European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1946

19.8.2026

AISTRIÚCHÁN

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Djibouti maidir le stádas na bhfórsaí atá faoi stiúir an Aontais Eorpaigh i bPoblacht Djibouti faoi chuimsiú oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES)

AN tAONTAS EORPACH,

de pháirt, agus

POBLACHT DJIBOUTI, dá ngairtear ‘Djibouti’ nó ‘an Stát Óstach’ anseo feasta,

den pháirt eile,

dá ngairtear le chéile na ‘Páirtithe’ anseo feasta,

ÓS ÁBHAR IMNÍ DÓIBH an méadú atá tagtha ar ionsaithe ar shoithí trádála agus tráchtála agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé cearta agus saoirsí loingseoireachta soithí na Stát uile sa Mhuir Rua a fheidhmiú, lena n-áirítear soithí trádála agus tráchtála a théann trí Chaolas Bab al-Mandab, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta,

AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á CHUR SAN ÁIREAMH:

—

Rúin 2624 (2022) agus 2722 (2024) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe,

—

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, arna thabhairt i gcrích an 10 Nollaig 1982 ag Montego Bay,

—

Cinneadh (CBES) 2024/583 ón gComhairle an 8 Feabhra 2024 maidir le hoibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) (1),

—

an litir ó Phoblacht Djibouti dar dáta an 12 Márta 2024 inar glacadh leis go háirithe go gceadaítear EUNAVFOR ASPIDES a imscaradh in Djibouti chun an tacaíocht a theastaíonn uaithi a fháil,

—

nach ndéanfaidh an Comhaontú seo difear do chearta ná d’oibleagáidí na bPáirtithe faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta eile agus faoi ionstraimí eile lena mbunaítear cúirteanna agus binsí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Reacht na Róimhe de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Raon feidhme agus sainmhínithe

1.   Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis na fórsaí atá faoi stiúir an Aontais Eorpaigh agus maidir lena bpearsanra.

2.   Ní bheidh feidhm ag forálacha an Chomhaontaithe seo ach amháin laistigh de chríoch an Stáit Óstaigh, lena n-áirítear uiscí inmheánacha, farraige theorann agus aerspás an Stáit sin.

3.   Chun críoch an Chomhaontaithe seo:

(a)

ciallóidh ‘fórsaí faoi stiúir an Aontais Eorpaigh’ nó ‘EUNAVFOR’ ceanncheathrú mhíleata an Aontais Eorpaigh agus meithleacha náisiúnta a rannchuidíonn leis an oibríocht, a soithí, a n-aerárthaí, a dtrealamh agus a modhanna iompair;

(b)

ciallóidh ‘oibríocht’ an oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES), arna bunú leis an Aontas Eorpach de bhun Chinneadh (CBES) 2024/583, a ullmhú, a bhunú, a fhorghníomhú agus tacú léi;

(c)

ciallóidh ‘Ceannasaí Oibríochta’ ceannasaí na hoibríochta;

(d)

ciallóidh ‘Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh’ an ceannasaí ar láthair na n-oibríochtaí;

(e)

ciallóidh ‘ceanncheathrú mhíleata an Aontais Eorpaigh’ an cheanncheathrú mhíleata agus gnéithe di, is cuma cén áit a bhfuil siad, faoi údarás cheannasaithe míleata an Aontais Eorpaigh a bhfuil ceannas míleata nó rialú míleata acu ar an oibríocht;

(f)

ciallóidh ‘meithleacha náisiúnta’ na haonaid, na soithí agus na haerárthaí agus na heilimintí ar le Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Stáit eile atá rannpháirteach san oibríocht iad;

(g)

ciallóidh ‘pearsanra EUNAVFOR’ an pearsanra sibhialta agus míleata a shanntar do EUNAVFOR chomh maith leis an bpearsanra a imscartar chun an oibríocht agus na pearsanra atá ar mhisean don Stát Seoltach nó d’institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh faoi chuimsiú na hoibríochta, atá i láthair ar chríoch an Stáit Óstaigh, cé is moite de phearsanra a fhostaítear go háitiúil agus pearsanra atá fostaithe ag conraitheoirí tráchtála idirnáisiúnta;

(h)

ciallóidh ‘pearsanra a fhostaítear go háitiúil’ pearsanra ar náisiúnaigh iad den Stát Óstach, nó a bhfuil buanchónaí orthu ann;

(i)

ciallóidh ‘saoráidí’ gach áitreabh, cóiríocht agus talamh is gá do EUNAFOR agus do phearsanra EUNAFOR;

(j)

ciallóidh ‘Stát Seoltach’ Stát a chuireann meitheal náisiúnta ar fáil do EUNAFOR;

(k)

ciallóidh ‘uiscí’ uiscí inmheánacha agus uiscí teorann an Stáit Óstaigh, chomh maith leis an aerspás os cionn na n-uiscí sin;

(l)

ciallóidh ‘comhfhreagras oifigiúil’ gach comhfhreagras a bhaineann leis an oibríocht agus le feidhmeanna na hoibríochta.

Airteagal 2

Forálacha ginearálta

1.   Urramóidh EUNAFOR agus pearsanra na hoibríochta dlíthe agus rialacháin an Stáit Óstaigh agus staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht nach bhfuil ag luí le cuspóirí na hoibríochta.

2.   Cuirfidh EUNAVFOR Rialtas an Stáit Óstaigh ar an eolas roimh ré agus ar bhonn rialta faoi líon pearsanra EUNAVFOR atá ar idirthuras trí chríoch an Stáit Óstaigh nó atá lonnaithe inti agus faoi chéannacht na soithí, na n-aerárthaí agus na n-aonad a oibríonn in uiscí an Stáit Óstaigh nó a thugann cuairt ar chalafoirt an Stáit Óstaigh.

3.   Aon phlean chun náisiúnaigh ó thríú Stát atá rannpháirteach san oibríocht a imscaradh nó aon phlean chun go dtabharfaidís siúd cuairt ar an tír, cuirfear sin in iúl roimh ré trí nóta briathartha do Djibouti d’fhonn údarú a fháil uaithi. In éagmais agóid i scríbhinn ó Djibouti laistigh de chúig lá dhéag (15) tar éis an fógra sin a fháil, measfar go mbeidh údarú intuigthe faighte ó údaráis Djibouti chun na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a imscaradh nó chun go dtabharfaidh siad cuairt ar an tír.

Airteagal 3

Aithint an réada

1.   Na pearsanra EUNAVFOR atá i láthair ar chríoch talún an Stáit Óstaigh, beidh a bpasanna nó a gcártaí aitheantais míleata ina seilbh acu i gcónaí.

2.   Beidh marcálacha aitheantais nó plátaí clárúcháin sainiúla EUNAVFOR le feiceáil ar fheithiclí, aerárthaí, soithí agus modhanna iompair eile EUNAVFOR agus tabharfar fógra roimh ré d’údaráis inniúla an Stáit Óstaigh faoin méid sin.

3.   Beidh sé de cheart ag EUNAVFOR bratach an Aontais Eorpaigh agus marcálacha ar nós suaitheantais mhíleata, teidil agus siombailí oifigiúla, a thaispeáint ar a shaoráidí, ar a fheithiclí agus ar mhodhanna eile iompair. Beidh feathal ar leith de chuid EUNAVFOR le feiceáil ar éidí phearsanra EUNAVFOR.

4.   Féadfar bratacha náisiúnta nó ionchomhartha na meithleacha náisiúnta a chomhdhéanann an oibríocht a thaispeáint ar shaoráidí, ar fheithiclí agus ar aon mhodh iompair eile agus ar éide de chuid EUNAVFOR, i gcomhréir le cinneadh Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Trasnú teorann agus gluaiseacht laistigh de chríoch an Stáit Óstaigh

1.   Ní thiocfaidh pearsanra EUNAVFOR isteach i gcríoch an Stáit Óstaigh go dtí go dtaispeánfar pas bailí agus, don chéad dul isteach, seachas i gcás criúnna soithí agus aerárthaí EUNAVFOR, ordú misin aonair nó comhchoiteann arna eisiúint ag EUNAVFOR. Beidh siad díolmhaithe ó chigireachtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú fhoirmiúlachtaí na hinimirce agus an rialaithe custaim ar dhul isteach sa Stát Óstach dóibh, ar fhágáil dóibh nó má bhíonn siad laistigh den Stát Óstach. Beidh criúnna shoithí agus aerárthaí EUNAVFOR díolmhaithe ó na rialacha is infheidhme maidir le víosa.

2.   Beidh pearsanra EUNAVFOR díolmhaithe ó rialacha is infheidhme an Stáit Óstaigh maidir le heachtrannaigh a chlárú agus a rialú, ach ní bheidh aon cheart buanchónaithe ná sainchónaithe laistigh de chríoch an Stáit Óstaigh acu.

3.   Tabharfar liosta ginearálta de shócmhainní EUNAVFOR a théann isteach i gcríoch an Stáit Óstaigh don Stát Óstach chun críche faisnéise.

Beidh comhartha aitheantais EUNAVFOR ar na sócmhainní sin. Beidh EUNAVFOR díolmhaithe ó aon doiciméadacht chustaim eile a thaispeáint agus ó aon chigireacht.

4.   Féadfaidh pearsanra EUNAVFOR mótarfheithiclí a thiomáint agus soithigh nó aerárthaí a oibriú laistigh de chríoch an Stáit Óstaigh ar choinníoll go bhfuil ceadúnais tiomána, deimhniú captaein nó ceadúnais phíolóta bhailí náisiúnta, idirnáisiúnta nó mhíleata acu, de réir mar is iomchuí, arna n-eisiúint ag ceann de na Stáit Sheoltacha.

5.   Chun críoch na hoibríochta, deonóidh an Stát Óstach saoirse gluaiseachta agus saoirse taistil laistigh dá chríoch, lena n-áirítear uiscí agus aerspás, do EUNAVFOR agus do phearsanra na hoibríochta. Áireofar le saoirse gluaiseachta laistigh d’fharraige theorann an Stáit Óstaigh, inter alia, stopadh agus ancaireacht.

6.   Chun críoch na hoibríochta, féadfaidh EUNAVFOR aerárthaí nó feiste míleata a lainseáil, a leaindeáil nó a thabhairt ar bord sna huiscí.

7.   Chun críoch na hoibríochta, féadfaidh EUNAVFOR agus na modhanna iompair a bheidh cairtfhostaithe aige bóithre, droichid, báid farantóireachta, aerfoirt agus calafoirt a úsáid gan cánacha ná dleachtanna comhchosúla a íoc. Ní bheidh EUNAVFOR díolmhaithe ó ranníocaíochtaí airgeadais lena gcúitítear na seirbhísí a fhaigheann sé arna iarraidh sin dó.

8.   Údaraíonn Djibouti do EUNAVFOR rochtain a fháil ar shaoráidí míleata eachtracha in Djibouti agus iad a úsáid chun deichniúr (10) duine ar a mhéad a imscaradh.

Tabharfaidh EUNAVFOR fógra do Djibouti, trí Nóta Briathartha, faoi líon an phearsanra a d’imscar sé chuig na suiteálacha míleata sin an 1 Eanáir 2026 suas go dtí an t-uasmhéid dá dtagraítear san chéad fhomhír seo.

I gcás imthosca eisceachtúla arna n-aithint ag an Aontas Eorpach agus ag Djibouti, agus go háirithe i gcás nach bhfuil foireann ar bord ag an oibríocht, féadfaidh EUNAVFOR tionscadal a fhorbairt chun fiche (20) duine breise a imscaradh go sealadach chuig ceann de na suiteálacha míleata sin ar feadh tréimhse sé (6) mhí. Tabharfar fógra do Djibouti, trí nóta briathartha, faoi imthosca eisceachtúla agus sonraí an tionscadail imscartha sin d’fhonn údarú a fháil uaithi. In éagmais agóid i scríbhinn ó Djibouti laistigh de chúig lá dhéag (15) tar éis an fógra sin a fháil, measfar go mbeidh údarú intuigthe faighte ó údaráis Djibouti chun an t-imscaradh breise sealadach a dhéanamh. A luaithe a bheidh deireadh leis na himthosca eisceachtúla, laghdófar an líon pearsanra a imscarfar ag suiteálacha míleata eachtracha in Djibouti go dtí deichniúr (10) ar a mhéad.

Airteagal 5

Pribhléidí agus díolúintí EUNAVFOR arna ndeonú ag an Stát Óstach

1.   Beidh saoráidí, soithí agus aerárthaí EUNAVFOR dosháraithe. Mar sin féin, ní rachaidh gníomhairí an Stáit Óstaigh isteach san áitreabh ach amháin le toiliú ó Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh díolúine ag EUNAVFOR, a mhaoin agus a shócmhainní, cibé áit a mbeidh siad agus cibé daoine a mbeidh siad ina seilbh, ó gach cineál imeachta dhlíthiúil.

3.   Beidh saoráidí agus feistis EUNAVFOR, sócmhainní eile sna saoráidí sin, chomh maith lena modhanna iompair EUNAVFOR, díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, astú nó forghníomhú.

4.   Beidh cartlanna agus doiciméid EUNAVFOR dosháraithe tráth ar bith, cibé áit a mbeidh siad.

5.   Beidh comhfhreagras oifigiúil EUNAVFOR dosháraithe.

6.   Ceadóidh an Stát Óstach d’earraí le haghaidh na hoibríochta a theacht isteach ar a gcríoch agus díolmhóidh sé iad ó gach dleacht custaim, cáin agus muirear comhchosúil, seachas muirir stórála, iompair agus seirbhísí eile.

7.   Beidh EUNAVFOR díolmhaithe ó gach dleacht, cáin agus muirear náisiúnta, réigiúnach agus bardais den chineál céanna i leith earraí ceannaithe agus allmhairithe, seirbhísí arna soláthar agus saoráidí arna n-úsáid ag an oibríocht chun críocha na hoibríochta.

Ní bheidh EUNAVFOR díolmhaithe ó tháillí nó mhuirir eile arb ionann iad agus íocaíocht i leith seirbhísí arna soláthar.

Airteagal 6

Pribhléidí agus díolúintí arna ndeonú ag an Stát Óstach do phearsanra EUNAVFOR

1.   Ní bheidh pearsanra EUNAVFOR faoi dhliteanas gabhála nó coinneála d’aon chineál. Má thugann údarás póilíneachta de chuid an Stáit Óstaigh faoi deara go bhfuil cion á dhéanamh ar an mórbhealach poiblí, údarófar an t-údarás sin, ar choinníoll go ndearna an ciontóir dochar do shláine coirp náisiúnaigh den Stát Óstach, an duine a choinneáil chun a chosaint a áirithiú go dtí go dtiocfaidh údaráis inniúla EUNAVFOR.

2.   Beidh páipéir, comhfhreagras agus maoin phearsanra EUNAVFOR dosháraithe, ach amháin i gcás na mbeart forghníomhaithe a cheadaítear dá dtagraítear i mír 6.

3.   Beidh díolúine ag baill foirne EUNAVFOR ó dhlínse choiriúil an Stáit Óstaigh.

Féadfaidh an Stát Seoltach lena mbaineann nó institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh lena mbaineann, de réir mar a bheidh, díolúine phearsanra EUNAVFOR ó dhlínse choiriúil a tharscaoileadh. Ní mór an tarscaoileadh a dhéanamh i scríbhinn i gcónaí.

4.   Beidh díolúine ag pearsanra EUNAVFOR ó dhlínse shibhialta agus riaracháin an Stáit Óstaigh maidir leis na briathra arna labhairt nó arna scríobh acu, agus gach gníomh arna dhéanamh acu le linn dóibh a bhfeidhmeanna oifigiúla a fheidhmiú.

Má thionscnaítear aon imeacht sibhialta i gcoinne bhall de phearsanra EUNAVFOR os comhair cúirt ar bith de chuid an Stáit Óstaigh, tabharfar fógra láithreach faoin méid sin do Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh agus d’údarás inniúil an Stáit Sheoltaigh nó don institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh. Sula dtionscnófar an t-imeacht os comhair na cúirte, deimhneoidh Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh agus údarás inniúil an Stáit Sheoltaigh nó an institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh don chúirt cibé acu a rinne nó nach ndearna ball de phearsanra EUNAVFOR an gníomh atá i gceist agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á gcomhlíonadh acu.

Má rinneadh an gníomh le linn fheidhmiú na bhfeidhmeanna oifigiúla, ní thionscnófar an t-imeacht agus beidh feidhm ag Airteagal 15. Mura ndearnadh an gníomh le linn fheidhmiú na bhfeidhmeanna oifigiúla, féadfaidh an t-imeacht leanúint ar aghaidh.

Áiritheoidh an Stát Óstach go n-aithneoidh an dlínse inniúil an fianú dá bhforáiltear ag Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh agus ag údarás inniúil an Stáit Sheoltaigh nó ag institiúid an Aontais Eorpaigh lena mbaineann.

Má thionscnaíonn ball de phearsanra EUNAVFOR lena mbaineann imeacht sibhialta, coiscfidh sé sin orthu díolúine a agairt ón dlínse i leith aon fhrithmhaímh a bhainfidh go díreach leis an bpríomh-mhaíomh.

5.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar phearsanra EUNAVFOR fianaise a thabhairt.

6.   Ní fhéadfar aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith bhall de phearsanra EUNAVFOR lena mbaineann, ach amháin i gcás ina dtionscnaítear imeacht sibhialta nach mbaineann lena bhfeidhmeanna oifigiúla ina n-aghaidh. Maoin de chuid bhall de phearsanra EUNAVFOR atá deimhnithe ag Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a bheith riachtanach chun a fheidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh, ní fhéadfar í a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh. Ní bheidh pearsanra EUNAVFOR faoi réir aon srian ar a saoirse phearsanta ná aon bheart eile comhéigin in imeachtaí sibhialta.

7.   Ní féidir Stát Óstach a dhíolmhú ó dhlínse an Stáit creidiúnúcháin toisc díolúine a bheith ag pearsanra EUNAVFOR sa Stát Óstach.

8.   Beidh pearsanra EUNAVFOR díolmhaithe ó aon chineál cánach sa Stát Óstach ar an luach saothair agus ar na díolaíochtaí a íocann EUNAVFOR nó an stát seoltach leo agus ar aon ioncam a fhaightear lasmuigh den Stát Óstach freisin.

9.   Faoi réir na ndlíthe agus na rialachán arna nglacadh ag an Stát Óstach, déanfaidh an Stát Óstach iontráil a cheadú d’earraí le haghaidh úsáid phearsanta phearsanra EUNAVFOR agus díolúine a dheonú do na hearraí sin ó gach dleacht chustam, cáin agus costas gaolmhar seachas costais ar stóráil, ar iompar agus ar sheirbhísí comhchosúla.

Beidh bagáiste pearsanta phearsanra EUNAVFOR díolmhaithe ó iniúchadh, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha lena cheapadh go bhfuil earraí ann nach d’úsáid phearsanta phearsanra EUNAVFOR iad, nó earraí a thoirmeasctar a n-allmhairiú nó a n-onnmhairiú de réir an dlí nó atá faoi réir rialacháin choraintín an Stáit Óstaigh. Ní dhéanfar an chigireacht sin ach amháin i láthair bhall de phearsanra de chuid EUNAVFOR lena mbaineann nó ionadaí údaraithe de chuid EUNAVFOR.

Airteagal 7

Pearsanra atá fostaithe go háitiúil

1.   Is náisiúnaigh de Djibouti amháin a bheidh sa phearsanra a bheidh fostaithe go háitiúil ag EUNAVFOR, ach amháin i gcásanna eisceachtúla ina gceadóidh Djibouti eachtrannaigh a bhfuil cónaí orthu in Djibouti a fhostú.

2.   Ní bheidh aon phribhléidí ná díolúintí ag an bpearsanra atá fostaithe ag EUNAVFOR go háitiúil. Feidhmeoidh an Stát Óstach a dhlínse ar an bpearsanra sin, áfach, ar bhealach nach gcuirfidh isteach go míchuí ar chomhlíonadh fheidhmeanna na hoibríochta.

Airteagal 8

Dlínse choiriúil

Féadfaidh údaráis inniúla de chuid Stáit Sheoltaigh an dlínse choiriúil agus na cumhachtaí araíonachta go léir a thugtar dóibh le dlí an Stáit Sheoltaigh a fheidhmiú ar chríoch an Stáit Óstaigh, i gcomhar le húdaráis inniúla an Stáit Óstaigh, maidir le pearsanra uile EUNAVFOR atá faoi réir an dlí sin.

Airteagal 9

Éide agus airm

1.   Beidh caitheamh éide faoi réir rialacha arna nglacadh ag Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh.

2.   Chun críocha na hoibríochta, féadfaidh pearsanra míleata EUNAVFOR airm agus armlón a bheith ina seilbh acu nó a iompar ar choinníoll go n-údaraítear dóibh é sin a dhéanamh de bhua orduithe a n-ordlathais mhíleata.

Airteagal 10

Tacaíocht agus conraitheoireacht an Stáit Óstaigh

1.   Aontóidh an Stát Óstach, arna iarraidh sin, cabhrú le EUNAVFOR saoráidí oiriúnacha a aimsiú.

2.   De réir a acmhainne agus a chumas, cabhróidh an Stát Óstach le hullmhú, bunú agus cur i gcrích na hoibríochta agus tacaíocht di.

3.   Déanfar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag EUNAVFOR sa Stát Óstach arna sonrú sna conarthaí sin.

4.   Féadfar a shonrú i ngach conradh go rialóidh an nós imeachta um réiteach díospóidí dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) agus (4) maidir le díospóidí a eascraíonn as a chur i bhfeidhm.

5.   Éascóidh an Stát Óstach cur chun feidhme na gconarthaí a thabharfaidh EUNAVFOR i gcrích le heintitis tráchtála chun críocha na hoibríochta.

Airteagal 11

Athrú ar shaoráidí

Údarófar do EUNAVFOR saoráidí a thógáil nó a mhodhnú i gcomhréir lena riachtanais oibríochtúla, le toiliú roimh ré ón Stát Óstach.

Airteagal 12

Pearsanra EUNAVFOR atá éagtha

1.   Beidh sé de cheart ag Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh aisdúichiú duine de phearsanra EUNAVFOR a fuair bás a chur de chúram air féin, agus socruithe is gá a dhéanamh ina leith, a maoin phearsanta san áireamh.

2.   Ní dhéanfar aon scrúdú iarbháis ar chorp pearsanra éagtha de chuid EUNAVFOR gan comhaontú ina leith ón Stát lena mbaineann ná gan ionadaí ó EUNAVFOR nó ionadaí ón Stát lena mbaineann a bheith i láthair.

3.   Rachaidh an Stát Óstach agus EUNAVFOR i gcomhar a chéile a lánmhéid is féidir chun a áirithiú go ndéanfar aon bhall foirne éagtha ó EUNAVFOR a aisdúichiú a luaithe is féidir.

Airteagal 13

Slándáil EUNAVFOR agus póilíní míleata

1.   Déanfaidh an Stát Óstach gach beart is iomchuí chun sábháilteacht agus slándáil EUNAVFOR agus phearsanra EUNAVFOR a áirithiú taobh amuigh na saoráidí.

2.   Beidh EUNAVFOR i dteideal na bearta is gá a dhéanamh, ar chríoch talún an Stáit Óstaigh agus na uiscí, chun saoráidí, soithí, aerárthaí EUNAVFOR agus na soithí a chosnaíonn sé a chosaint ar aon ionsaí nó cur isteach ón taobh amuigh, i gcomhar le húdaráis inniúla an Stáit Óstaigh.

3.   Féadfaidh Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh aonad póilíneachta míleata a bhunú chun ord a choinneáil sna saoráidí.

4.   Féadfaidh an t-aonad póilíneachta míleata dá dtagraítear i mír 3 freisin, i gcomhairle agus i gcomhar le póilíní míleata nó póilíní an Stáit Óstaigh, gníomhú lasmuigh de na saoráidí chun dea-ord agus smacht a áirithiú i measc phearsanra EUNAVFOR.

Airteagal 14

Cumarsáid

1.   Féadfaidh EUNAVFOR stáisiúin tarchuradóra agus ghlacadóra raidió, chomh maith le córais satailíte, a shuiteáil agus a oibriú. Comhoibreoidh EUNAVFOR le húdaráis inniúla an Stáit Óstaigh d’fhonn coinbhleachtaí a sheachaint maidir le minicíochtaí iomchuí a úsáid. Tabharfaidh an Stát Óstach rochtain ar an speictream minicíochta i gcomhréir lena reachtaíocht atá i bhfeidhm.

2.   Beidh an ceart ag EUNAVFOR cumarsáid neamhshrianta a dhéanamh tríd an raidió, lena n-áirítear trí raidió satailíte, trí raidió móibíleach nó trí raidió láimhe, teileafón, teileagraf, facs agus modhanna eile, chomh maith leis an gceart chun an trealamh is gá a shuiteáil chun an chumarsáid sin a áirithiú i saoráidí agus eatarthu, lena n-áirítear an ceart cáblaí agus línte talún a leagan chun críocha na hoibríochta.

3.   Féadfaidh EUNAVFOR na socruithe is gá a dhéanamh laistigh de na saoráidí chun post atá dírithe chuig EUNAVFOR nó chuig pearsanra EUNAVFOR nó a thagann ó EUNAVFOR nó ó phearsanra EUNAVFOR a iompar.

4.   Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo i socruithe le húdaráis inniúla an Stáit Óstaigh.

Airteagal 15

Éilimh de bharr báis, díobhála, damáiste agus caillteanais

1.   Socrófar go cairdiúil éilimh i dtaca le damáiste do mhaoin shibhialtach nó rialtais nó i dtaca le caillteanas maoine sibhialta nó rialtais, chomh maith le héilimh i dtaca le bás daoine nó i dtaca le díobháil do dhaoine agus i dtaca le damáiste do mhaoin EUNAVFOR, nó i dtaca le caillteanas maoine EUNAVFOR.

2.   Tarchuirfear na héilimh i dtaca le damáiste dá dtagraítear i mír 1 chuig EUNAVFOR trí údaráis inniúla an Stáit Óstaigh i ndáil le hiarrataí arna ndéanamh ag daoine dlítheanacha nó nádúrtha an Stáit Óstaigh, nó chuig údaráis inniúla an Stáit Óstaigh i ndáil le hiarrataí arna ndéanamh ag EUNAVFOR.

3.   I gcás nach bhféadfar teacht ar shocrú cairdiúil, cuirfear an t-éileamh faoi bhráid coimisiún um éilimh a bheidh comhdhéanta ar bhonn comhionann d’ionadaithe ó EUNAVFOR agus d’ionadaithe ón Stát Óstach. Déanfar éilimh a shocrú de thoil a chéile.

4.   I gcás nach féidir teacht ar aon réiteach laistigh de choimisiún na n-éileamh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

socrófar éilimh suas le EUR 80 000 agus an méid sin san áireamh trí mhodhanna taidhleoireachta idir an Stát Óstach agus ionadaithe an Aontais Eorpaigh;

(b)

i gcás éilimh os cionn EUR 80 000, cuirfear faoi bhráid painéal eadrána iad agus beidh a gcinneadh ceangailteach.

5.   Triúr eadránaithe a bheidh ar an bpainéal eadrána dá dtagraítear i mír 4, pointe (b); ceapfaidh an Stát Óstach eadránaí amháin, ceapfaidh EUNAVFOR an dara headránaí agus ceapfar an tríú headránaí de chomhthoil idir an Stát Óstach agus EUNAVFOR. I gcás nach gceapfaidh ceann de na páirtithe eadránaí laistigh de dhá mhí nó i gcás nach bhféadfaidh an Stát Óstach agus EUNAVFOR teacht ar chomhaontú maidir leis an tríú eadránaí a cheapadh, ceapfaidh Uachtarán Chúirt Uachtarach Djibouti an t-eadránaí sin.

6.   Tabharfar socrú riaracháin idir EUNAVFOR agus údaráis riaracháin an Stáit Óstaigh i gcrích chun téarmaí tagartha an choimisiúin um éilimh agus an bhinse eadrána a chinneadh, mar aon leis an nós imeachta is infheidhme sna comhlachtaí sin agus na coinníollacha faoina dtaiscfear éilimh.

Airteagal 16

Idirchaidreamh agus díospóidí

1.   Déanfaidh ionadaithe de chuid EUNAVFOR agus údaráis inniúla an Stáit Óstaigh na saincheisteanna go léir a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a scrúdú ar bhonn comhpháirteach.

2.   Mura dtiocfar ar aon réiteach, réiteofar díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo trí mhodhanna taidhleoireachta idir an Stát Óstach agus ionadaithe an Aontais Eorpaigh, agus ar an gcaoi sin amháin.

Airteagal 17

Forálacha eile

1.   Aon uair a thagraítear sa Chomhaontú seo do phribhléidí, díolúintí agus cearta EUNAVFOR agus phearsanra EUNAVFOR, beidh rialtas an Stáit Óstaigh freagrach as iad a chur chun feidhme agus as iad a bheith á gcomhlíonadh ag údaráis áitiúla iomchuí an Stáit Óstaigh.

2.   Níl aon ní sa Chomhaontú seo beartaithe ná ní fhéadfar é a fhorléiriú chun maolú ar aon chearta a d’fhéadfadh a astú le Ballstát den Aontas Eorpach nó le haon Stát eile a rannchuidíonn le EUNAVFOR faoi chomhaontuithe eile.

Airteagal 18

Socruithe cur chun feidhme

Chun an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh cúrsaí oibríochta, riaracháin, airgeadais nó teicniúla a bheith faoi réir socruithe ar leithligh atá le tabhairt i gcrích idir Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh agus údaráis riaracháin an Stáit Óstaigh.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus foirceannadh

1.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an lá a shíneofar é agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse 12 mhí ar ina dhiaidh a chomhaontóidh na Páirtithe measúnú tosaigh a dhéanamh. Déanfar an Comhaontú seo a athnuachan le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha 1 bhliain amháin, mura dtabharfaidh ceann de na Páirtithe fógra foirceanta don Pháirtí eile 1 mhí amháin ar a laghad roimh ré.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, measfar go mbeidh feidhm ag Airteagal 4(7), Airteagal 5(1), (2), (3), (6) agus (7), Airteagal 6(1), (3), (4), (6), (8) agus (9) agus Airteagail 11 agus 15 ón dáta a imscaradh an chéad phearsanra de chuid EUNAVFOR, más luaithe an dáta sin ná dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

3.   Féadfar an Comhaontú seo a leasú ar bhonn comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe.

4.   Ní dhéanfaidh foirceannadh an Chomhaontaithe seo difear d’aon chearta ná oibleagáidí a thiocfaidh as forghníomhú an Chomhaontaithe seo roimh an bhfoirceannadh sin.

DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

Arna dhéanamh in Djibouti, an 16 Iúil 2026, in dhá chóip bhunaidh, sa Fhraincis.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Image 1

Thar ceann Phoblacht Djibouti

Image 2


(1)   IO AE L, 2024/583, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/583/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2026/1946/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)