|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2099 |
22.9.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/2099 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meán Fómhair 2026
maidir le sásra idir-inoibritheach trasteorann sainaitheantais agus fíordheimhnithe do dhaoine nádúrtha, do ghairmithe sláinte agus do sholáthraithe cúraim sláinte chun sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a mhalartú thar theorainneacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/327 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2025 maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE agus Rialachán (AE) 2024/2847 (1), agus go háirithe Airteagal 16, mír (2), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2025/327 féachtar le feabhas a chur ar mhalartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte chun leanúnachas cúraim sláinte a áirithiú. Tá méadú ag teacht ar an líon daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát amháin den Aontas a fhaigheann cúram sláinte i mBallstát eile agus tá a ríomhthaifid sláinte á scaipeadh níos mó agus níos mó i measc chórais cúraim sláinte na mBallstát éagsúil, a úsáideann aitheantóirí éagsúla chun daoine nádúrtha agus a dtaifid a shainaithint. Ar an gcaoi chéanna, tá na modhanna chun gairmithe sláinte agus soláthraithe cúraim sláinte a shainaithint éagsúil i measc na mBallstát. Chun malartú sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a éascú i gcomhthéacs trasteorann tríd an ardán MyHealth@EU dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2025/327, is gá na gníomhaithe a bhfuil baint acu leis an malartú a shainaithint agus céannachtaí daoine nádúrtha a mheaitseáil lena ríomhthaifid sláinte. Is gá, dá bhrí sin, na ceanglais maidir le sásra idir-inoibritheach trasteorann sainaitheanta agus fíordheimhnithe a chinneadh do dhaoine nádúrtha agus do ghairmithe sláinte agus do sholáthraithe cúraim sláinte. |
|
(2) |
Bealach éifeachtúil agus neamhchunórach chun sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a aimsiú is ea úsáid a bhaint as na sonraí aitheantais a shanntar do dhaoine nádúrtha i gcóras sláinte náisiúnta a mBallstáit cleamhnachta. Ós rud é go bhfuil difríocht idir na sonraí sainaitheantais a úsáidtear sna Ballstáit éagsúla, is iomchuí a cheangal ar na Ballstáit na sonraí sainaitheantais atá le húsáid chun daoine nádúrtha a shainaithint chun críocha malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a chinneadh agus fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith d’fhonn iad a fhoilsiú. Ní mór do na ceanglais maidir le sásra trasteorann sainaitheantais agus fíordheimhnithe Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chomhlíonadh. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 5f(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, maidir le córais arna soláthar ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus seirbhísí ar líne arna soláthar ag páirtithe príobháideacha is úsáideoirí a dteastaíonn ríomh-shainaitheantas nó ríomh-fhíordheimhniú uathu chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne, tá na córais sin le glacadh le Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí dá dtagraítear in Airteagal 5a de Rialachán (AE) 910/2014, i gcás ina roghnaíonn daoine nádúrtha iad a úsáid. Chun malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a éascú, ba cheart do dhaoine nádúrtha a bheith in ann a iarraidh ar a mBallstát cleamhnachta go n-eiseofaí a sonraí aitheantais le haghaidh cúram sláinte trasteorann i bhfoirm ríomhdhearbhú saintréithe cúraim sláinte atá le stóráil ina dTiachóg Eorpach Céannachta Digití. Thairis sin, ba cheart do dhaoine nádúrtha a bheith in ann a saintréithe cúraim sláinte a chomhroinnt le gairmithe sláinte agus soláthraithe cúraim sláinte atá bunaithe i mBallstát eile chun a chur ar a chumas don ghairmí sláinte nó don soláthraí cúraim sláinte na sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a aimsiú ag an bhfoinse. |
|
(3) |
I gcás ina bhféachann duine nádúrtha, ag gníomhú dó mar ionadaí údaraithe nó mar ionadaí dlíthiúil, le rochtain a fháil ar shonraí leictreonacha pearsanta sláinte duine nádúrtha eile trí MyHealth@EU, ba cheart don ghairmí sláinte nó don soláthraí cúraim sláinte céannacht an chéad duine sin a fhíorú. Chun bailíocht shainordú an chéad duine sin chun gníomhú sa cháil sin a fhíorú, féadfaidh an gairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte brath ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an Ballstát cleamhnachta ábhartha, ós rud é gurb é an Ballstát sin a bhfuil an fhoinse faisnéise aige maidir le sainorduithe ionadaíochta |
|
(4) |
Sula dtionscnaítear malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte duine nádúrtha nó sula n-iarrtar an malartú sin trí MyHealth@EU, ba cheart gairmithe sláinte agus soláthraithe cúraim sláinte a shainaithint agus a fhíordheimhniú, agus ba cheart an duine nádúrtha lena mbaineann a shainaithint. Tá gá leis an tsainaithint agus leis an bhfíordheimhniú sin chun próiseáil shlán sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a áirithiú, chun rochtain neamhúdaraithe a chosc, agus chun gur féidir faisnéis a sholáthar maidir le rochtain ar shonraí mar a cheanglaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2025/327. I gcás ina n-úsáidtear modhanna ríomh-shainaitheantais chun na gcríoch sin, ba cheart dóibh an leibhéal dearbhaithe ‘substaintiúil’ dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a sholáthar ar a laghad. Leis an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, soláthraítear an leibhéal dearbhaithe ‘ard’ dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (c), den Rialachán sin. Ón 26 Márta 2030 ar aghaidh, ba cheart an leibhéal dearbhaithe ‘ard’ a sholáthar le gach modh ríomh-shainaitheantais a úsáidtear chun daoine nádúrtha a ndéantar a sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a mhalartú trí MyHealth@EU a shainaithint. Ón 26 Márta 2032 ar aghaidh, ba cheart do gach modh ríomh-shainaitheantais a úsáidtear chun gairmithe sláinte a shainaithint agus a fhíordheimhniú chun críocha malartuithe den sórt sin an leibhéal dearbhaithe ‘ard’ a sholáthar. Leis an gcur chuige céimnithe sin, tugtar dóthain ama chun modhanna ríomh-shainaitheantais a leathadh amach go hiomlán sna Ballstáit. |
|
(5) |
I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit modh ríomh-shainaitheantais nár tugadh fógra ina leith don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, ba cheart do chomhlacht measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó do chomhlacht coibhéiseach leibhéal dearbhaithe ‘ard’ an mhodha sin a dheimhniú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin gan beann ar cé acu a bhaineann an malartú trasteorann le tarchur sonraí chuig Ballstát eile nó le sonraí a fháil ó Bhallstát eile. |
|
(6) |
An pointe teagmhála náisiúnta um shláinte dhigiteach a iarrann malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte duine nádúrtha, ba cheart dó sonraí aitheantais an ghairmí sláinte nó an tsoláthraí cúraim sláinte a chur in iúl do phointe teagmhála náisiúnta um shláinte dhigiteach an Bhallstáit a seoltar an iarraidh chuige. |
|
(7) |
Tá próiseáil sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo faoi réir Rialacháin (AE) 2016/679 (4) agus (AE) 2018/1725 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme. Is cúram ar mhaithe le leas an phobail é tréithe cúraim sláinte a eisiúint, cúram a shanntar do na húdaráis inniúla atá le hainmniú ag na Ballstáit. |
|
(8) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 5 Bealtaine 2026. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna mbunú le hAirteagal 98(1) de Rialachán (AE) 2025/327. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo na ceanglais don sásra idir-inoibritheach trasteorann sainaitheantais agus fíordheimhnithe do dhaoine nádúrtha, do ghairmithe sláinte agus do sholáthraithe cúraim sláinte chun sonraí leictreonacha sláinte a mhalartú thar theorainneacha.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘saintréith cúraim sláinte’ saintréith a úsáidtear chun duine nádúrtha a shainaithint chun críoch malartaithe trasteorann sonraí leictreonacha sláinte; |
|
(2) |
an sainmhíniú ar ‘aisghairm’ a leagtar síos in Airteagal 3, pointe (43), de Rialachán (AE) 910/2014; |
|
(3) |
an sainmhíniú ar ‘ríomhdhearbhú saintréithe’ a leagtar síos in Airteagal 3, pointe (44), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014; |
|
(4) |
an sainmhíniú ar ‘an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití’ a leagtar síos in Airteagal 3, pointe (42), de Rialachán (AE) 910/2014; |
|
(5) |
an sainmhíniú ar ‘fíordheimhniú’ a leagtar síos in Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 910/2014. |
Airteagal 3
Tacair náisiúnta de shaintréithe cúraim sláinte daoine nádúrtha
1. Cinnfidh gach Ballstát tacar saintréithe cúraim sláinte atá le húsáid chun céannacht daoine nádúrtha a fhíorú i ndáil lena ríomhthaifid sláinte chun críocha mhalartú trasteorann a sonraí leictreonacha pearsanta sláinte.
2. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoina thacar saintréithe cúraim sláinte faoin 26 Márta 2028. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon nuashonrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na tacair saintréithe cúraim sláinte a luaithe is féidir. Foilseoidh an Coimisiún tacair saintréithe cúraim sláinte na mBallstát.
3. Arna iarraidh sin do dhuine nádúrtha, eiseoidh an t-údarás inniúil i mBallstát cleamhnachta an duine sin saintréithe cúraim sláinte an duine nádúrtha sin i bhfoirm ríomhdhearbhaithe saintréithe chuig Tiachóg Eorpach Céannachta Digití an duine sin, i gcomhréir leis an tacar saintréithe cúraim sláinte, a shainítear de bhun mhír 1.
Airteagal 4
Sainaithint agus fíordheimhniú daoine nádúrtha le haghaidh malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte
1. Sula n-iarrfaidh sé malartú sonraí leictreonacha pearsanta sláinte duine nádúrtha trí MyHealth@EU, sainaithneoidh an gairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte an duine nádúrtha sin. Chun na críche sin, féadfaidh an gairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte saintréithe cúraim sláinte an duine nádúrtha a bhailiú.
2. I gcás ina n-iarrann gairmí sláinte nó soláthraí cúraim sláinte sonraí leictreonacha pearsanta sláinte duine nádúrtha a mhalartú trí MyHealth@EU tar éis iarraidh a fháil ó dhuine nádúrtha arna cur isteach ar líne, déanfaidh an gairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte sin an duine nádúrtha sin a shainaithint agus a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as modhanna ríomh-shainaitheantais arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Comhlíonfaidh na modhanna ríomh-shainaitheantais ceanglais Rialachán (AE) 910/2014 agus soláthróidh siad leibhéal dearbhaithe atá suntasach ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Ón 26 Márta 2030, cuirfear an leibhéal dearbhaithe ‘ard’ dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (c), den Rialachán sin ar fáil leis an ríomh-shainaitheantas. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi na modhanna ríomh-shainaitheantais ar an leibhéal dearbhaithe is gá de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, nó dearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó comhlacht coibhéiseach a leibhéal dearbhaithe.
3. I gcás ina bhfuil duine nádúrtha údaraithe ag duine nádúrtha eile chun rochtain a fháil ar a shonraí leictreonacha pearsanta sláinte, nó ar chuid díobh, thar a cheann nó i gcás ina ngníomhaíonn sé mar ionadaí dlíthiúil duine nádúrtha eile i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2025/327, sainaithneoidh an gairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte an duine nádúrtha sin agus fíoróidh sé go gcomhlíonann an duine nádúrtha údaraithe nó an t-ionadaí dlíthiúil na ceanglais is gá chun gníomhú sa cháil sin.
Airteagal 5
Ceanglais maidir le malartú trasteorann tréithe cúraim sláinte daoine nádúrtha
1. I gcás ina n-iarrann pointe teagmhála náisiúnta um shláinte dhigiteach malartú sonraí leictreonacha pearsanta sláinte duine nádúrtha ó phointe teagmhála náisiúnta eile um shláinte dhigiteach nó chuig pointe teagmhála náisiúnta eile um shláinte dhigiteach, cuirfidh an chéad phointe teagmhála náisiúnta tréithe cúraim sláinte Bhallstát cleamhnachta an duine nádúrtha faoi bhráid an dara pointe teagmhála náisiúnta.
2. An gairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte a iarrann go ndéanfaí sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a mhalartú de bhun Airteagal 4(1), gan beann ar iarraidh an duine nádúrtha a bheith déanta go pearsanta nó ar líne, glacfaidh sé leis na tréithe cúraim sláinte a sholáthraítear i bhfoirm ríomhdhearbhú saintréithe trí úsáid a bhaint as an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití.
3. I gcás nach soláthraítear na saintréithe cúraim sláinte ina n-iomláine leis na modhanna sainaitheantais a úsáidtear, iarrfaidh an gairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte a iarrann malartú sonraí leictreonacha pearsanta sláinte faisnéis bhreise ar an duine nádúrtha chun tacar saintréithe cúraim sláinte Bhallstát cleamhnachta an duine nádúrtha a chomhlánú.
Airteagal 6
Sainaithint, fíordheimhniú agus údarú gairmí sláinte agus soláthróirí cúraim sláinte le haghaidh malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte
1. Liostóidh gach Ballstát an t-eintiteas nó na heintitis atá freagrach as an ngairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte a iarrann malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte a shainaithint, a fhíordheimhniú agus a údarú.
2. Sula n-iarrfar malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte trí MyHealth@EU, déanfaidh an t-eintiteas nó na heintitis dá dtagraítear i mír 1 an gairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte a iarrfaidh an malartú sin a shainaithint, a fhíordheimhniú agus a údarú.
3. Déanfaidh an t-eintiteas nó na heintitis dá dtagraítear i mír 1 an gairmí sláinte a shainaithint agus a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as modhanna fíordheimhnithe leictreonacha lena soláthraítear ar a laghad an leibhéal dearbhaithe substaintiúil dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Ón 26 Márta 2032, cuirfear an leibhéal dearbhaithe ‘ard’ dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (c), den Rialachán sin ar fáil leis an ríomh-dheimhniú do ghairmithe sláinte. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi na modhanna ríomh-shainaitheantais ar an leibhéal dearbhaithe is gá de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, nó dearbhóidh comhlacht measúnaithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó comhlacht coibhéiseach a leibhéal dearbhaithe.
Airteagal 7
Ceanglais maidir le malartú sonraí aitheantais an ghairmí sláinte agus an tsoláthraí cúraim sláinte
I gcás ina n-iarrann an gairmí sláinte nó an soláthraí cúraim sláinte malartú trasteorann sonraí leictreonacha pearsanta sláinte trí MyHealth@EU, déanfaidh an pointe teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach atá inniúil don ghairmí sláinte nó don soláthraí cúraim sláinte sin sonraí aitheantais an ghairmí sláinte nó an tsoláthraí cúraim sláinte a chur in iúl don phointe teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach a fhaigheann an iarraidh. Comhlíonfaidh na sonraí sainaitheantais na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 8
Sásra chun sonraí sainaitheantais a mhalartú trí MyHealth@EU
Tacóidh an sásra chun sonraí sainaitheantais a mhalartú trí MyHealth@EU leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
fógra a thabhairt faoi na tacair tréithe cúraim sláinte dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo agus iad a fhoilsiú; |
|
(b) |
malartú na dtréithe cúraim sláinte idir pointí teagmhála náisiúnta don tsláinte dhigiteach a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 5(1); |
|
(c) |
malartú sonraí aitheantais an ghairmí sláinte nó an tsoláthraí cúraim sláinte idir pointí teagmhála náisiúnta do shláinte dhigiteach ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 7. |
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 26 Márta 2027.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 3(3) agus Airteagal 5(2) ón 26 Márta 2029.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 2025/327, 5.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/327/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(5) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh sonraí aitheantais gairmithe sláinte agus soláthraithe cúraim sláinte dá dtagraítear in Airteagal 7
Tábla 1
Sonraí éigeantacha don ghairmí sláinte
|
Aitheantóir sonraí |
Sainmhíniú |
|
family_name |
Sloinne/sloinnte an ghairmí sláinte. |
|
given_name |
Céadainm nó céadainmneacha an ghairmí sláinte, lena n-áirítear lárainm nó lárainmneacha an ghairmí sláinte i gcás inarb infheidhme. |
|
country_code |
Cód tíre alfa-2 mar a shonraítear in ISO 3166-1, lena léirítear an Ballstát a d’eisigh na sonraí aitheantais gairmithe sláinte. |
|
hp_identifier |
Aitheantóir gairmí sláinte a shanntar don ghairmí sláinte atá uathúil i measc na n-aitheantóirí gairmiúla sláinte uile a eisítear sa Bhallstát ina bhfuil an gairmí sláinte cláraithe. |
|
issuing_authority_name |
Ainm na gníomhaireachta atá freagrach as an aitheantóir gairmí sláinte a eisiúint. |
|
hp_professional_role |
Ról proifisiúnta an ghairmí sláinte. |
|
healthcare_provider_identifier |
Aitheantóir na heagraíochta soláthraí cúraim sláinte nó na saoráide cúraim sláinte ina bhfuil cóireáil á soláthar ag an ngairmí sláinte. Tá an t-aitheantóir sin uathúil sa Bhallstát a d’eisigh é. |
|
|
|
Tábla 2
Sonraí éigeantacha don soláthraí cúraim sláinte
|
Aitheantóir sonraí |
Sainmhíniú |
|
healthcare_provider_identifier |
Aitheantóir na heagraíochta soláthraí cúraim sláinte nó na saoráide cúraim sláinte ina bhfuil an chóireáil á soláthar ag an ngairmí sláinte. Tá an t-aitheantóir sin uathúil sa Bhallstát a d’eisigh é. |
|
issuing_authority_name |
Ainm na gníomhaireachta atá freagrach as an aitheantóir soláthraí cúraim sláinte a eisiúint. |
|
healthcare_provider_name |
Ainm an tsoláthraí cúraim sláinte. |
|
healthcare_provider_address |
Seoladh iomlán cláraithe oifigiúil an tsoláthraí cúraim sláinte. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2099/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)