ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( 1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
57 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
2014/C 98 A/01 |
Fógra comórtais oscailte EPSO/AST/131/14 – Cúntóirí (AST 3) Cigireacht núicléach |
|
||
2014/C 98 A/02 |
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 98 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
3.4.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AST/131/14 – CÚNTÓIRÍ (AST 3)
CIGIREACHT NÚICLÉACH
(2014/C 098 A/01)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú óna n-earcófar cúntóirí (*).
Is é is aidhm don chomórtas seo painéal a thiomsú chun poist fholmha d’oifigigh sa Choimisiún Eorpach a líonadh, in Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (DG ENER) i Lucsamburg agus i seirbhísí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) go háirithe, arb é is cúram dó an tslándáil núicléach a rialú, go háirithe san Institiúid um Dhúile Trasúránacha (ITU) in Karlsruhe na Gearmáine, san Institiúid Fuinnimh (IE) in Petten na hÍsiltíre agus in “Bainistiú Láithreán Ispra” (ISD) in Ispra na hIodáile.
Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn. Is cuid dhílis den fhógra comórtais na treoracha sin agus cuideoidh siad leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint. |
AN CLÁR ÁBHAR
I. |
CÚLRA |
II. |
DUALGAIS |
III. |
INCHÁILITHEACHT |
IV. |
TRIALACHA IONTRÁLA |
V. |
CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ |
VI. |
COMÓRTAS OSCAILTE |
VII. |
PAINÉAL |
VIII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
I. CÚLRA
An líon iarrthóirí a n-éireoidh leo: 32
II. DUALGAIS
Is é is misean do DG ENER, ó thaobh rialaithe na slándála núicléiche, féachaint chuige go n-urraimítear na hoibleagáidí agus na cearta a bhaineann le gan ábhar núicléach a bheith á mhí-leithghabháil, de réir mar a thuairiscítear i gCaibidil 7 de Chonradh Euratom lena mbunaítear córas rialaithe slándála Euratom.
Is é is misean don Airmheán Comhpháirteach Taighde saintacaíocht eolaíoch agus theicniúil a thabhairt chun gur féidir beartais an Aontais Eorpaigh a cheapadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Ina cháil mar sheirbhís de chuid an Choimisiúin, feidhmíonn an JRC mar ionad tagartha i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta don Aontas.
Is é a bhíonn de chúram ar chigirí núicléacha cruinneas na ndearbhuithe agus na dtuarascálacha a réitíonn oibreoirí suiteálacha núicléacha a mheas, seiceálacha fisiciúla a dhéanamh ar ábhar núicléach agus a gcuid conclúidí a thabhairt i dtuarascáil. Ina theannta sin, bíonn sé de chúram orthu, faoi mhaoirseacht ball foirne is sinsearaí ná iad, cumarsáid a dhéanamh le hoibreoirí suiteálacha, le comhpháirtithe náisiúnta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí orthu cuidiú a thabhairt gléasra rialaithe slándála a fhorbairt, a shuiteáil agus a chothabháil.
Ag seo na príomhdhualgais a bhíonn le déanamh ag cigire núicléach:
— |
Cigireachtaí a dhéanamh, i suiteálacha núicléacha, ar gach céim de chiogal an bhreosla núicléach (mar atá eastóscadh ábhair inscoilte, tiontú, saibhriú agus táirgeadh an bhreosla núicléach, feidhmiú na n-imoibreoirí núicléacha, athphróiseáil an bhreosla ionradaithe, próiseáil fuíollábhair agus stóráil dheifnídeach an fhuíollábhair sin). Cigireachtaí a dhéanamh chun saintréithe teicniúla suiteálacha a sheiceáil agus scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid a ghabhann le dearbhuithe cuntasaíochta a chuireann an t-oibreoir ar fáil, féachaint an bhfuil siad cruinn. Cuid den tseiceáil is ea tomhais chainníochtúla agus cháilíochtúla a ghlacadh, samplaí a thógáil, agus anailís a dhéanamh ar na sonraí a thugann na tomhais, físfhaireachas a dhéanamh agus bheith ag plé le sonraí a bhaineann le séalaí. |
— |
Comhlíontacht agus comhsheasmhacht na ndearbhuithe cuntasaíochta i leith ábhair núicléach a chuireann oibreoirí núicléacha ar fáil a sheiceáil. Cuid den tseiceáil sin is ea sonraí a iontráil i ríomhchóras cuntasaíochta, anailís a dhéanamh ar mhíréireachtaí a aimsíonn an córas sin agus na míréireachtaí sin a fhiosrú leis na hoibreoirí a mbaineann siad leo. |
— |
Cuidiú a thabhairt bearta rialaithe slándála a ullmhú do gach suiteáil núicléach ar leith, ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún i gcruinnithe le hoibreoirí, le húdaráis náisiúnta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, ar nós na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta d’Fhuinneamh Adamhach (IAEA), agus tuarascálacha mionsonraithe a dhréachtú. |
— |
Anailís a dhéanamh ar shamplaí d’ábhar núicléach agus ar mhaipíní, i saotharlanna ar an láthair, nó i saotharlanna de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Cuid den obair sin is ea calabrú agus bailíochtú an trealamh anailísithe mar aon le láimhseáil na samplaí i dtimpeallacht rialaithe. |
— |
An trealamh agus na hionstraimí atá le húsáid sna cigireachtaí ar an láthair a fhorbairt, a ullmhú agus a chalabrú agus trealamh tomhais agus monatóireachta a shuiteáil agus a chothabháil, córais físfhaireacháin agus córais aerdhíonachta leictreonacha i suiteálacha núicléacha san áireamh. |
D’fhéadfadh sé go mbeadh na cúraimí thuasluaite le déanamh ag foirne éagsúla. Fiú amháin má tá saineolas ag iarrthóir ar cheann de na grúpaí cúraimí, is féidir go mbeidh sé ina bhuntáiste aige scileanna ildisciplíneacha a bheith aige sna réimsí éagsúla thuasluaite. Moltar do chigirí núicléacha malairt foirne oibre a dhéanamh le himeacht aimsire.
Tá na gníomhaíochtaí sin faoi réir fhorálacha Chonradh Euratom agus na reachtaíochta tánaistí a glacadh dá bhun agus na gcomhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu iad an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. Cuid de na gníomhaíochtaí sin is ea dul ar misean go rialta agus dul isteach i limistéir rialaithe i suiteálacha núicléacha. De bhrí gur minic a bhíonn suiteálacha núicléacha in áiteanna iargúlta teastaíonn ceadúnas tiomána.
Déantar fiosrú slándála ar chigirí núicléacha.
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|||||||||
|
|||||||||
|
|||||||||
2.1. |
Cáilíochtaí Oideachas tríú leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh i réimse teicniúil, nó i réimse a bhaineann leis na heolaíochtaí nádúrtha nó feidhmeacha, e.g. fisic núicléach, ceimic núicléach, radachosaint, radaibhitheolaíocht, fisic, ceimic, innealtóireacht. NÓ Oideachas dara leibhéal, de chineál ginearálta nó teicniúil, agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, mar aon le taithí oibre trí bliana ar a laghad i réimse ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin. NB: Ní áireofar na trí bliana sin sna blianta de thaithí oibre a iarrtar thíos. |
||||||||
2.2. |
Taithí oibre Taithí oibre trí bliana ar a laghad ar bhain dhá bhliain díobh leis an bhfisic núicléach, leis an gceimic núicléach, leis an radachosaint, leis an radabhitheolaíocht, leis an bhfisic, leis an gceimic, leis an innealtóireacht nó le haon disciplín ábhartha eile den réimse teicniúil nó de na heolaíochtaí nádúrtha, ar taithí í a fuarthas sa tionscal núicléach, in ionad taighde núicléach, i gcomhlacht poiblí náisiúnta nó idirnáisiúnta nó i réimse ábhartha eile. Tréimhsí oiliúna breise a bhaineann leis an speisialtacht atá á lorg agus a rinneadh i ndiaidh bhaint amach an dioplóma a theastaíonn, is féidir iad a chur san áireamh suas go tréimhse nach faide ná bliain. Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach an dioplóma atá riachtanach ag an iarrthóir chun bheith incháilithe don chomórtas. |
||||||||
2.3. |
Eolas ar theangacha (1) |
||||||||
Teanga 1 |
Príomhtheanga Sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
||||||||
Teanga 2 |
Dara teanga (nach ionann agus teanga 1) Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis. I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE. Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhísí, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí. Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánaí, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Is dearbhú é sin ar an méid a bhfuiltear ag súil leis faoi láthair maidir le leibhéal oideachais agus inniúlachtaí gairme iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligeann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Ar na cúiseanna céanna, moltar an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, an teanga ina scríobhtar na hiarratais san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais ar aon dul le chéile. Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin. Tá na bearta seo gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne. |
IV. TRIALACHA IONTRÁLA
Is ar ríomhaire a dhéanfar na trialacha iontrála agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh an t-ábhar a bheidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Ní eagrófar na trialacha iontrála ach amháin má bhíonn an líon daoine a chláróidh don chomórtas os cionn tairsí áirithe. Is é stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige, a shocróidh an tairseach sin, i ndiaidh deireadh a theacht le clárú na n-iarrthóirí. Cuirfear an tairseach sin in iúl duit trí do chuntas EPSO.
Ina mhalairt de chás, beidh na trialacha inniúlachtaí ar siúl san ionad measúnaithe (féach Roinn VI.2).
|
Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d’iarratas in am (féach Roinn VIII). Tabhair do d’aire:
|
||||||||
|
Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun measúnú a dhéanamh ar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta: |
||||||||
Triail (a) |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Marcálfar an triail seo as 20 pointe An pasmharc: 10 bpointe |
|||||||
Triail (b) |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
|||||||
Triail (c) |
Réasúnaíocht theibí |
Marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
|||||||
|
10 bpointe an pasmharc d’iomlán thrialacha (b) agus (c) |
||||||||
|
Teanga 1 |
V. CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ
1. An nós imeachta
An scrúdú ar na coinníollacha ginearálta agus sonracha agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí, déanfar iad ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú i d’iarratas.
(a) |
Scrúdófar do chuid freagraí i leith na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha féachaint an bhfuil tú ar dhuine de na daoine a gcomhlíonann coinníollacha iontrálacha uile an chomórtais. I gcás ina réamhéagrófar trialacha iontrála, déanfar na coinníollacha ginearálta agus sonracha a scrúdú, in ord íslitheach na bpointí a gnóthaíodh sna trialacha iontrála, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí a shocraigh an t-údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige (2) , ar iarrthóir iad:
|
(b) |
Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí a aithint a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha acu (go háirithe a fhad a bhaineann le dioplómaí agus taithí oibre) i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, de réir na scéime marcála seo thíos:
|
Ansin, tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in ord na marcanna foriomlána. An líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe dóibh (3), beidh sé comhionann le trí oiread ar a laghad an líon iarrthóirí a n-éireoidh leo. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).
2. Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil
I ndiaidh thrialacha an ionaid mheasúnaithe agus de réir na dtorthaí a gnóthaíodh sna trialacha sin, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil (4) nach bhfuil na dearbhuithe sin ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.
Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna foriomlána is fearr i dtrialacha (d), (e), (f) agus (g) den ionad measúnaithe (féach Roinn VI.2). Nuair is iomchuí, ní mór do na hiarrthóirí an pasmharc a ghnóthú i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil sin go dtí go sroichfear an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar na painéil, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.
3. Critéir Roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
1. |
Taithí oibre ar theicnící turgnamhacha a fhorbairt san fhisic núicléach, sa cheimic núicléach, sa radachosaint, sa radaibhitheolaíocht, san fhisic, sa cheimic, san innealtóireacht nó in aon disciplín ábhartha eile sa réimse teicniúil nó i réimse na n-eolaíochtaí feidhmeacha, déanamh, anailísiú agus measúnú turgnamh san áireamh. |
2. |
Taithí oibre ar chur i bhfeidhm teicnící turgnamhacha san fhisic núicléach, sa cheimic núicléach, sa radachosaint, sa radaibhitheolaíocht, san fhisic, sa cheimic, san innealtóireacht nó in aon disciplín ábhartha eile den réimse teicniúil nó de na heolaíochtaí feidhmeacha, déanamh, anailísiú agus measúnú turgnamh san áireamh. |
3. |
Taithí oibre ar theicnící tomhais a fhorbairt san fhisic núicléach, sa cheimic núicléach, sa radachosaint, sa radaibhitheolaíocht, san fhisic, sa cheimic, san innealtóireacht nó in aon disciplín ábhartha eile sa réimse teicniúil nó i réimse na n-eolaíochtaí feidhmeacha. |
4. |
Taithí oibre ar chur i bhfeidhm teicnící tomhais san fhisic núicléach, sa cheimic núicléach, sa radachosaint, sa radaibhitheolaíocht, san fhisic, sa cheimic, san innealtóireacht nó in aon disciplín ábhartha eile sa réimse teicniúil nó i réimse na n-eolaíochtaí feidhmeacha. |
5. |
Taithí oibre i réimse na ríomhaireachta a bhaineann le forbairt nó le cur i bhfeidhm teicnící turgnamhacha nó teicnící tomhais san fhisic núicléach, sa cheimic núicléach, sa radachosaint, sa radaibhitheolaíocht, san fhisic, sa cheimic, san innealtóireacht nó in aon disciplín ábhartha eile sa réimse teicniúil nó i réimse na n-eolaíochtaí feidhmeacha. |
6. |
Taithí oibre i réimse na ríomhaireachta a bhaineann le bainistiú bunachar sonraí agus le ríomhchláir chuntasaíochta. |
7. |
Taithí oibre ar na gnéithe rialála den earnáil núicléach. |
8. |
Taithí oibre ar chuntasaíocht ábhair núicléach. |
9. |
Taithí oibre idirnáisiúnta i gceann amháin ar a laghad de na réimsí thuasluaite (1 go 8), taithí oibre ar bheith ag obair i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag plé leis na réimsí thuasluaite. |
10. |
Taithí ar chaibidlíocht a dhéanamh le tríú páirtithe ar nós údaráis na mBallstát, ionadaithe oibreoirí suiteálacha agus ionadaithe comhlachtaí. |
VI. COMÓRTAS OSCAILTE
|
Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí (5)
|
||||||||||||||||||||||
|
Déanfar trí chineál measúnaithe ort agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh a mbeidh iontu a fhaomhadh:
|
Scrúdófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta mar atá léirithe sa tábla seo thíos:
|
Cás-staidéar |
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh struchtúrtha |
Anailísiú agus réiteach fadhbanna |
x |
x |
|
Cumarsáid |
x |
|
x |
Cáilíocht agus torthaí |
x |
|
x |
Foghlaim agus forbairt |
|
x |
x |
Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán |
x |
x |
|
Buanseasmhacht |
|
x |
x |
Obair bhuíne |
|
x |
x |
|
Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c) Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (e), (f) agus (g) |
||||||||
|
Inniúlachtaí réasúnaíochta
Trialacha díbeartha is ea trialacha (a), (b) agus (c) ach ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna eile a gnóthaíodh i dtrialacha eile an ionaid mheasúnaithe. Inniúlachtaí sonracha (triail (d)) Marcálfar an triail seo as 100 pointe An pasmharc: 50 pointe Ualú: 55 % den mharc foriomlán Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (e), (f) agus (g)) Marcálfar gach ceann de na trialacha inniúlachtaí ginearálta as 10 bpointe An pasmharc: 3 phointe do gach inniúlacht agus 35 phointe as 70 d’iomlán na 7 n-inniúlacht ghinearálta Ualú: 45 % den mharc foriomlán |
VII. PAINÉAL
|
Cuirfidh an bord roghnúcháin d’ainm ar an bpainéal
|
||||||
|
Tiomsófar an painéal in ord aibítre. |
VIII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí atá léirithe ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa Treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe. Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): 6 Bealtaine 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile. |
||
|
Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d’iarratas a thabhairt leat (1) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chun an ionaid mheasúnaithe. Sonraí praiticiúla: féach pointe 2.1.7 de na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte. |
(*) Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.
(1) Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa (CECR) – íosleibhéal: teanga 1= C1; teanga 2 = B2 (http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).
(2) Beidh an líon cothrom leis an tairseach dá dtagraítear sa dara paragraf de Roinn IV.
(3) Na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe, féadfaidh siad torthaí a measúnaithe a fháil, chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.
(4) Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).
(5) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe dóibh go léir.
(6) Ar chúiseanna eagrúcháin, d’fhéadfadh na trialacha inniúlachtaí a bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit, is cuma cá mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.
(7) Tá cur síos ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 de na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte.
(8) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar fad ar an bpainéal.
(1) Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.
3.4.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
9 |
ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS
(2014/C 098 A/02)
Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.
5 |
|
6 |
|
11 |
|
19 |
|
21 |
|
26 |
|
27 |
|
30 |
(PL) |
35 |
|
41 |
(DE/EN/FR) |
42 |
|
43 |
|
46 |
|
47 |
|
48 |
|
55 |
|
56 |
|
60 |
|
62 |
|
65 |
|
73 |
(DE/EN/FR) |
74 |
|
81 |
|
88 |
|
92 |
(DE/EN/FR) |
97 |
|
98 |
|