European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2108

19.9.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/2108 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2026

lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 33, 114 agus 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh bunaithe ar an aontas custaim. Chun leasa oibreoirí eacnamaíocha agus údarás custaim san Aontas araon, le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) tugadh le chéile, in aon ghníomh amháin, Cód Custaim an Aontais, reachtaíocht chustaim a bhí i roinnt gníomhartha dlí éagsúla roimhe sin. Tá na rialacha agus na nósanna imeachta ginearálta sa rialachán sin chun cur chun feidhme na mbeart taraife agus na mbeart eile arna dtabhairt isteach ar leibhéal an Aontais i dtaca leis an trádáil earraí idir an tAontas agus tíortha agus críocha lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais a áirithiú, mar aon leis na forálacha a bhaineann le dleachtanna ar allmhairí a bhailiú. Tá údaráis chustaim na mBallstát freagrach as na rialacha sin a chur chun feidhme trí bhíthin cúraimí oibríochtúla mar shampla nósanna imeachta custaim a chur i bhfeidhm, anailís riosca agus rialuithe a dhéanamh agus pionóis a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe reachtaíochta custaim.

(2)

Le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 léiríodh laigí i roinnt réimsí. Ar na laigí sin, tá: gníomhaíocht neamh-leordhóthanach nó neamhéifeachtach chun an tAontas agus a shaoránaigh a chosaint ar rioscaí neamhairgeadais is infheidhme maidir le hearraí arna mbunú le beartais de chuid an Aontais nach reachtaíocht chustaim iad; cumas teoranta na n-údarás custaim déileáil go héifeachtach leis an méid méadaitheach earraí a allmhairítear ó thríú tíortha tríd an gciandíol (idirbhearta ríomhthráchtála); an cumas teoranta atá ag ailtireacht an chórais TF a chruthaítear le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 na próisis chustaim a dhigitiú chun bheith céim ar céim leis an dul chun cinn teicneolaíoch, go háirithe teicneolaíochtaí bunaithe ar shaothrú na sonraí; agus an easpa struchtúr rialachais éifeachtacha san aontas custaim, as a dtagann éagsúlachtaí cleachtas agus cur chun feidhme neamh-aonfhoirmeach na rialacha custaim sna Ballstáit. As na laigí sin, tagann bacainní ar fheidhmiú cuí an aontais custaim agus, dá bhrí sin, ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, mar gheall ar na rioscaí agus bagairtí inmheánacha agus seachtracha.

(3)

Is iomchuí go gcuirfí san áireamh sa reachtaíocht chustaim an fhorbairt thapa ar phátrúin na trádála domhanda, ar an teicneolaíocht, ar shamhlacha gnó agus ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear gnólachtaí, tomhaltóirí agus cónaitheoirí. Dá bhrí sin, ní mór líon ard leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus a ionadú.

(4)

Chun foráil a dhéanamh maidir le modh éifeachtach chun cuspóirí an aontais custaim a bhaint amach, ba cheart athbhreithniú, simpliú agus comhchuibhiú a dhéanamh ar roinnt rialacha agus nósanna imeachta lena rialáiltear an chaoi a dtugtar earraí isteach ar chríoch chustaim an Aontais nó amach aisti. Ba cheart tacar nua-aimseartha comhtháite seirbhísí leictreonacha idir-inoibritheacha a sholáthar chun faisnéis atá ábhartha do chur chun feidhme reachtaíochta custaim a bhailiú, a phróiseáil agus a mhalartú, is é sin Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh (‘Mol Sonraí Custaim an Aontais’). Ba cheart Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh (‘Údarás Custaim an Aontais’) a bhunú mar chomhlacht oibríochtúil lárnach lena soláthrófar an acmhainneacht chun an t- aontas custaim a rialú ar bhealach comhordaithe i réimsí sonracha.

(5)

Ó glacadh Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, tá athrú tagtha ar ról na n-údarás custaim sa chaoi gur mó a chumhdaítear leis cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta lena leagtar síos ceanglais maidir leis na hearraí atá faoi réir maoirseacht chustaim, go háirithe ceanglais neamhairgeadais lena bhfuil gá chun go rachaidh na hearraí sin isteach sa mhargadh inmheánach agus i saorchúrsaíocht ann. Tá méadú ollmhór tagtha ar na ceanglais neamhairgeadais sin in imeacht na mblianta i gcomhréir leis na hionchais mhéadaitheacha a bhíonn ag gnólachtaí an Aontais agus cónaitheoirí an Aontais i ndáil leis an tsábháilteacht, an tslándáil, rochtain ag daoine faoi mhíchumas, an inbhuanaitheacht, sláinte agus beatha ainmhithe agus plandaí, an comhshaol, cosaint chearta an duine agus cearta maoine intleachtúla, agus luachanna an Aontais. Tá uirlisí nua, mar shampla an pas táirge digiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), le tabhairt isteach chun a áirithiú go leanfaidh reachtaíocht eile, arna cur i bhfeidhm ag na húdaráis chustaim, mar a shainmhínítear sa Rialacháin seo agus a bhaineann le táirgí, de bheith ag freagairt ar na hionchais sin. Ní mór, dá bhrí sin, an méadú ar líon agus castacht na rioscaí neamhairgeadais a léiriú trína áireamh i misean na n-údarás custaim tagairt shonrach do chosaint na leasanna poiblí uile sin a thagann faoina n-inniúlacht agus, i gcás inarb iomchuí, i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla eile.

(6)

I bhfianaise na n-athruithe ar ról na n-údarás custaim agus ar na samhlacha gnó ina n-oibríonn siad, agus chun go ngníomhóidh na húdaráis chustaim ‘mar údarás amháin’ agus go rannchuideoidh siad le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, is gá tuairisc níos beaichte a thabhairt ar an misean atá le saothrú ag na húdaráis chustaim trína gcuspóirí agus a gcúraimí a léiriú ar bhealach níos cruinne. Ina theannta sin, beidh tionchar suntasach ag an mear-athrú teicneolaíoch, go háirithe i gcás na hintleachta saorga, ar ghníomhaíochtaí na n-údarás custaim, lena n-áirítear i réimse na hanailíse riosca fíor-ama.

(7)

Agus iad ag déanamh a ndícheall chun a misean a bhaint amach, ba cheart d’údaráis chustaim díriú freisin ar an gcostéifeachtúlacht trí dhúbláil a sheachaint agus trí éifeachtacht sna próisis chustaim agus úsáid éifeachtúil acmhainní gaolmhara a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart dóibh faisnéis ábhartha a bhailiú, a anailísiú agus a mhalartú chun tacú leis an gcinnteoireacht fhianaise-bhunaithe. I gcás inar gníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is féidir leis na húdaráis chustaim rannchuidiú le sreabhadh na n-earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.

(8)

Is iomchuí creat dlíthiúil a choinneáil sa rialachán seo chun forálacha áirithe den reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm ar thrádáil in earraí de chuid an Aontais idir codanna den chríoch chustaim ina bhfuil feidhm ag Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (6) nó Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (7) agus codanna den chríoch sin nach bhfuil feidhm ag na Treoracha sin iontu, nó maidir leis an trádáil idir codanna den chríoch sin nach bhfuil feidhm ag na Treoracha sin iontu. Ós rud é gur earraí de chuid an Aontais iad na hearraí trádáilte atá i gceist agus i bhfianaise chineál fioscach na mbeart atá ábhartha don trádáil sin laistigh den Aontas, tá údar le simplithe iomchuí a thabhairt isteach ar na foirmiúlachtaí custaim atá le cur i bhfeidhm ar na hearraí sin.

(9)

Ba cheart sainmhínithe áirithe a leagtar amach in Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a oiriúnú chun raon feidhme níos leithne an Rialacháin seo a chur san áireamh, chun iad a ailíniú leo sin a leagtar amach i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, agus chun an téarmaíocht a bhfuil bríonna éagsúla léi in earnálacha éagsúla a shoiléiriú. Ba cheart sainmhínithe nua a áireamh sa reachtaíocht chustaim chun róil agus freagrachtaí gníomhaithe áirithe sna próisis chustaim a shoiléiriú. I gcás an allmhaireora agus an onnmhaireora, ba cheart do na sainmhínithe nua a fhágáil gurb iad na daoine sin a bheadh freagrach, ó thaobh na n-údarás custaim de, as comhlíonadh na n-earraí a mbíonn na daoine sin ag plé leo, lena n-áirítear i leith rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais, i gcomhréir leis an reachtaíocht tháirgeshonrach, chun maoirseacht chustaim a neartú. I gcás an choincheapa nua ‘allmhaireoir le haghaidh ciandíola’, ba cheart a áirithiú leis na sainmhínithe nua, i gcásanna áirithe, i gcomhthéacs díolachán ar líne ó lasmuigh den Aontas, go meastar gurb é an t-oibreoir eacnamaíoch, seachas an tomhaltóir, an t-allmhaireoir agus go bhfuil sé d’oibleagáid air na freagrachtaí comhfhreagracha a ghlacadh air féin, agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil sé d’oibleagáid ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha an reachtaíocht chustaim ábhartha agus reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm a chomhlíonadh nuair a thagann na hearraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó nuair a fhágann siad críoch chustaim an Aontais agus go ndéanann an t-oibreoir taifid iomchuí ar an gcomhlíonadh sin a sholáthar nó a chur ar fáil, agus a choinneáil. Ba cheart sainmhínithe nua a thabhairt isteach freisin i ndáil le raon feidhme níos leithne na bhforálacha maoirseachta custaim, bainistíochta riosca agus rialuithe custaim. Ba cheart a shoiléiriú freisin, i gcás ina dtagraíonn na sainmhínithe atá i reachtaíocht chustaim an Aontais d’fhorálacha custaim atá i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, go n-áirítear leis sin na comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha ábhartha a bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe iontu, a mhéid a rialaítear comhréireacht na n-earraí leis na comhaontuithe sin.

(10)

Lasmuigh dá ról traidisiúnta chun dleachtanna custaim, CBL agus dleachtanna máil a bhailiú agus an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm, tá ról ríthábhachtach ag údaráis chustaim chun gníomhartha dlí eile an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, reachtaíocht ábhartha náisiúnta eile, a fhorfheidhmiú. Ba cheart sainmhíniú ar an ‘reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm’ a thabhairt isteach chun creat éifeachtach a fhorbairt lena ndéanfar cur i bhfeidhm agus maoirseacht na gceanglas áirithe maidir le hearraí a rialáil a leagtar síos sna gníomhartha dlí sin. Ba cheart bearta a áireamh i gcoincheap na reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm ar bearta iad a bhfuil údar leo ar mhaithe leis an méid a leanas: an mhoráltacht phoiblí, an beartas poiblí nó slándáil an phobail, sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint, an comhshaol a chosaint; seoda náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint agus maoin tionscail nó tráchtála agus leasa poiblí eile a chosaint, lena n-áirítear rialú réamhtheachtaithe drugaí, earraí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla áirithe agus airgead tirim, chomh maith le bearta beartais tráchtála, bearta bainistíochta agus caomhnaithe iascaigh agus bearta sriantacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Le héagsúlachtaí i liostaí náisiúnta na dtoirmeasc agus na srianta cruthaítear deacrachtaí suntasacha maidir le hallmhairiú isteach i mbreis agus Ballstát amháin. Chun an trádáil agus feidhmiú custaim a éascú, tá sé tábhachtach go n-oibreoidh an tAontas chun liostaí náisiúnta na dtoirmeasc agus na srianta a chomhchuibhiú de réir a chéile. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach sainmhínithe comhchuibhithe a ghlacadh i gcás na dtéarmaí dlíthiúla a úsáidtear nuair a fhoráiltear do thoirmisc agus do shrianta chun léirmhínithe éagsúla ag na Ballstáit a sheachaint.

(11)

Chun soiléireacht dhlíthiúil a mhéadú, ba cheart rialacha áirithe maidir le cinntí custaim a leasú. Ar an gcéad dul síos, is iomchuí a shoiléiriú gurb é an t-údarás custaim atá inniúil as cinneadh custaim a dhéanamh an t-údarás custaim inniúil don áit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, toisc gurb í an bhunaíocht an príomhphrionsabal ar dá réir a fhéadann oibreoirí eacnamaíocha áirithe, faoi choinníollacha áirithe agus i dtráthchlár réamhchinntithe, tairbhiú de na simplithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo agus dleachtanna custaim a íoc san áit a bhfuil siad bunaithe. Ar an dara dul síos, ar mhaithe le hiomláine agus soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart freisin an teorainn ama 30 lá a thabhairt isteach faoina bhfuil faisnéis bhreise le soláthar ag iarratasóir d’údaráis chustaim i gcásanna ina mbreithníonn na húdaráis sin nach bhfuil san iarratas ar chinneadh custaim an fhaisnéis uile a cheanglaítear.

(12)

Ba cheart a shoiléiriú cén iarmhairt a bheadh ann mura ndéanfadh údarás custaim cinneadh ar iarratas a fháil laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos. Ba cheart an prionsabal a bhunú freisin go measfar sna cásanna sin go bhfuil an t-iarratas faoi réir cinneadh diúltach agus go bhféadfaidh an t-iarratasóir achomharc a thaisceadh, i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le cinntí custaim.

(13)

Mar a chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtábhacht i dTuarascáil Speisialta Uimh. 4/2021 uaithi dar teideal ‘Customs Controls: insufficient harmonisation hampers EU financial interests’ [Rialuithe custaim: comhchuibhiú neamhleor ag cur isteach ar leasanna airgeadais an Aontais] agus mar a cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, is inmhianta freisin aghaidh a thabhairt ar an easpa faireacháin aonfhoirmigh ar chomhlíonadh na gcritéar agus comhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar amach i gcinntí custaim, trí fhorálacha ábhartha a threisiú. Ar thaobh amháin, ní hamháin gur cheart do shealbhóirí cinntí custaim na hoibleagáidí a leagtar amach sa chinneadh ábhartha a chomhlíonadh, ach ba cheart dóibh freisin faireachán a dhéanamh ar a gcomhlíontacht ar bhonn leanúnach agus foráil a dhéanamh maidir le heagraíocht inmheánach lena bhféadtar na gníomhaíochtaí féinfhaireacháin sin aon earráid a d’fhéadfadh a bheith ina bpróisis chustaim a chosc, a mhaolú nó a leigheas. Ar an taobh eile, ba cheart d’údaráis chustaim faireachán tráthrialta a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcinntí custaim a dhéanann sealbhóirí na gcinntí sin, go háirithe i gcás ina mbeidh na sealbhóirí sin bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais ar feadh tréimhse is lú ná 3 bliana agus inar mó an seans, dá bhrí sin, go mbeidh rioscaí ag baint leis, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an sealbhóir na hoibleagáidí a leagtar síos leis an gcinneadh sin. I gcás ina bhfaighidh údaráis chustaim amach nach bhfuil na critéir ná na hoibleagáidí a leagtar amach sa chinneadh sin á gcomhlíonadh a thuilleadh ag sealbhóir cinnidh custaim, ba cheart do na húdaráis chustaim gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh gan moill mhíchuí, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcás ina dtairbheoidh na daoine sin de stádas sonrach mar shampla stádas mar oibreoir eacnamaíoch údaraithe nó mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, agus dá bhrí sin a ndéantar éascuithe áirithe dóibh i bpróisis chustaim. Ina theannta sin, chun bainistíocht riosca ar leibhéal an Aontais a neartú, ba cheart d’údaráis chustaim fógra a thabhairt d’Údarás Custaim an Aontais faoi gach cinneadh custaim a dhéantar maidir le hiarratas agus é a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí faireacháin, ionas gur féidir an fhaisnéis sin a chur san áireamh chun críoch bainistíochta riosca.

(14)

I dteannta na gcinntí a bhaineann le faisnéis taraife cheangailteach (cinntí maidir le FTC), nó cinntí a bhaineann le faisnéis tionscnaimh cheangailteach i leith tionscnaimh (cinntí maidir le FCT) arna nglacadh ag údaráis chustaim ar iarratas a fháil agus faoi réir coinníollacha áirithe, tugadh isteach sa reachtaíocht chustaim trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1072 ón gCoimisiún (8) cinntí a bhaineann le faisnéis luachála cheangailteach (cinntí maidir le FLC). Ar mhaithe le húsáideoirí na reachtaíochta custaim, is iomchuí a leagan síos sa ghníomh dlí céanna na rialacha maidir leis na trí chineál cinntí sin a bhaineann le faisnéis cheangailteach.

(15)

Cearta agus oibleagáidí na ndaoine atá freagrach as na hearraí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais agus ag imeacht uaithi, ba cheart iad a shainiú ní ba shoiléire. Ba cheart daoine a mbíonn oibríochtaí tráthrialta custaim ar siúl acu a bheith cláraithe leis na húdaráis chustaim atá freagrach as an áit ina bhfuil siad bunaithe. Ba cheart clárú amháin a bheith bailí le haghaidh an aontais custaim ina iomláine ach ba cheart é a choinneáil cothrom le dáta. Ba cheart, dá bhrí sin, an oibleagáid a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha na húdaráis chustaim a chur ar an eolas faoi aon athrú ar a gcuid sonraí clárúcháin. Na daoine atá freagrach as earraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais agus a imíonn aisti, ba cheart dóibh a áirithiú go gcomhlíonann na hearraí an dlí is infheidhme, lena n-áirítear rialacha lena gcosnaítear sábháilteacht agus slándáil na gcónaitheoirí, chomh maith leis an reachtaíocht atá dírithe ar rioscaí do shláinte agus beatha an duine, ainmhithe nó plandaí, don chomhshaol nó do thomhaltóirí a chosc, mar shampla Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, Treoir (AE) 2024/2853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le dliteanas i leith táirgí agus Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí. Ba cheart oibleagáidí an allmhaireora a leagan síos freisin, go háirithe an oibleagáid go mbeidh sé bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais agus na heisceachtaí ar an oibleagáid sin. Ba cheart do na hoibleagáidí sin na rialacha atá ann cheana maidir leis an dearbhóir a bheith bunaithe san Aontas a leanúint. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart oibleagáidí an onnmhaireora a leagan síos.

(16)

I gcás ina léireoidh an duine a sholáthraíonn earraí i gciandíol nó a éascaíonn ciandíol earraí go bhfuil sé nó sí ag gníomhú mar allmhaireoir, ba cheart don duine sin a áirithiú go gcomhlíonann na hearraí an reachtaíocht chustaim agus reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm maidir le táirgí a chur ar mhargadh inmheánach an Aontais.

(17)

Oibreoirí eacnamaíocha a chomhlíonann critéir agus coinníollacha áirithe chun go measfaidh na húdaráis chustaim gur trádálaithe comhlíontacha iontaofa iad, is féidir stádas mar oibreoir eacnamaíoch údaraithe a dheonú dóibh agus féadfaidh siad tairbhiú dá réir sin d’éascuithe sna próisis chustaim. Cé go n-áirithítear le scéim na n-oibreoirí eacnamaíocha údaraithe go bhfuil na trádálaithe a bhíonn ag déileáil leis an gcuid is mó de thrádáil an Aontais ina dtrádálaithe iontaofa, tá laigí áirithe inti a cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus i dtorthaí na Cúirte Iniúchóirí. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, go háirithe maidir le cleachtais náisiúnta éagsúla agus dúshláin maidir le faireachán ar chomhlíontacht oibreoirí eacnamaíocha údaraithe, ba cheart na rialacha ábhartha a leasú chun oibleagáid a thabhairt isteach go ndéanfadh na húdaráis chustaim faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin gach 3 bliana ar a laghad.

(18)

Mar gheall ar athruithe ar na próisis chustaim agus ar an gcaoi a n-oibríonn na húdaráis chustaim, tá gá le comhpháirtíocht nua idir na húdaráis chustaim agus na hoibreoirí eacnamaíocha, is é sin an scéim trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’. Na critéir agus na coinníollacha chun go dtiocfaidh trádálaí chun bheith ina thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, ba cheart dóibh na critéir don stádas mar oibreoir eacnamaíoch údaraithe a fhorbairt agus ba cheart a áirithiú leo freisin go measfar go bhfuil an trádálaí trédhearcach do na húdaráis chustaim. Dá bhrí sin, is iomchuí a chur de cheangal ar thrádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ rochtain a dheonú do na húdaráis chustaim ar a gcórais leictreonacha lena gcoimeádtar taifead ar a gcomhlíontacht agus ar ghluaiseacht a gcuid earraí, ar choinníoll go bhfuil an rochtain sin comhréireach agus fíor-riachtanach. Ba cheart tairbhí áirithe a bheith ag gabháil leis an trédhearcacht sin, a d’fhéadfaí a áirithiú iontu an fhéidearthacht go scaoilfear na hearraí thar ceann na n-údarás custaim gan gá a bheith lena n-idirghabháil ghníomhach, ach amháin i gcás ina gceanglaítear le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm go bhformheastar an scaoileadh roimh ré agus chun íocaíocht an fhéich custaim a chur siar. Níor cheart stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a thabhairt do dhaoine a sháraigh, arís agus arís nó ar bhealach tromchúiseach, reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

(19)

Chun sláine an aontais custaim a áirithiú agus chun a áirithiú go gcuirfidh údaráis chustaim na mBallstát stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ i bhfeidhm go comhsheasmhach, is gá sásra a bhunú lena gceadófar d’Údarás Custaim an Aontais agus don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh i gcásanna ina bhfuil tásca ann go bhfuil neamhchomhlíonadh ar siúl ag trádálaí ag a bhfuil stádas ‘Iontaoibh agus Seiceáil’. Ba cheart don sásra sin é a chur ar a chumas d’Údarás Custaim an Aontais, i gcomhar leis na húdaráis chustaim inniúla, comhlíonadh na gceanglas maidir le stádas trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a fhíorú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ar Bhallstát nach é an Ballstát é ina bhfuil an trádálaí bunaithe maidir le comhlíontacht an trádálaí. Tá an sásra sin fíor-riachtanach chun cur i bhfeidhm neamhdhleathach stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a chosc agus chun teacht isteach cúldorais i gcríoch chustaim an Aontais a chosc. Chun éagothromaíochtaí san fhorfheidhmiú a chosc, i gcás ina mainníonn an Ballstát bunaíochta gníomhú ar bhealach tráthúil nó iomchuí, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh trí ghníomh cur chun feidhme lena gceanglaítear ar an mBallstát sin stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

(20)

Leis an rogha stóras custaim a oibriú le haghaidh ciandíola, in éineacht le forálacha eile maidir le ciandíol agus simplithe, ba cheart úsáid bulc-chainníochtaí seachas beartáin a dhreasú, rud a d’fhágfadh go mbeadh sreabhadh beartán aonair níos inláimhsithe d’údaráis chustaim. Le stóras custaim le haghaidh ciandíola ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht tráth an díola agus an imeacht ón trádstórais, rud a chiallaíonn, tráth a chuirtear earraí sa stóras, nach mór do na hearraí na coinníollacha a chomhlíonadh a bheadh infheidhme ina leith dá gcuirfí ar mhargadh an Aontais iad an tráth sin. Ba cheart d’údaráis chustaim a bheith in ann comhlíontacht mhargadh an Aontais a sheiceáil maidir le hearraí a thugtar i mbulc-chainníochtaí tráth a thagann siad isteach sa stóras custaim. Níor cheart an stóras custaim ciandíola sin a bheith ar fáil ach amháin d’oibreoirí eacnamaíocha a chomhlíonann critéir iontaofachta an stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, chun mí-úsáid ag oibreoirí eacnamaíocha neamh-iontaofa a sheachaint.

(21)

Is gá an ról atá ag ionadaithe custaim a shoiléiriú freisin mar gheall ar athruithe ar na próisis chustaim. Ba cheart a bheith in ann ionadaíocht dhíreach agus indíreach araon a dhéanamh i gcónaí, ach ba cheart a shoiléiriú go nglacann ionadaí indíreach allmhaireora nó onnmhaireora na hoibleagáidí uile atá ar an allmhaireoir nó ar an onnmhaireoir sin chuige féin, rud a chiallaíonn ní hamháin an oibleagáid chun an fiach custaim a íoc nó a ráthú ach an oibleagáid chun reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm a chomhlíonadh freisin. Ar an gcúis sin, ní mór d’ionadaithe custaim a bheith ina gcónaí i gcríoch chustaim an Aontais, ina ndéanann siad ionadaíocht d’allmhaireoirí nó onnmhaireoirí, chun cuntasacht chuí i leith gnéithe airgeadais agus neamhairgeadais oibleagáidí na n-allmhaireoirí agus na n-onnmhaireoirí a áirithiú. Úsáid a bhaint as ionadaí indíreach custaim atá bunaithe san Aontais, is rogha mhalartach chomhréireach dá bhrí sin í atá ar fáil d’allmhaireoirí agus onnmhaireoirí nach bhfuil láithreacht tráchtála san Aontas acu. Thairis sin, ionadaithe custaim atá bunaithe i dtríú tíortha, ba cheart iad a bheidh in ann leanúint de bheith ag soláthar a gcuid seirbhísí san Aontas i gcás ina ndéanfaidh siad ionadaíocht do dhaoine nach gceanglaítear orthu a bheith bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais.

(22)

Tá ról ríthábhachtach ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (12), i dtrádáil sheachtrach an Aontais ach is minic a bhíonn ualaí riaracháin agus comhlíontachta níos airde orthu go comhréireach maidir le ceanglais chustaim a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a gcás sonrach a chur san áireamh agus tacú le bearta lena n-éascaítear a gcomhlíonadh, lena n-áirítear trí nósanna imeachta simplithe, treoir shoiléir agus ionadaíocht chustaim inrochtana. Ba cheart treoirlínte a ghlacadh chun tacú le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, agus aitheantas á thabhairt do na dúshláin uathúla atá roimh na fiontair sin, agus sláine agus slándáil na bpróiseas trádála seachtraí á gcoinneáil ar bun agus stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe agus trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ á chur i bhfeidhm. Ba cheart iarrachtaí leanúnacha a dhéanamh chun na nósanna imeachta do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shimpliú agus a dhéanamh níos inrochtana, lena n-áiritheofar go n-éascófar agus go gcuirfear chun cinn an ról ríthábhachtach atá acu i dtrádáil sheachtrach an Aontais.

(23)

Chun leibhéal aonfhoirmeach digitithe a áirithiú agus chun cothroime iomaíochta d’oibreoirí eacnamaíocha sna Ballstáit uile a chruthú, agus chun cur le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart Mol Sonraí Custaim an Aontais a bhunú mar thacar córas agus seirbhísí leictreonacha láraithe, slána agus cibear-athléimneacha chun críoch custaim. Le Mol Sonraí Custaim an Aontais ba cheart a bheith in ann an reachtaíocht chustaim a chur chun feidhme, lena n-áirítear na nithe seo a leanas: foirmiúlachtaí custaim; rialuithe custaim; ríomh an fhéich custaim agus fógra a thabhairt maidir leis, táille láimhseála an Aontais, dleacht mháil agus CBL; bainistíocht ráthaíochta; agus faireachas custaim ar earraí. Ba cheart do Mhol Sonraí Custaim an Aontais rannchuidiú freisin le cur chun feidhme reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm. Ba cheart dó cáilíocht, sláine, inrianaitheacht agus neamhshéanadh sonraí a phróiseáiltear ann a áirithiú, ionas nach mbeidh an seoltóir ná an faighteoir in ann a dhíospóid ar ball gur ann don mhalartú sonraí. Ba cheart próiseáil sonraí i Mol Sonraí Custaim an Aontais a bheith i gcomhréir leis na rialacha ábhartha maidir le cibearshlándáil agus próiseáil sonraí pearsanta. Ba cheart don Choimisiún agus d’Údarás Custaim an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, Mol Sonraí Custaim an Aontais a dhearadh go comhpháirteach. Ba cheart a chur de chúram ar an gCoimisiún freisin Mol Sonraí Custaim an Aontais a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil agus ba cheart dó a bheith in ann an cúram sin a chur de chúram ar Údarás Custaim an Aontais.

(24)

Ag féachaint do ról Mhol Sonraí Custaim an Aontais maidir le sláine agus slándáil sonraí a láimhseáiltear san Aontas chun críoch custaim a áirithiú, ar leas poiblí é agus ar féidir a mheas gur leas bunúsach de chuid na sochaí é, is gá na sonraí a bhainistítear i Mol Sonraí Custaim an Aontais, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí íogaire eile a bhaineann le sreabhadh earraí agus le cur chun feidhme dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar aon bhagairt eile ar shláine agus ar shlándáil na sonraí sin. Is gá, dá bhrí sin, an bonneagar agus na seirbhísí trína n-oibríonn Mol Sonraí Custaim an Aontais a chur faoi réir coinníollacha áirithe chun ceannasacht an Aontais ina leith sin a áirithiú. Ba cheart urramú na gcoinníollacha sin a léiriú trí fhianaise agus, i gcás seirbhísí criticiúla, tá sé tábhachtach go ndéanfaí an fhianaise sin a chomhlánú le scagadh slándála ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Thairis sin, ba cheart Mol Sonraí Custaim an Aontais a dhearadh a mhéid is féidir chun cásanna gaibhnithe díoltóirí a sheachaint.

(25)

Chun iontaofacht, idir-inoibritheacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach Mhol Sonraí Custaim an Aontais a áirithiú, tá sé tábhachtach go gcloífeadh a fhorbairt agus a chothabháil le caighdeáin agus dea-chleachtais a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le hinnealtóireacht bogearraí, tástáil córas, nósanna imeachta píolótacha agus nósanna imeachta glactha. Áirítear leis sin tástáil chuimsitheach fheidhmiúil agus neamhfheidhmiúil, céimeanna píolótacha struchtúrtha ina bhfuil páirtithe leasmhara ionadaíocha rannpháirteach, agus critéir inghlacthachta atá sainithe go soiléir chun feidhmíocht, comhlíonadh agus slándáil a bhailíochtú. Is é is aidhm do na bearta sin a áirithiú gur féidir leis an gcóras tacú le foirmiúlachtaí custaim comhchuibhithe ar fud an Aontais agus go gcomhlíonann sé riachtanais oibríochtúla na mBallstát agus na n-oibreoirí eacnamaíocha araon.

(26)

Ba cheart a áireamh ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear Mol Sonraí Custaim an Aontais chun feidhme bearta chun a áirithiú go mbeidh sé ar fáil agus go n-oibreoidh sé gan bhriseadh, fiú i gcás géarchéim thromchúiseach. Ba cheart a áireamh ar bhearta leanúnachais gnó, go háirithe, iomarcaíocht, sásraí teipaistrithe agus prótacail aisghabhála sonraí, chomh maith le nósanna imeachta atá le leanúint i gcás nach bhfuil Mol Sonraí Custaim an Aontais ar fáil nó i gcás ina dteipeann air. I gcás ina mbraitheann Mol Sonraí Custaim an Aontais ar bhonneagar fisiceach, ba cheart réitigh iomarcacha i láithreáin atá scaipthe go geografach a mheas chun leanúnachas gnó a áirithiú i gcás ina gclisfeadh ar láithreán amháin.

(27)

Is é is aidhm do Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh teacht in ionad na gcóras leictreonach atá ann cheana arna bhforbairt ag na Ballstáit agus an Coimisiún de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, a bhfuil deireadh á chur de réir a chéile le cuid acu le linn an aistrithe. Ní dhéanfar na córais leictreonacha náisiúnta sin atá ann cheana a athbheochan i gcás nach mbeidh feidhmiúlachtaí Mhol Sonraí Custaim an Aontais ar fáil laistigh de na sprioc-amanna atá leagtha síos. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le réiteach sealadach sa chás sin. I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (13) le déanaí, is iomchuí a shoiléiriú nach n-eisiatar ón uathmhalartú faisnéise idir oibreoirí eacnamaíocha, údaráis chustaim agus páirtithe leasmhara eile ag Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh agus trína bhíthin an fhreagracht atá ar na húdaráis nó na hoibreoirí eacnamaíocha sin i ndáil leis na próisis chustaim lena mbaineann. Fiú i gcás inarb amhlaidh go bhfuil an bhaint ag údaráis chustaim agus beart á ghlacadh teoranta don chumarsáid leictreonach sin trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais, ba cheart a bhreithniú go bhfuil an beart lena mbaineann arna ghlacadh ag an údarás sin amhail agus dá ngníomhódh Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh thar a cheann.

(28)

Ba cheart do Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh an malartú sonraí le córais, ardáin nó timpeallachtaí eile a chumasú chun méadú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí a úsáideann lucht custaim chun a gcúraimí a dhéanamh, agus chun sonraí custaim ábhartha a roinnt le húdaráis eile, chun éifeachtacht rialuithe sa mhargadh inmheánach a mhéadú. I gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2017 dar teideal European Interoperability Framework – Implementation Strategy [Straitéis Cur chun Feidhme an Chreata Eorpaigh Idir-inoibritheachta], ba cheart do Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh an idir-inoibritheacht trasteorann agus trasearnála san Eoraip a chothú. Ba cheart dó leas a bhaint as acmhainn foinsí faisnéise riosca atá ann cheana agus ar fáil ar leibhéal an Aontais, amhail na córais mhear-rabhaidh um bia don duine agus d’ainmhithe agus um tháirgí neamhbhia (Geata Sábháilteachta), an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh agus an Tairseach Forfheidhmiúcháin um Maoin Intleachtúil. Ba cheart dó a bheith mar bhonn taca faoi chomhar straitéiseach agus oibríochtúil a fhorbairt, lena n-áirítear malartú faisnéise agus idir-inoibritheacht, idir lucht custaim agus údaráis, comhlachtaí agus seirbhísí eile laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach. Thairis sin, ba cheart do Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh raon leathan ard-anailísíochta sonraí a sholáthar, lena n-áirítear freisin trí intleacht shaorga a úsáid. Leis an anailís sonraí sin, ba cheart anailís riosca, anailís eacnamaíoch agus anailís thuarthach a éascú chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas nó a imíonn uaidh a réamh-mheas.

(29)

Chun a áirithiú go mbeidh maoirseacht níos fearr ar shreafaí trádála agus bealach cuíchóirithe ann chun dul i gcomhar le húdaráis inniúla seachas údaráis chustaim, ba cheart Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh a bheith in ann úsáid a bhaint as an gcreat comhair faoi Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custam agus, i gcás nach féidir an creat sin a úsáid, ba cheart dó seirbhís shonrach a chur ar fáil do na húdaráis inniúla eile sin trína bhféadfaidh siad na sonraí ábhartha a fháil, faisnéis a sholáthar agus a roinnt leis na húdaráis chustaim agus a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais earnálacha. Bheadh gá leis an tseirbhís shonrach sin i gcás nach bhfuil córas leictreonach ag na húdaráis inniúla eile a d’fhéadfaí a chónascadh le Mol Sonraí Custaim an Aontais.

(30)

Chun feidhmiúlachtaí Mhol Sonraí Custaim an Aontais a thástáil sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm le haghaidh na n-oibreoirí eacnamaíocha uile gan beann ar a stádas ná ar an bpróiseas custaim lena mbaineann, is iomchuí cead a thabhairt don Choimisiún cinneadh a dhéanamh céim phíolótach a bhunú, ar bhonn deonach. Leis an scéim phíolótach sin, dhéanfaí tástáil ar chur chun feidhme próiseas agus feidhmeanna áirithe ar bhonn deonach gan oibleagáid dhlíthiúil. Ar mhaithe le trédhearcacht agus soláthar faisnéise do pháirtithe leasmhara, tá sé tábhachtach go bpoibleoidh an Coimisiún pleanáil, eagrú agus fad na céime píolótaí sin agus na feidhmiúlachtaí atá le cur i bhfeidhm agus le tástáil.

(31)

I gcás earraí atá le hallmhairiú isteach san Aontas nó le honnmhairiú ón Aontas nach bhfuil i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais arna gcur i bhfeidhm ag na húdaráis chustaim, ba cheart údaráis, gnólachtaí, tomhaltóirí agus cónaitheoirí a bheith in ann na hearraí sin a thuairisciú. Ba cheart an fhaisnéis a thuairiscítear faoi na hearraí sin a bheith ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais agus ba cheart é a bheith indéanta í a úsáid chun críoch bainistíochta riosca.

(32)

I dteannta Mhol Sonraí Custaim an Aontais, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann fós a bhfeidhmchláir féin a fhorbairt chun sonraí ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais a úsáid. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh a bhfeidhmchláir Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), go háirithe maidir le bearta bainistithe riosca cibearshlándála. Chun an t-am go dtí an margadh a laghdú, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann an t-airgeadas agus an sainordú chun na feidhmchláir sin a fhorbairt a chur ar iontaoibh Údarás Custaim an Aontais. Sna cásanna sin, ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais na feidhmchláir a fhorbairt chun leasa na mBallstát uile. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí fheidhmchláir cóid foinse oscailte a chruthú nach bhfuil gaibhnithe ag díoltóirí de réir an Chreata um Chomhroinnt agus Athúsáid le haghaidh Réitigh TF.

(33)

Ba cheart do Mhol Sonraí Custaim an Aontais sreabh sonraí a chumasú. Ba cheart d’úsáideoirí a bheith in ann na sonraí ábhartha uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin reachtaíocht chustaim a chomhlíonadh a tharchur agus a phróiseáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais. Ba cheart na sonraí sin a phróiseáil ar leibhéal an Aontais agus a shaibhriú le hanailís riosca uile-Aontais. Ba cheart na sonraí a thiocfaidh as sin a chur ar fáil d’údaráis chustaim na mBallstát, a ndéanfadh na sonraí a phróiseáil ansin chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Ar deireadh, toradh na rialuithe a dhéantar tar éis na sonraí ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais a phróiseáil, ba cheart é a thuairisciú ar ais don Mhol Sonraí sin. Tá sé tábhachtach go gcumasódh Mol Sonraí Custaim an Aontais próiseáil na sonraí atá ar fáil ann gan moill mhíchuí.

(34)

Na sonraí a chuirtear faoi bhráid Mhol Sonraí Custaim an Aontais, is sonraí neamhphearsanta den chuid is mó iad arna gcur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha maidir leis na hearraí atá á dtrádáil acu. Mar sin féin, d’fhéadfaí go n-áireofaí ar na sonraí sin sonraí pearsanta freisin, go háirithe ainmneacha daoine aonair a ghníomhaíonn thar ceann oibreora eacnamaíoch nó údaráis. Chun a áirithiú go dtabharfar cosaint chomhionann do shonraí pearsanta agus d’fhaisnéis tráchtála, ba cheart rialacha sonracha rochtana, rialacha maidir le rúndacht agus coinníollacha maidir le húsáid Mhol Sonraí Custaim an Aontais a bhunú. Go sonrach, ba cheart a bhunú cé na heintitis atá in ann sonraí atá stóráilte nó ar fáil ar bhealach eile i Mol Sonraí Custaim an Aontais a rochtain nó a phróiseáil, i dteannta na ndaoine lena mbaineann, an Choimisiúin, na n-údarás custaim agus Údarás Custaim an Aontais, agus cothromaíocht á baint amach idir riachtanais na n-eintiteas sin agus an riachtanas go n-áiritheofar nach ndéanfar na sonraí pearsanta agus rúnda a bhailítear chun críoch custaim a úsáid chun críoch breise ach a mhéid is lú is gá.

(35)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit, i gcomhairle leis an gCoimisiún, sonraí sonracha a ainmniú, a ndéanfadh a nochtadh dochar do leasanna bunúsacha a slándála, lena gclibeáil go teicniúil laistigh de Mhol Sonraí Custaim an Aontais sa chaoi go mbeidh aon phróiseáil bhreise ar na sonraí sin teoranta d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, mura n-údaraíonn na húdaráis sin go sainráite go ndéanfaí tuilleadh próiseála. An duine a tharchuireann na sonraí chuig Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh, b cheart don duine sin teorainneacha próiseála sonraí den sórt sin is féidir a nascadh leis na slabhraí soláthair sonracha nó leis na catagóirí sonraí sonracha a shoiléiriú go soiléir. Chun an fhéidearthacht sin a úsáid, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na leasanna slándála fíor-riachtanacha sonracha atá i gceist agus an fáth a measann sé nach bhféadfaí na leasanna sin a chosaint go leordhóthanach faoi chreat ginearálta na bhforálacha maidir le próiseáil sonraí i Mol Sonraí Custaim an Aontais a mhíniú.

(36)

Faoi réir chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí, go háirithe rialacha maidir le sonraí íogaire custaim agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, d’fhéadfaí sonraí custaim comhiomlána neamhrúnda, neamhphearsanta agus nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil do thríú páirtithe chun críoch sonrach ar iarraidh lena ngabhann údar cuí a fháil.

(37)

Chun a áirithiú go mbeidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) in ann a cumhachtaí imscrúdúcháin a fheidhmiú i ndáil le gníomhaíochtaí calaoiseacha a dhéanann difear do leasanna an Aontais, is iomchuí rochtain a bheith aici ar shonraí ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh agus an rochtain sin a bheith an-chosúil leis an rochtain atá ag an gCoimisiún. Dá bhrí sin, ba cheart OLAF a bheith i dteideal na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir leis na coinníollacha a bhaineann le cosaint sonraí i reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (17).

(38)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bheith in ann, arna iarraidh sin, sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a fháil chun a áirithiú gur féidir léi a himscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le custam.

(39)

Arna iarraidh sin, ba cheart Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) a bheith in ann sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a fháil chun a cúraimí a dhéanamh mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ba cheart an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) a bheith in ann, arna iarraidh sin, sonraí neamhphearsanta atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a fháil.

(40)

Chun na feidhmeanna a dhéantar i gcórais TF náisiúnta na mBallstát a chaomhnú, ba cheart an deis a bheith ag údaráis chánach na mBallstát na sonraí a phróiseáil go díreach laistigh de Mhol Sonraí Custaim an Aontais. Dá réir sin, na húdaráis atá freagrach as sábháilteacht bia i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus na húdaráis atá freagrach as faireachas margaidh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart na seirbhísí agus na huirlisí cearta a sholáthar dóibh i Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh sa chaoi go n-úsáidfidh siad na sonraí custaim ábhartha chun rannchuidiú le forfheidhmiú reachtaíocht ábhartha an Aontais agus dul i gcomhar le húdaráis chustaim chun an riosca go dtiocfaidh táirgí neamhchomhlíontacha isteach san Aontas a laghdú.

(41)

De bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (20), déanfaidh Údarás Custaim an Aontais agus na húdaráis chustaim inniúla aon iompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 25(2) agus (3) den Rialachán sin a thuairisciú do OIPE gan moill mhíchuí. Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais agus do na húdaráis chustaim inniúla staonadh ó bhearta a dhéanamh a d’fhéadfadh rúndacht aon imscrúdaithe choiriúil ar na fíorais chéanna arna ndéanamh ag an údarás inniúil náisiúnta breithiúnach nó forfheidhmithe dlí nó ag OIPE a chur i mbaol.

(42)

Na rialacha agus na forálacha maidir le rochtain ar Mhol Sonraí Custaim an Aontais agus maidir le malartú faisnéise, níor cheart dóibh difear a dhéanamh don Chóras Faisnéise Custaim (CIS) a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ná d’oibleagáidí tuairiscithe i gcomhthéacs na feasachta staide faoi Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(43)

Ba cheart don Choimisiún rialacha cur chun feidhme a bhunú lena leagtar síos módúlachtaí maidir le rochtain na n-údarás sin lena mbaineann ar Mhol Sonraí Custaim an Aontais, tar éis measúnú a dhéanamh ar na coimircí atá ann cheana atá i bhfeidhm ag gach údarás nó ag gach catagóir údarás chun a áirithiú go gcaithfear i gceart le sonraí íogaire pearsanta agus tráchtála.

(44)

Is iomchuí sonraí pearsanta a bheith á stóráil i Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh ar feadh uastréimhse 10 mbliana. Tá údar leis an tréimhse sin i bhfianaise na féidearthachta go dtabharfaidh údaráis chustaim fógra faoin bhfiach custaim suas le 10 mbliana tar éis an fhaisnéis is gá a fháil maidir le coinsíneacht, agus chun a áirithiú go mbeidh an Coimisiún, Údarás Custaim an Aontais, OLAF, OIPE, údaráis chustaim agus údaráis inniúla eile in ann an fhaisnéis i Mol Sonraí Custaim an Aontais a chros-seiceáil in aghaidh na faisnéise a stóráiltear i gcórais eile agus a mhalartaítear leo. Thairis sin, ba cheart an tréimhse sin a bheith ailínithe leis an tréimhse stórála a cheanglaítear le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, i gcás ina mbeidh an reachtaíocht sin ábhartha do rialuithe custaim. Is iomchuí freisin an tréimhse coinneála sonraí a chur ar fionraí tráth ar bith a cheanglaítear sonraí pearsanta chun críoch imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin, imscrúduithe agus le linn rialuithe iarscaoilte, ionas nach léirscriosfar na sonraí pearsanta chun nach bhféadfaí iad a úsáid chun na gcríoch sin.

(45)

Ba cheart rialacha maidir le cearta ábhar sonraí a shrianadh a bheith san áireamh freisin i gcosaint sonraí pearsanta agus eile i Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí go bhféadfadh na húdaráis chustaim, an Coimisiún nó Údarás Custaim an Aontais srian a chur le ceart ábhar sonraí i gcás inar gá sin chun a áirithiú nach gcuirfear gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, anailís riosca agus rialuithe custaim i mbaol. Thairis sin, d’fhéadfaí na srianta sin a chur i bhfeidhm freisin i gcás inar gá chun imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a chosaint tar éis gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin. Ba cheart údar cuí a bheith leis na srianta sin i dtéarmaí gníomhaíochtaí agus sainphribhléidí na n-údarás custaim, an Choimisiúin nó Údarás Custaim an Aontais, agus ba cheart iad a bheith teoranta don tréimhse is gá chun na sainphribhléidí sin a chaomhnú.

(46)

Aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (22) nó (AE) 2018/1725 (23) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), laistigh de raon feidhme a gcur i bhfeidhm faoi seach. Aon údarás nó comhlacht seachas na húdaráis chustaim, an Coimisiún agus Údarás Custaim an Aontais a phróiseálann sonraí pearsanta i Mol Sonraí Custaim an Aontais, measfar gur rialaitheoir é i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

(47)

Chun idir-inoibritheacht agus malartú sonraí le córais áirithe eile de chuid an Aontais nach córais chustaim iad a áirithiú agus i leith na bhfoirmiúlachtaí custaim dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), ba cheart Córas Malartaithe Deimhnithe Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custam (CWS-CERTEX AE) a bunaíodh leis an Rialachán sin a chomhtháthú i Mol Sonraí Custaim an Aontais. Go dtí go ndéanfaidh Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh CWS-CERTEX AE a chomhtháthú go hiomlán, ba cheart do Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh claochlú gnó agus teicniúil sonraí a dhéanamh chun malartú sonraí trí CWS-CERTEX AE a chumasú.

(48)

Ba cheart ceanglais sonraí a shainiú chun treoir choiteann a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha maidir leis na sonraí a theastaíonn uathu chun a gcuspóirí a chomhlíonadh, go háirithe maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta custaim. Is é Mol Sonraí Custaim an Aontais an t-aon phointe iontrála amháin a bheidh ann do na sonraí sin, agus dá bhrí sin ba cheart na rialacha maidir le formáidiú agus códú na sonraí sin a leagan síos sna sonraíochtaí teicniúla do Mhol Sonraí Custaim an Aontais, ar ionstraim níos solúbtha iad ná rialacha dlíthiúla. Mar sin féin, tá gá le samhail sonraí custaim chomhchuibhithe lena ngabhann ceanglais maidir le sonraí séimeantacha.

(49)

Is rud bunúsach é sraith bainistíochta riosca custaim ar leibhéal an Aontais a bheith ann chun a áirithiú go gcuirfear rialuithe custaim i bhfeidhm go comhchuibhithe sna Ballstáit. Is ann faoi láthair do chreat coiteann bainistíochta riosca lena gcuimsítear an fhéidearthacht go ndéanfaí limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca a shainaithint i réimse an riosca airgeadais chun rialuithe custaim a dhéanamh, ach tá easnaimh mhóra ann. Chun aghaidh a thabhairt ar rialuithe custaim nach bhfuil á gcur i bhfeidhm go comhchuibhithe agus ar an easpa bainistíochta riosca comhchuibhithe, rud a fhágann go ndéantar díobháil do leasanna airgeadais agus neamhairgeadais an Aontais agus na mBallstát, is iomchuí na rialacha maidir le bainistiú riosca a leasú chun cur chuige níos stóinsí i leith bainistíocht riosca a bhunú lena dtabharfar aghaidh ar rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais araon. Áirítear leis sin dul i ngleic leis na dúshláin struchtúracha maidir leis an mbainistíocht riosca ar rioscaí airgeadais a shainaithin an Chúirt Iniúchóirí. Go sonrach, is iomchuí tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a chuimsítear i mbainistíocht riosca custaim, i gcur chuige timthriallach. Tá sé tábhachtach na róil agus na freagrachtaí atá ag an gCoimisiún, ag Údarás Custaim an Aontais agus ag údaráis chustaim na mBallstát a shainaithint freisin. Tá sé fíor-riachtanach freisin cumhacht a thabhairt don Choimisiún limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca a bhunú, agus réimsí sonracha a shainaithint i réimse reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm ar fiú tosaíocht a thabhairt dóibh le haghaidh bainistíocht choiteann riosca agus rialuithe, gan an tslándáil a chur i mbaol.

(50)

Dá bhrí sin, is iomchuí gníomhaíochtaí agus forálacha bainistíochta riosca ar leibhéal an Aontais a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar sonraí cuimsitheacha atá ábhartha don bhainistíocht riosca, lena n-áirítear torthaí na rialuithe uile agus meastóireacht orthu, a bhailiú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hanailís choiteann riosca agus moltaí comhfhreagracha ón Aontas maidir le rialú a bheith á n-eisiúint d’údaráis chustaim. I gcomhréir leis an bprionsabal ‘comhlíon nó mínigh’, ba cheart na moltaí rialaithe sin a leanúint, nó ba cheart cúiseanna dosháraithe a sholáthar gan iad a leanúint. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir leis an bhféidearthacht go n-eiseofaí treoir nach ndéanfar earraí atá ceaptha don Aontas a luchtú nó a iompar. An anailís ar rioscaí agus bagairtí ar leibhéal an Aontais, ba cheart í a bheith bunaithe ar shonraí ar leibhéal an Aontais a thabharfar cothrom le dáta go leanúnach agus ba cheart na bearta agus na rialuithe atá le déanamh ag na pointí trasnaithe teorann isteach i gcríoch an Aontas agus amach uaithi a shainaithint léi.

(51)

I gcomhthéacs an chomhair le húdaráis forfheidhmithe dlí agus slándála go háirithe, ba cheart don bhainistiú riosca ar leibhéal an Aontais, i gcás inar féidir, rannchuidiú le hanailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais agus tairbhe a bhaint astu, lena n-áirítear iad siúd arna ndéanamh ag Europol agus Frontex, chun an choireacht a chosc agus a chomhrac ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach. Ba cheart tionchar a bheith ag sáruithe reachtaíochta custaim agus reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm ar phróifíl riosca allmhaireoirí, lena n-áirítear allmhaireoirí le haghaidh ciandíola, nó onnmhaireoirí.

(52)

Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas ina gcuirtear earraí faoi nós imeachta custaim chun róil agus freagrachtaí nua na ndaoine a bhfuil baint acu leis an nós imeachta sin a léiriú. Dá bhrí sin, is é an duine atá freagrach as na hearraí, is é sin an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais, seachas an dearbhóir, an duine a ghlacfaidh an fhreagracht as an bhfaisnéis a sholáthar do na húdaráis chustaim. Ba cheart don duine atá freagrach na sonraí a sholáthar nó a chur ar fáil do lucht custaim a luaithe a bheidh na sonraí ar fáil agus in aon chás sula scaoilfear na hearraí chun nós imeachta custaim, ionas go dtabharfar caoi do na húdaráis chustaim anailís riosca agus bearta iomchuí a dhéanamh.

(53)

I gcás na ríomhthráchtála, áfach, agus an líon níos airde idirbheart trí ríomhthráchtáil á chur san áireamh, is iomchuí do dhaoine a bhaineann úsáid as an scéim speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 4, de Threoir 2006/112/CE (‘Scéim Ionaid Ilfhreastail Allmhairiúcháin’ nó ‘scéim IIFA’) sonraí a sholáthar maidir lena ndíolacháin earraí atá le hallmhairiú ar an lá tar éis dóibh glacadh leis an íocaíocht ar a dhéanaí.

(54)

In imthosca a bhfuil údar cuí leo, ba cheart na húdaráis chustaim bheith in ann trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a údarú chun na sonraí maidir lena n-earraí scaoilte a thabhairt i gcrích ag céim níos déanaí, ós rud é go mbíonn na trádálaithe sin ag roinnt sonraí maidir lena n-idirbhearta le lucht custaim go leanúnach agus gur féidir iad a mheas a bheith iontaofa. Ar na himthosca sin d’fhéadfadh na doiciméid tacaíochta nó an dodhéantacht luach custaim deiridh na n-earraí a chinneadh tráth an scaoilte a bheith i gceist.

(55)

Chun an próiseas custaim maidir le hearraí a bheith ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais a shimpliú agus chun a áirithiú an tráth céanna go mbeidh duine aonair amháin freagrach as na hearraí sin, ba cheart do ghníomhaithe éagsúla sa slabhra soláthair a gcuidsean den fhaisnéis ábhartha maidir leis na hearraí lena mbaineann a sholáthar agus a nascadh le coinsíneacht shonrach. Níor cheart earraí a bheith ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach amháin má tá allmhaireoir nó ionadaí indíreach ann atá ag gníomhú thar ceann an allmhaireora atá bunaithe san Aontas agus a ghlacann an fhreagracht as na hearraí sin. Ba cheart don allmhaireoir nó don ionadaí indíreach atá ag gníomhú thar ceann an allmhaireora faisnéis maidir leis na hearraí a sholáthar do lucht custaim agus don nós imeachta custaim faoinar cheart iad a chur, agus ba cheart é a dhéanamh a luaithe is féidir, agus sula dtiocfaidh na hearraí i láthair go fisiceach más féidir. Ba cheart soláthraí seirbhíse nó gníomhaire custaim a bheith in ann faisnéis a sholáthar in ainm an allmhaireora agus thar a cheann, ach is é an t-allmhaireoir ba cheart a bheidh freagrach i gcónaí as comhlíontacht na n-earraí leis na rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais a áirithiú. Na hiompróirí arb iadsan go héifeachtach a thugann na hearraí leo, ba cheart dóibhsean roinnt faisnéise maidir leis na hearraí a sholáthar freisin sula luchtófar iad nó sula dtiocfaidh siad (‘réamhfhaisnéis lasta’) agus ba cheart dóibh a gcuid faisnéise a nascadh le faisnéis an allmhaireora i gcás inar cuireadh í sin isteach cheana, gan gá a bheith le rochtain ar na sonraí uile a sholáthair an t-allmhaireoir. Ina theannta sin, chun freastal ar shlabhraí soláthair agus líonraí iompair níos casta, ba cheart é a bheith indéanta a cheangal ar dhaoine eile an fhaisnéis maidir leis na hearraí atá le tabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais a líonadh isteach. Ba cheart oibleagáid a bheith ar an allmhaireoir, ar an iompróir nó ar aon duine eile a chuireann faisnéis faoi bhráid lucht custaim í a leasú i gcás inarb eol dóibh nach bhfuil an fhaisnéis ceart a thuilleadh ach sula mbraithfidh na húdaráis chustaim neamhrialtachtaí a bhfuil sé ar intinn acu a rialú.

(56)

Earraí nach de chuid an Aontais iad a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart a mheas go bhfuil siad á stóráil go sealadach ón tráth a thugann an t-iompróir fógra faoina dteacht go dtí an tráth a chuirtear faoi nós imeachta custaim iad ach amháin má tá siad faoi bhealach cheana. Chun maoirseacht chustaim iomchuí a áirithiú, ba cheart an staid sin a bheith teoranta ó thaobh ama de agus níor cheart í a bheith níos faide ná 90 lá, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

(57)

Na rialacha lena gcinntear an earraí de chuid an Aontais iad nó earraí nach de chuid an Aontais atá iontu agus an féidir glacadh leis gur earraí de chuid an Aontais iad nó an gá an stádas sin a chruthú, is gá iad a choinneáil ar bun, go háirithe i gcás ina bhfágfaidh na hearraí críoch chustaim an Aontais go sealadach.

(58)

Nuair a bheidh ag an húdaráis chustaim an fhaisnéis is gá le haghaidh an nós imeachta ábhartha, ba cheart dóibh a chinneadh, bunaithe ar an anailís riosca, an ndéanfaidh siad tuilleadh rialuithe ar na hearraí, an scaoilfidh siad iad, an ndiúltóidh siad dá scaoileadh nó an gcuirfidh siad a scaoileadh ar fionraí nó an ligfidh siad an t-am dul i léig agus é mar thoradh go measfar na hearraí a bheith scaoilte. Ba cheart do na húdaráis chustaim an cinneadh sin a dhéanamh i gcomhar le húdaráis inniúla eile, i gcás inar gá. Dá réir sin, ba cheart do na húdaráis chustaim diúltú do scaoileadh na n-earraí i gcás ina mbeidh fianaise acu nach gcomhlíonann na hearraí na ceanglais dlí is infheidhme. Ba cheart an cinneadh maidir le athshárú córasach i ndáil le ciandíolacháin ag oibreoir eacnamaíoch a bheith ina fhianaise ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad i gcás na n-earraí uile ar thug an t-oibreoir eacnamaíoch sin fógra ina leith maidir le teacht i saorchúrsaíocht. I gcás inar gá do na húdaráis chustaim dul i gcomhairle le húdaráis inniúla eile chun a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hearraí ceanglais dhlíthiúla is infheidhme, ba cheart dóibh scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar an comhairliúchán sin ar a laghad. Sna cásanna sin, ba cheart an cinneadh a dhéanfaidh na húdaráis chustaim ina dhiaidh sin a bheith ag brath ar fhreagra na n-údarás inniúil eile. Ionas nach gcuirfear bac ar thrádálaithe agus údaráis araon i gcásanna ina mbeidh roinnt ama ag teastáil chun teacht ar chonclúid maidir le comhlíontacht, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis chustaim na hearraí a scaoileadh ar choinníoll go leanfaidh an trádálaí de bheith á gcur ar an eolas maidir le suíomh na n-earraí.

(59)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na trádálaithe a chuir an fhaisnéis ar fáil in am gan oibleagáid a chur ar na húdaráis chustaim freagairt ar gach coinsíneacht, ba cheart earraí nár roghnaíodh lena rialú a mheas a bheith scaoilte tar éis tréimhse réasúnta. Ba cheart an Coimisiún a bheith i dteideal an tréimhse sin a shainiú i ngníomharthaí tarmligthe, á hoiriúnú, i gcás inar gá, don chineál tráchta nó don chineál pointí trasnaithe teorann lena mbaineann.

(60)

Ós rud é go meastar go bhfuil trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ iontaofa agus go soláthraíonn siad sonraí do lucht custaim chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil maidir le gluaiseacht na n-earraí agus maidir le comhlíonadh agus rochtain iomlán ar a gcórais, a dtaifid agus a n-oibríochtaí, ba cheart na trádálaithe sin a bheith in ann a n-earraí a scaoileadh faoi mhaoirseacht na n-údarás custaim gan fanacht lena n-idirghabháil. Dá réir sin, ba cheart trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a bheith in ann earraí a scaoileadh thar ceann na n-údarás custaim ar na hearraí sin a fháil ag áit ghnó an allmhaireora, an úinéara nó an choinsíní nó ar iad a sheoladh ó áit ghnó an onnmhaireora, an úinéara nó an choinsíneora. Toisc go bhfuil na trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ ceaptha oibriú ar bhealach trédhearcach, ba cheart gach teacht agus seachadadh earraí a thaifeadadh go cuí i Mol Sonraí Custaim an Aontais. Ba cheart oibleagáid a bheith ar thrádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ na húdaráis chustaim a chur ar an eolas i gcás ina dtiocfaidh fadhb aníos, sa chaoi go bhféadfaidh na húdaráis sin cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir le scaoileadh na n-earraí. I gcás nach mbeidh córais rialuithe inmheánacha na dtrádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ sách stóinseach, ba cheart na húdaráis chustaim a bheith in ann, i gcomhar le húdaráis inniúla eile, na trádálaithe sin a údarú chun seiceálacha áirithe a dhéanamh astu féin. Ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis chustaim i gcónaí, áfach, na hearraí a rialú tráth ar bith.

(61)

Is iomchuí bearta a sholáthar lena rialálfar an t-aistriú ó chóras bunaithe ar dhearbhuithe custaim chuig córas bunaithe ar sholáthar nó ar chur ar fáil faisnéise do Mhol Sonraí Custaim lárnach an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha dearbhuithe custaim a thaisceadh chun a ndearbhú go bhfuil sé ar intinn acu earraí a chur faoi nós imeachta custaim le linn na hidirthréimhse a luaithe a bheidh cumais Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh ar fáil, áfach, ba cheart an deis a bheith tugtha d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a sholáthar nó a chur ar fáil do na húdaráis chustaim trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh freisin, agus níor cheart do na húdaráis chustaim aon oibreoir eacnamaíoch a údarú a thuilleadh chun cur isteach ar shimplithe i ndáil leis an dearbhú custaim. Ag deireadh na hidirthréimhse, ba cheart na húdaruithe uile scor de bheith bailí, óir ní bheidh dearbhuithe custaim ann a thuilleadh. I ndáil le ciandíol earraí, ba cheart teorainn a chur leis an idirthréimhse chun dearbhuithe custaim a thaisceadh go dtí go mbeidh na cumais a bheidh ag Mol Sonraí Custaim an Aontais ar fáil chun na sonraí ábhartha a phróiseáil le haghaidh ciandíola.

(62)

Braitheann sainaithint bheacht an duine atá ag gníomhú mar ‘allmhaireoir’ ar chéim agus ar chineál an phróisis custaim atá i gceist. Níor cheart ach allmhaireoir amháin a bheith ann ag aon am amháin.

(63)

I gcás ciandíola, meastar gurb é an duine a sholáthraíonn earraí i gciandíolacháin nó a éascaíonn ciandíolacháin earraí an duine a chinneann go dtabharfar earraí ó thríú tír isteach i gcríoch chustaim an Aontais toisc go gcinneann siad an slabhra soláthair agus gurb iad atá freagrach as an riosca caillteanais, damáiste nó moille maidir le seachadadh na n-earraí chuig an tomhaltóir. Dá bhrí sin, i gcás ciandíola, chun earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht, is é an duine a sholáthraíonn earraí i gciandíolacháin nó an duine a éascaíonn ciandíolacháin earraí an t-allmhaireoir, ag brath ar na socruithe a dhéantar, agus ba cheart an t-allmhaireoir a chinnfear ar an gcaoi sin a léiriú amhlaidh.

(64)

An duine a sholáthraíonn earraí i gciandíolacháin nó a éascaíonn earraí allmhairiú earraí ciandíola ó thríú tíortha isteach i gcríoch chustaim an Aontais arb é an t-allmhaireoir é, ba cheart an duine sin a bheith freagrach as an bhfaisnéis is gá maidir le ciandíolacháin a sholáthar do na húdaráis chustaim sula scaoilfear na hearraí. Ba cheart don duine sin oibleagáidí allmhaireora a chomhlíonadh.

(65)

I gcás nach bhfuil duine a sholáthraíonn earraí i gciandíolacháin nó a éascaíonn allmhairiú earraí ciandíola ó thríú tíortha isteach i gcríoch chustaim an Aontais bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart é a bheith indéanta na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim i gcás ina gcuireann ionadaí indíreach ag a bhfuil stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe na hearraí ina ainm féin agus thar ceann an allmhaireora le haghaidh ciandíola agus ina nglacann sé oibleagáidí an allmhaireora ciandíola ina leith sin.

(66)

Maidir le forálacha an Rialacháin seo, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann leis an allmhaireoir ciandíola, ní hionann iad, de jure ná de facto, agus oibleagáid faireacháin ghinearálta ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha.

(67)

Ceanglaítear le hAirteagal 29 CFAE go bhfuil táirgí a thagann ó thríú tíortha le meas a bheith i saorchúrsaíocht más amhlaidh gur comhlíonadh na foirmiúlachtaí allmhairiúcháin agus gur gearradh dleachtanna custaim nó muirir a bhfuil éifeacht chomhionann acu. Ní mheasfar scaoileadh i saorchúrsaíocht, áfach, mar chruthúnas de bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim agus reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

(68)

An próiseas chun earraí a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais, ba cheart é a chuíchóiriú agus a shimpliú, i gcomhréir leis an bpróiseas dul isteach. Dá réir sin, is iomchuí a cheangal gur cheart duine a bheith ann atá bunaithe san Aontas a bheidh freagrach as na hearraí, is é sin an t-onnmhaireoir. Ba cheart don onnmhaireoir an fhaisnéis ábhartha a sholáthar nó a chur ar fáil do lucht custaim sula dtabharfaidh sé na hearraí amach as an Aontas, lena sonrófar cé acu earraí de chuid nó nach de chuid an Aontais iad atá le honnmhairiú, agus an fhaisnéis a oiriúnú de réir mar is gá.

(69)

Chun a áirithiú go ndéanfar bainistíocht riosca chuí ar earraí a thugtar amach as críoch chustaim an Aontais, ba cheart a cheangal ar an údarás custaim atá freagrach as onnmhairiú anailís riosca a dhéanamh ar an bhfaisnéis maidir leis na hearraí agus na bearta iomchuí a dhéanamh nó a iarraidh sula n-imeoidh na hearraí ó chríoch chustaim an Aontais. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin freisin é a iarraidh go ndéanfaidh an údarás custaim atá freagrach as áit seolta na n-earraí agus as an bpointe imeachta agus, más gá, údaráis inniúla eile, i dteannta na mbeart atá ann maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta custaim, atá infheidhme freisin i gcás ina mbeidh na hearraí le honnmhairiú.

(70)

Chun a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta fionraí dleachta trédhearcach freisin, is iomchuí cuíchóiriú a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann le ceanglais maidir leis na húdaruithe le haghaidh nósanna imeachta speisialta. Go sonrach, ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, na coinníollacha chun a chinneadh an bhfuil gá le tuairim ar leibhéal an Aontais chun a mheasúnú an bhféadfadh deonú údaraithe dochar a dhéanamh do leasanna tháirgeoirí an Aontais, an scrúdú ar na coinníollacha eacnamaíocha mar a thugtar air, ba cheart iad a chódú agus a rialáil i ngníomhartha tarmligthe. Thairis sin, ós rud é go bhféadfadh an éifeacht ar leasanna tháirgeoirí an Aontais a bheith ag brath ar chainníocht na n-earraí a chuirtear faoin nós imeachta speisialta, ba cheart tairseach áirithe a leagan síos a meastar nach bhfuil aon éifeacht dhiúltach ar na leasanna sin faoina bun.

(71)

Le hAirteagal 9 den Choinbhinsiún Athbhreithnithe um Loingseoireacht na Réine, tagraítear d’Iarscríbhinn (‘Fardal na Réine’) lenar éascaíodh gluaiseacht earraí ar an Réin agus ar a craobh-aibhneacha trína mheas gur nós imeachta idirthurais custaim thar theorainneacha náisiúnta ceithre Bhallstát a bhí iontu, is é sin an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ísiltír, chomh maith leis an Eilvéis. De réir faisnéis ó riaracháin chustaim, ní úsáidtear Fardal na Réine sa chleachtas a thuilleadh mar nós imeachta idirthurais sna Ballstáit atá tadhlach leis an Réin. Ina ionad sin, iompraítear earraí ar an Réin agus ar a craobh-aibhneacha agus úsáid á baint as an nós imeachta idirthurais san Aontas a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, tríd an gCóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais. Is iomchuí dá bhrí sin an tagairt d’Fhardal na Réine a bhaint de chásanna ina meastar gur idirthuras seachtrach nó idirthuras inmheánach atá i ngluaiseacht earraí.

(72)

Chun trédhearcacht a mhéadú maidir leis an duine atá freagrach as comhlíonadh oibleagáidí an nós imeachta idirthurais san Aontas agus as inneachar na coinsíneachta agus na rioscaí a bhaineann léi, is iomchuí a cheangal ar shealbhóir an nós imeachta idirthurais an fhaisnéis maidir leis an allmhaireoir nó an onnmhaireoir a spreagann gluaiseacht na n-earraí a nochtadh chomh maith le faisnéis maidir leis an modh iompair, agus sainaithint na n-earraí a chuirtear faoin nós imeachta sin, ar a laghad. Chuirfeadh an fhaisnéis sin ar a gcumas do na húdaráis chustaim maoirseacht níos éifeachtaí a dhéanamh ar an nós imeachta idirthurais san Aontas lena mbaineann agus anailís riosca a dhéanamh. Ba cheart an nós imeachta idirthurais san Aontas a bheith éigeantach ach amháin má chuirtear earraí faoi chóras custaim eile láithreach ar dhul isteach i gcríoch chustaim an Aontais dóibh nó ar imeacht dóibh uaithi. I gcás nach eol fós cé hé an t-allmhaireoir nó an t-onnmhaireoir, ba cheart a mheas gurb é sealbhóir na n-earraí allmhaireoir nó onnmhaireoir na n-earraí agus is é ba cheart a bheith faoi dhliteanas i leith dleachtanna custaim agus cánacha agus muirir eile a íoc. Ba cheart maoirseacht chustaim a chur in ionad an nós imeachta idirthurais san Aontas má dhéanann trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ earraí a allmhairiú nó a onnmhairiú.

(73)

Le leasú ar Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR (‘Coinbhinsiún TIR’) (26) a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021, modhnaíodh Nóta Míniúcháin 0.49 chun an deis a dheonú d’oibreoirí eacnamaíocha a chomhlíonann ceanglais áirithe teacht chun bheith ina ‘gcoinsíneoirí údaraithe’, rud atá ina léiriú scáthánach ar na héascuithe atá ann cheana a dheonaítear do na hoibreoirí eacnamaíocha a aithnítear mar ‘choinsínithe údaraithe’. Is gá dá bhrí sin an fhéidearthacht nua sin a áireamh sa Rialachán seo chun reachtaíocht chustaim an Aontais a ailíniú leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin.

(74)

Chun deireadh a chur leis an bhfaoiseamh ó dhleacht le haghaidh allmhairiú earraí nach mó a luach ná EUR 150, is gá forálacha a chur i bhfeidhm maidir le luach custaim a chinneadh chun dleachtanna custaim ad valorem a thobhach i ndáil le hearraí allmhairithe a cheannaítear in idirbhearta ríomhthráchtála gnólacht le custaiméir, mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/112/CE. Ba cheart an ciandíol sin a bheith mar bhonn don dearbhú maidir le luach custaim faoin modh luacha idirbhirt. Tá feidhm ag an bprionsabal sin freisin i gcásanna ina gceannaítear earraí i gciandíolacháin ní sula dtugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais iad ach le linn dóibh a bheith curtha faoin nós imeachta stórasaithe custaim.

(75)

Tá difríocht shuntasach idir idirbhearta ciandíola agus idirbhearta traidisiúnta gnólacht le gnólacht, rud a fhágann go bhfuil castacht mhéadaithe ann. Bíonn tionchar ag na difríochtaí sin ar an gcaoi a gcuireann údaráis chustaim rialacha luachála i bhfeidhm go héifeachtach sa chleachtas. Ar na dúshláin sin tá an scála agus an luas ollmhór ag a dtugtar idirbhearta ríomhthráchtála i gcrích, an líon ollmhór ceannaitheoirí agus díoltóirí lena mbaineann, agus scaipeadh díolachán. Agus sainiúlacht na ríomhthráchtála á cur san áireamh, chomh maith le ról na n-údarás custaim i bhfeidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, más rud é, in imeachtaí custaim arb é is aidhm dóibh a fhíorú go bhfuil luach idirbhirt dearbhaithe na n-earraí a ceannaíodh i gciandíol ceart, nach ndíbríonn allmhaireoir amhras réasúnach go léiríonn an luach idirbhirt dearbhaithe an praghas a íocadh iarbhír nó atá iníoctha i leith na n-earraí sin agus, dá bhrí sin, go ndiúltaítear don luach idirbhirt a dearbhaíodh ar dtús, ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith in ann solúbthacht a fheidhmiú maidir leis an modh luachála tánaisteach iomchuí a chinneadh chun luach custaim na n-earraí sin a athshainiú.

(76)

Faoi láthair, is é an Ballstát ina dtaisctear an dearbhú custaim a bhailíonn na fiacha custaim. Tá sé de rogha an trádálaí an ndéanfaidh sé an méid sin sa chéad Bhallstát a dtéann an t-earra isteach ann, nó an n-úsáidfidh sé nós imeachta custaim agus dleachtanna a íoc i mBallstát eile. I gcás trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, is iomchuí rialacha éagsúla a úsáid chun an áit ina dtarlaíonn an fiach custaim a shainiú ionas go n-íocfar na dleachtanna ar allmhairí leis an mBallstát ina bhfuil an trádálaí sin bunaithe. Is iomchuí an méid sin toisc gurb é sin an áit ina bhfuil an t-eolas is iomláine ag an údarás custaim ar thaifid, oibríochtaí agus iompraíocht tráchtála na n-oibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Mar sin féin, ba cheart fiach custaim oibreoirí eacnamaíocha nach trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ iad a thabhú san áit a bhfuil na hearraí lonnaithe go fisiceach, go dtí go ndéanfar meastóireacht ar an tsamhail mhaoirseachta ar a laghad.

(77)

I gcás idirbhearta ríomhthráchtála, is é an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola an duine atá freagrach as an bhfiach custaim. Nuair a bhaintear úsáid as scéim IIFA, ba cheart an fiach custaim a thabhú tráth a ghlactar le híocaíocht an díolacháin ar líne. I gcás nach mbaintear aon úsáid as an scéim sin, ba cheart don fhiach custaim teacht chun cinn nuair a thugtar fógra maidir le hinfhaighteacht na n-earraí sna Ballstáit ina bhfuil na hearraí le seachadadh.

(78)

Chun na costais mhéadaitheacha a chumhdach a bhaineann le líon ollmhór iarrataí a láimhseáil maidir le hearraí a dhíoltar i gciandíolacháin a chur faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht, ba cheart táille láimhseála an Aontais, atá i gcomhréir le neaschostas na seirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu le maoirseacht chustaim na n-earraí sin, a bhunú toisc go seoltar na hearraí sin go díreach chuig an tomhaltóir, rud a fhágann nach féidir le húdaráis eile iad a sheiceáil tar éis imréiteach custaim. Cé gur faoi na Ballstáit a bheidh sé cinneadh a dhéanamh an aisghabhfaidh siad ó oibreoirí eacnamaíocha na costais a bhaineann le bearta eisceachtúla rialaithe nó na costais arna dtabhú ag údaráis seachas údaráis chustaim i ndáil le fíorú nó scriosadh na n-earraí, ba cheart a chumhdach le táille láimhseála an Aontais, go háirithe, an costas a bhaineann leis na sonraí a sheiceáil agus anailís riosca a dhéanamh, agus an costas a bhaineann leis an mbonneagar agus na rialuithe ábhartha, lena n-áirítear na seirbhísí ábhartha arna soláthar ag Údarás Custaim an Aontais.

(79)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le táille láimhseála níos ísle de chuid an Aontais i gcás ina ndíoltar na hearraí i gciandíolacháin ó stóras custaim ciandíola, ós rud é go bhfuil sé níos éasca agus níos éifeachtaí do na húdaráis chustaim maoirseacht a dhéanamh ar bhulc-chainníochtaí earraí a stóráiltear i dtrádstóras ná earraí a phacáiltear i mbeartáin aonair agus a sheoltar go díreach chuig an tomhaltóir.

(80)

Is é an duine céanna ba cheart a bheith i bhféichiúnaí tháille láimhseála an Aontais agus atá i bhféichiúnaí an fhéich custaim, agus ba cheart gurb é an féichiúnaí sin an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola. I gcás nach bhfuil feidhm go fóill ag forálacha maidir le hallmhaireoirí le haghaidh ciandíola, ba cheart gurb é an féichiúnaí an dearbhóir. I gcás ciandíola, is é an duine atá i dteideal scéim IIFA a úsáid, nó ionadaí indíreach custaim, a bheadh ina dhearbhóir de ghnáth. Dá bhrí sin, níor cheart don tomhaltóir a bheith ina fhéichiúnaí nó ina féichiúnaí maidir le táille láimhseála an Aontais.

(81)

Is iomchuí foráil a dhéanamh go dtiocfaidh an chéad ghníomh tarmligthe lena socrófar méid na táille láimhseála i bhfeidhm go tapa ionas go bhféadfar táille láimhseála an Aontais arna tabhairt isteach leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go praiticiúil, chun freagairt ar an mbrú méadaitheach atá ar údaráis chustaim mar gheall ar an líon suntasach beartán a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(82)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag roinnt beart in aghaidh na hítime, mar shampla dleachtanna agus táillí, is iomchuí sainmhíniú orthu a thabhairt isteach. Ba cheart ítim a shainmhíniú mar earra amháin nó níos mó i gcoinsíneacht, a bhfuil na míreanna sonraí áirithe céanna acu, lena n-áirítear an rangú taraife agus tionscnamh, i gcomhréir leis na ceanglais sonraí is infheidhme. Ba cheart an sainmhíniú sin a bheith infheidhme i ndáil leis na dearbhuithe custaim sna huirlisí digiteacha náisiúnta agus uirlisí digiteacha an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh rangú taraife na n-earraí lena mbaineann sa dearbhú custaim ach ar leibhéal fho-cheannteidil an Chórais Chomhchuibhithe, agus i ndáil leis na ceanglais sonraí iomchuí arna gcinneadh chun na críche sin a luaithe a bheidh Mol Sonraí Custaim an Aontais ar fáil.

(83)

Is iomchuí an sásra a fheabhsú arb é is aidhm dó maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart sriantach maidir leis an sreabhadh earraí arna nglacadh aga an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE. I gcás ina nglacfar na bearta sin, ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais tacaíocht a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit chun a áirithiú nach dtiocfar timpeall ar na bearta sin. Ba cheart dó treoir a chur ar fáil do na húdaráis chustaim i bhfoirm moltaí neamhcheangailteacha, mar shampla trí chleachtais chustaim chomhsheasmhacha a chur chun cinn, laistigh de fhreagrachtaí na mBallstát maidir leis na bearta sin a chur chun feidhme. Ba cheart d’údaráis chustaim a áirithiú go nglacfaidh siad na céimeanna uile is gá laistigh dá n-inniúlachtaí chun na bearta sin a chomhlíonadh agus ba cheart dóibh an Coimisiún agus Údarás Custaim an Aontais a chur ar an eolas dá réir. Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcur i bhfeidhm na mbeart sin a shainaithint agus faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme, agus tuairisciú dá réir sin don Choimisiún.

(84)

Ba cheart sásra bainistithe géarchéime a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna ionchasacha san aontas custaim. Leagadh béim ar an easpa sásra ar leibhéal an Aontais sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2020 dar teideal Taking the Customs Union to the Next Level: a Plan for Action [An tAontas Custaim a thabhairt ar aghaidh go dtí an Chéad Leibhéal eile: Plean Gníomhaíochta]. Ba cheart sásra a bhunú dá bhrí sin lena mbeidh baint ag Údarás Custaim an Aontais mar ghníomhaire ríthábhachtach chun na bearta praiticiúla agus na socruithe a chinneann an Coimisiún a chur i bhfeidhm i gcás géarchéime a ullmhú agus a chomhordú agus chun faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais ullmhacht freagartha ar ghéarchéimeanna a choinneáil ar bun ar feadh fhad iomlán na géarchéime.

(85)

Níl struchtúr soiléir bainistíochta oibríochtúla sa chreat rialachais atá ann cheana le haghaidh an aontais custaim, agus ní léirítear leis an fhorbairt a tháinig ar chúrsaí custaim ó cruthaíodh in 1968 é. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, is iad údaráis chustaim náisiúnta atá freagrach as na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbainistíocht rioscaí i sreafaí trádála, mar shampla rialuithe ar an talamh a chur chun feidhme agus cinntí a dhéanamh maidir leo. Níl déine thrácht na n-earraí ag teorainneacha seachtracha cothrom ar fud an Aontais. D’ainneoin comhar a bheith idir údaráis chustaim náisiúnta ó cruthaíodh an t-aontas custaim, rud a raibh malartú dea-chleachtais agus saineolais agus forbairt treoirlínte coiteanna mar thoradh air, níor forbraíodh cur chuige comhchuibhithe agus creat oibríochtúil dá thoradh. Níl aon chumas lárnach ann i dtaobh anailís riosca ná aon léargas coiteann ar ord tosaíochta rioscaí an Aontais, tá an comhordú ar ghníomhaíochtaí agus rialuithe custaim teoranta agus níl aon chreat comhair ann do na húdaráis éagsúla a fhreastalaíonn ar an margadh aonair.

(86)

Le struchtúr lárnach oibríochtúil de chuid an Aontais chun saineolas agus acmhainní a chomhthiomsú agus chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún cinntí a dhéanamh le chéile, tabharfar aghaidh ar na laigí sin. Ba cheart di díriú go háirithe ar réimsí mar shampla bainistiú sonraí agus bainistiú riosca, agus ba cheart ábhar oiliúna d’oifigigh chustaim agus do ghairmithe custaim san Aontas a ullmhú léi chun an oiliúint a chuireann na Ballstáit ar fáil a chomhlánú agus chun tacú léi. Ba cheart dó rannchuidiú freisin le córas a chruthú san Aontas chun aitheantas a thabhairt do bharr feabhais na n-institiúidí oideachais a thairgeann oiliúint agus oideachas i réimse an chustaim, ag tógáil ar an tionscnamh ón gCoimisiún dar teideal ‘Deimhniú Aitheantais Custaim an Aontais’, agus cruthú deonach lárionad speisialaithe barr feabhais ag na Ballstáit a chomhordú agus tacú leis. Is é is aidhm dó sin go ngníomhóidh an t-aontas custaim ‘mar aon aonad amháin’, agus é á aithint ag an am céanna go bhféadfadh cleachtais éagsúla sna Ballstáit a bheith mar thoradh ar shainiúlachtaí oibiachtúla, mar shampla difríochtaí geografacha, an modh iompair a úsáidtear, an cineál earraí nó an cineál teorann. Tá cruthú an údaráis nua sin, Údarás Custaim an Aontais, ríthábhachtach chun feidhmiú éifeachtúil leormhaith an aontais custaim a áirithiú, chun gníomhaíocht chustaim a chomhordú go lárnach agus chun tacú le gníomhaíochtaí na n-údarás custaim.

(87)

Ba cheart Údarás Custaim an Aontais a rialú agus a oibriú agus prionsabail an Ráitis Chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 á gcur san áireamh.

(88)

Agus suíomh Údarás Custaim an Aontais á roghnú acu, áiritheoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i bhfianaise chineál an údaráis sin, go gcuirfidh a shuíomh ar a chumas a chúraimí agus a chumhachtaí a chur i gcrích go hiomlán, foireann ardcháilithe agus speisialaithe a earcú agus deiseanna oiliúna leordhóthanacha a thairiscint. Ina theannta sin, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle san áireamh na critéir seo a leanas chun suíomh Údarás Custaim an Aontais a roghnú: áitreabh iomchuí a bheith ar fáil agus an cumas lóistín a fháil do na baill foirne ábhartha sula dtiocfaidh Údarás Custaim an Aontais i bhfeidhm; inrochtaineacht an tsuímh agus saoráidí leordhóthanacha oideachais a bheith ann do leanaí na mball foirne; rochtain iomchuí ar mhargadh an tsaothair, ar shlándáil shóisialta agus ar chúram leighis do leanaí agus céilí na mball foirne araon; agus cothromaíocht gheografach. I bhfianaise na gcritéar sin, ba cheart Údarás Custaim an Aontais a bheith lonnaithe in Lille na Fraince.

(89)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na hacmhainní cuí, an oiliúint chuí agus an trealamh cuí ag na húdaráis chustaim chun a misean a chomhlíonadh.

(90)

Tá sé tábhachtach go n-infheisteoidh na húdaráis chustaim i líon leordhóthanach ball foirne atá oilte go cuí chun feidhmiú chórais chustaim an Aontais a ráthú, córais a bhfuil méadú as cuimse ar an éileamh rompu. Mura ndéantar an infheistíocht is gá san fhoireann, ní féidir le réitigh dhigiteacha a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do na hinfheistíochtaí i gcórais dhigiteacha cistiú leordhóthanach a ráthú don fhoireann agus a n-oiliúint chun na scileanna is gá a áirithiú maidir le trealamh úrscothach a úsáid, agus teicneolaíocht le haghaidh anailísíocht, brath agus rialuithe mórshonraí agus, dá bhrí sin, chun a ráthú go ndéanfar rialuithe custaim go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.

(91)

Ba cheart ionadaí a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta chun feidhmiú éifeachtach Údarás Custaim an Aontais a áirithiú. Ba cheart urraim a léiriú do phrionsabail na cothromaíochta inscne i gcomhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta, lena n-áirítear an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach a roghnú, agus ba cheart taithí agus cáilíochtaí ábhartha a chur san áireamh freisin. I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais maidir leis an aontas custaim, agus an dlúthnaisc idir réimsí custaim agus réimsí beartais eile, ba cheart an Cathaoirleach nó an Leas-Chathaoirleach a thoghadh as measc chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta arna n-ainmniú ag an gCoimisiún. Chun feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil Údarás Custaim an Aontais a áirithiú, ba cheart don Bhord Bainistíochta, go háirithe, doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh lena n-áirítear clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil, a fheidhmeanna maidir le buiséad Údarás Custaim an Aontais a dhéanamh, tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais a ghlacadh agus a fhoilsiú, agus a áirithiú nach ndéantar faisnéis íogair a nochtadh, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás a ghlacadh, Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, agus nósanna imeachta a bhunú maidir le cinntí a bheith á ndéanamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhaineann le cúraimí oibríochtúla Údarás Custaim an Aontais. Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

(92)

Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais an Bord Comhairleach Custaim a bhunú, ar a mbeidh sé de chúram comhairle a sholáthar d’Údarás Custaim an Aontais maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí teicniúla agus cinntí, maidir le saincheisteanna cur chun feidhme agus caighdeánaithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhchuibhithe, maidir le gnéithe oibríochtúla na reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, agus maidir le haon ghníomhaíocht eile de chuid Údarás Custaim an Aontais. Ba cheart don Bhord Comhairleach Custaim féachaint le hionadaíocht chothrom na bpáirtithe leasmhara a bhaint amach idir leasanna tráchtála agus neamhthráchtála agus, laistigh den chatagóir leasanna tráchtála, maidir le fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide agus gnóthais eile. Ba cheart comhairle a fháil go rialta ón mBord Comhairleach Custaim agus ba cheart don bhord sin a bheith in ann comhairle a sholáthar d’Údarás Custaim an Aontais ar a thionscnamh féin.

(93)

Chun feidhmiú éifeachtach Údarás Custaim an Aontais a áirithiú, ba cheart buiséad neamhspleách a dheonú dó a dtiocfaidh an t-ioncam lena aghaidh as buiséad ginearálta an Aontais agus as aon ranníocaíocht dheonach airgeadais ó na Ballstáit. In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, ba cheart Údarás Custaim an Aontais a bheith in ann ioncaim bhreise a fháil freisin trí chomhaontuithe ranníocaíochta nó deontais, agus trí luach a iarraidh ar na foilseacháin agus aon seirbhís eile a sholáthraíonn sé.

(94)

Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil dó maidir le dúshláin a bhaineann le reachtaíocht chustaim agus reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm chun measúnú ar bhagairtí a dhéanamh go tréimhsiúil. Ar bhonn an mheasúnaithe sin ar bhagairtí, ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais moltaí a ullmhú agus iad a tharchur chuig an gCoimisiún. Bunaithe ar na moltaí siúd, ba cheart don Choimisiún réimsí a shainaithint nach mór tosaíocht a thabhairt dóibh. Tá sé tábhachtach go mbeidh plé polaitiúil straitéiseach ag an gComhairle maidir leis na réimsí sin nach mór tús áite a thabhairt dóibh agus go soláthróidh Údarás Custaim an Aontais obair leantach iomchuí, lena n-áirítear nuair a ullmhóidh sé a chlár oibre bliantúil agus ilbhliantúil agus an tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhaíochtaí.

(95)

Chun a misean a bhaint amach, ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais agus do na húdaráis chustaim dlúthchomhar tráthrialta a dhéanamh leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, na húdaráis sláintíochta agus fíteashláintíochta, na comhlachtaí agus na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis bainistithe teorainneacha, na comhlachtaí cosanta comhshaoil, na húdaráis staidrimh agus na húdaráis cánach, na saineolaithe maidir le maoin chultúir agus roinnt mhaith údaráis eile atá i gceannas ar bheartais earnálacha. I bhfianaise na forbartha a tháinig ar an margadh aonair agus atá ag teacht ar an ról custaim, agus i bhfianaise an mhéadaithe ar thoirmisc agus srianta agus ar an ríomhthráchtáil, is gá an comhar sin a struchtúrú agus a threisiú ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. In ionad comhair a bhíonn dírithe ar choinsíneachtaí aonair nó teagmhais shonracha ar feadh an tslabhra soláthair, ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais creat tacaíocht a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta le haghaidh an chomhair a dhéantar idir údaráis chustaim agus údaráis eile atá freagrach as réimsí ábhartha beartais. Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh sa chomhar sin: reachtaíocht agus riachtanais bheartais i réimsí ar leith a fhorbairt; faisnéis a mhalartú agus anailís a dhéanamh uirthi; straitéis fhoriomlán comhair a fhorbairt i bhfoirm straitéisí maoirseachta comhpháirteacha; comhar maidir le cur chun feidhme oibríochtúil, faireachán agus rialuithe; scileanna agus dea-chleachtais ábhartha a mhalartú; agus gníomhaíochtaí nuálaíochta agus taighde i réimsí a bhaineann le cúrsaí custaim.

(96)

Cuid den reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún a cur i bhfeidhm a éascú freisin trí liosta a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de reachtaíocht AE lena bhforchuirtear ceanglais maidir le hearraí atá faoi réir rialuithe custaim arb é is aidhm dóibh leasanna poiblí, amhail sláinte agus beatha an duine, ainmhithe nó plandaí, tomhaltóirí agus an comhshaol, a chosaint.

(97)

Chun an comhar idir na húdaráis chustaim a neartú, ba cheart iarrachtaí comhpháirteacha oibríochtúla a fheabhsú chun tacú le rialuithe éifeachtacha custaim ag teorainneacha an Aontais. Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais an comhordú oibríochtúil sa chomhar custaim a chomhordú agus tacú leis, lena n-áirítear i réimse na bainistíochta riosca. Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, na rialuithe comhpháirteacha a dhéanfaidh na húdaráis chustaim laistigh den Aontas agus le tríú tíortha a phleanáil, a eagrú agus a chomhordú. I gcomhthéacs an chomhair idir na húdaráis chustaim laistigh den Aontas, tá an Rialachán seo gan dochar don Choinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le cúnamh frithpháirteach agus comhar idir riaracháin chustaim (27) (Napoli II). Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais an comhar is gá a choinneáil ar bun leis na húdaráis ábhartha de chuid an Aontais agus náisiúnta a dhéanann imscrúduithe ábhartha agus gníomhaíochtaí frithchalaoise, lena n-áirítear OLAF agus OIPE. Tá sé tábhachtach go n-oibreoidh Údarás Custaim an Aontais i gcomhar freisin le Mol Nuálaíochta an Aontais maidir leis an tSlándáil Inmheánach i gcás inarb ábhartha do ghníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais.

(98)

Ina theannta sin, chun dea-chleachtais a mhalartú agus éifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, arna iarraidh sin, oifigigh chustaim a chur ar fáil go sealadach chun oibriú in údaráis chustaim Ballstáit eile. Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann téarmaí agus coinníollacha na bpost sealadach sin a chinneadh. Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais, arna iarraidh sin, tacaíocht nó comhordú a sholáthar. I gcás inarb iomchuí, is féidir leis treoraíocht nó socruithe samhla a fhorbairt chun an cineál sin comhair a éascú.

(99)

Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais agus do Europol a bheith in ann faisnéis straitéiseach agus faisnéis neamhoibríochtúil eile, amhail táscairí riosca, a mhalartú, i gcás inar gá sin chun coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus cineálacha coireachta a dhéanann difear do leas comhchoiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. D’fhéadfadh Údarás Custaim an Aontais faisnéis den sórt sin a úsáid chun críocha anailíse riosca.

(100)

Chun soiléireacht a mhéadú agus an creat comhair idir na húdaráis chustaim agus chomhpháirtíochta eile a dhéanamh níos éifeachtúla, ba cheart a shainiú go soiléir, le liosta de na seirbhísí a chuireann na húdaráis chustaim ar fáil, an ról a d’fhéadfadh a bheith ag na húdaráis chustaim chun beartais ábhartha eile a chur i bhfeidhm ag teorainneacha an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chreata comhair. Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais dul i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, OLAF, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile an Aontais, amhail Europol, OIPE agus Frontex chomh maith le gníomhaireachtaí agus líonraí speisialaithe sna réimsí beartais atá ábhartha do ghníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais, mar shampla Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí.

(101)

I ndomhan atá ag éirí níos idirnasctha i gcónaí, is gnéithe tábhachtacha d’obair údarás custaim ar fud an domhain iad taidhleoireacht chustaim agus comhar idirnáisiúnta. Ba chearta bheith in ann, trí bhíthin an chomhair idirnáisiúnta, sonraí custaim a mhalartú, faoi réir faisnéis rúnda a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta nó reachtaíocht uathrialach an Aontais agus trí mhodhanna cumarsáide iomchuí, slána agus faoi dhianmhaoirseacht, mar shampla Mol Sonraí Custaim an Aontais.

(102)

Tá an comhar éifeachtach idir tíortha comharsanachta fíor-riachtanach chun feidhmiú rianúil na n-oibríochtaí custaim, éascú na trádála dlisteanaí, agus cosaint leasanna airgeadais agus bheartais airgeadais an Aontais a áirithiú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcomhar sin ag pointí trasnaithe teorann custaim comhroinnte, áit a gcuireann rialuithe custaim comhordaithe feabhas ar an éifeachtúlacht agus ar an deimhneacht dhlíthiúil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an acmhainneacht a choinneáil chun comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích nó a choinneáil ar bun le tríú tíortha comharsanachta maidir leis an gcomhar custaim ag pointí trasnaithe teorann roinnte, má tá na comhaontuithe sin i gcomhréir le dlí an Aontais. Áirítear san acmhainneacht sin comhaontuithe a bhaineann le pointí trasnaithe teorann roinnte, atá suite ar chríoch Bhallstáit nó i gcríoch tríú tír chomharsanachta, ina gcuireann údaráis chustaim an Bhallstáit sin agus an tríú tír chomharsanachta sin a reachtaíocht chustaim faoi seach i bhfeidhm de bhun comhaontú déthaobhach.

(103)

Ba cheart creat comhchoiteann a leagan síos sa Rialachán seo lena mbunaítear liosta íosta de sháruithe reachtaíochta custaim atá faoi réir pionós agus rialacha áirithe maidir le pionóis neamhchoiriúla, a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit. Is faoi na Ballstáit atá sé an cineál iomchuí birt a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin. Is iomchuí freisin liosta íosta imthosca a bhunú ar cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt orthu, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus cinneadh á dhéanamh acu an ceart pionós a fhorchur agus maidir le cineál nó déine an phionóis sin. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart na bhforálacha sin, de réir mar is iomchuí. Ba cheart na pionóis i leith sáruithe reachtaíochta custaim a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(104)

Leis an Rialachán seo ní dhéantar rialacha náisiúnta nós imeachta maidir leis na pionóis riaracháin a chomhchuibhiú, ná ní rialaítear leis cé na húdaráis a fhorchuireann na pionóis, fad a choinnítear an prionsabal ar bun go bhfuil na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Mar shampla, is féidir na rialacha maidir le pionóis a chur i bhfeidhm ar bhealach a fhágann gurb iad na húdaráis inniúla a fhorchuirfidh an pionós go díreach, nó gur cúirt náisiúnta inniúil a fhorchuirfidh é ar iarratas arna dhéanamh ag údarás riaracháin inniúil, nó gurb iad na húdaráis chustaim inniúla a fhorchuirfidh é trí nós imeachta socraíochta, agus éifeacht choibhéiseach ag gach ceann acu sin.

(105)

I bhfianaise an ról lárnach a bhíonn ag allmhaireoirí le haghaidh ciandíola maidir le méideanna móra allmhairí ar luach íseal a eagrú, lena n-áirítear trí ardáin agus suíomhanna gréasáin ar líne, is gá creat pionós comhleanúnach, comhréireach agus athchomhairleach a bhunú a mbeidh feidhm aige i gcás nach gcomhlíonann allmhaireoirí le haghaidh ciandíola a n-oibleagáidí. Go háirithe más ann do neamhchomhlíonadh leanúnach córasach na reachtaíochta custaim i gcás ciandíola, ba cheart pionóis athchomhairleacha éifeachtacha a bheith ann. Mar gheall ar mhéid, raon trasteorann agus tionchar forleathan an neamhchomhlíonta chórasaigh, tá údar maith ann go socrófaí sa Rialachán seo íosleibhéil agus uasleibhéil dhiana de phionóis airgid, bunaithe ar luach iomlán na n-earraí a allmhairíonn an t-oibreoir eacnamaíoch neamhchomhlíontach chuig an Aontas, agus an deis á caomhnú ag an am céanna do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis bhreise ina reachtaíocht náisiúnta. Trí chomhchuibhiú na bpionós as neamhchomhlíonadh córasach ar fud an Aontais, cuirfear cosc ar oibreoirí eacnamaíocha ‘siopadóireacht trasteorann’ a dhéanamh agus iad i mbun ciandíolacháin. Ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a ghabhann do neamhchomhlíonadh córasach a aicmiú mar oibreoirí eacnamaíocha ardriosca agus ba cheart dóibh aon stádas trádála iontaofa agus aon bheart éascaithe a chailleadh.

(106)

I gcás ina leanann neamhchomhlíonadh córasach ar aghaidh d’ainneoin na dtáillí airgeadais a fhorchuirtear a bheith ag éirí níos déine de réir a chéile, ba cheart pionóis bhreise a fhorchur. Tá gá leis sin mar gheall ar neamhaird leanúnach ar oibleagáidí faoin Rialachán seo, a bhaineann an bonn de shláine an aontais custaim agus an mhargaidh inmheánaigh, a chruthaíonn buntáistí iomaíocha éagóracha d’oibreoirí eacnamaíocha neamhchomhlíontacha, agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thomhaltóirí. Dá réir sin, agus d’fhonn misean na n-údarás custaim a chomhlíonadh, tá sraith bhreise pionós dian le cur i bhfeidhm chun an neamhchomhlíonadh ilchórasach sin a dhíspreagadh. Mar fhreagairt ar an iompraíocht sin, ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith in ann scaoileadh i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí i gcás na n-earraí uile a allmhairíonn oibreoir eacnamaíoch i gciandíolacháin. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha agus i gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar chineál an tsáraithe chórasaigh bhreise sin, ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha a bheith in ann rochtain ar an gcomhéadan ar líne atá ag an oibreoir eacnamaíoch a rinne an sárú a chur ar fionraí go sealadach. Chuige sin, trí fhaisnéis faoin sárú a tharchur go tráthúil chuig na húdaráis ábhartha, ba cheart é a chur a gcumas dóibh léargas iomlán a fháil maidir leis an staid agus freagairt chomhordaithe a áirithiú.

(107)

Chun faireachán éifeachtach agus leibhéal iomchuí trédhearcachta a chumasú, ba cheart na taifid ar na pionóis neamhchoiriúla uile arna bhforchur ag údaráis chustaim na mBallstát a chur ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais. Ba cheart a léiriú sna taifid sin cineál an tsáraithe agus méid an dtáillí airgeadais a forchuireadh nó sainaithint aon phionóis neamhchoiriúil eile a cuireadh. Ba cheart don chóras láraithe sin na sonraí is gá a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar chleachtais forfheidhmiúcháin agus chun saobhadh margaidh nó cleachtais ‘siopadóireacht teorann’ a d’fhéadfadh a bheith á ndéanamh ag oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint.

(108)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le sáruithe agus pionóis chun feidhmiú agus cur i bhfeidhm cuí na bhforálacha sin a áirithiú agus chun cosc a chur ar ilroinnt fhéideartha an mhargaidh inmheánaigh nó ar sheachaint dlínse a bheith á déanamh ag oibreoirí eacnamaíocha. Ba cheart an t-athbhreithniú sin a dhéanamh tar éis measúnú a dhéanamh ar na sonraí maidir le pionóis arna dtaifeadadh i Mol Sonraí Custaim an Aontais, go háirithe i gcás ina sainaithnítear rioscaí go mbeadh éagothromaíochtaí nó saobhadh sa mhargadh inmheánach. Tá sé tábhachtach cothrom iomaíochta a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar aon bhearnaí rialála nó neamhréireachtaí i gcur i bhfeidhm na bpionós.

(109)

I gcás ina sáraítear an reachtaíocht chustaim a thagann faoi dhlínse níos mó ná Ballstát amháin, is gá do na Ballstáit sin comhar a dhéanamh ina leith. Sna cásanna sin, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an sárú céanna reachtaíochta custaim comhoibriú i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Ba cheart an deis a bheith ag Údarás Custaim an Aontais tacú leis an gcomhar sin agus é a éascú.

(110)

Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an aontais custaim ar bhonn bliantúil ar a laghad chun caoi a thabhairt don Choimisiún, le cuidiú na mBallstát, na beartais a threoshuíomh mar is iomchuí. Is féidir leis an gCoimisiún leagan neamhrúnda den tuarascáil mheastóireachta a fhoilsiú. Ba cheart bailiú faisnéise ó údaráis chustaim a chur ar bhonn foirmiúil agus a dhoimhniú, toisc go gcuirfeadh tuilleadh tuairiscithe chuimsithigh feabhas ar an tagarmharcáil agus d’fhéadfadh sé cuidiú le cleachtais a dhéanamh aonchineálach agus le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn cinntí beartais custaim. Is iomchuí dá bhrí sin creat dlíthiúil a thabhairt isteach le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an aontais custaim. Chun go mbeidh an ghráinneacht anailíse leordhóthanach, ba cheart tomhas feidhmíochta na ngníomhaíochta custaim a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil freisin.

(111)

Ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais tacú leis an gCoimisiún sa phróiseas meastóireachta trí na sonraí a bhailiú i Mol Sonraí Custaim an Aontais agus anailís a dhéanamh orthu ann agus trína shainaithint conas a thacaíonn gníomhaíochtaí agus oibríochtaí custaim le gnóthú cuspóirí straitéiseacha agus tosaíochtaí an aontais custaim agus conas a rannchuidíonn siad le misean na n-údarás custaim. Go sonrach, ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais príomhthreochtaí, láidreachtaí, laigí, bearnaí agus rioscaí ionchasacha a shainaithint, agus moltaí maidir le feabhas a sholáthar don Choimisiún. I gcomhthéacs an chomhair le húdaráis forfheidhmithe dlí go háirithe, ba cheart d’Údarás Custaim an Aontais a bheith rannpháirteach freisin, ó thaobh na hoibríochta de, in anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann Europol agus Frontex.

(112)

Maidir le trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, is é an Ballstát inar bunaíochta an trádálaí ba cheart maoirseacht a dhéanamh ar na trádálaithe sin. De mhaolú air sin agus faoi réir athbhreithniú, leanfaidh oibreoirí eacnamaíocha nach trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ iad de bheith faoi mhaoirseacht údarás custaim an Bhallstáit ina bhfuil na hearraí lonnaithe go fisiceach. Faoin 31 Nollaig 2031 ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an dá shamhail mhaoirseachta sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena n-éifeachtacht chun calaois a bhrath agus a chosc. Ba cheart gnéithe cánachais indírigh a bhreithniú sa mheastóireacht sin freisin. Bunaithe ar an meastóireacht sin, ba cheart an Coimisiún a bheith i dteideal cinneadh a dhéanamh trí ghníomh tarmligthe ar cheart leanúint den dá shamhail maoirseachta nó ar cheart, i ngach cás, don údarás custaim atá freagrach as áit bhunaíochta an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, na hearraí a scaoileadh. Ba cheart an áit a dtabhaítear na fiacha custaim a rialáil freisin i gcomhréir leis an gcinneadh a dhéanann an t-údarás custaim atá freagrach.

(113)

Chun a áirithiú go leanfar de rialacha custaim an Aontais a oiriúnú d’athruithe eacnamaíocha, sóisialta, polaitiúla agus teicneolaíocha agus do riachtanais na n-oibreoirí eacnamaíocha agus an riaracháin custaim, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an méid seo a leanas:

—

sonrú na bhforálacha den reachtaíocht chustaim a mbeidh feidhm acu maidir leis an trádáil earraí de chuid an Aontais lena mbaineann críocha fioscacha speisialta agus simplithe áirithe ar na forálacha sin;

—

na cásanna nach é údarás custaim an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe an t-údarás custaim inniúil;

—

i ndáil le cinntí maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim: na sonraí a theastaíonn le haghaidh iarratas agus cinntí na sonraí is gá le haghaidh iarratas agus cinntí; na coinníollacha maidir le glacadh le hiarratas ar chinneadh; eisceachtaí a bhaineann le teorainneacha ama áirithe, an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh; na cásanna nach bhfuil an cinneadh bailí gan teorainn ama; an tréimhse don iarratasóir chun a cheart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú; rialacha a bhaineann leis na cásanna nach bhfuil feidhm ag ceart an iarratasóra éisteacht a fháil; an giorrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na teorainneacha ama maidir le cinntí custaim a ghlacadh nuair a bheidh Mol Sonraí Custaim an Aontais oibríochtúil; rialacha mionsonraithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chinntí; na cásanna ina mbeidh athmheasúnú le déanamh ar chinneadh agus na rialacha gaolmhara; na cásanna inar féidir cinneadh fabhrach a chúlghairm i leith duine nach duine neamhchomhlíontach é agus inar féidir éifeacht na cúlghairme nó an leasaithe a chur siar; agus na rialacha maidir le cinntí ón gCoimisiún a ghlacadh lena n-iarrtar ar na Ballstáit cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach a chúlghairm;

—

méid tháille láimhseála an Aontais le haghaidh ciandíola;

—

na híoscheanglais sonraí agus na cásanna sonracha chun oibreoirí eacnamaíocha agus daoine áirithe eile a chlárú leis na húdaráis chustaim agus chun an clárú sin a chur ó bhailíocht;

—

na simplithe agus na bearta éascaithe d’oibreoirí eacnamaíocha údaraithe;

—

maidir leis an ionadaí custaim, na cásanna ina dtarscaoilfear an ceanglas a bheith bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais;

—

feidhmiúlachtaí Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh agus na sonraí atá faoi réir inaistritheacht ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh go córais náisiúnta; soiléiriú agus comhlánú a dhéanamh ar na críocha ar lena n-aghaidh a údaraítear na húdaráis chustaim, Údarás Custaim an Aontais agus an Coimisiún sonraí a phróiseáil; iarrataí ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a fháil; agus na sonraí a chuimsítear le Samhail Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh;

—

rialacha níos mionsonraithe i ndáil leis an stádas custaim atá ag earraí;

—

na sonraí, na coinníollacha, na teorainneacha ama agus cásanna sonracha maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta custaim, agus na cásanna inar féidir na sonraí a leasú nó a chur ó bhailíocht tar éis an scaoilte;

—

an tréimhse réasúnta ar ina diaidh a mheasfar na hearraí a bheith scaoilte ag na húdaráis chustaim i gcás nár roghnaigh siad le haghaidh rialú iad, agus na cásanna ina measfar gurb amhlaidh sin;

—

an nós imeachta chun earraí a scaoileadh thar ceann na n-údarás custaim, agus na coinníollacha, an t-ábhar agus an nós imeachta le haghaidh na rialuithe arna ndéanamh ag trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’;

—

maidir le dearbhuithe custaim: na cásanna ina bhféadfar dearbhú custaim a thaisceadh trí úsáid a bhaint as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha; na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú do thaisceadh dearbhuithe simplithe; na teorainneacha ama maidir le dearbhuithe forlíontacha a thaisceadh, na teorainneacha ama maidir leis na doiciméid tacaíochta a bheith ar fáil agus na cásanna nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid na dearbhuithe sin a thaisceadh; na cásanna inar féidir dearbhú custaim a chur ó bhailíocht gan iarratas ón dearbhóir; agus na coinníollacha maidir le húdaruithe a thabhairt don imréiteach láraithe agus maidir le taisceadh dearbhaithe custaim i bhfoirm iontrála i dtaifid an dearbhóra a údarú;

—

na cásanna inar féidir earraí a choigistiú;

—

i ndáil le réamhfhaisnéis lasta: oifig na céadiontrála a bhfuiltear ag súil léi; an réamhfhaisnéis lasta atá le soláthar nó le cur ar fáil; na teorainneacha ama; na cásanna sonracha inar féidir le daoine eile seachas an t-allmhaireoir réamhfhaisnéis lasta a sholáthar nó a chur ar fáil; na cásanna nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid na sonraí sin a sholáthar; na coinníollacha faoinar féidir le duine a sholáthraíonn réamhfhaisnéis lasta nó a chuireann ar fáil í srian a chur le hinfheictheacht shonraí na sainaitheanta; agus na sonraí i réamhfhaisnéis lasta nach féidir a leasú;

—

i ndáil le dul isteach na n-earraí i gcríoch chustaim an Aontais: na teorainneacha ama sonracha faoina bhfuil an anailís riosca le bheith déanta; na cásanna sonracha ina bhféadfaí a cheangal go dtabharfaí fógra d’oifig iarbhír na céadiontrála faoi theacht na n-earraí, i gcás atreorú, agus na daoine eile a bhféadfaí tabhairt an fhógra sin a cheangal orthu; agus na coinníollacha agus na teorainneacha ama a bhaineann le hainmniú agus formheas na n-áiteanna inar féidir earraí a thíolacadh nach iad an oifig custaim ainmnithe iad;

—

maidir le stóráil shealadach: na cásanna nach dteastaíonn faisnéis stórála sealadaí; na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim; na cásanna sonracha ina leasófar faisnéis stórála sealadaí nó ina gcuirfear ó bhailíocht í; na coinníollacha maidir le saoráidí stórála sealadaí a údarú; na cásanna agus na coinníollacha maidir le gluaiseacht earraí atá á stóráil go sealadach; agus an cineál faisnéise atá le bheith sna taifid atá le soláthar nó le cur ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais;

—

na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim chun earraí a chur faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht, nó maoluithe a bhfuil údar leo don chineál tráchta;

—

na cásanna ina measfar gur aischuireadh earraí sa staid chéanna inar onnmhairíodh iad;

—

na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim chun earraí a chur faoin nós imeachta onnmhairithe;

—

na cásanna ina bhfuil fógra ath-onnmhairithe le taisceadh agus na cásanna inar féidir é a leasú nó a chur ó bhailíocht;

—

i ndáil leis an bhfaisnéis réamhimeachta ar imeacht as críoch chustaim an Aontais dóibh: sonraí na faisnéise réamhimeachta agus na teorainneacha ama faoina bhfuil sí le bheith soláthartha nó curtha ar fáil; na cásanna nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid sin; na coinníollacha faoinar féidir leis an duine a sholáthraíonn faisnéis réamhimeachta, nó a chuireann ar fáil í, srian a chur le hinfheictheacht sonraí sainaitheanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de; agus na sonraí san fhaisnéis réamhimeachta nach féidir a leasú;

—

i ndáil le hearraí a thabhairt amach: na teorainneacha ama faoina bhfuil an anailís riosca ar an bhfaisnéis réamhimeachta le bheith déanta; agus na sonraí atá le cur in iúl don oifig custaim atá freagrach as an áit a dtugtar na hearraí amach as críoch custaim an Aontais;

—

i ndáil le nósanna imeachta speisialta: na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Aontais, an nós imeachta stórála, an nós imeachta um chead isteach sealadach, an nós imeachta úsáide deiridh, an nós imeachta próiseála isteach agus an nós imeachta próiseála amach; na coinníollacha faoina dtabharfar údarú maidir le nósanna imeachta speisialta agus na heisceachtaí orthu; na cásanna ina dtugann cineál eacnamaíoch na próiseála údar le go ndéanfaidh na húdaráis chustaim measúnú ar cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh deonú údaraithe le haghaidh nós imeachta próiseála isteach dochar do leas fíor-riachtanach tháirgeoirí an Aontais gan tuairim Údarás Custaim an Aontais a fháil; na cásanna ina meastar gur ann d’fhianaise ar an tionchar diúltach sin; an liosta earraí a mheastar a bheith íogair; na cineálacha faisnéise agus na sonraí atá le cuimsiú sna taifid agus na heisceachtaí ón oibleagáid iad a sholáthar nó a chur ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais; an tréimhse ama chun nós imeachta speisialta a urscaoileadh; na cásanna inar féidir cearta agus oibleagáidí a aistriú, agus coinníollacha agus foirm na sonraí agus na faisnéise a theastaíonn ina leith; na cásanna ina bhféadfaidh allmhaireoirí agus onnmhaireoirí earraí a cuireadh faoi nós imeachta speisialta seachas nós imeachta idirthurais nó atá i limistéar saorthrádála a ghluaiseacht agus na coinníollacha a bhaineann leis an ngluaiseacht sin; na gnáthfhoirmeacha láimhseála ar earraí a chuirtear faoi nós imeachta um stórasú custaim nó faoi nós imeachta próiseála; rialacha mionsonraithe áirithe a bhaineann le hearraí coibhéiseacha;

—

i ndáil le hidirthurais: na cásanna sonracha ina bhfuil earraí de chuid an Aontais le cur faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh; na coinníollacha maidir le húdaruithe a dheonú don choinsíneoir údaraithe agus don choinsíní údaraithe chun críocha TIR; agus na ceanglais bhreise sonraí agus na coinníollacha maidir le simplithe a údarú;

—

i ndáil le stóráil, na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú chun stóras custaim a oibriú le haghaidh ciandíola;

—

i ndáil le cead isteach sealadach: an úsáid shonrach ar faoina réir a bheidh earraí nach de chuid an Aontais iad; agus na rialacha maidir le faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach ó dhleacht a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim atá le comhlíonadh chun an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid;

—

i ndáil le próiseáil isteach, na coinníollacha maidir le hearraí a ath-onnmhairiú go sealadach chun tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu;

—

na rialacha maidir le tionscnamh neamhfhabhair a chinneadh agus na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach;

—

i ndáil leis an luach custaim a chinneadh: na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú chun cinneadh an luacha custaim a shimpliú i gcásanna sonracha; agus na sonraí a theastaíonn chun an luach custaim a chinneadh chun críoch dleachta ar onnmhairí;

—

i ndáil le fiacha custaim a bhunú: rialacha mionsonraithe maidir le ríomh an mhéid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is infheidhme maidir le hearraí a bhfuil fiach custaim arna thabhú ina leith i gcomhthéacs nós imeachta speisialta; an teorainn ama shonrach ar laistigh di nach féidir an áit ar tabhaíodh an fiach custaim a chinneadh má cuireadh na hearraí faoi nós imeachta custaim nár urscaoileadh nó i gcás nár cuireadh deireadh mar is ceart le stóráil shealadach; na cásanna ina ndíolmhaítear na húdaráis chustaim ó fhógra a thabhairt faoin bhfiach custaim; agus an fhaisnéis atá le soláthar ag trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ agus ag allmhaireoirí le haghaidh ciandíola chun críoch fógraí maidir le fiach custaim;

—

i ndáil le ráthaíochtaí: na cásanna sonracha nach gceanglaítear aon ráthaíocht a thabhairt maidir le hearraí arna gcur faoin nós imeachta um chead isteach sealadach agus an tairseach ag a dtarscaoiltear ráthaíocht a thabhairt; na rialacha lena gcinntear foirm na ráthaíochta seachas aon mhodh íocaíochta arna aithint ag na húdaráis chustaim agus gealltanas a thugann ráthóir; na foirmeacha le haghaidh na ráthaíochta agus na rialacha is infheidhme maidir leis an ráthóir; na coinníollacha chun údarú a dheonú le ráthaíocht chuimsitheach de mhéid laghdaithe a úsáid nó le tharscaoileadh ráthaíochta a dheonú; agus na teorainneacha ama chun ráthaíocht a scaoileadh;

—

i ndáil le fiacha custaim a íoc: cur ar fionraí na teorann ama chun méid na dleachta a íoc ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach leis na fiacha custaim agus maidir leis an tréimhse fionraí a chinneadh; nuashonrú na dtairseacha ar faoina mbun nach ngearrann údaráis chustaim ús creidmheasa ná ús ar riaráistí, agus ar os a gcionn a bhíonn orthu méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh; na rialacha nach mór don Choimisiún a chomhlíonadh agus cinneadh á dhéanamh maidir le haisíocaíocht agus loghadh féich custaim; agus, chun fiacha custaim a mhúchadh, liosta na dteipeanna nach raibh éifeacht shuntasach acu ar oibriú ceart na stórála sealadaí nó ar an nós imeachta custaim lena mbaineann;

—

na coinníollacha agus na nósanna imeachta ar dá réir is féidir Ballstát a chumhachtú chun comhaontú dhéthaobhach a choinneáil ar bun le tríú tíortha maidir le malartú sonraí, nó caibidlíocht a thosú le tríú tír maidir leis an gcomhaontú sin;

—

maidir le pionóis i gcás ciandíola: líon substainteach na rialuithe custaim atá le déanamh ag údaráis inniúla agus tairseach na gcásanna bunaithe ar thromchúis an tsáraithe a mheastar a bheith ionadaíoch a dhóthain chun an teip chórasach sin a shuí, chun neamhchomhlíonadh córasach a chinneadh ar bhealach aonfhoirmeach agus éifeachtach agus chun ardleibhéal comhlíontachta a áirithiú agus chun dul i ngleic le teipeanna córasacha, agus tosca á gcur san áireamh amhail méid agus tionchar sonrach na gciandíolachán, na rioscaí do shábháilteacht an tomhaltóra, an chomhréireacht, samhlacha gnó éagsúla, agus an gá atá le leasanna airgeadais agus neamhairgeadais an Aontais agus a Bhallstát a chosaint;

—

na maoluithe chun an oifig custaim atá inniúil as maoirseacht a dhéanamh ar na hearraí a bheith á gcur faoi nós imeachta custaim agus as an áit a dtarlaíonn an fiach custaim a shainaithint, i bhfianaise an mheasúnaithe atá le déanamh ag an gCoimisiún ar éifeachtacht na maoirseachta custaim a bhunaítear leis an Rialachán seo.

(114)

Tá sé an-tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, lena n-áirítear an Grúpa Teagmhála maidir leis an Trádáil, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (28).

(115)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart gníomhartha cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le comhar idir údaráis chustaim i ndáil leis na rialuithe;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le hiarratas ar chinneadh custaim a chur isteach agus a ghlacadh, agus maidir leis na cinntí sin a dhéanamh;

—

na rialacha a leagan síos maidir le cinntí fabhracha custaim a neamhniú;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le cinntí fabhracha custaim a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a leasú;

—

cinntí a ghlacadh lena n-iarrtar ar Bhallstáit cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach a chúlghairm;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le leas a bhaint as cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach nuair nach bhfuil sé bailí níos mó nó nuair a dhéantar é a chúlghairm agus maidir le fógra a thabhairt do na húdaráis chustaim go gcuirtear glacadh na gcinntí sin ar fionraí agus maidir leis an bhfionraí sin a tharraingt siar;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le táille láimhseála an Aontais a bhailiú ón oibreoir eacnamaíoch;

—

na rialacha a leagan síos maidir le comhshó airgeadra;

—

na nósanna imeachta a leagan síos maidir le hiarrataí ar shonraí custaim atá comhiomlán, neamhrúnda, neamhphearsanta agus nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de, a chuirtear faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát nó Údarás Custaim an Aontais agus maidir le foirm agus catagóirí na sonraí is féidir a chur ar fáil arna iarraidh sin;

—

rialacha a leagan síos chun a chinneadh cén t-údarás custaim atá freagrach as clárú oibreoirí eacnamaíocha agus daoine áirithe eile;

—

rialacha nós imeachta a leagan síos le haghaidh na gcomhairliúchán maidir le cinneadh a dhéanamh faoi stádas oibreoirí eacnamaíocha údaraithe;

—

na módúlachtaí a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar chun stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe agus trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a dheonú, agus cinntí aonair maidir leis an stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a chur ar fionraí nó a chúlghairm i gcás nach soláthraíonn an t-údarás inniúil faisnéis d’Údarás Custaim an Aontais chun an stádas sin a fhíorú, nó i gcás nach leor an ghníomhaíocht a rinneadh ar bhonn an mholta ó Údarás Custaim an Aontais;

—

na rialacha a leagan síos maidir leis an gcomhairliúchán le húdaráis eile chun stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a chinneadh, maidir le hathmheasúnú ar an stádas sin agus ar chomhairliúcháin ghaolmhara, agus maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí faireacháin gaolmhara;

—

na socruithe teicniúla a leagan síos le haghaidh na gcóras ríomhchustaim atá ann faoi láthair agus clár oibre a leagan síos chun deireadh a chur leo de réir a chéile agus chun Mol Sonraí Custaim an Aontais a chéimniú isteach;

—

rialacha agus módúlachtaí a leagan síos maidir leis an bpróiseáil sonraí i Mol Sonraí Custaim an Aontais;

—

módúlachtaí a leagan síos do OIPE chun sonraí a iarraidh agus a fháil ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh;

—

módúlachtaí a leagan síos do Europol agus Frontex chun sonraí atá i Mol Sonraí Custaim an Aontais a iarraidh agus a fháil, an nós imeachta chun na hiarrataí sin a fhíorú a bhunú, srianta agus dliteanais a shonrú maidir leis na sonraí sin a aistriú ar aghaidh agus, más gá, a cheangal ar an údarás iarrthach pointe teagmhála sonrach, duine sonrach nó daoine sonracha a ainmniú nó coimircí breise a sholáthar;

—

róil na gcomhrialaitheoirí a bhunú a mhéid a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí i Mol Sonraí Custaim an Aontais agus an gaol atá acu le hábhair sonraí;

—

coimircí a leagan síos chun cosc a chur ar mhí-úsáid sonraí pearsanta atá faoi réir srianta, ar rochtain neamhdhleathach orthu nó ar tharchur na sonraí sin;

—

na socruithe teicniúla le haghaidh na hidir-inoibritheachta agus le haghaidh nascadh maidir le Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh a leagan síos;

—

údarú eisceachtúil sealadach a thabhairt do na Ballstáit seirbhísí leictreonacha nó córais leictreonacha a úsáid seachas na seirbhísí nó na córais sin a chuirtear chun feidhme i Mol Sonraí Custaim an Aontais;

—

bearta a leagan síos chun a áirithiú go ndéanfar rialuithe custaim agus bainistíocht riosca a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú agus limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca a bhunú;

—

bearta a leagan síos maidir le fíorú na sonraí a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil, scrúdú agus sampláil earraí, torthaí an fhíoraithe, agus sainaithint;

—

na bearta agus modheolaíochtaí iomchuí a leagan síos a mbeidh feidhm acu maidir le rialuithe iarscaoilte;

—

an liosta de na calafoirt nó na haerfoirt a shonrú ina bhfuil na rialuithe agus na foirmiúlachtaí custaim le déanamh ar bhagáiste cábáin agus ar bhagáiste boilg;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos chun modh cruthúnais stádais custaim earraí de chuid an Aontais a sholáthar agus a fhíorú;

—

na rialacha nós imeachta a shonrú maidir leis na sonraí chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim a leasú nó a chur ó bhailíocht;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir leis an dearbhú custaim a thaisceadh i gcás ina mbaintear úsáid as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha agus maidir leis na hoifigí custaim inniúla a chinneadh;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le dearbhú custaim caighdeánach, dearbhú simplithe agus dearbhú forlíontach a thaisceadh;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le dearbhú custaim a thaisceadh sula dtíolacfar na hearraí do lucht custaim, maidir le dearbhú custaim a ghlacadh, maidir le dearbhú custaim a leasú nó a chur ó bhailíocht tar éis scaoileadh na n-earraí, maidir le himréiteach láraithe agus maidir le dearbhú custaim a thaisceadh i bhfoirm iontráil i dtaifid an dearbhóra;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le hearraí a dhíol agus a dheonú, maidir le hearraí a scriosadh agus maidir le hearraí a thréigean leis an Stát;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir leis an réamhfhaisnéis lasta a sholáthar, a fháil, a leasú agus a chur ó bhailíocht agus maidir le bearta maolaithe;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le fógra a thabhairt faoi theacht;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le hearraí a thíolacadh go fisiciúil do lucht custaim;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le faisnéis stórála sealadaí a thaisceadh, a leasú agus a chur ó bhailíocht agus maidir le gluaiseacht earraí idir saoráidí stórála sealadaí;

—

na rialacha nós imeachta maidir le soláthar na faisnéise lena suitear gur comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí i ndáil le hearraí aischurtha agus maidir le fianaise a sholáthar gur comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí i gcás táirgí iascaireachta mara agus táirgí eile a thógtar as an bhfarraige;

—

rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le honnmhairiú agus imeacht;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le fógra ath-onnmhairithe a thaisceadh, a leasú nó a chur ó bhailíocht;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis réamhimeachta a sholáthar, a chur ar fáil, a ghlacadh, a leasú agus a chur ó bhailíocht agus maidir le treoir a thabhairt don duine a sholáthair an fhaisnéis réamhimeachta nach bhfuil na hearraí le luchtú ná le hiompar;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le húdarú a dheonú chun nósanna imeachta speisialta a úsáid nó saoráidí stórála a oibriú chun earraí a stórasú le haghaidh custaim, na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir leis na dálaí eacnamaíocha a scrúdú, lena n-áirítear chun tuairim réasúnaithe ó Údarás Custaim an Aontais a eisiúint lena ndéantar measúnú ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann deonú údaraithe chun nós imeachta próiseála isteach nó amach a úsáid dochar do leasanna bunriachtanacha tháirgeoirí an Aontais, agus rialacha a leagan síos maidir leis an gcainníocht a chinneadh agus a fhaireachán ar os a chionn a dhéantar an dochar sin;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le nós imeachta speisialta a urscaoileadh agus maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a aistriú, maidir le gluaiseacht earraí agus úsáid earraí coibhéiseacha i gcomhthéacs na nósanna imeachta speisialta;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha na n-ionstraimí idirnáisiúnta idirthurais i gcríoch chustaim an Aontais;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta idirthurais san Aontas agus maidir le hurscaoileadh an nós imeachta sin, oibriú simplithe an nós imeachta sin agus maoirseacht chustaim na n-earraí a thaistealaíonn trí chríoch tríú tír faoi nós imeachta idirthurais seachtrach an Aontais;

—

an nós imeachta a leagan síos maidir le hearraí a chur faoin nós imeachta stórasaithe custaim nó faoin nós imeachta saorchreasa;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir leis na coinníollacha chun earraí atá beartaithe le haghaidh ciandíola a chur faoin nós imeachta stórasaithe custaim i stóras custaim le haghaidh ciandíola;

—

bearta a leagan síos maidir le bainistiú aonfhoirmeach an chuóta taraife agus cuótaí eile agus na n-uasteorainneacha taraife agus maidir le bainistiú an fhaireachais chustaim ar scaoileadh earraí sa tsaorchúrsaíocht nó lena n-onnmhairiú;

—

rangú earraí de réir taraife a chinneadh;

—

rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le cruthúnas a sholáthar agus a fhíorú i ndáil le tionscnamh neamhfhabhrach earraí;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le hearraí de thionscnamh fabhrach agus bearta lena ndeonaítear do thír thairbhíoch nó do chríoch thairbhíoch maolú sealadach ó na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach earraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha arna nglacadh go haontaobhach ag an Aontas;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos chun tionscnamh earraí sonracha a chinneadh;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le luach custaim na n-earraí a chinneadh;

—

bearta a leagan síos lena mbunaítear an modh iomchuí luachála custaim nó na critéir a bheidh le húsáid chun luach custaim earraí a chinneadh i gcásanna sonracha, lena n-áirítear an ciandíol;

—

na nósanna imeachta a leagan síos maidir le ráthaíochtaí a sholáthar, a méid a chinneadh, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a scaoileadh, agus maidir le cúlghairm agus cealú gealltanais arna thabhairt ag ráthóir;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos lena gcuirtear toirmeasc ar bhonn sealadach a bhaineann leis an úsáid a bhaintear as ráthaíochtaí cuimsitheacha;

—

bearta a leagan síos chun cúnamh frithpháirteach a áirithiú idir údaráis chustaim i gcás ina dtabhófar fiach custaim;

—

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le haisíocaíocht agus seoladh méid dleachta ar allmhairí agus ar onnmhairí, maidir leis an gCoimisiún a chur ar an eolas faoi aisíocaíocht agus loghadh, agus maidir leis na cinntí atá le glacadh ag an gCoimisiún i dtaobh aisíocaíochta nó seolta;

—

na gníomhaíochtaí agus na socruithe a ghníomhachtú ar gá iad a chur i bhfeidhm i gcás géarchéime;

—

stádas neamhspleách Údarás Custaim an Aontais a shonrú agus cúraimí agus freagrachtaí mionsonraithe Iniúchóir Sonraí Údarás Custaim an Aontais a leagan síos;

—

na Ballstáit a údarú chun comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh le tríú tíortha maidir le malartú faisnéise chun críche comhair custaim;

—

na sonraí a shonrú atá le soláthar ag na Ballstáit d’Údarás Custaim an Aontais chun críche measúnaithe agus tuairiscithe, chomh maith le leibhéal rúndachta na sonraí, agus dearadh an tomhais feidhmíochta.

Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

(116)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun an méid seo a leanas a ghlacadh:

—

gníomhartha cur chun feidhme lena n-iarrtar ar Bhallstáit cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach a chúlghairm, ós rud é nach ndéanfaidh na cinntí sin difear ach d’aon Bhallstát amháin agus ag díriú ar chomhlíonadh na reachtaíochta custaim a áirithiú;

—

gníomhartha cur chun feidhme maidir le méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh ós rud é go ndéanfaidh na cinntí sin difear go díreach don iarratasóir i gcás na haisíocaíochta nó an tseolta sin;

—

gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear stádas neamhspleách Iniúchóir Sonraí Údarás Custaim an Aontais agus lena leagtar síos na cúraimí agus na freagrachtaí mionsonraithe atá ag an duine sin;

—

gníomhartha cur chun feidhme lena n-údaraítear do Bhallstát comhaontú déthaobhach a dhéanamh maidir le malartú faisnéise chun críche comhair custaim, ós rud é nach ndéanann na comhaontuithe déthaobhacha sin difear ach d’aon Bhallstát amháin.

(117)

I gcásanna a mbeidh údar cuí leo agus ina n-éileoidh mórchúiseanna práinne é, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme a ghlacadh gan mhoill i ndáil leis an méid seo a leanas:

—

bearta a leagan síos chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialuithe custaim agus na bainistíochta riosca, lena n-áirítear faisnéis agus anailís riosca a mhalartú, limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca;

—

rangú earraí de réir taraife a chinneadh;

—

tionscnamh earraí a chinneadh;

—

an modh iomchuí luachála custaim a bhunú nó na critéir a bhunú a bheidh le húsáid chun luach custaim earraí a chinneadh i gcásanna sonracha, lena n-áirítear an ciandíol;

—

toirmisc shealadacha a bhaineann le húsáid ráthaíochtaí cuimsitheacha;

—

na gníomhaíochtaí agus na socruithe a ghníomhachtú ar gá iad a chur i bhfeidhm i gcás géarchéime;

—

an chumhacht a thabhairt go tapa do Bhallstát chun comhaontú déthaobhach a dhéanamh le tríú tír maidir le malartú faisnéise chun críche comhair custaim.

(118)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, chun go mbainfear na bunchuspóirí amach, is iad sin an t-aontas custaim a bheith in ann feidhmiú go héifeachtach agus an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme, is gá agus is iomchuí na rialacha agus na nósanna imeachta ginearálta is infheidhme maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó amach aisti a leagan síos. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(119)

Ón 1 Márta 2031, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann dul i mbun cumais Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh a úsáid, ar bhonn deonach. Faoin 1 Márta 2034, ba cheart Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh a bheith lánfhorbartha agus ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch é a úsáid an tráth sin.

(120)

Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm laistigh d’amlíne uaillmhianach, ach é a chur i bhfeidhm de réir a chéile. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo lena dtugtar cumhachtaí cur chun feidhme agus cumhachtaí tarmligthe don Choimisiún a luaithe a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, ionas go mbeidh an deis ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme nua a ghlacadh bunaithe ar tharmligean nua cumhachtaí agus cumhachtuithe a luaithe a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Os a choinne sin, chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit agus do na hoibreoirí eacnamaíocha oiriúnú do na rialacha nua, ba cheart feidhm a bheith ag formhór mór fhorálacha an Rialacháin seo ó 12 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm. Áirítear leis sin aisghairm Chód Custaim reatha an Aontais, ar cheart feidhm a bheith aige tar éis na tréimhse oiriúnaithe 12 mhí sin ach ní roimhe sin. Ar deireadh, na forálacha lena dtagraítear don chiandíol agus d’Údarás Custaim an Aontais, seachas na forálacha sin lena rialaítear stádas dlíthiúil Údarás Custaim an Aontais agus tús a chuid gníomhaíochtaí, ba cheart feidhm a bheith acu ón 1 Iúil 2028.

(121)

Ba cheart don Choimisiún gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go dtiocfaidh na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo i bhfeidhm roimh dháta chur i bhfeidhm na bhforálacha ábhartha sa Rialachán seo chun go mbeidh na Ballstáit in ann iad a chur chun feidhme go tráthúil.

(122)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 11 Iúil 2023,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL 1

Raon feidhme na reachtaíochta custaim agus misean na n-údarás custaim

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear Cód Custaim an Aontais leis an Rialachán seo. Leagtar síos leis na rialacha agus na nósanna imeachta ginearálta is infheidhme maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó amach aisti.

Bunaítear leis an Rialachán seo freisin Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh (‘Údarás Custaim an Aontais’) agus na rialacha, na caighdeáin choiteanna agus an creat rialachais maidir le bunú Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh (‘Mol Sonraí Custaim an Aontais’).

2.   Gan dochar don dlí idirnáisiúnta agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, ná do dhlí an Aontais i réimsí eile, beidh feidhm go haonfhoirmeach ag an Rialachán seo ar fud chríoch chustaim an Aontais.

3.   Tá feidhm ag forálacha áirithe den reachtaíocht chustaim lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais faoi dhlí an Aontais lena rialaítear réimsí sonracha nó faoi choinbhinsiún idirnáisiúnta.

4.   Beidh feidhm ag forálacha áirithe den reachtaíocht chustaim, lena n-áirítear na simplithe dá bhforáiltear léi, maidir leis an trádáil earraí de chuid an Aontais idir codanna de chríoch chustaim an Aontais ina bhfuil feidhm ag Treoir 2006/112/CE nó (AE) 2020/262 agus codanna den chríoch sin nach bhfuil feidhm ag na Treoracha sin iontu, nó maidir le trádáil idir codanna den chríoch sin nach bhfuil feidhm ag na Treoracha sin iontu.

Airteagal 2

Misean na n-údarás custaim

D’fhonn an t-aontas custaim a ghníomhú mar eintiteas amháin, cur chun feidhme aonfhoirmeach na reachtaíochta custaim a bhaint amach, lena n-áirítear rialacha comhchuibhithe maidir le rialú custaim, agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a chumasú, is é an misean atá ag na húdaráis chustaim leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint trí dhleachtanna custaim agus muirir eile a bhailiú go héifeachtach agus trí chalaois a chomhrac, gníomhaíocht dhlisteanach ghnó a éascú, rannchuidiú leis an trádáil chóir agus le slándáil fhoriomlán an tslabhra soláthair, agus an trádáil aindleathach a chomhrac.

Ina theannta sin, rannchuideoidh údaráis chustaim le sábháilteacht agus slándáil an Aontais agus a chuid cónaitheoirí a áirithiú agus le sláinte agus beatha an duine, ainmhithe agus plandaí, tomhaltóirí agus an comhshaol a chosaint, chomh maith le leasanna poiblí eile a chosnaítear le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm laistigh dá n-inniúlacht agus, i gcás inarb iomchuí, i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla eile.

Airteagal 3

Críoch chustaim

1.   Cuimsítear le críoch chustaim an Aontais na críocha seo a leanas, lena n-áirítear a n-uiscí teorann, a n-uiscí inmheánacha agus a n-aerspás:

(a)

críoch Ríocht na Beilge;

(b)

críoch Phoblacht na Bulgáire;

(c)

críoch Phoblacht na Seice;

(d)

críoch Ríocht na Danmhairge, cé is moite d’Oileáin Fharó agus den Ghraonlainn;

(e)

críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, cé is moite d’Oileán Heligoland agus de chríoch Büsingen (Conradh an 23 Samhain 1964 idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Cónaidhm na hEilvéise);

(f)

críoch Phoblacht na hEastóine;

(g)

críoch na hÉireann;

(h)

críoch na Poblachta Heilléanaí;

(i)

críoch Ríocht na Spáinne, cé is moite de Ceuta agus de Melilla;

(j)

críoch Phoblacht na Fraince, seachas tíortha agus críocha thar lear na Fraince a bhfuil feidhm ag forálacha Chuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leo;

(k)

críoch Phoblacht na Cróite;

(l)

críoch Phoblacht na hIodáile, cé is moite de bhardas Livigno;

(m)

críoch Phoblacht na Cipire, i gcomhréir le forálacha Ionstraim Aontachais 2003;

(n)

críoch Phoblacht na Laitvia;

(o)

críoch Phoblacht na Liotuáine;

(p)

críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg;

(q)

críoch na hUngáire;

(r)

críoch Phoblacht Mhálta;

(s)

críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip;

(t)

críoch Phoblacht na hOstaire;

(u)

críoch Phoblacht na Polainne;

(v)

críoch Phoblacht na Portaingéile;

(w)

críoch na Rómáine;

(x)

críoch Phoblacht na Slóivéine;

(y)

críoch Phoblacht na Slóvaice;

(z)

críoch Phoblacht na Fionlainne; agus

(za)

críoch Ríocht na Sualainne.

2.   Measfar gur cuid de chríoch chustaim an Aontais na críocha a leanas, lena n-áirítear a n-uiscí teorann, a n-uiscí inmheánacha agus a n-aerspás, atá suite taobh amuigh de chríoch na mBallstát, agus na coinbhinsiúin agus na conarthaí is infheidhme maidir leo á gcur san áireamh:

(a)

maidir leis an bhFrainc, críoch Mhonacó mar a shainítear í sa Choinbhinsiún Custaim a síníodh i bPáras an 18 Bealtaine 1963 (Journal officiel de la République française (Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince) an 27 Meán Fómhair 1963, lch. 8679);

(b)

maidir leis an gCipir, críoch Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe mar a shainítear iad sa Chonradh maidir le Bunú Phoblacht na Cipire, a síníodh sa Niocóis an 16 Lúnasa 1960 (Sraith Chonarthaí na Ríochta Aontaithe Uimh. 4 (1961) Cmnd. 1252).

Airteagal 4

Cumhachtaí a tharmligean

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína shonrú cé na forálacha den reachtaíocht chustaim a bhaineann le soláthar sonraí, cruthúnas ar stádas custaim agus úsáid nós imeachta idirthurais inmheánaigh an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir leis an trádáil earraí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus lena leagtar síos simplithe ar na forálacha sin, ar choinníoll nach ndéanann na gníomhartha tarmligthe sin difear do chur i bhfeidhm cuí na mbeart fioscach ábhartha. Féadfaidh na gníomhartha tarmligthe sin a bheith dírithe ar chúinsí ar leith a bhaineann leis an trádáil earraí de chuid an Aontais nach mbaineann ach le haon Bhallstát amháin.

CAIBIDIL 2

Sainmhínithe

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ riaracháin chustaim na mBallstát atá freagrach as cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim agus aon údaráis eile a dtugtar de chumhacht dóibh faoin dlí náisiúnta reachtaíocht áirithe chustaim a chur i bhfeidhm;

(2)

ciallaíonn ‘reachtaíocht chustaim’ gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

an Rialachán seo agus na forálacha lena leasaítear, lena bhforlíontar nó lena gcuirtear chun feidhme é, arna nglacadh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

an Chomhtharaif Chustaim;

(c)

na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear córas faoiseamh de chuid an Aontais ó dhleacht chustaim;

(d)

forálacha custaim atá i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, má tá na forálacha sin infheidhme san Aontas; agus

(e)

Rialachán (AE) 2022/2399 agus na forálacha lena leasaítear, lena bhforlíontar nó lena gcuirtear chun feidhme é;

(3)

ciallaíonn ‘reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm’ reachtaíocht seachas reachtaíocht chustaim is infheidhme maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais, nó a imíonn aisti nó a théann tríthi, nó maidir le hearraí atá le cur ar mhargadh an Aontais, a bhfuil baint ag na húdaráis chustaim lena gcur chun feidhme;

(4)

ciallaíonn ‘bearta beartais tráchtála’, mar chuid de reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, bearta a ghlactar de bhun Airteagal 207 CFAE seachas dleachtanna frithdhumpála sealadacha nó cinntitheacha, dleachtanna frithchúitimh nó bearta coimirce i bhfoirm taraifí méadaithe ar earraí sonracha agus lena n-áirítear, go háirithe, bearta faireachais agus bearta coimirce speisialta i bhfoirm údaruithe allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin;

(5)

ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach nó comhlachas daoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh;

(6)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ duine a ghabhann, le linn a ghnó, do ghníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an reachtaíocht chustaim;

(7)

ciallaíonn ‘bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais’:

(a)

i gcás duine nádúrtha, duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi i gcríoch chustaim an Aontais;

(b)

i gcás duine dlítheanach nó comhlachas daoine, a bhfuil a oifig chláraithe, a cheannáras lárnach nó buanbhunaíocht ghnó aige i gcríoch chustaim an Aontais;

(8)

ciallaíonn ‘buanbhunaíocht ghnó’ áit sheasta ghnó, sa chás ina bhfuil na hacmhainní daonna is gá agus na hacmhainní teicniúla is gá i láthair go buan, agus trína ndéantar oibríochtaí custaim duine ina n-iomláine nó go páirteach;

(9)

ciallaíonn ‘Ballstát bunaíochta’:

(a)

an Ballstát ina bhfuil duine bunaithe i gcomhréir le pointe (7); nó

(b)

i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe, a cheannáras lárnach nó buanbhunaíocht ghnó ag duine dlítheanach nó ag comhlachas daoine i mBallstáit éagsúla, an Ballstát ina bhfuil na príomhchuntais chun críoch custaim an duine sin nó an chomhlachais daoine sin á gcoinneáil nó inrochtana, agus ina ndéantar cuid de na gníomhaíochtaí custaim ar a laghad nó ina bhfuil siad le déanamh ar a laghad;

(10)

ciallaíonn ‘cinneadh custaim’ aon ghníomh arna dhéanamh ag na húdaráis chustaim a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim, lena dtugtar breith ar chás ar leith agus ag a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ar an duine nó ar na daoine lena mbaineann;

(11)

ciallaíonn ‘nós imeachta custaim’ aon cheann de na nósanna imeachta seo a leanas faoinar féidir earraí a chur i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(a)

scaoileadh i saorchúrsaíocht;

(b)

nósanna imeachta speisialta;

(c)

onnmhairiú;

(12)

ciallaíonn ‘foirmiúlachtaí custaim’ na hoibríochtaí uile nach mór do dhuine agus do na húdaráis chustaim a chur i gcrích le go gcomhlíonfar an reachtaíocht chustaim;

(13)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’:

(a)

i gcás ciandíola, an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola;

(b)

i gcásanna eile, an duine a chinnfear trí phointí (i) go (v) a chur i bhfeidhm in ord:

(i)

aon duine a bhfuil sé de chumhacht aige nó aici a chinneadh, agus a bhfuil sé cinnte aige nó aici, go bhfuil earraí ó thríú tír le tabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(ii)

duine a thiocfaidh i gcomharbas ar an duine a bhí ann roimhe nó roimpi a bhfuil an chumhacht glactha ar láimh aige nó aici ón duine dá dtagraítear i bpointe (i);

(iii)

duine a bhfuil sé de chumhacht aige nó aici a chinneadh, agus a bhfuil sé cinnte aige nó aici go gcuirfí na hearraí faoi nós imeachta custaim;

(iv)

an t-iompróir a thugann na hearraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais; nó

(v)

sealbhóir na n-earraí;

(14)

ciallaíonn ‘allmhaireoir le haghaidh ciandíola’ an duine a sholáthraíonn earraí a chiandíoltar nó an duine a éascaíonn an ciandíol;

(15)

ciallaíonn ‘ciandíol’ ciandíol earraí a allmhairítear ó thríú tíortha nó ó thríú críocha mar a shainmhínítear in Airteagal 14(4), pointe (2), de Threoir 2006/112/CE;

(16)

ciallaíonn ‘scéim ionaid ilfhreastail allmhairiúcháin’ nó ‘scéim IIFA’ an scéim speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 4, de Threoir 2006/112/CE;

(17)

ciallaíonn ‘onnmhaireoir’:

(a)

duine príobháideach a iompraíonn earraí atá le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais i gcás ina gcoinnítear na hearraí sin i mbagáiste pearsanta an duine phríobháidigh;

(b)

i gcásanna nach gcumhdaítear le pointe (a):

(i)

duine atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais agus a bhfuil sé de chumhacht aige nó aici a chinneadh, agus a bhfuil sé cinnte aige nó aici, go bhfuil earraí le tabhairt amach as an gcríoch chustaim sin; nó

(ii)

mura bhfuil aon duine ann dá dtagraítear i bpointe (i), aon duine atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais agus ar páirtí é nó í i gconradh faoina bhfuil earraí le tabhairt amach as an gcríoch chustaim sin;

(18)

ciallaíonn ‘ath-onnmhairiú’ an gníomh trína dtugann onnmhaireoir earraí nach de chuid an Aontais iad amach as críoch chustaim an Aontais;

(19)

ciallaíonn ‘faisnéis réamhimeachta’ an tacar sonraí atá le soláthar, nó le cur ar fáil, do na húdaráis chustaim agus a bhaineann le hearraí atá le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais;

(20)

ciallaíonn ‘ionadaí custaim’ aon duine a cheapfaidh duine eile chun na gníomhartha agus na foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoin reachtaíocht chustaim a dhéanamh i bplé an duine eile sin leis na húdaráis custaim;

(21)

ciallaíonn ‘sonraí’ aon léiriú digiteach nó neamhdhigiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de na gníomhartha, de na fíorais nó den fhaisnéis sin, lena n-áirítear i bhfoirm doiciméid, taifid fuaime, amhairc nó closamhairc;

(22)

ciallaíonn ‘faireachas custaim’ faisnéis a bhailiú agus anailís a dhéanamh uirthi i ndáil le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais, a imíonn aisti nó a théann tríthi chun faireachán a dhéanamh ar na gluaiseachtaí sin ar leibhéal an Aontais, chun a áirithiú go gcuirfear rialuithe custaim i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go gcomhlíonfar an reachtaíocht chustaim agus reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, agus chun rannchuidiú le hanailís riosca agus bainistíocht riosca;

(23)

ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go dtarlódh teagmhas agus an tionchar a bheadh aige, maidir le hearraí a ghluaistear idir críoch chustaim an Aontais agus tíortha lasmuigh den chríoch sin agus maidir le hearraí nach de chuid an Aontais iad a bheith i láthair i gcríoch chustaim an Aontais, ar bagairt an láithreacht sin don mhéid seo a leanas:

(a)

leasanna airgeadais nó eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát;

(b)

sábháilteacht agus slándáil an Aontais agus a chuid cónaitheoirí, sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó sláinte plandaí, an comhshaol nó do aon leas poiblí eile;

(c)

cur i bhfeidhm ceart bearta de chuid an Aontais nó bearta náisiúnta;

(24)

ciallaíonn ‘anailís eacnamaíoch’ meastóireacht nó cainníocht ar bheartas nó ar fheiniméan eacnamaíoch chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann tosca eacnamaíocha difear d’fheidhmiú beartais, do limistéar geografach nó d’aon ghrúpa daoine, d’fhonn cinntí níos fearr a dhéanamh amach anseo;

(25)

ciallaíonn ‘bainistíocht riosca’ riosca a shainaithint go córasach, lena n-áirítear próifílí oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann riosca agus idirbhearta amhrasacha a shainaithint, agus cur chun feidhme na mbeart uile is gá chun neamhchosaint ar riosca a theorannú agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige a íoslaghdú;

(26)

ciallaíonn ‘maoirseacht chustaim’ gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis chustaim go ginearálta d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht chustaim agus, i gcás inarb iomchuí, reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, nó d’fhonn rannchuidiú ar bhealach eile leis an mbainistíocht ar rioscaí a bhaineann leis na hearraí sin agus lena slabhraí soláthair;

(27)

ciallaíonn ‘rialuithe custaim’ gníomhartha sonracha a dhéanann na húdaráis chustaim d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht chustaim agus, i gcás inarb iomchuí, reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, nó d’fhonn rannchuidiú ar bhealach eile leis an mbainistíocht ar rioscaí a bhaineann le hearraí agus lena slabhraí soláthair;

(28)

ciallaíonn ‘iniúchadh’ cineál rialaithe custaim i bhfoirm gníomhartha sonracha a dhéanann na húdaráis chustaim chun fianaise a bhailiú agus a mheas maidir leis na rialacha agus na ceanglais ábhartha a bheith á gcomhlíonadh ag lucht bainistíochta, eagraíocht, nósanna imeachta inmheánacha nó córais inmheánacha an oibreora eacnamaíoch;

(29)

ciallaíonn ‘áit scaoilte’:

(a)

an oifig custaim inniúil;

(b)

an áit a ainmníonn nó a fhormheasann an t-údarás custaim, lena n-áirítear an áit a léiríonn an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’; nó

(c)

saorchrios;

(30)

ciallaíonn ‘fógra maidir le hinfhaighteacht na n-earraí’ an gníomh trína gcuireann duine in iúl don údarás custaim go bhfuil earraí lonnaithe go fisiciúil ag an áit scaoilte agus gur soláthraíodh nó gur cuireadh ar fáil na sonraí is gá chun na hearraí sin a chur faoin nós imeachta custaim lena mbaineann nó i stóráil shealadach, nó chun deireadh a chur le nós imeachta idirthurais an Aontais;

(31)

ciallaíonn ‘rialuithe randamacha’ rialuithe custaim bunaithe ar phrionsabail na samplála randamaí maidir le pobal leasa;

(32)

ciallaíonn ‘sealbhóir na n-earraí’ an duine a bhfuil smacht fisiceach aige ar na hearraí;

(33)

ciallaíonn ‘iompróir’:

(a)

i gcomhthéacs na hiontrála, an duine a thabharfaidh na hearraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, nó a ghlacfaidh freagracht as na hearraí a iompar isteach i gcríoch chustaim an Aontais; mar sin féin:

(i)

i gcás iompar comhcheangailte, ciallaíonn ‘iompróir’ an duine a oibreoidh an modh iompair, a ghluaiseann, agus é tugtha isteach i gcríoch chustaim an Aontais, mar mhodh gníomhach iompair é féin;

(ii)

i gcás trácht mhuirí nó aeir faoi shocrú roinnte soitheach nó faoi shocrú conraitheoireachta soitheach, ciallaíonn ‘iompróir’ an duine a thugann conradh chun críche, agus a eisíonn bille luchta nó bille iompair aeir, d’iompar iarbhír na n-earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(b)

i gcomhthéacs imeachta, an duine a thabharfaidh na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais, nó a ghlacfaidh freagracht as na hearraí a iompar amach as críoch chustaim an Aontais; mar sin féin:

(i)

i gcás iompar comhcheangailte, nuair nach bhfuil an modh gníomhach iompair a fhágann críoch chustaim an Aontais ach ag iompar modh eile iompair, a ghluaisfidh é féin mar mhodh gníomhach iompair nuair a bhaineann an modh gníomhach iompair a cheann scríbe amach, ciallaíonn ‘iompróir’ an duine a oibríonn an modh iompair, tar éis don mhodh iompair críoch chustaim an Aontais a fhágáil agus a cheann scríbe a bhaint amach;

(ii)

i gcás trácht mhuirí nó aeir faoi shocrú roinnte soitheach nó faoi shocrú conraitheoireachta soitheach, ciallaíonn ‘iompróir’ an té a thugann conradh chun críche, agus a eisíonn bille luchta nó bille iompair aeir d’iompar iarbhír na n-earraí amach as críoch chustaim an Aontais;

(34)

ciallaíonn ‘anailís riosca’ próiseáil sonraí, lena n-áirítear sonraí pearsanta, d’fhonn rioscaí féideartha a shainaithint nó a chainníochtú, agus úsáid á baint, i gcás inarb ábhartha, as modhanna anailísíochta agus córais intleachta saorga (IS) mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);

(35)

ciallaíonn ‘comhartha riosca’ an léiriú go bhféadfadh riosca a bheith ann bunaithe ar oibríochtaí próiseála uathoibrithe lena gcuirtear anailís riosca chun feidhme i ndáil le sonraí, faisnéis nó doiciméid;

(36)

ciallaíonn ‘toradh anailíse riosca’, i gcás comhartha riosca, an cinneadh gur ann nó nach ann do riosca, bunaithe ar phróiseas uathoibríoch nó ar mheasúnú breise daonna ar an gcomhartha riosca;

(37)

ciallaíonn ‘bearta maolaithe riosca’ na bearta chun riosca a chosc, a laghdú nó a bhainistiú nó chun a thionchar a theorannú, lena n-áirítear:

(a)

ordú a thabhairt don iompróir nó don onnmhaireoir nach bhfuil na hearraí le luchtú ná le hiompar;

(b)

faisnéis ábhartha bhreise nó gníomhaíocht ábhartha bhreise a iarraidh;

(c)

cásanna a shainaithint ina bhféadfadh sé gurbh iomchuí go ndéanfadh údarás custaim eile nó údarás inniúil eile gníomhaíocht;

(d)

an áit a mholadh arb é is iomchuí chun rialuithe a dhéanamh agus na bearta a mholadh arb iad is iomchuí do na rialuithe sin;

(e)

rialú custaim a dhéanamh;

(f)

an bealach a bheidh le húsáid agus an teorainn ama a bheidh le hurramú a chinneadh nuair a bheidh earraí le tabhairt amach as críoch custaim an Aontais;

(38)

ciallaíonn ‘moladh maidir le rialú’ conclúid údaráis custaim nó Údarás Custaim an Aontais bunaithe ar anailís riosca a mhéid a bhaineann le cé acu ba cheart nó nár cheart beart maolaithe riosca a dhéanamh agus, i gcás inarb ábhartha, cathain ba cheart é a dhéanamh agus cá háit ba cheart é a dhéanamh;

(39)

ciallaíonn ‘cinneadh maidir le rialú’ an gníomh aonair lena ndéanann údaráis chustaim an cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil rialú le déanamh;

(40)

ciallaíonn ‘toradh ar rialú’ na réamhthorthaí agus na torthaí críochnaitheacha ar rialú, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht bhreise a léirítear agus na húdaráis inniúla lena mbaineann na torthaí;

(41)

ciallaíonn ‘limistéar rialaithe tosaíochta coiteann’ rogha nósanna imeachta custaim ar leith, cineálacha earraí, bealaí tráchta, modhanna iompair nó oibreoirí eacnamaíocha d’fhonn iad a chur faoi réir leibhéil mhéadaithe anailíse riosca agus beart maolaithe riosca le linn tréimhse áirithe, gan dochar do rialuithe eile a dhéanann na húdaráis chustaim de ghnáth;

(42)

ciallaíonn ‘critéir agus caighdeáin choiteanna riosca’ paraiméadair le haghaidh anailís riosca ar limistéar riosca agus na caighdeáin a ghabhann leo maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil na bparaiméadar sin;

(43)

ciallaíonn ‘straitéis mhaoirseachta’ cur chuige i leith riosca a láimhseáil, arb é is aidhm di cothromaíocht a bhaint amach idir iarrachtaí maoirseachta custaim oibríochtúla agus bearta maolaithe riosca ar fud an tslabhra soláthair ar bhealach comhréireach éifeachtach;

(44)

ciallaíonn ‘coinsíneacht’ earraí arna n-iompar ag coinsíneoir amháin chuig coinsíní amháin faoin gconradh iompair céanna, ar an modh iompair céanna lena n-áirítear iompar ilmhódach, a thagann as an gcríoch chéanna nó as an tríú tír chéanna, agus ar den chineál céanna, den aicme chéanna nó den tuairisc chéanna iad nó atá pacáilte le chéile;

(45)

ciallaíonn ‘stádas custaim’ stádas earraí mar earraí de chuid an Aontais nó mar earraí nach de chuid an Aontais iad;

(46)

ciallaíonn ‘earraí de chuid an Aontais’ earraí a thagann faoi aon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

earraí a fuarthas go hiomlán i gcríoch chustaim an Aontais agus nach gcuimsíonn earraí a allmhairíodh ó thríú tíortha;

(b)

earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais as tríú tíortha agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht;

(c)

earraí a fhaightear nó a tháirgtear i gcríoch chustaim an Aontais ó earraí dá dtagraítear i bpointe (b), agus uathusan amháin, nó ó earraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);

(47)

ciallaíonn ‘earraí nach de chuid an Aontais iad’ earraí seachas earraí de chuid an Aontais nó earraí a bhfuil a stádas custaim mar earraí de chuid an Aontais caillte acu;

(48)

ciallaíonn ‘scaoileadh earraí’ an gníomh trína gcuireann na húdaráis chustaim, nó daoine eile thar a gceann, earraí ar fáil chun na gcríoch a shonraítear le haghaidh an nós imeachta custaim faoina bhfuil sé beartaithe na hearraí a chur;

(49)

ciallaíonn ‘dearbhú iontrála achomair’ an gníomh trína gcuireann duine in iúl do na húdaráis chustaim san fhoirm fhorordaithe agus sa mhodh atá forordaithe agus laistigh de theorainn ama shonrach, go bhfuil earraí le tabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(50)

ciallaíonn ‘dearbhú imeachta achomair’ an gníomh trína gcuireann duine in iúl do na húdaráis chustaim san fhoirm fhorordaithe agus sa mhodh atá forordaithe agus laistigh de theorainn ama shonrach, go bhfuil earraí le tabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(51)

ciallaíonn ‘dearbhú stórála sealadaí’ an gníomh lena gcuirfidh duine in iúl, san fhoirm agus sa mhodh a bheidh forordaithe, go bhfuil earraí i stóras sealadach;

(52)

ciallaíonn ‘dearbhú custaim’ an gníomh trína gcuireann duine a mhian nó a mian in iúl, ar an mbealach ar leith atá forordaithe, earraí a chur faoi nós imeachta custaim áirithe, maille le sonraí, más iomchuí, faoi cibé socruithe faoi leith a bheidh le cur i bhfeidhm;

(53)

ciallaíonn ‘earraí a thíolacadh do lucht chustaim’ fógra a thabhairt d’údaráis chustaim go bhfuil earraí tagtha go dtí an oifig custaim a ainmníonn na húdaráis chustaim nó go dtí aon áit eile a ainmníonn nó a fhormheasann na húdaráis chustaim agus go bhfuil na hearraí sin ar fáil le haghaidh rialuithe custaim;

(54)

ciallaíonn ‘dearbhóir’ an duine a thaisceann dearbhú custaim, dearbhú stórála sealadaí, dearbhú iontrála achomair, dearbhú imeachta achomair, dearbhú ath-onnmhairithe nó fógra ath-onnmhairithe in ainm an duine féin sin a ndéantar an dearbhú sin ina ainm nó ina hainm, nó ina ndéantar fógra a thaisceadh ina ainm nó ina hainm;

(55)

ciallaíonn ‘dearbhú ath-onnmhairithe’ an gníomh trína léiríonn duine san fhoirm fhorordaithe agus sa mhodh forordaithe, gur mian leis nó léi earraí nach de chuid an Aontais iad a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais, cé is moite d’earraí nach de chuid an Aontais iad faoin nós imeachta saorchreasa nó i stóráil shealadach;

(56)

ciallaíonn ‘fógra ath-onnmhairithe’ an gníomh, trína léiríonn duine san fhoirm fhorordaithe agus sa mhodh forordaithe, gur mian leis nó léi earraí nach de chuid an Aontais iad atá faoin nós imeachta saorchreasa nó i stóráil shealadach a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais;

(57)

ciallaíonn ‘monaróir’:

(a)

monaróir an táirge de bhun na reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm is infheidhme maidir leis an táirge sin;

(b)

i gcás táirgí talmhaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 38(1) CFAE nó i gcás amhábhar, an táirgeoir; nó

(c)

mura bhfuil aon mhonaróir nó aon táirgeoir ann dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach nó an comhlachas daoine a mhonaraigh an táirge nó ar monaraíodh an táirge dó nó di, agus a mhargaíonn an táirge sin faoi ainm nó trádmharc an duine sin nó ainm nó trádmharc chomhlachas an duine sin;

(58)

ciallaíonn ‘soláthróir táirge’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach nó comhlachas daoine sa slabhra soláthair a mhonaraíonn táirge ina iomláine nó i bpáirt, bíodh sin mar mhonaróir nó in aon imthoisc eile;

(59)

ciallaíonn ‘stóráil shealadach’ an cás ina ndéantar earraí nach de chuid an Aontais iad a stóráil go sealadach faoi mhaoirseacht custaim sa tréimhse idir an tráth a thugann an t-iompróir fógra faoi theacht na n-earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais agus an tráth a chuirtear faoi nós imeachta custaim iad nó a dhéantar iad a ath-onnmhairiú;

(60)

ciallaíonn ‘oifig custaim ionchasach na céadiontrála’ an oifig custaim atá inniúil maidir le maoirseacht chustaim ag an áit a bhfuil an modh iompair a iompraíonn na hearraí le teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais as áit lasmuigh den chríoch sin;

(61)

ciallaíonn ‘réamhfhaisnéis lasta’ an tacar sonraí arna sholáthar, nó arna chur ar fáil, do na húdaráis chustaim a bhaineann le hearraí atá le tabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(62)

ciallaíonn ‘táirgí próiseáilte’ earraí a chuirtear faoi nós imeachta próiseála agus a bhfuil oibríochtaí próiseála déanta orthu;

(63)

ciallaíonn ‘oibríochtaí próiseála’ aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

earraí a oibriú, lena n-áirítear na hearraí sin a thógáil, a chóimeáil nó a fheistiú le hearraí eile;

(b)

earraí a phróiseáil;

(c)

earraí a dhíothú;

(d)

earraí a dheisiú, lena n-áirítear na hearraí sin a athchóiriú agus a chur in ord;

(e)

úsáid earraí nach bhfuil le fáil sna táirgí próiseáilte ach a cheadaíonn nó a éascaíonn táirgeadh na dtáirgí sin fiú má ídítear go hiomlán nó go páirteach na hearraí sin le linn na próiseála (gabhálais táirgthe);

(64)

ciallaíonn ‘sealbhóir an nós imeachta idirthurais’ an duine a thaisceann an dearbhú idirthurais nó a sholáthraíonn an fhaisnéis a cheanglaítear chun earraí a chur faoin nós imeachta sin, nó an duine a dtaisctear an dearbhú sin nó a soláthraítear an fhaisnéis sin thar a cheann;

(65)

ciallaíonn ‘ráta toraidh’ méid nó céatadán na dtáirgí próiseáilte a fhaightear de bharr phróiseáil a déanamh ar mhéid áirithe earraí a chuirtear faoi nós imeachta próiseála;

(66)

ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nó críoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais;

(67)

ciallaíonn ‘fiach custaim’ an oibleagáid atá ar dhuine an dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí a bhaineann le hearraí sonracha a íoc faoin reachtaíocht chustaim;

(68)

ciallaíonn ‘féichiúnaí’ aon duine a dhlíonn fiach custaim a íoc;

(69)

ciallaíonn ‘dleacht ar allmhairí’ an dleacht chustaim is iníoctha ar allmhairiú earraí;

(70)

ciallaíonn ‘dleacht ar onnmhairí’ an dleacht chustaim is iníoctha ar onnmhairiú earraí;

(71)

ciallaíonn ‘aisíocaíocht’ aisíoc méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a íocadh;

(72)

ciallaíonn ‘loghadh’ tarscaoileadh na hoibleagáide méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí nach bhfuil íoctha a íoc;

(73)

ciallaíonn ‘coimisiún ceannaigh’ táille arna híoc ag an allmhaireoir le gníomhaí as ionadaíocht a dhéanamh ar an allmhaireoir agus earraí atá á luacháil á gceannach;

(74)

ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas, bíodh sé nádúrtha nó de dhéantús an duine, de chineál eisceachtúil agus de scála eisceachtúil, a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas agus a chuireann sábháilteacht, slándáil, sláinte agus beatha cónaitheoirí, oibreoirí eacnamaíocha nó pearsanra údarás custaim i mbaol agus a éilíonn bearta práinneacha a mhéid a bhaineann le teacht isteach, le dul amach nó le hidirthuras earraí;

(75)

ciallaíonn ‘cill freagartha i gcás géarchéime’ seirbhís laistigh d’Údarás Custaim an Aontais a chomhordaíonn iarrachtaí freagartha an Aontais ar ghéarchéimeanna laistigh den aontas custaim;

(76)

ciallaíonn ‘micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Mholadh 2003/361/CE;

(77)

ciallaíonn ‘Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreora Eacnamaíoch’ nó ‘uimhir EORI’ uimhir sainaitheantais, atá uathúil i gcríoch chustaim an Aontais, arna sannadh ag údarás custaim d’oibreoir eacnamaíoch nó do dhuine eile chun an t-oibreoir eacnamaíoch sin nó an duine sin a chlárú chun críoch custaim;

(78)

ciallaíonn ‘ítim’ earra amháin nó níos mó i gcoinsíneacht ag a bhfuil an t-aicmiú taraife céanna, an tuairisc chéanna agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh mar chuid de na ceanglais sonraí is infheidhme maidir leis an dearbhú custaim ábhartha nó maidir leis na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim, an tionscnamh céanna;

(79)

ciallaíonn ‘pointe trasnaithe comhroinnte’ aon phointe trasnaithe teorann custaim, atá suite i gcríoch Ballstáit nó i gcríoch tríú tír chomharsanachta, ina gcuireann údaráis chustaim an Bhallstáit sin agus an tríú tír chomharsanachta sin a reachtaíocht chustaim faoi seach i bhfeidhm de bhun comhaontú déthaobhach.

CAIBIDIL 3

Údarás custaim inniúil agus rialacha oibríochtúla na n-oifigí custaim

Airteagal 6

Údarás custaim inniúil

1.   Is é a bheidh san údarás custaim inniúil:

(a)

maidir leis na cinntí a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil 4, cé is moite de chásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, údarás custaim Bhallstát bunaíochta an iarratasóra;

(b)

maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoi Airteagail 97 go 100, an t-údarás custaim atá inniúil maidir le hoifig custaim na céadiontrála;

(c)

maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoi Airteagail 101, 102 agus 103, an t-údarás custaim is inniúil maidir le hoifig custaim na céadiontrála nó údarás custaim an Bhallstáit ina ndíluchtaítear nó ina dtrasloingsítear na hearraí, ag brath ar an gcás sonrach dá dtagraítear in Airteagal 101(1), (2) agus (3);

(d)

maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoi Airteagail 104 go 108 agus faoi Theideal V, údarás custaim an Bhallstáit a leanas:

(i)

an Ballstát ina lonnaítear na hearraí atá le stóráil go sealadach, lena n-áirítear an áit a dtagann deireadh leis an nós imeachta idirthurais, ag brath ar an gcás sonrach; nó

(ii)

an Ballstát ina lonnaítear na hearraí atá le cur faoi nós imeachta custaim;

(e)

maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoi Theideal VII, seachas na gníomhaíochtaí sin a bhaineann leis na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim, an t-údarás custaim atá freagrach as an áit a bhfágfaidh na hearraí críoch chustaim an Aontais.

2.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (d), is é an t-údarás custaim a leanas is inniúil:

(a)

maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht earraí le haghaidh ciandíola i gcás nach mbaineann an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola úsáid as scéim IIFA, údarás custaim an Bhallstáit ina bhfuil na hearraí le seachadadh;

(b)

i gcás inar trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ é an t-allmhaireoir nó an t-onnmhaireoir, údarás custaim Bhallstát bunaíochta an allmhaireora sin nó an onnmhaireora sin nó a ionadaí custaim;

(c)

i gcás inar údaraíodh an dearbhóir chun imréiteach láraithe a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 91, údarás custaim Bhallstát bunaíochta an dearbhóra sin.

3.   Déanfaidh an t-údarás custaim atá freagrach as áit bhunaíochta an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ an méid seo a leanas:

(a)

maoirseacht ar chur na n-earraí faoin nós imeachta custaim lena mbaineann;

(b)

na rialuithe custaim i ndáil le fíorú na fianaise arna soláthar;

(c)

i gcás ina mbeidh údar cuí leis, a iarraidh ar an údarás custaim atá freagrach as áit seolta nó ceann scríbe deiridh na n-earraí rialú custaim a dhéanamh;

(d)

i gcás ina mbeidh riosca ann nach féidir a mhaolú ach amháin tar éis do na hearraí teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó sula bhfágfaidh siad an chríoch sin, a iarraidh ar an oifig custaim atá freagrach as an áit a dtagann na hearraí isteach nó as a n-imíonn na hearraí amach rialuithe custaim a dhéanamh;

(e)

na foirmiúlachtaí custaim a dhéanamh maidir le haisghabháil mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach le haon fhiach custaim a bheidh ann.

4.   Agus an tionchar ar shreafaí trádála a bhfuil coinne réasúnta leis, na hacmhainní rialaithe atá ar fáil agus méid an riosca á gcur san áireamh, déanfaidh an t-údarás custaim atá freagrach as áit seolta nó as ceann scríbe deiridh na n-earraí nó as an áit a dtagann na hearraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó as a n-imíonn siad amach na rialuithe custaim arna n-iarraidh sin don údarás custaim atá freagrach as áit bhunaíochta an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ i gcomhréir le mír 3, pointí (c) agus (d), agus do shealbhóirí údaraithe imréitigh láraithe, agus soláthróidh sé don údarás custaim sin torthaí na rialuithe sin, gan dochar dá rialuithe féin a bhaineann le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó a thugtar amach aisti.

5.   Beidh rochtain ag na húdaráis chustaim inniúla ar an bhfaisnéis is gá chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm mar is ceart an reachtaíocht chustaim agus reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd na cásanna sonracha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a leagan síos.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta maidir leis an gcomhar idir na húdaráis chustaim dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

8.   Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun na cúraimí a shonrú maidir leis an gcomhar idir na húdaráis chustaim dá dtagraítear i mír 4.

Airteagal 7

Na rialacha oibríochtúla maidir leis na hoifigí custaim inniúla

1.   Seachas i gcás ina bhforálfar a mhalairt le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, cinnfidh na Ballstáit suíomh agus inniúlacht a n-oifigí custaim.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil uaireanta oscailte oifigiúla a n-oifigí custaim réasúnach agus feiliúnach, agus cineál na tráchta agus na n-earraí agus na nósanna imeachta custaim faoina gcuirfear iad á gcur san áireamh, sa chaoi is nach gcuirfear bac nó saobhadh ar shreabhadh na tráchta idirnáisiúnta.

CAIBIDIL 4

Cinntí custaim

Roinn 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 8

Cinntí a dhéantar ar iarratas a fháil

1.   I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas ar chinneadh a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm, soláthróidh an duine sin an fhaisnéis uile a theastóidh uathu chun go bhféadfaidís an cinneadh sin a dhéanamh do na húdaráis chustaim inniúla.

Féadfaidh líon daoine iarratas a dhéanamh ar chinneadh freisin, agus féadfar cinneadh a dhéanamh i ndáil le líon daoine, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

2.   Fíoróidh na húdaráis chustaim, gan mhoill agus ar a dhéanaí 30 lá féilire ón dáta a gheofar iarratas ar chinneadh, cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le glacadh an iarratais sin.

I gcás ina suífidh údarás custaim go bhfuil an fhaisnéis uile atá riachtanach san iarratas ar chinneadh chun go ndéanfaidh sé an cinneadh sin, cuirfidh sé in iúl don iarratasóir gur glacadh leis an iarratas laistigh de 30 lá féilire ón dáta a fuarthas an t-iarratas siúd.

I gcás ina suífidh an t-údarás custaim nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá i láthair san iarratas, iarrfaidh sé ar an iarratasóir an fhaisnéis ábhartha bhreise a sholáthar laistigh de thréimhse réasúnta nach faide ná 30 lá féilire. I gcásanna den sórt sin, cinnfidh an t-údarás custaim an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe agus, dá bhrí sin, an bhfuiltear le glacadh leis, nó an bhfuil sé neamhchomhlánaithe agus, dá bhrí sin, an bhfuiltear lena dhiúltú, laistigh de thréimhse nach faide ná 60 lá féilire ón dáta a fhaightear an chéad iarratas. Mura gcuirfidh an t-údarás custaim a chinneadh in iúl don iarratasóir laistigh den tréimhse sin, measfar gur glacadh leis an iarratas ag deireadh na tréimhse 60 lá féilire.

3.   Ach amháin i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, déanfaidh an t-údarás custaim inniúil cinneadh dá dtagraítear i mír 1 120 lá féilire ar a dhéanaí ó dháta glactha an iarratais agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don iarratasóir gan mhoill.

I gcás nach mbeidh an t-údarás custaim in ann cloí leis an teorainn ama le haghaidh cinneadh a dhéanamh, lena n-áirítear i gcás inarb iad na comhairliúcháin atá ar dul ar aghaidh le húdaráis inniúla eile nó le comhlachtaí idirnáisiúnta is cúis leis sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don iarratasóir sula rachaidh an teorainn ama sin in éag, agus sonróidh siad na fáthanna leis an moill agus an tréimhse bhreise a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh. Ní rachaidh an tréimhse bhreise sin thar 30 lá féilire, ach amháin i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

Ina theannta sin, féadfaidh an t-údarás custaim síneadh a chur leis an teorainn ama chun cinneadh a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim a dhéanamh i gcás ina n-iarrann an t-iarratasóir síneadh chun coigeartuithe a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha agus na critéir is gá chun an cinneadh a dheonú. Cuirfear na coigeartuithe sin agus an tréimhse bhreise a bheidh riachtanach lena gcomhlíonadh in iúl don údarás custaim, a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an síneadh a iarradh a dheonú.

I gcás ina mainneoidh an t-údarás custaim cinneadh laistigh de na teorainneacha ama a bhunaítear sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír, gheobhaidh an t-iarratasóir fógra uathoibríoch. Féadfaidh an t-iarratasóir a mheas gur cinneadh diúltach é an mhainneachtain sin maidir le cinneadh a dhéanamh.

4.   Seachas i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, nó ina sonrófar a mhalairt sa chinneadh féin, gabhfaidh éifeacht le cinneadh ón dáta a gheobhaidh an t-iarratasóir é nó ón dáta a mheasfar go bhfuair sé é.

Is ón dáta a ghlacfar iad a bheidh cinntí infhorfheidhmithe ag na húdaráis chustaim ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 19(2).

5.   Ní bheidh teorainn ama le bailíocht an chinnidh ach amháin i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

6.   Sula ndéanfar cinneadh a dhéanfadh dochar don iarratasóir, cuirfidh an t-údarás custaim in iúl don iarratasóir na forais ar a bhfuil sé beartaithe aige an cinneadh a bhunú. Tabharfar an deis don iarratasóir a thuairim a chur in iúl laistigh de thréimhse ama fhorordaithe arna ríomh ón dáta a fuair sé an fógra sin nó a mheastar go bhfuair sé é (‘an ceart chun éisteacht a fháil’). Nuair a bheidh an tréimhse sin caite, cuirfear an cinneadh in iúl, ar an mbealach iomchuí, don iarratasóir.

Ní bheidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh baint ag an gcinneadh lena mbaineann le faisnéis cheangailteach dá dtagraítear in Airteagal 15(1);

(b)

i gcás ina ndiúltófar leas cuóta taraife, i gcás ina mbainfear an méid sonraithe cuóta taraife amach, dá dtagraítear in Airteagal 166(4), an chéad fhomhír;

(c)

i gcás inar gá sin mar thoradh ar chineál nó leibhéal na bagartha do shábháilteacht agus do shlándáil an Aontais agus a chuid cónaitheoirí, do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do shláinte plandaí, don chomhshaol nó do thomhaltóirí;

(d)

i gcás inarb é is aidhm don chinneadh lena mbaineann a áirithiú go gcuirfear cinneadh eile chun feidhme ar tugadh deis don iarratasóir a thuairim a thabhairt ina leith, gan dochar do dhlí an Bhallstáit lena mbaineann;

(e)

i gcás ina ndéanfaí dochar leis d’imscrúduithe arna dtionscnamh chun calaois a chomhrac;

(f)

i gcás nach gcomhlíonfaidh an t-iarratas na coinníollacha maidir lena ghlacadh;

(g)

i gcás ina dtabharfaidh an t-údarás custaim treoir don duine a thaisc an dearbhú iontrála achomair, nó a sholáthair nó a chuir ar fáil an réamhfhaisnéis lasta, nach bhfuil na hearraí le luchtú ná le hiompar;

(h)

i gcás ina mbaineann an cinneadh le fógra a thabhairt don iarratasóir faoi chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 217(3);

(i)

i gcás ina bhfuil uimhir EORI le cur ó bhailíocht, arna iarraidh sin don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, nó i gcás nach ndéantar aon ghníomhaíocht chustaim ar feadh 3 bliana nó nach ann a thuilleadh d’oibreoir eacnamaíoch;

(j)

i gcás ina n-éilítear amhlaidh de bharr chineál nó leibhéal na bagartha do leasanna airgeadais an Aontais nó a Bhallstát.

7.   I gcás cinneadh a dhéanann dochar don iarratasóir, leagfar amach ann na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus déanfar tagairt ann don cheart achomhairc dá bhforáiltear in Airteagal 18.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

na sonraí is gá maidir le hiarratais agus cinntí dá dtagraítear san Airteagal seo;

(b)

na coinníollacha maidir le glacadh le hiarratas, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(c)

na cásanna sonracha ina bhfuil an teorainn ama chun cinneadh sonrach a dhéanamh, agus an teorainn ama chun síneadh féideartha a chur leis an teorainn ama sin, éagsúil leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo;

(d)

na cásanna sonracha, dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, ina ngabhann éifeacht le cinneadh ó dháta nach ionann é agus an dáta a fuair an t-iarratasóir é nó ón dáta a mheastar a fuair an t-iarratasóir é;

(e)

na cásanna sonracha, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, nach bhfuil an cinneadh bailí iontu gan teorainn ama;

(f)

fad na tréimhse dá dtagraítear i mír 6, an chéad fhomhír, den Airteagal seo;

(g)

na rialacha a bhaineann leis na cásanna dá dtagraítear i mír 6, an dara fomhír, den Airteagal seo.

9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a leasú chun na teorainneacha ama dá dtagraítear iontu a ghiorrú, más iomchuí, a luaithe a bheidh Mol Sonraí Custaim an Aontais oibríochtúil.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an nós imeachta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an t-iarratas ar chinneadh, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, a chur isteach agus glacadh leis;

(b)

na cinntí dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mhéid a bhaineann leis an gceart chun éisteacht a fháil agus dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile lena mbaineann.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 9

Bainistiú na gcinntí a dhéantar ar iarratas a fháil

1.   Comhlíonfaidh sealbhóir an chinnidh na hoibleagáidí a bheidh a eascraíonn as an gcinneadh sin.

2.   Déanfaidh sealbhóir an chinnidh faireachán leanúnach ar chomhlíonadh na gcritéar agus ar an gcomhlíontacht leis na coinníollacha, chomh maith leis an gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí, a eascraíonn as an gcinneadh sin agus, i gcás inarb infheidhme, bunóidh sé rialuithe inmheánacha lenar féidir idirbhearta neamhdhleathacha nó neamhrialta a chosc, a bhrath agus a cheartú.

3.   Cuirfidh sealbhóir an chinnidh na húdaráis chustaim ar an eolas gan mhoill faoi aon toisc a thiocfaidh chun cinn tar éis an cinneadh a dhéanamh agus a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar leanúint den chinneadh sin nó ar a inneachar.

4.   Déanfaidh na húdaráis chustaim faireachán tráthrialta ar cé acu a leanann nó nach leanann sealbhóir an chinnidh de na critéir ábhartha agus de na hoibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh, go háirithe cumas shealbhóir an chinnidh earráidí a chosc, freagairt dóibh agus iad a leigheas trí rialuithe inmheánacha iomchuí agus fógra a thabhairt do na húdaráis chustaim faoi aon amhras faoi chalaois chustaim a bhfuil an sealbhóir ar an eolas faoi, nó ar cheart le réasún gurbh eol don sealbhóir faoi, nó faoi fhaisnéis a bhféadfaí an chalaois sin a bhrath mar thoradh uirthi, go háirithe i gcomhréir le hAirteagail 27, 28, 30 agus 31. Bunaithe ar ghníomhaíocht faireacháin den sórt sin, déanfaidh na húdaráis custaim measúnú ar phróifíl riosca shealbhóir an chinnidh, i gcás inarb ábhartha. I gcás ina bhfuil sealbhóir an chinnidh bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais ar feadh tréimhse is lú ná 3 bliana, déanfaidh na húdaráis chustaim dlúthfhaireachán ar an sealbhóir le linn na chéad bhliana tar éis an cinneadh a dhéanamh.

5.   Na cinntí a dhéanann na húdaráis chustaim maidir le hiarratas a fháil agus na gníomhaíochtaí faireacháin uile a dhéanann siad, cuirfidh siad in iúl d’Údarás Custaim an Aontais iad i gcomhréir le mír 4. Cuirfidh Údarás Custaim an Aontais an fhaisnéis sin san áireamh chun críoch bainistíochta riosca.

6.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, cuirfidh na húdaráis chustaim a gcinntí ar taifead sna córais leictreonacha atá ann cheana le haghaidh faisnéis a mhalartú, ar córais iad a d’fhorbair an Coimisiún agus na Ballstáit. Beidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar na cinntí sin agus ar an bhfaisnéis fholuiteach sna córais sin.

7.   Gan dochar d’fhorálacha eile is infheidhme lena sonrófar na cásanna ina mbeidh cinntí neamhbhailí nó ina dtiocfaidh siad chun bheith ar neamhní, féadfaidh na húdaráis chustaim a rinne cinneadh é a neamhniú, a chúlghairm nó a leasú tráth ar bith i gcás nach gcomhlíonfaidh sé an reachtaíocht chustaim. Cuirfidh na húdaráis chustaim Údarás Custaim an Aontais ar an eolas faoi neamhniú, faoi chúlghairm agus faoi leasú den sórt sin ar chinntí custaim, mura bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin i Mol Sonraí Custaim an Aontais.

8.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, déanfaidh na húdaráis chustaim athmheasúnú ar chinneadh.

9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

rialacha mionsonraithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chinntí dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo;

(b)

na cásanna sonracha ina bhfuil athmheasúnú le déanamh ar chinntí, dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, agus na rialacha maidir leis an athmheasúnú sin.

Airteagal 10

Bailíocht cinntí ar fud an Aontais

Cinntí a bhaineann leis an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm, beidh siad bailí ar fud chríoch chustaim an Aontais, ach amháin i gcás ina bhforálfar leis an gcinneadh go mbeidh a éifeacht teoranta do Bhallstát amháin nó níos mó.

Airteagal 11

Neamhniú cinntí fabhracha

1.   Déanfaidh na húdaráis chustaim cinneadh atá fabhrach do shealbhóir an chinnidh a neamhniú má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

rinneadh an cinneadh ar bhonn faisnéise a bhí mícheart nó neamhiomlán;

(b)

b’eol do shealbhóir an chinnidh nó ba cheart le réasún gurbh eol dó nó di go raibh an fhaisnéis mícheart nó neamhiomlán;

(c)

dhéanfaí cinneadh eile dá mbeadh an fhaisnéis ceart agus iomlán.

2.   Tabharfar fógra do shealbhóir an chinnidh faoi neamhniú an chinnidh.

3.   Gabhfaidh éifeacht le neamhniú cinnidh ón dáta a tháinig an cinneadh tosaigh i bhfeidhm, mura sonraítear a mhalairt sa chinneadh maidir leis an neamhniú sin i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha chun cinntí fabhracha a neamhniú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 12

Cinntí fabhracha a chúlghairm, a chur ar fionraí agus a leasú

1.   Déanfar cinneadh fabhrach a chúlghairm nó a leasú:

(a)

i gcás nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a bhaineann leis an gcinneadh sin a dhéanamh nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(b)

i gcás ina mainneoidh sealbhóir an chinnidh na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gcinneadh sin a chomhlíonadh; nó

(c)

ar iarratas ó shealbhóir an chinnidh.

2.   Déanfar cinneadh fabhrach a chur ar fionraí más fíor an méid seo a leanas:

(a)

measann an t-údarás custaim go bhféadfadh forais leordhóthanacha a bheith ann chun an cinneadh a neamhniú, a chúlghairm nó a leasú, ach nach bhfuil na heilimintí uile is gá aige go fóill chun cinneadh a dhéanamh faoin neamhniú, faoin gcúlghairm nó faoin leasú;

(b)

measann an t-údarás custaim nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an gcinneadh nó nach gcomhlíonann sealbhóir an chinnidh na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gcinneadh sin, agus is iomchuí am a thabhairt do shealbhóir an chinnidh bearta a dhéanamh chun comhlíonadh na gcoinníollacha nó comhlíonadh na n-oibleagáidí a áirithiú;

(c)

iarrann sealbhóir an chinnidh cur ar fionraí den sórt sin toisc nach bhfuil an sealbhóir in ann, ar bhonn sealadach, na coinníollacha don chinneadh sin nó na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gcinneadh sin a chomhlíonadh.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c), tabharfaidh sealbhóir an chinnidh fógra don údarás custaim atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh faoi na bearta a dhéanfaidh an sealbhóir chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha nó na hoibleagáidí, agus faoin tréimhse is gá chun na bearta sin a dhéanamh.

3.   Seachas i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, ní fhéadfar cinneadh fabhrach a dhíreofar chuig líon daoine a chúlghairm ach amháin i leith duine a mhainneoidh oibleagáid a fhorchuirtear leis an gcinneadh sin a chomhlíonadh.

4.   Cuirfear in iúl do shealbhóir an chinnidh go bhfuil sé cúlghairthe, curtha ar fionraí nó leasaithe.

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 8(4) maidir le cúlghairm, le cur ar fionraí nó le leasú an chinnidh.

I gcásanna eisceachtúla, áfach, inar gá sin ar mhaithe le leasanna dlisteanacha shealbhóir an chinnidh, féadfaidh na húdaráis chustaim an dáta a thiocfaidh an chúlghairm nó an leasú i bhfeidhm a chur siar ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin. Léireofar an dáta sin sa chinneadh maidir le cúlghairm nó leasú.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

na cásanna sonracha, dá dtagraítear i mír 3, ina gceadaítear do na húdaráis chustaim cinneadh fabhrach a dhíreofar ar roinnt daoine a chúlghairm i leith daoine seachas an duine nár chomhlíon oibleagáid a fhorchuirtear leis an gcinneadh sin;

(b)

na cásanna eisceachtúla ina gceadaítear do na húdaráis chustaim an dáta a thiocfaidh an chúlghairm nó an leasú i bhfeidhm a chur siar i gcomhréir le mír 5, an dara fomhír.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir le cinntí fabhracha a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a leasú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 13

Cinntí arna ndéanamh gan iarratas

Ach amháin i gcás ina ngníomhóidh údarás custaim mar údarás breithiúnach, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 8(4) go (7), Airteagal 9(7) agus Airteagail 10, 11 agus 12 maidir le cinntí a dhéanfaidh na húdaráis chustaim gan iarratas ón duine lena mbaineann.

Airteagal 14

Teorainneacha is infheidhme maidir le cinntí i ndáil le hearraí a chuirtear faoi nós imeachta custaim nó i stóráil shealadach

Ach amháin i gcás ina n-iarrfaidh an duine lena mbaineann é, ní dhéanfaidh cúlghairm, leasú ná cur ar fionraí cinnidh fhabhraigh difear d’earraí ar earraí iad, tráth a thiocfaidh an chúlghairm, an leasú nó an cur ar fionraí i bhfeidhm, atá curtha faoi nós imeachta custaim cheana agus atá faoin nós imeachta custaim sin i gcónaí, nó atá i stóráil shealadach, mar thoradh ar an gcinneadh arna chúlghairm, arna leasú nó arna chur ar fionraí.

Roinn 2

Faisnéis ceangailteach

Airteagal 15

Cinntí maidir le faisnéis cheangailteach

1.   Ar iarratas a fháil, déanfaidh na húdaráis chustaim cinntí a bhaineann le faisnéis taraife cheangailteach (‘cinntí maidir le FTC’), cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh (‘cinntí maidir le FCT’) agus cinntí a bhaineann le faisnéis luachála cheangailteach (‘cinntí maidir le FLC’).

Ní ghlacfar le hiarratais den sórt sin i gceann ar bith de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéanfaidh sealbhóir cinnidh, nó duine thar a cheann, an t-iarratas, nó i gcás ina mbeidh an t-iarratas déanta cheana féin, san oifig custaim chéanna nó in oifig custaim eile:

(i)

i gcás cinntí maidir le FTC, i leith na n-earraí céanna;

(ii)

i gcás cinntí maidir le FCT, i leith na n-earraí céanna agus sna himthosca céanna lena gcinntear an éadáil tionscnaimh;

(iii)

i gcás cinntí maidir le FLC, i leith earraí sna himthosca céanna lena gcinntear an luach custaim;

(b)

i gcás nach mbainfidh an t-iarratas le haon úsáid a bheartaítear a bhaint as cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach ná le haon úsáid a bheartaítear a bhaint as nós imeachta custaim.

2.   Cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach, ní bheidh siad ceangailteach ach amháin i leith rangú earraí de réir taraife nó i leith tionscnamh nó luach custaim na n-earraí lena mbaineann a chinneadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na húdaráis chustaim, i ndáil le sealbhóir an chinnidh, i dtaca le hearraí a dtabharfar na foirmiúlachtaí custaim ina leith chun críche i ndiaidh an dáta a thiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm, agus i ndáil leis na hearraí sin amháin;

(b)

sealbhóir an chinnidh, i ndáil le húdaráis chustaim, le héifeacht ón dáta a gheobhaidh sé nó sí fógra faoin gcinneadh nó an dáta a mheasfar an fógra sin a bheith faighte aige nó aici agus ón dáta sin amháin.

3.   Cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach, beidh siad bailí ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm.

4.   Chun cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach a chur chun feidhme i gcomhthéacs nós imeachta custaim ar leith, beidh sealbhóir an chinnidh in ann a chruthú:

(a)

i gcás cinneadh maidir le FTC, go mbeidh na hearraí atá i gceist comhfhreagrach ar gach uile bhealach do na hearraí a dtugtar tuairisc orthu sa chinneadh;

(b)

i gcás cinneadh maidir le FCT, go mbeidh na hearraí atá i gceist agus na himthosca ina gcinnfear an éadáil tionscnaimh comhfhreagrach ar gach uile bhealach do na hearraí agus do na himthosca a dtugtar tuairisc orthu sa chinneadh;

(c)

i gcás cinneadh maidir le FLC, go mbeidh na himthosca lena gcinntear luach custaim na n-earraí atá i gceist comhfhreagrach ar gach uile bhealach do na himthosca a dtugtar tuairisc orthu sa chinneadh.

Airteagal 16

Bainistiú cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach

1.   Scoirfidh cinneadh maidir le FTC de bheith bailí roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 15(3) i gcás nach mbeidh sé i gcomhréir leis an dlí níos mó mar thoradh ar cheachtar díobh seo a leanas:

(a)

leasú a ghlacadh ar na hainmníochtaí dá dtagraítear in Airteagal 166(2), pointí (a) agus (b); nó

(b)

bearta dá dtagraítear in Airteagal 167(4) a ghlacadh.

Sna cásanna sin, scoirfidh an cinneadh maidir le FTC de bheith bailí le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an leasaithe nó na mbeart.

2.   Scoirfidh cinneadh maidir le FCT de bheith bailí roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 15(3):

(a)

i gcás nach bhfuil an cinneadh maidir le FCT i gcomhréir le dlí an Aontais a thuilleadh de thoradh gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de a ghlacadh nó de thoradh comhaontú a bheith tugtha i gcrích ag an Aontas a thiocfaidh chun bheith infheidhme san Aontas, agus scoirfidh an cinneadh maidir le FCT de bheith bailí le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh sin nó an chomhaontaithe sin; nó

(b)

i gcás nach bhfuil an cinneadh maidir le FCT comhoiriúnach a thuilleadh leis an gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh a bhunaítear san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) nó le tuairimí comhairleacha, faisnéis, comhairle agus gníomhartha comhchosúla a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh chun aonfhoirmeacht chur chun feidhme agus chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin a áirithiú, agus an cinneadh maidir le FCT scortha de bheith bailí le héifeacht ó dháta a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Scoirfidh cinneadh maidir le FLC de bheith bailí roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 15(3):

(a)

i gcás nach bhfuil an cinneadh maidir le FLC i gcomhréir le dlí an Aontais a thuilleadh de thoradh gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de a ghlacadh, agus scoirfidh an cinneadh maidir le FLC de bheith bailí ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh sin; nó

(b)

i gcás nach mbeidh an cinneadh maidir le FLC comhoiriúnach a thuilleadh le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, nó leis an gComhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 a Chur chun Feidhme (31), nó leis na cinntí arna nglacadh ag an gCoiste um Luacháil Custaim chun an Comhaontú sin a léirmhíniú, agus an cinneadh maidir le FLC scortha de bheith bailí ó dháta a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach, ní scoirfidh siad de bheith bailí le héifeacht chúlghabhálach.

5.   De mhaolú ar Airteagal 9(7) agus Airteagal 11, ní dhéanfaidh na húdaráis chustaim cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach a neamhniú ach amháin i gcás ina mbeidh siad bunaithe ar fhaisnéis mhíchruinn nó neamhiomlán ó na hiarratasóirí.

6.   Cúlghairfidh na húdaráis chustaim cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i gcomhréir le hAirteagal 9(7) agus Airteagal 12. Ní dhéanfar na cinntí sin a chúlghairm, áfach, ar iarratas ó shealbhóir an chinnidh.

7.   Ní leasófar cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach.

8.   Cúlghairfidh na húdaráis chustaim cinntí maidir le FTC i gcás nach mbeidh siad comhoiriúnach a thuilleadh leis an léirmhíniú ar aon cheann de na hainmníochtaí dá dtagraítear in Airteagal 166(2), pointí (a) agus (b), mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

glacadh nótaí míniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a), an chéad fhleasc de Rialachán (CEE) Uimh 2658/87 ón gComhairle (32), an cinneadh maidir le FTC a bheith á chúlghairm le héifeacht ó dháta foilsithe na nótaí míniúcháin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(b)

breithiúnas a bheith tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an cinneadh maidir le FTC a bheith á chúlghairm le héifeacht ón dáta a fhoilseofar an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

(c)

glacadh cinntí maidir le rangú, tuairimí nó leasuithe maidir le rangú ar na nótaí míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht na Tuairisce Comhchuibhithe Tráchtearra agus an Chórais um Chódú, a ghlac an Eagraíocht a bhunaigh an Coinbhinsiún lena mbunaítear Comhairle Comhair Custaim, arna ndéanamh sa Bhruiséil an 15 Nollaig 1950, an cinneadh maidir le FTC a bheith á chúlghairm le héifeacht ón dáta a foilsíodh an Teachtaireacht ábhartha ón gCoimisiún i sraith ‘C’ in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

9.   Aisghairfear cinntí maidir le FCT agus maidir le FLC i gcás nach mbeidh siad ag luí a thuilleadh le breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, le héifeacht ón dáta a fhoilseofar an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

10.   I gcásanna ina scoirfidh cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach de bheith bailí i gcomhréir le mír 1, pointe (b), nó le mír 2 nó 3, nó ina ndéanfar an cinneadh a chúlghairm i gcomhréir le mír 6, 8 nó 9, féadfar an cinneadh a úsáid fós maidir le conarthaí ceangailteacha a bhí bunaithe ar an gcinneadh sin agus a tugadh i gcrích sula scoirfidh sé de bheith bailí nó sula ndéanfar é a chúlghairm. Ní bheidh feidhm ag an úsáid bhreisithe sin i gcás ina ndéanfar cinneadh maidir le FCT maidir le hearraí atá le honnmhairiú.

Ní bheidh tréimhse na húsáide breisithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos faide ná 6 mhí ón dáta a scoirfidh an cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach de bheith bailí nó a dhéanfar é a chúlghairm. Mar sin féin, d’fhéadfaí go n-eisiafaí an úsáid bhreisithe sin nó go leagfaí síos tréimhse níos giorra le beart dá dtagraítear in Airteagal 167(4), beart dá dtagraítear in Airteagal 172 nó beart dá dtagraítear in Airteagal 182. I gcás na dtáirgí a gcuirtear deimhniú ar allmhairí nó deimhniú ar onnmhairí isteach ina leith nuair a dhéantar na foirmiúlachtaí custaim, beidh tréimhse bhailíochta an deimhnithe i bhfeidhm in ionad na tréimhse 6 mhí.

Chun leas a bhaint as an úsáid bhreisithe a bhaintear as cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach, cuirfidh sealbhóir an chinnidh sin iarratas isteach chuig an údarás custaim a rinne an cinneadh laistigh de 30 lá ón dáta a scoirfidh an cinneadh de bheith bailí nó a dhéanfar é a chúlghairm, agus na cainníochtaí a n-iarrtar tréimhse úsáide breisithe ina leith agus an Ballstát nó na Ballstáit ina ndéanfar na hearraí a réiteach le linn thréimhse an húsáide breisithe á léiriú. Déanfaidh an t-údarás custaim sin cinneadh maidir leis an úsáid bhreisithe agus cuirfidh sé an sealbhóir ar an eolas faoi, gan mhoill, agus ar a dhéanaí 30 lá ón dáta a gheobhaidh sé an fhaisnéis uile atá riachtanach chun go mbeidh sé in ann an cinneadh sin a dhéanamh.

11.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis chustaim sna cásanna seo a leanas:

(a)

cuirtear ar fionraí déanamh cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach maidir le hearraí nach n-áirithítear rangú taraife ceart agus aonfhoirmeach nó cinneadh maidir le tionscnamh nó cinneadh an luacha custaim ina leith; nó

(b)

déantar an cur ar fionraí dá dtagraítear i bpointe (a) a aistarraingt.

12.   Féadfaidh an Coimisiún cinntí cur chun feidhme a ghlacadh, i bhfoirm cinntí, lena n-iarrfar ar na Ballstáit cinneadh maidir le FTC, cinneadh maidir le FCT nó cinneadh maidir le FLC a chúlghairm chun rangú taraife ceart agus aonfhoirmeach nó cinneadh tionscnaimh ceart agus aonfhoirmeach na n-earraí nó luach custaim na n-earraí a áirithiú.

Sula nglacfaidh sé an cinneadh sin, cuirfidh an Coimisiún na forais ar a mbeidh sé beartaithe aige a chinneadh a bhunú in iúl do shealbhóir an chinnidh maidir le FTC, an chinnidh maidir le FCT nó an chinnidh maidir le FLC, agus beidh deis ag an sealbhóir sin a thuairimí a chur in iúl, laistigh de thréimhse fhorordaithe ón dáta a fhaigheann an sealbhóir an teachtaireacht sin nó a mheastar é a bheith faighte ag an sealbhóir.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 283(2).

13.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan síos maidir leis na cinntí dá dtagraítear i mír 12 den Airteagal seo a dhéanamh, lena n-áirítear maidir leis na forais ar a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a chinntí a bhunú a chur in iúl do na daoine lena mbaineann agus maidir leis an teorainn ama ar laistigh di a fhéadfaidh na daoine sin a dtuairimí a chur in iúl.

14.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach a úsáid agus é scortha de bheith bailí nó cúlghairthe, i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo;

(b)

fógra a thabhairt do na húdaráis chustaim i gcomhréir le mír 11 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Roinn 3

Achomhairc

Airteagal 17

Cinntí arna nglacadh ag údarás breithiúnach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 18 ná ag Airteagal 19 maidir le hachomhairc a thaiscfear d’fhonn neamhniú, cúlghairm nó leasú cinnidh a bhainfidh le cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim agus a dhéanfaidh údarás breithiúnach, nó údaráis chustaim, ag gníomhú dóibh mar údaráis bhreithiúnacha.

Airteagal 18

Ceart achomhairc

1.   Beidh ceart achomhairc ag duine i gcoinne cinneadh ar bith a dhéanfaidh na húdaráis chustaim maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim, ar choinníoll go mbaineann an cinneadh leis an duine sin go díreach agus ar bhonn aonair.

Duine ar bith a bhfuil iarratas ar chinneadh curtha chuig na húdaráis chustaim aige nó aici agus nach mbeidh ceann faighte aige nó aici laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 8(3), beidh sé nó sí i dteideal a cheart achomhairc nó a ceart achomhairc a fheidhmiú freisin.

2.   Beifear in ann an ceart achomhairc a fheidhmiú in dhá chéim ar a laghad:

(a)

i dtús báire, os comhair na n-údarás custaim nó os comhair údaráis bhreithiúnaigh nó os comhair comhlachta eile arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann chun na críche sin;

(b)

ina dhiaidh sin, os comhair comhlacht neamhspleách ar airde é ná sin, ar féidir leis a bheith ina údarás breithiúnach nó ina choibhéis de chomhlacht speisialaithe, ag brath ar dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   Déanfar an t-achomharc a thaisceadh sa Bhallstát ina ndearnadh an cinneadh nó ina ndearnadh iarratas air.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeifear in ann dearbhú nó ceartú pras a dhéanamh, leis an nós imeachta achomhairc, ar chinntí arna ndéanamh ag na húdaráis chustaim.

Airteagal 19

Cur chun feidhme a chur ar fionraí

1.   Ní bheidh sé d’éifeacht ag achomharc a chuirtear isteach cur chun feidhme an chinnidh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne a chur ar fionraí.

2.   D’ainneoin mhír 1, cuirfidh na húdaráis chustaim cur chun feidhme an chinnidh sin ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcás ina mbeidh cúis mhaith acu le creidiúint nach bhfuil an cinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne ag luí leis an reachtaíocht chustaim nó go bhféadfaí damáiste neamh-indeisithe a dhéanamh don duine lena mbaineann.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, ina bhfuil sé d’éifeacht ag an gcinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne go mbeadh dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí iníoctha, beidh cur ar fionraí chur chun feidhme an chinnidh sin ag brath ar sholáthar ráthaíochta, mura suífear, ar bhonn measúnaithe dhoiciméadaithe, gur dóigh do ráthaíocht den sórt sin a bheith ina cúis le deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta ag an bhféichiúnaí.

Roinn 4

Muirir agus costais

Airteagal 20

Muirir, costais agus táille láimhseála an Aontais

1.   Ní ghearrfaidh údaráis chustaim muirir ar fheidhmiú rialuithe custaim nó ar aon chur i bhfeidhm eile reachtaíochta custaim a dhéantar le linn uaireanta oifigiúla oscailte a n-oifig inniúla custaim.

2.   De mhaolú ar mhír 1, baileoidh údaráis chustaim táille láimhseála de chuid an Aontais de mhéid socraithe in aghaidh na hítime i ndáil leis na seirbhísí atá le soláthar maidir le hiarraidh a láimhseáil, ar iarraidh í ar earraí a chur faoin nós imeachta um a scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcás ina ndíoltar na hearraí sin sa chiandíol.

3.   Beidh méid tháille láimhseála an Aontais dá dtagraítear i mír 2 ag freagairt do neaschostais na seirbhísí dá dtagraítear sa mhír sin. Áireofar ar na costais sin ar a laghad na costais a bhaineann leis na sonraí a sheiceáil, le hanailís riosca a dhéanamh, leis an mbonneagar ábhartha agus le rialuithe, lena n-áirítear seirbhísí arna soláthar ag Údarás Custaim an Aontais.

4.   Is ísle a bheidh an méid dá dtagraítear i mír 2 i gcás inarb é atá in ábhar an scaoilte i saorchúrsaíocht earraí a dhíoltar sa chiandíol ó stóras custaim le haghaidh ciandíola.

5.   Íocfaidh féichiúnaí an fhéich custaim tráth an allmhairithe táille láimhseála an Aontais uair sa mhí ar a laghad leis na húdaráis chustaim atá inniúil ar na hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht tráth a íocfar an fiach custaim. I gcás nach mbeidh aon fhiach custaim ann, is é an duine a bheadh ina fhéichiúnaí i gcás fiach custaim a bheidh ina fhéichiúnaí le haghaidh tháille láimhseála an Aontais.

A mhéid a bhaineann le hábhair nach bhfuil aon rialacha sonracha leagtha síos ina leith san Airteagal seo, nó bunaithe de bhun an Airteagail seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha maidir le fiach custaim maidir le táille láimhseála an Aontais.

6.   Beidh táille láimhseála an Aontais neamh-inaisíoctha.

7.   Go dtí an 30 Meitheamh 2028, i gcomhréir le hAirteagal 285(2), soláthróidh an Coimisiún réiteach TF iomchuí ar leibhéal an Aontais chun táille láimhseála an Aontais a ríomh.

8.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil gach 2 bhliain chun neaschostais na seirbhísí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a mheasúnú.

9.   Féadfaidh na Ballstáit muirir a chinneadh agus a chur i bhfeidhm nó costais a aisghabháil i leith seirbhísí sonracha seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 2, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

tinreamh foirne custaim, ar iarratas, lasmuigh d’uaireanta oifigiúla oscailte oifige nó ag áitreabh seachas áitreabh custaim;

(b)

anailísí nó tuarascálacha saineolaíochta ar earraí agus táillí poist chun earraí a thabhairt ar ais d’iarratasóir, go háirithe i ndáil le cinntí a dhéanfar de bhun Airteagal 15 nó i ndáil le faisnéis a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 25;

(c)

iniúchadh nó sampláil earraí chun críoch fíoraithe, nó díothú earraí, i gcás ina mbeidh costais i gceist seachas an costas a bhaineann le leas a bhaint as foireann custaim;

(d)

bearta eisceachtúla rialaithe is gá de bharr chineál na n-earraí nó de bharr riosca a d’fhéadfadh a bheith ann.

10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí mhéid tháille láimhseála an Aontais earraí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a bhunú.

11.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an nós imeachta maidir le táille láimhseála an Aontais a bhailiú ón oibreoir eacnamaíoch. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 5

Comhshó airgeadra agus teorainneacha ama

Airteagal 21

Comhshó airgeadra

1.   Foilseoidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí freisin trína chur ar fáil ar líne, an ráta malairte is infheidhme i gcás inar gá comhshó airgeadra ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

de bhrí go ndéantar tosca a mbainfear úsáid astu chun luach custaim na n-earraí a chur in iúl in airgeadra seachas airgeadra an Bhallstáit ina gcinntear an luach custaim;

(b)

de bhrí go bhfuil luach an euro in airgeadraí náisiúnta ag teastáil chun rangú taraife earraí agus méid na dleachta ar allmhairí agus ar onnmhairí, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil sé ag teastáil chun tairseacha luacha a leagtar síos sa Chomhtharaif Custaim a chur i bhfeidhm.

2.   I gcás inar gá comhshó airgeadra ar chúiseanna seachas na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar luach an euro in airgeadraí náisiúnta a bheidh le cur i bhfeidhm faoi chuimse na reachtaíochta custaim a shocrú uair in aghaidh na bliana ar a laghad.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir le comhshó airgeadra chun na gcríoch dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 22

Tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama

1.   I gcás ina ndéanfar tréimhse, dáta nó teorainn ama a leagan síos sa reachtaíocht chustaim, ní chuirfear síneadh leis an tréimhse sin ná ní laghdófar í ná ní chuirfear siar ná ní chuirfear chun cinn an dáta sin nó an teorainn ama sin, mura bhforálfar a mhalairt sa reachtaíocht sin.

2.   Beidh feidhm ag na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí ama, dátaí agus teorainneacha ama a leagtar amach i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (33), seachas i gcás ina bhforálfar a mhalairt sa reachtaíocht chustaim.

CAIBIDIL 6

Forálacha eile

Airteagal 23

Rúndacht sonraí

1.   Sonraí a fhaigheann na húdaráis chustaim nó Údarás Custaim an Aontais, ar sonraí iad atá faoi rún óna gcineál nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, coimeádfar rúnda iad. D’ainneoin sin, féadfar sonraí den sórt sin a nochtadh i gcás ina mbeidh oibleagáid ar na húdaráis chustaim nó ar Údarás Custaim an Aontais é sin a dhéanamh de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann le himeachtaí dlíthiúla.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhairle leis an gCoimisiún, sonraí sonracha a ainmniú a ndéanfadh a nochtadh dochar do leasanna bunúsacha a slándála, lena gclibeáil go teicniúil laistigh de Mhol Sonraí Custaim an Aontais sa chaoi go mbeidh aon phróiseáil bhreise ar na sonraí sin teoranta d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, mura n-údaraíonn na húdaráis sin go sainráite do dhuine eile tuilleadh próiseála a dhéanamh. An duine a tharchuireann na sonraí chuig Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh, socróidh sé go soiléir teorainneacha próiseála na gcatagóirí sonraí sin is féidir a nascadh leis na slabhraí soláthair sonracha nó leis na catagóirí sonraí sonracha.

3.   Chun críocha mhír 2, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi leasanna fíor-riachtanacha sonracha a slándála atá i gceist agus míneoidh sé an fáth a measann sé nach bhféadfaí na leasanna sin a chosaint go leordhóthanach faoin gcreat ginearálta forálacha maidir le próiseáil sonraí laistigh de Mhol Sonraí Custaim an Aontais.

4.   Beidh leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí ag gabháil le haon nochtadh, asbhaint nó cur in iúl sonraí faoin Rialachán seo.

5.   Gan dochar do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), ón 1 Márta 2031, déanfaidh údaráis chustaim na mBallstát nó Údarás Custaim an Aontais sonraí custaim comhiomlána neamhrúnda, neamhphearsanta agus nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil, arna iarraidh sin.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir leis na hiarrataí ar shonraí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, agus foirm agus catagóirí na sonraí is féidir a chur ar fáil arna iarraidh sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 24

Malartú faisnéise breise idir údaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha

1   Féadfaidh údaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis nach n-éileofar go sonrach faoin reachtaíocht chustaim a mhalartú, agus go háirithe chun críche comhair fhrithpháirtigh chun riosca a shainaithint agus gníomhú ina aghaidh. Féadfar an malartú sin a dhéanamh de bhun comhaontú i scríbhinn agus féadfar a áireamh leis rochtain na n-údarás custaim ar chórais leictreonacha na n-oibreoirí eacnamaíocha.

2.   Aon fhaisnéis a sholáthróidh comhpháirtí amháin do pháirtí eile le linn an chomhair dá dtagraítear i mír 1, beidh sí faoi rún mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt nó mura bhforálfar a mhalairt i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

Airteagal 25

Faisnéis á cur ar fáil ag na húdaráis chustaim

1.   Féadfaidh duine ar bith faisnéis a iarraidh ar na húdaráis custaim maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta custaim. Féadfaidh údaráis chustaim iarraidh den sórt sin a dhiúltú i gcás nach mbainfidh sí le gníomhaíocht a bheartófar i ndáiríre i leith trádáil idirnáisiúnta earraí.

2.   Coimeádfaidh údaráis chustaim idirphlé go tráthrialta le hoibreoirí eacnamaíocha agus le húdaráis eile a bheidh bainteach leis an trádáil idirnáisiúnta earraí. Cuirfidh siad an trédhearcacht chun cinn tríd an reachtaíocht chustaim, rialuithe ginearálta riaracháin agus foirmeacha iarratais ábhartha a chur ar fáil gan bhac, gan mhuirear i gcás inar praiticiúil, lena n-áirítear ar líne.

TEIDEAL II

OIBLEAGÁIDÍ AGUS CEARTA DAOINE I dTACA LEIS AN REACHTAÍOCHT CHUSTAIM

CAIBIDIL 1

Clárú

Airteagal 26

Clárú

1.   Cláróidh oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais le húdaráis chustaim an Bhallstáit bunaíochta atá freagrach as an áit ina bhfuil siad bunaithe chun uimhir EORI a fháil. I gcás inar féidir, áireofar sa chlárú sin ríomh-shainaitheantas an oibreora eacnamaíoch sna scéimeanna ríomh-shainaitheantais náisiúnta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35).

2.   Cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha cláraithe na húdaráis chustaim ar an eolas faoi aon mhodhnú ar a sonraí clárúcháin, go háirithe a mhéid a bhaineann le haon mhodhnú ar a n-áit bhunaíochta.

3.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, cláróidh oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais, le húdarás custaim an Bhallstáit ina ndéanann siad an chéad ghníomhaíocht a chumhdaítear leis an reachtaíocht chustaim.

4.   Ní cheanglófar ar dhaoine nach oibreoirí eacnamaíocha iad clárú leis na húdaráis chustaim, ach amháin i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

I gcás ina gceanglófar ar dhaoine nach oibreoirí eacnamaíocha iad clárú leis na húdaráis chustaim, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

má bhíonn daoine den sórt sin bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais, cláróidh siad le húdaráis chustaim an Bhallstáit bunaíochta;

(b)

mura mbíonn daoine den sórt sin bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais, cláróidh siad le húdarás custaim an Bhallstáit ina ndéanfaidh siad dearbhú a thaisceadh den chéad uair, sonraí a sholáthar nó a chur ar fáil nó ina gcuirfidh siad isteach ar chinneadh den chéad uair.

5.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, déanfaidh na húdaráis chustaim an clárú dá dtagraítear i mír 1 a chur ó bhailíocht. Beidh údar cuí leis an gcur ó bhailíocht sin.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

na híoscheanglais sonraí a leagan síos don chlárú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

na cásanna sonracha a chinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil sé de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais clárú;

(c)

na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 4, den Airteagal seo i gcás ina bhfuil sé de cheangal ar dhaoine seachas oibreoirí eacnamaíocha clárú leis na húdaráis chustaim;

(d)

na cásanna sonracha a chinneadh dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo ina gceanglaítear ar na húdaráis chustaim clárú a chur ó bhailíocht.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha chun an t-údarás custaim atá freagrach as an gclárú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 2

Allmhaireoir

Airteagal 27

Allmhaireoirí

1.   Ní bheidh ach allmhaireoir amháin ann ag an aon am amháin.

2.   Déanfaidh an t-allmhaireoir an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis uile a éilítear i leith an nós imeachta stórála sealadaí nó an nós imeachta custaim faoina bhfuil na hearraí le cur i gcomhréir le hAirteagail 74, 104, 109, 142, 153, 156 nó 158 a sholáthar nó a chur ar fáil d’údaráis chustaim, a luaithe a bheidh sí ar fáil agus roimh scaoileadh na n-earraí in aon chás, nó a éilítear chun an nós imeachta próiseála amach a urscaoileadh, agus an fhaisnéis sin a choimeád;

(b)

a áirithiú go n-íocfar aon dleachtanna custaim agus aon mhuirir eile is infheidhme;

(c)

a áirithiú go gcomhlíonann na hearraí atá ag dul isteach ar chríoch chustaim an Aontais reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis custaim i bhfeidhm agus taifid iomchuí a sholáthar nó a chur ar fáil agus a choimeád maidir leis an gcomhlíonadh sin;

(d)

fógra a thabhairt d’údaráis chustaim faoi aon fhaisnéis maidir le gluaiseachtaí amhrasacha nó láimhseáil neamhúdaraithe earraí a bhfuil an t-allmhaireoir ar an eolas fúthu;

(e)

aon oibleagáid eile ar an allmhaireoir atá bunaithe sa reachtaíocht chustaim a chomhlíonadh.

3.   Beidh an t-allmhaireoir bunaithe ar i gcríoch chustaim an Aontais.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le hallmhaireoir:

(a)

a chuireann earraí faoin nós imeachta idirthurais nó faoin nós imeachta um chead isteach sealadach;

(b)

a thugann earraí isteach a fhanann faoi stóráil shealadach;

(c)

a chuireann earraí faoi nósanna imeachta custaim ó am go ham, ar choinníoll go measann na húdaráis chustaim go bhfuil údar leis an gcur faoi sin;

(d)

atá bunaithe i dtír a bhfuil a críoch tadhlach le críoch chustaim an Aontais, agus a thíolacfaidh na hearraí in oifig custaim teorann an Aontais atá tadhlach leis an tír sin ar choinníoll go gceadóidh an tír ina bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe sochar cómhalartach do dhaoine atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais; nó

(e)

ar a bhfuil ionadaíocht á déanamh ag ionadaí indíreach atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais.

CAIBIDIL 3

Onnmhaireoir

Airteagal 28

Onnmhaireoirí

1.   Déanfaidh an t-onnmhaireoir an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis uile a éilítear i leith an nós imeachta custaim faoina bhfuil na hearraí le cur i gcomhréir le hAirteagal 114, Airteagal 116 nó le hAirteagal 161, a sholáthar nó a chur ar fáil d’údaráis chustaim, a luaithe a bheidh sí ar fáil agus roimh scaoileadh na n-earraí in aon chás, agus í a choimeád, nó an fhaisnéis uile a éilítear chun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(4), Airteagal 142, Airteagal 153, Airteagal 156, nó Airteagal 158 a urscaoileadh;

(b)

a áirithiú go n-íocfar aon dleachtanna custaim agus aon mhuirir eile is infheidhme;

(c)

a áirithiú go gcomhlíonann na hearraí atá ag imeacht ó chríoch chustaim an Aontais reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis custaim i bhfeidhm agus taifid iomchuí a sholáthar nó a chur ar fáil agus a choimeád maidir leis an gcomhlíonadh sin;

(d)

fógra a thabhairt d’údaráis chustaim faoi aon fhaisnéis maidir le gluaiseachtaí amhrasacha nó láimhseáil neamhúdaraithe earraí a bhfuil an t-onnmhaireoir ar an eolas fúthu;

(e)

aon oibleagáid eile ar an onnmhaireoir atá bunaithe sa reachtaíocht chustaim a chomhlíonadh.

2.   Beidh an t-onnmhaireoir bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le honnmhaireoir:

(a)

a chuireann earraí faoin nós imeachta idirthurais, a urscaoileann an nós imeachta um chead isteach sealadach nó a ath-onnmhairíonn earraí ó stóráil shealadach;

(b)

a thrasloingsíonn earraí laistigh de shaorchrios, nó a ath-onnmhairíonn iad go díreach ó shaorchrios;

(c)

a chuireann earraí faoi nósanna imeachta custaim nó a ath-onnmhairíonn iad, ó am go ham, ar choinníoll go measann na húdaráis chustaim go bhfuil údar leis an gcur faoi nó an t-ath-onnmhairiú sin;

(d)

atá bunaithe i dtír a bhfuil a críoch tadhlach le críoch chustaim an Aontais, agus a thíolacfaidh na hearraí in oifig custaim teorann an Aontais atá tadhlach leis an tír sin ar choinníoll go gceadaíonn an tír ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe sochar cómhalartach do dhaoine atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais; nó

(e)

ar a bhfuil ionadaíocht á déanamh ag ionadaí indíreach atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais.

CAIBIDIL 4

Oibreoirí eacnamaíoch údaraithe agus trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ údaraithe

Airteagal 29

Iarratas ar agus údarú d’oibreoirí eacnamaíocha údaraithe

1.   Oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe ar chríoch chustaim an Aontais agus a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach in Airteagal 30, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe.

2.   Déanfaidh na húdaráis chustaim, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis eile, más gá, ceann amháin de na cineálacha údaruithe seo a leanas, nó an dá cheann, a dheonú:

(a)

údarú oibreora eacnamaíoch údaraithe le haghaidh ‘simplithe custaim’, a chuireann ar chumas an tsealbhóra tairbhe a bhaint as na simplithe sin i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim; nó

(b)

údarú oibreora eacnamaíoch údaraithe maidir le sábháilteacht agus slándáil, lena ndlitear bearta um éascú don sealbhóir i ndáil le sábháilteacht agus slándáil.

3.   Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 an dá chineál údaraithe dá dtagraítear i mír 2 a shealbhú an tráth céanna.

4.   Comhlíonfaidh oibreoir eacnamaíoch údaraithe na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 9(2) agus (3). Déanfaidh na húdaráis chustaim faireachán i dtaobh an leanann an t-oibreoir eacnamaíoch údaraithe de na c critéir ábhartha agus de na hoibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 9(4).

Gach 3 bliana ar a laghad, déanfaidh na húdaráis chustaim faireachán domhain ar ghníomhaíochtaí agus ar thaifid inmheánacha an oibreora eacnamaíoch údaraithe, faireachán lena n-áirítear cuairt ar an láthair.

5.   Aithneoidh na húdaráis chustaim sna Ballstáit uile, faoi réir mhír 6 den Airteagal seo agus faoi réir Airteagal 30, stádas an oibreora eacnamaíoch údaraithe.

6.   Ar bhonn stádas an oibreora eacnamaíoch údaraithe a aithint, agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le cineál sonrach simplithe dá bhforáiltear sa reachtaíocht chustaim, údaróidh údaráis chustaim don oibreoir eacnamaíoch tairbhiú den simpliú sin. Ní dhéanfaidh na húdaráis chustaim ath-scrúdú ar na critéir a scrúdaíodh cheana nuair a deonaíodh an stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe.

7.   Beidh níos mó beart éascaithe ar fáil d’oibreoir eacnamaíoch údaraithe ná mar a bheidh d’oibreoirí eacnamaíocha eile i ndáil le rialuithe custaim. Cuirfear stádas an oibreora eacnamaíoch údaraithe san áireamh go fabhrach chun críoch bainistíochta riosca custaim.

8.   Deonóidh na húdaráis chustaim tairbhí arna n-eascairt as stádas an oibreora eacnamaíoch údaraithe le haghaidh sábháilteachta agus slándála ar dhaoine atá bunaithe i dtríú tíortha, a chomhlíonann na critéir agus na hoibleagáidí a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha na dtíortha sin, má aithníonn an tAontas go bhfuil na critéir agus na hoibleagáidí sin coibhéiseach leis na cinn a fhorchuirtear ar oibreoirí eacnamaíocha údaraithe atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais. Bunófar an deonú tairbhí sin ar phrionsabal na cómhalartacha mura gcinnfidh an tAontas a mhalairt, agus tacóidh comhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí, nó gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála leis an deonú sin.

9.   Mar chuid de na prótacail agus na nósanna imeachta maidir le bainistiú géarchéime a leagtar síos in Airteagal 227, forbróidh Údarás Custaim an Aontais sásra leanúnachais gnó chun freagairt ar shuaitheadh i sreafaí trádála i ngeall ar mhéaduithe ar leibhéil foláirimh slándála, iaimh teorann, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí guaiseacha nó mórtheagmhais eile. Forálfar leis an sásra leanúnachais gnó gur féidir leis na húdaráis chustaim lastais tosaíochta a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha údaraithe a éascú agus a bhrostú, a mhéid is féidir.

10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

na simplithe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo;

(b)

na bearta um éascú dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo.

11.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha nós imeachta maidir leis na comhairliúcháin i ndáil le stádas oibreoirí eacnamaíocha údaraithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chinneadh, lena n-áirítear na sprioc-amanna chun freagra a thabhairt. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 30

Stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú

1.   Is iad seo a leanas na critéir le haghaidh stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú:

(a)

níl aon taifead ag an iarratasóir go ndearna sé cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó gnó ná go ndearna sé aon sárú tromchúiseach ná athshárú a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin, agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

reachtaíocht chustaim agus rialacha cánachais;

(ii)

reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil an t-údarás custaim atá inniúil maidir le stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú ar an eolas faoi na sáruithe nó na cionta sin;

(b)

léiríonn an t-iarratasóir go ndéanann sé an méid seo a leanas:

(i)

feidhmíonn sé ardleibhéal rialaithe ar a chuid oibríochtaí agus ar shreabhadh na n-earraí, trí chóras chun bainistiú a dhéanamh ar thaifid tráchtála, agus, i gcás inarb iomchuí, ar thaifid iompair, a fhágann gur féidir rialuithe iomchuí custaim a dhéanamh;

(ii)

tá nósanna imeachta sásúla i bhfeidhm aige chun ceadúnais, údaruithe agus ceanglais a láimhseáil faoi reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, lena n-áirítear reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí, agus go ndearnadh aon neamhchomhlíonadh a leigheas go héifeachtach;

(iii)

áirithíonn sé go dtugtar don phearsanra ábhartha treoir chun na húdaráis chustaim a chur ar an eolas ar bhealach slán aon uair a bhíonn siad ar an eolas faoi dheacrachtaí comhlíontachta, gluaiseachtaí amhrasacha nó láimhseáil neamhúdaraithe earraí; agus

(iv)

tá nósanna imeachta i bhfeidhm aige chun na húdaráis chustaim a chur ar an eolas faoi na cásanna dá dtagraítear i bpointe (iii);

(c)

tá an t-iarratasóir sócmhainneach ó thaobh airgeadais de, rud a mheasfar a bheith amhlaidh i gcás ina mbeidh seasamh airgeadais sách maith aige chun a chur ar a chumas a ghealltanais a chomhlíonadh, agus aird chuí á tabhairt ar shaintréithe an chineáil gníomhaíochta gnó lena mbaineann;

(d)

maidir leis an údarú dá dtagraítear in Airteagal 29(2), pointe (a), tá caighdeáin phraiticiúla inniúlachta nó cáilíochtaí gairmiúla ag an iarratasóir a bhaineann go díreach le cineál agus méid na gníomhaíochta a dhéantar;

(e)

maidir leis an údarú dá dtagraítear in Airteagal 29(2), pointe (b), tá caighdeáin iomchuí sábháilteachta, slándála agus comhlíontachta ag an iarratasóir, atá curtha in oiriúint do chineál agus do mhéid na gníomhaíochta a dhéantar, a mheastar a bheith amhlaidh i gcás ina léiríonn an t-iarratasóir go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm aige chun sábháilteacht agus slándáil an tslabhra soláthair idirnáisiúnta a áirithiú, lena n-áirítear i réimsí na sláine fisiciúla agus na rialuithe rochtana, na bpróiseas lóistíochta agus láimhseáil na gcineálacha sonracha earraí, an phearsanra agus shainaithint a chomhpháirtithe gnó.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos módúlachtaí maidir leis na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 31

Stádas trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a dheonú

1.   Allmhaireoir, onnmhaireoir nó ionadaí indíreach atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais, a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 3 agus a rinne oibríochtaí tráthrialta custaim le linn a ghnó ar feadh 2 bhliain ar a laghad, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ chuig údarás custaim an Bhallstáit bunaíochta.

2.   Deonóidh na húdaráis chustaim stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ i ndiaidh comhairliúchán le húdaráis chustaim eile agus le húdaráis inniúla eile, i gcás inar gá, agus tar éis rochtain a bheith acu ar shonraí ábhartha an iarratasóra le 3 bliana anuas chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach i mír 3.

3.   Is iad seo a leanas na critéir le haghaidh stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a dheonú:

(a)

níl aon taifead ag an iarratasóir go ndearna sé cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó gnó ná go ndearna sé aon sárú tromchúiseach ná athshárú a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin, agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

reachtaíocht chustaim agus rialacha cánachais;

(ii)

reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil an t-údarás custaim atá inniúil stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a dheonú ar an eolas faoi na sáruithe nó na cionta sin;

(b)

léiríonn an t-iarratasóir go ndéanann sé an méid seo a leanas:

(i)

feidhmíonn sé ardleibhéal rialaithe ar a oibríochtaí agus ar shreabhadh na n-earraí, trí chóras chun bainistiú a dhéanamh ar thaifid tráchtála, agus, i gcás inarb iomchuí, ar thaifid iompair, a fhágann gur féidir rialuithe iomchuí custaim a dhéanamh;

(ii)

tá nósanna imeachta sásúla i bhfeidhm aige chun ceadúnais, údaruithe agus ceanglais a láimhseáil faoi reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, lena n-áirítear reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí, agus go ndearnadh aon neamhchomhlíonadh a leigheas go héifeachtach;

(iii)

áirithíonn sé go dtugtar don phearsanra ábhartha treoir chun na húdaráis chustaim a chur ar an eolas ar bhealach slán aon uair a bhíonn siad ar an eolas faoi dheacrachtaí comhlíontachta, gluaiseachtaí amhrasacha nó láimhseáil neamhúdaraithe earraí; agus

(iv)

tá nósanna imeachta i bhfeidhm aige chun na húdaráis chustaim a chur ar an eolas faoi na cásanna dá dtagraítear i bpointe (iii);

(c)

tá an t-iarratasóir sócmhainneach ó thaobh airgeadais de, rud a mheasfar a bheith amhlaidh i gcás ina mbeidh seasamh airgeadais sách maith aige chun a chur ar a chumas a ghealltanais a chomhlíonadh, agus aird chuí á tabhairt ar shaintréithe an chineáil gníomhaíochta gnó lena mbaineann, agus, go háirithe, gur chomhlíon sé, le linn na 3 bliana roimh thíolacadh an iarratais, a oibleagáidí airgeadais maidir le dleachtanna custaim agus gach dleacht, cáin nó muirear eile a bhailítear ar allmhairiú nó onnmhairiú earraí nó i dtaca le hallmhairiú nó onnmhairiú earraí, lena n-áirítear CBL agus dleachtanna máil atá dlite i ndáil le hoibríochtaí laistigh den Aontas;

(d)

tá caighdeáin phraiticiúla inniúlachta nó cáilíochtaí gairmiúla ag an iarratasóir a bhaineann go díreach le cineál agus méid na gníomhaíochta a dhéantar, lena n-áirítear maidir le conas idirghníomhú trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais;

(e)

tá caighdeáin iomchuí sábháilteachta, slándála agus comhlíontachta ag an iarratasóir, atá curtha in oiriúint do chineál agus do mhéid na gníomhaíochta a dhéantar, a mheastar a bheith amhlaidh i gcás ina léiríonn an t-iarratasóir go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm aige chun sábháilteacht agus slándáil an tslabhra soláthair idirnáisiúnta a áirithiú, lena n-áirítear i réimsí na sláine fisiciúla agus na rialuithe rochtana, na bpróiseas lóistíochta agus láimhseáil na gcineálacha sonracha earraí, pearsanra agus shainaithint a chomhpháirtithe gnó;

(f)

tá córas leictreonach ag an iarratasóir lena soláthraítear nó lena gcuirtear ar fáil do na húdaráis chustaim, chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, sonraí maidir le gluaiseacht na n-earraí agus maidir le comhlíonadh na gceanglas uile is infheidhme maidir leis na hearraí sin, lena n-áirítear na ceanglais sin a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil, agus, i gcás inarb ábhartha, go gcuireann sé an méid seo a leanas ar fáil do na húdaráis chustaim trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais:

(i)

taifid chustaim, lena n-áirítear na taifid sin is gá chun a sheiceáil gur bunaíodh an fiach custaim mar is ceart;

(ii)

an córas cuntasaíochta a úsáidtear;

(iii)

taifid tráchtála agus iompair;

(iv)

córais rianaithe agus loighistice lena sainaithnítear earraí mar earraí de chuid an Aontais nó earraí nach de chuid an Aontais iad agus lena léirítear, i gcás inarb iomchuí, suíomh na n-earraí;

(v)

ceadúnais agus údaruithe arna ndeonú i gcomhréir le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm;

(g)

i gcás iarratasóra ar allmhaireoir é le haghaidh ciandíola, tá sé cláraithe agus tá úsáid iomchuí á baint aige as scéim IIFA le 2 bhliain ar a laghad.

4.   Comhlíonfaidh trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 9(2) agus (3). Déanfaidh na húdaráis chustaim faireachán i dtaobh an leanann an trádálaí de na critéir ábhartha agus de na hoibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 9(4).

Gach 2 bhliain ar a laghad, déanfaidh na húdaráis chustaim faireachán domhain, lena n-áirítear cuairt ar an láthair, ar ghníomhaíochtaí agus ar thaifid inmheánacha an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, d’fhonn a fhíorú go bhfuil cur i bhfeidhm praiticiúil na nósanna imeachta ar siúl aige chun na critéir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh go háirithe. Cuirfidh an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ na húdaráis chustaim ar an eolas faoi aon athrú ar a struchtúr corparáideach, úinéireacht, staid sócmhainneachta, nó samhlacha trádála nó aon athrú suntasach eile ar a staid agus ar a ghníomhaíochtaí. Déanfaidh na húdaráis chustaim athmheasúnú ar stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ má bhíonn tionchar suntasach ag aon cheann de na hathruithe sin ar an stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’. Féadfaidh na húdaráis chustaim stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an athmheasúnú.

5.   I gcás ina n-athraíonn an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a Bhallstát bunaíochta, cuirfidh an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ údaráis chustaim an Bhallstáit is faighteoir ar an eolas faoi aon athrú ar a struchtúr corparáideach, a úinéireacht, a staid sócmhainneachta nó a shamhlacha trádála nó aon athrú suntasach eile ar a staid agus ar a ghníomhaíochtaí dá bhféadfadh tionchar a bheith ag aon cheann de na hathruithe sin ar an stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’.

Déanfaidh údaráis chustaim an Bhallstáit is faighteoir athmheasúnú ar stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, i gcomhairle le húdaráis chustaim an Bhallstáit a dheonaigh an stádas sin ar dtús nó a rinne athmheasúnú air ina dhiaidh sin. Le linn an athmheasúnaithe sin, féadfaidh údarás custaim an Bhallstáit is faighteoir stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a chur ar fionraí. Déanfar taifead ar an gcur ar fionraí sin i Mol Sonraí Custaim an Aontais.

6.   I gcás ina mbeidh údar leis ar bhonn tásca i leith neamhchomhlíonadh a bheith á dhéanamh ag an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, féadfaidh Údarás Custaim an Aontais, i gcomhar leis na húdaráis chustaim inniúla lena mbaineann, a fhíorú go bhfuil an stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ á chomhlíonadh ag oibreoir eacnamaíoch ar leith.

Déanfar toradh an fhíoraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl don Choimisiún agus do na húdaráis chustaim inniúla lena mbaineann. Bunaithe ar thoradh an fhíoraithe, féadfaidh Údarás Custaim an Aontais a mholadh don údarás custaim inniúil an stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

Cuirfidh an t-údarás custaim inniúil Údarás Custaim an Aontais agus an Coimisiún ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh ar bhonn an mholta ó Údarás Custaim an Aontais.

I gcás nach soláthróidh an t-údarás custaim inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír nó i gcás nach leor an ghníomhaíocht dá dtagraítear san fhomhír sin arna déanamh ar bhonn an mholta ó Údarás Custaim an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí aonair a ghlacadh lena n-iarrfar ar an mBallstát a dheonaigh an stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ é a chur ar fionraí nó a chúlghairm laistigh den sprioc-am a leagtar síos sa chinneadh ábhartha. Déanfar taifead ar an gcur ar fionraí sin nó ar an gcúlghairm sin i Mol Sonraí Custaim an Aontais.

7.   I gcás ina bhfuil baint ag trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ le gníomhaíocht chalaoiseach i ndáil lena ghníomhaíocht eacnamaíoch nó ghnó nó i gcás ina dtiocfaidh údaráis chustaim ar an eolas gur sháraigh trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm de bhun Airteagal 27(2), pointe (c), cuirfidh na húdaráis chustaim stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ sin ar fionraí. Déanfar taifead ar an gcur ar fionraí sin i Mol Sonraí Custaim an Aontais.

8.   Údaróidh údaráis chustaim trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ chun tairbhe a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na simplithe seo a leanas, ag brath ar a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha:

(a)

cuid de na sonraí faoina n-earraí a sholáthar nó a chur ar fáil tar éis scaoileadh na n-earraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 74(5);

(b)

rialuithe áirithe a dhéanamh agus na hearraí a scaoileadh nuair a fhaigheann siad iad ag áit ghnó an allmhaireora, an úinéara nó an choinsíní nó nuair a sheachadtar iad ó áit ghnó an onnmhaireora, an úinéara nó an choinsíneora, i gcomhréir le hAirteagal 78(1) agus (3);

(c)

a mheas go dtugann sé an dearbhú is gá maidir le cur i gcrích iomchuí na n-oibríochtaí chun críoch stórála sealadaí i gcomhréir le hAirteagal 108(2), nó chun údaruithe a fháil le haghaidh nósanna imeachta speisialta i gcomhréir le hAirteagal 125(4), Airteagal 126 agus Airteagal 133(2);

(d)

a chinneadh go tréimhsiúil cad é an fiach custaim atá comhfhreagrach le méid iomlán na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bhaineann leis na hearraí uile a scaoileann an trádálaí sin, i gcomhréir le hAirteagal 205(5);

(e)

íocaíocht an fhéich custaim a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 212(2);

(f)

de mhaolú ar Airteagal 134, earraí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó ag imeacht aisti a ghluaiseacht gan an oibleagáid iad a chur ar idirthuras má tá na hearraí faoi chóras díolúine ó dhleacht agus faoi mhaoirseacht chustaim go dtí a gceann scríbe deiridh san Aontas.

9.   Déanfaidh na húdaráis chustaim a ndícheall a gcleachtas maidir le húdaruithe a dheonú dá dtagraítear i mír 8 a ailíniú le cleachtas údarás custaim eile chun cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais.

10.   Beidh níos mó beart éascaithe ag trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ ná mar a bheidh ag oibreoirí eacnamaíocha eile i ndáil le rialuithe custaim. Cuirfear stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ san áireamh go fabhrach chun críoch bainistíochta riosca custaim.

11.   Mar chuid de na prótacail agus na nósanna imeachta maidir le bainistiú géarchéime a leagtar síos in Airteagal 227, forbróidh Údarás Custaim an Aontais sásra leanúnachais gnó chun freagairt ar shuaitheadh i sreafaí trádála i ngeall ar mhéaduithe ar leibhéil foláirimh slándála, iaimh teorann, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí guaiseacha nó mórtheagmhais eile. Leis an sásra leanúnachais gnó, forálfar gur féidir leis na húdaráis chustaim lastais tosaíochta a bhaineann le trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a éascú agus a bhrostú, a mhéid is féidir.

12.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na nithe a leanas:

(a)

na rialacha maidir le dul i gcomhairle le húdaráis inniúla eile maidir le stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, a chinneadh, lena n-áirítear na spriocdhátaí chun freagra a thabhairt;

(b)

na módúlachtaí maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo;

(c)

na cineálacha gníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;

(d)

na rialacha maidir leis an dul i gcomhairle leis na húdaráis chustaim dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo;

(e)

na rialacha maidir le hathmheasúnú ar an stádas mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 32

Stádas oibreoirí eacnamaíocha údaraithe agus stádas trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a oiriúnú

1.   Cuirfidh na húdaráis chustaim saintréithe sonracha oibreoirí eacnamaíocha san áireamh, go háirithe saintréithe micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide, agus measúnú á dhéanamh acu an gcomhlíonann siad na critéir chun an stádas mar oibreoirí eacnamaíocha údaraithe agus trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a dheonú dóibh.

2.   Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte d’fhonn cabhrú le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide úsáid a bhaint as an stádas mar oibreoirí eacnamaíocha údaraithe agus ag trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’.

CAIBIDIL 5

Ionadaíocht chustaim

Airteagal 33

Ionadaíocht chustaim

1.   Féadfaidh aon duine ionadaí custaim a ainmniú.

Féadfaidh an ionadaíocht sin a bheith díreach, agus sa chás sin feidhmíonn an t-ionadaí in ainm agus thar ceann duine eile, nó féadfaidh sí a bheith indíreach agus sa chás sin feidhmíonn an t-ionadaí custaim ina ainm féin ach thar ceann duine eile.

2.   Beidh ionadaí indíreach custaim atá ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann allmhaireora nó onnmhaireora atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais freagrach i gcomhpháirt agus go leithleach leis an allmhaireoir sin chun críocha Airteagal 27(2) nó leis an onnmhaireoir sin chun críocha Airteagal 28(1).

3.   Ionadaí indíreach custaim atá ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann allmhaireora nó onnmhaireora nach bhfuil bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais, measfar gurb é an t-allmhaireoir é chun críocha Airteagal 27(2) nó gurb é an t-onnmhaireoir é chun críocha Airteagal 28(1).

4.   Beidh an t-ionadaí custaim bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais.

Seachas i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, déanfar an ceanglas sin a tharscaoileadh nuair a ghníomhaíonn an t-ionadaí custaim thar ceann daoine nach bhfuil sé de cheangal orthu bheith bunaithe ar chríoch chustaim an Aontais.

5.   Ní aithneofar ionadaí custaim a bhfuil stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ aige mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ ach amháin nuair atá sé ag gníomhú mar ionadaí indíreach.

Agus é ag gníomhú mar ionadaí díreach, déanfar an méid seo a leanas i leith ionadaí custaim a bhfuil stádas trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ aige:

(a)

aithneofar é mar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ más rud é gur deonaíodh an stádas sin don duine a bhfuil an t-ionadaí sin ag gníomhú ina ainm agus thar a cheann;

(b)

beidh aige na tairbhí a bhaintear as stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe murab é gur deonaíodh stádas trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ don duine a bhfuil an t-ionadaí sin ag gníomhú ina ainm agus thar a cheann.

6.   Aithneofar ionadaí custaim a bhfuil stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe aige mar oibreoir eacnamaíoch údaraithe agus é ag gníomhú mar ionadaí díreach nó indíreach.

7.   Ní bheidh ach ionadaí custaim ag a bhfuil stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ nó ionadaí custaim ag a bhfuil stádas trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ i dteideal ceann amháin nó an dá cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na seirbhísí sin a sholáthar i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe;

(b)

earraí a dhíoltar i gciandíol a chur faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna sonracha a chinneadh nach bhfuil feidhm maidir leo ag an tarscaoileadh dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, den Airteagal seo.

Airteagal 34

Cumhachtú Ionadaithe

1.   Agus é ag plé leis na húdaráis chustaim, sonróidh an t-ionadaí go bhfuil sé ag gníomhú thar ceann an duine a bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta air agus sonróidh sé cé acu díreach nó indíreach atá an ionadaíocht sin.

Daoine nach sonraíonn go bhfuil siad ag gníomhú mar ionadaí custaim nó a shonraíonn go bhfuil siad ag gníomhú mar ionadaí custaim gan a bheith cumhachtaithe déanamh amhlaidh, measfar go bhfuil siad ag gníomhú ina n-ainm féin agus thar a gceann féin.

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim a chur de cheangal ar daoine a dhearbhóidh go bhfuil siad ag gníomhú mar ionadaí custaim fianaise a sholáthar gur chumhachtaigh an duine ar a bhfuil siad ag déanamh ionadaíochta iad.

3.   Ní chuirfidh na húdaráis chustaim de cheangal ar dhuine a bheidh ag gníomhú mar ionadaí custaim a mbeidh gníomhartha agus foirmiúlachtaí á gcur i gcrích aige ar bhonn rialta, fianaise a sholáthar faoin gcumhachtú ar gach ócáid. Dá ainneoin sin, beidh an duine sin i gcónaí in ann fianaise den sórt sin a thabhairt ar aird má iarrann na húdaráis chustaim air déanamh amhlaidh.

TEIDEAL III

MOL SONRAÍ CUSTAIM AN AONTAIS EORPAIGH

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 35

Mol Sonraí Custaim an Aontais a bhunú

Bunaítear Cód Custaim an Aontais leis an Rialachán seo.

Airteagal 36

Mol Sonraí Custaim an Aontais a bhunú

Soláthróidh Mol Sonraí Custaim an Aontais ardán láraithe TF atá slán agus cibear-athléimneach, a fheidhmeoidh mar lárphointe le haghaidh malartú sonraí le húdaráis chustaim agus eatarthu.

Airteagal 37

Ceannasacht dhigiteach

1.   Dearfar Mol Sonraí Custaim an Aontais chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí atá ar fáil ann a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar bhagairtí eile ar a shláine agus ar a shlándáil, rud atá chun leas an phobail.

Is é an Coimisiún nó Údarás Custaim an Aontais amháin a dhéanfaidh rialú agus riar ar bhonneagar Mhol Sonraí Custaim an Aontais nach bonneagar tarchurtha teileachumarsáide é agus beidh sé lonnaithe ar chríoch an Aontais.

2.   Agus cúraimí á ndéanamh acu a bhaineann le forbairt, óstáil, oibriú agus cothabháil Mhol Sonraí Custaim an Aontais, agus aon phróiseáil sonraí ghaolmhar sa Mhol sin, beidh soláthróirí agus soláthraithe seirbhíse eile agus a bhfochonraitheoirí iontaofa, slán agus saor ó thionchar rialtas tríú tíortha agus ní bheidh siad faoi réir aon dlí, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear orduithe feidhmiúcháin, arna dtabhairt ag tríú tír a d’fhéadfadh a cheangal go nochtfaí sonraí i Mol Sonraí Custaim an Aontais d’aon údaráis de chuid na tíre sin. Áiritheoidh siad iontaofacht, slándáil agus neamhspleáchas Mhol Sonraí Custaim an Aontais freisin.

Beidh na soláthróirí agus na soláthraithe seirbhíse eile sin, agus a bhfochonraitheoirí, bunaithe go dleathach san Aontas agus ní bheidh siad á rialú, go díreach ná go hindíreach, ag aon ghnóthas de chuid tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36).

I gcás seirbhísí criticiúla, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht a bhaineann le sonraí, féadfaidh an t-údarás conarthach a chur de cheangal ar an soláthróir, ar an soláthraí seirbhíse eile nó ar an bhfochonraitheoir imréiteach slándála a bheith aige.

3.   Féadfaidh údarás conarthach Mhol Sonraí Custaim an Aontais a chur de cheangal ar thairgeoirí, ar sholáthróirí agus ar sholáthraithe seirbhíse eile, agus ar a bhfochonraitheoirí, aon tráth, fianaise a sholáthar maidir leis na bearta atá i bhfeidhm acu chun nochtadh neamhúdaraithe sonraí ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais a chosc, lena n-áirítear an doiciméadacht lena suitear go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 maidir le neamhspleáchas agus neamhnochtadh, agus fianaise a sholáthar go bhfuil siad iontaofa, slán agus saor ó thionchar rialtas tríú tíortha.

4.   Déanfar slándáil shlabhra soláthair na gcomhpháirteanna TF, na gcrua-earraí agus na mbogearraí uile a áirithiú a mhéid is féidir. Féadfaidh údarás conarthach Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh a chur de cheangal ar sholáthróir agus soláthraí seirbhíse eile, agus ar a bhfochonraitheoirí, fianaise a sholáthar ina leith sin.

5.   I gcás ina bhfuil cúis ag údarás conarthach Mhol Sonraí Custaim an Aontais lena chreidiúint nach leor na bearta a rinne tairgeoirí, soláthróirí agus soláthraithe seirbhíse eile, nó a bhfochonraitheoirí, chun a n-oibleagáidí faoi mhíreanna 2, 3 agus 4 a chomhlíonadh, nó nach bhfuil an fhianaise a chuir siad ar fáil faoin Airteagal seo go hiomlán iontaofa, féadfaidh sé aon bheart a dhéanamh faoin gconradh ábhartha nó sa phróiseas soláthair ábhartha a mheasann sé is gá chun an cás a leigheas, lena n-áirítear an conradh sin a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh go páirteach nó go hiomlán nó eisiamh ón bpróiseas soláthair sin. Beidh an méid sin gan dochar d’aon cheart feabhais breise eile dá bhforáiltear:

(a)

ag údarás conarthach Mhol Sonraí Custaim an Aontais sa chonradh ábhartha; nó

(b)

i ndlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

6.   Mura bhforáiltear dó i dTeideal III nó XIII nó i gcomhaontú idirnáisiúnta ag a bhfuil an tAontas faoina cheangal, ní aistreofar sonraí a phróiseáiltear i Mol Sonraí Custaim an Aontais chuig tríú tír, chuig eagraíocht idirnáisiúnta ná chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe lasmuigh de chríoch an Aontais ná ní chuirfear na sonraí sin ar fáil dóibh.

7.   Déanfar Mol Sonraí Custaim an Aontais a dhearadh a mhéid is féidir chun go seachnófar bacainní réamhthráchtála, tráchtála, teicniúla, conarthacha agus eagraíochtúla a dhíspreagann, a bhacann nó a choisceann aistriú sonraí, feidhmchlár nó sócmhainní digiteacha a bheith á dhéanamh ag an údarás conarthach chuig soláthraí seirbhíse eile, nó a n-úsáid i dtimpeallacht idir-inoibritheach.

CAIBIDIL 2

Gnéithe teicniúla, feidhmiúlachtaí, gnéithe agus cur i bhfeidhm Mhol Sonraí Custaim an Aontais

Airteagal 38

Feidhmiúlachtaí agus gnéithe Mhol Sonraí Custaim an Aontais

1.   Is é a bheidh i Mol Sonraí Custaim an Aontais teaglaim de sheirbhísí leictreonacha, feidhmchláir leictreonacha, sonraí leictreonacha agus bonneagair leictreonacha chun sonraí, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil agus a stóráil chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 41.

2.   Forbrófar Mol Sonraí Custaim an Aontais chun gur féidir forálacha Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, Rialachán (AE) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) agus Threoir (AE) 2016/680 a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a chomhlíonadh.

3.   Beidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ag Mol Sonraí Custaim an Aontais:

(a)

cur chun feidhme leictreonach na reachtaíochta custaim a chumasú agus rannchuidiú le cur chun feidhme reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, go háirithe: foirmiúlachtaí custaim; rialuithe custaim; ríomh an fhéich custaim agus tháille láimhseála an Aontais, CBL agus dleacht mháil tráth an allmhairithe agus fógra a thabhairt fúthu; bainistíocht ráthaíochta;

(b)

cáilíocht, sláine, slándáil, caomhnú, inrianaitheacht, rúndacht agus neamhshéanadh na sonraí a phróiseáiltear i Mol Sonraí Custaim an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear na rialacha a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí sin a leasú, a chur ó bhailíocht agus a scriosadh;

(c)

anailís riosca, anailís eacnamaíoch agus anailís sonraí, simpliú custaim agus éascú trádála a chumasú agus a áirithiú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as córais intleachta saorga i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1689;

(d)

idir-inoibritheacht le córais leictreonacha eile, le hardáin leictreonacha eile nó le timpeallachtaí leictreonacha eile a chumasú ar mhaithe le comhar i gcomhréir le Teideal XIII den Rialachán seo;

(e)

idir-inoibritheacht a chumasú leis an Timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí maidir le soláthar agus comhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí custaim a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

(f)

Córas Malartaithe Deimhnithe Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam (CSW-CERTEX AE) arna bhunú le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2022/2399 a chomhtháthú chun idir-inoibritheacht le córais agus foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais dá dtagraítear sa Rialachán sin a chumasú;

(g)

malartú faisnéise le tríú tíortha agus le húdaráis agus comhlachtaí eile a chumasú de réir Theideal XIII den Rialachán seo;

(h)

faireachas custaim ar earraí a chumasú;

(i)

cumas tuairiscithe a chumasú, lena n-áirítear an fhéidearthacht earraí a thuairisciú atá le hallmhairiú nó le honnmhairiú agus nach bhfuil i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm;

(j)

cumais bainistíochta slándála faisnéise a chomhtháthú, creat rialachasbhunaithe atá ceaptha chun sáruithe sonraí a chosc trí shonraí a chosaint ar chaillteanas, ar ionramháil nó ar rochtain neamhúdaraithe, lena n-áirítear trí shásra chun sonraí a chlibeáil de réir a leibhéil rúndachta;

(k)

inaistritheacht sonraí ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais go córais náisiúnta a chumasú;

(l)

foráil a dhéanamh maidir le pointe rochtana aonair agus comhéadain ilteangacha;

(m)

athúsáid sonraí a cheadú a mhéid is féidir;

(n)

an idir-inoibritheacht is gá a éascú i gcás chórais na mBallstát le haghaidh bainistiú céannachta agus údarú rochtana ar Mhol Sonraí Custaim an Aontais.

4.   Gníomhartha a dhéanann daoine, an Coimisiún, na húdaráis chustaim, Údarás Custaim an Aontais nó údaráis eile a úsáideann na feidhmiúlachtaí a liostaítear i mír 3, leanfaidh siad de bheith ina ngníomhartha de chuid na ndaoine agus na n-údaráis sin, fiú má rinneadh iad a uathoibriú.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282:

(a)

chun leasú a dhéanamh ar mhír 3 den Airteagal seo a mhéid a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear inti chun cúraimí nua a thugtar, le dlí an Aontais, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 41 den Rialachán seo a chur san áireamh nó chun na feidhmiúlachtaí sin a chur in oiriúint do riachtanais athraitheacha na n-údarás sin nuair a bheidh an reachtaíocht chustaim nó reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, á gcur i bhfeidhm acu;

(b)

lena bhforlíonfar an Rialachán seo trína chinneadh cad iad na sonraí is féidir a aistriú ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais go dtí córais náisiúnta dá dtagraítear i mír 3, pointe (k), den Airteagal seo a chinneadh.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)

na socruithe teicniúla maidir le cothabháil agus úsáid na gcóras leictreonach a d’fhorbair na Ballstáit agus an Coimisiún de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, agus aird á tabhairt ar na forálacha a áirítear i Rialachán (AE) 2022/2399 i ndáil le Rialachán (AE) 2023/2841 agus le Treoir (AE) 2022/2555, lena n-áirítear treoirlínte arna n-eisiúint ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA);

(b)

clár oibre chun deireadh a chur de réir a chéile leis na córais dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus chun Mol Sonraí Custaim an Aontais a chéimniú isteach de réir a chéile, a bheidh le dearadh chun aistriú rianúil a áirithiú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 39

Céim phíolótach do Mhol Sonraí Custaim an Aontais

1.   Roimh an 1 Márta 2034, féadfaidh an Coimisiún céim phíolótach a bhunú chun feidhmiúlachtaí Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh (‘an chéim phíolótach’) a thástáil. Is ar bhonn deonach a bheidh an rannpháirtíocht sa chéim phíolótach.

2.   Comhoibreoidh an Coimisiún le hÚdarás Custaim an Aontais, le húdaráis chustaim agus le húdaráis eile, agus le páirtithe leasmhara ábhartha le linn phleanáil agus eagrú na céime píolótaí.

3.   Chun críocha mhír 1, foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

na socruithe teicniúla chun an chéim phíolótach a phleanáil agus a eagrú;

(b)

feidhmiúlachtaí Mhol Sonraí Custaim an Aontais atá le cur i bhfeidhm agus le tástáil le linn na céime píolótaí;

(c)

fad beacht na céime píolótaí.

Airteagal 40

Feidhmchláir náisiúnta lena gcomhlánófar Mol Sonraí Custaim an Aontais

1.   Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a fhorbairt:

(a)

na feidhmchláir is gá a fhorbairt chun nascadh le Mol Sonraí Custaim an Aontais chun sonraí a sholáthar do Mhol Sonraí Custaim an Aontais agus chun sonraí ó Mhol Sonraí Custaim an Aontais a phróiseáil, i gcás nach ann do na feidhmchláir sin cheana;

(b)

feidhmchláir bhreise laistigh de Mhol Sonraí Custaim an Aontais, i gcomhar le hÚdarás Custaim an Aontais nó leis an gCoimisiún.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar Údarás Custaim an Aontais na feidhmchláir dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt. I gcás inarb iomchuí, comhordóidh Údarás Custaim an Aontais cómhaoiniú na forbartha sin idir na Ballstáit. Má tá cistiú agus acmhainní iomchuí ar fáil ina bhuiséad, féadfaidh Údarás Custaim an Aontais an fhorbairt sin a chistiú go páirteach.

3.   I gcás ina bhforbróidh Údarás Custaim an Aontais feidhmchlár i gcomhréir le mír 2:

(a)

cuirfear an feidhmchlár sin ar fáil saor in aisce do gach Ballstát cómhaoiniúcháin agus, má chomhaontaíonn na Ballstáit chómhaoiniúcháin sin go léir, cuirfear ar fáil saor in aisce é freisin do na Ballstáit eile;

(b)

déanfar forbairt bhreise agus cothabháil an fheidhmchláir sin a bhainistiú ar bhonn comhaontú nua cómhaoiniúcháin.

CAIBIDIL 3

Sonraí

Airteagal 41

Críocha na próiseála sonraí pearsanta agus na sonraí eile i Mol Sonraí Custaim an Aontais

1.   Féadfaidh daoine na sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, a tharchuir siad nó a tarchuireadh thar a gceann nó a dhírítear chucu nó atá beartaithe dóibh. Déanfar an phróiseáil sin chun na gcríoch eisiach a leanas:

(a)

cearta an duine sin a oibriú nó oibleagáidí tuairiscithe an duine sin a chomhlíonadh faoi reachtaíocht chustaim nó faoi reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, lena n-áirítear dliteanas aon duine a chinneadh maidir le haon dleacht, táillí agus cánacha atá dlite san Aontas; agus

(b)

a léiriú go bhfuil an reachtaíocht chustaim agus reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm á comhlíonadh ag an duine sin.

2.   Féadfaidh údarás custaim próiseáil a dhéanamh ar shonraí, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a mhéid is gá chun na gcríoch eisiach seo a leanas, agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 12 den Airteagal seo:

(a)

a chúraimí a dhéanamh i ndáil le cur chun feidhme na reachtaíochta custaim nó reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, lena n-áirítear dliteanas aon duine maidir le haon dleacht, aon táille agus aon cháin atá dlite san Aontas a chinneadh agus comhlíonadh na reachtaíochta sin a fhíorú;

(b)

a chúraimí maidir le rialuithe agus bainistíocht riosca a dhéanamh dá bhforáiltear i dTeideal IV;

(c)

na cúraimí atá riachtanach don chomhar a dhéanamh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i dTeideal XIII.

Éifeachtacht rialuithe custaim a áirithiú, féadfaidh na húdaráis chustaim uile na sonraí a eascraíonn as rialú custaim a fháil agus a phróiseáil i gcás inar braitheadh earraí neamhchomhlíontacha.

3.   Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais sonraí a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais go heisiach agus a mhéid is gá chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

na cúraimí a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 42 agus 43;

(b)

a chúraimí maidir le bainistíocht riosca custaim a dhéanamh dá bhforáiltear i dTeideal IV, Caibidil 2;

(c)

na cúraimí a dhéanamh dá bhforáiltear i dTeideal XII, Caibidil 2, agus i dTeideal XI;

(d)

na cúraimí atá ábhartha don chomhar a dhéanamh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i dTeideal XIII.

4.   Féadfaidh an Coimisiún sonraí a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, a stóráiltear nó atá ar fáil ar bhealach eile i Mol Sonraí Custaim an Aontais go heisiach a phróiseáil agus a mhéid is gá chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

a chúraimí a dhéanamh i ndáil le bainistíocht riosca, dá bhforáiltear i dTeideal IV, Caibidil 2;

(b)

a chúraimí a dhéanamh i ndáil le rangú taraife earraí, a dtionscnamh agus a luach agus faireachas custaim a dhéanamh orthu, i gcomhréir le Teidil I agus IX;

(c)

a chúraimí a dhéanamh i ndáil le bearta sriantacha agus bainistiú géarchéime, i gcomhréir le Teideal XI;

(d)

a chúraimí a dhéanamh i ndáil le hÚdarás Custaim an Aontais, i gcomhréir le Teideal XII;

(e)

na cúraimí is gá don chomhar a dhéanamh, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i dTeideal XIII;

(f)

measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an aontais custaim i gcomhréir le Teideal XV, Caibidil 1;

(g)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta custaim nó na reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach, lena n-áirítear dliteanas aon duine maidir le haon dualgas, táillí agus cánacha atá dlite san Aontas a fhíorú;

(h)

staidreamh oifigiúla Eorpacha agus anailísí eile a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais dá bhfuil na sonraí i Mol Sonraí Custaim an Aontais riachtanach;

(i)

i gcás inarb ábhartha, rannchuidiú le cur chun feidhme reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, i gcomhréir leis an raon feidhme agus leis an gcuspóir dá bhforáiltear inti.

5.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) sonraí, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais, a phróiseáil go heisiach agus a mhéid is gá chun a ghníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le cúrsaí custaim de bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, agus Rialachán (CE) Uimh. 515/97, faoi na coinníollacha a bhaineann le cosaint sonraí a leagtar síos sna Rialacháin sin.

6.   Féadfaidh údaráis chánach na mBallstát sonraí a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais, go heisiach agus a mhéid is gá chun dliteanas aon duine le haghaidh aon dleacht mháil, táillí agus cánacha atá dlite san Aontas i ndáil leis na hearraí ábhartha agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 12.

7.   Féadfaidh údaráis staidrimh náisiúnta na mBallstát próiseáil a dhéanamh ar shonraí, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais go heisiach agus a mhéid is gá chun staidrimh Eorpacha agus náisiúnta oifigiúla a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 12.

8.   Féadfaidh na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2017/625, sonraí a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a mhéid is gá chun gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena rialaítear bia, beatha agus plandaí a chur ar an margadh nó sábháilteacht bia, beatha agus plandaí agus maidir le comhar le húdaráis chustaim chun na rioscaí a íoslaghdú go dtiocfadh táirgí neamhchomhlíontacha isteach san Aontas agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 12 den Airteagal seo.

9.   Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1020, sonraí a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a mhéid is gá chun gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena rialaítear earraí a chur ar an margadh nó sábháilteacht earraí agus maidir le comhar le húdaráis chustaim chun na rioscaí a íoslaghdú go dtiocfadh táirgí neamhchomhlíontacha isteach san Aontas agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 12 den Airteagal seo.

10.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, féadfaidh an Coimisiún, OLAF agus, a luaithe a bhunófar é, Údarás Custaim an Aontais próiseáil a dhéanamh ar shonraí, lena n-áirítear sonraí pearsanta, ó na córais leictreonacha atá ann cheana chun faisnéis a mhalartú arna bhforbairt ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh go heisiach chun na gcríoch a luaitear i míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo.

11.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo a leasú trí na cuspóirí a leagtar síos sna míreanna sin a shoiléiriú agus a chomhlánú i bhfianaise riachtanais athraitheacha na n-údarás custaim, Údarás Custaim an Aontais agus an Choimisiúin agus reachtaíocht chustaim nó reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

12.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha agus módúlachtaí maidir le sonraí a bheith á bpróiseáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais ag na húdaráis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 6 go 9. Agus na rialacha agus na módúlachtaí sin á mbunú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas maidir le gach údarás nó catagóir údarás:

(a)

measúnú a dhéanamh ar na coimircí atá ann cheana arna gcur i bhfeidhm ag an údarás nó ag an catagóir údaráis lena mbaineann chun a áirithiú nach bpróiseáiltear na sonraí ach don chuspóir ábhartha agus dó sin amháin;

(b)

comhréireacht agus riachtanas na próiseála a áirithiú i ndáil leis an gcuspóir ábhartha;

(c)

na catagóirí sonracha sonraí a chinneadh, ar féidir leis an údarás a phróiseáil;

(d)

a cheangal ar na húdaráis dá dtagraítear i míreanna 6 go 9, i gcás inar gá, pointe teagmhála sonrach nó coimircí breise a sholáthar;

(e)

measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le srian a chur le comhroinnt na sonraí ábhartha dá éis sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 42

Ceart Oifig Eorpach an Ionchúisitheora Phoiblí chun sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a fháil

1.   Gheobhaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), arna iarraidh sin, sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a mhéid is gá chun a chúraimí a dhéanamh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle i gcomhréir leis na módúlachtaí a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

2.   Seolfaidh OIPE na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 chuig Údarás Custaim an Aontais. Tabharfar fógra uathoibríoch do na húdaráis chustaim faoi na hiarrataí sin nuair a dhéanfar iad.

Soláthróidh Údarás Custaim an Aontais na sonraí ábhartha do OIPE go dlúsúil. Cuirfidh Údarás Custaim an Aontais na húdaráis chustaim lena mbaineann ar an eolas faoi cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon sé an iarraidh.

3.   Soláthróidh Mol Sonraí Custaim an Aontais comhéadan digiteach trínar féidir le OIPE sonraí a iarraidh agus a fháil go héasca agus gan mhoill.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na módúlachtaí do OIPE chun sonraí, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a iarraidh agus a fháil, agus go háirithe:

(a)

lena leagtar síos na módúlachtaí maidir le hiarrataí ó OIPE ar shonraí, lena n-áirítear sonraí pearsanta nó sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais;

(b)

an nós imeachta a bhunú chun a fhíorú go gcomhlíonann na hiarrataí sin mír 1 den Airteagal seo, gan dochar do rúndacht imscrúduithe OIPE;

(c)

i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar an ngá go n-ainmneodh Údarás Custaim an Aontais pointe teagmhála sonrach, duine sonrach nó daoine sonracha;

(d)

i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le coimircí breise a sholáthar.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 43

Na cearta a bheidh ag Europol agus Frontex sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a fháil

1.   Féadfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna iarraidh sin, sonraí a fháil, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, a chuirtear ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a mhéid is gá chun a chúraimí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/794 ar choinníoll go mbaineann na cúraimí sin le hábhair chustaim agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8 den Airteagal seo.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), arna iarraidh sin, sonraí neamhphearsanta nó sonraí comhiomlánaithe atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh a fháil a mhéid is gá le haghaidh anailís riosca agus comhordú oibríochtúil a bhaineann le gníomhaíochtaí bainistithe teorainneacha a thagann faoina shainordú mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1896.

3.   Cuirfear aon iarraidh dá dtagraítear i mír 1 nó 2 faoi bhráid Údarás Custaim an Aontais. Cuirfidh iarrthóir na sonraí na húdair atá leis an iarraidh ar fáil agus áiritheoidh sé go dtagann sí faoi raon feidhme an chreata dhlíthiúil faoina n-oibríonn an t-iarrthóir.

4.   Próiseálfaidh Údarás Custaim an Aontais an iarraidh ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 nó 2 agus fíoróidh sé an ndearnadh i gcomhréir leis an Airteagal seo í. Fíoróidh Údarás Custaim an Aontais freisin, i gcomhar leis an láraonad náisiúnta ábhartha nó, má ainmníonn an Ballstát ábhartha é, le hoifigeach idirchaidrimh, cé acu a chuir nó nár chuir an t-údarás custaim lena mbaineann i gcoinne tharchur na sonraí sin chuig iarrthóir na sonraí ar na forais a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 agus i gcomhréir leis an nós imeachta arna bhunú ann.

5.   Ní mhalartófar faoin Airteagal seo ach na sonraí is gá chun na gcríoch a luaitear san iarraidh. Cuirfidh Údarás Custaim an Aontais na sonraí sin ar fáil go dlúsúil trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais.

6.   Áiritheoidh gach comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais a chumhdaítear leis an Airteagal seo go bhfuil na sonraí a iarrtar riachtanach, iomchuí agus comhréireach. Áiritheoidh comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais lena mbaineann freisin go mbeidh úsáid na sonraí i gcomhréir leis na coimircí a leagtar síos i ngníomhartha dlí an Aontais is infheidhme.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an tAirteagal seo a leasú chun go mbeidh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, in ann sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a iarraidh agus a fháil i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i míreanna 3 go 6 den Airteagal seo a mhéid is gá chun a gcúraimí a dhéanamh faoi dhlí an Aontais agus ar choinníoll go mbaineann na cúraimí sin le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

lena leagtar síos na módúlachtaí le haghaidh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a chumhdaítear leis an Airteagal seo chun sonraí a iarraidh agus a fháil;

(b)

lena mbunaítear an nós imeachta maidir le fíorú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, go háirithe tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(i)

mar a shainaithneofar na húdaráis chustaim lena mbaineann na sonraí;

(ii)

mar a láimhseáiltear cásanna ina bhfuil baint ag údaráis chustaim iomadúla leis na sonraí;

(iii)

na forais ar ar féidir leis na húdaráis chustaim lena mbaineann na sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne tharchur na sonraí, lena n-áirítear íogaireacht na sonraí arna n-iarraidh a chur san áireamh;

(c)

lena leagtar síos srianta ar aistriú ar aghaidh na sonraí agus dliteanas ina leith;

(d)

i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar an ngá go n-ainmneodh an t-iarrthóir pointe teagmhála sonrach, duine sonrach nó daoine sonracha nó coimircí breise a sholáthar.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 44

Sonraí pearsanta i Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh

1.   Féadfar sonraí pearsanta na gcatagóirí seo a leanas d’ábhair sonraí a phróiseáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais go heisiach agus a mhéid is gá chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 41:

(a)

ábhair sonraí atá cláraithe nó a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 26(1), (3) nó (4);

(b)

ábhair sonraí seachas na hábhair sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a mbíonn baint acu ó am go chéile leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an reachtaíocht chustaim nó le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, nó a bhfuil a sonraí pearsanta sna sonraí arna mbailiú chun críoch bainistithe riosca de bhun Airteagal 55(3), pointe (a);

(c)

ábhair sonraí a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta sna doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 76, nó in aon fhianaise bhreise a éilítear chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an reachtaíocht chustaim agus le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm a chomhlíonadh;

(d)

baill foirne údaraithe na n-údarás custaim, na n-údarás inniúil eile nó aon údarás ábhartha eile nó aon chomhlachta údaraithe eile, a bhfuil gá lena bhfaisnéis phearsanta chun rialú agus maoirseacht iomchuí ar an rochtain ar an bhfaisnéis i Mol Sonraí Custaim an Aontais a áirithiú;

(e)

baill foirne nó tríú páirtithe údaraithe atá ag obair thar ceann an Choimisiúin, Údarás Custaim an Aontais nó comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais atá údaraithe chun rochtain a fháil ar Mhol Sonraí Custaim an Aontais.

2.   Féadfar na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas a phróiseáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 41:

(a)

sonraí pearsanta i samhail Sonraí Custaim an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 49, agus na sonraí pearsanta sin arna mbailiú chun críoch bainistíochta riosca de bhun Airteagal 55(3), pointe (a), eadhon:

(i)

sonraí sainaitheantais;

(ii)

sonraí teagmhála, is é sin seoladh agus sonraí teagmhála leictreonacha;

(iii)

sonraí doiciméid sainaitheantais (ID);

(iv)

sonraí airgeadais agus íocaíochta;

(v)

sonraí suímh agus iompair;

(vi)

sonraí maidir le fostaíocht nó suíomh oibre;

(vii)

sonraí atá i gcumhachtaí aturnae nó ina ndoiciméid tacaíochta;

(viii)

sonraí fostaí;

(ix)

sonraí ríomh-shainaitheantais;

(x)

sonraí ionadaíochta custaim;

(xi)

sonraí sainaitheantais an ionadaí custaim;

(xii)

sonraí idirbhirt custaim;

(xiii)

sonraí teicniúla an úsáideora;

(xiv)

sonraí maidir le sárú dlí agus maidir le cionta;

(xv)

torthaí rialuithe agus sonraí maidir le torthaí maoluithe;

(b)

na sonraí pearsanta is gá chun sainaithint cheart na mball foirne a áirithiú atá údaraithe chun sonraí a phróiseáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) agus (e) den Airteagal seo, eadhon:

(i)

sonraí sainaitheantais;

(ii)

sonraí teagmhála, is é sin seoladh agus sonraí teagmhála leictreonacha;

(iii)

sonraí doiciméid sainaitheantais (ID);

(iv)

sonraí maidir le fostaíocht nó suíomh oibre;

(v)

sonraí atá i gcumhachtaí aturnae nó ina ndoiciméid tacaíochta;

(vi)

sonraí fostaí;

(vii)

sonraí ríomh-shainaitheantais;

(viii)

sonraí teicniúla an úsáideora.

Airteagal 45

Tréimhse choinneála sonraí pearsanta i Mol Sonraí Custaim an Aontais

1.   Ní fhéadfar sonraí pearsanta i Mol Sonraí Custaim an Aontais a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun iad a phróiseáil, agus in aon chás ní fhéadfar iad a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná 10 mbliana ón dáta a thaifeadtar iad i Mol Sonraí Custaim an Aontais. Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 68 agus i ndáil le himscrúduithe arna seoladh ag OLAF, OIPE nó údaráis inniúla na mBallstát, maidir le nósanna imeachta um shárú arna seoladh ag an gCoimisiún agus maidir le himeachtaí riaracháin agus breithiúnacha a bhaineann le sonraí pearsanta na gcatagóirí dá dtagraítear in Airteagal 44(2), pointí (a) agus (b), féadfar na sonraí sin a choinneáil ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana más gá chun críoch na n-imscrúduithe, na nósanna imeachta nó na n-imeachtaí sin.

2.   Tar éis dhul in éag na tréimhse ama dá bhforáiltear i mír 1, agus na himthosca á gcur san áireamh, scriosfar sonraí pearsanta nó déanfar anaithnidiú orthu, de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfaidh rialaitheoir nó comhrialaitheoir na hoibríochta próiseála sonraí ábhartha athbhreithnithe tréimhsiúla ar na sonraí a stóráiltear i Mol Sonraí Custaim an Aontais chun a áirithiú nach gcoinneofar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá.

Airteagal 46

Róil agus freagrachtaí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i Mol Sonraí Custaim an Aontais

1.   Measfar gur comhrialaitheoirí iad údaráis chustaim na mBallstát, an Coimisiún agus Údarás Custaim an Aontais maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais chun críoch bainistíochta riosca agus comhair, dá dtagraítear in Airteagal 41(2), pointí (b) agus (c), Airteagal 41(3), pointí (b) agus (d), agus Airteagal 41(4), pointí (a) agus (e).

2.   Maidir le gach údarás custaim ar leith, measfar gur rialaitheoir é i ndáil leis na sonraí pearsanta a phróiseálann sé chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 41(2), pointe (a). I gcás ina mbíonn dhá údarás custaim nó níos mó rannpháirteach i gcur i gcrích na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41(2), pointe (a), chun críoch comhpháirteach agus trí mhodhanna comhpháirteacha, measfar gur comhrialaitheoirí iad.

3.   Measfar gurb é an Coimisiún an t-aon rialaitheoir amháin i ndáil leis na sonraí pearsanta a phróiseálann sé chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 41(4), pointí (c), (d), (f) agus (g).

4.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, measfar gurb é an Coimisiún, OLAF agus Údarás Custaim an Aontais, faoi seach, an t-aon rialaitheoir amháin i ndáil leis na sonraí a phróiseálann siad faoi Airteagal 41(10).

5.   Déanfaidh na comhrialaitheoirí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a)

oibriú le chéile chun na hiarrataí a dhéanann na hábhair sonraí a phróiseáil go tráthúil agus chun feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí a éascú;

(b)

tabharfaidh siad cúnamh dá chéile maidir le sainaithint agus láimhseáil aon sáraithe sonraí a bhfuil baint aige leis an gcomhphróiseáil;

(c)

an fhaisnéis ábhartha is gá a mhalartú chun ábhair sonraí a chur ar an eolas de bhun Chaibidil III, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2016/679, Chaibidil III, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus Chaibidil III de Threoir (AE) 2016/680, i gcás inarb infheidhme;

(d)

slándáil, sláine, infhaighteacht agus rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseáiltear go comhpháirteach de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus Airteagal 25 de Threoir (AE) 2016/680, i gcás inarb infheidhme, a áirithiú agus a chosaint.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar róil agus caidrimh gach ceann de na comhrialaitheoirí dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na hábhair sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4) den Rialachán seo.

Airteagal 47

Srianadh chearta na n-ábhar sonraí

1.   I gcás ina gcuirfí i mbaol imscrúdú atá ar siúl maidir le duine nádúrtha i réimse an chustaim, feidhmiú rialuithe custaim, nó bainistiú riosca shonraigh arna shainaithint i ndáil le duine nádúrtha i réimse an chustaim, dá bhfeidhmeodh ábhar sonraí an ceart rochtana agus an ceart próiseáil a shrianadh dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 18 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagail 17 agus 20 de Rialachán (AE) 2018/1725, nó dá gcuirfí in iúl sárú sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, d’fhéadfaí na cearta sin a shrianadh go hiomlán nó go páirteach, ar choinníoll go mbeadh an srian riachtanach agus comhréireach. Is iad seo a leanas a fhorchuirfidh an srianadh sin:

(a)

na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 23(1), pointí (c), (e), (f) agus (h), de Rialachán (AE) 2016/679; nó

(b)

an Coimisiún agus Údarás Custaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointí (a), (c), (e) agus (g), de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Déanfaidh na húdaráis chustaim, an Coimisiún agus Údarás Custaim an Aontais measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht na srianta dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn cás ar chás sula gcuirfear i bhfeidhm iad, agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí á gcur san áireamh.

3.   Agus próiseáil á déanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear ó eagraíochtaí eile i gcomhthéacs a gcúraimí, rachaidh na húdaráis chustaim, Údarás Custaim an Aontais nó an Coimisiún, agus iad ag gníomhú mar rialaitheoir nó mar chomhrialaitheoir, i gcomhairle leis na heagraíochtaí sin, sula gcuirfidh siad srian ar na cearta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm, maidir leis na forais a d’fhéadfadh a bheith leis an srian sin agus maidir lena riachtanaí agus lena chomhréirí atá na srianta sin.

4.   I gcás ina srianfaidh na húdaráis chustaim, an Coimisiún nó Údarás Custaim an Aontais, go hiomlán nó go páirteach, na cearta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh siad na bearta seo a leanas:

(a)

an t-ábhar sonraí lena mbaineann a chur ar an eolas, ina bhfreagra ar an iarraidh, faoin srianadh a cuireadh i bhfeidhm agus faoi na cúiseanna leis an srianadh sin, agus faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh leis na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí nó leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg i gcúirt náisiúnta nó i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; agus

(b)

taifead a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an srianadh, lena n-áirítear measúnú ar an ngá atá leis an srianadh agus ar chomhréireacht an tsrianta sin, agus na cúiseanna lena gcuirfí bainistíocht riosca agus rialuithe custaim i mbaol dá dtabharfaí an rochtain.

Féadfar soláthar faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725, nó i gcás ina ndéanfadh soláthar na faisnéise sin dochar do chuspóirí an tsrianta.

5.   Áireoidh na húdaráis chustaim, an Coimisiún nó Údarás Custaim an Aontais roinn sna fógraí cosanta sonraí a fhoilseofar ar a shuíomh gréasáin nó inlíon lena soláthrófar faisnéis ghinearálta d’ábhair sonraí maidir leis an bhféidearthacht go srianfaí cearta na n-ábhar sonraí.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos coimircí chun mí-úsáid agus rochtain neamhdhleathach nó tarchur neamhdhleathach sonraí pearsanta a chosc, ar sonraí iad a bhfuil feidhm ag srianta maidir leo nó a bhféadfaí srianta a chur i bhfeidhm ina leith. Leis na coimircí sin, cinnfear, inter alia, róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla, leagfar síos na céimeanna nós imeachta a bheidh le leanúint i ndáil leis na srianta sin, sonrófar cad is faireachán cuí ar shrianta ann, agus déanfar foráil maidir le socruithe chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm, a dhéanfar gach 6 mhí ar a laghad. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 48

Maoirseacht chomhordaithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta

Oibreoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, i gcomhar le chéile go gníomhach faoi chuimsiú a gcuid freagrachtaí chun maoirseacht chomhordaithe ar oibriú Mhol Sonraí Custaim an Aontais a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 49

Samhail Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 282, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí is gá le haghaidh comhlíonadh na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 41(1) go (4) a shonrú. Is é a bheidh sna ceanglais sonraí sin Samhail Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 50

Modhanna teicniúla le haghaidh an chomhair

1.   Úsáidfidh an Coimisiún, Údarás Custaim an Aontais agus na húdaráis chustaim Mol Sonraí Custaim an Aontais agus iad ag malartú sonraí leis na húdaráis agus le comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 41(6) go (9) agus in Airteagail 42 agus 43 chun críoch comhair faoin Rialachán seo.

2.   I gcás ina n-úsáideann oibreoirí eacnamaíocha Mol Sonraí Custaim an Aontais chun foirmiúlachtaí custaim a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo, soláthróidh Mol Sonraí Custaim an Aontais na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 8(2), (3) agus (4) de Rialachán (AE) 2022/2399.

3.   I gcás ina n-úsáideann údaráis nach údaráis chustaim ná comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais iad na modhanna leictreonacha a bhunaítear le reachtaíocht an Aontais, nó a úsáidtear chun cuspóirí ghníomhartha dlí an Aontais a bhaint amach, nó dá dtagraítear i ngníomhartha dlí an Aontais, féadfar an comhar sin faoin Rialachán seo a dhéanamh trí bhíthin idir-inoibritheacht na modhanna leictreonacha sin le Mol Sonraí Custaim an Aontais.

4.   I gcás nach n-úsáideann údaráis nach iad na húdaráis chustaim iad na modhanna leictreonacha a bhunaítear le gníomhartha dlí an Aontais, a úsáidtear chun cuspóirí ghníomhartha dlí an Aontais a bhaint amach, nó dá dtagraítear i ngníomhartha dlí an Aontais, féadfaidh siad seirbhísí sonracha agus córais shonracha Mhol Sonraí Custaim an Aontais a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 41.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe teicniúla don idir-inoibritheacht agus don nascadh de bhun mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 4

Forálacha eile

Airteagal 51

Forbairt, oibriú agus cothabháil Mhol sonraí custaim an Aontais

1.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh Mol Sonraí Custaim an Aontais a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil.

2.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún forbairt, oibriú agus cothabháil Mhol Sonraí Custaim an Aontais a chur de chúram ar Údarás Custaim an Aontais, agus é á chur san áireamh an bhfuil Údarás Custaim an Aontais in ann na cúraimí sin a dhéanamh.

3.   Áireofar an méid seo a leanas i bhforbairt, oibriú agus cothabháil Mhol Sonraí Custaim an Aontais:

(a)

sonraíochtaí teicniúla a bhunú maidir le próiseáil sonraí i Mol Sonraí Custaim an Aontais;

(b)

creat cáilíochta sonraí a bhunú;

(c)

cur chun feidhme fheidhmiúlachtaí Mhol Sonraí Custaim an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 38(3), cé is moite de chothabháil agus nuashonruithe i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta CBL agus dleachta máil is infheidhme, atá le déanamh ag na Ballstáit;

(d)

treoraíocht ghinearálta a chur ar fáil maidir le húsáid Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh;

(e)

pointe teagmhála poiblí a bhunú chun cúnamh a thabhairt d’úsáideoirí Mhol Sonraí Custaim an Aontais, lena n-áirítear i gcás bagairtí slándála;

(f)

bearta a ghlacadh chun leanúnachas gnó Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh a áirithiú.

Airteagal 52

Leanúnachas gnó

1.   Áiritheoidh an Coimisiún agus Údarás Custaim an Aontais go mbeidh bearta leanúnachais gnó i bhfeidhm ag Mol Sonraí Custaim an Aontais, lena n-áirítear, i gcás inar gá, an iomarcaíocht, sásraí teipaistrithe agus prótacail aisghabhála sonraí, ionas gur féidir leis oibriú fiú i gcás cliseadh tromchúiseach nó go mbeidh nósanna imeachta cúltaca leordhóthanacha i bhfeidhm aige. Déanfar suíomhanna bonneagair Mhol Sonraí Custaim an Aontais a scaipeadh go geografach chun oibriú Mhol Sonraí Custaim an Aontais a áirithiú i gcás ina gclisfeadh ar cheann dá shuíomhanna.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena bhforáiltear do na nósanna imeachta cúltaca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 53

Maoluithe

In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, i bhfoirm cinnidh, lena dtabharfar údarú don Bhallstát sin nó do na Ballstáit sin seirbhísí leictreonacha nó córais leictreonacha atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de a úsáid seachas na seirbhísí nó na córais sin a chuirtear chun feidhme i Mol Sonraí Custaim an Aontais nó modhanna eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha a úsáid le haghaidh na bhfeidhmiúlachtaí a chuirtear chun feidhme i Mol Sonraí Custaim an Aontais.

Maidir le gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír:

(a)

ní dhéanfaidh sé difear d’fheidhmiú Mhol Sonraí Custaim an Aontais ná d’iomláine na sonraí stóráilte ach i gcás ina n-úsáidtear teicnící próiseála sonraí leictreonacha eile;

(b)

beidh údar cuí leis de bharr staid shonrach an Bhallstáit iarrthaigh nó na mBallstát iarrthach;

(c)

beidh sé teoranta ó thaobh ama, déanfar athbhreithniú air go tréimhsiúil agus déanfar é a chúlghairm i gcás nach mbeidh údar leis a thuilleadh;

(d)

ní ghlacfar é ach amháin mura ndéanfaidh sé difear don mhalartú faisnéise idir an Ballstát iarrthach nó na Ballstáit iarrthacha agus Ballstáit eile agus Údarás Custaim an Aontais ná do mhalartú agus stóráil faisnéise i mBallstáit eile chun an reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm;

(e)

ní bheidh de thoradh air go n-eisiafar go buan an Ballstát iarrthach nó na Ballstáit iarrthacha ó úsáid a bhaint as Mol Sonraí Custaim an Aontais;

(f)

féadfar síneadh a chur leis i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ar iarratas ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann.

TEIDEAL IV

MAOIRSEACHT CHUSTAIM, BAINISTIÚ RIOSCA AGUS RIALUITHE CUSTAIM

CAIBIDIL 1

Maoirseacht chustaim

Airteagal 54

Maoirseacht chustaim

1.   Féadfaidh earraí a bheidh le tabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais a bheith faoi réir bearta maolaithe riosca atá bunaithe, go háirithe, ar na sonraí a sholáthrófar nó a chuirfear ar fáil i ndáil leis na hearraí sin.

2.   Earraí a thabharfar isteach i gcríoch custaim an Aontais, beidh siad faoi mhaoirseacht custaim ón tráth a thabharfar isteach sa chríoch sin iad.

3.   Fanfaidh earraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Aontais faoi mhaoirseacht custaim:

(a)

i gcás earraí nach de chuid an Aontais iad, go dtí go dtiocfaidh athrú ar a stádas nó go dtógfar amach as críoch chustaim an Aontais iad nó go dtí go ndíothófar iad;

(b)

i gcás earraí de chuid an Aontais, go dtí go ndeimhneofar a stádas custaim, mura gcuirfear faoin nós imeachta úsáide deiridh iad.

4.   Fanfaidh earraí de chuid an Aontais a chuirfear faoin nós imeachta úsáide deiridh faoi réir maoirseacht chustaim:

(a)

i gcás ina bhfuil na hearraí oiriúnach le húsáid an athuair ar feadh tréimhse nach mó ná 2 bhliain ón dáta a mbainfear úsáid astu den chéad uair chun na gcríoch a leagtar síos maidir le feidhmiú na díolúine ó dhleacht nó feidhmiú an ráta laghdaithe dleachta;

(b)

go dtí go mbaintear úsáid as na hearraí chun na gcríoch a leagtar síos maidir le feidhmiú na díolúine ó dhleacht nó feidhmiú an ráta laghdaithe dleachta;

(c)

go dtí go dtugtar na hearraí amach as críoch custaim an Aontais, i gcás ina scriostar iad nó i gcás ina dtréigtear leis an Stát iad;

(d)

go dtí go mbaintear úsáid as na hearraí chun críocha seachas na críocha a leagtar síos i leith fheidhmiú na díolúine ó dhleacht nó feidhmiú an ráta laghdaithe dleachta agus gur íocadh an dleacht ar allmhairí atá infheidhme.

5.   Fanfaidh earraí de chuid an Aontais a cuireadh faoin nós imeachta onnmhairiúcháin nó próiseála amach faoi mhaoirseacht custaim go dtí go dtabharfar amach as críoch chustaim an Aontais iad, go dtréigfear leis an Stát iad nó go dtí go ndíothófar iad, nó go dtí go gcuirfear ó bhailíocht an dearbhú custaim nó na sonraí ábhartha maidir leis an nós imeachta onnmhairiúcháin nó próiseála amach.

6.   Fanfaidh earraí de an chuid Aontais a chuirtear faoin nós imeachta idirthurais inmheánaigh faoi mhaoirseacht custaim go dtí go n-urscaoilfidh na húdaráis custaim an nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 129(2).

7.   Ní aistreofar earraí ó mhaoirseacht chustaim gan cead ó na húdaráis chustaim.

8.   Le cead ó na húdaráis chustaim, féadfaidh sealbhóir na n-earraí atá faoi mhaoirseacht custaim na hearraí a iniúchadh nó samplaí díobh a ghlacadh tráth ar bith, go háirithe chun a rangú taraife, a luach custaim nó a stádas custaim a chinneadh.

CAIBIDIL 2

Bainistiú riosca custaim

Airteagal 55

Prionsabail Ghinearálta

1.   Cinnfidh Údarás Custaim an Aontais, an Coimisiún agus na húdaráis chustaim, bunaithe ar bhainistiú riosca agus go príomha ar anailís riosca uathoibrithe, agus i gcomhréir lena róil mar a leagtar amach sa Chaibidil seo, an mbeidh earraí, daoine, oibreoirí eacnamaíocha, modhanna iompair agus slabhraí soláthair faoi réir bearta maolaithe riosca agus, má bhíonn, cá háit a ndéanfar na bearta maolaithe riosca sin agus cathain a dhéanfar iad.

2.   Úsáidfidh an Coimisiún, Údarás Custaim an Aontais agus na húdaráis chustaim bainistíocht riosca custaim chun idirdhealú a dhéanamh idir leibhéil gach cineáil riosca a bhaineann le hearraí, daoine, oibreoirí eacnamaíocha, modhanna iompair agus slabhraí soláthair i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

3.   Áireofar le bainistíocht riosca custaim na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad, a eagrófar, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn timthriallach:

(a)

sonraí ábhartha atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais agus ó fhoinsí eile, lena n-áirítear na foinsí sin a shainaithnítear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais chomh maith le húdaráis seachas údaráis chustaim, a bhailiú, a phróiseáil, a mhalartú agus a anailísiú;

(b)

measúnú a dhéanamh ar rioscaí, nó iad a shainaithint, a anailísiú, nó a thuar, lena n-áirítear bunaithe ar mhodhanna staidrimh agus tuarthacha agus ar rialuithe randamacha;

(c)

na bearta is gá a fhorbairt chun na rioscaí a bhainistiú, lena n-áirítear limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna, critéir agus caighdeáin choiteanna riosca, agus straitéisí maoirseachta a bhunú;

(d)

gníomhaíocht a fhorordú agus a dhéanamh, lena n-áirítear bearta maolaithe riosca iomchuí a roghnú;

(e)

aiseolas a bhailiú maidir le gníomhaíochtaí bainistíochta riosca agus rialaithe riosca a chur chun feidhme;

(f)

faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí bainistíochta riosca agus rialaithe riosca d’fhonn iad a fheabhsú.

4.   Agus cinntí á ndéanamh a bhaineann leis an mbainistíocht riosca custaim dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh an fhaisnéis atá ar fáil maidir le neamhchomhlíonadh reachtaíochta eile ag allmhaireoir, onnmhaireoir nó allmhaireoir le haghaidh ciandíola, le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm agus ar tugadh fógra ina leith do na húdaráis chustaim. Cuirfear neamhchomhlíonadh den sórt sin san áireamh chun críoch phróifíl riosca an allmhaireora nó an onnmhaireora ábhartha.

Airteagal 56

Ról an Choimisiúin

1.   Gan dochar do ról na n-údarás custaim de bhun Airteagal 58(1), pointe (e), agus Airteagal 63, féadfaidh an Coimisiún, agus toradh an phróisis de bhun Airteagal 232(6) á chur san áireamh, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca a bhunú d’aon chineál riosca, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le leasanna airgeadais, ach gan a bheith teoranta dóibh.

2.   De bhreis ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún:

(a)

treoshuíomhanna beartais maidir le tionscadail bainistithe riosca agus straitéisí maoirseachta a sholáthar d’Údarás Custaim an Aontais;

(b)

a iarraidh ar Údarás Custaim an Aontais meastóireacht thréimhsiúil nó ad hoc a dhéanamh ar chur chun feidhme aon ghníomhaíochtaí bainistíochta riosca;

(c)

a iarraidh ar Údarás Custaim an Aontais straitéis mhaoirseachta a ullmhú le haghaidh aon riosca agus measúnuithe ad hoc ar bhagairtí custaim a dhéanamh, sa bhreis orthu sin dá dtagraítear in Airteagal 57(1).

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá chun na gcríoch dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, próiseáil agus anailís a dhéanamh ar shonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais agus ó fhoinsí eile, lena n-áirítear foinsí a shainaithnítear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais, agus ó údaráis seachas údaráis chustaim.

Airteagal 57

Ról Údarás Custaim an Aontais

1.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais measúnú tréimhsiúil ar bhagairtí ar ar a bhonn a dhéanfar na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 232(6).

2.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais gníomhaíochtaí bainistíochta riosca ar leibhéal an Aontais agus aird chuí á tabhairt ar na treoshuíomhanna beartais dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (a), agus ar thoradh féideartha an phróisis dá dtagraítear in Airteagal 232(6). Go háirithe, déanfaidh Údarás Custaim an Aontais an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh sé ionchur a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca dá dtagraítear in Airteagal 56(1) a bhunú;

(b)

féadfaidh sé cúnamh a thabhairt don Choimisiún na limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus na critéir agus caighdeáin choiteanna riosca dá dtagraítear in Airteagal 56(1) a bhunú, agus eolas oibríochta agus saineolas teicniúil ar bhainistiú riosca á gcur san áireamh;

(c)

forbróidh sé straitéisí maoirseachta, i gcás inarb iomchuí le húdaráis seachas na húdaráis chustaim, agus déanfaidh sé measúnuithe ad hoc ar bhagairtí custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c);

(d)

malartóidh sé sonraí ábhartha leis na húdaráis chustaim agus le húdaráis eile chun críocha an Teidil seo, i gcás inar féidir, trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 60;

(e)

i gcás ina sainaithníonn sé nó ina bhfuil amhras air go bhfuil cásanna calaoise ann, cuirfidh sé OLAF ar an eolas faoi sin agus soláthróidh sé an fhaisnéis riachtanach uile a bhaineann leis na cásanna sin dó; féadfaidh sé Europol a chur ar an eolas laistigh de theorainneacha shainordú Europol freisin;

(f)

forbróidh sé treoraíocht oibríochtúil le haghaidh gníomhaíochtaí bainistíochta riosca lena bhfuil baint ag níos mó ná údarás custaim amháin;

(g)

déanfaidh sé anailís riosca choiteann a fhorbairt agus a dhéanamh agus ginfidh sé torthaí anailíse riosca agus, i gcás ina sainaithnítear riosca, eiseoidh sé moltaí rialaithe agus bearta maolaithe riosca iomchuí eile do na húdaráis chustaim, lena n-áirítear chun na limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus na critéir agus caighdeáin choiteanna riosca a chur i bhfeidhm agus chun déileáil le géarchéimeanna, agus déine an riosca agus an tionchar a mheastar le réasún ar shreafaí trádála agus ar acmhainní rialaithe na mBallstát aonair á gcur san áireamh;

(h)

féadfaidh sé ionchur a sholáthar don Choimisiún chun creat a fhorbairt maidir leis an bprionsabal ‘comhlíon nó mínigh’ is infheidhme i leith moltaí maidir le rialú, a bheidh le húsáid ag na húdaráis chustaim i gcás nach leanfaidh siad na moltaí den sórt sin maidir le rialú;

(i)

déanfaidh sé bearta chun líon na moltaí maidir le rialú a bhainistiú, agus an tionchar a mbeifí ag súil leis go réasúnta ar shreafaí trádála agus déine an riosca á gcur san áireamh, i gcás nach bhfuil sé indéanta na moltaí maidir le rialú a leanúint de dheasca na srianta acmhainní in oifig custaim ábhartha.

3.   Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais, i gcás inar gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2, sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais agus ó fhoinsí eile, lena n-áirítear na foinsí sin a shainaithnítear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais, agus ó údaráis seachas údaráis chustaim, a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú.

4.   Cuirfidh Údarás Custaim an Aontais an Coimisiún agus na húdaráis chustaim ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí bainistíochta riosca agus a dtorthaí ar bhonn ad hoc, i gcás inar gá, nó nuair a iarrfaidh an Coimisiún air déanamh amhlaidh. I ndáil leis sin, soláthróidh Údarás Custaim an Aontais an fhaisnéis uile is gá don Choimisiún.

5.   Go dtí an 30 Meitheamh 2028, féadfaidh an Coimisiún cúraimí bainistíochta riosca Údarás Custaim an Aontais dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh.

Airteagal 58

Ról na n-údarás custaim náisiúnta

1.   Déanfaidh na húdaráis chustaim an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí bainistíochta riosca náisiúnta a dhéanamh, lena n-áirítear anailís riosca, comhar, agus malartú faisnéise maidir le bainistíocht riosca leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, agus bearta maolaithe a dhéanamh;

(b)

na próisis náisiúnta is gá a chur chun feidhme chun limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca a chur chun feidhme;

(c)

i gcás inarb iomchuí, anailís riosca náisiúnta a dhéanamh chun na comharthaí riosca, torthaí anailíse riosca agus moltaí rialaithe arna nginiúint ag Údarás Custaim an Aontais nó ag údaráis chustaim eile a chur chun feidhme agus, i gcás inar gá, bearta maolaithe riosca iomchuí a dhéanamh;

(d)

moltaí maidir le rialú a eisiúint agus bearta maolaithe riosca iomchuí a chur in iúl d’údaráis chustaim na mBallstát eile, agus an treoraíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 57(2), pointe (f), á cur san áireamh;

(e)

cinntí maidir le rialú a dhéanamh;

(f)

rialuithe a dhéanamh i gcomhréir le Caibidil 2 agus le haon chritéar agus aon chaighdeán coiteann riosca is infheidhme;

(g)

míniú a thabhairt d’Údarás Custaim an Aontais i gcás nár leanadh moladh maidir le rialú nó nach ndearnadh beart maolaithe riosca.

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim, i gcás inar gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais agus ó fhoinsí eile, lena n-áirítear foinsí a shainaithnítear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais, agus ó údaráis seachas údaráis chustaim, a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú.

Airteagal 59

Critéir agus caighdeáin choiteanna riosca

1.   Áireofar an méid seo a leanas leis na critéir agus caighdeáin choiteanna riosca:

(a)

tuairisc ar na rioscaí;

(b)

na tosca nó na táscairí riosca a úsáidfear chun earraí nó oibreoirí eacnamaíocha a roghnú i gcomhair rialuithe custaim;

(c)

an cineál rialaithe custaim atá le cur i gcrích ag na húdaráis chustaim;

(d)

anailís riosca agus bearta maolaithe a chur i bhfeidhm sa slabhra soláthair, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis nó ar ghníomhaíocht agus treoir gan luchtú ná iompar; agus

(e)

fad chur i bhfeidhm na rialuithe custaim dá dtagraítear i bpointe (c).

2.   Agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca á mbunú, cuirfidh an Coimisiún an méid uile seo a leanas san áireamh:

(a)

an chomhréireacht leis an riosca;

(b)

práinne an ghá leis na rialuithe a chur i bhfeidhm;

(c)

an tionchar a mbeifí ag súil leis go réasúnta ar shreabhadh trádála agus ar acmhainní rialaithe na mBallstát aonair.

Airteagal 60

Faisnéis atá ábhartha maidir le bainistíocht riosca agus rialuithe

1.   Déanfar an fhaisnéis riosca uile, na comharthaí riosca uile, na torthaí anailíse riosca uile, na moltaí uile maidir le rialú, na cinntí uile maidir le rialú, na torthaí rialaithe uile agus gach faisnéis ábhartha eile a thaifeadadh sa phróiseas oibríochtúil lena mbaineann siad agus i Mol Sonraí Custaim an Aontais, gan beann ar cibé acu ar anailís riosca náisiúnta nó ar anailís choiteann riosca nó ar roghnú randamach atá siad bunaithe. Roinnfidh na húdaráis chustaim faisnéis faoi riosca lena chéile, le hÚdarás Custaim an Aontais agus leis an gCoimisiún.

2.   Beidh sé de cheart ag na húdaráis chustaim, ag Údarás Custaim an Aontais agus ag an gCoimisiún na míreanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a phróiseáil de réir a ról dá dtagraítear in Airteagail 56 go 58 agus Airteagal 61 agus ag cur lena rochtain ar shonraí agus cearta próiseála faoi seach mar a leagtar amach in Airteagal 41.

3.   Úsáidfidh Údarás Custaim an Aontais Mol Sonraí Custaim an Aontais i gcás inar féidir chun aon fhoinse eile sonraí, doiciméad nó faisnéise a bhailiú a shainaithníonn Údarás Custaim an Aontais, an Coimisiún nó údarás custaim a bheith ábhartha maidir le bainistíocht riosca, nó chun idiroibriú leis an bhfoinse sin. Má úsáidtear aon chóras seachas Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh, comhlíonfaidh an córas sin na caighdeáin chéanna maidir le sábháilteacht sonraí, slándáil sonraí agus sláine sonraí mar a leagtar síos i dTeideal III.

4.   Go dtí an 30 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún cúraimí Údarás Custaim an Aontais dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 61

Meastóireacht ar bhainistíocht riosca custaim

1.   Gach bliain ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le hÚdarás Custaim an Aontais agus leis na húdaráis chustaim, meastóireacht ar chur chun feidhme na bainistíochta riosca chun feabhas leanúnach a chur ar a éifeachtacht agus a éifeachtúlacht oibríochtúil agus straitéiseach agus foilseoidh sé faisnéis neamhíogair maidir leis an meastóireacht sin. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí meastóireachta a shocrú a bheidh le déanamh i gcás ina measfaidh sé go bhfuil gá leis sin, agus ar bhonn leanúnach.

2.   Chun críocha na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, baileoidh Údarás Custaim an Aontais faisnéis ábhartha agus déanfaidh sé anailís uirthi agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí uile is gá. Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais tuarascálacha tréimhsiúla nó ad hoc a iarraidh ar Bhallstát amháin nó níos mó i ndáil leis sin ach amháin más féidir an fhaisnéis sin a bhaint as Mol Sonraí Custaim an Aontais.

3.   Chun críocha na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 agus chun a ról agus a fhreagrachtaí faoin Teideal seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha atá ar fáil trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais a phróiseáil agus féadfaidh sé faisnéis nach bhfuil ar fáil ann a iarraidh ar Údarás Custaim an Aontais agus ar na húdaráis chustaim.

4.   Agus limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca dá dtagraítear in Airteagal 56(1), in Airteagal 57(2), pointí (a) agus (b), agus in Airteagal 59 á mbunú, cuirfidh Údarás Custaim an Aontais agus an Coimisiún san áireamh, i gcás inarb ábhartha, meastóireachtaí a rinneadh faoin Airteagal seo.

Airteagal 62

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos bearta chun a áirithiú go ndéanfar rialuithe custaim agus bainistíocht riosca a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú agus limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca dá dtagraítear sa Teideal seo a bhunú. Áireofar ar na bearta sin:

(a)

an fhaisnéis atá le taifeadadh i Mol Sonraí Custaim an Aontais i ndáil le bainistíocht riosca agus rialuithe, lena n-áirítear i leith faisnéise riosca, torthaí anailíse riosca, bearta maolaithe riosca, moltaí maidir le rialú, cinntí maidir le rialú agus torthaí rialaithe, agus i leith na gceart chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus í a phróiseáil;

(b)

bearta nós imeachta maidir le húsáid idirthréimhseach a bhaint as córais faisnéise custaim atá ann cheana nó maidir le rochtain a fháil orthu;

(c)

bearta nós imeachta chun idir-inoibritheacht Mhol Sonraí Custaim an Aontais agus córas eile a bhainistiú;

(d)

bearta nós imeachta i ndáil le cur i bhfeidhm an cheanglais tuairiscithe i gcomhthéacs rialuithe iarscaoilte agus rialuithe randamacha;

(e)

socruithe le haghaidh comhar, lena n-áirítear malartú faisnéise, idir Údarás Custaim an Aontais agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sonracha eile an Aontais chun críocha an Teidil seo;

(f)

sainaithint an údaráis custaim inniúil i gcás próiseas bainistíochta riosca ar leith a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin;

(g)

gnéithe nós imeachta na rialuithe, lena n-áirítear rialuithe iarscaoilte, a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin, agus infhaighteacht torthaí samplaí agus rialuithe eile idir na húdaráis chustaim lena mbaineann;

(h)

socruithe chun faisnéis riosca a roinnt idir údaráis chustaim, Údarás Custaim an Aontais agus an Coimisiún;

(i)

limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir agus caighdeáin choiteanna riosca dá dtagraítear in Airteagal 56(1), in Airteagal 57(2), pointí (a) agus (b), agus in Airteagal 59, lena n-áirítear na módúlachtaí maidir lena gcur i bhfeidhm ar bhonn práinneach i gcás inar gá;

(j)

an creat maidir leis an bprionsabal ‘comhlíon nó mínigh’ i gcás nár leanadh moladh maidir le rialú, dá dtagraítear in Airteagal 57(2), pointe (h).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

2.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear na módúlachtaí maidir lena gcur i bhfeidhm ar bhonn práinneach chun freagairt go héifeachtach ar ghéarchéimeanna nó do theagmhais a d’fhéadfadh gar-riosca sábháilteachta nó slándála a bheith ag baint leo, agus a bhfuil údar cuí leo de bharr an ghá le bainistíocht riosca choitinn a thabhairt cothrom le dáta go tapa agus malartú faisnéise, critéir agus caighdeáin choiteanna riosca, agus limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna a oiriúnú do theacht chun cinn na rioscaí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 283(5).

CAIBIDIL 3

Rialuithe custaim

Airteagal 63

Rialuithe custaim

1.   Gan dochar do Chaibidil 2, féadfaidh na húdaráis chustaim aon rialú custaim a dhéanamh a mheasfaidh siad a bheith riachtanach, lena n-áirítear rialuithe randamacha.

2.   D’fhéadfadh na nithe seo a leanas, go háirithe, a bheith i gceist le rialuithe custaim:

(a)

earraí a scrúdú;

(b)

samplaí d’earraí a thógáil;

(c)

barántúlacht, sláine, cruinneas agus iomláine na sonraí a sholáthraíonn nó a chuireann aon duine ar fáil a fhíorú;

(d)

a fhíorú gurb ann do dhoiciméid, agus a mbarántúlacht, a gcruinneas agus a mbailíocht a fhíorú;

(e)

scrúdú a dhéanamh ar chuntais, ar thaifid tráchtála agus ar fhoinsí sonraí na n-oibreoirí eacnamaíocha;

(f)

cigireacht a dhéanamh ar mhodhanna iompair;

(g)

cigireacht a dhéanamh ar bhagáiste agus ar earraí eile arna n-iompar ag daoine nó ar dhaoine;

(h)

fiosrúcháin oifigiúla a dhéanamh; agus

(i)

gníomhartha comhchosúla eile.

I gcás inar gá, féadfar a áireamh ar rialuithe custaim próiseáil sonraí leictreonacha, agus foinse na sonraí a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais.

3.   I gcás ina mbeidh rialuithe nach rialuithe custaim iad le feidhmiú ag údaráis eile ar na hearraí céanna, comhoibreoidh na húdaráis chustaim go dlúth leis na húdaráis eile sin ionas gur féidir, i gcás inar féidir, na rialuithe eile sin a fheidhmiú ag an am céanna agus san áit chéanna leis na rialuithe custaim (prionsabal an ionaid ilfhreastail). Nuair a chuirfear rialuithe eile i gcrích i gcomhthráth le rialuithe custaim, is ag na húdaráis chustaim a bheith ról an chomhordaitheora.

4.   Féadfaidh na húdaráis chustaim a chinneadh rialuithe a dhéanamh in áit a ainmneoidh siad.

Airteagal 64

Na sonraí a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil a fhíorú

1.   Ón nóiméad a sholáthróidh daoine sonraí nó a chuirfidh siad sonraí ar fáil do na húdaráis chustaim, féadfaidh na húdaráis sin an méid a leanas a dhéanamh chun cruinneas na sonraí sin a fhíorú:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar na sonraí agus ar na doiciméid tacaíochta, lena n-áirítear rochtain a fháil ar fhoinsí sonraí atá i seilbh na n-oibreoirí eacnamaíocha nó atá stóráilte thar a gceann ag soláthraithe seirbhíse;

(b)

soláthar doiciméad nó sonraí eile a éileamh, lena n-áirítear sonraí atá i seilbh na n-oibreoirí eacnamaíocha nó atá stóráilte thar a gceann ag soláthraithe seirbhíse;

(c)

rochtain ar thaifid leictreonacha an duine a éileamh;

(d)

scrúdú a dhéanamh ar na hearraí;

(e)

samplaí a thógáil le haghaidh anailíse nó le haghaidh mionscrúdú a dhéanamh ar na hearraí.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos bearta maidir le fíorú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 65

Earraí a scrúdú agus a shampláil

1.   Féadfaidh na húdaráis chustaim a éileamh tráth ar bith go ndíluchtófaí nó go ndíphacálfaí na hearraí lena n-iniúchadh, chun samplaí díobh a thógáil nó chun scrúdú a dhéanamh ar an modh iompair.

2.   Is é allmhaireoir, onnmhaireoir, iompróir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais a chuirfidh i gcrích iompar na n-earraí go dtí na háiteanna ina ndéanfar scrúdú orthu agus ina dtógfar samplaí díobh nó a bheidh freagrach as an iompar sin, agus is é a dhéanfaidh an láimhseáil uile is gá don scrúdú sin nó don tógáil samplaí sin nó a bheidh freagrach as an láimhseáil sin. Is é an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais a íocfaidh na costais a thabhófar.

3.   Beidh sé de cheart ag an allmhaireoir, ag an onnmhaireoir, ag an iompróir nó ag sealbhóir an nós imeachta idirthurais a bheith i láthair nó go ndéanfar ionadaíocht air nuair a dhéanfar scrúdú ar na hearraí agus nuair a thógfar samplaí. I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag na húdaráis chustaim chun déanamh amhlaidh, féadfaidh siad a cheangal ar an allmhaireoir, ar an onnmhaireoir, ar an iompróir nó ar shealbhóir an nós imeachta idirthurais a bheith i láthair nó go ndéanfar ionadaíocht air nuair a dhéantar scrúdú ar na hearraí nó nuair a thógtar samplaí nó an cúnamh is gá a thabhairt dóibh chun an scrúdú sin nó tógáil na samplaí a éascú.

4.   Ar choinníoll go dtógfar samplaí i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, ní bheidh na húdaráis chustaim faoi dhliteanas aon chúiteamh a íoc ina leith ach is orthu a thitfidh costais a n-anailíse nó a scrúdaithe.

5.   I gcás nach ndéanfar scrúdú ach ar chuid de na hearraí nó i gcás ina ndéanfar samplaí a thógáil, beidh feidhm ag torthaí an pháirtscrúdaithe, nó torthaí anailíse nó scrúdú na samplaí, maidir leis na hearraí uile sa choinsíneacht chéanna.

Féadfaidh an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir, an t-iompróir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais scrúdú nó sampláil bhreise ar na hearraí a iarraidh, áfach, má mheasann sé nach bhfuil torthaí an scrúdaithe pháirtigh, nó torthaí na hanailíse nó an scrúdaithe ar na samplaí a tógadh, bailí a mhéid a bhaineann leis an gcuid eile de na hearraí lena mbaineann. Deonófar an iarraidh sin ar choinníoll nár scaoileadh na hearraí nó, má scaoileadh iad, ar choinníoll go gcruthóidh an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir, an t-iompróir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais nár athraíodh iad ar aon bhealach.

D’ainneoin na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, féadfaidh an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir, an t-iompróir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais, ar a chostas féin, scrúdú breise nó sampláil bhreise a iarraidh.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos bearta maidir le scrúdú agus sampláil na n-earraí dá dtagraítear san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 66

Torthaí an fhíoraithe

1.   Is chun críoch cur i bhfeidhm na bhforálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim faoina gcuirtear na hearraí agus na n-oibleagáidí eile arna mbunú sa reachtaíocht chustaim a bhainfear úsáid as na torthaí a thagann as fíorú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 64, ar na sonraí arna soláthar nó arna gcur ar fáil ag an allmhaireoir, ag an onnmhaireoir, ag an iompróir nó ag sealbhóir an nós imeachta idirthurais.

2.   Beidh ag torthaí an fhíoraithe a dhéanfaidh na húdaráis chustaim an fheidhm dhochloíte chéanna ar fud chríoch chustaim an Aontais.

3.   I gcás nach bhfíorófar na sonraí na sonraí arna soláthar nó arna gcur ar fáil ag an allmhaireoir, ag an onnmhaireoir, ag an iompróir nó ag sealbhóir an nós imeachta idirthurais, beidh feidhm ag mír 1 ar bhonn na sonraí sin.

4.   I gcás ina gcinnfidh údaráis chustaim go bhfuil earra áirithe nó earraí áirithe, ar cuid de choinsíneacht é nó iad, neamhchomhlíontach, measfaidh siad an bhfuil riosca comhchosúil ag baint le hearraí eile atá in aon choinsíneacht eile i gcomhréir le critéir a leagfar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 5. Sna cásanna sin, féadfaidh na húdaráis chustaim a mheas go bhfuil na hearraí lena mbaineann neamhchomhlíontach agus féadfaidh siad bearta maolaithe riosca a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, i gcomhar le húdaráis inniúla eile, nó féadfaidh siad scaoileadh na n-earraí eile sin a dhiúltú de bhun Airteagal 77(4).

Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás ina soláthróidh an t-allmhaireoir cruthúnas go bhfuil na hearraí nár fíoraíodh comhlíontach.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na nithe a leanas:

(a)

bearta maidir le torthaí an fhíoraithe dá dtagraítear san Airteagal seo; agus

(b)

na critéir faoina bhféadfaidh na húdaráis chustaim torthaí an fhíoraithe a mheas mar fhianaise go bhfuil riosca comhchosúil neamhchomhlíonta ag baint le hearraí eile dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 67

Bearta sainaitheantais

1.   Déanfaidh na húdaráis chustaim, nó i gcás inarb iomchuí, oibreoirí eacnamaíocha a údaróidh na húdaráis chustaim chuige sin, na bearta is gá a ghlacadh chun na hearraí a shainaithint más gá sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim ábhartha faoina bhfuil sé beartaithe na hearraí a chur.

Beidh an éifeacht chéanna ó thaobh dlí ag na bearta sainaitheantais sin ar fud chríoch chustaim an Aontais.

2.   Is iad na húdaráis chustaim amháin, nó daoine eile, i gcás ina n-údaróidh na húdaráis chustaim iad chuige sin, a bhainfidh nó a dhíothóidh meáin sainaitheantais atá greamaithe d’earraí, de phacáistiú nó de mhodh iompair, ach amháin nuair is den riachtanas, chun na hearraí nó an modh iompair a chosaint, na modhanna sainaitheantais sin a bhaint nó a dhíothú, de bharr cúinsí neamh-intuartha nó force majeure.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na bearta arb ionann iad agus na bearta sainaitheantais dá dtagraítear san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 68

Rialuithe iarscaoilte

1.   Chun críoch rialuithe custaim, féadfaidh na húdaráis chustaim, tar éis na hearraí a scaoileadh, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cruinneas agus iomláine na sonraí arna soláthar nó arna gcur ar fáil a fhíorú agus aon doiciméid tacaíochta a bheith ann a fhíorú agus cruinneas agus bailíocht na ndoiciméad tacaíochta sin a fhíorú;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar chuntais an oibreora eacnamaíoch agus ar thaifid eile a bhaineann leis na hoibríochtaí i ndáil leis na hearraí atá i gceist agus ar oibríochtaí tráchtála roimhe sin nó ina dhiaidh sin a bhaineann leis na hearraí sin;

(c)

iniúchadh a dhéanamh ar na hearraí sin agus samplaí a ghlacadh i gcás inarb iomchuí agus i gcás inar féidir leo fós é sin a dhéanamh;

(d)

rochtain a fháil ar chórais oibreoirí eacnamaíocha chun comhlíontacht leis an oibleagáid sonraí a sholáthar nó a chur ar fáil do Mhol Sonraí Custaim an Aontais a fhíorú.

2.   Féadfar na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ag áitreabh an allmhaireora, an onnmhaireora, shealbhóir na n-earraí, duine ar bith eile a bheidh bainteach go díreach nó go hindíreach leis na hoibríochtaí i ndáil leis na hearraí atá i gceist i gcáil gnó nó ag áitreabh aon duine eile a mbeidh na doiciméid agus na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin ina sheilbh aige chun críoch gnó.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na bearta a mbeidh feidhm acu maidir leis na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear i gcásanna ina dtarlaíonn oibríochtaí i níos mó ná Ballstát amháin, agus maidir le cur i bhfeidhm iniúchóireachta agus modheolaíochtaí iomchuí eile i gcomhthéacs na rialuithe sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 69

Iniúchtaí

1.   Chun críoch iniúchtaí, féadfaidh na húdaráis chustaim an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar bhainistíocht, eagrú, nósanna imeachta inmheánacha nó córais inmheánacha an oibreora eacnamaíoch, amhail cuntasaíocht agus lóistíocht, chun fianaise a bhailiú, a mheasúnú agus a sholáthar maidir leis na rialacha agus na ceanglais ábhartha arna gcur i bhfeidhm ag na húdaráis chustaim a bheith á gcomhlíonadh ag an oibreoir eacnamaíoch;

(b)

anailís chuimsitheach a dhéanamh ar oibríochtaí, próisis, córais agus rialuithe inmheánacha an oibreora eacnamaíoch.

2.   Féadfar iniúchtaí a dhéanamh ag áitreabh an allmhaireora, an onnmhaireora, shealbhóir na n-earraí, nó ag áitreabh aon duine eile atá bainteach go díreach nó go hindíreach leis na hoibríochtaí sin i gcáil gnó nó ag áitreabh aon duine eile a mbeidh na doiciméid agus na sonraí ábhartha don iniúchadh ina sheilbh aige.

Airteagal 70

Eitiltí agus turais farraige laistigh den Aontas

1.   Ní dhéanfar rialuithe custaim nó foirmiúlachtaí custaim a chur i gcrích i dtaca le bagáiste cábáin nó bagáiste boilg de chuid daoine atá ar eitilt laistigh den Aontas ná i dtaca le bagáiste de chuid daoine ar thuras farraige laistigh den Aontas, ach amháin i gcás ina bhforálfar amhlaidh sa reachtaíocht chustaim.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)

sábháilteacht agus slándáil;

(b)

rialuithe atá nasctha le reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na calafoirt nó na haerfoirt ina bhfuil rialuithe custaim agus foirmiúlachtaí custaim le cur i bhfeidhm maidir leis an méid a leanas:

(a)

bagáiste cábáin agus bagáiste boilg de chuid daoine:

(i)

a bheidh ar eitilt in aerárthach a bheidh ag teacht ó aerfort nach aerfort de chuid an Aontais é agus a leanfaidh lena n-aistear, tar éis stad a dhéanamh ag aerfort de chuid an Aontais, go dtí aerfort Aontais eile;

(ii)

a bheidh ar eitilt in aerárthach a dhéanfaidh stad ag aerfort de chuid an Aontais sula rachaidh sé ar aghaidh go dtí aerfort nach de chuid an Aontais é;

(iii)

daoine a bhainfidh úsáid as seirbhís mhuirí san árthach céanna ach go ndéantar an aistear scríob i ndiaidh a chéile ag imeacht ó chalafort nach de chuid an Aontais é, ag tabhairt cuairt air, nó ag baint ceann scríbe amach ann;

(iv)

a bheidh ar bord árthaigh áineasa agus in aerárthach turasóireachta nó gnó;

(b)

bagáiste cábáin agus bagáiste boilg:

(i)

a thiocfaidh go dtí aerfort Aontais ar bord aerárthaigh a thiocfaidh ó aerfort nach ceann de chuid an Aontais é agus a aistreofar ag an aerfort Aontais sin go dtí aerárthach eile a bheidh ag dul ar eitilt laistigh den Aontas;

(ii)

a bheidh luchtaithe ag aerfort Aontais ar aerárthach a bheidh ag dul ar eitilt laistigh den Aontas le haghaidh aistrithe ag aerfort Aontais eile go dtí aerárthach ag aerfort nach ceann de chuid an Aontais is ceann scríbe dó.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

TEIDEAL V

EARRAÍ A CHUR FAOI NÓS IMEACHTA CUSTAIM

CAIBIDIL 1

Stádas custaim earraí

Airteagal 71

Toimhde maidir le stádas custaim earraí de chuid an Aontais

1.   Toimhdeofar go mbeidh stádas custaim earraí de chuid an Aontais ag na hearraí uile i gcríoch chustaim an Aontais, mura ndeimhneofar nach de chuid an Aontais iad.

2.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, ní bheidh feidhm ag an toimhde i mír 1. Dá thoradh sin, is gá a chruthú go bhfuil stádas custaim earraí de chuid an Aontais ag na hearraí lena mbaineann.

3.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, ní bheidh stádas custaim earraí de chuid an Aontais ag earraí a fhaightear go hiomlán i gcríoch chustaim an Aontais agus a fhaightear ó earraí atá á stóráil go sealadach, nó ó earraí a chuirtear faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, faoi nós imeachta stórála, faoin nós imeachta um chead isteach sealadach nó faoin nós imeachta próiseála isteach.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

na cásanna sonracha a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an toimhde a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

na coinníollacha a leagan síos maidir le bearta éascaithe a dheonú chun a chruthú go bhfuil an stádas custaim earraí de chuid an Aontais ag earraí, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(c)

na cásanna sonracha a chinneadh nach mbeidh stádas custaim earraí de chuid an Aontais ag na hearraí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chinneadh.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta chun modh cruthúnais stádais custaim earraí de chuid an Aontais a sholáthar agus a fhíorú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 72

Cailliúint stádais custaim earraí de chuid an Aontais

Tiocfaidh earraí de chuid an Aontais chun bheith ina n-earraí nach de chuid an Aontais iad sna cásanna a leanas:

(a)

i gcás ina dtabharfar amach as críoch chustaim an Aontais iad, ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag na rialacha maidir le hidirthuras inmheánach;

(b)

i gcás inar cuireadh faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, nó faoi nós imeachta stórála nó faoin nós imeachta próiseála isteach iad, má cheadaítear sin leis an reachtaíocht chustaim;

(c)

i gcás inar cuireadh faoin nós imeachta um úsáid deiridh iad agus ina dtréigfear ina dhiaidh sin iad leis an Stát, nó ina ndíothófar iad agus dramhaíl fágtha;

(d)

i gcás ina gcuirtear ó bhailíocht, tar éis scaoileadh na n-earraí, an fhaisnéis arna soláthar nó arna cur ar fáil, nó i gcás inarb infheidhme, an dearbhú maidir lena scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Airteagal 73

Earraí de chuid an Aontais a fhágann críoch chustaim an Aontais ar bhonn sealadach

1.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 136(2), pointí (b) go (e), ní choinneoidh earraí stádas custaim earraí de chuid an Aontais ach i gcás ina ndeimhnítear an stádas sin faoi na coinníollacha áirithe agus trí na modhanna a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

2.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, féadfaidh earraí de chuid an Aontais gluaiseacht gan a bheith faoi réir nós imeachta custaim, ó phointe go chéile i gcríoch chustaim an Aontais agus amach as an gcríoch sin ar bhonn sealadach gan a stádas custaim a athrú.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna sonracha a chinneadh nach n-athraítear stádas custaim na n-earraí, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

CAIBIDIL 2

Cur faoi nós imeachta custaim agus scaoileadh

Airteagal 74

Earraí a chur faoi nós imeachta custaim

1.   Soláthróidh allmhaireoirí, onnmhaireoirí agus sealbhóirí an nós imeachta idirthurais, nó cuirfidh siad ar fáil, i Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh, na sonraí is gá chun na hearraí a chur faoin nós imeachta custaim lena mbaineann a luaithe a bheidh na sonraí sin ar fáil agus in aon chás sula dtabharfar fógra faoi infhaighteacht na n-earraí.

2.   Trí fhógra a thabhairt nó a chur ar fáil go bhfuil na hearraí ar fáil, deimhníonn na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus sealbhóirí an nós imeachta idirthurais do na húdaráis chustaim go bhfuil rún acu na hearraí a chur faoin nós imeachta custaim lena mbaineann.

3.   Duine a bhfuil úsáid á baint aige as an scéim IIFA, soláthróidh sé nó cuirfidh sé ar fáil na sonraí maidir le ciandíolacháin earraí atá le cur faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcríoch chustaim an Aontais ar a dhéanaí an lá tar éis an dáta ar glacadh leis an íocaíocht as an díolachán agus in aon chás sula dtabharfar fógra faoi infhaighteacht na n-earraí.

4.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar d’Airteagal 178, in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann leis an doiciméadacht tacaíochta nó le luach custaim na n-earraí a chinneadh, féadfaidh na húdaráis chustaim a cheadú d’onnmhaireoir, do shealbhóir an nós imeachta idirthurais nó d’allmhaireoir seachas an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola cuid de na sonraí a sholáthar nó a chur ar fáil, seachas réamhfhaisnéis lasta, tar éis scaoileadh na n-earraí.

Déanfaidh an t-onnmhaireoir, sealbhóir an nós imeachta idirthurais nó an t-allmhaireoir seachas an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola an fhaisnéis a fágadh ar lár a sholáthar nó a chur ar fáil laistigh de theorainn ama shonrach.

5.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar d’Airteagal 178, in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le doiciméadacht tacaíochta nó le luach deiridh na n-earraí a chinneadh, féadfaidh trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ seachas an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola cuid de na sonraí a sholáthar nó a chur ar fáil, seachas réamhfhaisnéis lasta, tar éis scaoileadh na n-earraí. Déanfaidh an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ an fhaisnéis a fágadh ar lár a sholáthar nó a chur ar fáil laistigh de theorainn ama shonrach.

6.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, féadfar earraí a chur faoi nós imeachta custaim trí mhodhanna eile seachas Mol Sonraí Custaim an Aontais.

7.   Cuirfear na hearraí faoin nós imeachta custaim lena mbaineann tráth a scaoilfear iad.

Is é dáta an fhógra maidir le hinfhaighteacht na n-earraí an dáta a úsáidfear le haghaidh chur i bhfeidhm na bhforálacha lena rialófar an nós imeachta custaim faoina gcuirtear na hearraí agus le haghaidh na bhfoirmiúlachtaí allmhairí nó onnmhairí eile uile.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

na sonraí a chinneadh, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo;

(b)

na coinníollacha a leagan síos don simpliú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm;

(c)

a chinneadh cé na sonraí sonracha is féidir a sholáthar nó a chur ar fáil tar éis scaoileadh na n-earraí agus cé na teorainneacha ama chun na sonraí sin a sholáthar nó a chur ar fáil, i gcás ina gcuirfear mír 4 nó mír 5 den Airteagal seo i bhfeidhm;

(d)

a chinneadh cé na cásanna sonracha dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus na modhanna, cé is moite de Mhol Sonraí Custaim an Aontais, is féidir a úsáid chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim.

Airteagal 75

Foirmeacha eile fógra maidir le hinfhaighteacht na n-earraí

Féadfaidh an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais an fógra maidir le hinfhaighteacht na n-earraí a sholáthar nó a chur ar fáil tríd an méid seo a leanas:

(a)

fógra a thabhairt maidir le teacht isteach na n-earraí i gcríoch chustaim an Aontais má dhéantar an stóráil shealadach nó an cur faoi nós imeachta custaim san oifig custaim iontrála; nó

(b)

fógra maidir le teacht isteach na n-earraí ag an bpointe imeachta má dhéantar an stóráil shealadach ag an oifig custaim imeachta.

Airteagal 76

Faisnéis agus doiciméid tacaíochta

1.   Agus na sonraí agus an fhaisnéis is gá á soláthar nó á gcur ar fáil le haghaidh an nós imeachta custaim shonraigh faoina gcuirtear earraí nó faoina bhfuil sé beartaithe earraí a chur, soláthróidh daoine nó cuirfidh siad ar fáil cóipeanna digiteacha de na bundoiciméid pháipéir a úsáidfear chun na sonraí agus an fhaisnéis sin a fháil, i gcás inarb ann do na bunchóipeanna páipéir sin.

2.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, nuair a thaiscfear dearbhú custaim, beidh na doiciméid tacaíochta is gá chun na forálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim dá ndearbhaítear na hearraí, beidh siad i seilbh an dearbhóra agus ar fáil do na húdaráis chustaim tráth taiscthe an dearbhaithe sin.

3.   Na doiciméid tacaíochta le haghaidh na bhfoirmiúlachtaí neamhchustaim is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2399, measfar gur soláthraíodh nó gur cuireadh ar fáil iad nó go bhfuil siad i seilbh an dearbhóra má tá na húdaráis chustaim in ann na sonraí is gá a fháil ó chórais chomhfhreagracha neamhchustaim an Aontais trí Chóras Malartaithe Deimhnithe Ionad Ilfhreastail an Aontais maidir le Custam (CSW-CERTEX AE) i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointí (a) agus (c), den Rialachán sin.

4.   Déanfaidh daoine doiciméid tacaíochta a sholáthar nó a chur ar fáil freisin i gcás inar gá le haghaidh bainistíochta riosca custaim agus rialuithe custaim.

5.   Gan dochar do reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, féadfaidh údaráis chustaim a údarú d’oibreoirí eacnamaíocha na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear i mír 3 a tharraingt suas.

6.   Mura luaitear a mhalairt le haghaidh doiciméid shonracha, coinneoidh an duine lena mbaineann, chun críoch rialuithe custaim, na doiciméid agus an fhaisnéis ar feadh 3 bliana ar a laghad, i bhfoirm a mbeidh inrochtana ag na húdaráis chustaim agus a bheidh inghlactha dóibh. Rithfidh an tréimhse sin:

(a)

i gcás earraí a scaoilfear i saorchúrsaíocht saor ó dhleacht nó ag ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí de bharr a n-úsáide deiridh, ó dheireadh na bliana ina scoirfidh siad de bheith faoi réir maoirseacht chustaim;

(b)

i gcás earraí a chuirfear faoi nós imeachta custaim eile nó earraí atá á stóráil go sealadach, ó dheireadh na bliana ina ndéantar an nós imeachta custaim lena mbaineann a urscaoileadh nó ina dtiocfaidh deireadh leis an stóráil shealadach;

(c)

i gcásanna nach gcumhdaítear faoi phointí (a) ná (b), ó dheireadh na bliana ina scaoilfear na hearraí.

7.   Gan dochar d’Airteagal 206(4), i gcás ina dtaispeánfaidh rialú custaim i ndáil le fiach custaim go gcaithfear an iontráil ábhartha sna cuntais a cheartú agus ina dtabharfar fógra don duine lena mbaineann ina leith sin, coinneofar na doiciméid agus an fhaisnéis ar feadh 3 bliana thar an teorainn ama dá bhforáiltear i mír 6 den Airteagal seo.

8.   I gcás ina dtaiscfear achomharc, nó ina gcuirfear tús le himeachtaí riaracháin nó breithiúnais, déanfar na doiciméid agus an fhaisnéis a choinneáil ar feadh na tréimhse dá bhforáiltear i mír 6 nó go dtí go gcríochnófar an nós imeachta achomhairc nó na himeachtaí riaracháin nó breithiúnais, cibé acu is déanaí.

Airteagal 77

Scaoileadh na n-earraí

1.   Na húdaráis chustaim atá freagrach as na hearraí a chur i nós imeachta custaim i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (d), agus Airteagal 6(2) déanfaidh siad cinneadh maidir le scaoileadh na n-earraí agus torthaí na hanailíse riosca ar na sonraí sa dearbhú custaim nó na sonraí a sholáthair nó a chuir an t-allmhaireoir nó an t-onnmhaireoir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais ar fáil agus, i gcás inarb infheidhme, torthaí aon rialaithe nó beart maolaithe riosca á gcur san áireamh.

2.   Ní mheasfar scaoileadh na n-earraí i bheith ina chruthúnas comhréireachta.

3.   Scaoilfear earraí má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuireadh na húdaráis chustaim ar an eolas faoin duine arb é an t-allmhaireoir é, arb é an t-onnmhaireoir é nó arb é sealbhóir an nós imeachta idirthurais atá freagrach as na hearraí é;

(b)

comhlíontar na coinníollacha chun na hearraí a chur faoin nós imeachta custaim lena mbaineann de bhun Airteagail 74, 109, 114, 140, 142, 145, 153, 156, 158 agus 161; agus

(c)

níor roghnaíodh na hearraí le haghaidh aon rialú nó roghnaíodh iad le haghaidh rialuithe agus níor tháinig as na rialuithe sin aon toradh a thug údar le scaoileadh na n-earraí sin a dhiúltú.

4.   Diúltóidh na húdaráis chustaim don scaoileadh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis na hearraí a chur faoin nós imeachta custaim lena mbaineann, lena n-áirítear aon fhoirmiúlacht neamhchustaim de chuid an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11) de Rialachán (AE) 2022/2399 atá ábhartha maidir leis na hearraí;

(b)

i gcás ina mbeidh aon fhianaise acu nach gcomhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm;

(c)

i gcás ina bhfuil fianaise acu nach bhfuil na sonraí a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil cruinn.

5.   Cuirfidh na húdaráis chustaim an scaoileadh ar fionraí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh cúis acu a chreidiúint nach gcomhlíonann na hearraí an reachtaíocht chustaim nó reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm nó gur riosca tromchúiseach iad do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, nó don chomhshaol, nó d’aon leas poiblí eile;

(b)

i gcás inar iarr údaráis inniúla eile amhlaidh de réir reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

Sárú córasach, a chinntear le haghaidh oibreoir eacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 276(5), beidh sé ina chúis lena chreidiúint, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, i leith na n-earraí uile ar tugadh fógra maidir leo go bhfuil siad ar fáil lena scaoileadh i saorchúrsaíocht ag an oibreoir eacnamaíoch sin laistigh de 6 mhí ar a laghad ó chinneadh an tsáraithe.

6.   I gcás ina gcuirfear an scaoileadh ar fionraí i gcomhréir le mír 5, déanfaidh na húdaráis chustaim na comhairliúcháin dá bhforáiltear leis an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, agus:

(a)

má d’iarr na húdaráis inniúla eile amhlaidh i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, an scaoileadh a dhiúltú;

(b)

má d’fhormheas na húdaráis inniúla eile an scaoileadh, na hearraí a scaoileadh;

(c)

murar thug na húdaráis inniúla eile freagra laistigh den teorainn ama a socraíodh sa reachtaíocht ábhartha eile a chuir na húdaráis chustaim i bhfeidhm nó, in éagmais na teorann ama sin, laistigh de chúig lá, na hearraí a scaoileadh; nó

(d)

má d’iarr na húdaráis inniúla eile amhlaidh toisc gur thug siad fógra do na húdaráis chustaim go bhfuil níos mó ama de dhíth chun a mheas an gcomhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, an fhionraíocht a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá.

7.   Gan dochar don reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, measfar gur scaoil na húdaráis chustaim na hearraí i gcás nach mbeidh siad roghnaithe acu le haghaidh aon rialaithe, laistigh de thréimhse réasúnta tar éis:

(a)

d’earraí na n-allmhaireoirí le haghaidh ciandíola a bheith tagtha isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(b)

d’earraí na n-allmhaireoirí a bheith tagtha chuig a gceann scríbe deiridh; nó

(c)

don fhaisnéis réamhimeachtaí a bheith seolta ag an onnmhaireoir.

8.   I gcás ina gcuirfidh na húdaráis chustaim scaoileadh na n-earraí ar fionraí i gcomhréir le mír 5, nó ina ndiúltóidh siad scaoileadh na n-earraí de réir mhír 4 nó mhír 6, pointe (a), déanfaidh siad a gcinneadh agus aon fhaisnéis eile, más infheidhme, a cheanglaítear le dlí an Aontais a thaifeadadh i Mol Sonraí Custaim an Aontais; i gcás inarb infheidhme. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis chustaim eile.

9.   I gcás inar dhiúltaigh na húdaráis chustaim scaoileadh na n-earraí i gcomhréir le mír 4 nó le mír 6, pointe (a):

(a)

murar chuir na húdaráis inniúla eile in aghaidh, féadfar na hearraí a chur i nós imeachta custaim eile ina dhiaidh sin agus tásc ag gabháil leis sin gur diúltaíodh na hearraí roimhe sin le haghaidh nós imeachta custaim eile;

(b)

má chuir na húdaráis inniúla eile in aghaidh na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim, déanfaidh na húdaráis chustaim an fhaisnéis sin a thaifeadadh i Mol Sonraí Custaim an Aontais agus gníomhóidh siad i gcomhréir le Teideal V, Caibidil 4.

10.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 282, tríd an méid seo a leanas:

(a)

na tréimhsí ama réasúnta dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a chinneadh;

(b)

na cásanna sonracha a liostaítear i mír 7 den Airteagal seo a shonrú a thuilleadh; nó

(c)

lena mbunaítear cásanna speisialta breise ina measfar gur scaoil údaráis chustaim na hearraí.

Airteagal 78

Na hearraí a scaoileadh thar ceann na n-údarás custaim ag trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’

1.   De mhaolú ar Airteagal 77(1), féadfaidh na húdaráis chustaim a údarú do thrádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ na hearraí a scaoileadh thar a gceann nuair a fhaightear na hearraí sin ag áit ghnó an allmhaireora, an úinéara nó an choinsíní nó nuair a sheoltar iad ó áit ghnó an onnmhaireora, an úinéara nó an choinsíneora, ar choinníoll go soláthraítear nó go gcuirtear ar fáil do na húdaráis chustaim na sonraí is gá le haghaidh an nós imeachta ábhartha agus an fhaisnéis fíor-ama maidir le teacht nó seoladh na n-earraí.

2.   Trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ a oibríonn stóras custaim le haghaidh ciandíola i gcomhréir le hAirteagal 145, ní scaoilfidh siad ach na hearraí a chuirtear faoin nós imeachta stórasaithe custaim agus atá faoi réir lena gcur ar díol i gcríoch chustaim an Aontais.

3.   Gan dochar d’Airteagal 63, féadfaidh na húdaráis chustaim a údarú do thrádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ rialuithe áirithe a dhéanamh ar earraí faoi mhaoirseacht custaim. I gcás rialuithe a bheidh le déanamh de bhun reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, rachaidh na húdaráis chustaim i gcomhairle le húdaráis inniúla eile sula ndeonófar an t-údarú sin agus féadfaidh siad plean rialaithe a chomhaontú leo.

4.   I gcás ina mbeidh cúis ag trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ atá údaraithe de bhun mhír 3 a chreidiúint nach gcomhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra do na húdaráis chustaim láithreach. Ar an bhfógra sin a fháil, déanfaidh na húdaráis chustaim cinneadh maidir le scaoileadh nó rialú na n-earraí sin.

5.   I gcás inar gá, féadfaidh na húdaráis chustaim a cheangal ar thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ na hearraí a chur i láthair le haghaidh rialaithe in oifig custaim nó ag an áit a raibh sé beartaithe na hearraí a scaoileadh.

6.   I gcás ina sainaithneoidh na húdaráis chustaim riosca airgeadais tromchúiseach nua nó cás sonrach eile maidir le scaoileadh earraí thar a gceann, féadfaidh siad na húdaruithe arna ndeonú de bhun mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 12(2).

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

an nós imeachta a bhunú maidir le scaoileadh earraí a bheith á dhéanamh ag trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ thar ceann na n-údarás custaim;

(b)

na coinníollacha a leagan síos, an t-ábhar a shonrú agus an nós imeachta a bhunú le haghaidh na rialuithe a dhéanfaidh trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’.

Airteagal 79

Faisnéis a leasú chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim

1.   Roimh dháta scaoilte na n-earraí, sna cásanna a leanas, leasóidh an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais mír sonraí amháin nó níos mó a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil chun na hearraí sin a chur faoi nós imeachta custaim:

(a)

i gcás ina bhfaighidh siad amach gur athraíodh an fhaisnéis ábhartha ina dtaifid, nó go bhfuil an fhaisnéis sin mícheart; nó

(b)

i gcás ina n-iarrann údarás custaim orthu é sin a dhéanamh mar gheall ar mhíchruinneas nó neamhiomláine na sonraí nó mar gheall ar shaincheisteanna maidir le cáilíocht na sonraí.

2.   Ní leasóidh an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir ná sealbhóir an nós imeachta idirthurais an fhaisnéis sna cásanna seo a leanas:

(a)

chuir na húdaráis chustaim in iúl dó go bhfuil sé beartaithe acu na hearraí a iniúchadh;

(b)

chuir na húdaráis chustaim in iúl dó sin go bhfuil sé deimhnithe acu go bhfuil na sonraí a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil mícheart; nó

(c)

scaoileadh na hearraí cheana féin.

3.   Laistigh de 3 bliana ó dháta scaoilte na n-earraí, féadfaidh an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais a iarraidh go leasófar mír sonraí amháin nó níos mó a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim. Cinnfidh na húdaráis chustaim cé acu a ghlacfaidh siad leis an leasú nó a dhiúltóidh siad é, agus an riosca á chur san áireamh nach gcomhlíonfar na hoibleagáidí a bhaineann le hearraí a chur faoin nós imeachta custaim lena mbaineann.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna a shonrú ina bhféadfar na sonraí a leasú tar éis an dáta scaoilte i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal a leasú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 80

Sonraí a chur ó bhailíocht chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim

1.   Má fhaigheann an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais nach dtabharfar earraí atá le cur faoi nós imeachta custaim isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó amach aisti, cuirfidh sé na sonraí maidir leis na hearraí sin a chur faoin nós imeachta custaim sin ó bhailíocht a luaithe is féidir.

Mura dtabharfar na hearraí atá le cur faoi nós imeachta custaim isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó mura dtabharfar amach aisti iad laistigh de 200 lá ón dáta a soláthraíodh na sonraí chun na hearraí a chur faoin nós imeachta custaim do na húdaráis chustaim nó a cuireadh ar fáil dóibh iad, déanfaidh na húdaráis chustaim na sonraí sin a chur ó bhailíocht.

2.   Déanfaidh na húdaráis chustaim, ar iarratas ón allmhaireoir, ón onnmhaireoir nó ó shealbhóir an nós imeachta idirthurais, na sonraí chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim a chur ó bhailíocht ar ina leith a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil an fógra maidir le hinfhaighteacht na n-earraí i gcás ina mbeidh na húdaráis chustaim sásta maidir leis an méid a leanas:

(a)

tá na hearraí le cur faoi nós imeachta custaim eile láithreach; nó

(b)

de thoradh imthosca speisialta, níl údar a thuilleadh leis na hearraí a chur faoin bpríomhnós imeachta custaim.

I gcás inar chuir na húdaráis chustaim in iúl don allmhaireoir, don onnmhaireoir nó do shealbhóir an nós imeachta idirthurais, áfach, go bhfuil sé ar intinn acu na hearraí a scrúdú, ní ghlacfar le hiarratas chun na sonraí a chur ó bhailíocht go dtí go mbeidh an t-iniúchadh curtha i gcrích.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna a shonrú inar féidir sonraí chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim a chur ó bhailíocht tar éis dháta scaoilte na n-earraí.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta chun na sonraí maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta custaim a chur ó bhailíocht. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 3

Forálacha idirthréimhseacha maidir le dearbhuithe custaim

Airteagal 81

Ráiteas custaim

1.   Déanfar dearbhuithe custaim trí úsáid a bhaint as teicnící próiseála sonraí leictreonacha.

2.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, féadfar dearbhú custaim a thaisceadh agus úsáid á baint as bealaí eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha.

3.   Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa reachtaíocht chustaim, taiscfear an dearbhú custaim ag ceann díobh seo a leanas, ag brath ar na himthosca:

(a)

an oifig custaim atá freagrach as áit chéadiontrála na n-earraí i gcríoch chustaim an Aontais; nó

(b)

an oifig custaim atá freagrach as áit díluchtaithe na n-earraí a thagann isteach i gcríoch custaim an Aontais ar muir nó d’aer;

(c)

oifig custaim cheann scríbe an nóis imeachta idirthurais má cuireadh na hearraí a tháinig isteach i gcríoch chustaim an Aontais faoi nós imeachta idirthurais;

(d)

an oifig custaim atá freagrach as an áit ina bhfuil na hearraí lonnaithe atá le cur faoi nós imeachta idirthurais;

(e)

an oifig custaim atá freagrach as áit bhunaíochta an oibreora eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ agus atá údaraithe chun imréiteach láraithe a chur i bhfeidhm;

(f)

an oifig custaim atá freagrach as an áit ina bhfuil na hearraí lonnaithe a bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna sonracha a chinneadh inar féidir dearbhú custaim a thaisceadh trí mhodhanna eile seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha a úsáid i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

lena leagtar síos an nós imeachta maidir leis an dearbhú custaim a thaisceadh sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b)

lena leagtar síos na rialacha maidir le hoifigí inniúla custaim a chinneadh seachas an ceann dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear oifigí custaim iontrála agus fágála.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 82

Dearbhú custaim caighdeánach

1.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, beidh sna dearbhuithe caighdeánacha custaim na sonraí uile is gá chun na forálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim a chur i bhfeidhm ar ina leith a dhearbhaítear na hearraí agus na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 76.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta chun dearbhú caighdeánach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thaisceadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 83

Dearbhú simplithe

1.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, féadfaidh na húdaráis chustaim glacadh leis go bhfuil earraí curtha faoi nós imeachta custaim ag duine ar bhonn dearbhaithe shimplithe a bhféadfadh cuid de na sonraí nó de na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 76 a bheith in easnamh air.

2.   Go dtí an 28 Feabhra 2031, féadfaidh na húdaráis chustaim úsáid rialta dearbhaithe shimplithe a údarú.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis an údarú a dheonú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an nós imeachta le haghaidh dearbhú simplithe a thaisceadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 84

Dearbhú forlíontach

1.   I gcás dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 83 nó i gcás iontrála i dtaifid an dearbhóra dá dtagraítear in Airteagal 92, taiscfidh an dearbhóir dearbhú forlíontach ina mbeidh na sonraí a bheidh riachtanach don nós imeachta custaim lena mbaineann san oifig custaim inniúil laistigh de theorainn ama shonrach.

I gcás dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 83, beidh na doiciméid tacaíochta is gá i seilbh an dearbhóra agus ar fáil do na húdaráis chustaim laistigh de theorainn ama shonrach.

Féadfaidh an dearbhú breise sin a bheith de chineál ginearálta, tréimhsiúil nó achoimreach.

2.   Sna cásanna a leanas, ní bheidh feidhm leis an oibleagáid dearbhú forlíontach a thaisceadh:

(a)

i gcás ina gcuirfear na hearraí faoin nós imeachta stórasaithe custaim;

(b)

i gcásanna sonracha eile a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

3.   Féadfaidh na húdaráis chustaim an ceangal maidir le dearbhú forlíontach a thaisceadh a tharscaoileadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

baineann an dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 83 le hearraí ar lú a luach agus a gcainníocht ná an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 194(8);

(b)

tá an fhaisnéis uile is gá don nós imeachta custaim lena mbaineann sa dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 83 cheana féin; agus

(c)

ní trí iontráil i dtaifid an dearbhóra a dhéantar an dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 83.

4.   Measfar gur ionstraim dhoroinnte aonair a rachaidh i bhfeidhm ón dáta a ghlacfar leis an dearbhú simplithe i gcomhréir le hAirteagal 87 an dearbhú forlíontach agus an dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 83.

Measfar gurb ionstraim aonair dho-roinnte an iontráil i dtaifid an dearbhóra dá dtagraítear in Airteagal 92 agus an dearbhú forlíontach, ar ionstraim é a thiocfaidh i bhfeidhm an dáta a iontráiltear na hearraí i dtaifid an dearbhóra.

5.   Chun críocha Airteagal 193, measfar gur san áit a taisceadh an dearbhú custaim a bheidh an dearbhú forlíontach le taisceadh.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

an teorainn ama shonrach dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, a bhfuil an dearbhú custaim le taisceadh laistigh di;

(b)

an teorainn ama shonrach dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, faoina mbeidh na doiciméid tacaíochta i seilbh an dearbhóra agus ar fáil do na húdaráis chustaim;

(c)

na cásanna sonracha eile nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid an dearbhú forlíontach a thaisceadh i gcomhréir le mír 2, pointe (b), den Airteagal seo.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir leis an dearbhú forlíontach a thaisceadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 85

Dearbhú custaim a thaisceadh

1.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, gan dochar d’Airteagal 84(1), féadfaidh aon duine a bheidh in ann an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun na forálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim ar ina leith a dhearbhaítear na hearraí dearbhú custaim a thaisceadh. Beidh an duine sin in ann na hearraí ábhartha a thíolacadh do lucht custaim freisin nó beidh sé in ann duine eile a chur á dtíolacadh do lucht custaim ar a shon.

Mar sin féin, i gcás ina gcuirfear oibleagáidí ar leith ar dhuine sonrach de bharr gur glacadh le dearbhú custaim, is é an duine sin nó a ionadaí a thaiscfidh an dearbhú sin.

2.   Go dtí an 30 Meitheamh 2028, déanfaidh duine de na daoine seo a leanas an dearbhú custaim a thaisceadh maidir le hearraí arna gciandíol a scaoileadh i saorchúrsaíocht:

(a)

an duine a gceadaítear dó úsáid a bhaint as scéim IIFA nó a ionadaí indíreach;

(b)

an duine a gceadaítear dó úsáid a bhaint as an socrú speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 7, de Threoir 2006/112/CE nó a ionadaí indíreach;

(c)

i gcásanna seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), ionadaí indíreach an allmhaireora;

(d)

i gcásanna seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), aon duine eile atá in ann an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun na forálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim a chur i bhfeidhm ar ina leith a dhearbhaítear na hearraí.

3.   Beidh an dearbhóir bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais.

4.   De mhaolú ar mhír 3, ní bheidh ceanglas ar na dearbhóirí seo a leanas a bheith bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais:

(a)

daoine a thaisceann dearbhú custaim maidir le hidirthuras nó maidir le cead isteach sealadach;

(b)

daoine a thaisceann dearbhú custaim ó am go ham, lena n-áirítear d’úsáid deiridh nó don phróiseáil isteach, ar choinníoll go measann na húdaráis chustaim go bhfuil údar leis sin;

(c)

daoine bunaithe i dtír a bhfuil a críoch tadhlach le críoch chustaim an Aontais, ag tíolacadh dóibh earraí dá dtagraítear sa dearbhú custaim in oifig custaim teorann an Aontais atá tadhlach leis an tír sin ar choinníoll go gceadaíonn an tír ina bhfuil na daoine sin bunaithe sochar cómhalartach do dhaoine atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais;

(d)

allmhaireoirí le haghaidh ciandíola a bhaineann le ciandíol earraí atá le hallmhairiú i gcríoch chustaim an Aontais faoi scéim IIFA, ar choinníoll go gceapfaidh siad ionadaí indíreach.

Airteagal 86

Dearbhú custaim a thaisceadh roimh thíolacadh na n-earraí do chustam

1.   Féadfar dearbhú custaim a thaisceadh roimh thíolacadh ionchasach na n-earraí ábhartha do lucht custaim. Mura dtíolacfar na hearraí laistigh 30 lá ó dháta thaiscthe an dearbhaithe custaim, measfar nár taisceadh an dearbhú custaim.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta maidir le dearbhú custaim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thaisceadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 87

Glacadh le dearbhú custaim

1.   Glacfaidh na húdaráis chustaim le dearbhuithe custaim a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo agus le hAirteagal 76 gan mhoill, ar choinníoll gur tíolacadh na hearraí dá dtagraíonn siad do lucht custaim.

2.   Mura bhforálfar a mhalairt, is é an dáta a nglacfaidh na húdaráis chustaim leis an dearbhú custaim an dáta a úsáidfear do chur i bhfeidhm na bhforálacha lena rialaítear an nós imeachta custaim a ndearbhaítear na hearraí ina leith agus le haghaidh na bhfoirmiúlachtaí allmhairí nó onnmhairí eile uile.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta maidir le dearbhú custaim a ghlacadh, lena n-áirítear na rialacha sin a chur i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 91. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 88

Dearbhú custaim a leasú

1.   Ceadófar don dearbhóir, ar iarratas a dhéanamh air, leasú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de mhíreanna sonraí an dearbhaithe chustaim tar éis don dearbhú sin a bheith glactha ag na húdaráis chustaim. Ní fhágfaidh an leasú go mbeidh feidhm ag an dearbhú custaim maidir le hearraí seachas na hearraí a chuimsigh sé ó thús.

2.   Ní cheadófar leasú a dhéanamh ar an dearbhú custaim tar éis do na húdaráis chustaim glacadh leis an dearbhú sin i gcás ina ndéanfar iarratas air an tráth a leanas:

(a)

tar éis do na húdaráis chustaim a chur in iúl don dearbhóir go bhfuil rún acu na hearraí a iniúchadh;

(b)

tar éis do na húdaráis chustaim a bhunú go bhfuil sonraí an dearbhaithe chustaim mícheart; nó

(c)

tar éis do na húdaráis chustaim na hearraí a scaoileadh.

3.   Ar iarratas ón dearbhóir, laistigh de 3 bliana ón dáta a ghlactar leis an dearbhú custaim, féadfaidh na húdaráis chustaim cead a thabhairt leasú a dhéanamh ar an dearbhú custaim tar éis scaoileadh na n-earraí chun go mbeidh an dearbhóir in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann leis na hearraí a chur faoin nós imeachta custaim lena mbaineann.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an nós imeachta chun an dearbhú custaim a leasú tar éis scaoileadh na n-earraí i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 89

Dearbhú custaim a chur ó bhailíocht

1.   Déanfaidh na húdaráis custaim, ar iarratas ón dearbhóir, dearbhú custaim ar glacadh leis cheana féin a chur ó bhailíocht i gcás ina gcreidfidh siad:

(a)

go bhfuil na hearraí le cur faoi nós imeachta custaim láithreach; nó

(b)

nach bhfuil údar níos mó, de thoradh imthosca speisialta, leis na hearraí a chur faoin nós imeachta custaim dár dearbhaíodh iad.

I gcás inar chuir na húdaráis chustaim in iúl don dearbhóir, áfach, go bhfuil siad chun na hearraí a iniúchadh, ní ghlacfar le hiarratas chun an dearbhú custaim a chur ó bhailíocht go dtí go mbeidh an t-iniúchadh curtha i gcrích.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, féadfaidh na húdaráis chustaim an dearbhú custaim a chur ó bhailíocht gan iarratas roimh ré ón dearbhóir.

3.   Ní chuirfidh na húdaráis chustaim an dearbhú custaim ó bhailíocht tar éis do na hearraí a bheith scaoilte, ach amháin i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna sonracha a chinneadh ina bhféadfaidh údaráis chustaim an dearbhú custaim a chur ó bhailíocht gan iarratas ón dearbhóir, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus tar éis scaoileadh na n-earraí, dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an nós imeachta chun an dearbhú custaim a chur ó bhailíocht tar éis scaoileadh na n-earraí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 90

Tarraingt suas sonraí a shimpliú i ndáil le hearraí a thagann faoi fho-cheannteidil taraife éagsúla

1.   I gcás coinsíneacht ina mbeidh earraí a thagann faoi fho-cheannteidil taraife éagsúla agus go mbeadh ualach oibre agus caiteachais díréireach ann i gcomparáid leis an dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí is inmhuirir dá ndéileálfaí le gach ceann de na hearraí sin i gcomhréir lena fho-cheannteideal taraife, féadfaidh na húdaráis chustaim, ar iarratas ón dearbhóir, foráil a dhéanamh maidir le modh simplithe chun dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí a mhuirearú trína ndéanfar dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí a mhuirearú ar an gcoinsíneacht iomlán ar bhonn fho-cheannteideal taraife na n-earraí atá faoi réir an ráta dleachta is airde ar allmhairí nó ar onnmhairí.

2.   Diúltóidh na húdaráis chustaim úsáid an mhodha shimplithe chun dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí dá dtagraítear i mír 1 a mhuirearú sna cásanna a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh feidhm ag táille láimhseála an Aontais; nó

(b)

i ndáil le hearraí atá faoi réir reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, i ndáil le toirmisc nó srianta nó i ndáil le dleacht mháil i gcás inar gá an rangú a bheith ceart chun na bearta sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 91

Imréiteach láraithe

1.   Go dtí an 28 Feabhra 2031, féadfaidh na húdaráis chustaim, arna iarraidh sin dóibh, duine a údarú chun dearbhú custaim le haghaidh earraí a thíolactar do lucht custaim in oifig custaim eile a thaisceadh san oifig custaim atá freagrach as an áit a bhfuil an duine sin lonnaithe.

Féadfaidh na húdaráis custaim an ceangal maidir leis an údarú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharscaoileadh más faoi fhreagracht an údaráis custaim chéanna a thagann an oifig custaim inar taisceadh an dearbhú custaim agus an oifig custaim inar tíolacadh na hearraí do lucht custaim.

2.   Ní fhéadfaidh ach oibreoir eacnamaíoch údaraithe, dá dtagraítear in Airteagal 29(2), pointe (a), iarratas a dhéanamh ar an údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Déanfaidh an oifig custaim inar taisceadh an dearbhú custaim an méid a leanas:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar chur na n-earraí faoin nós imeachta custaim lena mbaineann;

(b)

na rialuithe custaim i ndáil leis an dearbhú custaim a fhíorú;

(c)

i gcás ina mbeidh údar leis, a iarraidh ar an oifig custaim ina dtíolacfar na hearraí rialuithe custaim áirithe a dhéanamh i ndáil leis an dearbhú custaim a fhíorú; agus

(d)

na foirmiúlachtaí custaim a dhéanamh maidir le haisghabháil mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach le haon fhiach custaim a bheidh ann.

4.   Déanfaidh an oifig custaim ina dtaiscfear an dearbhú custaim agus an oifig custaim ina dtíolactar na hearraí an fhianaise is gá a roinnt maidir leis an dearbhú custaim a fhíorú agus maidir leis na hearraí a scaoileadh.

5.   Déanfaidh an oifig custaim ina dtíolacfar na hearraí, gan dochar dá rialuithe féin a bhaineann leis na hearraí a tugadh isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó a tugadh amach aisti, na rialuithe custaim dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), a chur i gcrích agus cuirfidh sí torthaí na rialuithe sin in iúl don oifig custaim inar taisceadh an dearbhú custaim.

6.   Déanfaidh an oifig custaim ina dtaiscfear an dearbhú custaim na hearraí a scaoileadh, agus na torthaí seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

torthaí a rialuithe féin maidir leis an dearbhú custaim a fhíorú;

(b)

torthaí na rialuithe a rinne an oifig custaim inar tíolacadh na hearraí chun an dearbhú custaim a fhíorú agus torthaí na rialuithe a bhaineann leis na hearraí a tugadh isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó a tugadh amach as.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis an údarú a dheonú dá dtagraítear i mír 1, céad fhomhír den Airteagal seo.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta maidir le himréiteach láraithe, lena n-áirítear na foirmiúlachtaí agus na rialuithe custaim ábhartha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 92

Iontráil i dtaifid an dearbhóra

1.   Go dtí an 28 Feabhra 2031, féadfaidh na húdaráis chustaim, arna iarraidh sin, duine a údarú chun dearbhú custaim a thaisceadh, lena n-áirítear dearbhú simplithe, i bhfoirm iontrála i dtaifid an dearbhóra, ar choinníoll go mbeidh na sonraí sa dearbhú sin ar fáil do na húdaráis chustaim i gcóras leictreonach an dearbhóra tráth a thaiscfear an dearbhú custaim i bhfoirm iontrála i dtaifid an dearbhóra.

2.   Measfar gur glacadh leis an dearbhú custaim tráth a iontrálfar na hearraí i dtaifid an dearbhóra.

3.   Féadfaidh na húdaráis chustaim, ar iarratas a dhéanamh orthu, an oibleagáid a tharscaoileadh na hearraí a bheith tíolactha. Sa chás sin, measfar go mbeidh na hearraí scaoilte tráth a n-iontrála i dtaifid an dearbhóra.

Féadfar an tarscaoileadh a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá an dearbhóir ina oibreoir eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ dá dtagraítear in Airteagal 29(2), pointe (a);

(b)

teastaíonn tarscaoileadh de bharr chineál agus shreabhadh na n-earraí lena mbaineann agus is eol don údarás custaim an méid sin;

(c)

tá rochtain ag an oifig custaim mhaoirseachta ar an bhfaisnéis uile a mheasann sí a bheith riachtanach chun go mbeidh sí in ann a ceart a fheidhmiú, i gcás inar ghá sin, chun na hearraí a scrúdú;

(d)

tráth a chuirtear isteach sna taifid iad, ní bheidh na hearraí faoi réir na reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm a thuilleadh, mura bhforáiltear a mhalairt san údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Mar sin féin, féadfaidh an oifig custaim mhaoirseachta, i gcásanna sonracha, a iarraidh go dtíolacfaí na hearraí fiú i gcás an tarscaoilte sin.

4.   Déanfar na coinníollacha faoina gceadófar scaoileadh na n-earraí a leagan amach san údarú dá dtagraítear i mír 1.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis an údarú a dheonú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta maidir le hiontráil i dtaifid an dearbhóra, lena n-áirítear na foirmiúlachtaí custaim agus na rialuithe custaim ábhartha, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus an tarscaoileadh ón oibleagáid na hearraí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a thíolacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 93

Scor den bhailíocht

Na húdaruithe le haghaidh dearbhuithe simplithe, imréiteach láraithe agus iontráil i dtaifid an dearbhóra dá dtagraítear in Airteagail 83, 91 agus 92, faoi seach, rachaidh siad in éag an 1 Márta 2034.

CAIBIDIL 4

Diúscairt earraí

Airteagal 94

Bearta atá le glacadh ag na húdaráis chustaim

1.   Gan dochar do reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, glacfaidh na húdaráis chustaim, na bearta is gá chun earraí a dhiúscairt, lena n-áirítear coigistiú nó forghéilleadh don Stát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, díol, deonú chun críoch daonnúil nó díothú, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nár comhlíonadh ceann de na hoibleagáidí a leagadh síos sa reachtaíocht chustaim maidir le hearraí nach de chuid an Aontais iad a thabhairt isteach i gcríoch custaim an Aontais nó i gcás inar coinníodh na hearraí siar ó mhaoirseacht chustaim;

(b)

i gcás nach féidir na hearraí a scaoileadh ar cheann de na cúiseanna a leanas:

(i)

i gcás nárbh fhéidir, ar chúiseanna atá inchurtha i leith an allmhaireora, an onnmhaireora, shealbhóir an nós imeachta idirthurais nó shealbhóir na n-earraí, tabhairt faoi na hearraí a scrúdú nó faoi leanúint lena scrúdú laistigh den tréimhse a fhorordóidh na húdaráis chustaim;

(ii)

i gcás nár soláthraíodh nó nár cuireadh ar fáil na doiciméid nó an fhaisnéis a iarradh, is é sin an fhaisnéis a chaithfear a sholáthar nó a chur ar fáil sular féidir na hearraí a chur faoin nós imeachta nó iad a scaoileadh le haghaidh an nós imeachta sin;

(iii)

i gcás nach ndéanfar nó nach gcuirfear ar fáil, laistigh den tréimhse atá forordaithe, na híocaíochtaí nó an ráthaíocht ba cheart maidir le dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí;

(iv)

ní chomhlíonann na hearraí na coinníollacha maidir le scaoileadh a leagtar síos in Airteagail 77 agus 78;

(c)

i gcás nár aistríodh na hearraí laistigh de thréimhse réasúnta i ndiaidh a scaoilte;

(d)

i gcás ina bhfaighfear amach i ndiaidh a scaoilte nár chomhlíon na hearraí na coinníollacha le haghaidh an scaoilte sin; nó

(e)

i gcás ina dtréigfear earraí leis an Stát i gcomhréir le hAirteagal 96.

2.   Earraí nach de chuid an Aontais iad a tréigeadh leis an Stát nó le hearraí nach de chuid an Aontais iad agus a urghabhadh, a coigistíodh nó a forghéilleadh don Stát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, measfar gur cuireadh faoin nós imeachta stórasaithe custaim iad. Déanfar earraí den sórt sin a iontráil i dtaifid oibreoir na saoráidí stórála le haghaidh stórasú custaim nó, i gcás ina mbeidh siad á gcoinneáil ag na húdaráis chustaim, i dtaifid na n-údarás custaim.

I gcás ina mbeidh sonraí nó dearbhú custaim faighte cheana féin ag údaráis chustaim maidir leis na hearraí atá le scriosadh, le tréigean leis an Stát, le hurghabháil, le coigistiú nó le forghéilleadh don Stát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, áireofar sna taifid tagairt do na sonraí sin nó don dearbhú custaim sin. Déanfar an dearbhú custaim nó na sonraí lena mbaineann a chur ó bhailíocht.

3.   Beidh costais na mbeart dá dtagraítear i mír 1 ar na daoine a leanas:

(a)

sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), an t-iompróir, an t-allmhaireoir, sealbhóir an nós imeachta idirthurais, sealbhóir na n-earraí nó an duine a choinnigh na hearraí siar ó mhaoirseacht chustaim;

(b)

sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (c) agus (d), an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir, sealbhóir an nós imeachta idirthurais nó sealbhóir na n-earraí;

(c)

sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), an duine a thréigeann na hearraí leis an Stát.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna inar féidir earraí a choigistiú a chinneadh.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta faoina ndíolfaidh agus faoina ndeonóidh na húdaráis chustaim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na hearraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 95

Earraí a scriosadh

1.   I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag na húdaráis chustaim chuige, féadfaidh siad a éileamh go scriosfar earraí ar ina leith a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil fógra maidir le hinfhaighteacht agus cuirfidh siad an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais agus sealbhóir na n-earraí ar an eolas faoi sin. Is é an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir, sealbhóir an nós imeachta idirthurais nó sealbhóir na n-earraí a íocfaidh costais an scriosta.

2.   I gcás ina measfaidh na húdaráis chustaim gur gá agus gur comhréireach déanamh amhlaidh, féadfaidh siad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, earraí nach ndearnadh aon fhógra maidir le hinfhaighteacht ina leith a sholáthar nó a chur ar fáil agus ar riosca iad do shláinte agus do shábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh a urghabháil, a scriosadh nó a fhágáil do-oibrithe ar shlí eile. Is é allmhaireoir, onnmhaireoir nó sealbhóir na n-earraí a iompróidh costas an bhirt sin.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an nós imeachta maidir le hearraí a scriosadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 96

Tréigean

1.   Féadfaidh an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir, sealbhóir an nós imeachta idirthurais nó sealbhóir na n-earraí, le réamhchead ó na húdaráis chustaim, earraí nach de chuid an Aontais iad agus earraí a cuireadh faoin nós imeachta úsáide deiridh a thréigean leis an Stát.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an nós imeachta maidir le hearraí a thréigean leis an Stát. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

TEIDEAL VI

EARRAÍ A THUGTAR ISTEACH I gCRÍOCH CUSTAIM AN AONTAIS

CAIBIDIL 1

Teacht isteach earraí

Airteagal 97

Réamhfhaisnéis lasta

1.   Ní thiocfaidh earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais mura ndéanfaidh iompróirí a thugann earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais an réamhfhaisnéis lasta maidir leis na hearraí sin a sholáthar nó a chur ar fáil d’oifig custaim ionchasach na céadiontrála laistigh de theorainneacha ama sonracha.

2.   I gcás nach mbeidh aon réamhfhaisnéis lasta soláthartha nó curtha ar fáil i gcomhréir le mír 1, déanfar an réamhfhaisnéis lasta a sholáthar nó a chur ar fáil don oifig custaim iarbhír na céadiontrála ar a dhéanaí ar theacht don mhodh iompair a úsáidtear chun na hearraí a iompar.

3.   Áireofar sa réamhfhaisnéis lasta, ar a laghad, céannacht an allmhaireora atá freagrach as na hearraí, an tagairt uathúil don choinsíneacht, céannacht an choinsíneora, céannacht an choinsíní, tuairisc ar na hearraí, an t-aicmiú taraife, luach, ceann scríbe deiridh na n-earraí má tá siad ar fáil, na sonraí maidir leis an mbealach agus cineál agus sainaithint an mhodha iompair a úsáidtear chun na hearraí a thabhairt agus an costas iompair.

4.   Féadfaidh an t-allmhaireoir cuid den réamhfhaisnéis lasta a éilítear a sholáthar nó a chur ar fáil don oifig custaim ábhartha laistigh de na teorainneacha ama sonracha.

5.   I gcás ina mbeidh cuid den réamhfhaisnéis lasta is gá soláthartha nó curtha ar fáil cheana féin ag an allmhaireoir, nascfaidh an t-iompróir an réamhfhaisnéis lasta a sholáthraíonn sé nó a chuireann sé ar fáil leis an bhfaisnéis a sholáthair an t-allmhaireoir nó a chuir sé ar fáil cheana féin.

6.   Tabharfar fógra don allmhaireoir i gcás ina nascfaidh an t-iompróir an réamhfhaisnéis lasta a sholáthair sé nó a chuir sé ar fáil leis an gcuid den réamhfhaisnéis lasta arna soláthar nó arna cur ar fáil ag an allmhaireoir.

7.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, i gcás nach mbeidh an réamhfhaisnéis lasta ar fad dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ag an iompróir ná ag an allmhaireoir, féadfar a cheangal ar dhaoine eile a bhfuil an fhaisnéis sin ina seilbh acu í a sholáthar nó a chur ar fáil.

8.   Beidh na sonraí is gá chun go ndéanfaidh na húdaráis chustaim anailís riosca sa réamhfhaisnéis lasta.

9.   Duine a sholáthraíonn réamhfhaisnéis lasta nó a chuireann ar fáil í, féadfaidh sé infheictheacht a shonraí sainaitheantais agus a shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de a shrianadh do dhuine amháin nó níos mó a sholáthraíonn sonraí freisin nó a chuireann sonraí ar fáil, gan dochar d’úsáid na sonraí uile le haghaidh maoirseacht chustaim.

10.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid réamhfhaisnéis lasta a sholáthar nó a chur ar fáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás modh iompair agus na hearraí a iompraítear leis nach mbeidh ach ag imeacht trí uiscí teorann nó trí aerspás chríoch custaim an Aontais gan stopadh laistigh den chríoch sin;

(b)

earraí nach de chuid an Aontais iad a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus a iompraíodh ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais;

(c)

earraí de chuid an Aontais ar gá a stádas custaim a chruthú de bhun Airteagal 71(2) a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus a iompraíodh, ar bhealach díreach, gan stopadh, lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais;

(d)

earraí de chuid an Aontais a ghluaiseann gan athrú ar a stádas custaim i gcomhréir le hAirteagal 73(2) agus a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus a iompraíodh, ar bhealach díreach gan stopadh, lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais; agus

(e)

i gcásanna eile, i gcás ina bhfuil údar iomlán leis an neamhchur i bhfeidhm sin de bharr chineál na n-earraí nó an tráchta, nó i gcás ina gceanglaítear é le comhaontuithe idirnáisiúnta.

11.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 282, tríd an méid seo a leanas:

(a)

rialacha a leagan síos chun oifig custaim ionchasach na céadiontrála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh;

(b)

an réamhfhaisnéis lasta atá le soláthar nó le cur ar fáil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus na sonraí dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a shonrú, a n-áireofar inti faisnéis shonrach lena gcuirfear ar chumas na n-údarás custaim anailís riosca a dhéanamh ó thaobh shábháilteacht agus shlándáil na n-earraí de;

(c)

na teorainneacha ama sonracha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo a chinneadh;

(d)

na cásanna sonracha agus na daoine eile a chinneadh ar féidir a cheangal orthu an réamhfhaisnéis lasta a sholáthar nó a chur ar fáil, dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo;

(e)

na cásanna a shonrú ina dtugann an cineál earraí nó tráchta údar iomlán le neamhchur i bhfeidhm na hoibleagáide réamhfhaisnéis lasta a sholáthar nó a chur ar fáil, dá dtagraítear i mír 10, pointe (e), den Airteagal seo;

(f)

lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir leis an duine a sholáthraíonn nó a chuireann ardfhaisnéis lasta ar fáil srian a chur le hinfheictheacht na sonraí sainaitheantais nó na sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo.

12.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta chun an réamhfhaisnéis lasta dá dtagraítear i míreanna 1 go 8 den Airteagal seo a sholáthar, a chur ar fáil agus a fháil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

13.   I gcomhréir leis na dátaí a leagtar amach sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 38(6), pointe (b), agus go dtí an 28 Feabhra 2034, féadfar leanúint de na foirmiúlachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 12 den Airteagal seo agus in Airteagail 98 go 103 den Rialachán seo a chomhlíonadh i gcomhréir leis na rialacha agus na ceanglais sonraí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 is infheidhme maidir leis na córais leictreonacha a d’fhorbair na Ballstáit agus an Coimisiún de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Airteagal 98

Anailís riosca ar réamhfhaisnéis lasta

1.   Gan dochar do ghníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais a leagtar amach i dTeideal XII, áiritheoidh oifig custaim na céadiontrála, laistigh de theorainneacha ama sonracha, go ndéanfar anailís riosca. Is chun críoch sábháilteachta agus slándála go príomha a bheidh an anailís riosca sin agus déanfar í, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le hoifigí custaim eile agus, i gcás inar féidir, ar bhonn na réamhfhaisnéise lasta agus na faisnéise eile a sholáthrófar nó a chuirfear ar fáil trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh oifig custaim na céadiontrála na bearta is gá bunaithe ar thorthaí na hanailíse riosca sin.

2.   Féadfaidh oifig custaim na céadiontrála, i gcás inarb infheidhme i gcomhar le húdaráis chustaim na mBallstát eile atá páirteach sa phróiseas anailíse riosca, bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear:

(a)

ordú a thabhairt don duine a sholáthair nó a chuir ar fáil an réamhfhaisnéis lasta nach luchtófar ná nach n-iomprófar na hearraí agus, más duine seachas an duine a chuir na sonraí isteach an t-iompróir, treoir a thabhairt don iompróir ar an gcaoi chéanna nach bhfuil na hearraí le luchtú ná le hiompar;

(b)

faisnéis nó gníomhaíocht bhreise a iarraidh;

(c)

cásanna a shainaithint ina bhféadfadh gníomhaíocht údaráis eile a bheith iomchuí;

(d)

an áit a mholadh arb é is iomchuí chun rialú custaim a dhéanamh agus na bearta a mholadh don rialú sin.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na teorainneacha ama sonracha a chinneadh faoina bhfuil an anailís riosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le bheith déanta.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir leis na bearta maolaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

5.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, déanfar an anailís riosca dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar an dearbhú iontrála achomair.

Airteagal 99

Leasú ar réamhfhaisnéis lasta

1.   Leasóidh an t-allmhaireoir, an t-iompróir nó na daoine eile dá dtagraítear in Airteagal 97 mír sonraí amháin nó níos mó sa réamhfhaisnéis lasta sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a fhaigheann an t-allmhaireoir, an t-iompróir nó an duine eile lena mbaineann amach gur athraíodh an fhaisnéis ábhartha ina thaifid nó go bhfuil an fhaisnéis mícheart; nó

(b)

iarrann údarás custaim ar an allmhaireoir, ar an iompróir nó ar an duine eile lena mbaineann é sin a dhéanamh mar gheall ar mhíchruinneas nó neamhiomláine na sonraí nó mar gheall ar shaincheisteanna maidir le cáilíocht na sonraí, go háirithe nuair a shainaithnítear iad mar thoradh ar an anailís riosca a rinneadh.

2.   Ní leasóidh an t-allmhaireoir, an t-iompróir ná na daoine eile dá dtagraítear in Airteagal 97 an réamhfhaisnéis lasta sna cásanna seo a leanas:

(a)

gur thug na húdaráis chustaim treoir don duine a sholáthair an réamhfhaisnéis lasta nó a chuir ar fáil í agus don iompróir, murab ionann é agus an duine sin, nach luchtófar ná nach n-iomprófar na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 98(2), pointe (a);

(b)

gur chuir na húdaráis chustaim in iúl don iompróir nó do dhaoine eile go bhfuil sé beartaithe ag na húdaráis chustaim na hearraí a scrúdú;

(c)

gur dhearbhaigh na húdaráis chustaim go bhfuil an réamhfhaisnéis lasta mícheart;

(d)

cuireadh na sonraí sa réamhfhaisnéis lasta san áireamh sa liosta sonraí nach féidir a leasú.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí a chinneadh sa réamhfhaisnéis lasta nach féidir a leasú, dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta chun an réamhfhaisnéis lasta a leasú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 100

Réamhfhaisnéis lasta a chur ó bhailíocht

1.   I gcás ina bhfaighidh an t-iompróir nó daoine eile a sholáthraíonn nó a chuireann an réamhfhaisnéis lasta ar fáil amach nach dtabharfar earraí a chumhdaítear leis an réamhfhaisnéis lasta sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais, cuirfidh sé iarraidh faoi bhráid an údaráis chustaim a luaithe is féidir chun an réamhfhaisnéis lasta a chur ó bhailíocht.

Mura dtabharfar earraí a chumhdaítear leis an réamhfhaisnéis lasta isteach i gcríoch chustaim an Aontais laistigh de 200 lá ón dáta a soláthraíodh an réamhfhaisnéis lasta nó a cuireadh ar fáil í, cuirfidh na húdaráis chustaim an réamhfhaisnéis lasta sin ó bhailíocht.

2.   Daoine a sholáthraíonn an réamhfhaisnéis lasta nó a chuireann ar fáil í agus an t-allmhaireoir a sholáthraíonn nó a chuireann faisnéis ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais, cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi chur ó bhailíocht na faisnéise a sholáthair siad nó a chuir siad ar fáil.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta chun an réamhfhaisnéis lasta a chur ó bhailíocht i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 101

Fógra faoi theacht i ndáil le teacht isteach modhanna iompair agus earraí

1.   Tabharfaidh an t-iompróir fógra d’oifig custaim iarbhír na chéad iontrála maidir le teacht an mhodha iompair lena dtugtar earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais ar theacht isteach dó.

2.   Tabharfaidh an t-iompróir fógra don oifig custaim atá freagrach as an gcalafort nó as an aerfort ina ndíluchtófar nó ina dtrasloingseofar na hearraí go dtiocfaidh na hearraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer nuair a shroichfidh an modh iompair lena dtabharfar na hearraí sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais an calafort sin nó an t-aerfort sin.

3.   Tabharfaidh an t-iompróir fógra d’oifig custaim na chéad iontrála maidir le teacht earraí a thabharfar isteach i gcríoch chustaim an Aontais de bhóthar, d’iarnród nó ar uiscebhealaí intíre nuair a thiocfaidh an modh iompair lena dtabharfar na hearraí sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais i dtír ag an oifig custaim sin.

4.   Nascfaidh an t-iompróir an fógra faoi theacht na n-earraí leis an réamhfhaisnéis lasta a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil faoi na hearraí sin.

5.   D’ainneoin oibleagáidí an iompróra dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh aon duine de na daoine seo a leanas fógra a thabhairt faoi theacht na n-earraí, ag an bpointe ama dá dtagraítear sna míreanna sin:

(a)

an duine a bhfuil an duine a thug na hearraí isteach sa chríoch sin ag gníomhú ina ainm nó thar a cheann;

(b)

an duine a ghlac freagracht as na hearraí a iompar tar éis dóibh a bheith tugtha isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(c)

aon duine a chuireann na hearraí láithreach faoi nós imeachta custaim; nó

(d)

sealbhóir údaraithe chun saoráid stórála sealadaí a oibriú nó aon duine a dhéanann gníomhaíocht i saorchrios.

6.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, i gcás nach féidir na sonraí uile sa réamhfhaisnéis lasta dá dtagraítear in Airteagal 97(8) maidir leis na hearraí a fháil ón iompróir, ó iompróir ina dhiaidh sin, nó ó dhaoine eile, ag a bhfuil na sonraí sin agus na cearta iomchuí chun iad a sholáthar, féadfar a cheangal orthu fógra a thabhairt d’oifig custaim iarbhír na céadiontrála faoi theacht na n-earraí.

7.   Faoi réir fhormheas an údaráis custaim, féadfar an fógra faoi theacht an mhodha iompair agus na n-earraí a sholáthar nó a chur ar fáil do na húdaráis chustaim ar mhodhanna eile seachas Mol Sonraí Custaim an Aontais, amhail córais faisnéise tráchtála, calafoirt nó iompair, ar choinníoll go bhfuil na sonraí is gá le haghaidh an fhógra siúd sna córais sin agus go bhfuil na sonraí sin ar fáil an tráth dá dtagraítear i míreanna 1, 2 nó 3, de réir mar is iomchuí. Sna cásanna sin, déanfar na sonraí a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil ar na modhanna eile sin a aistriú chuig Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh.

8.   De mhaolú ar mhír 2, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt faoi theacht na n-earraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéanfar, ar theacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais dóibh, earraí a dhíluchtú agus a athluchtú ar an modh iompair céanna le linn a dturais chun gur féidir earraí eile a dhíluchtú nó a luchtú ag an gcalafort céanna nó ag an aerfort céanna de chuid an Aontais, agus chuige sin amháin;

(b)

i gcásanna ina dtabharfar earraí de chuid an Aontais isteach i gcríoch chustaim an Aontais, earraí a ghluaiseann gan aon athrú ar a stádas custaim i gcomhréir le hAirteagal 73(2), tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a n-iompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

9.   Ní dhíluchtóidh an t-iompróir, i gcríoch chustaim an Aontais, earraí nár soláthraíodh an réamhfhaisnéis lasta dá dtagraítear in Airteagal 97(8) ina leith ná nár cuireadh ar fáil do na húdaráis chustaim í, mura rud é gur iarr na húdaráis chustaim ar an iompróir na hearraí sin a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 103.

10.   De mhaolú ar mhír 9, i gcás garchontúirt a bheith ann gur gá na hearraí uile nó cuid díobh a dhíluchtú láithreach, féadfaidh na húdaráis chustaim a cheadú don iompróir na hearraí a dhíluchtú.

11.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna sonracha dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus na daoine eile dá dtagraítear sa mhír sin a chinneadh a bhféadfaí a cheangal orthu fógra a thabhairt d’oifig custaim iarbhír na céadiontrála faoi theacht na n-earraí.

12.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta maidir leis an bhfógra teachta dá dtagraítear san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

13.   I gcomhréir leis na dátaí a leagtar amach sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 38(6), pointe (b), agus go dtí an 28 Feabhra 2034 ar a dhéanaí, féadfar leanúint d’fhógra teachta dá dtagraítear san Airteagal seo a chur isteach, agus féadfar leanúint de thíolacadh fisiciúil earraí dá dtagraítear in Airteagal 103(1) den Rialachán seo a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha agus na ceanglais sonraí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 is infheidhme maidir leis na córais leictreonacha a d'fhorbair na Ballstáit i gcomhar leis an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Airteagal 102

Iompar go dtí an t-ionad cuí

1.   An t-iompróir a thabharfaidh earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, iompróidh sé iad gan mhoill, ar an gconair a shonróidh na húdaráis chustaim agus i gcomhréir lena dtreoracha, más ann, go dtí oifig custaim a ainmneoidh a húdaráis chustaim nó go dtí aon ionad eile a ainmneoidh nó a cheadóidh na húdaráis sin, nó isteach i saorchrios.

2.   Earraí a thabharfar isteach i saorchrios, tabharfar isteach go díreach sa saorchrios sin iad, ar muir nó san aer nó, más ar tír, gan dul trí aon chuid eile de chríoch chustaim an Aontais, i gcás ina bhfuil an saorchrios ag síneadh leis an teorainn talún idir Ballstát agus tríú tír.

3.   I gcás nach féidir leis na hiompróirí, de bharr imthosca nárbh fhéidir a thuar nó force majeure, an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh, cuirfidh siad na húdaráis chustaim ar an eolas gan mhoill faoin gcás agus faoi shuíomh beacht na n-earraí.

4.   Cinnfidh na húdaráis chustaim na bearta a bheidh le déanamh chun maoirseacht chustaim a cheadú ar na hearraí dá dtagraítear i mír 1, nó ar an soitheach nó ar an aerárthach agus ar aon earraí a bheidh iontu sna cúinsí a shonraítear i mír 3, agus chun a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go dtabharfar na hearraí ina dhiaidh sin chuig oifig custaim a ainmneoidh na húdaráis chustaim nó chuig ionad eile a ainmneoidh nó a cheadóidh na húdaráis sin, nó isteach i saorchrios.

5.   Féadfaidh na húdaráis chustaim earraí atá fós lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais a chur faoi réir rialuithe custaim, mar thoradh ar chomhaontú a tugadh i gcrích leis an tríú tír ábhartha. Déileálfaidh na húdaráis chustaim leis na hearraí sin ar an mbealach céanna a chaithfí le hearraí a thabharfaí isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 3, féadfaidh feidhm a bheith ag rialacha speisialta maidir le hearraí a iompraítear laistigh de chriosanna teorann nó i bpíblínte agus sreanga, maidir le trácht ar beag a thábhacht eacnamaíoch nó maidir le hearraí a iompraíonn taistealaithe, ar choinníoll nach gcuirfear na féidearthachtaí maoirseachta custaim agus rialaithe custaim i mbaol mar thoradh air sin.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le modhanna iompair, ná maidir leis na hearraí a iompraítear orthu, nach dtéann ach trí uiscí teorann nó trí aerspás chríoch chustaim an Aontais gan stopadh laistigh den chríoch sin.

Airteagal 103

Earraí a thíolacadh go fisiciúil do lucht custaim

1.   I gcás ina n-éileoidh na húdaráis chustaim nó an reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm é, déanfaidh an t-iompróir nó sealbhóir na n-earraí na hearraí a tugadh isteach i gcríoch chustaim an Aontais a thíolacadh go fisiceach do lucht custaim ar theacht dóibh chuig an oifig custaim a ainmneoidh na húdaráis chustaim nó chuig aon áit eile a ainmneoidh nó a cheadóidh na húdaráis sin, nó isteach sa saorchrios.

2.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra don iompróir nó do shealbhóir na n-earraí maidir leis an oibleagáid na hearraí sin a thíolacadh go fisiciúil do chustam.

3.   Ní aistreofar earraí a tíolacadh go fisiciúil do lucht custaim ón áit ar tíolacadh iad gan cead ó na húdaráis chustaim.

4.   Déanfar an oibleagáid earraí a chur i láthair go fisiceach do chustam a tharscaoileadh i gcás earraí de chuid an Aontais a ghluaiseann gan a stádas custaim a athrú i gcomhréir le hAirteagal 73(2) agus a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus a iompraíodh ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis na háiteanna seachas an oifig custaim ainmnithe a ainmniú agus a fhormheas, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an nós imeachta maidir le hearraí a thíolacadh go fisiciúil do lucht custaim i gcomhréir leis an Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 104

Earraí a stóráil go sealadach

1.   Beidh earraí nach de chuid an Aontais iad i stóráil shealadach ón uair a thabharfaidh an duine dá dtagraítear in Airteagal 101 fógra faoi theacht na n-earraí sin i gcríoch chustaim an Aontais i gcomhréir leis an Airteagal sin go dtí go gcuirfear faoi nós imeachta custaim iad nó go dtabharfar amach as críoch chustaim an Aontais iad, nó go dtí go dtabharfaidh na húdaráis chustaim staid na n-earraí chun rialtachta i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

2.   Earraí nach de chuid an Aontais iad a aistrítear faoi nós imeachta idirthurais, beidh siad i stóráil shealadach tar éis deireadh a bheith curtha leis an nós imeachta idirthurais go dtí go gcuirfear faoi nós imeachta custaim eile iad nó go dtabharfar amach as críoch chustaim an Aontais iad, nó go dtí go dtabharfaidh na húdaráis chustaim staid na n-earraí chun rialtachta i gcomhréir le mír 7.

3.   Déanfar earraí nach de chuid an Aontais iad atá á stóráil go sealadach a stóráil i saoráidí stórála sealadaí atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 108 nó, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, in áiteanna eile atá ainmnithe nó formheasta ag na húdaráis chustaim, lena n-áirítear áiteanna arna gcur in iúl ag trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’.

4.   Beidh sealbhóir an údaraithe maidir le saoráid stórála sealadaí a oibriú dá dtagraítear in Airteagal 108, nó an duine a stórálann na hearraí i gcásanna ina stóráiltear na hearraí in áiteanna eile atá ainmnithe nó formheasta ag na húdaráis chustaim, freagrach as na hoibleagáidí a eascraíonn as stóráil earraí i stóráil shealadach a chomhlíonadh, lena n-áirítear an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

nach n-aistreofar ó mhaoirseacht chustaim iad; agus

(b)

nach bhfuil siad faoi réir ach cineálacha láimhseála lena n-áirithítear a gcaomhnú gan iad a athrú ná a gcuma nó a saintréithe teicniúla a mhodhnú.

5.   Mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, earraí nach de chuid an Aontais iad agus atá á stóráil go sealadach, cuirfear faoi nós imeachta custaim iad nó tabharfar amach as críoch chustaim an Aontais iad laistigh de 90 lá ó thús na stórála sealadaí. I gcásanna eisceachtúla a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, féadfaidh údaráis chustaim síneadh a chur leis an teorainn ama sin.

6.   Earraí nach de chuid an Aontais iad atá á stóráil go sealadach in áiteanna arna n-ainmniú nó arna bhformheas ag na húdaráis chustaim, lena n-áirítear áiteanna arna sonrú ag trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, cuirfear faoi nós imeachta custaim iad nó ath-onnmhaireofar iad laistigh de theorainn ama shonrach.

7.   I gcás, a bhfuil údar cuí leis an gcúis, nach féidir earraí a choinneáil ar bun á stóráil go sealadach, glacfaidh na húdaráis chustaim gan mhoill na bearta uile is gá chun staid na n-earraí a thabhairt chun rialtachta i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal V.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis na háiteanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ainmniú nó a fhormheas, an teorainn ama dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus na cásanna eisceachtúla inar féidir síneadh a chur leis an teorainn ama dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

9.   I gcomhréir leis na dátaí a leagtar amach sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 38(6), pointe (b), agus go dtí an 28 Feabhra 2034 ar a dhéanaí, cuirfear dearbhú stórála sealadaí isteach i gcomhréir leis na rialacha agus na ceanglais sonraí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Airteagal 105

Faisnéis a stóráil go sealadach

1.   Maidir le hearraí nach de chuid an Aontais iad ar soláthraíodh fógra ina leith maidir le teacht na n-earraí don údarás custaim nó ar cuireadh an fógra sin ar fáil dó, cumhdófar iad le faisnéis stórála sealadaí ina mbeidh na sonraí go léir is gá chun na forálacha lena rialaítear stóráil shealadach a chur i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh an duine dá dtagraítear in Airteagal 101, sealbhóir an údaraithe le haghaidh saoráid stórála sealadaí a oibriú nó duine eile ar sealbhóir na n-earraí é an fhaisnéis maidir le stóráil shealadach a sholáthar nó a chur ar fáil, ar a dhéanaí tráth a thabharfar na hearraí chuig an tsaoráid stórála sealadaí nó chuig áiteanna eile arna n-ainmniú nó arna bhformheas ag na húdaráis chustaim.

3.   Mura bhforáiltear a mhalairt, ní éileoidh na húdaráis chustaim go soláthrófar ná go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis stórála sealadaí i gcás:

(a)

ina gcinnfear stádas custaim na n-earraí sin mar earraí de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 71, ar a dhéanaí tráth a thabharfar fógra maidir le teacht na n-earraí i gcríoch chustaim an Aontais; nó

(b)

ina bhfuil na sonraí is gá le haghaidh an nós imeachta custaim nó le haghaidh an ath-onnmhairithe curtha ar fáil nó curtha ar fáil cheana féin do na húdaráis chustaim.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

sonrú breise a dhéanamh ar na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nach n-éileoidh na húdaráis chustaim go soláthrófaí nó go gcuirfí ar fáil faisnéis stórála sealadaí;

(b)

cinneadh a dhéanamh maidir leis na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim chun na forálacha lena rialaítear stóráil shealadach a chur i bhfeidhm.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta maidir leis an bhfaisnéis stórála sealadaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thaisceadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 106

Faisnéis stórála sealadaí a leasú

1.   Leasóidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 105(2) míreanna sonraí amháin nó níos mó san fhaisnéis stórála sealadaí:

(a)

i gcás ina bhfaighidh siad amach gur athraíodh an fhaisnéis ábhartha ina dtaifid; nó

(b)

i gcás ina n-iarrfaidh údarás custaim orthu é sin a dhéanamh mar gheall ar mhíchruinneas nó neamhiomláine na sonraí nó mar gheall ar shaincheisteanna maidir le cáilíocht na sonraí.

2.   Ní leasóidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 105(2) an fhaisnéis stórála sealadaí sna cásanna seo a leanas:

(a)

chuir na húdaráis chustaim in iúl do na daoine sin go bhfuil sé beartaithe acu na hearraí a scrúdú;

(b)

chuir na húdaráis chustaim in iúl do na daoine sin go bhfuil sé deimhnithe acu go bhfuil na sonraí a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil mícheart; nó

(c)

tugadh na hearraí amach as an tsaoráid stórála sealadaí, mura bhforáiltear a mhalairt.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna sonracha a chinneadh chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a leasú.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta chun leasú a dhéanamh, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ar an bhfaisnéis dá dtagraítear ann. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 107

Faisnéis stórála sealadaí a chur ó bhailíocht

1.   Má fhaigheann duine dá dtagraítear in Airteagal 105(2) amach nach dtabharfar earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, cuirfidh sé an fhaisnéis stórála sealadaí sin ó bhailíocht a luaithe is féidir.

Mura dtabharfar earraí ar soláthraíodh nó ar cuireadh ar fáil faisnéis stórála sealadaí ina leith isteach i gcríoch chustaim an Aontais laistigh de 30 lá ón dáta a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil an fhaisnéis sin, cuirfidh na húdaráis chustaim na sonraí sin ó bhailíocht.

Déanfar faisnéis stórála sealadaí a chur ó bhailíocht chomh maith i gcásanna eile a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna dá dtagraítear i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, ar cásanna iad ina bhfuil faisnéis stórála sealadaí le cur ó bhailíocht.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta maidir leis an bhfaisnéis stórála sealadaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ó bhailíocht. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 108

Údarú chun saoráidí stórála sealadaí a fheidhmiú

1.   Beidh gá le húdarú ó na húdaráis chustaim chun an tsaoráid stórála sealadaí a fheidhmiú. Ní bheidh an t-údarú sin ag teastáil i gcás ina mbeidh an tsaoráid stórála sealadaí á hoibriú ag an údarás custaim féin.

Leagfar amach san údarú sin na coinníollacha faoina gceadófar saoráid stórála sealadaí a oibriú.

2.   Ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ach do na daoine a leanas:

(a)

daoine atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais;

(b)

daoine a thugann an ráthaíocht is gá go ndéanfaidh siad na hoibríochtaí mar is ceart; agus

(c)

daoine a chuireann ráthaíocht ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 194.

I gcás ina gcuirfear ráthaíocht chuimsitheach ar fáil, déanfar faireachán, trí iniúchadh iomchuí, ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a ghabhann leis an ráthaíocht sin.

Measfar gur chomhlíon oibreoir eacnamaíoch údaraithe le haghaidh simplithe chustaim nó trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo má chuirtear san áireamh an ghníomhaíocht a bhaineann le hoibriú na saoráidí stórála sealadaí lena mbaineann san údarú dá dtagraítear in Airteagail 30 nó 31, faoi seach.

3.   Ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás ina mbeidh na húdaráis chustaim in ann maoirseacht chustaim a fheidhmiú gan iallach a bheith orthu socruithe riaracháin a thabhairt isteach a bheadh díréireach leis na riachtanais eacnamaíocha lena mbaineann.

4.   Coinneoidh sealbhóir an údaraithe dá dtagraítear i mír 1 taifid iomchuí i bhfoirm a fhormheasfaidh na húdaráis chustaim agus soláthróidh sé na taifid sin nó cuirfidh sé ar fáil iad i Mol Sonraí Custaim an Aontais.

Sna taifid sin beidh faisnéis agus sonraí a chuireann ar chumas na n-údarás custaim maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na saoráidí stórála sealadaí, go háirithe i dtaca le sainaithint na n-earraí a dhéanfar a stóráil, a stádas custaim agus a ngluaiseachtaí.

5.   Measfar go gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch údaraithe le haghaidh simplithe chustaim nó trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ an oibleagáid a leagtar síos i mír 4 más iomchuí a thaifid chun na saoráidí stórála sealadaí a oibriú.

6.   Féadfaidh na húdaráis chustaim sealbhóir an údaraithe dá dtagraítear i mír 1 a údarú chun earraí atá á stóráil go sealadach a aistriú idir saoráidí stórála sealadaí éagsúla, ar choinníoll nach méadófar an riosca calaoise leis na gluaiseachtaí sin, i gcás na gcineálacha gluaiseachtaí seo a leanas:

(a)

gluaiseacht a tharlaíonn faoi choimirce údaráis chustaim amháin;

(b)

gluaiseacht nach gcumhdaítear ach le haon údarú amháin a eisítear d’oibreoir eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ nó do thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’; nó

(c)

cásanna gluaiseachta eile a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim.

7.   I gcás ina mbeidh riachtanas eacnamaíoch ann agus nach ndéanfar dochar do mhaoirseacht chustaim, féadfaidh na húdaráis chustaim a údarú go ndéanfaí earraí de chuid an Aontais a stóráil i saoráid stórála sealadaí. Ní mheasfar na hearraí sin mar earraí atá á stóráil go sealadach.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú chun saoráidí stórála sealadaí a oibriú;

(b)

an cineál faisnéise agus sonraí atá le bheith sna taifid atá le soláthar nó le cur ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais, dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;

(c)

na cásanna eile maidir le gluaiseacht earraí i stóráil shealadach dá dtagraítear i mír 6, pointe (c), den Airteagal seo agus na coinníollacha gaolmhara.

9.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta maidir le gluaiseacht earraí idir saoráidí stórála sealadaí i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 2

Scaoileadh i saorchúrsaíocht

Airteagal 109

Raon feidhme agus éifeacht

1.   Earraí nach de chuid an Aontais iad a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais nó a bheartaítear d’úsáid phríobháideach nó do thomhailt phríobháideach i gcríoch custaim an Aontais, cuirfear faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht iad.

2.   Earraí nach de chuid an Aontais iad a scaoilfear i saorchúrsaíocht, bronnfar stádas custaim earraí de chuid an Aontais orthu.

3.   Is iad seo a leanas na coinníollacha maidir le hearraí a chur faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht:

(a)

beidh na sonraí is gá soláthartha nó curtha ar fáil do na húdaráis chustaim, agus ní mór a áirithiú ar na sonraí sin, ar a laghad, céannacht an allmhaireora atá freagrach as na hearraí, an díoltóir, an ceannaitheoir, an monaróir, soláthróir an táirge i gcás ina bhfuil sé sin difriúil leis an monaróir, agus an oibreora eacnamaíoch fhreagraigh san Aontas de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2023/988, luach, tionscnamh, agus rangú taraife na n-earraí, chomh maith le tuairisc ar na hearraí, tagairt uathúil na coinsíneachta agus a suíomh, agus an liosta de reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm;

(b)

i gcás earraí arna n-allmhairiú ag allmhaireoir le haghaidh ciandíola a roghnaigh scéim IIFA a úsáid, áireofar sna sonraí is gá, sa bhreis orthu sin dá dtagraítear i bpointe (a), an fhaisnéis a leagtar amach i dtaifid na n-idirbheart a chumhdaítear leis an scéim IIFA, arna gcoinneáil ag an duine inchánach, i gcomhréir le hAirteagal 369x(1) de Threoir 2006/112/CE;

(c)

íocadh nó ráthaíodh aon dleacht ar allmhairí nó aon mhuirear eile atá dlite, lena n-áirítear dleachtanna frithdhumpála, dleachtanna frithchúitimh nó bearta coimirce, íoctha nó ráthaithe, mura bhfuil na hearraí faoi réir iarratais ar tharraingt i ndáil le cuóta taraife;

(d)

tá na hearraí tagtha ag an áit scaoilte i gcríoch chustaim an Aontais; agus

(e)

comhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim maidir le hearraí a chur faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), den Airteagal seo a chinneadh tuilleadh nó trí fhoráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar an bpointe sin a bhfuil údar leo i gcás an chineáil tráchta lena mbaineann.

Airteagal 110

Bearta beartais tráchtála maidir le próiseáil isteach agus próiseáil amach a chur i bhfeidhm

1.   I gcás ina scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta táirgí próiseáilte a fhaightear faoi phróiseáil isteach agus go ndéantar ríomh mhéid an dleachta ar allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 192(3), is iad na bearta beartais tráchtála a bheidh le cur i bhfeidhm iad siúd is infheidhme maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta na n-earraí a cuireadh faoi phróiseáil isteach.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le dramhaíl agus fuíoll.

3.   I gcás ina scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta táirgí próiseáilte a fhaightear faoin bpróiseáil isteach agus go ndéantar méid an dleachta ar allmhairiú a ríomh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 191(1), ní chuirfear na bearta beartais tráchtála i bhfeidhm ach amháin i gcás ina mbíonn na hearraí sin arna gcur faoin bpróiseáil isteach faoi réir na bearta siúd.

4.   Ní bheidh feidhm ag bearta beartais tráchtála maidir le táirgí próiseáilte a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta tar éis próiseáil amach i gceann ar bith de na cásanna seo a leanas:

(a)

coinníonn na táirgí próiseáilte a dtionscnamh Aontais de réir bhrí Airteagal 169;

(b)

baineann deisiú leis an bpróiseáil amach, lena n-áirítear an córas malartaithe caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 164; nó

(c)

tarlaíonn an phróiseáil amach tar éis tuilleadh oibríochtaí próiseála arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 160.

CAIBIDIL 3

Faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí

Airteagal 111

Earraí a thugtar ar ais

1.   Ar iarratas ón duine lena mbaineann, tabharfar faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí d'earraí nach de chuid an Aontais iad a onnmhairíodh i gcéaduair mar earraí de chuid an Aontais ó chríoch custaim an Aontais agus a thugtar ar ais go dtí an chríoch sin laistigh de thréimhse 3 bliana agus a chuirtear faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír fiú mura bhfuil i gceist leis na hearraí arna dtabhairt ar ais ach cuid de na hearraí arna n-onnmhairiú roimhe sin ó chríoch custaim an Aontais.

2.   Féadfar dul thar an tréimhse 3 bliana dá dtagraítear i mír 1 chun imthosca speisialta a chur san áireamh.

3.   Na hearraí a tugadh ar ais, i gcás inar scaoileadh i saorchúrsaíocht saor ó dhleacht iad, nó ag ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí mar gheall ar úsáid deiridh shonrach, sular onnmhairíodh iad ó chríoch custaim an Aontais, ní thabharfar faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí faoi mhír 1 ach amháin más le haghaidh na húsáide deiridh céanna atá na hearraí sin le scaoileadh i saorchúrsaíocht.

I gcás nach ionann níos mó an úsáid deiridh a bhfuil na hearraí le scaoileadh i saorchúrsaíocht di, bainfear de mhéid na dleachta ar allmhairí an méid a bailíodh ar na hearraí nuair a scaoileadh i saorchúrsaíocht iad den chéad uair. Más mó é an méid a bailíodh den chéaduair ná an méid a toibhíodh nuair a scaoileadh na hearraí i saorchúrsaíocht nuair a thugtar ar ais iad, ní dheonófar aon aisíocaíocht.

4.   I gcás ina mbeidh a stádas custaim caillte ag earraí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 72 agus ina scaoilfear i saorchúrsaíocht iad ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo.

5.   Ní dheonófar an faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí faoi mhír 1 ach amháin má thugtar earraí ar ais sa riocht inar onnmhairíodh iad.

6.   Beidh faisnéis ann lena suífear go bhfuil na coinníollacha i gcomhair an fhaoisimh sin á gcomhlíonadh chun tacú le faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí faoi mhír 1.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna a chinneadh ina meastar gur tugadh na hearraí ar ais agus iad sa riocht céanna ina raibh siad nuair a onnmhairíodh iad, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta maidir le soláthar na faisnéise dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 112

Earraí a cuireadh roimhe sin faoin nós imeachta próiseála isteach

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 111(1), (2), (5) agus (6) maidir le táirgí próiseáilte a ath-onnmhairíodh i dtosach ó chríoch chustaim an Aontais tar éis nós imeachta próiseála isteach, ar choinníoll go mbailítear, mar thoradh ar na táirgí próiseáilte sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht, an dleacht ar allmhairí atá dlite i leith na n-earraí a cuireadh faoin gcéad nós imeachta próiseála isteach.

2.   Má chuirtear na táirgí próiseáilte dá dtagraítear i mír 1 faoi nós imeachta próiseála isteach ina dhiaidh sin, agus má scaoiltear i saorchúrsaíocht táirgí próiseáilte seachas na táirgí a fuarthas faoin bpróiseáil isteach roimhe sin, baileofar an dleacht ar allmhairí i gcás na n-earraí dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cinnfear méid na dleachta ar allmhairí ar na hearraí a chumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 192(3).

4.   Ní dheonófar an faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí dá bhforáiltear in Airteagal 111 do tháirgí próiseáilte a onnmhairíodh i gcomhréir le hAirteagal 133(2), pointe (c), ach amháin i gcás ina n-áirithítear nach gcuirfear aon earraí a cuireadh in ionad earraí coibhéiseacha faoin nós imeachta próiseála isteach.

Airteagal 113

Táirgí iascaireachta mara agus táirgí eile a thógtar as an bhfarraige

1.   Gan dochar d’Airteagal 169(1), deonófar faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí do na táirgí a leanas nuair a scaoilfear i saorchúrsaíocht iad:

(a)

táirgí iascaireachta mara agus táirgí eile a thógtar as farraige theorann tríú tír ag soithí atá cláraithe nó taifeadta go heisiach i mBallstát agus a bhfuil bratach an Stáit sin ar foluain orthu;

(b)

táirgí a fhaightear ó tháirgí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar bord longa próiseála a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa phointe sin.

2.   Beidh tacaíocht ó fhianaise ag teastáil i gcás an fhaoisimh ó dhleachtanna dá dtagraítear i mír 1 ar allmhairí go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin á gcomhlíonadh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta chun an fhianaise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a sholáthar. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

TEIDEAL VII

EARRAÍ A THUGTAR AMACH AS CRÍOCH CUSTAIM AN AONTAIS

CAIBIDIL 1

Onnmhairiú agus ath-onnmhairiú

Airteagal 114

Onnmhairiú

1.   Earraí de chuid Aontais a bheidh le tabhairt amach as críoch custaim an Aontais, cuirfear iad faoin nós imeachta onnmhairithe.

2.   An méid seo a leanas a bheidh sna coinníollacha maidir le hearraí a chur faoin nós imeachta onnmhairithe:

(a)

soláthraíodh nó cuireadh ar fáil do na húdaráis chustaim na sonraí is gá;

(b)

íocadh nó ráthaíodh aon dleacht ar onnmhairí nó aon mhuirear eile atá dlite; agus

(c)

comhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

3.   Earraí a bheidh le tabhairt amach as críoch custaim an Aontais, beidh siad faoi réir na nithe a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)

dleacht ar allmhairí a aisíoc nó a loghadh;

(b)

na foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoi fhorálacha is infheidhme maidir le muirir eile;

(c)

na rialacha nós imeachta maidir le honnmhairiú agus imeacht.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na hearraí seo a leanas de chuid an Aontais:

(a)

earraí a chuirtear faoin nós imeachta próiseála amach;

(b)

earraí a thugtar amach as críoch chustaim an Aontais tar dóibh a bheith curtha faoin nós imeachta úsáide deiridh;

(c)

earraí a sheachadtar, agus a dhíolmhaítear ó CBL nó ó dhleacht máil nó atá faoi réir CBL nialasach nó dleacht mháil nialasach, mar sholáthairtí aerárthach nó long, gan beann ar cheann scríbe an aerárthaigh nó na loinge, agus a bhfuil cruthúnas ag teastáil maidir leis an soláthar sin;

(d)

earraí a chuirtear faoin nós imeachta idirthurais inmheánaigh;

(e)

earraí a aistrítear go sealadach amach as críoch custaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 73.

5.   Beidh feidhm ag na foirmiúlachtaí custaim is infheidhme maidir leis an nós imeachta onnmhairiúcháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) agus (b), agus i mír 4, pointe (c), gan beann ar cheann scríbe an aerárthaigh nó na loinge.

6.   Earraí a sheoltar chuig Heligoland, ní mheasfar iad a bheith onnmhairithe ó chríoch chustaim an Aontais.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chinneadh a dhéanamh maidir leis na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim chun earraí a chur faoin nós imeachta onnmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha nós imeachta maidir le honnmhairiú agus imeacht dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 115

Faoiseamh ó dhleacht onnmhairithe i leith earraí de chuid Aontais a onnmhairíodh go sealadach

Gan dochar d’Airteagal 161, tairbheoidh earraí de chuid Aontais a onnmhairítear go sealadach ó chríoch chustaim an Aontais d’fhaoiseamh ó dhleacht ar onnmhairí, má dhéantar iad a ath-allmhairiú.

Airteagal 116

Ath-onnmhairiú

1.   Déanfar earraí nach de chuid an Aontais iad atá le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais a ath-onnmhairiú ar choinníoll gur soláthraíodh nó gur cuireadh ar fáil na sonraí ábhartha ath-onnmhairithe agus go gcomhlíonfaidh na hearraí a bheartaítear a ath-onnmhairiú an reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm i ndáil le hearraí nach de chuid an Aontais iad.

2.   Áireofar ar na sonraí ath-onnmhairithe, i gcás inarb infheidhme, na sonraí is gá chun an nós imeachta custaim a bhí ann roimhe sin a urscaoileadh nó chun deireadh a chur leis an stóráil shealadach.

3.   Beidh feidhm ag Airteagail 74 go 80 agus ag Airteagal 123 maidir le hath-onnmhairiú.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

maidir le hearraí nach de chuid an Aontais iad a chuirtear faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh agus nach dtéann ach trí chríoch chustaim an Aontais;

(b)

i gcás ina ndéanfar earraí nach de chuid an Aontais iad atá le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais a dhíluchtú agus a athluchtú sa mhodh iompair céanna le linn a aistir chun gur féidir earraí eile a dhíluchtú nó a luchtú ag an gcalafort céanna nó ag an aerfort céanna.

5.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, féadfar sonraí ath-onnmhairithe a chur ar fáil sna doiciméid a leanas:

(a)

dearbhú ath-onnmhairiúcháin; nó

(b)

fógra ath-onnmhairithe, i gcás ina ndéantar earraí a thrasloingsiú laistigh de shaorchrios nó do shaoráid stórála sealadaí nó ina ndéantar iad a ath-onnmhairiú go díreach ó shaorchrios nó ó shaoráid stórála sealadaí.

6.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, beidh feidhm ag Airteagal 81 go hAirteagal 93 maidir leis an dearbhú ath-onnmhairithe agus leis an bhfógra ath-onnmhairithe.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna a chinneadh ina bhfuil fógra ath-onnmhairithe le taisceadh agus na cásanna inar féidir é a leasú nó a chur ó bhailíocht.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta maidir le fógra ath-onnmhairithe a thaisceadh, a leasú nó a chur ó bhailíocht. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 2

Imeacht earraí

Airteagal 117

Faisnéis réamhimeachta

1.   Déanfaidh iompróirí a thabharfaidh earraí amach as críoch chustaim an Aontais íosfhaisnéis réamhimeachta maidir leis na hearraí sin a sholáthar nó a chur ar fáil don údarás custaim inniúil laistigh de theorainneacha ama sonracha agus ar a dhéanaí ar fhógra a thabhairt maidir le teacht na n-earraí ag an bpointe imeachta.

2.   Beidh san fhaisnéis réamhimeachta na sonraí is gá chun gur féidir leis na húdaráis chustaim anailís riosca a dhéanamh go príomha chun críoch sábháilteachta agus slándála.

3.   Féadfaidh an t-onnmhaireoir cuid den fhaisnéis réamhimeachta nó an fhaisnéis uile a sholáthar nó a chur ar fáil don údarás custaim inniúil.

4.   I gcás inar sholáthair nó inar chuir an t-onnmhaireoir cuid den fhaisnéis réamhimeachta is gá ar fáil cheana féin, nascfaidh an t-iompróir an chuid den fhaisnéis réamhimeachta is gá a sholáthraíonn sé nó a chuireann sé ar fáil leis an bhfaisnéis a sholáthair nó a chuir an t-onnmhaireoir ar fáil cheana féin.

5.   I gcás ina bhfuil an fhaisnéis réamhimeachta uile is gá soláthartha nó curtha ar fáil ag an onnmhaireoir cheana féin, ní sholáthróidh an t-iompróir faisnéis réamhimeachta bhreise, ná ní chuirfidh sé ar fáil í, ach amháin i gcás inarb eol dó go bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil roimhe sin mícheart.

6.   Tabharfar fógra don onnmhaireoir i gcás ina nascfaidh iompróir an fhaisnéis réamhimeachta a sholáthair sé nó a chuir sé ar fáil leis an gcuid den fhaisnéis réamhimeachta a chuir an t-onnmhaireoir ar fáil nó a chuir sé ar fáil.

7.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, i gcás nach ndearna an t-iompróir nó an t-onnmhaireoir an fhaisnéis réamhimeachta uile dá dtagraítear i míreanna 3 agus 5 a sholáthar ná a chur ar fáil, féadfar a cheangal a cheangal ar dhaoine eile a bhfuil an fhaisnéis sin ina seilbh acu í a sholáthar nó í a chur ar fáil.

8.   Féadfaidh duine a sholáthraíonn nó a chuireann faisnéis réamhimeachta ar fáil infheictheacht a shainaitheanta agus a shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de a shrianadh do dhuine amháin nó níos mó a sholáthraíonn nó a chuireann sonraí ar fáil freisin, gan dochar d’úsáid na sonraí uile le haghaidh maoirseacht chustaim.

9.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid faisnéis réamhimeachta a sholáthar nó a chur ar fáil:

(a)

i gcás modh iompair agus na hearraí a iompraítear leis nach mbeidh ach ag imeacht trí uiscí teorann nó trí aerspás chríoch custaim an Aontais gan stopadh laistigh den chríoch sin;

(b)

i gcásanna sonracha eile ina mbeidh údar cuí leis de bharr an chineáil earraí nó an chineáil tráchta nó ina mbeidh sé ceangailte i gcomhaontuithe idirnáisiúnta;

(c)

earraí a ghluaistear go sealadach amach as críoch custaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 73;

(d)

earraí a sholáthraítear lena n-úsáid mar pháirteanna nó mar oiriúintí i soithí nó in aerárthaí agus le haghaidh innill, meaisíní agus trealamh eile soithí nó aerárthaí a oibriú, mar aon le hearraí bia agus ítimí eile a bheidh le caitheamh nó le díol ar bord.

10.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo, soláthrófar sonraí ath-onnmhairithe nó cuirfear ar fáil iad i gcomhréir le hAirteagal 116.

11.   Tabharfaidh an t-iompróir earraí amach as críoch chustaim an Aontais agus iad sa riocht céanna ina raibh siad nuair a soláthraíodh nó nuair a cuireadh ar fáil an fhaisnéis réamhimeachta.

12.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 282, tríd an méid seo a leanas:

(a)

lena sonraítear na sonraí maidir leis an bhfaisnéis réamhimeachta atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

na teorainneacha ama sonracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos, agus an cineál tráchta agus an modh iompair á gcur san áireamh;

(c)

na cásanna sonracha a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid faisnéis réamhimeachta a sholáthar nó a chur ar fáil, dá dtagraítear i mír 9, pointe (b), den Airteagal seo;

(d)

lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir leis an duine a sholáthraíonn nó a chuireann faisnéis réamhimeachta ar fáil srian a chur le hinfheictheacht na sonraí sainaitheantais agus na sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo.

13.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta maidir leis an bhfaisnéis réamhimeachta dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar, a chur ar fáil agus a fháil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

14.   I gcomhréir leis na dátaí a leagtar amach sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 38(6), pointe (b), agus go dtí an 28 Feabhra 2034 ar a dhéanaí, féadfar leanúint de na foirmiúlachtaí maidir le himeacht earraí a chur i gcrích i gcomhréir leis na rialacha agus na ceanglais sonraí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a bhfuil feidhm acu maidir leis na córais leictreonacha atá forbartha ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Airteagal 118

Anailís riosca ar an bhfaisnéis réamhimeachta

1.   Gan dochar do ghníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais a leagtar amach i dTeideal IV, áiritheoidh an t-údarás custaim inniúil, laistigh de theorainneacha ama sonracha, go ndéanfar anailís riosca. Is chun críoch sábháilteachta agus slándála go príomha a bheidh an anailís riosca sin agus déanfar í, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le hoifigí custaim eile agus, i gcás inar féidir, ar bhonn na faisnéise réamhimeachta agus sonraí eile arna soláthar nó arna gcur ar fáil trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais. Déanfaidh an t-údarás inniúil custaim na bearta is gá bunaithe ar thorthaí na hanailíse riosca sin.

2.   Féadfaidh an oifig custaim imeachta bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear:

(a)

treoir a thabhairt don duine a sholáthair nó a chuir ar fáil an fhaisnéis réamhimeachta nach bhfuil na hearraí le luchtú ná le hiompar agus, más duine seachas an duine a chuir isteach an fhaisnéis réamhimeachta an t-iompróir, treoir a thabhairt ar an gcaoi chéanna don iompróir nach bhfuil na hearraí le luchtú ná le hiompar;

(b)

faisnéis nó gníomhaíocht bhreise a iarraidh;

(c)

cásanna a shainaithint ina bhféadfadh gníomhaíocht údaráis eile a bheith iomchuí;

(d)

an áit a mholadh arb é is iomchuí chun rialú custaim a dhéanamh agus na bearta a mholadh don rialú sin.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na teorainneacha ama sonracha a chinneadh faoina bhfuil an anailís riosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le bheith déanta.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha nós imeachta maidir le treoir a thabhairt do na daoine, dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

5.   I gcomhréir leis na dátaí a leagtar amach sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 38(6), pointe (b), agus go dtí an 28 Feabhra 2034 ar a dhéanaí, déanfar an anailís riosca bunaithe ar na sonraí arna gcur isteach de bhun Airteagal 117(14). Tar éis an dáta sin, déanfar an anailís riosca bunaithe ar na sonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais.

Airteagal 119

Leasú ar an bhfaisnéis réamhimeachta

1.   Leasóidh an t-onnmhaireoir nó na daoine dá dtagraítear in Airteagal 117 ceann amháin nó níos mó de na míreanna sonraí san fhaisnéis réamhimeachta sna cásanna seo a leanas:

(a)

faigheann an t-onnmhaireoir nó na daoine dá dtagraítear in Airteagal 117 amach go bhfuil an fhaisnéis ábhartha athraithe ina thaifid nó go bhfuil an fhaisnéis mícheart; nó

(b)

iarrann údarás custaim ar an onnmhaireoir nó ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 117 déanamh amhlaidh mar gheall ar mhíchruinneas nó neamhiomláine na sonraí nó mar gheall ar shaincheisteanna maidir le cáilíocht na sonraí, go háirithe nuair a shainaithnítear iad mar thoradh ar an anailís riosca a rinneadh.

2.   Ní leasóidh an t-onnmhaireoir ná na daoine eile dá dtagraítear in Airteagal 117 an fhaisnéis réamhimeachta sna cásanna seo a leanas:

(a)

thug na húdaráis chustaim treoir don duine a sholáthair nó a chuir an fhaisnéis réamhimeachta ar fáil agus don iompróir, murab ionann é agus an duine sin, nach bhfuil na hearraí le luchtú ná le hiompar dá dtagraítear in Airteagal 118(2), pointe (a);

(b)

chuir na húdaráis chustaim in iúl don iompróir nó don duine a sholáthair nó a chuir ar fáil an fhaisnéis réamhimeachta go bhfuil sé beartaithe acu na hearraí a scrúdú;

(c)

tá sé suite ag na húdaráis chustaim go bhfuil an fhaisnéis réamhimeachta mícheart;

(d)

cuireadh na sonraí san fhaisnéis réamhimeachta san áireamh sa liosta sonraí nach féidir a leasú;

(e)

dheonaigh na húdaráis chustaim cheana féin scaoileadh na n-earraí chun imeachta.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí i bhfaisnéis réamhimeachta nach féidir a leasú, dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo, a chinneadh.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta chun an fhaisnéis réamhimeachta a leasú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 120

Faisnéis réamhimeachta a chur ó bhailíocht

1.   I gcás ina bhfaighidh an t-iompróir nó daoine eile a sholáthróidh nó a chuirfidh ar fáil an fhaisnéis réamhimeachta amach as críoch chustaim an Aontais nach dtabharfar na hearraí a chumhdaítear leis an bhfaisnéis réamhimeachta sin amach as críoch chustaim an Aontais, iarrfaidh sé, a luaithe is féidir, ar an údarás custaim an fhaisnéis réamhimeachta a chur ó bhailíocht gan mhoill.

Mura dtabharfar earraí a chumhdaítear leis an bhfaisnéis réamhimeachta amach as críoch chustaim an Aontais laistigh de 200 lá ón dáta a soláthraíodh an fhaisnéis réamhimeachta do na húdaráis chustaim nó a cuireadh ar fáil dóibh í, déanfaidh na húdaráis chustaim an fhaisnéis réamhimeachta sin a chur ó bhailíocht.

2.   Daoine a sholáthraíonn nó a chuireann an fhaisnéis réamhimeachta ar fáil, lena n-áirítear an t-onnmhaireoir, cuirfidh siad a chéile ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis réamhimeachta a sholáthair siad nó a chuir siad ar fáil neamhbhailí.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an nós imeachta chun an fhaisnéis réamhimeachta a chur ó bhailíocht i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 121

Fógra maidir le teacht na n-earraí ag an bpointe imeachta

1.   Tabharfaidh an t-iompróir fógra don oifig custaim atá freagrach as an áit a bhfuil na hearraí le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais maidir le teacht na n-earraí sin ag an bpointe imeachta laistigh de theorainneacha ama sonracha.

2.   D’ainneoin oibleagáidí an iompróra dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh aon duine de na daoine seo a leanas fógra a thabhairt faoi theacht na n-earraí:

(a)

onnmhaireoir; nó

(b)

an duine a ghlacfaidh freagracht as na hearraí a iompar sula n-imeoidh siad ó chríoch chustaim an Aontais.

3.   Faoi réir fhormheas an údaráis custaim, féadfar an fógra faoi theacht na n-earraí a sholáthar nó a chur ar fáil do na húdaráis chustaim ar mhodhanna eile seachas Mol Sonraí Custaim an Aontais, amhail córais faisnéise tráchtála, calafoirt nó iompair, ar choinníoll go bhfuil na sonraí is gá le haghaidh an fhógra sin sna córais sin agus go bhfuil na sonraí sin ar fáil taobh istigh de na teorainneacha ama sonracha dá dtagraítear i mír 1. Sna cásanna sin, déanfar na sonraí a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil trí na modhanna eile sin a aistriú chuig Mol Sonraí Custaim an Aontais.

4.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina ndíluchtófar agus ina n-athluchtófar earraí a bheidh le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais ar an modh iompair céanna le linn a n-aistir d’aon toisc chun go bhféadfaí earraí eile a dhíluchtú nó a luchtú ag an gcalafort céanna nó ag an aerfort céanna de chuid an Aontais.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí a chinneadh a bhfuil fógra le tabhairt fúthu don oifig custaim atá freagrach as an áit a dtugtar na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais.

Airteagal 122

Earraí a thíolacadh go fisiciúil do lucht custaim

1.   I gcás ina n-éileoidh na húdaráis chustaim nó an reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm é, déanfaidh an t-iompróir nó sealbhóir na n-earraí na hearraí sin a bheidh le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais a thíolacadh go fisiciúil do lucht custaim roimh imeacht na n-earraí sin.

2.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra don iompróir nó do shealbhóir na n-earraí maidir leis an gceanglas na hearraí sin a thíolacadh go fisiciúil do lucht custaim.

3.   Ní aistreofar earraí a tíolacadh go fisiciúil do lucht custaim ón áit ar tíolacadh iad gan cead ó na húdaráis chustaim.

Airteagal 123

Dearbhú imeachta

An t-iompróir a thabharfaidh na hearraí isteach lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais nó an duine a ghlacfaidh freagracht as na hearraí a iompar sula n-imeoidh siad ó chríoch chustaim an Aontais, dearbhóidh sé do na húdaráis chustaim imeacht na n-earraí ó chríoch chustaim an Aontais.

TEIDEAL VIII

NÓSANNA IMEACHTA SPEISIALTA

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 124

Raon feidhme

Féadfar earraí a chur faoi aon cheann de na catagóirí nósanna imeachta a leanas:

(a)

idirthuras, lena gcuimsítear idirthuras seachtrach agus idirthuras inmheánach;

(b)

stóráil, lena gcuimsítear stórasú custaim agus saorchriosanna;

(c)

úsáid shonrach, lena gcuimsítear cead isteach sealadach agus úsáid deiridh;

(d)

próiseáil, lena gcuimsítear próiseáil isteach agus próiseáil amach.

Airteagal 125

Údarú

1.   Allmhaireoirí, onnmhaireoirí nó a n-ionadaithe indíreacha a bhfuil sé beartaithe acu earraí a chur faoi nós imeachta speisialta, beidh údarú ó na húdaráis chustaim de dhíth orthu le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

an nós imeachta próiseála isteach nó amach, an nós imeachta um chead isteach sealadach nó an nós imeachta úsáide deiridh a úsáid;

(b)

saoráidí stórála a oibriú chun earraí a stórasú le haghaidh custaim, ach amháin i gcásanna inarb é an t-údarás custaim lena mbaineann an t-oibreoir saoráide stórála.

2.   Féadfaidh na daoine agus na húdaráis seo a leanas saoráidí stórála a oibriú chun earraí a stórasú le haghaidh custaim ag aon allmhaireoir:

(a)

daoine a bhfuil an t-údarú ábhartha acu ó na húdaráis chustaim; agus

(b)

an t-údarás custaim lena mbaineann i gcás inarb é an t-oibreoir saoráide stórála é.

3.   Leagfar amach sna húdaruithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 na coinníollacha maidir le húsáid na nósanna imeachta speisialta lena mbaineann nó maidir le hoibriú na saoráidí stórála lena mbaineann.

4.   Seachas i gcásanna sonracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, ní dheonóidh na húdaráis chustaim na húdaruithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an t-iarratasóir bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais;

(b)

tugann an t-iarratasóir an ráthaíocht is gá go ndéanfaidh siad na hoibríochtaí mar is ceart;

(c)

cuirtear ráthaíocht ar fáil le haghaidh fiach poitéinsiúil custaim nó muirir eile a bhaineann leis na hearraí a chuirtear faoin nós imeachta speisialta i gcomhréir le hAirteagal 194;

(d)

tá na húdaráis chustaim in ann maoirseacht chustaim a fheidhmiú gan iallach a bheith orthu socruithe riaracháin a thabhairt isteach atá neamh-chomhréireach leis na riachtanais eacnamaíocha lena mbaineann;

(e)

i gcás an nós imeachta um chead isteach sealadach, úsáideann an t-iarratasóir na hearraí nó socraíonn sé go n-úsáidfear iad;

(f)

i gcás an nós imeachta próiseála isteach, déanann an t-iarratasóir oibríochtaí próiseála ar na hearraí nó go socraíonn sé déanfar iad;

(g)

i gcás nós imeachta próiseála, ní dhéanfadh an t-údarú dochar do leasanna sár-riachtanacha tháirgeoirí an Aontais (‘coinníollacha eacnamaíocha’).

Measfar go gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ nó trádálaí ‘Iontaoibhe agus Seiceáil’ an coinníoll a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo má chuirtear an ghníomhaíocht a bhaineann leis an nós imeachta speisialta lena mbaineann san áireamh san údarú dá dtagraítear in Airteagal 30 nó 31, faoi seach.

5.   I gcás ina bhfuil fianaise ann gur dócha go ndéanfaidh deonú údaraithe le haghaidh nós imeachta próiseála isteach dochar do leasanna fíor-riachtanacha tháirgeoirí an Aontais, iarrfaidh na húdaráis chustaim inniúla, sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir leis an údarú sin, tuairim réasúnaithe Údarás Custaim an Aontais, mura rud é go bhfuil údar eile le deonú an údaraithe mar gheall ar chineál eacnamaíoch na próiseála.

6.   I gcás ina mbeidh fianaise ann gur dócha go ndéanfadh deonú údaraithe le haghaidh nós imeachta próiseála amach dochar do leasanna fíor-riachtanacha tháirgeoirí earraí an Aontais a mheastar a bheith íogair, agus nach bhfuil sé beartaithe na hearraí a dheisiú, iarrfaidh na húdaráis chustaim inniúla, sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir leis an údarú sin, tuairim réasúnaithe Údarás Custaim an Aontais.

7.   Arna iarraidh sin i gcomhréir le míreanna 5 agus 6, féadfaidh Údarás Custaim an Aontais ceann de na tuairimí seo a leanas a eisiúint:

(a)

nach ndéanann deonú an údaraithe dochar do leasanna bunriachtanacha tháirgeoirí an Aontais;

(b)

go ndéanann deonú an údaraithe dochar do leasanna bunriachtanacha tháirgeoirí an Aontais;

(c)

nach ndéanfaidh deonú an údaraithe le haghaidh cainníocht earraí a bhfuil bunús cuí léi agus a ndéantar faireachán uirthi agus a chinntear sa tuairim dochar do leasanna fíor-riachtanacha tháirgeoirí an Aontais.

Cuirfidh na húdaráis chustaim atá inniúil chun an t-údarú a dheonú tuairim Údarás Custaim an Aontais san áireamh, chomh maith le haon údarás custaim eile a dhéileálann le húdaruithe comhchosúla.

Chun an tuairim sin a sholáthar, féadfaidh Údarás Custaim an Aontais tuairimí agus faisnéis a fhaightear ó pháirtithe leasmhara a chur san áireamh, ar choinníoll go soláthraíonn na páirtithe leasmhara sin an fhaisnéis sin d’Údarás Custaim an Aontais laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear i mír 11, pointe (b).

8.   Déanfaidh na húdaráis chustaim a dheonaíonn an t-údarú na hiarratais ar údarú agus na húdaruithe i Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh a sholáthar nó a chur ar fáil. I gcás ina bhfuil faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sna húdaruithe le haghaidh nósanna imeachta speisialta, cuirfear srian ar rochtain ar an bhfaisnéis íogair sin.

9.   I gcás ina bhfuil fianaise ann go bhféadfadh úsáid údaraithe a deonaíodh cheana dochar a dhéanamh do leas bunúsach tháirgeoirí an Aontais, féadfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit a iarraidh ar Údarás Custaim an Aontais tuairim réasúnaithe a eisiúint de réir an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 5 agus 6.

10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha a leagan síos dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo maidir le húdaruithe a dheonú chun na nósanna imeachta speisialta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a úsáid nó chun na saoráidí stórála dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus mír 2 den Airteagal seo a oibriú;

(b)

na cásanna sonracha a chinneadh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;

(c)

na cásanna dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú i gcás ina dtugann cineál eacnamaíoch na próiseála údar go ndéanfaidh na húdaráis chustaim measúnú gan tuairim ó Údarás Custaim an Aontais ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann deonú údaraithe le haghaidh nós imeachta próiseála isteach dochar do leas fíor-riachtanach tháirgeoirí an Aontais;

(d)

na cásanna dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú i gcás ina meastar gurb ann d’fhianaise gur dócha go ndéanfar dochar do leasanna bunriachtanacha tháirgeoirí an Aontais agus na cásanna dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo i gcás ina meastar na coinníollacha eacnamaíocha a bheith comhlíonta;

(e)

liosta na n-earraí a mheastar a bheith íogair dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a leagan síos.

11.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na nithe a leanas:

(a)

na rialacha nós imeachta maidir le deonú an údaraithe le haghaidh na nósanna imeachta speisialta nó oibriú na saoráidí stórála dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo;

(b)

na rialacha nós imeachta maidir le scrúdú a dhéanamh ar na dálaí eacnamaíocha, lena n-áirítear d’Údarás Custaim an Aontais a thuairim réasúnaithe a thabhairt; agus

(c)

na rialacha maidir leis an gcainníocht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a chinneadh agus faireachán a dhéanamh uirthi.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

12.   Go dtí an 21 Meán Fómhair 2027:

(a)

déanfar scrúdú ar na dálaí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 4, pointe (g), den Airteagal seo ar leibhéal an Aontais i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear i mír 11, pointe (b), den Airteagal seo;

(b)

i gcás ina ndéantar tagairt don tuairim ó Údarás Custaim an Aontais faoin gCaibidil seo, tagraíonn sé don scrúdú a dhéanann an Coimisiún ar na dálaí eacnamaíocha ar leibhéal an Aontais dá bhforáiltear i míreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo.

Airteagal 126

Údaruithe le héifeacht chúlghabhálach

1.   Deonóidh na húdaráis chustaim, ar iarratas a fháil, údarú le héifeacht chúlghabhálach, má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ann do ghá eacnamaíoch atá cruthaithe;

(b)

níl aon bhaint ag an iarratas le hiarracht ar mheabhlaireacht;

(c)

tá an méid seo a leanas cruthaithe ag an iarratasóir ar bhonn cuntas nó taifead:

(i)

comhlíontar ceanglais uile an nós imeachta;

(ii)

i gcás inarb iomchuí, is féidir na hearraí a shainaithint don tréimhse lena mbaineann;

(iii)

leis na cuntais nó leis na taifid sin, éascaítear rialú a dhéanamh ar an nós imeachta;

(d)

is féidir na foirmiúlachtaí uile is gá a dhéanamh chun staid na n-earraí a thabhairt chun rialtachta, lena n-áirítear, i gcás inar gá, cur ó bhailíocht na ndearbhuithe custaim lena mbaineann nó na sonraí a soláthraíodh nó a cuireadh ar fáil chun na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim;

(e)

níor deonaíodh aon údarú le héifeacht chúlghabhálach don iarratasóir ar an nós imeachta speisialta céanna laistigh de 3 bliana ón dáta ar glacadh leis an iarratas;

(f)

mura mbaineann an t-iarratas le húdarú a athnuachan le haghaidh na gcineálacha céanna oibríochta agus earraí, ní cheanglaítear ar Údarás Custaim an Aontais a mheas an ndéanfadh deonú an údaraithe dochar do leasanna fíor-riachtanacha tháirgeoirí an Aontais;

(g)

ní bhaineann an t-iarratas le hoibriú saoráidí stórála chun earraí a stórasú le haghaidh custaim; agus

(h)

i gcás ina mbaineann iarratas le húdarú a athnuachan do na cineálacha céanna oibríochta agus earraí, cuirtear an t-iarratas isteach laistigh de 3 bliana tar éis dul in éag bhailíocht an údaraithe thionscnaimh.

2.   Féadfaidh údaráis chustaim údarú le héifeacht chúlghabhálach a dheonú i gcás nach raibh na hearraí a cuireadh faoi nós imeachta custaim ar fáil a thuilleadh tráth a glacadh an t-iarratas ar an údarú sin.

Airteagal 127

Leasú cúlghabhálach ar an údarú

1.   Ar iarratas a bhfuil údar cuí leis ó shealbhóir an údaraithe, arna chur isteach laistigh de thréimhse bhailíochta an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 125(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis chustaim leasú cúlghabhálach a dhéanamh ar an údarú a deonaíodh.

Féadfaidh sealbhóir an údaraithe, áfach, an t-iarratas a chur isteach chun an t-údarú a leasú tar éis do thréimhse bhailíochta an údaraithe dul in éag má tá earraí ann a cuireadh faoin nós imeachta custaim ábhartha nár urscaoileadh fós.

2.   Sa chinneadh maidir leis an leasú cúlghabhálach ar an údarú, cinnfidh na húdaráis chustaim an dáta a thiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm.

3.   Ní bheidh éifeacht ag leasú cúlghabhálach roimh dháta éifeachta an údaraithe.

4.   Ní cheadófar aon leasú cúlghabhálach i gcás ina mbeidh feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

cuirtear an t-iarratas isteach tar éis do na húdaráis chustaim a chur in iúl do shealbhóir an údaraithe go bhfuil sé beartaithe acu na hearraí a iniúchadh nó rialú a dhéanamh;

(b)

cuirtear an t-iarratas isteach tar éis do na húdaráis chustaim sealbhóir an údaraithe a chur ar an eolas gur dheimhnigh siad go bhfuil na sonraí san údarú mícheart;

(c)

baineann an t-iarratas le hiarracht ar mheabhlaireacht nó ar mhí-úsáid a rinne sealbhóir an údaraithe.

5.   Ní bhainfidh an t-iarratas ar leasú cúlghabhálach le tréimhse bhailíochta an údaraithe a deonaíodh.

6.   Ní bheidh gá le tuairim ó Údarás Custaim an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 125(5) agus (6), chun an t-údarú a leasú go cúlghabhálach.

Airteagal 128

Taifid

1.   Coinneoidh sealbhóir údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 125(1) agus (2), an t-allmhaireoir nó an t-onnmhaireoir agus aon duine atá i mbun gníomhaíochta a bhaineann le stóráil, le hoibriú nó le próiseáil earraí, nó le díol nó ceannach earraí i saorchriosanna, taifid iomchuí i bhfoirm arna formheas ag na húdaráis chustaim agus, seachas eisceachtaí a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, soláthróidh siad na taifid sin nó cuirfidh siad ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais iad.

Sna taifid sin beidh an fhaisnéis agus na sonraí a chuireann ar chumas na n-údarás custaim maoirseacht a dhéanamh ar an nós imeachta lena mbaineann, go háirithe i dtaca le sainaithint na n-earraí arna gcur faoin nós imeachta sin, a stádas custaim agus a ngluaiseachtaí.

2.   Measfar go gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ nó trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 má tá a thaifid nó a dtaifid iomchuí chun críche an nós imeachta speisialta lena mbaineann.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na cineálacha faisnéise agus na sonraí atá le bheith sna taifid agus ar na heisceachtaí ón oibleagáid iad a sholáthar nó iad a chur ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 129

Nós imeachta speisialta a urscaoileadh

1.   I gcásanna seachas an nós imeachta idirthurais agus gan dochar d’Airteagal 156, urscaoilfear nós imeachta speisialta nuair a chuirfear na hearraí a cuireadh faoin nós imeachta, nó na táirgí próiseáilte, faoi nós imeachta custaim ina dhiaidh sin, nuair a thógtar amach as críoch chustaim an Aontais iad, nuair a scriostar iad gan aon dramhaíl fágtha nó nuair a thréigfear leis an Stát iad i gcomhréir le hAirteagal 96.

2.   Urscaoilfidh na húdaráis chustaim an nós imeachta idirthurais nuair a bheidh siad in ann a dheimhniú, ar bhonn comparáide idir na sonraí a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil don oifig custaim imeachta agus na sonraí a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil don oifig custaim chinn scríbe, go bhfuil críoch mar is ceart leis an nós imeachta.

3.   Na hearraí nár urscaoileadh nós imeachta speisialta ina leith faoi na coinníollacha a leagtar amach, glacfaidh na húdaráis chustaim na bearta uile is gá chun a n-imthosca a thabhairt chun rialtachta.

4.   Déanfar nós imeachta speisialta a urscaoileadh le linn tréimhsí sonracha, mura bhforáiltear a mhalairt sa reachtaíocht chustaim.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhad na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a shonrú.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta chun nós imeachta speisialta a urscaoileadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 130

Cearta agus oibleagáidí a aistriú

1.   Féadfaidh na húdaráis chustaim údarú a thabhairt, ar iarratas a fháil, do shealbhóir údarú le haghaidh nós imeachta speisialta seachas nósanna imeachta idirthurais chun a chearta agus oibleagáidí i ndáil le hearraí a cuireadh faoin nós imeachta speisialta sin a aistriú go hiomlán nó go páirteach chuig allmhaireoir, onnmhaireoir nó aon duine eile.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

na cásanna ina gceadófar, agus na coinníollacha faoina gceadófar, aistriú na gceart agus na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

an fhoirm ina n-údaróidh na húdaráis chustaim aistriú na gceart agus na n-oibleagáidí sin;

(c)

na sonraí agus an fhaisnéis is gá le haghaidh iarratas agus údaruithe d’aistriú na gceart agus na n-oibleagáidí sin.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir le haistriú chearta agus oibleagáidí shealbhóir an údaraithe i ndáil le hearraí a cuireadh faoi nós imeachta speisialta seachas nós imeachta idirthurais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 131

Gluaiseacht earraí

1.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, féadfaidh na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí, sealbhóirí an údaraithe chun saoráidí stórála a oibriú chun earraí a stórasú le haghaidh custaim agus na daoine ar aistríodh cearta agus oibleagáidí chucu i gcomhréir le hAirteagal 130 earraí a cuireadh faoi nós imeachta speisialta seachas nós imeachta idirthurais nó nós imeachta i saorchrios a ghluaiseacht idir áiteanna éagsúla i gcríoch chustaim an Aontais.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna sonracha a chinneadh inar féidir earraí a ghluaiseacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus trí na coinníollacha a leagan síos faoinar féidir leis sin tarlú.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir le gluaiseacht earraí a chuirtear faoi nós imeachta speisialta seachas nós imeachta idirthurais nó nós imeachta i saorchrios, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 132

Na gnáthchineálacha láimhseála

1.   Féadfar earraí a cuireadh faoi nós imeachta stórasaithe custaim nó faoi nós imeachta próiseála nó i saorchrios a láimhseáil sna gnáthfhoirmeacha a cheapfar chun iad a chaomhnú, chun a gcuma nó a gcáilíocht margaíochta a fheabhsú nó chun iad a ullmhú le haghaidh a ndáilte nó a n-athdhíolta.

2.   Earraí atá beartaithe le haghaidh ciandíola ó stóras custaim príobháideach le haghaidh ciandíola dá dtagraítear in Airteagal 145, féadfaidh siad a bheith faoi réir na ngnáthfhoirmeacha láimhseála a bhfuil géarghá leo chun ullmhú le haghaidh ciandíola.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na gnáthbhealaí láimhseála earraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 133

Earraí coibhéiseacha

1.   Is éard a bheidh in earraí coibhéiseacha earraí de chuid Aontais a stóráiltear, a úsáidtear nó a phróiseáiltear in ionad na n-earraí a cuireadh faoi nós imeachta speisialta.

Faoin nós imeachta próiseála amach, is éard a bheidh in earraí coibhéiseacha earraí nach de chuid an Aontais iad a phróiseáiltear in ionad earraí de chuid Aontais atá faoin nós imeachta próiseála amach.

Seachas i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, beidh an cód 8 ndigit céanna ag earraí coibhéiseacha in ainmníocht chomhcheangailte earraí a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (‘Ainmníocht Chomhcheangailte’), an cháilíocht tráchtála chéanna agus na saintréithe teicniúla céanna agus atá ag na hearraí a bhfuil a n-ionad á ngabháil acu.

2.   Ar choinníoll go n-áiritheofar stiúradh cuí an nós imeachta speisialta, go háirithe a mhéid a bhaineann le maoirseacht chustaim, údaróidh na húdaráis chustaim, ar iarratas a fháil, na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

úsáid earraí coibhéiseacha faoi nósanna imeachta stórasaithe custaim, saorchriosanna agus nósanna imeachta úsáide deiridh;

(b)

úsáid earraí coibhéiseacha faoin nós imeachta um chead isteach sealadach, i gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim;

(c)

úsáid earraí coibhéiseacha faoin nós imeachta próiseála isteach;

(d)

i gcás an nós imeachta próiseála isteach le nós imeachta réamh-onnmhairithe, go n-onnmhaireofar táirgí próiseáilte a fhaightear ó earraí coibhéiseacha sula n-allmhairítear na hearraí a bhfuil a n-ionad á ngabháil acu;

(e)

úsáid earraí coibhéiseacha faoin nós imeachta próiseála amach;

(f)

i gcás an nós imeachta próiseála amach le nós imeachta réamh-allmhairithe, go n-allmhaireofar táirgí próiseáilte a fhaightear ó earraí coibhéiseacha roimh onnmhairiú na n-earraí a bhfuil a n-ionad á ngabháil acu.

Measfar go bhfuil an coinníoll go n-áirithítear stiúradh ceart an nós imeachta speisialta á chomhlíonadh ag oibreoir eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ nó ag trádálaí faoin scéim ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ má cuireadh san áireamh an ghníomhaíocht a bhaineann le húsáid na n-earraí coibhéiseacha don nós imeachta lena mbaineann nuair a deonaíodh údarú dá dtagraítear in Airteagal 30 nó 31 don oibreoir eacnamaíoch nó don trádálaí sin.

3.   Ní údarófar earraí coibhéiseacha a úsáid in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach ndéantar ach na gnáthfhoirmeacha láimhseála a shainmhínítear in Airteagal 132 a chur i gcrích faoin nós imeachta próiseála isteach;

(b)

i gcás ina mbeidh feidhm ag toirmeasc ar aisíocaíocht dleachta ar allmhairí, nó ag díolúine ó dhleacht ar allmhairí maidir le hearraí neamhthionscnaimh a mbainfear úsáid astu i monarú táirgí, faoin nós imeachta próiseála isteach, a ndéanfar cruthúnas tionscnaimh a eisiúint nó a scríobh amach ina leith faoi chuimsiú socrú fabhrach idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe nó grúpaí de na tíortha sin;

(c)

i gcás ina dtiocfadh buntáiste gan údar cuí maidir le dleacht ar allmhairí as; nó

(d)

i gcás ina bhforáiltear ina leith i ngníomhartha dlí an Aontais.

4.   Sa chás dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo agus i gcás ina ndlífí dleacht ar onnmhairí i leith na dtáirgí próiseáilte mura n-allmhaireofaí iad i gcomhthéacs an nós imeachta próiseála isteach, cuirfidh sealbhóir an údaraithe ráthaíocht ar fáil chun íocaíocht na dleachta ar onnmhairí a áirithiú mura n-allmhaireofar na hearraí nach de chuid an Aontais iad laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 159(3).

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

na cásanna sonracha a chinneadh, dá dtagraítear i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo;

(b)

na coinníollacha a leagan síos faoina n-úsáidtear earraí coibhéiseacha i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo;

(c)

na cásanna sonracha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo a chinneadh i gcás ina n-úsáidtear earraí coibhéiseacha faoin nós imeachta um chead isteach sealadach; agus

(d)

na cásanna nach n-údaraítear úsáid earraí coibhéiseacha iontu i gcomhréir le fomhír 3, pointe (c), den Airteagal seo a shonrú.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir le hearraí coibhéiseacha a údaraítear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 2

Idirthuras

Roinn 1

Rialacha ginearálta

Airteagal 134

Raon feidhme

1.   Ar theacht isteach dóibh i gcríoch chustaim an Aontais, cuirfear earraí faoi nós imeachta idirthurais, gan aon athrú ar a stádas custaim i gcomhréir le hAirteagal 73(2), murar cuireadh iad faoi nós imeachta idirthurais a shonraítear in Airteagail 135 agus 136 cheana nó murar cuireadh iad faoi aon nós imeachta custaim eile laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 104(5).

2.   Measfar gurb é allmhaireoir nó onnmhaireoir na n-earraí sealbhóir an nós imeachta idirthurais agus beidh sé faoi dhliteanas i leith dleachtanna custaim agus muirir a íoc mura mbeidh sonraí ag na húdaráis chustaim faoi dhuine eile lena sainaithnítear é mar allmhaireoir nó onnmhaireoir.

Airteagal 135

Idirthuras seachtrach

1.   Faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, féadfar earraí nach de chuid an Aontais iad a ghluaiseacht ó áit amháin go háit eile i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a bheith faoi réir aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

dleacht ar allmhairí nó muirir eile, lena n-áirítear dleachtanna frithdhumpála, dleachtanna frithchúitimh nó bearta coimirce;

(b)

bearta beartais tráchtála, a mhéid nach gcuireann siad toirmeasc ar earraí a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó ar iad a thabhairt amach aisti.

2.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, cuirfear earraí de chuid Aontais faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh.

3.   Tarlóidh an ghluaiseacht dá dtagraítear i mír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

faoi nós imeachta idirthurais sheachtraigh an Aontais;

(b)

i gcomhréir le Coinbhinsiún TIR ar choinníoll gur fíor an méid a leanas faoin ngluaiseacht sin:

(i)

thosaigh nó críochnaigh sí lasmuigh de chríoch custaim an Aontais;

(ii)

déantar í idir dhá phointe i gcríoch chustaim an Aontais trí chríoch tríú tír;

(c)

i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Custaim maidir le ATA Carnet um chead isteach sealadach d’earraí, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 6 Nollaig 1961 (Coinbhinsiún ATA), nó an Coinbhinsiún a bhaineann le cead isteach sealadach, arna dhéanamh in Iostanbúl an 26 Meitheamh 1990 (Coinbhinsiún Iostanbúl) (39), i gcás ina dtarlóidh gluaiseacht idirthurais;

(d)

faoi chumhdach fhoirm 302 ECAT dá bhforáiltear sa Chomhaontas idir na Páirtithe i gConradh an Atlantaigh Thuaidh maidir le Stádas a gcuid Fórsaí, a síníodh i Londain an 19 Meitheamh 1951 nó foirm 302 an Aontais;

(e)

faoin gcóras poist, i gcomhréir le hachtanna an Aontais Phoist Uilechoitinn, i gcás ina n-iompraíonn sealbhóirí ceart agus oibleagáidí faoi na hachtanna sin na hearraí nó nuair a iompraítear iad ar a son.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna sonracha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ina bhfuil earraí de chuid an Aontais le cur faoi nós imeachta idirthurais sheachtraigh a chinneadh.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta chun mír 3, pointí (b) go (e), den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, i gcríoch chustaim an Aontais, agus riachtanais an Aontais á gcur san áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 136

Idirthuras inmheánach

1.   Faoin nós imeachta idirthurais inmheánaigh, féadfar earraí de chuid an Aontais a ghluaiseacht ó phointe amháin go pointe eile i gcríoch chustaim an Aontais, ag gabháil trí chríoch tríú tír, gan aon athrú a bheith ar a stádas custaim.

2.   Tarlóidh an ghluaiseacht dá dtagraítear i mír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

faoi nós imeachta idirthurais inmheánaigh an Aontais, ar choinníoll go bhforáiltear don fhéidearthacht sin i gcomhaontas idirnáisiúnta;

(b)

i gcomhréir le Coinbhinsiún TIR;

(c)

i gcomhréir le Coinbhinsiún ATA nó Coinbhinsiún Iostanbúl, i gcás ina dtarlaíonn gluaiseacht idirthurais;

(d)

faoi chumhdach fhoirm 302 ECAT nó fhoirm 302 AE;

(e)

faoin gcóras poist, i gcomhréir le hachtanna an Aontais Phoist Uilechoitinn, i gcás ina n-iompraíonn sealbhóirí ceart agus oibleagáidí faoi na hachtanna sin na hearraí nó i gcás ina n-iompraítear iad ar a son.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta chun mír 2, pointí (b) go (e), den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, i gcríoch chustaim an Aontais, agus riachtanais an Aontais á gcur san áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 137

Críoch aonair chun críoch idirthurais

I gcás ina ngluaistear earraí ó phointe amháin i gcríoch chustaim an Aontais go pointe eile i gcomhréir le Coinbhinsiún TIR, Coinbhinsiún ATA nó Coinbhinsiún Iostanbúl, faoi chumhdach fhoirmeacha 302 ECAT nó fhoirm 302 an Aontais nó faoin gcóras poist, measfar gur críoch aonair í críoch chustaim an Aontais, chun críocha an iompair sin.

Airteagal 138

Daoine a eisiamh ó oibríochtaí TIR

1.   Má chinneann na húdaráis chustaim de chuid Ballstáit duine a eisiamh ó oibríochtaí TIR faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún TIR, beidh feidhm ag an gcinneadh sin ar fud chríoch chustaim an Aontais agus ní ghlacfaidh aon oifig custaim carnet TIR arna dtaisceadh ag an duine sin.

2.   Cuirfidh an Ballstát an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl, mar aon leis an dáta a gcuirfear i bhfeidhm é, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus Údarás Custaim an Aontais.

Airteagal 139

Coinsíní údaraithe agus coinsíneoir údaraithe chun críocha TIR

1.   Féadfaidh na húdaráis chustaim, ar iarratas a fháil, duine (‘coinsíní údaraithe’) a údarú chun earraí a ghlacadh a ghluaistear i gcomhréir le Coinbhinsiún TIR ag áit údaraithe, ionas go bhfoirceannfar an nós imeachta de réir bhrí Airteagal 1, pointe (d), de Choinbhinsiún TIR.

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim, ar iarratas a fháil, duine (‘coinsíneoir údaraithe’) a údarú chun earraí atá le gluaiseacht a sheoladh i gcomhréir le Coinbhinsiún TIR ó áit údaraithe, ionas go gcuirfear tús leis an nós imeachta de réir bhrí Airteagal 1, pointe (c), de Choinbhinsiún TIR.

Chun na críche sin, údarófar an coinsíneoir údaraithe chun séalaí de chineál speisialta a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (c), den Rialachán seo.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos maidir le húdarú a dheonú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Roinn 2

Idirthuras Aontais

Airteagal 140

Oibleagáidí shealbhóir nós imeachta idirthurais an Aontais agus iompróir agus fhaighteoir na n-earraí a aistrítear faoi nós imeachta idirthurais an Aontais

1.   Beidh sealbhóir nós imeachta idirthurais an Aontais freagrach as na hoibleagáidí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

na sonraí is gá a sholáthar nó a chur ar fáil do na húdaráis chustaim;

(b)

fógra a thabhairt maidir le hinfhaighteacht na n-earraí agus na sonraí is gá a thíolacadh ag an oifig custaim chinn scríbe laistigh den teorainn ama fhorordaithe agus i gcomhréir leis na bearta a ghlac na húdaráis chustaim chun a sainaithint a áirithiú;

(c)

na forálacha reachtaíochta custaim maidir le nós imeachta idirthurais an Aontais a chomhlíonadh;

(d)

ráthaíocht a sholáthar, mura bhforáiltear a mhalairt sa reachtaíocht chustaim, chun a áirithiú go n-íocfar suim na dleachta ar allmhairí nó suim na dleachta ar onnmhairí atá comhfhreagrach le haon fhiach custaim nó le haon mhuirear eile a thabhaítear i ndáil leis na hearraí.

2.   Comhlíonfar oibleagáidí shealbhóir an nós imeachta agus cuirfear deireadh le nós imeachta idirthurais an Aontais nuair a bheidh na hearraí a cuireadh faoin nós imeachta agus an fhaisnéis a éilítear ar fáil san oifig custaim chinn scríbe i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim.

3.   Iompróir nó faighteoir earraí a ghlacann le hearraí arb eol dó iad a bheith á n-aistriú faoi nós imeachta idirthurais an Aontais, beidh sé freagrach freisin as fógra a thabhairt maidir le hinfhaighteacht na n-earraí ag oifig custaim chinn scríbe laistigh den teorainn ama fhorordaithe agus i gcomhréir leis na bearta a ghlac na húdaráis chustaim chun sainaithint na n-earraí sin a áirithiú.

4.   Ar iarratas a fháil, féadfaidh na húdaráis chustaim aon cheann de na simplithe seo a leanas a údarú maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Aontais nó maidir le hurscaoileadh an nós imeachta sin:

(a)

stádas an choinsíneora údaraithe, lena gceadaítear do shealbhóir an údaraithe na hearraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Aontais gan iad a chur faoi bhráid custaim;

(b)

stádas an choinsíní údaraithe, lena gceadaítear do shealbhóir an údaraithe glacadh le hearraí a ghluaistear faoi nós imeachta idirthurais an Aontais ag áit údaraithe, chun deireadh a chur leis an nós imeachta i gcomhréir le mír 2;

(c)

séalaí de chineál speisialta a úsáid, i gcás ina gceanglaítear séalú chun sainaithint na n-earraí a chuirtear faoi nós imeachta idirthurais an Aontais a áirithiú;

(d)

tacar sonraí laghdaithe a sholáthar, nó, i gcás inarb infheidhme, dearbhú custaim a bhfuil tacar sonraí laghdaithe aige a úsáid, chun na hearraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Aontais;

(e)

doiciméad iompair leictreonach a úsáid chun earraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Aontais, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis is gá sa doiciméad agus go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil d’údaráis chustaim ag an bpointe imeachta agus ag an gceann scríbe ionas go mbeifear in ann maoirseacht chustaim a dhéanamh ar na hearraí agus an nós imeachta a urscaoileadh.

5.   Déanfaidh na húdaráis chustaim faireachán tráthrialta ar ghníomhaíochtaí coinsíneoirí agus coinsínithe údaraithe chun measúnú a dhéanamh ar a gcomhlíontacht i ndáil le ceanglais údarúcháin.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

sonrú breise a dhéanamh ar na ceanglais sonraí a leagtar síos i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo agus ar na coinníollacha maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a dheonú;

(b)

na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim chun earraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Aontais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chinneadh.

7.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha nós imeachta maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

earraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Aontais agus urscaoileadh an nós imeachta sin;

(b)

oibriú na simplithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 141

Earraí a théann trí chríoch tríú tír faoi nós imeachta idirthurais seachtrach an Aontais

1.   Beidh feidhm ag nós imeachta idirthurais sheachtraigh an Aontais maidir le hearraí a théann trí thríú tír má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhforáiltear dó sin faoi chomhaontú idirnáisiúnta;

(b)

gur faoi chumhdach doiciméid iompair aonair arna dhréachtú i gcríoch chustaim an Aontais a dhéantar iompar sa tríú tír sin.

2.   Sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), cuirfear oibriú nós imeachta idirthurais seachtrach an Aontais ar fionraí le linn do na hearraí a bheith lasmuigh de chríoch custaim an Aontais.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir le maoirseacht chustaim earraí a théann trí chríoch tríú tír faoi nós imeachta idirthurais sheachtraigh an Aontais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 3

Stóráil

Roinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 142

Raon feidhme

1.   Faoi nós imeachta stórála, féadfar earraí nach de chuid an Aontais iad a stóráil i gcríoch chustaim an Aontais gan a bheith faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)

dleacht ar allmhairí;

(b)

muirir eile dá bhforáiltear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

(c)

bearta beartais tráchtála seachas na bearta sin lena gcuirtear toirmeasc ar earraí a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó ar iad a thabhairt amach aisti.

2.   An méid seo a leanas a bheidh sna coinníollacha maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta stórála:

(a)

rinneadh na sonraí a éilítear a sholáthar do na húdaráis chustaim nó a chur ar fáil dóibh;

(b)

comhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm;

(c)

tá na hearraí tagtha ag an áit scaoilte le haghaidh an nós imeachta.

3.   Féadfar earraí de chuid an Aontais a chur faoin nós imeachta stórasaithe custaim nó faoin nós imeachta saorchreasa i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm nó d’fhonn leas a bhaint as cinneadh lena gceadaítear aisíoc nó loghadh dleachta ar allmhairí.

4.   I gcás ina mbeidh riachtanas eacnamaíoch ann agus nach ndéanfar dochar do mhaoirseacht custaim, féadfaidh na húdaráis chustaim iontráil, stóráil, gluaiseacht, úsáid, próiseáil nó tomhaltas earraí de chuid an Aontais i stóras custaim nó i saorchrios a údarú. Sna cásanna sin, ní mheasfar na hearraí sin a bheith faoi nós imeachta stórála.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí atá le soláthar nó a chuirtear ar fáil do na húdaráis chustaim maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta stórála a shonrú, mar a thagraítear dó i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an nós imeachta maidir le hearraí an Aontais a chur faoin nós imeachta stórasaithe custaim nó faoin nós imeachta saorchreasa mar a thagraítear dó i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 143

Ré nós imeachta stórála

1.   Ní bheidh teorainn leis an tréimhse ama ar féidir earraí a choinneáil faoi nós imeachta stórála.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis chustaim teorainn ama a leagan síos faoina gcaithfear nós imeachta stórála a urscaoileadh:

(a)

in imthosca eisceachtúla, go háirithe i gcás ina bhféadfadh cineál agus nádúr na n-earraí, i gcás stóráil fhadtéarmach, sláinte agus saol an duine, ainmhithe, plandaí nó an comhshaol a chur i mbaol;

(b)

i gcás ina mbeidh údarú chun saoráid stórála a oibriú cúlghairthe.

Roinn 2

Stórasú custaim

Airteagal 144

Stóráil i stórais chustaim

1.   Faoin nós imeachta stórasaithe custaim, féadfar earraí nach de chuid an Aontais iad a stóráil in áitreabh nó in aon láthair eile atá údaraithe don nós imeachta sin ag na húdaráis chustaim agus faoi mhaoirseacht chustaim (‘stórais chustaim’).

2.   Féadfar stórais chustaim a bheith ar fáil lena n-úsáid ag aon allmhaireoir chun earraí a stórasú le haghaidh custaim (‘stóras custaim poiblí’), nó ag sealbhóir údaraithe chun stóras custaim a oibriú chun earraí a stóráil (‘stóras custaim príobháideach’).

3.   Féadfar earraí a cuireadh faoin nós imeachta stórasaithe custaim a aistriú ar bhonn sealadach ón stóras custaim. Ach amháin i gcásanna force majeure, beidh ar na húdaráis chustaim an t-aistriú sin a údarú roimh ré.

Airteagal 145

Stóras custaim le haghaidh ciandíola

1.   Ní fhéadfar ach allmhaireoirí le haghaidh ciandíola a roghnaigh scéim IIFA a úsáid agus a bhfuil stádas trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ acu, nó a n-ionadaithe indíreacha a bhfuil stádas trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ acu, a údarú chun na hearraí a stóráil agus a oibriú i stóras custaim príobháideach le haghaidh ciandíola roimh chiandíol.

2.   Ní fhéadfar earraí atá beartaithe le haghaidh ciandíola a chur faoin nós imeachta stórasaithe custaim i stóras custaim le haghaidh ciandíola ach amháin má chomhlíonann na hearraí na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

comhlíonann siad an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm a mbeadh feidhm aici maidir leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht;

(b)

déantar iad a phacáil i bpacáistí comhchoiteanna ina bhfuil earraí comhchosúla, i riocht sula n-ullmhaítear coinsíneachtaí aonair nuair a thugtar an ciandíol i gcrích;

(c)

tugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais iad i gcainníochtaí lena n-éascaítear rialuithe custaim éifeachtacha a dhéanamh.

Agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, cuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh méid an eintitis a bhfuil sé beartaithe aige ciandíolacháin a dhéanamh ón stóras custaim.

3.   Tá údaráis chustaim agus údaráis inniúla eile i dteideal rialú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hearraí na ceanglais maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht sula gcuirfear faoin nós imeachta stórasaithe custaim iad agus le linn a stórála.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis an údarú a dheonú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 146

Próiseáil i stóras custaim

I gcás ina bhfuil riachtanas eacnamaíoch ann agus nach ndéanfar dochar do mhaoirseacht custaim, féadfaidh na húdaráis chustaim próiseáil earraí faoin nós imeachta próiseála isteach nó faoin nós imeachta úsáide deiridh a údarú i stóras custaim, faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear leis na nósanna imeachta sin.

I gcásanna den sórt sin, ní mheasfar na hearraí a bheith faoin nós imeachta stórasaithe custaim.

Airteagal 147

Freagrachtaí shealbhóir an údaraithe

Gan dochar d’Airteagal 27, beidh sealbhóir an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 125(1), pointe (b), nó Airteagal 125(2), pointe (a), agus an t-allmhaireoir freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú nach n-aistreofar ó mhaoirseacht custaim na hearraí atá faoin nós imeachta stórasaithe custaim;

(b)

na hoibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn as stóráil earraí a chumhdaítear leis an nós imeachta stórasaithe custaim; agus

(c)

na hoibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn as earraí a chur faoin nós imeachta stórasaithe custaim.

Roinn 3

Saorchriosanna

Airteagal 148

Saorchriosanna a ainmniú

1.   Féadfaidh na Ballstáit codanna de chríoch custaim an Aontais a ainmniú mar shaorchriosanna.

Maidir le gach saorchrios, cinnfidh an Ballstát an limistéar a chumhdaítear chomh maith lena phointí iontrála agus imeachta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis faoi na saorchriosanna atá ag oibriú i bhfios don Choimisiún agus d’Údarás Custaim an Aontais.

3.   Beidh saorchriosanna iata.

Beidh an teorainn agus na pointí iontrála agus na pointí imeachta i limistéar na saorchriosanna faoi réir maoirseacht chustaim.

4.   Féadfaidh daoine, earraí agus modhanna iompair a thagann isteach i saorchrios nó a théann amach as a bheith faoi réir rialuithe custaim.

Airteagal 149

Foirgnimh agus gníomhaíochtaí i saorchriosanna

1.   Ní mór cead a fháil roimh ré ó na húdaráis chustaim chun aon fhoirgneamh a thógáil laistigh de shaorchrios.

2.   Faoi réir na reachtaíochta custaim, ceadófar aon ghníomhaíocht thionsclaíoch, tráchtála nó seirbhíse laistigh de shaorchrios. Tabharfar fógra roimh ré do na húdaráis chustaim faoi chur i gcrích na ngníomhaíochtaí sin.

3.   Féadfaidh na húdaráis chustaim toirmisc nó srianta a chur i bhfeidhm maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, ag féachaint do chineál na n-earraí lena mbaineann, do riachtanais maoirseachta custaim, nó do riachtanais sábháilteachta agus slándála.

4.   Daoine nach gcuireann ar fáil an deimhniú riachtanach go bhfuiltear ag comhlíonadh na bhforálacha custaim, féadfaidh na húdaráis chustaim toirmeasc a chur orthu gníomhaíocht a dhéanamh i saorchrios.

Airteagal 150

Earraí nach de chuid an Aontais iad i saorchriosanna

1.   Fad a bheidh siad i saorchrios, féadfar earraí nach de chuid an Aontais iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a chur faoin nós imeachta próiseála isteach, faoin nós imeachta um chead isteach sealadach nó faoin nós imeachta úsáide deiridh, faoi na coinníollacha a leagtar síos le haghaidh na nósanna sin.

Sna cásanna sin, ní mheasfar na hearraí sin a bheith faoin nós imeachta saorchreasa.

2.   Gan dochar do na forálacha is infheidhme maidir le soláthairtí nó bia-earraí a stóráil, i gcás ina bhforálfar amhlaidh sa nós imeachta lena mbaineann, agus d’ainneoin mhír 1, féadfar earraí nach de chuid an Aontais iad a úsáid nó a thomhailt i saorchrios ar na coinníollacha a leanas:

(a)

ní bheadh cur i bhfeidhm dleachta ar allmhairí, beart arna leagan síos faoi na comhbheartais talmhaíochta nó tráchtála ná beart lena dtoirmeasctar úsáid na n-earraí sin san Aontas i gceist lena scaoileadh i saorchúrsaíocht ná lena gcead isteach sealadach;

(b)

soláthraítear nó cuirtear ar fáil faisnéis iomchuí faoin úsáid sin nó faoin tomhaltas sin do na húdaráis chustaim.

Airteagal 151

Earraí a thabhairt amach as saorchrios

1.   Gan dochar don reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, féadfar earraí i saorchrios a onnmhairiú nó a ath-onnmhairiú amach as críoch chustaim an Aontais, nó a thabhairt isteach i gcuid eile de chríoch chustaim an Aontais.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 102 agus 103 maidir le hearraí a thugtar amach ó shaorchrios go codanna eile de chríoch chustaim an Aontais.

Airteagal 152

Stádas custaim

1.   Ar iarratas ón duine lena mbaineann, bunóidh na húdaráis chustaim stádas custaim mar earraí de chuid an Aontais i gcás na n-earraí seo a leanas:

(a)

earraí de chuid an Aontais a thagann isteach i saorchrios;

(b)

earraí de chuid an Aontais a ndearnadh oibríochtaí próiseála orthu laistigh de shaorchrios;

(c)

earraí arna scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de shaorchrios.

2.   I gcás ina dtabharfar earraí amach as saorchrios agus isteach i gcuid eile de chríoch chustaim an Aontais nó ina gcuirfear faoi nós imeachta custaim iad, measfar iad a bheith ina n-earraí nach de chuid an Aontais iad mura mbeidh a stádas custaim mar earraí de chuid an Aontais cruthaithe.

Mar sin féin, d’fhonn dleacht ar onnmhairí agus ceadúnais onnmhairiúcháin nó bearta rialaithe onnmhairí a leagtar síos faoi chomhbheartais tráchtála nó talmhaíochta a chur i bhfeidhm, measfar gur earraí de chuid an Aontais iad na hearraí sin mura suitear nach bhfuil stádas custaim earraí de chuid an Aontais acu.

CAIBIDIL 4

Úsáid shonrach

Roinn 1

Cead isteach sealadach

Airteagal 153

Raon feidhme

1.   Faoin nós imeachta um chead isteach sealadach, féadfar earraí nach de chuid an Aontais iad a bheartaítear a ath-onnmhairiú a bheith faoi réir úsáid shonrach i gcríoch chustaim an Aontais agus faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach acu ó dhleacht ar allmhairí agus gan a bheith faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)

muirir eile dá bhforáiltear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

(b)

bearta beartais tráchtála seachas na bearta sin lena gcuirtear toirmeasc ar earraí a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó ar iad a thabhairt amach aisti.

2.   Ní fhéadfar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheartaítear aon athrú a dhéanamh ar na hearraí, seachas an gnáth-dhímheas de bharr na húsáide a bhaintear astu;

(b)

is féidir a áirithiú gur féidir na hearraí a cuireadh faoin nós imeachta a shainaithint, ach amháin:

(i)

i gcás nach dóigh, i bhfianaise chineál na n-earraí nó na húsáide atá beartaithe dóibh, go n-eascróidh aon mhí-úsáid as an nós imeachta d’uireasa na mbeart sainaitheanta; nó

(ii)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 133, i gcás inar féidir a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos maidir le hearraí coibhéiseacha;

(c)

i gcás ina n-éilítear é, deonaíodh an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 125 agus leis an Airteagal seo;

(d)

rinneadh na sonraí a éilítear a sholáthar do na húdaráis chustaim nó a chur ar fáil dóibh;

(e)

comhlíontar na ceanglais maidir le faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim;

(f)

tá na hearraí tagtha chuig an áit scaoilte le haghaidh an nós imeachta; agus

(g)

comhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

an úsáid shonrach a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim chun earraí a chur faoin nós imeachta um chead isteach sealadach, dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo, a shonrú.

(c)

na ceanglais a leagan síos maidir le faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo;

Airteagal 154

Tréimhse ina bhféadfaidh earraí fanacht faoin nós imeachta um chead isteach sealadach

1.   Cinnfidh na húdaráis chustaim an tréimhse chun an nós imeachta um chead isteach sealadach a urscaoileadh. Ba cheart an tréimhse sin a bheith fada go leor chun go bhféadfaí an cuspóir maidir le húsáid údaraithe a bhaint amach.

2.   24 mhí an tréimhse uasta ina bhféadfaidh earraí fanacht faoin nós imeachta um chead isteach sealadach chun na críche céanna agus faoi fhreagracht an tsealbhóra chéanna, fiú i gcás inar urscaoileadh an nós imeachta trí na hearraí a chur faoi nós imeachta speisialta eile agus trína gcur faoin nós imeachta um chead isteach sealadach arís ina dhiaidh sin.

3.   I gcás, in imthosca eisceachtúla, nach féidir an úsáid údaraithe a bhaint amach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na húdaráis chustaim síneadh réasúnta a chur leis an tréimhse sin, ar iarratas a bhfuil údar leis ón allmhaireoir.

4.   Ach amháin i gcás teagmhas nárbh fhéidir a thuar, ní rachaidh an tréimhse fhoriomlán ina bhféadfaidh earraí fanacht faoin nós imeachta um chead isteach sealadach thar 10 mbliana.

Airteagal 155

Méid na dleachta ar allmhairí i gcás cead isteach sealadach atá faoi fhaoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí

1.   Socrófar méid na dleachta ar allmhairí maidir le hearraí a chuirfear faoin nós imeachta um chead isteach sealadach faoi fhaoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí ag 3 % de mhéid na dleachta ar allmhairí a bheadh iníoctha maidir leis na hearraí sin dá mba ar an dáta ar cuireadh faoin nós imeachta um chead isteach sealadach iad a scaoileadh na hearraí i saorchúrsaíocht.

Beidh an méid sin iníoctha i leith gach míosa nó gach codáin de mhí inar cuireadh na hearraí faoin nós imeachta um chead isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí.

2.   Ní rachaidh méid iomlán na dleachta ar allmhairí atá iníoctha i gcomhréir le mír 1 thar an méid a bheadh le híoc dá mba ar an dáta a cuireadh faoin nós imeachta um chead isteach sealadach iad a scaoileadh na hearraí atá i gceist i saorchúrsaíocht.

Roinn 2

Úsáid deiridh

Airteagal 156

Nós imeachta úsáide deiridh

1.   Faoin nós imeachta úsáide deiridh, féadfar earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhíolúine ó dhleacht nó faoi ráta laghdaithe dleachta dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais, ar choinníoll go sannann an t-allmhaireoir na hearraí d’úsáid shonrach.

2.   An méid seo a leanas a bheidh sna coinníollacha maidir le hearraí a chur faoin nós imeachta úsáide deiridh:

(a)

deonaíodh an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 125 agus leis an Airteagal seo;

(b)

rinneadh na sonraí a éilítear a sholáthar do na húdaráis chustaim nó a chur ar fáil dóibh;

(c)

íocadh nó ráthaítear aon dleacht ar allmhairí nó aon mhuirear eile atá dlite, lena n-áirítear dleachtanna frithdhumpála, dleachtanna frithchúitimh nó bearta coimirce, mura bhfuil na hearraí faoi réir iarratais ar tharraingt i ndáil le cuóta taraife;

(d)

tá na hearraí tagtha ag an áit scaoilte le haghaidh an nós imeachta; agus

(e)

comhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

3.   I gcás ina bhfuil na hearraí ag céim táirgthe a fhágann nach mbeadh ach an úsáid deiridh fhorordaithe mar thoradh uirthi ó thaobh na heacnamaíochta de, féadfaidh na húdaráis chustaim na coinníollacha a bhunú atá le comhlíonadh chun go measfar gur úsáideadh na hearraí chun na gcríoch a leagtar síos i ngníomhartha dlí an Aontais lena bhforáiltear don díolúine ó dhleacht nó an ráta laghdaithe dleachta.

4.   I gcás ina bhfuil earraí oiriúnach lena n-athúsáid agus ina measann na húdaráis chustaim gurb iomchuí é chun mí-úsáid a sheachaint, leanfaidh an mhaoirseacht chustaim ar feadh tréimhse nach faide ná 2 bhliain ón dáta a mbainfear úsáid astu den chéad uair chun na gcríoch a leagtar síos i ngníomhartha dlí an Aontais lena bhforáiltear don díolúine ó dhleacht nó an ráta laghdaithe dleachta.

5.   I gcás ina n-éillítear ráta toraidh, beidh feidhm ag Airteagal 157 maidir leis an nós imeachta úsáide deiridh.

6.   Fuíoll agus dramhaíl ar toradh iad ar earraí a oibriú nó a phróiseáil i gcomhréir leis an úsáid deiridh fhorordaithe agus caillteanais i ngeall ar dhiomailt nádúrtha, measfar iad mar earraí a shanntar don úsáid deiridh fhorordaithe.

7.   Fuíoll agus dramhaíl ar toradh iad ar dhíothú earraí a chuirtear faoin nós imeachta úsáide deiridh, measfar iad mar earraí a chuirtear faoin nós imeachta stórasaithe custaim.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí atá le soláthar nó a chuirtear ar fáil do na húdaráis chustaim maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta úsáide deiridh a chinneadh, dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo.

CAIBIDIL 5

Próiseáil

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 157

Ráta toraidh

Seachas i gcás ina sonrófar ráta toraidh i ngníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear réimsí sonracha, socróidh na húdaráis chustaim ráta toraidh nó meánráta toraidh na hoibríochta próiseála nó, más iomchuí, an modh trína gcinnfear an ráta sin.

Cinnfear ráta toraidh nó meánráta toraidh na hoibríochta próiseála ar bhonn na gcúinsí iarbhír ina gcuirfear na hoibríochtaí próiseála i gcrích nó ina mbeidh siad le cur i gcrích. Féadfar, i gcás inarb iomchuí, coigeartú a dhéanamh ar an ráta sin i gcomhréir le hAirteagal 12.

Roinn 2

Próiseáil isteach

Airteagal 158

Raon feidhme

1.   Gan dochar d’Airteagal 133, faoin nós imeachta próiseála isteach, féadfar earraí nach de chuid an Aontais iad a úsáid i gcríoch chustaim an Aontais in oibríocht phróiseála amháin nó níos mó gan bheith faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)

dleacht ar allmhairí nó muirir eile, lena n-áirítear dleachtanna frithdhumpála, dleachtanna frithchúitimh nó bearta coimirce;

(b)

bearta beartais tráchtála seachas na bearta sin lena gcuirtear toirmeasc ar earraí a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó ar iad a thabhairt amach aisti.

2.   An méid seo a leanas a bheidh sna coinníollacha maidir le hearraí a chur faoin nós imeachta próiseála isteach:

(a)

deonaíodh an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 125 agus leis an Airteagal seo;

(b)

rinneadh na sonraí a éilítear a sholáthar do na húdaráis chustaim nó a chur ar fáil dóibh;

(c)

comhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm; agus

(d)

tá na hearraí tagtha chuig an áit scaoilte le haghaidh an nós imeachta custaim.

3.   Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an nós imeachta próiseála isteach i gcásanna seachas deisiúchán agus díothú ach amháin ar choinníoll gur féidir na hearraí a cuireadh faoin nós imeachta sin, gan dochar d’úsáid gabhálas táirgthe, a shainaithint sna táirgí próiseáilte.

Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 133, féadfar úsáid a bhaint as an nós imeachta próiseála isteach i gcás inar féidir comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos ann maidir le hearraí coibhéiseacha a fhíorú.

4.   De bhreis ar mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, féadfar an nós imeachta próiseála isteach a úsáid freisin le haghaidh aon cheann de na hearraí seo a leanas:

(a)

earraí a mbeartaítear oibríochtaí a dhéanamh orthu chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais theicniúla maidir lena scaoileadh i saorchúrsaíocht;

(b)

earraí nach mór na gnáthchineálacha láimhseála a dhéanamh orthu i gcomhréir le hAirteagal 132.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí atá le soláthar nó a chuirtear ar fáil do na húdaráis chustaim maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta próiseála isteach a chinneadh, dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo.

Airteagal 159

Tréimhse don urscaoileadh

1.   Sonróidh na húdaráis chustaim an tréimhse d’urscaoileadh an nós imeachta próiseála isteach i gcomhréir le hAirteagal 129.

Rithfidh an tréimhse sin ón dáta a chuirfear na hearraí nach de chuid an Aontais iad faoin nós imeachta próiseála isteach agus cuirfear san áireamh an t-am is gá chun na hoibríochtaí próiseála a thabhairt chun críche agus an nós imeachta sin a urscaoileadh.

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim síneadh réasúnta a chur leis an tréimhse a shonraítear de bhun mhír 1, ar iarratas a bhfuil údar leis ó shealbhóir an údaraithe.

Féadfar a shonrú san údarú go gcríochnóidh tréimhse a thosaíonn le linn míosa, ráithe nó seimeastair ar an lá deireanach de mhí, ráithe nó seimeastar ina dhiaidh sin, faoi seach.

3.   I gcás réamh-onnmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 133(2), pointe (d), sonrófar san údarú an tréimhse ina bhfuil na hearraí nach de chuid an Aontais iad le cur faoin nós imeachta próiseála isteach. Agus an tréimhse sin á sonrú acu, cuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh an t-am is gá chun soláthar agus iompar a dhéanamh go dtí críoch chustaim an Aontais, mar atá léirithe ag an iarratasóir.

Is i míonna a shocrófar an tréimhse sin agus ní rachaidh sí thar 12 mhí. Cuirfear tús léi ón dáta a chuirfear na táirgí próiseáilte a fhaightear ó na hearraí coibhéiseacha comhfhreagracha faoin nós imeachta onnmhairithe.

Airteagal 160

Ath-onnmhairiú sealadach le haghaidh tuilleadh próiseála

1.   Ar iarratas a fháil, féadfaidh na húdaráis chustaim roinnt de na hearraí nó na hearraí ar fad a cuireadh faoin nós imeachta próiseála isteach, nó na táirgí próiseáilte, a údarú lena n-ath-onnmhairiú go sealadach chun críche tuilleadh próiseála lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos chun earraí a ath-onnmhairiú go sealadach le haghaidh tuilleadh próiseála, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Roinn 3

Próiseáil amach

Airteagal 161

Raon feidhme

1.   Faoin nós imeachta próiseála amach, féadfar earraí de chuid an Aontais a onnmhairiú go sealadach ó chríoch chustaim an Aontais chun go ndéanfaí oibríochtaí próiseála orthu. Féadfar na táirgí próiseáilte a dhéanfar as na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi fhaoiseamh iomlán nó faoi fhaoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí ar iarratas ó shealbhóir an údaraithe, nó ó aon duine eile atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais a fuair toiliú shealbhóir an údaraithe, agus ar choinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha an údaraithe.

2.   An méid seo a leanas a bheidh sna coinníollacha maidir le hearraí a chur faoi phróiseáil amach:

(a)

deonaíodh an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 125 agus leis an Airteagal seo;

(b)

soláthraíodh nó cuireadh ar fáil do na húdaráis chustaim na sonraí is gá;

(c)

íocadh nó ráthaítear aon dleacht ar onnmhairí nó aon mhuirear eile atá dlite; agus

(d)

comhlíonann na hearraí an reachtaíocht ábhartha eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm.

3.   Ní dheonóidh na húdaráis chustaim údarú le haghaidh nós imeachta próiseála amach i gcás aon cheann de na hearraí de chuid an Aontais seo a leanas:

(a)

earraí a mbeadh aisíocaíocht nó loghadh dleachta ar allmhairí mar thoradh ar a n-onnmhairiú;

(b)

earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi dhíolúine ó dhleacht nó faoi ráta laghdaithe dleachta de bhua a n-úsáide deiridh, sular onnmhairíodh iad, fad nach mbeidh cuspóirí na húsáide deiridh sin comhlíonta, seachas má dhéantar oibríochtaí deisiúcháin ar na hearraí sin;

(c)

earraí a ndeonaítear buntáiste airgeadais ina leith faoin gcomhbheartas talmhaíochta de bhua onnmhairiú na n-earraí sin.

4.   Sonróidh na húdaráis chustaim an tréimhse ina bhfuil earraí a onnmhairítear go sealadach le hath-allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais i bhfoirm táirgí próiseáilte agus le scaoileadh i saorchúrsaíocht, chun bheith in ann leas a bhaint as faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí. Féadfaidh siad síneadh réasúnta leis an tréimhse sin a dheonú, ar iarratas a bhfuil údar leis ó shealbhóir an údaraithe.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí atá le soláthar nó le cur ar fáil do na húdaráis chustaim maidir le hearraí a chur faoin nós imeachta próiseála amach a chinneadh, dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo.

Airteagal 162

Earraí a deisíodh nó earraí ar cuireadh earraí nua ina n-ionad saor in aisce

1.   I gcás ina ndeimhneofar chun sástacht na n-údarás custaim gur deisíodh earraí saor in aisce nó gur cuireadh earraí nua ar fáil in ionad na n-earraí bunaidh saor in aisce, de bharr oibleagáid chonarthach nó de bharr oibleagáid reachtúil a d’eascair as ráthaíocht nó de bharr fabht déantúsaíochta nó fabht san ábhar, nó toisc nár chomhlíon na hearraí na sonraíochtaí a d’iarr an ceannaitheoir ar dhíoltóir na n-earraí, deonófar faoiseamh iomlán ina leith ó dhleacht ar allmhairí.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inar cuireadh an fabht monaraíochta nó an fabht san ábhar san áireamh tráth a scaoileadh na hearraí lena mbaineann i saorchúrsaíocht den chéad uair.

Airteagal 163

Earraí arna ndeisiú nó arna n-athrú i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta

1.   Deonófar faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí do tháirgí próiseáilte de thoradh ar earraí atá faoin nós imeachta próiseála amach i gcás ina ndeimhneofar an méid seo a leanas chun sástacht na n-údarás custaim:

(a)

deisíodh nó athraíodh na hearraí i dtríú tír a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích ag an Aontas léi lena bhforáiltear an faoiseamh sin; agus

(b)

tá na coinníollacha le haghaidh an fhaoisimh ó dhleacht ar allmhairí a leagtar síos sa chomhaontú dá dtagraítear i bpointe (a) comhlíonta.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le táirgí próiseáilte de thoradh ar earraí coibhéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 133 ná maidir le táirgí athsholáthair dá dtagraítear in Airteagail 164 agus 165.

Airteagal 164

Córas malartaithe caighdeánach

1.   Faoin gcóras malartaithe caighdeánach, féadfaidh táirge allmhairithe (‘táirge athsholáthair’) ionad táirge phróiseáilte a ghabháil i gcomhréir le míreanna 2 go 5.

2.   Údaróidh na húdaráis chustaim, ar iarratas a fháil, an córas malartaithe caighdeánach a úsáidfear nuair a bhainfidh an oibríocht próiseála le deisiúchán earraí fabhtacha Aontais seachas na hearraí atá faoi réir bearta a leagtar síos faoin gcomhbheartas talmhaíochta nó faoi réir na socruithe sonracha atá infheidhme maidir le hearraí áirithe a eascraíonn as próiseáil táirgí talmhaíochta.

3.   Beidh an cód Ainmníochta Comhcheangailte 8 ndigit céanna, an cháilíocht tráchtála chéanna agus na tréithe teicniúla céanna ag na táirgí athsholáthair agus a bheadh ag na hearraí fabhtacha dá ndéanfaí iad a dheisiú.

4.   I gcás inar baineadh úsáid as na hearraí fabhtacha sular onnmhairíodh iad, ní mór úsáid a bheith bainte as na táirgí athsholáthair freisin.

Tarscaoilfidh na húdaráis chustaim an ceanglas sin, áfach, más rud é gur cuireadh an táirge athsholáthair ar fáil saor in aisce, de bharr oibleagáid chonarthach nó de bharr oibleagáid reachtúil mar chuid de ráthaíocht nó de bharr fabht sa déantúsaíocht nó san ábhar.

5.   Na forálacha a bheadh infheidhme maidir leis na táirgí próiseáilte, beidh feidhm acu freisin maidir leis na táirgí athsholáthair.

Airteagal 165

Réamh-allmhairiú táirgí athsholáthair

1.   Faoi na coinníollacha a leagann siad síos agus ar iarratas ón duine lena mbaineann, údaróidh na húdaráis chustaim táirgí athsholáthair a allmhairiú sula n-onnmhaireofar na hearraí fabhtacha.

I gcás ina ndéanfar an réamh-allmhairiú sin ar tháirge athsholáthair, cuirfear ráthaíocht ar fáil lena gcumhdófar méid na dleachta ar allmhairí a bheadh le híoc i gcás nach n-onnmhaireofaí na hearraí lochtacha i gcomhréir le mír 2.

2.   Onnmhaireofar na hearraí lochtacha laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta a scaoilfear na táirgí athsholáthair i saorchúrsaíocht.

3.   I gcás, in imthosca eisceachtúla, nach féidir na hearraí lochtacha a onnmhairiú laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na húdaráis chustaim síneadh réasúnta a chur leis an tréimhse sin, ar iarratas a bhfuil údar leis ó shealbhóir an údaraithe.

TEIDEAL IX

RANGÚ DE RÉIR TARAIFE, TIONSCNAMH EARRAÍ AGUS LUACH CUSTAIM EARRAÍ

CAIBIDIL 1

Comhtharaif Chustaim agus rangú earraí de réir taraife

Airteagal 166

Comhtharaif Chustaim agus faireachas custaim

1.   Beidh dleacht a dhlitear ar allmhairí agus ar onnmhairí bunaithe ar an gComhtharaif Custaim.

Déanfar bearta eile a fhorordóidh forálacha an Aontais lena rialófar réimsí sonracha i ndáil le trádáil earraí a chur i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí sin, i gcomhréir le rangú na n-earraí sin de réir taraife.

2.   Cuimseofar na nithe uile seo a leanas sa Chomhtharaif Custaim:

(a)

an Ainmníocht Chomhcheangailte;

(b)

aon ainmníocht eile bunaithe go hiomlán nó go páirteach ar an Ainmníocht Chomhcheangailte, nó a fhorálann do bhreis foranna léi, agus a bhunaítear le gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena rialaítear réimsí sonracha d’fhonn bearta taraife i ndáil le trádáil earraí a chur i bhfeidhm;

(c)

an dleacht uathrialach traidisiúnta nó an gnáthdhleacht uathrialach chustaim is infheidhme maidir le hearraí a chumhdaítear leis an Ainmníocht Chomhcheangailte;

(d)

na bearta fabhracha taraife atá i gcomhaontuithe a thug an tAontas i gcrích le tríú tíortha áirithe nó le grúpaí tríú tíortha;

(e)

na bearta fabhracha taraife a ghlac an tAontas go haontaobhach i ndáil le tríú tíortha áirithe le grúpaí tríú tíortha;

(f)

bearta uathrialacha lena bhforáiltear do laghdú nó do dhíolúine ó dhleacht chustaim i leith earraí áirithe;

(g)

cóireáil fhabhrach taraife a shonraítear le haghaidh earraí áirithe mar gheall ar a gcineál nó ar a n-úsáid deiridh, faoi chuimsiú na mbeart dá dtagraítear faoi phointí (c) go (f) nó pointe (h);

(h)

bearta eile dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann leis an mbeartas talmhaíochta, leis an mbeartas tráchtála nó le réimsí eile atá bunaithe ar rangú na n-earraí de réir taraife, go háirithe dleachtanna frithdhumpála sealadacha nó cinntitheacha, dleachta frithchúitimh nó bearta coimirce.

3.   I gcás ina gcomhlíonann na hearraí lena mbaineann na coinníollacha a bheidh sna bearta dá dtagraítear i mír 2, pointí (d) go (g), féadfaidh feidhm a bheith ag na bearta sin in ionad na mbeart dá bhforáiltear i bpointe (c) den mhír sin. Féadfar na bearta sin dá dtagraítear i mír 2, pointí (d) go (g), a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, ar choinníoll go gcloífear leis na teorainneacha ama agus leis na coinníollacha a leagtar síos sa bheart ábhartha nó sa Rialachán seo agus:

(a)

a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos i mír 2, pointí (d) agus (e), déanfaidh na bearta sin foráil maidir leis an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach sin;

(b)

a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos i mír 2, pointe (d), ceadóidh an tríú tír nó an grúpa de thríú tíortha an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin.

4.   I gcás ina ndéanfar cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i mír 2, pointí (d) go (g), nó an díolúine ó bhearta dá dtagraítear i bpointe (h) den mhír sin a theorannú do thoirt áirithe allmhairí nó onnmhairí, scoirfidh an cur i bhfeidhm sin nó an díolúine sin, i gcás cuótaí taraife nó cuótaí eile, a luaithe a ghnóthófar an méid sonraithe allmhairí nó onnmhairí.

I gcás uasteorainneacha taraife, scoirfear de na bearta sin a chur i bhfeidhm de bhua gníomh dlí ón Aontas.

5.   Féadfaidh an Coimisiún scaoileadh i saorchúrsaíocht na n-earraí, a n-onnmhairiú agus an próiseas lena gcuirfear na hearraí faoi nósanna imeachta speisialta áirithe a chur faoi fhaireachas custaim chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 41(4).

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na bearta maidir le bainistiú aonfhoirmeach na gcuótaí taraife agus cuótaí eile agus na n-uasteorainneacha taraife dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus maidir le bainistiú an fhaireachais custaim dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 167

Rangú earraí de réir taraife

1.   Chun an Chomhtharaif Chustaim a chur i bhfeidhm, is éard a bheidh i rangú earraí de réir taraife ceann d’fho-cheannteidil nó d’fhoranna breise na hAinmníochta Comhcheangailte faoina mbeidh na hearraí sin le rangú a chinneadh.

2.   Chun na bearta neamhtharaife a chur i bhfeidhm, is éard a bheidh i rangú earraí de réir taraife ceann d’fho-cheannteidil nó d’fhoranna breise na hAinmníochta Comhcheangailte faoina mbeidh na hearraí sin le rangú, nó ceann d’fho-cheannteidil nó d’fhoranna breise aon ainmníochta eile a shocrófar le forálacha de chuid an Aontais agus a bhunófar go hiomlán nó go páirteach ar an Ainmníocht Chomhcheangailte nó a fhorálfaidh do bhreis foranna a chur léi, faoina mbeidh na hearraí sin le rangú a chinneadh.

3.   Bainfear úsáid as an bhfo-cheannteideal nó as an bhforoinn bhreise a chinnfear i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 chun na bearta a bhfuil ceangal idir iad agus an fo-cheannteideal sin a chur i bhfeidhm.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rangú earraí de réir taraife a chinneadh i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis an ngá a áirithiú go mear go gcuirfear an Ainmníocht Chomhcheangailte i bhfeidhm i gceart agus go haonfhoirmeach, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 283(5).

CAIBIDIL 2

Tionscnamh earraí

Airteagal 168

Tionscnamh neamhfhabhrach

Úsáidfear na rialacha maidir le tionscnamh neamhfhabhrach earraí a chinneadh, a leagtar síos in Airteagail 169 agus 170, chun na nithe a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

an Chomhtharaif Chustaim, ach amháin na bearta dá dtagraítear in Airteagail 166(2), pointí (d) agus (e);

(b)

bearta, seachas bearta taraife, a bhunaítear le gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena rialaítear réimsí sonracha a bhaineann le trádáil earraí; agus

(c)

bearta eile de chuid an Aontais a bhaineann le tionscnamh earraí.

Airteagal 169

Éadáil tionscnaimh neamhfhabhraigh

1.   Earraí a fhaightear go hiomlán i dtír amháin nó i gcríoch amháin, measfar go bhfuil a n-áit tionscnaimh sa tír sin nó sa chríoch sin.

2.   Earraí a bhfuil níos mó ná tír nó críoch amháin bainteach lena dtáirgeadh, measfar gur de thionscnamh na tíre nó na críche ina ndearnadh an phróiseáil shubstainteach dheireanach nó an t-oibriú substainteach deireanach orthu iad, a raibh údar leis an bpróiseáil sin nó leis an oibriú sin ó thaobh na heacnamaíochta de, i ngnóthas a fheistítear chun na críche sin, a raibh monarú táirge nua mar thoradh air nó ar chéim thábhachtach sa mhonarú é.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan síos faoina measfar go bhfuarthas earraí, a bhfuil cinneadh maidir le tionscnamh neamhfhabhrach ag teastáil ina leith chun bearta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 168 a chur i bhfeidhm, go hiomlán i dtír nó i gcríoch amháin nó a meastar go ndearnadh an phróiseáil shubstainteach dheireanach nó an t-oibriú substainteach deireanach orthu, a raibh údar leo ó thaobh na heacnamaíochta de, i ngnóthas a fheistítear chun na críche sin, a bhfuil monarú táirge nua mar thoradh ar an bpróiseáil nó an t-oibriú sin nó ar céim thábhachtach sa mhonarú iad i dtír nó i gcríoch, i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 170

Cruthúnas ar thionscnamh neamhfhabhrach

1.   I gcás ina bhfuil tionscnamh na n-earraí curtha in iúl ag an allmhaireoir de bhun na reachtaíochta custaim, féadfaidh na húdaráis chustaim a cheangal ar an allmhaireoir tionscnamh na n-earraí sin a chruthú.

2.   I gcás ina gcuirfear ar fáil cruthúnas ar thionscnamh earraí de bhun na reachtaíochta custaim nó de bhun ghníomhartha dlí eile an Aontais lena rialaítear réimsí áirithe, féadfaidh na húdaráis chustaim, i gcás amhras réasúnach, aon fhianaise bhreise a éileamh a theastaíonn lena áirithiú go gcomhlíonfaidh sonrú an tionscnaimh na rialacha a leagfar síos leis an ngníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais.

3.   I gcás ina n-éileoidh riachtanais trádála amhlaidh, féadfar doiciméad lena gcruthófar tionscnamh na n-earraí a eisiúint san Aontas, i gcomhréir leis na rialacha tionscnaimh atá i bhfeidhm sa tír nó sa chríoch cinn scríbe nó le haon mhodh eile lena n-aithnítear an tír ina bhfuarthas na hearraí sin go hiomlán nó ina ndearnadh an claochlú substainteach deireanach orthu.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir le cruthúnas ar thionscnamh earraí a sholáthar agus a fhíorú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 171

Tionscnamh fabhrach

1.   Le go dtairbheoidh siad de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 166(2), pointe (d) nó (e), nó de bhearta fabhracha neamhtharaife, comhlíonfaidh earraí na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach dá dtagraítear i mír 2 go 5 den Airteagal seo.

2.   I gcás earraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha atá i gcomhaontuithe a thug an tAontas i gcrích le tríú tíortha áirithe nó le grúpaí de na tíortha sin, is iad na rialacha sin a leagtar síos sna comhaontuithe sin a bheidh ina rialacha maidir le tionscnamh fabhrach.

3.   I gcás earraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha is infheidhme sa trádáil idir críoch chustaim an Aontais agus Ceuta agus Melilla mar atá i bPrótacal 2 atá i gceangal le hIonstraim Aontachais 1985, is iad na rialacha sin a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 9 den Phrótacal sin a bheidh ina rialacha maidir le tionscnamh fabhrach.

4.   I gcás earraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha atá i socruithe fabhracha i bhfabhar na dtíortha agus na gcríocha thar lear atá comhlachaithe leis an Aontas, is iad na rialacha sin a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 203 CFAE a bheidh ina rialacha maidir le tionscnamh fabhrach.

5.   Ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do thír is tairbhí nó do chríoch is tairbhí, féadfaidh an Coimisiún, le haghaidh earraí áirithe, maolú sealadach ó na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach dá dtagraítear i mír 9 (‘maolú sealadach’) a dheonú ar an tír nó ar an gcríoch sin.

Tabharfar údar leis an maolú sealadach ag féachaint do cheann amháin de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

le gnéithe inmheánacha nó seachtracha, baintear an cumas na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a chomhlíonadh den tír is tairbhí nó den chríoch is tairbhí go sealadach;

(b)

teastaíonn am ón tír is tairbhí nó ón gcríoch is tairbhí chun í féin a ullmhú chun na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a chomhlíonadh.

6.   Cuirfidh an tír is tairbhí nó an chríoch is tairbhí lena mbaineann iarratas ar mhaolú sealadach faoi bhráid an Choimisiúin. Luafar san iarratas sin, mar a chuirtear in iúl i mír 5, an dara fomhír, cén fáth a bhfuil gá leis an maolú sealadach agus beidh na doiciméid tacaíochta iomchuí ann.

7.   Beidh an maolú sealadach teoranta do thréimhse éifeachtaí na ngnéithe inmheánacha nó seachtracha arbh iad ba chúis leis nó an tréimhse ama a bheidh ag teastáil ón tír is tairbhí nó ón gcríoch is tairbhí chun comhlíonadh na rialacha a bhaint amach.

8.   I gcás ina ndeonófar maolú sealadach, comhlíonfaidh an tír is tairbhí nó an chríoch is tairbhí lena mbaineann aon cheanglas a leagtar síos maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil don Choimisiún i ndáil le húsáid an mhaolaithe agus le bainistiú na gcainníochtaí a ndeonaítear an maolú sealadach ina leith.

9.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le tionscnamh fabhrach a mhéid a bhaineann le hearraí a thairbhíonn de bhearta fabhracha a ghlac an tAontas go haontaobhach i ndáil le tríú tíortha áirithe nó grúpaí de na tíortha sin, seachas na tíortha sin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Bunófar na rialacha sin ar an gcritéar go bhfaightear na hearraí go hiomlán as próiseáil nó as oibriú leordhóthanach nó ar an gcritéar go bhfuil na hearraí mar thoradh ar phróiseáil nó ar oibriú leordhóthanach.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndéantar an méid a leanas:

(a)

na rialacha nós imeachta a leagan síos maidir le tionscnamh fabhrach earraí chun críocha na mbeart dá dtagraítear i mír 1;

(b)

beart a leagan síos lena ndeonaítear an maolú sealadach do thír is tairbhí nó do chríoch is tairbhí.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 172

Cinneadh maidir le tionscnamh earraí sonracha

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos bearta chun tionscnamh earraí sonracha a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha tionscnaimh is infheidhme maidir leis na hearraí sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis an ngá a áirithiú go mear go gcuirfear na rialacha maidir le tionscnamh i bhfeidhm i gceart agus go haonfhoirmeach, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 283(5).

CAIBIDIL 3

Luach earraí chun críoch custaim

Airteagal 173

Raon feidhme

Cinnfear, i gcomhréir le hAirteagail 174 agus 179, luach custaim earraí chun críocha chur i bhfeidhm na Comhtharaife Custaim agus na mbeart neamhtharaife a leagfar síos le gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena rialaítear réimsí sonracha a bhaineann le trádáil earraí (‘luach custaim’).

Airteagal 174

Modh luachála custaim bunaithe ar luach an idirbhirt

1.   Is é príomhbhunús luach custaim luach an idirbhirt, is é sin an praghas iarbhír a íocadh nó an praghas iarbhír a bheidh le híoc i leith earraí nuair a dhíoltar iad lena n-onnmhairiú go dtí críoch chustaim an Aontais, arna choigeartú i gcomhréir le hAirteagail 176 agus 177.

2.   An praghas iarbhír a íocadh nó an praghas iarbhír a bheidh le híoc dá dtagraítear i mír 1, is éard a bheidh ann an íocaíocht iomlán a dhéanann nó a dhéanfaidh an ceannaitheoir leis an díoltóir, nó a dhéanann nó a dhéanfaidh an ceannaitheoir le tríú páirtí chun leasa an díoltóra, ar na hearraí allmhairithe agus cuimsíonn sé na híocaíochtaí uile a rinneadh nó a bheidh le déanamh mar choinníoll a ghabhann le díol na n-earraí allmhairithe.

3.   Úsáidfear luach an idirbhirt dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl aon srianta ar an díoltóir maidir le diúscairt nó le húsáid na n-earraí, seachas ceann ar bith de na srianta seo a leanas:

(i)

srianta a fhorchuirtear nó a cheanglaítear le dlí nó a fhorchuireann nó a cheanglaíonn údaráis phoiblí san Aontas;

(ii)

teorainneacha an limistéir gheografaigh inar féidir na hearraí a athdhíol;

(iii)

srianta nach ndéanann difear substainteach do luach custaim na n-earraí lena mbaineann;

(b)

ní bheidh an díol ná an praghas faoi réir aon choinníll nó aon toisce nach féidir a luach a chinneadh i ndáil leis na hearraí a bheidh á luacháil;

(c)

ní fhabhróidh aon chuid d’fháltas aon athdhíola, ná aon diúscartha ná aon athúsáide earraí ag an díoltóir ina dhiaidh sin, go díreach nó go hindíreach don díoltóir, murar féidir coigeartú iomchuí a dhéanamh; agus

(d)

níl gaol ag an díoltóir leis an gceannaitheoir nó ní raibh tionchar ag an ngaol ar an bpraghas.

Airteagal 175

Luach an idirbhirt le haghaidh earraí a cheannaítear i gciandíolacháin

1.   Cinnfear luach an idirbhirt d’earraí a cheannaítear i gciandíolachán ar bhonn an díolacháin sin.

2.   I gcás ina gceannaítear na hearraí i gciandíol le linn dóibh a bheith curtha faoin nós imeachta stórasaithe custaim i gcomhréir le hAirteagal 145, tar éis iad a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais, cinnfear luach an idirbhirt ar bhonn an díolacháin sin.

Airteagal 176

Gnéithe de luach an idirbhirt

1.   Agus an luach custaim á chinneadh faoi Airteagal 174, cuirfear na gnéithe seo a leanas leis an bpraghas iarbhír a íocadh nó an praghas iarbhír atá le híoc ar na hearraí allmhairithe:

(a)

na nithe seo a leanas, a mhéid a thabhaíonn an ceannaitheoir iad ach nach n-áirítear iad sa phraghas a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír ar na hearraí:

(i)

coimisiún agus bróicéireacht, ach amháin coimisiún ceannaigh;

(ii)

costas na ngabhdán a mbreathnaítear orthu, chun críoch custaim, bheith mar chuid de na hearraí atá i gceist; agus

(iii)

costas an phacáistithe, bíodh sin le haghaidh saothair nó ábhar;

(b)

luach na n-earraí agus na seirbhísí a leanas, cionroinnte de réir mar is iomchuí, i gcás ina soláthraíonn an ceannaitheoir iad go díreach nó go hindíreach saor in aisce nó ar chostas laghdaithe chun leas a bhaint astu i dtaca leis na hearraí allmhairithe a tháirgeadh nó a dhíol le haghaidh onnmhairiú, a mhéid nach n-áiríodh an luach sin sa phraghas a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír:

(i)

ábhair, comhpháirteanna, codanna agus ítimí comhchosúla a chorpraítear sna hearraí allmhairithe;

(ii)

uirlisí, ruaimeanna, múnlaí agus ítimí comhchosúla a úsáidtear chun táirgí allmhairithe a phróiseáil;

(iii)

ábhair a caitheadh chun táirgí allmhairithe a phróiseáil; agus

(iv)

innealtóireacht, forbairt, obair ealaíne, dearthóireacht, agus bonnchlónna agus sceitsí a rinneadh in áit éigin eile lasmuigh den Aontas agus is gá chun na táirgí allmhairithe a phróiseáil;

(c)

ríchíosanna agus táillí ceadúnais a bhaineann leis na hearraí atá á luacháil a gcaithfidh an ceannaitheoir íoc astu, go díreach nó go hindíreach, mar choinníoll a ghabhann le díol na n-earraí atá á luacháil, a mhéid nach n-áirítear na ríchíosanna ná na táillí sin sa phraghas a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír;

(d)

luach aon chuid d’fháltas aon athdhíola, aon diúscartha nó aon athúsáide earraí a fhabhróidh go díreach nó go hindíreach don díoltóir; agus

(e)

na costais seo a leanas go dtí an áit a dtabharfar na hearraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais:

(i)

an costas a ghabhann leis na hearraí allmhairithe a iompar agus a árachú; agus

(ii)

muirir luchtaithe agus láimhseála a bhaineann leis na hearraí allmhairithe a iompar.

2.   Is ar bhonn sonraí oibiachtúla, inchainníochtaithe amháin a chuirfear leis an bpraghas a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír de bhun mhír 1.

3.   Ní chuirfear aon bhreis leis an bpraghas a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír agus an luach custaim á chinneadh, ach amháin mar a fhoráiltear san Airteagal seo.

Airteagal 177

Gnéithe nach n-áireofar leis an luach custaim

Agus an luach custaim á chinneadh faoi Airteagal 174, ní áireofar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an costas a bhaineann leis na hearraí allmhairithe a iompar ar dhul isteach dóibh i gcríoch chustaim an Aontais;

(b)

muirir ar na hearraí allmhairithe ar nós gléasra, innealra nó trealamh tionsclaíoch a thógáil, a chur in airde, a chur le chéile, a chothabháil nó cúnamh teicniúil a thabhairt dóibh agus a dhéanfar ar dhul isteach i gcríoch chustaim an Aontais dóibh;

(c)

muirir ar ús faoi shocrú maoiniúcháin a rinne an ceannaitheoir agus a bhaineann leis na hearraí allmhairithe a cheannach, beag beann ar an é an díoltóir nó duine eile a chuir an maoiniú sin ar fáil, ar choinníoll go ndearnadh an socrú maoiniúcháin i scríbhinn agus má éilítear sin, gur féidir leis an gceannaitheoir a léiriú go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(i)

díoltar na hearraí i ndáiríre ar an bpraghas a dhearbhaítear gurb é an praghas é a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír;

(ii)

ní sháraíonn an ráta úis a éilítear an leibhéal a bheidh i réim do na hidirbhearta sin sa tír ina gcuirtear an maoiniú ar fáil ag an am sin;

(d)

muirir ar an gceart na hearraí allmhairithe a atáirgeadh san Aontas;

(e)

coimisiún ceannaigh;

(f)

dleachta ar allmhairí nó muirir eile atá iníoctha san Aontas mar gheall ar na hearraí a allmhairiú nó a dhíol;

(g)

d’ainneoin Airteagal 176(1), pointe (c), íocaíochtaí a rinne an ceannaitheoir ionas go mbeadh sé de cheart aige na hearraí allmhairithe a dháileadh nó a dhíol an athuair, murar coinníoll iad na híocaíochtaí sin a ghabhann le díol na n-earraí le haghaidh onnmhairiú leis an Aontas.

Airteagal 178

Simplithe

1.   Féadfaidh na húdaráis chustaim, ar iarratas a fháil, údarú a thabhairt na méideanna a leanas a chinneadh bunaithe ar chritéir shonracha i gcás nach mbeidh na méideanna sin inchainníochtaithe ar an dáta a ghlacfar leis an dearbhú custaim nó ar an dáta nach mór na sonraí a bheith ar fáil do na húdaráis chustaim:

(a)

méideanna a áireofar sa luach custaim i gcomhréir le hAirteagal 174(2); agus

(b)

na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 176 agus in Airteagal 177.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis an údarú a dheonú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 179

Modhanna tánaisteacha luachála custaim

1.   I gcás nach bhféadfar an luach custaim a chinneadh faoi Airteagal 174, cinnfear é trí dhul go seicheamhach ó phointe (a) go dtí pointe (d) de mhír 2, go dtí go sroichfear an chéad phointe faoinar féidir an luach custaim a chinneadh.

Déanfar ord chur i bhfeidhm phointí (c) agus (d) de mhír 2 a mhalartú má éilíonn an t-allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme, an dearbhóir é sin.

2.   Is éard a bheidh sa luach custaim, de bhun mhír 1:

(a)

luach idirbhirt earraí comhionanna a dhíolfar lena n-onnmhairiú go dtí críoch chustaim an Aontais agus a onnmhaireofar an tráth céanna nó thart ar an tráth céanna leis na hearraí a bheidh á luacháil;

(b)

luach idirbhirt earraí dá macasamhail a dhíolfar lena n-onnmhairiú go dtí críoch chustaim an Aontais agus a onnmhaireofar an tráth céanna nó thart ar an tráth céanna leis na hearraí a bheidh á luacháil;

(c)

an luach a bheidh bunaithe ar an bpraghas aonaid ar a ndéanfar na hearraí allmhairithe, nó earraí is ionann leo nó earraí allmhairithe dá macasamhail a dhíol i gcríoch chustaim an Aontais sa mhéid comhiomlán is mó le daoine nach bhfuil gaol acu leis na díoltóirí; nó

(d)

an luach ríofa, ar a mbeidh suim na nithe seo a leanas:

(i)

costas nó luach na n-ábhar agus an mhonaraithe nó próiseála eile a mbaintear leas as chun na hearraí allmhairithe a tháirgeadh;

(ii)

méid an bhrabúis agus an chostais ghinearálta atá comhionann leis an méid a léirítear de ghnáth i ndíolachán earraí den aicme nó den chineál céanna is atá na hearraí atá á luacháil agus a tháirgeann táirgeoirí sa tír onnmhairiúcháin lena n-onnmhairiú leis an Aontas;

(iii)

costas nó luach na ngnéithe dá dtagraítear in Airteagal 176(1), pointe (e).

3.   I gcás nach bhféadfar an luach custaim a chinneadh faoi mhír 1 den Airteagal seo, cinnfear é ar bhonn sonraí a bheidh ar fáil i gcríoch chustaim an Aontais, agus úsáid á baint as modhanna réasúnacha a bheidh ag luí le prionsabail agus le forálacha ginearálta an mhéid uile seo a leanas:

(a)

an Comhaontú maidir le Cur Chun Feidhme Airteagal VII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil;

(b)

Airteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil;

(c)

an Chaibidil seo.

4.   I gcás ciandíola, i gcás nach ndíbríonn an t-allmhaireoir amhras réasúnach maidir le cé acu a léiríonn nó nach léiríonn an luach idirbhirt dearbhaithe an praghas iomlán a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír dá dtagraítear in Airteagal 174(1), féadfaidh na húdaráis chustaim an modh luachála tánaisteach iomchuí a úsáid chun luach custaim na n-earraí sin a athshainiú. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag an allmhaireoir an fhaisnéis is gá a sholáthar, laistigh de theorainn ama réasúnta, chun údar a thabhairt go bhféadfar an luach custaim a chinneadh ar an mbealach a fhorordaítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 180

Luach custaim chun críoch dleachta ar onnmhairí

1.   I gcás ina mbunófar dleachtanna ar onnmhairí, cinnfear an luach chun críoch dleachta ar onnmhairí ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a)

an praghas a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír i leith na n-earraí nuair a dhíoltar iad lena n-onnmhairiú ó chríoch chustaim an Aontais, ar choinníoll nach bhfuil gaol idir an ceannaitheoir agus an díoltóir nó nach raibh tionchar ag a ngaol ar an bpraghas sin, arna choigeartú, i gcás inar gá, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, agus mar thoradh ar na sonraí a chuir an t-onnmhaireoir ar fáil; nó

(b)

luach bunaithe ar shonraí oibiachtúla infhíoraithe, lena n-áirítear praghas margaidh earraí comhionanna nó comhchosúla a onnmhairítear ón Aontas san áit chéanna agus ag an am céanna, i gcás nach bhfuil an praghas dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar fáil, ina bhfuil sé neamhiomlán nó nach léiríonn sé luach eacnamaíoch na n-earraí.

2.   Áireofar leis an luach chun críoch dleachta ar onnmhairí na costais ar fad a bhaineann go díreach leis an idirbheart onnmhairiúcháin.

3.   Ní áireofar le an luach chun críoch dleachta ar onnmhairí costais a thabhaítear tar éis do na hearraí críoch chustaim an Aontais a fhágáil ná aon íocaíochtaí nach mbaineann leis na hearraí onnmhairithe.

4.   I gcás inar gá, féadfaidh na húdaráis chustaim fianaise bhreise a iarraidh chun na sonraí a chuir an t-onnmhaireoir ar fáil a fhíorú nó chun an luach a chinneadh chun críoch dleachta ar onnmhairí i gcomhréir leis an Airteagal seo.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí a chinneadh a éilítear chun an luach custaim a chinneadh chun críoch dleachta ar onnmhairí dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 181

Rialacha nós imeachta chun an luach custaim a chinneadh

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta lena ndéanfar an méid a leanas:

(a)

an luach custaim a chinneadh ar bhonn luach an idirbhirt, i gcomhréir le hAirteagal 174(1) agus (2), lena n-áirítear rialacha nós imeachta chun an praghas a íocadh iarbhír nó atá iníoctha iarbhír a choigeartú, i gcomhréir le hAirteagail 176 agus 177, agus chun na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 174(3) a chur i bhfeidhm;

(b)

an luach custaim a chinneadh trí mhodhanna tánaisteacha, i gcomhréir le hAirteagal 179;

(c)

an luach custaim a chinneadh chun críoch dleachta ar onnmhairí, i gcomhréir le hAirteagal 180.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 182

An luach custaim a chinneadh i gcásanna sonracha

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos bearta lena mbunaítear an modh iomchuí luachála custaim nó na critéir a bheidh le húsáid chun luach custaim earraí a chinneadh i gcásanna sonracha, lena n-áirítear an ciandíol. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar leo i ndáil leis na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, a mhéid a bhaineann leis an ngá a áirithiú go mear go gcuirfear rialacha maidir le cinneadh luacha custaim earraí i bhfeidhm i gceart agus go haonfhoirmeach, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 283(5).

TEIDEAL X

FIACHA CUSTAIM AGUS RÁTHAÍOCHTAÍ

CAIBIDIL 1

Fiach custaim a thabhú

Roinn 1

Fiach custaim i dtaca le hallmhairiú

Airteagal 183

Scaoileadh i saorchúrsaíocht agus cead isteach sealadach

1.   Tabhófar fiach custaim ar allmhairiú chun na hearraí a chur faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht nó faoin nós imeachta um chead isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí nó faoin nós imeachta úsáide deiridh nuair a thabharfaidh an t-allmhaireoir fógra maidir le hinfhaighteacht na n-earraí i gcomhréir le hAirteagal 74(1).

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, tabhófar an fiach custaim ar an méid seo a leanas:

(a)

scaoileadh na n-earraí, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 205(5);

(b)

glacadh an dearbhaithe custaim, i gcás inarb infheidhme, go dtí an 28 Feabhra 2034;

(c)

glacadh na híocaíochta ag an duine a roghnaigh scéim IIFA a úsáid.

3.   Is é an t-allmhaireoir a bheidh ina fhéichiúnaí. I gcás ionadaíocht indíreach, beidh an t-ionadaí custaim agus an duine a ngníomhaíonn an t-ionadaí custaim thar a cheann ina bhféichiúnaithe agus beidh siad beirt faoi dhliteanas an fhéich custaim i gcomhpháirt agus go leithleach.

4.   Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil chun críoch na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb é toradh na gníomhaíochta sin nár bailíodh an dleacht ar allmhairí go hiomlán ná go páirteach, is é an duine a sholáthair an fhaisnéis sin agus arbh eol dó nó di, nó ar cheart go réasúnach gurbh eol dó nó di, go raibh an fhaisnéis sin bréagach a bheidh ina fhéichiúnaí.

5.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, i gcás ina dtaiscfear dearbhú custaim, is é an dearbhóir a bheidh ina fhéichiúnaí. I gcás ionadaíocht indíreach, beidh an duine a ngníomhaíonn an t-ionadaí custaim thar a cheann ina fhéichiúnaí freisin.

Airteagal 184

Forálacha speisialta a bhaineann le hearraí neamhthionscnaimh

1.   Tabhófar fiach custaim tráth scaoileadh na dtáirgí lena n-ath-onnmhairiú sna cásanna seo a leanas:

(a)

foráiltear, le comhaontú fabhrach idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe nó grúpaí de na tíortha sin, go n-éilítear le cóireáil fhabhrach taraife táirgí de thionscnamh an Aontais go mbeadh táirgí neamhthionscnaimh a úsáidtear ina monarú faoi réir íocaíocht na ndleachtanna ar allmhairí; agus

(b)

eisíodh nó tarraingíodh suas cruthúnas ar thionscnamh i leith na dtáirgí sin.

2.   Déanfar an fiach custaim a ríomh mar mhéid na dleachta ar allmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach a thabhófaí dá mba rud é gur scaoileadh na hearraí neamhthionscnaimh a úsáideadh i monarú na dtáirgí a arna n-ath-onnmhairiú i saorchúrsaíocht an dáta céanna.

3.   Is é an t-onnmhaireoir a bheidh ina fhéichiúnaí. I gcás ionadaíocht indíreach, beidh an t-ionadaí custaim agus an duine a ngníomhaíonn an t-ionadaí custaim thar a cheann ina bhféichiúnaithe agus beidh siad beirt faoi dhliteanas an fhéich custaim i gcomhpháirt agus go leithleach.

Airteagal 185

Fiach custaim a thabhaítear trí neamhchomhlíonadh

1.   Maidir le hearraí ar a ndlitear dleacht ar allmhairí, tabhófar fiach custaim ar allmhairiú nuair nach gcomhlíontar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

oibleagáid a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim i ndáil le tabhairt isteach earraí nach de chuid an Aontais iad i gcríoch chustaim an Aontais, i ndáil le maoirseacht chustaim a bhaint díobh nó i ndáil le gluaiseacht, próiseáil, stóráil, stóráil shealadach, cead isteach sealadach nó diúscairt na n-earraí sin laistigh den chríoch sin;

(b)

oibleagáid a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim i ndáil le húsáid deiridh earraí i gcríoch chustaim an Aontais;

(c)

coinníoll a rialaíonn earraí nach de chuid an Aontais iad a chur faoi nós imeachta custaim nó a rialaíonn deonú, de bhua úsáid deiridh na n-earraí, díolúine ó dhleacht nó ráta laghdaithe dleachta custaim.

2.   Is ag ceachtar den dá thráth seo a leanas a thabhófar an fiach custaim:

(a)

i gcás ina n-eascróidh an fiach custaim as neamhchomhlíonadh oibleagáide, an tráth nach gcomhlíonfar an oibleagáid sin nó an tráth a scoirfidh sí de bheith á comhlíonadh;

(b)

an tráth a chuirfear earraí faoi nós imeachta custaim i gcás ina suífear ina dhiaidh sin nár comhlíonadh sa deireadh coinníoll lena rialaítear na hearraí a chur faoin nós imeachta sin nó deonú, de bhua úsáid deiridh na n-earraí, díolúine ó dhleacht ar allmhairí nó ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), is duine díobh seo a leanas a bheidh ina fhéichiúnaí:

(a)

aon duine ar ceanglaíodh air na hoibleagáidí lena mbaineann a chomhlíonadh;

(b)

aon duine arbh eol dó nó di nó ar cheart go réasúnach gurbh eol dó nó di nár comhlíonadh oibleagáid faoin reachtaíocht chustaim agus a ghníomhaigh thar ceann an duine a raibh sé d’oibleagáid air nó uirthi an oibleagáid a chomhlíonadh, nó a bhí rannpháirteach sa ghníomh a raibh neamhchomhlíonadh na hoibleagáide de thoradh air;

(c)

aon duine a fuair nó a choinnigh na hearraí lena mbaineann agus arbh eol dó nó di nó ar cheart go réasúnach gurbh eol dó nó di tráth a fuair sé na hearraí nó tráth a glacadh iad nár comhlíonadh oibleagáid faoin reachtaíocht chustaim.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), is é an féichiúnaí an duine a gceanglaítear air na coinníollacha a chomhlíonadh lena rialaítear na hearraí a chur faoi nós imeachta custaim nó deonú, de bhua úsáid deiridh na n-earraí, díolúine ó dhleacht ar allmhairí nó ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí.

5.   I gcás ina soláthraítear aon fhaisnéis, a éilítear faoin reachtaíocht chustaim, a bhaineann leis na coinníollacha lena rialaítear na hearraí a chur faoin nós imeachta custaim sin, agus arb é an toradh a bheidh ar an bhfaisnéis sin nach ndéanfar an dleacht ar allmhairí a bhailiú go hiomlán ná go páirteach, is é an duine a sholáthair an fhaisnéis sin agus arbh eol dó nó di, nó ar cheart go réasúnach gurbh eol dó nó di, go raibh an fhaisnéis sin bréagach a bheidh ina fhéichiúnaí freisin.

Airteagal 186

Méid dleachta ar allmhairí a íocadh cheana féin a asbhaint

1.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim de bhun Airteagal 185(1) i ndáil le hearraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht ag ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí de bhua a n-úsáide deiridh, déanfar méid na dleachta ar allmhairí a íocadh nuair a scaoileadh na hearraí i saorchúrsaíocht a bhaint de mhéid na dleachta ar allmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim.

Beidh feidhm freisin ag an gcéad fhomhír i gcás ina dtabhófar fiach custaim i ndáil le fuíoll agus le dramhaíl a bheidh mar thoradh ar dhíothú na n-earraí sin.

2.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim, de bhun Airteagal 183(1) nó Airteagal 185(1) i ndáil le hearraí a chuirtear faoi chead isteach sealadach lena ngabhann faoiseamh páirteach ó dhleacht custaim, déanfar méid na dleachta ar allmhairí a íocadh faoin bhfaoiseamh páirteach a bhaint de mhéid na dleachta ar allmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim.

Roinn 2

Fiach custaim ar onnmhairiú

Airteagal 187

Próiseáil onnmhairithe agus próiseáil amach

1.   Tabhófar fiach custaim ar onnmhairiú chun earraí a chur faoin nós imeachta onnmhairiúcháin nó faoin nós imeachta próiseála amach tráth a thabharfaidh an t-onnmhaireoir fógra maidir le hinfhaighteacht na n-earraí i gcomhréir le hAirteagal 74(1).

2.   De mhaolú ar mhír 1, tabhófar an fiach custaim:

(a)

i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 205(5), tráth a scaoilfear na hearraí;

(b)

tráth a ghlacfar an dearbhú custaim, i gcás inarb infheidhme, go dtí an 28 Feabhra 2034.

3.   Is é an t-onnmhaireoir a bheidh ina fhéichiúnaí. I gcás ionadaíocht indíreach, beidh an t-ionadaí custaim agus an duine a ngníomhaíonn an t-ionadaí custaim thar a cheann ina bhféichiúnaithe agus beidh siad beirt faoi dhliteanas an fhéich custaim i gcomhpháirt agus go leithleach.

4.   Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear chun na hearraí a chur faoin nós imeachta onnmhairiúcháin nó faoin nós imeachta próiseála amach, i gcás arb é toradh na gníomhaíochta sin nach mbaileofar an dleacht ar onnmhairí go hiomlán nó go páirteach, is é an duine a sholáthair an fhaisnéis sin agus arbh eol dó nó di, nó ar cheart go réasúnach gurbh eol dó nó di, go raibh an fhaisnéis sin bréagach a bheidh ina fhéichiúnaí nó ina féichiúnaí freisin.

Airteagal 188

Fiach custaim a thabhaítear trí neamhchomhlíonadh

1.   Maidir le hearraí ar a ndlitear dleacht ar onnmhairí, tabhófar fiach custaim ar onnmhairiú nuair nach gcomhlíontar ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

oibleagáid a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim i ndáil le himeacht na n-earraí;

(b)

coinníoll faoinar ceadaíodh na hearraí a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais le faoiseamh iomlán nó le faoiseamh páirteach ó dhleacht ar onnmhairí.

2.   Is ag ceann de na tráthanna seo a leanas a thabhófar an fiach custaim:

(a)

an tráth a thabharfar na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais gan faisnéis a sholáthar ná a chur ar fáil do na húdaráis chustaim maidir leis an onnmhairiú sin;

(b)

an tráth a shroichfidh na hearraí ceann scríbe seachas an ceann scríbe a ceadaíodh dóibh tráth ar tugadh amach as críoch chustaim an Aontais iad le faoiseamh iomlán nó le faoiseamh páirteach ó dhleacht ar onnmhairí;

(c)

i gcás nach bhfuil na húdaráis chustaim in ann an tráth dá dtagraítear i bpointe (b) a chinneadh, dáta éaga na teorann ama arna leagan síos le haghaidh fianaise a thabhairt ar aird gur comhlíonadh na coinníollacha a chuireann na hearraí i dteideal faoisimh dá leithéid.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), is duine díobh seo a leanas a bheidh ina fhéichiúnaí:

(a)

aon duine ar ceanglaíodh air an oibleagáid lena mbaineann a chomhlíonadh;

(b)

aon duine arbh eol dó nó di ar cheart go réasúnach gurbh eol dó nó di nár comhlíonadh an oibleagáid lena mbaineann agus a ghníomhaigh thar ceann duine a raibh sé de cheangal air an oibleagáid a chomhlíonadh;

(c)

aon duine a bhí rannpháirteach sa ghníomh arbh é an toradh a bhí air neamhchomhlíonadh na hoibleagáide agus arbh eol dó nó di nó ar cheart go réasúnach gurbh eol dó nó di nár soláthraíodh an fhaisnéis a éilíodh nó, i gcás inarb infheidhme, nár taisceadh dearbhú custaim ba cheart a thaisceadh.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), is é an féichiúnaí aon duine ar a gceanglaítear na coinníollacha a chomhlíonadh faoinar ceadaíodh na hearraí a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais le faoiseamh iomlán nó páirteach ó dhleacht ar onnmhairí.

Roinn 3

Forálacha is coiteann d’fhiach custaim a thabhaítear i dtaca le hallmhairiú agus le honnmhairiú

Airteagal 189

Fiach custaim ina bhfuil earraí faoi réir reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm

1.   Tabhófar an fiach custaim ar allmhairiú nó ar onnmhairiú fiú má bhaineann sé le hearraí atá faoi réir reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm ar allmhairiú nó ar onnmhairiú d’aon chineál.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní thabhófar an fiach custaim i gcás ina ndéantar ceachtar den dá rud a leanas:

(a)

airgeadra góchumtha a thabhairt isteach go mídhleathach i gcríoch chustaim an Aontais;

(b)

drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais seachas i gcás ina mbeidh siad faoi dhianmhaoirseacht ag na húdaráis inniúla d’fhonn iad a úsáid chun críoch leighis agus eolaíocha.

Chun críoch pionós maidir le sáruithe reachtaíochta custaim, measfar, mar sin féin, gur tabhaíodh fiach custaim i gcás, faoin Rialachán seo nó faoin dlí náisiúnta go dtugann dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí, nó fiach custaim a bheith ann, an bonn le pionóis a fhorchur.

Airteagal 190

Féichiúnaithe leithleacha

I gcás ina bhfuil níos mó ná duine amháin faoi dhliteanas i leith méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach le fiach custaim amháin a íoc, beidh na daoine sin faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach an méid sin a íoc.

Airteagal 191

Rialacha ginearálta chun méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a ríomh

1.   Déanfar suim na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí a ríomh bunaithe ar rangú de réir taraife, luach custaim, cainníocht, ceann scríbe agus tionscnamh na n-earraí. Na rialacha is infheidhme maidir leis na hearraí lena mbaineann tráth a tabhaíodh an fiach custaim ina leith a bheidh sna rialacha maidir le ríomh na dleachta.

2.   I ndáil le ciandíolacháin faoi scéim IIFA, cinnfear méid na dleachta ar allmhairí ar bhonn na rialacha maidir le ríomh na dleachta a bhí infheidhme maidir leis na hearraí lena mbaineann tráth a glacadh leis an íocaíocht le haghaidh ciandíola.

3.   I gcás nach féidir a chinneadh go beacht cén uair a tabhaíodh an fiach custaim, measfar gurb é an tráth a thiocfaidh na húdaráis chustaim ar a dtuairim go bhfuil na hearraí i staid inar tabhaíodh fiach custaim.

Mar sin féin, i gcás ina gcuirfidh an fhaisnéis atá ar fáil do na húdaráis chustaim ar a gcumas a shuíomh gur tabhaíodh an fiach custaim sular tháinig siad ar an tuairim sin, measfar gur tabhaíodh an fiach custaim an tráth is túisce arbh fhéidir an staid sin a shuíomh.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan síos maidir le méid na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí is infheidhme maidir le hearraí a ríomh, ar earraí iad a bhfuil fiach custaim arna thabhú ina leith i gcomhthéacs nós imeachta speisialta.

Airteagal 192

Rialacha speisialta chun méid na dleachta ar allmhairí a ríomh

1.   I gcás inar tabhaíodh costais stórála nó costais gnáthfhoirmeacha láimhseála i gcríoch chustaim an Aontais i ndáil le hearraí a cuireadh faoi nós imeachta custaim nó atá á stóráil go sealadach, ní chuirfear na costais sin ná aon mhéadú ar luach san áireamh agus méid na dleachta custaim ar allmhairí á ríomh i gcás ina gcuirfidh an t-allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme, an dearbhóir cruthúnas sásúil ar na costais sin ar fáil.

Mar sin féin, cuirfear luach custaim, cainníocht agus tionscnamh earraí nach de chuid an Aontais iad a mbaintear úsáid astu sna hoibríochtaí san áireamh agus méid na dleachta ar allmhairí á ríomh.

2.   I gcás ina dtiocfaidh athrú ar rangú taraife earraí a cuireadh faoi nós imeachta custaim de bharr na ngnáthfhoirmeacha láimhseála i gcríoch chustaim an Aontais, is é an rangú taraife bunaidh le haghaidh na n-earraí a cuireadh faoin nós imeachta a chuirfear i bhfeidhm arna iarraidh sin ag an allmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme, an dearbhóir.

3.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim i leith táirgí próiseáilte de thoradh ar an nós imeachta próiseála isteach, déanfar méid na dleachta ar allmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach a chinneadh, arna iarraidh sin don allmhaireoir, ar bhonn rangú taraife, luach custaim, chainníocht agus thionscnamh na n-earraí a cuireadh faoin nós imeachta próiseála isteach nuair a cuireadh faoin nós imeachta sin iad.

4.   I gcás ina n-eascraíonn na táirgí próiseáilte as nósanna imeachta próiseála isteach ina dhiaidh sin i ndáil leis na hearraí a cuireadh faoin gcéad nós imeachta próiseála isteach, i gcomhréir le mír 3, ní fhéadfaidh an t-allmhaireoir ríomh an fhéich a iarraidh ach amháin ar bhonn rangú taraife, luach custaim, chainníocht agus thionscnamh na n-earraí a cuireadh faoin gcéad nós imeachta próiseála isteach sin.

5.   I gcásanna sonracha a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, cinnfear suim na dleachta ar allmhairí i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo gan iarraidh ón allmhaireoir ná ón onnmhaireoir nó, i gcás inarb infheidhme, ón dearbhóir chun imchéimniú ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 166(2), pointe (h), a sheachaint.

6.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim le haghaidh táirgí próiseáilte ar toradh an nós imeachta próiseála amach iad nó le haghaidh táirgí athsholáthair, ríomhfar an méid dleachta ar allmhairí ar bhonn chostas na hoibríochta próiseála arna déanamh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

7.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim de bhun Airteagal 185 nó Airteagal 188 den Rialachán seo, agus ar choinníoll nach iarracht ar mheabhlaireacht a bhí sa mhainneachtain as ar eascair tabhú an fhéich custaim, beidh feidhm ag an méid seo a leanas freisin:

(a)

cóireáil fhabhrach taraife earraí de bhun na reachtaíochta custaim;

(b)

faoiseamh nó díolúine iomlán nó díolúine pháirteach ó dhleacht ar allmhairí nó onnmhairí de bhun Airteagal 166(2), pointí (d) go (g), nó Airteagail 111, 112 agus 113 nó Airteagail 161 go 165 den Rialachán seo; nó

(c)

an faoiseamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan síos maidir leis an tsuim dleachta ar allmhairí nó onnmhairí is infheidhme maidir le hearraí a ríomh, ar earraí iad a bhfuil fiach custaim arna thabhú ina leith i gcomhthéacs nós imeachta speisialta, agus na cásanna sonracha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 193

An áit a dtabhaítear an fiach custaim

1.   Tabhófar an fiach custaim:

(a)

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (d)(ii), san áit a bhfuil na hearraí;

(b)

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a)(ii), san áit a bhfuil na hearraí le seachadadh ann;

(c)

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (c), san áit a mbunaítear an dearbhóir atá údaraithe chun imréiteach láraithe a chur i bhfeidhm;

(d)

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (b), i mBallstát bunaíochta an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’.

I ngach cás eile, tabhófar an fiach custaim san áit a dtarlaíonn na teagmhais a n-eascraíonn as. I gcás nach féidir an áit sin a chinneadh, tabhófar an fiach custaim san áit a dtiocfaidh na húdaráis chustaim ar an gconclúid go bhfuil na hearraí i staid inar tabhaíodh fiach custaim.

2.   Más rud é gur cuireadh na hearraí faoi nós imeachta custaim nár urscaoileadh nó mura raibh deireadh mar is ceart ar stóráil shealadach, agus mura féidir an áit ina dtabhaítear an fiach custaim a chinneadh de bhun mhír 1, an dara fomhír nó an tríú fomhír, laistigh de theorainn ama shonrach, tabhófar an fiach custaim ag an áit ar cuireadh na hearraí faoin nós imeachta lena mbaineann nó ag an áit ar tugadh isteach i gcríoch chustaim an Aontais iad faoin nós imeachta sin nó ag an áit a raibh siad á stóráil go sealadach.

3.   I gcás ina gcuirfidh an fhaisnéis atá ar fáil do na húdaráis chustaim ar a gcumas a shuíomh go bhféadfaí an fiach custaim a thabhú in áiteanna leithleacha, measfar an fiach custaim a bheith tabhaithe ag an áit ar tabhaíodh den chéad uair é.

4.   Má shuíonn údarás custaim gur tabhaíodh fiach custaim faoi Airteagal 185 nó faoi Airteagal 188 i mBallstát eile agus más lú méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach sin ná EUR 10 000, measfar an fiach custaim a bheith tabhaithe sa Bhallstát inar suíodh amhlaidh.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an teorainn ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leagan síos.

CAIBIDIL 2

Ráthaíocht i dtaca le fiach poitéinsiúil custaim nó le fiach custaim atá ann

Airteagal 194

Forálacha ginearálta

1.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an gCaibidil seo i ndáil le ráthaíochtaí i leith fiach custaim a tabhaíodh (‘fiacha custaim atá ann cheana’) agus i leith ráthaíochtaí a éilítear más rud é go bhféadfaí fiach custaim a thabhú (‘fiacha poitéinsiúla custaim’).

2.   I gcás ina n-éileoidh údaráis chustaim ráthaíocht i dtaca le fiach poitéinsiúil custaim nó le fiach custaim atá ann, cumhdófar leis an ráthaíocht sin méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí agus na muirir eile atá dlite i dtaca leis na hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú i gcás:

(a)

ina n-úsáidtear an ráthaíocht chun na hearraí a chur faoi nós imeachta idirthurais an Aontais; nó

(b)

inar féidir an ráthaíocht a úsáid i níos mó ná Ballstát amháin.

Beidh ráthaíocht arna glacadh nó arna húdarú ag na húdaráis custaim bailí ar fud chríoch custaim an Aontais chun na gcríoch ar chucu a thugtar í.

I gcás ina mbeidh an ráthaíocht nasctha le gníomhaíochtaí an fhéichiúnaí i mBallstát amháin, cumhdófar léi ar a laghad méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí.

3.   Is é an féichiúnaí nó duine a d’fhéadfadh a bheith ina fhéichiúnaí nó, i gcás ina gceadaíonn na húdaráis chustaim amhlaidh, aon duine eile a sholáthróidh an ráthaíocht.

4.   Gan dochar d’Airteagal 202, ní éileoidh na húdaráis chustaim go gcuirfear ach ráthaíocht amháin ar fáil i ndáil le hearraí sonracha.

Beidh feidhm ag an ráthaíocht a sholáthraítear le haghaidh earraí sonracha maidir le suim na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim agus do mhuirir eile i ndáil leis na hearraí sin, cibé acu ceart nó mícheart atá an fhaisnéis a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil i ndáil leis na hearraí sin.

Murar scaoileadh an ráthaíocht, féadfar í a úsáid chomh maith, laistigh de theorainneacha na méide atá urraithe, chun méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí agus muirir eile atá iníoctha i ndiaidh rialú iarscaoilte na n-earraí sin a aisghabháil.

5.   Ar iarratas ón duine dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis chustaim, i gcomhréir le hAirteagal 200(1), (2) agus (3), soláthar ráthaíochta cuimsithí a údarú a chlúdóidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim i ndáil le dhá cheann nó níos mó d’oibríochtaí nó de nósanna imeachta custaim.

6.   Déanfaidh na húdaráis chustaim faireachán ar an ráthaíocht.

7.   Ní éileofar aon ráthaíocht:

(a)

ó údaráis Stáit, réigiúnacha agus rialtais áitiúla nó comhlachtaí eile atá faoi rialú an dlí poiblí, i leith gníomhaíochtaí a dhéanann siad mar údaráis phoiblí;

(b)

maidir le hearraí a iompraítear ar an Réin agus ar uiscebhealaí na Réine agus ar an Danóib agus ar uiscebhealaí na Danóibe;

(c)

maidir le hearraí a iompraítear le suiteáil seasta iompair;

(d)

i gcásanna sonracha, a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, ina gcuirtear earraí faoin nós imeachta um chead isteach sealadach; agus

(e)

maidir le hearraí a chuirtear faoi nós imeachta idirthurais an Aontais agus leas á bhaint as an simpliú dá dtagraítear in Airteagal 140(4), pointe (e), agus a iompraítear ar muir nó san aer idir calafoirt an Aontais nó idir aerfoirt an Aontais.

8.   Féadfaidh na húdaráis chustaim an ceanglas maidir le ráthaíocht a tharscaoileadh i gcás nach rachaidh suim na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí a bheidh le hurrú thar thairseach áirithe.

9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na cásanna sonracha a chinneadh nach n-éilítear aon ráthaíocht iontu maidir le hearraí a chuirtear faoin nós imeachta um chead isteach sealadach, dá dtagraítear i mír 7, pointe (d), den Airteagal seo agus tríd an tairseach a shocrú chun an ceanglas maidir le soláthar ráthaíochta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a tharscaoileadh.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir leis an ráthaíocht dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar agus faireachán a dhéanamh uirthi. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 195

Suim thagartha ráthaíochta éigeantaí

1.   I gcás ina bhfuil oibleagáid ar na húdaráis chustaim ráthaíocht a éileamh agus i gcás inar féidir leo suim bheacht na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí, atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim, agus suim bheacht muirear eile a shuí tráth a n-éileofar an ráthaíocht, cumhdófar sa ráthaíocht an tsuim bheacht sin.

I gcás nach féidir an méid beacht a shuíomh, socrófar an ráthaíocht ag méid uasta na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim agus do na muirear eile a thabhófar nó a d’fhéadfaí a thabhú, arna mheas ag na húdaráis chustaim.

2.   Gan dochar d’Airteagal 200, i gcás ina gcuirfear ráthaíocht chuimsitheach ar fáil do mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach le fiacha custaim agus do mhuirir eile a n-athróidh a méid thar am, socrófar méid na ráthaíochta sin ar leibhéal a chumasóidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach le fiacha custaim agus do mhuirir eile a chumhdach tráth ar bith.

Airteagal 196

Suim thagartha ráthaíochta réamhchúramaí

I gcás nach bhfuil sé éigeantach ráthaíocht a sholáthar ach mura bhfuil na húdaráis chustaim cinnte go n-íocfar suim na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí, atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim, nó na muirir eile laistigh den tréimhse shainordaithe, éileoidh siad ráthaíocht i leith suim nach mó ná an leibhéal dá dtagraítear in Airteagal 195.

Airteagal 197

Ráthaíocht a chur ar fáil

1.   Ní fhéadfar ráthaíocht a chur ar fáil ach i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

trí aon mhodh íocaíochta a aithneoidh na húdaráis chustaim, a íocfar in euro nó in airgeadra an Bhallstáit ina n-éilítear an ráthaíocht;

(b)

trí ghealltanas a thabharfaidh ráthóir; nó

(c)

i bhfoirm eile ar choinníoll go gcuireann áirithiú coibhéiseach ar fáil go n-íocfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim agus do mhuirir eile.

2.   Soláthrófar ráthaíocht i bhfoirm aon mhodha íocaíochta a aithníonn na húdaráis chustaim i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina n-éillítear an ráthaíocht.

Ní cheanglófar ar na húdaráis chustaim ús a íoc air sin.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfoirm ráthaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo a leagan síos.

Airteagal 198

Rogha ráthaíochta

Féadfaidh an duine ar a n-éilítear ráthaíocht a chur ar fáil roghnú idir na foirmeacha ráthaíochta a leagtar síos in Airteagal 197(1).

Féadfaidh na húdaráis chustaim, áfach, diúltú glacadh leis an bhfoirm ráthaíochta a roghnaítear i gcás ina mbeidh sí ar neamhréir le feidhmiú cuí an nós imeachta custaim lena mbaineann.

Féadfaidh na húdaráis a éileamh go gcoinneofar le foirm na ráthaíochta a roghnaítear ar feadh tréimhse sonraí.

Airteagal 199

Ráthóir

1.   Beidh an ráthóir dá dtagraítear in Airteagal 197(1), pointe (b), ina thríú duine atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais. Beidh an ráthóir formheasta ag na húdaráis chustaim a éilíonn an ráthaíocht mura foras creidmheasa nó airgeadais nó cuideachta árachais é atá creidiúnaithe san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

2.   Geallfaidh an ráthóir i scríbhinn méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá urraithe agus atá comhfhreagrach le fiach custaim agus do mhuirir eile a íoc.

3.   Féadfaidh na húdaráis chustaim diúltú an ráthóir nó an fhoirm ráthaíochta a thairgtear a fhormheas i gcás a bhfuil amhras ann an bhfuil ceachtar acu in ann a áirithiú, laistigh den tréimhse fhorordaithe, go n-íocfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim agus na muirir eile.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na foirmeacha ráthaíochta mar aon leis na rialacha is infheidhme maidir leis an ráthóir dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan síos.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir le cúlghairm agus cealú an ghealltanais arna thabhairt ag an ráthóir mar a thagraítear dóibh san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 200

Ráthaíocht chuimsitheach

1.   Ní fhéadfaidh na húdaráis chustaim an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 194(5) a dheonú ach amháin do dhaoine a shásaíonn na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá siad bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais;

(b)

comhlíonann siad na critéir a leagtar síos in Airteagal 30(1), pointe (a); agus

(c)

úsáideann siad na nósanna imeachta custaim atá i gceist go rialta nó tá údarú acu le haghaidh oibríochtaí saoráidí stórála sealadaí nó comhlíonann siad na critéir a leagtar síos in Airteagal 30(1), pointe (d).

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim údarú a thabhairt d’oibreoir eacnamaíoch a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 30(1), pointí (b) agus (c), nó do thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ ráthaíocht chuimsitheach a sholáthar a bhfuil a méid laghdaithe, i leith fiacha custaim ionchasacha agus muirir eile, nó gan ráthaíocht a sholáthar (‘tarscaoileadh ráthaíochta’).

3.   Ar iarratas a fháil, féadfaidh na húdaráis chustaim údarú a thabhairt d’oibreoir eacnamaíoch údaraithe ‘simplithe custaim’ nó do thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ ráthaíocht chuimsitheach a sholáthar a bhfuil a méid laghdaithe i ndáil le fiacha custaim atá ann cheana agus muirir eile. Measfar gurb ionann ráthaíochtaí cuimsitheacha den sórt sin agus ráthaíochtaí arna soláthar i gcomhréir le forálacha eile den Rialachán seo.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos maidir le húdarú a dheonú chun ráthaíocht chuimsitheach a bhfuil a méid laghdaithe a úsáid nó tarscaoileadh ráthaíochta a dheonú, dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir le méid na ráthaíochta a chinneadh, lena n-áirítear an méid laghdaithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Airteagal 201

Toirmisc shealadacha a bhaineann le húsáid ráthaíochtaí cuimsitheacha

1.   I gcomhthéacs nósanna imeachta speisialta nó stórála sealadaí, féadfaidh an Coimisiún toirmeasc ar bhonn sealadach a chur ar úsáid aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

ráthaíocht chuimsitheach a bhfuil a méid laghdaithe nó tarscaoileadh ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 200(2);

(b)

an ráthaíocht chuimsitheach dá dtagraítear in Airteagal 200, i ndáil le hearraí a bheidh sainithe mar nithe atá ina n-ábhar do chalaois ar mhórscála.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 1, féadfar a údarú go mbainfí leas as an ráthaíocht chuimsitheach i gcomhair méid laghdaithe nó tarscaoilte ráthaíochta nó as an ráthaíocht chuimsitheach dá dtagraítear in Airteagal 200, i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar féidir leis an duine lena mbaineann a thaispeáint nár tháinig aon fhiach custaim aníos i ndáil leis na hearraí a bhí i gceist le linn na n-oibríochtaí a thug an duine sin fúthu sa 2 bhliain roimh an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

i gcás inar eascraíodh fiachais chustaim sa dá bhliain roimh an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus gur féidir leis an duine lena mbaineann a thaispeáint gur íoc an féichiúnaí nó na féichiúnaithe nó an ráthóir na fiachais sin ina n-iomláine laistigh den tréimhse fhorordaithe.

D’fhonn údarú a fháil chun úsáid a bhaint as ráthaíocht chuimsitheach atá toirmiscthe go sealadach, ní mór don duine lena mbaineann na critéir a leagtar síos in Airteagal 30(1), pointí (b) agus (c) a chomhlíonadh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir leis na toirmisc shealadacha a bhaineann le húsáid ráthaíochtaí cuimsitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Ar mhórchúiseanna práinne lena bhfuil údar cuí a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo, agus i ndáil leis an ngá feabhas mear a chur ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus a Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 283(5).

Airteagal 202

Ráthaíocht bhreise nó ráthaíocht athsholáthair

I gcás ina ndeimhneoidh na húdaráis chustaim nach n-áiritheoidh an ráthaíocht a bheidh curtha ar fáil, nó nach cinnte go n-áiritheoidh sí a thuilleadh go n-íocfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim agus do na muirir eile laistigh den tréimhse fhorordaithe, nó nach leor í lena áirithiú amhlaidh, éileoidh siad ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 194(3) an cás a leigheas trí ráthaíocht bhreise a chur ar fáil nó trí ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta bunaidh. Beidh rogha ag an duine iarrtha idir an dá rogha.

Airteagal 203

Scaoileadh na ráthaíochta

1.   Scaoilfidh na húdaráis chustaim an ráthaíocht láithreach nuair a mhúchfar an fiach custaim nó an dliteanas i leith muirear eile nó nuair nach féidir go n-eascróidh sé a thuilleadh.

2.   I gcás ina múchfar an fiach custaim nó an dliteanas i leith muirear eile go páirteach nó i gcás ina bhféadfadh sé tarlú nach n-eascróidh sé ach amháin i ndáil le cuid den mhéid atá urraithe, scaoilfear cuid chomhfhreagrach den ráthaíocht, ar iarraidh ón duine lena mbaineann, ach amháin mura mbeidh údar le déanamh amhlaidh mar gheall ar an méid lena mbaineann.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na teorainneacha ama i ndáil le scaoileadh ráthaíochta a leagan síos.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir le scaoileadh ráthaíochta, dá dtagraítear san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 3

Aisghabháil, íocaíocht, aisíocaíocht agus loghadh mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí

Roinn 1

Méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a chinneadh, fógra a thabhairt faoin bhfiach custaim agus iontráil sna cuntais

Airteagal 204

Méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a chinneadh

1.   Is iad na húdaráis chustaim atá freagrach as an áit a dtabhaítear an fiach custaim, nó a mheasfar é a bheith tabhaithe ann, a chinnfidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha i gcomhréir le hAirteagal 193. Chun críche an chinnidh sin, cuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh na sonraí a chuirfear ar fáil.

2.   De mhaolú ar mhír 1, go dtí an 28 Feabhra 2034, i gcás inar taisceadh dearbhú custaim, féadfaidh na húdaráis chustaim glacadh le suim na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí is iníoctha a leagtar amach sa dearbhú custaim, gan dochar do rialuithe iarscaoilte. Má easaontaíonn na húdaráis chustaim leis an tsuim sin, cinnfidh siad suim na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí is iníoctha, a luaithe is a bheidh an fhaisnéis is gá acu.

3.   I gcás nach mbeidh slánuimhir mar thoradh ar mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha, féadfar an méid sin a shlánú suas nó síos.

I gcás ina léirítear an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír i euro, ní shlánófar suas nó síos ach go dtí an tslánuimhir is gaire é.

Féadfaidh Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige:

(a)

an dara fomhír a chur i bhfeidhm mutatis mutandis; nó

(b)

maolú ar an bhfomhír sin, ar choinníoll nach bhfuil tionchar airgeadais níos mó ag a rialacha maidir le slánú ná mar atá ag an riail a leagtar amach sa dara fomhír.

Airteagal 205

Fógra a thabhairt maidir leis an bhfiach custaim

1.   Tabharfaidh an t-údarás custaim fógra don fhéichiúnaí maidir leis an bhfiach custaim ag an áit a dtabhaítear an fiach custaim, nó ag an áit a meastar é a bheith tabhaithe, i gcomhréir le hAirteagal 193.

2.   I gcás ina mbeidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha cothrom leis an méid a ríomhtar ar bhonn na sonraí arna soláthar nó arna gcur ar fáil ag an allmhaireoir nó ag an onnmhaireoir, is ionann scaoileadh na n-earraí ag na húdaráis chustaim agus fógra faoin bhfiach custaim a thabhairt don allmhaireoir nó don onnmhaireoir.

3.   Ní thabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 nó 2 den Airteagal seo in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás, go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir le méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí, inar forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach nó dleacht frithchúitimh shealadach nó beart coimirce sealadach;

(b)

i gcás inar mó méid na dleachta is iníoctha ar allmhairí nó ar onnmhairí ná an méid a cinneadh ar bhonn cinnidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15;

(c)

i gcás ina ndearnadh an cinneadh bunaidh gan fógra a thabhairt faoin bhfiach custaim nó fógra a thabhairt faoi maidir le méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is lú ná méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha ar bhonn forálacha ginearálta a neamhbhailíodh ar dháta níos déanaí le cinneadh cúirte;

(d)

i gcás ina mbeidh na húdaráis chustaim díolmhaithe faoin reachtaíocht chustaim ó fhógra a thabhairt faoin bhfiach custaim.

4.   I gcás ina mbeidh oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt faoi mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh siad fógra don fhéichiúnaí maidir leis an bhfiach custaim nuair a bheidh siad in ann an méid a chinneadh agus cinneadh a dhéanamh ina leith.

I gcás ina gcuirfidh údaráis inniúla an Aontais nó údaráis inniúla náisiúnta na húdaráis chustaim ar an eolas, áfach, go ndéanfadh an fógra faoin bhfiach custaim dochar d’imscrúdú coiriúil i mBallstát na n-údarás custaim nó i mBallstát eile, cuirfidh na húdaráis chustaim an fógra sin siar go dtí nach ndéanfaidh sé dochar a thuilleadh don imscrúdú coiriúil sin.

5.   Féadfaidh trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ an fiach custaim atá comhfhreagrach le méid iomlán na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bhaineann leis na hearraí uile atá scaoilte ag an trádálaí sin thar ceann na n-údarás custaim le linn tréimhse nach faide ná 31 lá féilire a ríomh, agus an fiach custaim sin, lena n-áirítear miondealú ar mhéideanna a bhaineann le gach earra sonrach, a chur in iúl do na húdaráis chustaim laistigh de 5 lá ó dhul in éag na tréimhse sin.

Nuair a gheofar an teachtaireacht sin, measfar go mbeidh fógra tugtha ag na húdaráis chustaim faoin bhfiach custaim.

6.   Allmhaireoir ciandíola a roghnaigh scéim IIFA a úsáid agus a bhfuil stádas trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ aige, déanfaidh sé, sa teachtaireacht dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, an fhaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 74(3) a leasú nó a chur ó bhailíocht i gcás ina ndéantar earraí a dhíolann an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola sin a chur ar ais chuig an stóras custaim ciandíola, chuig seoladh an choinsíneora bhunaidh nó chuig seoladh eile lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an teachtaireacht sin. Cuirfidh an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola sin cruthúnas ar fáil gur tháinig na hearraí isteach sa stóras custaim nó gur imigh siad amach as críoch chustaim an Aontais.

7.   Go dtí an 28 Feabhra 2034, i gcás inar taisceadh dearbhú custaim, féadfaidh na húdaráis custaim, ar choinníoll go bhfuil an íocaíocht ráthaithe, a cheadú go bhfógrófar ag deireadh na tréimhse sin an fiach custaim atá comhfhreagrach le méid iomlán na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bhaineann leis na hearraí uile a scaoiltear d’aon duine amháin le linn tréimhse shocraithe. Ní bheidh an tréimhse a shocróidh na húdaráis chustaim níos faide ná 31 lá.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan síos:

(a)

na cásanna dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), den Airteagal seo ina ndíolmhaítear na húdaráis chustaim ó fhógra a thabhairt faoin bhfiach custaim;

(b)

an fhaisnéis atá le soláthar ag an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ agus ag an allmhaireoir le haghaidh ciandíola sa teachtaireacht dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo.

Airteagal 206

Teorainn a chur leis an bhfiach custaim

1.   Beidh tréimhse 3 bliana ag na húdaráis chustaim ón dáta a tabhaíodh an fiach chun fógra a thabhairt don fhéichiúnaí ina leith. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, measfar go bhfuil cosc ama ar an bhfiach custaim.

2.   I gcás ina dtabhófar an fiach custaim de bharr gnímh a d’fhéadfadh a bheith, tráth a ndearnadh é, ina chúis le himeachtaí coiriúla cúirte a thionscnamh, déanfar an tréimhse 3 bliana atá leagtha síos i mír 1 a fhadú go tréimhse 5 bliana ar a laghad agus tréimhse 10 mbliana ar a mhéid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.   Déanfar na tréimhsí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a thaiscfear achomharc i gcomhréir le hAirteagal 18, don tréimhse ón dáta a thaiscfear an t-achomharc go dtí deireadh na n-imeachtaí achomhairc;

(b)

nuair a chuirfidh na húdaráis chustaim na forais ar a mbeidh sé beartaithe acu fógra a thabhairt faoin bhfiach custaim in iúl don fhéichiúnaí, i gcomhréir le hAirteagal 8(6), don tréimhse ón dáta a cuireadh na forais sin in iúl go dtí deireadh na tréimhse ina dtugtar an deis don fhéichiúnaí a thuairim a chur in iúl; nó

(c)

nuair a chuirfear fógra faoi fhiach custaim siar de bhun Airteagal 205(4), an dara fomhír.

4.   I gcás ina n-aischuirfear fiach custaim de bhun Airteagal 217(8), measfar na tréimhsí a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a bheith curtha ar fionraí ón dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar aisíocaíocht nó loghadh i gcomhréir le hAirteagal 222 go dtí an dáta a glacadh an cinneadh maidir le haisíocaíocht nó le loghadh.

Airteagal 207

Iontráil sna cuntais

1.   Iontrálfaidh na húdaráis chustaim dá dtagraítear in Airteagal 204 ina gcuntais, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, suim na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí is iníoctha mar a cuireadh in iúl i gcomhréir le hAirteagal 205.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 205(2).

2.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na húdaráis chustaim méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a iontráil ina gcuntais a chomhfhreagraíonn, de bhun Airteagal 206, d’fhiach custaim nach féidir fógra a thabhairt don fhéichiúnaí ina leith a thuilleadh.

3.   Cinnfidh Ballstáit na nósanna imeachta praiticiúla chun méideanna na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a iontráil ina gcuntais. Féadfaidh difríocht a bheith idir na nósanna imeachta sin, ag brath ar cibé atá nó nach bhfuil na húdaráis chustaim sásta, i bhfianaise na gcúinsí inar tabhaíodh an fiach, go n-íocfar na méideanna sin.

Airteagal 208

Tráth iontrála sna cuntais

1.   Iontrálfaidh na húdaráis chustaim méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha ina gcuntais laistigh de 14 lá ó thráth scaoilte na n-earraí, ach amháin i gcás ina gcuirtear na hearraí sin faoin nós imeachta um chead isteach sealadach le faoiseamh páirteach ó dhleacht ar allmhairí.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis chustaim méid iomlán na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bhaineann leis na hearraí uile a scaoiltear do thrádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ le linn tréimhse shocraithe, i gcomhréir le hAirteagal 205(5), a iontráil trí bhíthin iontráil aonair ina gcuntais ag deireadh na tréimhse sin, ar choinníoll go ndéanfar an iontráil sin laistigh de 14 lá tar éis don tréimhse shocraithe sin dul in éag.

3.   I gcás ina dtabharfar fógra faoi fhiach custaim i gcomhréir le hAirteagal 205(7), iontrálfar sna cuntais é laistigh de 14 lá ó dhul in éag na tréimhse lena mbaineann.

4.   I gcás inar féidir earraí a scaoileadh faoi réir coinníollacha áirithe a rialaíonn méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha a chinneadh nó a bhailiú, iontrálfar an méid sin sna cuntais laistigh de 14 lá ón dáta a chinnfear méid na dleachta is iníoctha ar allmhairí nó ar onnmhairí nó a shocrófar an oibleagáid maidir leis an dleacht sin a íoc.

Mar sin féin, i gcás ina mbainfidh an fiach custaim le dleacht frithdhumpála shealadach, dleacht frithchúitimh shealadach nó beart coimirce sealadach, iontrálfar suim na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí is iníoctha sna cuntais laistigh de 2 mhí ón dáta a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an gníomh dlí de chuid an Aontais lena mbunaítear an beart nó an dleacht chinntitheach.

5.   I gcás ina dtabhófar fiach custaim i gcúinsí nach gcumhdaítear le mír 1, iontrálfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha sna cuntais laistigh de 14 lá ón dáta a bheidh na húdaráis chustaim in ann méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá i gceist a chinneadh agus cinneadh a dhéanamh.

6.   Beidh feidhm ag mír 5 i ndáil le méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a bheidh le haisghabháil nó a bheidh fós le haisghabháil i gcás nach n-iontrálfar méid na dleachta is iníoctha sna cuntais i gcomhréir le míreanna 1 go 5 nó i gcás ina gcinnfear agus ina n-iontrálfar í sna cuntais ar leibhéal níos ísle ná an méid is iníoctha.

7.   Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha ama le haghaidh iontrála sna cuntais a leagtar síos i míreanna 1 go 6 i gcúinsí neamh-intuartha nó i gcásanna force majeure.

8.   Féadfar iontráil sna cuntais a chur siar sa chás dá dtagraítear in Airteagal 205(4), an dara fomhír, go dtí nach ndéanfaidh fógra an fhéich custaim dochar don imscrúdú coiriúil lena mbaineann a thuilleadh, fiú má dhéantar an t-imscrúdú sin i mBallstát eile.

I gcás den sórt sin, iontrálfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha sna cuntais laistigh de 14 lá ón dáta a thabharfar fógra faoin méid don fhéichiúnaí.

Airteagal 209

Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos bearta chun cúnamh frithpháirteach idir na húdaráis chustaim a áirithiú i gcásanna ina dtabhófar fiach custaim. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

Roinn 2

Méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a íoc

Airteagal 210

Teorainneacha ama ginearálta le haghaidh íocaíochta agus an teorainn ama le haghaidh íocaíochta a chur ar fionraí

1.   Íocfaidh an féichiúnaí suimeanna na dleachta ar allmhairí nó onnmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 205 laistigh den tréimhse a fhorordóidh na húdaráis chustaim.

Gan dochar d’Airteagal 19(2), ní rachaidh an tréimhse sin thar 10 lá tar éis fógra faoin bhfiach custaim a bheith tugtha don fhéichiúnaí.

Féadfaidh na húdaráis chustaim an tréimhse sin a fhadú ar iarratas ón bhféichiúnaí i gcásanna ina gcinnfear méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha i gcúrsa na rialuithe iarscaoilte amhail dá dtagraítear in Airteagal 68. Gan dochar d’Airteagal 214(2), ní rachaidh na síntí sin thar an tréimhse is gá don fhéichiúnaí chun na bearta iomchuí a dhéanamh lena oibleagáid a chomhlíonadh.

2.   Má tá an féichiúnaí i dteideal aon cheann de na roghanna íocaíochta a leagtar síos in Airteagail 212, 213 agus 214, déanfar an íocaíocht laistigh den tréimhse nó laistigh de na tréimhsí a shonraítear i ndáil leis na roghanna sin.

3.   An teorainn ama le haghaidh íocaíochta mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach le fiach custaim, cuirfear ar fionraí í sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndéanfar iarratas ar loghadh dleachta i gcomhréir le hAirteagal 222;

(b)

i gcás ina bhfuiltear chun earraí a choigistiú, a dhíothú nó a thréigean leis an Stát; nó

(c)

i gcás inar tabhaíodh an fiach custaim de bhun Airteagal 185 agus ina mbeidh níos mó ná féichiúnaí amháin i gceist.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal (282) chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha maidir le fionraí na teorann ama le haghaidh íocaíochta mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach le fiach custaim dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a leagan síos, agus tríd an tréimhse fionraíochta a leagan síos.

Airteagal 211

Íocaíocht

1.   Déanfar an íocaíocht trí aon mhodh íocaíochta a mbeidh sé d’éifeacht aige an fiach a urscaoileadh, lena n-áirítear trí iarmhéid creidmheasa a choigeartú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.   Féadfaidh tríú duine an íocaíocht a dhéanamh in ionad an fhéichiúnaí.

3.   Féadfaidh an féichiúnaí méid iomlán na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá dlite nó cuid di a íoc gan fanacht go rachaidh an tréimhse a tugadh don fhéichiúnaí le haghaidh íocaíochta in éag.

Airteagal 212

Iarchur íocaíochta

1.   Údaróidh na húdaráis custaim, ar iarratas ón duine lena mbaineann agus ar choinníoll go gcuirfidh sé ráthaíocht ar fáil, go ndéanfar íocaíocht na dleachta is iníoctha a chur siar ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

go leithleach i ndáil le gach méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a iontrálfar sna cuntais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 208(1), nó le hAirteagal 208(6);

(b)

ar dhóigh fhoriomlán i ndáil leis na méideanna dleachta uile ar allmhairí nó ar onnmhairí a iontrálfar sna cuntais i gcomhréir le hAirteagal 208(1) le linn tréimhse a shocróidh na húdaráis chustaim agus nach rachaidh thar 31 lá; nó

(c)

ar dhóigh fhoriomlán i ndáil leis na méideanna dleachta uile ar allmhairí nó ar onnmhairí a ndéanfar iontráil amháin ina leith sna cuntais i gcomhréir le hAirteagal 208(3).

2.   Ar choinníoll go gcuirfidh sé ráthaíocht ar fáil, féadfaidh trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ íocaíocht na dleachta is iníoctha go foriomlán a chur siar i ndáil leis na méideanna dleachta uile ar allmhairí nó ar onnmhairí in aon iontráil amháin sna cuntais i gcomhréir le hAirteagal 208(2).

Airteagal 213

Tréimhsí a bhfuil íocaíocht curtha siar dóibh

1.   30 lá a bheidh sa tréimhse a gcuirtear íocaíocht siar ar a feadh faoi Airteagal 212 (‘an tréimhse iarchurtha’).

2.   I gcás ina gcuirfear íocaíocht siar i gcomhréir le hAirteagal 212(1), pointe (a), tosóidh an tréimhse iarchurtha an lá i ndiaidh an lae a dtabharfar fógra don fhéichiúnaí maidir leis an bhfiach custaim.

3.   I gcás ina gcuirfear íocaíocht siar i gcomhréir le hAirteagal 212(1), pointe (b), tosóidh an tréimhse iarchurtha an lá i ndiaidh an lae a dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse chomhshuimithe. Bainfear den tréimhse sin líon na laethanta a chomhfhreagraíonn do leath líon na laethanta a chumhdaítear leis an tréimhse chomhshuimithe.

4.   I gcás ina gcuirfear íocaíocht siar i gcomhréir le hAirteagal 212(1), pointe (c), nó Airteagal 212(2), tosóidh an tréimhse iarchurtha an lá i ndiaidh an lae a dtabharfar fógra don fhéichiúnaí maidir leis an bhfiach custaim. Bainfear den tréimhse sin líon na laethanta a chomhfhreagraíonn do leath líon na laethanta a chumhdaítear leis an tréimhse atá socraithe le haghaidh scaoileadh na n-earraí.

5.   I gcás inar corruimhir líon na laethanta sa tréimhse chomhshuimithe dá dtagraítear i mír 3 nó sa tréimhse a shocraítear le haghaidh scaoileadh na n-earraí dá dtagraítear i mír 4, beidh líon na laethanta a bheidh le baint den tréimhse iarchurtha de bhun na míreanna sin cothrom le leath na chéad ré-uimhreach eile is ísle.

6.   I gcás ina sloinntear mar líon seachtainí an tréimhse chomhshuimithe dá dtagraítear i mír 3 nó an tréimhse a shocraítear haghaidh scaoileadh na n-earraí dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí ar cuireadh siar an íocaíocht ina leith le híoc ar an Aoine den cheathrú seachtain i ndiaidh na seachtaine ina raibh an íocaíocht dlite ar a dhéanaí.

I gcás ina sloinntear mar líon míonna an tréimhse chomhshuimithe dá dtagraítear i mír 3 nó an tréimhse a shocraítear le haghaidh scaoileadh na n-earraí dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí ar cuireadh siar an íocaíocht ina leith le híoc ar an 16ú lá den mhí tar éis na míosa ina raibh an íocaíocht dlite.

Airteagal 214

Roghanna íocaíochta eile

1.   Féadfaidh na húdaráis chustaim roghanna íocaíochta eile seachas iarchur íocaíochta (‘roghanna íocaíochta eile’) a dheonú don fhéichiúnaí ar choinníoll go gcuirfear ráthaíocht ar fáil.

2.   I gcás ina ndeonófar roghanna íocaíochta eile de bhun mhír 1, déanfar ús creidmheasa a mhuirearú ar mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí.

I gcás Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige, beidh an ráta úis creidmheasa comhionann leis an ráta úis arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, ar ráta úis é a chuir an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin ar an gcéad lá den mhí ina dtiteann an dáta dlite don fhiach lena mbaineann, méadaithe faoi aon phointe céatadáin amháin.

I gcás Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, beidh an ráta úis creidmheasa comhionann leis an ráta arna chur i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí ar a dtiteann an dáta dlite don fhiach lena mbaineann ag an mbanc ceannais náisiúnta ábhartha dá phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, méadaithe faoi aon phointe céatadáin, nó, maidir le Ballstát nach bhfuil fáil ar ráta an bhainc ceannais náisiúnta ina leith, an ráta is coibhéisí arna chur i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí sin ar mhargadh airgid an Bhallstáit, méadaithe faoi aon phointe céatadáin amháin.

3.   Féadfaidh na húdaráis chustaim staonadh ó ráthaíocht a éileamh nó ó ús creidmheasa a mhuirearú i gcás ina suífear, ar bhonn measúnaithe dhoiciméadaithe ar staid an fhéichiúnaí, go gcruthófaí deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta dá n-éileofaí ráthaíocht nó dá muirearófaí ús creidmheasa.

4.   Staonfaidh na húdaráis chustaim d’ús creidmheasa a ghearradh i gcásanna ina mbeidh an tsuim in aghaidh gach gníomhaíochta aisghabhála níos lú ná EUR 10.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun mír 4 den Airteagal seo a leasú tríd an tairseach a leagtar amach inti a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe ar imthosca eacnamaíocha a léiriú.

Airteagal 215

Forfheidhmiú íocaíochta

I gcás nach n-íocfar méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha laistigh den tréimhse fhorordaithe, áiritheoidh na húdaráis chustaim ar gach uile bhealach a bheidh ar fáil dóibh faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann go bhfaighfear íocaíocht ar an méid sin.

Airteagal 216

Ús ar riaráistí

1.   Déanfar ús a mhuirearú ar mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí ón dáta a rachaidh an tréimhse fhorordaithe in éag go dtí an dáta a ndéanfar an íocaíocht.

I gcás Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige, beidh an ráta úis ar riaráistí comhionann leis an ráta úis arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, ar ráta úis é a chuir an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar na príomhoibríochtaí ath-airgeadaithe ar an gcéad lá den mhí ar a dtiteann an dáta dlite don fhiach lena mbaineann, méadaithe faoi dhá phointe céatadáin.

I gcás Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, beidh an ráta úis ar riaráistí comhionann leis an ráta arna chur i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí ar a dtiteann an dáta dlite don fhiach lena mbaineann ar an mbanc ceannais náisiúnta ábhartha dá phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, méadaithe faoi dhá phointe céatadáin, nó, maidir le Ballstát nach bhfuil fáil ar ráta an bhainc ceannais náisiúnta ina leith, an ráta is coibhéisí arna chur i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí sin ar mhargadh airgid an Bhallstáit, méadaithe faoi dhá phointe céatadáin.

2.   I gcás ina dtabhaítear an fiach custaim ar bhonn Airteagal 185 nó Airteagal 188, nó i gcás ina bhfuil an fógra faoin bhfiachas custaim mar thoradh ar rialú iarscaoilte, déanfar ús a mhuirearú de bhreis ar mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí, ón dáta a dtabhófar an fiach custaim go dtí an dáta a dtabharfar an fógra faoi.

Leagfar síos an ráta úis ar riaráistí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

3.   Féadfaidh na húdaráis chustaim staonadh ó ús a mhuirearú ar riaráistí i gcás ina suífear ar bhonn measúnaithe dhoiciméadaithe ar staid an fhéichiúnaí, go gcothófaí deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialta dá ndéanfaí é a mhuirearú.

4.   Staonfaidh na húdaráis chustaim d’ús a ghearradh ar riaráistí i gcásanna ina mbeidh an tsuim in aghaidh gach gníomhaíochta aisghabhála níos lú ná EUR 10.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun mír 4 den Airteagal seo a leasú tríd an tairseach a leagtar amach inti a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe ar imthosca eacnamaíocha a léiriú.

Roinn 3

Aisíoc agus loghadh

Airteagal 217

Aisíoc agus loghadh

1.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo, déanfaidh na húdaráis chustaim méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

rómhuirearaíodh méideanna na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí;

(b)

bhí earraí lochtach nó níor chomhlíon siad téarmaí an chonartha;

(c)

rinne na húdaráis inniúla earráid;

(d)

cothromas;

(e)

cuireadh ó bhailíocht na sonraí ar ar a mbonn a bunaíodh an fiach custaim le haghaidh na n-earraí comhfhreagracha nó, i gcás inarb infheidhme, cuireadh ó bhailíocht an dearbhú custaim.

2.   Déanfaidh na húdaráis chustaim méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí dá dtagraítear i mír 1 a aisíoc nó a loghadh i gcás inar fiú EUR 10 nó níos mó é. Ní dhéanfaidh siad méid níos ísle a aisíoc ná a loghadh ach amháin i gcás ina n-iarrfaidh an duine lena mbaineann é..

3.   I gcás ina measfaidh an t-údarás custaim gur cheart an aisíocaíocht nó an loghadh a dheonú ar bhonn Airteagal 220 agus Airteagal 221, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an comhad ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhair cinnidh in aon cheann de na cásanna seo:

(a)

i gcás ina measann an t-údarás custaim go bhfuil na cúinsí speisialta mar thoradh ar mhainneachtain an Choimisiúin a oibleagáidí a chomhlíonadh;

(b)

i gcás ina measann an t-údarás custaim go ndearna an Coimisiún earráid de réir bhrí Airteagal 220;

(c)

i gcás ina mbaineann cúinsí an cháis leis an méid a aimsíodh le linn imscrúdú de chuid an Aontais a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh 515/97, nó faoi aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais nó faoi aon chomhaontú a thug an tAontas chun críche le tíortha nó le grúpa tíortha ina ndéantar foráil chun na himscrúduithe sin de chuid an Aontais a dhéanamh;

(d)

i gcás ina mbeidh an tsuim a bhféadfadh an duine lena mbaineann a bheith faoi dhliteanas i leith oibríochta allmhairithe nó onnmhairithe amháin nó níos mó ná sin ach gurb ionann é agus EUR 500 000 nó go bhfuil sé os cionn EUR 500 000 mar thoradh ar earráid nó ar chúinsí speisialta.

4.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid an comhad i mír 3 a tharchur i gcás ina bhfuil cinneadh glactha cheana féin ag an gCoimisiún maidir le cás a bhaineann le saincheisteanna inchomparáide fíorais agus dlí, nó i gcás ina bhfuil cás den sórt sin á bhreithniú aige cheana féin.

5.   I gcás ina bhfaighidh na húdaráis chustaim féin amach laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 222(1) go bhfuil méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí in-aisíoctha nó in-loghtha de bhun Airteagail 218, 220 nó 221, agus go bhfuil sé faoina n-inniúlacht é a dhéanamh, déanfaidh siad é a aisíoc nó a loghadh as a stuaim féin.

6.   Ní dheonófar aon aisíocaíocht ná aon loghadh nuair is mar gheall ar mheabhlaireacht ar thaobh an fhéichiúnaí a tharla an staid ba chúis leis an bhfógra faoin bhfiach custaim.

7.   Ní eascróidh íocaíocht úis ag na húdaráis lena mbaineann as aisíoc.

Mar sin féin, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (c), ní eascróidh íocaíocht úis ag na húdaráis lena mbaineann as aisíoc, ach amháin má aisíocann na húdaráis chustaim sin méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí gan mhoill mhíchuí tar éis dóibh a fháil amach go bhfuil an méid inaisíoctha. I gcás nach n-aisíocann na húdaráis chustaim an méid sin gan moill mhíchuí agus go dtionscnóidh an féichiúnaí imeachtaí d’fhonn aisíocaíocht a fháil, íocfar an t-ús ar feadh na tréimhse ó dháta íocaíochta na ndleachtanna sin go dtí dáta a ndéanfar a n-aisíocaíochtaí.

Ina theannta sin, íocfar ús, áfach, i gcás nach ndéanfar cinneadh lena ndeonaítear aisíoc a chur chun feidhme laistigh de 3 mhí ón dáta a ndearnadh an cinneadh sin, mura taobh amuigh de rialú na n-údarás custaim a tharla an teip cloí leis an sprioc-am. Íocfar ús den sórt sin ón dáta a rachaidh an tréimhse trí mhí in éag go dtí an dáta a dhéanfar an t-aisíoc. Socrófar an ráta úis i gcomhréir le hAirteagal 214.

8.   I gcás inar dheonaigh na húdaráis chustaim an t-aisíoc nó an loghadh trí earráid, déanfar an fiach custaim bunaidh a athbhunú, ar choinníoll nach bhfuil cosc ama air sin faoi Airteagal 206(1) agus aisíocfar aon ús a íocadh faoi mhír 7, an dara fomhír, den Airteagal seo.

9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun mír 2 den Airteagal seo a leasú tríd an tairseach a leagtar amach inti a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe ar imthosca eacnamaíocha a léiriú.

10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan síos nach mór dó a chomhlíonadh agus cinneadh á dhéanamh aige dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha faoina nglacfar leis an gcomhad;

(b)

an teorainn ama chun cinneadh a ghlacadh agus cur ar fionraí na teorann ama sin;

(c)

na forais ar a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a chinneadh a bhunú a chur in iúl, sula ndéanfar cinneadh a dhéanfadh dochar don duine lena mbaineann;

(d)

an fógra faoin gcinneadh;

(e)

na hiarmhairtí maidir le mainneachtain cinneadh a dhéanamh nó mainneachtain fógra a thabhairt ina leith.

11.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta le haghaidh i ndáil le haisíocaíocht agus loghadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

12.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, i bhfoirm cinnidh, lena n-údarófar aisíocaíocht nó loghadh méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí in aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i gcás inar comhlíonadh ceanglais na míre sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 283(2).

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste dá dtagraítear in Airteagal 283(1) le fáil trí nós imeachta scríofa, beidh feidhm ag Airteagal 283(6).

Airteagal 218

Méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a ró-mhuirearaíodh

1.   Déanfar méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh má théann an méid atá comhfhreagrach leis an mbunfhiach custaim thar an méid is iníoctha, nó má tugadh fógra don fhéichiúnaí maidir leis an bhfiach custaim ar mhodh a bhí contrártha d’Airteagal 205(3), pointí (c) agus (d).

2.   I gcás ina mbunaítear an t-iarratas ar aisíocaíocht nó loghadh, tráth ar scaoileadh na hearraí le haghaidh saorchúrsaíochta, ar ráta laghdaithe nó nialasach dleachta ar allmhairí a bheith ann i ndáil leis na hearraí faoi tharaif-chuóta, uasteorainn taraife nó bearta fabhracha taraife eile, deonófar an aisíocaíocht nó an loghadh sin más rud é, tráth a thaiscfear an t-iarratas, go raibh na doiciméid is gá ag gabháil leis an iarratas, agus más rud é, i gcás cuóta taraife, nach bhfuil a mhéid ídithe, agus i gcásanna eile, nach bhfuil an ráta dleachta a bhíonn dlite de ghnáth athbhunaithe.

Airteagal 219

Earraí lochtacha nó earraí nach gcomhlíonann téarmaí an chonartha

1.   Déanfaidh na húdaráis chustaim méid dleachta ar allmhairí a aisíoc nó a loghadh i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

baineann an fógra faoin bhfiach custaim le hearraí ar dhiúltaigh an t-allmhaireoir dóibh toisc go raibh siad lochtach tráth ar scaoileadh iad nó nár chomhlíon siad téarmaí an chonartha ar ar a bhonn a allmhairíodh iad;

(b)

níor baineadh úsáid as na hearraí, ach amháin aon úsáid a baineadh astu i dtosach agus go raibh gá léi chun a dheimhniú go raibh siad lochtach nó nár chomhlíon siad téarmaí an chonartha; agus

(c)

tabharfar na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais nó, ar iarratas ón duine lena mbaineann, go n-údaróidh na húdaráis chustaim go gcuirfear na hearraí faoin nós imeachta próiseála isteach, lena n-áirítear chun iad a dhíothú, nó faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, faoin nós imeachta stórasaithe custaim nó faoin nós imeachta saorchreasa.

2.   Ní dhéanfaidh na húdaráis chustaim méid dleachta ar allmhairí a aisíoc nó a loghadh i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuireadh na hearraí, sular scaoileadh iad le haghaidh saorchúrsaíochta, faoi nós imeachta speisialta i gcomhair tástála, mura suitear nach bhféadfaí a bhrath de ghnáth le linn na dtástálacha sin go raibh na hearraí lochtach nó nár comhlíonadh leo téarmaí an chonartha;

(b)

cuireadh cineál lochtach na n-earraí san áireamh agus téarmaí an chonartha á ndréachtú, go háirithe an praghas, sular cuireadh na hearraí faoi nós imeachta custaim ina dtabhaítear fiach custaim;

(c)

díolann an t-iarratasóir na hearraí nuair a fhionntar go bhfuil siad lochtach nó nach gcomhlíontar téarmaí an chonartha leo.

3.   Áirítear ar earraí lochtacha earraí a ndearnadh damáiste dóibh sular scaoileadh iad.

Airteagal 220

Earráid a rinne na húdaráis chustaim

1.   I gcásanna seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 217(1), pointe (e), agus in Airteagail 218, 219 agus 221, déanfaidh na húdaráis chustaim méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh i gcás ina mbeidh an méid atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim níos ísle ná an méid is iníoctha curtha in iúl acu, mar thoradh ar earráid a rinne na húdaráis chustaim, ar choinníoll nach raibh an féichiúnaí in ann go réasúnta an earráid a bhrath agus gur ghníomhaigh sé de mheon macánta.

2.   I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 218(2), déanfaidh na húdaráis chustaim méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh i gcás ina mbeidh an mhainneachtain ráta laghdaithe nó nialasach dleachta a fheidhmiú mar thoradh ar earráid a rinne na húdaráis chustaim agus i gcás ina raibh na sonraí uile is gá chun an ráta laghdaithe nó nialasach a chur i bhfeidhm ag gabháil leis na sonraí ar scaoileadh na hearraí dá réir nó, i gcás inarb infheidhme, sa dearbhú custaim maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, agus ina raibh na sonraí uile is gá le hiarratas a dhéanamh ar an ráta laghdaithe nó nialasach ag gabháil leis.

3.   I gcás ina ndeonaítear cóireáil fhabhrach na n-earraí ar bhonn córais comhair riaracháin a bhfuil baint ag údaráis tríú tír leis, beidh eisiúint deimhnithe ag na húdaráis sin a chruthaítear ina dhiaidh sin a bheith mícheart ina earráid nach bhféadfaí a bhrath go réasúnach de réir bhrí mhír 1.

Ní earráid a bheidh in eisiúint deimhnithe mhíchirt áfach, i gcás ina mbeidh an deimhniú bunaithe ar chuntas mícheart ar na fíorais a chuir an t-onnmhaireoir ar fáil, ach amháin i gcás inar léir gurbh eol do na húdaráis eisiúna nó gur cheart gurbh eol dóibh nár chomhlíon na hearraí na coinníollacha a leagadh síos le haghaidh teidil chuig an gcóireáil fhabhrach.

Measfar go bhfuil an féichiúnaí ag gníomhú de mheon macánta, más féidir leis an bhféichiúnaí a thaispeáint gur ghníomhaigh sé, le linn thréimhse na n-oibríochtaí trádála lena mbaineann, le dúthracht chuí lena áirithiú gur comhlíonadh na coinníollacha uile maidir le cóireáil fhabhrach.

Ní fhéadfaidh an féichiúnaí a bheith ag brath ar phléadáil gur ghníomhaigh sé de mheon macánta má d’fhoilsigh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh inar sonraíodh go raibh forais amhrais ann maidir le cur i bhfeidhm cuí na socruithe fabhracha ag an tríú tír is tairbhí.

Airteagal 221

Cothromas

1.   I gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 217(1), pointe (e) agus in Airteagail 218, 219 agus 220, déanfaidh na húdaráis chustaim méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh ar mhaithe le cothromas, nuair is i gcúinsí speisialta a tabhaíodh an fiach custaim agus nach féidir a chur i leith an fhéichiúnaí gur meabhlaireacht nó faillí shoiléir a bhí i gceist aige.

2.   Suitear go bhfuil cúinsí speisialta ann dá dtagraítear i mír 1 i gcás inar léir ó chúinsí an cháis go mbaineann cás eisceachtúil leis an bhféichiúnaí i gcomparáid le hoibreoirí eacnamaíocha eile atá ag gabháil don ghnó céanna, agus in éagmais na gcúinsí sin, nach mbeadh an féichiúnaí sin faoin míbhuntáiste céanna atá mar thoradh ar bhailiú mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí is iníoctha.

Airteagal 222

Nós imeachta um aisíoc agus loghadh

1.   Cuirfear iarratais ar aisíocaíocht nó ar loghadh méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí i gcomhréir le hAirteagal 217 faoi bhráid na n-údarás custaim laistigh de na tréimhsí seo a leanas:

(a)

i gcás méideanna dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a ró-mhuirearaíodh, i gcás earráid arna déanamh ag na húdaráis inniúla, nó i gcás cothromais, laistigh de 3 bliana ón dáta a dtabharfar fógra faoin bhfiach custaim;

(b)

i gcás earraí lochtacha nó earraí nach gcomhlíonann téarmaí an chonartha, laistigh d’aon bhliain amháin ón dáta a dtabharfar fógra faoin bhfiach custaim;

(c)

i gcás ina gcuirfear na sonraí nó, i gcás inarb infheidhme, dearbhú custaim ó bhailíocht ar scaoileadh na hearraí ar a mbonn, laistigh d’aon bhliain amháin ón dáta a cuireadh na sonraí sin nó an dearbhú custaim sin ó bhailíocht mura sonraítear a mhalairt sna rialacha is infheidhme maidir le cur ó bhailíocht.

Cuirfear síneadh leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), i gcás ina gcuirfidh an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur cuireadh bac air a iarratas a chur isteach laistigh den tréimhse a forordaíodh de bharr cúinsí neamh-intuartha nó de bharr force majeure.

2.   I gcás nach bhfuil na húdaráis chustaim in ann méid dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a aisíoc nó a loghadh ar bhonn na bhforas ar a bhfuiltear ag brath, scrúdóidh siad fiúntas iarratais ar aisíocaíocht nó ar loghadh i bhfianaise na bhforas eile d’aisíocaíocht nó loghadh dá dtagraítear in Airteagal 217.

3.   I gcás inar taisceadh achomharc faoi Airteagal 18 in aghaidh fhógra an fhéich custaim, déanfar an tréimhse ábhartha a shonraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais ar loghadh agus ar aisíocaíocht agus ar na teorainneacha ama a bhaineann leo a chur ar fionraí, ón dáta a thaiscfear an t-achomharc, ar feadh ré na n-imeachtaí achomhairc.

4.   I gcás ina ndeonóidh údarás custaim aisíocaíocht nó loghadh i gcomhréir le hAirteagal 220 nó 221, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an méid sin in iúl don Choimisiún.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha nós imeachta maidir leis an gCoimisiún a chur ar an eolas de bhun mhír 4 den Airteagal seo agus an fhaisnéis atá le soláthar. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 4

Fiach custaim a mhúchadh

Airteagal 223

Múchadh

1.   Gan dochar do na forálacha atá i bhfeidhm maidir le neamh-aisghabháil mhéid na dleachta atá comhfhreagrach le fiach custaim i gcás dhócmhainneacht an fhéichiúnaí a deimhníodh go breithiúnach, déanfar fiach custaim maidir le hallmhairiú nó le honnmhairiú a mhúchadh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

trí chosc ama a chur ar an bhfiach custaim i gcomhréir le hAirteagal 206;

(b)

trí mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a íoc;

(c)

faoi réir mhír 5 den Airteagal seo, trí mhéid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí a loghadh;

(d)

i leith earraí a scaoiltear le haghaidh nós imeachta custaim a bhéarfaidh oibleagáid dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí a íoc, trí na sonraí ar ar a mbonn a rinneadh an scaoileadh nó a cuireadh an dearbhú custaim ó bhailíocht;

(e)

trí na hearraí atá inchurtha faoi dhleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí a choigistiú agus nó trí sheilbh a ghlacadh orthu agus go gcoigistítear ag an am céanna iad nó ina dhiaidh sin;

(f)

trí na hearraí ar a ndlitear dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí a dhíothú faoi mhaoirseacht chustaim nó a thréigean leis an Stát;

(g)

má théann na hearraí ar iarraidh nó mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn ón reachtaíocht chustaim de bharr dhíothú iomlán na n-earraí sin nó de bharr iad a bheith imithe ó mhaith ar fad mar gheall ar chineál iarbhír na n-earraí, nó ar chúinsí neamh-intuartha nó force majeure, nó de thoradh ar threoir ó na húdaráis chustaim, lena n-áirítear mura féidir iad a úsáid níos mó mar gheall ar dhochar a rinne aon duine dóibh agus dá bhrí sin go measfar iad a bheith curtha amú go brách;

(h)

i gcás inar tabhaíodh an fiach custaim de bhun Airteagal 185 nó Airteagal 188 trí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

ní raibh éifeacht shuntasach ag an teip as ar eascair tabhú an fhéich custaim ar oibriú ceart na stórála shealadaí nó an nós imeachta custaim lena mbaineann agus ní iarracht ar mheabhlaireacht a bhí inti; agus

(ii)

déantar ina dhiaidh sin na foirmiúlachtaí uile custaim is gá chun staid na n-earraí a chur ina ceart;

(i)

i gcás earraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht faoi dhíolúine ó dhleacht, nó ag ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí de bhua a n-úsáide deiridh, más rud é gur onnmhairíodh iad le cead ó na húdaráis chustaim;

(j)

i gcás inar de bhun Airteagal 184 a tabhaíodh an fiach custaim, trí na foirmiúlachtaí custaim is gá a chur i gcrích chun go bhféadfar an chóir fhabhrach taraife dá dtagraítear san Airteagal sin a dheonú a chur ar ceal;

(k)

i gcás, faoi réir mhír 6 den Airteagal seo, gur de bhun Airteagal 185 a tabhaíodh an fiach custaim agus i gcás ina gcuirtear fianaise ar fáil a shásaíonn na húdaráis chustaim nár úsáideadh na hearraí ná nár caitheadh iad agus gur tugadh amach as críoch chustaim an Aontais iad;

(l)

i gcás inar tabhaíodh fiach custaim de bharr gur mhó cainníocht nó luach na n-earraí ná mar a sonraíodh san údarú le haghaidh nósanna imeachta speisialta, faoi cheann tréimhse 5 bliana ón dáta ar tabhaíodh an fiach custaim, ar choinníoll go bhféadfaí an t-údarú a leasú nó údarú nua a dheonú gan scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha eacnamaíocha chun an chainníocht nó an luach níos mó sin a chumhdach dá gcuirfí iarraidh chuige sin isteach laistigh den tréimhse sin, agus faoi réir an dá choinníoll seo a leanas a bheith comhlíonta:

(i)

ní raibh éifeacht shuntasach ag an mainneachtain as ar eascair tabhú an fhéich custaim ar oibriú ceart an nós imeachta custaim lena mbaineann agus nach iarracht ar mheabhlaireacht a bhí inti; agus

(ii)

déantar ina dhiaidh sin na foirmiúlachtaí uile custaim is gá chun staid na n-earraí a chur ina ceart;

(m)

i gcás earraí atá faoi réir ciandíola:

(i)

trí gan na hearraí sin a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais ar deireadh agus iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht; nó

(ii)

trí chiandíol a chur ar ceal sula dtabharfar fógra faoin bhfiach custaim agus go gcuireann an t-allmhaireoir le haghaidh ciandíola ó bhailíocht na sonraí a sholáthraítear maidir le hearraí a chur faoi nós imeachta custaim i gcomhréir le hAirteagal 80(1), an chéad fhomhír.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), measfar mar sin féin, chun críoch pionós i leith sáruithe reachtaíochta custaim, nach mbeidh an fiach custaim múchta más bunús chun pionós a fhorchur atá sa dleacht ar allmhairí nó ar onnmhairí nó san fhiach custaim, faoin Rialachán seo nó faoi dhlí Ballstáit.

3.   I gcás ina múchfar fiach custaim, i gcomhréir le mír 1, pointe (i), i ndáil le hearraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht faoi dhíolúine ó dhleacht nó ag ráta laghdaithe dleachta ar allmhairí de bhua a n-úsáide deiridh, measfar gur earraí nach de chuid an Aontais iad aon fhuíoll nó aon dramhaíl a bheidh mar thoradh ar a ndíothú.

4.   Na forálacha atá i bhfeidhm a bhaineann le rátaí caighdeánacha i gcás ina n-imeoidh earraí ó mhaith ar fad de dheasca a gcineáil, beidh feidhm acu i gcás ina mainneoidh ar an duine i dtrácht a léiriú go bhfuil an fíorchaillteanas níos mó ná an caillteanas arna ríomh tríd an ráta caighdeánach a chur i bhfeidhm maidir leis na hearraí i gceist.

5.   I gcás ina ndlífidh líon daoine méid na dleachta ar allmhairí nó ar onnmhairí atá comhfhreagrach leis an bhfiach custaim a íoc agus go ndeonaítear loghadh, ní mhúchfar an fiach custaim ach amháin i ndáil leis an duine nó leis na daoine a ndeonaítear an loghadh dóibh.

6.   Sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (k), ní mhúchfar an fiach custaim i ndáil le haon duine nó le haon daoine a rinne iarracht meabhlaireacht a dhéanamh.

7.   I gcás inar de bhun Airteagal 185 a tabhaíodh an fiach custaim, ní mhúchfar é ach amháin i ndáil le daoine nár bhain aon iarracht ar mheabhlaireacht lena n-iompar agus a chuidigh leis an gcalaois a chomhrac.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal (282) chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí liosta na dteipeanna nach raibh éifeacht shuntasach acu ar oibriú ceart na stórála sealadaí nó ar an nós imeachta custaim lena mbaineann dá dtagraítear i mír 1, pointí (h)(i) agus (l)(i), a bhunú.

Airteagal 224

Cur i bhfeidhm pionós

Má mhúchtar an fiach custaim ar bhonn Airteagal 223(1), pointe (h) nó (l), ní chuirfidh sé sin bac ar phionóis a chur i bhfeidhm i leith sáruithe gaolmhara i ndáil leis an reachtaíocht chustaim.

TEIDEAL XI

BEARTA SRIANTACHA AGUS SÁSRA BAINISTITHE GÉARCHÉIME

CAIBIDIL 1

Bearta sriantacha

Airteagal 225

Ról Údaráis Chustaim an Aontais agus na n-údarás custaim

1.   Rannchuideoidh Údarás Custaim an Aontais le cur i bhfeidhm ceart, comhsheasmhach agus éifeachtach na mbeart sriantach a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE (‘bearta sriantacha’) trí fhaireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme sna réimsí atá faoi réir a inniúlachta agus, faoi réir athbhreithnithe agus údaraithe ag an gCoimisiún, trí threoraíocht iomchuí a sholáthar do na húdaráis chustaim.

2.   Déanfaidh na húdaráis chustaim gach beart is gá chun bearta sriantacha a chomhlíonadh, agus treoraíocht Údarás Custaim an Aontais á cur san áireamh.

Airteagal 226

Tuairisciú

1.   Seolfaidh Údarás Custaim an Aontais tuarascáil chuig an gCoimisiún go tráthrialta agus nuair is gá maidir le cur chun feidhme na mbeart sriantach ag na húdaráis chustaim agus go háirithe maidir le neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann sna Ballstáit a shainaithint.

Ina theannta sin, baileoidh sé faisnéis agus déanfaidh sé anailís ar thionchar na mbeart sriantach ar shreafaí trádála agus ar chomhlíonadh custaim.

2.   Cuirfidh na húdaráis chustaim Údarás Custaim an Aontais, an Coimisiún agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme ar an eolas faoi aon chás, nó faoi aon chás amhrasta, maidir le dul timpeall ar bhearta sriantacha agus maidir leis na bearta maolaithe riosca a rinneadh. Is trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpach a chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, nuair is féidir.

CAIBIDIL 2

Sásra bainistithe géarchéime

Airteagal 227

Prótacail agus nósanna imeachta

1.   Ullmhóidh Údarás Custaim an Aontais nósanna imeachta agus prótacail agus cuirfidh sé tuairimí na mBallstát san áireamh, d’fhonn freagairt leordhóthanach ar ghéarchéimeanna a áirithiú. Féadfar na nósanna imeachta agus prótacail a ghníomhachtú i gcomhréir le hAirteagal 228(1) i gcás an mhéid seo a leanas:

(a)

géarchéim i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit a bhfuil tionchar suntasach aici, nó a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aici, ar na foirmiúlachtaí custaim is gá a chur i gcrích agus a d’fhéadfadh cur isteach ar shreabhadh na n-earraí, rialuithe custaim nó nósanna imeachta gaolmhara;

(b)

géarchéim in earnáil ar leith lena n-éilítear ar údaráis chustaim gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh leis na húdaráis ábhartha.

2.   Go háirithe, féadfaidh na prótacail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas a chumhdach:

(a)

limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna, critéir agus caighdeáin choiteanna riosca agus próifílí riosca a chur i bhfeidhm, chomh maith le bearta maolaithe riosca, rialuithe custaim agus foirmiúlachtaí custaim iomchuí is gá a chur i gcrích, lena n-áirítear téarmaí íocaíochta;

(b)

creat comhair chun tacú le himscaradh sealadach oifigeach custaim agus trealaimh rialaithe custaim ó Bhallstát amháin go Ballstát eile;

(c)

lánaí tapa ag teorainneacha chun moilleanna agus plódú i sreafaí lasta a íoslaghdú;

(d)

na coinníollacha maidir le gníomhachtú, fadú agus díghníomhachtú na mbeart agus na socruithe éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna, bunaithe ar riachtanais atá sainithe go soiléir agus a bhfuil údar leo;

(e)

srianta trádála a bhaineann le hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime a sheachaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747;

(f)

sásra leanúnachais gnó dá dtagraítear in Airteagal 29(9) agus Airteagal 31(11) den Rialachán seo.

Airteagal 228

Gníomhachtú an tsásra bainistithe géarchéime

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó nó d’Údarás Custaim an Aontais, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ngníomhachtófar na gníomhaíochtaí agus na socruithe is gá a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás géarchéime. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, déanfar an méid a leanas:

(a)

cuirfear na prótacail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 227 san áireamh;

(b)

déanfar na bearta agus na socruithe sonracha is gá a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim nó chun a héifeachtaí diúltacha a mhaolú;

(c)

bunófar fad na mbeart agus na socruithe atá le cur i bhfeidhm agus na coinníollacha ábhartha maidir lena bhfadú agus lena ndíghníomhachtú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4) agus (5).

2.   I gcás géarchéime, bunóidh Údarás Custaim an Aontais cill freagartha i gcás géarchéime a bheidh ar fáil go buan le linn na géarchéime sin.

Cinnfear inniúlachtaí, réimsí saineolais agus comhdhéanamh na cille freagartha i gcás géarchéime sin tráth a bunaithe, agus na prótacail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 227 á gcur san áireamh chomh maith le cineál agus raon feidhme na géarchéime. Féadfaidh an Coimisiún tacú le hÚdarás Custaim an Aontais le linn chéim na pleanála agus le bunú na cille freagartha sin i gcás géarchéime. Is as na leithreasuithe buiséid a dheonófar d’Údarás Custaim an Aontais a mhaoineofar an chill freagartha i gcás géarchéime.

3.   Déanfaidh na húdaráis chustaim na bearta agus na socruithe a ghníomhachtófar de bhun an Airteagail seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm agus tuairisceoidh siad d’Údarás Custaim an Aontais maidir lena gcur chun feidhme agus lena gcur i bhfeidhm. Is é Údarás Custaim an Aontais a chinnfidh raon feidhme, formáid agus minicíocht an tuairiscithe i gcomhairle leis na Ballstáit, agus cineál na géarchéime agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm á gcur san áireamh.

4.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais comhordú agus maoirseacht ar chur chun feidhme na mbeart agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1 ag na húdaráis chustaim. Déanfaidh sé measúnú ar éifeachtacht a gcur chun feidhme, agus tuarascálacha na n-údarás custaim dá dtagraítear i mír 3 á gcur san áireamh, inter alia, agus tuairisceoidh sé torthaí an mheasúnaithe sin don Choimisiún agus do na húdaráis chustaim.

TEIDEAL XII

ÚDARÁS CUSTAIM AN AONTAIS EORPAIGH

CAIBIDIL 1

Prionsabail

Airteagal 229

Bunú agus stádas dlíthiúil

1.   Bunaítear leis seo Údarás Custaim an Aontais agus beidh sé ina chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe ag Údarás Custaim an Aontais. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh ionadaíocht ar Údarás Custaim an Aontais.

Airteagal 230

Suíomh

Is in Lille na Fraince a bheidh ceanncheathrú Údarás Custaim an Aontais.

Airteagal 231

Misean agus cuspóirí Údarás Custaim an Aontais

1.   Rannchuideoidh Údarás Custaim an Aontais le misean na n-údarás custaim a bhaint amach mar a leagtar amach in Airteagal 2.

2.   Gan dochar do fhreagrachtaí an Choimisiúin, OLAF agus na mBallstát faoi seach, saothróidh Údarás Custaim an Aontais na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rannchuidiú le forbairt, le hoibriú agus le cothabháil na dteicneolaíochtaí faisnéise is gá chun na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme agus leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na sonraí atá ar fáil chun críoch maoirseachta custaim, rialaithe custaim agus bainistithe riosca;

(b)

tacú le húdaráis chustaim cur chun feidhme aonfhoirmeach na reachtaíochta custaim a bhaint amach, go háirithe maidir le bainistiú riosca agus rialuithe custaim;

(c)

rannchuidiú le bainistiú oibríochtúil an aontais custaim tríd an gcomhar oibríochtúil idir údaráis chustaim a chomhordú agus a éascú agus trí shaineolas teicniúil a chomhthiomsú agus a sholáthar chun éifeachtúlacht agus seachadadh torthaí a mhéadú;

(d)

rannchuidiú le cur chun feidhme na reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm;

(e)

comhoibriú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i réimsí ina mbaineann a ngníomhaíochtaí le bainistiú earraí a thrasnaíonn teorainn sheachtrach chríoch chustaim an Aontais.

CAIBIDIL 2

Cúraimí

Airteagal 232

Cúraimí

1.   Ón dáta a chuirfear de chúram air Mol Sonraí Custaim an Aontais a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 51(2), beidh Údarás Custaim an Aontais freagrach as na cúraimí sin, agus rannchuideoidh sé le hoibriú éifeachtúil na timpeallachta ríomhchustaim ar leibhéal an Aontais.

2.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais na gníomhaíochtaí bainistithe agus próiseála sonraí is gá chun a chúraimí a chur i gcrích.

3.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais cúraimí bainistíochta riosca, i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil 2.

4.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais a chúraimí i ndáil le bearta sriantacha agus sásraí bainistithe géarchéime i gcomhréir le Teideal XI.

5.   Tacóidh Údarás Custaim an Aontais leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit ionas go mbeidh siad in ann maoirseacht níos éifeachtúla a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart sriantach a fhéadfaidh an Chomhairle a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 215(2) CFAE agus a dhéanann difear do shreabhadh na n-earraí, chun a áirithiú nach rachfar timpeall ar na bearta sin.

6.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais, ar bhonn measúnú ar bhagairtí arna dhéanamh de bhun Airteagal 57(1) agus Airteagal 57(2), pointe (c), moltaí a fhorbairt go tréimhsiúil chun tacú le húdaráis chustaim a misean dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur i gcrích. Cuirfidh Údarás Custaim an Aontais na moltaí sin faoi bhráid an Choimisiúin, a chuirfidh san áireamh iad agus réimsí á sainaithint aige ar gá tosaíocht a thabhairt dóibh le haghaidh fhaisnéis na Comhairle agus breithniú féideartha.

7.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais gníomhaíochtaí chun acmhainní a fhorbairt agus soláthróidh sé tacaíocht oibríochtúil agus comhordú oibríochtúil d’údaráis chustaim agus don Choimisiún. Go háirithe, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

comhchaighdeáin tháscacha a fhorbairt i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar bhonn diagnóisice agus meastóireachta ar oifigí custaim, agus moltaí a eisiúint maidir le dea-chleachtais agus faireachán a dhéanamh ar a n-úsáid;

(b)

tomhas feidhmíochta a dhéanamh don aontas custaim, agus tacú leis an gCoimisiún ina mheastóireacht ar fheidhmíocht an aontais custaim i gcomhréir le Teideal XV, Caibidil 1;

(c)

ábhar oiliúna a ullmhú d’oifigigh chustaim agus do ghairmithe custaim san Aontas chun an oiliúint a chuireann na Ballstáit ar fáil a chomhlánú agus chun tacú léi, i gcás inarb iomchuí;

(d)

rannchuidiú le córas de chuid an Aontais a chruthú chun aitheantas a thabhairt do bharr feabhais na n-institiúidí oideachais a thairgeann cláir oiliúna agus oideachais i réimse an chustaim, lena n-áirítear le haghaidh stádas an oibreora eacnamaíoch údaraithe agus stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’;

(e)

comhordú a dhéanamh agus tacú le cruthú deonach lárionad speisialaithe barrfheabhais ag na Ballstáit chun críoch uile-Aontais i réimsí ábhartha custaim, go háirithe chun oiliúint a chur ar oifigigh chustaim, ar ghairmithe custaim agus ar shaotharlanna custaim;

(f)

gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i réimse an chustaim a éascú agus a chomhordú;

(g)

lámhleabhair oibríochtúla a ullmhú agus a scaipeadh chun próisis chustaim agus modhanna oibre a chur i bhfeidhm go praiticiúil, i gcomhar leis na húdaráis chustaim agus caighdeáin choiteanna a fhorbairt ar an mbonn sin;

(h)

treoirlínte agus lámhleabhair shimplithe a ullmhú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus tacú leo reachtaíocht chustaim agus foirmiúlachtaí custaim an Aontais a chur i bhfeidhm;

(i)

tuairim a eisiúint cé acu a dhéanfadh nó nach ndéanfadh deonú údaraithe le haghaidh nósanna imeachta speisialta dochar do leasanna tháirgeoirí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 125(5), (6) agus (7);

(j)

comhar a dhéanamh le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le húdaráis náisiúnta seachas údaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 268(10);

(k)

comhordú a dhéanamh ar an gcomhar oibríochtúil idir údaráis chustaim de chuid Ballstáit éagsúla, agus idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla eile i mBallstáit éagsúla, agus tacú leis an gcomhar sin, i gcomhréir le Teideal XIII;

(l)

arna iarraidh sin do Bhallstát, comhar a dhéanamh idir údaráis chustaim, agus idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla eile a éascú agus tacú leis, laistigh de Bhallstát amháin agus i gcomhréir le Teideal XIII;

(m)

na rialuithe comhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 267 a phleanáil, a eagrú agus a chomhordú;

(n)

tacaíocht agus saineolas a sholáthar don Choimisiún chun rangú casta, luacháil agus cásanna tionscnaimh a réiteach, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar chinntí agus ar chur i bhfeidhm na gcinntí ar an mbonn sin;

(o)

tacaíocht agus saineolas a sholáthar d’údaráis chustaim chun éiginnteachtaí a réiteach maidir le háit bhunaíochta oibreoirí eacnamaíocha a chinneadh i gcás ina dtagraíonn na critéir is infheidhme do níos mó ná Ballstát amháin;

(p)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún, nuair a iarrtar sin, maidir lena chaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhainistiú, a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

8.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais bealaí cumarsáide a fhorbairt agus a choinneáil ar bun le páirtithe leasmhara i ndáil le Mol Sonraí Custaim an Aontais agus éascóidh sé rochtain ar fhaisnéis maidir le taraifí, cuótaí agus bearta sriantacha.

9.   Féadfaidh an Coimisiún a chur de chúram ar Údarás Custaim an Aontais tacaíocht a sholáthar maidir le straitéis oibríochtúil a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le trealamh rialaithe custaim agus cláir eile a bhaineann le cúrsaí custaim. Sa chás sin, comhoibreoidh Údarás Custaim an Aontais leis an gCoimisiún agus féadfaidh sé cúraimí a dhéanamh amhail measúnú a dhéanamh ar riachtanais, cistiú a bhainistiú, soláthar comhpháirteach a chomhordú, trealamh a cheannach agus a chomhroinnt a éascú.

Airteagal 233

Cúraimí eile

Féadfar cúraimí breise a shannadh d’Údarás Custaim an Aontais i réimse shaorghluaiseacht, allmhairiú agus onnmhairiú earraí tríú tír, má fhoráiltear amhlaidh i ngníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. I gcás ina ndéanfar na cúraimí sin a shannadh d’Údarás Custaim an Aontais nó a chur ar iontaoibh Údarás Custaim an Aontais, áiritheofar acmhainní iomchuí airgeadais agus daonna chun iad a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 3

Eagrú Údarás Custaim an Aontais

Roinn 1

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

Airteagal 234

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta Údarás Custaim an Aontais:

(a)

Bord Bainistíochta leis na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 238 a fheidhmiú;

(b)

Bord Feidhmiúcháin leis na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 240 a fheidhmiú;

(c)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis na cúraimí agus na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 242 a fheidhmiú;

(d)

Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na cúraimí agus na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 244 a fheidhmiú, má chinneann an Bord Bainistíochta a leithéid de phost a chruthú;

(e)

Bord Comhairleach Custaim leis na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 245 a fheidhmiú.

Roinn 2

An Bord Bainistíochta

Airteagal 235

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Is mar a leanas a bheidh comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta:

(a)

comhalta amháin ó gach Ballstát;

(b)

beirt chomhaltaí arna n-ainmniú ag an gCoimisiún;

(c)

comhalta amháin arna ainmniú ag Parlaimint na hEorpa.

Beidh cearta vótála ag na comhaltaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b).

2.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach sin ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé nó sí as láthair.

3.   Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse an chustaim, agus a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh, mar aon lena dtaithí ar bheartais an aontais custaim. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athrúcháin na gcomhaltaí arna n-ainmniú acu a theorannú, chun leanúnachas obair an bhoird a áirithiú. Díreoidh na páirtithe uile ar ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a áirithiú ar an mBord Bainistíochta.

4.   4 bliana a bheidh sa téarma oifige do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha agus féadfar é a athnuachan.

5.   Tá sé de cheart ag Parlaimint na hEorpa, ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ainmniú a gcomhaltaí faoi seach agus a gcomhaltaí malartacha a chúlghairm. Nuair a dhéanfar ainmniú comhalta den Bhord Bainistíochta nó ainmniú an chomhalta mhalartaigh a chúlghairm, cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún nó an Ballstát ábhartha Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ar an eolas faoin gcúlghairm agus faoi ionadú an chomhalta nó an chomhalta mhalartaigh sin.

6.   Cuirfidh gach comhalta agus gach comhalta malartach ráiteas i scríbhinn isteach an tráth céanna a rachaidh sé nó sí in oifig á dhearbhú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann. Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach a ráiteas a nuashonrú i gcás ina dtiocfaidh athrú ar chúinsí maidir le coinbhleacht leasa agus in aon chás, uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Airteagal 236

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Mura dtoghfar comhalta arna ainmniú ag an gCoimisiún mar Chathaoirleach, déanfar duine de na comhaltaí arna n-ainmniú ag an gCoimisiún a cheapadh go huathoibríoch mar Leas-Chathaoirleach. Má thoghtar comhalta arna ainmniú ag an gCoimisiún mar Chathaoirleach, toghfar an Leas-Chathaoirleach as comhaltaí eile an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.

2.   Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh, go huathoibríoch, má tharlaíonn sé nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

3.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh agus féadfar é a athnuachan uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh le comhaltas an Chathaoirligh nó an Leas-Chathaoirligh den Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a théarma oifige nó a téarma oifige, tiocfaidh deireadh leis an téarma oifige sin go comhuaineach.

4.   Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an gCathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach a thoghadh agus maidir lena dtéarma oifige a athnuachan i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

Airteagal 237

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a chomóradh.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sna cruinnithe, ach ní bheidh ceart vótála ag an té sin.

3.   Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú den Bhoird Bainistíochta gach bliain. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad. Thairis sin, má dhéanann an Bord Feidhmiúcháin cinneadh sealadach i gcomhréir le hAirteagal 240(4), tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 240(5).

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt ar bhonn ad hoc d’aon duine a bhfuil a thuairim nó a tuairim ábhartha don phlé freastal ar a chruinnithe gan ceart vótála a bheith aige nó aici.

5.   Faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí an Bhoird Bainistíochta nó ag a gcomhaltaí malartacha ag a chruinnithe.

6.   Nuair a bheidh ábhar rúndachta nó coinbhleachta leasa ar chlár oibre cruinnithe, déanfaidh an Bord Bainistíochta an t-ábhar sin a phlé agus a chinneadh gan an comhalta lena mbaineann a bheith i láthair. Ní dhéanfaidh sin difear don cheart atá ag Parlaimint na hEorpa, ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit go ndéanfadh comhalta malartach ionadaíocht orthu. Féadfar rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo a leagan síos i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

7.   Soláthróidh Údarás Custaim an Aontais an rúnaíocht don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 238

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach, agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh sé a dtéarmaí oifige a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 236.

2.   Bunóidh an Bord Bainistíochta an Bord Feidhmiúcháin faoin 21 Meán Fómhair 2029.

3.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid a leanas:

(a)

treoshuíomh ginearálta ghníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais a sholáthar;

(b)

buiséad bliantúil Údarás Custaim an Aontais a ghlacadh agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i leith an bhuiséid sin de bhun Chaibidil 4;

(c)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí maidir le gníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais a mheasúnú, a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí, lena n-áirítear forléargas ar chomhlíonadh a chúraimí agus ar a fheidhmíocht fhoriomlán maidir le cuspóirí beartais custaim a bhaint amach, agus an tuarascáil agus an measúnú araon a sheoladh faoin 1 Iúil gach bliain chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí;

(d)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le hÚdarás Custaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 248 a ghlacadh;

(e)

straitéis frithchalaoise inmheánach a ghlacadh a bheidh ar comhréir leis an riosca calaoise ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;

(f)

na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chomhaltaí a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí, agus ráiteas ó chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a fhoilsiú go bliantúil ar shuíomh gréasáin Údarás Custaim an Aontais lena léireofar nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann;

(g)

na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 258(3) a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;

(h)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí;

(i)

rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin Foirne’) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais (‘na Coinníollacha Fostaíochta’) (40) i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

(j)

i gcomhréir le mír (4), maidir le foireann Údarás Custaim an Aontais, na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar sna Rialacháin Foirne don údarás ceapacháin agus i gCoinníollacha Fostaíochta don údarás atá cumhachtaithe chun conradh fostaíochta a thabhairt i gcrích (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’);

(k)

na rialacha a ghlacadh lena rialaítear saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht d’Údarás Custaim an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 256(2);

(l)

acmhainn iniúchóireachta inmheánaí a bhunú, i gcás inarb iomchuí;

(m)

rialacha slándála Údarás Custaim an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 260 a ghlacadh;

(n)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, má chruthaítear an post sin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb ábhartha, síneadh a chur lena dtéarmaí oifige nó iad a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 241;

(o)

táscairí feidhmíochta a ghlacadh lenar féidir meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

(p)

comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb ábhartha, síneadh a chur lena dtéarmaí oifige nó iad a chur as oifig;

(q)

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, a fhéadfaidh a bheith ina Oifigeach Cuntasaíochta don Choimisiún, agus a bheidh faoi réir na rialachán foirne agus na gcoinníollacha fostaíochta agus a bheidh neamhspleách agus a chúraimí á ndéanamh aige nó aici;

(r)

gach cinneadh a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha Údarás Custaim an Aontais a chur ar bun agus, i gcás inar gá, maidir le modhnú na struchtúr sin, ag cur san áireamh riachtanais gníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais chomh maith le féachaint do bhainistiú fónta buiséadach;

(s)

tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 268;

(t)

rialacha nós imeachta an Bhoird Chomhairligh Custaim a bhunú agus a ghlacadh;

(u)

meithleacha agus painéil saineolaithe a bhunú chun tacú le hÚdarás Custaim an Aontais a chúraimí a dhéanamh agus a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

(v)

dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 249 a ghlacadh sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é chun a thuairim a fháil ina leith;

(w)

agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh, doiciméad clársceidealaithe aonair Údarás Custaim an Aontais a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 239;

(x)

straitéis um ‘gnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí’ a ghlacadh;

(y)

straitéis a ghlacadh maidir le comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(z)

straitéis a ghlacadh maidir leis an mbainistíocht eagraíochtúil agus na córais rialaithe inmheánaigh;

(za)

na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 258 a dhéanamh;

(zb)

tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 270;

(zc)

na prótacail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 227 a ghlacadh;

(zd)

i gcomhréir le hAirteagal 240(5), na cinntí sealadacha arna ndéanamh ag an mBord Feidhmiúcháin de bhun Airteagal 240(4) a dhaingniú;

(ze)

an fíorú ó Údarás Custaim an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 31(6) a thionscnamh;

(zf)

an creat maidir le comhar le húdaráis chustaim agus le húdaráis nó comhlachtaí inniúla eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 268(3), a ghlacadh.

4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Údarófar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

5.   I gcás inar gá sin in imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus na cumhachtaí sin a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 239

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   De ghnáth, déanfar cinntí an Bhoird Bainistíochta trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, seachas i gcás cinntí faoi Airteagal 238(1) agus Airteagal 238(3), pointí (b), (f), (n) agus (w), a mbeidh tromlach de dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu ag teastáil ina leith.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige nó aici. In éagmais comhalta a bhfuil ceart vótála aige nó aici, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.   Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.

4.   Bunófar socruithe vótála níos mionsonraithe le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le staonadh, úsáid nósanna imeachta i scríbhinn agus na cúinsí inar féidir le comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

Roinn 3

An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 240

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas:

(a)

an obair ullmhúcháin le haghaidh cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a threorú agus faireachán a dhéanamh uirthi;

(b)

a áirithiú, i gcomhar leis an mBord Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus ar mholtaí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe OLAF agus OIPE;

(c)

cur chun feidhme chinntí an Bhoird Bainistíochta a sheiceáil, d’fhonn maoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a threisiú.

3.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta.

4.   I gcás inar gá ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin, lena n-áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí, agus maidir le cúrsaí buiséadacha;

(b)

i gcás inar sainaithníodh géarchéim mar a leagtar síos i dTeideal XI, agus lena n-éilítear gníomhaíocht nó coigeartú a dhéanamh láithreach ar ghníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais.

5.   Ní mór cinneadh sealadach arna ghlacadh ag an mBord Feidhmiúcháin de bhun mhír 4 a dheimhniú le cinneadh foirmiúil ón mBord Bainistíochta tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an cinneadh sealadach sin a dhéanamh. I gcás nach ndéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh foirmiúil laistigh den teorainn ama sin, scoirfidh cinneadh sealadach an Bhoird Feidhmiúcháin d’fheidhm a bheith aige.

6.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de dhuine amháin den bheirt chomhaltaí den Bhord Bainistíochta arna n-ainmniú ag an Coimisiún agus de cheathrar comhaltaí eile arna gceapadh ag an mBord Bainistíochta as measc a chuid comhaltaí a bhfuil sé de cheart acu vótáil. Agus comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin á gceapadh aige, beidh sé d’aidhm ag an mBord Bainistíochta cothromaíocht inscne a áirithiú.

Toghfaidh an Bord Feidhmiúcháin an Cathaoirleach as measc a chomhaltaí.

Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige nó aici.

7.   Déanfar cinntí an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh trí thromlach glan dá chomhaltaí.

8.   2 bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus féadfar an téarma sin a athnuachan aon uair amháin. Tiocfaidh deireadh le tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin arna chinneadh sin don Bhord Bainistíochta nó tráth a thiocfaidh deireadh lena gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta.

9.   Tionólfar ar a laghad ceithre ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin gach bliain. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna n-iarraidh sin dá chuid comhaltaí.

10.   Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin. Áireofar sna rialacha nós imeachta sin rialacha mionsonraithe maidir le comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, a mbeidh sé d’aidhm acu uainíocht iomchuí a áirithiú idir na comhaltaí a ainmneoidh na Ballstáit, agus éagsúlacht na mBallstát, inter alia, á cur san áireamh.

Roinn 4

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 241

Ceapachán, dífhostú agus síneadh a chur leis an téarma oifige

1.   Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach de chuid Údarás Custaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (a) de na Coinníollacha Fostaíochta.

Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar fhorais tuillteanais agus scileanna riaracháin agus bainistíochta doiciméadaithe, chomh maith le forais inniúlachta agus taithí ábhartha, as liosta de thriúr iarrthóirí ar a laghad a mholfaidh an Coimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach a cheapfar sa chaoi is go gcinnteofar cothromaíocht inscne.

Déanfar glao ar léirithe spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar bhealaí iomchuí eile mar chuid den nós imeachta roghnúcháin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta maidir leis an dréachtghlao ar léiriú spéise.

2.   Féadfaidh an coiste ábhartha de chuid Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar na hiarrthóirí ar phost an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ceisteanna óna chomhaltaí a fhreagairt sula gceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, gan moill a chur ar an nós imeachta ceapacháin ná srian a chur le cinnteoireacht an Bhoird Bainistíochta.

3.   Chun conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar Údarás Custaim an Aontais.

4.   5 bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. In am trátha roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin Údarás Custaim an Aontais amach anseo.

5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 4 á chur san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin, ar feadh 5 bliana ar a mhéid.

Féadfaidh coiste ábhartha Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ceisteanna óna chomhaltaí a fhreagairt sula gcuirfear síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige, gan moill a chur ar an nós imeachta um shíneadh ná srian a chur le cinnteoireacht an Bhoird Bainistíochta.

6.   Ní ghlacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh thréimhse fhadaithe a théarma oifige nó a téarma oifige.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.

8.   Is é tromlach dá thrian de comhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh cinntí an Bhoird Bainistíochta maidir le ceapachán, le síneadh téarma oifige nó le cur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúchán.

Airteagal 242

Cúraimí agus freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Bainisteoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Údarás Custaim an Aontais. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, agus an Bhoird Bainistíochta, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a chúraimí nó a cúraimí agus ní iarrfaidh sé ná ní thógfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú a dhualgas nó a dualgas agus maidir le feidhmíocht fhoriomlán Údarás Custaim an Aontais nuair a iarrfar sin air. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tráth ar bith freastal ar éisteacht maidir le haon ní a bhaineann le gníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais.

4.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina ionadaí dlíthiúil ar Údarás Custaim an Aontais.

5.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar d’Údarás Custaim an Aontais leis an Rialachán seo. Go háirithe, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na nithe seo a leanas:

(a)

na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 232(6) a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(b)

riar laethúil inbhuanaithe agus éifeachtúil Údarás Custaim an Aontais a áirithiú;

(c)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(d)

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 249 a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(e)

an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 249 a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(f)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(g)

plean gníomhaíochta a ullmhú a leanfaidh ó chonclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe de chuid OLAF agus de chuid OIPE, agus tuairisciú chuig an gCoimisiún dhá uair sa bhliain, agus chuig an mBord Feidhmiúcháin agus chuig an mBord Bainistíochta ar bhonn rialta, maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta;

(h)

gan dochar d’inniúlacht imscrúdaitheach OLAF agus OIPE, leasanna airgeadais an Aontais maidir le feidhmiú inmheánach Údarás Custaim an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha inmheánacha in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina n-aimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(i)

straitéis frithchalaoise inmheánach a ullmhú, in éineacht le straitéis um ‘gnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí’, straitéis le haghaidh comhair le húdaráis chustaim agus le húdaráis eile tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus straitéis le haghaidh na gcóras bainistíochta eagraíochtúla agus rialaithe inmheánaigh le haghaidh Údarás Custaim an Aontais agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena bhformheas;

(j)

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le hÚdarás Custaim an Aontais a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(k)

dréachtráitis shealadacha ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais Údarás Custaim an Aontais a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 250, agus a bhuiséad a chur chun feidhme;

(l)

maidir le foireann Údarás Custaim an Aontais, cumhachtaí an údaráis ceapacháin dá dtagraítear in Airteagal 238(3), pointe (j) a fheidhmiú, a mhéid gur tarmligeadh na cumhachtaí sin dó nó di i gcomhréir le hAirteagal 238(4);

(m)

cinntí a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha Údarás Custaim an Aontais, lena n-áirítear, i gcás inar gá, gabháil, mar ionadaí, d’fheidhmeanna a bhaineann le bainistíocht Údarás Custaim an Aontais ó lá go lá, agus, i gcás inar gá, iad a leasú, agus na riachtanais a bhaineann le gníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais agus le bainistíocht fhónta airgeadais á gcur san áireamh;

(n)

caibidlíocht a dhéanamh agus, tar éis don Bhord Bainistíochta é a fhormheas, comhaontú maidir le Ceanncheathrú a shíniú i dtaca le suíomh Údarás Custaim an Aontais, agus, i gcás inarb infheidhme, comhaontuithe comhchosúla leis na Ballstáit óstacha ina bhfuil na hoifigí áitiúla lonnaithe;

(o)

na socruithe praiticiúla a ullmhú chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) a chur i bhfeidhm agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(p)

éagsúlacht a chur chun cinn agus díriú ar chothromaíocht inscne a áirithiú a mhéid a bhaineann le foireann Údarás Custaim an Aontais a earcú;

(q)

díriú ar fhoireann Údarás Custaim an Aontais a earcú ar an mbonn geografach is leithne is féidir, gan dearmad a dhéanamh go bhfuil na critéir earcaíochta le bheith bunaithe ar fhiúntas agus air sin amháin.

Airteagal 243

An Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh post Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chruthú chun cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má chruthaítear post an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin, beidh feidhm ag Airteagal 241 maidir leis an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin dá réir.

Airteagal 244

Cúraimí agus freagrachtaí an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Má chruthaítear post an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin, tabharfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin cúnamh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbainistíocht Údarás Custaim an Aontais agus i bhfeidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 242. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó má bhíonn an post folamh, glacfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ionad nó a hionad.

Airteagal 245

An Bord Comhairleach Custaim

1.   Bunóidh Údarás Custaim an Aontais Bord Comhairleach Custaim.

2.   Tabharfaidh an Bord Comhairleach Custaim cúnamh d’Údarás Custaim an Aontais trí fheidhmiú mar shásra le haghaidh comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis na hábhair a thagann faoi fhreagrachtaí Údarás Custaim an Aontais. Cuirfidh sé comhairle ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

maidir le bearta agus cinntí teicniúla a chur chun feidhme;

(b)

maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme agus caighdeánú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhchuibhithe;

(c)

maidir le gnéithe oibríochtúla na reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm;

(d)

i gcás inarb iomchuí agus arna iarraidh sin, maidir le haon ghníomhaíocht eile de chuid Údarás Custaim an Aontais.

3.   Beidh an Bord Comhairleach Custaim comhdhéanta d’ionadaithe na bpáirtithe leasmhara atá ábhartha d’obair Údarás Custaim an Aontais, lena n-áirítear ionadaithe ón earnáil gnó, agus d’ionadaithe comhlachas de chuid pháirtithe leasmhara den sórt sin. Cinnfidh an Bord Bainistíochta comhdhéanamh an Bhoird Chomhairligh Custaim.

4.   Rachfar i gcomhairle leis an mBord Comhairleach Custaim go tráthrialta agus féadfaidh sé comhairle a chur ar Údarás Custaim an Aontais ar a thionscnamh féin maidir leis na hábhair a liostaítear i mír 2, pointí (a), (b) agus (c).

5.   Tionólfaidh an Bord Comhairleach Custaim gnáthchruinniú amháin ar a laghad gach 6 mhí. Ina theannta sin, féadfaidh sé teacht le chéile arna iarraidh sin don Bhord Bainistíochta, don Bhord Feidhmiúcháin nó don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Roinn 5

An tIniúchóir Sonraí

Airteagal 246

Ceapachán, stádas agus neamhspleáchas an Iniúchóra Sonraí

1.   Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an tIniúchóir Sonraí ar bhonn fiúntais agus scileanna gairmiúla doiciméadaithe, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí ábhartha i réimsí na slándála sonraí, na cibearshlándála agus na cosanta sonraí.

2.   Beidh an tIniúchóir Sonraí ina bhall d’fhoireann Údarás Custaim an Aontais agus gníomhóidh sé go neamhspleách.

3.   Gníomhóidh an tIniúchóir Sonraí agus lánurraim á tabhairt aige do dhlí an Aontais maidir le rúndacht.

Airteagal 247

Freagrachtaí agus cúraimí an Iniúchóra Sonraí

1.   Déanfaidh an tIniúchóir Sonraí faireachán agus measúnú ar dhlíthiúlacht na rochtana ar Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.

2.   Tuairisceoidh an tIniúchóir Sonraí ar a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí don Bhord Bainistíochta ar bhonn bliantúil.

3.   Déanfaidh an tIniúchóir Sonraí a chúraimí nó a cúraimí i gcomhar le hOifigeach Cosanta Sonraí Údarás Custaim an Aontais, gan dochar d’urramú freagrachtaí comhlachtaí formhaoirseachta eile de chuid an Aontais nó comhlachtaí formhaoirseachta náisiúnta eile.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear stádas neamhspleách an Iniúchóra Sonraí agus lena leagtar síos na cúraimí agus na freagrachtaí mionsonraithe atá ag an duine sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 283(2).

CAIBIDIL 4

Bunú agus struchtúr bhuiséad Údarás Custaim an Aontais

Airteagal 248

Forálacha ginearálta

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir le hÚdarás Custaim an Aontais a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 ón gCoimisiún (42) mura mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d’oibriú Údarás Custaim an Aontais agus mura mbeidh an Coimisiún tar éis toiliú don imeacht sin roimh ré.

Airteagal 249

Doiciméad clársceidealaithe aonair

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a tharraingt suas ina mbeidh, go háirithe, clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 agus i gcomhréir leis an bhforáil ábhartha de rialacha airgeadais Údarás Custaim an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 248 den Rialachán seo, agus aon treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún á gcur san áireamh. Beidh clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil den sórt sin i gcomhréir le beartas custaim agus le tosaíochtaí foriomlána an aontais chustaim.

2.   Tarchuirfidh an Bord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa faoin 31 Eanáir den bhliain roimh an gclárthréimhse.

3.   Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair. Cuirfidh sé an doiciméad clársceidealaithe aonair sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, chomh maith le haon leagan den doiciméad sin a tugadh cothrom le dáta níos déanaí. Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe aonair chun bheith cinntitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a ghlacadh go críochnaitheach agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

4.   Leagfar amach i gclár oibre bliantúil Údarás Custaim an Aontais cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh leithdháilte do gach gníomhaíocht. Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 5. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe.

Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua d’Údarás Custaim an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo. Is i gcomhréir leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

5.   Leagfar amach i gclár oibre ilbhliantúil Údarás Custaim an Aontais an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta. Maidir leis na cuspóirí a leagtar síos, léireofar sa chlár oibre ilbhliantúil freisin, i gcás gach gníomhaíochta, na hacmhainní táscacha airgeadais agus daonna a mheastar is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, agus léireofar leis rannchuidiú Údarás Custaim an Aontais le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a bhaint amach.

Airteagal 250

Bunú an bhuiséid

1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas sealadach a tharraingt suas uair sa bhliain ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas Údarás Custaim an Aontais don bhliain airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é. Beidh an fhaisnéis a bheidh sa dréachtráiteas sealadach ar mheastacháin i gcomhréir leis an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 249(1).

2.   Ar bhonn an dréachtráitis shealadaigh sin ar mheastacháin dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas Údarás Custaim an Aontais don bhliain airgeadais dár gcionn (‘an dréachtráiteas ar mheastacháin’).

3.   Seolfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtráiteas ar mheastacháin chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an dréachtráiteas ar mheastacháin mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais chuig an údarás buiséadach.

5.   Ar bhonn an dréachtráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus do mhéid na ranníocaíochta a bhainfear as an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 CFAE.

6.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais d’Údarás Custaim an Aontais.

7.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta Údarás Custaim an Aontais.

8.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad Údarás Custaim an Aontais. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach nuair a bheidh buiséad ginearálta an Aontais glactha go críochnaitheach. I gcás inar gá, déanfar buiséad Údarás Custaim an Aontais a choigeartú dá réir.

Airteagal 251

Struchtúr an bhuiséid

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas Údarás Custaim an Aontais gach bliain airgeadais agus léireofar i mbuiséad Údarás Custaim an Aontais iad. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

2.   Beidh buiséad Údarás Custaim an Aontais comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d’acmhainní eile, cuimseofar in ioncam Údarás Custaim an Aontais na nithe seo a leanas:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(c)

cistiú féideartha ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó deontais i gcomhréir le rialacha airgeadais Údarás Custaim an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 248 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais;

(d)

ioncam ó fhoilseacháin agus earraí nó seirbhísí eile a sholáthraíonn Údarás Custaim an Aontais nó muirir ar fhoilseacháin agus earraí nó seirbhísí eile a sholáthraíonn Údarás Custaim an Aontais.

4.   Cuirfear luach saothair foirne, costas riaracháin agus bonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas Údarás Custaim an Aontais.

5.   D'fhéadfaí gealltanais bhuiséadacha maidir le tionscadail mhórscála a shíneann thar bhreis agus aon bhliain airgeadais amháin a mhiondealú i roinnt tráthchodanna bliantúla.

Airteagal 252

Cur chun feidhme an bhuiséid

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad Údarás Custaim an Aontais chun feidhme agus beidh aird aige ar phrionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta, na héifeachtachta agus na bainistíochta fónta airgeadais.

2.   Gach bliain, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is gá chuig an údarás buiséadach chun a dhualgais mheastóireachta a chomhlíonadh.

Airteagal 253

Tíolacadh cuntas agus urscaoileadh

1.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta Údarás Custaim an Aontais na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn (bliain N+1).

2.   Faoin 31 Márta de bhliain N+1, seolfaidh Údarás Custaim an Aontais an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais le haghaidh bhliain N chuig Pharlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

3.   Faoin 31 Márta de bhliain N+1, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí.

4.   Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Údarás Custaim an Aontais, de bhun Airteagal 252 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Údarás Custaim an Aontais cuntais chríochnaitheacha Údarás Custaim an Aontais don bhliain sin a tharraingt suas. Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha sin chuig an mBord Feidhmiúcháin chun tuairim a fháil. Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh an tuairim.

5.   Faoin 1 Iúil sa bhliain N+1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Údarás Custaim an Aontais na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, in éineacht leis an tuairim a ghlac an Bord Bainistíochta, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

6.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N+1.

7.   Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair sa bhliain N+1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

8.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoina bráid chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain airgeadais N, i gcomhréir le hAirteagal 267(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

9.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N+2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 254

Calaois a chomhrac

1.   Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile laistigh d’Údarás Custaim an Aontais a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

2.   Aontóidh Údarás Custaim an Aontais don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha ag OLAF (44) faoi 21 Márta 2027 agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir lena fhoireann, agus an teimpléad a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aige chuige sin.

3.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, i gcás gach faighteora deontais, gach conraitheora agus gach fochonraitheora a fuair cistí Aontais ó Údarás Custaim an Aontais.

4.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a mbeadh tionchar aige ar leas an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag Údarás Custaim an Aontais, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (45).

5.   Gan dochar do mhíreanna 1 go 4, maidir le conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais Údarás Custaim an Aontais, cuimseofar leo forálacha a thugann cumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF chun na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh, de réir a n-inniúlachtaí faoi seach. Cumhdófar le socruithe oibre le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta cúnamh agus comhar na n-údarás sin agus na heagraíochta idirnáisiúnta sin maidir le hiniúchtaí agus imscrúduithe arna ndéanamh ag an gCúirt Iniúchóirí agus ag OLAF.

6.   I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh OIPE imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar chalaois agus ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46). Beidh feidhm ag Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939 maidir le haon iompar coiriúil ábhartha a thuairisciú do OIPE.

CAIBIDIL 5

Forálacha maidir leis an bhfoireann

Airteagal 255

Foráil ghinearálta

Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne, ag na Coinníollacha Fostaíochta agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta maidir le foireann Údarás Custaim an Aontais.

Airteagal 256

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as foireann eile nach bhfuil fostaithe ag Údarás Custaim an Aontais.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht d’Údarás Custaim an Aontais.

Airteagal 257

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus CFAE, maidir le hÚdarás Custaim an Aontais agus a fhoireann.

CAIBIDIL 6

Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Airteagal 258

Trédhearcacht agus cumarsáid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh Údarás Custaim an Aontais. Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun an Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh an phróiseáil a dhéanfaidh Údarás Custaim an Aontais ar shonraí pearsanta faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725. Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, leagfaidh an Bord Bainistíochta síos bearta le haghaidh Údarás Custaim an Aontais chun an Rialachán sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh d’Údarás Custaim an Aontais. Déanfar na bearta sin a shuí tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

3.   Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide ar a thionscnamh féin laistigh dá réimse inniúlachta. Rannchuideoidh leithdháileadh acmhainní ar ghníomhaíochtaí cumarsáide dochar le feidhmiú éifeachtach chúraimí Údaráis Chustaim an Aontais Eorpaigh. Déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide i gcomhréir le pleananna ábhartha maidir le cumarsáid agus scaipeadh arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.

Airteagal 259

Oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus an Bhoird Feidhmiúcháin, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an tIniúchóir Sonraí agus comhaltaí foirne uile Údarás Custaim an Aontais, lena n-áirítear oifigigh atá ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, chomh maith le gach duine eile a dhéanann cúraimí d’Údarás Custaim an Aontais ar bhonn conarthach, beidh siad uile faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus Airteagal 67 de Threoir (AE) 2024/1640, lena n-áirítear tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

2.   Na daoine aonair a sholáthraíonn aon tseirbhís, go díreach nó go hindíreach, go buan nó go hócáideach, a bhaineann le cúraimí Údarás Custaim an Aontais, tá siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo siúd dá bhforáiltear i mír 1.

3.   Chun a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo, údarófar Údarás Custaim an Aontais, laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, faisnéis a mhalartú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó le húdaráis agus comhlachtaí náisiúnta.

4.   Bunóidh Údarás Custaim an Aontais socruithe praiticiúla chun ceanglais na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur chun feidhme.

Airteagal 260

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.   Glacfaidh Údarás Custaim an Aontais a cuid rialacha slándála féin a bheidh bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha atá leagtha síos i rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, lena n-áirítear, inter alia, forálacha maidir leis an bhfaisnéis sin a mhalartú le tríú tíortha, agus próiseáil agus stóráil na faisnéise sin mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (47) agus (AE, Euratom) 2015/444 (48) ón gCoimisiún. Aon socrú riaracháin maidir le malartú faisnéise rún-aicmithe le húdaráis ábhartha tríú tír nó, in éagmais an tsocraithe sin, aon eisiúint ad hoc FRAE chuig na húdaráis sin, beidh sé nó sí faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha slándála Údarás Custaim an Aontais tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na rialacha slándála atá beartaithe, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad ar comhréir le Cinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444.

3.   Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais na bearta is gá a dhéanamh chun gurb éasca an fhaisnéis is ábhartha maidir lena chúraimí a mhalartú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, leis na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. Aon socrú riaracháin a dhéanfar chun na críche sin maidir le faisnéis rúnaicmithe FRAE a chomhroinnt, nó, murab ann do na socruithe sin, ag aon socrú eisceachtúil ad hoc lena scaoilfear FRAE, beidh sé faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún.

Airteagal 261

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 (49) ón gComhairle maidir le hÚdarás Custaim an Aontais.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga Údarás Custaim an Aontais.

3.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh aistriúchán agus gach seirbhís teanga eile a theastóidh ó Údarás Custaim an Aontais, seachas ateangaireacht.

Airteagal 262

Meastóireacht

1.   Áiritheoidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 21 Meán Fómhair 2031, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, go ndéanfar meastóireacht ar fheidhmíocht Údarás Custaim an Aontais maidir lena chuspóirí, lena shainordú, lena chúraimí, lena rialachas agus lena shuíomhanna i gcomhréir le treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún.

2.   Sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, air ar gá sainordú Údarás Custaim an Aontais a mhodhnú, agus féachfar ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin.

3.   Tráth gach dara meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú ar na torthaí a bhain Údarás Custaim an Aontais amach, ag féachaint dá chuspóirí, dá shainordú, dá chúraimí, agus dá rialachas, lena n-áirítear meastóireacht ina bpléifear an bhfuil údar cuí fós leis ó thaobh na gcuspóirí sin, an tsainordaithe sin, na gcúraimí sin agus an rialachais sin go leanfaí ar aghaidh le hÚdarás Custaim an Aontais.

4.   Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le torthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1. Poibleofar torthaí na meastóireachta sin.

Airteagal 263

Dliteanas Údarás Custaim an Aontais

1.   Beidh dliteanas conarthach Údarás Custaim an Aontais faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag Údarás Custaim an Aontais.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Údarás Custaim an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb iad a ranna nó a baill foirne féin is cúis leis agus iad i mbun a ndualgas.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as an damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a fhoirne i leith Údarás Custaim an Aontais faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

6.   Beidh dliteanas airgeadais an Aontais agus na mBallstát i leith fhiacha Údarás Custaim an Aontais teoranta don ranníocaíocht a rinne siad cheana i leith a chostas riaracháin.

Airteagal 264

Comhaontú Ceanncheathrún agus dálaí oibríochta

1.   Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil d’Údarás Custaim an Aontais sa Bhallstát óstach agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag an mBallstát sin mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann Údarás Custaim an Aontais agus baill dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir Údarás Custaim an Aontais agus an Ballstát óstach, a thabharfar i gcrích tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta agus tráth nach déanaí ná an 21 Meán Fómhair 2028.

2.   Soláthróidh Ballstát óstach Údarás Custaim an Aontais na coinníollacha is fearr is féidir chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is cuí, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí.

3.   I gcás inar gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh a dhéanamh oifigí áitiúla a bhunú i mBallstáit eile chun cúraimí an Údaráis a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.

Sula gcinnfidh sé oifig áitiúil a bhunú, gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toiliú roimh ré ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát lena mbaineann. Bunófar an cinneadh ar anailís costais is tairbhe iomchuí a léiríonn go háirithe breisluach an chinnidh sin. Sonrófar sa chinneadh raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh san oifig áitiúil ar bhealach lena seachnófar costais gan ghá agus dúbailt feidhmeanna riaracháin Údarás Custaim an Aontais.

Airteagal 265

Tús ghníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais

Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus as oibriú tosaigh Údarás Custaim an Aontais go dtí go mbeidh an cumas oibríochtúil ag Údarás Custaim an Aontais a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Chun na críche sin:

(a)

go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun dualgas tar éis don Bhord Bainistíochta é a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 241, féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú le gníomhú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú;

(b)

de mhaolú ó Airteagal 238(3), pointe (j), agus go dtí go nglacfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 238(4), feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cumhachtaí an údaráis cheapacháin;

(c)

féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thairiscint d’Údarás Custaim an Aontais, go háirithe trí oifigigh ón gCoimisiún a thabhairt ar iasacht chun gníomhaíochtaí Údarás Custaim an Aontais a chur i gcrích faoi fhreagracht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin eatramhaigh nó an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

(d)

féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach na híocaíochtaí uile a chumhdófar le leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad Údaráis Chustaim an Aontais a údarú tar éis formheas a fháil ón mBord Feidhmiúcháin agus féadfaidh an duine sin conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, tar éis plean bunaíochta an Údaráis a ghlacadh;

(e)

de mhaolú ar Airteagal 237(1), go dtí go dtoghfar Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, comórfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus déanfaidh sé cathaoirleacht orthu, ach ní bheidh ceart vótála aige nó aici.

TEIDEAL XIII

AN COMHAR CUSTAIM

CAIBIDIL 1

Comhar idir na húdaráis custaim laistigh den Aontas

Airteagal 266

An comhar inmheánach custaim

1.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 515/97, comhoibreoidh na húdaráis chustaim le chéile, leis an gCoimisiún agus le hÚdarás Custaim an Aontais i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim agus le haon ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena bhforáiltear don chomhar sin, d’fhonn cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach na ngníomhartha dlí sin a áirithiú agus d’fhonn tacú lena misean a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo.

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim, arna iarraidh sin d’údaráis chustaim Ballstáit eile, oifigigh chustaim a chur ar fáil go sealadach chun obair a dhéanamh in údaráis chustaim an Bhallstáit sin. Cuirfidh na húdaráis chustaim Údarás Custaim an Aontais ar an eolas faoi na poist shealadacha sin. Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais a thacaíocht a mholadh agus, le toiliú na n-údarás custaim lena mbaineann, na poist sin a chomhordú. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann na coinníollacha is gá a leagan síos do na poist sin i gcomhaontú nó i socruithe oibre.

3.   Féadfaidh údaráis chustaim Ballstát éagsúil rialuithe comhpháirteacha a dhéanamh ar a dtionscnamh féin, de bhreis ar na rialuithe comhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 267. Cuirfidh siad Údarás Custaim an Aontais ar an eolas faoi na rialuithe comhpháirteacha sin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, OLAF agus Údarás Custaim an Aontais sonraí a mhalartú i gcomhréir le Teideal III chun críche an chomhair dá dtagraítear sa Chaibidil seo. I gcás ina mbeidh faisnéis maidir le riosca i gceist le malartú den sórt sin, áiritheoidh Údarás Custaim an Aontais go mbainfear úsáid éifeachtach as an bhfaisnéis sin ina ghníomhaíochtaí bainistithe riosca i gcomhréir leis an Teideal seo agus le Teideal XII.

Airteagal 267

Rialuithe comhpháirteacha

1.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, na rialuithe comhpháirteacha arna ndéanamh ag na húdaráis chustaim a phleanáil, a eagrú agus a chomhordú.

I gcás inarb ábhartha, féadfaidh comhar leis an gCoimisiún nó le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a bheith i gceist le rialuithe comhpháirteacha, i gcomhréir le hAirteagal 268.

2.   Chun críoch na rialuithe comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1, leanfaidh Údarás Custaim an Aontais na tosaíochtaí beartais custaim agus áiritheoidh sé comhar maidir leis na gníomhaíochtaí frithchalaoise a dhéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus maidir le himscrúduithe a dhéanfaidh na húdaráis chustaim.

3.   Cuirfidh na húdaráis chustaim aiseolas ar fáil d’Údarás Custaim an Aontais maidir leis na gníomhaíochtaí agus na rialuithe atá déanta acu i gcomhthéacs aon chomhrialú dá dtagraítear i mír 1 ionas go mbeidh Údarás Custaim an Aontais in ann tuarascáil a tharraingt suas agus meastóireacht a dhéanamh.

CAIBIDIL 2

Comhar leis na húdaráis eile laistigh den Aontas

Airteagal 268

An comhar custaim idir na húdaráis laistigh den Aontas

1.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ná d’Airteagail 41, 42 agus 43 den Rialachán seo, comhoibreoidh Údarás Custaim an Aontais agus na húdaráis chustaim le húdaráis nó comhlachtaí inniúla eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear údaráis faireachais margaidh, údaráis sláintíochta agus fíteashláintíochta, údaráis nó comhlachtaí forfheidhmithe dlí, údaráis staidrimh agus údaráis chánach, faoi chuimsiú na gcreataí dlíthiúla is infheidhme.

2.   Déanfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go tráthrialta agus ar bhealach struchtúrtha. Saothrófar leis, go háirithe, na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rannchuidiú le forbairtí reachtacha i réimsí beartais atá ábhartha maidir le custam agus leanúint na bhforbairtí sin;

(b)

sonraí a mhalartú, go háirithe sonraí atá ábhartha do bhainistiú riosca i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil 2;

(c)

straitéisí maoirseachta comhleanúnacha agus comhordaithe a fhorbairt maidir le bainistiú riosca earraí faoi réimsí freagrachtaí na n-údarás custaim agus na n-údarás eile araon, i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil 2;

(d)

cur chun feidhme oibríochtúil a éascú, lena n-áirítear trí rialuithe comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 267;

(e)

i gcás inarb iomchuí, scileanna agus dea-chleachtais a mhalartú trí sheisiúin oiliúna chomhpháirteacha maidir le cén chaoi le táirgí neamhchomhlíontacha a bhrath;

(f)

i réimsí a bhaineann le cúrsaí custaim, rannchuidiú le gníomhaíochtaí nuálaíochta agus taighde, teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus an soláthar comhpháirteach a éascú.

3.   Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais, gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus faoi réir a fhormheasa roimh ré, i gcomhar leis na húdaráis chustaim, creat a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta lena dtacófar leis an gcomhar dá dtagraítear san Airteagal seo trí chuspóirí agus príomhréimsí comhair a mholadh agus trí threoirlínte a sholáthar maidir lena chur chun feidhme praiticiúil. Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais socruithe oibre a thabhairt i gcrích chun an creat sin a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta. Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais páirtithe ábhartha eile a rannpháirtiú nuair a fhorbróidh sé an creat nó na socruithe oibre dá dtagraítear sa mhír seo.

4.   I gcás ina bhfaighidh údaráis chustaim iarraidh ó údaráis inniúla eile ar an leibhéal náisiúnta ar shonraí atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais a asbhaint agus a chur in iúl i gcomhthéacs an chomhair dá dtagraítear i mír 1, ní sholáthrófar na sonraí sin ach amháin ar iarraidh a bhfuil údar maith léi agus le formheas na n-údarás custaim lena mbaineann leis na sonraí.

Beidh an asbhaint agus an chumarsáid sin teoranta do shonraí a bhfuil an t-údarás is faighteoir i dteideal a fháil i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil faoina n-oibríonn sé agus a bhfuil géarghá leo chun na críche a luaitear san iarraidh ábhartha. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le rúndacht agus cosaint sonraí.

Ainmneoidh na húdaráis chustaim aonad lárnach chun na hiarrataí dá dtagraítear sa mhír seo a fháil agus chun a bpróiseáil a áirithiú.

5.   Úsáidfidh údaráis chustaim agus Údarás Custaim an Aontais modhanna leictreonacha chun na hoibleagáidí a liostaítear i mír 4 a chomhlíonadh.

6.   I gcás ina bhfuil amhras ar údarás custaim nach gcomhlíonann earraí reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, roinnfidh sé an fhaisnéis sin láithreach leis na húdaráis inniúla ábhartha trí úsáid a bhaint as na modhanna teicniúla agus laistigh de na tréimhsí ama dá bhforáiltear sa reachtaíocht is infheidhme.

7.   I gcás ina gcomhoibreoidh údarás custaim le húdarás eile i mBallstát eile, tabharfaidh sé fógra d’údarás custaim an Bhallstáit sin go bhfuil an comhar ag tarlú. I gcás ina mbeidh níos mó ná dhá Bhallstát i gceist leis an gcomhar, tabharfaidh na húdaráis chustaim atá rannpháirteach fógra d’Údarás Custaim an Aontais, a fhéadfaidh tacaíocht oibríochtúil agus chomhordaithe a chur ar fáil dóibh, arna iarraidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 232.

8.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit an creat comhair dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i bhfeidhm, tuairisceoidh siad go tréimhsiúil agus gach 2 bhliain ar a laghad d’Údarás Custaim an Aontais maidir lena chur i bhfeidhm. Cuirfidh Údarás Custaim an Aontais torthaí an tuairiscithe sin san áireamh ina ghníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 232(7), pointe (a), agus na cúraimí tomhaiste feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 232(7), pointe (b).

9.   Go dtí an 21 Meán Fómhair 2027, féadfaidh an Coimisiún cúraimí Údarás Custaim an Aontais a chur i gcrích.

10.   Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais comhoibriú le húdaráis náisiúnta eile, agus leis an gCoimisiún agus le hinstitiúidí, oifigí, gníomhaireachtaí, líonraí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, chun cur leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2. I gcás ina gcomhoibreoidh Údarás Custaim an Aontais le húdarás náisiúnta Ballstáit eile, tabharfaidh sé fógra d’údarás custaim an Bhallstáit sin.

11.   Comhoibreoidh Údarás Custaim an Aontais go dlúth le OLAF agus OIPE i gcás ina dtarlaíonn calaois nó amhras calaoise in aon cheann dá ghníomhaíochtaí comhair.

12.   Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais páirt a ghlacadh in anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí, i gcláir nuálaíochta, i ngníomhaíochtaí oiliúna, i líonraí agus i ngníomhaíochtaí eile atá ábhartha maidir lena chúraimí a chur chun feidhme agus arb iad institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais a eagraíonn iad, agus féadfaidh sé rannchuidiú leo.

Airteagal 269

Gníomhaíochtaí a bheidh le glacadh ag na húdaráis chustaim

1.   Na bearta a leagtar síos i reachtaíocht eile, ar bearta iad a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm, cuirfidh na húdaráis chustaim chun feidhme iad i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta eile sin, mar atá:

(a)

sonraí sonracha a bhailiú le haghaidh na gcoinsíneachtaí ar fad, lena n-áirítear seiceálacha uathoibrithe ar fhoirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais, ar choinníoll go stóráiltear i gclárlann lárnach de chuid an Aontais iad;

(b)

staidreamh, anailísíocht agus treochtaí a sholáthar, go háirithe i réimse na rioscaí;

(c)

rialuithe údarás eile a éascú agus a chomhordú;

(d)

rialuithe a dhéanamh ar choinsíneachtaí áirithe, arna roghnú ar bhonn bainistiú riosca i gcomhréir le Teideal IV agus an anailís dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo á cur san áireamh;

(e)

dul i gcomhairle le húdaráis eile sula scaoilfear na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 77;

(f)

aon bheart is gá a dhéanamh maidir le hearraí neamhchomhlíontacha, lena n-áirítear na hearraí sin a dhíol nó a dhíothú;

(g)

lena gcuirtear chun feidhme an creat comhair dá dtagraítear in Airteagal 268;

(h)

údaráis eile a chur ar an eolas faoi rioscaí atá ábhartha dá gcuid oibre, agus amhras faoi chalaois agus faoi choireacht a thuairisciú;

(i)

obair leantach a dhéanamh i gcás ina sáraíonn gluaiseacht earraí reachtaíocht eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm;

(j)

aon ghníomhaíocht chomhlántach eile.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát pointe trasnaithe teorann custaim speisialaithe chun reachtaíocht áirithe eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm a chur i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra d’Údarás Custaim an Aontais faoin ainmniúchán sin. Déanfaidh Údarás Custaim an Aontais liosta de na pointí trasnaithe teorann custaim speisialaithe sin agus tabharfaidh sé cothrom le dáta go rialta é agus foilseoidh sé an liosta sin ar a shuíomh gréasáin. Na srianta a eascraíonn as an oibleagáid dul trí phointe trasnaithe teorann custaim speisialaithe, ní bheidh siad díréireach, a mhéid a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha, leis an gcuspóir atá i gceist, agus aird chuí á tabhairt ar na cúinsí a thugann údar leis an oibleagáid sin.

3.   Chun sainaithint, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú reachtaíochta eile a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm a éascú, tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta comhtháite de ghníomhartha dlí an Aontais lena leagfar síos ceanglais is infheidhme maidir le hearraí atá faoi réir rialuithe custaim a bhfuil sé mar aidhm leo leasanna an phobail a chosaint agus foilseoidh sé an liosta sin ar a shuíomh gréasáin.

CAIBIDIL 3

An comhar custaim idir na húdaráis lasmuigh den Aontas

Airteagal 270

An comhar custaim le húdaráis tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais, a mhéid is gá dá chúraimí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus faoi réir formheas a fháil roimh ré, socruithe oibre a thabhairt i gcrích le húdaráis chustaim agus le húdaráis inniúla eile tríú tíortha, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith. Féadfar na gníomhaíochtaí comhpháirteacha sin agus comhroinnt na ndea-chleachtas a áireamh ar na socruithe oibre sin.

2.   Beidh na socruithe oibre dá dtagraítear i mír 1 teoranta do chúraimí Údarás Custaim an Aontais agus ní chruthófar leo oibleagáidí dlíthiúla don Aontas ná do na Ballstáit.

3.   Cuirfidh Údarás Custaim an Aontais údaráis chustaim na mBallstát ar an eolas faoi na socruithe oibre dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 271

Comhaontuithe déthaobhacha le tríú tíortha

1.   I gcás ina rachaidh Ballstát i mbun caibidlíochta le tríú tír chun comhaontú déthaobhach maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta custaim a thabhairt i gcrích, tabharfaidh sé fógra, gan moill mhíchuí, don Choimisiún maidir le dréacht-chomhaontú a bhfuil sé ar intinn aige a shíniú.

2.   Sula dtabharfar i gcrích nó sula leasófar aon chomhaontú déthaobhach le tríú tír comharsanachta i ndáil le pointí trasnaithe teorann roinnte, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht an chomhaontaithe sin le dlí an Aontais. Más dóigh leis an gCoimisiún nach bhfuil an comhaontú comhoiriúnach le dlí an Aontais, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin. Glacfaidh an Ballstát sin na céimeanna uile is iomchuí chun an comhaontú a leasú laistigh de thréimhse réasúnta ionas go bhfaighfear réidh leis na neamh-chomhoiriúnachtaí sin.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana faoin 21 Meán Fómhair 2027.

Airteagal 272

Malartú sonraí le tríú tíortha

1.   Féadfaidh an Coimisiún, na húdaráis chustaim agus Údarás Custaim an Aontais, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, sonraí arna bpróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhalartú agus a chomhroinnt le húdaráis chustaim agus le húdaráis eile tríú tíortha chun críche comhair custaim, lena n-áirítear trí mhalartuithe córasacha agus uathoibrithe, sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a fhoráiltear don mhalartú sin le comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann;

(b)

nuair a fhoráiltear don mhalartú sin le gníomhartha dlí de chuid an Aontais i réimsí an chustaim, an chomhbheartais tráchtála nó an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais a chuireann na húdaráis chustaim i bhfeidhm; nó

(c)

nuair a fhoráiltear don mhalartú sin le comhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích nó arna choinneáil ar bun i gcomhréir leis an nós imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 6 go 9 idir Ballstát agus tríú tír.

2.   I gcás ina malartóidh na húdaráis chustaim nó Údarás Custaim an Aontais sonraí le húdaráis chustaim agus le húdaráis eile tríú tíortha, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin malartú sin.

3.   Maidir leis an malartú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfuil an t-aistriú sonraí pearsanta i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, de réir mar is infheidhme;

(b)

rúndacht faisnéise a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo; agus

(c)

a áirithiú go ndéanfar sonraí a mhalartú trí mhodhanna cumarsáide atá slán iomchuí.

4.   Féadfaidh baint a bheith ag an malartú dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, leis na catagóirí sonraí seo a leanas:

(a)

míreanna sonraí a áirítear i gcinntí arna ndéanamh ag na húdaráis chustaim nó i gcinntí comhchosúla a rinneadh i dtríú tíortha, a bhaineann le faisnéis cheangailteach, stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe, stádas trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, luacháil chustaim, stádas custaim earraí nó nósanna imeachta speisialta;

(b)

míreanna sonraí a áirítear i ndearbhuithe, i bhfógraí agus i gcruthúnas maidir le stádas custaim earraí agus i ndoiciméid tacaíochta, nó arna soláthar nó arna gcur ar fáil ar bhealach eile d’údaráis chustaim na mBallstát, don Choimisiún, nó d’údaráis chustaim tríú tíortha, nó arna n-eisiúint ag na húdaráis sin;

(c)

sonraí faoi rioscaí arna sainaithint, sonraí nua arna bhfáil agus torthaí arna bhfáil ag údaráis chustaim na mBallstát nó an Choimisiúin, ar thaobh amháin, agus údaráis custaim tríú tíortha, ar an taobh eile, agus iad i mbun anailísiú riosca agus rialú.

5.   Tá an malartú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo gan dochar do mhalartuithe faisnéise a dhéantar faoi na forálacha maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach atá i gcomhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha agus do Rialachán (CE) Uimh. 515/97.

6.   Féadfar a thabhairt de chumhacht do Bhallstát dul i mbun caibidlíochta le tríú tír chun comhaontú déthaobhach a thabhairt i gcrích maidir leis an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha ginearálta a leagtar síos i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 8.

Nuair a thiocfaidh comhaontú maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm idir an tAontas agus tríú tír ar leith, beidh tosaíocht ag an gcomhaontú sin ar aon chodanna ábhartha de chomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana, nach bhféadfar a chur i bhfeidhm a thuilleadh.

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na comhaontuithe déthaobhacha atá acu cheana lena ndéantar foráil maidir le malartú faisnéise i ndáil le custam ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Más dóigh leis an gCoimisiún nach bhfuil comhaontú comhoiriúnach le dlí an Aontais, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin. Glacfaidh an Ballstát sin na céimeanna uile is iomchuí chun an comhaontú a leasú laistigh de thréimhse réasúnta a leagfaidh an Coimisiún amach ionas go bhfaighfear réidh leis na neamh-chomhoiriúnachtaí sin.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha agus na nósanna imeachta a chinneadh ar i gcomhréir leo is féidir an chumhacht a thabhairt do Bhallstát dul i mbun caibidlíochta dá dtagraítear i mír 6. Áireofar ar na coinníollacha sin an ceanglas ar an mBallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún, d’Údarás Custaim an Aontais agus do gach Ballstát eile go bhfuil sé ar intinn aige an comhaontú déthaobhach sin agus an t-ábhar atá ann a thabhairt i gcrích. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a thionchar ar dhlí an Aontais agus ar an gcaibidlíocht a dhéanfar amach anseo ar leibhéal an Aontais. Forálfar sa ghníomh tarmligthe freisin d’fhaireachán ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe sin.

9.   Laistigh de 60 lá ón bhfógra dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a fháil, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena dtabharfar an chumhacht don Bhallstát lena mbaineann an comhaontú déthaobhach lena mbaineann a dhéanamh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 283(2).

Ar mhórchúiseanna práinne a mbeidh call cuí leo a bhaineann leis an gcumhachtú sin, i ndáil leis an ngá a cheadú go mear faisnéis a mhalartú arna iarraidh, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme is infheidhme gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 283(5).

Cuirfidh an Coimisiún, laistigh den tréimhse chéanna, an Ballstát lena mbaineann ar an eolas i gcás ina gcinnfidh sé gan gníomh cur chun feidhme a ghlacadh de bhun na míre seo.

TEIDEAL XIV

SÁRUITHE REACHTAÍOCHTA CUSTAIM AGUS PIONÓIS NEAMHCHOIRIÚLA

Airteagal 273

Ábhar agus forálacha ginearálta

1.   Bunaítear leis an Teideal seo liosta íosta de sháruithe reachtaíochta custaim agus de phionóis neamhchoiriúla i leith na sáruithe sin.

Leagfaidh na Ballstáit síos ina ndlí náisiúnta na sáruithe reachtaíochta custaim agus na pionóis neamhchoiriúla is infheidhme maidir leis na sáruithe sin, i gcomhréir leis an Teideal seo.

2.   Ní chuireann an Teideal seo cosc ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le sáruithe breise i ndáil leis an reachtaíocht chustaim ná cosc bearta níos déine a dhéanamh maidir le sáruithe reachtaíochta custaim.

3.   Beidh na pionóis i leith sáruithe reachtaíochta custaim éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlí náisiúnta a ghlacfaidh siad de bhun an Teidil seo faoin 19 Márta 2028, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.

Airteagal 274

Sáruithe reachtaíochta custaim

1.   Gan dochar d’Airteagail 224, 273 agus 275, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sáruithe reachtaíochta custaim seo a leanas faoi réir pionóis a leagtar síos ina ndlí náisiúnta ar a laghad:

(a)

mainneachtain shealbhóir an chinnidh na hoibleagáidí a bheidh mar thoradh ar an gcinneadh a chomhlíonadh;

(b)

mainneachtain maidir leis an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le sonraí iomlána cruinne a sholáthar nó a chur ar fáil d’údaráis chustaim i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim;

(c)

mainneachtain maidir leis an oibleagáid a chomhlíonadh i ndáil le taifid arna n-éileamh faoin reachtaíocht chustaim a choimeád;

(d)

mainneachtain maidir leis na rialacha i ndáil le hearraí a bhaint de mhaoirseacht chustaim;

(e)

mainneachtain maidir leis na hoibleagáidí a bhaineann le nósanna imeachta custaim a chomhlíonadh;

(f)

mainneachtain maidir leis na hoibleagáidí allmhaireora a leagtar amach in Airteagal 27(2) a chomhlíonadh;

(g)

mainneachtain maidir leis na hoibleagáidí onnmhaireora a leagtar amach in Airteagal 28(1) a chomhlíonadh.

2.   Tá mír 1 gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le hiompar breise, gníomhartha breise nó neamhghníomhartha breise ar sáruithe reachtaíochta custaim iad.

Airteagal 275

Pionóis

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le cineál agus déine an phionóis, go dtugtar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú ar an reachtaíocht custaim;

(b)

nádúr, tromchúis, athdhéanamh agus fad an tsáraithe ar an reachtaíocht chustaim;

(c)

tionchar an tsáraithe ar an reachtaíocht chustaim ar leasanna airgeadais agus leasanna sábháilteachta agus slándála eile an Aontais agus na mBallstát;

(d)

méid an chomhair leis an údarás custaim chun an sárú reachtaíochta custaim a leigheas agus chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith aige a mhaolú;

(e)

aon imthosca maolaitheacha nó géaraitheacha eile a bhaineann leis an gcás, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.   Is i gceann amháin nó níos mó de na foirmeacha seo a leanas a bheidh na pionóis:

(a)

muirear airgid a ghearrfaidh na húdaráis chustaim, nó, i gcás inarb iomchuí, pionós a fhorchuirfidh na húdaráis chustaim inniúla trí nós imeachta socraíochta a chuirfear i bhfeidhm in ionad pionóis choiriúil;

(b)

cúlghairm, cur ar fionraí nó leasú údaraithe a bheidh i seilbh an duine lena mbaineann;

(c)

coigistiú na n-earraí a bhfuil baint acu leis an sárú reachtaíochta custaim;

(d)

rabhadh;

(e)

pionós eile.

3.   Déanfar gach pionós neamhchoiriúil i leith sáruithe reachtaíochta custaim arna fhorchur ag údaráis chustaim a thaifeadadh trí chineál an tsáraithe agus méid aon mhuirir airgid a léiriú nó trí aon phionós neamhchoiriúil eile arna fhorchur i leith an tsáraithe sin a shainaithint. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’Údarás Custaim an Aontais trí Mhol Sonraí Custaim an Aontais.

4.   Faoin 21 Meán Fómhair 2032, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le hÚdarás Custaim an Aontais, meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an ndéantar na muirir airgid a fhorchur go héifeachtúil ar fud na mBallstát gan aon saobhadh ar an margadh inmheánach, nó an amhlaidh an bhfuil gá le muirir chomhchuibhithe airgid a shocrú i leith sáruithe. Ar bhonn thoradh na meastóireachta sin, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 276

Pionóis i leith neamhchomhlíonadh córasach i gcás ciandíola

1.   I gcás ina gcinnfidh na húdaráis chustaim, i gcomhthéacs na n-earraí arna ndíol trí chiandíol a scaoileadh i saorchúrsaíocht, nár chomhlíon an t-oibreoir eacnamaíoch chéanna na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 274(1), measfar gur sárú córasach é sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an pionós arna fhorchur i leith an tsáraithe chórasaigh sin i bhfoirm muirear airgid 1 % ar a laghad agus 4 % ar a mhéad de luach iomlán na n-earraí a d’allmhairigh an t-oibreoir eacnamaíoch sin isteach san Aontas i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin.

2.   Chun críche an Airteagail seo, dá mainneodh an t-oibreoir eacnamaíoch na hoibleagáidí a chomhlíonadh i gcás ina léireofaí neamhchomhlíonadh i líon cásanna atá ionadaíoch a dhóthain i dtorthaí líon substainteach rialuithe custaim arna ndéanamh laistigh d’aon mhí féilire amháin.

3.   I gcás sárú córasach dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla aon oibreoir eacnamaíoch údaraithe nó stádas trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ nó beart éascaithe coibhéiseach arna dheonú faoin Rialachán seo don oibreoir eacnamaíoch a rinne an sárú sin a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a neamhniú freisin.

4.   Más rud é, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis pionós dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur, go gcinneann údaráis chustaim sárú córasach breise a bheith déanta ag an oibreoir eacnamaíoch céanna, beidh na pionóis arna bhforchur i leith an tsáraithe sin i bhfoirm muirear airgid 3 % ar a laghad agus 6 % ar a mhéad de luach iomlán na n-earraí a d’allmhairigh an t-oibreoir eacnamaíoch sin isteach san Aontas i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin.

5.   Más rud é, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis pionós dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhorchur, go gcinneann údaráis chustaim sárú córasach breise a bheith déanta ag an oibreoir eacnamaíoch céanna, beidh an pionós as an sárú córasach breise sin i bhfoirm ceann amháin ar a laghad de na pionóis dá dtagraítear sa mhír sin. I gcás inarb ábhartha, agus tromchúis an tsáraithe chórasaigh bhreise sin á cur san áireamh, féadfar rochtain ar an gcomhéadan ar líne atá ag an oibreoir eacnamaíoch sin a shrianadh go sealadach. Chun na críche sin, tarchuirfidh an t-údarás custaim inniúil an fhaisnéis faoin sárú chuig na húdaráis ábhartha gan moill mhíchuí. Ina theannta sin, déanfar bearta i gcomhréir le hAirteagal 77(5), an chéad fhomhír, pointe (a).

6.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí líon substainteach na rialuithe custaim a chinneadh, agus méid agus tionchar na gciandíolachán ábhartha á gcur san áireamh, mar aon le tairseach na gcásanna bunaithe ar thromchúis an tsáraithe a mheastar a bheith ionadaíoch a dhóthain chun cliseadh córasach a chinneadh, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 277

Aicmiú oibreoirí eacnamaíocha ardriosca

1.   Má fhorchuirtear pionós faoi Airteagal 276, aicmeofar an t-allmhaireoir ábhartha le haghaidh ciandíola mar oibreoir eacnamaíoch ardriosca i Mol Sonraí Custaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 55(2).

2.   Déanfar aicmiú mar oibreoir eacnamaíoch ardriosca a chur san áireamh sna nithe seo a leanas:

(a)

an bainistiú riosca custaim i gcomhréir le hAirteagal 55; agus

(b)

limistéir rialaithe tosaíochta choiteanna agus critéir choiteanna riosca agus caighdeáin choiteanna riosca a bhunú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 56, 57 agus 58.

Airteagal 278

Comhar idir na Ballstáit

1.   I gcás ina dtagann sárú reachtaíochta custaim faoi dhlínse níos mó ná Ballstát amháin, comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát sin i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

2.   Féadfaidh Údarás Custaim an Aontais tacú leis an gcomhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus an comhar sin a éascú chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1.

TEIDEAL XV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL 1

Feidhmíocht an aontais custaim a thomhas

Airteagal 279

Measúnú agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú agus meastóireacht ar fheidhmíocht an Aontais ar bhonn bliantúil ar a laghad. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí custaim a dhéanann údaráis chustaim na mBallstát agus, i gcás inar féidir, tíortha is iarrthóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil a thomhas. D’fhéadfadh an tomhas sin cur leis na huirlisí atá ann cheana agus a d’fhorbair an Coimisiún agus na Ballstáit chun na críche sin.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit agus Údarás Custaim an Aontais cúnamh don Choimisiún maidir leis an gcúram dá dtagraítear i mír 1. Soláthróidh siad sonraí d’Údarás Custaim an Aontais go háirithe ina mbeidh faisnéis ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil araon. Beidh na sonraí leordhóthanach chun táscairí ionchuir, gníomhaíochta agus toraidh i ndáil le feidhmíocht a tháirgeadh.

Bunaithe ar na sonraí sin agus ar fhaisnéis eile atá ar fáil, sainaithneoidh Údarás Custaim an Aontais an chaoi a dtacaíonn na gníomhaíochtaí agus na hoibríochtaí custaim, agus na hacmhainní a shanntar do na gníomhaíochtaí agus na hoibríochtaí sin, le baint amach chuspóirí agus thosaíochtaí straitéiseacha an aontais custaim agus an chaoi a rannchuidíonn siad le misean na n-údarás custaim a leagtar síos in Airteagal 2. Go háirithe, ullmhóidh Údarás Custaim an Aontais dréacht-tuarascálacha bliantúla agus cineálacha eile doiciméad i gcomhar leis na húdaráis chustaim chun príomhthreochtaí, láidreachtaí, laigí, bearnaí agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, agus soláthróidh sé moltaí chun feabhais don Choimisiún. Áireofar sna dréacht-tuarascálacha bliantúla sin faisnéis maidir le feidhmiú stádas an oibreora eacnamaíoch údaraithe agus stádas an trádálaí ‘Iontaoibh agus Seiceáil’, dá dtagraítear in Airteagal 31.

3.   Cuirfidh Údarás Custaim an Aontais na dréacht-tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas agus lena dtarchur chuig na Ballstáit mar fhaisnéis.

4.   Tráth nach déanaí ná an 21 Meán Fómhair 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmiú tháille láimhseála an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 20(2), lena n-áirítear a thionchar ar fheidhmiú ciandíolachán. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na sonraí atá le soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 2, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, mar aon lena leibhéal rúndachta, agus dearadh an tomhais feidhmíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 283(4).

CAIBIDIL 2

Faireachán, meastóireacht agus tuairisciú

Airteagal 280

Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé san áireamh, inter alia, faisnéis agus anailís atá ábhartha chun críoch faireacháin arna soláthar nó arna cur ar fáil ag údaráis chustaim agus ag Údarás Custaim an Aontais i Mol Sonraí Custaim an Aontais.

Airteagal 281

Meastóireacht agus tuairisciú

1.   Roimh an 31 Nollaig 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina soláthrófar measúnú ar an imréiteach láraithe dá dtagraítear in Airteagal 91. Cuirfear an chuid neamhrúnda den tuarascáil sin ar fáil go poiblí. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn dáileadh cothrom chearta agus oibleagáidí na mBallstát a áirithiú i ndáil leis an measúnú ar an bhfiach custaim tráth an allmhairithe agus ar an dliteanas ina leith.

2.   Faoin 21 Meán Fómhair 2031, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear leis agus cuirfidh sé tuarascáil air sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil sin:

(a)

forléargas ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

measúnú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht agus breisluach Aontais an Rialacháin seo, go háirithe maidir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2;

(c)

forléargas ar na costais imdhealaithe arna dtabhú ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún agus i gcomhréir le Caibidil 1, soláthróidh na Ballstáit faisnéis ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a bhfuil gá léi agus nach bhfuil ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ullmhú.

4.   Faoin 31 Nollaig 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

éifeachtacht na maoirseachta custaim ar thrádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ arna déanamh ag údaráis chustaim Bhallstát na bunaíochta agus éifeachtacht chur i bhfeidhm na bhforálacha lena rialaítear áit tabhaithe an fhéich custaim;

(b)

éifeachtacht na maoirseachta custaim ar oibreoirí eacnamaíocha nach trádálaithe ‘Iontaoibh agus Seiceáil’ iad;

(c)

tionchar féideartha na modhnuithe dá bhforáiltear i mír 5.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 282 chun Airteagal 6(2) agus Airteagal 193(1), pointí (b), (c) agus (d), a leasú, trí na maoluithe dá bhforáiltear ann a scriosadh nó a mhodhnú, más iomchuí i bhfianaise na tuarascála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

CAIBIDIL 3

Tarmligean cumhachta agus nós imeachta Coiste

Airteagal 282

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 6(6), Airteagal 8(8) agus (9), Airteagal 9(9), Airteagal 12(6), Airteagal 16(13), Airteagal 20(10), Airteagal 26(6), Airteagal 29(10), Airteagal 33(8), Airteagal 38(5), Airteagal 41(11), Airteagal 43(7), Airteagal 49, Airteagal 71(4), Airteagal 73(3), Airteagal 74(8), Airteagal 77(10), Airteagal 78(7), Airteagal 79(4), Airteagal 80(3), Airteagal 81(4), Airteagal 83(3), Airteagal 84(6), Airteagal 89(4), Airteagal 91(7), Airteagal 92(5), Airteagal 94(4), Airteagal 97(11), Airteagal 98(3), Airteagal 99(3), Airteagal 101(11), Airteagal 103(5), Airteagal 104(8), Airteagal 105(4), Airteagal 106(3), Airteagal 107(2), Airteagal 108(8), Airteagal 109(4), Airteagal 111(7), Airteagal 114(7), Airteagal 116(7), Airteagal 117(12), Airteagal 118(3), Airteagal 119(3), Airteagal 121(5), Airteagal 125(10), Airteagal 128(3), Airteagal 129(5), Airteagal 130(2), Airteagal 131(2), Airteagal 132(3), Airteagal 133(5), Airteagal 135(4), Airteagal 139(3), Airteagal 140(6), Airteagal 142(5), Airteagal 145(4), Airteagal 153(3), Airteagal 156(8), Airteagal 158(5), Airteagal 160(2), Airteagal 161(5), Airteagal 169(3), Airteagal 171(9), Airteagal 178(2), Airteagal 180(5), Airteagal 191(4), Airteagal 192(8), Airteagal 193(5), Airteagal 194(9), Airteagal 197(3), Airteagal 199(4), Airteagal 200(4), Airteagal 203(3), Airteagal 205(8), Airteagal 210(4), Airteagal 214(5), Airteagal 216(5), Airteagal 217(9) agus (10), Airteagal 223(8), Airteagal 272(8), Airteagal 276(6) agus Airteagal 281(5), déanfar é a thabhairt don Choimisiún.

3.   Tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 6(6), Airteagal 8(8) agus (9), Airteagal 9(9), Airteagal 12(6), Airteagal 16(13), Airteagal 20(10), Airteagal 26(6), Airteagal 29(10), Airteagal 33(8), Airteagal 38(5), Airteagal 41(11), Airteagal 43(7), Airteagal 49, Airteagal 71(4), Airteagal 73(3), Airteagal 74(8), Airteagal 77(10), Airteagal 78(7), Airteagal 79(4), Airteagal 80(3), Airteagal 81(4), Airteagal 83(3), Airteagal 84(6), Airteagal 89(4), Airteagal 91(7), Airteagal 92(5), Airteagal 94(4), Airteagal 97(11), Airteagal 98(3), Airteagal 99(3), Airteagal 101(11), Airteagal 103(5), Airteagal 104(8), Airteagal 105(4), Airteagal 106(3), Airteagal 107(2), Airteagal 108(8), Airteagal 109(4), Airteagal 111(7), Airteagal 114(7), Airteagal 116(7), Airteagal 117(12), Airteagal 118(3), Airteagal 119(3), Airteagal 121(5), Airteagal 125(10), Airteagal 128(3), Airteagal 129(5), Airteagal 130(2), Airteagal 131(2), Airteagal 132(3), Airteagal 133(5), Airteagal 135(4), Airteagal 139(3), Airteagal 140(6), Airteagal 142(5), Airteagal 145(4), Airteagal 153(3), Airteagal 156(8), Airteagal 158(5), Airteagal 160(2), Airteagal 161(5), Airteagal 169(3), Airteagal 171(9), Airteagal 178(2), Airteagal 180(5), Airteagal 191(4), Airteagal 192(8), Airteagal 193(5), Airteagal 194(9), Airteagal 197(3), Airteagal 199(4), Airteagal 200(4), Airteagal 203(3), Airteagal 205(8), Airteagal 210(4), Airteagal 214(5), Airteagal 216(5), Airteagal 217(9) agus (10), Airteagal 223(8), Airteagal 272(8), Airteagal 276(6) agus Airteagal 281(5), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, Airteagal 6(6), Airteagal 8(8) agus (9), Airteagal 9(9), Airteagal 12(6), Airteagal 16(13), Airteagal 20(10), Airteagal 26(6), Airteagal 29(10), Airteagal 33(8), Airteagal 38(5), Airteagal 41(11), Airteagal 43(7), Airteagal 49, Airteagal 71(4), Airteagal 73(3), Airteagal 74(8), Airteagal 77(10), Airteagal 78(7), Airteagal 79(4), Airteagal 80(3), Airteagal 81(4), Airteagal 83(3), Airteagal 84(6), Airteagal 89(4), Airteagal 91(7), Airteagal 92(5), Airteagal 94(4), Airteagal 97(11), Airteagal 98(3), Airteagal 99(3), Airteagal 101(11), Airteagal 103(5), Airteagal 104(8), Airteagal 105(4), Airteagal 106(3), Airteagal 107(2), Airteagal 108(8), Airteagal 109(4), Airteagal 111(7), Airteagal 114(7), Airteagal 116(7), Airteagal 117(12), Airteagal 118(3), Airteagal 119(3), Airteagal 121(5), Airteagal 125(10), Airteagal 128(3), Airteagal 129(5), Airteagal 130(2), Airteagal 131(2), Airteagal 132(3), Airteagal 133(5), Airteagal 135(4), Airteagal 139(3), Airteagal 140(6), Airteagal 142(5), Airteagal 145(4), Airteagal 153(3), Airteagal 156(8), Airteagal 158(5), Airteagal 160(2), Airteagal 161(5), Airteagal 169(3), Airteagal 171(9), Airteagal 178(2), Airteagal 180(5), Airteagal 191(4), Airteagal 192(8), Airteagal 193(5), Airteagal 194(9), Airteagal 197(3), Airteagal 199(4), Airteagal 200(4), Airteagal 203(3), Airteagal 205(8), Airteagal 210(4), Airteagal 214(5), Airteagal 216(5), Airteagal 217(9) agus (10), Airteagal 223(8), Airteagal 272(8), Airteagal 276(6) agus Airteagal 281(5), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

7.   De mhaolú ar mhír 6 den Airteagal seo, ní thiocfaidh an chéad ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20(10) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 30 lá tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.

Airteagal 283

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gCód Custaim cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 de.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

6.   I gcás ina bhfuil tuairim an Choiste um an gCód Custaim le fáil trí nós imeachta scríofa agus ina ndéantar tagairt don mhír seo, ní chríochnófar an nós imeachta sin gan toradh ach amháin i gcás, laistigh den teorainn ama do sheachadadh na tuairime sin, ina gcinneann cathaoirleach an choiste sin amhlaidh.

CAIBIDIL 4

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 284

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Mar sin féin, gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme atá ann cheana arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, nó arna nglacadh de bhun gníomhartha dlí ar cuireadh an Rialachán sin nó leaganacha roimhe sin den Rialachán sin ina n-ionad, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí go n-aisghairfear iad le gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Ón 1 Iúil 2028:

(a)

déanfar tagairtí don dearbhú custaim a fhorléiriú mar thagairtí lena gcumhdaítear soláthar na sonraí is gá chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim agus cumais Mhol Sonraí Custaim an Aontais á n-úsáid, de réir mar is iomchuí;

(b)

déanfar tagairtí don dearbhóir a fhorléiriú mar thagairtí lena gcumhdaítear an t-iompróir, an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir nó sealbhóir an nós imeachta idirthurais, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 285

Bearta idirthréimhseacha maidir le Mol Sonraí Custaim an Aontais a bhunú

1.   Go dtí an 30 Meitheamh 2028, clúdófar na hearraí uile a bheartaítear a chur faoi nós imeachta custaim le dearbhú custaim a bheidh iomchuí le haghaidh an nós imeachta áirithe sin.

2.   Ón 1 Iúil 2028, na hallmhaireoirí le haghaidh ciandíola agus daoine a roghnaigh úsáid a bhaint as scéim IIFA, chun earraí a chur faoin nós imeachta stóras custaim i stóras custaim le haghaidh ciandíola nó a chur faoin nós imeachta um scaoileadh i saorchúrsaíocht, déanfaidh siad na sonraí a sholáthar nó a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as Mol Sonraí Custaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 74. Chun é sin a chumasú, tiocfaidh feidhmiúlachtaí Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh chun bheith oibríochtúil tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2028.

3.   Go dtí an 28 Feabhra 2031, déanfaidh allmhaireoirí, cé is moite de na daoine dá dtagraítear i mír 2, onnmhaireoirí, agus sealbhóirí an nós imeachta idirthurais dearbhú custaim a thaisceadh a bheidh iomchuí don nós imeachta sin chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim.

4.   Ón 1 Márta 2031, féadfaidh allmhaireoirí, onnmhaireoirí agus sealbhóirí an nós imeachta idirthurais dearbhú custaim a thaisceadh nó an fhaisnéis is iomchuí le haghaidh an nós imeachta ábhartha a sholáthar nó a chur ar fáil agus Mol Sonraí Custaim an Aontais á úsáid i gcomhréir le hAirteagal 74 chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim.

5.   Ón 1 Márta 2034, déanfaidh allmhaireoirí, onnmhaireoirí agus sealbhóirí an nós imeachta idirthurais, chun earraí a chur faoi nós imeachta custaim nó an fhaisnéis is iomchuí le haghaidh an nós imeachta ábhartha a sholáthar nó a chur ar fáil agus Mol Sonraí Custaim an Aontais á úsáid i gcomhréir le hAirteagal 74.

6.   Beidh feidhmiúlachtaí Mhol Sonraí Custaim an Aontais a leagtar síos in Airteagal 38 i ngníomh go hiomlán faoin 1 Feabhra 2034 ar a dhéanaí.

7.   I gcás imthosca eisceachtúla i gcás nach mbeidh feidhmiúlacht ábhartha Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh ag feidhmiú faoi na sprioc-amanna a leagtar amach sa Rialachán seo, soláthróidh an Coimisiún réiteach idirthréimhseach i gcomhar leis na Ballstáit faoi na sprioc-amanna céanna. Beidh an réiteach idirthréimhseach i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí tar éis na spriocdhátaí a leagtar amach sa Rialachán seo. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh feidhmiúlacht ábhartha Mhol Sonraí Custaim an Aontais oibríochtúil sula rachaidh an réiteach idirthréimhseach in éag.

Airteagal 286

Dáta glactha gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme áirithe

1.   Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha seo a leanas, den chéad uair, laistigh de na sprioc-amanna seo a leanas:

(a)

gníomh tarmligthe lena mbunaítear méid tháille láimhseála an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus (3), de bhun an chumhachtaithe in Airteagal 20(10), faoin 29 Meán Fómhair 2026;

(b)

gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 276(6), faoin 1 Márta 2028.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a)

na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38(5) agus (6) agus in Airteagal 49 atá riachtanach chun Airteagal 285(2) a chur i bhfeidhm, faoin 1 Iúil 2027;

(b)

na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38(5) agus (6) agus in Airteagal 49 atá riachtanach chun Airteagal 285(4) a chur i bhfeidhm, faoin 1 Márta 2029;

(c)

na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38(5) agus (6) agus in Airteagal 49 atá riachtanach chun Airteagal 285(5) a chur i bhfeidhm, faoin 31 Eanáir 2033.

Airteagal 287

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 21 Meán Fómhair 2027.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas ó lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

Airteagal 5, pointí (15), (16), (44) agus (78);

(b)

Airteagal 20, cé is moite de mhír 1, 2 agus 4;

(c)

Airteagail 35 go 39 agus Airteagal 51;

(d)

Airteagal 41(10);

(e)

Airteagal 85(2);

(f)

Airteagal 175 agus Airteagal 179(4);

(g)

Airteagal 180;

(h)

Airteagail 229, 230, 231, 234 go 244 agus 255 go 265;

(i)

Airteagal 268(9);

(j)

Airteagal 272(7);

(k)

forálacha uile an Rialacháin seo lena dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, chomh maith le hAirteagal 282 agus Airteagal 283.

4.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 20(2) 10 lá tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 20(10).

5.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas ón 1 Iúil 2028:

(a)

Airteagal 20(4), Airteagail 74 agus 75, Airteagal 109(3), pointe (b), Airteagal 145, Airteagal 183(2), pointe (c), Airteagal 191(2) agus Airteagal 223(1), pointe (m);

(b)

Airteagal 41, cé is moite de mhír 10, agus Airteagail 42 go 45;

(c)

Airteagal 78;

(d)

Airteagal 205(5) agus (6) agus Airteagal 208(2).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)   IO C, C/2023/864, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/864/oj.

(2)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (IO C, C/2025/1035, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1035/oj) agus seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an 3 Meán Fómhair 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).

(6)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).

(7)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1072 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i réimse na luachála custaim agus cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach i leith tionscnaimh (IO L, 2024/1072, 15.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1072/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj).

(10)  Treoir (AE) 2024/2853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha agus lena n-aisghairtear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle (IO L, 2024/2853, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2853/oj).

(11)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj).

(12)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).

(13)  Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 7 Feabhra 2023, Euranimi v an Coimisiún, Cás T-81/22, ECLI:EU:T:2023:57.

(14)  Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj).

(15)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí maidir le hábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/515/oj).

(18)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/794/oj).

(19)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).

(20)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).

(21)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj).

(22)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(23)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(24)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/680/oj).

(25)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj).

(26)  Leasuithe ar an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR (Coinbhinsiún TIR 1975) (IO L 193, 1.6.2021. lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_amend/2021/601/oj).

(27)   IO C 24, 23.1.1998, lch. 2.

(28)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(30)  Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).

(31)   IO L 336, 23.12.1994, lch. 119, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/800(9)/oj.

(32)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).

(33)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1971/1182/oj).

(34)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/943/oj).

(35)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).

(36)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj).

(37)  Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (IO L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj).

(38)  Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1239/oj).

(39)   IO L 130, 27.5.1993, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/1993/329/oj.

(40)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj).

(41)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(42)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj).

(43)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(44)   IO L 136, 31.5.1999, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/1999/531/oj.

(45)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar an gcalaois agus ar neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).

(46)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj).

(47)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj).

(48)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).

(49)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1958/1(1)/oj).


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

An Rialachán seo

Teideal I

Teideal I

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5, pointe (1)

Airteagal 5, pointe (1)

Airteagal 5, pointe (2)

Airteagal 5, pointe (2)

Airteagal 5, pointe (3)

Airteagal 5, pointe (27)

Airteagal 5, pointe (4)

Airteagal 5, pointe (5)

Airteagal 5, pointe (5)

Airteagal 5, pointe (6)

Airteagal 5, pointe (6)

Airteagal 5, pointe (20)

Airteagal 5, pointe (7)

Airteagal 5, pointe (23)

Airteagal 5, pointe (8)

Airteagal 5, pointe (12)

Airteagal 5, pointe (9)

Airteagal 5, pointe (49)

Airteagal 5, pointe (10)

Airteagal 5, pointe (50)

Airteagal 5, pointe (11)

Airteagal 5, pointe (51)

Airteagal 5, pointe (12)

Airteagal 5, pointe (52)

Airteagal 5, pointe (13)

Airteagal 5, pointe (55)

Airteagal 5, pointe (14)

Airteagal 5, pointe (56)

Airteagal 5, pointe (15)

Airteagal 5, pointe (54)

Airteagal 5, pointe (16)

Airteagal 5, pointe (11)

Airteagal 5, pointe (17)

Airteagal 5, pointe (59)

Airteagal 5, pointe (18)

Airteagal 5, pointe (67)

Airteagal 5, pointe (19)

Airteagal 5, pointe (68)

Airteagal 5, pointe (20)

Airteagal 5, pointe (69)

Airteagal 5, pointe (21)

Airteagal 5, pointe (70)

Airteagal 5, pointe (22)

Airteagal 5, pointe (45)

Airteagal 5, pointe (23)

Airteagal 5, pointe (46)

Airteagal 5, pointe (24)

Airteagal 5, pointe (47)

Airteagal 5, pointe (25)

Airteagal 5, pointe (25)

Airteagal 5, pointe (26)

Airteagal 5, pointe (48)

Airteagal 5, pointe (27)

Airteagal 5, pointe (26)

Airteagal 5, pointe (28)

Airteagal 5, pointe (71)

Airteagal 5, pointe (29)

Airteagal 5, pointe (72)

Airteagal 5, pointe (30)

Airteagal 5, pointe (62)

Airteagal 5, pointe (31)

Airteagal 5, pointe (7)

Airteagal 5, pointe (32)

Airteagal 5, pointe (8)

Airteagal 5, pointe (33)

Airteagal 5, pointe (53)

Airteagal 5, pointe (34)

Airteagal 5, pointe (32)

Airteagal 5, pointe (35)

—

Airteagal 5, pointe (36)

Airteagal 5, pointe (4)

Airteagal 5, pointe (37)

Airteagal 5, pointe (63)

Airteagal 5, pointe (38)

Airteagal 5, pointe (65)

Airteagal 5, pointe (39)

Airteagal 5, pointe (10)

Airteagal 5, pointe (40)

Airteagal 5, pointe (33)

Airteagal 5, pointe (41)

Airteagal 5, pointe (73)

Airteagal 6(1)

Airteagal 9; Airteagal 74(1); Airteagal 77(4); Airteagal 81(1); Airteagal 108(4); Airteagal 125(8)

Airteagal 6(2)

Airteagal 49

Airteagal 6(3)

Airteagail 74(6); Airteagal 81(2) agus (4)

Airteagal 6(4)

Airteagal 53

Airteagal 7, pointe (a)

Airteagal 49

Airteagal 7, pointí (b) agus (c)

—

Airteagal 8(1)

—

Airteagal 8(2)

Airteagal 53

Airteagal 9(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 26(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 26(4)

Airteagal 9(4)

Airteagal 26(5)

Airteagal 10, pointe (a)

Airteagal 26(6), pointe (b)

Airteagal 10, pointe (b)

Airteagal 26(6), pointe (c)

Airteagal 10, pointe (c)

Airteagal 26(6), pointe (d)

Airteagal 11

Airteagal 26(7)

Airteagal 12(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 272(1)

Airteagal 12(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 13

Airteagal 24

Airteagal 14

Airteagal 25

Airteagal 15

—

Airteagal 16

—

Airteagal 17

—

Airteagal 18(1)

Airteagal 33(1)

Airteagal 18(2)

Airteagal 33(4)

Airteagal 18(3), an chéad abairt

—

Airteagal 18(3), an dara habairt

Airteagal 33(7), pointe (a)

Airteagal 18(4)

—

Airteagal 19(1)

Airteagal 34(1)

Airteagal 19(2), an chéad fhomhír

Airteagal 34(2)

Airteagal 19(2), an dara fomhír

—

Airteagal 19(3)

Airteagal 34(3)

Airteagal 20, pointe (a)

Airteagal 33(8)

Airteagal 20, pointe (b)

—

Airteagal 21

—

Airteagal 22(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 8(1)

Airteagal 22(1), an tríú fomhír

Airteagal 6(1), pointe (a)

Airteagal 22(2)

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 22(3)

Airteagal 8(3), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 22(4)

Airteagal 8(4)

Airteagal 22(5)

Airteagal 8(5)

Airteagal 22(6)

Airteagal 8(6)

Airteagal 22(7)

Airteagal 8(7)

Airteagal 23(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 9(7), an chéad abairt

Airteagal 23(4), pointe (a)

Airteagal 9(8)

Airteagal 23(4), pointe (b)

Airteagal 12(2)

Airteagal 23(5)

Airteagal 9(4)

Airteagal 24, pointe (a)

Airteagal 6(6)

Airteagal 24, pointe (b)

Airteagal 8(8), pointe (b)

Airteagal 24, pointe (c)

Airteagal 8(8), pointe (c)

Airteagal 24, pointe (d)

Airteagal 8(8), pointe (d)

Airteagal 24, pointe (e)

Airteagal 8(8), pointe (e)

Airteagal 24, pointe (f)

Airteagal 8(8), pointe (f)

Airteagal 24, pointe (g)

Airteagal 8(8), pointe (g)

Airteagal 24, pointe (h)

Airteagal 9(9), pointe (b)

Airteagal 25, pointe (a)

Airteagal 8(10), pointe (a)

Airteagal 25, pointe (b)

Airteagal 8(10), pointe (b)

Airteagal 25, pointe (c)

Airteagal 9(9), pointe (a)

Airteagal 26

Airteagal 10

Airteagal 27

Airteagal 11

Airteagal 28(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 28(2)

Airteagal 12(3)

Airteagal 28(3)

Airteagal 12(4)

Airteagal 28(4)

Airteagal 12(5)

Airteagal 29

Airteagal 13

Airteagal 30

Airteagal 14

Airteagal 31, pointe (a)

Airteagal 12(6), pointe (a)

Airteagal 31, pointe (b)

Airteagal 12(6), pointe (b)

Airteagal 32

Airteagal 11(4)

Airteagal 33

Airteagal 15

Airteagal 34(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 34(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 34(3)

Airteagal 16(4)

Airteagal 34(4)

Airteagal 16(5)

Airteagal 34(5)

Airteagal 16(6)

Airteagal 34(6)

Airteagal 16(7)

Airteagal 34(7), pointe (a)

Airteagal 16(8)

Airteagal 34(7), pointe (b)

—

Airteagal 34(8), pointe (a)

Airteagal 16(9)

Airteagal 34(8), pointe (b)

—

Airteagal 34(9)

Airteagal 16(10)

Airteagal 34(10)

Airteagal 16(11)

Airteagal 34(11)

Airteagal 16(12), an chéad fhomhír

Airteagal 35

—

Airteagal 36

 

Airteagal 37(1), pointe (a)

Airteagal 16(14), pointe (a)

Airteagal 37(1), pointe (b)

Airteagal 16(14), pointe (b)

Airteagal 37(1), pointí (c) agus (d)

—

Airteagal 37(2), pointe (a)

Airteagal 16(12)

Airteagal 37(2), pointe (b)

—

Airteagal 38(1), an chéad fhomhír

Airteagal 29(1)

Airteagal 38(1), an dara fomhír

Airteagal 29(2)

Airteagal 38(2)

Airteagal 29(2)

Airteagal 38(3)

Airteagal 29(3)

Airteagal 38(4)

Airteagal 29(5)

Airteagal 38(5)

Airteagal 29(6)

Airteagal 38(6)

Airteagal 29(7)

Airteagal 38(7)

Airteagal 29(8)

Airteagal 39, pointe (a)

Airteagal 30(1), pointe (a)

Airteagal 39, pointe (b)

Airteagal 30(1), pointe (b)(i)

Airteagal 39, pointe (c)

Airteagal 30(1), pointe (c)

Airteagal 39, pointe (d)

Airteagal 30(1), pointe (d)

Airteagal 39, pointe (e)

Airteagal 30(1), pointe (e)

Airteagal 40, pointe (a)

Airteagal 29(10), pointe (a)

Airteagal 40, pointe (b)

Airteagal 29(10), pointe (b)

Airteagal 40, pointe (c)

Airteagal 29(10), pointe (b)

Airteagal 41

Airteagal 30(2)

Airteagal 42(1)

Airteagal 273(1), an dara fomhír, agus Airteagal 273(3)

Airteagal 42(2), pointe (a)

Airteagal 275(2), pointe (a)

Airteagal 42(2), pointe (b)

Airteagal 275(2), pointe (b)

Airteagal 42(3)

Airteagal 273(4)

Airteagal 43

Airteagal 17

Airteagal 44

Airteagal 18

Airteagal 45

Airteagal 19

Airteagal 46(1), an chéad fhomhír

Airteagal 63(1)

Airteagal 46(1), an dara fomhír

Airteagal 63(2)

Airteagal 46(2)

Airteagal 55(1)

Airteagal 46(3)

—

Airteagal 46(4), an chéad fhomhír

Airteagal 55(2)

Airteagal 46(4), an dara fomhír

Airteagal 55(3)

Airteagal 46(5)

—

Airteagal 46(6)

Airteagal 59(2)

Airteagal 46(7)

Airteagal 59(1)

Airteagal 46(8)

Airteagal 5, pointe (41)

Airteagal 47(1)

Airteagal 63(3)

Airteagal 47(2)

Airteagal 268(2)

Airteagal 48, an chéad mhír

Airteagal 68(1), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 48, an dara mír

Airteagal 68(2)

Airteagal 49(1)

Airteagal 70(1)

Airteagal 49(1)

Airteagal 70(2)

Airteagal 50(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 62(1)

Airteagal 50(1), an tríú fomhír

Airteagal 62(2)

Airteagal 50(2)

Airteagal 70(3)

Airteagal 51(1)

Airteagal 76(6)

Airteagal 51(2), an chéad fhomhír

Airteagal 76(7)

Airteagal 51(2), an dara fomhír

Airteagal 76(8)

Airteagal 52(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 52(2)

Airteagal 20(9)

Airteagal 53(1)

Airteagal 21(1)

Airteagal 53(2)

Airteagal 21(2)

Airteagal 54

Airteagal 21(3)

Airteagal 55

Airteagal 22

Teideal II

Teideal IX

Airteagal 56(1)

Airteagal 166(1)

Airteagal 56(2)

Airteagal 166(2)

Airteagal 56(3)

Airteagal 166(3)

Airteagal 56(4)

Airteagal 166(4)

Airteagal 56(5)

Airteagal 166(5)

Airteagal 57(1)

Airteagal 167(1)

Airteagal 57(2)

Airteagal 167(2)

Airteagal 57(3)

Airteagal 167(3)

Airteagal 57(4)

Airteagal 167(4)

Airteagal 58(1)

Airteagal 166(6)

Airteagal 58(2)

Airteagal 167(4)

Airteagal 59

Airteagal 168

Airteagal 60(1)

Airteagal 169(1)

Airteagal 60(2)

Airteagal 169(2)

Airteagal 61(1)

Airteagal 170(1)

Airteagal 61(2)

Airteagal 170(2)

Airteagal 61(3)

Airteagal 170(3)

Airteagal 62

Airteagal 169(3)

Airteagal 63

Airteagal 170(4)

Airteagal 64(1)

Airteagal 171(1)

Airteagal 64(2)

Airteagal 171(2)

Airteagal 64(3)

Airteagal 171(9)

Airteagal 64(4)

Airteagal 171(3)

Airteagal 64(5)

Airteagal 171(4)

Airteagal 64(6), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 171(5)

Airteagal 64(6), an tríú fomhír

Airteagal 171(6)

Airteagal 64(6), an ceathrú fomhír

Airteagal 171(7)

Airteagal 64(6), an cúigiú fomhír

Airteagal 171(8)

Airteagal 65

Airteagal 171(9)

Airteagal 66

Airteagal 171(10)

Airteagal 67

Airteagal 172, an chéad fhomhír

Airteagal 68

Airteagal 172

Airteagal 69

Airteagal 173

Airteagal 70

Airteagal 174

Airteagal 71

Airteagal 176

Airteagal 72

Airteagal 177

Airteagal 73

Airteagal 178(1)

Airteagal 74(1)

Airteagal 179(1)

Airteagal 74(2)

Airteagal 179(2)

Airteagal 74(3)

Airteagal 179(3)

Airteagal 75

Airteagal 178(2)

Airteagal 76

Airteagal 181

Teideal III

Teideal X

Airteagal 77(1)

Airteagal 183(1); Airteagal 183(2), pointe (a)

Airteagal 77(2)

Airteagal 183(2), pointe (b)

Airteagal 77(3)

Airteagal 183(3) agus (4)

Airteagal 78

Airteagal 184

Airteagal 79(1)

Airteagal 185(1)

Airteagal 79(2)

Airteagal 185(2)

Airteagal 79(3)

Airteagal 185(3)

Airteagal 79(4), an chéad fhomhír

Airteagal 185(4)

Airteagal 79(4), an dara fomhír

Airteagal 185(5)

Airteagal 80

Airteagal 186

Airteagal 81(1)

Airteagal 187(1); Airteagal 187(2), pointe (a)

Airteagal 81(2)

Airteagal 187(2), pointe (b)

Airteagal 81(3), an chéad fhomhír

Airteagal 187(3)

Airteagal 81(3), an dara fomhír

Airteagal 187(4)

Airteagal 82

Airteagal 188

Airteagal 83(1)

Airteagal 189(1)

Airteagal 83(2)

Airteagal 189(2), an chéad fhomhír

Airteagal 83(3)

Airteagal 189(3

Airteagal 84

Airteagal 190

Airteagal 85(1)

Airteagal 191(1)

Airteagal 85(2)

Airteagal 191(3)

Airteagal 86(1)

Airteagal 192(1)

Airteagal 86(2)

Airteagal 192(2)

Airteagal 86(3)

Airteagal 192(3)

Airteagal 86(4)

Airteagal 192(5)

Airteagal 86(5)

Airteagal 192(6)

Airteagal 86(6)

Airteagal 192(7)

Airteagal 87(1)

Airteagal 193(1)

Airteagal 87(2)

Airteagal 193(2)

Airteagal 87(3)

Airteagal 193(3)

Airteagal 87(4)

Airteagal 193(4)

Airteagal 88, pointe (a)

Airteagal 191(4); Airteagal 192(8)

Airteagal 88, pointe (b)

Airteagal 192(8)

Airteagal 88, pointe (c)

Airteagal 193(5)

Airteagal 89(1)

Airteagal 194(1)

Airteagal 89(2)

Airteagal 194(2)

Airteagal 89(3)

Airteagal 194(3)

Airteagal 89(4)

Airteagal 194(4)

Airteagal 89(5)

Airteagal 194(5)

Airteagal 89(6)

Airteagal 194(6)

Airteagal 89(7)

Airteagal 194(7), pointe (a)

Airteagal 89(8), pointe (a)

Airteagal 194(7), pointe (b)

Airteagal 89(8), pointe (b)

Airteagal 194(7), pointe (c)

Airteagal 89(8), pointe (c)

Airteagal 194(7), pointe (d)

Airteagal 89(8), pointe (d)

Airteagal 194(7), pointe (e)

Airteagal 89(9)

Airteagal 194(8)

Airteagal 90

Airteagal 195

Airteagal 91

Airteagal 196

Airteagal 92(1)

Airteagal 197(1)

Airteagal 92(2)

Airteagal 197(2)

Airteagal 93

Airteagal 198

Airteagal 94(1)

Airteagal 199(1)

Airteagal 94(2)

Airteagal 199(2)

Airteagal 94(3)

Airteagal 199(3)

Airteagal 95(1)

Airteagal 200(1)

Airteagal 95(2)

Airteagal 200(2)

Airteagal 95(3)

Airteagal 200(3)

Airteagal 95(4)

Airteagal 200(3)

Airteagal 96(1)

Airteagal 201(1)

Airteagal 96(2)

Airteagal 201(2)

Airteagal 97

Airteagal 202

Airteagal 98(1)

Airteagal 203(1)

Airteagal 98(2)

Airteagal 203(2)

Airteagal 99, pointe (a)

Airteagal 194(9)

Airteagal 99, pointe (b)

Airteagal 197(3); Airteagal 199(4)

Airteagal 99, pointe (c)

Airteagal 200(4)

Airteagal 99, pointe (d)

Airteagal 203(3)

Airteagal 100(1), pointe (a)

Airteagal 200(5)

Airteagal 100(1), pointe (b)

Airteagal 194(10); Airteagal 199(5); Airteagal 203(4)

Airteagal 100(1), pointe (c)

Airteagal 201(3)

Airteagal 100(2)

Airteagal 201(3)

Airteagal 101

Airteagal 204

Airteagal 102(1), an chéad fhomhír

Airteagal 205(1)

Airteagal 102(1), an dara fomhír

Airteagal 205(3)

Airteagal 102(2)

Airteagal 205(2)

Airteagal 102(3)

Airteagal 205(4)

Airteagal 102(4)

Airteagal 205(7)

Airteagal 103

Airteagal 206

Airteagal 104

Airteagal 207

Airteagal 105(1), an chéad fhomhír

Airteagal 208(1)

Airteagal 105(1), an dara fomhír

—

Airteagal 105(2)

Airteagal 208(4)

Airteagal 105(3)

Airteagal 208(5)

Airteagal 105(4)

Airteagal 208(6)

Airteagal 105(5)

Airteagal 208(7)

Airteagal 105(6)

Airteagal 208(8), an chéad fhomhír

Airteagal 106

Airteagal 205(8), pointe (a)

Airteagail 107

Airteagal 209

Airteagal 108(1)

Airteagal 210(1)

Airteagal 108(2)

Airteagal 210(2)

Airteagal 108(3)

Airteagal 210(3)

Airteagal 109

Airteagal 211

Airteagal 110

Airteagal 212(1)

Airteagal 111

Airteagal 213

Airteagal 112(1)

Airteagal 214(1)

Airteagal 112(2)

Airteagal 214(2)

Airteagal 112(3)

Airteagal 214(3)

Airteagal 112(4)

Airteagal 214(4)

Airteagal 113

Airteagal 215

Airteagal 114(1)

Airteagal 216(1)

Airteagal 114(2)

Airteagal 216(2)

Airteagal 114(3)

Airteagal 216(3)

Airteagal 114(4)

Airteagal 216(4)

Airteagal 115

Airteagal 210(4)

Airteagal 116(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 217(1), pointe (a)

Airteagal 116(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 217(1), pointe (b)

Airteagal 116(1), an chéad fhomhír, pointe (c)

Airteagal 217(1), pointe (c)

Airteagal 116(1), an chéad fhomhír, pointe (d)

Airteagal 217(1), pointe (d)

Airteagal 116(1), an dara fomhír

Airteagal 217(1), pointe (e)

Airteagal 116(2)

Airteagal 217(2)

Airteagal 116(3), an chéad fhomhír

Airteagal 217(3)

Airteagal 116(3), an dara fomhír

Airteagal 217(4)

Airteagal 116(4)

Airteagal 217(5)

Airteagal 116(5)

Airteagal 217(6)

Airteagal 116(6)

Airteagal 217(7)

Airteagal 116(7)

Airteagal 217(8)

Airteagal 117

Airteagal 218

Airteagal 118(1), an chéad fhomhír

Airteagal 219(1), pointe (a)

Airteagal 118(1), an dara fomhír

Airteagal 219(3)

Airteagal 118(2)

Airteagal 219(1), pointí (b) agus (c)

Airteagal 118(3)

Airteagal 219(2)

Airteagal 118(4)

Airteagal 219(1), pointe (c)

Airteagal 119

Airteagal 220

Airteagal 120

Airteagal 221

Airteagal 121(1)

Airteagal 222(1)

Airteagal 121(2)

Airteagal 222(2)

Airteagal 121(3)

Airteagal 222(3)

Airteagal 121(4)

Airteagal 222(4)

Airteagal 122

Airteagal 217(10)

Airteagal 123(1), pointe (a)

Airteagal 217(11)

Airteagal 123(1), pointe (b)

Airteagal 222(5)

Airteagal 123(2)

Airteagal 217(12)

Airteagal 124(1), pointe (a)

Airteagal 223(1), pointe (a)

Airteagal 124(1), pointe (b)

Airteagal 223(1), pointe (b)

Airteagal 124(1), pointe (c)

Airteagal 223(1), pointe (c)

Airteagal 124(1), pointe (d)

Airteagal 223(1), pointe (d)

Airteagal 124(1), pointe (e)

Airteagal 223(1), pointe (e)

Airteagal 124(1), pointe (f)

Airteagal 223(1), pointe (f)

Airteagal 124(1), pointe (g)

Airteagal 223(1), pointe (g)

Airteagal 124(1), pointe (h)

Airteagal 223(1), pointe (h)

Airteagal 124(1), pointe (i)

Airteagal 223(1), pointe (i)

Airteagal 124(1), pointe (j)

Airteagal 223(1), pointe (j)

Airteagal 124(1), pointe (k)

Airteagal 223(1), pointe (k)

Airteagal 124(2)

Airteagal 223(2)

Airteagal 124(3)

Airteagal 223(3)

Airteagal 124(4)

Airteagal 223(4)

Airteagal 124(5)

Airteagal 223(5)

Airteagal 124(6)

Airteagal 223(6)

Airteagal 124(7)

Airteagal 223(7)

Airteagal 125

Airteagal 224

Airteagal 126

Airteagal 223(8)

Teideal IV

Teideal VI

Airteagal 127(1)

Airteagal 97(1)

Airteagal 127(2), pointe (a)

Airteagal 97(10), pointe (a)

Airteagal 127(2), pointe (b)

Airteagal 97(10), pointe (e)

Airteagal 127(3), an chéad fhomhír

Airteagal 97(1)

Airteagal 127(3), an dara fomhír

Airteagal 97(13)

Airteagal 127(4), an chéad fhomhír

Airteagal 97(1)

Airteagal 127(4), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 97(4)

Airteagal 127(4), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 97(13)

Airteagal 127(5)

Airteagal 97(3) agus (8)

Airteagal 127(6)

Airteagal 97(7)

Airteagal 127(7)

Airteagal 97(13)

Airteagal 127(8)

Airteagal 97(13)

Airteagal 128

Airteagal 98(1) agus (5)

Airteagal 129(1), an chéad fhomhír

Airteagal 99(1)

Airteagal 129(1), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 99(2), pointe (b)

Airteagal 129(1), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 99(2), pointe (c)

Airteagal 129(1), an dara fomhír, pointe (c)

Airteagal 97(13)

Airteagal 129(2)

Airteagal 100(1)

Airteagal 130

Airteagal 97(13)

Airteagal 131, pointe (a)

—

Airteagal 131, pointe (b)

Airteagal 97(11), pointe (c)

Airteagal 131, pointe (c)

Airteagal 97(11), pointe (d)

Airteagal 132, pointe (a)

Airteagal 97(12)

Airteagal 132, pointe (b)

Airteagal 97(12)

Airteagal 132, pointe (c)

Airteagal 98(3)

Airteagal 132, pointe (d)

Airteagal 99(4)

Airteagal 132, pointe (e)

Airteagal 100(3)

Airteagal 133(1), an chéad fhomhír

Airteagal 101(1)

Airteagal 133(1), an dara fomhír

Airteagal 101(13)

Airteagal 133(2)

Airteagal 101(7)

Airteagal 134(1), an chéad fhomhír

Airteagal 54(1) agus (2)

Airteagal 134(1), an dara fomhír

Airteagal 54(3) go (7)

Airteagal 134(1), an tríú fomhír

Airteagal 54(3), pointe (b)

Airteagal 134(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 54(3), pointe (a)

Airteagal 134(2)

Airteagal 54(8)

Airteagal 135(1)

Airteagal 102(1)

Airteagal 135(2)

Airteagal 102(2)

Airteagal 135(3)

Airteagal 97(13)

Airteagal 135(4)

Airteagal 102(5)

Airteagal 135(5)

Airteagal 102(6)

Airteagal 135(6)

Airteagal 102(7)

Airteagal 136(1)

Airteagal 97(10), pointe (b)

Airteagal 136(2)

Airteagal 97(10), pointe (c)

Airteagal 136(3)

Airteagal 97(10), pointe (d); Airteagal 101(8), pointe (b); Airteagal 103(4)

Airteagal 137(1)

Airteagal 102(3)

Airteagal 137(2)

Airteagal 102(3)

Airteagal 137(3)

Airteagal 102(4)

Airteagal 138, pointe (a)

Airteagal 101(12)

Airteagal 138, pointe (b)

—

Airteagal 139(1) go (6)

Airteagal 103(1)

Airteagal 139(7)

Airteagal 103(3)

Airteagal 140(1)

Airteagal 101(9) agus (10); Airteagal 101(13)

Airteagal 140(2)

Airteagal 65(1)

Airteagal 141

—

Airteagal 142

Airteagal 103(5)

Airteagal 143

Airteagal 103(6)

Airteagal 144

Airteagal 104(1)

Airteagal 145(1)

Airteagal 105(1)

Airteagal 145(2)

Airteagal 105(1)

Airteagal 145(3)

Airteagal 105(2)

Airteagal 145(4)

—

Airteagal 145(5)

—

Airteagal 145(6)

—

Airteagal 145(7)

Airteagal 64

Airteagal 145(8)

—

Airteagal 145(9)

Airteagal 105(3), pointe (a)

Airteagal 145(10)

—

Airteagal 145(11)

—

Airteagal 146(1), an chéad fhomhír

Airteagal 106(1)

Airteagal 146(1), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 106(2), pointe (a)

Airteagal 146(1), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 106(2), pointe (b)

Airteagal 146(2)

Airteagal 107(1)

Airteagal 147(1)

Airteagal 104(3)

Airteagal 147(2)

Airteagal 104(4), pointe (b)

Airteagal 147(3)

Airteagal 104(4), pointe (a)

Airteagal 147(4)

Airteagal 104(7)

Airteagal 148(1)

Airteagal 108(1)

Airteagal 148(2)

Airteagal 108(2)

Airteagal 148(3)

Airteagal 108(3)

Airteagal 148(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 108(4)

Airteagal 148(4), an tríú fomhír

Airteagal 108(5)

Airteagal 148(5)

Airteagal 108(6)

Airteagal 148(6)

Airteagal 108(7)

Airteagal 149

Airteagal 104(5)

Airteagal 150

—

Airteagal 151, pointe (a)

Airteagal 104(8)

Airteagal 151, pointe (b)

Airteagal 108(8), pointe (a)

Airteagal 151, pointe (c)

Airteagal 108(8), pointe (c)

Airteagal 152, pointe (a)

Airteagal 105(5)

Airteagal 152, pointe (b)

Airteagal 106(4)

Airteagal 152, pointe (c)

Airteagal 107(3)

Airteagal 152, pointe (d)

Airteagal 108(9)

Teideal V

Teideal V

Airteagal 153(1)

Airteagal 71(1)

Airteagal 153(2)

Airteagal 71(2)

Airteagal 153(3)

Airteagal 71(3)

Airteagal 154

Airteagal 72

Airteagal 155(1)

Airteagal 73(1)

Airteagal 155(2)

Airteagal 73(2)

Airteagal 156, pointe (a)

Airteagal 71(4), pointe (a)

Airteagal 156, pointe (b)

Airteagal 71(4), pointe (b)

Airteagal 156, pointe (c)

Airteagal 71(4), pointe (c)

Airteagal 156, pointe (d)

Airteagal 73(3)

Airteagal 157

Airteagal 71(5)

Airteagal 158(1)

—

Airteagal 158(2)

Airteagal 81(2)

Airteagal 158(3)

Airteagal 54(5) agus (6)

Airteagal 159(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 159(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 159(3)

Airteagal 81(3)

Airteagal 160

Airteagal 81(4)

Airteagal 161, pointe (a)

Airteagal 81(5), pointe (b)

Airteagal 161, pointe (b)

Airteagal 81(5), pointe (a)

Airteagal 162

Airteagal 82(1)

Airteagal 163(1), an chéad fhomhír

Airteagal 76(2)

Airteagal 163(1), an dara fomhír

Airteagal 76(3)

Airteagal 163(2)

Airteagal 76(4)

Airteagal 163(3)

Airteagal 76(5)

Airteagal 164

—

Airteagal 165, pointe (a)

Airteagal 82(2)

Airteagal 165, pointe (b)

—

Airteagal 166(1)

Airteagal 83(1)

Airteagal 166(1)

Airteagal 83(2)

Airteagal 167(1)

Airteagal 84(1)

Airteagal 167(2)

Airteagal 84(2)

Airteagal 167(3)

Airteagal 84(3)

Airteagal 167(4)

Airteagal 84(4)

Airteagal 167(5)

Airteagal 84(5)

Airteagal 168, pointe (a)

Airteagal 83(3)

Airteagal 168, pointe (b)

Airteagal 84(6), pointe (a)

Airteagal 168, pointe (c)

Airteagal 84(6), pointe (b)

Airteagal 168, pointe (d)

Airteagal 84(6), pointe (c)

Airteagal 169, pointe (a)

Airteagal 83(4)

Airteagal 169, pointe (b)

Airteagal 84(7)

Airteagal 170(1)

Airteagal 85(1)

Airteagal 170(2)

Airteagal 85(3)

Airteagal 170(3)

Airteagal 85(4)

Airteagal 170(4)

—

Airteagal 171

Airteagal 86(1)

Airteagal 172(1)

Airteagal 87(1)

Airteagal 172(2)

Airteagal 87(2)

Airteagal 173(1)

Airteagal 88(1)

Airteagal 173(2)

Airteagal 88(2)

Airteagal 173(3)

Airteagal 88(3)

Airteagal 174(1)

Airteagal 89(1)

Airteagal 174(2)

Airteagal 89(3)

Airteagal 175

Airteagal 89(4)

Airteagal 176, pointe (a)

Airteagal 86(2)

Airteagal 176, pointe (b)

Airteagal 87(3)

Airteagal 176, pointe (c)

Airteagal 88(4)

Airteagal 177(1)

Airteagal 90(1)

Airteagal 177(2)

Airteagal 90(2), pointe (b)

Airteagal 178

—

Airteagal 179(1)

Airteagal 91(1)

Airteagal 179(2)

Airteagal 91(2)

Airteagal 179(3)

Airteagal 91(3)

Airteagal 179(4)

Airteagal 91(4)

Airteagal 179(5)

Airteagal 91(5)

Airteagal 179(6)

Airteagal 91(6)

Airteagal 180

Airteagal 91(7)

Airteagal 181, pointe (a)

Airteagal 91(8)

Airteagal 181, pointe (b)

Airteagal 92(6)

Airteagal 182(1)

Airteagal 92(1)

Airteagal 182(2)

Airteagal 92(2)

Airteagal 182(3)

Airteagal 92(3)

Airteagal 182(4)

Airteagal 92(4)

Airteagal 183

Airteagal 92(5)

Airteagal 184

Airteagal 92(6)

Airteagal 185

—

Airteagal 186

—

Airteagal 187

—

Airteagal 188, pointe (a)

Airteagal 64(1), pointe (a)

Airteagal 188, pointe (b)

Airteagal 64(1), pointe (b) agus (c)

Airteagal 188, pointe (c)

Airteagal 64(1), pointe (d)

Airteagal 188, pointe (d)

Airteagal 64(1), pointe (e)

Airteagal 189(1)

Airteagal 65(2)

Airteagal 189(2)

Airteagal 65(3)

Airteagal 189(3)

Airteagal 65(4)

Airteagal 190(1)

Airteagal 65(5), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 190(2)

—

Airteagal 191(1)

Airteagal 66(1)

Airteagal 191(2)

Airteagal 66(3)

Airteagal 191(3)

Airteagal 66(2)

Airteagal 192(1)

Airteagal 67(1)

Airteagal 192(1)

Airteagal 67(2)

Airteagal 193

Airteagal 64(2); Airteagal 65(6); Airteagal 66(5)

Airteagal 194(1)

Airteagal 77(1) agus (3)

Airteagal 194(2)

—

Airteagal 195

—

Airteagal 196

—

Airteagal 197

Airteagal 95(1)

Airteagal 198(1)

Airteagal 94(1)

Airteagal 198(2)

Airteagal 94(2)

Airteagal 198(3)

Airteagal 94(3)

Airteagal 199

Airteagal 96(1)

Airteagal 200, pointe (a)

Airteagal 95(3)

Airteagal 200, pointe (b)

Airteagal 94(5)

Airteagal 200, pointe (c)

Airteagal 96(2)

Teideal VI

Teideal VI (cuid)

Airteagal 201(1)

Airteagal 109(1)

Airteagal 201(2)

Airteagal 109(3), pointí (c) agus (e)

Airteagal 201(3)

Airteagal 109(2)

Airteagal 202

Airteagal 110

Airteagal 203(1)

Airteagal 111(1)

Airteagal 203(2)

Airteagal 111(2)

Airteagal 203(3)

Airteagal 111(3)

Airteagal 203(4)

Airteagal 111(4)

Airteagal 203(5)

Airteagal 111(5)

Airteagal 203(6)

Airteagal 111(6)

Airteagal 204

—

Airteagal 205(1)

Airteagal 112(1)

Airteagal 205(2)

Airteagal 112(3)

Airteagal 205(3)

Airteagal 112(4)

Airteagal 206, pointe (a)

Airteagal 111(7)

Airteagal 206, pointe (b)

—

Airteagal 207

Airteagal 111(8)

Airteagal 208(1)

Airteagal 113(1)

Airteagal 208(2)

Airteagal 113(2)

Airteagal 209

Airteagal 113(3)

Teideal VII

Teideal VIII

Airteagal 210

Airteagal 124

Airteagal 211(1)

Airteagal 125(1) agus (3)

Airteagal 211(2)

Airteagal 126

Airteagal 211(3)

Airteagal 125(4), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (c), (e) agus (f)

Airteagal 211(4)

Airteagal 125(4), an chéad fhomhír, pointí (d) agus (g); Airteagal 125(12)

Airteagal 211(5) agus (6)

Airteagal 125(5) go (9)

Airteagal 212, pointe (a)

Airteagal 125(10), pointe (a)

Airteagal 212, pointe (b)

Airteagal 125(10), pointe (b)

Airteagal 212, pointe (c)

Airteagal 125(10), pointí (c), (d) agus (e)

Airteagal 213

Airteagal 125(11), pointe (b)

Airteagal 214(1)

Airteagal 128(1)

Airteagal 214(2)

Airteagal 128(2)

Airteagal 215(1)

Airteagal 129(1)

Airteagal 215(2)

Airteagal 129(2)

Airteagal 215(3)

Airteagal 129(3)

Airteagal 215(4)

Airteagal 129(4)

Airteagal 216

Airteagal 129(5)

Airteagal 217

Airteagal 129(6)

Airteagal 218

Airteagal 130(1)

Airteagal 219

Airteagal 131(1)

Airteagal 220

Airteagal 132(1)

Airteagal 221, pointe (a)

Airteagal 131(2)

Airteagal 221, pointe (b)

Airteagal 132(3)

Airteagal 222, pointe (a)

Airteagal 130(3)

Airteagal 222, pointe (b)

Airteagal 131(3)

Airteagal 223(1)

Airteagal 133(1)

Airteagal 223(2)

Airteagal 133(2)

Airteagal 223(3)

Airteagal 133(3)

Airteagal 223(4)

Airteagal 133(4)

Airteagal 224

Airteagal 133(5)

Airteagal 225

Airteagal 133(6)

Airteagal 226(1)

Airteagal 135(1)

Airteagal 226(2)

Airteagal 135(2)

Airteagal 226(3)

Airteagal 135(3)

Airteagal 227(1)

Airteagal 136(1)

Airteagal 227(2)

Airteagal 136(2)

Airteagal 228

Airteagal 137

Airteagal 229

Airteagal 138

Airteagal 230

Airteagal 139(1)

Airteagal 231

Airteagal 135(4); Airteagal 139(3)

Airteagal 232

Airteagal 135(5); Airteagal 136(3)

Airteagal 233(1)

Airteagal 140(1)

Airteagal 233(2)

Airteagal 140(2)

Airteagal 233(3)

Airteagal 140(3)

Airteagal 233(4)

Airteagal 140(4)

Airteagal 234(1)

Airteagal 141(1)

Airteagal 234(2)

Airteagal 141(2)

Airteagal 235

Airteagal 140(6), pointe (a)

Airteagal 236

Airteagal 140(7); Airteagal 141(3)

Airteagal 237(1)

Airteagal 142(1)

Airteagal 237(2)

Airteagal 142(3)

Airteagal 237(3)

Airteagal 142(4)

Airteagal 238

Airteagal 238(1); Airteagal 238(2), pointe (a)

Airteagal 239

Airteagal 142(6)

Airteagal 240

Airteagal 144

Airteagal 241

Airteagal 146

Airteagal 242

Airteagal 147

Airteagal 243

Airteagal 148

Airteagal 244

Airteagal 149

Airteagal 245

Airteagal 102(1), (2) agus (4); Airteagal 103

Airteagal 246(1)

Airteagal 142(4)

Airteagal 246(2)

Airteagal 152(1)

Airteagal 247

Airteagal 150

Airteagal 248

Airteagal 151

Airteagal 249

Airteagal 152(2)

Airteagal 250(1)

Airteagal 153(1)

Airteagal 250(2)

Airteagal 153(2)

Airteagal 251

Airteagal 154

Airteagal 252

Airteagal 155

Airteagal 253, pointí (a) agus (b)

Airteagal 153(3), pointí (a) agus (c)

Airteagal 254

Airteagal 156

Airteagal 255

Airteagal 157

Airteagal 256

Airteagal 158

Airteagal 257

Airteagal 159

Airteagal 258

Airteagal 160

Airteagal 259

Airteagal 161

Airteagal 260

Airteagal 162

Airteagal 260a

Airteagal 163

Airteagal 261

Airteagal 164

Airteagal 262

Airteagal 165

Teideal VIII

Teideal VII

Airteagal 263(1)

Airteagal 117(1)

Airteagal 263(2)

Airteagal 117(9)

Airteagal 263(3)

Airteagal 117(14)

Airteagal 263(4)

Airteagal 117(2)

Airteagal 264

Airteagal 118(1)

Airteagal 265, pointí (a) agus (b)

Airteagal 117(12), pointí (b) agus (c)

Airteagal 266

Airteagal 118(3)

Airteagal 267(1)

Airteagal 54(5); Airteagal 118(2), pointe (d)

Airteagal 267(2)

Airteagal 122

Airteagal 267(3)

Airteagal 114(2) agus (3)

Airteagal 267(4)

Airteagal 117(11) agus (14)

Airteagal 268

Airteagal 114(8)

Airteagal 269(1)

Airteagal 114(1)

Airteagal 269(2)

Airteagal 114(4)

Airteagal 269(3)

Airteagal 114(5)

Airteagal 270(1)

Airteagal 116(1)

Airteagal 270(2)

Airteagal 116(3)

Airteagal 270(3)

Airteagal 116(4)

Airteagal 271

Airteagal 117(14)

Airteagal 272(1)

Airteagal 119; Airteagal 117(14)

Airteagal 272(2)

Airteagal 120; Airteagal 117(14)

Airteagal 273, pointe (a)

Airteagal 117(13) agus (14)

Airteagal 273, pointe (b)

Airteagal 119(4); Airteagal 117(14)

Airteagal 273, pointe (c)

Airteagal 120(3); Airteagal 117(14)

Airteagal 274

Airteagal 116(5) agus (6); Airteagal 117(14)

Airteagal 275

Airteagal 116(6); Airteagal 117(14)

Airteagal 276

Airteagal 116(8)

Airteagal 277

Airteagal 115

Teideal IX

Teideal XV (cuid)

Airteagal 278

—

Airteagal 278a

—

Airteagal 279

—

Airteagal 280

—

Airteagal 281

—

Airteagal 282

—

Airteagal 283

—

Airteagal 284

Airteagal 282

Airteagal 285

Airteagal 283

Airteagal 286

Airteagal 284

Airteagal 287

Airteagal 287(1)

Airteagal 288

Airteagal 287(2) go (5)


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/2108/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)