European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1935

11.8.2026

Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2026-2030)

Airteagal 1

Cuspóir

Is é is cuspóir don Phrótacal seo forálacha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) agus Poblacht na Séiséal (‘na Séiséil’) (‘an Comhaontú’) a chur chun feidhme, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 24 Feabhra 2020 (1). Áirítear leis an bPrótacal seo Iarscríbhinn agus na Foscríbhinní a ghabhann léi.

Airteagal 2

Limistéir iascaireachta na Séiséal

1.   Maidir le hainmniú na limistéar srianta iascaireachta, ina bhfuil toirmeasc ar iascaireacht agus ar na gníomhaíochtaí gaolmhara uile, beidh an t-ainmniú sin mar a fhorordaítear leis na comhordanáidí a leagtar amach san Acht um Iascach agus Dobharshaothrú, 2025, agus le haon dlí nó rialachán eile is infheidhme de chuid na Séiséal, agus sonrófar é trí na comhordanáidí sin.

2.   Déanfaidh soithí de chuid an Aontais gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí is faide ná 12 mhuirmhíle ón mbunlíne, faoi réir mhír 1 den Airteagal seo.

3.   Cuirfidh na Séiséil oibreoirí agus an tAontas ar an eolas faoi theorainneacha na limistéar ina bhfuil cosc ar iascaireacht agus an t-údarú iascaireachta á eisiúint acu. Tabharfar fógra faoi aon athrú ar na limistéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo don Aontas gan mhoill sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 3

Tréimhse cur i bhfeidhm agus deiseanna iascaireachta

1.   Ar feadh tréimhse 4 bliana ó dháta tosaithe chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo, is iad seo a leanas na deiseanna iascaireachta a dheonófar faoi Airteagal 5 den Chomhaontú:

(a)

30 soitheach peas-saighne tuinníní de chuid an Aontais;

(b)

8 mbád spiléireachta dromchla de chuid an Aontais.

2.   Údarófar soithí tacaíochta de chuid an Aontais faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn den Phrótacal seo agus i gcomhréir le rúin ábhartha an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC).

3.   Ní bheidh feidhm ag na deiseanna iascaireachta ach amháin maidir le speicis mhórimirceacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), seachas:

(a)

siorcanna a bhaineann leis na finte Alopiidae agus Sphyrnidae;

(b)

na speicis siorcanna Cetorhinus maximus, Rhincodon typus, Carcharodon carcharias, Carcharhinus falciformis agus Carcharhinus longimanus;

(c)

roic a bhaineann leis an bhfine Mobulidae; agus

(d)

aon speiceas eile atá cosanta nó toirmiscthe faoi dhlíthe na Séiséal, faoi chreat IOTC nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta eile.

4.   Beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo faoi réir fhorálacha Airteagail 7 agus 8 den Phrótacal seo.

5.   De bhun Airteagal 5 den Chomhaontú, ní fhéadfaidh soithí de chuid an Aontais dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta na Séiséal ach amháin má tá údarú iascaireachta bailí acu a eisítear faoin bPrótacal seo i gcomhréir le Foscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

Airteagal 4

Comhpháirteanna airgeadais

1.   Ar feadh fhad an Phrótacail seo, is é EUR 5 750 000 an méid airgeadais bliantúil iomlán atá le híoc ag an Aontas. Beidh na comhpháirteanna airgeadais comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

(a)

méid bliantúil EUR 2 750 000 a chomhfhreagraíonn d’íocaíocht airgeadais an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 8(1) den Chomhaontú, méid atá coibhéiseach le tonnáiste tagartha 55 000 tonna in aghaidh na bliana; agus

(b)

méid bliantúil tacaíochta earnála sonraí EUR 3 000 000 chun rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas earnála iascaigh na Séiséal.

2.   Ina theannta sin, íocfaidh oibreoirí méid airgeadais bliantúil chun rochtain a thabhairt dá soithí ar limistéar iascaireachta na Séiséal, ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

réamhíocaíochtaí;

(b)

táillí breise in aghaidh an tonna éisc a ghabhtar, i gcás inarb infheidhme; agus

(c)

táille shonrach atá tiomnaithe do bhainistiú comhshaoil agus do bhreathnóireacht ar éiceachórais mhuirí in uiscí na Séiséal, i gcomhréir le Caibidil I den Iarscríbhinn den Phrótacal seo.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo faoi réir Airteagail 5, 7, 8 agus 15 den Phrótacal seo.

4.   D’ainneoin Airteagal 14 den Phrótacal seo, íocfaidh an tAontas an méid iomlán dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo gach bliain le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Phrótacail seo.

5.   Déanfar na híocaíochtaí den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis dháta tosaigh cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo, agus tráth nach déanaí ná dáta comórtha an Phrótacail seo le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin.

6.   Beidh íocaíochtaí den mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo.

7.   Déanfaidh na Páirtithe faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta na soithí de chuid an Aontais i ndáil leis an tonnáiste tagartha bliantúil a léirítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.

8.   Má sháraíonn tonnáiste bliantúil na ngabhálacha a dhéanann na soithí de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta na Séiséal an tonnáiste tagartha bliantúil a léirítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, cuirfear méadú EUR 50 le méid iomlán na híocaíochta airgeadais a bheidh le híoc ag an Aontas in aghaidh gach tonna breise a ghabhfar.

9.   Ní bheidh an méid iomlán bliantúil a bheidh le híoc ag an Aontas níos mó ná dhá oiread an mhéid dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo. Má sháraíonn an tonnáiste a ghabhann na soithí de chuid an Aontais an tonnáiste a chomhfhreagraíonn do dhá oiread mhéid iomlán na híocaíochta bliantúla ón Aontas, íocfar an méid atá dlite i leith an tonnáiste a sháraíonn an teorainn sin an bhliain ina dhiaidh sin.

10.   Beidh discréid iomlán ag na Séiséil maidir le húsáid na híocaíochta airgeadais dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.

11.   Déanfar na comhpháirteanna airgeadais dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a íoc isteach i gcuntais Státchiste Phoiblí Rialtas na Séiséal. Is é an soláthraí a íocfaidh na costais aistrithe bainc ghaolmhara. Tabharfaidh na Séiséil fógra don Aontas faoi mhionsonraí an chuntais bainc nó na gcuntas bainc 20 lá ar a laghad roimh dháta tosaigh cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo agus ansin ar bhonn bliantúil.

12.   Féadfaidh an Coimisiún Eorpach agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar thionscadail a mhaoinítear leis an tacaíocht earnála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo agus féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú a dhéanamh orthu.

13.   Féadfaidh an Coimisiún Eorpach na comhpháirteanna airgeadais a íoctar faoin bPrótacal seo a aisghabháil sna cásanna seo a leanas agus i gcás nár thángthas ar chomhaontú ag an gComhchoiste maidir le socraíocht fhéideartha an cháis:

(a)

mura ndeonaíonn na Séiséil rochtain do shoithí de chuid an Aontais i gcomhréir leis an bPrótacal seo;

(b)

mura gcuirtear na gníomhaíochtaí tacaíochta earnála chun feidhme nó mura gcuirtear chun feidhme iad i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo.

14.   Soláthróidh na Séiséil gach cúnamh is gá chun cistí a aisghabháil dá dtagraítear i mír 13 den Airteagal seo.

Airteagal 5

Tacaíocht earnála

1.   D’fhonn iascach freagrach agus inbhuanaithe a neartú a thuilleadh, beidh cuspóirí an chláir earnála ilbhliantúil bunaithe ar réimsí gníomhaíochtaí a léiríonn tosaíochtaí bheartas iascaigh náisiúnta na Séiséal agus ar bheartais ghaolmhara eile a bhfuil tionchar acu ar na réimsí seo a leanas:

(a)

bearta tacaíochta agus bainistíochta le haghaidh iascaigh, lena n-áirítear iascach agus dobharshaothrú ar mionscála;

(b)

comhar eolaíoch i réimse an iascaigh a chur chun cinn;

(c)

folláine shocheacnamaíoch a fheabhsú agus leas na nglúnta atá ann faoi láthair agus na nglúnta atá le teacht a chosaint;

(d)

bainistíocht sláintíochta agus cáilíochta san earnáil iascaigh agus tacaíocht le haghaidh inniúlachta intíre agus onnmhairiúcháin freisin;

(e)

faireachán, rialú agus faireachas ar iascach agus an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN);

(f)

forbairt acmhainní daonna agus comhar a chur chun cinn;

(g)

tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí bonneagair agus gníomhaíochtaí ábhartha eile chun iascach intíre a fhorbairt.

2.   Leagtar amach na forálacha cur chun feidhme maidir leis an tacaíocht earnála i bhFoscríbhinn 6 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo.

Airteagal 6

Comhar eolaíoch agus teicniúil maidir le hiascach freagrach

1.   Geallann na Páirtithe iascach freagrach a chur chun cinn i limistéar iascaireachta na Séiséal bunaithe ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe idir na cabhlaigh éagsúla a bhíonn ag iascaireacht sna huiscí sin.

2.   Le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Phrótacail seo, féachfaidh an tAontas agus na Séiséil le faireachán a dhéanamh ar staid na n-acmhainní iascaigh a chumhdaítear leis an bPrótacal seo.

3.   Déanfaidh na Páirtithe faisnéis ábhartha staidrimh, bhitheolaíoch, chaomhnúcháin agus chomhshaoil a mhalartú le chéile freisin de réir mar a cheanglófar chun acmhainní bitheolaíocha na mara a bhainistiú agus a chaomhnú.

4.   Comhlíonfaidh na Páirtithe na rúin is infheidhme ó IOTC agus féachfaidh siad le moltaí IOTC maidir le caomhnú agus bainistiú freagrach iascaigh a chur chun feidhme.

5.   Ar bhonn rúin agus mholtaí IOTC agus na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, féadfaidh na Páirtithe dul i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste chun teacht ar chomhaontú maidir le bearta breise chun bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh na Séiséal a áirithiú.

Airteagal 7

Athbhreithniú ar dheiseanna iascaireachta agus athbhreithniú ar an bPrótacal seo

1.   Mar a fhoráiltear i bpointe (a) d’Airteagal 12(3) den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste athbhreithniú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 3(1) den Phrótacal seo. Féadfar na deiseanna iascaireachta sin a choigeartú trí chomhaontú frithpháirteach laistigh den Chomhchoiste a mhéid a thugtar tacaíocht leis na rúin agus na moltaí is infheidhme ó IOTC chun go ndaingneofar le coigeartú den sórt sin bainistiú inbhuanaithe tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinníní san Aigéan Indiach.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar an íocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) den Phrótacal seo a choigeartú go comhréireach agus pro rata temporis. Mar sin féin, ní bheidh an méid bliantúil iomlán a íocfaidh an tAontas níos mó ná dhá oiread an fhigiúir a léirítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) den Phrótacal seo.

Airteagal 8

Iascaireacht thaiscéalaíoch agus deiseanna iascaireachta nua

1.   Féadfaidh an Comhchoiste breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht feachtais iascaireachta taiscéalaíche a bheith ann i limistéar iascaireachta na Séiséal d’fhonn indéantacht theicniúil agus inmharthanacht eacnamaíoch iascach nua nach bhforáiltear dóibh in Airteagal 3 a thástáil, arna iarraidh sin do cheann de na Páirtithe. Chuige sin, cinnfidh an Comhchoiste, ar bhonn cás ar chás, na speicis, na coinníollacha agus aon pharaiméadar ábhartha eile. Déanfar na húdaruithe le haghaidh iascaireacht thaiscéalaíoch a chomhaontú ar feadh uastréimhse 6 mhí, tréimhse a fhéadfar a athnuachan agus comhaontú ann ón dá Pháirtí.

2.   Agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh agus ar bhonn thorthaí na bhfeachtas iascaireachta taiscéalaíche, má chuireann an tAontas spéis i ndeiseanna iascaireachta nua, tiocfaidh an Comhchoiste le chéile chun na coinníollacha is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta nua den sórt sin a phlé agus a fhorordú.

3.   Tar éis do na Séiséil údarú aq thabhairt maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta nua dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Comhchoiste leasuithe comhfhreagracha ar an bPrótacal seo.

Airteagal 9

Iarracht fhoriomlán iascaireachta in uiscí na Séiséal agus trédhearcacht

1.   I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta, cuirfidh na Séiséil ar fáil don Aontas, faoi chuimsiú an Chomhchoiste, faisnéis a bhaineann le haon chomhaontú lena n-údaraítear rochtain do shoithí tuinníní, seachas na soithí de chuid an Aontais, ar limistéar iascaireachta na Séiséal agus an liosta soithí tuinníní a údaraítear leis sin.

2.   I gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, geallann na Séiséil na bearta teicniúla agus caomhnaithe céanna a chur i bhfeidhm maidir le haon chabhlach tuinníní tionsclaíoch eachtrach a oibríonn i limistéar iascaireachta na Séiséal agus a bhfuil na saintréithe comhchosúla aige agus a dhíríonn ar na speicis chéanna agus a chumhdaítear leis an bPrótacal seo.

3.   Comhaontaíonn na Páirtithe faisnéis a bhailiú faoi úinéirí tairbhiúla soithí iascaireachta a bhfuil saintréithe comhchosúla acu agus a dhíríonn ar na speicis chéanna leo siúd a chumhdaítear leis an bPrótacal, agus atá gníomhach sna huiscí atá faoina ndlínse. Chun críocha an Phrótacail seo, is éard is úinéir tairbhiúil ann aon duine nádúrtha a bhfuil eintiteas dlítheanach faoina úinéireacht nó faoina rialú deiridh.

Airteagal 10

Iascairí a fhostú ar bord soithí de chuid an Aontais

1.   Comhlíonfaidh coinníollacha fostaíochta agus oibre iascairí ar bord soithí de chuid an Aontais na hionstraimí is infheidhme maidir le hiascairí de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), go háirithe Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair (1998), arna leasú in 2022, agus Coinbhinsiúin EIS ábhartha arna ndaingniú ag an dá Pháirtí. Áirítear leis sin urraim don tsaoirse comhlachais agus aitheantas éifeachtach do cheart na n-oibrithe chun cómhargála, deireadh a chur le saothair éignithe agus saothar leanaí, deireadh a chur le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht agus slí bheatha, chomh maith le timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil agus dálaí cuibhiúla maireachtála agus oibre ar bord soithí de chuid an Aontais.

2.   Leagtar amach san Iarscríbhinn den Phrótacal seo na forálacha cur chun feidhme maidir le hiascairí a fhostú ar bord soithí de chuid an Aontais.

Airteagal 11

Rúndacht agus cosaint sonraí

1.   Áiritheoidh na Séiséil agus an tAontas go n-úsáidfidh a n-údaráis inniúla faoi seach na sonraí a mhalartófar faoin bPrótacal seo chun an Comhaontú a chur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin, agus go háirithe chun bainistíocht agus taighde eolaíoch a dhéanamh agus chun faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar iascach.

2.   Maidir le sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus sonraí pearsanta a bhaineann le soithí de chuid an Aontais agus a ngníomhaíochtaí iascaireachta, ar sonraí iad a fuarthas faoin bPrótacal seo, mar aon le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a bhaineann le córais chumarsáide a úsáideann an tAontas, geallann na Páirtithe go n-áiritheoidh siad go bpléifear leo mar fhaisnéis atá rúnda. Áiritheoidh na Páirtithe nach gcuirfear ar fáil go poiblí ach sonraí comhiomlánaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta na Séiséal.

3.   Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí.

4.   Déanfar sonraí pearsanta a mhalartófar faoin bPrótacal seo a phróiseáil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i bhFoscríbhqinn 7 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo. Féadfaidh an Comhchoiste coimircí agus leigheasanna dlí breise i ndáil le sonraí pearsanta agus cearta na n-ábhar sonraí a bhunú.

5.   Leanfar de na sonraí a mhalartófar faoin bPrótacal seo a phróiseáil i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le Foscríbhinn 7 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo ar a laghad 5 bliana tar éis dhul in éag an Phrótacail seo.

Airteagal 12

Malartuithe leictreonacha sonraí

1.   Úsáidfidh na Séiséil agus an tAontas córais shlána TF lena n-uathoibrítear malartú fíor-ama sonraí maidir le húdaruithe agus gníomhaíochtaí na soithí de chuid an Aontais, nó malartuithe leictreonacha i gcomhréir leis an bPrótacal seo.

2.   Áiritheoidh an tAontas go ndéanfar na sonraí seo a leanas a tharchur go tráthrialta chuig na Séiséil:

(a)

a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta na Séiséal:

(i)

suíomhanna soithí, i gcomhréir leis na forálacha maidir leis an gcóras um fhaireachán soithí (CFS) a leagtar amach i gCaibidil IV, Roinn 4, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo;

(ii)

gabhálacha arna ndéanamh ag na soithí de chuid an Aontais dá dtagraítear i gCaibidil III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo;

(iii)

fógraí faoi dhul isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal agus faoi imeacht as, le haghaidh na soithí de chuid an Aontais dá dtagraítear i gCaibidil IV, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo;

(b)

a mhéid a bhaineann le calafoirt sna Séiséil:

(i)

réamhfhógraí faoi thrasloingsiú agus dearbhuithe trasloingsithe le haghaidh na soithí de chuid an Aontais dá dtagraítear i gCaibidil IV, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo;

(ii)

réamhfhógraí faoi fhilleadh ar an gcalafort agus dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír le haghaidh na soithí de chuid an Aontais dá dtagraítear i gCaibidil IV, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo.

3.   Measfar an leagan leictreonach d’aon doiciméad a tharchuireann na Páirtithe a bheith coibhéiseach leis an leagan páipéir ar gach bealach.

4.   Tabharfaidh na Séiséil agus an tAontas fógra dá chéile gan mhoill faoi aon mhífheidhmiú na gcóras TF dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

5.   Leagtar amach na socruithe maidir le tarchur sonraí, lena n-áirítear forálacha maidir le leanúnachas an mhalartaithe sonraí, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo.

6.   Tosóidh na Páirtithe ag tarchur sonraí an Chórais Tuairiscithe Leictreonaigh (CTL) dá dtagraítear i gCaibidil III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo.

Airteagal 13

Feidhmeanna an Chomhchoiste

1.   I dteannta na feidhme a leagtar amach in Airteagal 12 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste plé nó cinntí a dhéanamh trí mhalartú litreacha.

2.   I dteannta na feidhme a leagtar amach in Airteagal 12 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste cinntí a dhéanamh maidir le coimircí breise chun sonraí pearsanta a chosaint dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Phrótacal seo.

3.   Déanfar cinntí a dhéanfaidh an Comhchoiste a thaifeadadh i miontuairiscí a shíneoidh na Páirtithe.

Airteagal 14

Íocaíocht na gcomhpháirteanna airgeadais a chur ar fionraí agus a athbhreithniú

D’ainneoin Airteagal 16 den Phrótacal seo, déanfar na comhpháirteanna airgeadais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(1) den Phrótacal seo a chur ar fionraí nó a athbhreithniú tar éis comhairliúchán idir na Páirtithe, ar choinníoll go mbeidh íoctha ina iomláine ag an Aontas aon mhéid a bheidh dlite tráth an fhionraí:

(a)

má chuirtear cosc, de bharr imthosca eisceachtúla, seachas feiniméin nádúrtha, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta na Séiséal;

(b)

tar éis athruithe móra ar bheartas aon cheann de na Páirtithe a dhéanann difear d’fhorálacha ábhartha an Phrótacail seo;

(c)

má fhionnann an tAontas gur sáraíodh eilimintí fíor-riachtanacha agus bunúsacha maidir le cearta an duine mar a leagtar amach in Airteagal 8 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (2) (‘Comhaontú Shamó’) agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 7 go 10 agus 101 de; sa chás sin, cuirfear gníomhaíochtaí iascaireachta uile na soithí de chuid an Aontais ar fionraí;

(d)

i gcás ina ngníomhachtófar na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 101(6) agus (7) de Chomhaontú Shamó i gcás sárú ar na heilimintí fíor-riachtanacha nó i gcásanna tromchúiseacha éillithe mar a shainmhínítear sa Chomhaontú sin;

(e)

i gcás ina dtarlaíonn díospóid mhór gan réiteach idir na Páirtithe maidir le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an Phrótacail seo.

Airteagal 15

Athbhreithniú meántéarma

Féadfaidh na Páirtithe a chinneadh athbhreithniú meántéarma a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht an Phrótacail seo.

Airteagal 16

Fionraí

Féadfar an Prótacal seo a chur ar fionraí ar thionscnamh ceachtar den dá Pháirtí faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16 den Chomhaontú.

Airteagal 17

Foirceannadh

Féadfar an Prótacal seo a fhoirceannadh ar thionscnamh ceachtar den dá Pháirtí faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17 den Chomhaontú.

Airteagal 18

Oibleagáidí ar dhul in éag, ar fhionraí nó ar fhoirceannadh an Phrótacail seo

1.   Tar éis don Phrótacal seo dul in éag nó tar éis é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 17 den Phrótacal seo faoi seach, leanfaidh an tAontas agus úinéirí soithí de chuid an Aontais de bheith faoi dhliteanas i leith aon sárú ar fhorálacha an Chomhaontaithe nó an Phrótacail seo nó ar aon dlí de chuid na Séiséal a tharla roimh dhul in éag, fionraí nó foirceannadh an Phrótacail seo, nó i leith aon táille údaraithe iascaireachta nó aon dleacht amuigh tráth an dul in éag, na fionraí nó an fhoirceanta sin.

2.   Leanfaidh na Páirtithe den tacaíocht earnála a sholáthraítear faoi phointe (b) d’Airteagal 4(1) agus Airteagal 5 den Phrótacal seo a chur chun feidhme, go háirithe faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an bhforghníomhú airgeadais agus teicniúil, agus gníomhaíochtaí cumarsáide.

Airteagal 19

Cur i bhfeidhm sealadach

Beidh feidhm shealadach ag an bPrótacal seo ón dáta a shíneoidh na Páirtithe é.

Airteagal 20

Fad ama

Beidh feidhm ag an bPrótacal seo ar feadh tréimhse 4 bliana ó dháta a chur i bhfeidhm shealadaigh, mura dtabharfar fógra foirceanta faoi Airteagal 17 den Phrótacal seo.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun go nglacfar é curtha i gcrích acu.

Airteagal 22

Téacsanna barántúla

Tarraingeofar an Prótacal suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

Image 1

Image 2


(1)   IO AE L 60, 28.2.2020, p. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2020/272/oj.

(2)   IO AE L, 2023/2862, 28.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2862/oj.


IARSCRÍBHINN

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE SAOTHRÚ GNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA ARNA nDÉANAMH AG NA SOITHÍ DE CHUID AN AONTAIS I LIMISTÉAR IASCAIREACHTA NA SÉISÉAL

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

ROINN 1

ÚDARÁS INNIÚIL

Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus na bhFoscríbhinní a ghabhann leis seo, agus mura sonraítear a mhalairt, ciallóidh aon tagairt d’údarás inniúil:

(a)

i gcás an Aontais: an Coimisiún Eorpach, i gcás inarb infheidhme trí Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig Poblacht Oileán Mhuirís agus chuig Poblacht na Séiséal (Toscaireacht an Aontais);

(b)

i gcás na Séiséal: an Aireacht atá freagrach as iascach, agus i gcás inarb infheidhme, Údarás Iascaigh na Séiséal.

SAINMHÍNITHE

Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus na bhFoscríbhinní a ghabhann léi, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘údarú iascaireachta’ teidlíocht bhailí de réir reachtaíocht na Séiséal chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhréir le téarmaí an údaraithe iascaireachta sin a sholáthraítear faoin bPrótacal seo.

(2)

ciallaíonn ‘seachghabháil’ gabháil neamhbheartaithe speiceas seachas tuinnín agus speicis atá cosúil le tuinnín.

ROINN 2

ÚDARUITHE IASCAIREACHTA A CHUR I bhFEIDHM AGUS A EISIÚINT

Réamhriachtanais chun údarú iascaireachta a fháil

1.

Ní fhéadfaidh ach soithí incháilithe de chuid an Aontais údarú iascaireachta a fháil chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Séiséal.

2.

Chun go mbeidh soitheach de chuid an Aontais incháilithe, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl toirmeasc ar an úinéir, ar an máistir ná ar an soitheach féin iascaireacht a dhéanamh sna Séiséil;

(b)

comhlíonann an t-úinéir, an máistir agus an soitheach féin dlíthe na Séiséal agus tá na réamhoibleagáidí uile a eascraíonn as a ngníomhaíochtaí iascaireachta sna Séiséil faoin bPrótacal seo comhlíonta acu;

(c)

eisítear na húdaruithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chomhaontú ar choinníoll go ndéantar an soitheach de chuid an Aontais lena mbaineann a iontráil i gclár an Aontais de shoithí iascaireachta agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(d)

áirítear an soitheach de chuid an Aontais lena mbaineann ar chlár soithí údaraithe IOTC agus ní áirítear é ar liosta NNN IOTC ná ar liosta NNN aon Eagraíocht Réigiúnach Bainistithe Iascaigh eile.

Iarratas ar údarú iascaireachta

3.

Déanfaidh gníomhaire a bhfuil cónaí air sna Séiséil ionadaíocht ar gach soitheach de chuid an Aontais a dhéanann iarratas ar údarú iascaireachta. Luafar ainm agus seoladh an ghníomhaire sin san iarratas.

4.

Déanfaidh an tAontas iarratas ar údarú iascaireachta le haghaidh gach soithigh de chuid an Aontais ar mian leis iascaireacht a dhéanamh faoin bPrótacal seo a chur faoi bhráid údaráis inniúla na Séiséal 21 lá féilire ar a laghad roimh an dáta a mheastar a chuirfear tús leis na gníomhaíochtaí iascaireachta.

5.

Beidh údaruithe iascaireachta bailí ar feadh tréimhse 12 mhí. Íocfaidh úinéirí soithí de chuid an Aontais na réamhtháillí iomlána atá dlite le haghaidh thréimhse bhailíochta an údaraithe iascaireachta.

6.

Sainítear dáta tosaigh na tréimhse dá dtagraítear i mír 5 den Roinn seo de réir dháta tosaithe cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo agus eiseofar an t-údarú iascaireachta faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha iarratais a leagtar amach i mír 7 den Roinn seo. Tiocfaidh deireadh leis na húdaruithe iascaireachta uile ina dhiaidh sin ar dháta comórtha an Phrótacail seo.

7.

Is ar an bhfoirm a tharraingítear suas i gcomhréir le Foscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a chuirfear gach iarratas ar údarú iascaireachta faoi bhráid údaráis inniúla na Séiséal agus beidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil leo:

(a)

cruthúnas gur íocadh an réamhtháille le haghaidh thréimhse bhailíochta an údaraithe iascaireachta;

(b)

grianghraf digiteach daite den soitheach den chuid an Aontais a tógadh le déanaí, ar grianghraf é ina bhfuil taifeach leordhóthanach lena dtaispeántar radharc cliathánach mionsonraithe den soitheach, lena n-áirítear ainm agus uimhir aitheantais IOTC an tsoithigh atá le feiceáil ar an gcabhail;

(c)

cóip de dheimhniú árachais an tsoithigh de chuid an Aontais;

(d)

cóip de dheimhniú muiracmhainneachta an tsoithigh de chuid an Aontais.

8.

Íocfar na réamhtháillí isteach i gcuntas poiblí de chuid na Séiséal a sholáthróidh údaráis inniúla na Séiséal. Is é an soláthraí a íocfaidh na costais aistrithe bainc ghaolmhara.

Údarú iascaireachta a eisiúint

9.

Eiseofar na húdaruithe iascaireachta chuig gníomhaire na soithí de chuid an Aontais laistigh de 15 lá féilire tar éis d’údaráis inniúla na Séiséal na doiciméid uile dá dtagraítear i mír 7 den Roinn seo a fháil. Déanfaidh soitheach údaraithe de chuid an Aontais an t-údarú iascaireachta bunaidh a choimeád ar bord. Mar sin féin, measfar cóip leictreonach den údarú iascaireachta a bheith coibhéiseach leis an mbunchóip ar feadh uastréimhse 60 lá féilire tar éis dháta eisiúna an údaraithe iascaireachta.

10.

Cuirfidh údaráis inniúla na Séiséal in iúl gur glacadh leis an iarratas ar an údarú iascaireachta agus uaslódálfaidh siad cóip leictreonach den bhunchóip shínithe i gcóras LICENCE, is é sin córas TF an Aontais le haghaidh údaruithe iascaireachta.

Mífheidhmiú chóras LICENCE

11.

I gcás ina dtiocfaidh deacrachtaí chun cinn maidir le faisnéis a tharchur idir an Coimisiún Eorpach agus údaráis inniúla na Séiséal trí chóras LICENCE, déanfar údaruithe iascaireachta a mhalartú go leictreonach trí ríomhphost go dtí go mbeidh an córas ag feidhmiú arís.

12.

A luaithe a bheidh an córas athbhunaithe, déanfaidh gach Páirtí an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta i gcóras LICENCE.

Údarú iascaireachta a aistriú

13.

Eiseofar údarú iascaireachta le haghaidh soitheach sonrach de chuid an Aontais agus ní bheidh sé inaistrithe, ach amháin i gcás force majeure.

14.

I gcás ina gcruthófar force majeure, arna iarraidh sin don Aontas, féadfar údarú iascaireachta soithigh de chuid an Aontais a aistriú ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha dá bhailíocht chuig soitheach incháilithe eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe comhchosúla aici, gan aon táille bhreise a bheith dlite.

15.

Cuirfidh úinéir an chéad soithigh, nó gníomhaire úinéir an tsoithigh sin, an t-údarú iascaireachta a cealaíodh ar ais chuig údaráis inniúla na Séiséal. Cuirfidh údaráis inniúla na Séiséal an tAontas ar an eolas gan mhoill faoin údarú iascaireachta a cealaíodh.

16.

Gabhfaidh éifeacht leis an údarú iascaireachta nua an lá a chuirfidh an t-oibreoir an t-údarú iascaireachta a cealaíodh ar ais chuig údaráis inniúla na Séiséal. Tabharfaidh na Páirtithe an liosta soithí údaraithe de chuid an Aontais agus an fhaisnéis ábhartha cothrom le dáta i gcóras LICENCE.

17.

Agus leibhéal na ngabhálacha á ríomh chun aon íocaíocht bhreise a chinneadh, cuirfear san áireamh suim ghabhálacha iomlána an dá shoitheach de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 14 den Roinn seo.

Teagmhálaithe

18.

Soláthraítear mionsonraí teagmhála ábhartha uile na bPáirtithe i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. Cuirfear aon mhodhnú ar na mionsonraí sin in iúl don Pháirtí eile trí mhalartú litreacha.

ROINN 3

SOITHÍ TACAÍOCHTA

1.

Údaróidh údaráis inniúla na Séiséal soithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu cúnamh a fháil ó shoithí tacaíochta údaraithe de chuid an Aontais. Beidh na soithí tacaíochta de chuid an Aontais faoi bhratach Ballstáit den Aontas agus ní bheidh siad feistithe chun éisc a ghabháil ná ní úsáidfear iad le haghaidh trasloingsithe gabhálacha.

2.

An líon soithí tacaíochta de chuid an Aontais a bheidh údaraithe in aghaidh an lín soithí peas-saighne údaraithe de chuid an Aontais a bheidh oibríochtúil, beidh sé i gcomhréir le rúin ábhartha IOTC. Ina theannta sin, le ceanglais tuairiscithe comhlíonfar oibleagáidí ábhartha IOTC agus forálacha reachtacha náisiúnta ábhartha eile.

3.

Beidh soithí tacaíochta atá faoi bhratach Ballstáit den Aontas faoi réir na nósanna imeachta céanna lena rialaítear iarratais ar údarú iascaireachta a fháil agus a tharchur mar a thuairiscítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, a mhéid is infheidhme maidir leo.

ROINN 4

TÁILLÍ ÚDARAITHE IASCAIREACHTA AGUS RÉAMHÍOCAÍOCHTAÍ

1.

Is é EUR 90 an táille in aghaidh an tonna tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinníní a ghabhfar i limistéar iascaireachta na Séiséal a bheidh le híoc ag úinéirí soithí de chuid an Aontais.

2.

Is é seo a leanas an táille bhliantúil réamhíocaíochta a bheidh le híoc ag na longúinéirí tráth a chuirtear iarratas ar údarú iascaireachta isteach, údarú a bheidh le heisiúint ag údaráis na Séiséal:

(a)

soithí peas-saighne tuinníní de chuid an Aontais: is é EUR 72 000 a bheidh sa réamhíocaíocht, atá coibhéiseach le EUR 90 in aghaidh an tonna le haghaidh 800 tonna de thuinníní agus de speicis atá cosúil le tuinníní a ghabhtar laistigh de limistéar iascaireachta na Séiséal;

(b)

báid spiléireachta dromchla de chuid an Aontais: is é EUR 8 100 a bheidh sa réamhíocaíocht, atá coibhéiseach le EUR 90 in aghaidh an tonna le haghaidh 90 tonna de thuinníní agus de speicis atá cosúil le tuinníní a ghabhtar laistigh de limistéar iascaireachta na Séiséal;

(c)

soithí tacaíochta de chuid an Aontais: is é EUR 6 000 in aghaidh an tsoithigh an táille údaraithe bhliantúil is infheidhme maidir le soithí tacaíochta de chuid an Aontais.

ROINN 5

RÁITEAS BLIANTÚIL MAIDIR LE TÁILLÍ

1.

Tarraingeoidh údaráis inniúla na Séiséal suas ráiteas maidir le táillí atá dlite i leith na ngabhálacha a rinneadh an bhliain féilire roimhe sin ar bhonn dearbhuithe gabhála arna gcur isteach ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais, dá bhforáiltear i gCaibidil III den Iarscríbhinn seo. Chun an ráiteas maidir le táillí a tharraingt suas, úsáidfidh údaráis inniúla na Séiséal na hadmhálacha díolacháin, sonraí CTTL agus CFS, logleabhar comhlánaithe don turas iascaireachta ar fad, agus taifid ar thabhairt i dtír agus ar thrasloingsiú na dturas iascaireachta uile a rinneadh le linn na tréimhse údaraithe. Déanfar sonraí gabhála i limistéar iascaireachta na Séiséal a chur i láthair in aghaidh an tsoithigh, in aghaidh na míosa gabhála agus in aghaidh an speicis, agus is i dtonnaí (trí dheachúil) de choibhéis bheomheáchain a shloinnfear na meáchain. Déanfar fachtóirí coinbhéartachta a úsáidfear, más ann dóibh, a shonrú sa ráiteas maidir le táillí.

2.

Roimh dheireadh gach ráithe, soláthróidh an tAontas sonraí comhiomlánaithe d’údaráis inniúla na Séiséal le haghaidh na ráithí roimhe sin den bhliain reatha, lena léireofar cainníochtaí na ngabhálacha in aghaidh an tsoithigh, in aghaidh na míosa gabhála agus in aghaidh an speicis, a bhainfear as bunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh. Measfar na sonraí sin a bheith sealadach.

3.

Bunófar an ráiteas maidir le táillí trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Roinn seo. Seolfar an ráiteas maidir le táillí chuig an Aontas roimh an 30 Aibreán den bhliain dár gcionn. Tarchuirfidh an tAontas gan mhoill é chuig údaráis náisiúnta a Bhallstát lena mbaineann agus déanfaidh úinéirí na soithí de chuid an Aontais na híocaíochtaí ina dhiaidh sin laistigh de 45 lá.

4.

Déanfaidh an tAontas an ráiteas maidir le táillí a réiteach ar bhonn na faisnéise atá sa Tuairisciú Iarrachta agus Gabhálacha.

5.

I gcás ina mbeidh neamhréireachtaí idir tacair sonraí a chuireann na Séiséil agus an tAontas i láthair, beidh 30 lá ag an Aontas chun na sonraí a fuarthas a chonspóid agus, ar bhonn sonraí a sholáthraíonn Ballstáit an Aontais, ráiteas malartach ar na gabhálacha a chur isteach. Le conspóid den sórt sin, sainaithneofar go soiléir na sonraí sonracha atá á gconspóid agus beidh doiciméid tacaíochta amhail sonraí logleabhair, tuarascálacha iniúchta agus sonraí eolaíocha ag gabháil léi.

6.

Féachfaidh na Páirtithe leis an easaontas dá dtagraítear i mír 5 den Roinn seo a réiteach trí chomhairliúcháin theicniúla trí mhodhanna leictreonacha. Má leanann an t-easaontas ar aghaidh, laistigh den 30, cuirfidh na Páirtithe cruinniú teicniúil ar bun chun an t-ábhar a réiteach.

7.

A luaithe a réiteofar an t-easaontas, bunóidh na Séiséil an ráiteas críochnaitheach maidir le táillí lena léireofar an comhaontú a baineadh amach trí mhalartú modhanna leictreonacha nó mar thoradh ar an gcruinniú teicniúil. Déanfaidh longúinéirí lena mbaineann íocaíochtaí dá réir sin laistigh de 45 lá. Ba cheart do Bhallstáit an Aontais an tAontas a chur ar an eolas nuair a bheidh an íocaíocht déanta agus cóip de chruthúnas íocaíochta a sheoladh chuige.

CAIBIDIL II

BEARTA CAOMHNAITHE AGUS TEICNIÚLA

1.

Leagtar amach bearta caomhnaithe agus teicniúla is infheidhme maidir leis na soithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu le haghaidh limistéar iascaireachta na Séiséal, sa bhileog theicniúil atá i bhFoscríbhinn 3 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

2.

Comhlíonfaidh soithí de chuid an Aontais na rúin uile a ghlac IOTC agus na forálacha faoi reachtaíocht ábhartha na Séiséal mura bhforáiltear a mhalairt leis an gComhaontú agus leis an bPrótacal seo agus i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta.

3.

Déanfaidh na soithí de chuid an Aontais gach gníomhaíocht iascaireachta údaraithe ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar an iascach traidisiúnta áitiúil.

4.

Comhaontaíonn na Páirtithe go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun gabhálacha de thaisme de thurtair mhuirí, mamaigh mhuirí, míolsiorcanna agus speicis eile a dhearbhaítear a bheith cosanta, faoi bhagairt nó i mbaol, lena n-áirítear éanlaith mhara agus éisc sceire, a laghdú, agus i gcomhréir le rúin agus moltaí IOTC. Chuige sin, féachfaidh na soithí de chuid an Aontais le bearta teicniúla a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar roghnaíocht na dtrealamh iascaireachta agus chun gabhálacha de thaisme speiceas nach speicis spriocspeicis iad a laghdú.

5.

Chun fostú siorcanna, turtar muirí nó aon speiceas eile nach spriocspeicis iad a laghdú, bainfidh na soithí de chuid an Aontais úsáid as dearthaí agus as ábhair nach dtéann i bhfostú chun feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) a thógáil. Ina theannta sin, chun tionchar FADanna ar an éiceachóras agus an méid smionagar muirí sintéiseach a laghdú, bainfidh na soithí de chuid an Aontais úsáid as ábhair nádúrtha nó in-bhithdhíghrádaithe le haghaidh FADanna agus gheobhaidh siad ar ais iad in uiscí na Séiséal nuair a thiocfaidh dóibh a bheith ina FADanna neamhoibríochtúla i gcomhréir le reachtaíocht na Séiséal.

6.

Chun bainistiú comhshaoil agus breathnóireacht a dhéanamh ar éiceachórais mhuirí in uiscí na Séiséal, déanfaidh gach soitheach peas-saighne de chuid an Aontais ranníocaíocht le ciste comhshaoil na Séiséal ar bhonn bliantúil ar mhéid EUR 2,5 in aghaidh an OT. Íocfar an ranníocaíocht sin in éineacht leis an táille réamhíocaíochta agus leis an gcuntas céanna. Tuairisceoidh údaráis na Séiséal tríd an gComhchoiste maidir le húsáid na ranníocaíochta sin.

CAIBIDIL III

TAIFEADADH AGUS TUAIRISCIÚ GABHÁLACHA

ROINN 1

TAIFEADADH GABHÁLACHA

Taifeadadh gabhálacha sa logleabhar iascaireachta agus tarchur sonraí gabhála ag CTTL

1.

Coimeádfaidh máistir an tsoithigh de chuid an Aontais logleabhar iascaireachta i gcomhréir le rúin ábhartha IOTC. Is é an máistir atá freagrach as cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.

2.

Beidh soithí uile an Aontais feistithe le CTTL lenar féidir sonraí a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh a thaifeadadh agus a tharchur (‘sonraí CTTL’).

3.

Ní údarófar soitheach de chuid an Aontais nach bhfuil feistithe le CTTL dul isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta. I gcás ina mbeidh an soitheach de chuid an Aontais feistithe le CTTL, ach nach mbeidh an CTTL oibríochtúil sula rachaidh sí isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal, cuirfidh an soitheach de chuid an Aontais an nós imeachta i bhfeidhm láithreach maidir le CTTL mífheidhmiúil a leagtar amach i Roinn 3, mír 7, d’Fhoscríbhinn 4 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo ar theacht isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal di.

4.

Leagtar amach na ceanglais theicniúla maidir le tarchur CTTL i bhFoscríbhinn 4 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

5.

Déanfar sonraí CTTL a tharchur trí úsáid a bhaint as na modhanna leictreonacha cumarsáide a bhainistíonn an Coimisiún Eorpach chun sonraí iascaigh a mhalartú i bhfoirm chaighdeánaithe mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 4 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

6.

Mura gcomhlíontar an Chaibidil seo, forchoimeádann údaráis inniúla na Séiséal an ceart chun údarú iascaireachta an tsoithigh chiontaigh de chuid an Aontais a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an soitheach i gcomhréir. Cuirfear an tAontas Eorpach agus Ballstát brataí an Aontais ar an eolas faoi sin.

ROINN 2

TUAIRISCIÚ RÁITHIÚIL AR SHONRAÍ GABHÁLA

1.

Roimh dheireadh gach ráithe, soláthróidh an tAontas sonraí gabhála comhiomlánaithe d’údaráis inniúla na Séiséal le haghaidh na ráithí roimhe sin den bhliain reatha.

2.

Déanfar na sonraí gabhála a bhainfear as bunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh a chur i láthair in aghaidh an tsoithigh de chuid an Aontais, in aghaidh na míosa gabhála, agus iad miondealaithe de réir speicis a shainaithneofar lena gcód 3-alfa FAO.

3.

Measfar na sonraí gabhála comhiomlánaithe ó na logleabhair iascaireachta dá dtagraítear sa Roinn seo a bheith sealadach go dtí go gcuirfidh údaráis an Aontais ráiteas bliantúil críochnaitheach gabhálacha isteach. Úsáidfidh na Séiséil na sonraí gabhála sin agus tuairisceoidh siad aon neamhréireacht leis na sonraí gabhála a fhaigheann CTTL i gcomhréir le Roinn 1 den Chaibidil seo.

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN, RIALÚ AGUS FAIREACHAS

ROINN 1

CUMARSÁID AR THEACHT ISTEACH I LIMISTÉAR IASCAIREACHTA NA SÉISÉAL AGUS AR IMEACHT AS

1.

Déanfar fad turais a dhéanann soitheach de chuid an Aontais a shainiú mar cheann amháin díobh seo a leanas:

(a)

an tréimhse a chaitear idir dul isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal agus imeacht as;

(b)

an tréimhse a chaitear idir dul isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal agus trasloingsiú; nó

(c)

an tréimhse a chaitear idir dul isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal agus tabhairt i dtír sna Séiséil.

2.

Tabharfaidh na soithí de chuid an Aontais fógra d’údaráis inniúla na Séiséal 6 uair an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil sé beartaithe acu dul isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal nó imeacht as.

3.

Le linn dóibh fógra a thabhairt faoi dhul isteach nó imeacht, cuirfidh soithí de chuid an Aontais in iúl freisin a suíomh (domhanleithead agus domhanfhad) tráth na cumarsáide agus tonnáiste na ngabhálacha de réir speicis a choimeádtar ar bord, a shainaithneofar lena gcód 3-alfa FAO.

4.

Déanfaidh soithí uile an Aontais, ar choinníoll gur oibrigh siad i limistéar iascaireachta na Séiséal le linn turas iascaireachta iomlán, a bhfuil sé beartaithe acu gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú in aon chalafort, liosta criú de na comhaltaí, lena n-áirítear ainm, náisiúntacht agus post ar bord, a sholáthar d’údaráis inniúla na Séiséal 48 n-uair an chloig ar a laghad roimh theacht chun calafoirt.

ROINN 2

GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR AGUS A THRASLOINGSIÚ

1.

Is é Calafort Victoria an calafort ainmnithe chun gabhálacha a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú sna Séiséil. Tá toirmeasc ar thrasloingsiú ar muir in uiscí na Séiséal.

2.

Déanfaidh na soithí uile de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe acu gabhálacha a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú i gcalafort ainmnithe na Séiséal, fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na Séiséal faoin bhfaisnéis seo a leanas, 48 n-uair an chloig ar a laghad roimh ré, i gcomhréir le Rúin ábhartha IOTC:

(a)

an réamhfhógra faoi dhul isteach i gcalafort;

(b)

an réamhfhógra faoi thrasloingsiú;

(c)

an dearbhú trasloingsithe.

3.

Measfar gur imeacht as limistéar iascaireachta na Séiséal iad an trasloingsiú agus an tabhairt i dtír. Dá bhrí sin, cuirfidh soithí de chuid an Aontais a ndearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír faoi bhráid údaráis inniúla na Séiséal, laistigh de na teorainneacha ama céanna agus san fhormáid chéanna leis na teorainneacha ama a shonraítear chun iad a sheoladh chuig Stát brataí an Aontais.

4.

Soláthróidh soithí uile an Aontais admháil díolacháin ábhartha d’údaráis inniúla na Séiséal laistigh de 30 lá tar éis thabhairt i gcrích an díolacháin. Beidh faisnéis a bhaineann le cainníocht de réir speicis agus catagóirí méide sna hadmhálacha díolacháin atá le soláthar.

5.

Spreagfaidh na Páirtithe comhar eacnamaíoch sa tionscal iascaireachta agus próiseála chun cur le hinfheistíochtaí, luachshocrú acmhainní, cruthú post agus cothromaíocht cheart idir soláthar agus éileamh. Go háirithe, áiritheoidh oibreoirí go mbeidh deiseanna réasúnta ann do thionscal próiseála na Séiséal soláthar leordhóthanach tuinníní a bheith aige, lena n-áirítear an tseachghabháil ó shoithí de chuid an Aontais. Déileálfaidh údaráis ábhartha na Séiséal leis na doiciméid riaracháin ghaolmhara is gá le haghaidh trádáil idirnáisiúnta éisc a thabharfaidh soithí de chuid an Aontais i dtír sna Séiséil laistigh de thréimhse réasúnta trí rialuithe agus fíoruithe leormhaithe a áirithiú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

ROINN 3

RIALÚ AGUS INIÚCHADH

Iniúchadh ar muir agus sa chalafort

1.

Maidir le hiniúchtaí ar muir, i gcalafort nó amach as calafort i limistéar iascaireachta na Séiséal ar shoithí údaraithe de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu, is cigirí ó na Séiséil a dhéanfaidh iad, ar cigirí iad a shainaithnítear go soiléir mar chigirí atá údaraithe chun iniúchtaí iascaireachta a dhéanamh.

2.

Sula rachaidh siad ar bord, cuirfidh na hoifigigh údaraithe ó na Séiséil a gcinneadh chun iniúchadh a dhéanamh in iúl don soitheach de chuid an Aontais. Líon réasúnta oifigeach údaraithe a dhéanfaidh an t-iniúchadh, agus ní mór dóibh cruthúnas aitheantais agus cruthúnas ar a bpost oifigiúil mar oifigigh údaraithe a sholáthar sula ndéanfaidh siad an t-iniúchadh.

3.

Ní fhanfaidh na hoifigigh údaraithe ó na Séiséil ar bord an tsoithigh de chuid an Aontais ach ar feadh an ama is gá chun cúraimí a bhaineann leis an iniúchadh a dhéanamh. Déanfaidh siad an t-iniúchadh ar bhealach a n-íoslaghdóidh an tionchar ar an soitheach, ar a gníomhaíochtaí iascaireachta agus ar a lasta.

4.

Íomhánna (grianghraif nó físeáin) a ghlacfar le linn iniúchtaí, beidh siad beartaithe do na húdaráis atá freagrach as rialú agus faireachán iascaigh. Ní dhéanfar iad a phoibliú mura bhforáiltear a mhalairt le reachtaíocht náisiúnta na Séiséal.

5.

Ceadóidh máistir an tsoithigh de chuid an Aontais do na cigirí ó na Séiséil a theacht ar bord agus a gcuid oibre a dhéanamh.

6.

Ag deireadh gach iniúchta, déanfaidh an t-oifigeach údaraithe ó na Séiséil tuarascáil iniúchta a tharraingt suas. Beidh an ceart ag máistir an tsoithigh de chuid an Aontais a chuid barúlacha a chur leis an tuarascáil iniúchta sin. Déanfaidh an t-oifigeach údaraithe a tharraingeoidh suas an tuarascáil agus máistir an tsoithigh de chuid an Aontais an tuarascáil iniúchta a shíniú.

7.

Beidh síniú an mháistir ar an tuarascáil iniúchta gan dochar do chearta na cosanta a bheidh ag úinéir shoitheach an Aontais le linn aon nós imeachta um shárú. Comhoibreoidh an máistir ar shoitheach an Aontais le linn don nós imeachta iniúchta a bheith ar siúl. Má dhiúltaíonn máistir an tsoithigh de chuid an Aontais an doiciméad a shíniú, sonróidh máistir an tsoithigh de chuid an Aontais i scríbhinn na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh, agus scríobhfaidh an cigire ‘Diúltaíodh é a shíniú’ air. Tabharfaidh an t-oifigeach údaraithe ó na Séiséil cóip den tuarascáil iniúchta do mháistir an tsoithigh de chuid an Aontais sula bhfágfaidh sé an soitheach. Cuirfidh údaráis na Séiséal údaráis an Aontais ar an eolas faoi iniúchtaí a dhéantar laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh a bheith curtha i gcrích agus faoi aon sárú a aimsítear agus seolfaidh siad an tuarascáil iniúchta a luaithe is féidir. Más infheidhme, seolfar cóip den sárú a bheidh mar thoradh air sin chuig an Aontas laistigh de 7 lá ar a mhéid tar éis don oifigeach údaraithe filleadh ar an gcalafort.

8.

Féadfaidh údaráis inniúla na Séiséal údarú a thabhairt d’údaráis an Aontais páirt a ghlacadh in iniúchadh mar bhreathnóir.

9.

Ar bhonn measúnú riosca, féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go ndéanfaidh siad iniúchtaí comhpháirteacha ar shoithí de chuid an Aontais, go háirithe le linn oibríochtaí tabhairt i dtír agus trasloingsithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht na Séiséal araon. Agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu, cloífidh na cigirí a imscarfaidh na Páirtithe leis na forálacha maidir le hiniúchtaí a dhéanamh a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus na Séiséal faoi seach. Féadfaidh na Páirtithe, i gcomhthéacs a gcuid freagrachtaí mar Stáit bhrataí agus mar Stáit chósta, cinneadh a dhéanamh a bheith ag oibriú i gcomhar ar ghníomhartha leantacha, de bhun a gcuid reachtaíochta ábhartha. Ina theannta sin, féadfaidh údaráis inniúla na Séiséal a údarú do chigirí iascaigh ó Bhallstáit an Aontais iniúchtaí a dhéanamh ar shoithí de chuid an Aontais atá faoina mbratach laistigh de theorainneacha a n-inniúlachta faoina ndlí náisiúnta, arna iarraidh sin don Aontas.

10.

I gcás nach gcomhlíontar na forálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, forchoimeádann údaráis inniúla na Séiséal an ceart chun údarú iascaireachta an tsoithigh chiontaigh de chuid an Aontais a chur ar fionraí go dtí go mbeidh foirmiúlachtaí curtha i gcrích agus chun an pionós a leagtar síos i reachtaíocht na Séiséal a chur i bhfeidhm. Cuirfear Ballstát brataí an Aontais agus an tAontas ar an eolas faoi sin.

Faireachán rannpháirteach sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN

11.

Chun an comhrac in aghaidh iascaireacht NNN a neartú, déanfaidh máistrí soithí de chuid an Aontais aon soitheach a bheidh i limistéar iascaireachta na Séiséal atá i mbun gníomhaíochtaí amhrasta a d’fhéadfadh a bheith ina n-iascaireacht NNN a thuairisciú, agus soláthróidh siad a mhéid faisnéise agus is féidir faoin méid a chonacthas. Seolfar tuarascálacha amhairc gan mhoill chuig údaráis inniúla na Séiséal agus chuig údarás inniúil Bhallstát brataí an tsoithigh amhairc den Aontas, a tharchuirfidh láithreach iad chuig an Aontas nó chuig an gcomhlacht a ainmníonn sé.

12.

Seolfaidh na Séiséil chuig an Aontas aon tuarascáil amhairc a bheidh acu ar shoithí de chuid an Aontais atá i mbun gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-iascaireacht NNN i limistéar iascaireachta na Séiséal.

ROINN 4

CÓRAS UM FHAIREACHÁN SOITHÍ (CFS)

Sonraí suímh an tsoithigh

1.

Soitheach de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta aici faoin bPrótacal seo, beidh gaireas rianaithe lánfheidhmiúil ar bord aici lenar féidir an soitheach sin a aimsiú agus a shainaithint go huathoibríoch le CFS a tharchuireann sonraí suímh an tsoithigh go tráthrialta chuig Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) a Stáit brataí.

2.

Malartóidh pointí teagmhála LFI an Stáit brataí agus LFI na Séiséal an fhaisnéis ábhartha uile maidir le trealamh na soithí de chuid an Aontais, na prótacail tarchuir agus aon fheidhm eile is gá chun faireachán satailíte a dhéanamh.

3.

Áiritheoidh LFI an Stáit brataí go ndéanfar suíomhanna soithí de chuid an Aontais ag gach eatramh 60 nóiméad a tharchur chuig LFI na Séiséal le haghaidh aon tréimhse a bhfuil na soithí de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta na Séiséal lena linn.

4.

Beidh toirmeasc ar an ngaireas rianaithe leanúnaigh a bhaineann úsáid as an gcumarsáid satailíte a cuireadh ar bord an tsoithigh chun sonraí a tharchur a bhogadh, a dhícheangal, a scriosadh, a dhamáistiú nó a chur ó mhaith, nó sonraí a astaítear nó a thaifeadtar leis an gcóras sin a athrú d’aon ghnó, a atreorú nó a bhrionnú.

5.

Measfar gurb é máistir an tsoithigh de chuid an Aontais atá freagrach má fhaightear amach go ndearnadh crioscaíl le gaireas rianaithe an tsoithigh chun cur isteach ar a oibriú nó chun a theachtaireachtaí suímh a fhalsú. Beidh aon sárú faoi réir na bpionós dá bhforáiltear leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm sna Séiséil.

Mainneachtain theicniúil nó teip a dhéanann difear do threalamh faireacháin ar bord soithigh de chuid an Aontais:

6.

Ní rachaidh soitheach de chuid an Aontais a bhfuil gaireas rianaithe lochtach aige isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta.

7.

I gcás teip theicniúil nó cumarsáide nó neamhfheidhmiú an ghairis rianaithe soithigh ar shoitheach de chuid an Aontais le linn di a bheith i limistéar iascaireachta na Séiséal, déanfar an trealamh lochtach a dheisiú nó a athsholáthar laistigh de 25 lá tar éis don Stát brataí fógra faoin teip a thabhairt do LFI na Séiséal. Tar éis na tréimhse sin, fillfidh na soithí de chuid an Aontais lena mbaineann ar chalafort a ainmneoidh údaráis inniúla na Séiséal nó fágfaidh siad limistéar iascaireachta na Séiséal. Ar theacht chuig an gcalafort ainmnithe dóibh, déanfar an t-ábhar lochtach a dheisiú nó a athsholáthar ar na soithí de chuid an Aontais lena mbaineann.

8.

Déanfaidh máistir an tsoithigh de chuid an Aontais atá ag iascaireacht i limistéar iascaireachta na Séiséal, ón tráth a bhraitear an teagmhas nó ón tráth a chuirtear ar an eolas é faoi fhógra earráide faoi CFS, cibé acu is túisce, sonraí suímh reatha an tsoithigh de chuid an Aontais a chur in iúl do LFI an Bhallstáit brataí den Aontas uair amháin gach 4 uair an chloig ar a laghad.

Athbhreithniú a dhéanamh ar mhinicíocht na dteachtaireachtaí suímh

9.

Féadfaidh LFI na Séiséal a iarraidh ar LFI an Stáit brataí an t-eatramh idir seoladh teachtaireachtaí suímh soithigh de chuid an Aontais a laghdú go 30 nóiméad ar feadh tréimhse imscrúdaithe shocraithe, agus an tAontas á chóipeáil agus faisnéis ábhartha á cur i gceangal lena léirítear sárú toimhdithe. Déanfaidh LFI an Stáit brataí na teachtaireachtaí suímh soithigh de chuid an Aontais a sheoladh, gan mhoill, ag an eatramh tuairiscithe nua. Ag deireadh na tréimhse imscrúdaithe socraithe, cuirfidh LFI na Séiséal LFI an Stáit brataí agus an tAontas ar an eolas faoi thoradh a chuid imscrúduithe agus faoi aon obair leantach is gá.

Cumarsáid shlán teachtaireachtaí suímh leis na Séiséil:

10.

Leagtar amach na socruithe maidir le cumarsáid shlán i bhFoscríbhinn 4 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

11.

Déanfaidh na Séiséil sonraí maidir le gach gníomhaíocht soithigh de chuid an Aontais a phróiseáil ar bhealach rúnda agus slán.

Sonraí CFS a chosaint:

12.

Na sonraí faireacháin uile a chuireann Páirtí amháin in iúl don Pháirtí eile i gcomhréir leis na forálacha den Roinn seo, úsáidfear iad go heisiach chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

faireachán, rialú agus faireachas arna ndéanamh ag údaráis inniúla na Séiséal ar na soithí de chuid an Aontais faoin bPrótacal seo; agus

(b)

staidéir thaighde a dhéanann na Séiséil i gcomhthéacs bainistiú agus forbairt iascaigh.

Ní nochtfar sonraí den sórt sin do thríú páirtithe, mura gceanglaítear le dlí ar cheann de na Páirtithe é sin a dhéanamh nó mura mbíonn toiliú i scríbhinn roimh ré ón Aontas.

ROINN 5

CÓRAS FAIREACHÁIN LEICTREONACH / CIANCHÓRAS LEICTREONACH

Pléifidh an Comhchoiste an fhorbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chóras faireacháin leictreonach nó ar chianfhaireachán leictreonach ar bord soithí de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht faoin bPrótacal seo.

CAIBIDIL V

BORDÁIL IASCAIRÍ SÉISÉALACHA

An líon iascairí is gá a thabhairt ar bord

1.

Le linn a turais i limistéar iascaireachta na Séiséal, déanfaidh gach soitheach peas-saighne de chuid an Aontais beirt iascairí cáilithe as na Séiséil ar a laghad a bhordáil a ainmneoidh úinéir an tsoithigh de chuid an Aontais nó a ghníomhaire, ó na hainmneacha ar liosta atá le coinneáil ar bun agus le cur isteach ag údaráis inniúla na Séiséal.

2.

Comhlíonfaidh na hiascairí atá le tabhairt ar bord soithí de chuid an Aontais na ceanglais a leagtar amach i bhFoscríbhinn 5 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

3.

Déanfaidh údaráis inniúla na Séiséal an liosta iascairí cáilithe a ainmneoidh údaráis inniúla na Séiséal a sholáthar d’úinéirí na soithí de chuid an Aontais nó dá ngníomhairí agus don Choimisiún Eorpach ar bhonn míosúil.

4.

Scaoilfear úinéir an tsoithigh de chuid an Aontais ón oibleagáid dá bhforáiltear i mír 1 den Chaibidil seo, sna himthosca seo a leanas:

(a)

ní dhéanann údaráis inniúla na Séiséal foráil maidir leis an liosta dá dtagraítear i mír 3 den Chaibidil seo;

(b)

ní thagann an t-iascaire as na Séiséil a fhostaítear i láthair ar an dáta agus ar an am a comhaontaíodh le haghaidh bordála;

(c)

déanann an soitheach de chuid an Aontais oiliúnaí amháin ar a laghad a bhordáil in aghaidh an turais iascaireachta; d’fhéadfadh gníomhaire an tsoithigh de chuid an Aontais, i gcomhaontú le húinéir an tsoithigh de chuid an Aontais, an t-oiliúnaí incháilithe a ainmniú as na hainmneacha ar an liosta a chuireann údaráis inniúla na Séiséal isteach.

5.

Déanfaidh úinéir an tsoithigh de chuid an Aontais nó a ghníomhaire liosta criú a tharraingt suas, a shíniú agus dáta a chur leis, ar liosta é a chomhlíonfaidh Foirm 5 de Choinbhinsiún IMO maidir le hÉascú Muirthráchta Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún FAL) agus seolfaidh sé cóip chuig údaráis inniúla na Séiséal roimh imeacht le haghaidh turas iascaireachta.

Coinníollacha oibre

6.

Comhlíonfaidh na dálaí faoina dtabharfar iascairí ar bord soithí de chuid an Aontais dlí an Stáit brataí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle (2), lena n-áirítear dlí a mhéid a bhaineann leis na huaireanta oibre nó uaireanta scíthe, na cearta aisdúichithe, agus sláinte agus sábháilteacht cheirde.

Conradh fostaíochta iascaire

7.

I gcás gach iascaire a fhostófar ar bord soithigh de chuid an Aontais de bhun mhír 1 den Chaibidil seo, déanfaidh an t-iascaire agus an fostóir araon conradh fostaíochta i scríbhinn a chaibidliú agus a shíniú. Ní mór an conradh sin, arna shíniú ag an dá pháirtí, a chur faoi bhráid údarás inniúil na Séiséal.

8.

Comhlíonfaidh an conradh fostaíochta dá dtagraítear i mír 7 den Chaibidil seo ceanglais dhlí an Stáit brataí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2017/159.

Luach saothair na n-iascairí

9.

I gcás ina ndéanfar iascairí na Séiséal a bhordáil, is é úinéir an tsoithigh de chuid an Aontais, a ionadaí nó a ghníomhaire a íocfaidh a gcostais saothair go díreach.

10.

Gheobhaidh iascairí na Séiséal luach saothair míosúil nó tráthrialta ráthaithe, a íocfar trí aistriú bainc más féidir, gan beann ar mhéid iarbhír na n-iasc a ghabhtar nó a dhíoltar.

11.

Socrófar an luach saothair dá dtagraítear i mír 10 den Chaibidil seo trí chomhaontú frithpháirteach idir úinéirí na soithí de chuid an Aontais nó a ngníomhairí agus na hiascairí /nó a gceardchumainn nó a n-ionadaithe. I gcás nár tugadh aon chomhaontú cómhargála i gcrích, ní bheidh an pá íosta, sula gcuirfear bónas leis, a dheonófar d’iascairí na Séiséal, ní bheidh sé níos lú, i gcás ar bith, ná na téarmaí a shocraíonn an Fochoiste um Thuarastal Maraithe de Choimisiún Comhpháirteach Muirí EIS.

12.

Ní iompróidh iascairí na Séiséal aon chostas a bhaineann leis na híocaíochtaí a gheofar. Tabharfar modh d’iascairí na Séiséal na híocaíochtaí uile a gheofar, nó cuid díobh, lena n-áirítear airleacain, a tharchur chuig a dteaghlaigh, gan aon chostas.

13.

Gheobhaidh iascairí na Séiséal duillín pá as gach socrú luacha saothair agus, má iarrann siad é, cruthúnas gur íocadh an luach saothair.

Slándáil shóisialta

14.

Áiritheoidh na Séiséil go mbeidh iascairí na Séiséal atá faoi réir an Phrótacail seo agus a gcleithiúnaithe, a mhéid a fhoráiltear i ndlíthe náisiúnta, i dteideal tairbhiú de chosaint slándála sóisialta.

Comhlíonadh na caibidle seo

15.

Áiritheoidh údaráis inniúla an dá Pháirtí go mbeidh an reachtaíocht is infheidhme maidir le hiascairí inrochtana go héasca ar bhealach cuimsitheach, trédhearcach agus saor in aisce.

16.

Áiritheoidh údaráis inniúla na Séiséal agus údaráis an Stáit brataí den Aontas cur chun feidhme cuí na Caibidle seo i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí a bhunaítear sa Chaibidil seo.

17.

Tuairisceoidh iascairí uile na Séiséal atá fostaithe ar bord soithí de chuid an Aontais do mháistir an tsoithigh ainmnithe an lá roimh an dáta bordála agus an t-am bordála a comhaontaíodh dóibh.

18.

I gcás nach sroicheann líon iascairí cáilithe na Séiséal atá ar bord soithí de chuid an Aontais an t-íosleibhéal dá bhforáiltear i mír 1 den Chaibidil seo agus nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 4 den Chaibidil seo, íocfaidh úinéir an tsoithigh de chuid an Aontais cúiteamh ar ráta comhréidh EUR 35 le haghaidh gach iascaire nár bordáladh in aghaidh an lae de ghníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta na Séiséal. Íocfar méid an ráta chomhréidh le húdaráis inniúla na Séiséal laistigh de 90 lá ar a dhéanaí ó dheireadh thréimhse bhailíochta an údaraithe iascaireachta.

CAIBIDIL VI

BREATHNÓIRÍ

Breathnóireacht ar ghníomhaíochtaí iascaireachta

1.

Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé na hoibleagáidí a bhaineann le rúin ábhartha IOTC a urramú maidir leis an gClár Breathnóirí Eolaíocha agus le dlíthe agus rialacháin ábhartha na Séiséal, lena n-áirítear scéimeanna breathnóireachta leictreonaí. Mar sin féin, leis na socruithe maidir le cur chun feidhme na scéimeanna breathnóireachta leictreonaí, cuirfear san áireamh na himpleachtaí praiticiúla do na cabhlaigh agus an t-am is gá chun aistriú chuig na scéimeanna sin.

Soithí de chuid an Aontais agus breathnóirí ainmnithe

2.

Déanfaidh na soithí peas-saighne de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Séiséal faoin bPrótacal seo, breathnóir amháin a bhordáil, i gcomhthéacs clár breathnóireachta náisiúnta nó réigiúnach faoi na téarmaí a leagtar amach sa Chaibidil seo, arna iarraidh sin d’údaráis inniúla na Séiséal. Déanfar breithniú freisin ar bhreathnóirí breise a bhordáil faoi réir comhaontú cás ar chás.

3.

Tarraingeoidh údaráis inniúla na Séiséal suas liosta soithí peas-saighne de chuid an Aontais a ainmneofar chun breathnóir a bhordáil mar aon le liosta breathnóirí ceaptha, agus saintréithe na soithí agus na teorainneacha spáis féideartha mar gheall ar cheanglais slándála á gcur san áireamh. Tabharfar an liosta cothrom le dáta agus cuirfear ar aghaidh chuig údaráis an Aontais é a luaithe a bheidh sé tarraingthe suas, agus gach uair a thabharfar cothrom le dáta é.

4.

Cuirfidh údaráis inniúla na Séiséal ainm an bhreathnóra ainmnithe in iúl do ghníomhaire an tsoithigh de chuid an Aontais lena mbaineann tráth nach déanaí ná 15 lá roimh dháta bordála an bhreathnóra atá beartaithe.

Coinníollacha bordála

5.

Socróidh údaráis inniúla na Séiséal an t-am a chaithfidh breathnóirí ar bord agus, mar riail ghinearálta, ní rachaidh sé thar an am is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh. I gcomhthéacs clár breathnóirí réigiúnacha, is féidir leis an mbreathnóir fanacht ar bord ar feadh tréimhse a gcuirfear síneadh léi arna comhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh údaráis inniúla na Séiséal gníomhaire an tsoithigh de chuid an Aontais ar an eolas faoi sin nuair a bheidh fógra á thabhairt acu faoi ainm an bhreathnóra ainmnithe.

6.

Comhaontófar na coinníollacha maidir le bordáil breathnóirí idir úinéirí na soithí de chuid an Aontais agus údaráis inniúla na Séiséal tar éis fógra a thabhairt faoi na breathnóirí ainmnithe.

7.

I gcás ina mbeidh breathnóirí le bordáil sna Séiséil, laistigh de choicís agus fógra 10 lá á thabhairt, cuirfidh úinéirí na soithí de chuid an Aontais lena mbaineann in iúl cén calafort nó cén suíomh, agus cén dáta, a bhfuil sé beartaithe iad a bhordáil.

8.

I gcás ina mbeidh breathnóirí le bordáil i gcalafort eachtrach, is é úinéir an tsoithigh de chuid an Aontais a iompróidh a gcostais taistil. Má fhágann soitheach a bhfuil breathnóir ó na Séiséil ar bord aige uiscí na Séiséal, déanfar gach beart chun a áirithiú go dtabharfar an breathnóir ar ais go sábháilte go dtí na Séiséil a luaithe is féidir ar chostas úinéir an tsoithigh de chuid an Aontais.

9.

Mura bhfuil breathnóir i láthair ag an am agus ag an áit a chomhaontaítear nó le linn na 6 uair an chloig tar éis an ama a chomhaontaítear, saorfar úinéirí soithí de chuid an Aontais óna n-oibleagáid an breathnóir a bhordáil.

10.

Iompróidh úinéirí soithí de chuid an Aontais an costas a bhaineann le cothú agus cóiríocht a sholáthar do bhreathnóirí de réir na gcoinníollacha céanna a bhaineann leis na hoifigigh ar bord an tsoithigh.

11.

Is mar oifigigh a dhéileálfar le breathnóirí.

12.

Is iad údaráis inniúla na Séiséal a íocfaidh tuarastal agus cánacha infheidhme na mbreathnóirí.

Cúraimí na mbreathnóirí

13.

Déanfaidh breathnóirí gníomhaíochtaí iascaireachta na soithí a bhreathnú agus a thaifeadadh chun críoch eolaíoch, go háirithe:

(a)

speiceas, cainníocht, méid agus riocht na n-iasc a ghabhtar;

(b)

an modh trína ngabhtar éisc, na limistéir ina ngabhtar iad agus an doimhneacht ina ngabhtar iad;

(c)

suíomh soithí de chuid an Aontais atá i mbun oibríochtaí iascaireachta agus an trealamh iascaireachta a úsáidtear;

(d)

na sonraí gabhála le haghaidh limistéar iascaireachta na Séiséal a thaifeadtar sa logleabhar, lena n-áirítear céatadán na seachghabhálacha agus meastachán ar ábhar muirí aischurtha;

(e)

i gcás inarb ábhartha, próiseáil, trasloingsiú, stóráil nó diúscairt aon éisc.

14.

Coinneoidh breathnóirí bealach cumarsáide tráthrialta ar bun le húdaráis inniúla na Séiséal, agus úsáid á baint acu as na modhanna cumarsáide atá ar fáil ar bord an tsoithigh de chuid an Aontais.

15.

Ina theannta sin, féadfaidh breathnóirí dualgais eile a dhéanamh amhail:

(a)

sampláil bhitheolaíoch a dhéanamh i gcomhthéacs clár eolaíochta;

(b)

faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an acmhainneacht agus ar an gcomhshaol.

16.

Déanfaidh máistrí na soithí de chuid an Aontais gach rud is féidir go réasúnta chun sábháilteacht fhisiceach agus leas fisiceach na mbreathnóirí a áirithiú agus iad ar bord.

17.

Tabharfar gach saoráid is gá do bhreathnóirí chun a ndualgais a chomhlíonadh. Tabharfaidh máistir an tsoithigh de chuid an Aontais rochtain dóibh ar na modhanna cumarsáide is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh, ar dhoiciméid maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh, go háirithe an logleabhar agus an loga loingseoireachta, agus ar na codanna sin den soitheach is gá chun comhlíonadh a gcúraimí mar bhreathnóirí a éascú.

Oibleagáidí na mbreathnóirí

18.

Fad a bheidh na breathnóirí ar bord, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar na hoibríochtaí iascaireachta ná nach gcuirfear bac orthu de dheasca na gcoinníollacha a bhaineann lena ndul ar bord agus lena láithreacht ar bord shoitheach an Aontais;

(b)

an cúram is gá a ghlacadh maidir leis an ábhar agus an trealamh a bheidh ar bord;

(c)

rúndacht na sonraí agus na ndoiciméad uile maidir leis an soitheach de chuid an Aontais agus a ghníomhaíochtaí agus aon fhaisnéis a bhailítear a áirithiú.

19.

Ag deireadh na bordála agus sula bhfágfaidh sé an soitheach de chuid an Aontais, déanfaidh an breathnóir tuarascáil ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas a bheidh le tarchur chuig údaráis inniúla na Séiséal, agus seolfar cóip chuig údaráis an Aontais laistigh de 15 lá. Síneoidh an breathnóir an tuarascáil. Tabharfar cóip den tuarascáil do mháistir an tsoithigh de chuid an Aontais nuair a fhágfaidh an breathnóir an soitheach sin.

CAIBIDIL VII

SÁRÚ

ROINN 1

LÁIMHSEÁIL SÁRAITHE

1.

Tabharfaidh údaráis inniúla na Séiséal fógra don Aontas trí gach modh iomchuí laistigh de 24 uair an chloig oibre faoi aon sárú toimhdithe a dhéanann soitheach de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta na Séiséal.

2.

A luaithe a bheidh sárú taifeadta sa ráiteas a tharraingeoidh údaráis inniúla na Séiséal suas, síneoidh máistir an tsoithigh de chuid an Aontais an ráiteas sin. Má dhiúltaíonn an máistir síniú nó má chuirtear cosc air síniú, déanfar é sin a thaifeadadh sa ráiteas sin.

3.

Ní dhéanfaidh síniú an mháistir, nó easpa a shínithe, dochar do chearta an mháistir ná do na modhanna cosanta is féidir leis a úsáid chun an sárú a cuireadh ina leith a chonspóid.

4.

Seolfar an ráiteas sáraithe chuig an Aontas agus chuig an mBallstát brataí den Aontas laistigh de 7 lá oibre ó eisiúint an ráitis.

Soithí de chuid an Aontais a ghabháil agus a choinneáil

5.

Cuirfidh údaráis inniúla na Séiséal an tAontas agus an Ballstát brataí den Aontas ar an eolas láithreach faoi ghabháil nó coinneáil aon soithigh de chuid an Aontais a oibríonn faoin bPrótacal seo agus tarchuirfidh siad cóip den tuarascáil iniúchta, lena mionsonrófar imthosca agus cúiseanna na gabhála nó na coinneála, laistigh de 48 n-uair an chloig.

ROINN 2

SOITHEACH DE CHUID AN AONTAIS A ATREORÚ — CRUINNIÚ FAISNÉISE

1.

Féadfaidh údaráis inniúla na Séiséal a cheangal ar aon soitheach de chuid an Aontais a thoimhdítear go ndearna sé sárú scor dá ghníomhaíocht iascaireachta agus, más gá, i gcás ina mbeidh an soitheach ar muir, filleadh ar chalafort sna Séiséil a shonróidh údaráis inniúla na Séiséal. Déanfar an soitheach de chuid an Aontais a sháraíonn rialacháin na Séiséal a choinneáil i gcalafort go dtí go mbeidh na foirmiúlachtaí dá bhforáiltear sna rialacháin sin curtha i gcrích.

2.

Tabharfaidh údaráis inniúla na Séiséal fógra don Aontas laistigh de 24 uair an chloig faoi aon atreorú soithigh de chuid an Aontais. Beidh fianaise dhoiciméadach ar an sárú toimhdithe ag gabháil leis an bhfógra sin.

3.

Agus urraim á tabhairt do sprioc-amanna agus do nósanna imeachta na n-imeachtaí dlíthiúla dá bhforáiltear le dlíthe na Séiséal maidir le hatreorú, gabháil nó coinneáil, ar fhaisnéis faoin sárú toimhdithe a fháil, tionólfar cruinniú comhairliúcháin idir údaráis inniúla an Aontais agus údaráis inniúla na Séiséal, a bhféadfadh ionadaí ón mBallstát den Aontas lena mbaineann freastal air.

4.

Ag an gcruinniú comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Roinn seo, malartóidh na Páirtithe aon doiciméadacht nó faisnéis ábhartha lena gcuideofar le soiléiriú a dhéanamh ar imthosca na bhfíoras a suíodh. Cuirfear úinéir an tsoithigh de chuid an Aontais nó a ghníomhaire ar an eolas faoi thoradh an chruinnithe agus faoi aon bheart a eascraíonn as an atreorú, gabháil nó coinneáil.

ROINN 3

SOCRAÍOCHT CIONA LASMUIGH DEN CHÚIRT TRÍ NÓS IMEACHTA IMSHOCRAITHE

1.

Is iad na Séiséil a shocróidh an pionós as sárú arna dhéanamh ag soitheach de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta na Séiséal, dá dtagraítear i Roinn 1 den Chaibidil seo, i gcomhréir le reachtaíocht na Séiséal.

2.

I gcás ina mbainfidh imeachtaí dlíthiúla le socraíocht an tsáraithe, agus ar choinníoll nach mbaineann gníomh coiriúil leis an sárú, féadfar nós imeachta imshocraithe a dhéanamh idir údaráis inniúla na Séiséal agus an t-oibreoir nó a ionadaí i gcomhréir le reachtaíocht iascaigh na Séiséal chun téarmaí agus leibhéal an phionóis a chinneadh. Féadfaidh ionadaithe ó Stát brataí an tsoithigh agus ón Aontas a bheith rannpháirteach sa nós imeachta imshocraithe sin.

3.

Scaoilfear saor an soitheach de chuid an Aontais agus urscaoilfear a mháistir a luaithe a chomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as nós imeachta imshocraithe agus a chuirfear na himeachtaí i gcrích.

(1)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2403/oj).

(2)  Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (Cogeca), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche) (IO L 25, 31.1.2017, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/159/oj).

FOSCRÍBHINNÍ

Foscríbhinn 1: Faisnéis atá le soláthar agus iarratas á dhéanamh ar údarú iascaireachta faoin bPrótacal seo

Foscríbhinn 2: Sonraí teagmhála le haghaidh tharchur na faisnéise faoin bPrótacal seo

Foscríbhinn 3: Bileog theicniúil le haghaidh soithí de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sna Séiséil

Foscríbhinn 4: Ceanglais theicniúla maidir le cur chun feidhme an Chórais um Fhaireachán Soithí (CFS) agus an Chórais Tuairiscithe Leictreonaigh(CTL)

Foscríbhinn 5: Íoscheanglais le bheith fostaithe mar iascairí ar shoithí de chuid an Aontais

Foscríbhinn 6: Forálacha mionsonraithe cur chun feidhme maidir le tacaíocht earnála

Foscríbhinn 7: Próiseáil sonraí pearsanta

Foscríbhinn 1

Faisnéis atá le soláthar agus iarratas á dhéanamh ar údarú iascaireachta faoin bPrótacal seo

An fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an iarratasóir, úinéir an tsoithigh, aitheantas an tsoithigh de chuid an Aontais, na sonraí teicniúla a ghabhann leis agus an tréimhse lena mbaineann, ní mór í a sholáthar, mura sonraítear a mhalairt:

Ainm an iarratasóra

Uimhir theileafóin an iarratasóra

Seoladh ríomhphoist an iarratasóra

Ainm úinéir an tsoithigh

Baile cónaithe agus tír chónaithe úinéir an tsoithigh

Ainm an úinéara nó ainmneacha suas le cúigear príomhúinéirí tairbhiúla an tsoithigh ar a mhéad

Baile cónaithe agus tír chónaithe an úinéara nó suas le cúigear príomhúinéirí tairbhiúla an tsoithigh ar a mhéad

Ainm an mháistir

Náisiúntacht an mháistir

Seoladh ríomhphoist an mháistir

Ainm agus seoladh an ghníomhaire áitiúil

Ainm an tsoithigh

An Stát Brataí

Calafort clárúcháin

Dáta clárúcháin na brataí atá ann faoi láthair

Bratach roimhe seo (dá mba ann di)

Áit tógála

Dáta tógála

Marcáil sheachtrach

IRCS

Uimhir aitheantais na seirbhíse muirí soghluaiste

Uimhir aitheantais IMO

Uimhir IOTC

Minicíocht Glao Raidió (HF agus VHF)

Uimhir teileafóin satailíte

Fad foriomlán (LOA ina mhéadair)

Leithead foriomlán (BOA ina mhéadair)

Tonnáiste (arna shloinneadh in OT)

Cineál soithigh (peas-saighne, bád spiléireachta, soitheach tacaíochta)

Ábhar Cabhlaigh

An cineál innill

Cumhacht an innill (KW)

Déanamh innill

An líon daoine sa chriú

Modh leasaithe ar bord

Acmhainneacht phróiseála in aghaidh an lae (24 uair an chloig) ina tonnaí

Líon bolg éisc

Toilleadh iomlán na mbolg éisc (in m3):

Monaróir CFS

Cineál CFS

Sraithuimhir CFS

Oibreoir satailíte

Calafort ainmnithe le haghaidh trasloingsiú agus gabhálacha a thabhairt i dtír

Dáta tosaigh an údaraithe arna iarraidh

Dáta deiridh an údaraithe arna iarraidh

Foscríbhinn 2

Sonraí teagmhála le haghaidh na cumarsáide dá bhforáiltear sa Phrótacal seo

Thar ceann an Aontais:

údaruithe iascaireachta: MARE-LICENCES@ec.europa.eu

córas LICENCE: https://webgate.ec.europa.eu/licence

gabhálacha comhiomlánaithe: MARE-CATCHES@ec.europa.eu

deasc Chabhrach NA/FLUX: MARE-FISH-IT-SUPPORT@ec.europa.eu

teagmháil CFS/CTTL: MARE-FISH-IT-SUPPORT@ec.europa.eu

I gcás na Séiséal:

údaruithe iascaireachta: licence@sfa.sc

úóras LICENCE: licence@sfa.sc

gabhálacha comhiomlánaithe: hod.statistics@sfa.sc

deasc Chabhrach NA/FLUX: monitoring@sfa.sc

teagmháil CFS/CTTL: monitoring@sfa.sc

fiosrúcháin Ghinearálta Faireacháin, Rialaithe agus Faireachais: fmcsc@sfa.sc

Foscríbhinn 3

Bileog theicniúil le haghaidh soithí de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sna Séiséil

Limistéar iascaireachta:

Níos faide ná 12 mhuirmhíle ón mbunlíne, lena n-eisiatar limistéir ina dtoirmisctear iascaireacht a dhéanamh.

Catagóirí údaraithe:

Soithí peas-saighne tuinníní

Báid spiléireachta dromchla

Soithí tacaíochta

Táillí agus tonnáiste:

Praghas in aghaidh an tonna

EUR 90 in aghaidh an tonna

Réamhtháille bhliantúil (lena n-áirítear na muirir náisiúnta agus áitiúla uile seachas cánacha calafoirt agus muirir sheirbhíse) agus an tonnáiste a chumhdaítear

Soithí peas-saighne tuinníní: EUR 72 000 in aghaidh na bliana, a chomhfhreagraíonn do 800 tonna

Báid spiléireachta dromchla: EUR 8 100 in aghaidh na bliana, a chomhfhreagraíonn do 90 tonna

Táille in aghaidh gach tonna breise a ghabhtar

Soithí peas-saighne tuinníní agus báid spiléireachta dromchla:

EUR 90 in aghaidh an tonna

An líon soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh

30 soitheach peas-saighne tuinníní

8 mbád spiléireachta dromchla

Táille údaraithe na soithí tacaíochta

EUR 6 000 in aghaidh an tsoithigh in aghaidh na bliana.

Ranníocaíocht chun an comhshaol a bhainistiú agus breathnóireacht a dhéanamh ar éiceachórais mhuirí

EUR 2,5 in aghaidh an OT (soithí peas-saighne amháin) in aghaidh na bliana.

Foscríbhinn 4

Ceanglais theicniúla maidir le cur chun feidhme an Chórais um Fhaireachán Soithí (CFS) agus an Chórais Tuairiscithe Leictreonaigh(CTL)

ROINN 1

FORÁLACHA COITEANNA MAIDIR LE TARCHUR SONRAÍ SUÍMH SOITHÍ AGUS MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME CTTL ATÁ Á DHÉANAMH AG NA PÁIRTITHE; LEANÚNACHAS GNÓ

1.

Má tharlaíonn teip theicniúil agus má dhéanann sí difear do tharchur shonraí suímh an tsoithigh de chuid an Aontais nó sonraí gníomhaíochta iascaireachta (‘sonraí CTTL’) idir LFInna na bPáirtithe, ní mheasfar an soitheach de chuid an Aontais a ndearna an teip difear di a bheith neamhchomhlíontach.

2.

Bunóidh na Páirtithe nasc trí úsáid a bhaint as na bogearraí ‘FLUX Transportation Layer’ arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach agus cuirfidh siad an fhormáid NA/FLUX chun feidhme. Áiritheoidh údaráis inniúla na Séiséal go bhfuil a gcóras leictreonach comhoiriúnach le córas an Aontais.

3.

Tabharfaidh na Páirtithe faoi thástáil inghlacthachta a dhéanamh ar fhormáid NA/FLUX, agus úsáid á baint as logleabhar caighdeánach an Aontais (Doiciméad Cur Chun Feidhme maidir le Gníomhaíochtaí Iascaireachta leagan 3.0) laistigh de 10 mí ó dháta tosaigh cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo.

Tar éis na tréimhse sin, oibreoidh na Páirtithe chun NA/FLUX a chur chun feidhme, lena n-ionchorprófar an tacar sonraí iomlán a leagtar amach i Roinn 3 den Fhoscríbhinn seo, laistigh de 24 mhí ó dháta tosaigh cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo.

4.

Go dtí an dáta chun NA/FLUX a chur chun feidhme, seolfar sonraí suímh soithí de chuid an Aontais agus sonraí CTTL trí úsáid a bhaint as na formáidí agus na socruithe atá i bhfeidhm cheana féin an lá a chuirfear tús le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo.

5.

Malartóidh LFInna an Stáit brataí agus na Séiséal agus an tAontas a seoltaí ríomhphoist agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar na seoltaí sin.

6.

Cuirfidh LFInna an Stáit brataí agus na Séiséal agus an tAontas a chéile ar an eolas a luaithe is féidir faoi aon bhriseadh sa tarchur uathoibríoch sonraí; nó, i gcás aon oibríocht chothabhála a mhairfidh níos mó ná 48 n-uair an chloig, féachfaidh siad le tarchur uathoibríoch a athbhunú agus tabharfaidh siad fógra don Pháirtí eile a luaithe a bheidh sé athbhunaithe. Pléifidh an Comhchoiste le haon díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

7.

Má mhaireann an briseadh níos faide ná 48 n-uair an chloig, soláthróidh LFI an Stáit brataí na sonraí le ríomhphost idir an dá linn gach 24 uair an chloig, go dtí go gcuirfear tús arís leis an gcumarsáid uathoibríoch. Féadfaidh LFI na Séiséal an socrú sin a iarraidh ar LFI an Stáit brataí má bhaineann an mhífheidhm le córas LFI na Séiséal agus má mhaireann an mhífheidhm níos faide ná 48 n-uair an chloig d’ainneoin a ndícheall a dhéanamh chun í a dheisiú.

8.

Ina theannta sin, déanfar sonraí a ndearna an briseadh difear dóibh a sheoladh arís trí úsáid a bhaint as na córais chumarsáide uathoibríocha a luaithe a bheidh siad athbhunaithe.

9.

Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh na sonraí comhsheasmhach; go háirithe, áiritheoidh siad go ndéanfar scagairí oiriúnacha a chomhtháthú ina gcórais agus a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí chun a áirithiú nach gcuirfear san áireamh ach sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar iascaireachta na Séiséal.

ROINN 2

CEANGLAIS THEICNIÚLA MAIDIR LE TARCHUR SONRAÍ CFS

1.   Sonraí maidir le suíomh na soithí de chuid an Aontais– CFS

Áiritheoidh LFI an Stáit brataí go ndéanfar próiseáil agus tarchur leictreonach sonraí suímh soithí de chuid an Aontais go huathoibríoch trí úsáid a bhaint as an nasc láraithe a sholáthraíonn an tAontas. Déanfar sonraí suímh na soithí a chlárú ar bhealach slán agus ní mór do na Páirtithe iad a choimeád ar feadh tréimhse 3 bliana.

Soláthrófar suíomhanna soithí de chuid an Aontais le lamháil earráide is lú ná 100 méadar agus eatramh muiníne 99 %.

Is leis an gcód ‘ENT’ (formáid an Atlantaigh Thuaidh) nó ‘ENTRY’ (NA/FLUX) a shainaithneofar an chéad suíomh a thaifeadfar tar éis dul isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal. Is leis an gcód ‘POS’ a shainaithneofar na suíomhanna uile ina dhiaidh sin, cé is moite den chéad suíomh a thaifeadfar tar éis limistéar iascaireachta na Séiséal a fhágáil, suíomh a shainaithneofar leis an gcód ‘EXI’ (formáid an Atlantaigh Thuaidh) nó ‘EXIT’ (NA/FLUX)

2.   Tarchur a dhéanfaidh an soitheach de chuid an Aontais i gcás ina dteipfidh ar ghaireas faireacháin an tsoithigh

Soithí de chuid an Aontais atá ag iascaireacht i limistéar iascaireachta na Séiséal agus gaireas rianaithe soithigh lochtach acu, seolfaidh siad a dteachtaireachtaí suímh trí ríomhphost chuig LFI an Stáit brataí gach 4 uair an chloig ar a laghad agus soláthróidh siad an fhaisnéis shainordaitheach uile. Cuirfidh LFI an Stáit brataí LFI na Séiséal ar an eolas faoin athrú sin. Déanfar na sonraí suímh a tharchur ansin ag an minicíocht sin.

Cuirfidh LFI na Séiséal LFI an Stáit brataí agus an tAontas ar an eolas faoi aon bhriseadh ar theachtaireachtaí suímh a fháil ó shoitheach de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta aige i gcás nár thug an soitheach lena mbaineann fógra faoina imeacht as limistéar iascaireachta na Séiséal.

3.   Struchtúr na dteachtaireachtaí i bhformáid an Atlantaigh Thuaidh lena gcuirtear sonraí suímh soithí de chuid an Aontais in iúl do na Séiséil:

Eilimint sonraí

Cód

Éigeantach (É) / Roghnach (R)

Inneachar

Tús an chlárúcháin

SR

M

Mionsonra a bhaineann leis an gcóras lena gcuirtear tús an chlárúcháin in iúl

Seolaí

AD

M

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Seolaí Cód 3-alfa na tíre (ISO-3166)

Ó

FR

M

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Seoltóir Cód 3-alfa na tíre (ISO-3166)

An Stát Brataí

FS

M

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht – Stát brataí Cód 3-alfa (ISO-3166)

Cineál na teachtaireachta

TM

M

Mionsonra a bhaineann leis an teachtaireacht — An cineál teachtaireachta (ENT, POS, EXI, MAN)

Comhartha glao raidió (IRCS)

RC

M

Mionsonra a bhaineann leis an soitheach — Comhartha idirnáisiúnta glao raidió an tsoithigh (IRCS)

Uimhir thagartha inmheánach don Pháirtí Chonarthach

IR

R

Mionsonraí a bhaineann leis an soitheach – Uimhir uathúil arna sannadh ag an bpáirtí lena sainaithnítear an soitheach

Aitheantóir uathúil an tsoithigh (uimhir aitheantais IMO)

IM

M

Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – Uimhir aitheantais IMO

Éigeantach má tá uimhir den sórt sin ag an soitheach

An uimhir chlárúcháin sheachtrach

XR

M

Mionsonra a bhaineann leis an soitheach – uimhir ar thaobh an tsoithigh (ISO 8859.1)

Domhanleithead

LT

M

Mionsonraí maidir le suíomh an tsoithigh – Domhanleithead an tsuímh arna shloinneadh i gcéimeanna deachúla (WGS84) ± DD.ddd. Uimhreacha deimhneacha i gcás an leathsféir thuaidh; uimhreacha diúltacha i gcás an leathsféir theas. Ní gá an comhartha móide (+) a tharchur. Féadfar na nialais chun tosaigh a fhágáil ar lár. Ní mór an luach a bheith idir -90 agus +90.

Domhanfhad

LG

M

Mionsonraí maidir le suíomh an tsoithigh – Domhanfhad an tsuímh arna shloinneadh i gcéimeanna deachúla (WGS84) ± DD.ddd.Uimhreacha deimhneacha i gcás an leathsféir thuaidh; uimhreacha diúltacha i gcás an leathsféir theas. Ní gá an comhartha móide (+) a tharchur. Féadfar na nialais chun tosaigh a fhágáil ar lár. Ní mór an luach a bheith idir –180 and + 180.

Cúrsa

CO

M

Cúrsa an tsoithigh ar scála 360o

Luas

SP

M

Luas an tsoithigh i ndeichithe de mhuirmhílte san uair

Dáta

DA

M

Mionsonra maidir le suíomh an tsoithigh – Dáta chlárú an tsuímh AUL (BBBB.MM.LL)

An t-am

TI

M

Mionsonra maidir le suíomh an tsoithigh – Am chlárú an tsuímh AUL (UU.MM)

Deireadh an taifeadta

ER

M

Mionsonra maidir leis an gcóras lena gcuirtear deireadh an chlárúcháin in iúl

4.   A luaithe a chuirfear chun feidhme go héifeachtach an fhormáid nua NA/FLUX agus a dhéanfar tarchur tríd an mbogearra ‘FLUX Transportation Layer’, tarchuirfear sonraí CFS i gcomhréir leis an bhformáid agus leis na próisis a leagtar amach sa doiciméad cur chun feidhme a chuirtear ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin Eorpaigh agus cuirfear deireadh le formáid an Atlantaigh Thuaidh.

5.   Sonraí CFS a chosaint

Na sonraí faireacháin uile a chuireann Páirtí amháin in iúl don Pháirtí eile i gcomhréir le forálacha na Foscríbhinne seo, úsáidfear iad go heisiach chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

faireachán, rialú agus faireachas a dhéanann údaráis na Séiséal ar chabhlach an Aontais a bhíonn ag iascaireacht faoin gComhaontú; agus

(b)

staidéir thaighde a dhéanann na Séiséil i gcomhthéacs bainistiú agus forbairt iascaigh.

ROINN 3

CEANGLAIS THEICNIÚLA MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME AN CHÓRAIS UM CHLÁRÚ GNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA AGUS MAIDIR LEIS NA SONRAÍ CTTL A SHEOLADH

1.

Agus é i limistéar iascaireachta na Séiséal, déanfaidh máistir an tsoithigh de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta aige a eisítear faoin bPrótacal seo an méid seo a leanas:

(a)

gach dul isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal agus imeacht as a thaifeadadh le teachtaireacht shonrach, lena léirítear cainníochtaí gach speicis atá á choinneáil ar bord tráth an dul isteach sin i limistéar iascaireachta na Séiséal nó an imeachta sin, agus dáta, am agus suíomh an dul isteach nó an imeachta sin; déanfar an teachtaireacht sin a tharchur chuig LFI na Séiséal trí CTTL nó trí mhodhanna cumarsáide eile tráth nach déanaí ná 2 uair an chloig roimh an dul isteach nó an imeacht; i gcás nach bhfuil aon ghabháil ar bord, déanfar gabhálacha nialais a thuairisciú;

(b)

suíomh an tsoithigh de chuid an Aontais ag meán lae a chlárú go laethúil i gcás nach ndearnadh aon ghníomhaíochtaí iascaireachta;

(c)

taifead a dhéanamh, i gcás gach oibríochta iascaireachta a dhéantar, ar dháta, am agus suíomh na hoibríochta sin, ar an gcineál trealaimh agus ar chainníocht gach speicis a ghabhtar, agus idirdhealú á dhéanamh idir gabhálacha a choinnítear agus gabhálacha a aischuirtear; déanfar gach speiceas a shainaithint lena chód 3-alfa FAO; déanfar na cainníochtaí a shloinneadh ina gcileagraim de choibhéis bheomheáchain agus, i gcás inar gá, sa líon éisc aonair; I gcás nár gabhadh aon ghabháil, déanfar gabhálacha nialais a thuairisciú;

(d)

na sonraí a chláraítear sa logleabhar iascaireachta leictreonach a tharchur ar bhonn laethúil chuig a Stát brataí, tráth nach déanaí ná 24:00; déanfar na sonraí sin a tharchur le haghaidh gach lae a chaitear i limistéar iascaireachta na Séiséal, fiú i gcás nach ndearnadh aon ghabháil; déanfar iad a tharchur freisin roimh gach imeacht as limistéar iascaireachta na Séiséal.

2.

Nuair a bheidh an t-aistriú chuig NA/FLUX curtha i gcrích, déanfar na hiontrálacha uile i gcomhréir leis na réimsí sonraí agus leis an struchtúr a shonraítear i dTeimpléad Tuairiscithe CTTL ar Ghníomhaíochta Iascaireachta agus ar Phleananna Tobair (Meiteashonraí).

Teimpléad Tuairiscithe CTTL ar Ghníomhaíochtaí Iascaireachta agus ar Phleananna Tobair (Meiteashonraí)

Catagóir

Ainm Réimse

An Cineál Réimse

Nótaí

Mionsonraí Imeachta

Calafort Imeachta

Téacs

Ainm an chalafoirt ina gcuirtear tús leis an turas

Mionsonraí Imeachta

Dáta Imeachta

Dáta

Formáid: LL/MM/BBBB

Mionsonraí Imeachta

Am Imeachta

Am (24 uair an chloig)

Úsáid nodaireacht 24 uair an chloig (e.g. 1615 i gcás 4:15 p.m.)

Mionsonraí Teachta

Calafort Teachta

Téacs

Ainm an chalafoirt ina gcríochnaítear an turas

Mionsonraí Teachta

Dáta Teachta

Dáta

Formáid: LL/MM/BBBB

Mionsonraí Teachta

Am Teachta

Am (24 uair an chloig)

Úsáid nodaireacht 24 uair an chloig

Faisnéis faoin Soitheach

Ainm an Mháistir

Téacs

Ainm iomlán mháistir an tsoithigh

Faisnéis faoin Soitheach

Uimhir an Turais

Uimhir/Téacs

Uimhir uathúil an turais le haghaidh na bliana

Faisnéis faoin Soitheach

Ainm an tSoithigh

Téacs

Ainm cláraithe an tsoithigh

Faisnéis faoin Soitheach

Comhartha glao

Téacs

Comhartha glao raidió an tsoithigh

Faisnéis faoin Soitheach

Bratach an tSoithigh

Téacs

Bratach na tíre faoina bhfuil an soitheach cláraithe

Gníomhaíocht Iascaireachta

Dáta Tosaigh na Gníomhaíochta

Dáta

Amchrios áitiúil, formáid: LL/MM/BBBB

Gníomhaíocht Iascaireachta

Am Tosaigh na Gníomhaíochta

Am (24 uair an chloig)

Úsáid nodaireacht 24 uair an chloig

Gníomhaíocht Iascaireachta

Céim Domhanleithid Shuíomh an tSoithigh

Uimhir

Formáid céimeanna agus nóiméad

Gníomhaíocht Iascaireachta

Nóiméad Domhanleithid Shuíomh an tSoithigh

Uimhir

Formáid céimeanna agus nóiméad

Gníomhaíocht Iascaireachta

Domhanleithead T/D Shuíomh an tSoithigh

Téacs

Tuaisceart nó Deisceart

Gníomhaíocht Iascaireachta

Céim Domhanfhaid Shuíomh an tSoithigh

Uimhir

Formáid céimeanna agus nóiméad

Gníomhaíocht Iascaireachta

Nóiméad Domhanfhaid Shuíomh an tSoithigh

Uimhir

Formáid céimeanna agus nóiméad

Gníomhaíocht Iascaireachta

Domhanfhad I/O Shuíomh an tSoithigh

Téacs

Iarthar nó Oirthear

Gníomhaíocht Iascaireachta

Stádas Tacair

Roghchlár Anuas

Roghanna: Rathúil, Nialasach

Gníomhaíocht Iascaireachta

Uimhir Tobair

Téacs/Uimhir

Sainaitheantóir an tobair a úsáidtear

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Tuinnín Buí (Earnáil de réir Meáchain)

Uimhir

De réir ‘Catagóir speiceas’

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Tuinnín Buí (Mt)

Uimhir

Tonnaí méadracha

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Tuinnín Mórshúileach (Earnáil de réir Meáchain)

Uimhir

De réir ‘Catagóir speiceas’

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Tuinnín Mórshúileach (Mt)

Uimhir

Tonnaí méadracha

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Tuinnín Aigéanach (Earnáil de réir Meáchain)

Uimhir

De réir ‘Catagóir speiceas’

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Tuinnín Aigéanach (Mt)

Uimhir

Tonnaí méadracha

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Tuinnín Colgach (Earnáil de réir Meáchain)

Uimhir

De réir ‘Catagóir speiceas’

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Tuinnín Colgach (Mt)

Uimhir

Tonnaí méadracha

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Ainm Speicis Eile

Téacs

Ró amháin in aghaidh an speicis

De réir ‘Liosta speiceas’

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Speiceas Eile (Earnáil de réir Meáchain)

Uimhir

De réir ‘Catagóir speiceas’

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Speiceas Eile (Mt)

Uimhir

Tonnaí méadracha

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Ainm an Speicis Aischurtha

Téacs

Ró amháin in aghaidh an speicis

De réir ‘Liosta speiceas’

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Speiceas Aischurtha (Earnáil de réir Meáchain)

Uimhir

De réir ‘Catagóir speiceas’

Gníomhaíocht Iascaireachta

Gabháil — Speiceas Aischurtha (Mt)

Uimhir

Tonnaí méadracha

Gníomhaíocht Iascaireachta

Comhghrúpaí Tacair

Ilroghnaigh

De réir ‘Comhghrúpaí’

Gníomhaíocht FAD

Cineál Gníomhaíochta FAD

Roghchlár Anuas

De réir ‘TAGAIRTÍ’

Gníomhaíocht FAD

Cineál FAD

Roghchlár Anuas

De réir ‘TAGAIRTÍ’

Gníomhaíocht FAD

Sainaitheantas FAD

Téacs

Aitheantóir uathúil

Gníomhaíocht FAD

Cineál Baoi

Roghchlár Anuas

De réir ‘TAGAIRTÍ’

Gníomhaíocht FAD

Sainaitheantas baoi

Téacs

Aitheantóir uathúil

Mionsonraí Comhshaoil

Teocht Dhromchla na Farraige ( °C)

Uimhir

I gcéimeanna Celsius

Mionsonraí Comhshaoil

Treo an tSrutha

Téacs

Treo an Chompáis

Mionsonraí Comhshaoil

Luas an tSrutha (muirmhílte san uair)

Uimhir

I muirmhílte san uair

Mionsonraí Comhshaoil

Treo na Gaoithe

Téacs

Treo an Chompáis

Mionsonraí Comhshaoil

Luas na Gaoithe (muirmhílte san uair)

Uimhir

I muirmhílte san uair

Barúlacha

Barúlacha

Téacs (Fada)

Aon nóta nó barúil bhreise

Pleananna Tobair

Dáta Tacair

Dáta

Dáta a chuirtear an tacar sa tobar

Pleananna Tobair

Uimhir an Tacair

Uimhir

Uimhir sheicheamhach an tacair

Pleananna Tobair

Tuinnín Buí < 10 kg

Uimhir

Meáchan i dtonnaí méadracha

Pleananna Tobair

Tuinnín Buí > 10 kg

Uimhir

Meáchan i dtonnaí méadracha

Pleananna Tobair

Tuinnín Mórshúileach < 10 kg

Uimhir

Meáchan i dtonnaí méadracha

Pleananna Tobair

Tuinnín Mórshúileach > 10 kg

Uimhir

Meáchan i dtonnaí méadracha

Pleananna Tobair

Meáchan Tuinnín Aigéanaigh (Mt)

Uimhir

Meáchan i dtonnaí méadracha

Pleananna Tobair

Meáchan Speicis Eile (Mt)

Uimhir

Meáchan i dtonnaí méadracha

Pleananna Tobair

Meáchan Iomlán don Tobar (Mt)

Uimhir

Suim mheáchain uile an tacair sa tobar

3.

Cuirfidh LFI an Stáit brataí na sonraí CTTL ar fáil do LFI na Séiséal. Déanfaidh LFI an Stáit brataí teachtaireachtaí meandracha CTTL (fógra faoi dhul isteach i limistéar iascaireachta na Séiséal, fógra faoi imeacht as limistéar iascaireachta na Séiséal, fógra faoi theacht isteach i gcalafort) a tharchur go huathoibríoch agus gan mhoill chuig LFI na Séiséal. Déanfar teachtaireachtaí eile CTTL a thagann ón soitheach a tharchur go huathoibríoch uair amháin sa lá.

4.

Go dtí deireadh na gcéimeanna tástála dá bhforáiltear i Roinn 1 den Fhoscríbhinn seo:

(a)

déanfar na sonraí a tharchur tríd an Mórbhealach Malartaithe Sonraí (DEH) san fhormáid EU-ERS (v 3.1);

(b)

déanfar fógraí faoi thrasloingsiú le ríomhphost chuig údarás inniúil na Séiséal;

(c)

ní tharchuirfear go huathoibríoch gan mhoill ach teachtaireachtaí meandracha (‘fógra faoi dhul isteach sa limistéar’ — EOC, ‘fógra faoi imeacht as an limistéar’ — COX, ‘fógra faoi theacht isteach i gcalafort’ — ‘réamhfhógra faoi theacht’, PNO); cuirfear cineálacha eile teachtaireachtaí ar fáil trí bhíthin iarraidh uathoibríoch ó LFI na Séiséal.

5.

Nuair a chuirfear chun feidhme go héifeachtach an fhormáid nua NA/FLUX agus nuair a dhéanfar tarchur tríd an mbogearra ‘FLUX Transportation Layer’:

(a)

ní bhainfidh an modh sin maidir le teachtaireachtaí a chur ar fáil arna iarraidh sin ach le hiarratais shonracha ar shonraí stairiúla;

(b)

tarchuirfear na sonraí CTTL i gcomhréir leis an bhformáid agus leis na próisis a leagtar amach sa doiciméad chur chun feidhme atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

6.

Deimhneoidh LFI na Séiséal go bhfuair sé sonraí meandracha CTTL a seoladh chuige trí bhíthin teachtaireacht fillte lena n-admhaítear go bhfuarthas iad agus lena ndeimhnítear bailíocht na teachtaireachta a fuarthas. Maidir le sonraí CTTL a mhalartaítear trí DEH, ní sholáthrófar aon admháil fála maidir leis na sonraí a fhaigheann LFI na Séiséal mar fhreagairt ar iarraidh a chuir sé féin isteach.

7.

I gcás ina dteipeann ar an tarchur idir an soitheach de chuid an Aontais agus LFI an Stáit brataí, tabharfaidh LFI an stáit brataí fógra faoi sin gan mhoill do mháistir nó oibreoir an tsoithigh de chuid an Aontais nó, dá n-ionadaí/n-ionadaithe. Tar éis do mháistir an tsoithigh de chuid an Aontais an fógra sin a fháil, déanfaidh sé na sonraí atá ar iarraidh a tharchur chuig údaráis inniúla an Stáit brataí trí aon mhodh teileachumarsáide iomchuí gach lá, tráth nach déanaí ná 24:00.

8.

I gcás ina dteipfidh ar an gcóras leictreonach tarchurtha atá suiteáilte ar bord an tsoithigh de chuid an Aontais, áiritheoidh máistir nó oibreoir an tsoithigh de chuid an Aontais go ndéantar CTTL a dheisiú nó a ionadú laistigh de 25 lá ón uair a bhraitear an mhífheidhm. A luaithe a bheidh an sprioc-am sin caite, ní bheidh an soitheach údaraithe de chuid an Aontais a thuilleadh iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Séiséal agus beidh uirthi é a fhágáil nó cuairt a thabhairt ar chalafort sna Séiséil laistigh de 24 uair an chloig. Ní bheidh an soitheach údaraithe de chuid an Aontais an calafort sin a fhágáil ná filleadh ar limistéar iascaireachta na Séiséal go dtí go suífidh LFI a Stáit brataí go bhfuil CTTL ag feidhmiú i gceart arís.

Foscríbhinn 5

Íoscheanglais le bheith fostaithe mar iascairí ar shoithí de chuid an Aontais

Áiritheoidh údaráis inniúla na Séiséal go gcomhlíonfaidh iascairí na Séiséal atá ar an liosta iascairí atá incháilithe lena bhfostú ar shoithí peas-saighne de chuid an Aontais, mar a shainaithnítear i gCaibidil V san Iarscríbhinn seo, na ceanglais uile seo a leanas:

(1)

ní lú ná 18 mbliana d’aois a bheidh san aois íosta le bheith sannta do ghníomhaíochtaí ar bord soithí de chuid an Aontais.

(2)

beidh deimhniú leighis bailí ag an iascaire, arna eisiúint ag liachleachtóir atá cáilithe go cuí, lena sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

go bhfuil éisteacht agus amharc an iascaire sásúil le haghaidh dhualgais an iascaire ar an soitheach; agus

(b)

nach bhfuil riocht sláinte ar an iascaire ar dócha go rachadh sé in olcas mar gheall ar sheirbhís ar muir nó a d’fhágfadh an t-iascaire mí-oiriúnach don tseirbhís sin nó a chuirfeadh sábháilteacht nó sláinte daoine eile ar bord i mbaol.

(3)

beidh an deimhniú leighis bailí ar feadh uastréimhse 2 bhliain. Má théann tréimhse bhailíochta deimhnithe in éag le linn turais, fanfaidh an deimhniú i bhfeidhm go dtí deireadh an turais sin.

(4)

beidh an t-iascaire cáilithe de réir an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe chun bunoiliúint sábháilteachta, inter alia, a dheimhniú amhail:

(a)

teicnící marthanais phearsanta agus an tsábháilteacht phearsanta;

(b)

comhrac dóiteáin agus cosc dóiteáin;

(c)

garchabhair bhunúsach;

(5)

ba cheart na scileanna agus an taithí is gá a bheith ag an iascaire chun oibriú ar shoithí peas-saighne, go háirithe maidir le feasacht ar na contúirtí a bhaineann le hoibríochtaí iascaireachta, agus i gcás inarb infheidhme, an t-eolas ar úsáid an trealaimh iascaireachta.

Foscríbhinn 6

Forálacha mionsonraithe cur chun feidhme maidir le tacaíocht earnála

Trédhearcacht agus inrianaitheacht na tacaíochta earnála

1.

Léireoidh na Séiséil ina mbuiséad bliantúil glactha an méid ranníocaíochta airgeadais sonraí le haghaidh na tacaíochta earnála dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) den Phrótacal seo (‘an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála’) a aistríonn an tAontas chuig na Séiséil faoin gComhaontú.

Clársceidealú agus cur chun feidhme na tacaíochta earnála

2.

Forbróidh na Séiséil togra le haghaidh clár earnála ilbhliantúil maidir le húsáid na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála, lena gcumhdófar fad cur i bhfeidhm an Phrótacail seo. Forbróidh sé freisin togra mionsonraithe le haghaidh clár earnála bliantúil maidir le húsáid na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála don chéad bhliain de chur i bhfeidhm an Phrótacail seo agus do na blianta ina dhiaidh sin.

3.

Díreofar leis na cláir earnála ar roinnt gníomhaíochtaí a bheidh ailínithe le tosaíochtaí náisiúnta. Cuirfear san áireamh leis acmhainneacht na Séiséal úsáid na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála a bhainistiú, a chur chun feidhme agus a thuairisciú.

4.

Sainaithneofar leis na cláir earnála na nithe seo a leanas:

(a)

na réimsí tosaíochta;

(b)

na cuspóirí;

(c)

na gníomhaíochtaí atá le maoiniú;

(d)

na táscairí;

(e)

na spriocanna;

(f)

na cistí a leithdháiltear ar gach gníomhaíocht; agus

(g)

na foinsí fíorúcháin.

5.

Déanfaidh an Comhchoiste na tograí le haghaidh an chláir earnála ilbhliantúil agus le haghaidh an chéad chláir earnála bhliantúil a phlé, a leasú más iomchuí agus a ghlacadh le linn a chéad chruinnithe tar éis thús chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo. Tionólfar an chéad chruinniú sin tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis thús chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo.

6.

I gcás gach ceann den dara bliain de chur i bhfeidhm an Phrótacail seo agus de na blianta ina dhiaidh sin, cuirfidh na Séiséil clár earnála bliantúil faoi bhráid an Aontais tráth nach déanaí ná 30 lá roimh chruinniú an Chomhchoiste.

7.

Beidh na Séiséil freagrach as cur chun feidhme na gclár earnála ilbhliantúil agus bliantúil a ghlacfar.

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh ar thacaíocht earnála

8.

Déanfaidh na Séiséil dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na gclár earnála.

9.

Tabharfaidh Ataisé Iascaigh an Aontais atá freagrach as na Séiséil cuairt thráthrialta ar na Séiséil chun measúnú a dhéanamh, in éineacht leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gclár earnála ilbhliantúil a chur chun feidhme. Le linn na gcuairteanna sin, beidh rochtain thráthúil ag Ataisé Iascaigh an Aontais ar aon doiciméad a mheasann Ataisé Iascaigh an Aontais a bhfuil gá leis chun dul chun cinn a fhíorú. Ní áireofar leis an rochtain ar dhoiciméid faisnéis rúnda nó a bhaineann le leasanna náisiúnta.

10.

Ullmhóidh na Séiséil tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir earnála. Cuirfidh siad faoi bhráid an Aontais iad tráth nach déanaí ná 30 lá roimh chruinniú an Chomhchoiste.

11.

Tabharfar tuairisc leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ar na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme agus ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo na spriocanna a bhaint amach i gcás gach ceann de na táscairí a roghnaíodh. Tabharfar tuairisc iontu freisin ar aon deacracht a bhí ann, agus aon bheart ceartaitheach a rinneadh agus torthaí na mbeart ceartaitheach sin. Déanfar na foinsí fíorúcháin a liostaítear sa chlár earnála ilbhliantúil a chomhroinnt leis an gComhchoiste nuair is praiticiúil agus nuair is ábhartha.

12.

Beidh leibhéal forghníomhaithe airgeadais na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála sna tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn. I ndáil leis sin, cuirfear ar fáil na doiciméid airgeadais tacaíochta a bhaineann le forghníomhú buiséid na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála.

13.

Soláthrófar leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn an fhaisnéis uile a theastaíonn ón gComhchoiste chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le heisíoc thráthchodanna bliantúla na ranníocaíochta airgeadais ina dhiaidh sin le haghaidh na tacaíochta earnála.

14.

Cuirfidh na Séiséil tuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Chomhchoiste freisin, laistigh de 90 lá tar éis dhul in éag an Phrótacail seo, maidir le cur chun feidhme na tacaíochta earnála dá bhforáiltear leis an bPrótacal seo, sa bhreis ar an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar dhul chun cinn.

15.

I gcás inar gá, leanfaidh na Páirtithe d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na tacaíochta earnála tar éis don Phrótacal dul in éag nó tar éis é a chur ar fionraí. Déanfaidh siad aon fhaireachán den sórt sin i gcomhréir leis an bPrótacal seo.

16.

I gcás inar gá, féadfaidh an Comhchoiste a chomhaontú go ndéanfaidh na Séiséil meastóireacht neamhspleách sheachtrach a mhaoineofar leis an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí an chláir earnála ilbhliantúil faoi na téarmaí tagartha a fhormheasann an Comhchoiste.

17.

Féadfaidh comhlachtaí iniúchóireachta agus rialaithe gach Páirtí, lena n-áirítear Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, seiceálacha agus rialuithe a dhéanamh ar úsáid chistí na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála. Cuimseofar leis sin an ceart rochtana ar fhaisnéis, doiciméid, suíomhanna agus saoráidí is tairbhithe.

Critéir agus próiseas chun an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála a eisíoc, a chur ar fionraí agus a aisghabháil

18.

Íocfaidh an tAontas an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála leis na Séiséil i dtráthchodanna bliantúla.

19.

Íocfar ina hiomláine an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála don chéad bhliain de chur i bhfeidhm an Phrótacail seo tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don Chomhchoiste an clár earnála ilbhliantúil a ghlacadh.

20.

Ní íocfar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála don dara bliain de chur i bhfeidhm an Phrótacail seo ná do na blianta ina dhiaidh sin ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na ceithre choinníoll seo a leanas:

(a)

go gcuirtear i gcrích aon iniúchadh airgeadais neamhspleách seachtrach a chomhaontaigh an Comhchoiste agus a mhaoinítear leis an ranníocaíocht le haghaidh na tacaíochta earnála;

(b)

go sonraítear leis an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil maidir le forghníomhú buiséid forghníomhú airgeadais (1) agus rannpháirtíocht (2) 75 % ar a laghad den chistiú a fuarthas go dtí seo;

(c)

go mbeidh gníomhaíochtaí tacaíochta earnála á gcur chun feidhme i gcomhréir leis an gclár earnála ilbhliantúil; feidhmeoidh na táscairí a comhaontaíodh mar thagarmharc chun a chinneadh ar cuireadh gníomhaíocht chun feidhme nó an bhfuiltear á cur chun feidhme faoi láthair;

(d)

go bhfuil an chéad chlár tacaíochta earnála bliantúil eile formheasta ag an gComhchoiste, i gcomhréir leis an gclár earnála ilbhliantúil, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar chandam aon tráthchoda bliantúla a mhéadú atá coibhéiseach le dhá oiread shuim na méideanna bliantúla tacaíochta earnála a mhéadú.

21.

Forchoimeádann an tAontas an ceart chun eisíoc na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála a athbhreithniú nó a chur ar fionraí, go páirteach nó go hiomlán, má tá difríocht mhór idir na torthaí a fhaightear agus an clársceidealú tar éis na meastóireachta bliantúla ag an gComhchoiste nó i gcás nach gcuirtear an tacaíocht earnála chun feidhme de réir mar a chinneann an Comhchoiste.

22.

I gcás ina ndéanfaidh an tAontas athbhreithniú nó fionraí, atosófar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála tar éis comhairliúchán idir na Páirtithe agus tar éis chomhaontú an Chomhchoiste ar bhonn thorthaí chur chun feidhme an chlársceidealaithe ilbhliantúil a comhaontaíodh. Mar sin féin, ní fhéadfar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála a íoc tar éis don Phrótacal seo dul in éag.

23.

Déanfar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála a eisíoc i gcomhréir le córais bainistíochta airgeadais phoiblí na Séiséal. Is iad na Séiséil, agus iad sin amháin, a bheidh freagrach as bainistiú na n-acmhainní a aistreofar.

24.

Féadfaidh na Séiséil cómhaoiniú na ngníomhaíochtaí a leagtar amach faoin gclár earnála ilbhliantúil a éascú. Tuairisceoidh siad ar aon chómhaoiniú sna tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn.

25.

Féadfaidh an Coimisiún Eorpach tabhairt faoi nós imeachta aisghabhála i leith na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála a íoctar leis na Séiséil, i gcás nár cuireadh gníomhaíochtaí tacaíochta earnála chun feidhme, nár forghníomhaíodh iad, nár gealladh iad nó nár cuireadh chun feidhme iad i gcomhréir leis an bPrótacal seo agus i gcás nár tháinig an Comhchoiste ar chomhaontú chun na saincheisteanna sin a réiteach. Is mar seo a leanas a bheidh an nós imeachta aisghabhála:

(a)

tabharfaidh údarás inniúil an Aontais fógra foirmiúil d’údaráis inniúla na Séiséal go bhfuil sé beartaithe aige méid sonraithe a aisghabháil agus leagfaidh sé amach na cúiseanna atá aige lena aisghabháil. Beidh na Séiséil in ann barúlacha nó iarrataí ar shoiléiriú a chur isteach maidir leis an aisghabháil atá beartaithe laistigh de 30 lá ón dáta a gheofar an fógra;

(b)

tar éis aon aighneacht ó na Séiséil, rachaidh na Páirtithe i mbun caibidlíochta de mheon macánta chun aon díospóid nó easaontas maidir leis an aisghabháil atá beartaithe a réiteach agus chun teacht ar chomhaontú maidir le haon ghníomhaíocht feabhais nó amlíne shínte;

(c)

má chinneann an tAontas dul ar aghaidh leis an nós imeachta aisghabhála, tabharfaidh sé fógra do na Séiséil faoina chinneadh agus faoin mbunús atá leis; eiseoidh sé nóta dochair oifigiúil freisin, agus beidh an íocaíocht dlite laistigh de 30 lá; mura ndéanann na Séiséil íocaíocht faoin dáta dlite sonraithe, aisghabhfaidh an tAontas an méid a bheidh dlite trína fhritháireamh in aghaidh aon mhéid a bheidh dlite do na Séiséil ag an Aontas;

(d)

is i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe amháin, nó i gcás earráide, a fhéadfaidh an tAontas an méid nó sprioc-am na híocaíochta a mhodhnú nó aisghabháil a tharscaoileadh, ar choinníoll go mbeidh na modhnuithe sin comhsheasmhach le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus na comhréireachta; déanfar aon mhodhnú a dhéantar de bhun na forála seo a dhoiciméadú agus a chur in iúl do na Séiséil, mar aon leis an réasúnaíocht le haghaidh na n-athruithe sin.

Athbhreithniú ar an gclár tacaíochta earnála

26.

A luaithe a bheidh an clár earnála ilbhliantúil formheasta ag an gComhchoiste, ní fhéadfar aon leasú a bheartaítear air a mheas mura mbeidh údar cuí leis. Beidh formheas an Chomhchoiste ag teastáil le haghaidh leasuithe substaintiúla lena scriostar nó lena leasaítear na réimsí tosaíochta. Cuirfear tograí le haghaidh leasuithe substaintiúla den sórt sin faoi bhráid an Chomhchoiste i scríbhinn 30 lá ar a laghad sula dtiocfaidh sé le chéile.

27.

I gcásanna ina mbeadh athrú idir gníomhaíochtaí ó réimsí tosaíochta a sháraíonn 5 % den bhuiséad formheasta, féadfaidh an Comhchoiste, trí mhalartú litreacha, aontú leis na bearta ceartaitheacha atá le déanamh chun pleanáil na tacaíochta earnála a oiriúnú. Ní mór fógra a thabhairt don Aontas faoi athruithe suas le 5 %.

28.

I gcásanna ina mbeadh athrú laistigh de réimsí tosaíochta a sháraíonn 10 % den bhuiséad formheasta, féadfaidh an Comhchoiste, trí mhalartú litreacha, aontú leis na bearta ceartaitheacha atá le déanamh chun pleanáil na tacaíochta earnála a oiriúnú. Ní mór fógra a thabhairt don Aontas faoi athruithe suas le 10 %.

Infheictheacht an chláir tacaíochta earnála

29.

Áiritheoidh na Séiséil go mbeidh gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gclár tacaíochta earnála infheicthe agus go gcuirfear in iúl go hiomchuí iad agus tiocfaidh siad ar chomhaontú leis an Aontas maidir leis na modhanna infheictheachta agus cumarsáide. Déanfar buiséad tiomnaithe le haghaidh cumarsáide agus infheictheachta a leithdháileadh faoin gclár earnála ilbhliantúil.

30.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis na bealaí lena ndéanfar gníomhaíochtaí faoin gclár tacaíochta earnála infheicthe:

(a)

fógra poiblí faoi thionscadail agus gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh;

(b)

tuarascálacha teilifíse agus raidió chomh maith le preaseisiúintí maidir le tionscadail agus gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích;

(c)

tuarascálacha agus staidéir a cuireadh i gcrích a dháileadh go poiblí;

(d)

comharthaí infheictheachta an Aontais a úsáid ar threalamh agus ar shaoráidí a chistítear leis an tacaíocht earnála, de réir mar is iomchuí;

(e)

réamhfhógra réasúnta a thabhairt don Aontas maidir le rannpháirtíocht i searmanais oscailte, i gcomhdhálacha agus in imeachtaí eile;

(f)

cuairteanna comhpháirteacha ó ionadaithe na Séiséal agus an Aontais maidir le tionscadail agus gníomhaíochtaí allamuigh a chur chun feidhme.


(1)  Caiteachas iarbhír.

(2)  Cistí geallta le haghaidh gníomhaíochta (e.g. cistí conraithe) i gcás ina bhfuil íocaíocht fós le déanamh. Féadfar an ghníomhaíocht féin a bheith ag céimeanna éagsúla forghníomhaithe.

Foscríbhinn 7

Próiseáil sonraí pearsanta

Sainmhínithe

1.

Chun críocha na Foscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ aon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta a bhfuil a shonraí pearsanta á bpróiseáil;

(2)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le hábhar sonraí, go háirithe trí thagairt amhail ainm, uimhir aitheantais nó sonraí suímh;

(3)

ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(4)

ciallaíonn ‘údarás aistrithe’ an t-údarás poiblí a sheolann sonraí pearsanta;

(5)

ciallaíonn ‘údarás is faighteoir’ an t-údarás poiblí dá nochtar na sonraí pearsanta;

(6)

ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, caillteanas, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó go neamhdhleathach;

(7)

ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ rochtain neamhúdaraithe agus aisghabháil faisnéise pearsanta ag duine aonair, ag grúpa daoine nó ag córas bogearraí, nó sárú slándála as a dtagann díothú, caillteanas, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach;

(8)

ciallaíonn ‘aistriú ar aghaidh’ nuair a aistríonn páirtí is faighteoir sonraí pearsanta go heintiteas nach Páirtí sa Phrótacal seo é (‘tríú páirtí’);

(9)

ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Foscríbhinne seo, chun cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

Raon feidhme

2.

Is iad na daoine a mbaineann an Prótacal seo leo, go háirithe, daoine nádúrtha a bhfuil úinéireacht thairbhiúil acu ar shoithí de chuid an Aontais agus a ngníomhairí, a mbreathnóirí, a bpearsanra slándála agus a n-iascairí atá fostaithe ar bord soithí de chuid an Aontais a oibríonn faoin bPrótacal seo.

3.

Maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus an comhrac in aghaidh iascaireacht NNN, féadfar na sonraí seo a leanas a mhalartú agus a phróiseáil a thuilleadh:

(a)

sonraí aitheantais agus teagmhála an tsoithigh de chuid an Aontais;

(b)

gníomhaíochtaí soithigh de chuid an Aontais nó gníomhaíochtaí a bhaineann le soitheach de chuid an Aontais, a suíomh agus a cuid gluaiseachtaí, a gníomhaíocht iascaireachta nó a gníomhaíocht a bhaineann leis an iascaireacht, arna mbailiú trí sheiceálacha, trí iniúchtaí nó ag breathnóirí;

(c)

sonraí a bhaineann le húinéir/úinéirí an tsoithigh de chuid an Aontais nó lena ionadaí/n-ionadaí, amhail ainm, náisiúntacht, sonraí teagmhála gairmiúla agus cuntas bainc gairmiúil;

(d)

sonraí a bhaineann leis an ngníomhaire áitiúil, amhail ainm, náisiúntacht agus sonraí teagmhála gairmiúla;

(e)

sonraí a bhaineann leis na máistrí soithigh de chuid an Aontais agus le baill den chriú, amhail ainm, náisiúntacht, feidhm agus, i gcás an mháistir, sonraí teagmhála;

(f)

sonraí a bhaineann leis na hiascairí a thugtar ar bord, amhail ainm, sonraí teagmhála, oiliúint, deimhniú sláinte.

Údaráis fhreagracha

4.

I gcás an Aontais, is iad an Coimisiún Eorpach agus údarás an Bhallstáit brataí den Aontas na húdaráis atá freagrach as na sonraí a phróiseáil.

5.

Thar ceann na Séiséal, is é Údarás Iascaigh na Séiséal an t-údarás atá freagrach as sonraí a phróiseáil.

Cuspóir, teorannú agus íoslaghdú sonraí

6.

Beidh na sonraí pearsanta arna n-iarraidh agus arna n-aistriú faoin bPrótacal seo leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun an Prótacal seo a chur chun feidhme. Ní dhéanfaidh na Páirtithe sonraí pearsanta a mhalartú faoin bPrótacal seo ach amháin chun na gcríoch sonrach dleathach a leagtar amach sa Phrótacal seo.

7.

Ní dhéanfar na sonraí pearsanta a fhaightear a phróiseáil chun críoch eile seachas na críocha dá dtagraítear sa Phrótacal seo, é sin nó déanfar iad a anaithnidiú.

8.

Arna iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás is faighteoir an t-údarás aistrithe ar an eolas gan mhoill faoin úsáid a bhaintear as na sonraí pearsanta arna soláthar.

Cruinneas

9.

Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh na sonraí pearsanta a aistrítear faoin bPrótacal seo cruinn agus ábhartha agus go dtabharfar cothrom le dáta iad go tráthrialta de réir mar is gá ar bhonn na faisnéise atá ag an údarás aistrithe. Má thugann ceann de na Páirtithe faoi deara go bhfuil na sonraí pearsanta arna n-aistriú nó arna bhfáil míchruinn, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi sin gan mhoill agus déanfaidh sé iad a cheartú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

Teorannú stórála

10.

Ní choinneofar sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na críche dár malartaíodh iad. Coimeádfar iad ar feadh uastréimhse i gcomhréir le dlíthe ábhartha gach Páirtí.

Slándáil agus rúndacht sonraí

11.

Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áiritheofar a slándáil iomchuí, agus rioscaí sonracha a bhaineann leis an bpróiseáil á gcur san áireamh, lena n-áirítear rúndacht, cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chaillteanas timpisteach, díothú nó damáiste. Na húdaráis atá freagrach as an bpróiseáil, tabharfaidh siad aghaidh ar aon sárú i ndáil le sonraí agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun aon éifeacht dhiúltach fhéideartha a bhaineann leis na sáruithe sin i ndáil le sonraí pearsanta a leigheas agus chun na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige sin a mhaolú. Tabharfaidh an t-údarás is faighteoir fógra faoin sárú sin don údarás aistrithe a luaithe is féidir agus rachaidh an dá údarás i gcomhar le chéile de réir mar is gá agus go tráthúil ionas go mbeidh ar chumas gach Páirtí a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a eascraíonn as sárú i ndáil le sonraí pearsanta faoina chreat dlíthiúil náisiúnta.

12.

Geallann na Páirtithe bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Prótacal seo le próiseáil sonraí.

Ceartú nó léirscriosadh

13.

Áiritheoidh na húdaráis aistrithe go ndéanfaidh siad na bearta réasúnta uile chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh go pras, de réir mar is iomchuí, i gcás nach gcomhlíontar an Prótacal seo leis an bpróiseáil, i gcásanna nach bhfuil na sonraí leormhaith, ábhartha ná cruinn i ndáil le cuspóir na próiseála.

14.

Tabharfaidh na húdaráis aistrithe fógra do na húdaráis is faighteoir faoi aon cheartú nó léirscriosadh.

Trédhearcacht

15.

Áiritheoidh an tAontas go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas, trí bhíthin fógra aonair a thabhairt faoin bPrótacal seo agus tríd an bPrótacal seo a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin, faoi na cineálacha sonraí a aistreofar agus a phróiseálfar a thuilleadh, an bealach a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, an uirlis ábhartha arna húsáid le haghaidh an aistrithe, cuspóir na próiseála, tríú páirtithe nó catagóirí tríú páirtithe a bhféadfar an fhaisnéis a aistriú chucu a thuilleadh, na cearta aonair agus na sásraí atá ar fáil chun a gcearta a fheidhmiú agus sásamh a fháil agus na mionsonraí maidir leis an áit inar féidir leo imeachtaí a thionscnamh nó gearáin a dhéanamh.

Aistriú ar aghaidh

16.

Ní aistreoidh an t-údarás is faighteoir sonraí pearsanta a fhaightear faoin bPrótacal seo chuig tríú páirtí ach amháin má tá údar leis sin mar gheall ar chuspóir tábhachtach a bhaineann le leas an phobail agus má chomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo.

Cearta an ábhair sonraí pearsanta

17.

Tá rochtain ar shonraí pearsanta agus iarraidh ar cheartú agus ar scriosadh ar fáil don ábhar sonraí i gcomhréir le dlíthe ábhartha gach Páirtí.

Maoirseacht

18.

I gcás an Aontais, is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a dhéanfaidh maoirseacht ar chomhlíonadh na próiseála ar shonraí pearsanta, i gcás ina dtagann an phróiseáil faoi inniúlacht an Choimisiúin Eorpaigh, nó is iad na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí a dhéanfaidh maoirseacht, i gcás ina dtagann sí faoi inniúlacht an Bhallstáit brataí den Aontas.

19.

Thar ceann na Séiséal, is é Údarás Iascaigh na Séiséal an t-údarás atá freagrach.

20.

Is iad na húdaráis dá dtagraítear i míreanna 18 agus 19 den Fhoscríbhinn seo a phléifidh le gearáin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo agus a réiteoidh iad ar bhealach éifeachtach tráthúil.

21.

Féadfaidh ábhar sonraí sásamh a lorg as aon neamhchomhlíonadh i ndáil leis na coimircí a leagtar amach in Airteagal 11 den Phrótacal seo agus san Fhoscríbhinn seo a mhéid a cheadaítear sin le dlíthe ábhartha gach Páirtí.

Malartú faisnéise

22.

Coinneoidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoi aon ghearán a gheobhaidh siad maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin bPrótacal seo, lena n-áirítear réiteach na ngearán sin.

Athbhreithniú

23.

Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile faoi aon leasú ar a reachtaíocht a bhfuil tionchar aige ar phróiseáil sonraí pearsanta.

ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_prot/2026/1935/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)