|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/90601 |
20.7.2026 |
Ceartúchán ar Chinneadh Cur Chun Feidhme(AE) 2026/1425 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2026 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí faoi ábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2683 ón gCoimisiún
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2026/1425, 3 Iúil 2026 )
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme(AE) 2026/1425 ón gCoimisiún:
IARSCRÍBHINN I
Na foirmlí chun cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a ríomh
Déanfar cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 2 a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
1. |
RC = R/W x 100 % I gcás: ina gciallaíonn RC cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 2 ina gciallaíonn R meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 4 ina gciallaíonn W meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 3 |
Ós rud é gurb éard atá i mbuidéal TPE a chorp, a chaipín, a chlár, a lipéad agus a chlúdach, más ann do lipéad nó do chlúdach, déanfar meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
2. |
R= R_b + R_c + R_l I gcás: ina gciallaíonn R_b meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i gcoirp na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh ina gciallaíonn R_c meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i gcaipíní/cláir na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh ina gciallaíonn R_l meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i lipéid/clúdaigh na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh. |
Ós rud é gurb éard atá i mbuidéal TPE a chorp, a chaipín, a chlár, a lipéad agus a chlúdach, más ann do lipéad nó do chlúdach, déanfar meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
3. |
W= W_b + W_c + W_l I gcás: ina gciallaíonn W_b meáchan an phlaistigh a úsáidtear i gcoirp na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh ina gciallaíonn W_c meáchan an phlaistigh a úsáidtear i gcaipíní/cláir na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh ina gciallaíonn W_l meáchan an phlaistigh a úsáidtear i lipéid/clúdaigh na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh. |
Má dhéanann Ballstát meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) a choigeartú chun onnmhairí nó aistrithe buidéal TPE go Ballstáit eile a chur san áireamh, úsáidfear na foirmlí seo a leanas:
|
4. |
R = R_MS – R_out_to_other_MS – R_exported I gcás: ina gciallaíonn R_MS meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (lena n-áirítear buidéil TPE a allmhairítear nó a aistrítear isteach ó Bhallstáit eile agus buidéil TPE a onnmhairítear nó a aistrítear amach chuig Ballstáit eile, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát) ina gciallaíonn R_out_to_other_MS meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear amach chuig Ballstáit eile, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát ina gciallaíonn R_ exported meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a onnmhairíodh, i.e. a aistríodh amach as an Aontas chuig tríú tíortha, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát. |
|
5. |
R_MS = R_man_in_MS + R_in_from_other_MS + R_imported I gcás: ina gciallaíonn R_man_in_MS meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a mhonaraítear agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát ina gciallaíonn R_in_from_other_MS meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear isteach ó Bhallstáit eile agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát ina gciallaíonn R_ imported meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a allmhairíodh, i.e. a aistríodh isteach san Aontas ó thríú tíortha, agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát |
|
6. |
W= W_MS – W_out_to_other_MS – W_exported I gcás: ina gciallaíonn W_MS meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (lena n-áirítear buidéil TPE a allmhairítear nó a aistrítear isteach ó Bhallstáit eile agus buidéil TPE a onnmhairítear nó a aistrítear amach chuig Ballstáit eile tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát) ina gciallaíonn W_out_to_other_MS meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear amach chuig Ballstáit eile, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát ina gciallaíonn W_ exported meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a onnmhairíodh, i.e. a aistríodh amach as an Aontas chuig tríú tíortha, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát |
|
7. |
W_MS = W_man_in_MS + W_in_from_other_MS + W_imported I gcás: ina gciallaíonn W_man_in_MS meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a mhonaraítear agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát ina gciallaíonn W_in_from_other_MS meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear isteach ó Bhallstáit eile agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát ina gciallaíonn W_ imported meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a allmhairíodh, i.e. a aistríodh isteach san Aontas ó thríú tíortha, agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát |
Ós rud é gurb éard atá i mbuidéal TPE a chorp, a chaipín, a chlár, a lipéad agus a chlúdach, más ann do lipéad nó do chlúdach, déanfar na téarmaí sa suimiúchán i bhfoirmlí 4 go 7 a ríomh trí na foirmlí seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
8. |
R_x = R_x_b + R_x_c + R_x_l I gcás: ina bhfuil ‘MS’, nó ‘man in MS’, nó ‘in from other MS’, nó ‘imported’, nó ‘out to other MS’, nó ‘exported’ le cur in ionad x ina gciallaíonn R_x aon cheann de na téarmaí sa suimiúchán ar an taobh deas den chothromóid i bhfoirmlí 4 agus 5 ina gciallaíonn R_x_b meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i gcorp R_x ina gciallaíonn R_x_c meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i gcaipín/clár R_x ina gciallaíonn R_x_l meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i lipéad/clúdach R_x |
|
9. |
W_x = W_x_b + W_x_c + W_x_l I gcás: ina bhfuil ‘MS’, nó ‘man in MS’, nó ‘in from other MS’, nó ‘imported’, nó ‘out to other MS’, nó ‘exported’ le cur in ionad x ina gciallaíonn W_x aon cheann de na téarmaí sa suimiúchán ar an taobh deas den chothromóid i bhfoirmlí 6 agus 7 ina gciallaíonn W_x_b meáchan an phlaistigh a úsáidtear i gcorp W_x ina gciallaíonn W_x_c meáchan an phlaistigh a úsáidtear i gcaipín/clár W_x ina gciallaíonn W_x_l meáchan an phlaistigh a úsáidtear i lipéad/clúdach W_x |
IARSCRÍBHINN II
AN FHORMÁID INA dTUAIRISCEOFAR NA SONRAÍ
1. An fhormáid ina dtuairisceofar na sonraí arna ríomh trí bhíthin na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 3
Tábla 1
Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 (ina thonaí)
|
|
Buidéil TPE |
||||||||||||||
|
TÍR: |
|
||||||||||||||
|
BLIAIN TAGARTHA: |
|
||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (1) |
[sainordaitheach mura dtuairiscítear gach ceann de (2) W_man in MS, (3) W_in from other MS agus (4) W_imported ] |
||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a mhonaraítear agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (2) |
[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) W_MS ] |
||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear ó Bhallstáit eile agus a chuirtear ar an margadh (3) |
[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) W_MS ] |
||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a allmhairíodh agus a chuirtear ar an margadh (4) |
[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) W_MS ] |
||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear chuig Ballstáit eile tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát (5) |
|
||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a onnmhairíodh tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát (6) |
|
||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh arna choigeartú (7) |
|
||||||||||||||
|
Nótaí: Boscaí faoi scáthdhathú dorcha: Ar bhonn deonach a dhéantar an tuairisciú
|
|||||||||||||||
2. An fhormáid ina dtuairisceofar na sonraí arna ríomh trí bhíthin na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 4
Tábla 2
Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil PET a chuirtear ar an margadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4 (ina thonaí) agus cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte (ina chéatadán)
|
|
Buidéil TPE |
||||||||||||||||
|
TÍR: |
|
||||||||||||||||
|
BLIAIN TAGARTHA: |
|
||||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (1) |
[sainordaitheach mura dtuairiscítear gach ceann de (2) R_man in MS, (3) R_in from other MS agus (4) R_imported ] |
||||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a mhonaraítear agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (2) |
[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) R_MS ] |
||||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear ó Bhallstáit eile agus a chuirtear ar an margadh (3) |
[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) R_MS ] |
||||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a allmhairíodh agus a chuirtear ar an margadh (4) |
[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) R_MS ] |
||||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear chuig Ballstáit eile tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát (5) |
|
||||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a onnmhairíodh tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát (6) |
|
||||||||||||||||
|
Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh arna choigeartú (7) |
|
||||||||||||||||
|
Cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE, arna shloinneadh mar chéatadán (8) |
|
||||||||||||||||
|
Nótaí: Boscaí faoi scáthdhathú dorcha: Ar bhonn deonach a dhéantar an tuairisciú
|
|||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN III
AN FHORMÁID INA mBEIDH AN TUARASCÁIL MAIDIR LE SEICEÁIL CÁILÍOCHTA
1. FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
2. TUAIRISC AR NA HINSTITIÚIDÍ A BHFUIL BAINT ACU LEIS AN MBAILIÚ SONRAÍ
|
Ainm na hinstitiúide |
Tuairisc ar an ról agus ar na príomhfhreagrachtaí |
|
|
|
|
|
|
(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)
3. TUAIRISC AR NA MODHANNA A ÚSÁIDTEAR
3.1. Tuairisc ar raon feidhme ríomh an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE mar a thrasuitear é sa dlí náisiúnta
Tuairisc ar an leibhéal ar a ríomhtar baint amach na sprice a leagtar síos in Airteagal 6(5), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/904. Mar shampla, d’fhéadfadh ceanglais shainordaitheacha a bheith mar sprioc le haghaidh gach buidéil TPE aonair a chuirtear ar an margadh, nó mar mheán le haghaidh na mbuidéal TPE a chuireann gach oibreoir eacnamaíoch ar an margadh, nó mar mheán le haghaidh na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát.
|
|
(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)
3.2. Na modheolaíochtaí agus foinsí chun sonraí a bhailiú agus a thiomsú
Tuairisc ar na modheolaíochtaí agus na foinsí a cuireadh i bhfeidhm chun na sonraí a bhailiú agus a thiomsú i gcás na n-uirlisí uile a úsáidtear chun sonraí a bhailiú.
|
|
(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)
3.3. Toimhdí breise
Tuairisc ar aon toimhde bhreise nó ar aon toisc choigeartaithe bhreise a úsáideadh chun iad a ríomh, an cur chuige a úsáideadh chun iad a mheas agus aon fhianaise thacaíochta.
|
|
(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)
4. CÓRAS FÍORÚCHÁIN AGUS RIALAITHE SONRAÍ
4.1. Sonraí faoi mheáchan an phlaistigh agus an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a fhíorú
|
Nósanna imeachta um fhíorú agus rialú |
Arna gcur i bhfeidhm maidir le sonraí faoi mheáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh (cuireadh/níor cuireadh) |
Arna gcur i bhfeidhm maidir le sonraí faoi mheáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh (cuireadh/níor cuireadh) |
Barúlacha breise, más ábhartha |
|
Seiceálacha ar iomláine na sonraí |
|
|
|
|
Cros-seiceálacha |
|
|
|
|
Seiceálacha i dtaca le hamshraith |
|
|
|
|
Seiceálacha iniúchóireachta |
|
|
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
|
4.2. Tuairisc ar na príomhthosca a dhéanann difear do chruinneas na sonraí a thuairiscítear faoi bhuidéil TPE a chuirtear ar an margadh agus faoin bplaisteach athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh
|
Tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iontaofacht na sonraí |
Buidéil TPE a chuirtear ar an margadh (d’fhéadfadh/ní fhéadfadh) |
Plaisteach athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh (d’fhéadfadh/ní fhéadfadh) |
Tuairisc ar an gcaoi a ndéantar difear do chruinneas na sonraí |
Tuairisc ar na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun tionchar sonraí míchruinne a íoslaghdú |
|
Earráidí sa tsampláil (1) (e.g. comhéifeachtaí éagsúlachta) |
|
|
|
|
|
Earráidí sa chumhdach (2) (e.g. rialacha de minimis, an cumhdach réigiúnach) |
|
|
|
|
|
Earráidí tomhais (3) (e.g. aonad tomhais) |
|
|
|
|
|
Ionstraimí tástála an bhailithe sonraí (4) (e.g. tástáil na gceistneoirí) |
|
|
|
|
|
Earráidí sa phróiseáil (5) (e.g. sainaithint earráidí, ceartú earráidí) |
|
|
|
|
|
Earráidí ó neamhfhreagairt (6) |
|
|
|
|
|
Earráidí toimhdean na samhla (7) |
|
|
|
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
|
|
4.3. Míniú ar raon feidhme agus bailíocht na suirbhéanna chun sonraí a bhailiú maidir le buidéil TPE a chuirtear ar an margadh agus maidir le plaisteach athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh
|
|
(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)
4.4. Difríochtaí sna sonraí a tuairiscíodh le haghaidh na mblianta tagartha roimhe sin
Athruithe móra modheolaíochta i dtaca leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na bliana reatha i ndáil leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh blianta tagartha roimhe sin, más ann dóibh (go háirithe athbhreithnithe cúlghabhálacha, cineál na n-athbhreithnithe sin agus tásc lena léirítear an gá neamhleanúnachas sa tsraith a lua le haghaidh bliain áirithe)
|
|
(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)
4.5. Míniú ar an difríocht sa tonnáiste
Déanfar an roinn seo a líonadh isteach má léiríonn na sonraí tuairiscithe éagsúlacht is mó ná 10 % i dtaca leis na sonraí a cuireadh isteach le haghaidh na bliana tagartha roimhe sin.
Na cúiseanna leis an difríocht nó an bhunchúis leis na difríochtaí i meáchan buidéal TPE a chuirtear ar an margadh nó i meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh.
|
Éagsúlachtaí i meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh |
Éagsúlacht (%) |
An phríomhchúis leis an éagsúlacht |
|
|
|
|
(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)
|
Éagsúlachtaí i meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh |
Éagsúlacht (%) |
An phríomhchúis leis an éagsúlacht |
|
|
|
|
(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)
5. RÚNDACHT
Cúiseanna leis an iarraidh gan na sonraí tuairiscithe nó faisnéis áirithe a sholáthraítear sa tuarascáil sin a fhoilsiú, mar aon le liosta na gcodanna sonracha a iarradh gan iad a fhoilsiú.
|
|
(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)
IARSCRÍBHINN IV
FOIRM SHAMPLACH LE hAGHAIDH DEIMHNITHE
Deimhniú gur comhlíonadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1425 ón gCoimisiún
An t-oibreoir eacnamaíoch atá cláraithe faoin uimhir inmheánach XXX, comhlíonann sé na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 8 (5) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1425 ón gCoimisiún, lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí faoi ábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2683 ón gCoimisiún, ag na láithreáin a liostaítear i gclárlann an fhíoraitheora seo.
Níor aimsíodh aon fhianaise nár comhlíonadh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/[cuir isteach uimhir an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo] ón gCoimisiún idir xx/xx/20xx agus xx/xx/20xx
Tréimhse bhailíochta: [xx/xx/20xx – xx/xx/20xx]
Ainm an fhíoraitheora:
Seoladh an fhíoraitheora:
[Síniú an fhíoraitheora]
IARSCRÍBHINN V
Cuid A: Dearbhú maidir le hábhar athchúrsáilte atá le líonadh isteach ag pointe tionscnaimh na dramhaíola
|
|||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
Cuid B: Dearbhú maidir le hábhar athchúrsáilte atá le líonadh ag athchúrsálaithe, tiontairí, oibreoirí gnólachtaí bia agus allmhaireoirí le haghaidh ábhar NACH bhfuil feidhm ag Airteagal 5(2) pointí (a) agus (b) maidir leis
|
||||||
|
|
|||||
|
|
|||||
|
|
|||||
|
|
|||||
|
||||||
|
|
|||||
|
Rinneadh |
Ní dhearnadh |
||||
|
|
|||||
|
|
(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí) |
|||||
|
|
|||||
|
(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí) |
||||||
|
|
|||||
|
|
|||||
|
|
|||||
|
|
|||||
|
||||||
|
||||||
|
Teicneolaíocht athchúrsála: |
An sciar den ábhar mar thoradh ar an teicneolaíocht sin: |
|||||
|
|
|
|||||
|
(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí) |
|
|||||
|
Tagann |
Ní thagann |
||||
|
Má thagann: Ábhar athchúrsáilte reatha/iarbhír mar a dhearbhaítear sa dearbhú comhlíontachta ar leith de bhun Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1616: |
|
|||||
|
Tagann |
Ní thagann |
||||
|
||||||
|
Cuireadh |
Níor cuireadh |
||||
|
||||||
|
Uimhir clárlainne fíorúcháin an oibreora eacnamaíoch/na n-oibreoirí eacnamaíocha ag a bhfuil deimhniú: |
Céannacht an fhíoraitheora: |
Deimhniú bailí go dtí: |
||||
|
|
|
|
||||
|
(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí) |
|
|
||||
|
(1) IO L 243, 20.9.2022, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1616/oj. (2) IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj. |
||||||
Ceangaltáin éigeantacha:
|
— |
Cóip den dearbhú comhlíontachta de bhun Rialachán (AE) 2022/1616 nó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, de réir mar is infheidhme |
Má cuireadh cuntasaíocht mhaischothromaíochta i bhfeidhm, cóipeanna de dheimhniú/deimhnithe an oibreora eacnamaíoch/na n-oibreoirí eacnamaíocha de bhun Airteagal 8(9) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1425 ón gCoimisiún.
Cuid C: Dearbhú maidir le hábhar athchúrsáilte atá le líonadh isteach ag athchúrsálaithe, tiontairí, oibreoirí gnólachtaí bia agus allmhaireoirí le haghaidh ábhar a bhfuil feidhm ag Airteagal 5(2) pointe (a) nó (b) maidir leis (forlíontán a ghabhann leis an dearbhú comhlíontachta ar leith a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1616)
|
||||
|
|
|||
|
|
|||
|
|
|||
|
|
|||
|
||||
|
|
|||
|
Rinneadh |
Ní dhearnadh |
||
|
|
|||
|
(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí) |
||||
|
|
|||
|
(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí) |
||||
|
|
|||
|
|
|||
|
|
|||
(1) IO L 243, 20.9.2022, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1616/oj.
(2) IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1425/corrigendum/2026-07-17/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)