ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( 1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
57 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
2014/C 178 A/01 |
Fógra comórtais oscailte — EPSO/AST/133/14 — Teicneolaíochtaí na faisnéiseagus na cumarsáide (AST 3) |
|
||
2014/C 178 A/02 |
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 178 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
12.6.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AST/133/14
TEICNEOLAÍOCHTAÍ NA FAISNÉISEAGUS NA CUMARSÁIDE (AST 3)
(2014/C 178 A/01)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú óna n-earcófar cúntóirí (*).
Is é is aidhm don chomórtas seo painéil a thiomsú chun poist fholmha d’oifigigh in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.
Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na Rialacha Ginearálta do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn. Is cuid dhílis den fhógra comórtais an doiciméad sin agus cuideoidh sé leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint. |
AN CLÁR ÁBHAR
I. |
CÚLRA |
II. |
DUALGAIS |
III. |
INCHÁILITHEACHT |
IV. |
TRIALACHA IONTRÁLA |
V. |
CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ |
VI. |
COMÓRTAS OSCAILTE |
VII. |
PAINÉIL |
VIII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
I. CÚLRA
|
1 = 57 2 = 21 3 = 18 4 = 44 5 = 11 |
||
|
Baineann an fógra comórtais seo le cúig réimse. Ní féidir cur isteach ach ar aon réimse amháin. Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d’iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne. |
II. DUALGAIS
Ag seo samplaí de na cúraimí a bheidh le déanamh ag oifigigh a earcófar mar chúntóirí:
— |
Réitigh ríomhaireachta a cheapadh do riachtanais gnó, agus cás-stáidéir gnó a ullmhú chun an próiseas déanta cinntí a éascú. |
— |
Eagrú, cur ar bun agus/nó monatóireacht seirbhísí oibríochta i gceann de na réimsí i gceist (bíodh cuid den obair sin curtha amach ar fochonradh nó ná bíodh), go háirithe tuarascálacha agus scórchlár a ullmhú chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí de réir mar is gá agus doiciméid a ullmhú a bhaineann le bainistiú athruithe agus le tionscadal forbartha infrastruchtúir. |
— |
Maoirsiú a dhéanamh ar sholáthróirí seachtracha, lena n-áirítear pleananna oibre a ullmhú, monatóireacht a dhéanamh ar chonarthaí, nós imeachta glactha agus formheasa a dhéanamh agus sonrascú a láimhseáil. |
— |
Réitigh theicniúla a cheapadh, a thástáil agus a bhailíochtú. |
— |
Bainistiú na bhfoirne a bhíonn ag plé le tionscadal/seirbhísí ríomhaireachta agus láimhseáil a gconarthaí. |
— |
Ullmhú nótaí faisnéise, tuarascálacha agus cur i láthair. |
i gceann amháin de na réimsí seo:
Réimse 1 – Córais faisnéise
— |
Anailísiú feidhmiúil agus teicniúil a dhéanamh (cur síos a dhéanamh ar riachtanais, próisis gnó a anailísiú, sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla a dhréachtú), ailtireachtaí ríomhchlár, bunachair sonraí agus feidhmchláir a cheapadh. |
— |
Fréamhshamhaltú, forbairt, tástáil, seoladh, rialú cáilíochta, cothabháil agus riar córas faisnéise laistigh d’ailtireachtaí agus de thimpeallachtaí éagsúla (cliant-freastalaí, il-leibhéal, pacáistí bogearraí ar nós SAP, nó bogearraí móibíleacha nó gréasán). |
— |
Forbairt, cur i ngníomh, agus cothabháil córas bailithe, próiseála agus craobhscaoilte sonraí staitistiúla (ollstór sonraí) agus sonraí faisnéise gnó. |
— |
Forbairt, cur i ngníomh agus cothabháil corás doiciméadachta. |
Réimse 2– Slándáil córas faisnéise
— |
Anailísí riosca a dhéanamh ar chórais le huirlisí aitheanta modheolaíochta (e.g. EBIOS, PILAR) agus conclúidí na n-anailísí sin a úsáid chun frithbhearta slándála a cheapadh leis an gcóras faisnéise a chosaint. |
— |
Nósanna imeachta oibriúcháin slándála a cheapadh le haghaidh córas faisnéise agus lámhleabhar paraiméadar (e.g. córais oibriúcháin, bunachair sonraí, scagairí líonra) agus páirt a ghlacadh i riar shlándáil na gcóras faisnéise. |
— |
Iniúchtaí slándála ar shlándáil ríomhaireachta agus ar líonraí a dhéanamh, tástálacha briseadhisteach ar chórais faisnéise córas faisnéise a dhéanamh agus tástálacha diagnóisice slándála ar líonraí a dhéanamh. |
— |
Seoladh agus feidhmiú uirlisí uathoibríocha um anailísiú logaí, uirlisí um anailísiú laigí, scagairí lionra, IPS/IDS agus uirlisí coiscthe bogearraí mailíseacha. |
— |
Seoladh agus feidhmiú meicníochtaí criptiúcháin den chineál a úsáideann rialtais (e.g. bainistiú eochracha, gnéithe comhoiriúnacha). |
— |
Seoladh agus feidhmiú infreastruchtúr um bainistiú eochracha poiblí. |
Réimse 3– Líonraí agus Teileachumarsáid
— |
Ceapadh réiteach, agus cur ar bun, bainistiú agus maoirsiú seirbhísí a bhaineann le líonraí sonraí (LAN/WAN) agus líonraí fuaime/físchomhdhála agus leis an teileachumarsáid i gcoitinne. |
— |
Obair riaracháin agus chothabhála a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt i dtaca le seirbhísí agus trealaimh a bhaineann leis an infreastruchtúr líonra agus teileachumarsáide (e.g. trealaimh ghníomhacha agus éighníomhacha, ródairí, ballaí dóiteáin, seachfhreastalaithe, lódchothromóirí, frith-thurscar, PABX). Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú, ar fheidhmíocht agus ar shlándáil. |
— |
Slándáil líonraí agus slándáil teileachumarsáide a bhainistiú agus a iniúchadh. |
Réimse 4 – Infreastruchtúr ríomhaireachta oifige agus lárionad sonraí
— |
Obair riaracháin agus chothabhála a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt i dtaca le gach a mbaineann le húsáideoirí. Stáisiúin oibre a chumrú, ionaid oibre ina n-úsáidtear gléasanna móibíleacha san áireamh. Nuashonraithe córas oibriúcháin, ríomhchlár agus feidhmchlár gnó. Gnéithe slándála stáisiún oibre a chumrú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. |
— |
Lárionaid próiseála sonraí a oibriú/a bhainistiú: obair riaracháin agus chothabhála a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt i dtaca le seirbhísí agus trealaimh um fíordheimhniú; córais comhad, bunachair sonraí, freastalaithe feidhmchlár, córais stórála agus sábhála aircíví agus sonraí, agus córais fíorúlaithe a bhainistiú; gléasanna móibíleacha, córais teachtaireachtaí leictreonacha agus seirbhísí eile is gnách d’ionad sonraí a chur ar fáil a bhainistiú. |
— |
Tionscadail a bhainistiú, teicneolaíochtaí a mheas agus réitigh a chur i ngníomh sna fo-réimsí i gceist. |
— |
Tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí sna fo-réimsí i gceist. |
— |
páirt a ghlacadh i gceapadh agus i dtástáil an phlean leanúnachais gnó agus an phlean athshlánaithe ó thubaiste. |
Réimse 5–Gréasán
— |
An ailtireacht theicniúil: ailtireachtaí teicniúla gréasáin (an chúloifig) a cheapadh, agus sainsonraíochtaí na huirlise bainistíochta a úsáidtear chun an t-inneachar a bhainistiú, mar aon le riachtanais gnó, a chur san áireamh. |
— |
Uirlisí bainistíochta a úsáidtear le haghaidh córas bainistíochta inneachair (CMS) a fhorbairt agus a chumrú. |
— |
Gnásanna bailíochtaithe agus foilsithe inneachair a chumrú/a fhorbairt. |
— |
Eagrú, cur ar bun agus/nó monatóireacht seirbhísí oibríochta um bainistiú suíomhanna gréasáin (bíodh cuid den obair sin curtha amach ar fochonradh nó ná bíodh). Nósanna imeachta, staitisticí, tuarascálacha agus scórchláir a ullmhú d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí éagsúla de réir mar is gá. |
— |
Obair forbartha a dhéanamh i réimse na meán sóisialta (Facebook, etc.). |
— |
Ábhar grafach a dhearadh agus a leagan amach. |
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|||||||||
|
|||||||||
|
|||||||||
2.1 |
Cáilíochtaí agus taithí oibre Oideachas tríú leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin a bhaineann leis an réimse atá roghnaithe ag an iarrthóir. NÓ Oideachas dara leibhéal, oideachas teicniúil san áireamh, agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre sé bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin a bhaineann leis an réimse atá roghnaithe ag an iarrthóir. |
||||||||
2.2 |
Eolas ar theangacha (1) |
||||||||
Teanga 1 |
Príomhtheanga: Sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh |
||||||||
Teanga 2 |
Dara teanga (nach ionann agus teanga 1): Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE. Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhísí, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí. Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánaí, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Is dearbhú é sin ar an méid a bhfuiltear ag súil leis faoi láthair maidir le leibhéal oideachais agus inniúlachtaí gairme iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligeann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Ar na cúiseanna céanna, moltar an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, an teanga ina scríobhtar na hiarratais san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais ar aon dul le chéile. Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga sin le roghnú as na trí theanga sin. Tá na bearta seo gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne. |
IV. TRIALACHA IONTRÁLA
Is ar ríomhaire a dhéanfar na trialacha iontrála agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh a mbeidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Ní eagrófar na trialacha iontrála ach amháin má bhíonn an líon daoine a chláróidh don chomórtas os cionn tairsí áirithe. Is é stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige, a shocróidh an tairseach sin, i ndiaidh deireadh a theacht le clárú na n-iarrthóirí. D’fhéadfadh an tairseach sin bheith éagsúil ó réimse go chéile, agus cuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO cén tairseach a bheidh socraithe.
Murab amhlaidh an scéal, eagrófar trialacha inniúlachtaí san ionad measúnaithe (féach Roinn VI.2).
|
Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d’iarratas in am (féach Roinn VIII). Tabhair do d’aire:
|
|||||||
|
Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun d’inniúlachtaí réasúnaíochta a mheasúnú: |
|||||||
Triail (a) |
réasúnaíocht bhriathartha |
marcálfar an triail seo as 20 pointe an pasmharc: 10 bpointe |
||||||
Triail (b) |
réasúnaíocht uimhriúil |
marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
||||||
Triail (c) |
réasúnaíocht theibí |
marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
||||||
|
Is é 10 bpointe an pasmharc don dá thriail, d’iomlán (b) agus (c) |
|||||||
|
Teanga 1 |
V. CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ
1. Nós imeachta
An scrúdú ar na coinníollacha ginearálta agus sonracha agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí, déanfar é i dtús báire ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú i d’iarratas.
(a) |
Scrúdóidh an bord roghnúcháin do chuid freagraí i leith na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha féachaint an bhfuil tú ar dhuine de na daoine a chomhlíonann coinníollacha iontrálacha uile an chomórtais. I gcás ina réamhéagrófar trialacha iontrála, déanfar na coinníollacha ginearálta agus sonracha a scrúdú, in ord íslitheach na bpointí a gnóthaíodh sna trialacha iontrála, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí, in aghaidh an réimse, a shocraigh an t-údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige (2) , ar iarrthóir iad:
|
(b) |
Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí a aithint a bhfuil na cailíochtaí is ábhartha (dioplómaí agus taithí oibre go háirithe) acu i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, de réir na scéime marcála seo thíos:
|
Ansin, tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in ord na marcanna foriomlána. An líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh (3) chun an ionaid mheasúnaithe dóibh, beidh sé comhionann, de réir réimse, le trí oiread ar a laghad líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).
2. Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil
I ndiaidh thrialacha an ionaid mheasúnaithe agus de réir na dtorthaí a gnóthaíodh sna trialacha sin, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe sin (4) ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.
Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna foriomlána is fearr i dtrialacha (d), (e), (f) agus (g) den ionad measúnaithe (féach Roinn VI.2). Nuair is iomchuí, ní mór do na hiarrthóirí an pasmharc a ghnóthú i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil sin go dtí sroichfear an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar na painéil, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.
3. Critéir Roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin an méid seo a leanas san áireamh:
Réimse 1 – Córais faisnéise
1. |
Dioplóma i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. |
2. |
Deimhniú i mbainistiú seirbhísí (e.g. ITIL). |
3. |
Deimhniú i mbainistiú tionscadal (e.g. PMI, Prince2). |
4. |
Deimhniú sa tslándáil ríomhaireachta (e.g. bainistiú aitheantas agus rochtana, slándáil córas faisnéise). |
5. |
Deimhniú teicniúil i gcórais faisnéise gnó (e.g. Java, Oracle, BO, Microsoft). |
6. |
Taithí oibre (nach taithí oibre bainistíochta í) ar pháirt a ghlacadh i dtionscadal arb é ab aidhm leis córas faisnéise gnó a cheapadh, a fhorbairt agus a chur i ngníomh. |
7. |
Taithí oibre ar anailís a dhéanamh ar riachtanais agus ar phróisis gnó. |
8. |
Taithí oibre ar bhunachair sonraí a cheapadh, bunachair sonraí oibiacht-dhírithe san áireamh. |
9. |
Taithí oibre ar fhorbairt feidhmchlár gréasáin/mhóibíleacha/dháilte (cliant-freastalaí). |
10. |
Taithí oibre ar chur ar bun pacáistí bogearraí um bainistiú comhtháite (ERP) (e.g. SAP). |
11. |
Taithí oibre ar chórais doiciméadúcháin a cheapadh, a fhorbairt agus a chur i ngníomh, cur i ngníomh an chaighdeáin XML san áireamh. |
12. |
Taithí oibre ar dhréachtú sonraíochtaí teicniúla (ISO 26 514) nó ar dhréachtú doiciméadachta le haghaidh tionscadal a bhaineann le teanga shamhaltaithe (e.g. UML). |
13. |
Taithí oibre ar cheapadh, forbairt, agus ar chur i ngníomh córas staitisticí (ollstór sonraí agus ETL) agus córas faisnéise gnó. |
14. |
Taithí oibre a bhaineann le cáilíocht córas faisnéise a thástáil agus a rialú. |
15. |
Taithí oibre ar mhonatóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí arna soláthar ag soláthróirí seachtracha sa réimse i gceist. |
16. |
Taithí oibre ar thionscadail córas faisnéise a bhainistiú. |
17. |
Taithí oibre a bhaineann le slándáil córas faisnéise. |
18. |
Taithí oibre ar fhoireann ríomhaireachta a bhainistiú. |
19. |
Taithí oibre ar mhodheolaíocht forbartha córas faisnéise (e.g. RUP, AGILE, SCRUM) a chur chun feidhme. |
Réimse 2– Slándáil córas faisnéise
1. |
Dioplóma i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. |
2. |
Deimhniú i mbainistiú seirbhísí (e.g. ITIL). |
3. |
Deimhniú i mbainistiú tionscadal (e.g. PMI, Prince2). |
4. |
Deimhniú a bhaineann le slándáil córas faisnéise. |
5. |
Taithí oibre ar anailísí riosca a dhéanamh ar chórais le huirlisí modheolaíochta aitheanta agus conclúidí na n-anailísí sin a úsáid chun frithbhearta slándála a cheapadh leis an gcóras faisnéise a chosaint. |
6. |
Taithí oibre ar nósanna imeachta oibriúcháin slándála a chur i bhfeidhm le haghaidh córas faisnéise agus lámhleabhar paraiméadar (e.g. córais oibriúcháin, bunachair sonraí, scagairí líonra). |
7. |
Táithí oibre ar shlándáil córas faisnéise a riar. |
8. |
Taithí oibre ar iniúchtaí slándála ar shlándáil ríomhaireachta agus ar líonraí a dhéanamh, ar thástálacha sáraithe córas faisnéise a dhéanamh agus ar thástálacha diagnóisice slándála ar líonraí a dhéanamh. |
9. |
Taithí oibre ar sheoladh agus feidhmiú uirlisí uathoibríocha um anailísiú logaí, uirlisí um anailísiú laigí, scagairí lionra, IPS/IDS agus uirlisí coiscthe bogearraí mailíseacha. |
10. |
Taithí oibre ar sheoladh agus feidhmiú meicníochtaí criptiúcháin den chineál a úsáideann rialtais (e.g. bainistiú eochracha, gnéithe comhoiriúnacha). |
11. |
Taithí oibre ar sheoladh agus feidhmiú infreastruchtúr um bainistiú eochracha poiblí. |
Réimse 3– Líonraí agus Teileachumarsáid
1. |
Dioplóma i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. |
2. |
Deimhniú i mbainistiú seirbhísí (e.g. ITIL). |
3. |
Deimhniú i mbainistiú tionscadal (e.g. PMI, Prince2). |
4. |
Deimhniú sa tslándáil ríomhaireachta. |
5. |
Deimhniú teicniúil a bhaineann le líonraí agus leis an teileachumarsáid. |
6. |
Taithí oibre ar sheirbhís líonra agus teileachumarsáide a cheapadh. |
7. |
Taithí oibre ar sheirbhís líonra agus teileachumarsáide a oibriú (cothabháil éabhlóiditheach, paraiméadrú). |
8. |
Taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla nó ar dhoiciméid a dhréachtú sa réimse i gceist. |
9. |
Taithí oibre ar thacaíocht theicniúil a thabhairt nó ar chothabháil theicniúil a dhéanamh i réimse na líonraí ríomhaireachta. |
10. |
Taithí oibre ar thionscadal seolta líonra gnólachta ina raibh gléasanna líonra amhail cómhalartáin, ródairí, ballaí dóiteáin, seachfhreastalaithe. |
11. |
Taithí oibre ar mhonatóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí arna soláthar ag soláthróirí seachtracha sa réimse i gceist. |
12. |
Taithí oibre ar thacaíocht a thabhairt i réimse na slándála líonra. |
Réimse 4 – Infreastruchtúr ríomhaireachta oifige agus lárionad sonraí
1. |
Dioplóma i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. |
2. |
Deimhniú i mbainistiú seirbhísí agus/nó infreastruchtúr (e.g.ITIL, CDCP, CDCS, CDCE, DCE). |
3. |
Deimhniú i mbainistiú tionscadal (e.g. PMI, Prince2). |
4. |
Deimhniú sa tslándáil ríomhaireachta. |
5. |
Deimhniú teicniúil a bhaineann le hinfreastruchtúr ríomhaireachta oifige agus/nó le lárionad sonraí. |
6. |
Taithí oibre ar infreastruchtúr ríomhaireachta a cheapadh. |
7. |
Taithí oibre ar thionscadal arb é ab aidhm leis infreastruchtúr ríomhaireachta gnólachta a sheoladh. |
8. |
Taithí oibre ar thacaíocht agus ar chothabáil theicniúil i réimse na n-infreastruchtúir ríomhaireachta atá bunaithe ar fhreastalaithe nó ar lárionaid sonraí. |
9. |
Taithí oibre ar thacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí (deasc chabhrach) i réimse na n-infreastruchtúir ríomhaireachta atá bunaithe ar fhreastalaithe nó ar lárionaid sonraí. |
10. |
Taithí oibre ar sheirbhís ríomhaireachta a oibriú (cothabháil éabhlóiditheach, paraiméadrú). |
11. |
Taithí oibre ar chur ar bun agus ar riar bunachar sonraí. |
12. |
Taithí oibre a bhaineann le slándáil líonraí ríomhaireachta. |
13. |
Taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla nó ar dhoiciméid a dhréachtú sa réimse i gceist. |
14. |
Taithí oibre ar mhonatóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí arna soláthar ag soláthróirí seachtracha sa réimse i gceist. |
Réimse 5–Gréasán
1. |
Dioplóma i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. |
2. |
Deimhniú i mbainistiú seirbhísí (e.g. ITIL). |
3. |
Deimhniú i mbainistiú tionscadal (e.g. PMI, Prince2). |
4. |
Deimhniú sa tslándáil ríomhaireachta. |
5. |
Deimhniú teicniúil i réimse an ghréasáin. |
6. |
Taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla nó ar dhoiciméid a dhréachtú do thionscadail gréasáin. |
7. |
Taithí oibre ar cheapadh agus ar chothabháil ailtireachtaí teicniúla gréasáin (cúloifig, il-leibhéal, seirbhísí gréasáin), feidhmchláir mhóibíleacha agus/nó ailtireachta ilmheáin (e.g. sruthú, íoslódálacha, méithmheáin, físeáin ar éileamh (VOD), RSS, podchraoltaí a chomhroinnt le ríomhphost), go háirithe tionscadail ilteangacha. |
8. |
Taithí oibre ar anailísiú gnó a dhéanamh ar thionscadail gréasáin. |
9. |
Taithí oibre ar fhorbairt agus ar chumrú ceann de na príomhuirlisí bainistithe inneachair (CMS). |
10. |
Taithí oibre ar chumrú agus ar fhorbairt gnásanna bailíochtaithe agus ar fhoilsiú inneachair (go háirithe aon taithí a bhaineann le hanailísiú idirlín agus staitisticí). |
11. |
Taithí oibre ar obair forbartha sna meáin shóisialta (e.g. líonrú, blaganna, vícithe, comhroinnt físeán) agus uirlisí comhoibríocha. |
12. |
Taithí oibre ar cheapadh agus ar chur ar bun ábhair ghrafaigh (e.g. deighilt sonraí/leagan amach, XML-XHTML-CSS). |
13. |
Taithí oibre ar sheirbhísí arna gcur ar fáil ag conraitheoirí seachtracha agus ar thionscadail gréasáin a chomhordú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. |
VI. COMÓRTAS OSCAILTE
|
Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí (5)
tabharfar cuireadh duit trialacha an ionaid mheasúnaithe a dhéanamh, trialacha is gnách a bheith ar siúl sa Bhruiséil (6) ar feadh lá nó dhó. |
||||||||||||||||||||||
|
Déanfar trí chineál measúnaithe ort agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh a mbeidh iontu a fhormheas:
|
Scrúdófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta mar atá léirithe sa tábla seo thíos:
|
Cás-staidéar |
Obair bhuíne |
Agallamh struchtúrtha |
Anailísiú agus réiteach fadhbanna |
x |
x |
|
Cumarsáid |
x |
|
x |
Cáilíocht agus torthaí |
x |
|
x |
Foghlaim agus forbairt |
|
x |
x |
Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán |
x |
x |
|
Buanseasmhacht |
|
x |
x |
Obair bhuíne |
|
x |
x |
|
Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c) Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (e), (f) agus (g) |
||||||||
|
Inniúlachtaí réasúnaíochta
an pasmharc d’iomlán thrialacha (b) agus (c): 10 bpointe Trialacha díbeartha is ea trialacha (a), (b) agus (c) ach ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna eile an ionaid mheasúnaithe. Inniúlachtaí sonracha (triail (d)) marcálfar an triail seo as 100 pointe an pasmharc: 50 pointe Ualú: 55 % den mharc foriomlán Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (e), (f), (g)) marcálfar gach ceann de na trialacha inniúlachtaí ginearálta as 10 bpointe an pasmharc: 3 phointe do gach inniúlacht agus 35 pointe as 70 d’iomlán na 7 n-inniúlacht ghinearálta Ualú: 45 % den mharc foriomlán |
VII. PAINÉIL
|
Cuirfidh an bord roghnúcháin d’ainm ar phainéal
|
||||||
|
Tiomsófar na painéal de réir réimse agus beidh na hainmneacha iontu in ord aibítre. |
VIII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa Treoirleabhar maidir le clárú go háirithe. Spriocam (an bailíochtú san áireamh): 15 Iúil 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile |
||
|
Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe dóibh, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d’iarratas a thabhairt leat (9) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chun na dtrialacha measúnaithe. féach pointe 2.1.7 de na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte. |
(*) Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.
(1) Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa (CECR) – íosleibhéal: teanga 1 = C1; teanga 2 = B2
(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).
(2) Beidh an líon sin cothrom leis an tairseach atá luaite i Roinn IV.
(3) Na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe, gheobhaidh siad torthaí a measúnaithe chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.
(4) Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).
(5) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe dóibh go léir.
(6) Ar chúiseanna eagrúcháin, d’fhéadfadh na trialacha inniúlachta bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit, is cuma cá mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.
(7) Tá cur síos ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 de na Treoracha do chomórtais oscailte.
(8) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar fad ar an bpainéal.
(9) Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.
12.6.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
12 |
ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS
(2014/C 178 A/02)
Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.
5 |
|
6 |
|
11 |
|
19 |
|
21 |
|
26 |
|
27 |
|
30 |
(PL) |
35 |
|
41 |
(DE/EN/FR) |
42 |
|
43 |
|
46 |
|
47 |
|
48 |
|
55 |
|
56 |
|
60 |
|
62 |
|
65 |
|
73 |
(DE/EN/FR) |
74 |
|
81 |
|
88 |
|
92 |
(DE/EN/FR) |
97 |
|
98 |
|
99 |
|
108 |
|
109 |
|
116 |
|
119 |
|
133 |
|
134 |
|
136 |
|
137 |
(DE/EN/FR) |
140 |
|
145 |
|
152 |
|
160 |
|
163 |
|
164 |
|
176 |
|
178 |
|