ISSN 1725-2458

doi:10.3000/17252458.CE2010.253.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí


21 Meán Fómhair 2010


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha Ullmhúcháin

 

An Chomhairle

2010/C /01

Seasamh (AE) Uimh. 13/2010 ón gComhairle ar an gCéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar bhonn a náisiúntachta amháin
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 26 Iúil 2010

1

 

Ceartúchán

2010/C /02

Ceartúchán ar Sheasamh (AE) Uimh. 3/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch
Arna nglacadh ag an gComhairle an 1 Márta 2010 (IO C 114 E, 4.5.2010) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Eagrán Speisialta Gaeilge)

6

 


 

(1)   Faoin tagairt C 253 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha Ullmhúcháin

An Chomhairle

21.9.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


SEASAMH (AE) Uimh. 13/2010 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar bhonn a náisiúntachta amháin

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 26 Iúil 2010

2010/C 253 E/01

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá Parlaimint na hEorpa (3), an Chomhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (4) ag iarraidh lánpháirtiú níos fearr de náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar chríoch na mBallstát trí thacar cearta aonfhoirmeacha a thabhairt dóibh a bheadh chomh gar agus is féidir do na cearta dá dtairbhíonn saoránaigh an Aontais Eorpaigh.

(2)

Chuir an Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 1 Nollaig 2005 in iúl go láidir nach mór don Aontas a áirithiú go gcuirfear cóir chothrom ar náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar chríoch na mBallstát agus chuir an Chomhairle in iúl gur cheart beartas lánpháirtithe níos déine a dhíriú chun cearta agus oibleagáidí a thabhairt do na náisiúnaigh sin a bheadh inchomparáide le cearta agus le hoibleagáidí shaoránaigh an Aontais.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2003 (5) leathnaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta reachtúla na mBallstát chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar bhonn a náisiúntachta amháin.

(4)

Maidir leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 34(2) de, urramaítear agus comhlíontar leis an Rialachán seo iad.

(5)

Cuirtear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (6) in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71. Cuirtear Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme (7) in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 574/72. Aisghairfear Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 le héifeacht ón dáta a ndéanfar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a chur i bhfeidhm.

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, déantar na rialacha um chomhordú do dhaoine árachaithe agus freisin d'institiúidí slándála sóisialta a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú. I dtaca le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, tá sé d'aidhm ag na rialacha um chomhordú a tugadh cothrom le dáta luas a chur leis an bpróiseáil sonraí maidir le cearta chun sochar na ndaoine árachaithe agus an phróiseáil sin a éascú, agus na costais riaracháin chomhfhreagracha a laghdú.

(7)

I measc chuspóirí an Aontais, tá ardleibhéal cosanta sóisialta a chur chun cinn agus an caighdeán maireachtála agus cáilíocht na beatha a ardú sna mBallstáit.

(8)

D'fhonn staid a sheachaint ina mbeadh ar fhostóirí agus ar chomhlachtaí slándála sóisialta náisiúnta staideanna casta dlíthiúla agus riaracháin a bhainistiú nach mbaineann ach le grúpa daoine teoranta, tá sé tábhachtach go mbainfear leas iomlán as sochar an nuachóirithe agus as sochar an tsimplithe sa réimse slándála sóisialta trí úsáid a bhaint as ionstraim dhlíchomhordaithe amháin lena gcuirtear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 le chéile.

(9)

Tá sé riachtanach, mar sin, ionstraim dhlí a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 arb é an bhunaidhm atá leis go ngabhann Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ionad Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ionad faoi seach.

(10)

Le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar bhonn a náisiúntachta amháin, ní mór nach dtabharfar aon teidlíocht do na náisiúnaigh dul isteach i mBallstát, fanacht i mBallstát nó cónaí a bheith orthu i mBallstát ná rochtain a bheith acu ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 gan dochar do cheart na mBallstát deonú ceada chun dul isteach sa Bhallstát lena mbaineann a dhiúltú, cead chun fanacht ann, cead chun cónaí ann nó cead chun obair ann a dhiúltú nó an cead sin a aistarraingt nó diúltú an cead sin a athnuachan, i gcomhréir le dlí an Aontais.

(11)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ná ag Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, de bhua an Rialacháin seo, ach amháin sa mhéid is go bhfuil cónaí go dlíthiúil ar an duine atá i gceist i gcríoch Ballstáit cheana. Ba cheart, mar sin, go mbeadh cónaí dlíthiúil mar réamhriachtanas chun na Rialacháin sin a chur i bhfeidhm.

(12)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ná ag Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 i staid a bhfuil gach gné di teoranta d'aon Bhallstát amháin. Baineann sé sin, inter alia, le staid aon náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil ceangal aige ach le tríú tír agus le Ballstát amháin.

(13)

Leis an gcoinníoll go gcaitear cónaí go dlíthiúil i gcríoch Ballstáit ní cheart go ndéanfaí dochar do na cearta a thagann ó chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le pinsean easláine, le pinsean seanaoise nó le pinsean marthanóra, thar ceann Ballstáit amháin nó níos mó ná Ballstát amháin, agus ní dhéantar dochar do náisiúnach tríú tír a bhfuil coinníollacha an Rialacháin seo comhlíonta aige nó aici cheana, ná do mharthanóirí de chuid an náisiúnaigh tríú tír sin, sa mhéid go dtagann a gcearta ó oibrí, nuair atá cónaí orthu i dtríú tír.

(14)

An ceart leanúnach chun sochar dífhostaíochta, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 64 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 é, tá sé faoi réir an choinníll go gclárófar mar chuardaitheoir poist leis na seirbhísí fostaíochta i ngach Ballstát a chuathas isteach ann. Mar sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha sin maidir le náisiúnach tríú tír ach amháin ar an gcoinníoll go bhfuil an ceart ag an duine sin, i gcás inarb iomchuí de bhun a cheada cónaithe nó de bhun a stádais chónaithe fhadtéarmaigh, clárú mar chuardaitheoir poist leis na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát a ndeachaigh sé isteach ann agus go mbeadh an ceart aige obair sa Bhallstát go dlíthiúil.

(15)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do chearta ná d'oibleagáidí a thiocfaidh as comhaontuithe idirnáisiúnta le tríú tíortha a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, ar comhaontuithe iad lena dtugtar buntáistí i dtaca le slándála sóisialta.

(16)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú mar gheall ar na staideanna tras-teorann a bheadh i gceist, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta atá beartaithe ar fud an Aontais, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, trí litir dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2007, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus ag Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar bhonn a náisiúntachta amháin, agus freisin maidir le daoine dá dteaghlaigh agus maidir lena marthanóirí, ar choinníoll go mbeidh cónaí orthu go dlíthiúil ar chríoch Ballstáit agus go mbeidh siad i staid nach mbeidh gach gné di teoranta do Bhallstát amháin.

Airteagal 2

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 idir na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 151, 17.6.2008, lch. 50.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (IO C 294 E, 3.12.2009, lch. 259) agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 26 Iúil 2010.

(3)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Deireadh Fómhair 1999 maidir le cruinniú Chomhairle na hEorpa in Tampere (IO C 154, 5.6.2000, lch 63).

(4)  Tuairim ón CCES an 26 Meán Fómhair 1991 maidir le stádas oibrithe imearcacha ó thríú tíortha (IO C 339, 31.12.1991, lch 82).

(5)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 1.

(6)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

(7)  IO L 284, 30.10.2009, lch. 1.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 25 Iúil 2007, thíolaic an Coimisiún an togra thuasluaite atá ceaptha ionad Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 a ghabháil agus forálacha Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus a Rialachán cur chun feidhme (Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ón gComhairle) a leathnú chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na forálacha sin ar bhonn a náisiúntachta amháin.

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 63(4) den Chonradh (nós imeachta aontoilíochta agus comhairliúcháin). Tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, is é Airteagal 79(2)(b) CFAE (tromlach cáilithe agus gnáthnós imeachta reachtach) an bunús dlí.

Thug Parlaimint na hEorpa a Tuairim uaithi an 9 Iúil 2008, faoi chuimsiú an nós imeachta comhairliúcháin. Tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, ghlac Parlaimint na hEorpa Rún (1) , an 5 Bealtaine 2010, inar dheimhnigh sí a seasamh faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

Thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a Thuairim uaidh an 16 Eanáir 2008.

Níor thíolaic an Coimisiún aon togra leasaithe foirmiúil mar thoradh ar an tuairim a thug an Pharlaimint uaithi ar an gcéad léamh.

I gcomhréir le hAirteagal 294(5) (CFAE), ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh trí thromlach cáilithe an [26] Iúil 2010.

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, trí litir dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2007, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, ní bheidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

II.   CUSPÓIR

Le Rialachán (CE) Uimh. 859/2003, rinneadh cur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle agus a Rialachán chur chun feidhme (CEE) Uimh. 574/72 a leathnú chuig náisiúnaigh tríú tíortha. Simplíodh na Rialacháin dheireanacha sin agus tugadh suas chun dáta iad le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 faoi seach, a bhfuil feidhm acu ón 1 Bealtaine 2010.

Is ionann an cuspóir a shaothraítear leis an togra le haghaidh Rialacháin agus an cuspóir a shaothraítear le Rialachán (CE) Uimh. 859/2003, eadhon raon feidhme na bhforálacha Comhphobail atá i bhfeidhm do chomhordú scéimeanna slándála sóisialta a leathnú chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na forálacha sin ar bhonn a náisiúntachta amháin.

Is é is aidhm dó a áirithiú gurb iad na rialacha céanna do chomhordú scéimeanna slándála sóisialta a chuirfear i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tíortha agus na rialacha atá i bhfeidhm maidir le saoránaigh Eorpacha ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán Uimh. 987/2009. Is é is cuspóir dó an dúbailt an-mhearbhlach a sheachaint, eadhon staid ina mbeadh daoine aonair agus rialtais náisiúnta ag plé le dhá shraith éagsúla rialacha agus teidlíochtaí lena gcumhdófaí comhordú córas slándála sóisialta idir na Ballstáit.

III.   ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

Ghlac Parlaimint na hEorpa dhá leasú ar an togra ón gCoimisiún d'fhonn dhá aithris nua (aithris 3a agus aithris 6a) a chur isteach sa Bhrollach chun béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le cóir chomhionann.

Chuir an Coimisiún in iúl le linn na díospóireachta a tharla i seisiún iomlánach go bhféadfadh sé glacadh leis na leasuithe seo.

D'fhéadfadh an Chomhairle glacadh leis an dá leasú chomh maith (aithris Uimh. 4 agus aithris Uimh. 7 i Seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh).

Mheas an Chomhairle, ina theannta sin, go raibh gá le haithris Uimh. 8 sa togra a shoiléiriú (aithris Uimh. 10 sa Seasamh ar an gcéad léamh) d'fhonn a shonrú go bhfuil cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na forálacha sin ar bhonn a náisiúntachta amháin, gan dochar do cheart na mBallstát ceadúnas chun dul isteach sa Bhallstát lena mbaineann, chun fanacht ann, chun cónaí ann nó chun obair ann i gcomhréir le dlí an Chomhphobail a dhiúltú nó a aistarraingt nó athnuachan an cheadúnais sin a dhiúltú.

In aithris bhreise Uimh. 13 i Seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, sonraítear maidir leis an gcoinníoll go gcaitear cónaí go dlíthiúil i gcríoch Ballstáit, mar a leagtar síos in Airteagal 1 é, nach ndéantar dochar do na cearta a thagann ó chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a bhaineann le pinsean easláine, le pinsean seanaoise nó le pinsean marthanóra, thar ceann Ballstáit amháin nó níos mó, do náisiúnach tríú tír a bhfuil coinníollacha an Rialacháin seo comhlíonta aige nó aici cheana, ná do mharthanóirí de chuid an náisiúnaigh tríú tír sin.

Ar deireadh, tagraítear in aithrisí Uimh. 17, Uimh. 18 agus Uimh. 19 de Sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh do sheasamh na hÉireann, do sheasamh na Ríochta Aontaithe agus do sheasamh na Danmhairge maidir le glacadh agus le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Tá glactha ag an gCoimisiún le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh.

IV.   CONCLÚID

Leis an seasamh a ghlac sí ar an gcéad léamh maidir leis an Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leathnaítear forálacha Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus forálacha Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na forálacha sin ar bhonn a náisiúntachta amháin, measann an Chomhairle go ndéantar foráil do chur chuige cothrom chun cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú a áirithiú i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha a bheidh ina gcónaí go dleathach ar chríoch an Aontais Eorpaigh.

Tá an Chomhairle ag tnúth le plé dearfach a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa chun go bhféadfar teacht ar chomhaontú deiridh maidir leis an Rialachán tábhachtach seo.


(1)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2010 maidir le hiarmhairtí theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin do nósanna imeachta um chinnteoireacht idirinstitiúideach leanúnach.


Ceartúchán

21.9.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/6


Ceartúchán ar Sheasamh (AE) Uimh. 3/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch

Arna nglacadh ag an gComhairle an 1 Márta 2010

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 114 E, an 4 Bealtai 2010 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Eagrán Speisialta Gaeilge)

Leathanach 17,

In ionad:

Léitear: