ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CE2012.352.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

55
16 Samhain 2012


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2012/C /01

Seasamh (AE) Uimh. 10/2012 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012

1

2012/C /02

Seasamh (AE) Uimh. 11/2012 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012

23

 


 

(1)   Faoin tagairt C 352 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

16.11.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


SEASAMH (AE) Uimh. 10/2012 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012

(10/2012/AE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a glacadh mar fhreagairt ar theagmhas tancaeir ola “Erika”, bunaíodh Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (“an Ghníomhaireacht”) chun leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach sábháilteachta muirí agus coisc ar thruailliú ó longa a áirithiú.

(2)

Tar éis theagmhas an tancaeir ola “Prestige” in 2002, rinneadh Rialachán (CE) 1406/2002 a mhodhnú chun tuilleadh cúraimí a thabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le freagairt do thruailliú.

(3)

Is gá a shoiléiriú céard iad na cineálacha truaillithe mara a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002. Mar sin, ba cheart truailliú mara ar suiteálacha ola agus gáis is cúis léi a thuiscint mar thruailliú d'ola nó d'aon substaint eile nach ola í, ar substaint í, má thugtar isteach sa chomhshaol mara í, gur dócha go gcruthófaí léi guaiseacha do shláinte an duine, dochar a dhéanamh d'acmhainní beo agus do bheathra na mara, dochar a dhéanamh do shaoráidí nó cur isteach ar úsáidí dleathacha eile a bhaint as an muir, mar atá bunaithe ag an bPrótacal um Ullmhacht, Freagracht agus Comhar maidir le Teagmhais Truaillithe de dheasca Substaintí Guaiseacha agus Díobhálacha, 2000.

(4)

Ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, rinne Bord Riaracháin na Gníomhaireachta (an “Bord Riaracháin”) meastóireacht sheachtrach neamhspleách ar chur chun feidhme an Rialacháin sin a choimisiúnú sa bhliain 2007. Bunaithe ar an meastóireacht sin, d'eisigh sé moltaí i mí an Mheithimh 2008 maidir le hathruithe ar fheidhmiú na Gníomhaireachta, ar a réimsí inniúlachta agus ar a cleachtais oibre.

(5)

Bunaithe ar thoradh na meastóireachta seachtraí, ar na moltaí, agus ar an straitéis ilbhliantúil, ar straitéis í a ghlac an Bord Riaracháin i Márta 2010, ba cheart roinnt forálacha de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a shoiléiriú agus a uasdátú. Le linn don Ghníomhaireacht díriú isteach ar a cuid cúraimí tosaíochta i réimse na sábháilteachta muirí, ba cheart roinnt croíchúraimí nua agus roinnt cúraimí coimhdeacha nua a chur uirthi a léiríonn an fhorbairt sa bheartas sábháilteachta muirí ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. I bhfianaise na laincisí buiséadacha atá i ndán don Aontas, tá gá le hiarrachtaí as cuimse scagtha agus ath-imlonnaithe chun éifeachtúlacht costais agus buiséid a ráthú agus chun aon fhorluí eatarthu a sheachaint. Ba cheart go bhféadfaí an fhoireann is gá le haghaidh na gcroíchúraimí nua agus na gcúraimí nua coimhdeacha a fháil, mar phrionsabal, trí ath-imlonnú inmheánach ag an nGníomhaireacht. Ag an am céanna, ba cheart go bhfaigheadh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, maoiniú ó chodanna eile de bhuiséad an Aontais, go háirithe ó ionstraim Beartais Chomharsanachta na hEorpa. Cuirfidh an Ghníomhaireacht aon chroíchúraimí nua agus aon chúraimí nua coimhdeacha i gcrích laistigh de theorainneacha na Peirspictíochta Airgeadais reatha agus laistigh de theorainneacha bhuiséad na Gníomhaireachta, gan dochar don chaibidlíocht agus do na cinntí a dhéanfar ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo. Ós rud é nach cinneadh maoinithe é an Rialachán seo, ba cheart don Údarás Buiséadach cinneadh a dhéanamh ar acmhainní don Ghníomhaireacht faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh ilbhliantúil.

(6)

Ba cheart tuairisc shoiléir agus chruinn a thabhairt ar chúraimí na Gníomhaireachta, agus ba cheart aon dúbailt a sheachaint i leith na gcúraimí.

(7)

Tá sé taispeáinte ag an nGníomhaireacht gur féidir cúraimí áirithe a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla ar leibhéal na hEorpa, lena bhféadfaí, i gcásanna áirithe, coigilt a dhéanamh ar bhuiséid náisiúnta na mBallstát agus, i gcás ina léireofaí í, breisluach iarbhír Eorpach a sholáthar.

(8)

Ba cheart roinnt forálacha maidir le gnéithe sonracha de rialachas na Gníomhaireachta a shoiléiriú. Agus an fhreagracht ar leith atá ar an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais atá cumhdaithe leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh, ba cheart don Choimisiún treoir bheartais a thabhairt don Ghníomhaireacht i gcomhlíonadh a cúraimí agus ag an am céanna stádas dlíthiúil na Gníomhaireachta agus neamhspleáchas a Stiúrthóra Feidhmiúcháin a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a urramú go hiomlán.

(9)

Agus comhaltaí den Bhord Riaracháin á gceapadh, agus Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Riaracháin á dtoghadh, agus Cinn Roinne á gceapadh, ba cheart a chur san áireamh go hiomlán a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom inscne a áirithiú.

(10)

Aon tagairt do ghníomhartha ábhartha dlí de chuid an Aontais, ba cheart go dtuigfí gur tagairt í do ghníomhartha i réimse na sábháilteachta muirí, mar aon le réimse na slándála muirí, réimse an choisc ar thruailliú ó longa agus na freagartha ar an truailliú sin, agus réimse na freagartha ar thruailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola.

(11)

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh sé le tuiscint le “slándáil mhuirí” - i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (4) – gurb é atá i gceist na bearta coisctheacha comhcheangailte atá ceaptha saoráidí loingseoireachta agus calafoirt a chosaint ar bhagairtí ó ghníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d'aon turas. Ba cheart an cuspóir slándála a bhaint amach trí bhearta iomchuí a ghlacadh i réimse an bheartais mhuiriompair gan dochar do rialacha na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, na cosanta náisiúnta agus na slándála poiblí náisiúnta, agus sa réimse maidir le coireanna airgeadais i gcoinne an Stáit a chomhrac.

(12)

Ba cheart don Ghníomhaireacht gníomhú chun leasanna an Aontais. Ba cheart a áireamh leis sin cás ina gcuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht gníomhú lasmuigh de chríoch na mBallstát ina réimsí inniúlachta agus cúnamh teicniúil a sholáthar do thríú tíortha, agus beartas sábháilteachta muirí an Aontais á chur chun cinn.

(13)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil a thabhairt do na Ballstáit agus ba cheart go bhféadfaí leis sin an acmhainneacht náisiúnta is gá a bhunú d'fhonn acquis an Aontais a chur chun feidhme.

(14)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún. Ba cheart seirbhísí amhail Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí, (SafeSeaNet), Seirbhís faireachán satailíte Eorpach Ola (CleanSeaNet), Lárionad Sonraí maidir le hAithint agus Rianú Fadraoin Long an AE (Lárionad Sonraí LRIT AE) agus bunachar sonraí AE chun Rialú ag Stát an Chalafoirt a chur chun feidhme (Thetis) a áireamh leis sin.

(15)

Ba cheart saineolas na Gníomhaireachta i dtarchur sonraí leictreonacha agus i gcórais malartaithe faisnéise mhuiriompair a úsáid chun foirmiúlachtaí tuairiscithe a shimpliú do longa d'fhonn bacainní ar mhuiriompar a dhíchur agus d'fhonn Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a bhunú. Go háirithe, ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit agus Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát á cur chun feidhme (5).

(16)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a cúnamh don Choimisiún a fheabhsú maidir le gníomhaíochtaí taighde a bhaineann lena réimsí inniúlachta. Ba cheart a sheachaint, áfach, go ndéanfaí dúbláil i dtaca leis an obair a dhéantar faoi chlár réime taighde an Aontais atá ann cheana. Go háirithe, níor cheart don Ghníomhaireacht a bheith i bhfeighil ar bhainistiú tionscadal taighde.

(17)

I bhfianaise go bhfuil feidhmchláir agus seirbhísí nua nuálacha á bhforbairt agus go bhfuil na feidhmchláir agus seirbhísí atá cheana ann á bhfeabhsú agus d'fhonn Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a chur chun feidhme, ba cheart don Ghníomhaireacht lán-úsáid a bhaint as an bhféidearthacht atá á cur ar fáil ag na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOSagus Gailileo) agus ag an gclár um Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (“GMES”).

(18)

Ar dhul in éag do chreat an Aontais um chomhar i réimse an truaillithe mara de thaisme nó d'aon ghnó a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 2850/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2000 (6), ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chuid de na gníomhaíochtaí a dhéantaí roimhe sin faoin gcreat sin, go háirithe trí leas a bhaint as saineolas an Ghrúpa Theicniúil Comhairliúcháin um Ullmhacht agus Fhreagairt i gcás truaillithe mara. Níor cheart, le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta sa réimse sin, na stáit atá buailte ar an gcósta a scaoileadh óna ndualgas maidir le sásraí iomchuí a chur ar bun chun freagairt don truailliú agus ba cheart, leis na gníomhaíochtaí sin, na socruithe comhair atá ann idir na Ballstáit nó idir grúpaí Ballstát a urramú.

(19)

Arna iarraidh sin, tugann an Ghníomhaireacht faisnéis mhionsonraithe do na Ballstáit faoi chásanna ionchasacha truaillithe ó longa trí CleanSeaNet ionas go mbeidh ar chumas na mBallstát a gcuid freagrachtaí faoi Threoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus píonóis ar sháruithe a thabhairt isteach (7) a chomhlíonadh. Tá éagsúlacht mhór, áfach, in éifeachtacht an fhorfheidhmithe in ainneoin go bhféadfadh sé gur in uiscí náisiúnta eile a chríochnódh truailliú den sórt sin. Ina chéad tuarascáil eile faoi Airteagal 12 den Treoir sin, ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin faisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le héifeachtacht agus comhsheasmhacht fhorfheidhmiú na Treorach sin agus ba cheart dó faisnéis ábhartha eile maidir lena chur i bhfeidhm a chur ar fáil freisin.

(20)

Ba cheart go rachadh iarrataí ó Bhallstáit lena mbaineann go ndéanfadh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí frith-thruaillithe trí Shásra an AE um Chosaint Shibhialta arna bunú le Cinneadh 2007/779/CE, Euratom ón gComhairle (8). D'fhéadfadh an Coimisiún áfach a mheas, i gcásanna seachas iad sin ina mbeadh iarrataí á gcur isteach go ndéanfaí longa cúltaca frith-thruaillithe agus trealamh cúltaca frith-thruaillithe a shlógadh, go bhféadfadh sé go mbeadh meáin eile cumarsáide ina mbainfí úsáid as ardteicneolaíocht faisnéise níos iomchuí agus féadfaidh sé, ar an gcaoi sin, an méid sin a chur in iúl don Bhallstát a rinne an t-iarratas.

(21)

De dhroim imeachtaí a thit amach de déanaí, aibhsíodh na rioscaí do mhuiriompar agus don timpeallacht mhuirí a bhaineann le taiscéalaíocht agus táirgeadh ola agus gáis amach ón gcósta. Ba cheart cumais freagartha na Gníomhaireachta maidir le truailliú ola agus a saineolas i réimse an truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus díobhálacha a úsáid chun freagairt ar thruailliú a chumhdach a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin, arna iarraidh sin do stát lena mbaineann.

(22)

Ba cheart don Ghníomhaireacht, go háirithe, CleanSeaNet, atá in úsáid faoi láthair chun fianaise a sholáthar ar dhoirteadh ola ó longa, a úsáid chun doirteadh ola ó shuiteálacha cósta agus ó shuiteálacha amach ón gcósta a bhrath agus a thuairisciú, gan aon díobháil a dhéanamh don tseirbhís a sholáthraítear do mhuiriompar.

(23)

Tá saineolas fiúntach agus uirlisí fiúntacha bunaithe agus aitheanta ag an nGníomhaireacht i réimse na sábháilteachta muirí, na slándála muirí, an choisc ar thruailliú ó longa agus na freagartha ar an truailliú sin. D'fhéadfadh an saineolas agus na huirlisí sin a bheith ábhartha do ghníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a bhaineann le beartas muiriompair an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh maidir le forbairt agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais ar choinníoll go mbeidh sé sin ceadaithe ag an mBord Riaracháin i gcomhthéacs chlár oibre bliantúil na Gníomhaireachta. Ba cheart don chúnamh sin a bheith faoi réir anailíse costais agus tairbhe agus níor cheart dó cur as do chroíchúraimí na Gníomhaireachta.

(24)

Trí bhíthin an chúnaimh theicniúil a chuireann sí ar fáil, cuireann an Ghníomhaireacht le muiriompar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt.

(25)

Maidir le comhlachtaí aicmiúcháin, bíonn formhór na gcomhlachtaí aicmiúcháin ag plé le soithí muirí agus le soithí uiscebhealaí intíre araon. Bunaithe ar an taithí atá ag an nGníomhaireacht maidir le comhlachtaí aicmiúcháin i gcás soithí muirí, d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún i ndáil le comhlachtaí aicmiúcháin i gcás soithí uiscebhealaí intíre, rud a chumasódh méadú na héifeachtúlachta ar an gcaoi sin.

(26)

Maidir leis an gcomhéadan idir chórais faisnéise iompair, ba cheart don Ghníomhaireacht cuidiú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit trí fhéachaint, i gcomhar leis na húdaráis inniúla do Chóras na Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann, an bhféadfaí faisnéis a roinnt idir na córais sin.

(27)

Gan dochar do fhreagracht na n-údarás inniúila, ba cheart don Ghníomhaireacht cuidiú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit maidir le forbairt agus cur chun feidhme thionscnamh “e-Maritime” a bheidh ann amach anseo, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar éifeachtúlacht na hearnála Eorpaí um iompar muirí trí úsáid ardteicneolaíochtaí faisnéise a éascú.

(28)

D'fhonn an margadh aonair agus Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a bhaint amach, ba cheart an t-ualach riaracháin ar loingseoireacht a laghdú, agus loingseoireacht ghearrthurais inter alia a spreagadh ar an gcaoi sin. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfaí coincheap “An Crios Gorm” agus e-Maritime a úsáid chun laghdú a dhéanamh ar na foirmiúlachtaí tuairiscithe a cheanglaítear ar longa tráchtála ar dhul isteach i gcalafoirt dóibh nó ar chalafoirt a fhágáil dóibh sna Ballstáit.

(29)

Meabhraítear nach bhféadtar an chumhacht a thabhairt do Ghníomhaireacht cinntí a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh, de réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus d'fhonn prionsabal na cothromaíochta institiúidí a urramú.

(30)

Gan dochar do na cuspóirí agus do na cúraimí atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, ba cheart don Choimisiún, laistigh de bhliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, staidéar féidearthachta a ullmhú agus a chur isteach d'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na féidearthachtaí, agus na féidearthachtaí a shainiú, maidir le comhar feabhsaithe agus comhordú feabhsaithe feidhmeanna éagsúla garda cósta.,Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa staidéar sin an creat dlíthiúil agus na moltaí ábhartha ó na fóraim iomchuí de chuid an Aontais maraon le forbairt reatha na Timpeallachta Comónta um Chomhroinnt Faisnéise, agus ba cheart go ndéanfaí prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú go hiomlán leis, agus na costais agus na tairbhí á ndéanamh soiléir do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(31)

Maraithe Eorpacha a bhfuil dea-oiliúint orthu a mhealladh, is rud tábhachtach é sin d'iomaíochas braislí muirí an Aontais. Dá bhrí sin, agus ag féachaint don éileamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann as seo amach ar mharaithe ardcháilithe san Aontas, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit agus don Choimisiún chun oiliúint mhuirí a chur chun cinn trí mhalartú deonach na gcleachtas is fearr a éascú agus trí fhaisnéis a sholáthar maidir le cláir malartaithe Aontais um oiliúint mhuirí. D'fhéadfaí a áireamh ann cuidiú le geallsealbhóirí Eorpacha inniúla chun barr feabhais a bhaint amach san oideachas muirí agus san oiliúint mhuirí ar bhonn deonach, agus freagracht na mBallstát i dtaobh ábhar agus eagrú na hoiliúna muirí á hurramú go hiomlán san am céanna.

(32)

Chun frithghníomhú in aghaidh riosca méadaitheach na píoráideachta, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint den fhaisnéis mhionsonraithe a chur chuig na húdaráis náisiúnta inniúla, i gcás inarb iomchuí, agus chuig comhlachtaí ábhartha eile, lena n-áirítear oibríochtaí amhail oibríocht Atalanta Fhórsa Cabhlaigh an AE, ar faisnéis mhionsonraithe í faoi log na soithí faoi bhratach na mBallstát atá ag dul trí na limistéir sin, atá aicmithe mar limistéir an-chontúirteach. Thairis sin, tá modhanna ag an nGníomhaireacht a d'fhéadfadh a bheith úsáideach, go háirithe maidir le TCCF. Tá sé iomchuí dá bhrí sin go soláthróidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin, sonraí ábhartha suiteála soitheach agus bhreathnadóireacht na Cruinne chuig na húdaráis inniúla náisiúnta agus chuig comhlachtaí an Aontais, amhail Frontex agus Europol, chun bearta coisctheacha a éascú i gcoinne gníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d'aon turas mar a thuigtear i ndlí ábhartha an Aontais gan dochar do chearta agus d'oibleagáidí na mBallstát agus i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus le dlí an Aontais is infheidhme, go háirithe maidir leis na comhlachtaí sin a lorgaíonn sonraí.Ba cheart go mbeadh soláthar sonraí maidir le hAithint agus Rianú Fadraoin Long (LRIT) faoi réir thoiliú an Bhratstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá le bunú ag an mBord Riaracháin.

(33)

Nuair a bheidh faisnéis á foilsiú ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 i ndáil le Rialú ag Stát an Chalafoirt (9), ba cheart dóibh tógáil ar an saineolas agus ar an taithí a fuarthas faoi Mheabhrán Tuisceana Pháras i ndáil le Rialú ag Stát an Chalafoirt (“MT Pháras”) chun an chomhsheasmhacht a áirithiú.

(34)

Ba cheart go mbeadh an cúnamh a thugann an Ghníomhaireacht do na Ballstáit agus don Choimisiún, maidir le hobair ábhartha eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí réigiúnacha gan dochar don ghaol atá idir na heagraíochtaí sin agus na Ballstáit ar gaol é atá mar thoradh ar bhallraíocht na mBallstát sna heagraíochtaí sin.

(35)

Tá an tAontas tar éis aontú do na hionstraimí seo a leanas lena mbunaítear eagraíochtaí réigiúnacha, a gcumhdaítear a gcuid gníomhaíochtaí freisin le cuspóirí na Gníomhaireachta: don Choinbhinsiún um Chosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (Coinbhinsiún Heilsincí mar a athbhreithníodh sa bhliain 1992 é) (10); don Choinbhinsiún chun an Mheánmhuir a Chosaint ar Thruailliú (Coinbhinsiún Barcelona) (11), agus don athbhreithniú a rinneadh air sa bhliain 1995 (12) agus do roinnt de na prótacail a ghabhann leis; don Chomhaontú le haghaidh comhair i ndáil le tabhairt faoi thruailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí díobhálacha eile (Comhaontú Bonn) (13); don Choinbhinsiún um chosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir-Thuaidh (Coinbhinsiún OSPAR) (14); don Chomhaontú um Chomhar maidir le cóstaí agus uiscí an Atlantaigh Thoir-Thuaidh a chosaint ar thruailliú, arna shíniú an 17 Deireadh Fómhair 1990 (Comhaontú Liospóin) (15), agus don Phrótacal Forlíontach a ghabhann leis, arna shíniú an 20 Bealtaine 2008, ar comhaontú é agus ar prótacal é nach bhfuil tagtha i bhfeidhm go fóill (16). Tá idirbheartaíocht ar siúl ag an Aontas freisin i ndáil le haontachas don Choinbhinsiún um Mhuir Bhailt a Chosaint i gCoinne an Truaillithe, arna shíniú i mí Aibreáin 1992 (Coinbhinsiún Bhúcairist). Ba cheart don Ghníomhaireacht, mar sin, cúnamh teicniúil a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún agus iad ag glacadh páirte in obair ábhartha na gcomhlachtaí réigiúnacha sin.

(36)

Maidir le freagairt do thruailliú, tá roinnt socruithe eile réigiúnacha, fo-réigiúnacha agus déthaobhacha comhordaithe agus comhair ann chomh maith leis na heagraíochtaí réigiúnacha sin. Agus cúnamh á sholáthar maidir le freagairt do thruailliú a thabhairt do thríú tíortha a roinneann imchuach réigiúnach farraige leis an Aontas, ba cheart don Ghníomhaireacht gníomhú, agus na socruithe sin á gcur san áireamh aici.

(37)

Comhroinneann an tAontas imchuacha réigiúnacha farraige na Meánmhara, na Mara Duibhe agus Mhuir Bhailt le tíortha máguaird. Arna iarraidh sin don Choimisiún uirthi, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a sholáthar maidir le freagairt do thruailliú a thabhairt do na tíortha sin.

(38)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht a uasmhéadú, ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú chomh dlúth agus is féidir le MT Pháras. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit féachaint i gcónaí ar na roghanna chun níos mó a dhéanamh chun cur leis an éifeachtúlacht, arbh fhéidir féachaint orthu faoi chuimsiú MT Pháras.

(39)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún trí chuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit d'fhonn a áirithiú go bhfuil gníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí i réimse na sábháilteachta muirí agus an choisc ar thruailliú ó longa á gcur chun feidhme i gceart go hiarbhír. Ba cheart go ligfí don Ghníomhaireacht, leis na cuairteanna sin ar na rialtais náisiúnta, an fhaisnéis riachtanach uile a bhailiú chun tuarascáil chuimsitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar tuarascáil í a dhéanfaidh seisean a mheasúnú tuilleadh. Ba cheart go gcuirfí na cuairteanna i gcrích i spiorad na bprionsabal dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ba cheart iad a chur i gcrích ar dhóigh ina ndéanfar ualach riaracháin na rialtas muirí náisiúnta a íoslaghdú. Thairis sin, ba cheart na cuairteanna a chur i gcrích i gcomhréir le nós imeachta socraithe lena n-áirítear modheolaíocht chaighdeánach arna glacadh ag an mBord Riaracháin.

(40)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún trí chigireachtaí ar eagraíochtaí aitheanta a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (17). D'fhéadfaí an chigireacht sin a dhéanamh i dtríú tíortha freisin. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht a áirithiú go gcuirfear na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas go cuí. Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúraimí cigireachta a chur i gcrích maidir le maraithe i dtríú tíortha a oiliúint agus a dheimhniú de bhun Threoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le híosleibhéal traenála maraithe (18), atá tarmligthe ag an gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht. Níor cheart sonraí an chúnaimh theicniúil a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht a chumhdach le Rialachán (AE) Uimh. 1406/2002, ar sonraí iad maidir leis an gcigireacht slándála muirí a chuireann an Coimisiún i gcrích i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 324/2008 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta athbhreithnithe le haghaidh cigireachta a dhéanann an Coimisiún i réimse na slándála muirí (19).

(41)

D'fhonn comhleanúnachas a áirithiú le cuspóirí beartais agus le leagan amach institiúideach an Aontais chomh maith leis na nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais is infheidhme, ba cheart don Choimisiún comhairle fhoirmiúil a lorg mar thuairim i scríbhinn maidir le dréacht-straitéis ilbhliantúil na Gníomhaireachta chomh maith leis na dréachtchláir oibre bhliantúla atá aici, ar cheart don Bhord Riaracháin a chur san áireamh sula nglacfaidh sé na doiciméid sin.

(42)

D'fhonn nós imeachta cothrom agus trédhearcach maidir le ceapachán an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a áirithiú, ba cheart go mbeadh an nós imeachta roghnúcháin a leantar i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le roghnú agus le hainmniú Stiúrthóirí do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Foráiltear leis na treoirlínte sin gur féidir le náisiúnaigh aon Bhallstáit iarratas a chur isteach.

Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go ndéanfadh breathnóir ionadaíocht ar son an Bhoird Riaracháin sa choiste réamhroghnúcháin. Ba cheart an breathnóir a choimeád ar an eolas le linn céimeanna an nós imeachta roghnúcháin a thiocfaidh ina dhiaidh sin.

Tráth a nglacfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh maidir le ceapachán, ba cheart go mbeadh a chomhaltaí in ann ceisteanna maidir leis an nós imeachta roghnúcháin a chur ar an gCoimisiún. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an deis ag an mBord Riaracháin agallamh a chur ar na hiarrthóirí gearrliostaithe, i gcomhréir leis an nós imeachta caighdeánach.

Ba cheart go ndéanfadh gach páirtí lena mbainfeadh, ag gach céim den nós imeachta roghnúcháin agus ceapacháin le haghaidh phost Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (20).

(43)

Cé go ndéantar an Ghníomhaireacht a mhaoiniú den chuid is mó trí bhíthin ranníocaíochta ón Aontas, tá ioncaim aici freisin atá mar thoradh ar tháillí agus ar mhuirir a bhaineann lena cuid seirbhísí. Baineann na táillí agus na muirir sin go háirithe le hoibriú Ionad Sonraí LRIT an AE agus cuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an Rún ón gComhairle a glacadh an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2007 agus an 9 Nollaig 2008 maidir le EU LRIT DC a bhunú agus go háirithe leis na míreanna a bhaineann le maoiniú tuarascálacha de chuid an LRIT.

(44)

Faoi chuimsiú na tuarascála ar dhul chun cinn dá bhforáiltear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, ba cheart go scrúdódh an Coimisiún chomh maith an méid a d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht cur le gníomh reachtach a chur chun feidhme amach anseo maidir le sábháilteacht gníomhaíochtaí sirtheoireachta, taiscéalaíochta agus táirgthe ola agus gáis amach ón gcósta, atá á scrúdú faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, i ndáil le cosc ar thruailliú ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta, agus saineolas agus uirlisí bunaithe agus aitheanta na Gníomhaireachta á gcur san áireamh.

(45)

Ba cheart go gcuideodh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, i gcás inarb iomchuí, le Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní iarbhír a bhunú.

(46)

Ba cheart go ndéanfaí Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (21), agus go háirithe Airteagal 185 de, a chur san áireamh.

(47)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002

Leis seo leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 mar seo a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 go 3:

“Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (‘an Ghníomhaireacht’) d'fhonn leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach sábháilteachta muirí, slándála muirí, coisc agus freagartha ar thruailliú ó longa a áirithiú agus chun freagairt den leibhéal sin a áirithiú freisin ar thruailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola.

2.   Chuige sin, comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus déanfaidh sí cúnamh teicniúil, oibríochtúil agus eolaíoch sna réimsí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar dóibh laistigh de theorainneacha na gcróichúraimí a leagtar amach in Airteagal 2 den Airteagal seo agus, de réir mar is iomchuí agus nuair is iomchuí, laistigh de theorainneacha na gcúraimí coimhdeacha atá leagtha amach in Airteagal 2a, go háirithe d'fhonn cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún gníomhartha ábhartha dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart. Maidir le réimse na freagartha do thruailliú, ní sholáthróidh an Ghníomhaireacht cúnamh oibríochtúil ach arna iarraidh sin don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann.

3.   Tríd an gcúnamh dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, cuideoidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, le héifeachtúlacht fhoriomlán maidir le trácht iomlán agus le hiompar muirí mar a leagtar amach é sa Rialachán seo, lena n-éascófar Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a bhunú.

Airteagal 2

Croíchúraimí na Gníomhaireachta

1.   D'fhonn a áirithiú go mbainfear amach ar bhealach iomchuí na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1, comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na croíchúraimí a liostaítear san Airteagal sin.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún:

(a)

san obair ullmhúcháin chun gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais a uasdátú agus a fhorbairt, go háirithe i gcomhréir le forbairt na reachtaíochta idirnáisiúnta;

(b)

i gcur chun feidhme éifeachtach na ngníomhartha ábhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, go háirithe trí chuairteanna agus trí chigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo a chur i gcrích agus trí chúnamh teicniúil a sholáthar don Choimisiún i gcomhlíonadh na gcúraimí cigireachta a shanntar dó de bhun Airteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí poirt a fheabhsú (22). Maidir leis sin, féadfaidh sí moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le haon fheabhsú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na gníomhartha lí sin atá ceangailteach óthaobh dlí;

(c)

san anailís ar thionscadail atá ar siúl agus atá curtha i gcrích ar tionscadail iad atá ábhartha do chuspóirí na Gníomhaireachta; féadfaidh sainaithint bhearta leantacha mar thoradh ar thionscadail taighde shonracha a áireamh;

(d)

i bhfeidhmiú aon chúraim eile a shanntar don Choimisiún i ngníomhartha reachtacha an Aontais maidir le cuspóirí na Gníomhaireachta.

3.   Oibreoidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha a eagrú i réimsí a bhfuil na Ballstáit freagrach astu;

(b)

réitigh theicniúla a fhorbairt, lena n-áirítear seirbhísí ábhartha oibríochtúla a sholáthar, agus cúnamh teicniúil a sholáthar i ndáil leis an gcumas náisiúnta is gá a fhorbairt le haghaidh ghníomhartha ábhartha dlí an Aontais a chur chun feidhme;

(c)

faisnéis iomchuí a sholáthar, arna iarraidh sin do Bhallstát, a thagann as na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 d'fhonn tacú leis an bhfaireachán ar eagraíochtaí aitheanta a dhéanann cúraimí deimhniúcháin thar ceann na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha na gcóras riaracháin muirí (23) gan dochar do chearta agus oibleagáidí an bhratstáit;

(d)

tacaíocht a thabhairt, ar bhealaí breise atá éifeachtúil ó thaobh costais de, do ghníomhaíochtaí freagartha do thruailliú i gcás truaillithe ó longa mar aon le truailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola, tráth a ndéanfaidh Ballstát iarraidh mar sin, ar Ballstát é a bhfuil éifeacht ag an truailliú sin air agus ar faoina údarás a chuirtear na hoibríochtaí glanta i gcrích, gan dochar don fhreagracht atá ar Stáit ar an gcósta sásraí iomchuí chun freagairt ar thruailliú a bheith ar bun acu agus an comhar atá idir na Ballstáit cheana sa réimse seo á n-urramú acu. De réir mar is iomchuí, rachaidh iarrataí ar ghníomhaíochtaí frith-thruaillithe a shlógadh trí Shásra an AE um Chosaint Shibhialta arna bunú le Cinneadh 2007/779/CE, Euratom ón gComhairle (24).

4.   Éascóidh an Ghníomhaireacht an comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún:

(a)

i réimse an fhaireacháin tráchta atá cumhdaithe le Treoir 2002/59/CE, cothóidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, comhar idir bruach-Stáit sna réimsí loingseoireachta lena mbaineann, agus forbróidh sí agus oibreoidh sí Lárionad an Aontais Eorpaigh um Shonraí maidir le hAithint agus Rianú Fadraoin Long (Lárionad Sonraí LRIT Eorpach)agus Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet) dá dtagraítear in Airteagal 6b agus in Airteagal 22a den Treoir sin chomh maith le córas malartaithe sonraí faisnéise um Aithint agus Rianú Idirnáisiúnta Fadraoin Long a fhorbairt agus a oibriú i gcomhréir leis an tiomantas a rinneadh s (‘EMI’);

(b)

tríd an méid a leanas asholáthar, arna iarraidh sin agus gan dochar don dlí náisiúnta ná do dhlí an Aontais: sonraí ábhartha suiteála soitheach agus bhreathnadóireacht na Cruinne do na húdaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí ábhartha an Aontais de réir a sainordú, chun cabhrú le bearta i gcoinne bhagairtí na píoráideachta agus bhagairtí ó ghníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d'aon turas, faoi mar a fhoráiltear dó i ndlí infheidhme an Aontais nó faoi ionstraimí dlí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta i réimse an iompair mhuirí, faoi réir na rialacha infheidhme maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta riaracháin a bhunóidh Bord Riaracháin nó Grúpa Stiúrtha Ardleibhéil arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE, de réir mar is iomchuí. Beidh soláthar sonraí maidir le hAithint agus Rianú Fadraoin Long faoi réir thoiliú an Bhratstáit lena mbaineann.

(c)

i réimse an imscrúdaithe ar thaismigh agus teagmhais mhuiríi gcomhréir le Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na bunphrionsabail a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí in earnáil an mhuiriompair (25); tabharfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin do na Ballstáit ábhartha agus ag glacadh leis nach dtiocfadh coinbhleacht leasa as, tacaíocht oibríochtúil do na Ballstáit sin i leith imscrúduithe a bhaineann le taismigh tromchúiseacha nó fíor-thromchúiseacha agus déanfaidh sí anailís ar thuarascálacha imscrúduithe sábháilteacht d'fhonn breisluach ar leibhéal an Aontais a aithint i dtéarmaí aon cheachta ábhartha atá le tarraingt as. Ar bhonn sonraí a sholáthróidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Treoir sin, cuirfidh an Ghníomhaireachta tuairisc bhliantúil i dtoll a chéile i ndáil le taismigh agus teagmhais mhuirí;

(d)

agus staidreamh, faisnéis agus sonraí atá oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide á soláthar, lena gcuirfí ar chumas an Choimisiúin agus na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun a ngníomhaíochtaí a fheabhsú agus chun éifeachtacht agus cost-éifeachtúlacht na mbeart atá ann cheana a mheas. Áireofar sna cúraimí sin sonraí teicniúla a bhailiú agus a thaifeadadh agus meastóireacht a dhéanamh ar na sonraí sin, bunachair shonraí atá ann cheana a shaothrú go córasach, lena n-áirítear a gcrostoirchiú, agus, nuair is iomchuí, bunachair shonraí bhreise a fhorbairt. Ar bhonn na sonraí a bhaileofar, beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún agus faisnéis i ndáil le longa á foilsiú de bhun Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú ag Stát an chalafoirt (26);

(e)

trí shonraí a bhailiú agus a anailisiú a bhaineann le maraithe, ar sonraí iad a sholáthraítear agus a úsáidtear i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le híosleibhéal traenála maraithe (27);

(f)

agus sainaithint agus tóraíocht long á bhfeabhsú, ar longa iad a dhéanann sceitheadh neamhdhleathach, i gcomhréir le Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (28);

(g)

maidir le truailliú ola mara ó shuiteálacha gáis agus ola, trína Seirbhís Eorpach Faireachán Satailíte Ola (CleanSeaNet) a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar mhéid an truaillithe sin agus ar a thionchar ar an gcomhshaol;

(h)

agus cúnamh teicniúil á sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún chun cur le hobair ábhartha na gcomhlachtaí teicniúla mar an IMO, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a mhéid a bhaineann sé le loingseoireacht, agus Meabhrán Tuisceana Pháras i ndáil le Rialú ag Stát an Chalafoirt (‘MT Pháras’) agus eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha a bhfuil an tAontas aontaithe dóibh, i ndáil le ceisteanna a bhaineann le hinniúlacht an Aontais;

(i)

maidir le cur chun feidhme Treorach 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó imeacht ó chalafoirt na mBallstát (29), go háirithe trí tarchur leictreonach na sonraí a éascú trí SafeSeaNet agus trí thacú le forbairt na fuinneoige aonair.

5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear eagrú gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha, maidir le gníomhartha dlí ábhartha an Aontais, do Stáit atá ag cur isteach ar aontachas, agus nuair is iomchuí, do thíortha comhpháirtíochta Chomharsanacht na hEorpa agus do thíortha atá páirteach i MT Pháras i ndáil le Rialú ag Stát an Chalafoirt.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a sholáthar i gcás truaillithe ó longa chomh maith le truailliú mara a thagann as suiteálacha gáis agus ola a mbíonn iarmhairt acu ar na tríú tíortha sin a roinneann imchuach réigiúnach leis an Aontas, i gcomhréir le Sásra an AE um Chosaint Shibhialta arna bunú le Cinneadh 2007/779/CE, Euratom, ón gComhairle trí analaí leis na coinníollacha is infheidhme maidir le Ballstáit dá dtagraítear i mír 3(d) den Airteagal seo. Déanfar na cúraimí sin a chomhordú leis na socruithe comhair réigiúnacha atá ann cheana agus a bhaineann le truailliú muirí.

Airteagal 2a

Cúraimí coimhdeacha na Gníomhaireachta

1.   Gan dochar do na croíchúraimí dá dtagraítear in Airteagal 2, beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, agus gníomhaíochtaí an Aontais mar a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a bhaineann le cuspóirí na Gníomhaireachta á bhforbairt agus á gcur chun feidhme, sa mhéid go bhfuil saineolas agus uirlisí bunaithe agus aitheanta ag an nGníomhaireacht. Maidir leis na cúraimí coimhdeacha a leagtar amach san Airteagal seo:

(a)

cruthófar breisluach réasúnaithe leo;

(b)

seachnófar dúbláil iarrachtaí leo;

(c)

is ar mhaithe le beartas muiriompair an Aontais a bheidh siad;

(d)

ní bheidh siad díobhálach do chroíchúraimí na Gníomhaireachta agus

(e)

ní sháróidh siad cearta agus oibleagáidí na mBallstát, go háirithe mar Bhratstáit, Stáit an chalafoirt agus Stáit chósta.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún:

(a)

i gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (30), trí rannchuidiú leis an gcuspóir chun dea-riocht comhshaoil d'uiscí mara a bhaint amach, le heilimintí na treorach a bhaineann le loingseoireacht agus trí thorthaí na n-uirlisí atá ann cheana amhail SafeSeaNet agus CleanSeaNet a shaothrú;

(b)

chun cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa ó longa, go háirithe agus forbairtí idirnáisiúnta leanúnacha á leanúint;

(c)

faoi mar a bhaineann sé le clár an Fhaireacháin Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES), agus úsáid sonraí agus seirbhísí GMES chun críocha muirí á gcur chun cinn, laistigh de chreat rialachais an GMES;

(d)

agus Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise á forbairt i réimse muirí AE;

(e)

i ndáil le suiteálacha soghluaiste ola agus gáis amach ón gcósta, agus riachtanais IMO á n-imscrúdú, agus faisnéis bhunúsach á bailiú faoi bhagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann don mhuiriompar agus don chomhshaol muirí;

(f)

trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar i ndáil le comhlachtaí aicmiúcháin le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre i gcomhréir le Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leagtar síos riachtanais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre (31). Beidh an fhaisnéis sin mar chuid de na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus (5) den Rialachán seo chomh maith.

3.   Beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit:

(a)

trí indéantacht agus cur chun feidhme na mbeartas agus na dtionscadal lena dtacaítear bunú an Spáis Eorpaigh Muiriompair gan Bhacainní, amhail coincheap ‘an Crios Gorm’ agus ‘e-Maritime’, chomh maith le Mótarbhealaí na Farraige. Déanfar sin go háirithe trí fheáchaint le feidhmiúlachtaí breise a chur le SafeSeaNet, gan dochar do ról an Ghrúpa Stiúrtha Ardleibhéil a bunaíodh i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE;

(b)

trí fhéachaint, i gcomhar leis na húdaráis inniúla do Chóras na Seirbhísí Faisnéise Abhann, an bhféadfaí faisnéis a roinnt idir an córas sin agus córais faisnéise mhuiriompair ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2010/65/AE.

(c)

trí idirmhalartú deonach na ndeachleachtas a éascú san oiliúint mhuirí agus san oideachas muirí san Aontas agus trí fhaisnéis a sholáthar maidir le cláir mhalartaithe an Aontais atá ábhartha maidir leis an oiliúint mhuirí, agus Airteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á urramú go iomlán ag an am céanna.

Airteagal 3

Cuairteanna ar Bhallstáit agus cigireachtaí

1.   D'fhonn na cúraimí a shanntar di a chomhlíonadh agus chun cuidiú leis an gCoimisiún i gcomhlíonadh a dhualgas faoin CFAE, agus go háirithe cur chun feidhme éifeachtach dhlí ábhartha an Aontais a mheasúnú, déanfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit i gcomhréir leis an modheolaíocht arna bunú ag an mBord Riaracháin.

2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann ar an eolas in am tráthúil faoin gcuairt phleanáilte, faoi ainm na n-oifigeach údaraithe, agus faoin dáta ar a dtosóidh an chuairt agus an fad a mhairfidh sí. Na hoifigigh atá tarmligthe chun cuairteanna mar sin a thabhairt, déanfaidh siad é ach cinneadh i scríbhinn a fháil ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta lena sonrófar cuspóir agus aidhmeanna a misin.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí thar ceann an Choimisiúin mar a cheanglófar le gníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le heagraíochtaí a aithníonn an tAontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (32), agus maidir le maraithe i dtríú tíortha a oiliúint agus a dheimhniú i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE.

4.   Ag deireadh gach cuairte nó gach cigireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil a tharraingt suas agus a chur chuig an gCoimisiún í agus chuig an mBallstát lena mbaineann.

5.   I gcás inarb iomchuí, agus in aon chás ina gcuirfear timthriall cigireachtaí nó cuairteanna i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís ar thuarascálacha ón timthriall sin d'fhonn torthaí cothrománacha agus conclúidí ginearálta ar éifeachtacht agus ar chostas-éifeachtúlacht na mbeart atá ar bun a aithint. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an anailís seo faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh tuilleadh plé leis na Ballstáit chun aon cheacht ábhartha a tharraingt as agus chun scaipeadh na ndea-chleachtas oibre a éascú.

(2)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.   Glacfaidh an Bord Riaracháin na socruithe praiticiúla chun mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, socruithe maidir le dul i gcomhairle leis na Ballstáit sula bhfoilseofar an fhaisnéis.

4.   An fhaisnéis a bhaileoidh agus a phróiseálfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sí faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (33) agus déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta is gá leo chun láimhseáil agus próiseáil shábháilte na faisnéise rúnda a áirithiú.

(3)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, féadfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, agus i gcomhar leo,, agus an aire iomchuí á tabhairt ar impleachtaí buiséadacha, lena n-áirítear an méid a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann ar fáil, na lárionaid réigiúnacha is gá a bhunú d'fhonn cuid de chúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus is féidir. Agus cinneadh mar sin á dhéanamh, saineoidh an Bord scóp beacht gníomhaíochtaí an lárionaid réigiúnaigh agus seachnófar aon chostais airgeadais neamhriachtanacha agus cuirfear leis an gcomhar leis na líonraí réigiúnacha agus náisiúnta arbh ann dóibh cheana.”.

(4)

In Airteagal 10, leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

glacfaidh sé an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé ar aghaidh í gach bliain faoin 15 Meitheamh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na Ballstáit.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht ar aghaidh chuig an údarás buiséadach, ar bhonn bliantúil, an fhaisnéis uile a bhaineann le toradh na nósanna imeachta meastóireachta;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

iarrataí ar chúnamh a dhéantar chuig an gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(d), iarrataí ar chúnamh teicniúil ó Bhallstáit, dá dtagraítear in Airteagal 2(3), agus iarrataí ar chúnamh teicniúil, dá dtagraítear in Airteagal 2(5) mar aon le hiarrataí ar chúnamh dá dtagraítear in Airteagal 2a a scrúdú agus a fhormheas, faoi chuimsiú an ullmhúcháin a dhéantar don chlár oibre;

(ca)

straitéis ilbhliantúil a scrúdú agus a ghlacadh le haghaidh thréimhse cúig bliana agus lena gcuirfear an tuairim scríofa ón gCoimisiún san áireamh;

(cb)

plean beartais foirne ilbhliantúil na Gníomhaireachta a scrúdú agus a ghlacadh;

(cc)

machnamh a dhéanamh ar dhréachtsocruithe riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 15(2)(ba);”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

modheolaíocht a shainiú do na cuairteanna a dhéanfar de bhua Airteagal 3. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a nglacfar an mhodheolaíocht, nach n-aontaíonn sé léi, déanfaidh an Bord Riaracháin an mhodheolaíocht a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta uirthi más iomchuí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian, lena n-áirítear ionadaithe an Choimisiúin, nó d'aon toil ionadaithe na mBallstát;”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

a chuid cúraimí i ndáil le buiséad na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 21 a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar bhearta leantacha, mar aon le bearta leantacha dóthanacha a áirithiú, i dtaobh chinntí agus moltaí a eascraíonn as tuarascálacha agus meastóireachtaí éagsúla iniúchóireachta, bíodh siad inmheánach nó seachtrach;”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar na Cinn Roinne dá dtagraítear in Airteagal 16;”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

“(l)

athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú airgeadais an phlean mhionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (k) den mhír seo agus ar na ceangaltais bhuiséadacha dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 2038/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le maoiniú ilbhliantúil do ghníomhaíocht na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí i réimse na freagartha do thruailliú ó longa (34);

(g)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(m)

breathnóir a cheapadh as measc a comhaltaí chun go leanfadh sé nós imeachta roghnúcháin an Choimisiúin chun Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh.”.

(5)

Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

“Déanfar comhaltaí an Bhoird Riaracháin a cheapadh ar bhonn an méid taithí agus saineolais ábhartha atá acu sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, araon a ndícheall le go mbeidh ionadaíocht chothrom ar fhir agus ar mhná ar an mBord Riaracháin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ceithre bliana a bheidh i ré an téarma oifige. Féadfar an téarma oifige a athnuachan.”.

(6)

In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Nuair atá ceist rúndachta nó coinbhleachta leasa ann, féadfaidh an Bord Riaracháin cinneadh a dhéanamh na hábhair sonracha ar a chlár oibre a scrúdú gan na comhaltaí lena mbaineann bheith i láthair. Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo sna rialacha an nós imeachta.”.

(7)

Leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

ullmhóidh sé/sí straitéis ilbhliantúil na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé/sí í faoi bhráid an Bhoird Riaracháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún ar a laghad ocht seachtaine roimh chruinniú ábhartha an Bhoird Riaracháin, agus na barúlacha agus na moltaí a rinne comhaltaí an Bhoird Riaracháin á gcur san áireamh;

(aa)

ullmhóidh sé/sí plean beartais foirne ilbhliantúil na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé/sí é faoi bhráid an Bhoird Riaracháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún ar a laghad ceithre seachtaine roimh chruinniú ábhartha an Bhoird Riaracháin;

(ab)

ullmhóidh sé/sí an clár oibre ilbhliantúil, ina dtabharfar le fios na hacmhainní ionchasacha daonna agus airgeadais a chionroinnfear ar gach gníomhaíocht, agus an plean mionsonraithe i gcomhair gníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha na Gníomhaireachta i gcás truaillithe, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin iad tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún ar a laghad ocht seachtaine roimh an gcruinniú ábhartha Boird. Déanfaidh sé/sí na bearta is gá chun iad a chur chun feidhme. Freagróidh sé/sí aon iarrataí ar chúnamh ó Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(c);

(b)

cinnfidh sé/sí na cuairteanna agus na cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 3 a dhéanamh, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus de réir an bheartais do chuairteanna a bhunaigh an Bord Riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g);

(ba)

féadfaidh sé/sí dul i mbun socruithe riaracháin le comhlachtaí eile atá ag obair i réimse gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta ar choinníoll gur cuireadh an dréachtsocrú faoi bhráid an Bhoird Riaracháin le haghaidh comhairliúcháin agus ar choinníoll nach ndéanfaidh an Bord Riaracháin agóid laistigh de cheithre seachtaine.”;

(b)

cuirtear an téacs seo a leanas in ionad phointe (d), mír 2:

“(d)

eagróidh sé/sí córas faireacháin éifeachtach ionas go mbeidh sé/sí in ann na spriocanna atá bainte amach ag an nGníomhaireacht a chur i gcomparáid lena cuspóirí agus lena cúraimí mar atá leagtha síos sa Rialachán seo. Chun na críche sin, bunóidh sé/sí, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, táscairí feidhmíochta sainoiriúnaithe lena bhféadfar measúnú éifeachtach a dhéanamh ar na torthaí atá bainte amach. Áiritheoidh sé/sí go ndéanfar struchtúr éagrúcháin na Gníomhaireachta a oiriúnú go rialta do na hathruithe a thiocfaidh ar na riachtanais agus é sin laistigh de na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil. Ar an mbonn sin, ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-tuarascáil ghinearálta gach bliain agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin í chun machnamh a dhéanamh uirthi. Beidh roinn ar leith sa tuarascáil i ndáil le feidhmiú airgeadais an phlean mhionsonraithe i gcomhair gníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha na Gníomhaireachta i gcás truaillithe agus tabharfar tuairisc chun dáta ar stádas na ngníomhaíochtaí ar fad atá cistithe faoin bplean sin. Bunóidh sé/sí nósanna imeachta le haghaidh meastóireachta rialta a chomhlíonfaidh caighdeáin ghairmiúla aitheanta;”;

(c)

i mír 2, scriostar pointe (g);

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“(3)   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc ar chomhlíonadh a thascanna nó a cúraimí do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, dé réir mar is iomchuí.

Go háirithe, cuirfidh sé/sí i láthair an staid reatha maidir le hullmhú na straitéise ilbhliantúla agus maidir leis an gclár oibre bliantúil.”.

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Ceapachán agus dífhostú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus na gCeann Roinne

1.   Is é an Bord Riaracháin a cheapfaidh agus a dhífhostóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ceapfar duine ar feadh thréimhse cúig bliana agus ar bhonn tuillteanais agus inniúlachta riaracháin agus bainistithe doiciméadaithe, mar aon le taithí doiciméadaithe sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 tar éis tuairim an bhreathnóra dá dtagraítear in Airteagal 10 a fháil. Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta ar a mbeidh trí iarrthóir ar a laghad a mholfaidh an Coimisiún tar éis comórtais oscailte i ndiaidh cuireadh ar léirithe spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus in áiteanna eile. Féadfar iarraidh ar an iarrthóir a roghnaítear ráiteas a thabhairt os comhair an choiste inniúil de chuid Parlaimint na hEorpa agus ceisteanna chomhaltaí an choiste a fhreagairt. Déanfaidh an Bord Riaracháin plé, ar aon cheist a bhaineann le dífhostú, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag aon trian dá chomhaltaí. Déanfaidh an Bord Riaracháin cinntí ar cheapacháin nó ar dhífhostú trí thromlach ceithre chúigiú de na comhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu.

2.   Féadfaidh an Bord Riaracháin, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an tuarascáil meastóireachta á cur san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú, aon uair amháin, ar feadh ceithre bliana ar a mhéid. Déanfaidh an Bord Riaracháin cinneadh trí thromlach ceithre chúigiú de na comhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu. Cuirfidh an Bord Riaracháin Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir leis an rún atá aige téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú. Laistigh de mhí sula bhfadófar a théarma/a téarma oifige, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ag comhaltaí an choiste a fhreagairt. I gcás nach bhfadaítear an téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba/a comharba.

3.   Féadfaidh Ceann Roinne amháin nó níos mó cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé nó sí ar fáil, glacfaidh duine de na Cinn Roinne a ionad/a hionad.

4.   Ceapfar na Cinn Roinne ar bhonn tuillteanais agus scileanna riaracháin agus bainistithe doiciméadaithe, agus ar bhonn inniúlachta gairmiúla agus taithí sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapfaidh agus a dhífhostóidh na Cinn Roinne tar éis tuairim dhearfach a fháil ón mBord Riaracháin.”.

(9)

Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

i mír 1,cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

táillí agus muirir ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus/nó ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas ar na meastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn, ar bhonn buiséadaithe ghníomhaíochtbhunaithe, agus déanfaidh sé an dréachtráiteas sin, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, a chur ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:

“7.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar na meastacháin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (‘an t-údarás buiséadach’) mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontas Eorpaigh.

8.   Ar bhonn an ráitis ar na meastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta, mar aon le méid an fhóirdheontais a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, a thaifeadadh i dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, a chuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE, in éineacht le tuairisc ar aon difríocht idir ráiteas meastacháin na Gníomhaireachta agus an fóirdheontas a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, chomh maith le bonn cirt do na difríochtaí sin.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   Glacfaidh an Bord Riaracháin an buiséad. Tiocfaidh sé chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é, in éineacht leis an gclár oibre bliantúil, a choigeartú dá réir sin.”.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22

Meastóireacht

1.   Go tráthrialta agus ar a laghad gach cúig bliana, coimisiúnóidh an Bord Riaracháin meastóireacht sheachtrach neamhspleách ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a mheasann an Ghníomhaireacht a bheith ábhartha don mheastóireacht sin a chur ar fáil di.

2.   Déanfar measúnú ar thionchar an Rialacháin sin sa mheastóireacht, agus ar fhóntas, ar ábharthacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtais oibre. Cuirfear tuairimí geallsealbhóirí san áireamh sa mheastóireacht, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Tabharfaidh sí aghaidh, go háirithe, ar aon ghá a d'fhéadfadh bheith ann maidir le cúraimí na gníomhaireachta a mhodhnú. Eiseoidh an Bord Riaracháin téarmaí tagartha sonracha i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe a bheidh i gceist.

3.   Gheobhaidh an Bord Riaracháin an mheastóireacht agus seolfaidh sé moltaí chuig an gCoimisiún maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta mar aon leis na moltaí a eascróidh aisti ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus poibleofar iad. Beidh plean gníomhaíochta agus clár ama san áireamh, más iomchuí.”.

(11)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 22a

Tuarascáil ar an dul chun cinn

Faoin … (35), agus ag cur san áireamh an tuarascáil meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 22, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle lena leagfar amach conas a thug an Ghníomhaireacht faoi na cúraimí breise a tugadh di faoin Rialachán seo d'fhonn aon bhreiséifeachtúlacht a baineadh amach a shainaithint agus, más gá, cás a leagan amach faoina cuid cuspóirí agus cúraimí a mhodhnú.

(12)

Scriostar Airteagal 23.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa, …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 107, 6.4.2011, lch. 68.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2012. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an …

(3)  IO L 208, 5.8.2002, lch. 1.

(4)  IO L 129, 29.4.2004, lch. 6.

(5)  IO L 283, 29.10.2010, lch. 1.

(6)  IO L 332, 28.12.2000, lch. 1.

(7)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 11.

(8)  IO L 314, 1.12.2007, lch. 9.

(9)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 57.

(10)  Cinneadh 94/157/CE ón gComhairle (IO L 73, 16.3.1994, lch. 19).

(11)  Cinneadh 77/585/CEE ón gComhairle (IO L 240, 19.9.1977, lch. 1).

(12)  Cinneadh 1999/802/CE ón gComhairle (IO L 322, 14.12.1999, lch. 32).

(13)  Cinneadh 84/358/CEE ón gComhairle (IO L 188, 16.7.1984, lch. 7).

(14)  Cinneadh 98/249/CE ón gComhairle (IO L 104, 3.4.1998, lch. 1).

(15)  Cinneadh 93/550/CEE ón gComhairle (IO L 267, 28.10.1993, lch. 20).

(16)  Cinneadh 2010/655/AE ón gComhairle (IO L 285, 30.10.2010, lch. 1).

(17)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 11.

(18)  IO L 323, 3.12.2008, lch. 33.

(19)  IO L 98, 10.4.2008, lch. 5.

(20)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(21)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(22)  

(1*)

IO L 129, 29.4.2004, lch. 6.

(23)  

(2*)

IO L 131, 28.5.2009, lch. 47.

(24)  

(3*)

IO L 314, 1.12.2007, lch. 9.

(25)  

(4*)

IO L 131, 28.5.2009, lch. 114.

(26)  

(5*)

IO L 131, 28.5.2009, lch. 57.

(27)  

(6*)

IO L 323, 3.12.2008, lch. 33.

(28)  

(7*)

IO L 255, 30.9.2005, lch. 11.

(29)  

(8*)

IO L 283, 29.10.2010, lch. 1.

(30)  

(9*)

IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.

(31)  

(10*)

IO L 389, 30.12.2006, lch. 1.

(32)  

(11*)

IO L 131, 28.5.2009, lch. 11.”.

(33)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.”.

(34)  IO L 394, 30.12.2006, lch. 1.”;

(35)  Cúig bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.”.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 28 Deireadh Fómhair 2010 thíolaic an Coimisiún an Togra le haghaidh Rialacháin (AE) […/….] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (1).

Bhí an togra faoi chaibidil i dtuarascáil ar dhul chun cinn a cuireadh faoi bhráid na Comhairle (Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh) an 31 Márta 2011. Cuireadh dhá cheist ar airí d'fhonn roinnt treorach a fháil i ndáil leis an scrúdú ar an togra ag comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle (2).

Ghlac an Chomhairle (Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh) cur chuige ginearálta maidir leis an togra an 16 Meitheamh 2011 (3).

An 15 Nollaig 2011, vótáil Parlaimint na hEorpa maidir lena seasamh ar an gcéad léamh (4).

Tar éis na vótála i bParlaimint na hEorpa, rinneadh caibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún chun go dtiocfaí ar chomhaontú maidir leis an togra. Thángthas ar chomhaontú an 12 Aibreán 2012 agus d'fhormheas Coiste na mBuanionadaithe ina dhiaidh sin é an 17 Aibreán 2012 agus d'fhormheas Coiste Pharlaimint na hEorpa um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN) é an 24 Aibreán 2012.

Agus na comhaontuithe thuas á gcur san áireamh aici agus tar éis athbhreithniú dlí agus teanga a bheith déanta, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2012, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Agus a cuid oibre á cur i gcrích aici, chuir an Chomhairle tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta san áireamh (5). Níor theastaigh ó Choiste na Réigiún aon tuairim a thabhairt uaidh.

II.   ANAILÍS AR AN SEASAMH AR AN gCÉAD LÉAMH

1.   Gnéithe Ginearálta

Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe cur le cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) d'fhonn riachtanais agus forbairtí nua ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú, go háirithe riachtanais atá mar thoradh ar an “tríú pacáiste muirí” a ghlacadh. Tá cuspóir eile i gceist leis eadhon struchtúr rialachais na Gníomhaireachta a oiriúnú, go háirithe i bhfianaise meastóireachta seachtraí a coimisiúnaíodh in 2007.

Cé go n-aontaíonn an Chomhairle leis an gCoimisiún maidir le cuspóir an togra, eadhon cúraimí agus struchtúr rialachais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí EMSA a oiriúnú do dhálaí nua, tá sé i gceist le seasamh na Comhairle go ndéanfaí coigeartaithe móra maidir leis an buntogra. Measann an Chomhairle go háirithe nach gcuirtear san áireamh go leordhóthanach sa togra ón gCoimisiún an gá atá le EMSA a choimeád dírithe i gcónaí ar a gnó lárnach - sábháilteacht mhuirí. Measann an Chomhairle go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach, tráth theorannú na n-acmhainní airgeadais agus daonna, gan na hacmhainní sin a scaipeadh ar an iomarca cúraimí; ba cheart, ina ionad sin, acmhainní ESMA a dhíriú ar na réimsí sin a bhfuil saineolas agus uirlisí bunaithe agus aitheanta ag an nGníomhaireacht iontu. Tá cur chuige glactha ag an gComhairle, dá bhrí sin, lena leagtar cuspóirí na Gníomhaireachta amach go soiléir. Ina theannta sin, tá cúraimí na Gníomhartha roinnte idir príomhchúraimí agus cúraimí coimhdeacha. Ní dhéanfadh an Ghníomhaireacht cúraimí coimhdeacha ach amháin tar éis di grinnscrúdú a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht ó thaobh costais de.

Mar thoradh ar an gcur chuige sin, modhnaítear go mór an buntogra ón gCoimisiún leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, athraítear an fhoclaíocht agus scriostar roinnt mhaith forálacha.

2.   An Seasamh ón gComhairle maidir leis na leasuithe a rinne an Pharlaimint maidir le príomh-shaincheisteanna áirithe

(i)   Cuspóirí na Gníomhaireachta

Mhol an Pharlaimint go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht an cúnamh teicniúil agus eolaíoch is gá ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún agus go mbeadh saineolas ar ardleibhéal i gceist leis sin, d'fhonn cabhrú leo reachtaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart d'fhonn leibhéal ard, aonfhoirme agus éifeachtúil de shábháilteacht agus sláinte mhuirí a áirithiú, agus an cumas atá acu faoi láthair á úsáid acu i ndáil le cúnamh, le bac a chur ar thruailliú muirí agus le dul i ngleic leis, lena n-áirítear truailliú ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta agus forbairt a dhéanamh ar an Spás Eorpach d'Iompar Muirí gan Bhacainní (Leasú 29). Is ionann na cuspóirí agus príomhfhreagrachtaí na Gníomhaireachta agus ní foláir aghaidh a thabhairt orthu mar thosaíocht (Leasú 30).

Is mór leis an gComhairle an míniúchán soiléir a thugtar ar chuspóirí na Gníomhaireachta a mhol an Pharlaimint, chomh maith le beartú tosaíochta na gcúraimí. Go bunúsach, tá an dá leasú ag teacht le cur chuige ginearálta na Comhairle. Ina theannta sin, feictear don Chomhairle gur fhiú bunú Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a éascú mar chuspóir foriomlán i ndáil le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, i gcás inarb iomchuí.

Níl an Chomhairle toilteanach, áfach, glacadh leis na cúraimí atá ar an nGníomhaireacht cheana a shíneadh chun go gcumhdófaí cosc ar thruailliú ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta, (féach pointe 2(ii) (c) thíos), agus dá bhrí sin níl an chuid sin den leasú ón bParlaimint san áireamh sa seasamh ón gComhairle. Thairis sin, is tábhachtach don Chomhairle é go ndéanfaí beartú tosaíochta a shoiléiriú tuilleadh, agus dá bhrí sin, sa seasamh dá cuid déantar idirdhealú idir príomhchúraimí agus cúraimí coimhdeacha.

(ii)   Cúraimí na Gníomhaireachta

Mhol an Pharlaimint roinnt cúraimí nua don Ghníomhaireacht, a mbaineann an chuid is tábhachtaí díobh le hoiliúint mharaithe, “trácht neamhdhleathach” agus gníomhartha píoráideachta agus truaillaithe ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta a chomhrac.

a)   Oilúint mharaithe

Ní raibh foráil sa chéad togra ón gCoimisiún d'aon chúraimí sonracha ESMA maidir le hoiliúint a chur ar mharaithe. Ina cur chuige ginearálta, ní dhearna an Chomhairle leasú maidir leis sin ar an togra ón gCoimisiún.

Mhol an Pharlaimint roinnt mhaith leasuithe, áfach, d'fhonn go mbeadh baint ag an nGníomhaireacht le hoiliúint mharaithe eadhon:

Ba cheart don Ghníomhaireacht cuidiú leis an gCoimisiún beartas a fhorbairt agus a chur chun feidhme d'fhonn feabhas a chur ar cháilíocht na hoiliúna a thugtar do mharaithe san Eoraip, agus chun gairmréimeanna muirí a chur chun cinn (Leasú 35).

Ba cheart don Ghníomhaireacht oibriú leis na Ballstáit chun sonraí a bhailiú maidir le cáilíochtaí agus fostaíocht mharaithe agus chun anailís a dhéanamh orthu d'fhonn dea-chleachtas a roinnt maidir le hoiliúint mharaithe ar fud na hEorpa (Leasú 41), d'fhonn cláir na scoileanna oiliúna a chomhordú chun comhsheasmhacht a áirithiú (Leasú 42) agus d'fhonn go n-éascófaí bunú malartuithe de chineál Erasmus idir na hinstitiúidí oiliúna muirí (Leasú 43).

Ba cheart aithris iomchuí a chur isteach lena gcumhdófaí na cúraimí thuas (Leasú 20).

Is féidir leis an gComhairle a chomhaontú leis an bParlaimint gur cheart go mbeadh ról ag ESMA in ábhair a bhaineann le hoiliúint a chur ar mharaithe, ach níor cheart go mbeadh sin ar cheann dá príomhchúraimí, ach amháin a mhéad a bhaineann sin le staidreamh, agus ba cheart do EMSA freagracht na mBallstát i leith inneachar agus eagrúchán gairmoiliúna a urramú (Airteagal 166 CFAE). Léirítear é sin sa seasamh ón gComhairle ar an mbealach seo a leanas:

Ní mór don Ghníomhaireacht, mar phríomhchúram, an comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún a éascú i ndáil le sonraí maidir le maraithe a bhailiú agus a anailísiú, ar sonraí iad a chuirtear ar fáil agus a úsáidtear i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE maidir le híosleibhéal oiliúint na maraithe (6) (Airteagal 2(4)(e)).

Mar chúram coimhdeach, ní mór don Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, cuidiú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit trí mhalartú deonach dea-chleachtas a éascu maidir le hoiliúint mhuirí agus oideachas muirí san Aontas agus tríd an bhfaisnéis maidir le cláir mhalartaithe an Aontais is ábhartha a chur ar fáil, ar cláir iad a bhaineann le hoiliúint mhuirí, agus Airteagal 166 CFAE (Airteagal 2a(3)(c)) á urramú ina iomláine aici. Déantar an fhoráil sin a mhíniú tuilleadh in Aithris 31.

b)   Píoráideacht

Mar is iondúil i gcás oiliúna le haghaidh maraithe, ní dhearna an Coimisiún aon fhoráil do ról a bheith ag ESMA maidir leis an bpíoráideacht a chomhrac nó gníomhartha neamhdhleathacha eile a dhírítear ar iompar muirí. Ina cur chuige ginearálta, ní dhearna an Chomhairle leasú maidir leis sin ar an togra ón gCoimisiún.

Ar an láimh eile, mheas an Pharlaimint gur cheart go mbeadh sé de phríomhchúram ar an nGníomhaireacht píoráideacht agus trácht neamhdhleathach a chomhrac. Chuir an Pharlaimint trí leasú isteach chuige sin eadhon:

ba cheart go gcruinneofaí faisnéis bhunúsach freisin le faireachán agus bailiú sonraí na Gníomhaireachta mar shampla faisnéis ar phíoráideacht (Leasú 21);

ba cheart don Ghníomhaireacht faisnéis shonrach chuig oibríocht Atalanta Fhórsa Cabhlaigh an AE faoi suíomh longa faoi bhrat an AE ar idirthuras trí limistéir áirithe contúirteacha (Leasú 22);

ba cheart don Ghníomhaireacht tacú leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit chun trácht neamhdhleathach agus gníomhartha píoráideachta a chomhrac (Leasú 45).

Is maith is eol don Chomhairle an bhagairt ón bpíoráideacht agus ó na gníomhartha neamhdhleathacha eile a dhéantar i gcoinne an iompair mhuirí, bagairt atá ag méadú, agus tá sonraí áirithe ar fáil don Ghníomhaireacht a d'fhéadfadh a bheith fónta maidir leis sin. Léirítear sin sa seasamh ón gComhairle trí sholáthar na sonraí ábhartha suiteála soitheach agus breathnadóireacht na cruinne do na húdaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí ábhartha an Aontais a áireamh ar phríomhchúraimí na Gníomhaireachta d'fhonn go n-éascófaí na bearta i gcoinne bhagairtí na píoráideachta agus na mbagairtí ó ghníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d'aon turas. Ba cheart a nótáil nár cheart sonraí a sholáthar arna iarraidh sin, gan dochar don dlí náisiúnta ná do dhlí an Aontais, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta riaracháin a bheidh le bunú ag Bord Riaracháin na Gníomhaireachta, nó, i gcásanna áirithe, ag Grúpa Stiúrtha Ardleibhéil a bhunaítear i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE, lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail (7) (Airteagal 2(4)(b)). Beidh soláthar sonraí maidir le haithint agus rianú fadraoin long faoi réir thoiliú an Bhratstáit lena mbaineann freisin (an abairt dheireanach d'Airteagal 2(4)(b)). Measann an Chomhairle go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach an téarma “gníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d'aon turas” a úsáid, ar téarma é atá seanbhunaithe agus sainmhínithe i ndlí an Aontais agus sa dlí idirnáisiúnta. Ina theannta sin, déantar tagairt ar leith leis an seasamh ón gComhairle do chosaint sonraí, agus mar thoradh air sin tugann sí isteach roinnt leasuithe ar Airteagal 4 maidir le láimhseáil agus próiseáil shábháilte na faisnéise rúnda, nithe nach ndearna an Coimisiún ná an Pharlaimint aon tagairt dó.

Ar deireadh, tá tuilleadh gnéithe in Aithris 32 le haghaidh léirmhíniú na bhforálacha thuas.

c)   Truailliú ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta

Leis an gcéad togra ón gCoimisiún tugadh ról teoranta do EMSA maidir le hanailís a dhéanamh ar shábháilteacht suiteálacha soghluaiste gáis agus ola amach ón gcósta. Sa chur chuige ginearálta de chuid na Comhairle ba chúram coimhdeach é cuidiú leis an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar cheanglais na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) agus faisnéis bhunúsach a bhailiú maidir leis na bagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann don iompar muirí agus don chomhshaol muirí. Shonraigh an Chomhairle nár cheart do EMSA aon ghníomhaíochtaí cigireachta a dhéanamh ná aon ghníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann go sonrach le taiscéalaíocht nó le saothrú acmhainní mianraí.

Ar an taobh eile, ghlac an Pharlaimint roinnt mhaith leasuithe maidir le cosc de chineáil sin a chur ar thruailliú. Mol sí go ndéanfaí an méid seo a leanas go háirithe:

go scriosfaí na focail “ó longa” as tagairtí sa Togra do thruailliú a chosc (Leasuithe 29, 30,71 agus 73);

go scriosfaí an focal “soghluaiste” sna tagairtí d'anailís a dhéanamh ar shábháilteacht suiteálacha gáis agus ola amach ón gcósta (Leasú 14 agus Leasú 33;

go ndéanfaí tagairt do luach shaineolas na Gníomhaireachta nuair a chuirfear treoir le chéile maidir le ceadúnas a thabhairt do thaiscéalaíocht agus do tháirgeacht ola agus gáis (Leasú 24);

go mbeadh sé mar chuspóir ag EMSA truailliú muirí a chosc agus dul i ngleic le truailliú muirí, lena n-airítear truailliú ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta (Leasú 29);

cuidiú a bheith á sholáthar ag EMSA maidir le ceadúnas a thabhairt do thaiscéalaíocht agus do tháirgeacht ola agus gáis (Leasú 37);

cuidiú a bheith á thabhairt ag EMSA do na Ballstáit le linn imscrúduithe tionóiscí a mbainfeadh suiteálacha muirí ar an gcósta agus amach ón gcósta leo, lena n-áirítear tionóiscí lena n-imrítear tionchar ar shuiteálacha ola agus gáis (Leasú 47);

ESMA a bheith ag éascú comhair i dtaca le measúnú a dhéanamh ar shocruithe na mBallstát maidir le pleananna práinnfhreagartha agus maidir le hullmhacht don éigeandáil i ndáil le suiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta (Leasú 49);

ESMA a bheith ag éascú comhair i dtaca le maoirsiú neamhspleách tríú páirtithe a áirithiú maidir leis na gnéithe muirí a bhaineann le sábháilteacht, cosc, cosaint an chomhshaoil agus pleanáil theagmhasach (Leasú 50).

I gcomhréir leis an méid a mhol an Coimisiún, creideann an Chomhairle go bhfuil sé indéanta agus iomchuí ról a thabhairt do ESMA i bhfreagairt do thruailliú muirí ó shuiteálacha amach ón gcósta. Tá an cumas freagartha ag an nGníomhaireacht oibríochtaí glanta a dhéanamh i ndiaidh doirte ola, is cuma cibé an long nó suiteáil amach ón gcósta is cúis leis an truailliú sin. Ina theannta sin, tá an saineolas riachtanach aici i réimse an truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus díobhálacha eile chun tacú le Stáit a bhfuil éifeacht ag truailliú den chineál sin orthu. Measann an Chomhairle, áfach, nár cheart go méadófaí ról na Gníomhaireachta fós maidir le truailliú ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta a chosc. Mar atá luaite thuas, ba cheart go ndíreodh gníomhaíochtaí EMSA ar na réimsí sin a bhfuil saineolas agus uirlisí atá bunaithe agus aitheanta aici ina leith. Mar thoradh air sin, níl na leasuithe ón bParlaimint san áireamh i seasamh na Comhairle maidir leis an tsaincheist seo.

Mar sin féin, tugtar aghaidh i seasamh na Comhairle ar chuid den imní atá ar an bParlaimint. Tugann an Chomhairle tuiscint leathan nua isteach, go háirithe, ar thruailliú muirí, lena gcumhdaítear ní hamháin ola ach substaintí guaiseacha agus díobhálacha eile freisin (aithris 3). Ar na croíchúraimí a bheidh ag an nGníomhaireacht áirítear a seirbhís CleanSeaNet a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar a mhéid truailliú ola muirí atá ann agus an tionchar comhshaoil atá aige a dhéantar de bharr suiteálacha ola agus gáis (Airteagal 2(4)(g) agus aithris 22), atá i gcomhréir le leasú 15 agus leasú 48 ón bParlaimint freisin. Mar chúram coimhdeach, d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht tacú leis an gCoimisiún mar is iomchuí chun ceanglais IMO a imscrúdú agus chun faisnéis bhunúsach a bhailiú maidir le bagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann don mhuiriompar agus don chomhshaol muirí (Airteagal 2a(2)(e)).

Ar deireadh, faoi chuimsiú na tuarascála ar dhul chun cinn, iarrtar ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an méid a d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht cur le gníomh reachtach a chur chun feidhme amach anseo maidir le sábháilteacht gníomhaíochtaí sirtheoireachta, taiscéalaíochta agus táirgthe ola agus gáis amach ón gcósta, i ndáil le cosc ar thruailliú ó shuiteálacha ola agus gáis amach ón gcósta, agus saineolas agus uirlisí bunaithe agus aitheanta na Gníomhaireachta á gcur san áireamh (aithris 44).

d)   Tascanna nua eile arna sannadh don Ghníomhaireacht

Tá leasú 38 ón bParlaimint curtha san áireamh ag an gComhairle, le mionathruithe, lena leagtar de chúram ar an nGníomhaireacht, ar iarraidh Ballstáit, faisnéis iomchuí a sholáthar ag eascairt ó imscrúduithe EMSA ar eagraíochtaí aitheanta d'fhonn tacú leis an bhfaireachán ar eagraíochtaí aitheanta a dhéanann cúraimí deimhniúcháin thar ceann na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2009/15/CE maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha na gcóras riaracháin muirí (8) gan dochar do chearta agus oibleagáidí an Bhratstáit (Airteagal 2(3)(c)). Measann an Chomhairle go bhféadfadh breisluach a bheith ag baint leis an roinnt faisnéise seo ón nGníomhaireacht don Bhallstát a dhéanann an iarraidh.

Leag an Pharlaimint síos roinnt leasuithe maidir le Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a bhunú agus ábhair ghaolmhara eile, amhail e-Maritime agus tionscadal “an Crios Gorm” (leasuithe 12, 16, 17, 19, 27, 29 agus 33).

Mhol an Pharlaimint gur cheart go dtacódh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún chun tionscadal “an Crios Gorm” a fhorbairt agus a chur chun feidhme (leasuithe 16, 17 agus 33). Bhí foráil den chineál sin sa chur chuige ginearálta ón gComhairle, ach mar chúram coimhdeach. Cuirtear coincheap “an Crios Gorm” san áireamh mar sin i measc na gcúraimí coimhdeacha in Airteagal 2a(3)(a), mar cheann de na beartais agus na tionscadail a thacaíonn le Spás Eorpach Muiriompair gan Bhacainní a bhunú.

Ina theannta sin, mar aon le bheith ar liosta cuspóirí na Gníomhaireachta (Airteagal 1(3)), luaitear an Spás Eorpach d'Iompar Muirí gan Bhacainní in Airteagal 2a(3)(a) agus in aithrisí 15, 17, 28 agus 45 de sheasamh na Comhairle. Mar mhodh chun an spás gan bhacainní seo a bhaint amach, measann an Chomhairle go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le Treoir 2010/65/AE maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát (9) agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht, mar cheann dá phríomhchúraimí, comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún a éascú, trí tarchur leictreonach na sonraí a éascú trí SafeSeaNet agus trí thacú le forbairt na fuinneoige aonair (Airteagal 2(4)(i)). Tacóidh sí leis na Ballstáit agus an Treoir sin á cur chun feidhme (aithris 15).

Ag dul in aghaidh an togra ón gCoimisiún agus an chur chuige ón gComhairle, mhol an Pharlaimint nach mbeadh baint ag an nGníomhaireacht leis na cúraimí a bhaineann le huiscebhealaí intíre. Measann an Chomhairle, áfach, go mbeadh sé úsáideach cúraimí teoranta coimhdeacha a bheadh sainmhínithe go maith a thabhairt don Ghníomhaireacht agus faisnéis ábhartha á soláthar i ndáil le comhlachtaí aicmiúcháin le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre (Airteagal 2a(2)(f) agus aithris 25), agus maidir leis an gcás a fhiosrú i dtaobh an bhféadfaí faisnéis a roinnt idir Córas na Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann agus córais faisnéise mhuiriompair (Airteagal 2a(3)(b) agus aithris 26). Dá bharr sin, ní chuirtear leasú 33 ón bParlaimint san áireamh i seasamh na Comhairle.

(iii)   Struchtúr rialachais na Gníomhaireachta

Tá leasú ar struchtúr rialachais na Gníomhaireachta ar cheann de phríomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún lena leasaítear an Rialachán EMSA.

Tá an Chomhairle i bhfabhar chuspóir an togra ón gCoimisiún go ginearálta, eadhon an struchtúr rialachais a leasú i gcomhréir le torthaí agus moltaí na meastóireachta seachtraí ó mhí an Mheithimh 2008. Ní féidir leis an gComhairle aontú, áfach, le gach gné den togra ón gCoimisiún maidir leis an tsaincheist seo. Ina theannta sin, rinne an Pharlaimint roinnt mhaith leasuithe.

Baineann na príomhchnámha spairne idir na hinstitiúidí leis an bpróiséas cinnteoireachta do chuairteanna ar Bhallstáit agus cigireachtaí i dtríú tíortha, forálacha maidir le cothromaíocht inscne, forálacha áirithe maidir le comhaltaí den Bhord Riaracháin (maidir le coinbhleacht leasa agus fad téarma oifige) agus an nós imeachta chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus fad a théarma oifige.

a)   Cuairteanna agus cigireachtaí

Mhol an Coimisiún gur cheart an beartas imscrúdaithe a bhunú trí ghníomh cur chun feidhme seachas trí chinneadh ón mBord Riaracháin, mar a dhéantar faoi láthair. Ar an ábhar sin, leag an Pharlaimint leasuithe amach sa mhéid gur cheart an beartas cigireachtaí a chinneadh le gníomh tarmligthe (leasuithe 25, 26, 55, 81, 82 agus 83).

I dtuairim na Comhairle, níl ceachtar de na roghanna sin oiriúnach. Feidhmíonn an córas reatha go maith agus is é an Bord Riaracháin an comhlacht is oiriúnaí chun cinneadh a dhéanamh maidir le modheolaíocht do na cuairteanna sin. Mar sin féin, tá cosaint bhreise tugtha isteach ag an gComhairle i gcás ina n-easaontódh an Coimisiún leis an modheolaíocht a chinnfidh an Bord Riaracháin. Sa chás sin, ní mór don Bhord í a scrúdú athuair agus í a ghlacadh, i bhfoirm leasaithe b'fhéidir, ar an dara léamh le tromlach dhá thrian, lena n-áirítear ionadaithe ón gCoimisiún, nó d'aon toil ionadaithe na mBallstát (Airteagal 3 i gcomhar le hAirteagal 10(2)(g) agus aithris 39).

Maidir leis na leasuithe eile atá molta ag an bParlaimint sa chomhthéacs seo, ní mheasann an Chomhairle go bhfuil sé iomchuí go mbeadh baint ag an nGníomhaireacht le hathbhreithniú a dhéanamh ar na measúnuithe tionchair chomhshaoil ná le cigireachtaí a dhéanamh sna Ballstáit ar iarraidh ón gCoimisiún (Leasú 54). Maidir le leasú 56, aontaíonn an Chomhairle gur gné thábhachtach de chonclúidí ginearálta thimthriall cuairteanna nó cigireachtaí í cost-éifeachtúlacht na mbeart atá i bhfeidhm, ach ní mheasann sí gur riachtanach é rialacha a chur isteach maidir le tuarascálacha ar na cuairteanna a chur ar fáil don phobal, os rud é go bhfuil fáil ar rialacha maidir le faisnéis don phobal in áit eile sa Rialachán (féach Airteagal 4(2) sa rialachán reatha).

b)   Cothromas inscne

Ní raibh aon fhorálacha sonracha maidir le cothromas inscne sa togra ón gCoimisiún. Bhí an Chomhairle cúramach ina cur chuige ginearálta friotal a bhí neodrach ó thaobh inscne de a úsáid agus tagairt á déanamh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin (i gcomhréir leis an Rialachán reatha). Thug an Pharlaimint roinnt leasuithe isteach, áfach, a bhfuil sé mar sprioc acu ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a áirithiú ar an mBord Riaracháin agus nuair a bheidh Cathaoirleach, Leas-Chathaoirleach agus ionadaithe tríú tíre á dtoghadh (leasuithe 8, 88 agus 90).

Aontaíonn an Chomhairle le priosabal an chothromais inscne ar ndóigh. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé a bheith deacair go praiticiúil cothromas inscne ar an mBord Riaracháin a áirithiú, go háirithe i gcás riaracháin mhuirí níos lú. Maidir leis na hionadaithe tríú tíre, ní fhéadfaidh an tAontas ceanglas a leagan síos do cheapachán ionadaithe den chineál sin.

Tá foráil curtha isteach ag an gComhairle in Airteagal 11(1), áfach, sa mhéid gur gá do na Ballstáit agus don Choimisiún araon oibriú i dtreo ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Riaracháin. Ina theannta sin, tá moladh in aithris 9 gur cheart go gcuirfí san áireamh go hiomlán an tábhacht a bhaineann le hionadaíocht chothrom inscne nuair a bhíonn comhaltaí den Bhord Riaracháin á gceapadh, nuair a bhíonn Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach an Bhoird Riaracháin á dtoghadh agus nuair a bhíonn Cinn Roinne na Gníomhaireachta á gceapadh.

c)   Forálacha maidir le comhaltaí den Bhord Riaracháin

Níor mhol an Coimisiún aon rialacha ar leith maidir le coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le comhaltaí den Bhord Riaracháin, ná aon athruithe ar an téarma oifige reatha (cúig bliana, inathnuaite uair amháin). Ina cur chuige ginearálta, níor mhol an Chomhairle go ndéanfaí aon athrú maidir leis sin ar an togra ón gCoimisiún.

Mhol an Pharlaimint go gcuirfí isteach foráil shonrach maidir le coinbhleachtaí leasa, lena mbeadh sé d'oibleagáid ar chomhaltaí an bhoird dearbhú scríofa a shíniú lena léirítear aon leas díreach nó indíreach a d'fhéadfadh a bheith chun dochar dá neamhspleáchas. Bheadh orthu staonadh ó vótáil ar ábhair den chineál sin (Leasú 62). Mhol an Pharlaimint freisin go ndéanfaí an téarma oifige a ghiorrú go ceithre bliana, inathnuaite uair amháin (Leasú 63).

Tá foráil sa Rialachán reatha cheana maidir le coinbhleacht leasa do na comhaltaí siúd atá ainmnithe ina gcáil mar ghairmithe ó na hearnálacha lena mbaineann (Airteagal 13(4)). Measann an Chomhairle, mar sin, gur iomchuí agus gur simplí an fhoráil seo atá ann cheana a leasú, lena mbeadh sí infheidhme ar gach comhalta den bhord.

Maidir le téarma oifige comhaltaí den bhord, giorraítear le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an téarma go ceithre bliana agus féadfar é a athnuachan níos mó ná uair amháin, chun deacrachtaí a chur san áireamh a d'fhéadfadh rialtais mhuirí áirithe a bheith acu iarrthóirí oiriúnacha a fháil (Airteagal 11(3)).

d)   Nós imeachta maidir le Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh

Faoi láthair, ceapann an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tá an ceart ag an gCoimisiún iarrthóirí a mholadh.

Mhol an Coimisiún gur cheart go mbeadh an ceart eisiach aige iarrthóirí a mholadh. Cheapfaí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar feadh cúig bliana, inathnuaite ar feadh tréimhse nach mó í ná trí bliana. Ina theannta sin, féadfar iarraidh ar an iarrthóir a roghnaítear, roimh an gceapachán, ráiteas a thabhairt os comhair choiste inniúil na Parlaiminte agus ceisteanna chomhaltaí an choiste a fhreagairt.

Ina cur chuige ginearálta, ghlac an Chomhairle leis an bhfad a moladh i leith an téarma oifige (cúig + trí bliana). Measann an Chomhairle, áfach, gur cheart nach mbeadh an téarma inathnuaite ach uair amháin. Ina theannta sin, níor aontaigh an Chomhairle leis an gCoimisiún maidir le rannpháirtíocht an choiste ón bParlaimint sula gceapfaí an t-iarrthóir a bheadh roghnaithe. Ar deireadh, bhí an Chomhairle in ann glacadh le ceart eisiach a bheith ag an gCoimisiún iarrthóirí a mholadh, ach thug sí isteach roinnt cosaintí chun nós imeachta oscailte, cothrom agus trédhearcach a áirithiú. Áirítear air sin oibleagáid a chur ar an gCoimisiún ar a laghad triúr iarrthóir a mholadh (Airteagal 16(1)) agus breathnóir a cheapadh i measc a chomhaltaí chun go leanfadh sé nós imeachta roghnúcháin an Choimisiúin (Airteagal 10(2)(m)). Tá tuilleadh gnéithe in Aithris 32 le haghaidh léirmhíniú na bhforálacha sin, lena n-áirítear tagairt do chosaint sonraí pearsanta.

Rinne an Pharlaimint leasú ar an togra ón gCoimisiún tríd an tréimhse a d'fhéadfadh a bheith ann le haghaidh inathnuaite a mhéadú go cúig bliana (Leasú 72). Ina theannta sin, mhol sí go mbeadh an coiste ón bParlaimint níos rannpháirteach sa nós imeachta roghnúcháin trí thuairim a thabhairt maidir leis an iarrthóir roghnaithe, a mheasfaí roimh an gceapachán (Leasú 71) agus an athcheapachán (Leasú 72).

Leagtar síos i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh gur ceithre bliana an uasthréimhse ina bhféadfar athnuachan a dhéanamh. Tugtar an ceart don Pharlaimint freisin iarraidh ar an iarrthóir roghnaithe teacht chuig malartú tuairimí. Mar sin féin, ní mheasann an Chomhairle gurb iomchuí go mbeadh an Pharlaimint ná an Chomhairle rannpháirteach sa phróiseas roghnúcháin, ar cheart gurb é saincheart an Choimisiúin agus chomhaltaí de bhord na Gníomhaireachta a bheadh ann.

3.   Leasuithe eile a ghlac Parlaimint na hEorpa

Leagtar amach thíos seasamh na Comhairle maidir le leasuithe eile ón bParlaimint nach bhfuil luaite thuas.

Tagairt do theagmhais na dtancaer ola Prestige agus Erika (Leasú 1 agus leasú 2): Tá leagan de na leasuithe sin in aithris 1 agus aithris 2 i seasamh na Comhairle a bhfuil athdhréachtú beag déanta orthu.

Trácht ar athruithe ar réimsí inniúlachta na Gníomhaireachta i measc mholtaí na meastóireachta seachtraí (Leasú 3): Cuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle in aithris 4.

Tagairt do dhíriú ar chúraimí tosaíochta, laincisí buiséadacha an Aontais agus forluí a sheachaint nuair a bheadh cúraimí nua na Gníomhaireachta á ndlisteanú (Leasú 4): Cuirtear an leasú seo san áireamh, le mionathruithe, i seasamh na Comhairle in aithris 5.

Ba cheart go ndéanfaí ath-imlonnú fhoireann na Gníomhaireachta a chomhordú leis na gníomhaireachtaí sna Ballstáit (Leasú 5), tráth a mbeidh méadú ar a hacmhainní riachtanach do chúraimí nua na Gníomhaireachta (Leasú 7): Ní chuirtear an dá leasú sin san áireamh i seasamh na Comhairle:

Féadfar dul i mbun cúraimí airithe ar bhealach níos éifeachtaí ar an leibhéal Eorpach (Leasú 6): Cuirtear an leasú seo san áireamh, le mionathruithe, i seasamh na Comhairle in aithris 7.

Ba cheart go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht beartas sábháilteachta muirí an Aontais chun cinn trí chomhar eolaíoch agus teicniúil le tríú tíortha (leasú 9): Cuirtear an leasú seo san áireamh, le mionathruithe, i seasamh na Comhairle in aithris 12.

Ba cheart go soláthródh an Ghníomhaireacht bearta breise a bheadh éifeachtúil ó thaobh costais de chun tacú leis an bhfreagairt do thruailliú muirí, lena n-áirítear truailliú ó shuiteálacha soghluaiste gáis agus ola amach ón gcósta (Leasú 10): déantar brí an leasaithe seo a átáirgeadh in aithris 21.

Ba cheart go sonrófaí cúraimí na Gníomhaireachta go soiléir agus go cruinn agus ba cheart dúbailt a sheachaint (Leasú 11): Cuirtear brí an leasaithe seo san áireamh i seasamh na Comhairle in aithris 6.

Tagairt do éifeachtacht an fhorfheidhmithe agus na bpionós faoi Threoir 2005/35/CE maidir le truailliú ó longa agus pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (10) (Leasú 13): Cuirtear san áireamh i seasamh na Comhairle iarraidh ar an gCoimisiún in aithris 19 faisnéis a sholáthar maidir le héifeachtacht agus comhsheasmhacht fhorfheidhmiú na Treorach sin.

Ba cheart go gcruthófaí sineirgí idir údaráis, lena n-áirítear seirbhísí garda cósta, d'fhonn cur le “Muir Aonair Eorpach” a bhunú (Leasú 18): Cuirtear san áireamh i seasamh na Comhairle iarraidh ar an gCoimisiún in aithris 30 staidéar féidearthachta a ullmhú maidir le comhar feabhsaithe agus comhordú feabhsaithe feidhmeanna garda cósta, faoi réir coinníollacha daingne.

Ba cheart go gcomhoibreodh an Ghníomhaireacht agus Meabhrán Tuisceana Pháras (MT Pháras) i ndáil le Rialú Stáit ar Chalafoirt go dlúth lena chéile (Leasú 23): Tá roinnt tagairtí i seasamh na Comhairle do MT Pháras, lena n-áirítear tagairt amháin do dhlúthchomhar chun éifeachtúlacht a uasmhéadú (Aithris 33 agus aithris 38, Airteagal 2(4)(h) agus Airteagal 2(5)).

Tagairt don Rialachán Airgeadais (Leasú 28): Cuirtear an leasú seo san áireamh, le mionathruithe, i seasamh na Comhairle in aithris 46.

Cabhair theicniúil a chur ar fáil don Choimisiún maidir le sábháilteacht calafoirt (Leasú 31): Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle.

Cabhair don Choimisiún chun forálacha riachtanacha chun páirt a ghlacadh in obair eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha áirithe a nuashonrú agus a fhorbairt (Leasú 32): Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle. Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle I dtuairim na Comhairle, maidir le ról na Gníomhaireachta i gcomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún sa réimse seo a éascú, ba cheart go dteorannófaí an ról sin do chabhair theicniúil (Airteagal 2(4)(h) agus aithris 34 agus aithris 35).

Malartú faisnéis leis an gCoimisiún maidir le haon bheartas eile a d'fhéadfadh a bheith iomchuí agus réimsí inniúlachta agus saineolais na Gníomhaireachta á dtabhairt ar aird (Leasú 34): Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle. Cumhdaítear in Airteagal 2(2)(d), áfach, i gcleachtas ach déantar sin i dtéarmaí níos cruinne.

Anailís ar thionscadail taighde (Leasú 36): Cuirtear brí an leasaithe seo san áireamh i seasamh na Comhairle (Airteagal 2(2)(c)).

Cabhair don Choimisiún chun cúraimí áirithe atá luaite i Rialachán (CE) 391/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (11) a chur i gcrích (Leasú 39): Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle.

Tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí freagartha do thruailliú tríd na hacmhainní teicniúla iomchuí a chur ar fáil (Leasú 40): Cuirtear brí an leasaithe sin san áireamh i seasamh na Comhairle, ach le friotal níos cruinne (Airteagal 2(3)(d)).

Saineolas teicniúil a chur ar fáil i réimse na longthógála nó aon ghníomhaíocht ábhartha eile a bhaineann le trácht mhuirí, chun úsáid teicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt agus ardleibhéal slándála a áirithiú (Leasú 44): Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle mar atá, ach tá tagairt in aithris 24 d'iompar muirí go ginearálta a bheadh neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Beartas macra-réigiúnach Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme (Leasú 46): Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle.

Cuir ar chumas an Choimisiúin agus na mBallstát cost-éifeachtúlacht na mbeart atá ann cheana a mheas trí staidreamh, faisnéis agus sonraí a chur ar fáil (Leasú 51): Cuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle in Airteagal 2(4)(d).

Forbhreathnú bliantúil ar thaismí muirí (Leasú 91): Cuirtear brí an leasaithe sin san áireamh i seasamh na Comhairle (Airteagal 2(4)(c) maidir le himscrúdú ar thaismigh agus teagmhais mhuirí).

Cabhair theicniúil, nuair is iomchuí agus infheidhme, do thíortha comhpháirtíochta Chomharsanacht na hEorpa (Leasú 53): Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle, ach tá foclaíocht Airteagal 2(5) an-chosúil leis an méid a mhol an Pharlaimint.

Tuilleadh coinníollacha le haghaidh ionaid réigiúnacha a bhunú (Leasú 57): Cuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle, le mionathruithe (Airteagal 5(3)).

Roinnt leasuithe lena leasaítear na nósanna imeachta buiséadacha ar athruithe sna gníomhartha ábhartha dlí (Leasú 58, leasú 60 agus leasú 68, an chéad chuid; leasuithe 70, 74, 75 agus 76): tá na leasuithe seo uile i seasamh na Comhairle.

Tuairim na Parlaiminte a chur san áireamh nuair a ghlacfaidh bord na Gníomhaireachta an straitéis ilbhliantúil (leasú 59), comhairliúchán le Coiste inniúil na Parlaiminte nuair a ullmhóidh an Stiúrthóir Riaracháin an straitéis ilbhliantúil (leasú 66) agus an plean beartais foirne ilbhliantúil (leasú 67), agus malartú tuairimí le Coiste inniúil na Parlaiminte maidir leis an gclár oibre ilbhliantúil (leasú 68, an dara cuid): Níl na leasuithe sin san áireamh i seasamh na Comhairle, ach déantar tagairt shonrach ann do thuairim scríofa ón gCoimisiún a chur san áireamh (Airteagal 10(2)(ca)) nó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir leis na doiciméid sin (Airteagal 15(2)(a) agus (aa)). Ina theannta sin, ní mór don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil a chuir chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle, go háirithe maidir leis an staid mar atá i dtaca leis an straitéis ilbhliantúil agus an clár oibre bliantúil a ullmhú (Airteagal 15(3)).

An taithí agus an saineolas atá riachtanach do chomhaltaí den bhord a shainiú (Leasú 61): Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle, ach déantar an téacs a shimpliú trí thagairt ghinearálta a dhéanamh do thaithí agus do shaineolas sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, i.e. cuspóirí na Gníomhaireachta.

Forálacha maidir le riarchuid an Choimisiúin de na vótaí ar an mBord Riaracháin (Leasú 64 agus leasú 65): Ní chuirtear na leasuithe seo san áireamh i seasamh na Comhairle.

Gnéithe le cur san áireamh i meastóireacht sheachtrach na Gníomhaireachta (Leasú 77 agus leasú 78): cuimsíonn an seasamh ón gComhairle na leasuithe seo, ach iad modhnaithe go héadrom (Airteagal 22).

Staidéar féidearthachta maidir le córas comhordaithe gharda cósta náisiúnta (Leasú 79) Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle sna téarmaí achtúcháin, ach tá tagairt in aithris 30 do staidéar féidearthachta den chineál sin.

Tuarascáil ar dhul chun cinn ar mhéadú éifeachtachta a tugadh chun críche trí lánpháirtiú breise ESMA le MT Pháras agus ar éifeachtacht fhorfheidmiú na mBallstát i ndáil le Treoir 2005/35/CE (leasú 80): Ní chuirtear an leasú seo san áireamh i seasamh na Comhairle sna téarmaí achtúcháin. Mar atá luaite thuas, áfach, tá roinnt tagairtí ann do MT Pháras (aithris 33 agus aithris 38, Airteagal 2(4)(h) agus Airteagal 2(5)) agus tá tagairt in aithris 19 do thuarascáil ón gCoimisiún maidir le forfheidhmiú Threoir 2005/35/CE.

III.   CONCLÚID

Agus a seasamh ar an gcéad léamh á ullmhú ag an gComhairle, cuireadh san áireamh go huile agus go hiomlán an togra ón gCoimisiún agus seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. Maidir leis na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa, feictear don Chomhairle gur áiríodh cheana líon mór leasuithe ina seasamh ar an gcéad léamh - go hiomlán, go páirteach nó ina n-éirim.


(1)  15717/10.

(2)  7644/11.

(3)  11769/11.

(4)  T7-0581/2011.

(5)  IO C 107, 6.4.2011, lch. 68.

(6)  IO L 323, 3.12.2008, lch. 33.

(7)  IO L 208, 5.8.2002, lch. 10.

(8)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 47.

(9)  IO L 283, 29.10.2010, lch. 1.

(10)  IO L 255 30.9.2005, lch. 11.

(11)  IO L 131, 28.5.2009, lch.11.


16.11.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/23


SEASAMH (AE) Uimh. 11/2012 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2012

(11/2012/AE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, áirítear infheistíocht dhíreach choigríche ar liosta na n-ábhar a thig faoin gcomhbheartas tráchtála. I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), tá inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach i dtaca leis an gcomhbheartas tráchtála. Dá réir sin, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse sin a ghlacadh. Ní bheidh na Ballstáit iad féin in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE.

(2)

Ina theannta sin, leagtar síos i gCaibidil 4, de Theideal IV de Chuid a Trí CFAE comhrialacha maidir le gluaiseacht caipitil idir Ballstáit agus tríú tíortha, lena n-áirítear i leith gluaiseachtaí caipitil lena mbaineann infheistíochtaí. Is féidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hinfheistíocht choigríche a dhéanfaidh Ballstáit difear a dhéanamh do na rialacha sin.

(3)

Tá an Rialachán seo gan dochar do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhréir le CFAE.

(4)

Nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, choimeád na Ballstáit líon suntasach comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha i bhfeidhm. Níl forálacha idirthréimhseacha follasacha ar bith i CFAE le haghaidh chomhaontuithe den sórt sin ar comhaontuithe iad a thig faoi inniúlacht eisiach an Aontais anois. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh forálacha i roinnt de na comhaontuithe sin a dhéanfadh difear do na comhrialacha maidir le gluaiseachtaí caipitil arna leagan síos i gCaibidil 4 de Theideal IV de Chuid a Trí CFAE.

(5)

Bíodh is go mbeidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ceangailteach i gcónaí ar na Ballstáit faoin dlí poiblí idirnáisiúnta agus go ndéanfar comhaontuithe Aontais eile ar an ábhar céanna a chur ina n-ionad go comhleanúnach, beidh gá le bainistiú iomchuí a dhéanamh ar choinníollacha a marthana leanúnaí, agus ar a gcaidreamh le beartais infheistíochta an Aontais. Forbróidh an caidreamh sin a thuilleadh de réir mar a fheidhmeoidh an tAontas a inniúlacht.

(6)

Ar mhaithe le hinfheisteoirí an Aontais agus lena n-infheistíochtaí i dtríú tíortha, agus ar mhaithe le Ballstáit atá ina n-óstach d’infheisteoirí agus d’infheistíochtaí coigríche, ba cheart comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ina sonraítear agus ina ráthaítear go ndéanfar na coinníollacha infheistíochta a choimeád i bhfeidhm, agus go ndéanfar comhaontuithe infheistíochta de chuid an Aontais a chur ina n-ionad go comhleanúnach, ina bhforálfaí do chaighdeáin arda maidir le hinfheistíocht a chosaint.

(7)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go dtabharfaí aghaidh ar an stádas atá ag comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta na mBallstát faoi dhlí an Aontais, ar comhaontuithe iad a síníodh roimh 1 Nollaig 2009. Is féidir na comhaontuithe sin a choimeád i bhfeidhm, nó is féidir leo teacht i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(8)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí síos coinníollacha faoina gcumhachtófaí do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a thabhairt i gcrích agus/nó a choimeád i bhfeidhm, ar comhaontuithe iad a siníodh idir an 1 Nollaig 2009 agus an … (2).

(9)

Thairis sin, ba cheart go leagfaí amach leis an Rialachán seo na coinníollacha faoina dtugtar cumhachtaí do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích le tríú tíortha tar éis an … (2).

(10)

I gcás ina ndéanann na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha a choimeád i bhfeidhm faoin Rialachán seo, nó i gcás inar tugadh údaruithe chun tús a chur le caibidlíocht nó chun comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích, níor cheart go gcuirfí cosc leis sin ar an Aontas comhaontuithe infheistíochta a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích.

(11)

Tá ceangal ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh le neamhluithe, nuair is ann dóibh, le dlí an Aontais, mar atá i gcomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta atá tugtha i gcrích eatarthu agus tríú tíortha a dhíchur. Tá cur chun feidhme an Rialacháin seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 258 CFAE maidir le mainneachtain Bhallstáit oibleagáidí á gcomhlíonadh faoi dhlí an Aontais.

(12)

Go háirithe, ba cheart go ndéanfadh an t-údarú chun comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích dá bhforáiltear sa Rialachán seo ligean do Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar aon neamhluí idir a gcomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta agus dlí an Aontais, seachas na neamhluithe a éiríonn as leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar nithe iad a dtugtar aghaidh orthu sa Rialachán seo.

(13)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh, inter alia, ar an ngá atá ann leanúint de Chaibidil III a chur i bhfeidhm. I gcás ina moltar sa tuarascáil deireadh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chaibidil III nó i gcás ina moltar na forálacha sin a mhodhnú, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.

(14)

Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a áirithiú go gcaithfí le haon fhaisnéis a aithnítear mar fhaisnéis rúnda i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (3).

(15)

Níor cheart go gcumhdófaí comhaontuithe infheistíochta idir Ballstáit leis an Rialachán seo.

(16)

Is gá go ndéanfar foráil maidir le socruithe áirithe chun a áirithiú go leanfadh na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta, ar comhaontuithe iad a choimeádtar i bhfeidhm de bhun an Rialacháin seo, de bheith oibríochtúil i gcónaí, lena n-áirítear maidir le réiteach díospóide, agus inniúlacht eisiach an Aontais á hurramú ag an am céanna.

(17)

Chun coinníollacha comhionanna maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (4).

(18)

Go sonrach, ba cheart na cumhachtaí sin a thabhairt don Choimisiún ós rud é go gcumhachtaítear do na Ballstáit leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 9, in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 gníomhú i réimsí inniúlacht eisiach an Aontais agus ní mór na cinntí maidir leis an méid sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

(19)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun údaruithe a ghlacadh de bhun Airteagal 9, Airteagal 11 agus Airteagal 12, ós rud é go bhfuiltear chun na húdaruithe sin a thabhairt ar bhonn chritéir shoiléire arna mbunú leis an Rialachán seo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí arna mbunú ag CFAE, tugtar aghaidh sa Rialachán seo ar an stádas atá ag comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta na mBallstát faoi dhlí an Aontais, agus bunaítear na téarmaí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta leis, faoina n-údaraítear do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma “comhaontú déthaobhach infheistíochta” aon chomhaontú le tríú tír ina mbeidh forálacha maidir le hinfheistíocht a chosaint. Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo ach amháin na forálacha sin de chomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ina ndéileáiltear le hinfheistíocht a chosaint.

CAIBIDIL II

COMHAONTUITHE DÉTHAOBHACHA INFHEISTÍOCHTA ATÁ ANN CHEANA A CHOIMEÁD I BHFEIDHM

Airteagal 2

Fógra a thabhairt don Choimisiún

Faoin … (5) nó laistigh de 30 lá ó dháta a n-aontachas leis an Aontas, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le gach comhaontú déthaobhach infheistíochta le tríú tíortha a síníodh roimh an 1 Nollaig 2009 nó roimh dháta a n-aontachas, cibé acu is déanaí, agus ar mian leo iad a choimeád i bhfeidhm nó a cheadú dóibh teacht i bhfeidhm faoin gCaibidil seo. Áireofar cóip de na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta sin leis an bhfógra. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin i leith aon athruithe dá éis sin ar stádas na gcomhaontuithe sin.

Airteagal 3

Coimeád i bhfeidhm

Gan dochar do na ceanglais eile atá ar na Ballstáit faoi dhlí an Aontais, féadfar comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo a choimeád i bhfeidhm, nó teacht i bhfeidhm, i gcomhréir le CFAE agus leis an Rialachán seo, go dtí go dtiocfaidh comhaontú déthaobhach infheistíochta i bhfeidhm idir an tAontas agus an tríú tír céanna.

Airteagal 4

Foilsiú

1.   Gach 12 mhí, foilseoidh an Coimisiún liosta na gcomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2, Airteagal 11(6) nó Airteagal 12(6) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Déanfar an liosta de na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú den chéad uair tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an spriocdháta le haghaidh fógraí arna ndéanamh de bhun Airteagal 2.

Airteagal 5

Measúnú

Féadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2, trí mheastóireacht a dhéanamh ar cibé an constaic thromchúiseach aon cheann amháin nó níos mó dá bhforálacha ar an Aontas do chaibidliú nó do thabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha, chun go ndéanfaí ionadú go comhleanúnach ar na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2.

Airteagal 6

Dualgas an chomhair

1.   Déanfaidh na Ballstáit aon bhearta iomchuí lena áirithiú nach mbeidh forálacha na gcomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2 ina gconstaic thromchúiseach ar an Aontas do chaibidliú nó do thabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha, chun go ndéanfaí ionadú go comhleanúnach ar na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2.

2.   Má shuíonn an Coimisiún gur constaic aon cheann amháin nó níos mó d’fhorálacha comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2 ar an Aontas do chaibidliú nó do thabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha, chun go ndéanfaí ionadú go comhleanúnach ar na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 2, rachaidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann i mbun comhairliúcháin go pras agus comhoibreoidh siad d’fhonn na gníomhaíochtaí iomchuí a aithint chun an t-ábhar sin a réiteach. Ní faide ná 90 lá a mhairfidh na comhairliúcháin sin.

3.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 60 lá tar éis dheireadh na gcomhairliuchán, a léiriú cé na bearta iomchuí a bheidh le déanamh ag an mBallstát lena mbaineann d’fhonn na constaicí dá dtagraítear i mír 2 a bhaint.

CAIBIDIL III

ÚDARÚ CHUN COMHAONTUITHE DÉTHAOBHACHA INFHEISTÍOCHTA A LEASÚ NÓ A THABHAIRT I GCRÍCH

Airteagal 7

Údarú chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích

Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 8 go hAirteagal 11, údarófar do Bhallstát dul i gcaibidlíocht le tríú tír chun comhaontú déthaobhach infheistíochta atá ann cheana a leasú nó chun comhaontú déthaobhach nua infheistíochta a thabhairt i gcrích.

Airteagal 8

Fógra a thabhairt don Choimisiún

1.   I gcás inar mian le Ballstát dul i gcaibidlíocht le tríú tír chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Choimisiún maidir lena bhfuil ar intinn aige.

2.   Áireofar san fhógra dá dtagraítear i mír 1 doiciméadacht ábhartha agus léiriú ar na forálacha a bhfuiltear chun aghaidh a thabhairt orthu sna caibidlíochtaí nó atá le hathchaibidliú, cuspóirí na gcaibidlíochtaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

3.   Déanfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 a tharchur cúig mhí ar a laghad sula gcuirfear tús le caibidlíochtaí foirmiúla.

4.   I gcás nach leor an fhaisnéis a tharchuir an Ballstát chun tosach caibidlíochtaí foirmiúla a údarú i gcomhréir le hAirteagal 9, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, má iarrtar í, an doiciméadacht tionlacain, a chur ar fáil do na Ballstáit eile faoi réir cheanglais na rúndachta ata leagtha síos in Airteagal 14.

Airteagal 9

Údarú chun tús a chur le caibidlíochtaí foirmiúla

1.   Údaróidh an Coimisiún do na Ballstáit caibidlíochtaí foirmiúla a thosú le triú tíortha chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích mura gcinneann sé gurb amhlaidh, maidir le caibidlíochtaí den sórt sin a thosú:

(a)

go mbeadh an méid sin ar neamhréir le dlí an Aontais seachas na neamhluithe a eascraíonn as leithdháileadh inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit;

(b)

go mbeadh an méid sin iomarcach, mar gur thíolaic an Coimisiún moladh, nó gur chinn sé a mholadh, go ndéanfaí tús a chur le caibidlíocht leis an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 218(3) CFAE;

(c)

nach mbeadh an méid sin ag teacht le prionsabail agus le cuspóirí an Aontais le haghaidh gníomhaíochta seachtraí mar a chumtar iad i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos i gCaibidil I de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach; nó

(d)

go mbeadh an méid sin ina chonstaic thromchúiseach ar an Aontas do chaibidil nó do thabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta le tríú tíortha.

2.   Mar chuid den údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát aon chlásail a chur san áireamh i gcaibidlíochtaí den sórt sin agus i gcomhaontú déthaobhach infheistíochta ionchais den sórt sin nó aon chlásail a eisiamh ó chaibidlíochtaí den sórt sin agus ó chomhaontú déthaobhach infheistíochta ionchais den sórt sin nuair is gá sin, chun comhsheasmhacht le beartas infheistíochta an Aontais nó comhréireacht le dlí an Aontais a áirithiú.

3.   Maidir leis an údarú dá dtagraítear i mír 1, tabharfar é i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 90 lá tar éis dó an fógra dá dtagraítear in Airteagal 8 a fháil. Sa chás gur gá faisnéis bhreise le cinneadh a dhéanamh, tosóidh an tréimhse 90 lá an dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise.

4.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cinntí a rinneadh de bhun mhír 3.

5.   I gcás nach dtugann an Coimisiún an t-údarú de bhun mhír 1, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé na cúiseanna a bheidh leis an méid sin.

Airteagal 10

Rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcaibidlíochtaí

Coinneofar an Coimisiún ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcaibidlíochtaí chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích le linn na gcéimeanna éagsúla, agus féadfaidh sé iarraidh páirt a ghlacadh sna caibidlíochtaí a bhaineann le hinfheistíocht idir an Ballstát agus an tríú tír.

Airteagal 11

Údarú chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a shíniú agus a thabhairt i gcrích

1.   Sula síneoidh sé comhaontú déthaobhach infheistíochta, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le toradh na gcaibidlíochtaí agus déanfaidh sé téacs comhaontaithe den sórt sin a tharchur chuig an gCoimisiún.

2.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a caibidlíodh roimh an … (6), ach ar comhaontuithe iad nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide fógra a thabhairt dá bhforáiltear faoi Airteagal 2 ná faoi Airteagal 12.

3.   Chomh luath agus a gheobhaidh sé fógra, déanfaidh an Coimisiún measúnú cibé acu an bhfuil an comhaontú déthaobhach infheistíochta a cabidlíodh ar neamhréir le ceanglais Airteagal 9(1) agus (2).

4.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún go bhfuil comhaontú déthaobhach infheistíochta ann mar thoradh ar na caibidlíochtaí agus go gcomhlíonann sé ceanglais Airteagal 9(1) agus (2), údaróidh sé don Bhallstát comhaontú den sórt sin a shíniú agus a thabhairt i gcrích. Beidh feidhm ag Airteagal 3, Airteagal 5 agus Airteagal 6 maidir le comhaontuithe den sórt sin, amhail is dá mbeadh fógra tugtha ina leith faoi Airteagal 2.

5.   Déanfar cinntí de bhun mhír 4 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 90 lá tar éis na fógraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a fháil. I gcás inar gá faisnéis bhreise leis an gcinneadh a dhéanamh, tosóidh an tréimhse 90 lá an dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise.

6.   I gcás ina dtugann an Coimisiún údarú de bhun mhír 4, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le tabhairt i gcrích agus teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe dhéthaobhaigh infheistíochta, agus maidir le haon hathruithe sin a dhéanfar ar stádas an chomhaontaithe sin dá éis sin.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cinntí a rinneadh de bhun mhír 4.

8.   I gcás nach dtugann an Coimisiún an t-údarú de bhun mhír 4, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus luafaidh sé na cúiseanna a bheidh leis an méid sin.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Comhaontuithe a shínigh na Ballstáit idir an 1 Nollaig 2009 agus an … (6)

1.   I gcás inar shínigh Ballstát, idir 1 Nollaig 2009 agus an … (6), comhaontú déthaobhach infheistíochta, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún i ndáil le comhaontú den sórt sin ar mian leis é a choimeád i bhfeidhm nó a cheadú dó teacht i bhfeidhm, faoin … (7). Áireofar cóip de chomhaontú déthaobhach den sórt sin leis an bhfógra.

2.   Chomh luath agus a gheobhaidh sé fógra, déanfaidh an Coimisiún measúnú cibé acu an bhfuil an comhaontú déthaobhach infheistíochta ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo ar neamhréir le ceanglais Airteagal 9(1) agus (2).

3.   Sa chás go bhfaigheann an Coimisiún go gcomhlíonann comhaontú déthaobhach infheistíochta a dtugtar fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 9 (1) agus (2), údaróidh sé comhaontú den sórt sin a choimeád i bhfeidhm nó a theacht i bhfeidhm faoi dhlí an Aontais.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo laistigh de 180 lá tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil. I gcás inar gá faisnéis bhreise leis an gcinneadh a dhéanamh, tosóidh an tréimhse 180 lá ar an dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise. Is i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a ghlacfar cinntí de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

5.   Mura rud é gur údaraíodh comhaontú déthaobhach infheistíochta de bhun mhír 3 den Airteagal seo, ní thógfaidh an Ballstát aon chéim eile chun comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích, agus tarraingeoidh sé siar na céimeanna sin nó déanfaidh sé iad a fhreaschur.

6.   I gcás ina dtugann an Coimisiún údarú de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe dhéthaobhaigh infheistíochta, agus maidir le haon athruithe ar an stádas a bheidh ag comhaontú den sórt sin dá éis sin. Beidh feidhm ag Airteagal 3, ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 6 maidir le comhaontú den sórt sin amhail is dá mbeadh fógra tugtha ina leith faoi Airteagal 2.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cinntí a rinneadh de bhun mhír 3.

8.   I gcás nach dtugann an Coimisiún údarú de bhun mhír 4, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé na cúiseanna a bheidh leis an méid sin.

Airteagal 13

Iompar na mBallstát maidir le comhaontú déthaobhach infheistíochta le tríú tír

I gcás ina dtig comhaontú déthaobhach infheistíochta faoi raon feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

an Coimisiún a chur ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí maidir le gach cruinniú a tharlóidh faoi fhorálacha an chomhaontaithe. Tabharfar an clár oibre agus an fhaisnéis ábhartha uile don Choimisiún d’fhonn cur ar a chumas na hábhair atá le plé ag na cruinnithe sin a thuiscint. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann. I gcás ina bhféadfadh saincheist atá le plé difear a dhéanamh do chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an mBallstát lena mbaineann seasamh ar leith a ghlacadh.

(b)

an Coimisiún a chur ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí maidir le gach uiríoll a dhéantar leis go bhfuil beart ar leith ar neamhréir leis an gcomhaontú. Ina theannta sin, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir le haon iarraidh ar réiteach díospóide a thaisctear faoi choimirce an chomhaontaithe dhéthaobhaigh infheistíochta chomh luath is a bhíonn an Ballstát ar an eolas maidir le hiarraidh den sórt sin. Comhoibreoidh an Ballstát agus an Coimisiún le chéile go hiomlán agus déanfaidh siad gach beart is gá chun cosaint éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an Coimisiún a bheith rannpháirteach sa nós imeachta.

(c)

aontú a lorg ón gCoimisiún sula ndéanfaidh sé aon sásra ábhartha le haghaidh réiteach díospóide in aghaidh tríú tíre a áirítear leis an gcomhaontú déthaobhach infheistíochta a ghníomhachtú, agus déanfaidh sé na sásraí sin a ghníomhachtú má iarrann an Coimisiún é. Áireofar leis na sásraí sin comhairliúcháin leis an bpáirtí eile sa chomhaontú agus sa réiteach díospóide i gcás ina ndéantar foráil dóibh sa chomhaontú. Comhoibreoidh an Ballstát agus an Coimisiún le chéile go hiomlán le linn na nósanna imeachta a sheoladh faoi chuimsiú na sásraí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an Coimisiún a bheith rannpháirteach sa nós imeachta ábhartha.

Airteagal 14

Rúndacht

Nuair a thugtar fógra don Choimisiún maidir le caibidlíochtaí agus a dtoradh i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 11, féadfaidh na Ballstáit a léiriú cibé an bhfuil aon chuid den fhaisnéis a chuirtear ar fáil le meas mar fhaisnéis rúnda nó nach bhfuil, agus cibé an bhféadtar é a chomhroinnt leis na Ballstáit eile nó nach bhféadtar.

Airteagal 15

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin … (8), tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Cuimseoidh an tuarascáil forbhreathnú ar údaruithe a iarradh agus a tugadh faoi Chaibidil III chomh maith le hathbhreithniú ar an ngá atá ann leanúint den Chaibidil sin a chur i bhfeidhm.

3.   I gcás ina moltar sa tuarascáil go gcuirfear deireadh le cur chun feidhme Chaibidil III nó go modhnófar forálacha na Caibidle sin, beidh togra reachtach iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 16

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste le haghaidh na gComhaontuithe Infheistíochta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa…

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2012. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(3)  IO L 145, 31.5.2001, lch 43.

(4)  IO L 55, 28.2.2011, lch 13.

(5)  30 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(6)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(7)  30 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)  7 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

Chuir an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha faoi bhráid na Comhairle an 8 Iúil 2010 (1).

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh agus ghlac sí rún comhfhreagrach reachtach a bhí ag gabháil leis ag an seisiún iomlánach a bhí aici an 10 Bealtaine 2011 (2).

I gcomhréir le mír 16 go dtí mír 18 den Dearbhú Comhpháirteach maidir le Socruithe Praiticiúla do Nós Imeachta na Comhchinnteoireachta (3), bhí caidreamh neamhfhoirmiúil ann idir an Uachtaránacht, ag oibriú di faoin sainordú ó Coreper (4), agus Parlaimint na hEorpa, d’fhonn teacht ar chomhaontú idir na hinstitiúidí ar an gcéad léamh sa Chomhairle. Ina dhiaidh sin, thángthas ar an gcomhaontú sin ag an gcruinniú trípháirteach neamhfhoirmiúil an 29 Bealtaine 2012.

Sa litir uaidh an 31 Bealtaine 2012, chuir Cathaoirleach an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA) Pharlaimint na hEorpa in iúl do Chathaoirleach Coreper-II go molfadh sé, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle a seasamh (mar atá faoi láthair san iarscríbhinn a ghabhann leis an litir uaidh) a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint ar bhonn foirmiúil, go nglacfaí leis an seasamh ón gComhairle gan aon leasú a dhéanamh air ag an gcruinniú iomlánach, faoi réir an fhíoraithe dhlítheangeolaíoch, ar an dara léamh sa Pharlaimint.

An 26 Meitheamh 2012, d’fhormheas an Chomhairle an comhaontú polaitiúil thuasluaite (5).

II.   CUSPÓIR AN TOGRA

Déanann an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, inniúlacht eisiach an AE a bhunú maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche, mar chuid den chomhbheartas tráchtála (Airteagal 207(1) CFAE). I bhfianaise an méid sin, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an Rialacháin thuasluaite lena dtugtar aghaidh ar na gnéithe idirthréimhseacha a bhaineann le hinniúlacht nua an AE maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche a bhainistiú agus ar na gnéithe sin amháin. Tugadh aghaidh ar na cuspóirí, na critéir agus ar ábhar na hinniúlachta nua sin i dTeachtaireacht ar leith ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a glacadh ag an am céanna a glacadh an togra reachtach (6).

Is é cuspóir an togra ón gCoimisiún údarás a thabhairt d’fheidhm leanúnach na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hinfheistíocht a tugadh i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha, agus coinníollacha agus creat nós imeachta a bhunú le haghaidh chaibidlíocht agus thabhairt i gcrích comhaontuithe dá leithéidí ag na Ballstáit.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

Gnéithe Ginearálta

Tacaíonn an Chomhairle go hiomlán le forbairt creata comhbheartais maidir le hinfheistíocht lena dtugtar deis chothrom d’infheisteoirí uile an AE i dtríú tíortha agus d’infheisteoirí ó thríú tíortha san AE.

Má áirítear, go dtí seo, go bhfuil na comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a thugann na Ballstáit chun críche le tríú páirtithe ar an bpríomhfhoinse chosanta agus slándála dlíthiúla don infheisteoir Eorpach agus é thar lear, níor cheart go mbeadh tionchar diúltach ag an gcreat dlí nua ar an gcosaint a thugtar d’infheisteoirí ná ar na ráthaíochtaí a thugtar faoi na comhaontuithe atá ann cheana. Ó thaobh na Comhairle de, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar folús dlíthiúil a sheachaint agus comhaontuithe an AE a chur in ionad na gcomhaontuithe atá ag na Ballstáit cheana, agus cosaint agus cinnteacht dhlíthiúil á n-áirithiú d’infheisteoirí ar bhonn leanúnach ar an gcaoi sin.

Tugtar isteach na príomh-mhodhnuithe seo a leanas ar an togra ón gCoimisiún le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, atá mar thoradh ar chomhaontú polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus an Chomhairle:

Ábhar agus raon feidhme (Caibidil 1 - Airteagal 1)

Níor mhol an Pharlaimint aon leasú i ndáil leis an Airteagal seo; tugadh isteach roinnt modhnuithe, áfach. Tá beachtais áirithe i mír 1 le hais an téacs atá sa togra ón gCoimisiún, agus sonraítear ann freisin nach mbeidh tionchar ag an Rialachán ar roinnt na n-inniúlachtaí a bhunaítear leis an gConradh. Tá sainmhíniú ar an téarma “comhaontú déthaobhach infheistíochta” i mír 2 nua.

Comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta atá ann cheana a choimeád i bhfeidhm (Caibidil II - Airteagal 2-6)

In Airteagal 2, glacadh le leasuithe na Parlaiminte maidir le fógraí a thabhairt don Choimisiún. Tá roinnt modhnuithe teicniúla breise sa téacs freisin.

Tá coincheap na hionadaíochta atá fréamhaithe in Airteagal 3 (Coimeád i bhfeidhm) ríthábhachtach lena áirithiú go dtabharfar cosaint leanúnach d’infheisteoirí, agus cinnteacht dhlíthiúil á áirithiú dóibh ar an gcaoi sin. Níor mhol an Pharlaimint aon leasú i ndáil leis an Airteagal seo;

Rinneadh Airteagal 5 lena gcumhdaítear na measúnuithe a rinne an Coimisiún a mhodhnú go hiomlán. Cé nár ghlac an Chomhairle le cuid mhór den leasú ón bParlaimint, ghlac sí leis an smaoineamh a bhí ag an bParlaimint maidir le “constaic tromchúiseach” a chur sa téacs modhnuithe (atá i roinnt Airteagal eile freisin). Níor cheart, i dtuairim na Comhairle, go ndéanfaí comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a mheas mar “chonstaic thromchúiseach”, go díreach mar gurb ann dóibh.

Is é Airteagal 6, faoi dhualgais an chomhair – in éineacht le hAirteagal 3 agus Airteagal 5 – croílár an Rialacháin seo. Rinneadh a lán modhnuithe ar an téacs ón gCoimisiún chun go gcuirfí béim ar an tábhacht a bhaineann leis an dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún i ndáil le haon chonstaicí tromchúiseacha a réiteach agus comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta á gcaibidliú nó á dtabhairt chun críche idir an AE agus na tríú tíortha mar a d’aithin an Coimisiún. Ar aon dul le forálacha an Airteagail seo agus chun deireadh a chur leis na constaicí dá dtagraítear thuas féadfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí a léiriú nach mór don Bhallstát lena mbaineann déanamh. Ní fhéadfar na leasuithe ón bParlaimint a ghlacadh.

Údarú chun comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích (Caibidil III - Airteagal 7-11)

Glacadh i bpáirt na leasuithe ón bParlaimint maidir le hAirteagal 7 (Údarú chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a leasú nó a thabhairt i gcrích), Airteagal 8 (Fógra a thabhairt don Choimisiún), Airteagal 9 (Údarú chun caibidlíocht fhoirmiúil a chur ar bun) agus Airteagal 11 (Údarú chun comhaontú déthaobhach infheistíochta a shíniú agus a thabhairt i gcrích). I gcás Airteagal 10 (Rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcaibidlíocht) ní fhéadfar glacadh leis an leasú ón bParlaimint mar gur coimeádadh téacs an togra ón gCoimisiún.

Forálacha críochnaitheacha (Caibidil IV - Airteagail 12-17)

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú le linn na dteagmhálacha neamhfhoirmiúla leis an bParlaimint leanúint lena moladh Airteagal 12 nua a chur sa Rialachán, arb Airteagal é a bhaineann le comhaontuithe a bheidh sínithe ag na Ballstáit idir teacht i bhfeidhm an CFAE, i.e. 1 Nollaig 2009, agus teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé nár mhol an Pharlaimint aon leasú i ndáil leis an méid sin ina seasamh ar an gcéad léamh. Ar an gcaoi sin, léirigh an Chomhairle go dtugann sí aitheantas iomlán d’inniúlacht nua an AE i réimse na hinfheistíochta dírí coigríche. Cumhdaítear leis an Airteagal sin na nósanna imeachta nach mór leanúint (fógra ó na Ballstáit, meastóireacht agus údarú ón gCoimisiún) i gcás na gcomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta a luaitear thuas.

I gcás Airteagal 15 (Athbhreithniú), thángthas ar chomhréiteach faoi thráthúlacht na tuarascála maidir le feidhmiú an Rialacháin, i.e. seacht mbliana tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm, seachas na deich mbliana a mhol an Pharlaimint agus an Chomhairle agus na cúig bliana a mhol an Coimisiún i dtús báire.

I gcás Airteagal 16 (An nós imeachta Coiste), ghlac an Chomhairle le leasú na Parlaiminte inar iarradh nós imeachta comhairliúcháin a úsáid.

IV.   CONCLÚID

Léirítear leis an Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhaontú ar thángthas air le linn teagmhálacha neamhfhoirmiúla idir an Chomhairle agus an Pharlaimint, arna n-éascú ag an gCoimisiún. Agus an ceanglas lárnach maidir le cosaint agus cinnteacht dhlíthiúil á n-áirithiú d’infheisteoirí ar bhonn leanúnach, foráiltear freisin leis an téacs sin d’fheidhmiú éifeachtach inniúlacht nua eisiach an AE maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche. Dá bhrí sin, measann an Chomhairle go mbeidh an Pharlaimint in ann a seasamh ar an gcéad léamh a ghlacadh.


(1)  11953/10 WTO 252 FDI 12.

(2)  9726/11 CODEC 749 WTO 195 FDI 12 PE 206.

(3)  IO C 145, 30.6.2007, lch. 5.

(4)  10908/11 WTO 228 FDI 15 CODEC 950.

(5)  10892/12 WTO 216 FDI 17 CODEC 1557.

(6)  11952/10 WTO 251 FDI 11. Ar an mbonn sin, ghlac an Chomhairle conclúidí an 25 Deireadh Fómhair 2010 maidir le beartas cuimsitheach Eorpach i ndáil le hinfheistíocht idirnáisiúnta ( 14373/10).


DEARBHÚ Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN

Ní fasach é an Rialachán seo, lena n-áirítear aithris 17, aithris 18 agus aithris 19, lena bhforáiltear na nósanna imeachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid i gcás rialachán a bheidh ann amach anseo, lena gceadófar don Aontas cumhacht a thabhairt do na Ballstáit faoi Airteagal 2(1) CFAE reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí i réimse ina dtugtar inniúlacht eisiach don Aontas. Thairis sin, sa Rialachán seo, ní mheasfar go mbeidh fasach á leagan síos do na rialacháin a bheidh ann amach anseo lena mbunófar creat don chomhbheartas tráchtála, tríd an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid in ionad an nós imeachta scrúdúcháin.