European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/90217

19.3.2026

Ceartúchán ar Threoir (AE) 2024/1438 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear Treoir 2001/110/CE ón gComhairle maidir le mil, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle maidir le súnna torthaí agus táirgí comhchosúla áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, Treoir 2001/113/CE ón gComhairle maidir le subha torthaí, glóthacha torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castán milsithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir le bainne leasaithe atá díhiodráitithe go páirteach nó go hiomlán atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/1438, 24 Bealtaine 2024 )

Ar leathanach 9, Airteagal 1, pointe 4:

in ionad:

‘(4)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i bpointe 2(b), scriostar fophointe (viii);

(b)

i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

“—

a bheith róthéite, nó

a bheith faighte trí ábhar orgánach nó neamhorgánach coimhthíoch a bhaint ar bhealach ina ndéantar an phailin a bhaint uaithi go suntasach.”’,

léitear:

‘(4)

leasaítear na hIarscríbhinní mar a leanas:

(a)

in Iarscríbhinn I, pointe 2(b), scriostar fophointe (viii) agus cuirtear tagairt do “Iarscríbhinn I, pointe 3, an ceathrú fleasc” in ionad na tagartha d’Iarscríbhinn I, pointe 2(b), fophointe (viii) in Iarscríbhinn II, an tríú mír;

(b)

in Iarscríbhinn I, pointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

“—

a bheith róthéite, nó

a bheith faighte trí ábhar orgánach nó neamhorgánach coimhthíoch a bhaint ar bhealach ina ndéantar an phailin a bhaint uaithi go suntasach.”’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1438/corrigendum/2026-03-19/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)