|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/90580 |
13.7.2026 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 191 an 28 Iúil 2023 )
|
1. |
Ar leathanach 126, in aithris 50, an dara habairt |
|
in ionad: |
‘Go heisceachtúil, i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, i gcás nach bhfreagraíonn bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil soláthraí seirbhíse don Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) a ghabhann leis nó don Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR) a ghabhann leis laistigh de na sprioc-amanna nó nár ainmníodh nó nár ceapadh é laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i dTreoir (AE) 2023/1544 ba cheart go bhféadfaí …’, |
|
léitear: |
‘Go heisceachtúil, i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, i gcás nach bhfreagraíonn bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil soláthraí seirbhíse don Deimhniú um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird (EPOC) a ghabhann leis nó don Deimhniú um Ordú Caomhnaithe Eorpach (EPOC-PR) a ghabhann leis laistigh de na sprioc-amanna, ba cheart go bhféadfaí …’. |
|
2. |
Ar leathanach 138, in Airteagal 5(2) |
|
in ionad: |
‘2. Beidh Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird riachtanach agus comhréireach chun críoch na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), agus cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine cúisithe á gcur i gcuntas …’ |
|
léitear: |
‘2. Beidh Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird riachtanach agus comhréireach chun críoch na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), agus cearta an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine cúisithe á gcur i gcuntas …’. |
|
3. |
Ar leathanach 154, Iarscríbhinn I, Cuid B (‘Seolaí’), an tríú ticbhosca |
|
in ionad: |
‘Cuirtear an t-ordú seo ar fáil i gcás éigeandála don seolaí atá sonraithe toisc nár thug an bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse freagra ar an EPOC laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/1543 nó nár ainmníodh nó nár ceapadh é laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i dTreoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) |
|
léitear: |
‘Cuirtear an t-ordú seo ar fáil i gcás éigeandála don seolaí atá sonraithe toisc nár thug an bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse freagra ar an EPOC laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/1543’. |
|
4. |
Ar leathanach 165, Iarscríbhinn II, Cuid B (‘Seolaí’), an tríú ticbhosca |
|
in ionad: |
‘Cuirtear an t-ordú seo ar fáil i gcás éigeandála don seolaí atá sonraithe toisc nár thug an bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse freagra ar an EPOC laistigh de na sprioc-amanna nó nár ainmníodh nó nár ceapadh é laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i dTreoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) |
|
léitear: |
‘Cuirtear an t-ordú seo ar fáil i gcás éigeandála don seolaí atá sonraithe toisc nár thug an bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse freagra ar an EPOC-PR laistigh de na sprioc-amanna’. |
|
5. |
Ar leathanach 169, in Iarscríbhinn II, Cuid F (Sonraí an údaráis eisiúna), an ceathrú ticbhosca, an chéad abairt |
|
in ionad: |
‘Eisíodh an EPOC-PR seo i gcomhair sonraí suibscríobhaí nó i gcomhair sonraí a iarradh chun an t-úsáideoir a aithint, agus chun na críche sin amháin, i gcás éigeandála a bhfuil údar bailí leis gan réamhbhailíochtú, toisc nach bhféadfaí an bailíochtú a fháil in am, nó i gcomhair an dá chineál sonraí sin.’, |
|
léitear: |
‘Eisíodh an EPOC-PR seo i gcás éigeandála a bhfuil údar bailí leis gan réamhbhailíochtú, toisc nach bhféadfaí an bailíochtú a fháil in am.’. |
(2) Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 181).’,
(2) Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 181).’,
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1543/corrigendum/2026-07-13/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)