÚ TRÁCHTA IARNRÓID (ERTMS)

Airteagal 28

Údarás córas do ERTMS

1.   Chun forbairt chomhordaithe ERTMS laistigh den Aontas a áirithiú, feidhmeoidh an Ghníomhaireacht mar an t-údarás córas, i gcomhréir le STIanna ábhartha. Chuige sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht riachtanais chomhfhreagracha na bhfochóras, lena n-áirítear sonraíochtaí teicniúla ETCS agus GSM-R, a chothabháil, déanfaidh sí faireachán orthu agus déanfaidh sí iad a bhainistiú.

2.   Saineoidh, foilseoidh agus cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm an nós imeachta maidir le hiarrataí ar athruithe ar shonraíochtaí ERTMS a bhainistiú. Chuige sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht clár iarratas ar athruithe ar shonraíochtaí ERTMS agus ar a stádas a bhunú,a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta, maille leis an mbonn cirt ábhartha a bheidh leo.

3.   Ní dhéanfaidh forbairt leaganacha nua de shonraíochtaí teicniúla ERTMS dochar do ráta imlonnaithe ERTMS, do chobhsaíocht na sonraíochtaí a bheidh riachtanach chun táirgeadh trealamh ERTMS a bharrfheabhsú, don toradh ar infheistíocht do na gnóthais iarnróid, do bhainisteoirí agus do choimeádaithe bonneagair ná do phleanáil éifeachtúil maidir le ERTMS a imlonnú.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht uirlisí teicniúla a fhorbairt agus a chothabháil chun na leaganacha éagsúla do ERTMS a bhainistiú d'fhonn comhoiriúnacht theicniúil agus oibríochtúil a áirithiú idir gréasáin agus feithiclí a mbeidh leaganacha éagsúla feistithe iontu agus chun dreasachtaí a chur ar fáil chun leaganacha a bheidh i bhfeidhm a chur chun feidhme go tapa agus ar bhealach comhordaithe.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 5(10) de Threoir (AE) 2015/… (***), déanfaidh an Ghníomhaireacht a áirithiú go mbeidh leaganacha níos déanaí de threalamh ERTMS comhoiriúnach go teicniúil le leaganacha níos luaithe.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht treoirlínte ábhartha faoin gcur i bhfeidhm do gheallsealbhóirí agus doiciméadú míniúcháin a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla do ERTMS a dhréachtú agus a scaipeadh.

Airteagal 29

Meitheal ERTMS de chomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra

1.   Bunóidh an Ghníomhaireacht meitheal ERTMS de chomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 30(7) de Threoir (AE) 2015/… (***) agus déanfaidh sí cathaoirleacht uirthi.

Déanfaidh an mheitheal seiceáil ar chomh comhsheasmhach agus atá cur i bhfeidhm an nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht nó oiriúnacht úsáide comhpháirte idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/… (***) agus na nósanna imeachta fíoraithe “CE” dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2015/… (***) agus a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra.

2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil chuig an gCoimisiún gach bliain maidir le gníomhaíochtaí na meithle dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear trí bhíthin staidreamh faoi fhreastal ionadaithe na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra sa mheitheal.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht ar chur i bhfeidhm an nós imeachta um measúnú comhréireachta na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta agus an nós imeachta fíoraithe “CE” do threalamh ERTMS agus gach re bliain cuirfidh sí tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, ina molfar, más iomchuí, feabhsuithe le déanamh.

Airteagal 30

An chomhoiriúnacht idir fochórais ERTMS ar bord agus taobh riain

1.   Cinnfidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

gan dochar d'Airteagal 21(5) de Threoir (AE) 2015/… (***), agus sula ndéanfar údarú a eisiúint chun feithicil a chur ar an margadh a mbeidh fochóras ERTMS ar bord feistithe inti, comhairle a chur ar iarratasóirí arna iarraidh sin dóibh, maidir leis an gcomhoiriúnacht theicniúil idir fochórais ERTMS ar bord agus fochórais taobh riain;

(b)

gan dochar d'Airteagal 17 de Threoir (AE) 2015/… (****), agus tar éis an t-údarú a eisiúint le haghaidh feithicil a chur ar an margadh a mbeidh fochóras ERTMS ar bord feistithe inti, comhairle a chur ar ghnóthais iarnróid arna iarraidh sin dóibh, sula mbainfear leas as feithicil a mbeidh fochóras ERTMS ar bord feistithe inti, maidir leis an gcomhoiriúnacht oibríochtúil idir fochórais ERTMS ar bord agus fochórais taobh riain.

Chun críocha na míre seo, oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta ábhartha.

2.   I gcás ina dtarlaíonn sé go mbeidh an Ghníomhaireacht ar an eolas nó i gcás ina gcuireann an t-iarratasóir ar an eolas í trí OSS, i gcomhréir le hAirteagal 19(6) de Threoir (AE) 2015/… (***) sula ndéanfaidh an t-údarás náisiúnta sábháilteachta (ÚNS) údarú a eisiúint, gur athraíodh dearadh tionscadail nó sonraíocht tionscadail tar éis dó formheas a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir (AE) 2015/… (***) agus go bhfuil baol ann go mbeidh easpa comhoiriúnachta teicniúla agus oibríochtúla idir fochóras taobh riain ERTMS agus feithiclí atá feistithe le ERTMS, comhoibreoidh sí leis na páirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear an t-iarratasóir agus an t-údarás náisiúnta sábháilteachta ábhartha, d'fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach. Mura bhféadtar teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach laistigh de mhí amháin ó thosach an phróisis comhordúcháin, déanfar an cheist a tharchur chuig an mBord Achomhairc le haghaidh eadrána.

3.   I gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis do ÚNS údarú a eisiúint, go bhfuil baol easpa comhoiriúnachta teicniúla nó oibríochtúla idir na gréasáin ábhartha agus na feithiclí ábhartha atá feistithe le trealamh ERTMS, oibreoidh an t-údarás náisiúnta sábháilteachta agus an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na páirtithe lena mbaineann, chun teacht gan mhoill ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.

Airteagal 31

Tacaíocht d'imlonnú ERTMS agus do thionscadail ERTMS

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar imlonnú ERTMS i gcomhréir leis an bplean imlonnaithe de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh i bhfeidhm. Arna iarraidh sin don Choimisiún, éascóidh sí comhordú imlonnú ERTMS feadh na gConairí Tras-Eorpacha Iompair agus na gConairí Lasta Iarnróid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

2.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar athleanúint theicniúil ar thionscadail le maoiniú ón Aontas le haghaidh imlonnú ERTMS, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, agus gan mhoill mhíchuí a chur ar an bpróiseas, anailís ar dhoiciméid tairisceana tráth an ghlao ar thairiscintí. Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt, más gá, do thairbhithe chistí an Aontais lena n-áirithiú go bhfuil na réitigh theicniúla a chuirfear chun feidhme sna tionscadail i gcomhréir go hiomlán le STIanna a bhaineann le rialú agus ceannas agus le comharthaíocht agus go bhfuil siad idir-inoibritheach go hiomlán dá bharr sin.

Airteagal 32

Saotharlanna a chreidiúnú

1.   Tacóidh an Ghníomhaireacht, go háirithe trí threoirlínte oiriúnacha a thabhairt do na comhlachtaí creidiúnaithe, le creidiúnú comhchuibhithe shaotharlanna ERTMS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht na Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas faoi chásanna neamhréireachta i ndáil le ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 i dtaca le creidiúnú saotharlanna de chuid ERTMS.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht páirt a ghlacadh sna meastóireachtaí piaraí a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 mar bhreathnadóir.

CAIBIDIL 7

CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA A BHAINEANN LE FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR AN LIMISTÉAR EORPACH AONAIR IARNRÓID

Airteagal 33

Faireachán ar fheidhmíocht agus ar chinnteoireacht na n-údarás náisiúnta sábháilteachta

1.   D'fhonn na cúraimí a chuirtear uirthi a dhéanamh agus d'fhonn cúnamh a thabhairt don Choimisiún, agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige faoi CFAE, déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fheidhmíocht agus ar chinnteoireacht na n-údarás náisiúnta sábháilteachta trí bhíthin iniúchta agus cigireachtaí, thar cheann an Choimisiúin.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht i dteideal iniúchadh a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)

cumas na n-údarás náisiúnta sábháilteachta cúraimí a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid a chur i gcrích; agus

(b)

éifeachtacht fhaireachán na n-údarás náisiúnta sábháilteachta ar chórais bainistíochta sábháilteachta na ngníomhaithe dá dtagraítear in Airteagal 17 de Threoir (AE) 2015/… (****).

Glacfaidh an Bord Bainistíochta an beartas, na modhanna oibre, na nósanna imeachta agus na socruithe praiticiúla chun an mhír seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, socruithe maidir le dul i gcomhairle leis na Ballstáit sula bhfoilseofar an fhaisnéis.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht cuimsiú iniúchóirí cáilithe de chuid na n-údarás náisiúnta sábháilteachta nach bhfuil faoi réir an iniúchta reatha a chur chun cinn san fhoireann iniúchóireachta. Chun na críche sin, bunóidh an Ghníomhaireacht liosta d'iniúchóirí cáilithe agus cuirfidh sí oiliúint orthu nuair is gá.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha iniúchta a eisiúint agus seolfaidh sí chuig an údarás náisiúnta sábháilteachta lena mbaineann, chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an gCoimisiún iad. Beidh, go háirithe, liosta d'aon easpaí a shainaithneoidh an Ghníomhaireacht i ngach tuarascáil iniúchta, chomh maith le moltaí le haghaidh feabhais.

4.   Má mheasann an Ghníomhaireacht go gcuireann na heaspaí dá dtagraítear i mír 3 cosc ar an údarás náisiúnta sabháilteachta lena mbaineann a chuid cúraimí ó thaobh sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid de a chur i gcrích, molfaidh an Ghníomhaireacht don údarás náisiúnta sábháilteachta céimeanna oiriúnacha a ghlacadh laistigh de theorainn ama a chomhaontófar go frithpháirteach, agus tábhacht na heaspa á cur san áireamh. Coinneoidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi mholadh den sórt sin.

5.   I gcás ina n-easaontóidh údarás náisiúnta sábháilteachta le moltaí na Gníomhaireachta dá dtagraítear i mír 4, nó i gcás nach nglacfaidh sé na céimeanna oiriúnacha dá dtagraítear i mír 4, nó i gcás nach dtabharfaidh údarás náisiúnta sábháilteachta aon fhreagra ar mholtaí na Gníomhaireachta laistigh de thrí mhí ón moladh sin a fháil, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas.

6.   Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin gceist agus fiafróidh sé de cén seasamh atá aige i ndáil leis an moladh dá dtagraítear i mír 4. I gcásanna ina measfar nach leor na freagraí a chuirfear ar fáil nó nach gcuirfidh an Ballstát aon fhreagra ar fáil laistigh de thrí mhí tar éis an iarraidh a fháil ón gCoimisiúin, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de shé mhí, beart iomchuí a dhéanamh maidir leis na céimeanna a bheidh le glacadh mar thoradh ar an iniúchadh, i gcás inarb ábhartha.

7.   Beidh an Ghníomhaireacht i dteideal cigireachtaí réamhfhógraithe a dhéanamh ar údaráis náisiúnta sábháilteachta, chun réimsí ar leith dá ngníomhaíochtaí agus dá n-oibríochtaí a fhíorú, go háirithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid, ar phróisis agus ar thaifid a bhaineann lena gcúraimí dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/… (****). Féadfar na cigireachtaí a dhéanamh ar bhonn ad hoc nó i gcomhréir le plean arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht. Ní mhairfidh cigireacht tréimhse níos faide ná dhá lá. Éascóidh údaráis náisiúnta na mBallstát obair fhoireann na Gníomhaireachta. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi gach cigireacht don Choimisiún, don Bhallstát lena mbaineann agus don údarás náisiúnta sábháilteachta lena mbaineann.

Glacfaidh an Bord Bainistithe an beartas, na modhanna oibre agus an nós imeachta maidir leis na cigireachtaí a dhéanamh.

Airteagal 34

Faireachán ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra

1.   Chun críche Airteagal 41 de Threoir (AE) 2015/… (***), tacóidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún agus faireachán á dhéanamh aige ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra, trí chúnamh a tabhairt do chomhlachtaí creidiúnaithe agus do na húdaráis náisiúnta ábhartha, agus trí iniúchtaí agus cigireachtaí, mar a fhoráiltear dó i mír 2 go mír 6.

2.   Tacóidh an Ghníomhaireacht le creidiúnú comhchuibhithe na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra, go háirithe trí threoir oiriúnach a thabhairt do na comhlachtaí creidiúnaithe maidir le critéir agus nósanna imeachta meastóireachta le fíorú an gcomhlíonann comhlachtaí dá dtugtar fógra na ceanglais dá dtagraítear i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2015/… (***), tríd an mbonneagar creidiúnaithe Eorpach a aithnítear de bhun Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

3.   I gcás comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra nach bhfuil creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir (AE) 2015/… (***), féadfaidh an Ghníomhaireacht iniúchadh a dhéanamh ar a gcumas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir (AE) 2015/… (***) a chomhlíonadh. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an nós imeachta maidir le hiniúchtaí a dhéanamh.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha iniúchta ina gcumhdófar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 a eisiúint agus seolfaidh sí chuig an gcomhlacht um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra lena mbaineann, chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an gCoimisiún iad. Beidh, go háirithe, liosta d'aon easpaí a shainaithneoidh an Ghníomhaireacht i ngach tuarascáil iniúchta, chomh maith le moltaí le haghaidh feabhais. Má mheasann an Ghníomhaireacht go gcuireann na heaspaí seo cosc ar an gcomhlacht um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra lena mbaineann a chuid cúraimí ó thaobh idir-inoibritheachta iarnróid de a chur i gcrích, glacfaidh an Ghníomhaireacht moladh ina n-iarrfar ar an mBallstát ina mbeidh an comhlacht dá dtabharfar fógra sin bunaithe céimeanna a thógáil laistigh de theorainn ama a chomhaontófar go frithpháirteach, lena gcuirfear san áireamh a thábhachtaí a bheidh an easpa.

5.   I gcás nach n-aontóidh Ballstát leis an moladh dá dtagraítear i mír 4, nó i gcás nach ndéanfaidh sé na céimeanna oiriúnacha dá dtagraítear i mír 4, nó i gcás nach dtabharfaidh comhlacht dá dtabharfar fógra aon fhreagra ar mholadh na Gníomhaireachta laistigh de thrí mhí ón moladh sin a fháil, cuirfidh an Ghníomhaireacht an méid sin in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin gceist agus fiafróidh sé cén seasamh atá aige i ndáil leis an moladh thuas. I gcásanna ina measfar nach leor na freagraí a chuirfear ar fáil nó nach gcuirfidh an Ballstát aon fhreagra ar fáil laistigh de thrí mhí tar éis an iarraidh a fháil ón gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh laistigh de shé mhí.

6.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí a dhéanamh le réamhfhógra nó neamhfhógartha ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra chun réimsí ar leith dá ngníomhaíochtaí agus dá n-oibríochtaí a fhíorú, go háirithe doiciméid athbhreithnithe, deimhnithe agus taifid a bhaineann lena gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2015/… (***). I gcás comhlachtaí creidiúnaithe, comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na comhlachtaí ábhartha náisiúnta um chreidiúnú. I gcás comhlachtaí measúnaithe comhréireachta nach mbeidh creidiúnaithe, oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha a thug aitheantas do na comhlachtaí dá dtabharfar fógra lena mbaineann. Féadfar na cigireachtaí a dhéanamh ar bhonn ad hoc nó i gcomhréir leis an mbeartas, le modhanna oibre agus le nósanna imeachta a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht a fhorbairt. Ní mhairfidh cigireacht tréimhse níos faide ná dhá lá. Éascóidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra obair fhoireann na Gníomhaireachta. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil i ndáil le gach cigireacht don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 35

Faireachán ar dhul chun cinn shábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, in éineacht leis na comhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe, sonraí ábhartha a bhailiú faoi thimpistí agus faoi theagmhais, agus cuirfidh sí san áireamh an faireachán ar rannchuidiú na gcomhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe le sábháilteacht chóras iarnróid an Aontais.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fheidhmíocht fhoriomlán sábháilteachta chóras iarnróid an Aontais. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a lorg go háirithe ó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 38, lena n-áirítear cúnamh i bhfoirm an bhailiúcháin sonraí agus rochtain ar na torthaí ón athbhreithniú piaraí i gcomhréir le hAirteagal 22(7) de Threoir (AE) 2015/… (****). Bainfidh an Ghníomhaireacht leas freisin ó na sonraí arna mbailiú ag Eurostat agus rachaidh sí i gcomhar le Eurostat chun nach ndéanfar obair a dhúbailt agus lena áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht sna modheolaíochtaí a úsáidtear sna táscairí sábháilteachta comhchoiteanna agus sna táscairí a úsáidtear i modhanna eile iompair.

3.   Ar iarratas ón gCoimisiún, déanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a eisiúint maidir le conas idir-inoibritheacht chórais iarnróid an Aontais a fheabhsú, go háirithe trí chomhordú a fheabhsú idir gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair, nó idir bainisteoirí bonneagair.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar dhul chun cinn ó thaobh sábháilteacht agus idir-inoibritheacht chóras iarnróid an Aontais de. Gach re bliain cuirfidh sí tuarascáil maidir le dul chun cinn ó thaobh sábháilteachta agus idir-inoibritheachta sa limistéar Eorpach aonair iarnróid faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseoidh sí freisin í.

5.   Ar iarratas ón gCoimisiún, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha ar fáil faoi staid chur chun feidhme agus chur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht agus le hidir-inoibritheacht iarnróid i mBallstát tugtha.

6.   Arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Choimisiún, cuirfidh an Ghníomhaireacht forléargas ar fáil ar leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta chóras iarnróid an Aontais agus bunóidh sí uirlis thiomnaithe chun na críche sin, i gcomhréir le hAirteagal 53(2) de Threoir (AE) 2015/… (***).

CAIBIDIL 8

CÚRAIMÍ EILE NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 36

Foireann iarnróid

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí oiriúnacha a bhaineann le foireann iarnróid atá leagtha amach sna hAirteagail 4, 22, 23, 25, 28, 33, 34, 35 agus 37 den Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht cúraimí eile a dhéanamh a bhaineann le foireann iarnróid i gcomhréir le Treoir 2007/59/CE agus moltaí a eisiúint a bhaineann le foireann iarnróid a bhfuil sé de chúram uirthi tabhairt faoi chúraimí sábháilteachta nach gcumhdaítear le Treoir 2007/59/CE.

3.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta a bheidh inniúil ó thaobh ceisteanna foirne iarnróid de maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhar a chur chun cinn i measc na n-údarás seo, lena n-áirítear trí chruinnithe oiriúnacha a eagrú lena n-ionadaithe.

Airteagal 37

Cláir agus a n-inrochtaineacht

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na nithe a leanas a bhunú agus a choimeád ar bun, i gcás inarb ábhartha agus i gcomhar leis na gníomhaithe náisiúnta inniúla:

(a)

an Clár Eorpach Feithiclí i gcomhréir le hAirteagal 47 de Threoir (AE) 2015/… (***)

(b)

clár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir (AE) 2015/… (***).

2.   Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht mar an t-údarás córais do gach clár agus do gach bunachar sonraí dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/… (***), i dTreoir (AE) 2015/… (****) agus i dTreoir 2007/59/CE. Ar a gníomhaíochtaí sa cháil sin áireofar na nithe seo a leanas, go háirithe:

(a)

sonraíochtaí na gclár a fhorbairt agus a choimeád ar bun;

(b)

comhordú ar fhorbairtí sna Ballstáit maidir leis na cláir;

(c)

treoir a thabhairt maidir leis na cláir do gheallsealbhóirí ábhartha;

(d)

moltaí a thabhairt don Choimisiún maidir le feabhas a chur ar shonraíochtaí na gclár atá ann cheana, lena n-áireofaí, i gcás inar gá sin, faisnéis iomarcach a shimpliú agus a scriosadh, agus aon ghá a bheadh ann cinn nua a bhunú, faoi réir anailís costais is tairbhe.

3.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht na doiciméid agus na cláir seo a leanas dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2015/… (***) agus i dTreoir (AE) 2015/… (****) ar fáil go poiblí:

(a)

dearbhuithe “CE” maidir le fíorú ar fhochórais;

(b)

dearbhuithe comhréireachta “CE” na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta agus dearbhuithe oiriúnachta úsáide “CE” na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta;

(c)

na ceadúnais a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 24(8) de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(d)

na deimhnithe sábháilteachta aonair a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2015/… (****);

(e)

na tuarascálacha ar imscrúduithe a sheoltar chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2015/… (****);

(f)

na rialacha náisiúnta a dtugtar fógra fúthu don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2015/… (****) agus le hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2015/… (***);

(g)

cláir na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2015/… (***), lena n-áirítear trí na naisc chuig cláir náisiúnta ábhartha;

(h)

cláir an bhonneagair, lena n-áirítear trí na naisc chuig cláir náisiúnta ábhartha;

(i)

na cláir maidir le heintitis ar cúram leo an chothabháil agus maidir lena gcomhlachtaí deimhniúcháin;

(j)

clár Eorpach na gcineálacha údaraithe feithiclí i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir (AE) 2015/… (***);

(k)

clár na n-iarrataí ar athruithe agus na n-iarrataí ar athruithe a bheartófar a dhéanamh ar shonraíochtaí ERTMS, i gcomhréir le hAirteagal 28(2) den Rialachán seo;

(l)

clár na n-iarrataí ar athruithe agus na n-iarrataí ar athruithe a bheartófar a dhéanamh ar STIanna d'fheidhmchlár teileamaitice do phaisinéirí (TAPanna) agus d'fheidhmchlár teileamaitice do lasta (TAFanna), i gcomhréir le hAirteagal 23(2) den Rialachán seo;

(m)

clár mharcanna na gcoimeádaithe feithiclí a choimeádann an Ghníomhaireacht i gcomhréir le STI maidir le hoibriú agus bainistiú tráchta;

(n)

na tuarascálacha cáilíochta arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

4.   Pléifidh agus comhaontóidh an Coimisiún agus na Ballstáit na socruithe praiticiúla maidir leis na doiciméid dá dtagraítear i mír 3 a sheoladh ar bhonn dréachta a ullmhóidh an Ghníomhaireacht.

5.   Agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 3 á seoladh, féadfaidh na comhlachtaí lena mbaineann na doiciméid sin a shonrú, ar doiciméid iad nach nochtfar don phobal ar chúiseanna slándála.

6.   Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta, a bheidh freagrach as eisiúint na gceadúnas dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 den Airteagal seo, fógra don Ghníomhaireacht maidir le gach cinneadh ar leith chun na ceadúnais sin a eisiúint, a athnuachan, a leasú nó a chúlghairm, i gcomhréir le Treoir 2012/34/AE.

Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta sábháilteachta, a bheidh freagrach as eisiúint na ndeimhnithe sábháilteachta aonair dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 den Airteagal seo, fógra don Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 10(16) de Threoir (AE) 2015/… (****), faoi gach cinneadh ar leith chun na deimhnithe sin a eisiúint, a athnuachan, a leasú, a shrianadh nó a chúlghairm.

7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon doiciméad poiblí nó aon nasc a bheidh ábhartha i dtaca le cuspóirí an Rialacháin seo a chur san áireamh sa bhunachar sonraí poiblí, agus reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí á cur san áireamh.

Airteagal 38

Comhar idir údaráis náisiúnta sábháilteachta, comhlachtaí imscrúdúcháin agus comhlachtaí ionadaíocha

1.   Bunóidh an Ghníomhaireacht líonra de na húdaráis náisiúnta sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2015/… (****). Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht don líonra.

2.   Tacóidh an Ghníomhaireacht leis na comhlachtaí imscrúdúcháin i gcomhréir le hAirteagal 22(7) de Threoir(AE) 2015/… (****). Ar mhaithe leis an gcomhar idir na comhlachtaí imscrúdúcháin a chur chun cinn, déanfaidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht a chur ar fáil ar rúnaíocht í eagrófar ar bhonn ar leith ó na feidhmeanna laistigh den Ghníomhaireacht a bhaineann le deimhniúchán sábháilteachta na ngnóthas iarnróid agus údaruithe chun feithiclí a chur ar an margadh.

3.   Is iad seo a leanas, go háirithe, na cuspóirí a bheidh ag an gcomhar idir na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a)

faisnéis a mhalartú a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid;

(b)

dea-chleachtais a chur chun cinn agus eolas ábhartha a scaipeadh;

(c)

sonraí a sholáthar don Ghníomhaireacht maidir le sábháilteacht iarnróid, go háirithe sonraí a bhaineann le TCSanna.

Éascóidh an ghníomhaireacht comhar idir na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus na comhlachtaí náisiúnta imscrúdaithe, go háirithe trí chruinnithe comhpháirteacha a chur ar bun.

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht líonra a bhunú de na comhlachtaí ionadaíocha ón earnáil iarnróid a ghníomhaíonn ar leibhéal an Aontais. Saineoidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht a chur ar fáil don líonra. Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ag an líonra, go háirithe:

(a)

faisnéis a mhalartú a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid;

(b)

dea-chleachtais a chur chun cinn agus eolas ábhartha a scaipeadh;

(c)

sonraí a sholáthar don Ghníomhaireacht maidir le sábháilteacht agus le hidir-inoibritheacht iarnróid.

5.   Féadfaidh na líonraí agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 4 den Airteagal seo barúlacha a thabhairt maidir leis na dréacht-tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

6.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht líonraí eile a bhunú le comhlachtaí nó le húdaráis a mbeidh freagracht orthu as cuid den chóras iarnróid.

7.   Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh i gcruinnithe na líonraí dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 39

Cumarsáid agus scaipeadh

Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a bhaineann le creat an Aontais maidir le dlí iarnróid agus le forbairt caighdeán agus treoracha a chur in iúl agus a scaipeadh chuig geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir le pleananna ábhartha cumarsáide agus scaipthe a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta ar bhonn dréacht a ullmhóidh an Ghníomhaireacht. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta na pleananna sin cothrom le dáta go rialta, bunaithe ar anailís ar riachtanais.

Airteagal 40

Taighde agus cur chun cinn na nuálaíochta

1.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, nó ar a tionscnamh féin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52(4), le gníomhaíochtaí taighde iarnróid ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear trí thacaíocht a sholáthar do sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus do chomhlachtaí ionadaíochta. Beidh rannchuidithe den sórt sin gan dochar do ghníomhaíochtaí eile taighde ar leibhéal an Aontais.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cúram a chur ar an nGníomhaireacht nuálaíocht a chur chun cinn a bhfuil sé mar aidhm léi sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid a fheabhsú, go háirithe úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua faiséise, faisnéis amchláir agus as córais rianaithe.

Airteagal 41

Cúnamh don Choimisiún

Tabharfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh don Choimisiún i gcur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, a mbeidh sé de chuspóir aici leibhéal idir-inoibritheachta na gcóras iarnróid a fheabhsú agus cur chuige comhchoiteann a fhorbairt i leith na sábháilteachta i gcóras iarnróid an Aontais.

Féadfar a chur san áireamh ar chúnamh den sórt sin go gcuirfí comhairle theicniúil ar fáil maidir le hábhair lena mbaineann feasacht ar leith agus go mbaileofaí faisnéis trí na líonraí dá dtagraítear in Airteagal 38.

Airteagal 42

Cúnamh le measúnú ar thionscadail iarnróid

Gan dochar do na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2015/… (***), déanfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, scrúdú, ó thaobh na sábháilteachta agus na hidir-inoibritheachta de, ar aon tionscadal a bhaineann le dearadh, le tógáil, le hathnuachan nó le huasghrádú aon fhochórais a bhfuil iarratas déanta ar thacaíocht airgeadais an Aontais ina leith.

Laistigh de thréimhse a chomhaontófar leis an gCoimisiún, nach faide ná dhá mhí í, lena gcuirfear san áireamh tábhacht an tionscadail agus na hacmhainní a bheidh ar fáil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim uaithi an bhfuil an tionscadal i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid.

Airteagal 43

Cúnamh do Bhallstáit, do thíortha is iarrthóirí agus do gheallsealbhóirí

1.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, do na Ballstáit, do thíortha is iarrthóirí nó do na líonraí dá dtagraítear in Airteagal 38, tabharfaidh an Ghníomhaireacht faoi ghníomhaíochtaí oiliúna agus faoi ghníomhaíochtaí oiriúnacha eile a bhaineann le reachtaíocht sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid agus táirgí gaolmhara na Gníomhaireachta amhail cláir, treoracha cur chun feidhme agus moltaí a chur i bhfeidhm agus a mhíniú.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le cineál agus le fairsinge na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar acmhainní, agus cuirfear san áireamh sa doiciméad clársceidealaithe ón nGníomhaireacht iad. Gearrfar costais an chúnaimh sin ar na páirtithe iarrthacha ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt.

Airteagal 44

Caidreamh idirnáisiúnta

1.   A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, féadfaidh an Ghníomhaireacht cur leis an gcomhordú le heagraíochtaí idirnáisiúnta ar bhonn comhaontuithe a tugadh i gcrích agus teagmhálacha a fhorbairt agus comhaontuithe riaracháin a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le córais riaracháin tríú tíortha atá inniúil ó thaobh cúrsaí a chumhdaítear faoi ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ar mhaithe le coinneáil cothrom le dáta maidir le forbairtí eolaíochta agus teicniúla agus lena n-áirithiú go gcuirfear reachtaíocht agus caighdeáin iarnróid an Aontais chun cinn.

2.   Ní chruthóidh na socruithe dá dtagraítear i mír 1 oibleagáidí dlíthiúla i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní choiscfidh siad na Ballstáit agus a gcuid údarás inniúil ó shocruithe déthaobhacha nó ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na húdaráis mhaoirseachta, leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin agus leis na córais riaracháin sin de chuid tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1. Beidh socruithe déthaobhacha nó socruithe iltaobhacha den chineál sin agus an comhar sin faoi réir plé roimh ré leis an gCoimisiún agus tuairiscí tréimhsiúla a thabhairt don Choimisiún. Cuirfear an Bord Bainistíochta ar an eolas mar is iomchuí i ndáil leis na socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha sin.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag an nGníomhaireacht ina leith. Beidh an straitéis sin san áireamh i ndoiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta, ina sonrófar na hacmhainní a ghabhfaidh léi.

Airteagal 45

Comhordú i dtaca le páirteanna spártha

Cabhróidh an Ghníomhaireacht le páirteanna spártha in-idirmhalartaithe a shainaithint a d'fhéadfadh a bheith caighdeánaithe, lena n-áirítear na comhéadain le páirteanna spártha den sórt sin. Chuige sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht meitheal a bhunú chun gníomhaíochtaí geallsealbhóirí ábhartha a chomhardú agus féadfaidh sí teagmhálacha a bhunú le comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht moltaí iomchuí a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

CAIBIDIL 9

EAGRÚ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 46

Struchtúr riaracháin agus bainistithe

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistithe na Gníomhaireachta:

(a)

Bord Bainistíochta, a fheidhmeoidh na feidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 51;

(b)

Bord Feidhmiúcháin, a fheidhmeoidh na feidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 53;

(c)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a fheidhmeoidh na dualgais atá leagtha amach in Airteagal 54;

(d)

Bord Achomhairc amháin nó níos mó, a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 58 go Airteagal 62.

Airteagal 47

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta d'ionadaí amháin ó gach Ballstát agus de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún agus beidh ceart vótála ag gach duine acu.

Áireofar sa Bhord Bainistíochta chomh maith seisear ionadaithe, nach bhfuil ceart vótála acu, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na ngeallsealbhóirí seo a leanas ar an leibhéal Eorpach:

(a)

gnóthais iarnróid;

(b)

bainisteoirí bonneagair;

(c)

an tionscal iarnróid;

(d)

eagraíochtaí ceardchumainn;

(e)

paisinéirí;

(f)

custaiméirí lastais.

I gcás gach ceann de na geallsealbhóirí sin, ceapfaidh an Coimisiún ionadaí agus ionadaí malartach ó ghearrliosta de cheithre ainm arna gcur isteach ag a n-eagraíochtaí Eorpacha faoi seach.

2.   Ceapfar comhaltaí an bhoird agus a malartaigh i bhfianaise a gcuid eolais ar phríomhghnó na Gníomhaireachta, ag cur san áireamh scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Ba cheart do na páirtithe uile iarracht a dhéanamh ráta athraithe a n-ionadaithe ar an mBord a theorannú chun leanúnachas obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú. Díreoidh na páirtithe uile ar ionadaíocht chothrom inscne a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

3.   Ceapfaidh gach Ballstát agus an Coimisiún comhaltaí ar an mBord Bainistíochta agus ceapfaidh siad a malartaigh faoi seach a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an chomhalta nuair a bheidh sé as láthair.

4.   Ceithre bliana a bheidh sa tréimhse oifige agus féadfar í a athnuachan.

5.   I gcás inar cuí, bunófar rannpháirtíocht ionadaithe ar thríú tíortha agus bunófar coinníollacha na rannpháirtíochta sin sna socruithe dá dtagraítear in Airteagal 75.

Airteagal 48

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil, cathaoirleach a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann Ballstát agus leas-chathaoirleach as measc a chomhaltaí.

Glacfaidh an leas-chathaoirleach ionad an chathaoirligh sa chás nach mbeidh an cathaoirleach ábalta a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

2.   Is ceithre bliana a bheidh sa tréimhse oifige don chathaoirleach agus don leas-chathaoirleach agus féadfar í a athnuachan uair amháin. Más rud é, áfach, go bhfuil deireadh lena gcomhaltas sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin chomh maith.

Airteagal 49

Cruinnithe

1.   Déanfar cruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus déanfaidh an cathaoirleach iad a thionól. Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta rannpháirteach sna cruinnithe go hiondúil, ach amháin i gcás ina bhféadfaidh coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh ar a rannpháirtíocht, mar a chinnfidh an cathaoirleach, nó i gcás ina mbeadh cinneadh le glacadh ag an mBord Bainistíochta a bhaineann le hAirteagal 70, i gcomhréir le pointe (i) d'Airteagal 51(1).

Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ábhartha freastal ar ítimí ar leith ar an gclár oibre mar bhreathnóir.

2.   Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad. Tiocfaidh sé le chéile freisin ar thionscnamh an chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún, nó do thromlach a chomhaltaí nó d'aon trian d'ionadaithe na mBallstát ar an mBord.

3.   Nuair a bheidh ceist rúndachta nó coinbhleachta leasa ann, féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh na míreanna sonracha ar a chlár oibre a scrúdú gan na comhaltaí lena mbaineann bheith i láthair. Ní dhéanfaidh sé sin difear don cheart a bheidh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún go ndéanfadh malartach nó aon duine eile ionadaíocht orthu. Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

Airteagal 50

Vótáil

Mura ndearbhaítear a mhalairt sa Rialachán seo, déanfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí trí thromlach glan dá chomhaltaí a bheidh i dteideal vótáil. Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bheidh i dteideal vótáil.

Airteagal 51

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí, déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta sa bhliain roimhe sin a ghlacadh, í a sheoladh, faoin 1 Iúil, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus í a phoibliú;

(b)

doiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bheidh i dteideal vótáil, tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil agus i gcomhréir le hAirteagal 49;

(c)

buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bheidh i dteideal vótáil, agus feidhmeanna eile i ndáil le buiséad na Gníomhaireachta a fheidhmiú, i gcomhréir le Caibidil 10;

(d)

nósanna imeachta a bhunú le haghaidh chinnteoireacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

(e)

beartas, modhanna oibre agus nósanna imeachta a ghlacadh maidir le cuairteanna, iniúchtaí agus cigireachtaí de bhun Airteagal 11, Airteagal 33 agus Airteagal 34;

(f)

a rialacha nós imeachta a bhunú;

(g)

na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 39 a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta;

(h)

faoi réir mhír 2, feidhmeoidh an Bord Bainistíochta, i leith fhoireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí a dhéanann Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais (“Rialacháin Foirne” agus “Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile”), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (23), a thabhairt don údarás ceapacháin agus don údarás a chumhachtaítear chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích;

(i)

cinntí cuí-réasúnaithe a dhéanamh i ndáil le tarscaoileadh díolúine i gcomhréir le hAirteagal 17 de phrótacal 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh;

(j)

rialacha cur chun feidhme do na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile más éagsúil leis na cinn sin a ghlac an Coimisiún iad, a thíolacadh don Choimisiún lena chomhaontú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(k)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus a théarma oifige nó a téarma oifige a shíneadh nó an té sin a chur as oifig trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bheidh i dteideal vótáil, i gcomhréir le hAirteagal 68;

(l)

comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bheidh i dteideal vótáil, i gcomhréir le hAirteagal 53;

(m)

sainordú a ghlacadh le haghaidh chúraimí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53;

(n)

cinntí a bhaineann leis na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 75(2) a ghlacadh;

(o)

comhaltaí na mBord Achomhairc a cheapadh agus a bhaint, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bheidh i dteideal vótáil, i gcomhréir le hAirteagal 55 agus Airteagal 56(4);

(p)

cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 69;

(q)

straitéis fhrithchalaoise a ghlacadh i gcomhréir leis na rioscaí calaoise, agus aird á tabhairt ar anailís costais is tairbhe na mbeart a bheidh le cur chun feidhme;

(r)

obair leantach leormhaith ar thorthaí agus moltaí a thiocfaidh as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a áirithiú agus as na tuarascálacha iniúchta agus meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha éagsúla, ag fíorú go ndéanann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin bearta iomchuí;

(s)

rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus na mBord Achomhairc, agus i ndáil le rannpháirtithe i meithleacha agus i ngrúpaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus baill foirne eile nach bhfuil clúdaithe leis na Rialacháin Foirne. Le rialacha den chineál sin, áireofar iontu forálacha maidir le dearbhuithe leasa agus, i gcás inarb iomchuí, iarfhostaíochta.

(t)

treoirlínte a ghlacadh mar aon leis an liosta de na príomheilimintí a bheidh le cur isteach sna comhaontuithe comhair a thabharfar i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta, agus forálacha Airteagal 76 á gcur san áireamh;

(u)

samhail de chreat a ghlacadh i ndáil le cionroinnt airgeadais na dtáillí agus na gcostas a íocfaidh an t-iarratasóir, ar cionroinnt í dá dtagraítear in Airteagal 76(2), chun críocha Airteagal 14, Airteagal 20 agus Airteagal 21;

(v)

nósanna imeachta a bhunú le haghaidh chomhar na Gníomhaireachta agus a foirne in imeachtaí breithiúnacha náisiúnta;

(w)

rialacha nós imeachta meithleacha agus grúpaí a ghlacadh agus scálaí maidir le speansais taistil agus chothabhála a gcomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus in Airteagal (9);

(x)

breathnóir a cheapadh as measc a chomhaltaí chun go leanfadh sé nós imeachta roghnúcháin arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh;

(y)

na rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh do Rialachán Uimh. 1 (24), i gcomhréir leis na rialacha vótála a shainítear in Airteagal 74(1).

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh a ghlacadh i gcur i bhfeidhm Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena dtarmligtear cumhachtaí ábhartha údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí seo a fhionraí. Údarófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na cumhachtaí sin a fho-tharmligean. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi fhotharmligin den sórt sin.

Agus an chéad fhomhír á cur i bhfeidhm, i gcás inar gá in imthosca fíor-eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean na gcumhachtaí údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cumhachtaí sin a rinne an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fho-tharmligean a fhionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Cuirfidh an toscaire tuarascáil ar fheidhmiú an tarmligin sin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.

Airteagal 52

Doiciméad clársceidealaithe

1.   Glacfaidh Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe faoin 30 Samhain gach bliain, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh, agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig na Ballstáit, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na líonraí dá dtagraítear in Airteagal 38. Leagfar síos sa chlár oibre bliantúil na gníomhaíochtaí a chuirfidh an Ghníomhaireacht i gcrích i rith na bliana seo chugainn.

Bunóidh an Bord Bainistíochta nósanna imeachta iomchuí a chuirfear i bhfeidhm chun an doiciméad clársceidealaithe a ghlacadh, lena n-áirítear chun dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha.

2.   Beidh an doiciméad clársceidealaithe críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir más gá sin.

Más rud é go gcuirfidh an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a nglacfar an doiciméad clársceidealaithe, nach n-aontaíonn sé leis an doiciméad sin, athscrúdóidh an Bord Bainistíochta an clár agus glacfaidh sé é, mar atá leasaithe más gá, laistigh de thréimhse dhá mhí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bheidh i dteideal vótáil, lena n-áirítear ionadaithe uile an Choimisiúin, nó trí aontoilíocht ionadaithe na mBallstát.

3.   Sainaithneofar cuspóirí gach gníomhaíochta i gclár oibre bliantúil na Gníomhaireachta. De ghnáth, beidh gach gníomhaíocht nasctha go soiléir leis na hacmhainní buiséadacha agus daonna is gá lena cur i gcrích, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe de réir gníomhaíochtaí agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí agus leis an nós imeachta um measúnú tionchair luath dá bhforáiltear in Airteagal 8(2).

4.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, más gá, an doiciméad clársceidealaithe a glacadh a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht. Beidh cuimsiú an chúraim nua sin faoi réir anailíse ar na himpleachtaí ó thaobh na n-acmhainní daonna agus buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 8(2), agus féadfaidh sé bheith faoi réir cinnidh lena gcuirfear cúraimí eile ar athló.

5.   Leagfar amach i gclár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí ionchais agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach clársceidealú acmhainní freisin ann, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir leis an dréachtchlár oibre ilbhliantúil.

Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta agus an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 82.

Airteagal 53

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

2.   Ullmhóidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta. I gcás inar gá, ar chúiseanna práinne, déanfaidh sé cinntí sealadacha áirithe thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséid, faoi réir sainordú a gheofar ón mBord Bainistíochta.

In éineacht leis an mBord Bainistíochta, áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin obair leantach leormhaith ar na torthaí agus ar na moltaí a thiocfaidh as imscrúduithe de chuid OLAF agus as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchta inmheánacha nó seachtracha éagsúla, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí iomchuí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 54 iad, tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tabharfaidh sé comhairle dó maidir le cinntí ón mBord Bainistíochta a chur chun feidhme, d'fhonn an mhaoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus ar bhainistiú buiséadach a threisiú.

3.   Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an mBord Feidhmiúcháin:

(a)

cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta;

(b)

ceathrar d'ionadaithe eile na mBallstát atá ar an mBord Bainistíochta; agus

(c)

duine amháin d'ionadaithe an Choimisiúin atá ar an mBord Bainistíochta.

Gníomhóidh cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta mar chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin.

Ceapfaidh an Bord Bainistíochta ceathrar ionadaithe na mBallstát, agus a malartaigh, ar bhonn a n-inniúlachta ábhartha agus a dtaithí ábhartha. Agus iad á gceapadh aige, beidh sé d'aidhm ag an mBord Bainistíochta ionadaíocht chothrom inscne a bhaint amach ar an mBord Feidhmiúcháin.

4.   Beidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin comhionann le téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta go mbeidh sé níos giorra.

5.   Beidh cruinniú ag an mBord Feidhmiúcháin ar a laghad uair amháin gach trí mhí agus, i gcás inar féidir, tráth nach lú ná dhá sheachtain roimh chruinniú an Bhoird Bainistíochta. Tionólfaidh cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin cruinnithe breise arna iarraidh sin dá chomhaltaí nó don Bhord Bainistíochta.

6.   Is é an Bord Bainistíochta a leagfaidh síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin, cuirfear ar an eolas go tréimhsiúil é maidir le hobair an Bhoird Feidhmiúcháin agus beidh rochtain aige ar na doiciméid dá chuid.

Airteagal 54

Dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a mbeidh neamhspleáchas iomlán aige nó aici maidir lena chúraimí nó lena cúraimí a chomhlíonadh, a dhéanfaidh bainistiú ar an nGníomhaireacht. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta as a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, ná an Bhoird Feidhmiúcháin, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha a iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil maidir le comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas don institiúid lena mbaineann.

4.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh mar ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta agus glacfaidh sé cinntí, moltaí, tuairimí agus gníomhartha foirmiúla eile na Gníomhaireachta.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú riaracháin na Gníomhaireachta agus as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar di leis an Rialachán seo. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

(b)

na cinntí a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(d)

an doiciméad clársceidealaithe a chur chun feidhme agus, a mhéid is féidir, freagairt d'iarrataí ar chúnamh ón gCoimisiún i ndáil le cúraimí na Gníomhaireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú, lena n-áirítear dearbhú ón oifigeach údarúcháin ina sonrófar go bhfuil deimhniú measartha faighte aige nó aici i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 47(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 agus i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 51(1) den Rialachán seo, agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(f)

na céimeanna is gá a ghlacadh, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a eisiúint agus orduithe a fhoilsiú, lena áirithiú go n-oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(g)

córas éifeachtach faireacháin a bhunú lena bhféadfar torthaí na Gníomhaireachta a chur i gcomparáid lena cuspóirí oibríochtúla agus córas measúnaithe rialta a bhunú a bheidh i gcomhréir leis na caighdeáin aitheanta ghairmiúla;

(h)

dréacht-tuarascáil ghinearálta a ullmhú gach bliain ar bhonn na gcóras faireacháin agus measúnaithe dá dtagraítear i bpointe (g) agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta;

(i)

dréacht-ráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais na Gníomhaireachta a ullmhú de bhun Airteagal 64 agus an buiséad a chur chun feidhme de bhun Airteagal 65;

(j)

na céimeanna is gá a ghlacadh chun obair an líonra de na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus an líonra de na comhlachtaí imscrúdúcháin agus an líonra de na comhlachtaí ionadaíocha dá dtagraítear in Airteagal 38 a leanúint;

(k)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchta inmheánacha nó seachtracha, agus freisin ar imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus tuarascáil faoi dhul chun cinn a thabhairt dhá uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta;

(l)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta chun cosc a chur ar an gcalaois, ar an éilliú agus ar aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraithfear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, chomhréireach agus athchomhairleach a fhorchur;

(m)

straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta a ullmhú agus é a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena formheas;

(n)

dréacht-rialachán airgeadais na Gníomhaireachta a ullmhú le go nglacfaidh an Bord Bainistíochta é faoi Airteagal 66, agus a rialacha cur chun feidhme a ullmhú;

(o)

comhaontuithe comhair le húdaráis náisiúnta sábháilteachta a thabhairt i gcrích, thar ceann na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 76.

Airteagal 55

Bunú agus comhdhéanamh na mBord Achomhairc

1.   Ar chinneadh ón mBord Bainistíochta, bunóidh an Ghníomhaireacht Bord Achomhairc amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na nósanna imeachta achomhairc agus eadrána dá dtagraítear in Airteagal 58 agus in Airteagal 61.

2.   Beidh ar gach Bord Achomhairc Cathaoirleach agus beirt chomhaltaí eile. Beidh malartaigh acu chun ionadaíocht a dhéanamh orthu nuair a bheidh siad as láthair, nó i gcás ina n-éireoidh coinbhleachtaí leasa.

3.   Cinnfear cruthú agus comhdhéanamh na mBord Achomhairc ar bhonn gach cás ar leith; de rogha air sin, féadfar Bord Achomhairc a bhunú mar chomhlacht buan go ceann uastréimhse ceithre bliana. Sa dá chás, tá feidhm ag an nós imeachta seo a leanas:

(a)

dréachtóidh an Coimisiún liosta de shaineolaithe cáilithe ar bhonn a n-inniúlachta ábhartha agus a dtaithí ábhartha tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a leanúint;

(b)

ceapfaidh an Bord Bainistíochta an cathaoirleach, na comhaltaí eile agus a malartaigh ón liosta dá dtagraítear i bpointe (a). I gcás nach mar chomhlacht buan a bhunófar an Bord Achomhairc, cuirfidh an Bord Bainistíochta cineál agus ábhar an achomhairc nó na headrána san áireamh, agus seachnóidh sé gach coinbhleacht leasa i gcomhréir le hAirteagal 57.

4.   I gcás ina measfaidh an Bord Achomhairc go bhfuil gá leis de bharr chineál an achomhairc, féadfaidh sé a iarraidh ar an mBord Bainistíochta beirt chomhaltaí breise agus a malartaigh a cheapadh ón liosta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3.

5.   Ar thogra ón nGníomhaireacht, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, bunóidh an Coimisiún rialacha nós imeachta na mBord Achomhairc, lena n-áirítear na rialacha vótála, na nósanna imeachta chun achomharc a dhéanamh agus na coinníollacha a bhaineann le speansais a gcomhaltaí a aisíoc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(3).

6.   Féadfaidh na Boird Achomhairc a iarraidh ar shaineolaithe na mBallstát lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt, go háirithe d'fhonn an reachtaíocht lena mbaineann a shoiléiriú, le linn na chéad chéime den scrúdú ar an nós imeachta.

Airteagal 56

Comhaltaí na mBord Achomhairc

1.   I gcás Boird Achomhairc bhuain, beidh téarma oifige a chomhaltaí agus a malartaigh teoranta do thréimhse ceithre bliana agus féadfar é a athnuachan uair amháin. I gcásanna eile, beidh an téarma oifige teoranta do ré an achomhairc nó na headrána.

2.   Beidh comhaltaí na mBord Achomhairc neamhspleách ó gach páirtí a bheidh sna himeachtaí achomhairc nó sna himeachtaí eadrána agus ní fhéadfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh laistigh den Ghníomhaireacht. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoir ina bpléití agus ina gcinntí, agus beidh siad saor ó gach aon choinbhleacht leasa.

3.   Ní bheidh comhaltaí ar Bhoird Achomhairc mar chuid d'fhoireann na Gníomhaireachta agus íocfar iad as a rannpháirtíocht iarbhír in imeacht achomhairc ar leith nó in imeacht eadrána ar leith.

4.   Ní fhéadfar comhaltaí ar Bhoird Achomhairc a chur as oifig le linn a dtéarma oifige, mura mbeidh cúiseanna tromchúiseacha lena dhéanamh agus i gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta an méid sin a dhéanamh.

5.   Ní fhéadfar comhaltaí ar Bhoird Achomhairc a bhaint ó liosta na saineolaithe cáilithe le linn a dtéarma oifige, ach amháin i gcás ina mbeidh cúiseanna tromchúiseacha lena dhéanamh agus i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún déanamh amhlaidh.

Airteagal 57

Eisiamh agus agóid

1.   Ní fhéadfaidh comhaltaí ar Bhoird Achomhairc páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc ná in aon imeachtaí eadrána i gcás ina mbeidh leas pearsanta acu iontu, i gcás ina raibh baint acu cheana le duine de na páirtithe sna himeachtaí mar ionadaí air, ná i gcás ina raibh siad rannpháirteach sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh.

2.   I gcás ina measfaidh comhalta ar Bhord Achomhairc nach iomchuí dó nó di ná d'aon chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc ná in aon imeacht eadrána, ar aon cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 nó ar aon chúis eile, cuirfidh an comhalta sin an méid sin in iúl don Bhord Achomhairc a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an duine lena mbaineann a eisiamh ar bhonn na rialacha a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta de bhun phointe (s) d'Airteagal 51(1).

3.   Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc nó sna himeachtaí eadrána agóid a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta arna mbunú de bhun Airteagal 55(5), i gcoinne comhalta ar bith ar an mBord Achomhairc ar aon cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina mbeidh amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní fhéadfar agóid ar bith a dhéanamh ar bhonn náisiúntacht an chomhalta lena mbaineann.

4.   Ní bheidh agóid faoi mhír 3 inghlactha ach amháin i gcás ina ndéanfar é roimh thús imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc nó, i gcás ina dtiocfaidh an fhaisnéis is bonn leis an agóid chun cinn tar éis do na himeachtaí tosú, faoi na spriocdhátaí a leagtar síos i rialacha nós imeachta an Bhoird Achomhairc. Tabharfar fógra do chomhalta an Bhoird Achomhairc lena mbaineann maidir leis an agóid agus sonróidh sé nó sí cé acu an dtoileoidh sé nó sí a bheith eisiata nó nach dtoileoidh. I gcás nach dtoileoidh sé nó sí, glacfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin spriocdháta a leagtar síos ina rialacha nós imeachta nó, i gcás nach bhfaighfear freagra, tar éis dul in éag don spriocdháta a leagtar síos chun freagra a thabhairt.

5.   Déanfaidh na Boird Achomhairc cinneadh maidir leis na bearta a bheidh le déanamh sna cásanna a shonraítear i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 agus ní bheidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach sa chinneadh sin. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, gabhfaidh a mhalartach nó a malartach ionad an chomhalta lena mbaineann ar an mBord Achomhairc. Cuirfear an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi na cinntí a dhéanfaidh an Bord Achomhairc.

Airteagal 58

Achomhairc i gcoinne cinntí agus neamhghnímh

1.   Féadfar achomharc a thabhairt os comhair Bord Achomhairc in aghaidh cinntí a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 14, Airteagal 20 agus Airteagal 21 agus Airteagal 22, nó i gcás ina dteipfidh ar an nGníomhaireacht gníomhú faoi na teorainneacha ama is infheidhme, tar éis an t-athbhreithniú idirbhreitheach dá dtagraítear in Airteagal 60 a thabhairt chun críche.

2.   Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc a thaiscfear de bhun mhír 1. Mar sin féin, arna iarraidh sin do na páirtithe lena mbaineann, féadfaidh an Bord Achomhairc a chinneadh go mbeidh éifeacht fionraíochta ag an achomharc atá i gceist, i gcás ina measfaidh sé go gceadaítear a leithéid leis na himthosca, amhail an tionchar a imrítear ar an tsábháilteacht. Sa chás sin, tabharfaidh an Bord Achomhairc ráiteas uaidh ina sonrófar na cúiseanna lena chinneadh.

Airteagal 59

Daoine a bheidh i dteideal achomharc a dhéanamh, teorainn ama agus cineál

1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón nGníomhaireacht a dhíreofar ar an duine sin, nó in aghaidh cinneadh a bhaineann go díreach leis an duine sin nó leis an duine sin amháin, de bhun Airteagal 14, Airteagal 20 agus Airteagal 21, nó i gcás ina dteipfidh ar an nGníomhaireacht gníomhú faoi na teorainneacha ama is infheidhme.

2.   Déanfar an t-achomharc, mar aon leis an ráiteas maidir leis an mbonn atá leis, a chomhdú i scríbhinn i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 55(5) laistigh de dhá mhí ón tráth a dtabharfar fógra faoin mbeart don duine lena mbaineann nó, mura dtabharfar fógra don duine sin faoin mbeart, laistigh de dhá mhí ón lá ar cuireadh in iúl dó é.

Maidir le hachomhairc a bhaineann le mainneachtain gníomhú, déanfar iad a chomhdú sa Ghníomhaireacht i scríbhinn laistigh de dhá mhí tar éis dul in éag don teorainn ama a leagtar amach san Airteagal ábhartha.

Airteagal 60

Athbhreithniú idirbhreitheach

1.   I gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bonn maith leis, cuirfidh sé an cinneadh nó an neamhghníomh dá dtagraítear in Airteagal 58(1) ina cheart. Ní bheidh feidhm aige seo i gcás ina ndéanfaidh an cinneadh a ndearnadh achomharc ina choinne difear do pháirtí eile sna himeachtaí achomhairc.

2.   Mura ndéanfar an cinneadh a cheartú laistigh d'aon mhí amháin tar éis an t-achomharc a fháil, cinnfidh an Ghníomhaireacht láithreach cé acu an gcuirfidh sí feidhmiú an chinnidh ar fionraí nó nach gcuirfidh agus déanfaidh sí an t-achomharc a tharchur chuig ceann amháin de na Boird Achomhairc.

Airteagal 61

Nós imeachta eadrána

I gcás easaontais idir an Ghníomhaireacht agus údarás nó údaráis náisiúnta sábháilteachta de bhun Airteagal 21(7) agus Airteagal 24 de Threoir (AE) 2015/… (***) agus de bhun Airteagal 10(7) agus Airteagal 17(5) agus (6) de Threoir (AE) 2015/… (****), gníomhóidh an Bord Achomhairc a cheapfar don chás mar eadránaí, arna iarraidh sin don údarás nó do na húdaráis náisiúnta sábháilteachta lena mbaineann. Sa chás sin, cinnfidh an Bord Achomhairc cé acu an dtacóidh sé le seasamh na Gníomhaireachta nó nach dtacóidh.

Airteagal 62

Scrúdú ar achomhairc agus ar eadráin agus cinntí ina leith

1.   Cinnfidh an Bord Achomhairc laistigh de thrí mhí tar éis chomhdú an achomhairc cé acu an seasfaidh sé leis an achomharc sin nó an ndiúltóidh sé dó. Agus achomharc á scrúdú aige nó agus é ag gníomhú dó mar eadránaí, gníomhóidh an Bord Achomhairc faoi na spriocdhátaí a leagfar síos sna rialacha nós imeachta dá chuid. Tabharfaidh sé cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe sna himeachtaí achomhairc barúlacha a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir leis na fógraí a eiseoidh sé féin, nó maidir le teachtaireachtaí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc aighneachtaí ó bhéal a dhéanamh.

2.   Maidir le headráin, glacfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh críochnaitheach i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(7) de Threoir (AE) 2015/… (***) agus in Airteagal 10(7) de Threoir (AE) 2015/… (****),

3.   I gcás ina gcinnfidh an Bord Achomhairc go bhfuil bonn le forais na achomhairc, déanfaidh sé an cás a tharchur chuig an nGníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh críochnaitheach a ghlacadh i gcomhréir leis an gcinneadh ón mBord Achomhairc agus tabharfaidh sí ráiteas ina sonrófar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na páirtithe sna himeachtaí achomhairc a chur ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 63

Caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.   Ní fhéadfar caingne le haghaidh chealú chinntí na Gníomhaireachta a dhéanfar de bhun Airteagal 14, Airteagal 20, agus Airteagal 21, nó mar gheall ar mhainneachtain gníomhú laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme, a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ach amháin tar éis teacht chun deiridh an nós imeachta achomhairc laistigh den Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 58.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

CAIBIDIL 10

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 64

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus caiteachas uile na Gníomhaireachta le haghaidh gach bliana airgeadais, a chomhfhreagraíonn don bhliain féilire, agus leagfar amach iad i mbuiséad na Gníomhaireachta.

2.   Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam na Gníomhaireachta:

(a)

rannchuidiú ón Aontas agus deontais ó chomhlachtaí de chuid an Aontais;

(b)

aon ranníocaíocht ó thríú tíortha a rannchuideoidh le hobair na Gníomhaireachta, dá bhforáiltear in Airteagal 75;

(c)

na táillí a d'íoc iarratasóirí ar dheimhnithe agus a d'íoc sealbhóirí ar údaruithe agus deimhnithe, arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 14, le hAirteagal 20 agus le hAirteagal 21;

(d)

muirir ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil;

(e)

aon ranníocaíocht dheonach airgeadais ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó eintitis eile, ar choinníoll go mbeidh an ranníocaíocht sin trédhearcach, go mbeidh sé sainaitheanta go soiléir sa bhuiséad agus nach gcuirfear isteach léi ar neamhspleáchas ná ar neamhchlaontacht na Gníomhaireachta.

3.   Áireofar le caiteachas na Gníomhaireachta costais foirne, costais riaracháin, costais bonneagair agus costais oibríochtúla.

4.   Coinneofar an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.

5.   Gach bliain, soláthróidh an Bord Bainistíochta, ar bhonn dréachta arna dhéanamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhréir le prionsabal an bhuiséadaithe de réir gníomhaíochtaí, ráiteas faoi mheastacháin ar ioncam agus caiteachas don Ghníomhaireacht le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an ráiteas sin faoi mheastacháin, ina gcuimseofar dréachtphlean bunaíochta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí.

6.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas faoi mheastacháin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle mar aon le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.

7.   Ar bhonn an ráitis faoi mheastacháin, iontrálfaidh an Coimisiún i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach le haghaidh an phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a bheidh le gearradh ar an mbuiséad ginearálta, rud a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE, mar aon le tuairisc ar aon difríocht, agus bonn cirt léi, idir ráiteas na Gníomhaireachta faoi mheastacháin agus an fóirdheontas a bheidh le gearradh ar an mbuiséad ginearálta.

8.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí don ranníocaíocht a thabharfar don Ghníomhaireacht. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

9.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta an buiséad, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bheidh i dteideal vótáil. Beidh buiséad na Gníomhaireachta críochnaitheach ón uair a ghlacfar go críochnaitheach buiséad ginearálta an Aontais. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir sin.

10.   Le haghaidh aon tionscadal a bhaineann le maoin, ar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag Airteagal 203 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

Airteagal 65

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Faoin 31 Márta i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chomh maith.

Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais sin i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE. Foilseoidh sí tuarascáil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta gach bliain.

4.   Nuair a gheobhaidh an t-oifigeach cuntasaíochta barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, dréachtóidh sé, de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim uaidh a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6.   Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, faoin 1 Iúil i ndiaidh gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha agus an tuairim ón mBord Bainistíochta a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

8.   Cuirfidh an Stiúrthóir freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair tar éis gach bliana airgeadais. Cuirfidh sé nó sí an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin agus chuig an gCoimisiún.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoi bhráid na Parlaiminte chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

10.   Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 30 Aibreán den bhliain N+2 i leith chur chun feidhme an bhuiséid i gcomhair na bliana N.

Airteagal 66

Rialacha airgeadais

Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 mura mbeidh gá sonrach leis an imeacht sin le haghaidh oibriú na Gníomhaireachta agus mura mbeidh réamhthoiliú faighte ón gCoimisiún ina leith.

CAIBIDIL 11

FOIREANN

Airteagal 67

Forálacha ginearálta

1.   Maidir leis na Rialacháin Foirne, le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus leis na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin, beidh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta.

2.   Gan dochar do phointe (j) d'Airteagal 51(1) den Rialachán seo, beidh feidhm de réir análaí maidir leis an nGníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, ag rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún chun na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile a chur in éifeacht, lena n-áirítear na forálacha ginearálta cur chun feidhme.

3.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht bearta riaracháin iomchuí, inter alia trí straitéisí oiliúna agus coisctheacha, chun a seirbhísí a eagrú sa chaoi is go seachnófar aon choinbhleacht leasa.

Airteagal 68

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Fostófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach de chuid na Gníomhaireachta faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthoir Feidhmiúcháin de bhua tuillteanais, inniúlachtaí deimhnithe riaracháin agus bainistíochta, mar aon le heolas ábhartha ar an earnáil iompair agus taithí san earnáil sin agus ó liosta a mbeidh triúr iarrthóir ar a laghad air, a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a leanfaidh foilsiú an fhógra maidir le folúntas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i bhfoilseacháin eile, de réir mar is iomchuí. Sula ndéanfaidh an Bord Bainistíochta an cinneadh, tabharfaidh an breathnóir, dá dtagraítear i bpointe (x) d'Airteagal 51(1), tuairisc ar an nós imeachta.

Chun críche conradh fostaíochta an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

Sula ndéanfar é a cheapadh, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir, a roghnóidh an Bord Bainistíochta, ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

3.   Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin na Gníomhaireachta sa todhchaí.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéid.

5.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoina rún téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh. Laistigh de mhí amháin sula dtabharfar aon síneadh den sórt sin, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus chun ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste a fhreagairt.

6.   Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a ndearnadh síneadh ar a théarma oifige, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna tar éis síneadh den sórt sin.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do thrian dá chuid comhaltaí.

Airteagal 69

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht agus baill foirne eile

Féadfaidh an Ghníomhaireacht leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as aon chomhalta foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht faoi na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Gan dochar do na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh ábhartha ón gCoimisiún maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht, ar rialacha iad atá infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus maidir le srianta ábhartha le haghaidh cásanna ina bhféadfaí an bonn a bhaint de neamhspleáchas agus de neamhchlaontacht saineolaithe náisiúnta.

CAIBIDIL 12

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 70

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.

Airteagal 71

Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin

1.   Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát aíochta agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann na Gníomhaireachta agus le baill dá dteaghlaigh, i gcás nach bhfuil siad i bhfeidhm go fóill nó nach bhfuil foráil déanta ina dtaobh i gcomhaontú i scríbhinn, déanfar comhaontú idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát aíochta i ndáil leis na heilimintí seo ar fad a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le dlíchóras an Bhallstáit aíochta, agus a luaithe a gheofar formheas ón mBord Bainistíochta tráth nach déanaí ná … (*******). Féadfaidh an comhaontú sin bheith i bhfoirm comhaontú ceanncheathrún.

2.   Déanfaidh an Ballstát aíochta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go hiomchuí, lena n-áirítear córas oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis, agus naisc iomchuí iompair.

Airteagal 72

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithniú de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb iad a ranna nó a baill foirne féin is cúis leis agus iad i mbun a ndualgas.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as aon damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a foirne i leith na Gníomhaireachta á rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile is infheidhme maidir léi.

Airteagal 73

Comhar leis na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha

I gcás imeachtaí náisiúnta breithiúnacha a bhfuil baint ag an nGníomhaireacht leo ós rud é go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis a cúraimí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 21(6) de Threoir (AE) 2015/… (***) agus le hAirteagal 10(6) de Threoir (AE) 2015/… (****), comhoibreoidh an Ghníomhaireacht agus a cuid foirne gan mhoill mhíchuí leis na húdaráis breithiúnacha inniúla náisiúnta. Bunóidh an Bord Bainistíochta na nósanna imeachta iomchuí a bheidh le cur i bhfeidhm sna cásanna sin i gcomhréir le pointe (v) d'Airteagal 51(1).

Airteagal 74

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 maidir leis an nGníomhaireacht. Más gá, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha iomchuí chun an Rialachán sin a chur chun feidhme.

Arna iarraidh sin do chomhalta den Bhord Bainistíochta, is trí aontoilíocht a dhéanfar an cinneadh i ndáil leis sin.

2.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

Airteagal 75

Rannpháirtíocht tríú tíortha in obair na Gníomhaireachta

1.   Gan dochar d'Airteagal 44, beidh an Ghníomhaireacht ar oscailt do rannpháirtíocht tríú tíortha, go háirithe tíortha a thagann laistigh de raon feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, tíortha ón mBeartas um Méadú agus tíortha CSTE a mbeidh comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas faoinar ghlac na tíortha lena mbaineann dlí an Aontais nó bearta coibhéiseacha náisiúnta sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus ar nithe iad atá á gcur i bhfeidhm acu i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 CFAE.

2.   I gcomhréir le forálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, déanfar socruithe idir an Ghníomhaireacht agus na tríú tíortha lena mbaineann, lena leagfar amach rialacha mionsonraithe rannpháirtíochta do na tríú tíortha sin in obair na Gníomhaireachta, go háirithe cineál agus méid na rannpháirtíochta sin. Ar na socruithe sin áireofar forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le hionadaíocht ar na tríú tíortha lena mbaineann, gan ceart vótála, ar an mBord Bainistíochta.

Síneoidh an Ghníomhaireacht na socruithe tar éis comhaontú an Choimisiúin agus an Bhoird Bainistíochta a fháil.

Airteagal 76

Comhar leis na húdaráis agus na comhlachtaí náisiúnta

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta comhaontuithe comhair i gcrích maidir le cur chun feidhme Airteagal 14, Airteagal 20 agus Airteagal 21, agus pointe (t) d'Airteagal 51(1) á chur san áireamh.

2.   Féadfar comhaontuithe sonracha nó creatchomhaontuithe bheith i gceist leis na comhaontuithe comhair agus féadfaidh údarás náisiúnta sábháilteachta amháin nó níos mó a bheith bainteach leo. Beidh tuairisc shonrach sna comhaontuithe sin ar na cúraimí agus na coinníollacha i dtaca leis an méid a sholáthrófar, leagfar síos iontu na teorainneacha ama a ghabhfaidh leis an soláthar sin agus cinnfear leo an bealach ar a ndéanfar na táillí a bheidh iníoctha ag na hiarratasóirí a chionroinnt ar an nGníomhaireacht agus ar na húdaráis náisiúnta sábháilteachta. Cuirfear san áireamh leis an gcionroinnt sin an tsamhail de chreat dá dtagraítear i bpointe (u) d'Airteagal 51(1).

3.   Féadfar socruithe sonracha comhair a áireamh sna comhaontuithe comhair freisin i gcás gréasán a mbeidh saineolas sonrach de dhíth orthu ar chúiseanna geografacha nó stairiúla, chun go laghdófaí na hualaí riaracháin agus na costais a ghearrfar ar an iarratasóir. I gcás ina mbeidh na gréasáin sin i bhfad ón gcuid eile de chóras iarnróid an Aontais, féadfar deis a áireamh sna socruithe sonracha comhair sin cúraimí a chonrú chuig na húdaráis náisiúnta sábháilteachta nuair is gá sin lena áirithiú go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh go héifeachtúil agus go comhréireach.

4.   I gcás na mBallstát sin a bhfuil leithead rianta an ghréasáin iontu éagsúil ó leithead rianta an phríomhghréasáin iarnróid laistigh den Aontas agus a bhfuil na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla comhionanna á roinnt ag na gréasáin sin le tríú tíortha comharsanachta, beidh na húdaráis náisiúnta sábháilteachta go léir lena mbaineann sna Ballstáit sin páirteach i gcomhaontú iltaobhach comhair, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 21(15) de Threoir (AE) 2015/… (***) agus in Airteagal 11(3)de Threoir (AE) 2015/… (****).

5.   Beidh na comhaontuithe comhair i bhfeidhm sula ndéanfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 83(4).

6.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le húdaráis náisiúnta eile agus le comhlachtaí inniúla eile, i ndáil le hAirteagal 14, le hAirteagal 20 agus le hAirteagal 21 a chur chun feidhme.

7.   Beidh na comhaontuithe comhair gan dochar do fhreagracht fhoriomlán na Gníomhaireachta maidir lena cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 14, in Airteagal 20 agus in Airteagal 21 a fheidhmiú.

8.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta obair le chéile agus dea-chleachtais a roinnt i ndáil le cur chun feidhme Threoir (AE) 2015/… (***) agus Threoir (AE) 2015/… (****).

Airteagal 77

Trédhearcacht

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme faoin … (*******).

Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.

2.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht a cuid moltaí, tuairimí, staidéar, tuarascálacha agus torthaí measúnuithe tionchair ar a suíomh gréasáin, gan dochar do mhír 1 agus tar éis an t-ábhar uile atá faoi rún a bhaint astu.

3.   Poibleoidh an Ghníomhaireacht na dearbhuithe maidir le leasanna chomhaltaí struchtúr bainistithe agus riaracháin na Gníomhaireachta a liostaítear in Airteagal 46.

Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle (27).

4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta chun a áirithiú go soláthróidh an Ghníomhaireacht faisnéis ar a láithreán gréasáin faoi na próisis idir-inoibritheachta agus sábháilteachta iarnróid agus faoi na doiciméid ábhartha iarnróid eile, ar faisnéis í a bheidh éifeachtach, soláimhsithe don úsáideoir agus inrochtana.

Airteagal 78

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe nó íogair a chosaint

Cuirfidh an Ghníomhaireacht na prionsabail atá i rialacha slándála an Choimisiúin le haghaidh Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, faoi mar atá leagtha amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (28) i bhfeidhm. Cumhdófar leis sin, inter alia, forálacha maidir leis an bhfaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 79

Calaois a chomhrac

1.   Chun gur fusa comhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 aontóidh an Ghníomhaireacht faoin… (********) do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 i ndáil le himscrúduithe inmheánacha ag OLAF agus glacfaidh sí na forálacha cuí atá infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta agus úsáid á baint as an teimpléad atá leagtha amach san Iarscríbhinn leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (29) ón gComhairle, d'fhonn a shuí ar tharla aon chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhaineann le deontas nó le conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht.

4.   Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, beidh forálacha a thugann de chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach, sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus cinntí deontais na Gníomhaireachta.

CAIBIDIL 13

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 80

Gníomhartha cur chun feidhme maidir le táillí agus le muirir

1.   Ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

na táillí agus na muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht, go háirithe maidir le hAirteagail 14, 20, 21 agus 22 a chur i bhfeidhm; agus

(b)

na coinníollacha íocaíochta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(3).

2.   Toibheofar táillí agus muirir i leith an méid seo a leanas:

(a)

údaruithe a eisiúint agus a athnuachan le feithiclí agus le cineálacha feithiclí a chur ar an margadh;

(b)

deimhnithe sábháilteachta aonair a eisiúint agus a athnuachan;

(c)

soláthar seirbhísí; léireofar leis na táillí agus leis na muirir atá iníoctha maidir leis sin an costas iarbhír do gach soláthar ar leith;

(d)

cinntí a eisiúint lena bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir (AE) 2015/… (***).

Féadfar táillí agus muirir a thobhach i leith achomhairc a phróiseáil.

Sloinnfear na táillí agus na muirir uile in euro, agus beidh siad iníoctha in euro.

Socrófar na táillí agus na muirir ar bhealach trédhearcach, cothrom agus aonfhoirmeach, lena gcuirfear iomaíochas earnáil iarnróid na hEorpa san áireamh. Ní fhorchuirfear ualaí airgeadais nach mbeidh gá leo ar iarrthóirí dá bharr sin. Deanfar na riachtanais shonracha a bhíonn ag fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear an fhéidearthacht íocaíochtaí a dheighilt ina dtráthchodanna agus céim ar chéim, a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí.

Déanfar an táille chun an cinneadh a eisiúint lena fhormheas a leagan amach ar bhealach comhréireach, agus na céimeanna éagsúla den phróiseas údaraithe do thionscadail ERTMS taobh riain mar aon leis an ualach oibre atá ag teastáil le haghaidh gach ceann de na céimeanna á gcur san áireamh. Sainaithneofar cionnroinnt na dtáillí go soiléir sna cuntais.

Socrófar tréimhse réasúnta maidir leis na spriocdhátaí chun na táillí agus na muirir a íoc, agus aird chuí á tabhairt ar spriocdhátaí na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 agus in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2015/… (***) agus in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2015/… (****).

3.   Socrófar méid na dtáillí agus na muirear ar cibé leibhéal ar a áiritheofar gur leor an t-ioncam ina leith chun costas iomlán na seirbhísí a sholáthrófar a chumhdach, lena n-áirítear na costais ábhartha a thiocfaidh as na cúraimí a shanntar do na húdaráis náisiúnta sábháilteachta i gcomhréir le hAirteagal 76(2) agus (3). Léireofar sa chostas sin go háirithe, caiteachas uile na Gníomhaireachta a chuirfear i leith na comhaltaí foirne a bheidh rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áireofar ranníocaíochtaí pro-rata an fhostóra leis an scéim pinsean. Más rud é go dtiocfaidh neamhchomhardú suntasach as soláthar na seirbhísí arna gclúdach le táillí agus le muirir arís agus arís eile, déanfar athbhreithniú ar leibhéal na dtáillí agus na muirear sin. Sannfar na táillí agus na muirir sin don Ghníomhaireacht mar ioncam.

Nuair a bheidh leibhéil na dtáillí agus na muirear á socrú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

limistéir oibrithe na ndeimhnithe;

(b)

limistéir úsáide na n-údaruithe; agus

(c)

cineál agus méid na n-oibríochtaí iarnróid.

Airteagal 81

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 51 de Threoir (AE) 2015/… (***) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú mír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 82

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná … (*********) agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht a choimisiúnú chun measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre, lena gcuirfear san áireamh an obair iomchuí ar fad de chuid na Cúirte Iniúchóirí mar aon leis na tuairimí agus na moltaí ó na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis náisiúnta sábháilteachta, ionadaithe na hearnála iarnróid, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí tomhaltóra. Sa mheastóireacht díreofar, go háirithe, ar aon ghá le sainordú na Gníomhaireachta a leasú, agus impleachtaí airgeadais aon leasú den sórt sin.

2.   Faoin … (**********), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmiú an chórais dhéach maidir le húdarú feithiclí agus le deimhniúchán sábháilteachta, ar an ionad ilfhreastail a bhaineann leis sin agus ar chur chun feidhme comhchuibhithe ERTMS san Aontas, d'fhonn a fháil amach an bhfuil gá le feabhsuithe.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí ina leith ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

4.   An tráth a dhéanfar gach dara meastóireacht, déanfar measúnú freisin ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúraimí.

Airteagal 83

Forálacha ginearálta

1.   Tagann an Ghníomhaireacht in ionad na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 agus i gcomharbacht uirthi maidir le húinéireacht, comhaontuithe, oibleagáidí dlíthiúla, conarthaí fostaíochta, gealltanais agus dliteanais airgeadais.

2.   De mhaolú ar Airteagal 47, fanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin arna gceapadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 roimh … (******) in oifig mar chomhaltaí den Bhord Bainistíochta go dtí dáta éaga a dtéarma oifige, gan dochar do cheart gach Ballstáit ionadaí nua a cheapadh.

De mhaolú ar Airteagal 54, fanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a ceapadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 in oifig go dtí dáta éaga a théarma oifige nó a téarma oifige.

3.   De mhaolú ar Airteagal 67, déanfar gach conradh fostaíochta a bheidh i bhfeidhm ar an … (******) a urramú go dtí a dháta éaga.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí deimhniúcháin agus údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 14, in Airteagal 20 agus in Airteagal 21, mar aon leis na cúraimí a luaitear in Airteagal 22, go dtí an … (*****), faoi réir Airteagal 54(4) de Threoir (AE) 2015/… (***) agus Airteagal 31(3) de Threoir (AE) 2015/… (****).

Airteagal 84

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 881/2004.

Airteagal 85

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 327, 12.11.2013, lch. 122.

(2)  IO C 356, 5.12.2013, lch. 92.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Nollaig 2015.

(4)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus muirir ar úsáid bonneagair agus ar dheimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(5)  Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO L 191, 18.7.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena mbunaítear gníomhaireacht Eorpach iarnróid (an Rialachán Gníomhaireachta) (IO L 164, 30.4.2004, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2015/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid (IO L …).

(*)  Uimhir na Treorach atá in 2013/0015 (COD) (IO C 57, 12.2.2016, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2015/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L …).

(**)  Uimhir na Treorach atá in 2013/0016 (COD) (IO C 57, 12.2.2016, lch. 64).

(***)  Uimhir na Treorach atá in 2013/0015 (COD).

(****)  Uimhir na Treorach atá in 2013/0016 (COD).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an gcreat-Rialachán airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(12)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).

(15)  Cinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 1998 lena mbunaítear Coistí um Idirphlé Earnála agus lena gcuirtear an t-idirphlé idir na comhpháirtithe sóisialta chun cinn ar an leibhéal Eorpach (IO L 225, 12.8.1998, lch. 27).

(16)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(*****)  Trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

(******)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 22).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(20)  Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).

(21)  Treoir 2012/34 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

(23)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(24)  Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 ag cinneadh na dteangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58).

(25)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(*******)  Bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(28)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint. (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(********)  Sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(29)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanfaidh an Coimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(*********)  Ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(**********)  Seacht mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


12.2.2016   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

48


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 1/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh i ndáil le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh a ghlacadh lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004

(2016/C 56/02)

I.   RÉAMHRÁ

Ar an 31 Eanáir 2013 thíolaic an Coimisiún a thogra chuig an gComhairle le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004.

Ar an 26 Feabhra 2014, vótáil Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh.

Ar an 5 Meitheamh 2014, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i ndáil leis an dréacht-Rialachán. Tar éis athbhreithnithe dlí agus teanga, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh ar an 10 Nollaig 2015, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tar éis na vótála i bParlaimint na hEorpa agus tar éis Comhaontú Déthaobhach na Comhairle a ghlacadh, chuaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mbun caibidlíochta le chéile d'fhonn teacht ar chomhaontú faoin togra. Ar an 17 Meitheamh 2015, thángthas ar chomhréiteach deiridh, a d'fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe ina dhiaidh sin ar an 30 Meitheamh 2015. Dhearbhaigh Coiste Pharlaimint na hEorpa um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN), an comhaontú ar an 10 Samhain 2015 agus sheol sé litir i ndáil leis sin chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 10 Samhain 2015.

Agus í i mbun a cuid oibre, chuir an Chomhairle tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún san áireamh.

II.   ANAILÍS AR AN SEASAMH AR AN gCÉAD LÉAMH

1.   Go ginearálta

Is cuid den Cheathrú Pacáiste Iarnróid é an togra thuasluaite, a bhfuil sé cinn de thograí reachtacha ann, arb é is aidhm leo fáil réidh leis na bacainní ar chomhlánú an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid.

Is í sprioc ghinearálta an nuaphacáiste reachtaigh sin caighdeán agus éifeachtúlacht na seirbhísí iarnróid a fheabhsú trína bhfuil de bhacainní fágtha a dhíchur agus trí chomhchuibhiú na gceanglas idir-inoibritheachta agus sábháilteachta a threisiú chun caighdeán comhchuibhithe níos airde i ngréasán iarnróid an Aontais a áirithiú.

Ina fhianaise sin, tá sé mar aidhm leis an Rialachán nua don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (dá ngairtear feasta “an Ghníomhaireacht”), a mhol an Coimisiún, an creat rialála mar atá a leasú chun go saineofar na cúraimí nua a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht i réimse na hidir-inoibritheachta agus na sábháilteachta. Eascraíonn na cúraimí nua sin as deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle a bheith á n-eisiúint ag an nGníomhaireacht, mar a mhol an Coimisiún sna Treoracha i ndáil le hidir-inoibritheacht agus Sábháilteacht.

Fairis sin, beartaítear go ndéanfar na forálacha atá ann cheana a shoiléiriú, mar aon leis na forálacha i leith gnéithe rialachais na Gníomhaireachta a uasdátú agus a neartú, i gcomhréir leis na prionsabail atá i “Cur Chuige Coiteann Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le gníomhaireachtaí díláraithe”, a comhaontaíodh ar an 12 Meitheamh 2012.

In é an cur chuige a bhí ag an gComhairle roinnt leasuithe a chur i bhfeidhm ar an togra bunaidh. Táthar tar éis leasú suntasach a dhéanamh ar phríomhfhorálacha an Rialacháin cheana. Le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, dá bhrí sin, leasaítear an togra bunaidh ón gCoimisiún trína athdhréachtú agus trí roinnt forálacha den téacs a scriosadh agus roinnt eile a chur leis. Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an gComhairle glacadh leis na leasuithe a cuireadh isteach in éineacht le tuairim Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh i ndáil leis na forálacha sin.

2.   Príomh-shaincheisteanna beartais

i)   Deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle a eisiúint: ról na Gníomhaireachta agus na n-údarás náisiúnta sábháilteachta faoi seach (Airteagal 12, 14, 20 agus 21)

Ar mhaithe le feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bpróiseas i ndáil le heisiúint na ndeimhnithe sábháilteachta agus na n-údaruithe feithicle, bheartaigh an Coimisiún ina thogra bunaidh go mbeadh aistriú suntasach inniúlachtaí i gceist ó na húdaráis náisiúnta chuig an nGníomhaireacht ó thaobh eisiúint deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle.

Tagann an Chomhairle le cur chuige an Choimisiúin, tríd is tríd, ach meastar di nach mór an togra ón gCoimisiún a mhodhnú ina leith sin d'fhonn tuilleadh solúbthachta a fhí isteach i bhfreagrachtaí éagsúla na n-údarás náisiúnta sábháilteachta agus na Gníomhaireachta maidir le próisis na ndeimhnithe sábháilteachta agus na n-údaruithe feithicle.

Dá bhrí sin, déanann an Chomhairle an chothromaíocht i gcomhroinnt na n-inniúlachtaí idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta, a mhol an Coimisiún ar dtús, a mhodhnú, agus breis cosaintí á ndeonú do na húdaráis náisiúnta sábháilteachta i gcásanna áirithe.

Bunófar, de réir sheasamh na Comhairle, córas déach maidir le húdarú feithicle agus deimhniúchán sábháilteachta, arb í an Ghníomhaireacht an t-ionad ilfhreastail lena ndéanfar feithiclí a údarú a bhfuil oibríochtaí trasteorann ceaptha dhóibh, agus lena n-eisítear deimhnithe sábháilteachta do ghnóthais iarnróid a mbíonn trácht trasteorann ar bun acu, ach ról tábhachtach á choinneáil i gcónaí ag na húdaráis náisiúnta sábháilteachta maidir leis na measúnúcháin is gá a dhéanamh. I ndáil le feithiclí agus gnóthais iarnróid a bhíonn ag gabháil d'iompar náisiúnta amháin, féadfaidh siad iarratas a thíolacadh i gcónaí, do Ghníomhaireacht nó don Údarás Náisiúnta Sábháilteachta, le haghaidh údarú nó deimhniúcháin. Fanann an nós imeachta agus na critéir mar an gcéanna sa dá chás sin, áfach.

Ina theannta sin, foráiltear le seasamh na Comhairle go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht córas faisnéise agus cumarsáide a bhunú agus a bhainistiú a mbeidh feidhmeanna “ionaid ilfhreastail” faoina chuimsiú (Airteagal 12).

Tacaíonn Parlaimint na hEorpa, tríd is tríd, leis an gcur chuige a choinnigh an Chomhairle. Mar sin féin, cuireann sí chun feidhme ar shlí eile é, trí mhaolú a thabhairt isteach le haghaidh “gréasáin iargúlta iarnróid”, lena gcumhdaítear gréasáin iarnróid na mBallstát, nó cuid díobh, a bhfuil leithead rianta de 1 520 mm acu.

Le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, déantar an t-ábhar imní a luaigh Parlaimint na hEorpa a chumhdach tríd an gcoincheap “gréasáin iargúlta” a chuimsiú sna forálacha i ndáil leis na comhaontuithe comhair.

Ina fhianaise sin, d'fhéadfadh an Chomhairle leasuithe 4, 49 agus 62 a chur san áireamh go páirteach nó ina n-éirim.

ii)   Ról na Gníomhaireachta i ndáil leis an gCóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a údarú lena chur i mbun seirbhíse (Airteagal 22)

Sa togra bunaidh uaidh, bheartaigh an Coimisiún go ndéanfaí an fhreagracht maidir le fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse, a aistriú chuig an nGníomhaireacht, lena n-áirítear an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS).

Ní thagann an Chomhairle le cur chuige an Choimisiúin faoin tsaincheist sin agus meastar di gur cheart do na húdaráis náisiúnta leanúint d'údarú a thabhairt i dtaca le córais ERTMS a chur i mbun seirbhíse.

Mar sin féin, chun comhaontú leis an bParlaimint a éascú, ós í a dhearbhaíonn nach foláir an fhreagracht a dheonú don Ghníomhaireacht maidir le húdarú a thabhairt i dtaca le córais ERTMS a chur i mbun seirbhíse, tugtar isteach i dtéacs na Comhairle gur gá fíorú éigeantach a dhéanamh sula dtugtar údarú. Go háirithe, tá faoin gComhairle rialacha soiléire le haghaidh comhair a bhunú idir na páirtithe lena mbaineann i gcás dhá chúinse éagsúla a bheith ann i dtaca le ERTMS, mar atá, i gcás ina mbíonn gá le hathruithe sula n-eisíonn an t-údarás náisiúnta sábháilteachta an t-údarú nó i gcás ina bhfionnann an Ghníomhaireacht, tar éis don údarás náisiúnta sábháilteachta an t-údarú a eisiúint, go bhfuil comhoiriúnacht theicniúil agus oibríochtúil neamhleor idir na gréasáin agus na feithiclí a fheistítear le trealamh ERTMS.

Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Chomhairle leasuithe 3,11, 29 agus 65 a chur san áireamh ach i bpáirt.

iii)   Táillí agus muirir a shocrú i gcás deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle (Airteagal 80)

Bíodh is go molann an Coimisiún go mbainfí leas as gníomhartha tarmligthe chun táillí agus muirir a shocrú i gcás deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle, is é is aidhm do sheasamh na Comhairle go ndéanfar na prionsabail lena rialaítear ríomh na dtáillí agus na muirear a chuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm ar iarratasóirí maidir le húdarú agus deimhniúcháin a eisiúint a lua sa Rialachán seo.

Le seasamh na Comhairle, leagtar síos sa ghníomh dlíthiúil gur cheart na costais iarbhír a thabhaigh na húdaráis náisiúnta sábháilteachta a chur san áireamh sna táillí agus sna muirir sin, ar costais iad a thabhaigh siad agus iad i mbun a gcúraimí ábhartha maidir le deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle a eisiúint. Chuige sin, áirítear forálacha mionsonraithe i gcorp an Rialacháin maidir le rialacha mionsonraithe chun táillí agus muirir a shuíomh lena shoiléiriú go socrófar na táillí agus na muirir sin ar bhonn trédhearcach, cothrom agus aonfhoirmeach i gcomhar leis na Ballstáit, nach gcuirfear cumas iomaíochta earnáil iarnróid an Aontais i mbaol agus nach gcuirfear ualach neamhriachtanach airgeadais ar na hiarratasóirí. Ina theannta sin, chun Parlaimint na hEorpa a shásamh maidir le hábhar áirithe imní, soiléirítear i dtéacs na Comhairle go ngearrfar táillí agus muirir freisin ar chinntí formheasa a eisiúint i dtaca le ERTMS.

Ar deireadh, foráiltear le seasamh na Comhairle gur trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bhunófar bearta maidir le táillí agus muirir a ríomh.

Is mian le Parlaimint na hEorpa go leagfaí síos gníomhartha tarmligthe maidir le táillí agus muirir a shocrú i gcás deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle.

Mar gheall ar an méid sin, ní raibh ar chumas na Comhairle leasú a 14 ná leasú a 135 a chur san áireamh.

iv)   Dliteanas na Gníomhaireachta agus an comhar le húdaráis náisiúnta breithiúnacha (Airteagal 72 agus Airteagal 73)

Meastar don Chomhairle go gcaithfear cuntasacht na Gníomhaireachta a shoiléiriú tuilleadh i gcomhthéacs údaruithe feithicle agus deimhnithe sábháilteachta a eisiúint. Dá bhrí sin, cuireadh isteach forálacha nua ina leith sin i dtéacs sheasamh na Comhairle; go mór mór Airteagal nua maidir leis an gcomhar le húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha. Soiléirítear, go sonrach, le cur chuige na Comhairle, go bhféadfaí díolúine an Stiúrthóra Feidhmiúcháin (agus bhaill foirne na Gníomhaireachta) a tharscaoileadh, dá mba ghá.

v)   Comhar idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta (Airteagal 76)

Foráiltear, i seasamh na Comhairle, go gcuirfidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta comhaontuithe comhair i gcrích maidir le húdaruithe feithicle agus deimhnithe sábháilteachta a eisiúint ionas gur féidir an córas nua deimhniúcháin agus údarúcháin a chur chun feidhme go praiticiúil. Faoin gcur chuige sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht cúraimí áirithe deimhniúcháin agus údarúcháin a ligean ar fochonradh leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta.

Tá sé mar aidhm leis an gcur chuige sin go mbeadh dóthain solúbthachta ann chun sainiúlachtaí na hearnála iarnróid a chur san áireamh, i gcás nach bhféadfaí na cúraimí a dheighilt go hiomlán agus gurb amhlaidh a chuirfeadh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta i gcrích iad i bpáirt le chéile. I gcás líonraí atá scoite amach ón gcuid eile de chóras iarnróid an Aontais, féadfar, go háirithe, socraithe comhair a chur ar bun le go bhféadfaí cúraimí a ligean ar fochonradh leis na húdaráis ábhartha náisiúnta sábháilteachta, nuair is gá, lena áirithiú go ndéanfar cúraimí deimhniúcháin agus údarúcháin a leithdháileadh ar bhealach éifeachtúil, comhréireach.

vi)   Nósanna imeachta achomhairc agus eadrána/rialacha maidir le coinbhleacht leasa (Airteagal 55-63, Airteagal 51)

Táthar ag iarraidh, le seasamh na Comhairle, na forálacha maidir le nósanna imeachta achomhairc agus eadrána a atreisiú sa Rialachán. Léirítear, dá bhrí sin, i dtéacs na Comhairle go mbeadh deis ag an iarratasóir an t-ábhar a chur faoi bhráid cúirt náisiúnta dá mbeadh easaontas ann maidir leis an mbeart a ghlac an t-údarás náisiúnta sábháilteachta. Ina theannta sin, thug an Chomhairle isteach forálacha nua maidir le nósanna imeachta eadrána lena áirithiú go mbeadh deis ag údarás náisiúnta sábháilteachta achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne an Ghníomhaireacht dá mba rud é go raibh easaontas ann.

Dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa go gcaithfear ceanglais bhreise a thabhairt isteach maidir le baill an Bhoird Achomhairc a cheapadh, maidir le hiarrataí ar eisiamh agus ar agóid agus maidir le hachomhairc a scrúdú agus cinntí a dhéanamh ina leith.

Sa chomhthéacs sin, d'fhonn comhaontú le Parlaimint na hEorpa a éascú, leagtar síos i dtéacs na Comhairle rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an Bhoird Achomhairc, lena n-áirítear rialacha maidir le neamhspleáchas bhaill an Bhoird ó na páirtithe atá bainteach le hachomharc nó le headráin, maidir le coinbhleachtaí leasa bhaill foirne na Gníomhaireachta ar gach leibhéal a chosc agus a bhainistiú, agus maidir le teorann ama 3 mhí a leagan síos i gcás nós imeachta achomhairc lena áirithiú nach mbeadh cásanna achomhairc ina gconstaic nó ina n-ábhar moille.

Sa chomhthéacs sin, bheadh glacadh ag an gComhairle, i bpáirt nó ina n-éirim, le leasuithe 114-117, 122-133, 138-140 agus 146.

vii)   Rialacha nua maidir le rialachas (Airteagal 47 agus Airteagal 68)

Áirítear i dtéacs na Comhairle modhnuithe tábhachtacha ar na rialacha a leagadh síos sa togra ón gCoimisiún agus a bheidh le leanúint ag an nGníomhaireacht i ndáil le rialachas. Baineann sin go mór mór le comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta agus leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost.

Go sonrach, chinn an Chomhairle beirt ionadaithe ón gCoimisiún a cheapadh ar an mBord Bainistíochta (murab ionann agus an togra ón gCoimisiún inar socraíodh ceathrar ionadaithe a cheapadh), i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos cheana sa Chur Chuige Coiteann maidir le Gníomhaireachtaí díláraithe.

Áirítear freisin i dtéacs na Comhairle oibleagáid nua a bheidh ar an gCoimisiún .i.e. liosta a chur le chéile ina n-ainmneofaí ar a laghad triúr don phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Ar deireadh, leagtar síos i seasamh na Comhairle go mbeadh an chumhacht ag an tríú cuid de Bhaill an Bhoird Bainistíochta a mholadh go bhféadfaí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost.

viii)   Teangacha (Airteagal 74)

Meastar don Chomhairle go bhfuil sé ríthábhachtach cosaintí breise a chur isteach maidir le ceist na dteangacha. An córas déach a leagadh síos maidir le deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle a eisiúint, ní fheidhmeoidh sé go rianúil mura mbeidh ar chumas na n-iarratasóirí agus na n-údarás náisiúnta sábháilteachta araon leanúint dá dteanga féin a úsáid, más gá. Leis an démheicníocht sin, tugtar le tuiscint go mbeidh dlúthchomhar idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus go leagfaidh siad síos socruithe inoibrithe teanga, agus cúrsaí ar an láthair i ndáiríre á gcur san áireamh, agus go háirithe go mbeidh ról nach beag ag na húdaráis náisiúnta sábháilteachta maidir leis na measúnuithe is gá a dhéanamh chun na deimhnithe agus na húdaruithe thuasluaite a eisiúint. Foráiltear, dá bhrí sin, i seasamh na Comhairle, go nglacfar d'aontoil an cinneadh maidir le teangacha, arna iarraidh sin do bhall den Bhord Bainistíochta, i gcomhréir leis na cleachtais reatha a eascraíonn as Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 a chur i bhfeidhm.

ix)   Caighdeáin Eorpacha maidir le páirteanna spártha (Airteagal 19 agus Airteagal 45)

Foráiltear i seasamh na Comhairle go n-eiseoidh an Ghníomhaireacht treoir mhionsonraithe maidir le caighdeáin do na comhlachtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú a bheidh mar chomhlánú ar an sainordú a thug an Coimisiún dóibh. Lena chois sin, cabhróidh an Ghníomhaireacht le páirteanna spártha inmhalartaithe a shainaithint lena gcaighdeánú, lena n-áirítear príomh-chomhéadain na bpáirteanna spártha sin agus cuirfidh sí moltaí iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin.

Dá bhrí sin, bhí glactha ag an gComhairle, i bpáirt nó ina n-éirim, le leasuithe 52, 53, 110 agus 156.

III.   CONCLÚID

Léirítear le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa agus ar réitigh an Coimisiún an chonair dá leith. Deimhnítear an comhréiteach sin leis an litir ó Chathaoirleach an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN) de chuid Pharlaimint na hEorpa, ar litir í a seoladh chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe ar an 24 Samhain 2015.

Sa litir sin, chuir Cathaoirleach TRAN in iúl go molfadh sé do bhaill Choiste TRAN, agus dá éis sin don seisiún iomlánach, go ndéanfaí seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh a fhormheas gan é a leasú, agus an gnáthnós imeachta reachtach a thabhairt chun críche ar an dara léamh a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 294 CFAE.