ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( 1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
57 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
2014/C /01 |
||
|
||
2014/C /02 |
||
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 207 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
3.7.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AD/284/14 – AISTRITHEOIRÍ GEARMÁINISE (DE)
EPSO/AD/285/14 – AISTRITHEOIRÍ GRÉIGISE (EL)
EPSO/AD/286/14 – AISTRITHEOIRÍ SPÁINNISE (ES)
EPSO/AD/287/14 – AISTRITHEOIRÍ SUALAINNISE (SV)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a thiomsú chun aistritheoirí (1) (AD 5) a earcú.
Is é is aidhm do na comórtais seo painéil a thiomsú chun poist fholmha d’oifigigh in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.
Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.
Is cuid dhílis den fhógra comórtais an doiciméad sin agus cuideoidh sé leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.
CLÁR
I. |
CÚLRA |
II. |
DUALGAIS |
III. |
INCHÁILITHEACHT |
IV. |
TRIALACHA IONTRÁLA |
V. |
TRIALACHA AISTRIÚCHÁIN |
VI. |
IONAD MEASÚNAITHE |
VII. |
PAINÉIL |
VIII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
I. CÚLRA
|
|
Rogha 1 |
Rogha 2 |
||
EPSO/AST/284/14 – DE |
41 |
16 |
|||
EPSO/AST/285/14 – EL |
46 |
9 |
|||
EPSO/AST/286/14 – ES |
44 |
4 |
|||
EPSO/AST/287/14 – SV |
21 |
13 |
|||
|
Tá dhá rogha i ngach ceann de na comórtais seo. Ní féidir clárú ach d’aon chomórtas amháin agus d’aon rogha amháin. Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d’iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne. Tá na comórtais seo dírithe ar iarrthóirí a bhfuil máistreacht acu ar theanga an chomórtais (2) , idir scríobh agus labhairt (leibhéal máthairtheanga nó a chothrom, agus a bhfuil sáreolas acu ar an gcéad agus ar an dara teanga fhoinseach. Mura bhfuil an leibhéal sin agat, moltar go mór duit gan clárú. |
II. DUALGAIS
Is ag grád AD 5 a théitear i gceann ghairm an riarthóra – riarthóir teanga nó riarthóir de chineál eile – sna hinstitiúidí Eorpacha.
An príomhról atá ag an riarthóir teanga (aistritheoir) cuidiú leis an institiúid nó leis an gcomhlacht ina bhfuil sé ag obair misean na hinstitiúide nó an chomhlachta sin a chomhlíonadh trí aistriúchán d’ardchaighdeán a dhéanamh ar dhoiciméid roimh na sprioc-amanna agus trí chomhairle teanga a thabhairt.
Ar na cúraimí a bhíonn ar an riarthóir teanga (aistritheoir) tá aistriúchán, athbhreithniú, agus obair théarmeolaíochta a dhéanamh, ó dhá theanga fhoinseacha ar a laghad go dtí a phríomhtheanga. Is minic casta na hábhair a mbítear ag plé leo, agus is gnách go mbaineann siad le cúrsaí polaitíochta, dlí, eacnamaíocha, airgeadais, eolaíochta agus cúrsaí teicniúla, agus le gach réimse eile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leis. Chun na cúraimí sin a dhéanamh caithfear úsáid sheasta a bhaint as sain-uirlisí ríomhaireachta agus as sain-uirlisí eile oifige.
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|||||||||
|
|||||||||
|
|||||||||
2.1 |
Cáilíochtaí Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh. |
||||||||
2.2 |
Taithí oibre Ní theastaíonn aon taithí oibre. |
||||||||
2.3 |
Eolas ar theangacha |
||||||||
ROGHA 1 |
|
||||||||
Teanga 1 |
an phríomhtheanga máistreacht ar theanga an chomórtais |
||||||||
Teanga 2 |
an chéad teanga fhoinseach (nach ionann í agus teanga 1) sáreolas ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis |
||||||||
Teanga 3 |
an dara teanga fhoinseach (nach ionann í agus teanga 1 ná 2) sáreolas ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis |
||||||||
ROGHA 2 |
|
||||||||
Teanga 1 |
an phríomhtheanga máistreacht ar theanga an chomórtais |
||||||||
Teanga 2 |
an chéad teanga fhoinseach (nach ionann í agus teanga 1) sáreolas ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis |
||||||||
Teanga 3 |
an dara teanga fhoinseach (nach ionann í agus teanga 1 agus nach í an Ghearmáinis, an Béarla ná an Fhraincis í) sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh |
||||||||
|
I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE. |
||||||||
|
Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhísí, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí. |
||||||||
|
Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánaí a úsáideann sí, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligean an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. |
||||||||
|
Ar na cúiseanna céanna, tá ciall leis an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin freisin go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais ar aon dul le chéile. |
||||||||
|
Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, ní mór dó trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin. |
||||||||
|
Tá na bearta seo gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45 (2) de na Rialacháin Foirne. |
IV. TRIALACHA IONTRÁLA
Is ar ríomhaire a dhéanfar na trialacha iontrála agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh a mbeidh iontu ar bhonn moltaí ó EPSO.
|
Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d’iarratas in am (féach Roinn VIII). Tabhair do d’aire:
|
|||||||
|
Sraith de thrialacha arb é a bheidh iontu ceisteanna ilroghnacha chun measúnú a dhéanamh ar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta, mar atá: |
|||||||
Triail (a) |
réasúnaíocht bhriathartha |
marcálfar an triail seo as 20 pointe |
||||||
Triail (b) |
réasúnaíocht uimhriúil |
marcálfar an triail seo as 10 bpointe an pasmharc: 4 phointe |
||||||
Triail (c) |
réasúnaíocht theibí |
marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
||||||
|
an pasmharc foriomlán do thrialacha (a) agus (c): 15 phointe |
|||||||
Triail (d) |
Triail tuisceana teanga |
marcálfar an triail seo as 12 phointe an pasmharc: 6 phointe |
||||||
Triail (e) |
Triail tuisceana teanga |
marcálfar an triail seo as 12 phointe an pasmharc: 6 phointe |
||||||
|
Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c) Teanga 2 i gcás thriail (d) Teanga 3 i gcás thriail (e) |
V. TRIALACHA AISTRIÚCHÁIN
|
Déanfar do chuid inniúlachtaí sonracha a mheas trí bhíthin na dtrialacha aistriúcháin, trialacha a ndéanfaidh an bord roghnúcháin a mbeidh iontu a fhaomhadh,
Triail díbeartha atá i dtriail (b) ach ní chuirfear marcanna na trialach sin le marcanna na dtrialacha eile chun a chinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha aistriúcháin a dhéanamh. Líon na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha aistriúcháin a dhéanamh, beidh sé cothrom, i ngach comórtais agus i ngach rogha, le tuairim is trí oiread líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo atá luaite san fhógra seo, ach ní féidir é a bheith os cionn ceithre oiread an lín sin (5). Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/). Is in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit a bheidh na trialacha aistriúcháin ar siúl. |
||||||||
|
Marcálfar gach triail aistriúcháin as 80 pointe an pasmharc: 40 pointe Mura ngnóthóidh an t-iarrthóir pasmharc i dtriail (f), ní cheartófar triail (g). |
VI. IONAD MEASÚNAITHE
|
Tabharfar cuireadh duit chun an ionaid mheasúnaithe, rud is gnách a bheith ar siúl sa Bhruiséil, má ghnóthaigh tú an pasmharc agus ceann de na marcanna is fearr sna trialacha aistriúcháin. Líon na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe, beidh sé cothrom, i ngach comórtas agus i ngach rogha, le tuairim is dhá oiread líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo atá luaite san fhógra seo agus foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/). |
||||||||
|
Tá an t-ionad measúnaithe ceaptha do chuid inniúlachtaí ginearálta (6) a mheas sa chéad teanga fhoinseach agat, trí bhíthin na dtrialacha seo a leanas, trialacha a bhfaomhfaidh an bord roghnúcháin a mbeidh iontu:
|
Scrúdófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta sin mar atá léirithe sa tábla seo thíos:
|
Agallamh struchtúrtha |
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Cur i láthair ó bhéal |
Anailísiú agus réiteach fadhbanna |
|
x |
x |
Cumarsáid |
x |
|
x |
Cáilíocht agus torthaí |
x |
|
x |
Foghlaim agus forbairt |
x |
x |
|
Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán |
|
x |
x |
Buanseasmhacht |
x |
|
x |
Obair bhuíne |
x |
x |
|
Cumas ceannaireachta |
x |
x |
|
|
Marcálfar iomlán na n-inniúlachtaí ginearálta as 80 pointe (10 bpointe in aghaidh na hinniúlachta) an pasmharc: 40 pointe d’iomlán na 8 n-inniúlacht ghinearálta. |
||
|
Déanfar an marc foriomlán, a bheidh bunaithe ar mharcanna na dtrialacha aistriúcháin (inniúlachtaí sonracha) agus ar thrialacha an ionaid mheasúnaithe (inniúlachtaí ginearálta) le chéile, déanfar é a ríomh mar seo: Inniúlachtaí sonracha (trialacha (f) agus (g)): 65 % den mharc foriomlán Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (h), (i), (j)): 35 % den mharc foriomlán |
VII. PAINÉIL
|
Cuirfidh an bord roghnúcháin d’ainm ar an bpainéal
Déanfar an tseiceáil thuasluaite, in ord íslitheach tuillteanais, go dtí go sroichfear an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí nach mbainfidh an tairseach sin amach. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe (8) a rinne iarrthóir ag luí leis na doiciméid tacaíochta a chuir sé ar fáil, dícháileofar é den chomórtas. |
||||||
|
Tiomsófar na painéil de réir comórtais agus de réir rogha, agus beidh na hainmneacha iontu in ord aibítre. |
VIII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe. Sprioc-am (an bailíochtú san áireamh): 5 Lúnasa 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile |
||
|
Má bhíonn tú ar na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe (9), beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d’iarratas (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh a thabhairt leat chuig an ionad measúnaithe. Sonraí praiticiúla: féach pointe 2.1.7 de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte. |
(1) Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.
(2) Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR: http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp.
An t-íosleibhéal a theastaíonn i gcás aistritheoirí: teanga 1 – C2; teanga 2 – C1; teanga 3 – C1.
(3) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh go léir na trialacha aistriúcháin a dhéanamh.
(4) Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).
(5) Is féidir, ar bhonn eisceachtúil, uaslíon a shárú nuair nach bhfuil an dara rogha ann i ngeall ar iarrthóirí a bheith aicmithe mar iarrthóirí ex aqueo nó nuair is gá deimhin a dhéanamh de nach mbeidh an neodrú díobhálach.
(6) Tá cur síos ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte.
(7) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar fad ar an bpainéal.
(8) Is é EPSO a dhéanfaidh na dearbhuithe a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus is é an Bord Roghnúcháin a dhéanfaidh iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha.
(9) Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.
3.7.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
8 |
ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS
Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.
5 |
|
6 |
|
11 |
|
19 |
|
21 |
|
26 |
|
27 |
|
30 |
(PL) |
35 |
|
41 |
(DE/EN/FR) |
42 |
|
43 |
|
46 |
|
47 |
|
48 |
|
55 |
|
56 |
|
60 |
|
62 |
|
65 |
|
73 |
(DE/EN/FR) |
74 |
|
81 |
|
88 |
|
92 |
(DE/EN/FR) |
97 |
|
98 |
|
99 |
|
108 |
|
109 |
|
116 |
|
119 |
|
133 |
|
134 |
|
136 |
|
137 |
(DE/EN/FR) |
140 |
|
145 |
|
152 |
|
160 |
|
163 |
|
164 |
|
176 |
|
178 |
|
180 |
|
182 |
|
185 |
|
186 |
|
188 |
|
195 |
|
207 |
|