European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2332

15.10.2026

CINNEADH (CBES) 2026/2332 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Deireadh Fómhair 2026

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 18 agus an 19 Meitheamh 2026, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil sí fós diongbháilte agus tacaíocht daingean á tabhairt aici do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go leanfaidh an tAontas de thacaíocht chuimsitheach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a sholáthar don Úcráin agus dá muintir, i gcomhar le comhpháirtithe agus comhghuaillithe atá ar aon intinn léi. Cháin an Chomhairle Eorpach go láidir an géarú tromchúiseach a rinne an Rúis, lena n-áirítear ionsaithe mórscála diúracán agus drón ar shibhialtaigh san Úcráin. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl freisin go bhfuil an tAontas réidh chun dlús a chur leis an mbrú ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh.

(3)

I bhfianaise an fhogha leanúnaigh atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, measann an Chomhairle gur gá bearta sriantacha breise a ghlacadh.

(4)

Go háirithe, measann an Chomhairle gur cheart triúr agus naoi n-eintiteas a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Deireadh Fómhair 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/145(1)/oj).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145 CBES:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2942.

Dmitry Mikhailovich CHUDOVSKY

Rúisis: Дмитрий Михайлович ЧУДОВСКИЙ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir Movers Group LLC

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 780108433514

Eintiteas comhlachaithe: Movers Group LLC

Is Ard-Stiúrthóir é Dmitry Chudovsky ar an gcuideachta seachadta lasta Movers Group LLC, a oibríonn freisin faoin ainm Movers Logistics LLC.

Is cuideachta seachadta lasta é Movers Group LLC atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise agus a bhfuil baint aige le hearraí atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais a allmhairiú go comhthreomhar isteach i gCónaidhm na Rúise. Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir Movers Group LLC, tá baint ghníomhach ag Dmitry Chudovsky le teacht timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais trí idirbhearta airgeadais a éascú agus seachadadh earraí toirmiscthe de chuid an Aontais chuig Cónaidhm na Rúise trí chomhpháirtíochtaí le tríú tíortha.

Dá bhrí sin, tá Dmitry Chudovsky ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

15.10.2026

2943.

Ivanna Aleksandrovna SAVCHUK

Rúisis: Иванна, Александровна, САВЧУК

Feidhm: Scairshealbhóir de chuid DT Inier LLC

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Uimhir aitheantais chánach (ANI): 771533959565

Suíomh gréasáin: https://inier.ru/

Eintiteas comhlachaithe: DT Inier LLC

Is scairshealbhóir tromlaigh de chuid DT Inier LLC é Ivanna Savchuk. Is bróicéir custaim ceadúnaithe de chuid na Rúise agus oibreoir lóistíochta ar thimthriall iomlán é an comhlacht sin. Fógraíonn DT Inier LLC réitigh “soláthar lándéanta” atá ceaptha chun bearta sriantacha trádála idirnáisiúnta ar ghnólachtaí Rúiseacha, a bhfuil earraí eachtracha sonracha á lorg acu, a sheachaint. Tá DT Inier LLC rannpháirteach go gníomhach i scéim dhíláraithe atá dírithe ar theacht timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais. Trína líonra cuideachtaí caocha idirnáisiúnta, tá baint ag DT Inier LLC le hearraí toirmiscthe de chuid an Aontais a sheachadadh chuig Cónaidhm na Rúise. Cuidíonn DT Inier LLC freisin le téarmaí an idirbhirt a chomhordú agus le híocaíocht a éascú i ndáil leis na hearraí trádáilte.

Dá bhrí sin, tá Ivanna Savchuk ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

15.10.2026

2944.

Svetlana Ivanovna GUMENYUK

Rúisis: Светлана Ивановна ГУМЕНЮК

Feidhm: Stiúrthóir agus Bunaitheoir PV Bridge LLC agus United Stream LLC

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Uimhir aitheantais chánach: 504792251110

Eintitis chomhlachaithe: United Stream LLC; PV Bridge LLC

Is í Svetlana Gumenyuk Stiúrthóir agus Bunaitheoir PV Bridge LLC agus United Stream LLC. Soláthraíonn na cuideachtaí sin líonra cuideachtaí caocha i dtríú tíortha, rud a éascaíonn próiseáil idirbheart agus allmhairiú ceilte earraí ón Aontas isteach i gCónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Svetlana Gumenyuk ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

15.10.2026’;

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1836.

Movers Group LLC

ar a dtugtar freisin Movers Logistics LLC

Rúisis: ООО “МУВЕРС ГРУПП”

ar a dtugtar freisin ООО “Муверс Логистикс”

Seoladh: 199226, Cathair Pheadair, Galerny passage, 5, building a, premises 21-n room. No. 5

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 28.7.2017

Uimhir aitheantais chánach: 7805711641

Príomhuimhir aitheantais stáit: 1177847256608

Uimhir KPP: 780101001

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Ríomhphost: client@movers-group.com

Teileafón: +7 (981) 011-32-73

Suíomh gréasáin: https://www.movers-group.com/

Duine aonair comhlachaithe: Dmitry Chudovsky

Is cuideachta seachadta lasta é Movers Group LLC atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise. Trí iompar earraí atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais chuig Cónaidhm na Rúise agus idirbhearta airgeadais gaolmhara a eagrú, tá baint ag Movers Group LLC le hallmhairiú comhthreomhar earraí atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais isteach i gCónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Movers Group LLC ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

15.10.2026

1837.

DT Inier LLC

Rúisis: ООО “ДТ ИНЬЕР”

Seoladh: Moscó, Altufyevsk highway, 44, Cónaidhm na Rúise; 180005, Pskov region, city Pskov, Zonal Highway, 46, office 11 special exhibition hall, Cónaidhm na Rúise

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 22.10.2002

Uimhreacha clárúcháin:

Príomhuimhir aitheantais stáit: 1027739430465

Uimhir aitheantais chánach: 7713279799

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Ríomhphost: inier@tdi.ru

Teileafón: +7 (495) 278-33-33; +7 (495) 278-77-77; +7 (499) 159-30-30

Suíomh gréasáin: https://inier.ru/

Is bróicéir custaim ceadúnaithe de chuid na Rúise agus oibreoir lóistíochta timthrialla iomláin é DT Inier LLC. Fógraíonn DT Inier LLC réitigh “soláthar lándéanta” atá ceaptha chun bearta sriantacha trádála idirnáisiúnta ar ghnólachtaí Rúiseacha, a bhfuil earraí eachtracha sonracha á lorg acu, a sheachaint. Tá DT Inier LLC rannpháirteach go gníomhach i scéim dhíláraithe atá dírithe ar theacht timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais. Trína líonra cuideachtaí caocha idirnáisiúnta, éascaíonn DT Inier LLC allmhairiú earraí atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais isteach i gCónaidhm na Rúise trí bhealaí iompair indíreacha trí thríú tíortha a eagrú agus a bhainistiú, mar aon le socruithe breise lóistíochta agus doiciméadachta. Is le DT Inier LLC trádstórais san Eoraip, as a n-eascraíonn bealaí iompair. Cuidíonn DT Inier LLC freisin le téarmaí an idirbhirt a chomhordú agus le híocaíocht a éascú i ndáil leis na hearraí trádáilte..

Dá bhrí sin, tá DT Inier LLC ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

15.10.2026

1838.

Begler Tekstil Insaat Elektronik ve Dis Ticaret Ltd. Sti

Tuircis: Begler Tekstil İnşaat Elektronik ve Dış Ticaret Limited Şirketi (Ltd Şti)

Seoladh: Kemalpasa Mah. Aga Yokusu Sok. No: 19, Ic Kapi No: 105, Fatih, 34134 Iostanbúl, an Tuirc

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: An Tuirc

Uimhir chlárúcháin: 341459-5

Uimhir aitheantais chánach: 9909652962

Uimhir KPP: 770287001

Príomháit ghnó: An Tuirc

Suíomh gréasáin: https://beglercompany.com

Is cuideachta trádála agus lóistíochta é Begler Tekstil Insaat Elektronik ve Dis Ticaret Ltd. Sti. a oibríonn trí líonra domhanda. Tá baint ag an gcuideachta sin le trádáil eachtrach agus soláthar táirgí atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais do Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Begler Tekstil Insaat Elektronik ve Dis Ticaret Ltd. Sti. ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

15.10.2026

1839.

United Stream LLC

Rúisis: ООО “Юнайтед Стрим”

Seoladh: Rubtsovaskaya embankment, 3 p. 1, room 7/1/5, 105082 Cathair Mhoscó, Cónaidhm na Rúise; Chapaeva Street 15, Corp 2, lit V, 197046 Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 11.3.2026

Uimhir aitheantais chánach: 9701326060

Uimhir OKPO: 58393990

Príomhuimhir aitheantais stáit: 1267700083529

Uimhir KPP: 770101001

Príomháit ghnó: Cónaidhm na Rúise

Ríomhphost: pay2@unitedstream.ru

Teileafón: 8 800 550-65-93

Suíomh gréasáin: https://unitedstream.ru/

Is cuideachta seirbhísí airgeadais é United Stream LLC atá cláraithe i gCónaidhm na Rúise. Gníomhaíonn an chuideachta sin mar ghníomhaire íocaíochta agus mar idirghabhálaí chun teacht timpeall ar bhearta sriantacha airgeadais an Aontais. Tá United Stream LLC mar chuid de líonra an eintitis liostaithe “PV Bridge LLC”, agus tá an bhainistíocht agus an bunaitheoir céanna ag an dá eintiteas. Trína líonra cuideachtaí caocha i dtríú tíortha, éascaíonn United Stream LLC próiseáil idirbheart agus allmhairiú ceilte earraí atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais ón Aontas isteach go dtí an Rúis.

Dá bhrí sin, tá United Stream LLC ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

15.10.2026

1840.

HURUS TRADE FZE

Seoladh: Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Príomháit ghnó: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Daoine aonair comhlachaithe: Tahir Garayev; Etibar Eyyub; Igor Sechin

Is idirghabhálaí trádála é HURUS TRADE FZE in earnáil na hamhola, a sholáthraíonn amhola de thionscnamh na Rúise don India, go háirithe do Nayara Energy Limited, eintiteas atá liostaithe faoi bhearta sriantacha an Aontais. Tá HURUS TRADE FZE nasctha le líonra a bhfuil baint aige leis na trádálaithe ón Asarbaiseáin Etibar Eyub agus Tahir Garayev, beirt atá liostaithe faoi bhearta sriantacha an Aontais. Oibríonn HURUS TRADE FZE san earnáil fuinnimh, a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, is eintiteas é HURUS TRADE atá páirteach in earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

15.10.2026

1841.

Medse Group LLC

Turkish: Medse Group Saglik Insaat Ithalat Ihracat Ve Ticaret Limited Şirketi (Ltd Sti)

Rúisis: ООО “Мэдсе Груп”

Seoladh: Ostim OSB Mah. 100. Year Boulevard No: 55 B Blok 21 Numara Yenimahalle, 06374 Ankara, an Tuirc

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: An Tuirc

Dáta clárúcháin: 2020

Uimhir chlárúcháin: 469300

Uimhir aitheantais chánach: 61415256212

Príomháit ghnó: An Tuirc

Ríomhphost: info@medsegroup.com

Teileafón: +90 (501) 349-61-14

Suíomh gréasáin: https://medsegroup.com; https://xn--c1abd0asfet8f.xn--p1ai/; https://мэдсегруп.рф

Is cuideachta allmhairiúcháin é Medse Group LLC a oibríonn trí líonra corparáideach domhanda i dtíortha éagsúla. Tá baint ag an gcuideachta sin le soláthar agus trádáil eachtrach táirgí atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais. Tá baint ghníomhach ag Medse Group LLC le teacht timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais trí idirbhearta airgeadais idirnáisiúnta a éascú trí chomhpháirtíochtaí le mórinstitiúidí airgeadais na Rúise agus trí sheachadadh earraí atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais a éascú chuig Cónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Medse Group LLC ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

15.10.2026

1842.

DIS Logistics DMCC

Seoladh: Unit 1302-D3, Tiffany Towers, Plot JLT-PH2-W2A, Jumeirah Lakes Towers, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Dáta clárúcháin: 22.7.2020

Príomháit ghnó: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Is cuideachta é DIS Logistics DMCC atá lonnaithe in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Bainistíonn an cuideachta sin soithí atá mar chuid de scáthchabhlach na Rúise a bhfuil baint acu le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a iompar agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca á ndéanamh aige, mar shampla loingseoireacht gan comhartha ón gCóras Aitheantais Uathoibríoch (AIS).

Dá bhrí sin, bainistíonn DIS Logistics DMCC soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis, agus a dhéanann cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta iad.

15.10.2026

1843.

Vigor Marine Services LLP

Seoladh: Shop 113, Plot 9, Bhoomi Mall, Sector 15, CBD Belapur, Mumbai, 400614, an India

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: An India

Dáta clárúcháin: 2024

Príomháit ghnó: An India

Is cuideachta loingseoireachta é Vigor Marine Services LLP atá lonnaithe in Mumbai, an India. Bainistíonn an cuideachta sin dhá shoitheach a bhfuil baint acu le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a iompar agus le cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca a chleachtadh, mar shampla árachas dliteanais neamhleor a bheith acu, gabháil d’aistrithe ó long go long agus Córais Aitheantais Uathoibríocha na soithí a ionramháil.

Dá bhrí sin, bainistíonn agus oibríonn Vigor Marine Services LLP soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis, agus a dhéanann cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta iad.

15.10.2026

1844.

Shiva Shipping Ltd

Seoladh: Aarti Chambers, 102, La Ciotat, Mont Fleuri, Mahe Island, na Séiséil

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Na Séiséil

Uimhir chlárúcháin: 0137837

Is cuideachta é Shiva Shipping Ltd a bunaíodh in Mahe Island, na Séiséil. Is é úinéir cláraithe agus bainisteoir cláraithe soithigh é an cuideachta sin a bhfuil baint aige le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a iompar agus cleachtas loingseoireachta neamhrialta ardriosca á dhéanamh aige, mar shampla árachas dliteanais neamhleor a bheith aige agus gan a bheith ag oibriú faoi bheartas trédhearcach rialachais chorparáidigh.

Dá bhrí sin, is le Shiva Shipping Ltd soitheach a iompraíonn amhola de thionscnamh na Rúise agus a dhéanann cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, agus bainistíonn sé an soitheach sin.

15.10.2026’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2332/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)