ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CA2011.315.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

54
28 Deireadh Fómhair 2011


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2011/C /01

Treoir is infheidhme maidir leis na comórtais ghinearálta

1

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

19

(PL)

24

 

35

(DE/EN/FR)

37

(PL/RO)

60

 

68

 

76

(DE/EN/FR)

82

 

91

 

98

 

114

(DA)

121

(DA)

122

 

135

 

140

(BG/ET/HU/MT/PL/SL/SV)

142

 

146

 

147

(EN/IT/MT/SV)

155

(EN/ES/ET/FR/NL/PL/PT/SK/SL/SV)

156

 

157

 

162

 

169

(EN)

177

(DE/EN/FR)

180

(BG/RO)

181

(DA)

183

(SL)

185

 

193

(BG/RO)

198

(CS/HU/LT/MT/PL/SK)

206

(CS/ES/LV/MT/SV)

208

(DE/EN/FR)

221

 

222

(BG/RO)

223

 

229

 

257

 

258

 

270

 

271

 

278

(EN)

279

(FR)

281

(DA)

284

(DE)

285

(LT)

286

(NL)

292

(RO)

294

(DE/EN/FR)

303

(DE/EN/FR)

304

(DA/EN)

307

 

309

(DE/EN/FR)

312

(DE/EN/FR)

315

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 315 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

28.10.2011   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


TREOIR IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA COMÓRTAIS GHINEARÁLTA

(2011/C 315 A/01)

Is cuid dhílis an treoir seo den fhógra comórtais agus ní foláir do na hiarrthóirí é a léamh agus eolas fúithi a bheith acu.

CLÁR ÁBHAR

1.

RÉAMHRÁ

1.1.

CAD IS COMÓRTAS GINEARÁLTA ANN?

1.2.

CAD Í AN PHRÓIFÍL GHINEARÁLTA ATÁ AG TEASTÁIL?

2.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

2.1.

CLÁRÚCHÁN AR LÍNE

2.1.1.

Cuntas EPSO a chruthú

2.1.2.

Seiceáil go gcomhlíonann tú na coinníollacha clárúcháin agus iontrála

2.1.3.

Tú féin a chlárú ar líne

2.1.3.1.

Nós imeachta clárúcháin

2.1.3.2.

Bearta speisialta le haghaidh na dtrialacha agus na dtástálacha

2.1.4.

Iarrthóirí a chur as an áireamh de bharr an phróisis chlárúcháin

3.

CUMARSÁID

3.1.

CUMARSÁID Ó EPSO CHUIG NA hIARRTHÓIRÍ

3.2.

CUMARSÁID Ó NA hIARRTHÓIRÍ CHUIG EPSO

4.

TRIALACHA IONTRÁLA

4.1.

CAD IS TRIAIL IONTRÁLA ANN?

4.2.

CAD IAD CÉIMEANNA AN NÓS IMEACHTA?

5.

CÉIMEANNA AN CHOMÓRTAIS

5.1.

SCRÚDÚ NA nIARRATAS

5.2.

ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

5.3.

IONAD MEASÚNAITHE: MODHEOLAÍOCHT

5.4.

PAINÉAL

6.

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

6.1.

AN COMHAD IARRATAIS COMHLÁNAITHE A CHUR ISTEACH

6.1.1.

Cad is comhad comhlánaithe ann?

6.1.2.

Cathain nach mór an comhad a chur isteach?

6.1.3.

Conas comhad a chur isteach?

6.1.4.

Cé na doiciméid tacaíochta is gá a chur faoi iamh leis an gcomhad comhlánaithe?

6.1.4.1.

Cúrsaí ginearálta

6.1.4.2.

Doiciméid tacaíochta do na coinníollacha ginearálta

6.1.4.3.

Doiciméid tacaíochta do na coinníollacha sonracha

6.1.4.4.

Doiciméid tacaíochta chun eolas ar theangacha a chruthú (má iarrtar iad san fhógra comórtais)

6.2.

ROCHTAIN AR FHAISNÉIS

6.3.

IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ

6.4.

MODHANNA ACHOMHAIRC

6.5.

GEARÁN A DHÉANAMH LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

7.

EARCAÍOCHT

8.

POINTÍ ILGHNÉITHEACHA

1.   RÉAMHRÁ

1.1.   CAD IS COMÓRTAS GINEARÁLTA ANN?

Is trí chomórtais ghinearálta a roghnaíonn na hinstitiúidí Eorpacha a n-oifigigh don am atá le teacht. Is é atá i gceist leis na comórtais ghinearálta sraith scrúduithe ina dtéann na hiarrthóirí in iomaíocht le chéile. Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach (1) a chomhlíonann na critéir riachtanacha páirt a ghlacadh sna comórtais. Tugann an próiseas sin deis chothrom do na hiarrthóirí go léir a gcuid inniúlachtaí a thaispeáint agus áirithíonn sé go roghnófar iarrthóirí ar bhonn a mbuanna, agus prionsabal na córa comhionainne á urramú.

Cuirtear ainmneacha na n-iarrthóirí ar éirigh leo sa chomórtas ar phainéal óna n-earcaíonn na hinstitiúidí na daoine sin, bunaithe ar a riachtanais. Níl sé i gceist ar an ábhar sin post sonrach a sholáthar; níl i gceist ach painéal a chur le chéile óna n-earcófar daoine.

D'fhonn na hiarrthóirí is fearr a roghnú, ar bhonn na gcoinníollacha arna sainmhíniú san fhógra comórtais, ainmnítear bord roghnúcháin (2). Déanann an bord roghnúcháin measúnú comparáideach ar fheidhmíocht na n-iarrthóirí d'fhonn measúnú a dhéanamh ar a gcumas na dualgais atá sonraithe san fhógra a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ní amháin go gcaithfidh siad leibhéal eolas na n-iarrthóirí a mheas ach caithfidh siad freisin a bheith in ann na daoine is fearr inniúlacht a aithint ar bhonn a mbuanna.

Féadfar na comórtais a eagrú:

de réir timthriallta bliantúla, nó

de réir shainriachtanais na n-institiúidí.

1.2.   CAD Í AN PHRÓIFÍL GHINEARÁLTA ATÁ AG TEASTÁIL?

Tá ag teastáil ó na hinstitiúidí iarrthóirí tallannacha tionscantacha, a bhfuil ardcháilíochtaí acu sa réimse i gceist, agus a bhfuil na hinniúlachtaí seo thíos go háirithe acu:

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

An cumas príomhphointí ceisteanna casta a aimsiú agus réitigh atá cruthaitheach, soiléir agus cinnte a cheapadh

Cumarsáid

An cumas cumarsáid chruinn shoiléir a dhéanamh, ó bhéal agus i scríbhinn

Cáilíocht agus torthaí

An cumas freagrachtaí a ghlacadh agus a bheith tionscantach ar mhaithe le hobair d'ardchaighdeán a dhéanamh, laistigh de nósanna imeachta atá leagtha síos

Foghlaim agus forbairt

An cumas scileanna pearsanta agus eolas ar an eagraíocht agus ar an láthair oibre a fhorbairt agus a fheabhsú

Cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán

An cumas cúraimí a chur in ord tábhachtachta, oibriú go solúbtha, agus an t-ualach oibre a eagrú go héifeachtúil

Buanseasmhacht

An cumas a bheith éifeachtach, fiú amháin nuair atá ualach mór oibre ann, deacrachtaí eagraíochtúla a shárú ar bhealach dearfach agus a bheith i gcónaí in oiriúint don láthair oibre

Oibriú i bhfoireann

An cumas a bheith agat comhoibriú le garchomhghleacaithe agus le comhghleacaithe i seirbhísí eile, agus bheith tuisceanach do na difríochtaí idir daoine

Tá inniúlacht eile ag teastáil i gcás poist de chineál AD (riarthóir):

Cumas ceannaireachta

An cumas daoine a bhainistiú, a fhorbairt agus a spreagadh sa chaoi is go mbainfidh siad a gcuid spriocanna amach

2.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

Tá dhá chéim i gceist le hiarratas a chur isteach:

(1)

ar dtús, clárúchán ar líne;

(2)

ina dhiaidh sin, comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach. Mura sonraítear a mhalairt san fhógra comórtais, ní chaithfear an comhad sin a chur faoi bhráid EPSO ach ag céim níos faide amach sa phróiseas agus sin amháin má thugtar cuireadh duit, trí do chuntas EPSO, an comhad a sheoladh (féach pointe 6.1 thíos).

2.1   CLÁRÚCHÁN AR LÍNE

1.

Cruthaigh cuntas EPSO, mura bhfuil sé déanta cheana.

2.

Seiceáil go cúramach go gcomhlíonann tú coinníollacha clárúcháin agus iontrála an chomórtais.

3.

Déan na trialacha idirghníomhacha.

4.

Líon isteach an fhoirm iarratais ar líne.

5.

Dearbhaigh agus cuir isteach do chlárúchán ar líne roimh an spriocdháta.

2.1.1.   Cuntas EPSO (3) a chruthú

Agus tú ag clárú, iarrfar ort logáil isteach i do chuntas EPSO nó, mura bhfuil cuntas agat go fóill, iarrfar ort cuntas a chruthú trí na treoracha ar líne a leanúint. Chun é sin a dhéanamh, ní foláir seoladh bailí ríomhphoist bheith agat atá ag feidhmiú i gceart.

Is éard atá i gcuntas EPSO comhéadan leictreonach idir EPSO agus na hiarrthóirí. Tríd an gcuntas is féidir teagmháil a dhéanamh leis na hiarrthóirí agus a sonraí pearsanta a choimeád agus a thabhairt cothrom le dáta agus taifead a choinneáil ar a n-iarratais, agus sin a dhéanamh agus na sonraí á gcosaint.

Níl cead agat níos mó ná cuntas EPSO amháin a chruthú (féach freisin pointe 2.1.4 den treoir seo). Leanfaidh an t-aon chuntas amháin seo de bheith bailí do gach iarratas amach anseo.

2.1.2.   Seiceáil go gcomhlíonann tú na coinníollacha clárúcháin agus iontrála

Roimh gach clárúchán, ní foláir duit na nithe seo a leanas a chinntiú:

(1)

nach bhfuil an phróifíl atá tú ag iarraidh a chruthú ag teacht salach ar phróifílí eile. D'fhéadfadh sé, i gcás ina bhfoilseofaí comórtais a bhfuil próifílí éagsúla á lorg dóibh ag an am céanna, nach bhféadfaí ach aon phróifíl amháin a roghnú. Luaitear na cineálacha neamh-chomhoiriúnachta sin san fhógra comórtais;

(2)

go gcomhlíonann tú na coinníollacha iontrála go léir, idir choinníollacha sonracha agus choinníollacha ginearálta, rud a thugann le tuiscint nach foláir duit bheith eolach, ar an bhfógra comórtais agus ar an treoir seo, agus go nglacann tú le téarmaí an fhógra comórtais agus le téarmaí na treorach.

Cé nach bhfuil aon teorainn aoise sna fógraí comórtais, tabhair faoi deara an aois scoir atá leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear anseo feasta “Rialacháin na nOifigeach”. Tá na Rialacháin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO.

2.1.3.   Tú féin a chlárú ar líne

2.1.3.1.   Nós imeachta clárúcháin

Chun na críche sin, lean na treoracha a bhaineann leis na céimeanna éagsúla ar shuíomh gréasáin EPSO.

Iarrfar ort, chun críche cleachtaidh, roinnt trialacha idirghníomhacha a dhéanamh. Tabharfaidh na trialacha sin léargas duit ar an leibhéal is gá i dtrialacha iontrála an chomórtais i gceist.

Ní mór duit féachaint chuige go gcuirtear an clárúchán ar líne i gcrích roimh an spriocdháta. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí deireadh na tréimhse clárúcháin chun tú féin a chlárú mar go bhféadfadh sé, toisc trácht trom ar an idirlíon nó fabht a bheith sa nasc idirlín, go mbeadh ort an próiseas clárúcháin ar líne a thosú athuair, rud nach bhféadfar a dhéanamh tar éis an spriocdháta.

Thairis sin, i ngeall ar líon na sonraí atá le cur isteach, tabhair faoi deara go dtógann an nós imeachta féin roinnt ama. Baineann an fhaisnéis a iarrtar leis na nithe seo go háirithe:

do cháilíochtaí/oiliúint: an réimse staidéir, na tréimhsí staidéir, an leibhéal agus an dáta a fuarthas an cháilíocht nó na cáilíochtaí,

do thaithí oibre (má tá gá leis): ainm agus seoladh an fhostóra, na cineálacha cúraimí a bhí ort, dáta thús agus dheireadh na gcúraimí sin,

d'inspreagadh (sonraí le tabhairt),

d'eolas ar theangacha: iarrfar ort a shonrú, de réir an chomórtais i gceist, na teangacha de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh a bhfuil sáreolas agat orthu:

BG (Bulgáiris)

FI (Fionlainnis)

NL (Ollainnis)

CS (Seicis)

FR (Fraincis)

PL (Polainnis)

DA (Danmhairgis)

GA (Gaeilge)

PT (Portaingéilis)

DE (Gearmáinis)

HU (Ungáiris)

RO (Rómáinis)

EL (Gréigis)

IT (Iodáilis)

SK (Slóvaicis)

EN (Béarla)

LT (Liotuáinis)

SL (Slóivéinis)

ES (Spáinnis)

LV (Laitvis)

SV (Sualainnis)

ET (Eastóinis)

MT (Máltais)

 

I gcás sainchomórtas (comórtais atá bunaithe ar cháilíochtaí agus ar thrialacha), ní mór cluaisín breise a líonadh: scagthóir buanna. Is éard atá sa scagthóir buanna sraith ceisteanna sonracha maidir le do chuid taithí agus cáilíochtaí i réimse an chomórtais (féach 5.2 “Roghnú ar bhonn cáilíochtaí”).

Moltar go láidir duit an fhaisnéis sin go léir a bhailiú roimh dul i mbun an nós imeachta clárúcháin.

Tabhair faoi deara freisin a thábhachtaí atá sé an fhaisnéis a thabhairt go cruinn agus a cruinneas a fhíorú, mar go seiceáiltear í i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe atá san fhógra comórtais. Má thugtar faoi deara ag céim ar bith den nós imeachta go bhfuil na sonraí a tugadh san fhoirm iarratais bréagach nó nach gcruthaítear iad leis na doiciméid tacaíochta ábhartha (féach pointe 6.1.4 den treoir seo), déanfar tú a dhícháiliú ón gcomórtas.

Fad is nach bhfuil an clárúchán ar líne déanta agat, féadfaidh tú do chuid faisnéise a athrú.

Chomh luath is a bheidh do chlárúchán seiceáilte go mion agus curtha i gcrích agat, ní fhéadfar é a athrú a thuilleadh, ós rud é go bpróiseálfaidh EPSO láithreach na sonraí atá ann chun na comórtais sin a eagrú. Maidir le nuashonrú do shonraí phearsanta, féach pointe 2.1.1.

Ní foláir aon fhadhb theicniúil a chur in iúl chomh luath agus is féidir trí bhíthin na foirme teagmhála atá foilsithe ar shuíomh gréasáin EPSO.

2.1.3.2.   Bearta speisialta le haghaidh na dtrialacha agus na dtástálacha

(a)   Nuair atá tú i mbun clárúcháin

Má tá tú faoi mhíchumas éigin nó má tá imthosca speisialta i gceist a d'fhéadfadh deacrachtaí a chruthú le linn na dtástálacha, ní foláir duit tic a chur sa bhosca cuí ar an bhfoirm iarratais leictreonach agus na bearta is gá chun do rannpháirtíocht a éascú sna trialacha éagsúla agus sna tástálacha éagsúla a chur in iúl.

Chomh luath agus is féidir tar éis duit tú féin a chlárú, seol chuig EPSO an teastas dochtúra nó deimhniú ó chomhlacht inniúil a fhianaíonn do mhíchumas, de réir mar a bheidh, ar cheann de na slite seo:

trí ríomhphost: EPSO-accessibility@ec.europa.eu,

trí fhacs: +32-2 299 80 81 á lua “EPSO accessibility”,

tríd an bpost ag an seoladh thíos:

Office européen de sélection du personnel (EPSO)

“EPSO accessibility”

C-25

1049 Bruxelles

Belgique

ní foláir uimhir an chomórtais agus d'uimhir iarrthóra a lua.

Tar éis na doiciméid tacaíochta a scrúdú, féadfar bearta sonracha atá oiriúnaithe do gach cás a ghlacadh chun na riachtanais a mheastar a bheith réasúnach a shásamh, chomh fada agus is féidir.

(b)   Tar éis an chlárúcháin

Más ann do na himthosca atá tuairiscithe in 2.1.3.2 (a) tar éis an spriocdháta a socraíodh le haghaidh an chlárúcháin leictreonaigh, ní foláir duit é sin a chur in iúl do EPSO chomh luath agus is féidir. Luaigh i scríbhinn na bearta a mheasann tú a bheith riachtanach agus seol chugainn na doiciméid tacaíochta ábhartha tríd an ríomhphost, trí fhacs nó tríd an bpost (féach na sonraí atá in 2.1.3.2 (a)).

2.1.4.   Iarrthóirí a chur as an áireamh de bharr an phróisis chlárúcháin

Áirithíonn EPSO go gcomhlíontar prionsabal na córa comhionainne. Sin an fáth go ndícháilfear thú má thugann EPSO faoi deara ag céim ar bith den nós imeachta:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin,

gur chláraigh tú do chomórtais/do réimsí/do bhrainsí/do roghanna atá neamh-chomhoiriúnach,

gur thug tú dearbhuithe bréagacha.

Gearrfar pionós ort as gach calaois nó as gach iarracht ar chalaois. Tabhair faoi deara, dá bhrí sin, nach n-earcaíonn na hinstitiúidí ach daoine ionraice macánta.

3.   CUMARSÁID

D'fhonn a ráthú go mbeidh na téacsanna ginearálta agus na teachtaireachtaí a chuirfear chuig na hiarrthóirí nó a gheofar uathu soiléir intuigthe, is i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis a bheidh na cuirí chuig na trialacha agus gach comhfhreagras idir EPSO agus na hiarrthóirí.

3.1.   CUMARSÁID Ó EPSO CHUIG NA hIARRTHÓIRÍ

Is trí do chuntas EPSO, agus tríd sin amháin, a chuirfear chugat do thorthaí agus gach cuireadh.

Ba cheart duit dul chun cinn an chomórtais a leanúint agus an fhaisnéis a bhaineann leat a sheiceáil i do chuntas EPSO ar bhonn rialta, dhá uair sa tseachtain ar a laghad.

Mura féidir leat an fhaisnéis sin a sheiceáil, mar gheall ar fhadhb theicniúil a bhaineann le EPSO, is ortsa atá an fhreagracht an méid sin a chur in iúl do EPSO láithreach (féach pointe 3.2).

Is féidir faisnéis ghinearálta faoi chéimeanna na gcomórtas a fháil ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).

3.2.   CUMARSÁID Ó NA hIARRTHÓIRÍ CHUIG EPSO

Le haghaidh gach comhfhreagrais, ní mór duit dul i dteagmháil le EPSO trí bhíthin na foirme teagmhála atá foilsithe ar an suíomh gréasáin, tar éis duit a dheimhniú nach bhfuil an fhaisnéis atá uait san fhógra comórtais féin, sa doiciméad seo, ná ar shuíomh gréasáin EPSO, go háirithe sna “ceisteanna coitianta” (4).

D'fhonn neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a ráthú, tá dianchosc ar aon duine nach bhfuil ar an mbord roghnúcháin dul i dteagmháil le haon duine atá ina chomhalta den bhord sin. Is iad na hiarrthóirí a chloíonn leis na nósanna imeachta atá leagtha síos san fhógra comórtais, agus iad sin amháin, a fhéadfaidh dul i dteagmháil le Cathaoirleach an bhoird, i scríbhinn agus via EPSO, chun a gcás nó a gcearta a chur i bhfáth. Tá cosc ar iarrthóirí teagmháil dhíreach nó indíreach a dhéanamh nach gcloíonn leis an bpróiseas thuasluaite, agus féadfar aon duine a sháraíonn an riail sin a dhícháiliú. Is chuig ESPO, agus chuige amháin, nach mór gach comhfheagras don bhord roghnúcháin a sheoladh. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras sin ar aghaidh chuig an mbord.

Áirithíonn EPSO go gcuirtear i bhfeidhm prionsabail an chóid dea-chleachtais riaracháin (5), go háirithe a fhad a bhaineann le comhfheagras chuig na hiarrthóirí. Tá sé de cheart ag EPSO, áfach, de réir phrionsabal an chóid sin, deireadh a chur le gach comhfheagras má fhaigheann sé comhfhreagras ó na hiarrthóirí atá achainíoch, toisc é a bheith liodánach, tarcaisneach agus/nó gan baint a bheith aige le hábhar.

Maidir le gach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas a cuireadh isteach faoi ainm áirithe, ní foláir an t-ainm sin a lua, mar aon le huimhir an chomórtais agus an uimhir a tugadh don duine sin nuair a rinneadh an clárúchán ar líne.

4.   TRIALACHA IONTRÁLA

4.1.   CAD IS TRIAIL IONTRÁLA ANN?

I gcás na gcomórtas a dhéanann foráil dá leithéid, eagraíonn EPSO trialacha iontrála de réir na gcoinníollacha a leagtar amach san fhógra comórtais. Is éard atá sna trialacha sin ceisteanna ilroghnacha a dhéantar ar ríomhaire, in ionaid atá speisialaithe sa chineál seo trialach.

4.2.   CAD IAD CÉIMEANNA AN NÓS IMEACHTA?

Nuair atá na trialacha á n-eagrú, iarrfar ort, trí do chuntas EPSO, dáta a chur in áirithe laistigh de thréimhse a chuirfear in iúl duit sa chuireadh. Go hiondúil, déantar roinnt dátaí agus roinnt ionad a thairiscint duit.

Cuirfear chuig do chuntas EPSO liosta na n-ionad sin, ionaid ar chríocha an Aontais Eorpaigh (agus dá mba ghá é, i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach). D'fhéadfadh sé go mbeadh teorainn le dátaí áirithe in ionaid áirithe más rud é nach bhfuiltear ag súil le mórán iarrthóirí iontu.

Ag brath ar an gcomórtas ar chuir tú isteach air, d'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith sna trialacha iontrála:

triail réasúnaíochta briathartha: triail ina ndéanfar measúnú oibiachtúil ar do chumas réasúnaíochta agus ar do chumas eolas ó bhéal a thuiscint,

triail réasúnaíochta uimhriúla: triail ina ndéanfar measúnú oibiachtúil ar do chumas réasúnaíochta agus ar do chumas eolas uimhriúil a thuiscint,

triail réasúnaíochta teibí: scrúdú ina ndéanfar measúnú oibiachtúil ar do chumas an gaol atá idir coincheapa, nach coincheapa teanga, spásúla ná uimhriúla iad, a aithint agus a thuiscint,

triail nó trialacha sa réimse a roghnaigh tú,

triail nó trialacha teanga,

triail nó trialacha a bhaineann le saininniúlachtaí gairmiúla.

Le linn chéim na dtrialacha iontrála, féadfar an triail seo a leanas a reáchtáil chomh maith:

triail chun do bhreithiúnas suíomhúil a mheas: triail a dhéanann measúnú ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin agus tú ag obair. Tá cur síos i ngach ceist ar chás oibre a bhfuil ceithre aicsean ag gabháil leis. Ní mór duitse an t-aicsean is éifeachtaí AGUS an t-aicsean is lú éifeacht díobh sin a roghnú, de réir mar a oireann don chás i gceist.

D'fhonn taithí a thabhairt duit ar thriail a dhéanamh ar ríomhaire, cuirfear hipearnasc chuig clár teagaisc agus samhail de thriail faoi iamh leis an gcuireadh chugat.

Ceartóidh an ríomhaire na trialacha iontrála.

5.   CÉIMEANNA AN CHOMÓRTAIS

5.1.   SCRÚDÚ NA nIARRATAS

Scrúdú:

1.

ar inghlacthacht an iarratais;

2.

ar na coinníollacha ginearálta;

3.

ar na coinníollacha sonracha.

Seiceálann EPSO d'iarratas féachaint an bhfuil sé inghlactha, is é sin le rá ar cuireadh isteach faoin spriocdháta é agus an bhfuil sé de réir na rialacha mionsonraithe a sonraíodh san fhógra comórtais. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarratais a chomhlíonann na coinníollacha sin.

Má tá d'iarratas inghlactha, déanfar scrúdú ar na coinníollacha ginearálta agus sonracha, de réir rialacha mionsonraithe an fhógra comórtais, ar bhonn na faisnéise atá san fhoirm iarratais a cuireadh isteach ar líne, faisnéis a sheiceálfar níos déanaí sa phróiseas ar bhonn doiciméad tacaíochta.

Ní foláir na coinníollacha iontrála go léir, idir choinníollacha ginearálta agus choinníollacha sonracha, a chomhlíonadh faoin dáta nó faoi na dátaí atá leagtha síos san fhógra comórtais.

Ní chuirfear san áireamh ach na hiarratais a chomhlíonann na coinníollacha go léir atá leagtha síos san fhógra comórtais.

5.2.   ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

I gcás na gcomórtas a dhéantar ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha (na comórtais sainphróifílí) déanfaidh an bord roghnúcháin roghnú ar bhonn cáilíochtaí, as líon na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais, chun na hiarrthóirí sin a aithint a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha acu (go háirithe céimeanna agus taithí oibre) i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin a bhfuil tuairisc orthu san fhógra comórtais. Is ar bhonn na ndearbhuithe atá déanta ag na hiarrthóirí sa chluaisín “scagthóir buanna” san iarratas ar líne mar fhreagraí na ceisteanna sa chluaisín sin, agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin. Tá dhá chéim sa roghnú:

an chéad roghnú ar bhonn cáilíochtaí, déanfar é ar bhonn na bhfreagraí a fuarthas sa chluaisín “scagthóir buanna” san iarratas agus ar bhonn an ualaithe a ghabhann le gach ceann de na ceisteanna sin, agus ar an mbonn sin amháin. Beidh an t-ualú leagtha síos roimh ré ag an mbord roghnúcháin i bhfianaise na tábhachta a thugann siad do gach ceist. Ansin, rachaidh iarratais ar líne na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an méid is mó pointí ar aghaidh go dtí an dara céim sa phróiseas roghnúcháin. Leagfar síos san fhógra comórtais an líon iarratas a chuirfear san áireamh sa dara roghnú,

sa dara roghnú scrúdóidh an bord roghnúcháin freagraí na n-iarrthóirí agus tabharfaidh sé marc ó 0 go 4 do gach freagra. Ansin, iolrófar an marc sin faoin ualú atá ag gach ceist.

Ansin, aicmíonn an bord roghnúcháin na hiarrthóirí i bhfianaise na marcanna atá faighte acu sa dara roghnú. Ligfear ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas na hiarrthóirí a fuair na marcanna is fearr. Beidh a líon sin de réir an fhigiúir atá leagtha síos san fhógra comórtais.

5.3.   IONAD MEASÚNAITHE: MODHEOLAÍOCHT

Faoi na nósanna imeachta nua comórtais, baineann EPSO úsáid as múnla a nglaotar “Ionad Measúnaithe” air. Tá an múnla seo bunaithe ar inniúlachtaí. Roghnaigh na hinstitiúidí an múnla seo d'fhonn na hiarrthóirí is oiriúnaí agus is inniúla a aithint don phróifíl a iarrtar. Tar éis chéim na dtrialacha iontrála agus/nó an roghnúcháin ar bhonn cáilíochtaí (más ann dóibh), tugtar cuireadh do na hiarrthóirí roinnt trialacha a dhéanamh. Go hiondúil, is sa Bhruiséil a dhéantar na trialacha sin. Cé gur cuid dhílis de mhodheolaíocht an ionaid mheasúnaithe roinnt de na trialacha, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí ar ríomhaire iad i gcathracha eile. Sa chás sin, beidh na socruithe praiticiúla (dáta agus ionad a chur in áirithe) cosúil leis an nós imeachta a bhfuil cur síos air i bpointe 4.2 thuas.

San Ionad Measúnaithe, déanfar inniúlachtaí ginearálta na n-iarrthóirí (féach pointe 1.2), mar aon lena saininniúlachtaí (saininniúlachtaí a bhaineann le dualgais an phoist) a mheasúnú ar bhealaí a bheidh oiriúnach don chomórtas i gceist. Ag brath ar an gcomórtas, d'fhéadfadh na nithe seo thíos a bheith i gceist:

cás-staidéar: triail scríofa atá bunaithe ar chás-staidéar a bhaineann leis an AE, ina mbeidh fadhbanna éagsúla le réiteach agat nó freagairt le tabhairt orthu, ag bunú do chuid freagraí duit ar an eolas a chuirtear ar fáil, agus air sin amháin,

tascanna a bhaineann le saininniúlachtaí,

cur i láthair ó bhéal: triail aonair anailíse agus cur i láthair ina mbeidh ort réiteach a cheapadh ar fhadhb shamhailteach a bhaineann le cás ar leith san obair. Tar éis duit anailís a dhéanamh ar na doiciméid a thabharfar duit, caithfidh tú do chuid smaointe a mhíniú os comhair grúpa beag daoine,

agalla(i)mh struchtúrtha: tasc aonair arb é is aidhm leis eolas a fháil, ar bhealach struchtúrtha, ar do chuid inniúlachtaí ginearálta (do chuid saininniúlachtaí i gcás sainchomórtas), tasc ina bhfuil béim ar an taithí atá faighte agat san am atá caite,

gníomhaíocht i ngrúpa: tar éis duit do mhachnamh a dhéanamh ar roinnt eolais, buailfidh tú le rannpháirtithe eile chun bhur dtuairimí a phlé agus teacht ar chomhchinneadh,

inbhosca r-phoist: triail ar ríomhaire. Caithfidh tú freagra a thabhairt ar shraith ceisteanna. Beidh na doiciméid a mbeidh gá agat leo san inbhosca r-phoist mar aon le gach eolas is gá,

tástálacha teanga praiticiúla,

triail réasúnaíochta briathartha (6) (féach pointe 4.2),

triail réasúnaíochta uimhriúla (6) (féach pointe 4.2),

triail réasúnaíochta teibí (6) (féach pointe 4.2),

triail chun do bhreithiúnas suíomhúil a mheas (6) (féach pointe 4.2).

Beidh míniú mionsonraithe ar na nithe sin sa bhróisiúr “Ionad Measúnaithe” a thabharfar do na hiarrthóirí a gheobhaidh cuireadh páirt a ghlacadh sa chéim seo. Féach ar an bhfógra comórtais chun eolas a fháil ar na nithe a mbainfear úsáid astu i do chomórtas-sa.

5.4.   PAINÉAL

Ag deireadh an nós imeachta comórtais, cuirfidh an bord roghnúcháin painéal le chéile ar a mbeidh ainmneacha na ndaoine ar éirigh leo sa chomórtas. Cuirfear an painéal ar aghaidh ansin chuig na hinstitiúidí agus is iad siúd amháin a bheidh freagrach as an earcaíocht. Tabhair faoi deara go gcuirfear ar aghaidh chuig na hinstitiúidí doiciméad a nglaotar “taifead inniúlachtaí” air, doiciméad ina mbeidh na torthaí a fuair tú san Ionad Measúnaithe. Féadfaidh na hinstitiúidí an doiciméad sin a úsáid agus daoine á n-earcú agus féadfaidh siad é a úsáid chun críocha forbartha gairme.

Déanfar ainmneacha na n-iarrthóirí ar an bpainéal, maille le dáta éaga an phainéil, a fhoilsiú (7) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin EPSO. I gcásanna áirithe féadfar síneadh a chur le tréimhse bailíochta an phainéil. Is ar shuíomh gréasáin EPSO amháin a fhoilseofar an cinneadh maidir le síneadh.

6.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

6.1.   AN COMHAD IARRATAIS COMHLÁNAITHE A CHUR ISTEACH

6.1.1.   Cad is comhad comhlánaithe ann?

Is é atá ann comhad ina bhfuil cóip de d'fhoirm iarratais, agus í sínithe, mar aon le cóip de na doiciméid tacaíochta ar fad is gá.

6.1.2.   Cathain nach mór an comhad a chur isteach?

Más rud é nach sonraítear san fhógra comórtais go gcaithfear an comhad a sheoladh tráth an chlárúcháin ar líne, iarrfar go sonrach ar na hiarrthóirí a bhfuil cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe faighte acu a gcomhad comhlánaithe a thabhairt leo lá na dtrialacha. Ní thabharfaidh ESPO aird ar chomhaid a sheolfar isteach gan iarraidh, ná ní chuirfidh sé ar ais chuig an seoltóir iad. I gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le cosaint sonraí, scriosfar na comhaid sin.

6.1.3.   Conas comhad a chur isteach?

1.

Priontáil, ó do chuntas EPSO, an fhoirm iarratais a bhailíochtaigh tú ar líne.

2.

Cuir do shíniú sa bhosca atá ann chuige sin.

3.

Cuir faoi iamh na doiciméid tacaíochta go léir a iarrtar ort (féach 6.1.4) agus iad uimhrithe agat roimh ré.

4.

Cuir faoi iamh innéacs uimhrithe de na doiciméid tacaíochta go léir a ghabhann le do chomhad.

5.

Cuir isteach do chomhad de réir na rialacha mionsonraithe a thugtar sa chuireadh nó san fhógra comórtais.

6.1.4.   Cé na doiciméid tacaíochta is gá a chur faoi iamh leis an gcomhad comhlánaithe?

6.1.4.1.   Cúrsaí ginearálta

Ná cuirtear bundoiciméid chuig EPSO. Ní gá a chur faoi iamh ach cóipeanna neamhdheimhnithe de na doiciméid is gá. Ní ghlacfar le tagairtí do shuíomhanna gréasáin mar dhoiciméid. Ní ghlacfar le leathanaigh ghréasáin priontáilte mar dheimhnithe, ach féadfar iad a chur faoi iamh mar fhaisnéis bhreise ag gabháil leis na doiciméid tacaíochta agus mar fhaisnéis bhreise amháin.

Agus d'iarratas á chomhlánú agat, ní féidir leat tagairt a dhéanamh d'fhoirmeacha iarratais nó do dhoiciméid a bhí faoi iamh le hiarratas a cuireadh isteach roimhe seo. Ní sheolfar aon cheann de na doiciméid a bhaineann le hiarratais eile ar ais chugat.

Maidir leis na daoine a ainmnítear ar an bpainéal agus a dtairgtear post dóibh, tabhair faoi deara sular féidir iad a earcú nach foláir dóibh, chun críocha deimhnithe, cóipeanna bunaidh de na doiciméid go léir a iarrtar, go háirithe a gcáilíochtaí, a sholáthar.

6.1.4.2.   Doiciméid tacaíochta do na coinníollacha ginearálta

Chun a chruthú:

go bhfuil an tsaoránacht is gá agat:

cuir faoi iamh cóip de dhoiciméad a chruthaíonn do shaoránacht, e.g. pas, cárta aitheantais nó aon doiciméad oifigiúil eile ina luaitear go sonrach do shaoránacht; ní mór é a bheith fós i bhfeidhm ag an spriocdháta don chlárú ar líne.

Ní iarrtar doiciméad ar bith ag an bpointe seo chun a chruthú:

go bhfuil tú i dteideal do láncheart mar shaoránach,

go bhfuil aon oibleagáid a cheanglaíonn an dlí ort i dtaca le seirbhís mhíleata comhalta agat,

go bhfuil na riachtanais charachtair agat a theastaíonn chun na dualgais i gceist a chomhlíonadh.

Is trí bhíthin do shíniú ar an bhfoirm iarratais a dhearbhaíonn tú ar d'onóir go gcomhlíonann tú na coinníollacha sin. Tá sé éigeantach, dá bhrí sin, an fhoirm iarratais a shíniú.

6.1.4.3.   Doiciméid tacaíochta do na coinníollacha sonracha

Ba cheart duit an fhaisnéis agus na doiciméid go léir a sholáthar don bhord roghnúcháin chun go bhféadfaidh an bord a sheiceáil go gcomhlíonann tú na coinníollacha atá leagtha síos san fhógra comórtais agus faoin dáta atá socraithe san fhógra sin.

1.

Cáilíocht agus/nó deimhnithe a fhianaíonn gur éirigh leat i do chuid staidéir. I gcás cáilíochtaí tríú leibhéal, moltar duit faisnéis atá chomh mionsonraithe agus is féidir a chur faoi iamh, go háirithe maidir leis na hábhair a rinne tú agus fad na tréimhse staidéir sin, ionas go mbeidh an bord roghnúcháin in ann ábharthacht do cháilíochta i ndáil leis na dualgais a mheas. Má fuair tú oiliúint theicniúil nó ghairmiúil, nó má rinne tú cúrsa oiliúna breise nó cúrsa speisialtóireachta, ní foláir duit a léiriú cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó cúrsa oíche a bhí ann, chomh maith leis na hábhair a rinne tú agus fad oifigiúil na gcúrsaí sin.

Déanfaidh an bord roghnúcháin na difríochtaí idir córais oideachais a chur san áireamh. Ar shuíomh gréasáin EPSO tá samplaí de na cáilíochtaí íosta a iarrtar de réir catagóire. D'fhéadfaí ceanglais níos déine a fhorchur sna fógraí comórtais.

2.

Taithí oibre (má iarrtar í san fhógra comórtais)

Tá sé tábhachtach go sonraíonn tú na cineálacha cúraimí a bhí ort a mhéad is féidir ionas go bhféadfaidh an bord roghnúcháin ábharthacht do thaithí i ndáil leis na dualgais a mheas. Ní mór na doiciméid tacaíochta seo a leanas a sholáthar le haghaidh gach tréimhse oibre:

deimhnithe ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha a thaispeánann go bhfuil agat an taithí oibre a éilítear don chomórtas; ní mór a lua sna dearbhuithe sin cineál na gcúraimí a bhí ort, túsdáta agus dáta deiridh na gcúraimí, agus a leibhéal,

mura féidir leat deimhnithe fostóirí a chur faoi iamh, féadfar fótachóipeanna den chonradh oibre nó de na conarthaí oibre chomh maith leis an gcéad duillín pá agus an duillín pá deiridh a chur in ionad na ndeimhnithe sin agus tuairisc mhionsonraithe ar na cúraimí a bhí ort a chur ina dteannta,

maidir le taithí oibre gan tuarastal (féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha etc.), féadfar glacadh le sonraisc nó le foirmeacha ordaithe ina sonraítear na cúraimí a bhí ort, nó le haon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile atá ábhartha,

i gcás na gcomórtas le haghaidh ateangairí comhdhála, ina bhfuil taithí oibre riachtanach, ní chuirfear san áireamh ach na doiciméid lena gcruthaítear go mbaineann an taithí go sonrach le hateangaireacht chomhdhála agus lena sonraítear go soiléir an méid laethanta oibre a bhí i gceist agus na teangacha a ndéantar ateangaireacht uathu agus isteach iontu.

6.1.4.4.   Doiciméid tacaíochta chun eolas ar theangacha a chruthú (má iarrtar iad san fhógra comórtais)

De ghnáth, ní iarrtar aon doiciméad tacaíochta don choinníoll seo, ach amháin i gcás comórtas áirithe le haghaidh teangeolaithe (féach an fógra comórtais). I gcás na gcomórtas sin agus i gcomhréir leis an bhfógra comórtais, ní foláir an t-eolas ar na teangacha a iarrtar a chruthú le cáilíocht, nó le nóta (ar bhileog ar leith), á mhíniú conas a fuair tú d'eolas ar na teangacha sin.

6.2.   ROCHTAIN AR FHAISNÉIS

Faoi na nósanna imeachta comórtais aithnítear go bhfuil ceart sonrach ag iarrthóirí, de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos, rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leo go díreach agus go leithleach.

Sa chomhthéacs sin, seo thíos an fhaisnéis a chuirfear chugat i ngach cás:

(1)   Céim na dtrialacha iontrála ar ríomhaire

Do thorthaí sna trialacha. Ní fheicfear sna torthaí sin na ceisteanna ná na freagraí orthu, ní fheicfear ach na tagairtí do na freagraí a roghnaigh tú chomh maith leis na tagairtí do na freagraí cearta.

(2)   Céim an Ionaid Mheasúnaithe

Ach amháin más rud é nár chríochnaigh tú na tástálacha, na marcanna go léir a ghnóthaigh tú de réir inniúlachta a ndearnadh measúnú uirthi (inniúlachtaí sonracha sa réimse a roghnaigh tú agus inniúlachtaí ginearálta) chomh maith le do thaifead inniúlachtaí.

6.3.   IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ

Féadfaidh tú iarraidh ar athbhreithniú a chur isteach sna cásanna seo a leanas:

más rud é nár chloígh EPSO leis na forálacha lena rialaítear an nós imeachta comórtais,

más rud é nár chloígh an bord roghnúcháin leis na forálacha lena rialaítear a chuid oibre.

Tabhair faoi deara go bhfuil lánrogha ag an mbord roghnúcháin agus cinneadh á dhéanamh aige cé acu ceart nó mícheart atá do chuid freagraí. Dá bhrí sin, ach amháin más rud é gur léir go ndearnadh earráid dlí nó earráid fíorais, ní fiú do mharcanna a chonspóid.

Cuirfidh EPSO do litir ar aghaidh chuig cathaoirleach an bhoird roghnúcháin más de chúram an bhoird é agus cuirfear freagra chugat a luaithe is féidir.

Coinníollacha

Ní foláir duit d'iarraidh a chur isteach, agus na cúiseanna is údar leis á lua agat, laistigh de 10 lá féilire ón dáta a chuir EPSO an litir ar líne chugat:

ar líne, trí bhíthin na foirme teagmhála atá foilsithe ar shuíomh gréasáin EPSO,

nó trí fhacs ag an uimhir seo: +32-2 295 74 88.

Bíodh mar ábhar na litreach:

uimhir an chomórtais,

d'uimhir iarrthóra,

an frása “Demande de réexamen”, “Request for review”, “Antrag auf Überprüfung” (roghnaigh ceann acu),

an chéim (8) den chomórtas i gceist (mar shampla, trialacha iontrála, níor glacadh le d'iarratas, an t-ionad measúnaithe).

6.4.   MODHANNA ACHOMHAIRC

Ag céim ar bith den chomórtas, má mheasann tú nár ghníomhaigh EPSO ná an bord roghnúcháin ar bhealach cothrom ná nár chloígh siad:

leis na forálacha ginearálta lena rialaítear an nós imeachta comórtais, nó

le forálacha an fhógra comórtais,

agus go bhfuil tú thíos leis i ngeall air, féadfaidh tú dul ar iontaoibh na modhanna seo a leanas:

is féidir leat gearán riaracháin a dhéanamh faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh,

tríd an bpost chuig an seoladh thíos:

Office européen de sélection du personnel (EPSO)

Concours général EPSO/(uimhir an chomórtais)

C-25

1049 Bruxelles

Belgique

nó tríd an leathanach teagmhála ar shuíomh gréasáin EPSO.

Bíodh mar ábhar na litreach:

uimhir an chomórtais,

d'uimhir iarrthóra,

an frása “Réclamation article 90, §2”, “Complaint under Article 90(2)”, “Beschwerde Artikel 90, Absatz 2” (roghnaigh ceann acu),

an chéim (8) den chomórtas atá i gceist.

Tabhair faoi deara nach bhféadfaidh stiúrthóir EPSO cinntí an bhoird roghnúcháin a chur ar neamhní ná a athrú ar bhonn gearáin riaracháin. Dá bhrí sin, fiú amháin má thugann na rialacha an fhéidearthacht sin do na hiarrthóirí, ní fiú gearán a dhéanamh i gcoinne chinneadh de chuid an bhoird roghnúcháin. (9)

Is féidir cinntí an bhoird roghnúcháin a chonspóid go díreach i gCúirteanna an Aontais Eorpaigh agus ní gá sa chás sin gearán a bheith déanta roimh ré faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne.

Is féidir achomharc breithiúnach a dhéanamh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:

Tribunal de la fonction publique de l'Union européenne (An Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh)

Boulevard Konrad Adenauer

2925 Luxembourg

Luxembourg

Tabhair do d'aire nach nglacfar le hachomhairc chuig an mBinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh ar achomhairc iad a bhaineann le hiomrall breithiúnais i ndáil leis na coinníollacha iontrála ginearálta, rudaí nach de chúram an bhoird roghnúcháin iad, ach amháin más rud é go ndearnadh gearán riaracháin roimh ré faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne de réir na rialacha mionsonraithe a thuairiscítear faoin bpointe seo.

Le haghaidh na rialacha mionsonraithe chun achomhairc bhreithiúnacha a thionscnamh, téigh go dtí suíomh gréasáin Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh: http://curia.europa.eu/jcms/jcms/T5_5230

Na teorainneacha ama chun an dá chineál nós imeachta sin a thionscnamh (féach na Rialacháin Foirne mar atá arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 ón gComhairle (10) — http://eur-lex.europa.eu), cuirfear tús leo tráth a chuirfear in iúl an gníomh a bhfuil sé curtha síos dó go ndéanann sé dochar do do leasanna.

6.5.   GEARÁN A DHÉANAMH LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH

Fearacht shaoránaigh uile an Aontais, féadfaidh tú gearán a chur faoi bhráid:

Médiateur européen (An tOmbudsman Eorpach)

1 avenue du Président Robert Schuman —

CS 30403

67001 Strasbourg Cedex

France

http://www.ombudsman.europa.eu/media/fr/default.htm

Tabhair faoi deara nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag gearán chuig an Ombudsman ar an tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 90(2) agus Airteagal 91 faoi seach de na Rialacháin Foirne chun gearán a dhéanamh nó chun achomharc a dhéanamh os comhair an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tabhair faoi deara freisin nach foláir duit, faoi Airteagal 2(4) de na coinníollacha ginearálta a rialaíonn feidhmiú dhualgais an Ombudsman, nósanna imeachta cuí riaracháin na gcomhlachtaí lena mbaineann a chomhlíonadh sula gcuirfidh tú aon ghearán faoi bhráid an Ombudsman.

7.   EARCAÍOCHT

Má tá d'ainm ar an bpainéal, féadfaidh institiúid cuireadh chun agallaimh a thabhairt duit, ach ní ionann sin agus tú a bheith i dteideal post a fháil in institiúid ná ní ionann é agus ráthú ar phost in institiúid.

Déanfar an earcaíocht, i gcomhréir leis na forálacha reachtacha, de réir riachtanais na seirbhísí agus de réir a n-acmhainní buiséadacha. Déanfar an earcaíocht ag an ngrád atá luaite san fhógra comórtais.

Ag brath ar chineál na fostaíochta, féadfar conradh sealadach a thairiscint duit ar dtús má tá tú ar an bpainéal; sa chás sin coimeádfar d'ainm ar an bpainéal.

De réir na Rialachán Foirne, beidh an deis ag oifigeach, tráth ar bith le linn a ghairmréime, aistriú a iarraidh chuig institiúid nó chuig gníomhaireacht eile. Tabhair faoi deara áfach, chun leas na seirbhíse, nach féidir le hoifigigh nua-earcaithe aistriú i rith na chéad trí bliana seirbhíse ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil call cuí leo. Tá gach aistriú faoi réir aontú ón institiúid nó ón ngníomhaireacht a d'earcaigh an t-oifigeach i dtosach agus ón institiúid nó ón ngníomhaireacht a fuair an t-iarraidh ar aistriú.

8.   POINTÍ ILGHNÉITHEACHA

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir leis na nithe seo a leanas a fháil ar shuíomh gréasáin EPSO:

aisíocaíocht chostais taistil na n-iarrthóirí,

comhdheiseanna,

cosaint sonraí,

pá agus sochair slándála sóisialta.


(1)  Faoi réir aon mhaolú arna dhéanamh de bhun Airteagal 28(a) de na Rialacha Foirne agus aon bheart sonrach arna ghlacadh d'fhonn náisiúnaigh de chuid thíortha an Aontais a earcú.

(2)  Foilsítear ainmneacha chomhaltaí an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu).

(3)  Tugtar an téarma seo i dtrí theanga ar shuíomh gréasáin EPSO:

 

DE (Gearmáinis): EPSO-Konto;

 

EN (Béarla): EPSO account;

 

FR (Fraincis): Compte EPSO.

(4)  Le fáil faoin teideal “CC-anna (FAQ)” ar shuíomh gréasáin EPSO.

(5)  IO L 267, 20.10.2000, lch. 63.

(6)  Mura ndearnadh iad le linn chéim na dtrialacha iontrála, nuair is ábhartha.

(7)  Má iarrann duine ar éirigh leis sa chomórtas é, ní fhoilseofar a ainm. Ní mór an t-iarratas sin a chur chuig ESPO dhá sheachtain, ar a dhéanaí, tar éis an dáta a fhaigheann an t-iarrthóir na torthaí ina chuntas EPSO.

(8)  Caithfear na tagairtí seo a bheith in DE/EN/FR amháin.

(9)  Cás 34/80 Authié in aghaidh an Choimisiúin, breithiúnas an 26 Feabhra 1981, ECR 1981 lch. 665, mír 7; cásanna 4/78, 19/78 agus 28/78 Salerno et al. in aghaidh an Choimisiúin, breithiúnas an 30 Samhain 1978, ECR 1978 lch. 2403.

(10)  IO L 124, 27.4.2004, lch. 1.