ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252458.CE2010.122.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

53
11 Bealtaine 2010


Clár

Leathanach

 

III   Bearta Ullmhúcháin

 

An Chomhairle

2010/C /01

Seasamh (AE) Uimh. 4/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 11 Márta 2010
 ( 2 )

1

2010/C /02

Seasamh (AE) Uimh. 5/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 11 Márta 2010
 ( 2 )

19

2010/C /03

Seasamh (AE) Uimh. 6/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 15 Márta 2010
 ( 2 )

38

 


 

(1)   Faoin tagairt C 122 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA

 


III Bearta Ullmhúcháin

An Chomhairle

11.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


SEASAMH (AE) Uimh. 4/2010 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH CHUN GO NGLACFAÍ

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 11 Márta 2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2010/C 122 E/01

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag an Aontas lena ghníomhartha i réimse an iompair de bhus agus de chóiste, i measc nithe eile, leibhéal ard cosanta atá inchomparáide leis an gcosaint atá ann i modhanna eile iompair a áirithiú do phaisinéirí pé áit a dtaistealóidh siad. Thairis sin, ba cheart go dtabharfaí aird iomlán ar na riachtanais atá ann maidir le cosaint tomhaltóirí go ginearálta.

(2)

Ós rud é gurb é an paisinéir a bhíonn ag taisteal de bhus nó de chóiste an páirtí is laige sa chonradh iompair, ba cheart leibhéal íosta cosanta ar a laghad a thabhairt do gach paisinéir.

(3)

Le bearta an Aontais chun feabhas a chur ar chearta na bpaisinéirí in earnáil an iompair de bhus agus de chóiste, ba cheart saintréithe na hearnála seo, ar gnólachtaí beaga agus meánmhéide is mó atá inti, a chur san áireamh.

(4)

Agus saintréithe seirbhísí rialta speisialta agus oibríochtaí iompair ar chuntas an duine féin á gcur san áireamh, ba cheart na cineálacha seo iompair a fhágáil lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart go n-áireofaí le seirbhísí rialta speisialta, seirbhísí atá tiomanta d'iompar daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iompar oibrithe idir an teaghlach agus an obair, iompar go dtí an foras oideachais agus ón bhforas oideachais do dhaltaí scoile agus do mhic léinn.

(5)

Agus saintréithe seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus reigiúnacha á gcur san áireamh, ba cheart an ceart a bhronnadh ar na Ballstáit chun na cineálacha iompair sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm cuid shuntasach den Rialachán seo. D'fhonn na seirbhísí rialta uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit critéir amhail fad, minicíocht na seirbhísí, líon na stopanna sceidealta, an cineál busanna nó cóistí a úsáidtear, scéimeanna ticéadaithe, luaineachtaí i líon na bpaisinéirí idir sheirbhísí le linn buaic-amanna agus uaireanta seachbhuaice, cóid bhusanna agus amchláir a chur san áireamh.

(6)

Ba cheart do phaisinéirí agus, ar a laghad, daoine a raibh nó a mbeadh sé de dhualgas dlíthiúil ar an bpaisinéir iad a chothabháil, a bheith cosanta i gcás tionóiscí arna n-eascairt as úsáid a bheith á baint as an mbus nó as an gcóiste, agus Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 á cur san áireamh, ar Treoir í a bhaineann le hárachas i gcoinne dliteanais shibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí agus forfheidhmiú an dualgais chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (3).

(7)

Nuair a roghnófar an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cúiteamh a fháil i gcomhair báis nó díobhála pearsanta chomh maith le cailliúint bagáiste nó damáiste do bhagáiste a bheidh mar thoradh ar thimpistí a thig ó bhus nó ó chóiste a úsáid, ba cheart go gcuirfí san áireamh Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (an Róimh II) (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (an Róimh I) (5).

(8)

Chomh maith le bheith i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás báis nó díobhála pearsanta nó cailliúna bagáiste nó damáiste do bhagáiste de bharr tionóiscí a thig as úsáid an bhus nó an chóiste, ba cheart do phaisinéirí bheith i dteideal cúnaimh maidir lena riachtanais phraiticiúla go díreach i ndiaidh tionóisce. D'fhéadfadh sé go gcuimseofaí leis an gcúnamh sin garchabhair, cóiríocht, bia, éadaí agus iompar.

(9)

Ba cheart go rachadh seirbhísí bus agus cóiste do phaisinéirí chun sochair do na saoránaigh i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh deiseanna ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, más míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis, úsáid a bhaint as seirbhísí bus agus cóiste a bheadh inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile. Tá na cearta céanna i dtaca le saorghluaiseacht, saor-rogha agus neamh-idirdhealú ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

(10)

I bhfianaise Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil de bhus agus de chóiste atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus cúnamh ar feadh a dturais. Ba cheart, dá bhrí sin, na daoine sin a ghlacadh lena n-iompar agus níor cheart seirbhís iompair a dhiúltú dóibh ar fhorais a bhaineann lena míchumas nó lena soghluaisteacht laghdaithe, ach ar chúiseanna is féidir a chosaint ar fhorais sábháilteachta nó dearaidh feithiclí nó bonneagair. Faoi chuimsiú na reachtaíochta ábhartha maidir le cosaint oibrithe, ba cheart go mbeadh an ceart chun cúnaimh i gcríochfoirt agus ar bord feithiclí ag daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ar mhaithe le cuimsiú sóisialta, ba cheart go bhfaigheadh na daoine lena mbaineann an cúnamh saor in aisce. Ba cheart do na hiompróirí coinníollacha rochtana a bhunú, agus an córas Eorpach um Chaighdeánú á úsáid acu, de rogha.

(11)

Agus dearadh críochfort nua á chinneadh, agus mar chuid d'athchóirithe móra, ba cheart do chomhlachtaí bainistithe críochfort, más féidir, riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh. I ngach cás, ba cheart do na comhlachtaí bainistithe críochfort pointí a ainmniú ag a mbeidh na daoine sin in ann a chur in iúl go bhfuil siad tagtha agus go bhfuil gá acu le cúnamh.

(12)

D'fhonn freagairt do riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart go mbeadh dóthain oiliúna ar fáil don fhoireann. D'fhonn aitheantas frithpháirteach ar cháilíochtaí náisiúnta tiománaithe a éascú, d'fhéadfaí oiliúint maidir le feasacht ar mhíchumas a sholáthar mar chuid den cháilíocht thosaigh nó oiliúint thréimhsiúil dá tagraítear i dTreoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint leanúnach tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d'iompar earraí nó paisinéirí (6). D'fhonn comhchuibheas a áirithiú idir tabhairt isteach na gceanglas oiliúna agus na teorainneacha ama a leagtar amach sa Treoir sin, ba cheart go gceadófaí díolúine le linn tréimhse teoranta ama.

(13)

Maidir le heagraíochtaí atá ionadaíoch ar dhaoine faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart, i gcás inar féidir sin, go rachfaí i gcomhairle leo maidir le heagrúchán na hoiliúna a bhaineann le míchumas nó ba cheart go mbeidís páirteach san eagrúchán sin.

(14)

Ba cheart go bhfolófaí le cearta paisinéirí bus agus cóiste faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís roimh an turas agus lena linn. An fhaisnéis bhunriachtanach ar fad a sholáthraítear do phaisinéirí bus agus cóiste, ba cheart í a sholáthar freisin i bhformáidí malartacha a bheadh inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

(15)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo srian ar na cearta atá ag iompróirí cúiteamh a lorg ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

(16)

Ba cheart go laghdófaí an mhíchaoithiúlacht do phaisinéirí de dheasca cealaithe nó moille fada i leith a dturais. Chuige sin, ba cheart aire leordhóthanach agus faisnéis leordhóthanach a thabhairt do phaisinéirí a bheidh ag imeacht ó chríochfoirt. Ba cheart go mbeadh na paisinéirí ábalta freisin a dticéid a chealú agus cúiteamh a fháil nó leanúint ar aghaidh lena dturas nó athródú a fháil faoi choinníollacha sásúla.

(17)

Ba cheart go n-oibreodh na hiompróirí i gcomhar le chéile chun socruithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal Eorpach le rannpháirteachas geallsealbhóirí, comhlachas gairmiúl agus chomhlachas custaiméirí, chomhlachas paisinéirí agus daoine faoi mhíchumas, arb é is aidhm dóibh an chúraim do phaisinéirí a fheabhsú, go háirithe i gcás cealuithe agus moill fhada a bheith ann.

(18)

Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Rialachán seo do chearta na bpaisinéirí arna mbunú le Treoir 90/314/CEE an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (7). Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo i gcásanna ina ndéanfaí turas láneagraithe a chur ar ceal ar chúiseanna seachas an tseirbhís iompair de bhus nó de chóiste a bheith curtha ar ceal.

(19)

Ba cheart paisinéirí a chur go hiomlán ar an eolas faoi na cearta atá acu, ar cearta iad dá bhforáiltear sa Rialachán seo, le go mbeidh siad in ann na cearta sin a fheidhmiú ar shlí éifeachtach.

(20)

Ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann a gcearta a fheidhmiú trí nósanna imeachta iomchuí um ghearáin, arna gcur chun feidhme ag iompróirí nó, de réir mar a bheidh, trí ghearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta arna ainmniú chuige sin ag an mBallstát ábhartha nó faoi bhráid na gcomhlachtaí arna n-ainmniú chuige sin ag an mBallstát ábhartha.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus ba cheart do na Ballstáit comhlacht iomchuí nó comhlachtaí iomchuí a ainmniú chun cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe a dhéanamh. Ní dhéantar difear leis seo do chearta paisinéirí sásamh dlí a lorg ó na cúirteanna faoin dlí náisiúnta.

(22)

Ag féachaint do na nósanna imeachta atá bunaithe ag Ballstát chun gearáin a chur isteach, ba cheart, de rogha, gearán faoi chúnamh a chur chuig an gcomhlacht arna ainmniú nó chuig na comhlachtaí arna n-ainmniú chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú sa Bhallstát a bhfuil an pointe bordála nó an pointe tuirlingthe suite ann.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go ndéanfar na pionóis sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon leibhéal cosanta agus cúnaimh atá coibhéiseach a áirithiú le haghaidh paisinéirí maidir le hiompar bus agus cóiste ar fud na mBallstát, a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta sin, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá sé leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá sé leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(25)

Níor cheart don Rialachán seo dochar a dhéanamh do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (8).

(26)

Ba cheart forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar i ndáil le cosaint tomhaltóirí) (9). Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán sin a leasú dá réir sin.

(27)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a shainaithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus aird á tabhairt freisin ar Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir dhaoine beag beann ar bhunadh ciníoch nó ar thionscnamh eitneach (10) agus ar Threoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (11),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha d'iompar bus agus d'iompar cóiste maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

neamh-idirdhealú idir phaisinéirí ó thaobh na gcoinníollacha iompair a chuireann iompróirí ar fáil dóibh;

(b)

cearta paisinéirí i gcás tionóiscí de bharr úsáid an bhus nó an chóiste a mbeidh bás nó díobháil phearsanta nó caillteanas bagáiste nó damáiste do bhagáiste mar thoradh air;

(c)

neamh-idirdhealú agus cúnamh sainordaitheach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(d)

na cearta a bheidh ag paisinéirí i gcás cealú nó moille;

(e)

an méid is lú faisnéis a bheidh le cur ar fáil do phaisinéirí;

(f)

láimhseáil gearán;

(g)

rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí a bheidh ag taisteal ar sheirbhísí rialta:

(a)

i gcás ina mbeidh pointe bordála an phaisinéara suite i gcríoch Bhallstáit; nó

(b)

i gcás ina mbeidh pointe bordála an phaisinéara suite lasmuigh de chríoch Bhallstáit agus pointe tuirlingthe an phaisinéara suite i gcríoch Bhallstáit.

2.   Ina theannta sin, cé is moite de Chaibidlí III go VI, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisineirí a bheidh ag taisteal le seirbhísí ócáideacha i gcás ina mbeidh pointe bordála tosaigh an phaisinéara nó pointe bordála deiridh an phaisinéara suite i gcríoch Ballstáit.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí rialta speisialta ná maidir le hoibríochtaí iompair ar chuntas an duine féin.

4.   Cé is moite d'Airteagal 4(2), Airteagal 9 agus Airteagal 10(1), féadfaidh na Ballstáit seirbhísí rialta uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha, lena n-áirítear seirbhísí trasteorann den chinéal sin, a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

5.   Cé is moite d'Airteagal 4(2), Airteagal 9 agus Airteagal 10(1), féadfaidh Ballstáit, ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, seirbhísí rialta baile a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.Féadfar díolúintí den sórt sin a dheonú ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana, ar tréimhse í a fhéadfar a athnuachan faoi dhó.

6.   Ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, féadfaidh Ballstát seirbhísí rialta faoi leith a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar feadh uastréimhse cúig bliana, de bhrí go ndéantar cuid shuntasach den tseirbhís rialta, lena n-áirítear stop sceidealta amháin, a oibriú lasmuigh den Aontas. Féadfar diolúintí den sórt sin a athnuachan.

7.   Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 4, mhír 5 agus mhír 6 do na cineálacha éagsúla seirbhísí. Déanfaidh an Coimisiún gníomhú mar is iomchuí, má mheastar nach bhfuil an díolúine sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Faoin … (12) cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis na díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 4, mhír 5 agus mhír 6.

8.   Ní thuigfear, maidir le ní ar bith de na nithe atá sa Rialachán seo, gurb ionann é agus ceanglais theicniúla lena bhforchuirtear oibleagáidí ar iompróirí ná ar chomhlachtaí bainistithe críochfort chun busanna nó cóistí nó bonneagar nó trealamh ag stadanna bus agus ag críochfoirt bus a mhodhnú ná busanna nó cóistí nó bonneagar nó trealamh a chur ina n-ionad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘seirbhísí rialta’ seirbhísí lena bhforáiltear d'iompar paisinéirí de bhus nó de chóiste ag eatraimh shonraithe ar feadh bealaí sonraithe agus do bhailiú agus scaoileadh amach paisinéirí ag pointí réamhshocraithe stad;

(b)

ciallaíonn ‘seirbhísí rialta speisialta’ seirbhísí rialta, le cibé duine a dhéanfaidh iad a eagrú, lena bhforáiltear d'iompar de bhus nó de chóiste maidir le catagóirí sonraithe paisinéirí agus paisinéirí eile á n-eisiamh;

(c)

ciallaíonn ‘oibríochtaí iompair ar chuntas an duine féin’ oibríochtaí arna gcur i gcrích de bhus nó de chóiste chun críocha neamhthráchtála, neamhbhrabúsacha ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar dá réir:

nach mbeidh sa ghníomhaíocht ach gníomhaíocht choimhdeach don duine nádúrtha sin nó don duine dlítheanach sin, agus

gur leis an duine nádúrtha nó leis an duine dlítheanach na feithiclí a bheidh á n-úsáid nó gur trí théarmaí iarchurtha a fuair sé iad nó go raibh siad faoi réir conartha léasúcháin fadtéarma agus maidir leis na daoine a bheidh á dtiomáint, gur duine d'fhoireann an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh a bheidh i gceist, nó an duine dlítheanach féin nó pearsanra a bheidh á bhfostú ag an ngnóthas faoi oibleagáid chonarthach nó gur feithiclí a chuirfear ar láimh an ghnóthais faoi oibleagáid chonarthach iad;

(d)

ciallaíonn ‘seirbhísí ócáideacha’ seirbhísí nach dtagann faoin sainmhíniú ar sheirbhísí rialta agus arb iad a bpríomhthréithe grúpaí de phaisinéirí arna gcur le chéile ar thionscnamh an chustaiméara nó an iompróra é féin a iompar de bhus nó de chóiste;

(e)

ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh iompair idir iompróir agus paisinéir chun seirbhís rialta amháin nó níos mó a sholáthar nó chun seirbhís ócáideach nó níos mó a sholáthar;

(f)

ciallaíonn ‘ticéad’ doiciméad bailí nó fianaise eile ar chonradh iompair;

(g)

ciallaíonn ‘iompróir’ duine nádúrtha nó dlítheanach seachas oibreoir turas nó díoltóir ticéad, a mbíonn iompar trí sheirbhísí rialta nó trí sheirbhísí ócáideacha á dtairiscint aige;

(h)

ciallaíonn ‘iompróir feidhmitheach’ duine nádúrtha nó dlítheanach seachas an t-iompróir, a dhéanann an tseirbhís iompair iomlán nó cuid di a fheidhmiú iarbhír;

(i)

ciallaíonn ‘díoltóir ticéad’ aon idirghabhálaí a dhéanann conarthaí iompair thar ceann iompróra;

(j)

ciallaíonn ‘gníomhaire taistil’ aon idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar ceann paisinéara chun conarthaí iompair a dhéanamh;

(k)

ciallaíonn ‘tionscnóir turas’ eagraí, seachas iompróir, de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir 90/314/CEE;

(l)

ciallaíonn ‘duine atá faoi mhíchumas’ nó ‘duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghduithe’ aon duine a mbíonn a shoghluaisteacht laghdaithe nuair a bhíonn modh iompair á úsáid aige de bharr aon mhíchumais choirp (míchumas céadfach nó gluaisluaile, buan nó sealadach), de bharr míchumais nó mallachair intleachta, de bharr cúis mhíchumais ar bith eile nó de bharr aoise, agus ar gá aird iomchuí a thabhairt ar a chás agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil do na paisinéirí uile a oiriúnú dá riachtanais ar leith;

(m)

ciallaíonn ‘coinníollacha rochtana’ caighdeáin, treoirlínte agus faisnéis ábhartha i dtaobh inrochtaine busanna agus/nó críochfort ainmnithe lena n-áirítear na saoráidí atá acu do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(n)

ciallaíonn ‘áirithint’ suíochán a chur in áirithe ar bord bus nó cóiste do sheirbhís rialta ag am imeachta sonrach;

(o)

ciallaíonn ‘críochfort’ críochfort a bhfuil foireann ann, agus a bhfuil sé sceidealta, i gcomhréir leis an mbealach arna shonrú, go stopfadh seirbhís rialta ann le haghaidh bordála agus tuirlingthe paisinéirí, agus ar críochfort é atá feistithe le saoráidí amhail cuntar seiceála isteach, seomra feithimh nó oifig ticéad;

(p)

ciallaíonn ‘stad bus’ aon phointe seachas críochfort a bhfuil sé sceidealta, i gcomhréir leis an mbealach sonraithe, go stopfadh seirbhís rialta ann le haghaidh bordála paisinéirí agus tuirlingthe paisinéirí;

(q)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistithe críochfoirt’ eintiteas eagraíochtúil i mBallstát atá freagrach as críochfort ainmnithe a bhainistiú;

(r)

ciallaíonn ‘cealú’ nach ndéanfaí seirbhís a bhí sceidealta roimhe sin a oibriú;

(s)

ciallaíonn ‘moill’ an difríocht atá idir an t-am a raibh sé sceidealta go n-imeodh seirbhís agus an t-am ar imigh sí iarbhír.

Airteagal 4

Ticéid agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha conarthacha

1.   Déanfaidh iompróirí ticéad a sholáthair don phaisinéir mura mbeidh teidlíocht iompair á tabhairt le doiciméid eile. Féadfar ticéad a eisiúint i bhformáid leictreonach.

2.   Gan dochar do tharaifí sóisialta, déanfar na coinníollacha conarthacha agus na taraifí a bheidh á gcur i bhfeidhm ag iompróirí a thairiscint don phobal i gcoitinne gan idirdhealú díreach ná indíreach bunaithe ar náisiúntacht an chustaiméara dheiridh ná bunaithe ar áit bhunaíochta na n-iompróirí nó na ndíoltóirí ticéad laistigh den Aontas.

Airteagal 5

Páirtithe feidhmitheacha eile

1.   Má cuireadh feidhmiú na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo de chúram ar iompróir feidhmitheach, ar dhíoltóir ticéad nó ar aon duine eile, beidh an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an comhlacht bainistithe críochfoirt a chuir na hoibleagáidí sin air, faoi dhliteanas fós maidir le gníomhartha agus neamhghníomhartha an pháirtí fheidhmithigh sin.

2.   Ina theannta sin, beidh an páirtí ar chuir an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an t-oibreoir críochfoirt feidhmiú oibleagáide de chúram air, faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo i dtaca leis an oibleagáid a cuireadh faoina chúram.

Airteagal 6

Tarscaoileadh a eisiamh

1.   Ní dhéanfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó trí chlásal sriantach sa chonradh iompair.

2.   Féadfaidh iompróirí coinníollacha conarthacha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

CAIBIDIL II

CÚITEAMH AGUS CÚNAMH I GCÁS TIMPISTÍ

Airteagal 7

Bás nó díobháil phearsanta do phaisinéirí agus caillteanas bagáiste nó damáiste do bhagáiste

1.   I gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, beidh paisinéirí i dteideal cúiteamh a fháil i gcomhair báis nó díobhála pearsanta chomh maith le caillteanas bagáiste nó damáiste do bhagáiste a bheidh mar thoradh ar thimpistí a thig ó bhus nó ó chóiste a úsáid. i gcás báis phaisinéara, beidh feidhm ag an gceart ar a laghad do dhaoine a raibh an dualgas dlí orthu daoine a chothabháil nó a d'fhéadfadh an dualgas dlí a bheith orthu daoine a chothabháil.

2.   Is i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme a dhéanfar méid an chúitimh a ríomh. Aon uasteorainn dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta le cúiteamh le haghaidh báis nó díobhála pearsanta, ní lú ná an méid seo a leanas í ag gach ócáid ar leith:

(a)

EUR 220 000 in aghaidh an phaisinéara;

(b)

maidir le seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha rialta nó seirbhísí ócáideacha, EUR 500 in aghaidh gach míre bagáiste, agus maidir le gach seirbhís rialta nó ócáideach eile, EUR 1 200 in aghaidh gach míre bagáiste. I gcás damáiste do chathaoireacha rothaí, do threalamh soghluaisteachta eile nó d'fheistí cúnaimh eile, beidh an cúiteamh i gcónaí ar cóimhéid leis an gcostas atá ar an trealamh a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó a athsholáthar nó a dheisiú.

Airteagal 8

Riachtanais phraiticiúla láithreacha na bpaisinéirí

I gcás ina dtarlóidh timpiste a thig ó úsáid an bhus nó an chóiste, cuirfidh an t-iompróir cúnamh réasúnach ar fáil maidir le riachtanais phraiticiúla láithreacha na bpaisinéirí tar éis na timpiste. Ní hionann cúnamh agus dliteanas a aithint.

CAIBIDIL III

CEARTA DAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 9

An ceart chun iompair

1.   Ní dhiúltóidh iompróirí, gníomhairí taistil ná tionscnóirí turas áirithint a ghlacadh, ticéad a eisiúint ná ticéad a chur ar fáil ar dhóigh eile ná daoine a thógáil ar bord ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe.

2.   Tairgfear áirithintí agus ticéid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan costas breise.

Airteagal 10

Eisceachtaí agus coinníollacha speisialta

1.   D'ainneoin Airteagal 9(1), féadfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas a dhiúltú, sna cásanna seo a leanas, áirithint a ghlacadh ó dhuine, ticéad a eisiúint do dhuine nó ticéad a chur ar fáil dó ar dhóigh eile, nó duine a thógáil ar bord, ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe:

(a)

d'fhonn na ceanglais sábháilteachta is infheidhme arna mbunú ag an dlí idirnáisiúnta, ag dlí an Aontais nó ag an dlí náisiúnta a chomhlíonadh nó d'fhonn na ceanglais sláinte agus sábháilteachta arna mbunú ag na húdaráis inniúla a chomhlíonadh;

(b)

i gcás, de bharr dhearadh na feithicle nó de bharr an bhonneagair, lena n-áirítear na stadanna bus agus na críochfoirt, go mbeidh sé dodhéanta an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a thógáil ar bord nó an duine sin a chur ó bhord nó a iompar i slí a bheadh sábháilte agus a bheadh indéanta go hoibríochtúil.

2.   I gcás ina ndiúltófar áirithint a ghlacadh nó ticéad a eisiúint nó a chur ar fáil ar dhóigh eile ar na forais dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas iarrachtaí réasúnacha an duine a chur ar an eolas maidir le seirbhís inghlactha mhalartach arna hoibriú ag an iompróir.

3.   Má dhiúltaítear, mar sin féin, cead bordála, ar fhorais a mhíchumais nó a shoghluaisteachta laghdaithe, do dhuine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, a bhfuil áirithint nó ticéad ina sheilbh aige agus a bhfuil riachtanais Airteagal 14(1)(a) comhlíonta aige, tabharfar rogha, de bhun mhír 4 den Airteagal seo, don duine sin agus d'aon duine a bheidh á thionlacan idir na roghanna seo a leanas:

(a)

an ceart chun aisíocaíocht a fháil ar luach an ticéid agus, i gcás inarb ábhartha, seirbhís fillte saor in aisce chuig an gcéad phointe imeachta, mar a leagtar amach sa chonradh iompair é, a luaithe is féidir; agus

(b)

seachas i gcás nach mbeadh sé indéanta, leanúint den turas nó athródu a chur ar fáil trí sheirbhísí réasúnacha eile iompair chuig an gceann scríbe, mar atá sé leagtha amach sa chonradh iompair.

Ní dhéanfar difear don cheart aisíoc a fháil ar an airgead arna íoc ar an ticéad trí mhainneachtain fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(a).

4.   Faoi na coinníollacha céanna atá leagtha amach i mír 1(a), féadfaidh iompróir, gníomhaire taistil nó tionscnóir turas a cheangal go rachaidh daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcuideachta duine eile a bheidh in ann cúnamh a thabhairt don duine atá faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, má tá dianghá leis sin. Iomprófar an duine tionlacain sin saor in aisce agus, i gcás inarb indéanta, agus é suite taobh leis an duine faoi mhíchumas nó leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe.

5.   Nuair a rachaidh iompróirí, gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas ar iontaoibh mhír 1, cuirfidh siad na cúiseanna atá leis sin in iúl láithreach don duine faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, nó arna iarraidh sin, cuirfidh siad in iúl i scríbhinn don duine lena mbaineann laistigh de chúig lá oibre iad.

Airteagal 11

Inrochtaineacht agus faisnéis

1.   I gcomhar le heagraíochtaí atá ionadaíoch ar dhaoine atá faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, déanfaidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt, trína n-eagraíochtaí i gcás inarb iomchuí, coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana a bhunú maidir le hiompar daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó beidh na coinníollacha sin i bhfeidhm acu.

2.   Maidir leis na coinníollacha rochtana dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh na hiompróirí agus na hoibreoirí críochfoirt ar fáil go fisiciúil nó ar an Idirlíon iad sna teangacha arb iontu a dhéantar an fhaisnéis a chur ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir.

3.   Cuirfidh tionscnóirí turas na rialacha ar fáil dá bhforáiltear i mír 1 agus atá infheidhme maidir le turais arna n-áireamh sa taisteal láneagraithe, sna saoirí láneagraithe agus sna turais láneagraithe a eagraíonn siad, a dhíolann siad nó a thairgeann siad lena ndíol.

4.   Déanfar an fhaisnéis maidir le coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a dháileadh go fisiciúil arna iarraidh sin don phaisinéir.

5.   Déanfaidh iompróirí, gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha ghinearálta ar fad faoi na coinníollacha iompair, faoin turas agus faoi na coinníollacha rochtana a chur ar fáil i bhformáidí a bheidh iomchuí agus a bheidh inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, áirithintí agus faisnéis ar líne. Dáilfear an fhaisnéis go fisiciúil arna iarraidh sin don phaisinéir.

Airteagal 12

Críochfoirt a ainmniú

Ainmneoidh na Ballstáit críochfoirt bus agus cóiste ina dtabharfar cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus do daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil ar an idirlíon liosta de na críochfoirt ainmnithe do bhusanna agus do chóistí.

Airteagal 13

An ceart chun cúnaimh ag críochfoirt ainmnithe agus ar bhusanna agus ar chóistí

1.   Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 11(1), déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfort cúnamh a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, saor in aisce, laistigh dá gcuid réimsí inniúlachta faoi seach, ag críochfoirt arna n-ainmniú ag an mBallstát, ar cúnamh é a shonraítear i gcuid (a) d'Iarscríbhinn I.

2.   Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 11(1), déanfaidh iompróirí cúnamh a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, saor in aisce ar bhusanna agus ar chóistí, ar cúnamh é a shonraítear i gcuid (b) d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 14

Coinníollacha faoina gcuirtear cúnamh ar fáil

1.   Comhoibreoidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt d'fhonn cúnamh a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar choinníoll:

(a)

go gcuirfear an gá atá ag an duine leis an gcúnamh sin in iúl d'iompróirí, do chomhlachtaí bainistithe críochfort, do ghníomhairí taistil nó tionscnóirí turas, dhá lá oibre ar a dhéanaí, sula mbeidh an cúnamh ag teastáil; agus

(b)

go gcuirfidh na daoine lena mbaineann iad féin i láthair ag an bpointe ainmnithe:

i)

tráth a sonróidh an t-iompróir roimh ré nach luaithe é ná 60 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe; nó

ii)

mura mbeidh am ar bith sonraithe, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe.

2.   I dteannta mhír 1, tabharfaidh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe fógra don iompróir, don ghníomhaire taistil nó don tionscnóir turas faoi na riachtanais shonracha maidir le suíocháin, tráth a mbeidh an áirithint á déanamh nó tráth a mbeidh an ticéad á réamhcheannach, ar choinníoll go bhfuil siad ar an eolas faoin riachtanas ag an am sin.

3.   Déanfaidh iompróirí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas na bearta uile is gá le go mbeidh sé níos éasca fógraí a fháil ó dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoin ngá atá acu le cúnamh. Beidh feidhm ag an oibleagáid seo ag na críochfoirt ainmnithe uile agus ag a ndíolphointí, lena n-áirítear díolachán ar an nguthán agus ar líne.

4.   Mura ndéanfar fógra ar bith i gcomhréir le mír 1(a) agus le mír 2, déanfaidh iompróirí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas gach iarracht réasúnach chun a áirithiú go gcuirfear an cúnamh ar fáil ar bhealach go mbeidh an duine faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe in ann dul ar bord ar an tseirbhís imeachta, athrú chuig an tseirbhís chomhfhreagrach nó tuirlingt den tseirbhís teachta ar cheannaigh sé ticéad di.

5.   Déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt pointe a ainmniú, laistigh den chríochfort nó lasmuigh dó, ina bhféadfadh daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a fhógairt go bhfuil siad tagtha agus ina bhféadfadh siad cúnamh a lorg. Beidh comharthaíocht shoiléir ann chuig an bpointe agus cuirfear faisnéis bhunúsach ar fáil léi, i bhformáidí inrochtana, faoin gcríochfort agus faoin gcúnamh atá ar fáil ann.

Airteagal 15

Faisnéis a tharchur go tríú páirtí

Má fhaigheann gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas fógra dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(a), déanfaidh siad an fhaisnéis a sheachadadh a luaithe is féidir chuig an iompróir nó chuig an gcomhlacht bainistithe críochfoirt, laistigh dá ngnáthuaireanta oifige.

Airteagal 16

Oiliúint

1.   Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, i gcás inarb iomchuí, nósanna imeachta oiliúna a bhaineann le míchumas, lena n-áirítear treoracha, a bhunú, agus áiritheoidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go gcuirfear oiliúint ar a bpearsanra, seachas tiománaithe, lena n-áirítear pearsanra atá fostaithe ag aon pháirtí feidhmitheach eile, a mbeidh cúnamh díreach á sholáthar aige do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn II, cuid a) agus cuid b); nó go dtabharfar treoir dóibh; agus

(b)

go gcuirfear oiliúint ar a bpearsanra, lena n-áirítear tiománaithe, a dhéileálann go díreach leis an bpobal atá ag taisteal, nó le saincheisteanna a bhaineann leis an bpobal atá ag taisteal, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn II, cuid a) nó go dtabharfar treoir dóibh.

2.   Féadfaidh Ballstát, go ceann uastréimhse dhá bhliain ón … (13) díolúine a dheonú ó chur i bhfeidhm mhír (1)(b) maidir le hoiliúint a chur ar thiománaithe.

Airteagal 17

Cúiteamh i leith cathaoireacha rothaí agus trealaimh eile ghluaiseachta

1.   Beidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt faoi dhliteanas, i gcás inarbh iad ba chúis le caillteanas cathaoireacha rothaí, trealaimh soghluaisteachta nó feistí cúnta nó le damáiste a dhéanamh dóibh, a tharlaíonn de dheasca an tsoláthair le haghaidh cúnaimh. Déanfaidh an t-iompróir nó an comhlacht bainistithe críochfoirt a bheidh faoi dhliteanas an caillteanais nó an damáiste sin a chúiteamh.

2.   Beidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 ar cóimhéid le costas an trealaimh nó le costas na bhfeistí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

3.   I gcás inar gá, déanfar gach iarracht trealamh sealadach athsholáthair nó feistí sealadacha athsholáthair a chur ar fáil go tapa. I gcás inar féidir sin, beidh gnéithe teicniúla agus feidhmiúla ag cathaoireacha rothaí, ag trealamh soghluaisteachta nó ag feistí cúnta eile ar gnéithe iad a bheidh comhchosúil le gnéithe iad siúd a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

Airteagal 18

Díolúintí

1.   Gan dochar d'Airteagal 2(4), féadfaidh Ballstáit seirbhísí rialta intíre a dhíolmhú ó chur chun feidhme fhorálacha uile na Caibidle seo, nó roinnt díobh, ar choinníoll go gcinnteoidh siad go bhfuil an leibhéal cosanta maidir le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoina rialacha náisiúnta, ar a laghad ar aon dul leis an leibhéal cosanta atá faoin Rialachán seo.

2.   Cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí, má mheastar nach bhfuil an díolúine sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 1, faoin … (14).

CAIBIDIL IV

CEARTA PAISINÉIRÍ I GCÁS CEALÚ NÓ MOILLE

Airteagal 19

Leanúint ar aghaidh, athródú agus aisíocaíocht

1.   I gcás ina measfaidh iompróir go réasúnach go gcuirfear seirbhís rialta ar ceal nó go gcuirfear moill níos mó ná 120 nóiméad ar an imeacht ó chríochfort, tabharfar rogha láithreach don phaisinéir idir an méid seo a leanas:

(a)

leanúint ar aghaidh nó athródú, chuig an gceann scríbe deiridh, faoi choinníollacha inchomparáide, mar a leagtar amach sa chonradh iompair, a luaithe is féidir;

(b)

aisíocaíocht ar luach an ticéid agus, i gcás ina mbeidh sé ábhartha, seirbhís fillte saor in aisce ar an mbus nó ar an gcóiste chuig an gcéad phointe imeachta, mar a leagtar amach sa chonradh iompair, a luaithe is féidir.

2.   I gcás ina ndéanfar seirbhís rialta a chur ar ceal nó i gcás ina mbeidh moill níos mó ná 120 nóiméad uirthi imeacht ó stad bus, beidh ag paisinéir an ceart leanúint ar aghaidh, nó athrodú nó aisíocaíocht ar luach an ticéid a fháil ón iompróir.

3.   Déanfar an aisíocaíocht dá bhforáiltear i mír 1(b) agus i mír 2 laistigh de 14 lá tar éis an tairscint a dhéanamh nó an iarraidh a fháil. Cumhdóidh an íocaíocht costas iomlán an ticéid ag an bpraghas a ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna den turas nach ndearnadh, agus don chuid nó do na codanna a rinneadh cheana féin más rud é nach bhfuil cuspóir ar bith leis an turas a thuilleadh i leith phlean taistil bhunaidh an phaisinéara. I gcás pasanna taistil nó ticéad séasúir beidh an íocaíocht ar cóimhéid leis an gcuid chomhréireach de chostas iomlán an phas nó an ticéid. Déanfar an aisíocaíocht le hairgead, mura nglacann an paisinéir le haon chineál eile aisíocaíochta.

Airteagal 20

Faisnéis

1.   I gcás ina gcealófar imeacht seirbhíse rialta, nó ina gcuirfear moill air, déanfaidh na hiompróirí, nó an comhlacht bainistithe críochfoirt, i gcás inarb iomchuí, na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó na críochfoirt a chur ar an eolas faoin staid a luaithe is féidir, agus ar aon chuma, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis an ama imeachta a bheidh sceidealta, agus faoin am imeachta measta, a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

2.   Má chailleann paisinéirí nascsheirbhís de réir an amchláir de bharr cealú nó de bharr moille, déanfaidh an t-iompróir nó, an comhlacht bainistithe críochfoirt, i gcás inarb iomchuí, gach iarracht réasúnach na paisinéirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoi naisc mhalartacha.

3.   Déanfaidh an t-iompróir nó an comhlacht bainistithe críochfoirt a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, gur i bhformáidí inrochtana a gheobhaidh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 2.

Airteagal 21

Cúnamh i gcás imeachtaí ar cuireadh moill orthu nó a cealaíodh

Le haghaidh turas a bhfuil fad sceidealta níos mó ná trí huaire an chloig ag baint leis, déanfaidh an t-iompróir, i gcás cealú nó moille maidir le himeacht ón gcríochfort níos mó ná dhá uair an chloig, an méid seo a leanas a thairiscint saor in aisce don phaisinéir:

(a)

sneaiceanna, béilte nó sóláistí i gcoibhneas réasúnach leis an tréimhse a bheidh siad ag feitheamh nó a bheidh an mhoill orthu, ar choinníoll go bhfuil siad ar fáil ar an mbus nó sa chríochfort, nó más féidir iad a sholáthar go réasúnach;

(b)

cúnamh chun óstlann nó cóiríocht eile a fháil chomh maith le cúnamh chun iompar a shocrú idir an críochfort agus áit na cóiríochta i gcásanna ina mbeidh gá le fanacht oíche amháin nó níos mó riachtanach.

Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, tabharfaidh an t-iompróir aird ar leith ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus duine ar bith eile a bheidh á dtionlacan.

Airteagal 22

Éilimh bhreise

Ní choiscfidh ní ar bith sa Chaibidil seo ar phaisinéirí damáistí a lorg os comhair cúirteanna náisiúnta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i leith caillteanais de thoradh cealú nó moille maidir le seirbhísí rialta.

CAIBIDIL V

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS AGUS LE GEARÁIN

Airteagal 23

Ceart chun faisnéise maidir le taisteal

Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, cuirfidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt faisnéis leordhóthanach ar fáil do phaisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal. I gcás inarb indéanta, is i bhformáidí a bheidh inrochtana a chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil arna iarraidh sin.

Airteagal 24

Faisnéis maidir le cearta paisinéirí

1.   Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, a áirithiú go gcuirtear faisnéis iomchuí agus oiriúnach maidir lena gcearta faoin Rialachán seo ar fáil ar a dhéanaí do phaisinéirí ag imeacht dóibh ón gcríochfort. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil ag críochfoirt agus i gcás inarb infheidhme, ar an Idirlíon. Ar iarratas ó dhuine atá faoi mhíchumas nó ó dhuine a bhfuil a shoghluaiseacht laghdaithe, is i bhformáid inrochtana a chuirfear an fhaisnéis ar fáil. Cuimseoidh an fhaisnéis sin sonraí teagmhála an chomhlachta nó sonraí teagmhála na gcomhlachtaí forfheidhmithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 27(1).

2.   Chun an ceanglas maidir le faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, féadfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt úsáid a bhaint as achoimre d'fhorálacha an Rialacháin seo arna hullmhú ag an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh, arb achoimre í a chuirfear ar fáil dóibh.

Airteagal 25

Gearáin

Bunóidh iompróirí sásra chun gearáin a láimhseáil nó beidh sásra chun gearáin a láimhseáil i bhfeidhm acu maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4, in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 go hAirteagal 24.

Airteagal 26

Gearáin a thíolacadh

Más mian le paisinéir a chumhdaítear leis an Rialachán seo gearán a dhéanamh leis an iompróir i dtaca le hAirteagal 4, le hAirteagal 8 nó le hAirteagal 9 go go hAirteagal 24 den Rialachan seo, cuirfidh sé isteach é laistigh de thrí mhí ón dáta ar feidhmíodh an tseirbhís nó ón dáta a raibh sé ceaptha an tseirbhís a fheidhmiú. Laistigh d'aon mhí amháin ón dáta a bhfaighidh an t-iompróir gearán, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir gur cuireadh bunús lena ghearán, gur diúltaíodh don ghearán nó go bhfuil sé fós á bhreithniú. Ní faide ná trí mhí ón dáta a bhfuarthas an gearán an tréimhse chun an freagra deiridh a chur ar fáil.

CAIBIDIL VI

FORFHEIDHMIÚ AGUS COMHLACHTAÍ NÁISIÚNTA FORFHEIDHMITHE

Airteagal 27

Comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí nua nó comhlacht nó comhlachtaí a bhí ann cheana féin mar chomhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le seirbhísí rialta as pointí atá suite ina gcríoch agus maidir le seirbhísí rialta ó thríú tír chuig na pointí sin. Glacfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

Beidh gach comhlacht neamhspleách ar iompróirí, ar thionscnóirí turas agus ar chomhlachtaí críochfoirt, ó thaobh eagrúcháin de, ó thaobh cinntí i leith maoinithe, ó thaobh a struchtúir dhlíthiúil agus ó thaobh cinnteoireachta de.

2.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.   Féadfaidh paisinéir ar bith gearán a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leis an gcomhlacht iomchuí a ainmneofar faoi mhír 1, nó le comhlacht iomchuí ar bith eile a ainmneoidh Ballstát, maidir le haon sárú líomhnaithe ar an Rialachán seo.

Féadfaidh Ballstát a chinneadh:

(a)

go gcuirfidh an paisinéir, mar chéad chéim, gearán i dtaca le hAirteagal 4, le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 go hAirteagal 24 faoi bhráid an iompróra; agus/nó

(b)

go ngníomhóidh an comhlacht náisiúnta um fhorfheidhmiú nó aon chomhlacht iomchuí eile a ainmneoidh an Ballstát mar chomhlacht achomhairc i gcás gearán nár réitíodh faoi Airteagal 26.

Airteagal 28

Tuarascáil ar fhorfheidhmiú

Faoin 1 Meitheamh … (15) agus gach ré bliain ina dhiaidh sin, foilseoidh na comhlachtaí forfheidhmithe a ainmneofar de bhun Airteagal 27(1) tuarascáil maidir lena ndearna siad sa dá bhliain féilire roimhe sin, ar tuarascáil í ina mbeidh, inter alia, cur síos ar na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, agus staitisticí maidir leis na gearáin agus maidir leis na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm.

Airteagal 29

Comhar idir comhlachtaí forfheidhmithe

Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta um fhorfheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 27(1) faisnéis a mhalartú, aon uair is iomchuí, faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail cinnteoireachta agus faoina gcleachtais cinnteoireachta. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh sa chúram seo.

Airteagal 30

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforálfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin faoin … (16) agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Tuarascáil

Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin … (17), faoi fheidhmiú agus faoi iarmhairtí an Rialacháin seo. Gabhfaidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, leis an tuarascáil lena gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme le tuilleadh mionsonraí, nó lena leasófar é.

Airteagal 32

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

Cuirtear an pointe seo a leanas leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004:

‘18.

Rialachán (AE) Uimh …/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste (18)

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil anAontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón … (19).

Airteagal 34

Foilsiú

Foilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán


(1)  Tuairim an 16 Iúil 2009 (IO C 317, 23.12.2009, lch. 99).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), seasamh ón gComhairle an 11 Márta 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 263, 7.10.2009, lch. 11.

(4)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.

(5)  IO L 177, 4.7.2008, lch. 6.

(6)  IO L 226, 10.9.2003, lch. 4.

(7)  IO L 158, 23.6.1990, lch. 59.

(8)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(9)  IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

(10)  IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.

(11)  IO L 373, 21.12.2004, lch. 37.

(12)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(13)  Cuir isteach, le do thoil, dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(14)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(15)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus dhá bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)  Cuir isteach, le do thoil, dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)  IO …’.

(19)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus dhá bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN I

Cúnamh a sholáthrófar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

a)   Cúnamh ag críochfoirt ainmnithe

Cúnamh agus socruithe is gá le cur ar chumas daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

a chur in iúl go bhfuil siad tagtha ag an gcríochfort agus iarratas ar chúnamh a dhéanamh ag pointí arna n-ainmniú;

dul ón bpointe arna ainmniú chuig an gcuntar cláraithe, an seomra feithimh agus an áit bordála.

an fheithicil a bhordáil, agus ardaitheoirí, cathaoireacha rothaí nó cúnamh eile atá ag teastáil á soláthar, de réir mar is cuí;

a mbagáiste a luchtú;

a mbagáiste a aisghabháil;

tuirlingt den fheithicil;

dul ar bord bus nó cóiste le madra cúnta aitheanta;

dul ar aghaidh chuig an suíochán;

b)   Cúnamh ar bord

Cúnamh agus socruithe is gá le cur ar chumas daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

faisnéis riachtanach i bhformáidí inrochtana a bhaineann le turas a fháil faoi réir iarrata arna déanamh ag paisinéir;

dul ar bord/tuirlingt i rith sosanna i dturas, má tá pearsanra seachas an tiománaí ar bord.


IARSCRÍBHINN II

Oiliúint a bhaineann le cúrsaí míchumas

a)   Oiliúint ar fheasacht mhíchumais

Áirítear an méid seo a leanas le hoiliúint foirne a dhéileálann go díreach le taistealaithe:

feasacht agus freagairtí iomchuí ar phaisinéirí a bhfuil míchumas coirp, míchumas céadfach (éisteachta agus amhairc), míchumas folaithe nó míchumas foghlama ag dul dóibh, lena n-áirítear conas idirdhealú a dhéanamh idir cumas éagsúil na ndaoine a bhféadfadh a soghluaisteacht, a dtreoshuíomh nó a gcumarsáid a bheith laghdaithe;

na bacainní ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear bacainní dearcaidh, timpeallachta/fisiciúla nó eagraíochtúla;

madraí cúnta aitheanta, lena n-áirítear an ról agus na riachtanais atá ag madra cúnta;

a bheith ag déileáil le teagmhais gan choinne;

scileanna idirphearsanta agus modhanna cumarsáide leis na bodhair agus le daoine lagéisteachta, le daoine lagamhairc, le daoine le hurlabhra lagaithe agus le daoine a bhfuil míchumas foghlama ag dul dóibh;

conas cathaoireacha rothaí agus áiseanna eile soghluaisteachta a láimhseáil chun damáiste a sheachaint (más ann dóibh, le haghaidh na foirne uile atá freagrach as láimhseáil bagáiste).

b)   Oiliúint maidir le cúnamh míchumais

Le hoiliúint foirne a thugann cúnamh go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, áirítear na nithe seo a leanas:

conas cabhrú le lucht úsáide cathaoireacha rothaí aistriú isteach agus amach as cathaoir rothaí;

scileanna chun cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe atá ag taisteal le madra cúnta aitheanta, lena n-áirítear ról agus riachtanais na madraí sin;

teicníochtaí maidir le daoine lagamhairc a thionlacan agus maidir le madraí cúnta aitheanta a láimhseáil agus a iompar;

tuiscint ar na cineálacha trealaimh ar féidir leo cabhrú le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus eolas faoi conas an trealamh sin a láimhseáil;

úsáid a bhaint as an trealamh cúnta bordála agus tuirlingthe a úsáidtear agus eolas ar na nósanna imeachta iomchuí do chúnamh bordála agus tuirlingthe a dhéanann sábháilteacht agus dínit na ndaoine faoi mhíchumas agus na ndaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a choimirciú;

tuiscint ar an ngá atá le cúnamh iontaofa gairmiúil. A bheith feasach freisin go bhféadfadh paisinéirí áirithe atá faoi mhíchumas a bheith soghonta le linn dóibh a bheith ag taisteal toisc iad a bheith ag brath ar an gcúnamh a chuirtear ar fáil;

eolas ar gharchabhair.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 4 Nollaig 2008, thíolaic an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na cearta a bhíonn ag paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (1).

An 23 Aibreán 2009, vótáil Parlaimint na hEorpa ar a tuairim ar an gcéad léamh (2).

An 17 Nollaig 2009, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an dréacht-Rialachán. Tar éis an t-athbhreithniú dlíthiúil agus teangeolaíoch a bheith déanta, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh an 11 Márta 2010, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach atá leagtha síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Agus a cuid oibre á cur i gcrích aici, chuir an Chomhairle tuairim an Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta san áireamh. Níor theastaigh ó Choiste na Réigiún aon tuairim a thabhairt uaidh.

II.   ANAILÍS AR AN SEASAMH AR AN gCÉAD LÉAMH

1.   Ginearálta

Cuid de chuspóir ginearálta an Aontais Eorpaigh a áirithiú go gcaithfear go comhionann leis na paisinéirí uile, beag beann ar an modh iompair atá roghnaithe acu, is ea an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na cearta a bhíonn ag paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste. Tá reachtaíocht dá samhail glactha cheana féin i dtaca le paisinéirí agus iad ag taisteal d'aer (3) nó d'iarnród (4). Tá forálacha sa togra maidir leis an dliteanas i gcás báis nó díobhála do phaisinéirí agus i gcás ina gcailltear bagáiste nó ina ndéantar dochar dá mbagáiste, na réitigh a dhéanfar go huathoibríoch nuair a chuirfear isteach ar thaisteal, an tslí a láimhseáilfear gearáin agus a gceartófar iad, faisnéis do phaisinéirí agus tionscnaimh eile. Ina theannta sin, leagtar síos leis an togra rialacha maidir le faisnéis agus maidir le cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (DSLanna).

Cé gur aontaigh an Chomhairle leis an gCoimisiún maidir le cuspóir an togra, tá oiriúnuithe móra ar an mbuntogra i gceist le cur chuige na Comhairle. Níorbh inghlachta roinnt de na forálacha a bhí á mbeartú toisc go mbeadh ualach róthrom riaracháin i gceist leo agus costais dá bharr ar na hiompróirí agus ar lucht riaracháin náisiúnta, gan aon bhreisluach a bheith á thabhairt do phaisinéirí lena gcúiteofaí na míbhuntáistí sin. Rinneadh athdhréachtú ar roinnt forálacha eile agus aird á tabhairt ar na reachtaíochtaí éagsúla atá sna Ballstáit, ionas nach mbeadh an togra le haghaidh Rialacháin ag teacht salach ar an reachtaíocht náisiúnta ná ar an reachtaíocht Eorpach atá ann cheana. Chomh maith leis sin, rinneadh athdhréachtú ar fhorálacha eile chun an Rialachán a shimpliú agus a shoiléiriú.

Mar thoradh ar an gcur chuige sin, le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, déantar an buntogra ón gCoimisiún a mhodhnú go pointe áirithe trí athdhréachtú a dhéanamh air agus trí roinnt forálacha de a scriosadh. Ciallaíonn sé sin nár ghlac an Chomhairle le haon cheann de na leasuithe a cuireadh isteach le tuairim chéad léamh Pharlaimint na hEorpa maidir leis na forálacha sin a scriosadh.

Is é is aidhm don Chomhairle, maidir leis an togra seo, teacht ar réiteach cothromúil lena gcuirfí san áireamh na cearta a bhíonn ag paisinéirí mar aon leis an ngá atá ann le hinmharthanacht eacnamaíoch na n-oibreoirí i dtionscal na mbusanna agus na gcóistí a áirithiú, ar tionscal é inarb é gnólachtaí beaga agus meánmhéide a bhunáite, agus, dá bhrí sin, rinne sí leasú 3 na Parlaiminte Eorpaí a chur isteach ina seasamh ar an gcéad léamh.

2.   Príomh-shaincheisteanna beartais

i)   Raon feidhme

I gcéad togra an Choimisiúin, ba é a bhí i gceist go mbeadh feidhm ghinearálta ag an Rialachán maidir le paisinéirí a bheadh á n-iompar ag gnólachtaí busanna agus cóistí trí mheán seirbhísí rialta. Ní raibh de chead ag na Ballstáit rud ar bith a dhíolmhú seachas iompar uirbeach, fo-uirbeach agus réigiúnach a chumhdaítear le conarthaí seirbhíse poiblí, dá mbeadh cearta paisinéirí á n-áirithiú leis na conarthaí sin a bheadh inchomparáide leis an leibhéal a cheanglaítear leis an Rialachán. Ina theannta sin, thug Parlaimint na hEorpa isteach leasú amháin lena gceadófaí do na Ballstáit an t-iompar uirbeach agus fo-uirbeach a eisiamh ón raon feidhme, ar an gcoinníoll thuasluaite, ach gan de chead an t-iompar réigiúnach a eisiamh.

Ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis an raon feidhme a bhí á mholadh ag an gCoimisiún, ná le leasuithe gaolmhara na Parlaiminte Eorpaí (leasú 1, leasú 2 agus leasú 81), toisc gur mheas sí go dtagann an t-iompar uirbeach, fo-uirbeach agus réigiúnach faoi chuimsiú na coimhdeachta.

D'fhéadfadh sé go gcothófaí fadhbanna, do phaisinéirí agus don tionscal araon, dá n-áireofaí an t-iompar réigiúnach sa raon feidhme, faoi mar a bhí á mholadh ag Parlaimint na hEorpa. I mórcheantair uirbeacha is iondúil gur gréasán iomlán iompair a bhíonn á oibriú ag cuideachtaí, lena n-áirítear seirbhísí bus, seirbhísí iarnróid faoi thalamh, traenacha do chomaitéirí, agus seirbhísí tram. Go minic, is de chineál uirbeach, fo-uirbeach agus réigiúnach iad na seirbhísí seo go léir. Dá ndéanfaí an díolúine a shrianadh go seirbhísí uirbeacha agus fo-uirbeacha amháin bheadh codanna de na gréasáin sin faoi réir na rialacha atá ceaptha i gcomhair seirbhísí fadraoin. Sa chás sin, bheadh ar na cuideachtaí a mbeadh na gréasáin sin á n-oibriú acu déileáil le córais éagsúla chúitimh, laistigh den ghréasán céanna, ar córais iad cuid acu nach mbeadh oiriúnach i ndáiríre don chineál sin iompair. Ina theannta sin, chuirfí mearbhall ar phaisinéirí a bheadh ag taisteal sna gréasáin sin mar ba dheacair leo a thuiscint cé na rialacha a bheadh infheidhme.

Ina theannta sin, ó tharla gurbh ann don fhéidearthacht sa rialachán atá ann cheana um chearta paisinéirí iarnróid go ndíolmhófaí seirbhísí réigiúnacha iarnróid, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí an iomaíocht sa dá earnáil a shaobhadh mura mbeadh foráil chomhfhreagrach ann sa Rialachán um chearta paisinéirí bus. Agus is minic gur mar rogha na malairte dá chéile iad na seirbhísí bus agus na seirbhísí iarnróid.

Dá bhrí sin, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh le leasuithe na Parlaiminte Eorpaí maidir leis an raon feidhme. Dá bhrí sin, molann an Chomhairle gur cheart go mbeadh feidhm ag an dréacht-Rialachán maidir le paisinéirí a bheidh ag taisteal leis na seirbhísí rialta náisiúnta agus idirnáisiúnta ach go bhféadfadh sé go ndéanfaí na seirbhísí rialta uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha a dhíolmhú ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, tugann an Chomhairle foráil isteach lena n-áiritheofaí go mbeadh feidhm ag cearta bunúsacha áirithe maidir le gach seirbhís busanna agus cóistí gan eisceacht (i.e., go mbeadh na coinníollacha conarthacha agus na taraifí neamh-idirdhealaitheach agus go mbeadh ceart chun iompair ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe mar aon le maoluithe gaolmhara).

Údaraítear do na Ballstáit díolúine a dheonú, ar feadh uastréimhse cúig bliana agus í in-athnuaite faoi dhó, ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo ar sheirbhísí rialta intíre. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit díolúine a dheonú ar feadh uastréimhse cúig, in-athnuaite, do sheirbhísí rialta áirithe, a ndéantar cuid shuntasach díobh, lena n-áirítear stop sceidealta amháin ar a laghad, a oibriú lasmuigh den Aontas.

Thairis sin, maidir leis an raon feidhme, tá foráil shonrach ann lena mbunófaí go bhféadfadh na Ballstáit a rialacha náisiúnta a chaomhnú ina n-iomláine más rud é go bhféadfadh siad a áirithiú gurb ionann, ar a laghad, an leibhéal cosanta do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoina rialacha náisiúnta agus an leibhéal cosanta atá faoin Rialachán seo.

ii)   Athruithe ar an mbonneagar

Maidir leis an mbonneagar, tá an Chomhairle sásta tacú agus cur le haon tionscnamh i leith trealaimh agus bonneagair nua a fháil, i gcás inar gá é sin a fháil nó a thógáil i bhfianaise riachtanas daoine faoi mhíchumas agus DSLanna, mar a deirtear go soiléir in aithris amháin den téacs. Tá an Rialachán seo, áfach, faoi chuimsiú na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí agus, dá bhrí sin, ní féidir oibleagáidí a chur isteach ann maidir le ceanglais theicniúla ar na hiompróirí feithiclí nó bonneagar agus trealamh a mhodhnú nó a athnuachan ag na críochfoirt. Dá bhrí sin, níor fhéadadh glacadh le leasuithe na Parlaiminte Eorpaí maidir le hathruithe sa bhonneagar (leasuithe 6-10).

iii)   Cúiteamh agus cúnamh i gcás tionóiscí

Sa togra ón gCoimisiún leagtar amach na rialacha maidir le dliteanas gnólachtaí busanna agus/nó cóistí i leith a bpaisinéirí agus a mbagáiste. Ba chun tairbhe na bpaisinéirí é de rialacha comhchuibhithe a bheith ann maidir le dliteanas na ngnólachtaí busanna agus/nó cóistí. I gcomhair aon damáiste suas go dtí EUR 220 000, beidh diandliteanas ag gnólacht busanna agus/nó cóistí, i.e., ní bheidh an gnólacht in ann a dhliteanas a eisiamh trína chruthú nárbh é locht an ghnólachta ba chúis leis an tionóisc. I gcomhair damáistí os cionn EUR 220 000 bheadh an dliteanas bunaithe ar locht, ach bheadh sé neamhtheoranta. Bheadh paisinéirí a mbainfeadh tionóisc dóibh i dteideal réamhíocaíochtaí a fháil chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí eacnamaíocha a d'fhéadfadh a bheith acu nó ag a dteaghlaigh de bharr báis nó díobhála.

Mar sin féin, tá na socruithe dliteanais atá i bhfeidhm cheana sna Ballstáit an-éagsúil maidir le bonn an dliteanais (diandliteanas neamhtheoranta, diandliteanas le díolúintí force majeure agus dliteanas lochtbhunaithe), agus is éagsúlacht í nach féidir a thabhairt i gcomhréir. Ina theannta sin, tá an reachtaíocht sna Ballstáit éagsúla bunaithe go páirteach ar Threoir 2009/103/CE maidir le hárachas i gcoinne dliteanais shibhialta i leith úsáid mhótarfheithiclí agus forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (‘an Treoir um Árachas Gluaisteán’), agus go páirteach ar an reachtaíocht náisiúnta a théann níos faide ná dlí an AE. Tá dliteanas i leith paisinéirí bus á rialú leis na téacsanna sin cheana agus tá sé fíorthábhachtach nach mbeadh an téacs seo agus an ‘Treoir um Árachas Gluaisteán’ thuasluaite ag teacht salach ar a chéile.

Dá bhrí sin, ghlac an Chomhairle cur chuige trína gcuirfí leis an gcóras atá ann cheana, agus, ina theannta sin, trína gcuirfí roinnt buneilimintí um chomhchuibhiú leis chomh maith. Moltar go mbeadh tairseach íosta ann in aghaidh an phaisinéara agus in aghaidh gach ítime bagáiste: EUR 220 000 in aghaidh an phaisinéara i gcás báis nó díobhála pearsanta. I gcás ina gcaillfí bagáiste nó i gcás ina ndéanfaí damáiste do bhagáiste, EUR 500 maidir le seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha agus EUR 1 200 maidir le seirbhísí rialta eile. Leis sin, dhéanfaí an cúiteamh i gcomhair bagáiste a chur ar comhréim leis na forálacha comhfhreagracha sa ‘Rialachán na n-iarnróid’ agus na gnéithe sonracha a bhaineann le hiompar uirbeach, fo-uirbeach agus réigiúnach á gcur san áireamh. Maidir le cathaoireacha rothaí, nó trealamh gluaiseachta eile nó feistí cúnta eile, foráiltear le téacs na Comhairle go ndéanfaí iad a chúiteamh ina n-iomláine seachas déileáil leo mar ghnáthbhagáiste, fiú i gcás ina ndéanfaí damáiste nuair a bhíonn cúnamh á sholáthar (rud atá ag teacht le héirim leasú 46 de chuid na Parlaiminte).

Ina theannta sin, rinneadh an téacs a oiriúnú le foráil a dhéanamh do chúnamh a thabhairt do phaisinéirí i dtaca lena gcuid riachtanas láithreach praiticiúil tar éis tionóisce. Níl foráil mar sin sa ‘Treoir um Árachas Gluaisteán’ agus is buntáiste mór í do phaisinéirí bus, agus ní bheidh méadú suntasach ar ualach riaracháin na gcuideachtaí busanna agus/nó cóistí dá thoradh.

I bhfianaise an méid thuas, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis an gcur chuige a bhí á bheartú ag an gCoimisiún ná le leasuithe na Parlaiminte maidir leis an dliteanas (leasuithe 18-24).

iv)   Cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (DSL)

Tacaíonn an Chomhairle go huile is go hiomlán leis an gcuspóir atá ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ar bhusanna agus ar chóistí ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cloíonn an Chomhairle go dlúth leis an togra ón gCoimisiún mar sin ach amháin go ndearna sí roinnt forálacha de a mhodhnú chun go mbeadh siad níos praiticiúla agus gur thug sí isteach simplithe áirithe agus soiléirithe áirithe. Maidir leis an gCaibidil seo, rinne an Chomhairle roinnt leasuithe de chuid na Parlaiminte Eorpaí a chur isteach ina téacs, bíodh sé sin ina n-iomláine, i bpáirt nó ina n-éirim.

Maidir leis na heisceachtaí don cheart chun iompair, ba é a bheartaigh an Coimisiún go bhféadfaí a dhiúltú duine faoi mhíchumas a iompar ar bhonn na gceanglas sábháilteachta nó ar bhonn méid na feithicle. D'fhoráil an Chomhairle do roinnt feabhsúcháin, trí thagairt a dhéanamh do ‘dhearadh’ na feithicle seachas do ‘mhéid’ na feithicle agus, sa chaoi sin, rinneadh leasú 26 agus 27 na Parlaiminte a chomhtháthú isteach go substaintiúil nó ina n-éirim. Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle le leasú 73 chomh maith maidir leis an rogha a thabharfaí do dhuine faoi mhíchumas nó do DSL i gcás ina ndiúltófaí cead bordála dó.

De réir an bhuntogra, d'fhéadfadh an t-iompróir iallach a chur ar dhuine atá faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe go mbeadh sé á thionlacan ag duine atá in ann cúnamh a sholáthar. De réir sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, má dhéanann an t-iompróir iarratas mar sin maidir le seirbhís paisinéireachta, iomprófar an duine tionlacain saor in aisce agus, i gcás inarb indéanta é sin, go mbeidh sé suite taobh leis an duine faoi mhíchumas nó leis an DSL. Leis an bhforáil seo, déantar leasú 29 de chuid na Parlaiminte Eorpaí a chomhtháthú go substaintiúil.

Le téacs na Comhairle ar an gcéad léamh, foráiltear do choinníollacha rochtana neamh-idirdhealaitheacha agus do chur ar fáil na gcoinníollacha sin don phobal i bhformáid atá oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas agus do DSLanna agus, sa chaoi sin, glactar go páirteach nó go hiomlán le leasú 31 agus le leasú 32 den Pharlaimint. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún ar fáil ar an idirlíon liosta de chríochfoirt busanna agus cóistí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, ina gcuirfear cúnamh ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do DSLanna, faoi mar atá i leasú 36 de chuid na Parlaiminte.

Maidir leis an gcúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, soláthrófar an cúnamh sin ar an gcoinníoll go gcuirfidh an duine lena mbaineann fógra chuig an iompróir nó chuig oibreoir an chríochfoirt ar a dhéanaí dhá lá oibre roimh ré (ba é 48 uair an chloig roimh ré a bhí molta ag an gCoimisiún) agus ar an gcoinníoll go mbeidh an duine sin i láthair ag an gcalafort nó ag pointe ainmnithe, 60 nóiméad ar a laghad roimh an am imeachta a foilsíodh. Is ar an ábhar sin nárbh fhéidir leis an gComhairle glacadh le leasú 39 lenar moladh go nglacfaí le tréimhse níos giorra de 24 uair. Chomh maith leis sin, má tá riachtanais shonracha ag an duine sin ó thaobh suíocháin de, ba cheart don phaisinéir fógra a thabhairt don iompróir faoi na riachtanais sin tráth a ndéantar an áirithint, má táthar ar an eolas faoi na riachtanais ag an am sin. Leis an gceanglas breise seo atá á chur isteach ag an gComhairle, ligfí don iompróir freastal ar na sainriachtanais sin agus an tseirbhís is fearr is féidir a thabhairt don duine lena mbaineann.

Ó thaobh cúnamh a thabhairt ar bord de, tá srian curtha ag an gComhairle le raon feidhme bhuntogra an Choimisiúin. Leagtar amach le téacs na Comhairle gur gá faisnéis a sholáthar i bhformáid a bheidh inrochtana chomh maith le cúnamh a thabhairt chun bordála agus chun tuirlingthe le linn sosanna i dturas, ar an gcoinníoll go mbeidh pearsanra eile chomh maith leis an tiománaí ar bord. Cuirtear san áireamh leis seo go mbíonn bunáite na bhfeithiclí á n-oibriú ag tiománaí amháin as féin agus go mbeadh tionchar ag an soláthar cúnaimh ar uaireanta an tiománaí agus dá réir sin ar na ceanglais sábháilteachta.

Is gá cúnamh a thabhairt saor in aisce do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do DSLanna ag críochfoirt a bhfuil foireann iontu agus a bheadh ainmnithe ag na Ballstáit agus ba cheart go mbeadh oiliúint leordhóthanach faighte ag an bpearsanra a sholáthróidh cúnamh go díreach do na daoine sin. Ba cheart go gcuirfí oiliúint maidir le feasacht mhíchumais ar an bpearsanra, lena n-áirítear tiománaithe, a dhéileálann go díreach leis an bpobal atá ag taisteal.

v)   Cearta Paisinéirí i gcás cealaithe nó moille

D'fhoráil an togra ón gCoimisiún d'oibleagáidí maidir le gnólachtaí busanna agus/nó cóistí i gcás turas a gcuirtear isteach ar a leanúnachas, mar gheall ar chealú seirbhíse nó mar gheall ar mhoill. Ba cheart do na gnólachtaí cúiteamh a íoc, ar fiú 100% de luach an ticéid é, más rud é gur theip orthu seirbhísí malartacha nó an fhaisnéis a bhí ag teastáil a sholáthar.

Cé go dtacaíonn an Chomhairle go hiomlán leis an bprionsabal gur cheart d'iompróirí agus d'oibreoirí aire a thabhairt dá bpaisinéirí, rinne sí an togra ón gCoimisiún a mhodhnú, agus struchtúr sonrach thionscal na mbusanna agus na gcóistí á chur san áireamh aici. Comhaontaíodh nach ionann an chóir a chuirfí ar phaisinéirí a bheadh ag imeacht ó chríochfoirt agus an chóir a chuirfí ar phaisinéirí a bheadh ag imeacht ó stadanna bus, ó tharla nach bhfuil sé indéanta ná réasúnta an leibhéal céanna faisnéise ar mhoilleanna a sholáthar ag stad bus agus a chuirfí ar fáil ag críochfort a mbeadh foireann ann.

I gcás ina mbeidh moill de níos mó ná dhá uair an chloig ann nó má chuirtear an turas ar ceal, féadfaidh an paisinéir rogha a dhéanamh leanúint den turas agus úsáid á baint as an modh iompair céanna, nó aistriú a iarraidh nó aisíocaíocht ar an ticéad a iarraidh (a bheidh íoctha laistigh de 14 lá tar éis an teagmhais agus, más gá, turas athfhillte saor in aisce). I gcás moille níos mó ná dhá uair an chloig ar thurais a mhaireann níos mó ná trí huaire an chloig, agus paisinéirí ag fágáil ó chríochfort, beidh oibleagáid ar an iompróir bia nó sóláistí a thabhairt do phaisinéirí, in éirim leasú 53 ó Pharlaimint na hEorpa, ach ní bheidh oibleagáid air cóiríocht a chur ar fáil cé go gcaithfidh an t-iompróir cúnamh a thabhairt do phaisinéirí cóiríocht a fháil. Ní bhfaighidh paisinéirí bus agus cóiste tairbhe as slánaíochtaí breise, áfach, (a íoctar i dteannta le praghas an ticéid) mar a tharlaíonn i gcás paisinéirí muirí agus paisinéirí iarnróid. Dá bhrí sin, níor coinníodh na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le cúiteamh agus le cóiríocht (leasuithe 49, 50, 51, 52, 54 agus 55).

Thug Parlaimint na hEorpa roinnt leasuithe isteach maidir le cúiteamh agus le cúnamh i gcásanna ina mbeifí mall ag teacht agus maidir le díolúintí gaolmhara i gcás ‘’ (leasú 56 agus leasú 57), rud a d'fhágfadh nach mbeadh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith damáiste más cúinsí dothuartha, nach mbaineann le hoibriú a sheirbhísí, is cúis leis an damáiste sin. Níor ghlac an Chomhairle le leasuithe mar sin mar níl sé beartaithe aon fhorálacha a chur isteach maidir le cúiteamh i gcásanna ina mbeifí mall ag teacht.

Dliteanas breise a bheadh i gceist do ghnólachtaí busanna agus cóistí le cúiteamh den chineál sin agus bhainfeadh ualach iomarcach leis; thairis sin, chuirfí brú ar thiománaithe cloí leis an amchlár ar ais nó éigin, agus chuirfí sábháilteacht ar bhóithre i mbaol ar an gcaoi sin.

Ghlac an Chomhairle le leasú 58 i ndáil le faisnéis i bhformáid a bheadh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a saorghluaiseacht laghdaithe.

vi)   Rialacha ginearálta maidir le faisnéis, le gearáin a láimhseáil agus le comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe

De réir sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, cuirfidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfort, laistigh dá gcuid réimsí inniúlachta faoi seach, faisnéis leordhóthanach ar fáil, i bhformáid inrochtana, do phaisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal, i gcás inarb indéanta sin. Thairis sin, cuirfidh siad a gcearta in iúl do phaisinéirí ar bhealach iomchuí agus sothuigthe, in éirim leasú 62 ó Pharlaimint na hEorpa.

Ó thaobh gearán de, bhí rialacha i dtogra an Choimisiúin maidir leis an gcaoi ar chóir d'iompróirí iad a láimhseáil, go háirithe na hiarmhairtí forleathana dlíthiúla a bheadh ann i gcás nach dtabharfaí freagra ar ghearáin.

Cé go n-aontaíonn an Chomhairle i bprionsabal le togra an Choimisiún, cuireann sí tuilleadh solúbthachta isteach sa chóras d'fhonn iarmhairtí gan choinne a sheachaint do chórais dlí nó do struchtúir riaracháin na mBallstát. Sa chomhthéacs sin agus chun maorlathas breise a sheachaint, níor ghlac an Chomhairle le leasú 64 ó Pharlaimint na hEorpa, trína gcuirfí oibleagáid ar ghnólachtaí busanna agus/nó cóistí tuarascáil mhionsonraithe a eisiúint gach bliain faoi na gearáin a fuair siad.

Chomh maith leis sin, bheartaigh an Pharlaimint gur cheart do na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta a bheith neamhspleách (leasú 65). I seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, sonraítear ar bhealach níos soiléire gur cheart do na comhlachtaí sin a bheith neamhspleách ar iompróirí, ar thionscnóirí turas agus ar oibreoirí críochfort.

vii)   An dáta a chuirfear an Rialachán i bhfeidhm

Ba é a bheartaigh an Coimisiún go dtiocfadh an Rialachán i bhfeidhm 20 lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an AE agus go mbeadh feidhm leis bliain tar éis an dáta sin.

Foráiltear le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh go mbeidh feidhm ag an Rialachán dhá bhliain tar éis a fhoilsithe, agus glactar le leasú 69 ó Pharlaimint na hEorpa go substaintiúil ar an gcaoi sin.

3.   Leasuithe eile a ghlac Parlaimint na hEorpa

Leasuithe eile nach n-áirítear i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, baineann siad leis an méid seo a leanas:

athruithe ar an sainmhíniú ar ‘conradh iompair’ (leasú 13), ar ‘díoltóir ticéad’ (leasú 14), ar ‘tionscnóir turas’ (leasú 15), agus ar ‘cealú’ (leasú 16);

an sainmhíniú nua a moladh ar ‘formáid inrochtana’ (leasú 17);

an tagairt do ‘daoine nach féidir taisteal gan chúnamh mar gheall ar a n-aois’ (leasú 34);

cúnamh atá curtha in oiriúint do riachtanais aonair daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 35);

an gá atá ann go n-áiritheofar go bhfaighidh an paisinéir deimhniú go bhfuarthas fógra maidir lena riachtanais chúnaimh (leasú 40);

aon chúiteamh a dhámhfaí faoin Rialacháin, a d'fhéadfaí a asbhaint ó aon chúiteamh breise a dheonófaí (leasú 59);

na pionóis is infheidhme maidir le sárú an Rialacháin, lena bhféadfaí go n-áireofaí ordú chun cúiteamh a íoc (leasú 68);

leasuithe 70, 71 agus 72 maidir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán.

III.   CONCLÚID

Agus a seasamh ar an gcéad léamh á ullmhú ag an gComhairle, cuireadh san áireamh go huile agus go hiomlán an togra ón gCoimisiún agus an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. Maidir leis na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa, feictear don Chomhairle go bhfuil líon mór de na leasuithe sin curtha isteach ina seasamh ar an gcéad léamh aici cheana féin – bíodh sé sin ina n-éirim, i bpáirt nó ina n-iomláine.


(1)  16933/08.

(2)  A6-0250/2009.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, IO L 46, 17.2.2004, lch. 1 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d'aer, IO L 204, 26.7.2006, lch 1.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid IO L 315, 3.12.2007, lch 14.


11.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/19


SEASAMH (AE) Uimh. 5/2010 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 11 Márta 2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2010/C 122 E/02

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag gníomhaíocht an Aontais i réimse an iompair mhuirí agus ar uiscebhealaí intíre, i measc nithe eile, a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta ag paisinéirí atá inchomparáide le modhanna iompair eile. Ina theannta sin, ba cheart na ceanglais a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, go ginearálta, a chur san áireamh go hiomlán.

(2)

Ós rud é gurb é an paisinéir a bhíonn ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre an páirtí is laige sa chonradh iompair, ba cheart leibhéal íosta cosanta a thabhairt do gach paisinéir. Níor cheart go gcoiscfeadh rud ar bith ar iompróirí coinníollacha conarthacha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(3)

Ba cheart go gcumhdófaí, le cosaint phaisinéirí, ní amháin seirbhísí do phaisinéirí idir calafoirt atá suite i gcríoch na mBallstát, ach freisin seirbhísí do phaisinéirí idir na calafoirt sin agus calafoirt atá suite lasmuigh de chríoch na mBallstát, agus an baol go ndéanfaí saobhadh ar an iomaíocht i margadh iompar na bpaisinéirí á chur san áireamh. Ba cheart, dá bhrí sin go léireofaí an téarma ‘iompróir Aontais’ ar bhealach chomh leathan agus is féidir chun críche an Rialacháin seo, ach sin gan difear a dhéanamh do reachtaíocht eile de chuid an Aontais, amhail Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 85 agus Airteagal 86 den Chonradh maidir le hiompar muirí (3) a chur i bhfeidhm agus Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm maidir le hiompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (4).

(4)

Ba cheart go rachadh an margadh aonair do sheirbhísí do phaisinéirí ar muir agus ar uiscebhealaí intíre chun leasa na saoránach i gcoitinne. Dá bhrí sin, maidir le daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, de bharr míchumais, de bharr aoise nó ar chúis ar bith eile, ba cheart go mbeadh deiseanna acu seirbhísí do phaisinéirí a úsáid agus turais a dhéanamh d'uisce, atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile. Tá na cearta céanna maidir le saorghluaiseacht, le saor-rogha agus le neamh-idirdhealú ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

(5)

I bhfianaise Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus chun deiseanna atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, chun taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh le linn dóibh a bheith ag taisteal. Ba cheart, dá bhrí sin, na daoine sin a ghlacadh lena n-iompar agus níor cheart seirbhís iompair a dhiúltú dóibh ar fhorais a bhaineann lena míchumas nó lena n-easpa soghluaisteachta, ach amháin ar chúiseanna a mbeidh údar leo ar fhorais sláinte agus sábháilteachta agus a bheidh leagtha amach ag na húdaráis inniúla. Ba cheart go dteachtfaidís an ceart chun cúnaimh i gcalafoirt agus ar bord long paisinéirí. Ar mhaithe leis an gcuimsiú sóisialta, ba cheart go bhfaigheadh na daoine lena mbaineann an cúnamh sin saor in aisce. Ba cheart d'iompróirí coinníollacha rochtana a bhunú, agus an córas Eorpach um chaighdeánú á úsáid acu de rogha.

(6)

Agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le dearadh calafort nua agus críochfort nua, agus mar chuid de nuachóirithe ollmhóra, ba cheart do na comhlachtaí atá freagrach as na saoráidí sin na riachtanais a bhíonn ag daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh, i gcás inar gá sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na hiompróirí, i gcás inar gá sin, na riachtanais sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le dearadh long nua paisinéirí agus dearadh long paisinéirí a athchóiríodh le déanaí i gcomhréir le Treoir 2009/45/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha sábháilteachta agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh long paisinéirí (5) agus Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leagtar síos ceanglais theicniúla do shoithí uiscebhealaigh intíre (6).

(7)

An cúnamh a thabharfar ag calafoirt atá suite i gcríoch Ballstáit, ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas na ndaoine atá faoi mhíchumas agus na ndaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, i measc nithe eile, dul ó ionad ainmnithe teachta i gcalafort chuig long paisinéirí agus ón long paisinéirí chuig ionad ainmnithe imeachta i gcalafort, lena n-áirítear bordáil agus díbhordáil.

(8)

Agus cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe á eagrú acu, agus oiliúint ar a bhfoirne á heagrú acu, ba cheart do na hiompróirí comhoibriú leis na heagraíochtaí atá ionadaíoch ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Agus iad i mbun na hoibre sin ba cheart dóibh freisin forálacha ábhartha an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe a chur san áireamh chomh maith le Moladh na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) maidir le dearadh agus oibriú long paisinéirí ar mhaithe le freagairt do riachtanais daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas.

(9)

Ba cheart go gcuirfí dóthain faisnéise ar fáil do phaisinéirí i gcás cealaithe nó moille aon seirbhíse do phaisinéirí nó aon turais d'uisce. Ba cheart go gcabhródh an fhaisnéis sin le paisinéirí na socruithe is gá a dhéanamh agus faisnéis a fháil faoi thurais mhalartacha, más gá.

(10)

Ba cheart an mhíchaoithiúlacht a laghdú a bhíonn ar phaisinéirí de bharr cealú nó moille fada ar a dturas. Chuige sin, ba cheart dóthain aire a thabhairt do phaisinéirí agus ba cheart go mbeidís in ann a dturas a chur ar ceal agus luach a dticéad a fháil ar ais nó athródú a fháil faoi choinníollacha sásúla.

(11)

Ba cheart d'iompróirí a fhoráil go ndéanfaí cúiteamh a íoc le paisinéirí i gcás moille sa tseirbhís do phaisinéirí nó cealú seirbhíse do phaisinéirí, ar cúiteamh é a bheadh bunaithe ar chéatadán de phraghas an ticéid, ach amháin nuair is drochaimsir a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol nó dálaí eisceachtúla is cúis leis an gcealú nó leis an moill, ar dálaí iad nach bhféadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta chuige sin.

(12)

Ar an drochaimsir a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol, ba cheart go n-áireofaí gaoth mhór, farraige mhór, sruth mór, dálaí deacra de bharr leac oighir agus leibhéil fíorarda nó fíorísle uisce, ach ní gá gurbh iad sin amháin a bheadh i gceist léi.

(13)

Ba cheart go n-áireofaí le dálaí eisceachtúla ionsaithe sceimhlitheoireachta, coinbhleachtaí oibreachais, aon duine atá tinn, gortaithe nó marbh a thabhairt i dtír, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir nó ar uiscebhealaí intíre, bearta a bhfuil gá leo chun an comhshaol a chosaint, cinntí maidir le trácht arna nglacadh ag comhlachtaí bainistithe tráchta nó údaráis calafoirt, nó cinntí arna nglacadh ag na húdaráis inniúla ag féachaint don ord poiblí agus don tsábháilteacht agus chun freastal ar riachtanais phráinneacha iompair, ach ní gá gurbh iad sin amháin a bheadh i gceist leis na dálaí sin.

(14)

Agus iad ag obair as láimh a chéile leis na geallsealbhóirí, leis na cumainn ghairmiúla agus le cumainn chustaiméirí, paisinéirí, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart do na hiompróirí comhoibriú chun socruithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na hEorpa le feabhas a chur ar an gcúram a dhéantar de phaisinéirí agus ar an gcúnamh a chuirtear ar fáil dóibh aon uair a gcuirtear isteach ar a gcuid taistil, go háirithe i gcás moilleanna fada nó an taisteal a bheith curtha ar ceal.

(15)

Níor cheart don Rialachán seo aon difear a dhéanamh do chearta do phaisinéirí a bunaíodh le Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe (7), saoire láneagraithe agus turais láneagraithe. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo i gcásanna ina gcuirfear turas láneagraithe ar ceal ar chúiseanna seachas cealú na seirbhíse do phaisinéirí nó an turais d'uisce.

(16)

Ba cheart go gcuirfí paisinéirí ar an eolas go hiomlán maidir leis na cearta atá acu faoin Rialachán seo, ionas go mbeidís in ann na cearta sin a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach. Ba cheart go gcuimseofaí, le cearta na bpaisinéirí, faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís paisinéírí nó leis an turas d'uisce roimh an turas agus lena linn. Maidir leis an bhfaisnéis riachtanach ar fad a chuirtear ar fáil do phaisinéirí, ba cheart í a chur ar fáil freisin i bhformáidí a mbeadh rochtain orthu ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

(17)

Ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann a gcearta a fheidhmiú trí nósanna imeachta iomchuí um ghearáin, arna gcur chun feidhme ag iompróirí nó, de réir mar a bheidh, trí ghearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta arna ainmniú chuige sin ag an mBallstát nó faoi bhráid na gcomhlachtaí arna n-ainmniú chuige sin ag an mBallstát. Ba cheart do na hiompróirí gearáin ó phaisinéirí a fhreagairt laistigh de thréimhse áirithe ama, agus é á chur san áireamh acu go bhféadfadh sé go dtógfaí orthu arís é mura ngníomhóidís tar éis gearán a fháil.

(18)

Agus na nósanna imeachta atá bunaithe ag Ballstát chun gearáin a chur isteach á gcur san áireamh, ba cheart, de rogha, gearán faoi chúnamh i gcalafort nó ar bord loinge a chur chuig an gcomhlacht nó chuig na comhlachtaí arna ainmniú nó arna n-ainmiú chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú sa Bhallstát a bhfuil an calafort bordála suite ann agus, i gcás seirbhísí do phaisinéirí ar seirbhísí ó thríú tír iad, sa Bhallstát a bhfuil an calafort díbhordála suite ann.

(19)

Ba cheart do na Ballstáit comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, agus ba cheart dóibh comhlacht inniúil nó comhlachtaí inniúla a ainmniú chun cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe a dhéanamh. Ní dhéanfaidh sé sin difear do na cearta atá ag paisinéirí sásamh dlíthiúil a lorg ó chúirteanna faoin dlí náisiúnta.

(20)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(21)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ardleibhéal cosanta agus cúnaimh a áirithiú do phaisinéirí ar fud na mBallstát agus a áirithiú go n-oibreoidh na gníomhairí eacnamaíocha faoi choinníollacha comhchuibhithe i margadh aonair, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(22)

Ba cheart forfheidhmiú an Rialacháin seo a bhunú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe um chosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (8). Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú dá réir sin.

(23)

Maidir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (9), ba cheart í a urramú go huile agus ba cheart í a fhorfheidhmiú go hiomlán lena ráthú go ndéanfar príobháideachas daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a urramú agus d'fhonn a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis agus maidir leis na tuarascálacha a iarrfar, nach mbainfear úsáid astu ach leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach agus nach mbainfear úsáid astu ar dhóigh a rachadh chun dochair do na daoine sin.

(24)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha a dtugtar aitheantas faoi leith dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus déantar de réir na bprionsabal a dtugtar aitheantas faoi leith dóibh ann,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

neamh-idirdhealú idir phaisinéirí ó thaobh na gcoinníollacha iompair a chuireann iompróirí ar fáil dóibh;

(b)

neamh-idirdhealú agus cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(c)

na cearta a bheidh ag paisinéirí i gcás cealaithe nó moille;

(d)

an fhaisnéis íosta a bheidh le cur ar fáil do phaisinéirí;

(e)

láimhseáil gearán;

(f)

rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí a bheidh ag taisteal:

(a)

ar sheirbhísí do phaisinéirí i gcás inarb i gcríoch Ballstáit a bheidh an calafort bordála suite;

(b)

ar sheirbhísí do phaisinéirí i gcás inar lasmuigh de chríoch Ballstáit a bheidh an calafort bordála suite agus inarb i gcríoch Ballstáit atá an calafort díbhordála suite, ar choinníoll gur ag iompróir Comhphobail atá an tseirbhís á hoibriú;

(c)

ar thuras d'uisce i gcás inarb i gcríoch Ballstáit atá an calafort bordála suite. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 16(2), 18, 19 ná 20(1) agus (4) maidir leis na paisinéirí sin áfach.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí a bheidh ag taisteal:

(a)

ar longa atá deimhnithe chun suas le 36 paisinéirí a iompar;

(b)

ar longa nach bhfuil níos mó ná triúr ar an gcriú atá freagrach as oibriú na loinge nó i gcás inar lú ná 500 méadar, aon bhealach, fad na seirbhíse do phaisinéirí ina iomláine; nó

(c)

ar thurais aeraíochta agus ar thurais chuartaíochta nach turais d'uisce iad.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse dhá bhliain ón … (10), longa farraige ar lú ná 300 tona a n-olltonnáiste agus a oibrítear in iompar baile a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar choinníoll go ndéantar cearta na bpaisinéirí faoin Rialachán seo a áirithiú go leordhóthanach faoin dlí náisiúnta.

4.   Maidir le seirbhísí do phaisinéirí ar seirbhísí iad a chumhdaítear le hoibleagáidí seirbhíse poiblí, le conarthaí seirbhíse poiblí nó le seirbhísí comhtháite, féadfaidh na Ballstáit iad a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar choinníoll go ndéantar ráthú leordhóthanach ar chearta na bpaisinéirí faoin Rialachán seo leis an dlí náisiúnta.

5.   Ní thuigfear, maidir le ní ar bith sa Rialachán seo, gur ceanglais theicniúla iad lena leagtar oibleagáidí ar iompróirí, ar oibreoirí críochfoirt ná ar eintitis eile longa a mhodhnú nó longa eile a chur ina n-ionad, ná an bonneagar agus an trealamh i gcalafoirt agus i gcríochfoirt calafort a mhodhnú nó bonneagar nó trealamh eile a chur ina n-ionad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘duine atá faoi mhíchumas’ nó ‘duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe’ aon duine a bhfuil laghdú ar an gcumas atá aige gluaiseacht agus é ag úsáid seirbhíse iompair, mar thoradh ar mhíchumas coirp (míchumas céadfach nó gluaisluaile, bíodh an míchumas sin buan nó sealadach), míchumas intleachta nó laige intleachta, nó ar chúis mhíchumais ar bith eile, nó de bharr aoise, agus ar duine é a bhfuil aire iomchuí ag teastáil uaidh mar gheall ar an mbail atá air chomh maith le hoiriúnú dá riachtanais speisialta;

(b)

ciallaíonn ‘críoch Ballstáit’ críoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, dá dtagraítear in Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar amach iontu;

(c)

ciallaíonn ‘coinníollacha rochtana’ caighdeáin, treoirlínte agus faisnéis ábhartha i dtaobh inrochtaine críochfort calafoirt agus long lena n-áirítear na saoráidí atá acu do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(d)

ciallaíonn ‘iompróir’ duine dlítheanach nó duine nádúrtha a bhfuil iompar á thairiscint aige trí sheirbhísí do phaisinéirí nó trí thurais d'uisce don phobal i gcoitinne;

(e)

ciallaíonn ‘iompróir Aontais’ iompróir atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit nó a thairgeann iompar trí sheirbhísí do phaisinéirí agus arna n-oibriú ó chríoch Ballstáit nó go dtí críoch Ballstáit;

(f)

ciallaíonn ‘seirbhís do phaisinéirí’ seirbhís tráchtála iompair phaisinéirí ar muir nó ar uiscebhealach intíre agus a oibrítear de réir tráthchláir fhoilsithe;

(g)

ciallaíonn ‘seirbhísí comhtháite’ seirbhísí idirnasctha iompair laistigh de limistéar sonraithe geografach a bhfuil an t-aon seirbhís faisnéise amháin, an t-aon scéim ticéadaithe amháin agus an t-aon tráthchlár amháin acu;

(h)

ciallaíonn ‘iompróir feidhmiúil’ duine seachas an t-iompróir, a dhéanann cuid nó iomlán an tseirbhís iompair a fheidhmiú iarbhír;

(i)

ciallaíonn ‘uiscebhealach intíre’ dobharlach inseolta nádúrtha nó saorga intíre, nó córas de dhobharlaigh idirnasctha, a úsáidtear don iompar, amhail locha, aibhneacha nó canálacha nó aon teaglaim díobh sin;

(j)

ciallaíonn ‘calafort’ áit nó limistéar tíreolaíochta comhdhéanta d'oibreacha agus de shaoráidí feabhsúcháin, ar chaoi gur féidir árthach a ligean isteach ann a mbeadh paisinéirí ag bordáil go tráthrialta air nó ag díbhordáil go tráthrialta de;

(k)

ciallaíonn ‘críochfort calafoirt’ críochfort, arna fhoireannú ag iompróir nó ag oibreoir críochfoirt, i gcalafort a bhfuil saoráidí, amhail deasc cláraithe, cuntair ticéad nó tolglanna, agus foireann ann le haghaidh bordála agus díbhordála paisinéirí atá ag taisteal ar sheirbhísí do phaisinéirí nó ar thuras d'uisce;

(l)

ciallaíonn ‘long’ soitheach a mbaintear úsáid aisti le haghaidh loingseoireachta ar muir nó ar uiscebhealaí intíre;

(m)

ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh iompair idir iompróir agus paisinéir chun nó níos mó ná seirbhís amháin do phaisinéirí nó turas amháin d'uisce a sholáthar;

(n)

ciallaíonn ‘ticéad’ doiciméad bailí nó fianaise eile ar chonradh iompair;

(o)

ciallaíonn ‘díoltóir ticéad’ aon mhiondíoltóir a dhéanann conarthaí iompair thar ceann iompróra;

(p)

ciallaíonn ‘gníomhaire taistil’ aon mhiondíoltóir a ghníomhaíonn thar ceann paisinéara chun conarthaí iompair a dhéanamh;

(q)

ciallaíonn ‘tionscnóir turas’ eagraí, seachas iompróir, de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir 90/314/CEE;

(r)

ciallaíonn ‘áirithint’ imeacht shonrach a chur in áirithe ar sheirbhís do phaisinéirí nó ar thuras d'uisce;

(s)

ciallaíonn ‘oibreoir críochfoirt’ comhlacht príobháideach nó comhlacht poiblí ar chríoch Ballstáit ar comhlacht é atá freagrach as críochfort calafoirt a riaradh agus a bhainistiú;

(t)

ciallaíonn ‘turas d'uisce’ seirbhís iompair ar muir nó ar uiscebhealach intíre, a oibrítear go heisiach chun críocha an phléisiúir nó an áineasa, arna comhlánú le lóistín agus le saoráidí eile, agus fanacht breis agus dhá oíche ar bord mar chuid di;

(u)

ciallaíonn ‘teagmhas loingseoireachta’ longbhriseadh, iompú loinge, imbhualadh na loinge nó tráchur na loinge, pléascadh nó tine ar an long nó fabht sa long.

Airteagal 4

Ticéid agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha conartha

1.   Eiseoidh na hiompróirí ticéad leis an bpaisinéir, mura mbeidh teidlíocht iompair á tabhairt le doiciméid eile faoin dlí náisiúnta. Féadfar ticéad a eisiúint i bhformáid leictreonach.

2.   Gan dochar do tharaifí sóisialta, maidir leis na coinníollacha conartha agus na taraifí a bheidh á gcur i bhfeidhm ag iompróirí nó ag díoltóirí ticéad, déanfar iad a thairiscint don phobal i gcoitinne gan idirdhealú díreach ná indíreach bunaithe ar náisiúntacht an chustaiméara deiridh ná bunaithe ar áit bhunaíochta na n-iompróirí nó na ndíoltóirí ticéad laistigh den Aontas.

Airteagal 5

Páirtithe feidhmiúla eile

1.   Má cuireadh feidhmiú na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo de chúram ar iompróir feidhmiúil, ar dhíoltóir ticéad nó ar aon duine eile, beidh an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an t-oibreoir críochfoirt a chuir na hoibleagáidí sin de chúram air, faoi dhliteanas fós maidir le gníomhartha agus le neamhghníomhartha an pháirtí fheidhmiúil sin, agus an páirtí sin ag gníomhú laistigh de raon feidhme a fhostaíochta.

2.   I dteannta mhír 1, maidir leis an bpáirtí ar chuir an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an t-oibreoir críochfoirt feidhmiú oibleagáide de chúram air, beidh sé faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, lena n-áirítear forálacha maidir le dliteanais agus cosaintí, i dtaca leis an oibleagáid a cuireadh faoina chúram.

Airteagal 6

Tarscaoileadh a eisiamh

Maidir le hoibleagáidí de bhun an Rialacháin seo, ní dhéanfar iad a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó trí chlásal sriantach sa chonradh iompair.

CAIBIDIL II

CEARTA DAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 7

An ceart chun iompair

1.   Maidir le hiompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas, ní dhiúltóidh siad áirithint a ghlacadh, ticéad a eisiúint ná ticéad a chur ar fáil ar dhóigh eile ná daoine a bhordáil ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe.

2.   Déanfar áirithintí agus ticéid a thairiscint gan costas breise do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 8

Eisceachtaí agus coinníollacha speisialta

1.   D'ainneoin Airteagal 6(1), féadfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas a dhiúltú, sna cásanna seo a leanas, áirithint a ghlacadh ó dhuine, ticéad a eisiúint ná a chur ar fáil dó ar dhóigh eile ná é a bhordáil, ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe:

(a)

d'fhonn na ceanglais infheidhme sláinte agus sábháilteachta arna mbunú ag an dlí idirnáisiúnta, ag dlí an Aontais nó ag an dlí náisiúnta a chomhlíonadh nó d'fhonn na ceanglais sláinte agus sábháilteachta arna mbunú ag na húdaráis inniúla a chomhlíonadh;

(b)

i gcás ina mbeadh sé dodhéanta, de bharr dhearadh na loinge paisinéirí nó de bharr bonneagar agus trealamh an chalafoirt, lena n-áirítear críochfoirt calafoirt, an duine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a bhordáil, a dhíbhordáil nó a iompar ar mhodh a bheadh sábháilte nó ar mhodh a bheadh indéanta go hoibríochtúil.

2.   I gcás ina ndiúltófar áirithint a ghlacadh nó ticéad a eisiúint nó a chur ar fáil ar dhóigh eile ar na forais dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas iarrachtaí réasúnacha chun iompar inghlactha malartach a thairiscint don duine lena mbaineann, ar sheirbhís do phaisinéirí nó ar thuras d'uisce arna oibriú ag an iompróir.

3.   Má dhiúltaítear cead bordála, ar fhorais a mhíchumais nó a shoghluaisteachta laghdaithe, do dhuine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, a bhfuil áirithint nó ticéad ina sheilbh aige agus a bhfuil riachtanais Airteagal 11(2) comhlíonta aige, tabharfar rogha don duine sin agus d'aon duine a bheidh á thionlacan de bhun mhír 4 den Airteagal seo idir an ceart chun aisíocaíochta nó atrhródú dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I. An ceart chun rogha idir turas fillte agus athródú, beidh sé ann ar choinníoll go mbeidh na ceanglais sláinte agus sábháilteachta ar fad á gcomhlíonadh.

4.   Faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach i mír 1, féadfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóírí turas a éileamh go mbeadh duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe á thionlacan ag duine eile a bheadh in ann an cúnamh a chur ar fáil a theastódh ón duine atá faoi mhíchumas nó ón duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe. A mhéid a bhaineann le seirbhísí do phaisinéirí, déanfar an duine tionlacain sin a iompar saor in aisce.

5.   Nuair a rachaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas i muinín fhorálacha mhír 1 nó mhír 4, cuirfidh siad an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna sonracha atá acu leis sin a dhéanamh. Tabharfar fógra faoi na cúiseanna sin don duine atá faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis an dáta ar cuireadh an duine sin ar an eolas. I gcás diúltaithe i gcomhréir le mír 1(a), déanfar tagairt do na ceanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme.

Airteagal 9

Inrochtaine agus faisnéis

1.   I gcomhar le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, déanfaidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt, trína n-eagraíochtaí i gcás inarb iomchuí, coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana a bhunú maidir le hiompar daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a saorghluaisteacht laghdaithe, nó beidh na coinníollacha sin i bhfeidhm acu.

2.   Na coinníollacha rochtana dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh na hiompróirí agus na hoibreoirí críochfoirt ar fáil go fisiciúil nó ar an Idirlíon iad sna teangacha arb iontu a dhéantar an fhaisnéis a chur ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir.

3.   Déanfaidh tionscnóirí turas na coinníollacha rochtana a chur ar fáil dá bhforáiltear i mír 1 agus atá infheidhme maidir le turais atá ar áireamh i dtaisteal láneagraithe, i saoire láneagraithe agus i dturais láneagraithe a eagraíonn siad, a dhíolann siad nó a thairgeann siad lena ndíol.

4.   Áiritheoidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha ar fad faoi na coinníollacha iompair, faoin turas agus faoi na coinníollacha rochtana, lena n-áirítear áirithintí agus faisnéis ar líne, a chur ar fáil i bhformáidí a bheidh iomchuí agus a bheidh inrochtana ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 10

An ceart chun cúnaimh i gcalafoirt agus ar bord long

Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 9(1), déanfaidh iompróirí agus oibreoirí calafoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, cúnamh a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, mar a shonraítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III, i gcalafoirt, lena n-áirítear tráth bordála agus díbhordála, agus ar bord long.

Airteagal 11

Coinníollacha ar fúthu a ndéanfar cúnamh a sholáthar

1.   Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, cuirfidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt cúnamh ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, mar a leagtar amach faoi Airteagal 10, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go ndéanfar fógra a thabhairt don iompróir nó don oibreoir críochfoirt faoin ngá a bheidh ag an duine leis an gcúnamh sin, tráth nach déanaí ná dhá lá oibre sula mbeidh gá leis an gcúnamh, agus

(b)

go dtiocfaidh an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe ar an láthair ag an gcalafort nó ag an ionad ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 12(3):

(i)

tráth a shonróidh an t-iompróir i scríbhinn nach luaithe é ná 60 nóiméad roimh an tráth bordála a foilsíodh, nó

(ii)

mura sonrófar tráth bordála ar bith, tráth nach déanaí ná 60 nóiméad roimh an tráth imeachta a foilsíodh.

2.   I dteannta mhír 1, déanfaidh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe fógra a thabhairt don iompróir, tráth a mbeidh an áirithint á déanamh nó tráth a mbeidh an ticéad á réamhcheannach, faoina riachtanais shonracha i dtaca le cóiríocht agus le suíocháin nó faoin ngá atá acu le trealamh leighis a thabhairt leo, ar an gcoinníoll gurb eol ag an am go bhfuil an riachtanas ann.

3.   Maidir le fógra a thabharfar i gcomhréir le mír 1(a) agus le mír 2, féadfar é a thíolacadh i gcónaí don ghníomhaire taistil nó don tionscnóir turas ar uaidh a ceannaíodh an ticéad. I gcás ina gceadófar ilturais leis an ticéad, is leor fógra amháin ar choinníoll go ndéanfar faisnéis leordhóthanach a sholáthar faoi thráthchlár na dturas a dhéanfar ina dhiaidh sin.

4.   Mura dtabharfar fógra ar bith i gcomhréir le mír 1(a) agus le mír 2, déanfaidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt gach iarracht réasúnach chun a áirithiú go gcuirfear an cúnamh ar fáil ar dhóigh go bhféadfaidh an duine atá faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe bordáil, díbhordáil agus taisteal ar an long.

5.   I gcás ina mbeidh duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe á thionlacan ag madra aitheanta cúnaimh, cuirfear cóiríocht ar fáil don mhadra sin in éineacht leis an duine sin, ar choinníoll go dtabharfar fógra don iompróir, don ghníomhaire taistil nó don tionscnóir turas i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le madraí aitheanta cúnaimh a iompar ar bord long paisinéirí, i gcás inarb ann do rialacha den sórt sin.

Airteagal 12

Fógraí a fháil agus ainmniú na n-ionad coinní

1.   Déanfaidh oibreoirí críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas na bearta uile is gá d'fhonn glacadh na bhfógraí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a) agus 11 (2) a éascú. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin ag na díolphointí ar fad atá acu, lena n-áirítear díolachán ar an teileafón agus ar an Idirlíon.

2.   Má fhaigheann gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas an fógra dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh siad, laistigh dá ngnáthuaireanta oifige, an fhaisnéis a sheachadadh chuig an iompróir nó chuig an oibreoir críochfoirt gan mhoill.

3.   Déanfaidh iompróirí agus oibreoirí calafoirt pointe a ainmniú, laistigh de na críochfoirt calafoirt nó lasmuigh díobh, a bhféadfadh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a fhógairt ann go bhfuil siad tagtha agus cúnamh a lorg. Beidh comharthaíocht shoiléir ann chuig an bpointe sin agus cuirfear faisnéis bhunúsach ar fáil leis, i bhformáidí inrochtana, faoin gcalafort agus faoin gcúnamh atá ar fáil ann.

Airteagal 13

Caighdeáin cháilíochta le haghaidh an chúnaimh

1.   Maidir leis na hiompróirí agus na hoibreoirí críochfoirt a mbeidh críochfoirt calafoirt nó seirbhísí do phaisinéirí á n-oibriú acu ar mhó san iomlán ná 100 000 gluaiseachtaí na bpaisinéirí tráchtála an bhliain féilire roimhe sin, déanfaidh siad, laistigh dá réimse inniúlachta faoi seach, caighdeáin cháilíochta a leagan síos don chúnamh a shonraítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III agus déanfaidh siad, i gcás inarb iomchuí trína gcuid eagraíochtaí, na riachtanais ó thaobh acmhainní a theastóidh chun na caighdeáin sin a chomhlíonadh, a chinneadh i gcomhar le heagraíochtaí atá ionadaíoch ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

2.   Maidir leis na coinníollacha cáilíochta dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh na hoibreoirí críochfoirt agus na hiompróirí iad a chur ar fáil go poiblí, go fisiciúil nó ar an Idirlíon i bhformáidí inrochtana agus sna teangacha arb iontu a chuirtear faisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir.

Airteagal 14

Oiliúint agus treoracha

Gan dochar don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ná don Chód maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe ná do na rialacháin arna nglacadh faoi Choinbhinsiún Athchóirithe Loingseoireacht na Réine nó faoin gCoinbhinsiún maidir leis an gCóras Loingseoireachta ar an Danóib, déanfaidh iompróirí agus, i gcás inarb iomchuí, oibreoirí críochfoirt, nósanna imeachta oiliúna i leith míchumais, lena n-áirítear treoracha, a bhunú agus áiritheoidh siad an méid seo a leanas:

(a)

maidir lena bpearsanra, lena n-áirítear an pearsanra atá fostaithe ag aon pháirtí feidhmiúil eile, a mbeidh cúnamh díreach á sholáthar aige do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go gcuirfear oiliúint orthu nó go dtabharfar treoir dóibh faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid A agus Cuid B, agus

(b)

maidir lena bpearsanra atá freagrach ar dhóigh eile as ticéid a chur in áirithe agus a dhíol nó as bordáil agus díbhordáil, lena n-áirítear an pearsanra atá fostaithe ag aon pháirtí feidhmiúil eile, go gcuirfear oiliúint orthu nó go dtabharfar treoir dóibh faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid A.

Airteagal 15

Cúiteamh i ndáil le trealamh soghluaisteachta nó trealamh sonrach eile

1.   Beidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt faoi dhliteanas maidir le caillteanas trealaimh shoghluaisteachta nó trealaimh shonraigh eile atá in úsáid ag duine faoi mhíchumas nó ag duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe nó maidir leis an damáiste a dhéanfar don trealamh sin, más ar an iompróir nó ar oibreoir an chríochfoirt a bhí an locht gur tharla an teagmhas as ar tháinig an caillteanas nó más í faillí an iompróra nó faillí oibreoir an chríochfoirt ba chúis leis. Maidir le caillteanas ar teagmhas loingseoireachta is cúis leis, toimhdeofar gur ar an iompróir atá an locht nó toimhdeofar gurb é an t-iompróir a rinne faillí.

2.   Maidir leis an gcúiteamh dá dtagraítear i mír 1, beidh sé i gcomhréir le luach athsholáthair an trealaimh lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, beidh sé i gcomhréir leis na costais a bhaineann leis an deisiúchán.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (11).

4.   Ina theannta sin, déanfar gach iarracht trealamh ionadach sealadach a chur ar fáil go tapa.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ IOMPRÓIRÍ AGUS OIBREOIRÍ CALAFOIRT I GCÁS INA GCUIRFEAR ISTEACH AR THAISTEAL

Airteagal 16

Faisnéis i gcás imeachtaí a chur ar ceal nó moill a bheith orthu

1.   I gcás ina gcealófar imeacht seirbhíse do phaisinéirí nó turais d'uisce nó i gcás ina gcuirfear moill air, déanfaidh an t-iompróir, nó an t-oibreoir calafoirt, i gcás inarb iomchuí, na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó na críochfoirt calafoirt a chur ar an eolas faoin staid a luaithe is féidir, agus, ar chaoi ar bith, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis an am imeachta sceidealaithe, agus faoin am imeachta measta agus faoin am teachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

2.   Má chailleann paisinéir nascsheirbhís iompair de bharr cealaithe nó de bharr moille, déanfaidh an t-iompróir agus, i gcás inarb iomchuí, an t-oibreoir críochfoirt, gach iarracht réasúnach na paisinéirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoi naisc mhalartacha.

3.   Áiritheoidh an t-iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, an t-oibreoir críochfoirt, gur i bhformáidí inrochtana a gheobhaidh daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi mhír 1 agus faoi mhír 2.

Airteagal 17

Cúnamh i gcás imeachtaí a cuireadh ar ceal nó atá moillithe

1.   I gcás ina mbeidh iompróir ag súil go réasúnach go mbeidh moill breis agus 120 nóiméad ón tráth imeachta sceidealaithe ar sheirbhís do phaisinéirí nó ar thuras d'uisce, déanfar sneaiceanna, béilí nó sóláistí a sholáthar saor in aisce do phaisinéirí, ar choinníoll go mbeidh fáil orthu, nó gur féidir go réasúnach iad a sholáthar, i gcoibhneas réasúnach leis an tréimhse a mbeidh na paisinéirí ag feitheamh.

2.   I gcás ina ndéanfar imeacht a chur ar ceal nó i gcás moill a bheith ar an imeacht agus gur gá don phaisinéir oíche amháin nó níos mó a chaitheamh nó gur gá dó fanacht níos faide ná mar a bhí i gceist aige, agus i gcás ina mbeidh sé sin indéanta go fisiciúil agus nuair a bheidh sé sin indéanta go fisiciúil, tairgfidh an t-iompróir cóiríocht leordhóthanach saor in aisce ar bord loinge nó ar tír do phaisinéirí a bheidh ag imeacht ó chríochfoirt chalafoirt agus déanfaidh sé iad a iompar chuig an gcríochfort calafoirt agus chuig an áit chóiríochta agus ó na háiteanna sin sa bhreis ar na sneaiceanna, na béilí nó na sóláistí dá bhforáiltear i mír 1. Féadfaidh an t-iompróir costas iomlán na cóiríochta ar tír a theorannú, do gach paisinéir, do EUR 120, gan an t-iompar go dtí an áit chóiríochta agus ar ais chuig an gcríochfort calafoirt a chur san áireamh.

3.   Agus mír 1 agus mír 2 á gcur i bhfeidhm aige, tabharfaidh an t-iompróir aird ar leith ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus duine ar bith eile a bheidh á dtionlacan.

Airteagal 18

Athrodú agus aisíocaíocht i gcás imeachtaí a cuireadh ar ceal nó atá moillithe

1.   I gcás ina mbeidh iompróir ag súil go réasúnach go gcuirfear seirbhís do phaisinéirí ar ceal nó go gcuirfear moill is faide ná 120 nóiméad ar an imeacht ó chríochfort calafoirt, tabharfar rogha láithreach don phaisinéir idir an méid seo a leanas:

(a)

athrodú chuig an gceann scríbe deiridh, faoi choinníollacha inchomparáide, mar atá sé leagtha amach sa chonradh iompair, a luaithe is féidir;

(b)

aisíocaíocht ar luach an ticéid agus, i gcás inarb ábhartha, seirbhís fillte saor in aisce chuig an gcéad phointe imeachta, mar a leagtar amach sa chonradh iompair é, a luaithe is féidir.

2.   I gcás ina ndéanfar seirbhís do phaisinéirí a chur ar ceal nó i gcás ina mbeidh moill is mó ná 120 nóiméad uirthi imeacht ó chalafort, beidh an ceart ag paisinéirí athródú den chineál sin a bheith acu nó aisíocaíocht ar luach an ticéid a fháil ón iompróir.

3.   Maidir leis an aisíocaíocht dá bhforáiltear i mír 1(b) agus i mír 2, déanfar í a íoc laistigh de sheacht lá, in airgead tirim, trí aistriú leictreonach bainc, trí ordú bainc nó trí sheic baincéara, ar chostas iomlán an ticéid ag an luach ar a ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna den turas nár taistealaíodh, agus don chuid nó do na codanna a taistealaíodh cheana féin más rud é nach bhfuil cuspóir ar bith leis an turas a thuilleadh i leith phlean taistil bunaidh an phaisinéara.

Airteagal 19

Cúiteamh ar phraghas an ticéid i gcás moill a bheith ar an teacht

1.   Gan a gceart chun iompair a chailliúint, féadfaidh paisinéirí cúiteamh a iarraidh ar an iompróir i gcás ina mbeidh moill orthu ag teacht go dtí an ceann scríbe mar a leagtar amach sa chonradh iompair é. Is é 25 % de phraghas an ticéid an t-íosleibhéal cúitimh íosta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

moill uair amháin an chloig ar a laghad i gcás turais sceidealta nach faide ná ceithre huaire an chloig;

(b)

moill dhá uair an chloig ar a laghad i gcás turais sceidealta is faide ná ceithre huaire an chloig ach nach faide ná ocht n-uaire an chloig;

(c)

moill trí huaire an chloig ar a laghad i gcás turais sceidealta is faide ná ocht n-uaire an chloig ach nach faide ná 24 huaire an chloig; nó

(d)

moill sé huaire an chloig i gcás turais sceidealta is faide ná 24 huaire an chloig.

Má bhíonn an mhoill dhá oiread chomh fada agus an t-am a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (d), is 50 % de luach an ticéid a bheidh sa chúiteamh.

2.   Maidir le paisinéirí a mbeidh pas taistil nó ticéad séasúir acu agus a gcuirfear moill arís is arís eile orthu le linn thréimhse bailíochta an phas nó an ticéid sin, féadfaidh siad cúiteamh a iarraidh i gcomhréir le socruithe cúitimh an iompróra. Sonrófar, leis na socruithe sin, na critéir chun an mhoill ar an teacht a chinneadh agus chun an cúiteamh a ríomh.

3.   Ríomhfar an cúiteamh i gcoibhneas leis an bpraghas a d'íoc an paisinéir iarbhír as an tseirbhís do phaisinéirí ar cuireadh moill uirthi.

4.   I gcás inar turas fillte a bheidh i gceist leis an iompar, ríomhfar an cúiteamh i leith moill a bheith ar an teacht don turas amach nó don turas ar ais i gcoibhneas le leath an phraghais a íocadh ar an iompar leis an tseirbhís sin do phaisinéirí.

5.   Íocfar an cúiteamh laistigh de mhí ón dáta a ndéanfar an t-iarratas ar chúiteamh a chur isteach. Féadfar an cúiteamh a íoc i bhfoirm dearbhán agus/nó seirbhísí eile ar choinníoll go mbeidh na téarmaí solúbtha, go háirithe maidir leis an tréimhse bailíochta agus maidir leis an gceann scríbe. Íocfar an cúiteamh in airgead arna iarraidh sin don phaisinéir.

6.   Ní laghdófar cúiteamh ar phraghas an ticéid le costais a bhaineann le hidirbhearta airgeadais, amhail táillí, costais teileafóin ná stampaí. Féadfaidh iompróirí íostairseach a thabhairt isteach nach n-íocfar íocaíochtaí cúitimh faoina bhun. Ní rachaidh an tairseach sin thar EUR 10.

Airteagal 20

Díolúintí

1.   Seachas i gcás paisinéirí a mbeidh pas taistil nó ticéad séasúir acu, ní bheidh feidhm ag Airteagal 17, ag Airteagal 18 ná ag Airteagal 19 maidir le paisinéirí a mbeidh ticéid oscailte acu ar choinníoll nach mbeidh am an imeachta sonraithe ann.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17 ná ag Airteagal 19 má chuirtear an paisinéir ar an eolas maidir leis an gcealú nó maidir leis an moill sula gceannaítear an ticéid nó más ar an bpaisinéir atá an locht gur tharla an cealú nó go raibh moill i gceist.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17(2) nuair is aimsir a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol is cúis leis an gcealú nó leis an moill.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 19 i gcás inarb é is cúis leis an gcealú nó leis an moill aimsir a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol nó cúinsí eisceachtúla eile a chuirfeadh isteach ar fheidhmiú na seirbhíse do phaisinéirí, agus nach bhféadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnach chuige sin.

Airteagal 21

Éilimh bhreise

Ní chuirfear cosc, le haon ní sa Rialachán seo, ar phaisinéirí damáistí a éileamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i leith caillteanais a eascróidh as seirbhísí iompair a chur ar ceall nó moill a bheith orthu, os comhair na gcúirteanna náisiúnta, lena n-áirítear faoi Threoir 90/314/CEE.

CAIBIDIL IV

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS AGUS GEARÁIN

Airteagal 22

Ceart chun faisnéise i leith taistil

Déanfaidh iompróirí agus oibreoirí críochfort, laistigh dá réimsí inniúlachta féin faoi seach, faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil do na paisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal, i bhformáid inrochtana agus sna teangacha arb iontu a chuirtear faisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir. Tabharfar aird ar leith ar na riachtanais atá ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 23

Faisnéis faoi chearta na bpaisinéirí

1.   Áiritheoidh iompróirí agus oibreoirí críochfort, laistigh dá réimsí inniúlachta féin faoi seach, go mbeidh faisnéis faoi chearta na bpaisinéirí faoin Rialachán seo ar fáil go poiblí ar bord long agus i gcríochfoirt. Soláthrófar an fhaisnéis i bhformáid inrochtana agus sna teangacha arb iontu a chuirtear faisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir. Agus an fhaisnéis seo á cur ar fáil, tabharfar aird ar leith ar na riachtanais atá ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

2.   Chun an ceanglas maidir le faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, féadfaidh iompróirí agus oibreoirí críochfort úsáid a bhaint as achoimre ar fhorálacha an Rialacháin seo arna hullmhú ag an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a chuirfear ar fáil dóibh.

3.   Cuirfidh iompróirí agus oibreoirí críochfort paisinéirí ar an eolas, ar bhealach iomchuí, ar bord long agus i gcríochfoirt, maidir le sonraí teagmhála an chomhlachta fhorfheidhmithe arna ainmniú ag an mBallstát de bhun Airteagal 25(1).

Airteagal 24

Gearáin

1.   Beidh sásra ag iompróirí chun gearáin a láimhseáil i gcomhair na gceart agus na n-oibleagáidí a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó déanfaidh siad sásra den sórt sin a bhunú.

2.   Más mian le paisinéir a chumhdaítear faoin Rialachán seo gearán a dhéanamh leis an iompróir, tíolacfaidh sé isteach é laistigh de dhá mhí ón dáta ar feidhmíodh an tseirbhís nó ón dáta a raibh sé ceaptha an tseirbhís a fheidhmiú. Laistigh de mhí ón dáta a bhfaighidh an t-iompróir gearán, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir gur cuireadh bunús lena ghearán, gur diúltóidh an gearán nó go bhfuil sé fós á bhreithniú. Tabharfar an freagra deiridh maidir leis an ngearán laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ón dáta a bhfuarthas é.

CAIBIDIL V

FORFHEIDHMIÚ AGUS COMHLACHTAÍ NÁISIÚNTA FORFHEIDHMITHE

Airteagal 25

Comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí nua nó comhlacht nó comhlachtaí a bhí ann cheana féin mar chomhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le seirbhísí do phaisinéirí agus le turais d'uisce as calafoirt atá suite ina gcríoch agus maidir le seirbhísí do phaisinéirí ó thríú tíortha chuig na calafoirt sin. Déanfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

Beidh gach comhlacht neamhspleách ar iompróirí, ar thionscnóirí turas agus ar oibreoirí críochfort, ó thaobh eagrúcháin de, ó thaobh cinntí i leith maoinithe, ó thaobh a struchtúir dhlíthiúil agus ó thaobh cinnteoireachta de.

2.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.   Féadfaidh paisinéir ar bith gearán a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leis an gcomhlacht inniúil arna ainmniú faoi mhír 1, nó le comhlacht inniúil ar bith eile a ainmneoidh Ballstát, maidir le haon sárú líomhnaithe ar an Rialachán seo.

Féadfaidh Ballstát an méid seo a leanas a chinneadh:

a)

go bhféadfaidh paisinéir, mar chéim tosaigh, an gearán a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur faoi bhráid an iompróra; agus/nó

b)

go ngníomhóidh an comhlacht náisiúnta forfheidhmithe nó aon chomhlacht inniúil eile a ainmneoidh an Ballstát mar chomhlacht achomhairc i gcás gearán nár réitíodh faoi Airteagal 24.

4.   Na Ballstáit a roghnóidh seirbhísí áirithe a eisiamh de bhun Airteagal 2(4), áiritheoidh siad go mbeidh sásra inchomparáide ann chun cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú.

Airteagal 26

Tuarascáil ar fhorfheidhmiú

An 1 Meitheamh (12), agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh na comhlachtaí forfheidhmithe a ainmneofar de bhun Airteagal 25 tuarascáil maidir lena ndearna siad sa dá bhliain féilire roimhe sin, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe, cur síos ar na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, mionsonraí na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm agus staidreamh maidir leis na gearáin agus maidir leis na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm.

Airteagal 27

Comhoibriú idir chomhlachtaí forfheidhmithe

Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 26 (1) faisnéis a mhalartú, aon uair is iomchuí, faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail cinnteoireachta agus faoina gcleachtas cinnteoireachta. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh sa chúram seo.

Airteagal 28

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforálfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin tráth nach déanaí ná … (13) agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

Tuarascáil

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar oibriú agus ar iarmhairtí an Rialacháin seo a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin … (14). Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inar gá, chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme ar shlí is mionsonraithe, nó chun an Rialachán a leasú.

Airteagal 30

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘19.

Rialachán (AE) Uimh. … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le cearta paisinéirí a bheidh ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí (15).

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón … (16)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán


(1)  Tuairim an 16 Iúil 2009 (IO C 317, 23.12.2009, lch. 89)

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle …

(3)  IO L 378, 31.12.1986, lch. 4.

(4)  IO L 364, 12.12.1992, lch. 7.

(5)  IO L 163, 25.6.2009, lch. 1.

(6)  IO L 389, 30.12.2006, lch. 1.

(7)  IO L 158, 23.6.1990, lch. 59.

(8)  IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

(9)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(10)  Dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(11)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 24.

(12)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus dhá bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo

(13)  Dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(14)  Trí bliana tar éis dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(15)  IO …’

(16)  36 mhí tar éis dáta foilsiúcháin an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN I

Ceart chun aisíocaíochta nó athródú do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe dá dtagraítear in Airteagal 8

1.

I gcás ina ndéanfar tagairt don Iarscríbhinn seo, déanfar rogha a thairiscint do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe idir an méid seo a leanas:

(a)

aisíocaíocht laistigh de sheacht lá, a íocfar in airgead tirim, trí aistriú leictreonach bainc, trí orduithe bainc nó trí sheiceanna bainc, ar chostas iomlán an ticéid ag an bpraghas a íocadh air, don chuid nó do na codanna den turas nár taistealaíodh, agus don chuid nó do na codanna a taistealaíodh cheana féin más rud é nach bhfuil cuspóir ar bith leis an turas a thuilleadh i leith phlean taistil bunaidh an phaisinéara, móide, i gcás inarb ábhartha,

seirbhís fillte chuig an gcéad phointe imeachta, a luaithe is féidir; nó

(b)

athródú chuig an gceann scríbe deiridh mar atá leagtha amach sa chonradh iompair, faoi choinníollacha inchomparáide, a luaithe agus is féidir; nó

(c)

athródú chuig an gceann scríbe deiridh mar atá leagtha amach sa chonradh iompair, faoi choinníollacha inchomparáide, ar dháta is déanaí ar chaoithiúlacht an phaisinéara, faoi réir ticéid a bheith ar fáil.

2.

Beidh feidhm ag mír 1(a) freisin maidir le paisinéirí ar cuid de phacáiste iad a dturais, ach amháin i dtaca leis an gceart aisíocaíochta i gcás ina dtiocfaidh ceart den sórt sin chun cinn faoi Threoir 90/314/CEE.

3.

Más rud é, i gcás ina ndéanfar freastal ar bhaile, ar chathair nó ar réigiún trí roinnt calafort éagsúil, go ndéanann iompróir turas a thairiscint do phaisinéir chuig calafort nach é an calafort lena mbaineann an áirithint é, is ar an iompróir a bheidh an costas chun an paisinéir a aistriú ón gcalafort malartach sin chuig an gcalafort lena mbaineann an áirithint, nó chuig ceann scríbe eile in aice láimhe le comhaontú an phaisinéara.


IARSCRÍBHINN II

Cúnamh i gcalafoirt, lena n-áirítear bordáil agus díbhordáil, dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 13

1.

Cúnamh agus socruithe is gá le cur ar chumas daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

a chur in iúl gur bhain siad críochfort calafoirt amach agus iarraidh ar chúnamh a dhéanamh,

dul ó ionad iontrála chuig an gcuntar cláraithe, más ann dó, nó chuig an long,

seiceáil isteach agus bagáiste a chlárú, más gá,

dul ón gcuntar cláraithe, más ann dó, chuig an long, trí na hionaid eisimirce agus trí na hionaid slándála,

an long a bhordáil, agus ardaitheoirí, cathaoireacha rothaí nó cúnamh eile atá ag teastáil á soláthar, de réir mar is iomchuí,

dul ó dhoras na loinge chuig a suíocháin nó chuig a limistéar,

bagáiste a stóráil agus a fháil ar ais ar an long,

dul óna suíocháin chuig doras na loinge,

an long a dhíbhordáil, agus ardaitheoirí, cathaoireacha rothaí nó cúnamh eile atá ag teastáil á soláthar, de réir mar is iomchuí,

bagáiste a fháil ar ais, más gá, agus dul trí na hionaid inimirce agus trí na hionaid chustaim,

dul ó halla an bhagáiste nó ón ionad díbhordála chuig ionad ainmnithe chun dul amach,

a mbealach a dhéanamh chuig áiseanna leithris (más ann dóibh) má theastaíonn sé sin.

2.

I gcás ina mbeidh duine tionlacain leis an duine atá faoi mhíchumas nó leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, chun cúnamh a thabhairt dó, caithfear ligean don duine sin, arna iarraidh sin, an cúnamh is gá a sholáthar sa chalafort agus le linn bordála agus díbhordála.

3.

An trealamh gluaiseachta ar fad is gá a láimhseáil, lena n-áirítear trealamh amhail cathaoireacha rothaí leictreacha.

4.

Trealamh eile a chur, go sealadach, in ionad trealaimh ghluaiseachta a ndearnadh damáiste dó nó a chuaigh amú, cé nach gá i gcónaí go mbeadh an trealamh ionadach díreach mar an gcéanna.

5.

Madraí cúnta aitheanta a láimhseáil ar an talamh, nuair is ábhartha.

6.

Faisnéis a theastaíonn i gcomhair bordála agus díbhordála a chur in iúl i bhformáidí inrochtana.


IARSCRÍBHINN III

Cúnamh ar bord long dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 13

1.

Madraí aitheanta cúnta a iompar ar bord na loinge, faoi réir rialachán náisiúnta.

2.

Trealamh leighis agus an trealamh soghluaisteachta atá riachtanach don duine faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear cathaoireacha rothaí leictreacha, a iompar.

3.

Faisnéis riachtanach a bhaineann le bealach a chur in iúl i bhformáidí inrochtana.

4.

Gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun suíocháin a shocrú chun riachtanais daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chomhlíonadh arna iarraidh sin agus faoi réir ceanglas sábháilteachta agus infhaighteachta.

5.

Cúnamh chun gluaiseacht chuig áiseanna leithris (más ann dóibh), má theastaíonn sin.

6.

I gcás ina mbeidh duine tionlacain leis an duine atá faoi mhíchumas nó leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, chun cúnamh a thabhairt dó, déanfaidh an t-iompróir gach iarracht réasúnach chun suíochán nó cábán a thabhairt don duine sin in aice leis an duine atá faoi mhíchumas nó in aice leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe.


IARSCRÍBHINN IV

Oiliúint, lena n-áirítear treoracha, a bhaineann le míchumas, agus dá dtagraítear in Airteagal 14

A.   Oiliúint, lena n-áirítear treoracha, maidir le feasacht ar an míchumas

Áirítear na nithe seo a leanas ar oiliúint, lena n-áirítear treoracha, maidir le feasacht ar an míchumas:

feasacht agus freagairtí iomchuí ar phaisinéirí a bhfuil míchumas coirp, míchumas céadfach (éisteachta agus amhairc), míchumas folaithe nó míchumas foghlama ag dul dóibh, lena n-áirítear conas idirdhealú a dhéanamh idir chumais éagsúla na ndaoine a bhféadfadh a soghluaisteacht, a dtreoshuíomh nó a gcumarsáid a bheith laghdaithe;

na bacainní ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear bacainní dearcaidh, timpeallachta/fisiciúla agus eagraíochtúla;

madraí aitheanta cúnta, lena n-áirítear an ról agus na riachtanais atá ag madra cúnta;

déileáil le teagmhais gan choinne;

scileanna idirphearsanta agus modhanna le cumarsáid a dhéanamh le daoine lagéisteachta, daoine lagamhairc, daoine a bhfuil urlabhra lagaithe acu agus daoine a bhfuil míchumas foghlama ag dul dóibh;

feasacht ghinearálta ar threoirlínte IMO a bhaineann leis an Moladh maidir le Dearadh agus Oibriú long paisinéirí ar mhaithe le freagairt do riachtanais daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas.

B.   Oiliúint, lena n-áirítear treoracha, maidir le cúnamh míchumais

Áirítear na nithe seo a leanas ar oiliúint, lena n-áirítear treoracha, maidir le cúnamh míchumais:

conas cabhrú le húsáideoirí cathaoireacha rothaí aistriú isteach agus amach as cathaoir rothaí;

scileanna chun cúnamh a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe atá ag taisteal le madra aitheanta cúnta, lena n-áirítear ról agus riachtanais na madraí sin;

teicnící chun paisinéirí lagamhairc a thionlacan agus chun madraí aitheanta cúnta a láimhseáil agus a iompar;

tuiscint ar na cineálacha trealaimh atá in ann cúnamh a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus eolas ar an gcaoi le trealamh mar sin a láimhseáil go cúramach;

úsáid a bhaint as an trealamh cúnta bordála agus díbhordála a úsáidtear agus eolas ar na nósanna imeachta iomchuí do chúnamh bordála agus díbhordála a dhéanann sábháilteacht agus dínit na ndaoine faoi mhíchumas agus na ndaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a choimirciú;

tuiscint ar an ngá atá le cúnamh iontaofa gairmiúil. A bheith feasach freisin go bhféadfadh daoine áirithe atá faoi mhíchumas agus daoine áirithe a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheith soghonta le linn dóibh a bheith ag taisteal toisc iad a bheith ag brath ar an gcúnamh a chuirtear ar fáil;

eolas ar an ngarchabhair.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 4 Nollaig 2008 thíolaic an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú. (1)

An 23 Aibreán 2009, vótáil Parlaimint na hEorpa maidir lena tuairim ar an gcéad léamh. (2)

An 9 Deireadh Fómhair 2009, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an dréacht-Rialachán. Tar éis don athbhreithniú dlíthiúil agus teangeolaíoch a bheith déanta, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh an 11 Márta 2010 i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach atá leagtha síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Agus a cuid oibre á cur i gcrích aici, chuir an Chomhairle tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa san áireamh. Níor theastaigh ó Choiste na Réigiún aon tuairim a thabhairt uaidh.

II.   ANAILÍS AR AN SEASAMH AR AN gCÉAD LÉAMH

1.   Ginearálta

Cuid de chuspóir ginearálta an AE cearta paisinéirí a threisiú, go háirithe cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, is ea an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre. Tá reachtaíocht den chineál céanna glactha cheana féin i dtaca le paisinéirí agus iad ag taisteal d'aer (3) nó d'iarnród. (4) Tá forálacha sa togra maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach agus maidir le cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus, chomh maith leis sin tá forálacha ann maidir leis an gceart atá ag gach catagóir de phaisinéirí ó thaobh cúnamh agus faisnéis a fháil, agus cúiteamh freisin, b'fhéidir, i gcás moille nó cealaithe.

Cé go n-aontaíonn an Chomhairle leis an gCoimisiún maidir le cuspóir an togra, tá oiriúnuithe móra ar an mbuntogra i gceist le cur chuige na Comhairle. Níorbh inghlachta roinnt de na forálacha a bhí á mbeartú toisc go mbeadh ualach róthrom riaracháin i gceist leo agus costais dá bharr ar na hiompróirí agus ar lucht riaracháin náisiúnta, gan aon bhreisluach a bheith á thabhairt do phaisinéirí lena gcúiteofaí na míbhuntáistí sin. Chomh maith leis sin, rinneadh athdhréachtú ar roinnt forálacha eile chun an Rialachán a shimpliú agus a shoiléiriú.

Mar thoradh ar an gcur chuige sin, le seasamh seo na Comhairle ar an gcéad léamh, athdhréachtaítear an buntogra ón gCoimisiún agus scriostar roinnt forálacha de, rud a fhágann go ndéantar é a mhodhnú go fairsing. Ciallaíonn sé seo nár ghlac an Chomhairle le haon cheann de na leasuithe a cuireadh isteach le tuairim chéad léamh Pharlaimint na hEorpa maidir leis na forálacha a scriosadh leis an gComhsheasamh.

2.   Príomh-shaincheisteanna beartais

i)   Raon feidhme

Raon feidhme geografach

Ba é a mhol an Coimisiún gur cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán maidir le seirbhísí paisinéireachta agus maidir le turais mhara idir calafoirt sna Ballstáit nó ag calafoirt i mBallstáit.

Measann an Chomhairle go bhfuil gá leis an togra ón gCoimisiún a shoiléiriú ó thaobh an phointe sin de, ionas nach ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht idir seirbhísí paisinéireachta laistigh den AE agus seirbhísí paisinéireachta lasmuigh den AE. Le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, dá bhrí sin, déantar na forálacha thuas a mhionchoigeartú. Déantar idirdhealú ann, ar láimh amháin, idir seirbhísí paisinéireachta ina bhfuil an calafort bordála lonnaithe i gcríoch Ballstáit, agus, ar an láimh eile, seirbhisí paisinéireachta ina bhfuil an calafort bordála lonnaithe lasmuigh de chríoch Ballstáit ach ina bhfuil an calafort díbhordála lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit. Sa dara cás thuas, ní bheidh feidhm ag an Rialachán ach amháin sa chás gur iompróir de chuid an Aontais atá ag oibriú na seirbhíse. Ba cheart áfach an sainmhíniú ar iompróir de chuid an Aontais a thuiscint ar bhealach chomh leathan agus is féidir chun go gcumhdófaí bunáite na seirbhísí paisinéireachta idir calafoirt san AE agus calafoirt lasmuigh de. Maidir le turais d'uisce, ní bheidh feidhm ag an Rialachán ach amháin maidir le turais d'uisce ina bhfuil an calafort bordála lonnaithe i gcríoch Ballstáit.

Ina theannta sin, chuir an Chomhairle isteach sainmhíniú ar ‘críoch Ballstáit’

Díolúintí ón raon feidhme

Le buntogra an Choimisiúin, cumhdaíodh i bprionsabail gach seirbhís paisinéireachta, beag beann ar líon na bpaisinéirí a iompraítear, fad an turais, cuspóir an aistir, srl. Ní raibh i gceist ag an gCoimisiún go bhféadfadh na Ballstáit aon seirbhísí a dhíolúnú ach amháin seirbhísí a chumhdaítear le conarthaí seirbhíse poiblí.

Measann an Chomhairle go bhfuil sé tábhachtach na forálacha sin a dhíriú ar a bhfuil indéanta go praiticiúil agus ar a bhfuil riachtanach. Dá bhrí sin, chuir sí isteach roinnt áirithe díolúintí nach mbeidh feidhm ag forálacha an Rialacháin maidir leo. Aontaíonn an Chomhairle go n-eisiafar ón raon feidhme paisinéirí a bheidh ag taisteal ar longa atá ceadaithe chun suas le 36 paisinéir a iompar, paisinéirí ar longa a bhfuil criú acu nach mó ná triúr é nó a bhfuil seirbhís iomlán paisinéireachta á cur ar fáil acu nach faide í ná 500 méadar aontreo. Eisiaitear saorthurais agus turais fámaireachta (seachas turais d'uisce) freisin.

Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit díolúine a thabhairt do longa mara a bhfuil ollmheáchan ar lú é ná 300 tonna acu agus a oibrítear san iompar baile, díolúine a mhairfidh ar feadh tréimhse dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Má roghnaíonn Ballstát é sin a dhéanamh áfach, ní foláir go mbeadh cearta na bpaisinéirí á n-áirithiú go leordhóthanach faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh Ballstáit díolúine a thabhairt freisin do sheirbhísí paisinéireachta a chumhdaítear le hoibleagáidí seirbhíse poiblí, le conarthaí seirbhíse poiblí nó le seirbhísí comhtháite, ar an gcoinníoll go bhfuil cearta na bpaisinéirí á ráthú ar bhealach leordhóthanach faoin dlí náisiúnta.

Lean Parlaimint na hEorpa cur chuige an Choimisiúin i bprionsabal, ach chuir sí isteach go bhféadfadh na Ballstáit seirbhisí uirbeacha agus fo-uirbeacha a dhíolúnú (leasú 10). Níor chuir an Chomhairle an leasú sin san áireamh, ach de bharr na ndíolúintí ón raon feidhme a mhol an Chomhairle beidh go leor seirbhísí den chineál sin á n-eisiamh.

ii)   Cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

Tacaíonn an Chomhairle go huile is go hiomlán leis an gcuspóir atá ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar iompar muirí agus ar iompar d'uiscebhealaí intíre. Cloíonn an Chomhairle go dlúth le togra an Choimisiúin mar sin, ach amháin go ndearna sí é a shimpliú agus a shoiléiriú in áiteanna áirithe.

Maidir leis na heisceachtaí don cheart chun iompair, ba é a bheartaigh an Coimisiún go bhféadfaí a dhiúltú duine faoi mhíchumas a iompar ar bhonn na gceanglas sábháilteachta nó ar bhonn struchtúr na loinge. Tá ceanglais maidir le sláinte curtha leis an méid sin ag an gComhairle, ionas go n-áireofar cásanna inarb amhlaidh nach féidir iompar sábháilte an phaisinéara a ráthú de bharr a riocht sláinte.

Ba é a mhol Parlaimint na hEorpa go scriosfaí aon tagairtí do cheanglais sábháilteachta a bhí ann (leasuithe 1, 26 agus 29) agus go gcuirfí isteach tagairt d'iompar ar mhodh a bheadh sábháilte, díniteach agus indéanta ó thaobh oibríochta de (leasú 27). Rinne an Chomhairle an leasú sin a chomhtháthú isteach ina seasamh ar an gcéad léamh, ach amháin an focal ‘díniteach’. Measann an Chomhairle nach féidir le duine ar bith, seachas an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, a chinneadh cad is modh díniteach ann agus nár cheart don iompróir an cinneadh sin a dhéanamh.

De réir an bhuntogra, d'fhéadfadh an t-iompróir iallach a chur ar dhuine atá faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe go mbeadh sé á thionlacan ag duine atá in ann cúnamh a sholáthar. De réir sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, má dhéanann an t-iompróir iarratas mar sin maidir le seirbhís paisinéireachta, iomprófar an cúntóir sin gan táille.

Maidir leis an gcúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, soláthrófar an cúnamh sin ar an gcoinníoll go gcuirfidh an duine lena mbaineann fógra chuig an iompróir nó chuig oibritheoir an chríochfoirt ar a dhéanaí dhá lá oibre roimh ré (ba é 48 uair an chloig roimh ré a bhí molta ag an gCoimisiún) agus ar an gcoinníoll go mbeidh an duine sin i láthair ag an gcalafort nó ag pointe sainithe, 60 nóiméad ar a laghad roimh an am bordála nó imeachta. Chomh maith leis sin, má tá riachtanais shonracha ag an duine maidir le cóiríocht nó suíochán, nó más gá trealamh liachta a thógáil leis, ba cheart don phaisinéir fógra a thabhairt don iompróir faoi na riachtanais sin tráth a mbeidh an áirithint á déanamh, má táthar ar an eolas faoi na riachtanais ag an am sin. Leis an gceanglas breise seo atá á chur isteach ag an gComhairle, ligfear don iompróir freastal ar na sainriachtanais sin agus an tseirbhís is fearr a thabhairt don duine lena mbaineann.

Bhain roinnt de leasuithe Pharlaimint na hEorpa le faisnéis a bheith i bhformáid a bheadh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a saorghluaiseacht laghdaithe. Ghlac an Chomhairle leis na leasuithe sin. Ghlac sí, chomh maith, le leasuithe na Parlaiminte maidir leis an athrú ó ‘ainmhí cúnaimh’ go ‘madra cúnaimh’.

iii)   Oibleagáidí na n-iompróirí agus na n-oibritheoirí críochfoirt i gcásanna ina gcuirtear isteach ar an taisteal.

Foráladh leis an togra ón gCoimisiún don cheart chun faisnéise, chun cúnaimh (lena n-áirítear béilte, sóláistí agus b'fhéidir, cóiríocht óstáin), chun atreoraithe agus chun aisíocaíochta, chomh maith leis an gceart atá ag gach paisinéir cúiteamh a fháil ar phraghas an ticéid i gcás moille, agus, i gcásanna áirithe, i gcás cealú na seirbhíse paisinéireachta nó an turais d'uisce. Ní íocfaí cúiteamh ar phraghas an ticéid, áfach, sa chás inarb é ba chúis leis an moill nó an cealú cúinsí eisceachtúla a chuirfeadh bac ar fheidhmiú na seirbhíse iompair.

Aontaíonn an Chomhairle leis an bprionsabal gur cheart d'iompróirí agus d'oibritheoirí críochfoirt aire a thabhairt dá bpaisinéirí, agus tá leathnú déanta aici ar an bprionsabal sin le go n-áireofar leis gach cás de chealú. Mar sin féin, i gcásanna áirithe ní bheadh sé indéanta ná réasúnta go mbeifí ag súil go gcuirfí faisnéis ar fáil maidir le moill, i gcalafort nach mbeadh aon fhoireann ann, mar shampla. Le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, tugtar isteach, mar sin, coincheap na gcríochfort calafoirt, i.e. críochfoirt fhoireannaithe atá lonnaithe i gcalafort a bhfuil saoráidí áirithe agus foireann ann (seiceáil isteach, cuntair ticéad nó tolglanna.) Oibleagáidí áirithe de chuid iompróirí agus oibreoirí críochfoirt, níl feidhm acu ach amháin maidir le paisinéirí atá ag imeacht ó na críochfoirt sin. Tá sé sin amhlaidh i gcás na faisnéise agus an chúnaimh, agus, go pointe áirithe, i gcás an atreoraithe agus na haisíocaíochta.

Gné eile atá mar bhonn do sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh is ea an tslándáil mhuirí. D'fhonn cásanna a sheachaint ina gcuirfeadh iompróirí chun farraige nó ina dtaistealóidís ar ardluas, ar chúiseanna eacnamaíocha, in aimsir a chuirfeadh oibriú sábháilte na loinge i mbaol, tugadh isteach díolúine ón oibleagáid atá ann cóiríocht nó chúiteamh ar phraghas an ticéid a sholáthar i gcásanna mar sin. Ina theannta sin, mínítear le dhá aithris coincheap na drochaimsire agus coincheap na gcúinsí eisceachtúla, ar bhealach neamhchuimsitheach. Tugadh isteach a thuilleadh díolúintí maidir leis an gceart chun cúnaimh agus cúitimh sa chás ina gcuirtear an paisinéir ar an eolas faoin gcealú nó faoin moill roimh dó an ticéad a cheannach nó sa chás gurb é an paisinéir is cúis leis an gcealú nó leis an moill. Ar deireadh, tugadh cead don iompróir teorainn 120 euro a chur ar an gcostas cóiríochta agus íostairseach a thabhairt isteach nach n-íocfar íocaíochtaí cúitimh faoina bhun (ticéid ar luach 10 euro nó níos lú ná sin.)

Mhol Parlaimint na hEorpa go mbeadh díolúintí ann i gcás force majeure (leasuithe 23 agus 60) nó i gcás ina bhfógrófaí an cealú nó an mhoill roimh ré (leasú 59). Ghlac an Chomhairle le héirim na leasuithe sin. Chomh maith leis sin, bhí sé beartaithe ag an bParlaimint go dteorannófaí costas na cóiríochta chuig dhá oiread phraghas an ticéid (leasú 53). Measann an Chomhairle go bhfuil sé sin ró-neamhfhábhrach do phaisinéirí agus d'iompróirí i gcásanna áirithe agus meastar go bhfuil an teorannú chuig 120 euro níos réasúnaí do phaisinéirí agus d'iompróirí araon.

iv)   Gearáin a láimhseáil agus comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe

Bhí rialacha mionsonraithe i dtogra an Choimisiúin maidir leis an gcaoi ar chóir d'iompróirí gearáin a láimhseáil, go háirithe na hiarmhairtí forleathana dlíthiúla a bheadh ann i gcás nach dtabharfaí freagra ar ghearáin, agus maidir le hainmniú agus freagrachtaí na gcomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe.

Cé go n-aontaíonn an Chomhairle i bprionsabal leis an togra, agus go háirithe gur cheart d'iompróirí freagra a thabhairt i gcás gearán óna gcuid custaiméirí, cuireann sí tuilleadh solúbthachta isteach sa chóras d'fhonn iarmhairtí gan coinne a sheachaint do chórais dlí nó do struchtúir riaracháin na mBallstát.

Mhol Parlaimint na hEorpa nár cheart do gach Ballstát ach comhlacht náisiúnta forfheidhmithe amháin a ainmniú (leasuithe 5, 6, 66, 67 agus 68) agus gur cheart do na Ballstáit, seachas na hiompróirí, meicníocht neamhspleách a bhunú do láimhseáil ghearán (leasú 65). Ar mhaithe leis an tsolúbthacht mar atá mínithe thuas, ní mheasann an Chomhairle, áfach, go mbeadh sé iomchuí an spás ionramhála atá ag na Ballstáit a theorannú ar an mbealach sin. Chomh maith leis sin, bheartaigh an Pharlaimint gur cheart do na comhlachtaí forfheidhmithe a bheith neamhspleách ar gach leas tráchtála (leasú 66). Sonraítear i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh gur cheart do na comhlachtaí sin a bheith neamhspleách ar iompróirí, ar thionscnóirí turas agus ar oibreoirí calafort.

v)   An dáta a chuirfear an Rialachán i bhfeidhm

Ba é a mhol an Coimisiún go dtiocfadh an Rialachán ina iomláine i bhfeidhm dhá bhliain tar éis dó a bheith foilsithe, cé gur cheart d'fhorálacha áirithe a bheith i bhfeidhm bliain amháin tar éis dó a bheith foilsithe.

Foráiltear le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh go dtiocfaidh an Rialachán ina iomláine i bhfeidhm trí bliana tar éis dó a bheith foilsithe.

3.   Saincheisteanna beartais eile

Chinn an Chomhairle teideal an Rialacháin a shimpliú.

Chinn an Chomhairle go soiléireodh sí na forálacha maidir le fochonraitheoireacht oibleagáidí áirithe a eascraíonn as an Rialachán, trí airteagal ginearálta a chur isteach maidir le páirtithe feidhmiúla eile.

Chinn an Chomhairle go scriosfaí an ceanglas atá ar iompróirí cuntais ar leith a choimeád don chostas a bhaineann le cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus don chostas do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ionas go seachnófaí ualaigh riaracháin neamhriachtanacha, go háirithe le haghaidh cuideachtaí iompair beaga. Den mheanma chéanna, chinn an Chomhairle go dteorannófaí na hoibleagáidí caighdeán cáilíochta a leagan síos don chúnamh sin chuig na hoibreoirí críochfoirt móra agus chuig na cuideachtaí iompair móra amháin, agus nach mbainfeadh na ceanglais maidir le hoiliúint i leith an mhíchumais agus maidir le treoracha ach amháin leis na catagóirí foirne sin dá bhfuil siad riachtanach.

4.   Leasuithe eile de chuid Pharlaimint na hEorpa

Leasuithe eile nach n-áirítear i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, baineann siad leis an méid seo a leanas:

go gcuirfí san áireamh i gcónaí riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nuair a bheadh calafoirt, críochfoirt agus longa paisinéireachta á ndearadh nó á n-athchóiriú, gan an cháilíocht ‘nuair is gá’ (leasú 2);

na forálacha lena rialaítear bordáil daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan dochar do na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le paisinéirí ag bordáil (leasú 3);

iarradh ar an gCoimisiún rialacha soiléire a mholadh maidir le cearta na bpaisinéirí agus iad ag pointí an aistrithe idir iompar de thír, iompar de mhuir agus iompar d'uiscebhealach intíre (leasú 7);

cur chuige reachtach cothrománach lena gcumhdófaí gach modh iompair sa chás ina mbeadh tionscnamh reachtach ann amach anseo i dtaca le cearta paisinéirí (leasú 8);

go gcuirfí míchumas síceasóisialta san áireamh sa sainmhíniú ar dhuine faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe (leasú 11);

athruithe don sainmhíniú ar ‘conradh iompair’ (leasú 14) agus ar ‘díoltóir ticéad’ (leasú 15);

na sainmhínithe a moladh ar ‘formáid inrochtana’ (leasú 18), ‘paisinéir’ (leasú 19), ‘teacht’ (leasú 20), ‘imeacht’ (leasú 21), ‘praghas ticéid’ (leasú 22) agus ‘force majeure’ (leasú 23);

na rialacha rochtana maidir le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a iompar, ar cheart a bhunú faoi mhaoirseacht na gcomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe, agus gur cheart go n-áireofaí leis na rialacha sin an lucht tionlacain agus inrochtaineacht an trealaimh chúnaimh atá feistithe (leasú 31);

an deimhniú i scríbhinn a thabharfaí chun cúnamh a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 34);

cúnamh atá curtha in oiriúint do riachtanais aonair daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 35);

an fhreagracht atá ar chomhlacht bainistithe calafort lena áirithiú go bhfuil an calafort inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 37);

go bhféadfaí a chomhaontú go mbeadh tréimhse fógartha ní ba ghiorra do chúnamh ann idir an soláthraí cúnaimh agus an paisinéir (leasú 38);

an gá atá ann go n-áiritheofar go bhfaighidh an paisinéir deimhniú go bhfuarthas fógra maidir lena riachtanais chúnaimh (leasú 39);

an oibleagáid atá ar an iompróir trealamh nua atá oiriúnach do riachtanais an phaisinéara lena mbaineann a chur in ionad an trealaimh shoghluaisteachta a bhí ann nuair a dhéantar dochar don trealamh sin le linn an turais (leasú 50);

i gcás moille, nár cheart aisíocaíocht ar phraghas an ticéid a thairiscint don phaisinéir ach amháin má chinneann sé nó sí gan taisteal leis an iompróir (leasú 54);

aon chúiteamh a dhámhtar faoin Rialacháin, a d'fhéadfaí a asbhaint ó aon chúiteamh breise a dheonófaí (leasú 61);

na pionóis is infheidhme maidir le sárú an Rialacháin, lena bhféadfaí go n-áireofaí ordú chun cúiteamh a íoc (leasú 70);

leasuithe 71, 72 agus 75 maidir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán.

III.   CONCLÚID

Agus a seasamh ar an gcéad léamh á ullmhú ag an gComhairle, cuireadh san áireamh go huile agus go hiomlán an togra ón gCoimisiún agus an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. Maidir leis na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa, feictear don Chomhairle go bhfuil líon mór de na leasuithe sin curtha isteach ina seasamh ar an gcéad léamh aici cheana féin – bíodh sé sin ina n-éirim, i bpáirt nó ina n-iomláine.


(1)  11990/08.

(2)  A6-0209/2009.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, IO L 46, 17.2.2004, lch.1, agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d'aer, IO L 204, 26.7.2006, lch. 1.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid, IO L 315, 3.12.2007, lch. 14.


11.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/38


SEASAMH (AE) Uimh. 6/2010 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH CHUN GO NGLACFAÍ

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 15 Márta 2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2010/C 122 E/03

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach í saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sí go mór le sláinte agus le folláine na saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha. D'fhéadfadh difríochtaí idir dhlíthe náisiúnta, idir rialacháin náisiúnta agus idir fhorálacha riaracháin náisiúnta maidir le measúnú sábháilteachta ar bhianna núíosacha agus údarú dóibh bac a chur ar a saorghluaiseacht agus leis sin, chruthófaí coinníollacha éagóracha iomaíochta.

(2)

Ba cheart ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú agus beartais an Aontais á saothrú. Ba cheart aird chuí a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar chosaint an chomhshaoil agus ar leas na n ainmhithe.

(3)

Bunaíodh rialacha an Aontais maidir le bianna núíosacha le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (3) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun faisnéis áirithe a chur ar fáil don phobal agus chun faisnéis arna tabhairt de bhun Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chosaint (4). Ar mhaithe le soiléire, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún a aisghairm agus ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 258/97. Dá bhrí sin, ba cheart do Mholadh 97/618/CE ón gCoimisiún an 29 Iúil 1997 maidir leis na gnéithe eolaíocha agus le tíolacadh an fhaisnéis is gá chun tacú le hiarratais chun bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia a chur ar an margadh agus chun tuarascálacha measúnaithe tosaigh a ullmhú faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) dul as feidhm a mhéid a bhaineann le bianna núíosacha.

(4)

Chun leanúnachas le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a áirithiú, ba cheart easpa úsáide ar bhealach suntasach mar bhia don duine laistigh den Aontas roimh an dáta ar cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 258/97 i bhfeidhm, eadhon an 15 Bealtaine 1997, a choimeád mar chritéar chun go measfaí gur bia núíosach é bia. Tagraíonn úsáid laistigh den Aontas d'úsáid sna Ballstáit, is cuma cén dáta ar aontaigh siad leis an Aontas Eorpach.

(5)

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábhailteachta bia (6). Ba cheart an sainmhíniú atá ann cheana ar bhia núíosach a shoiléiriú agus é a thabhairt cothrom le dáta trí thagairt don sainmhíniú ginearálta a dhéantar ar bhia sa Rialachán sin.

(6)

Ba cheart a shoiléiriú freisin gur cheart a mheas gur bia núíosach é bia nuair a chuirtear teicneolaíocht táirgthe nár úsáideadh riamh roimhe sin i dtáirgeadh bia san Aontas i bhfeidhm ar an mbia sin. Ba cheart, go háirithe, na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i bpróiseas an phóraithe agus i bpróiseas táirgthe an bhia, ar teicneolaíochtaí iad a mbíonn tionchar acu ar bhia, agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu dá bhrí sin ar shábháilteacht bia, a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, a áireamh le bia núíosach bianna a dhíorthaítear ó ainmhithe a phóraítear trí theicnící neamhthraidisiúnta agus óna sliocht, bianna a dhíorthaítear ó phlandaí a phóraítear trí theicnící neamhthraidisiúnta, bianna a mhodhnaítear trí phróisis táirgthe nua a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar bhia, agus bianna ina bhfuil nana–ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu nó bianna atá comhdhéanta de nana–ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu. Níor cheart a mheas gur bianna núíosacha iad bianna a dhíorthaítear ó chineálacha nua plandaí ná ó phórtha ainmhithe a tháirgtear trí theicnící traidisiúnta póraithe. Thairis sin, ba cheart a shoiléiriú nach bhféadfar a mheas gur bianna traidisiúnta iad bianna ó thríú tíortha ar bianna núíosacha san Aontas iad, ach nuair a dhíorthaítear iad ó tháirgeadh príomhúil faoi mar a shainmhínítear é i Rialachán (CE) Uimh 178/2002, cibé acu próiseáilte nó neamhphróiseáilte iad (e.g. torthaí, subh, súnna torthaí). Níor cheart, áfach, go n áireodh na bianna a fhaightear mar sin bianna a tháirgtear ó ainmhithe nó ó phlandaí ar cuireadh teicnící neamhthraidisiúnta póraithe i bhfeidhm orthu ná bianna a tháirgtear ó shliocht na n ainmhithe sin, mar aon le bianna ar cuireadh próiseas nua táirgeachta i bhfeidhm orthu.

(7)

I bhfianaise na tuairime, áfach, a rinne an Grúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí a bunaíodh leis an gCinneadh ón gCoimisiún an 16 Nollaig 1997 a eisiúint an 16 Eanáir 2008 agus i bhfianaise na tuairime ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a glacadh an 15 Iúil 2008, tá saintréithe ag teicnící do chlónáil ainmhithe, amhail aistriú na gceall sómach núicléach, a chiallaíonn nach féidir díriú leis an Rialachán seo ar na saincheisteanna uile a bhaineann leis an gclónáil. Dá bhrí sin, bia a tháirgtear ó ainmhithe a fuarthas trí theicníc clónála, agus bia a tháirgtear óna sliocht, ba cheart é a bheith faoi réir tuarascála a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi réir togra reachtaigh ina dhiaidh sin, i gcás inarb iomchuí. Má ghlactar reachtaíocht shonrach, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a oiriúnú dá réir sin.

(8)

Ba cheart bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun foráil a dhéanamh do chritéir lena n éascófar an measúnú ar bhia a bheith á úsáid ar bhealach suntasach mar bhia don duine taobh istigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997. Má úsáideadh bia go heisiach mar fhorbhia nó i bhforbhia, faoi mar a shainmhínítear é i dTreoir 2002/46/CE (7) roimh an 15 Bealtaine 1997, ba cheart a cheadú go gcuirfí ar mhargadh an Aontais é tar éis an dáta sin le haghaidh na húsáide céanna agus nach measfaí gur bia núíosach é. Níor cheart, áfach, an úsáid sin mar fhorbhia nó i bhforbhia a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar cibé ar úsáideadh bia ar bhealach suntasach mar bhia don duine taobh istigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997. Caithfear, dá bhrí sin, úsáidí an bhia lena mbaineann, seachas úsáid mar forbhia, nó i bhforbhia, a údarú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(9)

D'fhéadfadh sé go méadófaí úsáid na n–ábhar a ndearnadh innealtóireacht orthu le forbairt bhreise na teicneolaíochta. D'fhonn ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine, saorghluaiseacht earraí agus deimhneacht dhlíthiúil do mhonaróirí a áirithiú, is gá teacht ar shainmhíniú aonfhoirmeach, ar leibhéal idirnáisiúnta, ar nana–ábhar a ndearnadh innealtóireacht air. Ba cheart don Aontas a dhícheall chun teacht ar chomhaontú, i bhfóraim iomchuí idirnáisiúnta, maidir le sainmhíniú. I gcás ina dtiocfar ar chomhaontú den sórt sin, ba cheart oiriúnú dá réir sin a dhéanamh ar an sainmhíniú atá sa Rialachán seo ar nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht air.

(10)

Níor cheart a mheas gur táirgí núíosacha iad táirgí bia a tháirgtear ó chomhábhair nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe trí athrú a dhéanamh ar chomhábhair an bhia, ar chomhdhéanamh nó ar mhéid na gcomhábhar sin. Ba cheart, áfach, go mbeadh modhnuithe ar chomhábhar bia, ar nós eastóscáin roghnaíocha nó úsáid codanna eile de phlanda, nár úsáideadh fós mar bhia don duine taobh istigh den Aontas, ina gcúis le táirge bia a bheith ag teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(11)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine d'úsáid an duine (8) i gcás ina bhféadfadh táirge, agus a shaintréithe uile á gcur san áireamh, teacht faoin sainmhíniú ar an rud is ‘táirge íocshláinte’ ann agus teacht faoin sainmhíniú ar tháirge a chumhdaítear le reachtaíocht eile an Aontais. I dtaca leis seo, ba cheart don Bhallstát a bheith in ann srian a chur, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar an táirge sin a bheith á chur ar an margadh, má shuíonn sé i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE gur táirge íocshláinte é táirge. Thairis sin, eisiatar táirgí íocshláinte ón sainmhíniú ar bhia a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus níor cheart go mbeidís faoi réir an Rialacháin seo.

(12)

Bianna núíosacha a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97, ba cheart go gcoinneoidís a stádas mar bhianna núíosacha ach ba cheart go mbeadh údarú ag teastáil maidir le haon úsáidí nua a bhainfí as na bianna sin.

(13)

Bianna atá ceaptha le haghaidh úsáidí teicneolaíochta nó bianna atá géinmhodhnaithe, níor cheart go dtiocfaidís faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart, dá bhrí sin, bia atá géinmhodhnaithe agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (9) bia nach n–úsáidtear ach mar bhreiseáin agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 (10) ná blastáin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 (11), ná einsímí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 (12), ná tuaslagóirí eastósctha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/32/CE (13), a chumhdach leis an Rialachán seo.

(14)

Tá úsáid vitimíní agus mianraí á rialú le dlíthe earnálacha sonracha bia. Ba cheart, dá bhrí sin, na vitimíní agus na mianraí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/46/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna (14), agus Threoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le hearraí bia atá beartaithe le haghaidh úsáidí cothaitheacha áirithe (athmhúnlú) (15) a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ní dhéileáltar áfach, leis na gníomhartha sonracha dlí sin, leis na cásanna ina bhfaightear vitimíní údaraithe agus substaintí mianracha údaraithe trí mhodhanna táirgeachta nó trí fhoinsí nua a úsáid nár cuireadh san áireamh nuair a bhí na vitimíní agus na substaintí mianracha á n-údarú. Dá bhrí sin, go dtí go ndéanfar na leasuithe ar na gníomhartha dlíthiúla sonracha, níor cheart na vitimíní ná na substaintí mianracha sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo nuair a eascraíonn athruithe suntasacha ar chomhdhéanamh nó ar struchtúr vitimíní nó mianraí as na modhanna táirgeachta nó as na foinsí nua, ar athruithe iad a mbeadh tionchar acu ar a bhfiúntas cothaitheach, ar a meitibileacht nó ar chion na substaintí neamh–inmhianaithe.

(15)

Ba cheart measúnú a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar bhianna núíosacha, seachas vitimíní agus mianraí, ar bianna iad atá ceaptha le haghaidh úsáidí cothaitheacha áirithe, le haghaidh bia a threisiú nó mar fhorbhianna. Ba cheart dóibh freisin leanúint de bheith faoi réir na rialacha dá bhforáiltear i dTreoir 2002/46/CE, i Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, i dTreoir 2009/39/CE, agus sna Treoracha sonracha dá dtagraítear i dTreoir 2009/39/CE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann léi.

(16)

An cinneadh maidir le cibé ar úsáideadh bia ar bhealach suntasach laistigh den Aontas mar bhia don duine roimh an 15 Bealtaine 1997, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar fhaisnéis arna cur isteach ag oibreoirí gnó bia, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart faisnéis eile a mbeadh teacht uirthi sna Ballstáit a bheith ag gabháil léi chun tacú léi. Nuair nach mbeidh aon fhaisnéis ann nó mura mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir lena bia a bheith á chaitheamh mar bhia don duine roimh an 15 Bealtaine 1997, ba cheart nós imeachta simplí trédhearcach a bhunú chun an fhaisnéis sin a bhailiú, ar nós imeachta é a mbeadh baint ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit, agus ag aon pháirtithe lena mbaineann leis.

(17)

Níor cheart bianna núíosacha a chur ar mhargadh an Aontais ach má tá siad sábháilte agus mura gcuirfidh siad an tomhaltóir amú. Ina theannta sin, i gcás ina mbeartófar an bia núíosach a chur in ionad bia eile, níor cheart go mbeadh sé éagsúil ón mbia sin in aon slí a rachadh chun aimhleas an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

(18)

Is gá nós imeachta láraithe, comhchuibhithe a chur i bhfeidhm maidir le measúnú agus údarú sábháilteachta, ar nós imeachta é a bheidh éifeachtúil, a mbeidh teorainn ama leis agus a bheidh trédhearcach. D'fhonn na nósanna imeachta éagsúla um údarú bia a chomhfhogasú tuilleadh, ba cheart measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar bhianna núíosacha agus ba cheart iad a chur ar liosta an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (16), ar Rialachán é ba cheart a bheith infheidhme aon uair nach ndéantar maolú sonrach uaidh leis an Rialachán seo. Ar iarratas a fháil ar údarú do tháirge mar bhia núíosach, ba cheart don Choimisiún bailíocht agus infheidhmeacht an iarratais a sheiceáil. Agus údarú á dhéanamh ar bhia núíosach, ba cheart na tosca eile a bhaineann leis an gceist atá á meas a chur san áireamh, lena n–áirítear tosca eiticiúla, tosca comhshaoil, tosca a bhaineann le leas na n-ainmhithe agus le prionsabal an réamhchúraim.

(19)

Ba cheart critéir a leagan síos freisin chun meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a d'fhéadfadh teacht as bianna núíosacha. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an measúnú eolaíoch comhchuibhithe ar bhianna núíosacha, ba cheart gurbh é an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) a dhéanfadh na measúnuithe sin.

(20)

Faoi láthair, níl faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi na rioscaí a bhaineann le nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu. D'fhonn measúnú níos fearr a dhéanamh ar a sábháilteacht, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an Údarás, modheolaíochtaí tástála a fhorbairt lena gcuirfear san áireamh saintréithe sonracha na nana–ábhar a ndearnadh innealtóireacht orthu.

(21)

D'fhonn na nósanna imeachta a shimpliú, ba cheart a cheadú d'iarratasóirí aon iarratas amháin a dhéanamh ar bhianna atá á rialú faoi dhlíthe earnálacha éagsúla bia. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 a leasú dá réir sin. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, tá an tAontas Eorpach tar éis ionad an Chomphobail Eorpaigh a ghabháil agus teacht i gcomharbas air, ba cheart an leagan cuí gramadaí den fhocal ‘Aontas’ a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal ‘Comhphobal’ ar fud an Rialacháin sin.

(22)

Má áirítear bianna traidisiúnta ó thríú tíortha ar an liosta de bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha, ba cheart a cheadú go gcuirfí ar mhargadh an Aontais iad, ar choinníollacha a fhreagraíonn do na coinníollacha do bhianna ar léiríodh go raibh stair úsáide sábháilte acu. Maidir le measúnú sábháilteachta agus bainistíocht a dhéanamh ar bhia traidisiúnta ó thríú tíortha, ba cheart stair úsáid shábháilte an bhia i dtír a thionscnaimh a chur san áireamh. Níor cheart go n–áireodh stair úsáid shábháilte an bhia úsáidí neamhbhia ná úsáidí nach mbaineann le gnáthréimeanna bia.

(23)

Ba cheart, i gcás inarbh iomchuí, ceanglais a bheadh bunaithe ar chonclúidí an mheasúnaithe sábháilteachta a thabhairt isteach maidir le ceanglais faireacháin iarmhargaidh do bhianna núíosacha a úsáid mar bhia don duine.

(24)

Níor cheart gur dhochar bia núíosach a chur ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha nó ar liosta na mbianna traidisiúnta ó thríú tíortha, d'aon mheastóireacht a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag tomhaltas foriomlán aon substainte a chuirtear leis an mbia sin, nó a úsáidtear chun an bia sin a mhonarú, nó ag tomhaltas foriomlán táirge inchomparáide i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006.

(25)

Faoi imthosca sonracha, d'fhonn an taighde agus an fhorbairt a spreagadh laistigh de thionscal an agraibhia, agus an nuálaíocht a spreagadh dá réir, ba cheart an fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus na sonraí dílseánaigh a tugadh chun tacú le hiarratas ar bhia núíosach a chur ar liosta an Aontais a chosaint. Níor cheart na sonraí ná an fhaisnéis sin a úsáid chun leasa iarratasóra eile ina dhiaidh sin le linn tréimhse teoranta ama, gan aontú an chéad iarratasóra. Leis an gcosaint ar shonraí eolaíocha iarratasóra amháin, níor cheart bac a chur ar iarratasóirí eile féachaint chun bianna núíosacha a chur ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha ar bhonn a sonraí eolaíocha féin.

(26)

Tá bianna núíosacha faoi réir na gceanglas ginearálta maidir le lipéadú a leagtar síos i dTreoir 2000/13/CE (17), agus, i gcás inar gá, tá siad faoi réir na gceanglas maidir le lipéadú i ndáil leis an bhfiúntas cothaitheach a leagtar síos i dTreoir 90/496/CEE (18). I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé gur ghá faisnéis bhreise a chur ar fáil ar an lipéad, go háirithe tuairisc ar an mbia, faisnéis faoi fhoinse an bhia, nó faoi choinníollacha úsáide an bhia. Dá bhrí sin, nuair a bheidh bia núíosach á áireamh ar liosta an Aontais nó ar an liosta de bhianna núíosacha ó thríú tíortha, féadfar coinníollacha sonracha a fhorchur maidir le húsáid nó oibleagáidí sonracha maidir le lipéadú, a bhféadfadh, inter alia, baint a bheith acu le haon saintréith nó airí bia ar leith, amhail comhdhéanamh, fiúntas cothaitheach nó éifeachtaí cothaitheacha agus an úsáid atá ceaptha don bhia, nó le ceisteanna eiticiúla nó le himpleachtaí a bheith ann do shláinte grúpaí sonracha den daonra.

(27)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 (19), déantar comhchuibhiú ar na forálacha sna Ballstáit a bhaineann le maímh i leith cothaithe agus sláinte. Níor cheart, dá bhrí sin, maímh a bhaineann le bianna núíosacha a dhéanamh ach i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(28)

Féadfar, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle leis an nGrúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí, d'fhonn comhairle a fháil i dtaobh saincheisteanna eiticiúla a bhaineann le bianna núíosacha a chur ar an margadh taobh istigh den Aontas.

(29)

Bianna núíosacha a cuireadh ar an margadh taobh istigh den Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97, ba cheart leanúint dá gcur ar an margadh. Bianna núíosacha a údaraíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97, ba cheart iad a chur ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha, ar liosta é a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, iarratais a tíolacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 roimh an dáta a ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart iad a athrú ina n–iarratais faoin Rialachán seo, i gcás nár seoladh chuig an gCoimisiún fós an chéad tuarascáil measúnaithe dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97, agus sna cásanna uile ina mbeidh gá le tuarascáil measúnaithe bhreise i gcomhréir leis an Rialachán sin. Iarratais eile a bheidh ar feitheamh, ar iarratais iad a tíolacadh faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/07 roimh an dáta a ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart iad a phróiseáil faoi fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 258/97.

(30)

Le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 (20), leagtar síos rialacha ginearálta maidir le seiceálacha oifigiúla a dhéanamh chun comhlíonadh dhlí an bhia a fhíorú. Ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit seiceálacha oifigiúla a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán sin, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí an Rialachán seo.

(31)

Beidh feidhm ag na ceanglais maidir le sláinteachas na mbianna faoi mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 (21) iad.

(32)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh taobh istigh den Aontas, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, faoi mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(33)

Ba cheart do na Ballstáit síos na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(34)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (22).

(35)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún sainmhínithe áirithe a shoiléiriú d'fhonn a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit na forálacha sin chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe agus ar bhonn critéar ábhartha, ina measc an sainmhíniú ar ‘nana-ábhar a ndearnadh innealtóireacht air’, agus na forbairtí teicniúla agus eolaíocha á gcur san áireamh chomh maith leis an teicníc neamhthraidisiúnta chun ainmhithe a phorú, lena n-áirítear teicnící a úsáidtear d'atáirgeadh éighnéasach ainmhithe atá comhionann go géiniteacha agus nár úsáideadh le haghaidh táirgeadh bia taobh istigh den Chomhphobal roimh an 15 Bealtaine 1997. Thairis sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún aon bearta idirthréimhseacha a bheadh iomchuí a ghlacadh agus liosta na mbianna traidisiúnta ó thríú tíortha agus liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta.

(36)

Chomh maith leis sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na critéir faoina bhféadfar a mheas ar úsáideadh bianna ar bhealach suntasach mar bhia don duine taobh istigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ag an gcéim ullmhúcháin i gcomhréir leis an ngealltanas a thug an Coimisiún sa Teachtaireacht an 9 Nollaig 2009 maidir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA TOSAIGH

Article 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh taobh istigh den Aontas d'fhonn ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí a áirithiú, agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú, ag féachaint, i gcás inarb iomchuí, do chosaint an chomhshaoil agus do leas na n-ainmhithe.

Article 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh taobh istigh den Aontas.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

bianna nuair a úsáidtear agus a mhéid a úsáidtear iad:

(i)

mar bhreiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(ii)

mar bhlastáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(iii)

mar thuaslagóirí eastósctha a úsáidtear i dtáirgeadh bia–ábhar agus a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/32/CE;

(iv)

mar einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008;

(v)

mar vitimíní agus mar mhianraí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/46/CEE, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 nó Threoir 2009/39/CE, seachas substaintí vitimíní agus substaintí mianracha a údaraíodh cheana agus a fhaightear trí mhodhanna táirgeachta nó trí fhoinsí nua a úsáid nár cuireadh san áireamh nuair a údaraíodh faoin reachtaíocht shonrach iad, i gcás ina n–eascróidh na hathruithe suntasacha dá dtagraítear i bpointe (iii) d'Airteagal 3(2)(a) den Rialachán seo as na modhanna táirgeachta sin nó as na foinsí nua sin;

(b)

bianna a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Article 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

2.   Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘bia núíosach’ bia nár úsáideadh ar bhealach suntasach mar bhia don duine taobh istigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, lena n–áirítear;

(i)

bia de thionscnamh ainmhíoch, nuair a dhéantar teicnící neamhthraidisiúnta póraithe nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 a chur i bhfeidhm ar an ainmhí, agus ar an mbia a dhíorthaítear ó shliocht na n–ainmhithe sin;

(ii)

bia de thionscnamh plandúil, nuair a dhéantar teicnící neamhthraidisiúnta póraithe nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 a chur i bhfeidhm ar an bplanda, má eascraíonn athruithe suntasacha ar chomhdhéanamh nó ar struchtúr an bhia as an teicníc neamhthraidisiúnta póraithe sin a chuirtear i bhfeidhm ar an bplanda, a bhfuil tionchar acu ar a bhfiúntas cothaitheach, ar a mheitibileacht nó ar chion na substaintí neamh–inmhianaithe atá ann;

(iii)

bia ar cuireadh próiseas nua táirgeachta i bhfeidhm air, nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, má eascraíonn athruithe suntasacha ar chomhdhéanamh nó ar struchtúr an bhia as an bpróiseas táirgeachta sin, a mbeadh tionchar acu ar a bhfiúntas cothaitheach, ar a mheitibileacht nó ar chion na substaintí neamh–inmhianaithe atá ann;

(iv)

bia arb éard atá ann nana–ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu nó bianna ina bhfuil nana–ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu;

(v)

bia traidisiúnta ó thríú tír; agus

(vi)

comhábhair nár úsáideadh ach i bhforbhianna laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 má tá siad le húsáid i mbianna seachas forbhianna. Má úsáideadh bia go heisiach mar fhorbhia, nó i bhforbhia, roimh an dáta sin, áfach, féadfar é a chur ar an margadh laistigh den Aontas tar éis an dáta sin le haghaidh na húsáide céanna agus ní mheasfar gur bia núíosach é;

(b)

ciallaíonn ‘sliocht’ ainmhí a phóraítear trí theicníc thraidisiúnta, i gcás inarb ainmhí a póraíodh trí theicníc neamhthraidisiúnta ceann amháin ar a laghad de na hainmhithe a ghin é;

(c)

ciallaíonn ‘nana–ábhar a ndearnadh innealtóireacht air’ aon ábhar a tháirgtear d'aon ghnó agus nach mó ná 100 nm ceann amháin nó níos mó dá thoisí nó ar ábhar é atá comhdhéanta de chodanna feidhmiúla scoite, bíodh siad sa mhianach ann nó ar an dromchla, ar codanna go leor acu nach mó ná 100nm ceann amháin nó níos mó dá dtoisí, lena n–áirítear struchtúir, ceirtleáin nó tathaguithe, a bhféadfaidh méid níos mó ná 100 nm a bheith acu ach a bhfuil airíonna fós acu ar saintréithe den nanascála iad.

Ar na hairíonna ar saintréithe den nanascála iad, áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

na hairíonna sin a bhaineann le hachar sonrach mór dromchla na n–ábhar sin; agus/nó

(ii)

airíonna fisiceimiceacha sonracha atá éagsúil ó airíonna an leagain neamh nanafhoirmigh den ábhar céanna;

(d)

ciallaíonn ‘bia traidisiúnta ó thríú tír’ bia núíosach, seachas an bia núíosach faoi fhophointe (i) go fophointe (iv) de phointe (a), a dhíorthaítear ó tháirgeadh príomhúil, agus a bhfuil stair úsáide mar bhia aige in aon tríú tír, a fhágann gur cuid den ghnáthréim bia é le 25 bliana anuas ar a laghad agus gurb ea fós anois, i measc cuid mhór de dhaonra na tíre sin;

(e)

ciallaíonn ‘stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír’ go ndearbhaítear sábháilteacht an bhia sin le sonraí a chomhdhéanta agus le taithí a fuarthas óna úsáid agus óna úsáid leanúnach, ar feadh 25 bliana ar a laghad, mar chuid de ghnáthréim bia cuid mhór de dhaonra tíre.

3.   Féadfaidh an Coimisiún critéir bhreise a ghlacadh chun soiléiriú a dhéanamh ar na sainmhínithe a thugtar faoi fhophointe (i) go fophointe (iv) de phointe (a), agus faoi phointe (c), faoi phointe (d) agus faoi phointe (e) de mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Article 4

Nós imeachta chun stádas bia núíosaigh a chinneadh

1.   Déanfaidh oibreoirí gnóthas bia stádas an bhia a bheartaíonn siad a chur ar an margadh taobh istigh den Aontas a fhíorú maidir le raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   I gcás ina mbeidh amhras ann, rachaidh oibreoirí gnóthas bia i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha um bianna núíosacha faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 maidir le stádas an bhia a bheidh i gceist. Arna iarraidh sin ón údarás inniúil ábhartha, déanfaidh na hoibreoirí gnóthas bia an fhaisnéis a thíolacadh maidir leis an méid a bhí an bia a bheidh i gceist á úsáid mar bhia don duine taobh istigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997.

3.   I gcás inar gá, féadfaidh an t–údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis inniúla eile agus leis an gCoimisiún maidir leis an méid a d'úsáidtí an bia sin mar bhia don duine taobh istigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997. Déanfar freagraí ar aon chomhairliúchán den sórt sin a tharchur chuig an gCoimisiúin freisin. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na freagraí a gheofar agus cuirfidh sé toradh an chomhairliúcháin in iúl do na húdaráis inniúla go léir.

4.   Féadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme do mhír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Article 5

Cinntí léirmhínithe

I gcás inar gá, féadfar an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a agairt chun a chinneadh cibé acu an dtagann nó nach dtagann cineál bia faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

CAIBIDIL II

CEANGLAIS MAIDIR LE BIANNA NÚÍOSACHA A CHUR AR AN MARGADH LAISTIGH DEN AONTAS

Article 6

Cosc ar bhianna núíosacha neamhchomhlíontacha

Ní dhéanfaidh aon duine bia núíosach a chur ar an margadh taobh istigh den Aontas mura gcomhlíonfaidh an bia núíosach sin an Rialachán seo.

Article 7

Liostaí de bhianna núíosacha

1.   Coinneoidh an Coimisiún liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá údaraithe agus nach bianna traidisiúnta ó thríú tíortha iad, (‘liosta an Aontais’ anseo feasta) agus foilseofar i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 é.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta de bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha a údaraíodh de bhun Airteagal 11(5) den Rialachán seo a bhunú agus a choimeád agus foilseofar i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

3.   Ní fhéadfar ach bianna núíosacha a áirítear ar liosta an Aontais nó ar an liosta de bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Article 8

Coinníollacha ginearálta maidir le bianna núíosacha a chur ar na liostaí

Ní fhéadfar bia núíosach a chur ar an liosta ábhartha ach má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas leis:

(a)

nach údar imní é an bia, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, do shláinte na dtomhaltóirí;

(b)

nach gcuirtear an tomhaltóir amú leis;

(c)

má tá sé beartaithe é a chur in ionad bia eile, nach bhfuil difríocht idir é agus an bia sin ar dhóigh go rachadh a ghnáth–thomhaltas ar aimhleas an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

Article 9

Inneachar liosta an Aontais

1.   Déanfar liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo.

2.   San iontráil a dhéanfar do bhia núíosach ar liosta an Aontais, sonrófar an bia agus, i gcás inarb iomchuí, sonrófar freisin inti coinníollacha a úsáide agus ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú d'fhonn faisnéis a chur ar fáil don tomhaltóir deiridh agus/nó ceanglas faireacháin iarmhargaidh, agus i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16(4).

Article 10

Inneachar liosta na mbianna traidisiúnta ó thríú tíortha

1.   Déanfar liosta na mbianna traidisiúnta ó thríú tíortha a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11.

2.   Agus bia traidisiúnta ó thríú tír á chur ar liosta na mbianna traidisiúnta ó thríú tíortha, sonrófar san iontráil an bia, agus, i gcás inarb iomchuí, sonrófar inti freisin na coinníollacha úsáide agus/nó ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú d'fhonn faisnéis a chur ar fáil don tomhaltóir deiridh.

Article 11

An nós imeachta maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír a áireamh ar an liosta

1.   De mhaolú ar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9(1) den Rialachán seo, aon pháirtí leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 a mbeidh rún aige bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh laistigh den Aontas, cuirfidh sé iarratas faoi bhráid an Choimisiúin.

Áireofar an méid seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm an bhia agus tuairisc ar an mbia;

(b)

a chomhdhéanamh;

(c)

a thír tionscnaimh;

(d)

sonraí doiciméadaithe lena léirítear stair úsáid shábháilte an bhia in aon tríú tír;

(e)

i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha úsáide agus na ceanglais shonracha maidir le lipéadú;

(f)

achoimre ar a bhfuil san iarratas.

Déanfar an t–iarratas i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an t–iarratas bailí dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh gan mhoill chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás.

3.   Laistigh de shé mhí ón dáta a bhfaighidh sé an t-iarratas, tabharfaidh an tÚdarás uaidh a thuairim. Aon uair a lorgóidh an tÚdarás faisnéis bhreise ó pháirtí leasmhar, déanfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an bpáirtí leasmhar, tréimhse a leagan síos ar laistigh di a chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil. Síneofar an teorainn sé mhí go huathoibríoch leis an tréimhse bhreise sin. Cuirfidh an tÚdarás an fhaisnéis bhreise ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún.

4.   D'fhonn a thuairim a ullmhú, déanfaidh an tÚdarás a fhíorú:

(a)

gur leor cáilíocht na sonraí a thíolacfaidh an páirtí leasmhar mar thaca le stair úsáid shábháilte an bhia in aon tríú tír; agus

(b)

nach gcuirfear sláinte na dtomhaltóirí san Aontas i mbaol de bharr chomhdhéanamh an bhia ná, i gcás inarb iomchuí, de bharr choinníollacha a úsáide.

Cuirfidh an tÚdarás a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig an bpáirtí leasmhar.

5.   Laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a dtabharfaidh an tÚdarás uaidh a thuairim, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2), liosta na mbianna traidisiúnta ó thríú tíortha a thabhairt cothrom le dáta, agus tuairim an Údaráis, aon fhorálacha ábhartha de dhlí an Aontais agus aon tosca eile a bhaineann le hábhar á gcur san áireamh. Cuirfidh an Coimisiún an páirtí leasmhar ar an eolas dá réir sin. Má chinneann an Coimisiún gan liosta na mbianna traidisiúnta ó thríú tíortha a thabhairt cothrom le dáta, cuirfidh sé an páirtí leasmhar agus na Ballstáit ar an eolas dá réir sin, agus sonróidh sé na cúiseanna ar measadh nach raibh údar maith leis an liosta a thabhairt cothrom le dáta.

6.   Féadfaidh an páirtí leasmhar a iarratas a tharraingt siar ag aon chéim den nós imeachta.

7.   Roimh an … (23), glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Article 12

Treoir theicniúil

Gan dochar do bhearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi phointe (a) d'Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 agus faoin … (23), déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, i ndlúthchomhar leis an Údarás agus tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, treoir theicniúil agus uirlisí a chur ar fáil chun cabhrú le páirtithe leasmhara iarratais a ullmhú agus a thíolacadh faoin Rialachán seo; le hoibreoirí gnóthas bia go háirithe, agus le gnóthais bheaga agus mheánmhéide.

Article 13

Tuairim an Údaráis

Agus measúnú á dhéanamh aige ar shábháilteacht bianna núíosacha, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

breithneoidh sé cibé acu an bhfuil sábháilteacht an bhia agus sábháilteacht bia ó aicme inchomparáide bia atá ar an margadh laistigh den Aontas cheana chomh sábháilte leis an mbia a mbeartaítear an bia núíosach a chur ina ionad;

(b)

cuirfidh sé stair úsáid shábháilte an bhia san áireamh.

Article 14

Oibleagáidí speisialta na n-oibreoirí gnóthas bia

1.   Féadfaidh an Coimisiún ceanglas faireacháin iarmhargaidh a fhorchur ar chúiseanna sábháilteachta bia agus tar éis tuairim a fháil ón Údarás. Beidh an t-oibreoir gnóthas bia a chuirfidh bia ar an margadh laistigh den Aontais freagrach as na ceanglais iarmhargaidh a shonraítear in iontráil an bhia lena mbaineann ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chomhall.

2.   Cuirfidh an táirgeoir an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún láithreach:

(a)

aon fhaisnéis eolaíoch nua nó aon fhaisnéis theicniúil nua a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar an measúnú ar úsáid shábháilte an bhia núíosaigh;

(b)

aon toirmeasc nó aon srian a fhorchuireann údarás inniúil de chuid aon tríú tír ina gcuirtear an bia núíosach ar an margadh.

Article 15

An Grúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, dul i gcomhairle leis an nGrúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí, d'fhonn a thuairim a fháil faoi cheisteanna a bhaineann leis an eolaíocht agus le nuatheicneolaíochtaí agus a bhfuil mórthábhacht eiticiúil ag baint leo.

Cuirfidh an Coimisiún an tuairim sin ar fáil don phobal.

Article 16

Nós imeachta um údarú i gcásanna cosanta sonraí

1.   Arna iarraidh sin don iarratasóir, agus tacaíocht aige ó fhaisnéis iomchuí infhíoraithe a bheidh i gcomhad an iarratais, ní fhéadfar fianaise eolaíoch nuafhorbartha agus/nó sonraí eolaíocha a lena dtacaítear leis an iarratas a úsáid chun tairbhe iarratais eile go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta a gcuirfear an bia núíosach ar liosta an Aontais gan aontú an iarratasóra roimhe sin. Deonófar an chosaint seo san cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh fianaise eolaíoch nuafhorbartha agus/nó sonraí eolaíocha ainmnithe mar fhianaise dhílseánaigh nó mar shonraí dílseánaigh ag an iarratasóir an tráth a ndearnadh an chéad iarratas (sonraí eolaíocha dílseánaigh);

(b)

i gcás ina raibh ceart tagartha eisiach chun na sonraí eolaíocha dílseánaigh ag an gcéad iarratasóir tráth a ndearnadh an chéad iarratas; agus

(c)

i gcás nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú murach go raibh na sonraí eolaíocha dílseánaigh tíolactha ag an gcéad iarratasóir.

Féadfaidh iarratasóir roimhe sin, áfach, comhaontú le hiarratasóir ina dhiaidh sin gur féidir sonraí agus faisnéis den sórt sin a úsáid.

2.   Cinnfidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an iarratasóir, an fhaisnéis ar cheart an chosaint dá dtagraítear i mír 1 a dheonú di, agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don iarratasóir, don Údarás agus do na Ballstáit.

3.   De mhaolú ar Airteagal 7(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, cinnfear liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta le bia núíosach nach bia traidisiúnta ó thríú tír é, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán seo, i gcásanna ina gcosnófar na sonraí eolaíocha dílseánaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Sa chás seo, deonófar an t-údarú don tréimhse a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, sonrófar an méid seo a leanas, i dteannta na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo, in iontráil bhia núíosaigh ar liosta an Aontais:

(a)

an dáta ar iontráladh an bia núíosach ar liosta an Aontais;

(b)

go bhfuil an iontráil bunaithe ar fhianaise eolaíoch nuafhorbartha dhílseánaigh agus/nó ar shonraí eolaíocha dílseánaigh atá á gcosaint i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(c)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(d)

nach bhfuil an bia núíosach údaraithe lena chur ar mhargadh an Aontais ach ag an iarratasóir a shonraítear i bpointe (c), mura bhfaighidh iarratasóir a dhéanfaidh iarratas ina dhiaidh sin údarú don bhia gan tagairt do na sonraí eolaíocha dílseánaigh a d'ainmnigh an t iarratasóir roimhe sin mar shonraí eolaíocha dílseánaigh.

5.   Sula rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag, tabharfaidh an Coimisiún liosta an Aontais cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) ionas nach n-áireofaí a thuilleadh na sonraíochtaí sainiúla dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo fós á gcomhlíonadh ag an mbia údaraithe.

Article 17

Faisnéis don phobal

Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas ar fáil don phobal:

(a)

liosta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus an liosta de bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ar leathanach tiomnaithe aonair de láithreán gréasáin an Choimisiúin;

(b)

achoimrí ar na hiarratais arna dtíolacadh faoin Rialachán seo;

(c)

conclúidí na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

Féadfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme don Airteagal seo a ghlacadh, lena n-áirítear socruithe le haghaidh thoradh na gcomhairliúchán faoi phointe (c) den chéad mhír den Airteagal seo a phoibliú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

CAIBIDIL III

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Article 18

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin … (24) agus cuirfidh siad in iúl dó gan mhoill má dhéantar aon leasú ar na forálacha sin ina dhiaidh sin lena ndéanfaí difear dóibh.

Article 19

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú faoi Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Article 20

Gníomhartha tarmligthe

D'fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach faoi mar a leagtar síos in Airteagal 1 iad, glacfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná an … (24), critéar breise lena bhféadfar a mheas cibé ar úsáideadh bia ar bhealach suntasach mar bhia don duine taobh istigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, faoi mar a thagraítear dó i bpointe (a) d'Airteagal 3(2),trí bhíthin ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21 agus faoi réir na gcoinníollacha atá in Airteagal 22 agus in Airteagal 23.

Article 21

Feidhmiú an tarmligin

1.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghlacadh ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin, tuarascáil a ullmhú maidir leis na cumhachtaí tarmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tab harfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin tarmligean i gcomhthráth.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 22 agus in Airteagal 23.

Article 22

Cúlghairm an tarmligin

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm tráth ar bith.

2.   Tabharfaidh an institiúid a mbeidh tús a curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, fógra ina leith sin don institiúd eile agus don Choimisiún mí ar a dhéanaí sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafar ann na cumhachtaí tarmligthe a bhfhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na fáthanna atá leis an gcúlghairm.

3.   Cuirfidh an cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na gcumhachtaí arna sonrú sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Article 23

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse trí mhí ó dháta an fhógra.

2.   Más rud é, tráth a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, nó más rud é, roimh an dáta sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta acu gan agóidí a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm an dáta a luaitear ann.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Article 24

Athbhreithniú

1.   Faoin … (25) agus i bhfianaise na taithí a fuarthas, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 3, Airteagal 11 agus Airteagal 16 de agus, i gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ag gabháil léi.

2.   Faoin … (26), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le gnéithe uile an bhia a tháirgtear ó ainmhithe arbh ann dóibh trí theicníc clónála agus bianna a tháirgtear óna sliocht agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar tograí le haghaidh reachtaíochta ina dhiaidh sin.

3.   Beidh rochtain ag an bpobal ar na tuarascálacha agus ar aon tograí a bheidh ann.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Article 25

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún le héifeacht ón … (27), seachas i ndáil leis na hiarratais sin a bheidh ar feitheamh agus a rialaítear le hAirteagal 27 den Rialachán seo.

Article 26

Liosta an Aontais a bhunú

Tráth nach déanaí ná an … (27), bunóidh an Coimisiún liosta an Aontais trí bhianna núíosacha a údaraíodh agus/nó ar túgadh fógra fúthu faoi Airteagal 4, faoi Airteagal 5 agus faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a chur ar liosta an Aontais, lena n-áireofar aon choinníollacha um údarú atá ann cheana, faoi mar is iomchuí.

Article 27

Bearta idirthréimhseacha

1.   Aon iarraidh ar bhia núíosach a chur ar an margadh taobh istigh den Aontas, ar iarraidh í a thíolacfar do Bhallstát faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 roimh an … (27), athrófar ina iarratas faoin Rialachán seo í mura mbeidh tuarascáil measúnaithe dá bhforáiltear faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 curtha ar aghaidh fós chuig an gCoimisiún, agus i gcásanna freisin ina mbeidh gá leis an tuarascáil measúnaithe bhreise i gcomhréir le hAirteagal 6(3) nó le hAirteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. 258/97.

Iarrataí eile a bheidh ar feitheamh agus a thíolacfar faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 roimh an … (27), próiseálfar faoi fhorálacha an Rialacháin sin iad.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2), bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh chun mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Article 28

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 leis seo mar a leanas:

1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

2)

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

‘1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo nós imeachta comhchoiteann um measúnú agus um údarú (dá ngairfear an “nós imeachta comhchoiteann” anseo feasta) le haghaidh breiseán bia, le haghaidh einsímí bia, le haghaidh blastán bia agus le haghaidh bunábhar blastán bia agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a úsáidtear nó a cheaptar lena n-úsáid in earraí bia agus i mbianna núíosacha nó ar earraí bia agus ar bhianna núíosacha (dá ngairtear na “substaintí nó táirgí” anseo feasta), ar nós imeachta é lena gcuirtear le saorghluaiseacht bia taobh istigh den Aontas agus le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus le hardleibhéal cosanta don tomhaltóir, lena n-áirítear cosaint leasanna na dtomhaltóirí. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le blastáin deataigh a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (28).

2.   Leis an nós imeachta comhchoiteann, leagfar síos na socruithe nós imeachta le go dtabharfar cothrom le dáta liostaí na substaintí a bhfuil a gcur ar an margadh údaraithe san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus ar bhianna agus Rialachán (AE) Uimh. …/... maidir le bianna núíosacha (29) (dá ngairfear na “dlíthe earnálacha bia” anseo feasta).

3)

In Airteagal 1(3), in Airteagal 2(1) agus (2), in Airteagal 9(2), in Airteagal 12(1) agus in Airteagal 13, cuirtear an leagan cuí gramadaí de ‘substaint nó táirge’ in ionad an leagan chomhfhreagraigh de ‘substaint’ agus cuirtear an leagan cuí gramadaí de ‘substaintí nó táirgí’ in ionad an leagan chomhfhreagraigh den fhocal ‘substaintí’ de réir mar is iomchuí.

4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Airteagal 2:

‘Liosta an Aontais de shubstaintí nó de tháirgí’.

5)

Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 4:

‘3.   Féadfar aon iarratas amháin maidir le substaint nó maidir le táirge a dhéanamh chun go ndéanfaí liostaí éagsúla an Aontais atá á rialú faoi dhlíthe éagsúla earnálacha bia a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a chomhlíonfaidh an t-iarratas ceanglais gach ceann de na dlíthe earnálacha bia.’.

6)

Cuirtear an abairt seo a leanas le tús Airteagal 6(1):

‘I gcás ina mbeidh forais eolaíocha ann le hábhair imní sábháilteachta, aithneofar faisnéis bhreise a bhaineann le measúnú rioscaí agus iarrfar an fhaisnéis sin ar an iarratasóir.’.

7)

In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, mhír 5 agus mhír 6:

‘4.   Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha de gach dlí earnálaigh bia, seachas bianna núíosacha, a leasú, agus a bhainfidh le substaint a bhaint de liosta an Aontais, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

5.   Ar mhaithe le héifeachtúlacht, maidir leis na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha gach dlí earnálaigh bia, seachas bianna núíosacha, a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le substaint a chur ar liosta an Aontais agus chun cur le coinníollacha, le sonraíochtaí nó le srianta a bhaineann le substaint a bheith ar liosta an Aontais, nó chun na coinníollacha sin, na sonraíochtaí sin, nó na srianta sin a bhaint nó a athrú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

6.   Ach amháin i gcás bianna núíosacha agus ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 14(5) chun substaint a bhaint de liosta an Aontais agus chun cur le coinníollacha, le sonraíochtaí nó le srianta a bhaineann le substaint a bheith ar liosta an Aontais, nó chun na coinníollacha sin, na sonraíochtaí sin, nó na srianta sin a bhaint nó a athrú.

7.   Maidir leis na bearta a bhaineann le táirge a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le bianna núíosacha a bhaint de liosta an Aontais nó a chur leis, agus/nó chun cur le coinníollacha, le sonraíochtaí nó le srianta a bhaineann leis an táirge sin a bheith ar liosta an Aontais nó chun na coinníollacha sin, na sonraíochtaí sin nó na srianta sin a bhaint nó a athrú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’.

8)

Cuirtear an leagan cuí gramadaí den fhocal ‘Aontas’ in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal ‘Comhphobal’.

Article 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … (30).

Beidh feidhm ag Airteagal 26, ag Airteagal 27 agus ag Airteagal 28, áfach, ón … (31). Thairis sin, de mhaolú ar an dara mír den Airteagal seo agus de mhaolú ar an dara mír d'Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, féadfar iarratais a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo ón … (31) maidir le húdarú bia dá dtagraítear i bpointe (iv) d'Airteagal 3(2)(a) den Rialachán seo i gcás ina mbeidh an bia sin ar an margadh taobh istigh den Aontas cheana ar an dáta sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa, …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 224, 30.8.2008, lch. 81.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an ... (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 43, 14.2.1997, lch. 1.

(4)  IO L 253, 21.9.2001, lch. 17.

(5)  IO L 253, 16.9.1997, lch. 1.

(6)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(7)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhia (IO L 183. 12.7.2002, lch. 51).

(8)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008, maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

(12)  Rialachán (CE) Uimh 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7).

(13)  Treoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastóscúcháin a úsáidtear i dtáirgeadh earraí bia agus comhábhar bia a chomhfhogasú (athmhúnlú) (IO L 141, 6.6.2009, lch. 3). IO L 186, 30.6.1989, lch. 27.

(14)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

(15)  IO L 124, 20.5.2009, lch. 21.

(16)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(17)  Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le lipéadú, le cur i láthair agus le fógraíocht ar earraí bia (IO L 109, 6.5.2000, lch. 29).

(18)  Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair maidir le lipéadú cothaithe ar earraí bia (IO L 276, 6.10.1990, lch. 40).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh faoi chothú agus sláinte a dhéantar ar bhianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun fíorú chomhlíonadh an dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(22)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(23)  IO: cuir isteach an dáta le do thoil: 2 bhliain tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(24)  IO: Cuir isteach an dáta le do thoil: 24 mhí ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(25)  IO: Cuir isteach an dáta le do thoil: 5 bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(26)  IO: cuir isteach an dáta le do thoil: 1 bhliain ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(27)  IO: Cuir isteach an dáta le do thoil: 24 mhí ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(28)  IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.

(29)  IO L … ’.

(30)  IO: Cuir isteach an dáta le do thoil: 24 mhí ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(31)  IO: cuir isteach an dáta le do thoil: an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 15 Eanáir 2008, thíolaic an Coimisiún togra (1) le haghaidh Rialacháin maidir le bianna núíosacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann um údarú do bhreiseáin bia, d'einsímí bia agus do bhlastáin bia. Bhí an togra bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Ag gníomhú di i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ghlac Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh an 25 Márta 2009 (2).

Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 29 Bealtaine 2008 (3).

I gcomhréir le hAirteagal 294(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh d'aon toil an 15 Márta 2010.

II.   CUSPÓIR AN RIALACHÁIN ATÁ BEARTAITHE

Sa Pháipéar Bán maidir le Sábháilteacht Bia, a glacadh an 12 Eanáir 2000 (4), d'fhógair an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le bia núíosach a mheas agus aon oiriúnú riachtanach a dhéanamh ar an Rialachán reatha (CE) Uimh. 258/97 maidir le bianna núíosacha agus a gcomhábhair.

Is é is cuspóir don togra an creat rialacháin d'údarú na mbianna núíosacha agus dá gcur ar an margadh a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú, agus sábháilteacht bia, cosaint ar shláinte an duine, cosaint ar leas na dtomhaltóirí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú ag an am céanna. Aisghairtear, leis an togra, an Rialachán reatha (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún.

Coinnítear, sa togra, an 15 Bealtaine 1997 mar dháta tairsigh chun núíosachas bia a chinneadh agus soiléirítear ann go gcuimsítear, sna sainmhínithe ar bhia núíosach, bianna a gcuirtear na nuatheicneolaíochtaí i bhfeidhm orthu agus bianna de bhunadh plandúil nó ainmhíoch ar cuireadh teicníochtaí pórúcháin neamhthraidisiúnta i bhfeidhm orthu.

Mhol an Coimisiún gur faoi réir nós imeachta láraithe ar leibhéal an Chomhphobail a chuirfí bia núíosach ar an margadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 lena mbunaítear an nós imeachta comhchoiteann um údarú a chuirfí in ionad an chórais um measúnú atá ag na húdaráis náisiúnta faoi láthair. Is é an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) a dhéanfadh an measúnú riosca. Is ar bhonn na tuairime ón EFSA a chinnfeadh an Coimisiún bia núíosach a chur ar liosta an Chomhphobail de bhianna núíosacha. Chabhródh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe (SCFCAH) leis an gCoimisiún. Is é an Coimisiún, trí bhíthin an nós imeachta coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú, a dhéanfadh an cinneadh deiridh chun an liosta de bhianna núíosacha a thabhairt cothrom le dáta.

Dhéanfaí an t údarú iarratasóir nasctha a athrú agus in ionad an nós imeachta shimplithe, chuirfí cinntí údarúcháin arna ndíriú chuig an gComhphobal. D'fhéadfaí cosaint sonraí a thabhairt i gcásanna a bhfuil call leo agus a bhaineann le fianaise eolaíoch nuafhorbartha agus sonraí dílseánacha chun tacú le nuálaíocht i dtionscal an agrabhia.

Tugadh isteach, sa togra, sainmhíniú ar ‘bhia traidisiúnta ó thríú tír’, mar chatagóir de bhia núíosach ba chóir a bheith faoi réir fógra a thabhairt mura ndéanfadh an EFSA nó na Ballstáit aon agóid réasúnaithe ina choinne ó thaobh sábháilteachta de.

Leanfaí de bhianna núíosacha a bheadh údaraithe cheana a mhargú agus a chur ar liosta an Chomhphobail de bhianna núíosacha.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE

1.    Nótaí tosaigh

Toradh an scrúdaithe a rinne an Chomhairle ar an togra ón gCoimisiún is ea a fheictear sa Seasamh ón gComhairle. Rinne an Chomhairle roinnt athruithe ar an téacs, agus bhí cuid acu sin ann mar thoradh ar na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa.

Tá glactha ag an gCoimisiún leis na hathruithe ar fad a rinne an Chomhairle ar a thogra, seachas an sainmhíniú ar shliocht na n ainmhithe clónáilte in Airteagal 3(2)(b) agus tagairt do shliocht na n ainmhithe a chur isteach in Airteagal 3(2)(a)(i).

2.    Leasuithe Pharlaimint na hEorpa

Ina vóta iomlánach an 25 Márta 2009, ghlac Parlaimint na hEorpa 76 leasú ar an togra (5). Chuir an Chomhairle 30 leasú de na leasuithe sin ina comhsheasamh, ar leasuithe iomlána iad 20 ceann díobh (leasuithe 7, 15, 16, 20, 35, 41, 42, 44, 45, 53, 63, 65, 67, 68, 69, 76, 77, 88, 89, 93), leasuithe páirteacha iad 5 cinn díobh (leasuithe 1, 30, 40, 91, 92) agus ar leasuithe i bprionsabal iad 5 cinn eile díobh (leasuithe 3, 6, 11, 25, 64).

2.1.   Na príomh athruithe a rinne an Chomhairle ar an togra, le hais leasuithe na Parlaiminte (PE)  (6)

a)

Cuspóirí an Rialacháin (Airteagal 1 agus aithris 1 agus aithris 2)—chuir an Chomhairle cosaint ar an gcomhshaol agus leas na n ainmhithe isteach ann. Leis seo, clúdaítear leasú 1 agus leasú 30 go páirteach agus feictear spiorad leasú 3.

b)

Raon feidhme (Airteagal 2(2)(a)(v) agus aithris 13 agus aithris 14)—shoiléirigh an Chomhairle gur cheart, go dtí go ndéanfaí na leasuithe ar Rialachán (CE) 1925/2006, ar Threoir 2002/46/CE agus ar Threoir 89/398/CEE faoi seach, gur faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le bia núíosach a thiocfadh na vitimíní agus na mianraí sin a fhaightear ó fhoinsí nua nó trí phróiseas táirgthe, nár cuireadh san áireamh an tráth a údaraíodh iad agus ar cúis iad le hathruithe suntasacha i gcomhdhéanamh nó i struchtúr an bhia agus a mbíonn éifeacht acu ar a luach cothaitheach, ar a mheitibileacht nó ar leibhéal na substaintí neamh inmhianaithe ann. Tá sé seo ag teacht leis an gcéad chuid de leasú 91.

c)

Sainmhíniú ar bhia núíosach (Airteagal 3 agus aithrisí 6, 8, 10, 11)—is é an critéar bunúsach céanna atá ann fós chun núíosachas an bhia a mheasúnú, eadhon ar úsáideadh an bia mar bhia don duine ar bhealach suntasach laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997. D'fhonn go mbeidh soiléireacht dlí ann, d'aontaigh an Chomhairle nach foláir critéir eile a fhorbairt roimh an dáta a ndéanfaí an Rialachán a chur i bhfeidhm chun úsáid an bhia mar bhia don duine ar bhealach suntasach laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 a mheasúnú. Rinne glacadh na gcritéar sin a tharmligean chuig an gCoimisiún de réir Airteagal 290 CFAE. Ceanglaíodh é sin le moill a chur ar chur i bhfeidhm an Rialacháin go dtí 24 mhí ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Rinneadh na hathruithe seo a leanas d'fhonn soiléireacht níos fearr a áirithiú:

rinneadh idirdhealú idir bia de bhunadh ainmhíoch agus bia de bhunadh plandúil. Ní thiocfaidh bia de bhunadh plandúil faoi raon feidhme an Rialacháin seo ach más ann d'athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh nó i struchtúr an bhia de bharr gur cuireadh teicníocht pórúcháin neamhthraidisiúnta i bhfeidhm ar an bplanda;

cuireadh isteach an sainmhíniú ar ‘shliocht’ agus an sainmhíniú ar ‘nana ábhar a ndearnadh innealtóireacht air’ (féach freisin pointí (d) agus (e) thíos);

comhábhair a úsáideadh i bhforbhianna roimh an 15 Bealtaine 1997, tagann siad faoin sainmhíniú seo agus teastaíonn údarú dóibh dá réir, más i mbianna seachas i bhforbhianna atá siad le húsáid;

cumhdaítear faoin sainmhíniú ar ‘bhia traidisiúnta ó thríú tír’ bia nach ndíorthaítear ach ó tháirgeadh príomhúil agus dá bhfuil cruthúnas ar fáil ar stair a úsáide sábháilte in aon tríú tír mar chuid de ghnáthréim bia cuid mhór de dhaonra tíre ar feadh tréimhse leanúnaí 25 bliana;

tugadh faoi deara gur bhféadfadh sé, de bharr leibhéal an chomhchuibhithe do tháirgí míochaineacha, go ndéanfadh Ballstát srian a chur ar tháirge dá shamhail a chur ar an margadh i gcomhréir le dlí an Aontais, dá suífeadh sé, i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE gur táirge míochaineach í substaint, fiú agus an táirge sin údaraithe mar bhia núíosach faoin Rialachán seo.

D'aontaigh an Chomhairle chomh maith go bhféadfadh an Coimisiún, trí nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta, tuilleadh critéar a ghlacadh chun soiléiriú a dhéanamh ar na sainmhínithe a thugtar faoi fhophointí (i) go fophointe (iv) de phointe (a) agus faoi phointe (c), faoi phointe (d) agus faoi phointe (e) d'Airteagal 3(2) chun a áirithiú go gcuirfeadh na Ballstáit chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe iad.

Clúdaíonn na hathruithe seo leasuithe 15, 16, 35, 63 agus an chuid is mó de leasú 92.

d)

Bia a tháirgtear ó ainmhithe a fhaightear trí theicníochtaí neamhthraidisiúnta pórúcháin agus óna sliocht siadsan (Airteagal 3(2)(a)(i) agus aithris 6 agus aithris 7)—aontaíonn an Chomhairle gur faoi raon feidhme an Rialacháin a bheidh bia a tháirgtear ó ainmhithe a fhaightear trí theicníochtaí neamhthraidisiúnta pórúcháin (e.g., trí chlónáil) agus óna sliocht siadsan. Ag an am céanna, is é tuairim na Comhairle nach féidir, leis an Rialachán seo, gach gné den chlónáil a bhainistiú go leordhóthanach agus gur cheart don Choimisiún tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an ábhar. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún, laistigh de bhliain ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi gach gné den táirgeadh bia ó ainmhithe clónáilte agus óna sliocht siadsan, agus go leanfaí é sin, más iomchuí, le togra reachtach (Airteagal 20(2)). Tá sé seo ag teacht le leasú 93. Mheas an Chomhairle go raibh sé riachtanach go leanfadh bia a tháirgtear ó ainmhithe clónáilte de theacht faoi raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe go dtí go gcuirfeadh an Coimisiún reachtaíocht shonrach ar aghaidh agus go nglacfaí í. Leis an réiteach seo, seachnaítear an folús dlí a chruthófaí dá n eisiafaí bia den sórt sin ón Rialachán seo faoi mar a mhol Parlaimint na hEorpa, cheal aon reachtaíocht lena rialálfaí táirgeadh bia ó ainmhithe clónáilte.

e)

Nana ábhair—d'aithin an Chomhairle an gá atá le meastóireacht chórasach agus údarú córasach, ó thaobh sábháilteachta de, ar bhianna ina bhfuil nó arb é atá iontu nana ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu bíodh athruithe ann in airíonna an bhia sin de bharr na nana ábhar nó ná bíodh. Dá bhrí sin, leag an Chomhairle amach go soiléir go meastar bianna mar sin a bheith núíosach (Airteagal 3(2)(a)(iv)) agus cuireadh isteach an sainmhíniú ar ‘nana ábhar a ndearnadh innealtóireacht air’ (Airteagal 3(2)(c)). Ar an mbealach sin, sheachain an Chomhairle an bhearna a chruthófaí sa chás nach mbeadh athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh nó i struchtúr an bhia mar a shainmhínítear le hAirteagal 3(2)(a)(iii), ach fós féin bheadh nana ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu sa bhia sin. Le hAithris 9, leagtar béim ar an ngá atá ann le sainmhíniú a bheadh comhaontaithe go hidirnáisiúnta ar nana ábhar. i gcás ina gcomhaontófaí sainmhíniú eile ar an leibhéal idirnáisiúnta, is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach a dhéanfaí an sainmhíniú atá sa Rialachán seo a oiriúnú. Léirigh an Coimisiún nach dtiocfadh sé leis sin agus d'áitigh sé gur cheart an t oiriúnú seo a tharmligean chuig an gCoimisiún de réir Airteagal 290 CFAE. Ghlac an Chomhairle le cuid de leasú 92 dá réir.

D'aontaigh an Chomhairle le héirim ghinearálta leasú 6 agus leasú 11 maidir leis an ngá atá ann le modhanna iomchuí um measúnú riosca le haghaidh nana ábhar a ndearnadh innealtóireacht orthu, rud a fheictear in aithris 20.

f)

Cinneadh stádas an bhia (Airteagal 4 agus aithris 16)—d'aontaigh an Chomhairle gur freagracht de chuid na n oibreoirí gnó bia a bheadh i gcinneadh stádas an bhia a chuirfí ar mhargadh an Aontais, ó thaobh an tsainmhínithe ar bhia núíosach de, agus go gcaithfeadh siad dul i gcomhairle lena n údarás náisiúnta i gcás ina mbeadh amhras ann.

g)

Údarú bianna núíosacha (Airteagal 9 agus aithris 18)—d'aontaigh an Chomhairle gur i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ba cheart bia núíosach a údarú, mura raibh foráil do mhaolú sonrach sa Rialachán seo. Shoiléirigh an Chomhairle gur cheart tosca eiticiúla, tosca comhshaoil, tosca leasa ainmhithe agus prionsabal an réamhchúraim a chur san áireamh agus bianna núíosacha á n údarú. Ba cheart na tosca sin a mheas de réir gach cáis agus de réir a bhfuil san iarratas. Clúdaíonn sé sin leasú 20.

h)

Údarú bianna traidisiúnta ó thriú tíortha (Airteagal 11agus aithris 22)—níor ghlac an Chomhairle leis an ‘nós imeachta fógrúcháin’ a mhol an Coimisiún. D'fhonn sábháilteacht bia a áirithiú, ba cheart gur bunaithe ar thuairim an EFSA a bheadh aon údarú agus ba cheart gur tríd an nós imeachta coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú a dhéanfaí aon údarú eile ina dhiaidh sin a ghlacfadh an Coimisiún. Agus meastóireacht á déanamh ag an EFSA, ba cheart go ndíreofaí go príomha ar an bhfianaise atá ann maidir le húsáid shábháilte an bhia agus ar an bhfaisnéis maidir le comhdhéanamh an bhia thraidisiúnta. D'fhonn dlús a chur leis an nós imeachta, ba cheart go gcuirfí spriocdhátaí ní ba ghiorra i bhfeidhm—6 mhí do thuairim EFSA agus 3 mhí don dréachtbheart a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid SCFCAH. Dhéanfaí liosta ar leith de bhianna traidisiúnta údaraithe ó thríú tíortha (Airteagal 7(2)). Leis an gcur chuige nua seo ón gComhairle, áfach, clúdaítear leasú 65 agus leasú 68.

i)

Treoir theicniúil (Airteagal 12)—ní foláir don Choimisiún treoir theicniúil agus uirlisí a chur ar fáil, roimh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm (i.e. 2 bhliain ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm), do pháirtithe leasmhara, go háirithe d'oibreoirí gnó bia agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Ar ndóigh, leanfaidh Moladh 97/618/CE ón gCoimisiún de bheith infheidhme go dtí go n aisghairfear Rialachán (CE) 258/1997. Tá sé seo ag teacht le leasú 69.

j)

An Grúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí EGE (Airteagal 15 agus aithris 28)—cuireadh foráil bhreise isteach ann lena bhféadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, leis an EGE i dtaca le ceisteanna eitice a bhaineann leis na bianna núíosacha. Comhfhreagraíonn sé seo do leasú 76. Má théitear i gcomhairle leis an EGE, cuirfear a thuairim san áireamh ag céim na bainisteoireachta riosca.

k)

Cosaint Sonraí (Airteagal 16 agus aithris 25)—d'fhonn an nuálaíocht a chur chun cinn sa tionsclaíocht, ghlac an Chomhairle leis gur gá fianaise nua eolaíoch agus/nó sonraí dílseánacha eolaíocha a chosaint ar feadh tréimhse 5 bliana. Ní féidir na sonraí sin atá faoi chosaint a úsáid chun leasa iarratais eile gan cead an chéad iarratasóra a fháil agus teorannaítear an t údarú don chéad iarratasóir ar feadh na tréimhse 5 bliana ach sa chás go bhfaighidh iarratasóir eile ina dhiaidh sin údarú gan tagairt do na sonraí dílseánacha. Clúdaíonn sé sin leasú 77 go hiomlán. Cé nár glacadh le leasú 25 mar a bhí, clúdaítear a spiorad le hAirteagal 16.

l)

Faisnéis don phobal (Airteagal 17)—ní foláir achoimrí ar iarratais, torthaí aon chomhairliúcháin a bheadh ann d'fhonn stádas bia a chinneadh agus liostaí de bhianna núíosacha atá údaraithe a chur ar fáil don phobal, agus i gcás na liostaí, ba cheart go ndéanfaí sin tríd an leathanach tiomnaithe den láithreán Gréasáin. Tá sé seo ag teacht le leasuithe 41, 53 agus 67, le cuid de léasú 40 agus clúdaítear leasú 64 i bprionsabal.

m)

Bearta idirthréimhseacha (Airteagal 23 agus aithris 29)—iarratas a cuireadh isteach de réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97, ní dhéanfar é a phróiseáil faoin Rialachán sin ach má cuireadh an chéad tuarascáil ar mheasúnú ar fáil faoi Airteagal 6(3) agus nár theastaigh aon mheasúnú breise agus nach ndearna na Ballstáit aon agóid faoi. Tá sé seo ag teacht le leasú 88 agus le leasú 89.

Chomh maith leis na leasuithe thuas, ionchorpraítear leasuithe 7, 42, 44, agus 45 sa chomhsheasamh, ar leasuithe teicniúla/eagarthóireachta iad lena ndéantar iarracht soiléireacht an téacs a fheabhsú.

I bhfianaise theacht i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an 1 Nollaig 2009, bhí ar an gComhairle na forálacha sin den togra ón gCoimisiún a bhain leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú a chur in oiriúint don CFAE. D'aontaigh an Chomhairle gur cheart go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún leis na forálacha seo a leanas (Airteagal 291(2) CFAE):

Airteagal 3(4): tuilleadh critéar a ghlacadh chun soiléiriú a dhéanamh ar na sainmhínithe atá i bhfophointe (i) go fophointe (iv) de phointe (a) agus i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 3(2) ar sainmhínithe iad a d'fhéadfaí a ghlacadh;

Airteagal 11(5): liosta na mbianna traidisiúnta ó thríú tíortha a thabhairt cothrom le dáta;

Airteagal 16(5): liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an gcosaint sonraí sula rachaidh an tréimhse 5 bliana i gcomhair na cosanta sonraí in éag;

Airteagal 27(2): na bearta idirthréimhseacha a d'fhéadfaí a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 27(1);

Airteagal 9: liosta an Aontais de bhianna núíosacha a thabhairt cothrom le dáta. Níor mhór Rialachán (CE) 1331/2001 a leasú chun na críche sin (féach Airteagal 28 den seasamh ón gComhairle).

Mar a luadh cheana féin i bpointe c) thuas, d'aontaigh an Chomhairle gur cheart glacadh na gcritéar lena bhféadfaí a mheas, faoin dáta a ndéanfar an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm (is é sin le rá, 24 mhí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm), ar úsáideadh bia mar bhia don duine ar bhealach suntasach laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 a tharmligean chuig an gCoimisiún de réir Airteagal 290 CFAE.

2.2.   Leasuithe Pharlaimint na hEorpa nár glacadh leo

Níor ghlac an Chomhairle leis na 46 leasú a liostaítear thíos ar na forais seo a leanas:

i)

Leasú 2: is dhá phríomhchuspóir de chuid dlí an Aontais maidir le hearraí bia iad ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine agus ar leas na dtomhaltóirí maidir le bia, agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh (Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002). Clúdaítear an dhá ghné sin le haithris 1 agus le haithris 2.

ii)

Leasú 9: mar a míníodh i bpointe c) thuas, is é an critéar bunúsach céanna atá ann fós chun núíosachas an bhia a mheasúnú, eadhon ar úsáideadh an bia sin mar bhia don duine ar bhealach suntasach laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997. Tagann modhnuithe ar an mbunstruchtúr móilíneach, microrgánaigh, fungais, algaí, cineálacha nua miocrorgánach agus tiúcháin de shubstaintí faoin sainmhíniú sin fós agus ní gá iad a liostú ar leithligh.

iii)

Leasú 22: Agus a thuairimí á n ullmhú ag EFSA, comhoibrítear leis na Ballstáit agus féadfaidh sé líonra a úsáid mar a fhoráiltear le hAirteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus le Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 ón gCoimisiún.

iv)

Tástáil ar ainmhithe (leasuithe 21, 87)—ní thagann ceist na tástála ar ainmhithe, go háirithe seachaint na tástála ar ainmhithe veirteabracha agus comhroinnt na dtorthaí, faoi raon feidhme an Rialacháin seo. De réir Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 (Nós imeachta comhchoiteann um údarú), déanfaidh an EFSA togra a thíolacadh maidir leis na sonraí a theastaítear do mheasúnú riosca ar bhia núíosach agus ba cheart go n aithneofaí leo sin gur cheart tástáil neamhriachtanach ar ainmhithe a sheachaint.

(v)

Cosc ar bhia a tháirgeadh ó ainmhithe clónáilte, agus ar bhia mar sin nó ainmhithe clónáilte nó a sliocht a chur ar an margadh nó a allmhairiú (leasuithe 5, 10, 12, 14, 91 (pointe 2(ba)), 92 (pointe 2(a)(ii) agus 2(ca)), 51 (an dara cuid)—ní féidir leis an gComhairle glacadh le heisiamh láithreach a dhéanamh ar bhia a fhaightear ó ainmhithe clónáilte agus óna sliocht ó raon feidhme an Rialacháin (féach pointe d) thuas). Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gur ag an gCoimisiún atá an ceart tionscaimh maidir le tograí reachtacha an AE agus nach féidir iachall a chur air, trí bhíthin gnímh reachtaigh, togra reachtach a thíolacadh.

vi)

Nana–ábhair

a.

leasú 13: ní thagann sé faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le bianna núíosacha; Tá feidhm ag Rialachán (CE) 1935/2004 maidir le hábhair agus earraí a cheaptar lena gcur i dteagmháil le bia.

b.

leasú 90: lipéadú sonrach córasach na gcomhábhar i bhfoirm nana ábhar, bheadh sé sin iomarcach; le hAirteagal 9(2), ceanglaítear go measfar na ceanglais shonracha um lipéadú de réir an cháis ar leith.

c.

leasú 50: i gcás ina mbeadh amhras ann i leith a shábháilte is atá bianna a bhfuil nana ábhair iontu, bheadh feidhm ag prionsabal an réamhchúraim. Chomh maith leis sin, táthar tar éis dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin a shíneadh go 24 mhí, rud a fhágann go mbeidh am breise ann chun modhanna measúnaithe riosca a fhorbairt do nana ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu.

vii)

Stádas bia a chinneadh (leasú 18 agus cuid de leasú 40): níl na leasuithe sin comhoiriúnach leis an gcur chuige a d'aontaigh an Chomhairle (féach pointe d) thuas).

viii)

Critéir bhreise don mheasúnú riosca ag EFSA:

d.

leasú 70: ní iomchuí tagairt a dhéanamh d'Airteagal 6 (Airteagal 8 sa Chomhsheasamh) ós rud é go mbaineann sé le cúinsí a chuirfí san áireamh ag céim na bainisteoireachta riosca, seachas sa mheasúnú riosca a dhéanfadh EFSA.

e.

leasú 71: cuireann sé isteach ar nósanna imeachta inmheánacha EFSA; agus iad i mbun sábháilteacht bia a mheasúnú, féadfaidh EFSA gnéithe eile a chur san áireamh chomh maith le drochthionchair nó tionchair thocsaineacha ar shláinte an duine.

f.

leasú 74: ní bhaineann sé le céim an mheasúnaithe riosca; d'fhéadfaí go n iarrfaí a thuairim ar an nGrúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí (EGE) ar iarratas ó Ballstát agus mheasfaí ansin í ag céim na bainisteoireachta riosca.

ix)

Coinníollacha breise le haghaidh údarú bianna núíosacha (bainisteoireacht riosca)

g.

leasú 23: féadfar gnéithe eiticiúla a chur san áireamh ag céim na bainisteoireachta riosca; ní bheadh measúnú ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) infheidhme.

h.

leasú 43: níl sé riachtanach, na gnéithe a chlúdaítear leis an leasú seo, cuireann EFSA san áireamh iad ag céim an mheasúnaithe riosca.

i.

leasú 47: níl sé infheidhme; ní gá agus ní féidir tuairim a iarraidh ar EEA maidir le gach iarratas ar údarú do bhia núíosach.

j.

leasú 48: ní féidir tuairim EGE a iarraidh do gach iarratas ar údarú do bhia núíosach. Má iarrtar í mar a fhoráiltear dó in Airteagal 15, cuirfear san áireamh í ag céim na bainisteoireachta riosca.

k.

leasú 49: na gnéithe a chlúdaítear leis an leasú sin, cuireann EFSA san áireamh iad ag céim an mheasúnaithe riosca agus d'fhéadfadh sé go gclúdófaí iad le coinníollacha úsáide agus ceangaltais bhreise shonracha maidir le lipéadú de réir Airteagal 9(2).

x)

Prionsabal an réamhchúraim (leasú 1(an dara cuid), 19, 52)—tá feidhm i gcónaí ag an prionsabal réamhchúraim a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Tá tagairt don phrionsabal sin in aithris 18. Mar sin, níl aon ghá lena athrá in aithrisí eile nó mar choinníoll breise le haghaidh údaruithe.

xi)

Sonraíochtaí breise chun bia núíosach a chur ar liosta an Aontais:

l.

leasú 54: na pointí ar fad a ardaítear anseo, tá siad clúdaithe cheana féin leis an Rialachán, seachas pointe (f), nach bhfuil soiléir ós rud é gur dhá rud éagsúla atá i gceist le ceanglais monatóireachta agus cigireachtaí de réir Rialachán Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe oifigiúla.

m.

leasú 57: de réir Airteagal 9(2), rialaítear aon substaintí neamh inmhianaithe a bheadh sa bhia núíosach le sonraíochtaí an bhia agus clúdófar teorannú aon nochtadh do shubstaintí a bheadh i mbianna núíosacha faoi ‘choinníollacha úsáide’ agus féadfar iad a thabhairt isteach tar éis tuairim EFSA a fháil.

xii)

Monatóireacht iar mhargaithe (leasú 55 agus 75)—ba dhíréireach an beart é monatóireacht iar mhargaithe agus athbhreithniú córasach tar éis cúig bliana a dhéanamh ar gach údarú do gach bhia núíosach a chuirfí ar an margadh. Chuirfí ualach riaracháin ar oibreoirí gnó bia agus údaráis na mBallstát. Le hAirteagal 14, foráiltear gurbh fhéidir monatóireacht iar mhargaithe a fhorchur de réir an cháis ar leith. Tá sé d'oibleagáid ar tháirgeoirí an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon fhaisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a d'fhéadfadh tionchar a bheith aici ar mheastóireacht sábháilteachta ar bhia núíosach a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana.

xiii)

Lipéadú ar bhia núíosach (leasuithe 60 agus 62)—ba dhíréireach an beart é lipéadú córasach a dhéanamh ar gach bia núíosach (leasú 62) agus chruthófaí ualach riaracháin leis. De réir Airteagal 9(2), is féidir ceanglais shonracha um lipéadú a bheith ann. Ní thagann lipéadú ar tháirgí ó ainmhithe a beathaíodh le hábhar beathúcháin géinathraithe (leasú 60) faoi raon feidhme an Rialacháin seo (is soiléir go bhfuil Rialachán (CE) 1829/2003 á eisiamh).

xiv)

Bia traidisiúnta ó thríú tíortha (leasuithe 28, 64 agus 66): d'aontaigh an Chomhairle ar nós imeachta difriúil d'údarú na mbianna sin ná an ceann a mhol an Coimisiún (féach pointe h) thuas).

xv)

Comhairliúchán le EGE (leasú 29): an fhoclaíocht a chuir an Chomhairle ar aithris 28, b'fhearr mar a d'fhreagair sí dá bhfuil in Airteagal 15 maidir le comhairliúcháin le EGE (féach pointe j) thuas).

xvi)

Ailíniú na spriocdhátaí d'údarú do mhaíomh i dtaca le sláinte agus bia núíosach i gcás ina mbeadh cosaint sonraí ann (leasú 27, 80)—d'fhéadfadh sé gur inmhianaithe a leithéid d'ailíniú ach ba dheacair é a áirithiú i gcleachtadh ós rud é gur de réir sceideal difriúil a théann meastóireachtaí chun cinn agus gur dhá chinneadh ar leith atá ann.

xvii)

Leasú 61: i gcás ina mbeadh cosaint sonraí ann, dhéanfaí nuashonrú ar liosta an Aontais a chinneadh de réir an nós imeachta rialúcháin ós rud é gur údaruithe aonair ar leith atá i gceist seachas bearta le raon feidhme ginearálta.

xviii)

Leasú 56 agus 91 (fomhír (2a)): údarú do bhreiseáin bia, d'einsímí bia agus do bhlastáin bia ar cuireadh próiseas nua táirgeachta i bhfeidhm orthu agus ar cúis é sin le hathruithe suntasacha iontu, clúdaítear é sa reachtaíocht earnálach maidir le breiseáin (Airt. 12 agus Aithris 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008), maidir le heinsímí (Airt. 14 agus Aithris 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008) agus maidir le blastáin (Airt. 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008). Baineann an nós imeachta comhchoiteann le húdaruithe dá samhail.

xix)

Leasú 78: Níor mheas an Chomhairle ceist na dtionscnamh taighde a mhaoinítear ó fhoinsí AE agus/nó ó fhoinsí poiblí.

xx)

Leasú 81: Tá feidhm ag Rialachán (CE) 882/2004 maidir le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia a áirithiú (lena n áirítear an Rialachán maidir le bianna núíosacha) agus ní gá é a athrá.

xxi)

Leasú 82: d'aontaigh an Chomhairle go ndéanfaí an dáta a dtiocfadh an Rialachán i bhfeidhm a chur siar go dtí 24 mhí tar éis dháta a fhoilsithe. Tugadh an spriocdháta céanna do na Ballstáit chun forálacha maidir le pionóis a fhógairt.

xxii)

Leasú 83: Níl aon ghá leis; is dúbailt atá ann ar na forálacha atá infheidhme de réir Airteagal 53 agus Airteagal 54 de Rialachán 178/2002.

Níor ghlac an Chomhairle le leasú 8 ná le leasú 85 ós rud é go bhfuil siad neamhshoiléir ná níor ghlac sí le leasuithe 4, 17, 51 (an chéad chuid) de bharr gur léir cheana féin a bhfuil iontu agus nach bhfaightear aon luach breise leo.

IV.   CONCLÚIDÍ

Creideann an Chomhairle go bhfuil cothromaíocht bainte amach ina seasamh ar an gcéad léamh idir ábhair imní agus leasanna agus go n urramódh sé cuspóirí an Rialacháin. Tá sí ag tnúth le plé dearfach le Parlaimint na hEorpa d'fhonn go nglacfar an Rialachán go luath, rud a áiritheoidh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don tomhaltóir.


(1)  5431/08.

(2)  7990/09.

(3)  IO C 224, 30.8.2008, lch. 81.

(4)  5761/00, COIM (1999) 719 leagan deireanach.

(5)  7990/09 (P6_TA(2009)0171)

(6)  Tagraíonn uimhriú na n-aithrisí agus na nAirteagal do théacs an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh.