ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

51
4 Samhain 2008


Clár

Leathanach

 

III   Bearta Ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2008/C /01

Comhsheasamh (CE) Uimh. 26/2008 an 2 Deireadh Fómhair 2008 aghlac an Chomhairle, ag ghníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a dtagraítear in Airteagal 251 den chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le staidreamh Chomhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsabháilteacht ag an obair ( 2 )

1

 

2008/C /02

Nóta don léitheoir(Féach ar leathanach 3 den chlúdach)

s3

 


 

(1)   Faoin tagairt C 280 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo I dteangacha oifigiúla an Aontais.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA

 


III Bearta Ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

4.11.2008   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


COMHSHEASAMH (CE) UIMH. 26/2008

a ghlac an Chomhairle an 2 Deireadh Fómhair 2008

chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsabháilteacht ag an obair

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2008/C 280 E/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 1786/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 lena nglactar clár gníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte poiblí (2003–2008) (3), dearbhaíodh go raibh gné staidrimh an chórais faisnéise maidir leis an tsláinte phoiblí le forbairt i gcomhar leis na Ballstáit, agus úsáid á baint as Clár Staidrimh an Chomhphobail, de réir mar ba ghá, chun an tsineirgíocht a chur chun cinn agus chun an dúbláil a sheachaint. Le Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear an dara clár gníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte (2008–2013) (4) sonraíodh go ndéanfaí a chuspóir chun faisnéis agus eolas sláinte a ghiniúint agus a scaipeadh a shaothrú trí ghníomhaíochtaí d'fhonn córas inbhuanaithe monatóireachta sláinte a fhorbairt tuilleadh lena ngabhfadh meicníochtaí chun sonraí agus faisnéis inchomparáide a fhorbairt, a mbeadh táscairí iomchuí ann, agus d'fhonn gné staidrimh an chórais sin a fhorbairt in éineacht le Clár Staidrimh an Chomhphobail.

(2)

Forbraíodh faisnéis Chomhphobail maidir leis an tsláinte phoiblí go córasach trí chláir sláinte poiblí an Chomhphobail. Ag tógáil ar an obair seo, tá liosta de Tháscairí Sláinte Comhphobail Eorpaigh (ECHI) ar fáil anois a thugann forbhreathnú ar stádas sláinte, ar dheitéarmanaint sláinte agus ar chórais sláinte. Chun an tacar sonraí staidrimh íosta a chur ar fáil a bhfuil gá leis le haghaidh na ECHI a ríomh, ba cheart go mbeadh staidreamh Comhphobail maidir leis an tsláinte phoiblí comhsheasmhach, nuair a bheidh sé sin ábhartha agus nuair is féidir, leis na forbairtí a eascraíonn as gníomhaíocht an Chomhphobail i réimse na sláinte poiblí agus lena bhfuil bainte amach mar thoradh uirthi.

(3)

Le Rún an 3 Meitheamh 2002 ón gComhairle maidir le straitéis nua Chomhphobail ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an obair (2002–2006) (5) iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an obair a bhí idir lámha acu maidir le comhchuibhiú staidrimh ar thionóiscí ag an obair agus maidir le galair cheirde, ionas go mbeadh sonraí inchomparáide ar fáil chun measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar iarmhairt agus éifeachtacht na mbeart a rinneadh faoi straitéis nua an Chomhphobail, agus cuireadh béim, i roinn ar leith, ar an ngá atá leis an méadú ar an gcoimhneas ban sa mhargadh saothair a chur san áireamh agus freagairt dá riachtanais shainiúla i ndáil le beartais ar an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair. Ina theannta sin, sa Rún a rith an Chomhairle an 25 Meitheamh 2007 maidir le straitéis nua Chomhphobail ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an obair (2007–2012) (6) d'iarr sí ar an gCoimisiún comhoibriú leis na húdaráis reachtacha chun córas iomchuí staidrimh Eorpaigh i réimse na sabháilteachta ceirde agus na sláinte ceirde a bhunú, córas lena gcuirfí san áireamh na córais náisiúnta éagsúla agus lena seachnófaí ualaí breise rialacháin a fhorchur. Ar deireadh, sa Mholadh a rinne an Coimisiún an 19 Meán Fómhair 2003 maidir leis an sceideal Eorpach ar ghalair cheirde (7), mhol sé go mbeadh staidreamh na mBallstát ar ghalair cheirde ag luí go comhleanúnach leis an sceideal Eorpach, i gcomhréir leis an obair atá á déanamh ar an gcóras chun comhchuibhiú a dhéanamh ar an staidreamh Eorpach ar ghalair cheirde.

(4)

D'aithin Comhairle Eorpach Bharcelona an 15 agus an 16 Márta 2002 trí cinn de phrionsabail threoracha le haghaidh leasú na gcóras sláinte poiblí: inrochtaineacht do chách, cúram ar ardcháilíocht agus inbhuaine fhadtéarmach airgeadais. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2004 dar teideal ‘An chosaint shóisialta a nuachóiriú le haghaidh cúram sláinte agus cúram fadtéarmach d'ardcháilíocht a fhorbairt atá inrochtana agus inbhuanaithe: tacaíocht do na straitéisí náisiúnta ag úsáid “mhodh oscailte an chomhordaithe”’, moladh go leagfaí ar an obair chun táscairí a d'fhéadfadh a bheith ann le haghaidh cuspóirí comhpháirteacha a shainaithint d'fhonn córais cúraim a fhorbairt a bheadh bunaithe ar ghníomhaíochtaí a gabhadh de láimh i gcomhthéacs chlár gníomhaíochta an Chomhphobail don tsláinte, i gcomhthéacs staidreamh sláinte Eurostat agus i gcomhthéacs an chomhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Agus táscairí den chineál sin á mbunú, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar úsáid agus ar inchomparáideacht sláinte féinmheasúnaithe mar a thuairiscítear i suirbhéanna iad.

(5)

Le Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar amach an Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil Comhphobail (8) tá gníomhaíocht ar an gcomhshaol, ar an tsláinte agus ar cháilíocht na beatha á háireamh mar thosaíocht fhíorthábhachtach comhshaoil, agus éilítear léi sainmhíniú agus forbairt a dhéanamh ar tháscairí sláinte agus comhshaoil. Chomh maith leis sin, i gConclúidí na Comhairle an 8 Nollaig 2003 ar Tháscairí Struchtúracha, iarradh go gcuirfí táscairí maidir leis an mbithéagsúlacht agus maidir leis an tsláinte san áireamh, faoin teideal ‘comhshaol’ sa bhunachar sonraí táscairí struchtúrach a úsáidtear don Tuarascáil Earraigh bhliantúil chuig an gComhairle Eorpach; áirítear táscairí maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair freisin sa bhunachar seo, faoin teideal ‘fostaíocht’. Déantar téama ar tháscairí sláinte poiblí a áireamh freisin sa tacar táscairí maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe a ghlac an Coimisiún i 2005.

(6)

Aithnítear sa Phlean Gníomhaíochta Sláinte agus Comhshaoil 2004-2010 an gá atá le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar inchomparáideacht sonraí ar stádas sláinte le haghaidh galar agus neamhord a bhfuil ceangail acu leis an gcomhshaol, agus ar an rochtain atá orthu, ag baint úsáide as an gClár Staidrimh Comhphobail.

(7)

Sa Rún a rith an Chomhairle an 15 Iúil 2003 maidir le fostaíocht agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn (9), iarradh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún ábhar staidrimh a bhailiú ar staid daoine faoi mhíchumas, agus ábhar staidrimh maidir le forbairt seirbhísí agus sochar don ghrúpa sin á chur san áireamh. Sa bhreis air sin, chinn an Coimisiún sa Teachtaireacht a chuir sé an 30 Deireadh Fómhair 2003 dar teideal ‘Comhdheiseanna do dhaoine faoi mhíchumas — Plean Gníomhaíochta Eorpach’, táscairí comhthéacs a fhorbairt a bheadh inchomparáide ar fud na mBallstát, chun éifeachtacht na mbeartas míchumais a mheas. Shonraigh sé gur cheart úsáid iomlán a bhaint as acmhainní agus as struchtúir an Chórais Staidrimh Eorpaigh, go háirithe trí shamhlacha comhchuibhithe suirbhé a fhorbairt, chun an fhaisnéis staidrimh a fháil a bheadh inchomparáide go hidirnáisiúnta agus a bheadh riachtanach chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn.

(8)

Chun ábharthacht agus inchomparáideacht na sonraí a áirithiú agus chun an dúbláil oibre a sheachaint, ba cheart gníomhaíochtaí staidrimh an Choimisiúin (Eurostat) i réimse na sláinte poiblí agus i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair a dhéanamh i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus lena heagraíochtaí speisialta, amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) chomh maithe leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) nuair a bheidh sé sin ábhartha agus nuair is féidir é.

(9)

Déanann an Coimisiún (Eurostat) sonraí staidrimh maidir leis an tsláinte phoiblí agus maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair a bhailiú ar bhonn rialta cheana féin ó na Ballstáit, a chuireann na sonraí sin ar fáil go rialta ar bhonn saorálach. Bailíonn sé sonraí sna réimsí sin trí fhoinsí eile freisin. Déantar forbairt ar na gníomhaíochtaí sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Sa réimse staidrimh sláinte poiblí go háirithe, is de réir comhpháirtíochta idir an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit a dhéantar an fhorbairt agus an cur chun feidhme a stiúradh agus a eagrú. Mar sin féin, tá gá fós le tuilleadh cruinnis agus gá le breis iontaofachta, soiléire agus inchomparáideachta, níos mó cumhdaigh, tráthúlachta agus poncúlachta sna bailiúcháin sonraí staidrimh atá ann cheana agus ní foláir a áirithiú freisin go ndéanfar bailiúcháin bhreise a chur chun feidhme a chomhaontófar agus a fhorbrófar leis na Ballstáit chun an tacar sonraí staidrimh íosta is gá ar leibhéal an Chomhphobail i réimse na sláinte poiblí agus i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair a bhaint amach.

(10)

Tá táirgeadh sainstaidrimh Chomhphobail á rialú leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (10).

(11)

Leis an Rialachán seo, áirítear urramú iomlán don cheart um chosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Chairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (11).

(12)

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, tá feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (12) agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (13). Tá leas substaintiúil poiblí ag baint leis na ceanglais staidrimh a eascraíonn as gníomhaíocht an Chomhphobail i réimse na sláinte poiblí, as straitéisí náisiúnta le haghaidh cúraim sláinte atá d'ardcháilíocht, inrochtana agus inbhuanaithe agus as straitéis an Chomhphobail maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair, agus as na ceanglais maidir le táscairí struchtúracha, táscairí forbartha inbhuanaithe agus ECHI agus tacair eile de tháscairí is gá a fhorbairt chun monatóireacht a dhéanamh ar straitéisí agus ar ghníomhaíochtaí polaitiúla Comhphobail agus náisiúnta i réimse na sláinte poiblí agus na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair.

(13)

Déantar tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh a rialú leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus i Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle an 11 Meitheamh 1990 maidir le sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (14). Le bearta a ghlactar i gcomhréir leis an Rialachán seo, áirithítear cosaint fhisiceach agus cosaint loighciúil ar shonraí rúnda agus áirithítear nach dtarlóidh aon nochtadh neamhdhleathach nó úsáid nach mbaineann le staidreamh nuair a dhéanfar staidreamh Comhphobail a sholáthar agus a scaipeadh.

(14)

I soláthar agus i scaipeadh staidreamh an Chomhphobail faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta agus d'údaráis staidrimh an Chomhphobail na prionsabail a chur san áireamh a leagadh amach sa Chód Cleachtais do Staidreamh Eorpach a ghlac an Coiste Cláir Staidrimh an 24 Feabhra 2005.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú do sholáthar córasach staidrimh Chomhphobail maidir leis an tsláinte phoiblí agus maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach dá bhrí sin ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(16)

Agus é á aithint gurb ábhair iad eagrú agus bainistiú na gcóras cúraim sláinte a bhaineann le hinniúlacht náisiúnta agus gurb ar na Ballstáit go príomha atá freagrach as an reachtaíocht Chomhphobail maidir le hionaid oibre agus coinníollacha saothair, áirítear leis an Rialachán seo urramú iomlán d'inniúlacht na mBallstát maidir leis an tsláinte poiblí agus maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair.

(17)

Tá sé tábhachtach go gcuirfí inscne agus aois san áireamh sna hathróga miondealaithe mar go bhfágann sé sin gur féidir an tionchar a bhíonn ag difríochtaí inscne agus aoise ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an oibre a chur san áireamh.

(18)

Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (15).

(19)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena gcumhdaítear saintréithe ábhar áirithe agus miondealú na saintréithe sin, na tréimhsí tagartha, na heatraimh agus na teorainneacha ama do sholáthar na sonraí, agus soláthar meiteashonraí. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(20)

Soláthrófar maoiniú comhlántach do bhailiú sonraí i réimse na sláinte poiblí agus i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair, faoi chuimsiú an Dara Clár Gníomhaíochta Comhphobail i réimse na Sláinte (2008-2013) agus faoi chuimsiú an Chláir Chomhphobail um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta — Progress  (16) faoi seach. Laistigh de na creataí sin, ba cheart acmhainní airgeadais a úsáid chun cabhrú leis na Ballstáit na hacmhainneachtaí náisiúnta a fhorbairt tuilleadh chun feabhsúcháin agus uirlisí nua le haghaidh bhailiú na sonraí staidrimh a chur chun feidhme i réimse na sláinte poiblí agus i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair.

(21)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

(22)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh 89/382/CEE, Euratom (17),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann do tháirgeadh córasach staidrimh Chomhphobail maidir leis an tsláinte phoiblí agus maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair. Déanfar an staidreamh a tháirgeadh i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, cost-éifeachtacht agus rúndacht staidrimh.

2.   Áireofar leis an staidreamh, i bhfoirm tacair chomhchuibhithe chomhchoitinn sonraí, faisnéis atá riachtanach do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse na sláinte poiblí, chun tacú le straitéisí náisiúnta maidir le cúram sláinte atá d'ardcháilíocht, inrochtana go huilíoch agus inbhuanaithe a fhorbairt agus do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair.

3.   Cuirfidh an staidreamh sonraí ar fáil do tháscairí struchtúracha, do tháscairí forbartha inbhuanaithe agus do Tháscairí Sláinte an Chomhphobail Eorpaigh (ECHI) agus freisin do na tacair eile de tháscairí is gá a fhorbairt chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Chomhphobail i réimse na sláinte poiblí agus i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair.

Airteagal 2

Raon feidhme

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir leis na fearainn seo a leanas don Choimisiún (Eurostat):

stádas sláinte agus deitéarmanaint sláinte, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I iad,

cúram sláinte, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II é,

cúiseanna báis, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III iad,

tionóiscí ag an obair, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn IV iad,

galair cheirde agus fadhbanna eile agus tinnis eile a bhaineann leis an obair, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V iad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo:

(a)

beidh ag ‘Staidreamh Comhphobail’ an bhrí a shanntar dó leis an gcéad fhleasc d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

(b)

beidh ag ‘soláthar staidrimh’ an bhrí a shanntar dó leis an dara fleasc d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

(c)

ciallóidh ‘an tsláinte phoiblí’ na heilimintí uile a bhaineann leis an tsláinte, is é sin stádas sláinte, lena n-áirítear galracht agus míchumas, na deitéarmanaint a bhfuil tionchar acu ar an stádas sláinte sin, riachtanais chúraim sláinte, acmhainní a leithdháiltear ar chúram sláinte, soláthar cúraim sláinte agus rochtain uilíoch air, chomh maith le caiteachas agus maoiniú ar chúram sláinte agus cúiseanna mortlaíochta;

(d)

ciallóidh ‘an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair’ na heilimintí uile a bhaineann leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht, agus le cosaint ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe ag an obair ina ngníomhaíochtaí reatha nó san gníomhaíochtaí a rinne siad san am a caitheadh; go háirithe tionóiscí ag an obair, galair cheirde agus fadhbanna eile sláinte agus tinnis eile a bhaineann leis an obair;

(e)

ciallóidh ‘micreashonraí’ taifid aonair staidrimh;

(f)

ciallóidh ‘tarchur sonraí rúnda’ sonraí rúnda nach gceadaíonn sainaithint dhíreach a tharchur idir údaráis náisiúnta agus údarás an Chomhphobail, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus le Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90;

(g)

ciallóidh ‘sonraí pearsanta’ gach faisnéis a bhaineann le duine nádúrtha a sainaithníodh nó atá insainaitheanta, i gcomhréir le hAirteagal 2(a) de Threoir 95/46/CE.

Airteagal 4

Foinsí

Tiomsóidh na Ballstáit sonraí maidir leis an tsláinte phoiblí agus maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair ó fhoinsí ina mbeidh, ag brath ar na fearainn agus ar na hábhair agus ar shainghnéithe na gcóras náisiúnta a bheidh i gceist, suirbhéanna teaghlaigh nó suirbhéanna comhchosúla nó modúil chomhchosúla suirbhé, nó foinsí náisiúnta riaracháin nó tuarascála.

Airteagal 5

Modheolaíocht

1.   Leis na modhanna a úsáidfear chun na bailiúcháin sonraí a chur chun feidhme, cuirfear san áireamh, lena n-áirítear i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, taithí náisiúnta agus saineolas náisiúnta mar aon leis na sainiúlachtaí náisiúnta, na hacmhainneachtaí náisiúnta agus na bailiúcháin sonraí náisiúnta atá ann cheana, faoi chuimsiú na líonraí comhair agus struchtúr eile an Chórais Staidrimh Eorpaigh leis na Ballstáit a bhunaigh an Coimisiún (Eurostat). Cuirfear san áireamh freisin na modheolaíochtaí le haghaidh bailiúchán sonraí tráthrialta a eascraíonn as tionscadail a bhfuil gné staidrimh iontu agus a dhéantar faoi chláir Chomhphobail eile ar nós clár sláinte phoiblí nó clár taighde.

2.   Leis na modheolaíochtaí staidrimh agus na bailiúcháin staidrimh a bheidh le forbairt chun staidrimh a thiomsú ar an tsláinte phoiblí agus ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an obair ar leibhéal an Chomhphobail, cuirfear san áireamh an gá atá le comhordú a dhéanamh, aon uair a bheidh sé sin ábhartha, le gníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta sa réimse, d'fhonn inchomparáideacht idirnáisiúnta staidrimh agus comhsheasmhacht bailiúchán sonraí a chinntiú, mar aon le dúbláil iarrachtaí agus seachadtaí sonraí ag Ballstáit a sheachaint.

Airteagal 6

Staidéir thrialacha agus anailísí costais agus tairbhe

1.   Gach uair a mbeidh gá le sonraí, de bhreis orthu siúd a bailíodh cheana agus de bhreis orthu siúd a bhfuil modheolaíochtaí ann ina leith cheana, nó nuair a shainaithnítear cáilíocht neamhleor sonraí sna fearainn dá dtagraítear in Airteagal 2, tionscnóidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir thrialacha a chuirfidh na Ballstáit i gcrích ar bhonn saorálach. Is é aidhm na staidéar trialach sin na coincheapa agus na modhanna a thástáil agus féidearthacht na mbailiúchán gaolmhar sonraí a mheas, lena n-áirítear cáilíocht, inchomparáideacht agus cost-éifeachtacht staidrimh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach leis an gCód Cleachtais do Staidreamh Eorpach.

2.   Gach uair a bheartófar beart cur chun feidhme a ullmhú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2), déanfar anailís costais agus tairbhe, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann le fáil a bheith ar na sonraí, i gcomparáid le costas an bhailithe agus an t-ualach a chuirfidh sé ar na Ballstáit.

3.   Ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascáil ina ndéanfar meastóireacht ar chonclúidí na staideár trialach agus/nó na hanailíse costais agus tairbhe, lena n-áirítear iarmhairtí agus impleachtaí na sainiúlachtaí náisiúnta, i gcomhar leis na Ballstáit, faoi chuimsiú na líonraí comhair agus struchtúr eile CSE.

Airteagal 7

Sonraí a tharchur, a phróiseáil agus a scaipeadh

1.   I gcás inar gá sin chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh, tarchuirfidh na Ballstáit na micreashonraí rúnda nó, ag brath ar an bhfearann agus ar an ábhar a bheidh i gceist, na sonraí comhiomlánaithe, i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus i Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90. Beidh feidhm ag na forálacha sin maidir le próiseáil na sonraí ag an gCoimisiún (Eurostat), a mhéid a mheastar na sonraí a bheith rúnda, de réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97. Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar leis na sonraí a tharchuirfear aonaid sonraí (daoine aonair) a shainaithint go díreach agus go gcosnófar sonraí pearsanta i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE.

2.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear a tharchur leis an Rialachán seo i bhfoirm leictreonach, i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe a comhaontaíodh idir an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit. Cuirfear na sonraí ar fáil i gcomhréir leis na teorainneacha ama a leagtar amach, sna heatraimh dá bhforáiltear agus i leith na dtréimhsí tagartha a shonraítear sna hIarscríbhinní nó sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) na bearta is gá chun scaipeadh, inrochtaineacht agus doiciméadú na faisnéise staidrimh a fheabhsú, i gcomhréir le prionsabail na hinchomparáideachta, na hiontaofachta agus na rúndachta staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 8

Measúnú cáilíochta

1.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh na gnéithe seo a leanas de mheasúnú cáilíochta infheidhme maidir leis an staidreamh a bheidh le tarchur:

(a)

le ‘ábharthacht’, tagrófar don mhéid a shásaíonn an staidreamh riachtanais reatha agus riachtanais fhéideartha na n-úsáideoirí;

(b)

le ‘cruinneas’, tagrófar do cé chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;

(c)

le ‘tráthúlacht’, tagrófar don aga moille idir infhaighteacht na faisnéise agus an imeacht nó an feiniméan a ndéantar cur síos air san fhaisnéis;

(d)

le ‘poncúlacht’, tagrófar don aga moille idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta faoinar cheart iad a bheith seachadta;

(e)

le ‘inrochtaineacht’ agus le ‘soiléire’, tagrófar do na coinníollacha agus do na rialacha mionsonraithe trína bhfaigheann, trína n-úsáideann agus trína dtuigeann na húsáideoirí na sonraí;

(f)

le ‘inchomparáideacht’, tagrófar do thomhais an tionchair a bhíonn ag difríochtaí i gcoincheapa, uirlisí tomhais agus nósanna imeachta staidrimh fheidhmigh nuair a dhéantar staidreamh a chur i gcomparáid i limistéir gheografacha éagsúla, i bhfearainn earnálacha éagsúla nó thar am;

(g)

le ‘comhchuibheas’, tagrófar do cé chomh leordhóthanach is atá na sonraí chun iad a chomhcheangal go hiontaofa i slite éagsula agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

2.   Uair sna cúig bliana cuirfidh gach Ballstát tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi cháilíocht na sonraí a tharchuirfear. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí a tharchuirfear agus foilseoidh sé na tuarascálacha.

Airteagal 9

Bearta cur chun feidhme

1.   Cumhdóidh na bearta cur chun feidhme:

(a)

na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar, a chumhdaítear in Iarscríbhinní I go V;

(b)

miondealú na saintréithe;

(c)

na tréimhsí tagartha, na heatraimh agus na teorainneacha ama do sholáthar sonraí;

(d)

meiteashonraí a sholáthar.

Cuirfear san áireamh sna bearta sin, go háirithe, forálacha Airteagal 5, Airteagal 6(2) agus (3) agus Airteagal 7(1), mar aon le hinfhaighteacht, oiriúnacht agus comhthéacs dlíthiúil na bhfoinsí sonraí Comhphobail atá ann tar éis na foinsí uile a bhaineann leis na fearainn agus leis na hábhair faoi seach a scrúdú.

Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

2.   Glacfar maoluithe agus idirthréimhsí do Bhallstáit, más gá, ar maoluithe agus ar idirthréimhsí iad araon a bhunófar ar fhorais oibiachtúla, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

Airteagal 10

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 11

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 44, 16.2.2008, lch. 103.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2008, agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 271, 9.10.2002, lch. 1. Cinneadh arna aisghairm le Cinneadh 1350/2007/CE.

(4)  IO L 301, 20.11.2007, lch. 3.

(5)  IO C 161, 5.7.2002, lch. 1.

(6)  IO C 145, 30.6.2007, lch. 1.

(7)  IO L 238, 25.9.2003, lch. 28.

(8)  IO L 242, 10.9.2002, lch. 1.

(9)  IO C 175, 24.7.2003, lch. 1.

(10)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.

(11)  IO C 303, 14.12.2007, lch. 1.

(12)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(13)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(14)  IO L 151, 15.6.1990, lch. 1.

(15)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(16)  Cinneadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Comhphobail um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta — Progress (IO L 315, 15.11.2006, lch. 1).

(17)  Cinneadh 89/382/CCE, Euratom ón gComhairle an 19 Meitheamh 1989 lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 181, 28.6.1989, lch. 47).


IARSCRÍBHINN I

FEARANN: STÁDAS SLÁINTE AGUS DEITÉARMANAINT SLÁINTE

(a)

Aidhmeanna

Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le stádas sláinte agus maidir le deitéarmanaint sláinte.

(b)

Raon feidhme

Cumhdaítear leis an bhfearann seo an staidreamh maidir le stádas sláinte agus maidir le deitéarmanaint sláinte a bhunaítear ar fhéinmheasúnú agus a thiomsaítear as suirbhéanna daonra amhail an Suirbhé Eorpach um Agallaimh Shláinte (EHIS), mar aon le staidreamh eile a thiomsaítear as foinsí riaracháin amhail sonraí maidir le galracht nó maidir le tionóiscí agus maidir le díobhálacha. Beidh daoine a bhfuil cónaí orthu in institiúidí, chomh maith le leanaí 0-14 bliana d'aois, ar áireamh, nuair is iomchuí, agus ag na heatraimh ábhartha ad hoc, faoi réir treoirstaidéar rathúla a dhéanfar roimh ré.

(c)

Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

Soláthrófar staidreamh ón EHIS gach cúig bliana ar a laghad; d'fhéadfadh sé go mbeidh gá le minicíocht éagsúil le haghaidh bailiúchán sonraí eile amhail sonraí maidir le galracht nó maidir le tionóiscí agus maidir le díobhálacha, mar aon le roinnt modúl suirbhé sonrach; na bearta a bhaineann leis an gcéad bhliain tagartha, leis an eatramh agus leis an teorainn ama do sholáthar na sonraí, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

(d)

Ábhair a chumhdófar

Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchoiteann comhchuibhithe sonraí a chuirfear ar fáil:

stádas sláinte, lena n-áirítear aireachtálacha maidir le sláinte, feidhm fhisiciúil agus intinne, srianta agus míchumas,

galracht fáthmheas-sonrach,

cosaint ar phaindéim agus ar ghalair in-tarchurtha a d'fhéadfadh a bheith ann,

tionóiscí agus díobhálacha, lena n-áirítear tionóiscí agus díobhálacha a bhaineann le sábháilteacht an tomhaltóra, agus, aon uair is féidir, le dochar a bhaineann le halcól agus le drugaí,

stíl bheatha, amhail gníomhaíocht fhisiciúil, aiste bia, tobac a chaitheamh, alcól a ól agus drugaí a úsáid, agus fachtóirí timpeallachta, sóisialta agus ceirde,

rochtain ar áiseanna do chúram sláinte coisctheach agus leighis, mar aon le seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh agus úsáid a bhaint astu (suirbhé daonra),

cúlra déimeagrafach na ndaoine aonair agus faisnéis shocheacnamaíoch maidir leis na daoine aonair.

Ní gá go gcumhdófaí na hábhair uile gach tráth a soláthrófaí sonraí. Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Beidh cur chun feidhme na Suirbhéanna Scrúduithe Sláinte roghnach i gcomhthéacs an Rialacháin seo. Ní rachaidh meánfhad an agallaimh in aghaidh an teaghlaigh thar uair an chloig i gcás an EHIS nó thar 20 nóiméad i gcás na modúl suirbhé eile.

(e)

Meiteashonraí

Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann le saintréithe na bhfoinsí agus na dtiomsúchán eile a úsáidtear, an daonra a chumhdaítear agus faisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach chun staidreamh agus táscairí inchomparáide a léiriú agus a thiomsú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).


IARSCRÍBHINN II

FEARANN: CÚRAM SLÁINTE

(a)

Aidhmeanna

Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le cúram sláinte.

(b)

Raon feidhme

Cumhdaítear leis an bhfearann seo iomlán na ngníomhaíochtaí a chuireann institiúidí nó daoine aonair atá ag iarraidh cuspóir na sláinte a bhaint amach i gcrích, trí eolas míochaine, paraimhíochaine agus altrachta agus teicneolaíocht mhíochaine, pharaimhíochaine agus altrachta a chur i bhfeidhm, mar aon le gníomhaíochtaí riaracháin agus bainistíochta bainteacha.

Is ó fhoinsí riaracháin go príomha a thiomsófar na sonraí.

(c)

Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

Cuirfear an staidreamh ar fáil go bliantúil; na bearta a bhaineann leis an gcéad bhliain tagartha, leis an eatramh agus leis an teorainn ama do sholáthar na sonraí, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

(d)

Ábhair a chumhdófar

Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchoiteann, comhchuibhithe sonraí a chuirfear ar fáil:

áiseanna cúraim sláinte,

acmhainní daonna cúraim sláinte,

úsáid chúraim sláinte, seirbhísí aonair agus seirbhísí tiomsaitheacha,

caiteachas agus maoiniú cúraim sláinte.

Ní gá go gcumhdófaí na hábhair uile gach tráth a soláthrófaí sonraí. Bunófar an tacar sonraí i gcomhréir leis na haicmithe idirnáisiúnta iomchuí, agus na himthosca agus na cleachtais sna Ballstáit á gcur san áireamh.

Breithneofar sna bailiúcháin sonraí soghluaiseacht othar, eadhon an úsáid a bhaineann siad as áiseanna sláinte i dtír seachas a dtír chónaithe, agus soghluaisteacht gairmithe sláinte, amhail na gairmithe sláinte sin a chleachtann a ngairm lasmuigh den tír inar bhain siad an chéad chead amach. Breithneoidh an Coimisiún cáilíocht an chúraim sláinte chomh maith.

Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

(e)

Meiteashonraí

Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann le saintréithe na bhfoinsí agus na dtiomsúchán eile a úsáidtear, leis an daonra a chumhdaítear agus leis an bhfaisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach chun staidreamh agus táscairí inchomparáide a léiriú agus a thiomsú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).


IARSCRÍBHINN III

FEARANN: CÚISEANNA BÁIS

(a)

Aidhmeanna

Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le cúiseanna báis.

(b)

Raon feidhme

Cumhdaítear leis an bhfearann seo an staidreamh maidir le cúiseanna báis mar a dhíorthaítear iad ó dheimhnithe míochaine báis náisiúnta agus moltaí EDS á gcur san áireamh. Tagraíonn an staidreamh atá le tiomsú don bhunchúis a shainmhíníonn an EDS mar ‘an galar nó an díobháil a thionscnaigh an tsraith teagmhas galrach a raibh an bás mar thoradh díreach orthu, nó imthosca na tionóisce nó an fhoréigin inar tharla an díobháil mharfach’. Tiomsófar an staidreamh do na básanna agus do na marbhghinte uile a tharlaíonn i ngach Ballstát, agus déanfar idirdhealú ann idir cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí. Aon uair is féidir, déanfar sonraí maidir le cúiseanna báis cónaitheoirí a éagann ar an gcoigríoch a áireamh i staidreamh a dtíre cónaithe.

(c)

Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

Cuirfear an staidreamh ar fáil go bliantúil. Na bearta a bhaineann leis an gcéad bhliain tagartha, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Tíolacfar na sonraí tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis dheireadh na bliana tagartha. Féadfar sonraí sealadacha nó meastacháin sonraí a sholáthar níos luaithe ná sin. I gcás teagmhas a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, féadfar bailiúcháin sonraí speisialta breise a bhunú, le haghaidh na mbásanna uile nó do chúiseanna sonracha báis.

(d)

Ábhair a chumhdófar

Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchoiteann, comhchuibhithe sonraí a chuirfear ar fáil:

saintréithe an éagaigh,

réigiún,

saintréithe an bháis, lena n-áirítear an bhunchúis bháis.

Déanfar tacar sonraí na gcúiseanna báis a bhunú faoi chuimsiú Aicmiú Idirnáisiúnta Galar EDS agus leanfaidh sé rialacha Eurostat agus moltaí na Náisiún Aontaithe agus EDS i leith staidrimh daonra. Déanfar na sonraí maidir le saintréithe marbhghinte a sholáthar ar bhonn saorálach. Agus sonraí á soláthar maidir le básanna naíonán nuabheirthe (naíonáin a bhásaigh sula raibh siad 28 lá d'aois), tabharfar aitheantas do dhifríochtaí náisiúnta cleachtais maidir le taifead a dhéanamh ar ilchúiseanna báis.

Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

(e)

Meiteashonraí

Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann leis an daonra a chumhdaítear agus faisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach do léiriú agus do thiomsú staidrimh inchomparáide agus táscairí inchomparáide, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).


IARSCRÍBHINN IV

FEARANN: TIONÓISCÍ AG AN OBAIR

(a)

Aidhmeanna

Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le tionóiscí ag an obair.

(b)

Raon feidhme

Is é an sainmhíniú a dhéantar ar thionóisc ag an obair ‘teagmhas scoite a tharlaíonn le linn oibre agus as a dtagann díobháil choirp nó intinne’. Baileofar na sonraí, i leith an lucht oibre ar fad, i gcás tionóiscí marfacha ag an obair agus tionóiscí a mbítear as láthair ón obair ar feadh níos mó ná trí lá dá mbarr, agus bainfear úsáid as acmhainní riaracháin, arna gcomhlánú le foinsí ábhartha breise, aon uair is gá agus aon uair is féidir, i gcás grúpaí sonracha oibrithe nó cúinsí sonracha náisiúnta. Féadfar fo-thacar teoranta de shonraí bunúsacha a bhailiú maidir le tionóiscí a mbítear as láthair ón obair ar feadh níos lú ná ceithre lá dá mbarr, nuair a bheidh siad ar fáil agus ar bhonn roghnach, faoi chuimsiú an chomhoibrithe leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair.

(c)

Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

Cuirfear an staidreamh ar fáil go bliantúil. Na bearta a bhaineann leis an gcéad bhliain tagartha, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Tíolacfar na sonraí tráth nach déanaí ná 18 mí tar éis dheireadh na bliana tagartha.

(d)

Ábhair a chumhdófar

Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchuibhithe, comhchoiteann micreashonraí a chuirfear ar fáil:

saintréithe an duine dhíobháilte,

saintréithe na díobhála, lena n-áirítear a thromchúisí atá sé (laethanta a mbítear as láthair),

saintréithe an fhiontair, lena n-áirítear an ghníomhaíocht eacnamaíoch,

saintréithe an ionaid oibre,

saintréithe na tionóisce, lena n-áirítear an tsraith teagmhas a bhain le cúiseanna agus imthosca na tionóisce.

Bunófar tacar sonraí maidir le tionóiscí ag an obair faoi chuimsiú na sonraíochtaí a leagtar síos le modheolaíocht an Staidrimh Eorpaigh i leith Tionóiscí ag an Obair (SETO), agus cuirfear imthosca agus cleachtais sna Ballstáit san áireamh.

Is ar bhonn saorálach a sholáthrófar sonraí maidir le náisiúntacht an duine dhíobháilte, méid an fhiontair agus am na tionóisce. Soláthrófar trí athróg ar a laghad maidir le hábhair Chéim III den mhodheolaíocht SETO, eadhon an t-ionad oibre agus an seicheamh teagmhas a bhain le cúiseanna agus imthosca na tionóisce. Ba cheart do na Ballstáit tuilleadh sonraí a sholáthar freisin a bheadh de réir shonraíochtaí Chéim III SETO, ar bhonn saorálach.

Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

(e)

Meiteashonraí

Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann leis an daonra a chumhdaítear, rátaí dearbhaithe tionóiscí ag an obair agus, i gcás inarb ábhartha, saintréithe na samplála, mar aon le faisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach do léiriú agus do thiomsú staidrimh inchomparáide agus táscairí inchomparáide, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).


IARSCRÍBHINN V

FEARANN: GALAIR CHEIRDE AGUS FADHBANNA SLÁINTE AGUS TINNIS EILE A BHAINEANN LEIS AN OBAIR

(a)

Aidhmeanna

Is é aidhm an fhearainn seo staidreamh a sholáthar maidir le cásanna aitheanta de ghalair cheirde agus d'fhadhbanna sláinte agus tinnis eile a bhaineann leis an obair.

(b)

Raon feidhme

Is é an sainmhíniú atá ar chás de ghalar ceirde, cás atá aitheanta ag na húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu galair cheirde a aithint. Baileofar na sonraí do ghalair cheirde a tharlaíonn agus do bhásanna de bharr galair cheirde.

Is fadhbanna iad fadhbanna sláinte agus tinnis a bhaineann leis an obair ar féidir le coinníollacha oibre a bheith ina gcúis leo, ar féidir leo cur leo nó ar féidir leo a bheith ina gcúis leo go páirteach. Áirítear orthu sin fadhbanna sláinte coirp agus fadhbanna síceasóisialta. Ní gá go mbeadh cás d'fhadhb sláinte a bhaineann leis an obair agus cás tinnis a bhaineann leis an obair aitheanta ag údarás agus baileofar na sonraí a bhaineann leis ó shuirbhéanna daonra atá ann cheana, amhail an Suirbhé Eorpach um Agallaimh Shláinte (EHIS) nó suirbhéanna sóisialta eile.

(c)

Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

Soláthrófar sonraí maidir le galair cheirde go bliantúil agus tabharfar isteach iad tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dheireadh na bliana tagartha. Na bearta a bhaineann leis na tréimhsí tagartha, leis na heatraimh agus leis an teorainn ama do sholáthar na mbailiúchán sonraí eile, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

(d)

Ábhair a chumhdófar

Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchuibhithe, comhchoiteann sonraí a chuirfear ar fáil do ghalair cheirde:

saintréithe an duine ghalraithe, lena n-áirítear a inscne agus a aois,

saintréithe an ghalair, lena n-áirítear a thromchúisí atá sé,

saintréithe an fhiontair agus an ionaid oibre, lena n-áirítear an ghníomhaíocht eacnamaíoch,

saintréithe an ghníomhaí nó an fhachtóra ba chúis leis.

Bunófar tacar sonraí na ngalar ceirde faoi chuimsiú na sonraíochtaí a leagtar síos le modheolaíocht an Staidrimh Eorpaigh um Ghalair Cheirde (SEGC), agus cuirfear imthosca agus cleachtais sna Ballstáit san áireamh.

Cumhdófar an liosta ábhar seo a leanas sa tacar comhchuibhithe, comhchoiteann sonraí a chuirfear ar fáil d'fhadhbanna sláinte a bhaineann leis an obair:

saintréithe an duine a bhfuil an fhadhb sláinte aige, lena n-áirítear inscne, aois agus stádas fostaíochta,

saintréithe na faidhbe a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear a thromchúisí atá sí,

saintréithe an fhiontair agus an ionaid oibre, lena n-áirítear méid agus an ghníomhaíocht eacnamaíoch,

saintréithe an ghníomhaí nó an fhachtóra ba chúis leis an bhfadhb sláinte nó a chuir léi.

Ní gá go gcumhdófaí na hábhair uile gach tráth a soláthrófaí sonraí.

Na bearta a bhaineann leis na saintréithe, eadhon athróga, sainmhínithe agus aicmithe na n-ábhar a liostaítear thuas, agus le miondealú na saintréithe, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

(e)

Meiteashonraí

Na bearta a bhaineann le soláthar meiteashonraí, lena n-áirítear meiteashonraí a bhaineann leis an daonra a chumhdaítear agus faisnéis maidir le haon sainiúlacht náisiúnta atá fíor-riachtanach do léiriú agus do thiomsú staidrimh inchomparáide agus táscairí inchomparáide, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 7 Feabhra 2007, ghlac an Coimisiún a thogra (1) le haghaidh rialacháin nua maidir le staidreamh Comhphobail ar shláinte phoiblí agus ar shláinte agus ar shábháilteacht ag an obair, bunaithe ar Airteagal 285(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

2.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a tuairim (2) ar an gcéad léamh an 13 Samhain 2007.

3.

Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí uaidh a thuairim an 5 i Meán Fómhair 2007 (3) agus thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa uaidh a thuairim an 25 Deireadh Fómhair 2007 (4).

4.

Ghlac an Chomhairle a comhsheasamh an 2 Deireadh Fómhair 2008 de bhun Airteagal 251 den Chonradh.

II.   CUSPÓIR

1.

Is é cuspóir an Rialacháin creat a bhunú chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach in dhá réimse:

(i)

sláinte phoiblí; agus

(ii)

sláinte agus sábháilteacht ag an obair.

2.

Ba cheart gurbh i bhfoirm tacair de shonraí comhchoiteanna, comhchuibhithe a bheadh an staidreamh agus is é an Córas Staidrimh Eorpach a thairgfeadh é (i.e. Eurostat i dteannta na n-institiúidí staidrimh náisiúnta agus na n-údarás náisiúnta eile go léir a bhfuil freagracht orthu as staidreamh oifigiúil a sholáthar sna réimsí sin).

3.

Leis an dréacht-Rialachán, dírítear go heisiach ar na gníomhaíochtaí staidrimh a forbraíodh faoi Airteagal 285 den Chonradh. Ní bhaineann sé le forbairtí beartais le haghaidh an dá réimse thuasluaite, a thagann faoi Airteagal 152 agus faoi Airteagal 137 den Chonradh.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

(a)   Go ginearálta

1.

Ina vótáil iomlánach an 13 Samhain 2007, ghlac Parlaimint na hEorpa dhá leasú dhéag ar an gcéad léamh. Sa chomhsheasamh ón gComhairle, ionchorpraítear deich gcinn de na leasuithe sin ina n-iomláine agus ceann amháin díobh go páirteach. Áirítear ann go háirithe na leasuithe ar an mbuntogra ón gCoimisiún a bhfuil sé d'aidhm acu inscne agus aois a chur san áireamh sna hathróga um miondealú le go bhfaighfí faisnéis faoi aon difríochtaí inscne agus aoise maidir leis an tsláinte phoiblí agus maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair.

2.

Níor fágadh ar lár ach an t-aon leasú amháin (Leasú 8) lenar cuimsíodh rianú aon ghalair a bhfuil a mhinicíocht ag méadú nó ag laghdú i liosta na n-ábhar a chumhdaítear, agus é sin de bharr gur mheas an Chomhairle, mar a mheas an Coimisiún, gur gné thábhachtach ann féin é, den anailís agus den leathadh sonraí galrachta, aon athrú i minicíocht galair, agus nach féidir ábhar ar leith a dhéanamh de.

3.

Tá roinnt leasuithe substainteacha eile ann chomh maith leis na cinn a luadh sa tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. Rinneadh athruithe dréachtaithe freisin ar mhaithe le beachtas nó d'fhonn an chomhsheasmhacht a áirithiú sa Rialachán seo tríd síos.

4.

Ghlac an Coimisiún leis an gcomhsheasamh a chomhaontaigh an Chomhairle.

(b)   Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa

1.

Rinne an Chomhairle an t-aon leasú dhéag seo a leanas a ionchorprú sa chomhsheasamh:

Na hAithrisí

Cuireadh isteach Leasú 1 (ina iomláine) agus Leasú 2 (an chuid dheireanach de) a bhaineann le hinscne agus le haois a chur san áireamh sna hathróga um miondealú sa dá réimse a chumhdaítear leis an Rialachán (sláinte phoiblí agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair) d'fhonn faisnéis a fháil faoi dhifríochtaí inscne agus faoi dhifríochtaí aoise sa dá réimse sin.

Glacadh le Leasú 3 (ina iomláine) d'fhonn cuidiú le Ballstáit a gcumas a mhéadú i dtaca le huirlisí nua a thabhairt isteach chun sonraí staidrimh a bhailiú agus úsáid á baint as acmhainní breise forlíontacha airgeadais arna soláthar le cláir an Chomhphobail sa dá réimse a chumhdaítear leis an Rialachán.

Na hAirteagail

Ionchorpraíodh Leasú 4 (ina iomláine) sa chomhsheasamh chun go leagfaí síos na coinníollacha agus na caighdeáin lena rialófaí táirgeadh staidrimh an Chomhphobail.

Áiríodh Leasú 5 (ina iomláine) agus Leasú 6 (ina iomláine) chun béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le bailiú sonraí d'fhonn tacaíocht a thabhairt do straitéisí náisiúnta chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí sláinte poiblí sna Ballstáit a ráthú.

Cuireadh san áireamh Leasú 7 (go substaintiúil — a léifear in éineacht le hAirteagal 9(1)) — maidir le comhordú gníomhaíochtaí staidrimh an Chomhphobail agus gníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, d'fhonn an t-ualach a leagfar ar na Ballstáit a theorannú. Ghlac an Chomhairle cur chuige níos ginearálta gan na heagraíochtaí idirnáisiúnta ná na heagraíochtaí Eorpacha a ghníomhaíonn sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán a liostú. Déantar tagairt in Airteagal 9 d'fhoinsí na sonraí Comhphobail atá ann cheana.

Na hIarscríbhinní

Cuireadh isteach Leasú 11 (ina iomláine) agus Leasú 12 (ina iomláine) le go n-áireofaí cosaint ar phaindéimeanna a d'fhéadfadh a bheith ann agus ar ghalair in-tarchurtha agus ar dhochar a bhaineann le halcól agus le drugaí i measc na n-ábhar a chumhdaítear faoin bhfearann ‘Stádas sláinte agus deitéarmanaint sláinte’.

Cuireadh san áireamh Leasú 9 (ina iomláine) a bhaineann le raon feidhme an fhearainn ‘Galair cheirde agus fadhbanna eile sláinte agus tinnis a bhaineann leis an obair’ (Iarscríbhinn V) d'fhonn tinnis agus fadhbanna a chuimsiú, bídís fisiciúil, meabhrach nó sóisialta, arb í an timpeallacht oibre is cúis leo, a chuireann leo nó ar cuid í den chúis atá leo.

Glacadh le Leasú 10 (ina iomláine) le go gcuirfí inscne, aois agus stádas fostaíochta an duine agus méid agus gníomhaíocht eacnamaíoch an ghnóthais san áireamh i measc na n-ábhar a chumhdaítear le hIarscríbhinn V.

(c)   Athruithe eile a rinne an Chomhairle

Na príomhathruithe eile a tugadh isteach leis an gcomhsheasamh, is leis an méid seo a leanas a bhaineann siad:

aithris nua 16 a bhaineann le lánurraim a thabhairt don inniúlacht náisiúnta i leith na sláinte poiblí agus i leith na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair;

Airteagal 5, a roinneadh ina dhá Airteagal (5 agus 6) chun sainiú níos fearr a dhéanamh ar na céimeanna difriúla i bhforbairt na modheolaíochta, na treoirstaidéar agus na n-anailísí costais agus tairbhe;

tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1588/90, a cuireadh isteach in Airteagal 3 le go méadófaí an chosaint a dhéantar ar shonraí rúnda a tharchuirtear idir na húdaráis náisiúnta agus údarás an Chomhphobail;

tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, a cuireadh isteach in Airteagal 7 d'fhonn oibleagáidí an Choimisiúin (Eurostat) i leith an duine a leagan amach go soiléir agus chun faisnéis phearsanta staidrimh a chosaint;

Airteagal 8, ina n-áirítear anois measúnú cáilíochta ar na sonraí a bheidh le tarchur;

cuireadh isteach sna hiarscríbhinní sonraí níos beaichte a bhaineann le heatraimh agus le teorainneacha ama do sholáthar sonraí agus leis na hábhair a chumhdaítear.

IV.   CONCLÚID

1.

Measann an Chomhairle gur freagra cothrom réadúil é a comhsheasamh ar roinnt ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas maidir leis an togra ón gCoimisiún, agus go gcuirtear tuairim Pharlaimint na hEorpa san áireamh ann ar bhealach suntasach.

2.

Tá an Chomhairle ag súil go ndeimhneofar, a luaithe is féidir, go n-aontaíonn Parlaimint na hEorpa leis an gcomhsheasamh seo, le go bhféadfar an Rialachán a ghlacadh gan mhoill.


(1)  IO C 138, 22.6.2007, lch. 9.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO C 295, 7.12.2007, lch. 1.

(4)  IO C 44, 16.2.2008, lch. 103.


4.11.2008   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/s3


NÓTA DON LÉITHEOIR

Tá na hInstitiúidí tar éis a chinneadh gan an leasú deireanach ar na gníomhartha sin a luaitear ina dtéacsanna a lua a thuilleadh.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, na gníomhartha dá dtagraítear sna téacsanna a fhoilsítear leis seo, is do na gníomhartha atá i bhfeidhm faoi láthair a thagraíonn siad.