|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2262 |
9.10.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/2262 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Deireadh Fómhair 2026
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/2147. |
|
(2) |
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le triúr a liostaítear san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/2147 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 9 Deireadh Fómhair 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. HARRIS
(1) IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147, faoin gceannteideal ‘A. Daoine Nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 5 agus 11:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘1. |
Mirghani Idriss SULEIMAN |
Náisiúntacht: Súdánach Inscne: fireann Feidhm: Leifteanant-Ghinearál i bhFórsaí Armtha na Súdáine; Ard-Stiúrthóir Defence Industries System; Ceann Ghníomhaireacht Táirgthe Arm na Súdáine Cúntóir do Ghnóthaí na dTionscal Míleata laistigh d’Fhórsaí Armtha na Súdáine Daoine aonair comhlachaithe: an Ginearál Abdelfattah Al-Burhan, Ardcheannasaí Fhórsaí Armtha na Súdáine Eintitis chomhlachaithe: Defense Industry System, SMT Engineering; Fórsaí Armtha na Súdáine |
Is oifigeach d’Fhórsaí Armtha na Súdáine é an Leifteanant-Ghinearál Mirghani Idriss Suleiman atá ina Ard-Stiúrthóir ar Defense Industry System (DIS), cuideachta atá faoi réir bearta sriantacha ag an Aontas Eorpach as tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. In 2026, ceapadh é ina Chúntóir do Ghnóthaí na dTionscal Míleata laistigh d’Fhórsaí Armtha na Súdáine. Cuirtear síos ar DIS mar an fiontar cosanta is mó sa tSúdáin, a ghineann thart ar USD 2 000 000 000 in ioncam trí na céadta fochuideachtaí ar fud earnálacha éagsúla de gheilleagar na Súdáine. Monaraíonn DIS raon mionarm, gnáth-armán, armlón agus feithiclí míleata le haghaidh Fhórsaí Armtha na Súdáine. Líomhnaítear gur thaisteal Mirghani Idriss Suleiman, mar Ard-Stiúrthóir DIS, go forleathan leis an nGinearál Abdelfattah Al-Burhan, Ardcheannasaí Fhórsaí Armtha na Súdáine, ó thús an chogaidh, chun cur le cumas Fhórsaí Armtha na Súdáine na Fórsaí Mear-Thacaíochta a chomhrac ar roinnt frontaí i gCartúm, Darfur agus Kordofan. Dá bhrí sin, tacaíonn Mirghani Idriss Suleiman le gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol. |
24.6.2024 |
|
5. |
Mustafa Ibrahim ABDEL NABI MOHAMED |
Náisiúntacht: Súdánach Inscne: fireann Feidhm: Stiúrthóir al-Khaleej Bank; scairshealbhóir tromlaigh Shield Protective Solutions Co. Ltd. (an tSúdáin); Stiúrthóir Airgeadais na bhFórsaí Mear-Thacaíochta Pas uimhir: B CH 4930920 Daoine aonair comhlachaithe: Musa Hamdan Dagalo Musa, deartháir le ceannaire na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, Mohamed Hamdan Dagalo Eintitis chomhlachaithe: Al-Khaleej Bank; Shield Protective Solutions Co. Ltd. (an tSúdáin) |
Is iaroifigeach sinsearach de Bhanc Ceannais na Súdáine é Mustafa Ibrahim Abdel Nabi Mohamed, atá ar iasacht chun feidhmiú mar Stiúrthóir Airgeadais do na Fórsaí Mear-Thacaíochta ó 2017 i leith, agus a chuidíonn le FMT gréasán seach-chuideachtaí agus seacheintiteas a bhainistiú. I dTuarascáil ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe maidir le smachtbhannaí in Darfur, rinneadh tagairt d’iaroifigeach sinsearach de chuid Bhanc Ceannais na Súdáine atá lonnaithe in Dubai agus atá anois ina chomhairleoir airgeadais ag na Fórsaí Mear-Thacaíochta, gan é a ainmniú. Mínítear sa tuarascáil freisin go raibh ról lárnach ag al Khaleej Bank i maoiniú na bhFórsaí Mear-Thacaíochta in 2019 nuair a fuair daoine aonair agus eintitis a bhfuil baint acu leis na Fórsaí Mear-Thacaíochta úinéireacht tromlaigh an bhainc. Tá tuairiscí sna meáin agus meithleacha machnaimh tar éis an duine sin a aithint mar Mustafa Ibrahim Abdel Nabi Mohamed. Is Stiúrthóir é ar Al Khaleej Bank, banc de chuid na Súdáine. Tá os cionn 60 % de scaireanna Al Khaleej Bank i seilbh cuideachtaí a bhfuil baint acu le teaghlach Mohammad Hamdan Dagalo (Hemedti), ceann na bhFórsaí Mear-Thacaíochta. Is é Mustafa Ibrahim Abdel Nabi Mohamed scairshealbhóir tromlaigh Shield Protective Solutions Co. Ltd. Is é duine de dheartháireacha Hemedti, Musa Hamdan Dagalo Musa, an scairshealbhóir eile sa chuideachta sin agus tá os cionn 14 % den scairsheilbh in al Khaleej Bank ag an gcuideachta. In 2026, aithnítear é mar chuid de líonra atá nasctha le ceannaireacht na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, a bhailigh punann ollmhór maoine in Dubai mar chuid de “choimpléasc míleata-tionsclaíoch” ransaithe ar fud na hAfraice agus an Mheánoirthir. Is sa chomhthéacs sin a cheannaigh sé árasán ardleibhéil in Burj Khalifa, stór spéiriúil in Dubai, rud a léiríonn go mbaineann sé tairbhe as an gcoinbhleacht sa tSúdáin. Mar stiúrthóir airgeadais do na Fórsaí Mear Thacaíochta, tá Mustafa Ibrahim Abdel Nabi Mohamed i mbun, go díreach nó go hindíreach, gníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol, nó tá tacaíocht á cur ar fáil aige do na gníomhaíochtaí nó na bearta sin, nó tá tairbhe á baint aige astu. |
24.6.2024 |
|
11. |
Abu Aqla Mohamed Ahmed KAIKAL ar a dtugtar freisin Abu Aqla KEIKAL |
Náisiúntacht: Súdánach Inscne: fireann Feidhm: Ceannaire agus Ceannasaí Sciathfhórsaí na Súdáine, mílíste atá cleamhnaithe le Fórsaí Armtha na Súdáine Eintitis chomhlachaithe: Fórsaí Armtha na Súdáine |
Is Ceannasaí Míleata de chuid na Súdáine é Abu Aqla Mohamed Ahmed Kaikal a rinne seirbhís sna Fórsaí Mear-Thacaíochta i Stát Gezira sa tSúdáin go dtí gur fhág sé iad chun dul le Fórsaí Armtha na Súdáine i mí Dheireadh Fómhair 2024. Ó 2025 i leith, is é Abu Aqla Mohammed Kaikal Ceannaire agus Ceannasaí Sciathfhórsaí na Súdáine, grúpa armtha a throideann in éineacht le Fórsaí Armtha na Súdáine. An 12 Nollaig 2025, bhí sé le feiceáil i bhfíseán ina raibh sé ag bagairt ar shibhialtaigh a bhí ag iarraidh teitheadh ó Chathair El Obeid i Stát Kordofan Thuaidh, stát a bhí faoi léigear na bhFórsaí Mear-Thacaíochta. San fhíseán, cloistear é agus rabhadh á thabhairt aige go lámhachfaí sibhialtaigh a dhéanfadh iarracht an chathair a fhágáil. Bhí ról tábhachtach ag Sciathfhórsaí na Súdáine sa troid i Stát Gezira agus i ndúiche na Níle Thoir, i limistéar Chartúm. An 10 Eanáir 2025, dhírigh Sciathfhórsaí na Súdáine d’aon ghnó ar shibhialtaigh agus ar a maoin in ionsaí. Dá bhrí sin, tá Abu Aqla Mohamed Ahmed Kaikal freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. Ina theannta sin, tá sé freagrach as gníomhartha a stiúradh sa tSúdáin ar sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine iad, agus le bac a chur ar chabhair dhaonnúil a sheachadadh agus a dháileadh sa tSúdáin, chomh maith le bac a chur ar rochtain ar an gcabhair sin. |
18.7.2025’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2262/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)