European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2273

13.10.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/2273 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Deireadh Fómhair 2026

lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2619 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad hidreaclórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Áiríodh aigéad hidreaclórach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, meastar an tsubstaint a bheith formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 26 Deireadh Fómhair 2022 cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le haigéad hidreaclórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2 (‘an t-iarratas’). Is é údarás inniúil na Laitvia a rinne meastóireacht ar an iarratas.

(3)

Ós rud é go raibh formheas aigéid hidreaclóraigh le dul in éag an 30 Aibreán 2024, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2619 ón gCoimisiún (3) cuireadh an dáta éaga sin ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026, chun go mbeadh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2246 ón gCoimisiún (4), rinneadh athnuachan ar an bhformheas maidir le haigéad hidreaclórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2, faoi réir na gcoinníollacha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, lena n-áirítear dáta éaga nua an fhormheasa. Dá bhrí sin, is iomchuí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2619 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2619.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2619 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le haigéad hidreaclórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2619, 27.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2619/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2246 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2026 lena ndéantar athnuachan ar an bhformheas maidir le haigéad hidreaclórach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2026/2246, 13.10.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2246/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/2273/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)