ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( 1 ) |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
58 |
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 427 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
(2) Téacs atá ábhartha maidir le LEE |
GA |
|
III Gníomhartha ullmhúcháin
AN CHOMHAIRLE
18.12.2015 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
1 |
SEASAMH (AE) Uimh. 15/2015 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH
chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n-aisgheartar Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí)
A ghlac an Chomhairle an 10 Samhain 2015
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2015/C 427/01)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe an chéad mhír d'Airteagal 118 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle (2) a códaíodh in 2009 mar Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (3), bunaíodh córas de chosaint trádmharcanna a bhaineann go sonrach leis an Aontas Eorpach, ar córas é a rinne foráil do chosaint ar thrádmharcanna ar leibhéal an Aontais, i gcomhthráth leis an gcosaint ar thrádmharcanna a bhí ar fáil ar leibhéal na mBallstát i gcomhréir leis na córais trádmharcanna náisiúnta, a comhchuibhíodh le Treoir 89/104/CEE ón gComhairle (4), ar Treoir í a códaíodh mar Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(2) |
De thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart téarmaíocht Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a nuashonrú. Is éard atá i gceist leis sin go gcuirfear “trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh” (“trádmharc de chuid AE”) in ionad “trádmharc Comhphobail”. Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an obair atá ar bun i bhfírinne ag an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (trádmharcanna agus dearaí), ba cheart “Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh” (“an Oifig”) a chur in ionad a hainm. |
(3) |
Anuas ar Theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2008 maidir le Straitéis um Chearta Maoine Tionsclaíochta don Eoraip, rinne an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach ar fheidhmiú foriomlán an chórais trádmharcanna san Eoraip ina iomláine, lenar cumhdaíodh leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta agus idirghaol an dá leibhéal. |
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 25 Bealtaine 2010 maidir leis an athbhreithniú amach anseo ar an gcóras Trádmharcanna san Aontas Eorpach, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tograí le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 agus ar Threoir 2008/95/CE a thíolacadh. |
(5) |
Léirigh an taithí a fuarthas ó bunaíodh córas na dtrádmharcanna Comhphobail gur ghlac gnóthais ón Aontas agus ó thríú tíortha leis an gcóras, ar córas é atá ina chomhlánú agus ina mhalairt rathúil agus inmharthana ar an gcosaint a thugtar do thrádmharcanna ar leibhéal na mBallstát. |
(6) |
Dá ainneoin sin, tá trádmharcanna náisiúnta fós riachtanach do na gnóthais sin nach mian leo a gcuid trádmharcanna a chosaint ar leibhéal an Aontais nó do na gnóthais sin nach féidir leo cosaint ar fud an Aontais a fháil cé nach bhfuil aon bhacainní ag baint le cosaint náisiúnta. Ba cheart é a fhágáil faoi gach duine a bhfuil cosaint trádmhairc á lorg aige nó aici cinneadh a dhéanamh cé acu an cosaint mar thrádmharc náisiúnta amháin i mBallstát amháin nó níos mó, nó mar thrádmharc de chuid AE amháin, nó iad araon, atá á lorg aige nó aici. |
(7) |
Cé gur dearbhaíodh leis an meastóireacht ar fheidhmiú foriomlán chóras na dtrádmharcanna Comhphobail go bhfuil a lán gnéithe den chóras sin, lena n-áirítear na bunphrionsabail ar a bhfuil sé fothaithe, fós iontaofa le himeacht aimsire agus go bhfuil siad ag freastal i gcónaí ar riachtanais agus ar ionchais ghnó, ba é an tátal a bhain an Coimisiún as ina Theachtaireacht “Margadh Aonair le haghaidh Cearta Maoine Intleachtúla” an 24 Bealtaine 2011 gur gá an córas trádmharcanna san Aontas a nuachóiriú trína dhéanamh níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos comhsheasmhaí ina iomláine agus trí é a oiriúnú do ré an idirlín. |
(8) |
I gcomhthráth leis na feabhsuithe agus leis na leasuithe ar chóras trádmharcanna AE, ba cheart dlíthe agus cleachtais trádmharcanna náisiúnta a chomhchuibhiú tuilleadh agus a thabhairt i gcomhréir le córas trádmharcanna AE de réir mar is iomchuí d'fhonn coinníollacha comhionanna a chruthú a oiread agus is féidir maidir le trádmharcanna a chlárú agus a chosaint ar fud an Aontais. |
(9) |
Chun níos mó solúbthachta a cheadú, agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú ag an am céanna maidir leis na modhanna le trádmharcanna a léiriú, ba cheart an ceanglas maidir le hinléiritheacht ghrafach a scriosadh ón sainmhíniú ar thrádmharc de chuid AE. Ba cheart go gceadófaí comhartha a léiriú in aon fhoirm iomchuí agus teicneolaíocht atá ar fáil go forleathan á húsáid, agus nár ghá dá bhrí sin go gcaithfí é a dhéanamh trí mhodh grafach, a fhad agus atá an léiriú soiléir, cruinn, neamhspleách, so-inrochtana, intuigthe, buan agus oibiachtúil. |
(10) |
Faoi láthair, ní théann Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 chomh fada leis an gcosaint chéanna a thabhairt d'ainmniúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha agus a thugtar in ionstraimí eile de chuid dhlí an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, na dearbhfhorais le diúltú a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a shoiléiriú agus is gá a áirithiú go bhfuil forais den sórt sin le diúltú go hiomlán comhsheasmhach le reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais agus le dlí ábhartha náisiúnta lena bhforáiltear do chosaint na dteideal maoine intleachtúla sin. Ar mhaithe le comhleanúnachas le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, ba cheart raon feidhme na ndearbhfhoras sin a shíneadh chun téarmaí traidisiúnta le haghaidh fíona faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chumhdach freisin. |
(11) |
D'fhonn cosaint láidir na gceart in ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá faoi chosaint ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chothabháil, is gá a shoiléiriú go bhfuil aon duine a údaraítear faoin dlí ábhartha i dteideal, leis na cearta sin, cur i gcoinne iarratas níos déanaí ar thrádmharc de chuid AE a chlárú, is cuma cé acu an forais le diúltú freisin na cearta sin a bheidh le cur san áireamh ex officio ag an scrúdaitheoir nó nach ea. |
(12) |
D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht iomlán le prionsabal na tosaíochta a áirithiú, ar prionsabal é ina dtugtar tosaíocht do thrádmharc níos luaithe cláraithe ar thrádmharcanna a cláraíodh níos déanaí, is gá foráil a dhéanamh go mbeadh forghníomhú na gceart a thugann trádmharc de chuid AE gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh sular comhdaíodh an trádmharc de chuid AE nó roimh dháta tosaíochta trádmhairc de chuid AE. Is i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den Chomhaontú maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil an 15 Aibreán 1994 é seo. |
(13) |
D'fhéadfadh sé go mbeadh mearbhall ann maidir leis an bhfoinse tráchtála as a n-eascraíonn na hearraí nó na seirbísí nuair a bhaineann cuideachta úsáid as an gcomhartha céanna nó comhartha comhchosúil mar thrádainm ar dhóigh a mbunaítear nasc idir an chuideachta lena ngabhann an t-ainm agus na hearraí nó seirbhísí a thagann ón gcuideachta sin. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuimseofaí i sárú ar thrádmharc de chuid AE freisin úsáid an chomhartha mar thrádainm nó mar ainmniúchán comhchosúil, a mhéid a bhaintear úsáid as an gcomhartha chun earraí nó seirbhísí a idirdhealú. |
(14) |
D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht iomlán le reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais a áirithiú, is iomchuí a fhoráil gur cheart go mbeadh sé de cheart ag dílseánach trádmhairc de chuid AE cosc a chur ar thríú páirtí comhartha a úsáid i bhfógraíocht chomparáideach i gcás go mbeadh fógraíocht chomparáideach den sórt sin contrártha le Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
(15) |
D'fhonn cosaint trádmharcanna a neartú agus góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí agus ar bhealach atá i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi chreat na hEagraíochta Trádála Domhanda (EDT), go háirithe Airteagal V den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) a bhaineann le saoirse idirthurais agus, i ndáil le cógais chineálacha, faoin “Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí” a ghlac Comhdháil Airí EDT in Doha an 14 Samhain 2001, ba cheart go mbeadh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe earraí a thabhairt isteach san Aontas, i gcúrsa trádála, nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás ina dtagann earraí den sórt sin ó thríú tíortha agus ina mbíonn trádmharc orthu, gan údarú, atá comhionann nó atá comhionann go bunúsach leis an trádmharc de chuid AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin. |
(16) |
Chuige sin, ba cheart go mbeadh sé incheadaithe do dhílseánaigh trádmharcanna de chuid AE cosc a chur ar theacht isteach earraí sáraitheacha agus cosc a chur ar earraí sáraitheacha a chur i ngach cás custaim, lena n -áirítear idirthuras, athlastáil, trádstóráil, saorchriosanna, stóráil shealadach, próiseáil isteach nó cead isteach sealadach, agus nuair nach bhfuil sé beartaithe earraí den sort sin a chur ar mhargadh an Aontais. Agus rialuithe custaim á ndéanamh, ba cheart do na húdaráis chustaim leas a bhaint as na cumhachtaí agus as na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), arna iarraidh sin do shealbhóirí an chirt freisin. Ba cheart do na húdaráis chustaim, go háirithe, na rialuithe iomchuí a chur i gcrích ar bhonn critéir anailíse riosca. |
(17) |
Chun an gá atá le forghníomhú éifeachtach ceart trádmharcanna a áirithiú agus an riachtanas atá ann gan cur isteach ar shaorshreabhadh trádála in earraí dlisteanacha a réiteach, ba cheart go rachadh teidlíocht dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE as feidhm i gcás, le linn imeachtaí ina dhiaidh sin arna dtionscnamh os comhair na cúirte um thrádmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh (“cúirt um thrádmharcanna de chuid AE”) atá inniúil chun cinneadh substainteach a dhéanamh maidir lenar sáraíodh an trádmharc de chuid AE nó nár sáraíodh, ina bhfuil dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí in ann a chruthú nach bhfuil dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal cosc a chur ar earraí a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe. |
(18) |
Le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, foráiltear go bhfuil sealbhóir cirt le bheith faoi dhliteanas as damáistí i leith shealbhóir na n-earraí i gcás ina bhfaighfear ina dhiaidh sin, inter alia, nach sáraíonn na hearraí i gceist ceart maoine intleachtúla. |
(19) |
Ba cheart bearta iomchuí a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go dtarlóidh idirthuras rianúil cógas cineálach. Maidir le hainmneacha neamhdhílseánacha idirnáisiúnta (ANI) ina gcáil mar ainmneacha cineálacha arna n-aithint ar fud an domhain le haghaidh substaintí gníomhacha in ullmhóidí cógaisíochta, tá sé ríthábhachtach aird chuí a thabhairt ar na srianta atá ann cheana ar an tionchar ar chearta trádmhairc de chuid AE. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé de cheart ag dílseánach trádmhairc de chuid AE cosc a chur ar thríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, bunaithe ar chosúlachtaí idir ANI don chomhábhar gníomhach sna cógais agus an trádmharc. |
(20) |
D'fhonn dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE a chumasú chun an góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart go mbeidís i dteideal greamú mairc sháraithigh ar earraí agus gníomhartha ullmhúcháin arna ndéanamh roimh an ngreamú a thoirmeasc. |
(21) |
Níor cheart, leis na cearta eisiacha a thugtar le trádmharc de chuid AE, go mbeadh an dílseánach i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe úsáid a bhaint as comharthaí ná sonrúcháin a úsáidtear go macánta agus mar sin i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. D'fhonn coinníollacha comhionanna a chruthú maidir le trádainmneacha agus trádmharcanna de chuid AE i gcás coinbhleachtaí, toisc go ndeonaítear cosaint neamhshrianta go rialta do thrádainmneacha i gcoinne trádmharcanna níos déanaí, ba cheart a mheas nach n-áirítear le húsáid den sórt sin ach amháin úsáid ainm pearsanta an tríú páirtí. De bhreis air sin, ba cheart go gceadófaí leis úsáid a bhaint as comharthaí tuairisciúla nó neamhshainiúla nó úsáid a bhaint as sonrúcháin thuairisciúla nó neamhshainiúla i gcoitinne. Thairis sin, níor cheart go mbeadh an dílseánach i dteideal cosc a chur ar úsáid chothrom agus mhacánta an trádmhairc de chuid AE chun críche na hearraí nó na seirbhísí a shainaithint, nó tagairt a dhéanamh dóibh, mar earraí nó seirbhísí an dílseánaigh. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as trádmharc chun aird an tomhaltóra a tharraingt ar athdhíol fíorearraí a rinne dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE a dhíol nó a díoladh le toiliú an dílseánaigh sin san Aontas, ba cheart a mheas gur cóir í an úsáid sin fad is atá sí ag an am céanna i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as trádmharc chun críche léiriú ealaíne, ba cheart a mheas gur cóir í an úsáid sin fad is atá sí ag an am céanna i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Thairis sin, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear urraim iomlán do chearta agus saoirsí bunúsacha, agus go háirithe don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
(22) |
D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus cearta trádmhairc a gnóthaíodh go dlisteanach a chosaint, is iomchuí agus is gá go leagfaí síos, gan dochar don phrionsabal nach féidir an trádmharc níos déanaí a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc níos luaithe, nár cheart go mbeadh dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE i dteideal cur i gcoinne úsáid trádmhairc níos déanaí más rud é gur gnóthaíodh an trádmharc níos déanaí tráth nárbh fhéidir an trádmharc níos luaithe a fhorghníomhú i gcoinne an trádmhairc níos déanaí. |
(23) |
Ar chúiseanna cothromais agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart gur leor é trádmharc de chuid AE a úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc sin san fhoirm inar cláraíodh é chun na cearta a thugtar a chaomhnú is cuma cé acu an bhfuil an trádmharc san fhoirm mar a úsáidtear é cláraithe nó nach bhfuil. |
(24) |
Ag féachaint do mhionlíon na n-iarratas ar thrádmharcanna de chuid AE a chomhdaítear ag oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus ag Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, agus ó tharla go bhfuil an líon sin ag meathlú de réir a chéile, níor cheart go gceadófaí iarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhdú ach amháin ag an Oifig. |
(25) |
Deonaítear cosaint trádmhairc de chuid AE, i ndáil le hearraí nó seirbhísí sonracha a socraíonn a gcineál agus a líon méid na cosanta a thugtar d'úinéir an trádmhairc. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, rialacha maidir le hainmniúchán agus le haicmiúchán na n-earraí agus na seirbhísí a bhunú i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 agus deimhneacht dhlíthiúil agus dea-rialachas a áirithiú trína cheangal go sainaithneodh an t-iarratasóir na hearraí agus na seirbhísí a n-iarrtar cosaint trádmhairc ina leith le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach ionas go mbeidh na húdaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíochta in ann, ar bhonn an iarratais amháin, méid na cosanta arna iarraidh a chinneadh. Ba cheart úsáid téarmaí ginearálta a léirmhíniú sa chaoi is nach n-áireofaí ach gach earra agus seirbhís a chuimsítear go soiléir le brí liteartha an téarma. Ba cheart go dtabharfaí an deis do dhílseánaigh thrádmharcanna de chuid AE, ar trádmharcanna iad a chláraítear i leith ceannteideal iomlán aicme de chuid Aicmiúchán Nice mar gheall ar iarchleachtas na hOifige, a gcuid liostaí d'earraí agus seirbhísí a oiriúnú d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonann inneachar an Chláir caighdeán riachtanach na soiléireachta agus an bheachtais i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
(26) |
Is iomchuí an córas de chuardaigh trádmharcanna de chuid AE agus de chuardaigh náisiúnta a shruthlíniú trí mhoilleanna neamhriachtanacha i gclárú trádmhairc de chuid AE a sheachaint agus an córas a dhéanamh níos solúbtha i dtéarmaí riachtanais agus fhabhair an úsáideora tríd an gcuardach a dhéantar ar thrádmharcanna de chuid AE a dhéanamh roghnach. Ba cheart na cuardaigh roghnacha trádmharcanna de chuid AE agus na cuardaigh roghnacha náisiúnta a chomhlánú trí innill chuardaigh ghasta agus chumhachtacha atá uilechuimsitheach a chur ar fáil saor in aisce don phobal i gcomhthéacs an chomhair idir an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil. |
(27) |
Mar chomhlánú ar na forálacha atá ann cheana maidir le cómharcanna Comhphobail agus chun an mhíchothromaíocht atá ann faoi láthair idir na córais náisiúnta agus córas trádmharcanna AE a leigheas, tá sé riachtanach sraith forálacha sonracha a chur leo chun cosaint a thabhairt do mharcanna deimhniúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh (“marcanna deimhniúcháin de chuid AE”) a chuireann ar chumas institiúide nó eagraíochta deimhniúcháin cead a thabhairt do rannphairtithe sa chóras deimhniúcháin úsáid a bhaint as an marc mar chomhartha le haghaidh earraí nó seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais deimhniúcháin. |
(28) |
Is léir ón taithí a fuarthas agus an córas reatha trádmharcanna de chuid AE á chur i bhfeidhm go bhféadfaí gnéithe áirithe den nós imeachta a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart bearta áirithe a ghlacadh chun nósanna imeachta a shimpliú agus a bhrostú, más iomchuí, agus chun feabhas a chur ar dheimhneacht agus intuarthacht dhlíthiúil, más gá sin. |
(29) |
Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus d'fhonn trédhearcacht níos fearr a chur ar fáil, is iomchuí cúraimí uile na hOifige a shainiú go soiléir, lena n-áirítear na cúraimí sin nach mbaineann le córas trádmharcanna de chuid AE a bhainistiú. |
(30) |
Ar mhaithe le coinbhéirseacht cleachtas a chur chun cinn agus comhuirlisí a fhorbairt, tá sé riachtanach creat iomchuí a bhunú le haghaidh comhair idir an Oifig agus oifigí maoine tionsclaíche na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, lena sainítear príomhréimsí an chomhair agus lena chur ar chumas na hOifige tionscadail chomhchoiteanna ábhartha a bhfuil leas ag an Aontas agus ag na Ballstáit iontu a chomhordú agus na tionscadail sin a mhaoiniú, suas go huasmhéid. Ba cheart go rachadh na gníomhartha comhair sin chun tairbhe do ghnóthais a bhaineann úsáid as córais trádmharcanna san Eoraip. Maidir le húsáideoirí chóras an Aontais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart go gcuirfí ar fáil leis na tionscadail, go háirithe na bunachair shonraí le haghaidh cuardaigh agus comhairliúcháin, uirlisí breise, cuimsitheacha agus éifeachtúla atá saor in aisce chun na ceanglais shonracha a thagann as saintréith aonadach an trádmhairc de chuid AE a chomhlíonadh. |
(31) |
A mhéid is iomchuí, ba cheart prionsabail áirithe maidir le rialachas na hOifige a athchóiriú don Chur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe AE a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí Iúil 2012. |
(32) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr, tá sé riachtanach roinnt forálacha a bhaineann le heagrú agus le feidhmiú na hOifige a nuashonrú. |
(33) |
Is inmhianaithe réiteach díospóidí atá cairdiúil, gasta agus éifeachtúil a éascú trí chúram a chur ar an Oifig lárionad idirghabhála a bhunú a bhféadfadh duine ar bith a cuid seirbhísí a úsáid d'fhonn teacht ar réiteach cairdiúil trí chomhaontú frithpháirteach maidir le díospóidí a bhaineann le trádmharcanna de chuid AE agus le dearaí de chuid an Chomhphobail. |
(34) |
Mar thoradh ar chóras trádmharcanna AE a bhunú, tá ualaí méadaithe airgeadais ar oifigí lárnacha maoine tionscail agus ar údaráis eile na mBallstát. Baineann na costais bhreise le líon níos airde nósanna imeachta freasúra agus neamhbhailíochta a láimhseáil, ar nósanna imeachta iad a bhaineann le trádmharcanna de chuid AE nó a thionscain dílseánaigh trádmharcanna den sórt sin, le gníomhaíochtaí múscailte feasachta atá nasctha le córas trádmharcanna AE mar aon le gníomhaíochtaí atá beartaithe chun forghníomhú ceart trádmharcanna de chuid AE a áirithiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, a áirithiú gurb í an Oifig a fhritháireoidh cuid de na costais a thabhaíonn na Ballstáit as an ról a ghabhann siad orthu féin chun feidhmiú rianúil chóras trádmharcanna AE a áirithiú. Ba cheart go mbeadh íocaíocht fritháirimh den sórt sin sin faoi réir sonraí staidrimh ábhartha a thíolacfaidh na Ballstáit. Maidir le méid fritháirimh costas den sórt sin, níor cheart go mbeadh easnamh buiséadach ag an Oifig mar thoradh air. |
(35) |
Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart carnadh barrachas mór buiséadach ag an Oifig a sheachaint. Ba cheart go mbeadh sin gan dochar don Oifig cúlchiste airgeadais a chuimsíonn bliain amháin dá caiteachas oibríochtúil a chothabháil chun leanúnachas a cuid oibríochtaí agus comhlíonadh a cuid cúraimí a áirithiú. Níor cheart an cúlchiste sin a úsáid ach amháin chun a áirithiú go leanfar leis na cúraimí atá ar an Oifig mar a shonraítear sa Rialachán seo iad. |
(36) |
I bhfianaise fhíorthábhachtacht mhéideanna na dtáillí is iníoctha leis an Oifig ar mhaithe le dea-fheidhmiú chóras trádmharcanna AE agus i bhfianaise an ghaoil chomhlántaigh atá aige i dtaca le córais trádmharcanna náisiúnta, is gá méideanna na dtáillí sin a leagan síos go díreach i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 i bhfoirm iarscríbhinne. Ba cheart méideanna na dtáillí a shocrú ar leibhéal lena n-áirithítear: sa chéad áit, go bhfuil an t-ioncam a ghnóthaíonn siad leordhóthanach i bprionsabal chun go gcomhardófar buiséad na hOifige; sa dara háit, go bhfuil cómhaireachtáil agus comhlántacht idir córas trádmharcanna AE agus na córais trádmharcanna náisiúnta, agus méid an mhargaidh a chumhdaítear leis an trádmharc de chuid AE agus riachtanais fiontar beag agus meánmhéide á gcur san áireamh freisin; agus sa tríú háit, go ndéantar cearta dílseánach trádmhairc de chuid AE a fhorghníomhú go héifeachtúil sna Ballstáit. |
(37) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun rialacha lena gcuirtear an Rialachán sin chun feidhme a ghlacadh. Mar gheall ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Dá bhrí sin, tá sé riachtanach freisin rialacha áirithe a ionchorprú i dtéacs Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, ar rialacha iad atá i Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún (8), Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún (9) agus Rialachán (CE) Uimh. 216/96 ón gCoimisiún (10) faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún a aisghairm. |
(38) |
A mhéid is gá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a ailíniú le hAirteagal 290 CFAE, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. |
(39) |
D'fhonn scrúdú agus clárú éifeachtach, éifeachtúil agus gasta a áirithiú ar iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE ag an Oifig trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta atá trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí a shonrú maidir leis na nósanna imeachta chun cur i gcoinne a chomhdú agus a scrúdú agus maidir leis na nósanna imeachta sin lena rialaítear leasú an iarratais. |
(40) |
D'fhonn a áirithiú go bhféadfar trádmharc de chuid AE a chúlghairm nó a dhearbhú neamhbhailí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil trí bhíthin nósanna imeachta trédhearcacha, cuimsitheacha, cothroma agus cothromasacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na nósanna imeachta maidir le cúlghairm agus neamhbhailíocht a shonrú. |
(41) |
Chun foráil a dhéanamh d'athbhreithniú éifeachtach, éifeachtúil agus iomlán ag na Boird Achomhairc ar chinntí na hOifige trí nós imeachta trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach lena gcuirtear san áireamh na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hinneachar foirmiúil an fhógra achomhairc, leis an nós imeachta chun achomharc a chomhdú agus a scrúdú, le hinneachar foirmiúil agus foirm chinntí an Bhoird Achomhairc agus leis na táillí achomhairc a chúiteamh a shonrú. |
(42) |
Chun feidhmiú rianúil, éifeachtach agus éifeachtúil chóras trádmharcanna AE a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na ceanglais a shonrú maidir leis na mionsonraí ar imeachtaí ó bhéal agus na socruithe mionsonraithe maidir le fianaise a thógáil, leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le fógra a thabhairt, leis na modhanna cumarsáide agus na foirmeacha le húsáid ag na páirtithe sna himeachtaí, leis na rialacha lena rialaítear ríomh agus fad na dteorainneacha ama, leis na nósanna imeachta chun cinneadh a chúlghairm nó chun iontráil sa Chlár a chealú, leis na socruithe mionsonraithe chun imeachtaí a atosú, agus leis na mionsonraí i ndáil le hionadaíocht os comhair na hOifige. |
(43) |
D'fhonn eagrúchán éifeachtach agus éifeachtúil na mBord Achomhairc a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí maidir le heagrúchán na mBord Achomhairc a shonrú. |
(44) |
D'fhonn clárú éifeachtach agus éifeachtúil na dtrádmharcanna idirnáisiúnta ar bhealach atá go hiomlán i gcomhréir le rialacha an Phrótacail a bhaineann le Comhaontú Mhaidrid maidir le clárú idirnáisiúnta marcanna a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na mionsonraí maidir leis na nósanna imeachta a shonrú i dtaobh cur i gcoinne a chomhdú agus a scrúdú, lena n-áirítear na cumarsáidí riachtanacha le déanamh leis an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), agus na mionsonraí maidir leis an nós imeachta i dtaobh cláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar bhuniarratas nó ar bhunchlárú a bhaineann le cómharc, marc deimhniúcháin nó ráthaíochta. |
(45) |
D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na mionsonraí a shonrú a bhaineann leis na hiarratais, iarrataí, deimhnithe, éilimh, rialacháin, fógraí agus aon doiciméad eile faoi na ceanglais nós imeachta ábhartha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus i ndáil leis na huasrátaí i leith na gcostas riachtanach a bhaineann leis na himeachtaí agus a tabhaíodh go hiarbhír, mionsonraí a bhaineann le foilseacháin i bhFeasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh agus in Iris Oifigiúil na hOifige, na socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis náisiúnta, socruithe mionsonraithe maidir le haistriúcháin doiciméid tacaíochta in imeachtaí i scríbhinn, cineálacha beachta na gcinntí a bheidh le déanamh ag ball aonair de na rannáin chur i gcoinne nó chealúcháin, mionsonraí na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt de bhun Phrótacal Mhaidrid, agus ceanglais mhionsonraithe maidir leis an iarraidh ar shíneadh críche i ndiaidh clárú idirnáisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (11) |
(46) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(47) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus thug sé tuairim uaidh an 11 Iúil 2013. |
(48) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 mar a leanas:
(1) |
Sa teideal, cuirtear “trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh” in ionad “trádmharc Comhphobail”. |
(2) |
In Airteagal 1(1), cuirtear “trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh” (“trádmharc de chuid AE”) in ionad an téarma “trádmharc Comhphobail”; agus in aon áit eile sa Rialachán, cuirtear “trádmharc de chuid AE” ina ionad agus déantar aon athruithe gramadaí is gá. |
(3) |
Ar fud an Rialacháin, cuirtear “cúirt um thrádmharcanna de chuid AE” in ionad an téarma “cúirt um thrádmharcanna de chuid an Chomhphobail” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá. |
(4) |
In Airteagal 66(1), cuirtear “cómharc de chuid an Aontais Eorpaigh” (“cómharc de chuid AE”) in ionad na bhfocal “cómharc de chuid an Comhphobail”; agus in aon áit eile sa Rialachán, cuirtear “cómharc de chuid AE” ina ionad agus déantar aon athruithe gramadaí is gá. |
(5) |
Ar fud an Rialacháin, seachas sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (2), i bpointe (3) agus i bpointe (4), cuirtear “Aontas” in ionad na bhfocal “Comhphobal”, “Comhphobal Eorpach” agus “Comhphobail Eorpacha” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá. |
(6) |
Ar fud an Rialacháin, cuirtear “Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige”/“Stiúrthóir Feidhmiúcháin”, de réir mar is iomchuí, in ionad an téarma “Uachtarán na hOifige” agus na dtagairtí uile don Uachtarán sin, agus déantar aon athruithe gramadaí is gá. |
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 Oifig 1. Bunaítear leis seo Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpach (‘an Oifig’). 2. Léifear gach tagairt i ndlí an Aontais don Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (trádmharcanna agus dearaí) mar thagairtí don Oifig.”. |
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 Comharthaí a fhéadfar a bheith i dtrádmharc de chuid AE Is éard a fhéadfaidh a bheith i dtrádmharc de chuid AE comharthaí ar bith, go háirithe focail, lena n-áirítear ainmneacha pearsanta, nó dearaí, litreacha, uimhreacha, dathanna, cruth earraí nó pacáistíochta earraí, nó fuaimeanna, ar choinníoll gur féidir le comharthaí den sórt sin:
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 7(1) mar a leanas:
|
(10) |
Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: “Airteagal 9 Cearta a thugann trádmharc de chuid AE 1. Le clárú trádmhairc de chuid AE, tabharfar cearta eisiacha don dílseánach ann. 2. Gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta trádmhairc de chuid AE, beidh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí nach bhfuil toiliú an dílseánaigh aige nó aici úsáid a bhaint as aon chomhartha i gcúrsa trádála, maidir le hearraí nó seirbhísí, más rud é:
3. Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a thoirmeasc faoi mhír 2:
4. Gan dochar do chearta dílseánach a gnóthaíodh roimh dháta comhdaithe nó roimh dháta tosaíochta an trádmhairc de chuid AE, beidh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE i dteideal freisin cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, i gcúrsa trádála, nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, más rud é go dtagann earraí den sórt sin, lena n-áirítear pacáistíocht, ó thríú tíortha agus go mbíonn trádmharc orthu, gan údarú, atá comhionann leis an trádmharc de chuid AE a cláraíodh i leith earraí den sórt sin, nó nach féidir a shainghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin. Rachaidh teidlíocht dílseánaigh thrádmhairc de chuid AE de bhun na chéad fhomhíre in éag más rud é, le linn imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh an trádmharc de chuid AE nó nár sáraíodh, arna dtionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla, go gcuireann dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí fianaise ar fáil nach bhfuil dílseánach an trádmhairc de chuid AE i dteideal cosc a chur ar na hearraí sin a cur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.”. |
(12) |
Cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 9a Ceart chun gníomhartha ullmhúcháin a thoirmeasc maidir le húsáid a bhaint as pacáistíocht nó modhanna eile Má tá baol ann go bhféadfaí úsáid a bhaint as an bpacáistíocht, as lipéid, as gnéithe slándála nó barántúlachta nó as uirlisí slándála nó barántúlachta nó as modhanna eile lena ngreamaítear an marc maidir le hearraí nó seirbhísí agus go mbeadh úsáid den sórt sin ina sárú ar chearta dílseánaigh thrádmhairc de chuid AE faoi Airteagal 9(2) agus (3), beidh sé de cheart ag dílseánach an trádmhairc sin na gníomhartha seo a leanas a thoirmeasc má dhéantar iad i gcúrsa na trádála:
Airteagal 9b Dáta óna mbeidh na cearta i gcoinne tríú páirtithe i réim 1. Beidh na cearta a thugann trádmharc de chuid AE i réim i gcoinne tríú páirtithe ó dháta foilsithe chlárú an trádmhairc. 2. Féadfar cúiteamh réasúnach a éileamh i leith gníomhartha a tharlaíonn i ndiaidh dháta foilsithe an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, más rud é go dtoirmiscfí na gníomhartha sin, tar éis clárú an trádmhairc a fhoilsiú, de bhua an fhoilseacháin sin. 3. Ní dhéanfaidh an chúirt a mbeidh an cás os a comhair cinneadh ar thuillteanais an cháis go dtí go bhfoilseofar an clárú.”. |
(13) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: “Airteagal 12 Teorainn a chur le héifeachtaí trádmhairc de chuid AE 1. Ní bheidh an dílseánach i dteideal, mar gheall ar thrádmharc de chuid AE, cosc a chur ar thríú páirtí úsáid a bhaint as an méid seo a leanas i gcúrsa trádála:
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin más rud é go bhfuil an úsáid a bhaineann an tríú páirtí as i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha nó thráchtála.”. |
(14) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(1): “1. Ní bheidh an dílseánach i dteideal, mar gheall ar thrádmharc de chuid AE, cosc a chur ar a úsáid an trádmhairc sin i ndáil le hearraí a chuir an dílseánach ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch faoin trádmharc sin nó ar cuireadh iad ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch faoin trádmharc sin le toiliú ón dílseánach sin.”. |
(15) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 13a Ceart idirghabhála dílseánaigh thrádmhairc a cláraíodh níos déanaí mar chosaint le linn imeachtaí um shárú 1. Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc de chuid AE a cláraíodh níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc níos déanaí sin neamhbhailí de bhun Airteagal 53(1), (3) nó (4), Airteagal 54(1) nó (2), nó Airteagal 57(2) den Rialachán seo. 2. Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc náisiúnta a cláraíodh níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófaí go raibh an trádmharc sin a cláraíodh níos déanaí neamhbhailí de bhun Airteagal 8, nó Airteagal 9(1) nó (2), nó Airteagal 46(3) de Threoir… (*). 3. I gcás nach bhfuil dílseánach trádmhairc de chuid AE i dteideal úsáid trádmhairc a cláraíodh níos déanaí de bhun mhír 1 nó mhír 2 a thoirmeasc, ní bheidh dílseánach an trádmhairc sin a cláraíodh níos déanaí i dteideal úsáid an trádmhairc níos luaithe sin de chuid AE a thoirmeasc le linn imeachtaí um shárú.”. |
(16) |
In Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Beidh úsáid de réir bhrí na chéad fhomhíre i gceist freisin leis an méid seo a leanas:
|
(17) |
In Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití: “1. Mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 17 go hAirteagal 24, déileálfar le trádmharc de chuid AE mar réad maoine ina iomláine, agus le haghaidh limistéar iomlán an Aontais, mar thrádmharc náisiúnta a cláraíodh sa Bhallstát inar fíor an méid seo a leanas ina leith, de réir an Chláir:”. |
(18) |
Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
(19) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: “Airteagal 18 Trádmharc a chláraítear in ainm gníomhaire a aistriú 1. I gcás ina gcláraítear trádmharc de chuid AE in ainm ghníomhaire nó ionadaí an duine atá ina dhílseánach nó ina dílseánach ar an trádmharc sin, gan údarú an dílseánaigh, beidh an duine deireanach sin i dteideal a éileamh go sannfaí i bhfabhar dó féin nó di féin an trádmharc sin de chuid AE, mura dtugann gníomhaire nó ionadaí den sórt sin údar maith lena ghníomh nó lena gníomh. 2. Féadfaidh an dílseánach iarraidh ar shannadh a chur faoina mbráid siúd a leanas de bhun mhír 1 den Airteagal seo:
|
(20) |
Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
(21) |
In Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “4. Cuirfear ar ceal nó modhnófar iontráil a cuireadh sa Chlár de bhun mhír 3 ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe.”. |
(22) |
In Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “6. Cuirfear ar ceal nó modhnófar iontráil a cuireadh sa Chlár de bhun mhír 5 ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe.”. |
(23) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 22a Nós imeachta maidir le ceadúnais agus cearta eile a chur isteach sa Chlár 1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 17(5a) agus (5b) agus na rialacha arna nglacadh dá bhun, agus Airteagal 17(5d) maidir le ceart in rem a chlárú nó ceart in rem a aistriú dá dtagraítear in Airteagal 19(2), le tobhach forghníomhaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(3), leis an mbaint le linn nós imeachta dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), agus le ceadúnas a chlárú nó ceadúnas a aistriú dá dtagraítear in Airteagal 22(5), faoi réir an méid seo a leanas:
2. Measfar nach mbeidh an t-iarratas ar chlárú na gceart dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcomhad go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha. 3. Féadfar iarraidh ar cheadúnas a thaifeadadh sa Chlár mar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith san iarratas ar cheadúnas a chlárú:
I gcás ina ndéantar iarraidh chun an ceadúnas a thaifeadadh mar cheadúnas de bhun phointe (c), phointe (d) agus phointe (e), sonrófar leis an iarratas ar cheadúnas a chlárú na hearraí agus na seirbhísí, an chuid sin den Aontas agus an tréimhse ama a bhfuil an ceadúnas deonaithe ina leith. 4. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha is infheidhme maidir le clárú, mar a leagtar síos in Airteagal 19 go hAirteagal 22, i mír 1 agus i mír 3 den Airteagal seo, agus sna rialacha infheidhme eile arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar an t-easnamh a cheartú laistigh de thréimhse arna sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas ar chlárú. 5. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 agus ag mír 3 maidir leis na hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE.”. |
(24) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 24a Nós imeachta maidir le hiontráil sa Chlár a bhaineann le ceadúnais agus cearta eile a chur ar ceal nó a mhodhnú 1. Déanfar clárú arna dhéanamh faoi Airteagal 22a(1) a chur ar ceal nó a mhodhnú arna iarraidh sin do cheann amháin de na daoine lena mbaineann. 2. Beidh cláruimhir an trádmhairc lena mbaineann de chuid AE agus sonraí an chirt a n-iarrtar cealú nó modhnú ina leith san iarratas. 3. Measfar nach mbeidh an t-iarratas ar cheadúnas, ceart in rem nó beart forghníomhaithe a chealú curtha i gcomhad go dtí go mbeidh an táille riachtanach íoctha. 4. In éineacht leis an iarratas, beidh doiciméid a léiríonn nach bhfuil an ceart cláraithe ann a thuilleadh nó go dtoilíonn an ceadúnaí nó an sealbhóir cirt eile leis an gclárú a chealú nó a mhodhnú. 5. I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le clárú a chealú nó a mhodhnú, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar an t-easnamh a cheartú laistigh de thréimhse arna sonrú ag an Oifig, diúltóidh sé don iarratas chun an clárú a chealú nó a mhodhnú. 6. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 go mír 5 den Airteagal seo maidir le hiontrálacha a rinneadh sna comhaid de bhun Airteagal 22a(5).” |
(25) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: “Airteagal 25 Iarratais a chomhdú 1. Comhdófar iarratas ar thrádmharc de chuid AE ag an Oifig. 2. Déanfaidh an Oifig fáltas a eisiúint don iarratasóir gan mhoill ina n-áireofar, ar a laghad, uimhir an chomhaid, ionadaíocht, tuairisc nó sainaithint eile an mhairc, cineál agus uimhir na ndoiciméad agus an dáta a bhfuarthas iad. Féadfar an fáltas sin a eisiúint go leictreonach.”. |
(26) |
Leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:
|
(27) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27: “Airteagal 27 Dáta comhdaithe Is é an dáta a ndéanann an t-iarratasóir na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 26(1) a chomhdú leis an Oifig dáta comhdaithe iarratais ar thrádmharc de chuid AE, faoi réir an táille iarratais a íoc laistigh de mhí amháin ó na doiciméid sin a chomhdú.”. |
(28) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: “Airteagal 28 Earraí agus seirbhísí a ainmniú agus a aicmiú 1. Aicmeofar earraí agus seirbhísí a gcuirtear iarratas ar chlárú trádmhairc isteach ina leith i gcomhréir leis an gcóras aicmiúcháin a bunaíodh le Comhaontú Nice a Bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha Clárú Marcanna an 15 Meitheamh 1957 (‘Aicmiúchán Nice’). 2. Sainaithneoidh an t-iarratasóir na hearraí agus seirbhísí a n-iarrtar an chosaint ar an trádmharc ina leith le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach ionas go mbeidh na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha, ar an mbonn sin amháin, in ann méid na cosanta arna iarraidh a chinneadh. 3. Chun críocha mhír 2, féadfar úsáid a bhaint as na sonraí ginearálta a áiríodh i gceannteidil Aicmiúchán Nice nó téarmaí ginearálta eile, ar choinníoll go gcomhlíontar leo caighdeáin riachtanacha na soiléireachta agus an bheachtais a leagtar amach san Airteagal seo. 4. Diúltóidh an Oifig d'iarratas maidir le sonraí nó téarmaí atá neamhshoiléir nó neamhbheacht, i gcás nach molann an t-iarratasóir foclaíocht inghlactha laistigh de thréimhse arna leagan síos ag an Oifig chuige sin. 5. Le húsáid téarmaí ginearálta, lena n-áirítear sonraí ginearálta cheannteidil Aicmiúchán Nice, tuigfear go n-áireofar iontu gach earra nó seirbhís ar soiléir é bheith cuimsithe le brí liteartha an tsonra nó an téarma. Le húsáid téarmaí nó tásca den sórt sin, ní thuigfear gur éileamh é ar earraí nó seirbhísí nach féidir a thuiscint amhlaidh. 6. I gcás ina ndéanann an t-iarratasóir iarraidh ar chlárú le haghaidh níos mó ná aicme amháin, déanfaidh an t-iarratasóir na hearraí agus na seirbhísí a ghrúpáil de réir aicmí Aicmiúchán Nice, agus beidh uimhir na haicme lena mbaineann an grúpa sin d'earraí nó de sheirbhísí roimh gach grúpa, agus déanfaidh an t-iarratasóir iad a chur i láthair in ord aicme. 7. Ní mheasfar earraí agus seirbhísí a bheith cosúil le chéile ar na forais go bhfuil siad san aicme chéanna faoi Aicmiúchán Nice. Ní mheasfar earraí agus seirbhísí gan a bheith cosúil le chéile ar an bhforas go bhfuil siad in aicmí difriúla faoi Aicmiúchán Nice. 8. Dílseánaigh trádmharcanna de chuid AE a ndearnadh iarratas orthu roimh an 22 Meitheamh 2012, agus atá cláraithe i leith ceannteideal iomlán d'aicme de chuid Nice, féadfaidh siad dearbhú go raibh sé ar intinn acu ar an dáta comhdaithe cosaint a lorg i leith earraí nó seirbhísí tharstu siúd a chuimsítear le brí liteartha cheannteideal na haicme sin, ar choinníoll go bhfuil na hearraí nó seirbhísí arna n-ainmniú amhlaidh ar áireamh sa liosta aibítreach don aicme sin d'eagrán Aicmiúchán Nice atá i bhfeidhm ar an dáta comhdaithe. Comhdófar an dearbhú ag an Oifig laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus léireofar ann, ar mhodh soiléir, beacht agus sonrach, na hearraí agus na seirbhísí a bhí cuimsithe i dtosach le rún an dílseánaigh, seachas iad siúd ar soiléir iad a bheith cuimsithe le brí liteartha thásca an cheannteidil. Déanfaidh an Oifig bearta iomchuí chun an Clár a leasú dá réir sin. Beidh an deis dearbhú a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 15, Airteagal 42(2), Airteagal 51(1)(a), agus Airteagal 57(2). Trádmharcanna de chuid AE nár comhdaíodh aon dearbhú ina leith laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír, measfar, amhail ó dheireadh na tréimhse sin, nach mbaineann siad ach amháin le hearraí agus seirbhísí ar soiléir iad a bheith cuimsithe le brí liteartha na dtásc a áirítear i gceannteideal na haicme ábhartha. 9. I gcás ina leasaítear an clár, ní chuirfidh na cearta eisiacha, a thugtar leis an trádmharc de chuid AE faoi Airteagal 9, cosc ar thríú páirtí leanúint de thrádmharc a úsáid i ndáil le hearraí nó le seirbhísí i gcás gur fíor an méid seo a leanas, agus sa mhéid sin, maidir le húsáid an trádmhairc do na hearraí nó do na seirbhísí sin:
Ina theannta sin, leis an leasú ar liosta na n-earraí nó na seirbhísí a taifeadadh sa chlár, ní thabharfar an ceart do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE cur i gcoinne dearbhú neamhbhailíochta trádmhairc níos déanaí ná iarratas a dhéanamh air, i gcás gur fíor an méid seo a leanas, agus sa mhéid sin:
|
(29) |
Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
|
(30) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30: “Airteagal 30 Tosaíocht a éileamh 1. Comhdófar éilimh thosaíochta in éineacht leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE agus áireofar orthu dáta, uimhir agus tír an iarratais roimhe sin. Déanfar an doiciméadacht chun tacú le héilimh thosaíochta a chomhdú laistigh de thrí mhí ón dáta comhdaithe. 2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an cineál doiciméadachta atá le comhdú chun tosaíocht iarratais roimhe sin a éileamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2). 3. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfaidh níos lú a bheith sa doiciméadacht atá le soláthar ag an iarratasóir chun tacú leis an éileamh tosaíochta ná mar a cheanglaítear faoi na sonrúcháin arna nglacadh i gcomhréir le mír 2, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don Oifig ó fhoinsí eile.”. |
(31) |
Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
|
(32) |
Leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
|
(33) |
Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
|
(34) |
Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
|
(35) |
Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
|
(36) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38: “Airteagal 38 Tuarascáil chuardaigh 1. Dréachtóidh an Oifig, arna iarraidh sin don iarratasóir ar an trádmharc de chuid AE agus iarratas á chomhdú aige, tuarascáil chuardaigh an Aontais Eorpaigh (‘tuarascáil chuardaigh AE’) ina luafar na trádmharcanna níos luaithe sin de chuid AE nó iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú trádmhairc de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith. 2. I gcás ina n-iarrann an t-iarratasóir, tráth a gcomhdaítear iarratas ar thrádmharc de chuid AE, go ndéanfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát tuarascáil chuardaigh a ullmhú agus i gcás ina n-íoctar an táille chuardaigh iomchuí laistigh den teorainn ama chun táille comhdaithe a íoc, déanfaidh an Oifig gan mhoill cóip den iarratas ar thrádmharc de chuid AE a tharchur chuig lároifig maoine tionsclaíche gach Ballstáit a chuir a cinneadh in iúl don Oifig go ndéanfaidh sí cuardach ina clár féin de thrádmharcanna i ndáil le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE. 3. Déanfaidh gach ceann d'oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tuarascáil chuardaigh a thíolacadh ina luafar aon trádmharcanna náisiúnta níos luaithe, iarratais ar thrádmharcanna náisiúnta nó trádmharcanna a cláraíodh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, a bhfuil éifeacht acu sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann, a aimsíodh agus a fhéadfar a agairt faoi Airteagal 8 in éadan chlárú an trádmhairc sin de chuid AE a ndearnadh iarratas ina leith, nó ina luafar nár léirigh an cuardach aon cheart den chineál sin. 4. Tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistithe dá bhforáiltear in Airteagal 124 (‘an Bord Bainistithe’), leagfaidh an Oifig síos inneachar agus socruithe mionsonraithe na dtuarascálacha. 5. Íocfaidh an Oifig suim le gach lároifig maoine tionsclaíche le haghaidh gach tuarascáil chuardaigh a sholáthraíonn an oifig i gcomhréir le mír 3. Socróidh an Coiste um an mBuiséad an tsuim, a bheidh mar an gcéanna do gach oifig, trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh ag tromlach trí cheathrú d'ionadaithe na mBallstát. 6. Cuirfidh an Oifig tuarascáil chuardaigh AE a iarradh agus aon tuarascáil chuardaigh náisiúnta a iarradh agus a fuarthas chuig an iarratasóir ar thrádmharc de chuid AE. 7. Ar fhoilsiú an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, cuirfidh an Oifig in iúl do dhílseánaigh trádmharcanna níos luaithe ar bith de chuid AE, nó iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE a luadh i dtuarascáil chuardaigh AE gur foilsíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE. Beidh feidhm aige sin beag beann ar chibé acu ar iarr an t-iarratasóir tuarascáil chuardaigh AE a fháil, ach amháin má iarrann dílseánach um chlárú níos luaithe nó dílseánach iarratais níos luaithe gan an fógra sin a fháil.”. |
(37) |
Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
|
(38) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40: “Airteagal 40 Tuairimí ó thríú páirtithe 1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus aon ghrúpa nó comhlacht a dhéanann ionadaíocht ar mhonaróirí, ar tháirgeoirí, ar sholáthraithe seirbhísí, ar thrádálaithe nó ar thomhaltóirí tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid na hOifige, lena mínítear na forais, faoi Airteagal 5 agus faoi Airteagal 7, nár cheart an trádmharc a chlárú ex officio. Ní bheidh daoine agus grúpaí nó comhlachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina bpáirtithe sna himeachtaí atá faoi bhráid na hOifige. 2. Tíolacfar tuairimí ó thríú páirtí roimh dheireadh na tréimhse freasúra nó, i gcás nár comhdaíodh freasúra i gcoinne an trádmhairc, sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach maidir leis an bhfreasúra. 3. Beidh an aighneacht dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do cheart na hOifige an scrúdú ar dhearbhfhorais a athoscailt ar a tionscnamh féin tráth ar bith roimh chlárú, más iomchuí sin. 4. Cuirfear na tuairimí dá dtagraítear i mír 1 in iúl don iarratasóir agus beidh sé in ann ráiteas a thabhairt orthu.”. |
(39) |
Leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:
|
(40) |
In Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Má iarrann an t-iarratasóir amhlaidh, déanfaidh dílseánach trádmhairc níos luaithe de chuid AE atá tar éis fógra freasúra a thabhairt, cruthúnas a chur ar fáil, i rith na tréimhse cúig bliana roimh an dáta comhdaithe nó dáta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc níos luaithe de chuid an AE, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus a luann sé nó sí mar bhonn cirt lena fhreasúra nó lena freasúra, nó go bhfuil cúiseanna cuí le neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc níos luaithe de chuid an AE cláraithe ar an dáta sin le tréimhse nach lú ná cúig bliana. In éagmais cruthúnais chuige seo, diúltófar don fhreasúra. Má úsáideadh an trádmharc níos luaithe de chuid AE i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe agus don chuid sin amháin, measfar, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an bhfreasúra, é a bheith cláraithe i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí agus don chuid sin amháin”. |
(41) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas leis: “Airteagal 42a Cumhachtaí a tharmligean Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear na mionsonraí i ndáil leis an nós imeachta maidir le freasúra a chomhdú agus a scrúdú, a leagtar amach in Airteagal 41 agus in Airteagal 42.”. |
(42) |
In Airteagal 43, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear mionsonraí an nós imeachta lena rialaítear leasú ar an iarratas.”. |
(43) |
Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
|
(44) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45: “Airteagal 45 Clárú 1. I gcás ina gcomhlíonann iarratas na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus nár tugadh fógra freasúra le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 41(1) nó i gcás ina ndearnadh aon fhreasúra a cuireadh isteach a dhiúscairt go críochnaitheach trí aistarraingt, trí dhiúltú nó trí dhiúscairt eile, déanfar an trádmharc agus na sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 87(2), a chlárú sa Chlár. Foilseofar an clárú. 2. Eiseoidh an Oifig deimhniú um chlárú. Féadfar an deimhniú sin a eisiúint go leictreonach. Soláthróidh an Oifig cóipeanna deimhnithe nó cóipeanna neamhdheimhnithe den deimhniú faoi réir táille a íoc, i gcás ina n-eiseofar na cóipeanna sin trí mheán éigin seachas go leictreonach. 3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith sa deimhniú um chlárú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus foirm an deimhnithe sin um chlárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”. |
(45) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47: “Airteagal 47 Athnuachan 1. Déanfar athnuachan ar chlárú an trádmhairc de chuid AE arna iarraidh sin do dhílseánach an trádmhairc de chuid AE nó d'aon duine arna údarú go sainráite aige nó aici, ar choinníoll gur íocadh na táillí. 2. Cuirfidh an Oifig dílseánach an trádmhairc de chuid AE, agus aon duine a bhfuil ceart cláraithe aige nó aici maidir leis an trádmharc de chuid AE, ar an eolas mar gheall ar dhul in éag an chlárúcháin ar a laghad sé mhí roimh an dul in éag sin. Ní bheidh an Oifig freagrach as mainneachtain eolas den sórt sin a thabhairt agus ní dhéanfaidh sé difear do dhul in éag an chlárúcháin. 3. Cuirfear isteach an iarraidh ar athnuachan le linn na tréimhse sé mhí roimh dhul in éag an chlárúcháin. Íocfar an táille bhunúsach maidir leis an athnuachan agus, nuair is iomchuí, íocfar táille aicme amháin nó níos mó maidir le gach aicme earraí agus seirbhísí a théann thar an gcéad aicme le linn na tréimhse sin. Ina éagmais sin, féadfar an iarraidh a chur isteach agus na táillí a íoc laistigh de thréimhse eile sé mhí tar éis dhul in éag an chlárúcháin, ar choinníoll go n-íocfar táille bhreise a ghearrtar ar íocaíocht dhéanach na táille athnuachana nó ar chur isteach déanach na hiarrata ar athnuachan laistigh den tréimhse bhreise sin. 4. Áireofar san iarraidh ar athnuachan an méid seo a leanas:
Má íoctar an íocaíocht dá dtagraítear i mír 3, measfar gur iarraidh ar athnuachan é ar choinníoll go bhfuil gach léiriú riachtanach ann chun cuspóir na híocaíochta a fháil amach. 5. I gcás ina dtíolactar an iarraidh nó ina n-íoctar na táillí maidir le roinnt de na hearraí nó na seirbhísí a gcláraítear an trádmharc de chuid AE i dtaca leo, agus do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin, déanfar an clárú a athnuachan do na hearraí agus do na seirbhísí sin amháin. Nuair nach bhfuil na táillí a íoctar leordhóthanach chun na haicmí earraí agus seirbhísí go léir a n-iarrtar athnuachan lena n-aghaidh a chumhdach, déanfar clárú a athnuachan más léir an aicme nó na haicmí atá le cumhdach. In éagmais critéir eile, cuirfidh an Oifig na haicmí san áireamh in ord a n-aicmiúcháin. 6. Beidh éifeacht ag athnuachan ón lá tar éis dháta dhul in éag an chlárúcháin atá ann cheana. Clárófar an athnuachan. 7. I gcás ina gcomhdaítear an t-iarratas ar athnuachan laistigh de na tréimhsí dá bhforáiltear i mír 3, ach nach gcomhlíontar na coinníollacha eile don athnuachan dá bhforáiltear san Airteagal seo, cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas i ndáil leis na heasnaimh a aimsíodh. 8. Nuair nach gcuirtear isteach an t-iarratas ar athnuachan nó nuair a chuirtear isteach é tar éis don tréimhse dá bhforáiltear i mír 3 dul in éag, nó nuair nach n-íoctar na táillí nó nach n-íoctar iad go dtí tar éis don tréimhse sin dul in éag, nó nuair nach ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 7 a leigheas laistigh den tréimhse sin, cinnfidh an Oifig go bhfuil an clárú imithe in éag agus cuirfidh sí an méid sin in iúl do dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE dá réir sin. Nuair atá cinneadh críochnaitheach tugtha, cealóidh an Oifig an marc ón gclár. Beidh feidhm ag an gcealú ón lá tar éis an lá a rachaidh an clárú atá ann in éag. Nuair nach ndéantar an clárú a athnuachan ach go bhfuil na táillí ar athnuachan íoctha cheana féin, aisíocfar na táillí sin. 9. Féadfar iarratas amháin ar athnuachan a chur isteach maidir le dhá cheann nó níos mó de mhairc, ar na táillí riachtanacha a íoc do gach ceann de na mairc sin, ar choinníoll gurb ionann na dílseánaigh nó na hionadaithe i ngach cás.”. |
(46) |
Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
|
(47) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 48a Athrú ar ainm nó seoladh 1. Athrú ar ainm nó seoladh dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE nach athrú é ar an trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 48(2) agus nach toradh é ar aistriú iomlán nó aistriú páirteach an trádmhairc sin de chuid AE, déanfar é, arna iarraidh sin don dílseánach, a thaifeadadh sa chlár. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in iarraidh ar athrú ar ainm nó seoladh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2). 2. Féadfar iarraidh aonair a dhéanamh maidir le hathrú ar ainm nó seoladh i ndáil le dhá cheann de chlárúcháin nó níos mó de chuid an dílseánaigh chéanna. 3. I gcás nach mbeidh na ceanglais maidir le hathrú a thaifeadadh comhlíonta, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl do dhílseánach an trádmhairc sin de chuid AE. Mura gceartófar an t-easnamh laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh. 4. Beidh feidhm ag mír 1 go mír 3 freisin maidir le hathrú ainm nó seoladh an ionadaí chláraithe. 5. Beidh feidhm ag mír 1 go mír 4 maidir le hiarratais ar thrádmharcanna de chuid AE. Déanfar an t-athrú a thaifeadadh sna comhaid a choinníonn an Oifig i ndáil leis an iarratas ar thrádmharc de chuid AE.”. |
(48) |
Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:
|
(49) |
Leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:
|
(50) |
In Airteagal 53, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(51) |
In Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2: “1. I gcás inar thoiligh dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE, ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc is déanaí de chuid AE a bheith in úsáid san Aontas agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chlárú de mheon mímhacánta. 2. I gcás inar thoiligh dílseánach trádmhairc is túisce dá dtagraítear in Airteagal 8(2) nó dílseánach comhartha eile is túisce dá dtagraítear in Airteagal 8(4), ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, le trádmhairc is déanaí de chuid AE a bheith in úsáid sa Bhallstát ina bhfuil an trádmharc níos luaithe nó an comhartha níos luaithe faoi chosaint, agus é ar an eolas faoin úsáid sin, ní bheidh an dílseánach sin i dteideal a thuilleadh iarratas a dhéanamh, ar bhonn an trádmhairc níos luaithe nó an comhartha eile níos luaithe, ar dhearbhú go bhfuil an trádmharc níos déanaí neamhbhailí i leith na n-earraí nó na seirbhísí dá raibh an trádmharc níos déanaí in úsáid, murar rinneadh an t-iarratas ar an trádmharc de chuid AE a chlárú de mheon mímhacánta.”. |
(52) |
Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:
|
(53) |
In Airteagal 57, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Má iarrann dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE amhlaidh, cuirfidh dílseánach trádmhairc níos luaithe de chuid AE, ar páirtí é sna himeachtaí neamhbhailíochta, cruthúnas ar fáil go bhfuiltear tar éis fíorúsáid a bhaint san Aontas as an trádmharc níos luaithe de chuid AE, i rith na tréimhse cúig bliana roimh an dáta a ndearnadh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, i dtaca leis na hearraí nó leis na seirbhísí ar ina leith atá sé cláraithe agus a luann dílseánach an trádmhairc níos luaithe sin mar bhonn cirt lena iarratas nó lena hiarratas, nó go bhfuil cúiseanna cuí le neamhúsáid, ar choinníoll go mbeidh an trádmharc níos luaithe de chuid AE cláraithe ar an dáta sin ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana. Más rud é, ar an dáta ar a comhdaíodh an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó ar dháta tosaíochta an iarratais ar thrádmharc de chuid AE, go raibh an trádmharc níos luaithe de chuid AE cláraithe ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana, cuirfidh dílseánach an trádmhairc níos luaithe de chuid AE cruthúnas ar fáil, ina theannta sin, go raibh na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 42(2) á gcomhlíonadh ar an dáta sin. In éagmais cruthúnais chuige seo, diúltófar don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta. Má úsáideadh an trádmharc níos luaithe de chuid AE i ndáil le cuid de na hearraí nó de na seirbhísí dá bhfuil sé cláraithe, agus don chuid sin amháin, measfar, chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, é a bheith cláraithe i leith na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí agus i leith na coda sin amháin.”. |
(54) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 57a Cumhachtaí a tharmligean Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonrófar mionsonraí na nósanna imeachta lena rialaítear cúlghairm agus neambhailíocht trádmhairc de chuid AE dá dtagraítear in Airteagal 56 agus in Airteagal 57, chomh maith le haistriú trádmhairc atá cláraithe in ainm gníomhaire dá dtagraítear in Airteagal 18.” |
(55) |
In Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne aon cheann de chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 130 agus, i gcás inarb iomchuí, i bpointe (f) den Airteagal sin. Ní bheidh feidhm ag na cinntí sin ach amháin ó dháta éagtha thréimhse an achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 60. Beidh éifeacht fionraíochta ag comhdú an achomhairc.”. |
(56) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 60: “Airteagal 60 Teorainn ama agus foirm an achomhairc 1. Déanfar Fógra achomhairc a chomhdú i scríbhinn ag an Oifig laistigh de dhá mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh. Measfar nach mbeidh an fógra comhdaithe go dtí go mbeidh an táille don achomharc íoctha. Déanfar an fógra a chomhdú i dteanga na n-imeachtaí inar glacadh an cinneadh faoi réir achomhairc. Laistigh de cheithre mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh, déanfar ráiteas a chomhdú i scríbhinn ina leagfar amach na forais maidir le hachomharc. 2. In imeachtaí inter partes, féadfaidh an cosantóir cinneadh a lorg ina fhreagra nó ina freagra lena neamhnítear nó lena n-athraítear an cinneadh atá á chonspóid maidir le pointe nár ardaíodh san achomharc. Ní bheidh aon éifeacht le haighneachtaí den sórt sin i gcás ina gcuireann an t-achomharcóir deireadh leis na himeachtaí.”. |
(57) |
Scriostar Airteagal 62. |
(58) |
In Airteagal 64, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Ní bheidh éifeacht ag cinntí ón mBord Achomhairc ach amháin ó dháta na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 65(5) a bheith caite nó, más rud é go bhfuil caingean tugtha os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh den tréimhse sin, amhail ón dáta a dhífear caingean den sórt sin nó ó dháta aon achomhairc a chomhdaítear leis an gCúirt Bhreithiúnais i gcoinne an chinnidh ón gCúirt Ghinearálta.”. |
(59) |
Leasaítear Airteagal 65 mar a leanas:
|
(60) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 65a Cumhachtaí a tharmligean Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 163 lena sonrófar:
|
(61) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Theideal VIII: “FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE CÓMHARCANNA AGUS MARCANNA DEIMHNIÚCHÁIN DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH”. |
(62) |
Cuirtear an ceannteideal roinne seo a leanas isteach roimh Airteagal 66:
Cómharcanna de chuid AE”. |
(63) |
In Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Beidh feidhm ag Teidil I go dtí Teideal VII agus ag Teideal IX go dtí Teideal XIV maidir le cómharcanna de chuid AE sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt leis an alt seo.”; |
(64) |
Leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:
|
(65) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 69: “Airteagal 69 Tuairimí ó thríú páirtithe I gcás ina gcuirtear tuairimí maidir le cómharc de chuid AE i scríbhinn faoi bhráid na hOifige de bhun Airteagal 40, féadfar na tuairimí sin a bhunú freisin ar na forais áirithe ar ar cheart an t-iarratas ar chómharc de chuid AE a dhiúltú de bhun Airteagal 68.”. |
(66) |
In Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Féadfar tuairimí i scríbhinn a tugadh i gcomhréir le hAirteagal 69 a chur isteach fosta maidir leis na rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid.”. |
(67) |
I dTeideal VIII, cuirtear an roinn seo a leanas leis:
Marcanna deimhniúcháin de chuid AE Airteagal 74a Marcanna deimhniúcháin de chuid AE 1. Is éard a bheidh i marc deimhniúcháin de chuid AE trádmharc de chuid AE a thuairiscítear sa chéill sin nuair a dhéantar iarratas ar an marc agus lena bhféadfar earraí nó seirbhísí, arna ndeimhniú ag dílseánach an mhairc, a idirdhealú i ndáil le hábhar, le modh monaraíochta na n-earraí nó feidhmíocht na seirbhísí, le cáilíocht, le cruinneas nó le saintréithe eile, seachas an tionscnamh geografach, ó earraí agus seirbhísí nach ndeimhnítear amhlaidh. 2. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear institiúidí, údaráis agus comhlachtaí a rialaítear le dlí poiblí, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar mharcanna deimhniúcháin de chuid AE ar choinníoll nach bhfuil gnó á dhéanamh ag duine den sórt sin lena ndéantar earraí nó seirbhísí den chineál atá le deimhniú a sholáthar. 3. Beidh feidhm ag Teidil I go dtí Teideal VII agus ag Teideal IX go dtí Teideal XIV maidir le marcanna deimhniúcháin de chuid AE sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt leis an Roinn seo. Airteagal 74b Rialacháin lena rialaítear úsáid mharc deimhniúcháin de chuid AE 1. Cuirfidh iarratasóir ar mharc deimhniúcháin de chuid AE rialacháin isteach laistigh de dhá mhí ón dáta comhdaithe, ar rialacháin iad lena rialaítear úsáid an mhairc dheimhniúcháin. 2. Sonrófar sna rialacháin, lena rialaítear úsáid, na daoine a údaraítear chun an marc a úsáid, na saintréithe a dheimhneofar leis an marc, an chaoi a dtástálfaidh an comhlacht deimhniúcháin na saintréithe sin agus an chaoi a maoirseoidh an comhlacht úsáid an mhairc. Sonrófar freisin sna rialacháin sin coinníollacha úsáide an mhairc, lena n-áirítear smachtbhannaí. 3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith sna rialacháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2). Airteagal 74c Diúltú don iarratas 1. De bhreis ar na forais le haghaidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE a dhiúltú, dá bhforáiltear in Airteagal 36 agus Airteagal 37, diúltófar d'iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE i gcás nach gcomhalltar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 74a agus Airteagal 74b, nó i gcás ina bhfuil na rialacháin lena rialaítear úsáid ar neamhréir le beartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan. 2. Diúltófar d'iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE freisin más rud é go bhféadfaí an pobal a chur amú maidir le saintréith nó sainbhrí an mhairc, go háirithe más dócha go samhlófaí rud leis seachas marc deimhniúcháin. 3. Ní dhiúltófar d'iarratas má chomhlíonann an t-iarratasóir ceanglais mhír 1 agus mhír 2, de thoradh ar leasú ar na rialacháin lena rialaítear úsáid. Airteagal 74d Tuairimí ó thríú páirtithe I gcás ina gcuirtear tuairimí ar mharc deimhniúcháin de chuid AE i scríbhinn faoi bhráid na hOifige de bhun Airteagal 40, féadfar na tuairimí sin a bheith bunaithe freisin ar na forais áirithe ar ar cheart go ndiúltófaí d'iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE de bhun Airteagal 74c. Airteagal 74e Úsáid an mhairc dheimhniúcháin de chuid AE Aon duine a úsáidfidh marc deimhniúcháin de chuid AE a bhfuil údarás aige lena úsáid i gcomhréir leis na rialacháin lena rialaítear úsáid dá dtagraítear in Airteagal 74b, sásóidh sé ceanglais an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil le húsáid trádmharcanna de chuid AE. Airteagal 74f Leasú a dhéanamh ar na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc 1. Cuirfidh dílseánach an mhairc dheimhniúcháin de chuid AE aon rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid faoi bhráid na hOifige. 2. Ní dhéanfar tagairt do leasuithe sa Chlár i gcás nach gcomhlíonann na rialacháin arna leasú ceanglais Airteagal 74b nó i gcás a bhfuil ceann d'fhorais lena dhiúltú dá dtagraítear in Airteagal 74c ag baint leis. 3. Féadfar tuairimí i scríbhinn i gcomhréir le Airteagal 74d a chur isteach fosta maidir leis na rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid. 4. Chun críocha an Rialacháin seo, ní bheidh éifeacht ag leasuithe ar na rialacháin lena rialaítear úsáid ach amháin ón dáta a gcuirfear an tagairt don leasú isteach sa Chlár. Airteagal 74g Aistriú De mhaolú ar Airteagal 17(1), ní fhéadfar marc deimhniúcháin de chuid AE a aistriú chuig duine dlítheanach ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh sé ceanglais Airteagal 74a(2). Airteagal 74h Daoine atá i dteideal caingean um shárú a thabhairt 1. Ní bheidh i dteideal caingean um shárú a thabhairt ach dílseánach mairc dheimhniúcháin de chuid AE nó aon duine a bheidh údaraithe go sonrach aige nó aici chuige sin. 2. Beidh dílseánach mairc dheimhniúcháin de chuid AE i dteideal cúiteamh a éileamh ar son daoine a mbeidh an t-údarás acu chun an marc a úsáid i gcás go bhfuil damáiste fulaingthe acu de dhroim úsáid neamhúdaraithe an mhairc. Airteagal 74i Forais le cúlghairm a dhéanamh De bhreis ar fhorais na cúlghairme dá bhforáiltear in Airteagal 51, cúlghairfear na cearta atá ag dílseánach mairc dheimhniúcháin de chuid AE, ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
Airteagal 74j Forais neamhbhailíochta De bhreis ar na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear in Airteagal 52 agus in Airteagal 53, dearbhófar go bhfuil marc deimhniúcháin de chuid AE a chláraítear de shárú ar Airteagal 74c neamhbhailí ar iarratas chuig an Oifig nó ar bhonn frithéilimh in imeachtaí um shárú, mura rud é go gcomhlíonann dílseánach an mhairc ceanglais Airteagal 74c, trí bhíthin na rialacháin lena rialaítear úsáid a leasú. Airteagal 74k Tiontú Gan dochar d'Airteagal 112(2), ní dhéanfar iarratas ar mharc deimhniúcháin de chuid AE ná marc deimhniúcháin de chuid AE atá cláraithe a thiontú i gcás nach bhforáiltear le dlí náisiúnta an Bhallstáit do chlárú marcanna ráthaíochta nó deimhniúcháin de bhun Airteagal 28 de Threoir… (**).”. |
(68) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75: “Airteagal 75 Cinntí agus teachtaireachtaí na hOifige 1. Luafar i gcinntí na hOifige na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Is ar chúiseanna agus fianaise amháin ar a raibh deis ag na páirtithe a gcuid tráchtanna a chur i láthair a bhunófar iad beag beann ar aon rud eile. I gcás ina dtionólfar imeachtaí béil os comhair na hOifige, féadfar an cinneadh a thabhairt ó bhéal. Ina dhiaidh sin, cuirfear an cinneadh in iúl i scríbhinn do na páirtithe. 2. Léireofar roinn nó rannóg na hOifige in aon chinneadh, aon teachtaireacht nó aon fhógra ón Oifig mar aon le hainm an oifigigh nó ainmneacha na n-oifigeach atá ina gcúram. Beidh síniú an oifigigh sin nó na n-oifigeach sin orthu, nó, in ionad sínithe, beidh séala clóite nó stampáilte na hOifige orthu. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfar úsáid a bhaint as modhanna eile chun roinn nó rannóg na hOifige agus ainm an oifigigh nó na n-oifigeach atá freagrach a shainaithint, nó úsáid a bhaint as sainaithint seachas séala, i gcás ina dtarchuirtear cinntí, teachtaireachtaí nó fógraí ón Oifig le facs nó le haon mhodhanna teicniúla cumarsáide eile. 3. Cinntí de chuid na hOifige ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith, beidh teachtaireacht i scríbhinn ag gabháil leo le cur in iúl go bhfuil aon fhógra achomhairc le comhdú i scríbhinn leis an Oifig laistigh de dhá mhí ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh i dtrácht. Tarraingeofar aird na bpáirtithe freisin, sa teachtaireacht sin, ar na forálacha a leagtar síos in Airteagal 58, in Airteagal 59 agus in Airteagal 60. Ní fhéadfaidh na páirtithe a phléadáil nár chuir an Oifig in iúl go raibh imeachtaí achomharc ar fáil.”. |
(69) |
In Airteagal 76(1), cuirtear an abairt seo a leanas leis: “Le linn imeachtaí neamhbhailíochta a thionscnaítear de bhun Airteagal 52, cloífidh an Oifig ina scrúdú leis na forais agus leis na hargóintí a thíolacann na páirtithe.”. |
(70) |
In Airteagal 77, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “4. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear na socruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí ó bhéal, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le teangacha a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 119.” |
(71) |
Leasaítear Airteagal 78 mar a leanas:
|
(72) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79: “Airteagal 79 Fógra a thabhairt 1. Déanfaidh an Oifig, mar chuid den ghnáthchleachtas, fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann faoi chinntí agus faoi thoghairmeacha agus faoi aon fhógra nó aon teachtaireacht eile as a gceaptar teorainn ama, nó a bhfuiltear le fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann ina leith faoi fhorálacha eile de chuid an Rialacháin seo nó de chuid gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, nó ar ordaigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra a thabhairt ina leith. 2. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh cé acu doiciméid a dtabharfar fógra ina leith trí litir chláraithe a mbeidh admháil seachadta léi, cé is moite de na cinntí sin atá faoi réir teorann ama le haghaidh achomhairc agus toghairmeacha. 3. Féadfar an fógra a thabhairt ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí mheán leictreonach. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinnfidh na mionsonraí maidir le meán leictreonach. 4. I gcás ina bhfuil an fógra le tabhairt mar fhógra poiblí, cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an chaoi a dtabharfar an fógra poiblí agus socróidh sé an dáta a dtosóidh an tréimhse míosa agus ar dhul in éag na tréimhse sin measfar go mbeidh fógra tugtha maidir leis an doiciméad. 5. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear na socruithe mionsonraithe maidir le fógra a thabhairt.”. |
(73) |
Cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 79a Caillteanas ceart a fhógairt I gcás ina gcinnfidh an Oifig go gcailltear aon chearta de dheasca an Rialacháin seo nó de dheasca gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun an Rialacháin seo agus gan aon chinneadh a bheith glactha, déanfaidh sí é sin a chur in iúl don duine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 79. Féadfaidh an duine sin cinneadh a iarraidh maidir leis an ábhar laistigh de dhá mhí tar éis fhógairt na teachtaireachta, má mheastar don duine sin gur cinneadh mícheart é cinneadh na hOifige. Ní ghlacfaidh an Oifig cinneadh den sórt sin ach amháin i gcás nach n-aontaíonn sé leis an duine a bhíonn á iarraidh; murach sin déanfaidh an Oifig a cinneadh a leasú agus cuirfidh sí an duine a iarrann an cinneadh ar an eolas faoi. Airteagal 79b Teachtaireachtaí chuig an Oifig 1. Féadfar teachtaireachtaí a dhírítear ar an Oifig a sheoladh go leictreonach. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh maidir lena mhéid agus is féidir na teachtaireachtaí sin a thaisceadh go leictreonach agus maidir leis na coinníollacha teicniúla faoina dtaiscfear iad. 2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163(a) lena sonraítear na rialacha maidir leis na modhanna cumarsáide, lena n-áirítear na modhanna leictreonacha cumarsáide, a úsáidfidh na páirtithe in imeachtaí os comhair na hOifige agus na foirmeacha a chuirfidh an Oifig ar fáil. Airteagal 79c Teorainneacha Ama 1. Is i dtéarmaí blianta iomlána, míonna, seachtainí nó laethanta a leagfar síos teorainneacha ama. Tosófar an ríomh an lá i ndiaidh an lae ar tharla an t-imeacht ábhartha. Ní bheidh fad na dteorainneacha ama níos lú ná aon mhí amháin agus ní bheidh sé níos mó ná sé mhí. 2. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh thosach gach bliana féilire, na laethanta nach mbeidh an Oifig ar oscailt chun doiciméid a fháil nó nach ndéanfar gnáthphost a sheachadadh sa cheantar ina bhfuil an Oifig suite. 3. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fad thréimhse an bhriste i gcás briseadh ginearálta maidir le post a sheachadadh sa Bhallstát ina bhfuil an Oifig suite nó i gcás briseadh iarbhír ar nasc na hOifige le modhanna leictreonacha cumarsáide atá inghlactha. 4. Más rud é, de dhroim tarlú eisceachtúil amhail tubaiste nádúrtha nó stailc, go mbristear cumarsáid chuí nó go gcuirtear isteach ar chumarsáid chuí ó na páirtithe sna himeachtaí chuig an Oifig nó vice-versa, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, maidir leis na páirtithe uile sna himeachtaí a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát lena mbaineann nó a bhfuil a n-oifig cláraithe suite sa Bhallstát sin, nó a bhfuil ionadaí ceaptha acu agus áit ghnó aige sa Bhallstát lena mbaineann, go cuirfear fadú go dtí dáta a shocróidh sé féin le gach teorainn ama a rachadh in éag murach sin an lá a dtosaíonn tarlú den sórt sin nó ina dhiaidh sin, ar teorainneacha ama iad a shocróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Agus an dáta sin á chinneadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an té sin measúnú ar cathain a thiocfaidh deireadh leis an tarlú eisceachtúil. Más rud é go dtéann an tarlú i bhfeidhm ar cheanncheathrú na hOifige, sonrófar sa chinneadh sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil feidhm aige i ndáil le gach páirtí sna himeachtaí. 5. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear na mionsonraí maidir le ríomh agus le fad na dteorainneacha ama. Airteagal 79d Earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú 1. Ceartóidh an Oifig, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do pháirtí, aon earráidí teanga nó aon earráidí tras-scríofa agus aon dearmaid fhollasacha i gcinntí na hOifige nó earráidí teicniúla is inchurtha ina leith agus an trádmharc á chlárú aici nó agus an clárú á fhoilsiú aici. 2. I gcás inarb é an dílseánach a iarrann go ndéanfar earráidí i gclárú an trádmhairc nó i bhfoilsiú an chlárúcháin a cheartú, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 48a. 3. Foilseoidh an Oifig na ceartúcháin a dhéantar ar earráidí i gclárú an trádmhairc agus i bhfoilsiú an chlárúcháin.”. |
(74) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 80: “Airteagal 80 Cinntí a chúlgairm 1. I gcás ina mbeidh iontráil sa Chlár déanta ag an Oifig nó i gcás ina mbeidh cinneadh glactha aici ina bhfuil earráid fhollasach is inchurtha i leith na hOifige, áiritheoidh sí go gcealófar an iontráil nó go gcúlghairfear an cinneadh. I gcás nach mbeidh ach páirtí amháin sna himeachtaí agus go ndéanfaidh an iontráil nó an gníomh difear dá chearta, cinnfear cealú nó cúlghairm fiú mura raibh an earráid soiléir don pháirtí. 2. Déanfaidh an roinn a rinne an iontráil nó a ghlac an cinneadh cealú nó cúlghairm dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh ex officio nó arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe sna himeachtaí. Déanfar an iontráil sa Chlár a chealú nó an cinneadh a chúlghairm laistigh de bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an iontráil sa Chlár nó ar glacadh an cinneadh sin, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sna himeachtaí agus le haon dílseánach a bhfuil cearta aige maidir leis an trádmharc de chuid AE i dtrácht a chuirtear isteach sa Chlár. Coimeádfaidh an Oifig taifead d'aon chealú nó d'aon chúlghairm den sórt sin. 3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear an nós imeachta maidir le cinneadh a chúlghairm nó maidir le hiontráil sa Chlár a chealú. 4. Beidh an tAirteagal sin gan dochar do cheart na bpáirtithe achomharc a chur isteach faoi Airteagal 58 agus faoi Airteagal 65, nó don fhéidearthacht earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú faoi Airteagal 79d. I gcás ina bhfuil achomharc curtha i gcomhad i gcoinne cinneadh ón Oifig a bhfuil earráid ann, beidh na himeachtaí achomhairc in éagmais aon chuspóra tráth a ndéanfaidh an Oifig a cinneadh a chúlghairm de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Sa chás deireanach sin, cúiteofar táille an achomhairc leis an achomharcóir.”. |
(75) |
Leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:
|
(76) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 82a Na himeachtaí a bhriseadh 1. Brisfear na himeachtaí atá os comhair na hOifige:
2. Athchromfar ar imeachtaí os comhair na hOifige a luaithe a shuífear céannacht an duine arna údarú chun leanúint díobh. 3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonraítear socruithe mionsonraithe maidir leis na himeachtaí a atosú os comhair na hOifige.”. |
(77) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 83: “Airteagal 83 Tagairt do phrionsabail ghinearálta In éagmais forálacha nós imeachta sa Rialachán seo nó i ngníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, cuirfidh an Oifig san áireamh prionsabail an dlí nós imeachta a aithnítear go ginearálta sna Ballstáit.”. |
(78) |
Leasaítear Airteagal 85 mar a leanas:
|
(79) |
In Airteagal 86(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: “Ainmneoidh gach Ballstát údarás aonair a bheidh freagrach as barántúlacht an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú agus cuirfidh sé a chuid sonraí teagmhála in iúl don Oifig, don Chúirt Bhreithiúnais agus don Choimisiún. Cuirfidh an t-údarás sin an t-ordú maidir leis an gcinneadh a fhorghníomhú i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile seachas fíorú bharántúlacht an chinnidh.”. |
(80) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 87: “Airteagal 87 Clár de Thrádmharcanna AE 1. Coimeádfaidh an Oifig Clár de thrádmharcanna AE a choimeádfaidh sí cothrom le dáta. 2. Cuimseofar leis an gClár na hiontrálacha seo a leanas a bhaineann le hiarratais ar thrádmharc de chuid AE agus le cláruithe trádmhairc de chuid AE:
3. Beidh na hiontrálacha seo a leanas freisin sa Chlár, agus an dáta ar taifeadadh iontráil den sórt sin ag gabháil le gach iontráil:
4. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhfuil nithe seachas na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo le cur isteach sa Chlár, faoi réir Airteagal 123(4). 5. Féadfar an Clár a choimeád i bhfoirm leictreonach. Déanfaidh an Oifig na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a bhailiú, a eagrú, a phoibliú agus a stóráil, lena n-áirítear sonraí pearsanta, chun na gcríoch a leagtar síos i mír 9. Déanfaidh an Oifig an Clár a choimeád ar shlí ina mbeidh an pobal in ann teacht air go réidh ar mhaithe lena iniúchadh. 6. Cuirfear dílseánach an trádmhairc sin de chuid AE ar an eolas maidir le haon athrú sa Chlár. 7. Soláthróidh an Oifig sleachta deimhnithe nó neamhdheimhnithe ón gClár arna iarraidh sin agus tar éis táille a íoc. 8. Déanfar na sonraí a bhaineann leis na hiontrálacha a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
9. Is chun leas an phobail a mheasfar gurb iad na sonraí go léir, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bhaineann leis na hiontrálacha i mír 2 agus le mír 3 agus beidh teacht ag gach tríú páirtí orthu. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, coinneofar na hiontrálacha sa Chlár ar feadh tréimhse éiginnte.”. |
(81) |
Cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 87a Bunachar sonraí 1. De bhreis ar an oibleagáid Clár de réir bhrí Airteagal 87 a choinneáil, baileoidh an Oifig na sonraí go léir a sholáthair iarratasóirí nó aon pháirtí eile sna himeachtaí faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha a ghlacfar dá bhun agus coinneoidh sí i mbunachar leictreonach sonraí iad. 2. Féadfar go n-gcuimseofar sonraí pearsanta leis an mbunachar sonraí, thar na sonraí a chuimsítear leis an gClár de bhun Airteagal 87, sa mhéid go mbíonn gá le sonraí den sórt sin faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha a ghlacfar dá bhun. Déanfar na sonraí sin a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
3. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na coinníollacha maidir le rochtain ar an mbunachar sonraí leictreonach agus maidir leis an dóigh a ndéanfar a inneachar, seachas na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach lena n-áirítear na sonraí sin a liostaítear in Airteagal 87, a chur ar fáil i bhfoirm mheaisín-inléite, lena n-áirítear an táille ar rochtain den sórt sin. 4. Déanfar rochtain ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 a theorannú agus ní dhéanfar sonraí den sórt sin a chur ar fáil go poiblí ach amháin le toiliú sainráite an pháirtí lena mbaineann. 5. Coinneofar na sonraí go léir ar feadh tréimhse éiginnte. Féadfaidh an páirtí lena mbaineann a iarraidh go mbainfí sonraí pearsanta ar bith den bhunachar sonraí, áfach, tar éis 18 mí ó dhul in éag an trádmhairc nó ó chlabhsúr an nós imeachta inter partes ábhartha. Beidh sé de cheart ag an bpáirtí lena mbaineann go gceartófar sonraí míchruinne nó míchearta tráth ar bith. Airteagal 87b Rochtain ar líne ar chinntí 1. Cuirfear cinntí na hOifige ar fáil ar líne mar fhaisnéis agus mar chomhairle don phobal i gcoitinne ar mhaithe le trédhearcacht agus le hintuarthacht. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí, ar glacadh an cinneadh dá mbarr, a iarraidh go mbainfí aon sonraí pearsanta a chumhdaítear leis an gcinneadh. 2. Féadfaidh an Oifig breithiúnais na gcúirteanna náisiúnta agus chúirteanna an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil ar líne, ar breithiúnais iad a bhaineann lena cúraimí chun feasacht an phobail a mhúscailt faoi ábhar maidir le maoin intleachtúil agus coinbhéirseacht chleachtas a chur chun cinn. Urramóidh an Oifig coinníollacha an fhoilsithe thosaigh i ndáil le sonraí pearsanta.” |
(82) |
Leasaítear Airteagal 88 mar a leanas:
|
(83) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 88a Coimeád comhad 1. Coimeádfaidh an Oifig comhaid aon nós imeachta a bhaineann le hiarratas ar thrádmharc nó clárú trádmhairc de chuid AE. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin bhfoirm a gcoimeádfar na comhaid sin inti. 2. I gcás ina gcoimeádfar na comhaid i bhformáid leictreonach, coimeádfar na comhaid leictreonacha, nó na cóipeanna cúltaca díobh, thar thréimhse éiginnte. Déanfar na doiciméid bhunaidh a chuireann na páirtithe sna himeachtaí i gcomhad agus atá mar bhonn do na comhaid leictreonacha sin a dhiúscairt i ndiaidh tréimhse tar éis a ghlacfaidh an Oifig iad, agus saineoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tréimhse sin. 3. I gcás ina gcoimeádfar, agus a mhéid a choimeádfar, comhaid nó codanna de na comhaid sin i bhfoirm nach foirm leictreonach í, coinneofar doiciméid nó ítimí fianaise ar cuid de na comhaid sin iad ar feadh cúig bliana ar a laghad ó dheireadh na bliana ina ndiúltaítear an t-iarratas nó ina ndéanfar é a aistarraingt nó ina meastar an t-iarratas a bheith aistarraingthe, rachaidh clárú an trádmhairc sin de chuid AE in éag go hiomlán de bhun Airteagal 47, cláraítear an tabhairt suas iomlán den trádmharc de chuid AE de bhun Airteagal 50, nó bainfear an trádmharc sin de chuid AE go hiomlán den Chlár de bhun Airteagal 57(6) nó Airteagal 100(6).”. |
(84) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 89: “Airteagal 89 Foilseacháin thréimhsiúla 1. Seo a leanas a fhoilseoidh an Oifig go tréimhsiúil:
Féadfar na foilseacháin dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a thabhairt i gcrích trí mhodhanna leictreonacha. 2. Is ar bhealach agus ar mhinicíocht a chinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhoilseofar Feasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh. 3. Foilseofar an Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha na hOifige. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, áfach, go bhfoilseofar míreanna áirithe in Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. 4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”. |
(85) |
Leasaítear Airteagal 90 mar a leanas:
|
(86) |
In Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 go mír 4: “2. Gan dochar don dara habairt de mhír 3 den Airteagal seo, déanfar ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach bhfuil sainchónaí orthu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch os comhair na hOifige i gcomhréir le hAirteagal 93(1) sna himeachtaí go léir dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, seachas maidir le hiarratas ar thrádmharc de chuid AE a chomhdú. 3. Féadfaidh fostaí ionadaíocht a dhéanamh os comhair na hOifige ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil sainchónaí orthu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Féadfaidh fostaí duine dhlítheanaigh lena mbaineann an mhír seo ionadaíocht a dhéanamh freisin ar dhaoine dlítheanacha eile a bhfuil naisc eacnamaíocha acu leis an gcéad duine dlítheanach, fiú mura bhfuil sainchónaí ar na daoine dlítheanacha sin sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Déanfaidh fostaithe a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine, de réir bhrí na míre seo, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí sna himeachtaí, údarú sínithe a chomhdú léi, ar údarú é atá le cur isteach sna comhaid. 4. I gcás ina bhfuil níos mó ná iarratasóir amháin nó níos mó ná tríú páirtí amháin ag gníomhú i gcomhpháirt, ceapfar ionadaí coiteann.”. |
(87) |
Leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:
|
(88) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 93a Cumhachtaí a tharmligean Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a agus an méid seo a leanas á shonrú aige:
|
(89) |
I dTeideal X, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 1: “Cur i bhfeidhm rialacha Aontais ar dhlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála”. |
(90) |
Leasaítear Airteagal 94 mar a leanas:
|
(91) |
In Airteagal 96(c), cuirtear “Airteagal 9b(2)” in ionad “Airteagal 9(3), an dara habairt”. |
(92) |
In Airteagal 99, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Sna gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 96, beidh pléadáil a bhaineann le cúlghairm an trádmhairc sin de chuid AE arna cur isteach ar bhealach eile seachas trí fhrithéileamh inghlactha i gcás ina maíonn an cosantóir go bhféadfaí an trádmharc sin de chuid AE a aisghairm mar thoradh ar easpa fíorúsáide ag an am nuair a tógadh an chaingean um shárú.”. |
(93) |
Leasaítear Airteagal 100 mar a leanas:
|
(94) |
In Airteagal 101, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Cuirfidh an chúirt ábhartha um thrádmharcanna de chuid AE an dlí náisiúnta is infheidhme i bhfeidhm maidir le gach ábhar trádmhairc nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo.”. |
(95) |
In Airteagal 102, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Chomh maith leis sin, féadfaidh an chúirt um thrádmharcanna de chuid AE bearta nó orduithe atá ar fáil faoin dlí is infheidhme agus a mheasann sí a bheith iomchuí i gcúinsí an cháis a chur i bhfeidhm.”. |
(96) |
Scriostar Airteagal 108. |
(97) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 113: “Airteagal 113 Iarraidh ar thiontú a chur isteach, a fhoilsiú agus a tharchur 1. Déanfar iarraidh ar thiontú a chomhdú leis an Oifig laistigh den tréimhse iomchuí de bhun Airteagal 112(4), (5) nó (6), agus áireofar air léiriú ar na forais leis an tiontú i gcomhréir le hAirteagal 112(1)(a) nó (b), na Ballstáit a n-iarrtar an tiontú ina leith, agus na hearraí agus na seirbhísí atá faoi réir tiontaithe. Nuair a dhéantar iarraidh ar thiontú tar éis a mhainnítear an clárú a athnuachan, cuirfear tús leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear in Airteagal 112(5) an lá tar éis an lae dheiridh ar a bhféadfaí an iarraidh ar athnuachan a chur i láthair de bhun Airteagal 47(3). Measfar nach mbeidh an iarraidh ar thiontú comhdaithe go dtí go mbeidh an táille tiontaithe íoctha. 2. I gcás ina mbaineann an iarraidh ar thiontú le hiarratas ar thrádmharc de chuid AE atá foilsithe cheana nó i gcás ina mbaineann an iarraidh ar thiontú le trádmharc de chuid AE, déanfar aon iarraidh mar sin a fhaightear a thaifeadadh sa Chlár agus déanfar an iarraidh ar thiontú a fhoilsiú. 3. Seiceálfaidh an Oifig an gcomhlíonann an tiontú a iarradh na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe Airteagal 112(1), (2), (4), (5) agus (6), agus mír 1 den Airteagal seo, in éineacht leis na coinníollacha foirmiúla a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Mura gcomhlíontar na coinníollacha lena rialaítear an iarraidh, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh ar thiontú. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 112(2), diúltóidh an Oifig an iarraidh ar thiontú ar an mbonn go bhfuil sí neamh-inghlactha i ngach cás seachas maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil tiontú eisiata ina leith faoin bhforáil sin. I gcás nár íocadh an táille thiontaithe laistigh den tréimhse ábhartha trí mhí de bhun Airteagal 112(4), (5) nó (6), cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir nach meastar go ndearnadh an iarraidh ar thiontú a chomhdú. 4. Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais trí thagairt do theanga Bhallstáit, eisiafar tiontú faoi Airteagal 112(2) i gcás na mBallstát uile a bhfuil an teanga sin mar cheann de na teangacha oifigiúla acu. Más rud é gur dhiúltaigh an Oifig nó cúirt um thrádmharcanna de chuid AE an t-iarratas ar thrádmharc de chuid AE nó gur dhearbhaigh sí go bhfuil an trádmharc de chuid AE neamhbhailí ar dhearbhfhorais a bhfaightear amach ina leith go bhfuil siad atá i bhfeidhm ar fud an Aontais nó mar gheall ar thrádmharc níos luaithe de chuid AE nó ceart maoine intleachtúla eile de chuid an Aontais, eisiafar tiontú faoi Airteagal 112(2) i gcás na mBallstát uile. 5. I gcás ina gcomhlíonann an iarraidh ar thiontú na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tarchuirfidh an Oifig an iarraidh ar thiontú agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 84(2) chuig lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, a measadh an iarraidh a bheith inghlactha ina leith. Cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas maidir le dáta an tarchurtha. 6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”. |
(98) |
In Airteagal 114, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Ní bheidh iarratas ar thrádmharc de chuid AE ná trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a tharchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 113 faoi réir cheanglais fhoirmiúla an dlí náisiúnta atá éagsúil ó na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó sna gníomhartha a ghlactar de bhun an Rialacháin seo nó atá sa bhreis ar na ceanglais sin.”. |
(99) |
In Airteagal 115(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: “Is Gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh san Oifig.”. |
(100) |
In Airteagal 116, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an Oifig úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta iasachta nó baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Oifig. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Oifig.”. |
(101) |
In Airteagal 117, cuirtear “don Oifig agus dá baill foirne” in ionad na bhfocal “don Oifig”. |
(102) |
Leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:
|
(103) |
In Airteagal 120(1), cuirtear “gníomh arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo” in ionad na bhfocal “an Rialachán Cur Chun Feidhme”. |
(104) |
Scriostar Airteagal 122. |
(105) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 123: “Airteagal 123 Trédhearcacht 1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (****) maidir le doiciméid a choimeádann an Oifig. 2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha sonracha chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm. 3. Is féidir agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí a dhéanann an Oifig faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 tríd an Ombudsman Eorpach nó féadfaidh siad bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 faoi seach den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 4. Beidh próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Oifig faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*****). (****) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43)." (*****) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).”." |
(106) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 123a Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint Cuirfidh an Oifig na prionsabail slándála i bhfeidhm a chuimsítear i rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (******) agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (*******). Clúdóidh na prionsabail slándála, inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil. (******) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41)." (*******) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).”." |
(107) |
I dTeideal XII, cuirtear an roinn seo a leanas isteach:
Cúraimí na hOifige agus comhar chun coinbhéirseacht a chur chun cinn Airteagal 123b Cúraimí na hOifige 1. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Oifig:
2. Oibreoidh an Oifig i gcomhar le hinstitiúidí, le húdaráis, le comhlachtaí, le hoifigí maoine tionsclaíche, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí neamhrialtais maidir leis na cúraimí a thugtar dó i mír 1. 3. Féadfaidh an Oifig seirbhísí idirghabhála a chur ar fáil ar bhonn deonach chun cabhrú le páirtithe teacht ar réiteach cairdiúil. Airteagal 123c Comhar chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn 1. Oibreoidh an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil i gcomhar lena chéile chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí i réimsí na dtrádmharcanna agus na ndearthaí a chur chun cinn. Gan dochar do mhír 3, clúdófar go háirithe na réimsí gníomhaíochta seo a leanas leis an gcomhar sin:
2. Ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta tionscadail a shainiú agus a chomhordú, ar spéis leis an Aontas agus na Ballstáit iad maidir leis na réimsí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 6 agus iarrfaidh sé ar oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil páirt a ghlacadh sna tionscadail sin. Cuimseoidh an sainmhíniú ar an tionscadal oibleagáidí agus freagrachtaí sonracha gach oifig maoine tionsclaíche rannpháirteach de chuid na mBallstát, Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil agus na hOifige. Rachaidh an Oifig i gcomhairle le hionadaithe na n-úsáideoirí go háirithe sna céimeanna a bhaineann le sainmhíniú na dtionscadal agus leis an meastóireacht ar a dtorthaí. 3. Féadfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil diúltú a bheith páirteach ina gcomhar sna tionscadail dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2, nó an comhar sin a theorannú nó a chur ar fionraí go sealadach. Agus úsáid á baint acu as na deiseanna dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, tabharfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil ráiteas i scríbhinn don Oifig ina míneofar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin uathu. 4. Agus iad meáite ar a bheith rannpháirteach i dtionscadail áirithe, glacfaidh oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, gan dochar do mhír 3, ról éifeachtach sna tionscadail dá dtagraítear i mír 2 d'fhonn a áirithiú go ndéantar iad a fhorbairt, go bhfeidhmíonn siad agus go bhfuil siad idir-inoibritheach, agus go gcoimeádfar iad cothrom le dáta. 5. Cuirfidh an Oifig tacaíocht airgeadais ar fáil do thionscadail dá dtagraítear i mír 2 a mhéid is gá chun rannpháirtíocht éifeachtach oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil sna tionscadail sin a áirithiú, chun críocha mhír 4. Féadfaidh an tacaíocht airgeadais a bheith i bhfoirm deontas agus ina ranníocaíochtaí comhchineáil. Ní sháróidh méid iomlán an mhaoiniúcháin 15 % d'ioncam bliantúil na hOifige. Is iad oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil tairbhithe na ndeontas. Féadfar deontais a bhronnadh gan ghlaonna ar thograí i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme don Oifig agus i gcomhréir le prionsabail na nósanna imeachta deontais atá i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***********) agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 (************) ón gCoimisiún. 6. Comhoibreoidh an Oifig agus údaráis ábhartha inniúla na mBallstáit le chéile ar bhonn deonach chun múscailt feasachta a chur chun cinn maidir leis an gcóras trádmhairc agus an comhrac i gcoinne an ghóchumtha. Aireofar i gcomhar den sórt sin tionscadail a dhíríonn, go háirithe, ar chur chun feidhme caighdeán agus cleachtas seanbhunaithe agus ar ghníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna a eagrú. Beidh an tacaíocht airgeadais do na tionscadail sin ina cuid den mhéid iomlán maoiniúcháin dá dtagraítear i mír 5. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 go mír 5. (********) Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1)." (*********) Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1)." (**********) Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí áirithe a cheadaítear i leith saothar dílleachta (IO L 299, 27.10.2012, lch. 5)." (***********) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1)." (************) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).”." |
(108) |
I dTeideal XII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 2 agus Roinn 3:
Bord Bainistíochta Airteagal 124 Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta 1. Gan dochar d'fheidhmeanna an Choiste um an mBuiséad i Roinn 5, beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an mBord Bainistíochta:
2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, de réir Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 142 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, cinneadh atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, chun cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na coinníollacha a shainiú faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí údaráis cheapacháin sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean. Nuair is gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean aige, a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Airteagal 125 Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta 1. Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta d'ionadaí amháin ó gach Ballstát, de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún agus d'ionadaí amháin ó Pharlaimint na hEorpa, chomh maith lena gcomhaltaí malartacha faoi seach. 2. Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, faoi réir a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Airteagal 126 Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta 1. Toghfaidh an Bord Bainistíochta cathaoirleach agus leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an leaschathaoirleach ionad an chathaoirligh ex officio más rud é nach féidir leis an gcathaoirleach a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh. 2. Ceithre bliana a bheidh i dtéarmaí oifige an chathaoirligh agus an leaschathaoirligh. Féadfar na tréimhsí oifige a athnuachan aon uair amháin. Más amhlaidh, áfach, go dtagann deireadh lena gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta aon uair le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathrialach ar an dáta sin freisin. Airteagal 127 Cruinnithe 1. Is é cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a thionólfaidh a chuid cruinnithe. 2. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sna díospóireachtaí, ach amháin i gcás ina gcinneann an Bord Bainistíochta a mhalairt. 3. Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Bainistíochta ar a laghad uair amháin sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh a chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó d'aon trian de na Ballstáit. 4. Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha nós imeachta. 5. Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chuid cinntí trí thromlach glan dá chuid comhaltaí. Beidh tromlach de dhá thrian dá chomhaltaí ag teastáil, áfach, le haghaidh na gcinntí a chumhachtófar an Bord Bainistíochta a ghlacadh faoi Airteagal 124(1)(a) agus (b), Airteagal 126(1) agus Airteagal 129(2) agus (4). Sá dá chás sin beidh aon vóta amháin ag ceachtar comhalta. 6. Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí freastal ar a chuid cruinnithe. 7. Is í an Oifig a sholáthróidh an Rúnaíocht don Bhord Bainistíochta.
An Stiúrthóir Feidhmiúcháin Airteagal 128 Feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin 1. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin bainistíocht ar an Oifig. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta. 2. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Choiste um an mBuiséad, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas agus ní iarrfaidh ná ní thógfaidh sé nó sí treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile. 3. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh mar ionadaí dlíthiúil na hOifige. 4. Beidh na feidhmeanna seo a leanas ach go háirithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bhféadfaí iad a tharmligean:
5. Cabhróidh Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin nó níos mó leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbíonn sé nó sí ar fáil, rachaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó duine amháin de na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ina ionad nó ina hionad i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos ag an mBord Bainistíochta. Airteagal 129 An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus a chur as oifig agus tréimhse oifige a shíneadh 1. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach de chuid na hOifige faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile. 2. Ceapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Bord Bainistíochta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Sula gceapfar é, féadfar iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh roimh aon choiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna óna chomhaltaí a fhreagairt. Chun críocha an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an Oifig. Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón gComhairle ag gníomhú dó ar thogra ón mBord Bainistíochta. 3. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Bord Bainistíochta faoi mheasúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin mar aon le cúraimí agus dúshláin na hOifige amach anseo. 4. Féadfaidh an Chomhairle tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh aon uair amháin agus go ceann cúig bliana ar a mhéad, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh aici. 5. Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh an téarma oifige fhoriomláin atá aige nó aici. 6. Ceapfar nó cuirfear as oifig an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin mar a fhoráiltear dó i mír 2, tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, nuair is infheidhme, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tofa. Cúig bliana a bheidh i dtréimhse oifige an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Chomhairle an téarma a shíneadh aon uair amháin go cúig bliana ar a mhéad, tar éis dul i gcomhairle leis an Leas-Stiúrthóir.”; |
(109) |
Leasaítear Airteagal 130 mar a leanas:
|
(110) |
In Airteagal 131, cuirtear “Airteagail 36, 37, 68 agus 74d” in ionad na tagartha do “Airteagal 36, Airteagal 37 agus Airteagal 68”. |
(111) |
In Airteagal 132, leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
(112) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 133: “Airteagal 133 Roinn atá i bhfeighil ar an gClár a choimeád 1. Beidh an Roinn atá i bhfeighil ar an gClár freagrach as cinntí a ghlacadh i dtaobh iontrálacha sa Chlár. 2. Beidh sí freagrach freisin as an liosta d'ionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 93(2) a choimeád. 3. Glacfaidh comhalta aonair cinntí na Roinne.”. |
(113) |
Leasaítear Airteagal 134 mar a leanas:
|
(114) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 134a Inniúlacht Ghinearálta Maidir le cinntí atá ina gceangal faoin Rialachán seo agus nach dtagann faoi inniúlacht scrúdaitheora, Rannáin Fhreasúra, Rannáin Chealúcháin nó na Roinne a bheidh i bhfeighil ar an gClár, glacfaidh aon oifigeach nó aon aonad atá ceaptha ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na críche sin iad.”. |
(115) |
Leasaítear Airteagal 135 mar a leanas:
|
(116) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 136: “Airteagal 136 Neamhspleáchas chomhaltaí na mBord Achomhairc 1. Ceapfar Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 129 um cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ar feadh téarma cúig bliana. Ní chuirfear as oifig iad le linn an téarma sin, ach amháin má tá cúiseanna tromchúiseacha ann le déanamh amhlaidh agus má ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón institiúid a cheap iad, cinneadh chuige sin. 2. Féadfar téarma oifige Uachtarán na mBord Achomhairc a shíneadh uair amháin ar feadh aon tréimhse bhreise amháin de chúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a fheidhmíocht nó ar a feidhmíocht roimhe sin. 3. Féadfar téarma oifige chathaoirligh na mBord a shíneadh ar feadh tréimhsí breise cúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht roimhe sin, agus tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na mBord Achomhairc. 4. Beidh na feidhmeanna bainistithe agus eagrúcháin seo a leanas ag Uachtarán na mBord Achomhairc:
Is é Uachtarán na mBord Achomhairc a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Ard-Bhord. 5. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí na mBord Achomhairc ar feadh téarma cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a shíneadh ar feadh tréimhsí breise cúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis don Bhord Bainistíochta meastóireacht dhearfach a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht roimhe sin, agus tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na mBord Achomhairc. 6. Ní chuirfear comhaltaí na mBord Achomhairc as oifig ach amháin má tá cúiseanna tromchúiseacha lena dhéanamh agus má ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh chuige sin tar éis don Bhord Bainistíochta an cás a chur faoina bráid ar mholadh ó Uachtarán na mBord Achomhairc, agus tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an Bhoird a bhfuil an comhalta lena mbaineann air. 7. Beidh Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh agus comhaltaí na mBord Achomhairc neamhspleách. Ní bheidh siad faoi réir treoracha ar bith agus cinntí á nglacadh acu. 8. Beidh cinntí a ghlacfaidh an tArd-Bhord maidir le hachomhairc nó tuairimí faoi cheisteanna dlí a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid de bhun Airteagal 135 ina gceangal ar chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige dá dtagraítear in Airteagal 130. 9. Ní bheidh Uachtarán na mBord Achomhairc ná cathaoirligh ná comhaltaí na mBord Achomhairc ina scrúdaitheoirí ná ina gcomhaltaí de na Rannáin Fhreasúra, den Roinn atá i bhfeighil ar an gClár ná de na Rannáin Chealúcháin.”. |
(117) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 136a Praesidium na mBord Achomhairc agus Praesidium an Ard-Bhoird 1. Is iad a bheidh sa Praesidium Uachtarán na mBord Achomhairc, a dhéanfaidh cathaoirleacht air, cathaoirligh na mBord agus comhaltaí an Bhoird a thoghfaidh comhaltaí go léir na mBord as measc na gcomhaltaí sin, seachas Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord, do gach bliain féilire. Aon cheathrú de líon na gcomhaltaí Boird, seachas Uachtarán na mBord Achomhairc, agus cathaoirligh na mBord, a thoghfar mar chomhaltaí ar an mBord ar an mbealach sin, agus déanfar an líon sin a shlánú suas más gá. 2. Naonúr comhaltaí a bheidh ar an Ard-Bhord dá dtagraítear in Airteagal 135(2), lena n-áirítear Uachtarán na mBord Achomhairc, cathaoirligh na mBord, an rapóirtéir a ainmníodh sula ndearnadh é a tharchur chuig an Ard-Bhord, más infheidhme, agus comhaltaí a thógfar trí rothlú ó liosta ar a bhfuil ainmneacha chomhaltaí uile na mBord Achomhairc seachas Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh na mBord.”. |
(118) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 136b Cumhachtaí a tharmligean Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonrófar na mionsonraí a bhaineann le heagrú na mBord Achomharc, lena n-áirítear bunú agus ról an Praesidium, comhdhéanamh an Ard-Bhoird agus na rialacha faoi chásanna a tharchur chuige, agus na coinníollacha faoina bhfuil comhalta aonair le cinntí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 135(2) agus (5).” |
(119) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 137a Lárionad idirghabhála 1. Chun críocha Airteagal 123b(3), féadfaidh an Oifig Lárionad Idirghabhála a bhunú (‘an Lárionad’). 2. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach úsáid a bhaint as seirbhísí an Lárionaid ar bhonn deonach agus é mar aidhm aige nó aici teacht ar réiteach cairdiúil trí chomhaontú frithpháirteach maidir le díospóidí bunaithe ar an Rialachán seo agus Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. 3. Beidh na páirtithe in ann dul ar iontaoibh idirghabhála trí bhíthin iarraidh chomhpháirteach a chur isteach. Measfar nach mbeidh an iarraidh comhdaithe go dtí go mbeidh an táille chomhfhreagrach íoctha. Socróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an méid atá le gearradh i gcomhréir le hAirteagal 144(1). 4. I gcás díospóidí atá faoi réir na n-imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Rannán Freasúra, na Rannán Cealúcháin nó os comhair Bhoird Achomhairc na hOifige, féadfar iarraidh chomhpháirteach ar idirghabháil a thíolacadh am ar bith tar éis d'fhógra freasúra, d'iarratas ar aisghairm nó d'iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó d'fhógra achomhairc i gcoinne chinntí na Rannán Freasúra nó Cealúcháin a bheith curtha isteach. 5. Cuirfear na himeachtaí i dtrácht ar fionraí agus brisfear na tréimhsí ama, seachas na tréimhsí ama maidir le híocaíocht na táille is infheidhme, amhail ó dháta comhdaithe na hiarrata comhpháirtí ar idirghabháil. Leanfaidh na tréimhsí ama ar aghaidh arís amhail ón lá a gcuirfear tús leis na himeachtaí an athuair. 6. Iarrfar ar na páirtithe idirghabhálaí a cheapadh i gcomhpháirt lena chéile, ón liosta dá dtagraítear i mír 12, agus é dearbhaithe aige nó aici go bhfuil máistreacht aige nó aici ar theanga na hidirghabhála i dtrácht. I gcás nach gceapann na páirtithe idirghabhálaí laistigh de 20 lá ó iarradh sin orthu, measfar gur theip ar an idirghabháil. 7. Comhaontóidh na páirtithe agus an t-idirghabhálaí lena chéile i gcomhaontú idirghabhála socruithe mionsonraithe na hidirghabhála. 8. Cuirfidh an t-idirghabhálaí deireadh leis na himeachtaí idirghabhála a luaithe a thiocfaidh na páirtithe ar chomhaontú maidir le réiteach, nó a luaithe a dhearbhóidh ceann de na páirtithe gur mian leis nó léi deireadh a chur leis an idirghabháil nó a luaithe a chinnfidh an t-idirghabhálaí gur theip ar na páirtithe teacht ar chomhaontú den sórt sin. 9. A luaithe a bheidh deireadh curtha leis na himeachtaí idirghabhála, cuirfidh an t-idirghabhálaí na páirtithe agus comhlacht ábhartha na hOifige ar an eolas faoi. 10. Beidh an plé agus an chaibidlíocht a dhéantar faoi chuimsiú na hidirghabhála faoi rún i gcás na ndaoine go léir atá páirteach san idirghabháil, go háirithe i gcás an idirghabhálaí, na bpáirtithe agus a n-ionadaithe. Na doiciméid agus an fhaisnéis uile a thíolactar le linn na hidirghabhála, coimeádfar leo féin iad, agus ní bheidh siad ina gcuid de chomhad imeachtaí eile ar bith atá os comhair na hOifige. 11. Déanfar an idirghabháil i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais atá le comhaontú ag na páirtithe. I gcás ina mbaineann an idirghabháil le díospóidí atá ar feitheamh os comhair na hOifige, déanfar an idirghabháil i dteanga imeachtaí na hOifige, ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe a mhalairt. 12. Bunóidh an Oifig liosta d'idirghabhálaithe a thacóidh le páirtithe agus díospóidí á réiteach acu. Beidh na hidirghabhálaithe neamhspleách agus beidh na scileanna agus an taithí ábhartha acu. Ar an liosta, féadfar a áireamh idirghabhálaithe atá fostaithe ag an Oifig agus idirghabhálaithe nach bhfuil fostaithe amhlaidh. 13. Beidh idirghabhálaithe neamhchlaonta agus a gcuid dualgas á bhfeidhmiú acu agus dearbhóidh siad aon choinbhleacht leasa, bíodh sí fíor nó braite, tar éis iad a ainmniú. Comhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear in Airteagal 130, ní ghlacfaidh siad páirt in idirghabháil a bhaineann le cás:
14. Ní ghlacfaidh idirghabhálaithe páirt, mar chomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta na hOifige a liostaítear in Airteagal 130, in imeachtaí a athosclaítear toisc gur theip ar idirghabháil. 15. Féadfaidh an Oifig oibriú i gcomhar le comhlachtaí aitheanta eile, bíodh siad naisiúnta nó idirnáisiúnta, a phléann le hidirghabháil.”. |
(120) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 138: “Airteagal 138 An Coiste um an mBuiséad 1. Beidh na feidhmeanna a shanntar dó sa Roinn seo ag an gCoiste um an mBuiséad. 2. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 125 agus Airteagal 126 agus Airteagal 127(1) go (4) agus (5), a mhéid a bhaineann sé leis an gcathaoirleach agus an leaschathaoirleach a thoghadh, (6) agus (7) maidir leis an gCoiste um an mBuiséad. 3. Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad a chuid cinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí. Beidh tromlach de dhá thrian dá chomhaltaí ag teastáil, áfach, le haghaidh na gcinntí a bhfuil sé de chumhacht ag an gCoiste um an mBuiséad a ghlacadh faoi Airteagal 140(3) agus Airteagal 143. Sá dá chás beidh aon vóta amháin ag gach comhalta.”. |
(121) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 139: “Airteagal 139 Buiséad 1. Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige do gach bliain airgeadais agus léireofar iad i mbuiséad na hOifige. Beidh gach bliain airgeadais ar aon dul leis an mbliain féilire. 2. Beidh an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad ar comhardú. 3. Is é a bheidh san ioncam, gan dochar do chineálacha eile ioncaim, na táillí iomlána is iníoctha faoi Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo, na táillí iomlána dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, na táillí iomlána is iníoctha, faoi Phrótacal Mhaidrid dá dtagraítear in Airteagal 145 den Rialachán seo, le haghaidh clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas agus íocaíochtaí eile a dhéantar le Páirtithe Conarthacha i bPrótacal Mhaidrid, na táillí iomlána is iníoctha, faoi Ghníomh na Ginéive dá dtagraítear in Airteagal 106c de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, le haghaidh clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas agus íocaíochtaí eile a dhéantar le Páirtithe Conarthacha i nGníomh na Ginéive, agus, a mhéid is gá, fóirdheontas a chuirtear isteach i gcoinne ceannteideal áirithe de roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais. 4. Gach bliain fritháireoidh an Oifig na costais a thabhaíonn oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát, Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil agus aon údarás ábhartha eile a ainmneoidh Ballstát, ar costais iad ar thoradh iad ar na cúraimí sonracha a chuireann siad i gcrích mar chodanna feidhmiúla de chóras trádmharcanna AE i gcomhthéacs na nósanna imeachta agus na seirbhísí seo a leanas:
5. Comhfhreagróidh fritháireamh foriomlán na gcostas a shainaithnítear i mír 4 do 5 % d'ioncam bliantúil na hOifige. Gan dochar don tríú fomhír den mhír seo, ar thogra ón Oifig agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an mBuiséad, cinnfidh an Bord Bainistíochta an eochair dháilte ar bhonn na dtásc córa, cothromasacha agus ábhartha seo a leanas:
Chun críche bunús a thabhairt i ndáil leis na costais dá dtagraítear i mír 4, cuirfidh na Ballstáit sonraí staidrimh faoi bhráid na hOifige faoin 31 Márta gach bliain lena léireofar na figiúirí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír den mhír seo don bhliain roimhe sin, agus áireofar iad sa togra atá le cur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin. Ar chúiseanna cothromais, na costais arna dtabhú ag na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 4 i ngach Ballstát, measfar go bhfuil siad ag freagairt do 2 % ar a laghad d'iomlán an fhritháirimh dá bhforáiltear faoin mír seo. 6. An oibleagáid atá ar an Oifig na costais a fhritháireamh dá dtagraítear i mír 4 agus a tabhaíodh i mbliain ar leith, ní bheidh feidhm aici ach amháin a mhéid nach mbeidh easnamh buiséadach sa bhliain sin. 7. I gcás barrachas buiséadach, agus gan dochar do mhír 10, ar thogra ón Oifig agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Bord Bainistíochta cur leis an gcéatadán a leagtar síos i mír 5 go dtí uasmhéid de 10 % d'ioncam bliantúil na hOifige. 8. Gan dochar do mhír 4 go mír 7 agus do mhír 10 den Airteagal seo ná d'Airteagal 123b ná d'Airteagal 123c, i gcás barrachas substainteach a ghinfear thar chúig bliana as a chéile, déanfaidh an Coiste um an mBuiséad, ar thogra ón Oifig agus i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil agus leis an gclár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 124(1)(a) agus (b), cinneadh le tromlach dhá thrian barrachas a ghinfear ó … (*************) a aistriú chuig buiséad an Aontais. 9. Ullmhóidh an Oifig, ar bhonn débhliantúil, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena staid airgeadais, lena n-áirítear maidir leis na hoibríochtaí airgeadais a dhéanfar faoi Airteagal 123c(5) agus (6), agus Airteagal 139(5) agus (7). Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid airgeadais na hOifige. 10. Forálfaidh an Oifig do chúlchiste lena gcuimseofar bliain amháin dá caiteachas oibríochtúil chun leanúnachas a hoibríochtaí agus cur i bhfeidhm a cúraimí a áirithiú.”. |
(122) |
Cuirtear an t-Airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 141a Calaois a chomhrac 1. Chun comhrac na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**************), aontóidh an Oifig do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 i ndáil le himscrúduithe inmheánacha ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus glacfaidh sí na forálacha cuí is infheidhme d'fhostaithe uile na hOifige agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin. 2. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhunús doiciméad agus ar an toirt, thar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ón Oifig. 3. Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair, de réir na bhforálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (***************) agus é mar aidhm a shocrú an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a théann i bhfeidhm ar leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh a mhaoiníonn an Oifig. 4. Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, cuimseoidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais na hOifige forálacha a thugann cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach. 5. Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad straitéis frithchalaoise, atá i gcomhréir leis na rioscaí calaoise ag féachaint do chostas-tairbhe na mbeart atá le cur chun feidhme. (**************) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)." (***************) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair arna seoladh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).”." |
(123) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 144: “Airteagal 144 Táillí agus muirir agus dáta dlite 1. Leagfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin síos an méid atá le gearradh le haghaidh seirbhísí ar bith a thugann an Oifig seachas na seirbhísí sin atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, mar aon leis an méid a ghearrfar le haghaidh Feasacháin Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh, Iris Oifigiúil na hOifige agus aon fhoilseacháin eile a eisíonn an Oifig. Socrófar méideanna na muirear in euro agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige. Ní sháróidh méid gach muirir an méid atá riachtanach chun na costais as seirbhís shonrach a thabharfaidh an Oifig a chlúdach. 2. Beidh na táillí agus na muirir, nach sonraítear an dáta dlite a bhaineann leo sa Rialachán seo, le híoc an dáta a bhfaighfear an iarraidh ar an tseirbhís a ngearrfar an táille nó an muirear ina leith. Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh cén cheann de na seirbhísí a luaitear sa chéad fhomhír nach bhfuil le bheith ag brath ar réamhíocaíocht na dtáillí nó na muirear atá comhfhreagrach.”. |
(124) |
Cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 144a Táillí agus muirir a íoc 1. Déanfar táillí agus muirir atá dlite don Oifig a íoc trí íocaíocht nó trí aistriú chuig cuntas bainc atá i seilbh na hOifige. Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a shuíomh cé hiad na modhanna sonracha íocaíochta a fhéadfar a úsáid, seachas iad siúd a leagtar amach sa chéad fhomhír, go háirithe trí mheán taiscí i gcuntais reatha atá i seilbh na hOifige. Maidir le cinntí a dhéanfar de bhun an dara fomhír, foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige. I gcás na n-íocaíochtaí go léir, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéanfar trí aon mhodh eile a bhunófar de bhun an dara fomhír, déanfar iad in euro. 2. Léireofar le gach íocaíocht ainm an duine a dhéanfaidh an íocaíocht agus beidh an fhaisnéis is gá ag gabháil léi le cur ar chumas na hOifige críoch na híocaíochta a shuíomh láithreach. Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe:
3. Murar féidir cuspóir na híocaíochta dá dtagraítear i mír 2 a shuíomh láithreach bonn, cuirfidh an Oifig de cheangal ar an duine atá i mbun na híocaíochta fógra i scríbhinn a thabhairt faoin gcuspóir sin laistigh de cibé tréimhse a fhéadfaidh sí a shonrú. Más rud é nach gcomhlíonann an duine an iarraidh sin in am trátha, measfar nach mbeidh an íocaíocht déanta. Déanfar an méid a íocadh a aisíoc. Airteagal 144b Dáta measta íocaíochta 1. Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 144a(1), is ionann an dáta a measfar an íocaíocht a bheith déanta leis an Oifig agus an dáta a gcuirfear méid na híocaíochta nó an aistrithe isteach, go hiarbhír, i gcuntas bainc atá i seilbh na hOifige. 2. Áit a bhféadfar na modhanna íocaíochta a bhfuil tagairt dóibh sa dara fomhír d'Airteagal 144a(1) a úsáid, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dáta a measfar go mbeidh na híocaíochtaí sin déanta a shuíomh. 3. I gcás nach measfar, faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, go ndearnadh íocaíocht táille go dtí tar éis dhul in éag na tréimhse ina raibh sí dlite, measfar go mbeifear tar éis cloí leis an tréimhse sin má thugtar fianaise don Oifig go mbeidh na daoine a rinne an íocaíocht i mBallstát, laistigh den tréimhse inar cheart go mbeadh an íocaíocht déanta, tar éis ordú a thabhairt go cuí do bhunaíocht bhaincéireachta méid na híocaíochta a aistriú, agus gur íoc siad formhuirear 10 % den táille nó de na táillí, ach nach mó ná EUR 200 an méid i dtrácht. Ní bheidh aon fhormhuirear iníoctha más rud é go mbeidh an t-ordú iomchuí tugtha don bhunaíocht bhaincéireachta tráth nach déanaí ná 10 lá roimh dhul in éag na tréimhse le haghaidh íocaíochta. 4. Féadfaidh an Oifig a iarraidh ar an duine a rinne an íocaíocht fianaise a thabhairt i dtaobh an dáta ar ar tugadh an t-ordú don bhunaíocht bhaincéireachta dá dtagraítear i mír 3 agus, i gcás inar gá, an formhuirear ábhartha a íoc laistigh de thréimhse atá le sonrú aici. Má mhainníonn an duine an iarraidh sin a chomhlíonadh, nó mura bhfuil an fhianaise leordhóthanach, nó más rud é nach n-íocfar an formhuirear is gá in am cuí, measfar nach mbeifear tar éis cloí leis an tréimhse le haghaidh íocaíochta. Airteagal 144c Íocaíochtaí neamhleora agus suimeanna neamhshuntasacha a aisíoc 1. Ní mheasfar, i bprionsabal, teorainn ama le haghaidh íocaíochta a bheith comhlíonta ach amháin má tá méid iomlán na táille íoctha in am trátha. Más rud é nach n-íocfar an táille go hiomlán, déanfar an méid a bheidh íoctha a aisíoc, tar éis don tréimhse le haghaidh íocaíochta dul in éag. 2. Féadfaidh an Oifig, áfach, a mhéid is féidir é a dhéanamh laistigh den mhéid ama atá fágtha roimh dheireadh na tréimhse, an deis a thabhairt don duine a dhéanfaidh an íocaíocht an méid atá in easnamh a íoc nó, i gcás ina meastar go bhfuil údar maith leis sin, neamhaird a thabhairt ar mhéideanna beaga ar bith atá in easnamh, gan dochar do chearta an duine a dhéanfaidh an íocaíocht. 3. Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin caingean le haghaidh aisghabháil fhorghníomhaithe aon suime a tharscaoileadh áit ar suim íosta í atá le haisghabháil nó áit a bhfuil an aisghabháil sin ró-éiginnte. 4. I gcás ina n-íocfar suim iomarcach chun táille nó muirear a chlúdach, ní aisíocfar an bhreis más méid neamhshuntasach é agus murar iarr an páirtí lena mbaineann aisíocaíocht ar bhealach sainráite. Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na méideanna a chinneadh nach n-aisíocfar suim iomarcach a íocadh chun táille nó muirear a chlúdach faoina mbun. Na cinntí de bhun an dara fomhír, déanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na hOifige.”. |
(125) |
In Airteagal 145, cuirtear na focail “na gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo” in ionad na bhfocal “a chuid Rialachán Cur chun Feidhme”. |
(126) |
Leasaítear Airteagal 147 mar a leanas:
|
(127) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 148a Fógra faoi neamhbhailíocht an bhuniarratais nó an bhunchlárúcháin 1. Laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta an chlárúcháin idirnáisiúnta, tabharfaidh an Oifig fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi aon fhíricí agus aon chinntí a bhfuil éifeacht acu ar bhailíocht an iarratais ar thrádmharc de chuid AE nó ar chlárú an trádmhairc sin de chuid AE, a raibh an clárú idirnáisiúnta bunaithe orthu. 2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na fíricí agus na cinntí aonair atá faoi réir na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Phrótacal Mhaidrid mar aon le pointe ábhartha ama na bhfógraí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2) den Rialachán seo.”. |
(128) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 149: “Airteagal 149 Iarraidh ar shíneadh críche i ndiaidh an chlárúcháin idirnáisiúnta 1. Féadfar iarraidh ar shíneadh críche a dhéanfar i ndiaidh an chláraithe idirnáisiúnta de bhun Airteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid a chomhdú trí idirmheánaí na hOifige. Déanfar an iarraidh a chomhdú sa teanga inar comhdaíodh an t-iarratas idirnáisiúnta de bhun Airteagal 147 den Rialachán seo. Áireofar leis tásca chun bunús cuí a thabhairt don teidlíocht chun ainmniú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(ii) agus le hAirteagal 3ter(2) de Phrótacal Mhaidrid. Cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir a iarrann an síneadh críche ar an eolas faoin dáta ar a bhfuarthas an iarraidh ar shíneadh críche. 2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na ceanglais mhionsonraithe maidir leis an iarraidh ar shíneadh críche de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2) den Rialachán seo. 3. I gcás nach gcomhlíonann iarraidh ar shíneadh críche a dhéanfar i ndiaidh an chlárúcháin idirnáisiúnta na ceanglais sin a leagtar amach i mír 1 agus sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 2, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh a aimsíodh a cheartú laistigh de cibé tréimhse a shonróidh sí. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh den tréimhse arna socrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh a chur ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Ní dhiúltóidh an Oifig don iarraidh a chur ar aghaidh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta sula mbeidh an deis ag an iarratasóir aon easnamh a bhraitear san iarraidh a leigheas. 4. Cuirfidh an Oifig an iarraidh ar shíneadh críche a dhéanfar i ndiaidh an chlárúcháin idirnáisiúnta ar aghaidh go dtí an Biúró Idirnáisiúnta a luaithe agus a gcomhlíonfar na ceanglais sin dá dtagraítear i mír 3.”. |
(129) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 153: “Airteagal 153 Sinsearacht a éilítear in iarratas idirnáisiúnta 1. Féadfaidh an t-iarratasóir ar chlárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh do thrádmharc níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, san iarratas idirnáisiúnta, lena n-áirítear trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux, nó a cláraíodh faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 34. 2. Déanfar an doiciméadacht, mar a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 34(5), chun tacú leis an éileamh sinsearachta a thíolacadh laistigh de thrí mhí ón dáta ar a dtabharfaidh an Biúró Idirnáisiúnta fógra don Oifig faoin gclárú idirnáisiúnta. I dtaca leis sin de, beidh feidhm ag Airteagal 34(6). 3. I gcás ina mbeidh sé d'oibleagáid ar shealbhóir an chlárúcháin idirnáisiúnta ionadaíocht a bheith aige os comhair na hOifige de bhun Airteagal 92(2), beidh ceapachán ionadaí de réir bhrí Airteagal 93(1) sa teachtaireacht dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. 4. I gcás go dtuigtear don Oifig nach gcomhlíonann an t-éileamh sinsearachta faoi mhír 1 den Airteagal seo le hAirteagal 34, nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais eile a leagtar amach san Airteagal seo, iarrfaidh sí ar an iarratasóir na heasnaimh sin a leigheas. Mura gcloítear leis na ceanglais sin dá dtagraítear sa chéad abairt laistigh den thréimhse ama arna sonrú ag an Oifig, caillfear an ceart chun sinsearachta i ndáil leis an gclárú idirnáisiúnta sin. Mura mbaineann na heasnaimh ach le roinnt earraí agus seirbhísí, ní chaillfear an ceart chun sinsearachta ach amháin sa mhéid agus go mbaineann sé leis na hearraí agus na seirbhísí sin. 5. Tabharfaidh an Oifig eolas don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir le haon dearbhú i ndáil le cailliúint an chirt chun sinsearachta de bhun mhír 4. Cuirfidh sí aon aistarraingt ar an éileamh sinsearachta nó srian ar bith air in iúl don Bhiúró Idirnáisiúnta freisin. 6. Beidh feidhm ag Airteagal 34(4), seachas i gcás go ndearbhaítear an ceart chun sinsearachta a bheith caillte de bhun mhír 4 den Airteagal seo.”. |
(130) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 153a Sinsearacht a éilítear os comhair na hOifige 1. Féadfaidh sealbhóir an chlárúcháin idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas sinsearacht a éileamh ag an Oifig do thrádmharc níos luaithe a cláraíodh i mBallstát, lena n-áirítear trádmharc a cláraíodh i dtíortha Benelux, nó a cláraíodh faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 35, ón dáta a bhfoilseofar éifeachtaí an chlárúcháin sin de bhun Airteagal 152(2). 2. Nuair a éilítear an tsinsearacht roimh an dáta dá dtagraítear i mír 1, measfar go bhfuair an Oifig an t-éileamh sinsearachta ar an dáta sin. 3. Leis an éileamh sinsearachta faoi mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 35 agus beidh faisnéis ann lena gcumasófar scrúdú a dhéanamh air i ndáil leis na ceanglais sin. 4. Mura gcomhlíonfar na ceanglais sin a rialaíonn éileamh ar shinsearacht dá dtagraítear i mír 3 agus a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 6, iarrfaidh an Oifig ar shealbhóir an chlárúcháin idirnáisiúnta na heasnaimh sin a leigheas. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse arna sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don éileamh. 5. I gcás ina nglacfaidh an Oifig an t-éileamh sinsearachta, nó i gcás ina ndéanfaidh an Oifig éileamh sinsearachta a aistarraingt nó a chealú, cuirfidh an Oifig an Biúró Idirnáisiúnta ar an eolas dá réir. 6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in éileamh sinsearachta faoi mhír 1 den Airteagal seo agus mionsonraí na faisnéise atá le cur in iúl de bhun mhír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”. |
(131) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 154: “Airteagal 154 Earraí agus seirbhísí a ainmniú agus scrúdú i dtaca le dearbhfhorais le diúltú 1. Beidh cláruithe inmheánacha lena n-ainmnítear an tAontas faoi réir scrúdú i ndáil le bheith ag cloí le hAirteagal 28(2) go (4) agus le dearbhfhorais le diúltú ar an mbealach céanna a ndéantar scrúdú ar iarratais ar thrádmharcanna de chuid AE. 2. I gcás ina meastar go bhfuil an clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas neamh-incháilithe chun na hearraí agus na seirbhísí go léir nó cuid díobh, ar ina leith a rinneadh an clárú leis an mBiúró Idirnáisiúnta, a chosaint de bhun Airteagal 28(4) nó Airteagal 37(1) den Rialachán seo, déanfaidh an Oifig fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú a eisiúint don Bhiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) de Phrótacal Mhaidrid. 3. I gcás ina bhfuil sé d'oibleagáid ar shealbhóir an chlárúcháin idirnáisiúnta ionadaí a chur os comhair na hOifige de bhun Airteagal 92(2), beidh cuireadh san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chun ionadaí a cheapadh de réir bhrí Airteagal 93(1). 4. Luafar san fhógra faoi dhiúltú sealadach na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, agus sonrófar ann tréimhse ama ina bhféadfaidh sealbhóir an chlárúcháin idirnáisiúnta a thuairimí nó a tuairimí a chur isteach agus, más iomchuí, ionadaí a cheapadh. Cuirfear tús leis an tréimhse ama ar an lá a n-eiseoidh an Oifig an diúltú sealadach. 5. I gcás inar léir don Oifig nach bhfuil an tásc maidir leis an dara teanga de bhun Airteagal 161b den Rialachán seo san iarratas idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, tabharfaidh an Oifig fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú don Bhiúró Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 5(1) agus (2) de Phrótacal Mhaidrid. 6. I gcás nach n-éireoidh le sealbhóir an chlárúcháin idirnáisiúnta an foras ar diúltaíodh don chosaint a shárú laistigh den teorainn ama nó, más iomchuí, ionadaí a cheapadh nó an dara teanga a chur in iúl, diúltóidh an Oifig don chosaint ar an iomlán nó do na coda sin de na hearraí nó de na seirbhísí a bhfuil an clárú idirnáisiúnta cláraithe dóibh. Cuirfear an diúltú do chosaint in ionad diúltú d'iarratas ar thrádmharc de chuid AE. Beidh an cinneadh faoi réir achomhairc i gcomhréir le hAirteagail 58 go dtí 65. 7. I gcás nach bhfuil fógra sealadach ex officio faoi dhiúltú tugtha ag an Oifig de bhun mhír 2 den Airteagal seo roimh thús na tréimhse don chur i gcoinne dá dtagraítear in Airteagal 156(2), seolfaidh an Oifig ráiteas chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, lena gcuirfear in iúl gur cuireadh bailchríoch leis an scrúdú ar dhearbhfhorais do dhiúltú de bhur Airteagal 37 ach go bhfuil an clárú idirnáisiúnta fós faoi réir freasúraí nó tuairimí tríú páirtithe. Beidh an raiteas eatramhach sin gan dochar do cheart na hOifige an scrúdú ar dhearbhfhorais a athoscailt ar a tionscnamh féin sula n-eiseofar an ráiteas deiridh maidir le cosaint a dheonú.'. 8. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san fhógra maidir le diúltú sealadach ex officio ar chosaint le seoladh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta, agus sna teachtaireachtaí deiridh le seoladh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta ar an deonadh nó diúltú deiridh ar chosaint. Glacfar Déanfar an na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).” |
(132) |
Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 154a Cómharcanna agus marcanna deimhniúcháin 1. I gcás ina bhfuil clárú idirnáisiúnta bunaithe ar bhuniarratas nó ar bhunchlárú a bhaineann le cómharc, marc deimhniúcháin nó ráthaíochta, pléifear leis an gclárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas mar chómharc de chuid AE nó mar mharc deimhniúcháin de chuid AE, cibé ceann is infheidhme. 2. Déanfaidh sealbhóir an chlárúcháin idirnáisiúnta na rialacháin i dtaca le húsáid an mhairc, dá bhforáiltear in Airteagal 67 agus in Airteagal 74b, a chur go díreach chuig an Oifig laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a thabharfaidh an Biúró Idirnáisiúnta fógra faoin gclárú idirnáisiúnta don Oifig. 3. Cumhachtófar don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163a lena sonrófar mionsonraí an nós imeachta a bhaineann le cláruithe idirnáisiúnta bunaithe ar bhuniarratas nó ar bhunchlárú a bhaineann le cómharc, marc deimhniúcháin nó ráthaíochta.”. |
(133) |
Leasaítear Airteagal 155 mar a leanas:
|
(134) |
Leasaítear Airteagal 156 mar a leanas:
|
(135) |
Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 158: “3. I gcás inar dearbhaíodh, trí bhíthin cinneadh deiridh, go bhfuil éifeachtaí clárúcháin idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas neamhbhailí, de bhun Airteagal 57 nó Airteagal 100 den Rialachán seo agus an Airteagail seo, cuirfidh an Oifig é sin in iúl don Bhiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Phrótacal Mhaidrid. 4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san fhógra atá le tabhairt chuig an mBiúró Idirnáisiúnta de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).”. |
(136) |
Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 158a An éifeacht dhlíthiúil atá ag clárú aistrithe Beidh an éifeacht chéanna ag taifeadadh athraithe ar úinéireacht an chlárúcháin idirnáisiúnta ar an gClár Idirnáisiúnta agus a bheadh ag iontráil aistrithe sa Chlár de bhun Airteagal 17. Airteagal 158b An éifeacht dhlíthiúil atá ag clárú ceadúnas agus ceart eile Beidh an éifeacht chéanna ag taifeadadh ceadúnais nó sriain ar cheart diúscartha an tsealbhóra i dtaobh an chlárúcháin idirnáisiúnta sa Chlár Idirnáisiúnta agus a bheadh ag clárú ceart in rem, tobhaigh forghníomhaithe, imeachtaí dócmhainneachta nó ceadúnais sa Chlár de bhun Airteagail 19, 20, 21 agus 22 faoi seach. Airteagal 158c Scrúdú ar iarrataí ar aistrithe, ceadúnais nó srianta ar cheart diúscartha an tsealbhóra a chlárú Iarrataí a chuirfear i gcomhad leis an Oifig chun athrú ar úinéireacht a chlárú, chun ceadúnas nó srian ar cheart diúscartha an tsealbhóra a chlárú, chun leasú nó cealú ceadúnais a chlárú nó chun srian a baineadh maidir le ceart diúscartha an tsealbhóra a chlárú, tarchuirfidh an Oifig chuig an mBiúró Idirnáisiúnta iad, má tá cruthúnas iomchuí faoin aistriú, faoin gceadúnas, nó faoi shrian ar cheart diúscartha ag gabháil leo, nó cruthúnas nach ann don cheadúnas a thuilleadh nó gur leasaíodh é, nó gur baineadh an srian ar cheart diúscartha.”. |
(137) |
Leasaítear Airteagal 159 mar a leanas:
|
(138) |
Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 161: “3. D'fhonn a mheas gur trasfhoirmiú ar chlárú idirnáisiúnta é iarratas ar thrádmharc de chuid AE, ar clárú é a chuir an Biúró Idirnáisiúnta ar ceal arna iarraidh sin don oifig tionscnaimh de bhun Airteagal 9quinquies de Phrótacal Mhaidrid, beidh tásc chuige sin san iarratas sin. Cuirfear an tásc sin isteach nuair a dhéanfar an t-iarratas a chomhdú. 4. I gcás go bhfeictear don Oifig, agus iad i mbun scrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 36(1)(b), nár cuireadh isteach an t-iarratas laistigh de thrí mhí ón dáta ar chuir an Biúró Idirnáisiúnta an clárú idirnáisiúnta ar ceal; nó nach bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a bhfuil an trádmharc de chuid AE le clárú dóibh san áireamh sa liosta d'earraí agus de sheirbhísí ar cláraíodh an clárú idirnáisiúnta dóibh i dtaca leis an Aontas, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh a leigheas. 5. Mura ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 4 a leigheas laistigh den tréimhse ama arna sonrú ag an Oifig, caillfear an ceart ar dháta an chlárúcháin idirnáisiúnta nó an tsínidh críche agus ar thosaíocht an chlárúcháin idirnáisiúnta, más ann d'aon tosaíocht. 6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in iarratas ar thiontú de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 163(2).” |
(139) |
Cuirtear na hairteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 161a Cumarsáid leis an mBiúró Idirnáisiúnta Maidir leis an gcumarsáid leis an mBiúró Idirnáisiúnta, beidh comhaontú idir an Biúró agus an Oifig faoin mbealach a ndéanfar an chumarsáid agus faoi fhormáid na cumarsáide sin, í le déanamh trí mhodh leictreonach chomh fada agus is féidir. Tagairtí ar bith d'fhoirmeacha, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí d'fhoirmeacha a chuirfear ar fáil i bhformáid leictreonach chomh maith céanna. Airteagal 161b Úsáid teangacha Chun críche an Rialachán seo, agus na rialacha a ghlacfar dá bhun, a chur i bhfeidhm maidir le clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas, is í an teanga inar comhdaíodh an t-iarratas idirnáisiúnta teanga na n-imeachtaí de réir bhrí Airteagal 119(4), agus is í an dara teanga a léireofar san iarratas idirnáisiúnta an dara teanga de réir bhrí Airteagal 119(3).”. |
(140) |
Scriostar Airteagal 162. |
(141) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 163: “Airteagal 163 Nós imeachta coiste 1. Beidh Coiste maidir le Rialacha Cur Chun Feidhme de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”. |
(142) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 163a An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 42a, Airteagal 43(3), Airteagal 57a agus Airteagal 65a, Airteagail 77(4), 78(6), 79(5), 79b(2), 79c(5), 80(3) agus 82a(3), Airteagal 93a agus Airteagal 136b, agus Airteagal 154a (3) agus Airteagal 156 (4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama ón… (****************). Tá tábhacht ar leith ag baint leis go leanfadh an Coimisiún a ghnáthchleachtas agus go rachadh sé i mbun comhairliúchan le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe Ballstát, roimh dó na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 2 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 42a, Airteagal 43(3), Airteagal 57a agus Airteagal 65a, Airteagail 77(4), 78(6), 79(5), 79b(2), 79c(5), 80(3) agus 82a(3), Airteagal 93a agus Airteagal 136b, agus Airteagal 154a(3) agus Airteagal 156(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Sínfear an tréimhse sin ag 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; |
(143) |
Scriostar Airteagal 164. |
(144) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 165a Meastóireacht agus athbhreithniú 1. Faoin… (*****************), agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. 2. Leis an meastóireacht, déanfar athbhreithniú ar an gcreat dlí um chomhar idir an Oifig agus oifigí lárnacha maoine tionscail na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, agus aird faoi leith á tabhairt don sásra maoiniúcháin a leagtar síos in Airteagal 123c. Sa mheastóireacht déanfar tuilleadh measúnaithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na hOifige agus a cuid cleachtas oibre. Sa mheastóireacht, féachfar, go háirithe, ar gá sainordú na hOifige a mhodhnú, agus féachfar ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin. 3. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil meastóireachta agus a chonclúidí a dtiocfar orthu ar bhonn na tuarascála sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Cuirfear fionnachtana na meastóireachta ar fáil don phobal. 4. Tráth gach dara meastóireachta, déanfar measúnú ar na torthaí a bhainfidh an Oifig amach, ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúraimí.” |
(145) |
Cuirtear isteach an Iarscríbhinn a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 mar a leanas:
(1) |
Scriostar Riail 1(3) |
(2) |
Scriostar Riail 2; |
(3) |
Scriostar Riail 4; |
(4) |
Scriostar Riail 5; |
(5) |
Scriostar Riail 5a; |
(6) |
Leasaítear Riail 9(3) mar a leanas:
|
(7) |
Scriostar Riail 11(2); |
(8) |
Scriostar Riail 12(k); |
(9) |
Scriostar Teideal IV; |
(10) |
I dteideal XI, scriostar cuid K; |
(11) |
I mír 2 de Riail 62, cuirtear “sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch” in ionad na bhfocal “sa Chomhphobal”; |
(12) |
I mír 1 de Riail 71, cuirtear “sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch” in ionad na bhfocal “sa Chomhphobal”; |
(13) |
Scriostar Riail 76(2); |
(14) |
Leasaítear Riail 78 mar a leanas:
|
(15) |
Scriostar Riail 84; |
(16) |
Scriostar Riail 87; |
(17) |
Scriostar Riail 112(2). |
Airteagal 3
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an… (******************).
Beidh feidhm ag na pointí seo a leanas d'Airteagal 1 den Rialachán seo amhail ón… (*******************):
|
pointí (8), (18), (19), (20), (21), (22), (23), (24), (26) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, pointe (d), agus le mír 3 d'Airteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (29), (30) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 agus le mír 3 d'Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (31) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (32) a mhéid a bhaineann sé le mír 1a, le mír 4 agus le mír 6 d'Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (33), (34), (35) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 d'Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (37) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, an dara habairt, agus le mír 3 agus le mír 4 d'Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (43) a mhéid a bhaineann sé le míreanna 2, 3, 4a agus 8 d'Airteagal 44 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (46) a mhéid a bhaineann sé le mír 5, an tríú habairt d'Airteagal 48 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (47) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, an chéad fhomhír, agus mír 2 go mír 5 d'Airteagal 48a de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (48) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 d'Airteagal 49 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (49) a mhéid a bhaineann sé le mír 2, mír 3 agus mír 4 d'Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (61), (62), (63), (64) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 d'Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (67) seachas mír 3 d'Airteagal 74b de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (68), (71) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 agus le mír 5 d'Airteagal 78 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (72) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 go mír 4 d'Airteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (73) seachas mír 2 d'Airteagal 79b de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, agus mír 5 d'Airteagal 79c de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (74) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, mír 2 agus mír 4 d'Airteagal 80 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (75) a mhéid a bhaineann sé le mír 2 d'Airteagal 82 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (76) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 82a de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (77), (78) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, mír 6 agus mír 7 d'Airteagal 85 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (80) a mhéid a bhaineann sé le pointe (m) de mhír 2 agus le pointe (y) de mhír 3 d'Airteagal 87 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (84) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, mír 2 agus mír 3 d'Airteagal 89 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (97) seachas mír 6 d'Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (98), (102) a mhéid a bhaineann sé le míreanna 5, 5a, 6, 8 agus 9 d'Airteagal 119 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (103), (108) a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 128(4)(o) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (111), a mhéid a bhaineann sé leis an tríú habairt i mír 2 d'Airteagal 132 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (113), (125), (126) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 agus mír 3 go mír 8 d'Airteagal 147 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (127) a mhéid a bhaineann sé le mír 1 d'Airteagal 148a de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (128) a mhéid a bhaineann sé le mír 1, mír 3 agus mír 4 d'Airteagal 149 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (129) a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 153 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (130) a mhéid a bhaineann sé le agus mír 1 go mír 5 d'Airteagal 153a de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (132), (135) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 d'Airteagal 158 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (136), (137) a mhéid a bhaineann sé le mír 4 go mír 9 d'Airteagal 159 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, (138) a mhéid a bhaineann sé le mír 3 go mír 5 d'Airteagal 161 de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, agus (139). |
Beidh feidhm ag pointe (99) d'Airteagal 1 den Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 124(1)(f) agus Airteagal 128(4)(n) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, ón dáta ar a dtiocfaidh an cinneadh dá bhforáiltear in Airteagal 124(2) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 i bhfeidhm, nó 12 mhí tar éis an dáta a shonraítear sa dara mír den Airteagal seo, cibé acu is túisce. Go dtí an dáta sin, feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 124(1)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go hiomlán agus beidh feidhm dhíreach aige i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
…
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
…
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Samhain 2015. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an ….
(2) Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 11, 14.1.1994, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 78, 24.3.2009, lch. 1).
(4) An Chéad Treoir 89/104/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 40, 11.2.1989, lch. 1).
(5) Treoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 299, 8.11.2008, lch. 25).
(6) Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forghníomhú ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1995 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 303, 15.12.1995, lch. 1).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1995 maidir leis na táillí is iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 303, 15.12.1995, lch. 33).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 216/96 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 1996 lena leagtar síos rialacha nós imeachta Bhoird Achomhairc na hOifige um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 28, 6.2.1996, lch. 11).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(*) Uimhir na Treorach atá i ndoiciméad st10374/15.
(**) Uimhir na Treorach atá i ndoiciméad st10374/15.
(*************) Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(****************) Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(*****************) Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(******************) Nócha lá tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(*******************) An chéad lá den chéad mhí i ndiaidh 18 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
IARSCRÍBHINN I
Cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas isteach:
“IARSCRÍBHINN -I
Méid na dtáillí
A. |
Is iad seo a leanas na táillí atá le híoc leis an Oifig faoin Rialachán seo (in EUR):
|
B. |
Táillí le híoc leis an mBiúró Idirnáisiúnta I. Táille aonair i gcás clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas
II. Táille aonair chun clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas a athnuachan
|
(*) An chéad lá den chéad mhí i ndiaidh 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(**) An chéad lá den chéad mhí i ndiaidh 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil
Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún |
Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 |
Airteagal 1 |
— |
Airteagal 2 |
Iarscríbhinn -I, Cuid A, pointe 1 go pointe 34 |
Airteagal 3 |
Airteagal 144(1) |
Airteagal 4 |
Airteagal 144(2) |
Airteagal 5(1) |
Airteagal 144a(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 5(2) |
Airteagal 144a(1), an dara fomhír |
Airteagal 5(3) |
Airteagal 144a(1), an tríú fomhír |
Airteagal 6 |
Airteagal 144a(1), an ceathrú fomhír |
Airteagal 7(1) |
Airteagal 144a(2) |
Airteagal 7(2) |
Airteagal 144a(3) |
Airteagal 8 |
Airteagal 144b--- |
Airteagal 9 |
Airteagal 144c(1) agus (2) |
Airteagal 10 |
Airteagal 144c(4) |
Airteagal 11 |
Iarscríbhinn -I, Cuid B(I), pointe 1 go pointe 3 |
Airteagal 12 |
Iarscríbhinn -I, Cuid B(II), pointe 1 agus pointe 2 |
Airteagal 13 |
— |
Airteagal 14 |
— |
Airteagal 15 |
— |
18.12.2015 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
79 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 15/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí)
(2015/C 427/02)
I. RÉAMHRÁ
Thíolaic an Coimisiún an togra thuasluaite don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2013 (1).
Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 11 Iúil 2013.
Ghlac an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a thuairim an 11 Iúil 2013.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh an 25 Feabhra 2014 (2).
An 23 Iúil 2014, thug Coiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) sainordú don Uachtaránacht féachaint le Parlaimint na hEorpa an bhféadfaí teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh ar bhonn an téacs atá in 11827/14.
Tar éis roinnt cruinnithe trípháirteacha neamhfhoirmiúla, thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le téacs an Rialacháin. Dearbhaíodh an comhaontú sin ag an gcruinniú a bhí ag Coiste na mBuanionadaithe an 10 Meitheamh.
An 16 Meitheamh 2015, sheol Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) inar léiríodh, i gcás ina dtíolacfadh an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh go foirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa i gcomhréir leis an gcomhaontú thuasluaite, faoi réir fíorúcháin dhlítheangeolaíoch, go molfadh sé do Sheisiún Iomlánach Pharlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle a ghlacadh gan leasú ar an dara léamh.
Ina dhiaidh sin, d'fhormhuinigh an Chomhairle an téacs comhaontaithe trí chomhaontú polaitiúil a ghlacadh an 13 Iúil 2015 (3)
II. CUSPÓIR
Is é príomhchuspóir coiteann an togra seo agus an togra chomhuainigh maidir leis an Treoir a athmhúnlú (4) ná nuálaíocht agus fás eacnamaíoch a chothú trí chórais chlárúcháin trádmhairc ar fud AE a dhéanamh níos inrochtana agus níos éifeachtúla do ghnólachtaí maidir le costais agus castacht níos ísle, luas méadaithe, intuarthacht níos fearr agus deimhneacht dlíthiúil. Tá na hathbhreithnithe seo nasctha leis na hiarrachtaí chun a chinntiú go mbeadh cómhaireachtáil agus comhlántacht idir an tAontas agus na córais trádmhairc náisiúnta.
Maidir leis an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún nuachóiriú spriocdhírithe a dhéanamh ar na forálacha atá ann cheana, leis na príomhaidhmeanna seo a leanas:
— |
Téarmaíocht a oiriúnú do Chonradh Liospóin agus forálacha a oiriúnú don Chur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe; |
— |
Nósanna imeachta a shruthlíniú chun iarratas a chur isteach ar thrádmharc Eorpach agus chun an trádmharc sin a chlárú; |
— |
Deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú trí fhorálacha a shoiléiriú agus tríd an débhríocht a bhaint; |
— |
Creat iomchuí maidir le comhar idir Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (dá ngairfear OCMI anseo feasta) agus oifigí náisiúnta a bhunú chun coinbhéirseacht cleachtais a chur chun cinn agus uirlisí coiteanna a fhorbairt; |
— |
An creat a ailíniú le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
III. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
Glacadh le líon mór de na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, gan aon athrú a dhéanamh nó le foclaíocht beagán modhnaithe. Níl ach líon an-teoranta ann de leasuithe Pharlaimint na hEorpa nár fhormhuinigh an Chomhairle.
Is leagtha amach thíos atá na príomhphointí ar tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú ina leith:
— |
Béim a chur ar nádúr comhlántach trádmharcanna a chosaint ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn an Aontais; |
— |
Téarmaíocht a oiriúnú do cheanglais Chonradh Liospóin (“trádmharc Comhphobail” a athrú go “trádmharc an Aontais Eorpaigh”); |
— |
Téarmaí agus rialachas a oiriúnú, spreagtha ag an gcur chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí Iúil 2012; |
— |
Deireadh a chur leis an deis iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a chur isteach trí lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát; |
— |
Sruthlíniú a dhéanamh ar fhorálacha teicniúla a bhaineann le cuardaigh, foilsiú an iarratais, tuairimí ó thríú páirtithe, cinntí inter partes a athbhreithniú, leanúint leis na himeachtaí, tréimhse freasúra le haghaidh Clárúcháin Idirnáisiúnta; |
— |
Deireadh a chur leis an riachtanas go mbeadh “inléiritheacht ghrafach” ann chun go mbeifí ábalta comhartha a chlárú mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh; |
— |
Síneadh ar na dearbhfhorais lena ndiúltaítear sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha, téarmaí traidisiúnta le haghaidh fíona, agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus cearta maidir le cineálacha plandaí a chumhdach; |
— |
Síneadh ar na forais choibhneasta lena ndiúltaítear sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chumhdach; |
— |
Go mbeadh sealbhóirí trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh i dteideal cosc a chur ar dháileadh agus ar dhíol lipéad agus pacáistithe agus nithe comhchosúla a d'fhéadfaí a úsáid ina dhiaidh sin i ndáil le hearraí nó seirbhísí a shárú; |
— |
Foráil shonrach lena n-áirithítear nach bhféadfar cearta trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh a agairt in aghaidh cearta a bheadh ann roimhe sin ar an trádmharc; |
— |
Síneadh a chur le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint chun úsáid an mhairc in ainmneacha trádála nó cuideachta a chumhdach; |
— |
Forálacha cuimsitheacha maidir le sonrú agus aicmiú earraí agus seirbhísí i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais; |
— |
An deis a thabhairt isteach marc deimhniúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh a fháil; |
— |
OCMI a athainmniú mar Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh; |
— |
Cúraimí na hOifige a shainmhíniú ar bhealach cuimsitheach; |
— |
An bunús riachtanach dlí a sholáthar don Oifig chun Ionad Idirghabhála a bhunú; |
— |
Creat dlí a sholáthar le haghaidh comhair idir an Oifig agus lároifigí maoine tionsclaíche chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn, lena n-áirítear an bunús dlí a sholáthar i gcomhair cistiú ón Oifig le haghaidh tionscadal comhair; |
— |
An Rialachán a ailíniú le Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le gurbh fhearr a ionchorprú isteach sa ghníomh bunúsach oiread forálacha agus is féidir, lena n-áirítear na forálacha lena socraítear leibhéal na dtáillí. |
Is iad seo a leanas na príomhphointí den chás nach dtagann an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh le seasamh Pharlaimint na hEorpa:
— |
Foráil a chur isteach lena rialaítear teacht isteach earraí góchumtha, go háirithe i gcomhthéacs díola ar an idirlíon a sheachadtar i gcoinsíneachtaí beaga, más rud é gurb é coinsíneoir na n-earraí góchumtha amháin a ghníomhaíonn i gcúrsa na trádála; |
— |
Cé go n-aontaíonn sí gur cheart go mbeadh sealbhóirí trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe earraí a thabhairt isteach ó thríú tíortha ar a mbeidh trádmharc gan údarú atá comhionann go bunúsach le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a cláraíodh i leith na n-earraí sin, i gcríoch chustaim an Aontais, is cuma cé acu an scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta iad, forálann an Chomhairle a thugann teideal den sórt sin go rachaidh sé in éag más rud é go gcruthaíonn dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí i dtrácht nach bhfuil an sealbhóir trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh i dteideal cosc a chur ar na hearraí a chur ar an margadh sa tír chinn scríbe chríochnaithigh; |
— |
Eisceacht ghinearálta a chur isteach maidir le cearta trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh nuair a úsáideann tríú páirtí an trádmharc chun críocha neamhthráchtála, chomh maith le heisceachtaí eile a chur isteach maidir le cearta trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh, amhail cásanna ina n-úsáideann tríú duine trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh chun aird tomhaltóirí a tharraingt ar athdhíol earraí dílse a díoladh i dtosach ag dílseánach an trádmhairc nó lena thoiliú, nó chun malairt dhlisteanach a chur ar fáil ar earraí nó ar sheirbhísí an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh, nó chun críocha na scigaithrise, an léirithe ealaíne, an cháinte nó na tráchtaireachta; |
— |
Roghnú agus ceapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin OCMI ag an mBord Bainistíochta; |
— |
Sásra fritháirimh a sholáthar lena gcuirtear ar chumas na mBallstát a gcuid costas a fháil ar ais a thig as soláthar na seirbhísí agus na nósanna imeachta a bhaineann le forghníomhú an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh. |
IV. CONCLÚID
Léirítear sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh go hiomlán an comhaontú ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir, rud a dhearbhaigh an litir thuasluaite ó Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Dlí don Chathaoirleach ar Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) dar dáta 16 Meitheamh 2015.
(1) 8065/13.
(2) 6742/14.
(3) 9957/15 + ADD 1 + ADD 2
(4) 8066/13.