European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2181

30.9.2026

CINNEADH (AE) 2026/2181 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Meán Fómhair 2026

lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Gearmáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Gregory SCHOLZ éirí as oifig.

(4)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Maria HARUTYUNYAN éirí as oifig.

(5)

Mhol Rialtas na Gearmáine Heike RAAB, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Mitglied des Verbandsgemeinderates Cochem (Comhalta de Chomhairle Bhardasach Bhardas Cochem), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.

(6)

Mhol Rialtas na Gearmáine Gregory SCHOLZ, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Mitglied des Landtags Rheinland-Pfalz (Comhalta de Pharlaimint Stáit na Réine agus an Phalaitíneacht), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad a bhfuil acu sainordú toghchánach nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030:

(a)

mar chomhalta:

—

Heike RAAB, Mitglied des Verbandsgemeinderates Cochem (comhalta den Chomhairle Bhardasach Bhardas Cochem),

agus

(b)

mar chomhalta malartach:

—

Gregory SCHOLZ, Mitglied des Landtags Rheinland-Pfalz (Comhalta de Pharlaimint Stáit na Réine agus an Phalaitíneacht).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2181/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)