ISSN 1725-2458

doi:10.3000/17252458.C_2011.175.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

54
15 Meitheamh 2011


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2011/C /01

Conclúidí na Comhairle maidir leis an méid a chuireann an cultúr le cur chun feidhme na straitéise Eoraip 2020

1

2011/C /02

Conclúidí na Comhairle maidir le seirbhísí faisnéise um shoghluaisteacht le haghaidh ealaíontóirí agus le haghaidh proifisiúnach cultúir

5

2011/C /03

Conclúidí na Comhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: ag soláthar an túis is fearr don saol atá rompu dár leanaí uile

8

 


 

(1)   Faoin tagairt C 175 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

15.6.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


Conclúidí na Comhairle maidir leis an méid a chuireann an cultúr le cur chun feidhme na straitéise Eoraip 2020

2011/C 175/01

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

AG FÉACHAINT:

do ghlacadh “Eoraip 2020”, straitéis do phoist agus d’fhás atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ag an gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 (1);

don chúlra polaitiúil mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na conclúidí seo;

AG MEABHRÚ DI NA NITHE SEO A LEANAS:

Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2010 ar threoirlínte ginearálta do bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais (2) lena gcuirtear béim i dTreoirlíne 4 ar ardchumas eacnamaíoch thionscal an chultúir agus thionscal na cruthaitheachta (CCIanna) agus ar a ról i gcothú na nuálaíochta;

Conclúidí na Comhairle maidir leis an tairbhe fhrithpháirteach a bhainfidh le Clár Oibre Digiteach don Eoraip agus Aontas na Nuálaíochta (3) — tionscnaimh shuaitheanta Eoraip 2020 — lena gcuirtear béim ar thábhacht an ábhair chultúir agus chruthaithigh ar líne agus ar an ngá atá ann athneartú a dhéanamh ar “dhigitiú agus scaipeadh oidhreacht cultúrtha na hEorpa, lena n-áirítear trí ‘Europeana’, an tionscadail leabharlainne digití”;

Conclúidí na Comhairle maidir le hAontas na Nuálaíochta, tionscnamh suaitheanta de chuid Eoraip 2020: Luas chlaochlú na hEorpa a ghéarú trí ról atá ag athrú go tapa (4) lena n-aithnítear gur foinse tábhachtach nuálaíochta teicneolaíche agus neamh-theichneolaíche iad earnáil an chultúir agus earnáil na cruthaitheachta agus gur gá iomlán an chumais sin a chur ar fáil;

Doiciméad Oibre Inmheánach an Choimisiúin “Anailís ar an gcomhairliúchán a seoladh leis an bPáipéar Glas maidir le ‘Cumas tionscal an chultúir agus tionscal na cruthaitheachta a chur ar fáil’ ” (5) lena léirítear gur iarr tromlach mór na bhfreagraithe go mbeadh ról tábhachtach ag CCIanna i gcur chun feidhme na stráitéise Eoraip 2020 agus i gcur chun feidhme na tionscnaimh shuaitheanta a ghabhann leis an straitéis sin;

AG FÁILTIÚ:

roimh na treoirlínte comhtháite maidir le cur chun feidhme na straitéise Eoraip 2020 agus na tionscnaimh shuaitheanta a ghabhann léi;

DE BHARR AN MÉID SEO A LEANAS:

féadfar leis an gcultúr cur go mór ar mhórán bealaí leis na bearta a mholtar sna treoirlínte comhtháite agus sna tionscnaimh shuaitheanta a ghabhann le Eoraip 2020 a bhfuil sé de chuspóir acu geilleagar atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a dhéanamh den AE;

chun go bhféadfar an méid sin a dhéanamh, aithnítear sé réimse tosaíochta don chomhar athneartaithe i bPlean Oibre na Comhairle maidir leis an gCultúr 2011-2014 (6);

is práinneach agus ríthábhachtach an comhar idir na hearnálacha ábhartha uile agus cur chuige spriocdhírithe ag gach leibhéal beartais chun an méid sin a chur i gcrích;

tá sé tábhachtach go mbeidh struchtúir rialachais na straitéise Eoraip 2020 in ann glacadh le hionchur ó earnáil an chultúir agus ó earnáil na cruthaitheachta;

AG CUR BÉIME:

1.   Ar an méid a chuireann an cultúr le fás cliste

Is mórfhoinse do chumas fostaíochta iad na CCIanna. Le deich mbliana anuas d’ardaigh an fhostaíocht iomlán sna CCIanna trí huaire i gcomparáid le fás na fostaíochta i ngeilleagar an AE ina iomláine (7). Is spreagthaigh iad don chruthaitheacht agus don nuálaíocht neamh-teicneolaíoch ar fud an gheilleagair freisin, lena gcuirtear seirbhisí agus earraí iomaíocha d’ardchaighdeán ar fáil. Ar deireadh, trí na naisc ábhartha a dhéanamh leis an gcóras oideachais, féadfar, leis an gcultúr, cur go héifeachtach le hoiliúint fórsa oibre a bheidh oilte agus inoiriúnaithe, agus comhlánófar, mar sin, an feidhmiú eacnamaíoch.

2.   Ar an méid a chuireann an cultúr le fás inbhuanaithe

Féadfar cur le fás inbhuanaithe leis an gcultúr trí shoghluaisteacht níos glaise a chothú agus trí theicneolaíochtaí ceannródaíocha inbhuanaithe a úsáid, digitiú lena gcinntítear go mbeidh ábhar cultúrtha ar fáil ar líne san áireamh. Féadfaidh ealaíontóirí agus earnáil an chultúir go ginearálta ról ríthábhachtach a bheith acu maidir le dearcaí an phobail i ndáil leis an gcomhshaol a athrú.

3.   Ar an méid a chuireann an cultúr le fás cuimsitheach

Féadfar le cultúr cur le fás cuimsitheach trí idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn agus urraim iomlán á tabhairt don éagsúlacht chultúrtha. Le gníomhaíochtaí cultúrtha agus le cláir chultúrtha, féadfar an comhtháthú sóisialta agus an fhorbairt pobail a neartú agus féadfar cur ar chumas daoine aonair nó pobail páirt iomlán a ghlacadh sa saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT:

nádúr leathan an chultúir a chur san áireamh agus beartais ábhartha agus cláir oibre náisiúnta athchóirithe á gceapadh acu maidir le spriocanna na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach agus iarrann sí orthu na dea-chleachtais i ndáil leis na huirlisí agus leis na modheolaíochtaí a roinnt chun an méid a chuireann an cultúr leis na spriocanna sin a thomhas;

na sineirgí a neartú agus comhpháirtíochtaí a chur chun cinn idir institiúidí oideachais, cultúir agus taighde agus an earnáil ghnó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus aird ar leith á díriú ar bhuanna a chothú mar aon leis na scileanna agus na hinniúlachtaí atá riachtanach do ghníomhaíochtaí cruthaitheacha;

úsáid a bhaint as uirlisí airgeadais an AE — go háirithe na Cistí Struchtúrtha — chun aitheantas a thabhairt do chumas an chultúir agus na CCIanna mar spreagthaigh d’fhorbairt i réigiúin agus i gcathracha agus, i gcás inarb iomchuí, iad a chomhtháthú i straitéisí cliste speisialtóireachta (8);

teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus glas a spreagadh i bpróiseas táirgeachta agus i bpróiseas dáilte earraí agus seirbhisí cultúrtha chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus d’earnáil an chultúir maidir le feasacht na saincheisteanna ar fhorbairt inbhuanaithe a spreagadh trí inter alia gníomhaíochtaí oideachais neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil;

ról na hoidhreachta cultúrtha inbhraite agus dobhraite a fhiosrú i ndáil le forbairt pobail agus i ndáil le saoránacht ghníomhach a chur chun cinn, agus an méid sin a chur san áireamh nuair a bheidh straitéisí ábhartha áitiúla agus réigiúnacha á ndréachtú;

freagairt do na riachtanais oiliúna agus do na tosaíochtaí maidir le neartú acmhainne atá ag na hinstitiúidí speisialaithe agus ag na daoine gairmiúla a chuireann an obair soch-chultúrtha i gcrích;

na riachtanais forbartha acmhainne in eagraíochtaí poiblí cultúrtha a mheas chun go mbeifear in ann seirbhisí oiriúnacha a sheachadadh leo, agus aird ar leith á díriú ar a bhfeidhmeanna soch-chultúrtha;

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN:

a mheas, gan dochar don idirbheartaíocht maidir leis an gcreat nua airgeadais ilbhliantúil atá ag teacht, mar a bhféadfar, lena mholtaí maidir le beartas an AE sa todhchaí agus maidir le hionstraimí airgeadais, an méid a chuireann an cultúr le spriocanna na straitéise Eoraip 2020 a áireamh go hiomlán;

an comhar idir seirbhisí ábhartha uile an Choimisiúin a shaothrú chun béim a chur ar ról an chultúir i gcur chun feidhme na straitéise Eoraip 2020 agus chun a áirithiú go léireofar an méid sin i mbeartais ábhartha, i dtreoirlínte agus i socruithe rialachais;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH:

an creat staidrimh atá á fhorbairt ag an gcultúr ESSnet a úsáid d’fhonn faisnéis iontaofa, inchomparáide a bheidh chun dáta a chur ar fáil ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch an chultúir agus na hoibre ar thosaíochtaí amach anseo ar bhonn na moltaí a eiseofar leis an gcultúr ESSnet;

tógáil ar na torthaí atá i nDoiciméad Oibre Inmheánach an Choimisiúin dá dtagraítear thuas agus an deis a thugtar le Comhaontas Eorpach na dTionscal Cruthaitheach a thapú d’fhonn na CCIanna a neartú, go háirithe FBManna agus micreaghnóthais, agus bealaí nua a fhiosrú chun cur lena n-acmhainn nuálaíochta féin mar aon lena n-acmhainn nuálaíocht a spreagadh in earnálacha eile;

digitiú agus rochtain ar an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn chomh maith le hábhar comhaimseartha cultúrtha, lena n-áirítear saothair chlosamhairc, go háirithe trí Europeana, agus an éagsúlacht chultúrtha agus an t-ilteangachas á gcur chun cinn agus á gcaomhnú ar an dóigh sin, agus urraim iomlán á tabhairt do chóipcheart agus do chearta gaolmhara;

turasóireacht inbhuanaithe chultúrtha a chur chun cinn mar spreagthach d’fhorbairt chomhtháthaithe agus eacnamaíoch;

fiosrú a dhéanamh ar an mbealach ina bhféadfaí an chomhpháirt láidir chultúrtha i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a neartú chun cur le forbairt na n-inniúlachtaí lárnacha (9) d’fhonn cur le ceapadh beartas sa réimse sin.


(1)  EUCO 13/1/10 REV 1.

(2)  IO L 191, 23.7.2010, lch. 28.

(3)  16834/10.

(4)  17165/10.

(5)  8224/11 — SEC(2011) 399 críochnaitheach.

(6)  IO C 325, 2.12.2010, lch. 1.

(7)  Tuarascáil um Iomaíochas san Eoraip 2010, SEC(2010) 1276 críochnaitheach.

(8)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2010 maidir le “Beartas Réigiúnach a chuireann le Fás Cliste in Eoraip 2020” — COM(2010) 553 críochnaitheach.

(9)  Sainmhínítear inniúlachtaí lárnacha i Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 ar inniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO L 394, 30.12.2006, lch. 10).


IARSCRÍBHINN

Agus na conclúidí seo á nglacadh aici, meabhraíonn an Chomhairle di an cúlra seo a leanas:

Rún na Comhairle an 16 Samhain 2007 maidir le Clár Oibre Eorpach don Chultúr (1);

Tuarascáil ón “Comité des Sages”: “An Renaissance Nua” (2);

Conclúidí na Comhairle maidir leis an gCultúr mar Chatalaíoch don Chruthaitheacht agus don Nuálaíocht (12 Bealtaine 2009) (3);

Conclúidí na Comhairle an 27 Samhain 2009 maidir le Glúin Chruthaitheach a chur chun cinn: an acmhainn chruthaitheachta agus an acmhainn nuálaíochta a fhorbairt i bpáistí agus i ndaoine óga trí léiriú cultúrtha agus trí rochtain ar an gcultúr (4);

Conclúidí na Comhairle an 10 Bealtaine 2010 maidir leis an méid a chuireann an cultúr le forbairt áitiúil agus réigiúnach (5);

Conclúidí na Comhairle an 18 Samhain 2010 maidir le ról an chultúir sa chomhrac in aghaidh na bochtaineachta agus in aghaidh an eisiamh shóisialta (6);

Conclúidí na hUachtaránachta ag deireadh Chruinniú Neamhfhoirmeálta na nAirí Cultúir, (Barcelona, an 31 Márta 2010) (7);

Ráiteas a chuir an Uachtaránacht uaidh ag Cruinniú Neamhfhoirmeálta na nAirí Cultúir (an Bhruiséil, an 7 Deireadh Fómhair 2010) (8);

Ráiteas ón Uachtarántacht ag cruinniú neamhfhoirmeálta na nAirí atá freagracht as an gcultúr (Gödöllő, an Ungáir, an 28 Márta 2011).


(1)  IO C 287, 29.11.2007, lch. 1.

(2)  http://ec.europa.eu/information_society/activities/digital_libraries/doc/reflection_group/final-report-cdS3.pdf agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis http://ec.europa.eu/information_society/activities/digital_libraries/index_en.htm

(3)  8175/1/09 REV 1.

(4)  IO C 301, 11.12.2009, lch. 9.

(5)  IO C 135, 26.5.2010, lch. 15.

(6)  IO C 324, 1.12.2010, lch. 16.

(7)  http://www.eu2010.es/export/sites/presidencia/comun/descargas/Ministerios/en_conclusiones_rim_cultura.pdf

(8)  http://www.culture.be/fileadmin/sites/culture/upload/culture_super_editor/culture_editor/documents/Relations_IntNat/7_octobre_2010_Reunion_informelle_des_Ministres_de_la_Culture_Declaration_de_la_Presidence_EN_final_2_.pdf


15.6.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/5


Conclúidí na Comhairle maidir le seirbhísí faisnéise um shoghluaisteacht le haghaidh ealaíontóirí agus le haghaidh proifisiúnach cultúir

2011/C 175/02

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

AG FÉACHAINT DON MÉID SEO A LEANAS:

an Clár um Chultúr 2007-2013 (1) agus an cuspóir sonrach a ghabhann leis maidir le soghluaisteacht thrasnáisiúnta ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir;

Rún ón gComhairle an 16 Samhain 2007 maidir le Clár Oibre Eorpach don Chultúr (2), ina ndeirtear gur le soghluaisteacht ealaíontóirí agus phroifisiúnach cultúir a dhéantar ionchur bunúsach maidir lena chuspóirí straitéiseacha a bhaint amach;

Conclúidí na Comhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2008-2010 (3) agus go háirithe tosaíocht 1, “Coinníollacha soghluaisteachta ealaíontóirí agus phroifisiúnach eile i réimse an chultúir a fheabhsú”;

Conclúidí na Comhairle an 18 Samhain 2010 maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2011-2014 (4) agus go háirithe réimse tosaíochta C, “Scileanna agus soghluaisteacht”;

Coinbhinsiún Unesco ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn an 20 Deireadh Fómhair 2005 (5) a bhfuil an AE agus a iomaí Ballstát páirteach ann; tá siad tiomanta feasta a áirithiú go mbeidh sé ar chumas ealaíontóirí, proifisiúnach cultúir agus saoránach ar fud an domhain réimse leathan de ghníomhaíochtaí, d’earraí agus de sheirbhisí cultúir, lena n-áirítear a gcuid féin, a chruthú, a tháirgeadh agus a scaipeadh;

AG TAGAIRT DON MÉID SEO A LEANAS:

Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin “Anailís ar an gcomhairliúchán a seoladh leis an bPáipéar Glas ar ‘An acmhainneacht atá ag tionscail chultúir agus chruthaitheachta a scaoileadh’ ” agus go háirithe ar an gcaibidil ar shoghluaisteacht agus ar chúrsaíocht (6), inar cuireadh in iúl go ndearna mórán daoine a raibh ionchur acu trácht ar shaincheisteanna rialála agus dlí agus ar shaincheisteanna eile a mbíonn éifeacht acu ar an tsoghluaisteacht agus gur iarr siad go soláthrófaí faisnéis maidir leis na saincheisteanna sin;

treoirthionscnamh Pharlaimint na hEorpa maidir le soghluaisteacht ealaíontóirí atá tiomnaithe do thacú leis an timpeallacht um shoghluaisteacht ealaíontóirí, lena n-áirítear staidéar ar chórais faisnéise (7);

an tuarascáil a thug an mheitheal um an mbealach comhordaithe oscailte uaithi i mí an Mheithimh 2010 ar shoghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir agus go háirithe na moltaí a rinne sí maidir le faisnéis ar shoghluaisteacht a sholáthar d’ealaíontóirí agus do phrofisiúnaigh chultúir, lena n-áirítear na treoirlínte le haghaidh Seirbhísí Soghluaisteachta (8);

DE BHARR AN MÉID SEO A LEANAS:

tá soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir san Eoraip ríthábhachtach chun éagsúlacht chultúrtha, éagsúlacht teangacha agus caidreamh idirchultúrtha a fheabhsú. B’fhiú don Aontas Eorpach agus dá chuid Ballstát an méid sin a chur chun cinn ar bhonn gníomhach;

cuirtear chun cinn le soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir teacht le chéile cruthaitheach chomh maith le táirgeadh agus malartú earraí agus seirbhísí cultúir;

neartaítear leis an tsoghluaisteacht muintearas i leith an Aontais Eorpaigh agus eolas níos doimhne ar ár gcomhchultúir;

tá soghluaisteacht tábhachtach maidir le feidhmiú iomlán mhargadh Eorpach an tsaothair i gcomhréir leis na Conarthaí. Trí úsáid níos gníomhaí agus níos éifeachtúla a bhaint as na féidearthachtaí ar dlúthchuid den mhargadh aonair iad, is féidir poist nua agus deiseanna oibre nua a chruthú d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir agus leis sin fostaíocht in earnáil an chultúir agus san eacnamaíocht níos leithne a chur chun cinn;

tá méadú ag teacht ar an obair chultúrtha agus ealaíonta a bhíonn ar siúl sa chomhthéacs idirnáisiúnta, ina dtarlaíonn sé go minic go mbíonn deiseanna oibre, turasóireachta, cónaitheachta, comh-léirithe, forbartha gairmiúla, oiliúna agus foghlama comhpháirtithe ann a théann thar theorainneacha idirnáisiúnta;

is féidir le soghluaisteacht mhéadaithe atá níos fearr cur le cuspóirí Straitéis 2020 na hEorpa, eadhon fás atá cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach (9);

is gnách gur lasmuigh de shainchúram na n-údarás cultúrtha a bhíonn réiteach le fáil ar shaincheisteanna riaracháin agus rialála ar féidir leo bacainn a chruthú maidir le soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir; dá bhrí sin tá sé tábhachtach go mbeadh líonrú agus comhoibriú ann idir roinnt mhaith seirbhísí ar leibhéal na hEorpa, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

tá an deacracht a bhaineann le faisnéis bheacht chuimsitheach agus comhairle a fháil maidir le saincheisteanna a bhaineann le soghluaisteacht ar cheann de na príomh-bhacainní a luann ealaíontóirí agus proifisiúnaigh cultúir ar mian leo gluaiseacht laistigh den AE;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT ACU AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

soláthar faisnéise atá cuimsitheach agus beacht ag seirbhísí faisnéise soghluaisteachta, a éascú d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir ar mian leo gluaiseacht laistigh den AE. Chuige sin, an leas is fearr a bhaint as an saineolas atá ag na heagraíochtaí riaracháin phoiblí agus ag earnáil an chultúir. I gcás inarb iomchuí, tógáil ar na seirbhísí atá ann cheana chun an fhaisnéis a scaipeadh, ag aithint gurb iad an fhoinse príomha d’fhaisnéis bheacht, i gcásanna áirithe.

Chun na críche sin, tuigtear gurb ionann seirbhísí faisnéise soghluaisteachta agus seirbhísí a sholáthraíonn faisnéis d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir ar mian leo gluaiseacht laistigh den AE.

Tuigtear gurb é an spriocghrúpa atá ag seirbhísí faisnéise soghluaisteachta ealaíontóirí agus proifisiúnaigh chultúir a bhíonn ag teacht, ag cónaí agus ag imeacht. Áirítear le pobal na n-ealaíontóirí agus na bproifisiúnach cultúir gach ealaíontóir, gach proifisiúnach bainistíochta, lóistíochta, cumarsáide, agus gach proifisiúnach eile atá san earnáil chultúir agus atá i ngairmeacha ealaíonta a ngabhtar dóibh laistigh d’earnálacha eile (10). Áirítear go háirithe ar na hoibreoirí sin grúpaí, ensembles, agus eagraíochtaí chomh maith le healaíontóirí aonair agus proifisiúnaigh aonair cultúir. Toisc go bhfuil cuid de na healaíontóirí atá ina gcónaí agus atá ag obair san Eoraip ina náisiúnaigh tríú tíortha, d’fhéadfaí aird ar leith a thabhairt ar a riachtanais shonracha.

Sa chomhthéacs seo, sainmhínítear seirbhísí faisnéise soghluaisteachta trí chaighdeáin chomónta cháilíochta, trí thopaicí comhaontaithe faisnéise agus trí chomhpháirtíochtaí straitéise.

Le caighdeáin cháilíochta sainmhínítear tiomantas comónta deonach ó gach geallsealbhóir atá bainteach leis an (líonra) seirbhíse (seirbhísí) faisnéise soghluaisteachta d’fhonn faisnéis d’ardchaighdeán a áirithiú do na húsáideoirí.

Táthar ag súil leis gurb éard é an t-íosmhéid comónta ábhar faisnéise a bheadh ar fáil topaicí lena gcumhdaítear saincheisteanna rialála, saincheisteanna riaracháin agus saincheisteanna eile a bhaineann leis an tsoghluaisteacht amhail slándáil shóisialta, cánachas, cearta maoine intleachtúla, víosaí agus cead oibre, árachas agus custaim, agus aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí proifisiúnta. Ina theannta sin, d’fhéadfaí faisnéis maidir le deiseanna maoinithe agus oiliúna a sholáthar.

Tá gá le comhpháirtíochtaí straitéise chun ráthaíocht a thabhairt do cháilíocht na faisnéise sna réimsí thuasluaite. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí inter alia leis na comhlachtaí lena mbaineann údaráis AE, náisiúnta agus áitiúla, institiúidí cultúrtha, comhlachais fostóirí agus comhlachais fostaithe, agus bunaíochtaí oiliúna;

CHUN AN FEIDHMIÚ IS ÉIFEACHTÚLA AGUS IS ÉIFEACHTAÍ MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ FAISNÉISE D’EALAÍONTÓIRÍ AGUS DO PHROIFISIÚNAIGH CHULTÚIR A CHUR CHUN CINN, BA CHEART GO mBEADH FEIDHM AG AN MÉID SEO A LEANAS:

ba cheart deiseanna piarfhoghlama agus deiseanna oiliúna le haghaidh soláthróirí faisnéise a chaomhnú chun tuiscint mhaith ar choinníollacha oibre agus cónaithe ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir a fhorbairt agus chun eolas ar na rialacháin agus ar nósanna imeachta ábhartha an AE agus ar na nósanna imeachta ábhartha náisiúnta a cruinniú. Leis seo cabhrófar lena áirithiú go mbeidh se ar chumas soláthróirí faisnéise úsáideoirí a threorú go díreach chuig faisnéis maidir le rialacha agus nósanna imeachta, le cearta agus le hoibleagáidí an AE agus le cearta agus le hoibleagáidí náisiúnta;

tá líonrú idir soláthróirí faisnéise riachtanach d’fhonn a áirithiú go mbeidh sé ar chumas na soláthróirí sna Ballstáit éagsúla teagmháil a dhéanamh lena chéile chun cabhrú lena n-ealaíontóirí agus lena bproifisiúnaigh chultúir “baile” teacht ar an bhfaisnéis a bheidh á lorg acu maidir le rialacháin agus coinníollacha sna Ballstáit “ceann scríbe”. Le líonrú freisin soláthraítear deiseanna chun acmhainní a neartú agus deiseanna piarfhoghlama. Ionas go n-oibreoidh an córas go maith, tá sé riachtanach go mbeidh soláthróirí faisnéise sna Ballstáit uile bainteach leis;

ba cheart sonraí bunúsacha maidir le húsáid seirbhísí faisnéise soghluaisteachta a bhailiú d’fhonn caighdeán agus inrochtaineacht na seirbhísí sin a fheabhsú. Ba cheart saincheisteanna athfhillteacha agus saincheisteanna struchtúracha a bhaineann le rialacháin agus le cur i bhfeidhm rialachán a thuairisciú chuig na rialtais inniúla náisiúnta agus chuig seirbhísí ábhartha an Choimisiúin Eorpaigh d’fhonn coinníollacha soghluaisteachta a fheabhsú go fadtréimhseach;

CHUIGE SIN, IARRTAR AR AN gCOIMISIÚN:

meitheal saineolaithe a bhunú, de réir mar a leagtar amach sa Phlean Oibre don Chultúr 2011-2014, le go molfaidh siad caighdeáin chomónta ábhar agus cáilíochta maidir le seirbhísí faisnéise agus comhairle d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir ar mian gluaiseacht laistigh den AE. Déanfaidh an grúpa sainaithint ar na topaicí sonracha agus ar na treoirlínte ábhar do sheirbhísí faisnéise soghluaisteachta, lena n-áirítear faisnéis le haghaidh náisiúnach tríú tíortha. Beidh an tuarascáil a thug an mheitheal oibre um an mbealach comhordaithe oscailte uaithi i mí an Mheithimh 2010 ar shoghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir lena n-áirítear na treoirlínte le haghaidh Seirbhísí Soghluaisteachta ina bunús don bhreithniú in obair na meithle saineolaithe;

iniúchadh a dhéanamh nuair a bheidh sé ag forbairt a mholtaí le haghaidh clár sa todhchaí, gan dochar don phlé maidir leis an gCreat Airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann sa todhchaí, ar iniúchadh é maidir le tacú airgeadais le haghaidh seirbhísí faisnéise a bheidh dírithe ar ealaíontóirí agus ar phroifisiúnaigh chultúir ar mian leo gluaiseacht;

faisnéis soghluaisteachta a scaipeadh trí na cláir AE (11) agus fiosrúcháin a chur ar aghaidh chuig seirbhísí speisialaithe na mBallstát nó na hearnála cultúrtha, ar seirbhísí iad a bhfuil sé ar a gcumas faisnéis soghluaisteachta chuimsitheach bheacht agus cúnamh a sholáthar d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir;

IARRTAR AR NA BALLSÁIT:

caighdeáin chomónta ábhar agus cháilíochta a ghlacadh ar bhonn inter alia an togra ón mheitheal oibre saineolaithe thuasluaite, nuair a bheidh siad ag bunú nó ag forbairt tuilleadh seirbhísí faisnéise soghluaisteachta le haghaidh ealaíontóirí agus le haghaidh proifisiúnach cultúir agus iarrtar orthu aon bhearnaí atá sna seirbhísí náisiúnta faisnéise a líonadh i gcás ina mbeidh gá leis sin;

a áirithiú, trí thógáil ar struchtúir agus ar thraidisiúin náisiúnta, go mbeidh seirbhísí faisnéise soghluaisteachta neodrach agus costéifeachtúil, solúbtha agus dírithe ar úsáideoirí a mhéid is féidir;

uirlisí a shainaithint lena scaipfear go poiblí faisnéis soghluaisteachta d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir, agus leas a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as na seirbhísí atá ann cheana;

a gcuid faisnéise náisiúnta a sholáthar ar láithreán ghréasáin ilteangach más féidir, ar faisnéis í atá ábartha maidir le soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir. Ba cheart aistriúchán, lena n-áirítear aistriúchán uathoibríoch, a spreagadh d’fhonn ilteangachas a chur chun cinn, d’fhonn rochtain ar fhaisnéis a dhéanamh éasca agus d’fhonn tionscnaimh shoghluaisteachta a éascú;

IARRTAR AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN:

oibriú i ndlúthchomhair d’fhonn líonrú idir sheirbhísí faisnéise soghluaisteachta ar leibhéal na hEorpa a spreagadh, agus leis sin soláthar faisnéise d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir ar mian leo gluaiseacht laistigh den AE a fheabhsú, ag tógáil ar na comhpháirtíochtaí faisnéise agus comhairle atá ann cheana, lena n-áirítear na comhpháirtíochtaí atá ann le hearnáil an chultúir, agus iad siúd a fhorbairt tuilleadh i gcás inarb iomchuí;

faireachán a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí faisnéise soghluaisteachta d’fhonn cáilíocht agus inrochtaineacht na seirbhísí sin a fheabhsú.


(1)  IO L 372, 27.12.2006, lch. 1.

(2)  IO C 287, 29.11.2007, lch. 1.

(3)  IO C 143, 10.6.2008, lch. 9.

(4)  IO C 325, 2.12.2010, lch. 1.

(5)  Cinneadh 2006/515/CE ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 i ndáil le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Unesco ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn (IO L 201, 25.7.2006, lch. 15). Tá bearta sa Choinbhinsiún atá ábhartha maidir le soghluaisteacht agus malartú cultúrtha.

(6)  SEC(2011) 399 leagan deireanach.

(7)  “Córais faisnéise chun tacú le soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach eile i réimse an chultúir: staidéar féidearthachta”, ECOTEC, 2009 — http://ec.europa.eu/culture/key-documents/doc2039_en.htm

(8)  http://ec.europa.eu/culture/our-policy-development/doc1569_en.htm

(9)  COIM(2010) 2020 deireanach.

(10)  Áirítear leis an ngrúpa níos leithne d’ealaíontóirí agus de phroifisiúnaigh chultúir m.sh. coimeádaithe, stiúrthóirí agus foirne institiúidí cultúrtha, teicneolaithe, oibrithe tógála ardán, saineolaithe TFC, speisialtóirí cumarsáide srl.

(11)  Your Europe (http://ec.europa.eu/youreurope/); Eures (European Job Mobility portal, http://ec.europa.eu/eures).


15.6.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/8


Conclúidí na Comhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: ag soláthar an túis is fearr don saol atá rompu dár leanaí uile

2011/C 175/03

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS:

Conclúidí na Comhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 14 Samhain 2006 maidir le héifeachtúlacht agus le cothromas in oideachas agus in oiliúint (1);

Conclúidí na Comhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 21 Samhain 2008 maidir le daoine óga a ullmhú don 21ú haois: clár oibre le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le scoileanna (2);

Conclúidí na Comhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint (“ET 2020”) (3);

Conclúidí na Comhairle an 26 Samhain 2009 maidir le hoideachas leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo (4);

Conclúidí na Comhairle an 11 Bealtaine 2010 maidir leis an ngné shóisialta a bhaineann le hoideachas agus le hoiliúint (5).

AG MEABHRÚ DI:

go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht agus ar chothromas na gcóras oideachais agus oiliúna ar gach leibhéal — ó na luathbhlianta go haois duine fhásta — chun aidhmeanna Eoraip 2020 a bhaint amach, eadhon fás atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (6).

AG ATHDHEARBHÚ:

cé go bhfuil an fhreagracht ar na Ballstáit aonair maidir le córais oideachais agus oiliúna a eagrú agus maidir leis an ábhar atá iontu, is féidir, trí chomhar ar an leibhéal Eorpach lena mbaintear leas as an modh oscailte comhordúcháin, i dteannta le húsáid éifeachtúil na gclár AE, cur le forbairt oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán trí thacaíocht a thabhairt do na bearta a ghlactar ar an leibhéal náisiúnta agus trína gcomhlánú, agus trí chabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomónta.

AGUS I bhFIANAISE AN MÉID SEO A LEANAS:

an chomhdháil ar “Sármhaitheas agus Cothromas in Oideachas agus i gCúram na Luath-Óige” a bhí ag an Uachtaránacht i mBúdaipeist an 21-22 Feabhra 2011, inar leagadh béim ar an ngá atá ann gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla d’oideachas agus de chúram na luath-óige a chur le chéile, agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — “Clár AE maidir le Cearta an Linbh” (7).

TUGANN SÍ DÁ hAIRE an teachtaireacht ón gCoimisiún “Oideachas agus cúram na luath-óige: ag soláthar an túis is fearr don saol atá rompu dár leanaí uile” (8).

AITHNÍONN SÍ:

1.

go soláthraítear, le hoideachas agus le cúram na luath-óige (ECEC) (9), réimse leathan sochar gearrthéarmach agus fadtéarmach le haghaidh an duine aonair agus le haghaidh na sochaí i gcoitinne. Agus ról lárnach an teaghlaigh á chomhlánú aige, leagann an ECEC síos an bunús riachtanach d’insealbhú teanga, d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil a mbeidh rath uirthi, do chomhtháthú sóisialta, d’fhorbairt phearsanta agus d’infhostaitheacht. Má leagtar síos dlúthbhunús le linn bhlianta múnlaitheacha an linbh, beidh an fhoghlaim níos éifeachtaí ina dhiaidh sin agus bíonn cosúlacht níos fearr ann go leanfaidh an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus go méadófar leis sin an cothromas maidir le torthaí an oideachais agus go laghdófar na costais a ngearrtar ar an tsochaí i dtéarmaí na dtallann a chailltear agus i dtéarmaí caiteachais phoiblí ar leas, ar shláinte agus fiú ar cheartas;

2.

rachaidh ECEC ar ardchaighdeán chun tairbhe gach linbh, go háirithe leanaí ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo, leanaí ó chúlra Roma nó leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu lena n-áirítear leanaí atá faoi mhíchumas. Trí chabhair a thabhairt chun an bearna éachta a dhúnadh agus trí thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt chognaíoch, d’fhorbairt teanga, d’fhorbairt shóisialta agus d’fhorbairt mhothúchánach, is féidir, le ECEC, timthriall an mhíbhuntáiste agus an díscoir a bhriseadh, ar timthriall é a mbíonn luathfhágáil na scoile agus tarchur na bochtaineachta ó ghlúin go glúin mar thoradh air go minic;

3.

maidir leis seo, trí rochtain ghinearálaithe chothrom ar ECEC ar ardchaighdeán a sholáthar is féidir cur go láidir le rath na straitéise Eoraip 2020, agus go háirithe le dhá cheann de phríomhspriocanna an AE a bhaint amach: luathfhágáil na scoile a ísliú go níos lú ná 10 %, agus a bheith in ann 20 milliún duine ar a laghad a thabhairt as baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta;

4.

thairis sin, toisc go soláthraítear le ECEC an deis deacrachtaí foghlama a bhrath go luath agus idirghabháil luath a dhéanamh, is féidir cabhrú leanaí óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a shainaithint, agus, i gcás inarb fhéidir, a lánpháirtíocht i ngnáthscoileanna a éascú;

5.

cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta ar an iomlán ag na Ballstáit le blianta beaga anuas trí fheabhas a chur ar an bhfáil atá ar ECEC, tá gá le hiarrachtaí breise d’fhonn an cuspóir atá ann ráta rannpháirtíochta 95 % a bhaint amach faoin mbliain 2020 mar a comhaontaíodh faoi chreat straitéise “ET 2020” (10), agus go háirithe d’fhonn rochtain níos fearr a áirithiú do leanaí ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste;

6.

tá soláthar ECEC ar ardchaighdeán chomh tábhachtach céanna agus atá sé a áirithiú go mbeidh an ECEC sin infhaighte agus inacmhainne, agus ba cheart aird a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an comhshaol agus bonneagar, soláthar foirne, an curaclam, rialachas agus dearbhú cáilíochta;

7.

tá gá le cur chuige níos sistéamaí agus níos comhtháite ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta maidir le seirbhísí ECEC, ar cur chuige é a mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile bainteach leis — lena n-áirítear teaghlaigh — mar aon le comhar trasearnála idir na hearnálacha éagsúla beartas amhail earnálacha an oideachais, an chultúir, na ngnóthaí sóisialta, na fostaíochta, na sláinte agus an cheartais;

8.

tá sé tábhachtach cion na bhfear atá in ECEC a ardú d’fhonn dearcthaí a athrú agus d’fhonn a thaispeáint nach iad na mná amháin atá in ann oideachas agus cúram a sholáthar. Is ní dearfach é do leanaí idir fhir agus mhná a bheith acu mar eiseamláir agus is féidir leis sin aireachtáil maidir le steiréitíopaí inscne a bhriseadh. In ionad oibre ina mbíonn idir fhir agus mhná leathnaítear taithí na leanaí agus is féidir, leis sin, cabhrú leithscaradh inscne a laghdú i margadh an tsaothair chomh maith;

9.

de ghnáth dírítear níos lú airde ar ECEC ná mar a dhírítear ar aon leibhéal eile oideachais agus oiliúna, in ainneoin go bhfuil fianaise ann go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí infheistiú éifeachtúil a dhéanamh in oideachas luath-óige ar ardchaighdeán ná mar atá sé idirghabháil a dhéanamh níos déanaí agus go mbíonn dea-thoradh ar an infheistíocht sin feadh an tsaoil, go háirithe maidir le daoine atá faoi mhíbhuntáiste;

10.

go comparáideach, is beag taighde ar oideachas leanaí óg a tugadh faoi nó a bailíodh ar leibhéal an AE lena bhféadfar treoir a thabhairt maidir le forbairt agus le cur chun feidhme beartas ECEC sna Ballstáit. Ní mór go mbeidh an fhianaise taighde atá ann cheana ar fáil ar bhonn níos leithne, agus go bhforlíonfar an méid sin trí thaighde níos fairsinge a dhéanamh ar sholáthar ECEC agus ar an éifeacht a bhíonn aige sin ar fud na mBallstát, agus ilchineálacht chultúrtha á cur san áireamh agus samplaí dea-chleachtais agus taithí á dtaifeadadh.

COMHAONTAÍONN AN CHOMHAIRLE LEIS AN MÉID SEO A LEANAS:

d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh leis na beartais lenar féidir aghaidh a thabhairt ar an dá dhúshlán atá ann rochtain ghinearálaithe chothrom ar oideachas agus ar chúram na luath-óige a sholáthar mar aon le cáilíocht an tsoláthair sin a ardú:

1.

rochtain chothrom ar ECEC cuimsitheach, ar ardchaighdeán a sholáthar, go háirithe do leanaí ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, do leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo, do leanaí ó chúlra Roma nó do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu lena n-áirítear leanaí atá faoi mhíchumas;

2.

múnlaí maoinithe éifeachtúla a dhearadh, lena n-áirítear maoiniú spriocdhírithe, a bheidh cothrom agus comhréireach ó thaobh infheistíochta poiblí agus infheistíochta príobháidigh, i gcomhréir le cúinsí náisiúnta agus áitiúla;

3.

cur chuige trasearnála agus comhtháite maidir le seirbhísí cúraim agus oideachais a chur chun cinn chun freastal ar riachtanais gach linbh ar bhealach iomlánaíoch — riachtanais chognaíocha, shóisialta, mhothúchánacha, shíceolaíocha agus fhisiceacha — chomh maith le dlúthchomhar idir an baile agus an ECEC a áirithiú in éineacht le haistriú réidh idir na leibhéil dhifriúla oideachais;

4.

tacaíocht a thabhairt do ghairmiúlacht na foirne ECEC, agus béim á cur ar inniúlachtaí, ar cháilíochtaí agus ar choinníollacha oibre na foirne a fhorbairt, agus gradam na gairme á fheabhsú. Ina theannta sin, beartais a fhorbairt a mbeidh sé d’aidhm leo foireann a bheidh cáilithe go hiomchuí a mhealladh chuig an ECEC, iad a chur faoi oiliúint agus a choimeád, agus an chothromaíocht inscne a fheabhsú;

5.

cláir agus curaclaim atá iomchuí ó thaobh forbraíochta agus lena gcaomhnaítear sealbhú scileanna cognaíocha agus neamh-chognaíocha araon a chur chun cinn, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna do thábhacht an tsúgartha atá ríthábhachtach freisin maidir le foghlaim sna luathbhlianta;

6.

tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí sa ról atá acu mar phríomhoideoirí a leanaí sna luathbhlianta, agus na seirbhísí ECEC a spreagadh chun oibriú i ndlúthpháirtíocht le tuismitheoirí, le teaghlaigh agus le comhphobail, d’fhonn feasacht ar na deiseanna a thairgtear le ECEC agus ar an tábhacht a bhaineann le foghlaim ó aois luath a mhéadú;

7.

dearbhú cáilíochta a chur chun cinn le rannpháirtíocht na bpríomh-gheallsealbhóirí uile, lena n-áirítear teaghlaigh;

8.

taighde agus bailiú sonraí maidir le ECEC a chur chun cinn san Eoraip, i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn neart a chur leis an mbonn fianaise atá ann le beartais ECEC a cheapadh agus le cláir ECEC a sheachadadh.

IARRANN AN CHOMHAIRLE AR NA BALLSTÁIT DÁ RÉIR SIN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

anailís agus meastóireacht a dhéanamh, ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta, ar na seirbhísí ECEC atá ann cheana maidir leis an rochtain atá orthu, lena n-inacmhainneacht agus lena gcáilíocht, de réir mar a léirítear sna conclúidí seo;

2.

a áirithiú go mbeidh beartais ann a mbeidh sé d’aidhm leo rochtain ghinearálaithe chothrom ar ECEC a sholáthar agus cáilíocht na rochtana sin a threisiú;

3.

infheistíocht éifeachtúil a dhéanamh in ECEC mar bheartas fadtéarma chun fás a fheabhsú.

IARRANN AN CHOMHAIRLE AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le dea-bheartais agus dea-chleachtais a shainaithint agus a mhalartú tríd an modh oscailte comhordúcháin;

2.

an bonn fianaise i réimse an ECEC a leathnú trí thógáil ar thaighde idirnáisiúnta agus trína fhorlíonadh le taighde ón AE ar fad agus torthaí an taighde sin a chur ar fáil ar bhealach níos éasca;

3.

faireachán agus tuairisciú a dhéanamh, laistigh de chreat straitéise “ET 2020”, ar an dul chun cinn a dhéantar chun an sprioc tagarmhairc “ET 2020” maidir le rannpháirtíocht in oideachas na luath-óige a bhaint amach, agus chun go mbainfear amach na haidhmeanna atá sna conclúidí seo maidir le rochtain níos leithne agus cáilíocht níos fearr.

AGUS IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH LE TACAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN:

1.

dul i mbun comhair beartas tríd an modh oscailte comhordúcháin leis na hearnálacha ábhartha (amhail earnálacha an oideachais, an chultúir, na ngnóthaí sóisialta, na fostaíochta, na sláinte agus an cheartais), agus gach geallsealbhóir ábhartha páirteach, d’fhonn uirlisí tagartha ar an leibhéal Eorpach a tháirgeadh lena dtacófar le forbairt beartas i réimse an ECEC ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta iomchuí;

2.

gan dochar don idirbheartaíocht maidir leis an gcreat airgeadais a bheidh ann sa todhchaí, úsáid éifeachtúil a bhaint as na hionstraimí ábhartha AE uile i réimsí na taighde agus na foghlama ar feadh an tsaoil, chomh maith le húsáid a bhaint as cistí struchtúrtha na hEorpa i gcomhréir le haidhmeanna na straitéise Eoraip 2020, d’fhonn na haidhmeanna thuasluaite a chur chun cinn.


(1)  IO C 298, 8.12.2006, lch. 3.

(2)  IO C 319, 13.12.2008, lch. 20.

(3)  IO C 119, 28.5.2009, lch. 2.

(4)  IO C 301, 11.12.2009, lch. 5.

(5)  IO C 135, 26.5.2010, lch. 2.

(6)  Conclúidí na Comhairle, mí an Mhárta 2010 — EUCO 7/1/10 REV 1.

(7)  7226/11 — COIM(2011) 60 deireanach.

(8)  6264/11 — COIM(2011) 66 deireanach.

(9)  Chun críocha na gconclúidí seo, leis an téarma “oideachas agus cúram na luath-óige” tagraítear do shocruithe ar bith lena soláthraítear oideachas agus cúram do leanaí idir 0 bliain d’aois agus aois éigeantach freastal na scoile — gan aird ar an suíomh, ar mhaoiniú, ar uaireanta oscailte ná ar ábhar na gclár — agus áirítear leis an téarma seo soláthar réamhscoile agus soláthar oideachais réamh-bhunscoile. (Foinse: ECFE Starting Strong I (2006) lch. 7.)

(10)  Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí (IO C 119, 28.5.2009, lch. 7): Faoin mbliain 2020, ba cheart go mbeadh 95 % ar a laghad de leanaí atá idir ceithre bliana d’aois agus an aois éigeantach a gcaithfear dul faoi oideachas bunscoile rannpháirteach in oideachas na luath-óige.

Sa bhliain 2008 bhí meánráta rannpháirtíochta na hEorpa ag 92,3 %.