European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1930

5.8.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1930 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Lúnasa 2026

maidir le cur chun feidhme beart coimirce déthaobhaí ar allmhairí táirgí cruach a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2026/1384 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar allmhairí iad de thionscnamh tíortha áirithe a bhfuil comhaontuithe saorthrádála tugtha i gcrích ag an Aontas leo

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2026/1384 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2026 chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha na ró-acmhainneachta domhanda a bhaineann le trádáil ar mhargadh cruach an Aontais agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 (1) (‘an Rialachán maidir le Cruach’), agus go háirithe Airteagal 6 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   CÚLRA

(1)

An 25 Meitheamh 2026, tháinig an Rialachán maidir le Cruach i bhfeidhm, lena n-osclaítear taraif-chuótaí de 18 345 922 thona i ndáil le táirgí cruach áirithe (‘an táirge lena mbaineann’), lena gcumhdaítear 26 chatagóir táirgí, agus lena leagtar síos dleacht lasmuigh den chuóta ag ráta 50 % ad valorem.

(2)

Sa Rialachán maidir le Cruach, déantar foráil maidir le creat comhleanúnach cuimsitheach a bhunú chun dul i ngleic le héifeachtaí diúltacha na ró-acmhainneachta domhanda a bhaineann le trádáil ar mhargadh cruach an Aontais.

(3)

An 29 Meitheamh 2026, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1457 (2) lena ndáiltear taraif-chuótaí arna n-oscailt faoin Rialachán maidir le Cruach.

(4)

Leis an Rialachán maidir le Cruach, tugtar de chumhacht don Choimisiún, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/287 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus i gcás inar féidir, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéantar bearta coimirce déthaobhaí a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Cruach, ar táirgí iad de thionscnamh na dtíortha sin a bhfuil comhaontú saorthrádála tugtha i gcrích ag an Aontas leo.

(5)

Thug an Coimisiún fógra don Eilvéis, don tSeirbia, don Mhacadóin Thuaidh, d’Iosrael, do Mharacó, don Túinéis, don Albáin, don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin an 22 Meitheamh 2026 agus an don Iordáin, agus don Tuirc an 30 Meitheamh, go bhféadfaidh sé bearta coimirce déthaobhaí iomchuí a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha is infheidhme maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Cruach.

(6)

Leis na comhaontuithe sin, ceadaítear bearta coimirce déthaobhaí sna himthosca áirithe sin.

(7)

Leis na comhaontuithe déthaobhacha is infheidhme le Maracó (4), leis an Iordáin (5), le hIosrael (6), leis an Túinéis (7) agus leis an Tuirc (8), ceadaítear bearta coimirce déthaobhaí a chur i bhfeidhm i gcás ina n-allmhairítear aon táirge sna cainníochtaí méadaithe sin agus faoi na coinníollacha sin is cúis le mórdhíobháil nó is baol a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do tháirgeoirí intíre a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha i gcríoch ceann de na páirtithe conarthacha nó le suaitheadh tromchúiseach in aon earnáil den gheilleagar.

(8)

Leis na comhaontuithe déthaobhacha is infheidhme leis an Albáin (9), leis an Macadóin Thuaidh (10), leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin (11) agus leis an tSeirbia (12), ceadaítear bearta coimirce déthaobhaí a chur i bhfeidhm i gcás ina n-allmhairítear aon táirge de chuid páirtí amháin isteach i gcríoch an pháirtí eile sna cainníochtaí méadaithe sin agus faoi na coinníollacha sin is cúis le mórdhíobháil nó is baol a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do tháirgeoirí intíre a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha i gcríoch an pháirtí chonarthaigh nó le suaitheadh tromchúiseach in aon earnáil den gheilleagar.

(9)

Leis na comhaontuithe déthaobhacha is infheidhme leis an Tuirc (13) agus leis an Eilvéis (14), ceadaítear bearta coimirce déthaobhaí a chur i bhfeidhm má thagann suaitheadh tromchúiseach chun cinn in aon earnáil den gheilleagar nó má thagann deacrachtaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le meath tromchúiseach ar staid eacnamaíoch réigiúin áirithe.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGÍ COMHCHOSÚLA NÓ TÁIRGÍ ATÁ IN IOMAÍOCHT DHÍREACH

(10)

Is é an táirge lena mbaineann táirgí cruach áirithe a bhaineann leis na 26 chatagóir táirgí a shainítear laistigh de raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le Cruach. Is ionann an raon feidhme sin agus raon feidhme Rialachán (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (15) (‘An Rialachán cinntitheach maidir le coimircí cruach’).

(11)

I Rialachán (AE) 2018/1013 ón gCoimisiún (16) (‘An Rialachán sealadach maidir le coimircí cruach’), chinn an Coimisiún go bhfuil na 26 chatagóir táirgí a tháirgeann táirgeoirí an Aontais cosúil leis an táirge lena mbaineann nó in iomaíocht dhíreach leis. Tá na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna ag na táirgí intíre agus allmhairithe araon. Freastalaíonn siad ar chuspóirí comhionanna agus tairgtear iad trí bhealaí díolacháin comhchosúla, nó comhionanna, do chustaiméirí a d’fhéadfadh iad a fháil ó sholáthróirí intíre agus eachtracha araon. Dá réir sin, tá leibhéal mór iomaíochta ann idir an táirge lena mbaineann agus an táirge a tháirgeann táirgeoirí de chuid an Aontais.

(12)

Chinn an Coimisiún freisin sa Rialachán sealadach maidir le coimircí cruach go bhfuil idirghaol tábhachtach agus iomaíocht láidir idir táirgí a aicmítear i gcatagóirí éagsúla táirgí agus freisin idir táirgí ag céimeanna táirgthe éagsúla laistigh de chatagóirí áirithe toisc go bhfuil an príomh-amhábhar nó an príomhábhar ionchuir i gcuid de na catagóirí chun táirgí eile a tháirgeadh i gcatagóirí eile táirgí. Mar thoradh air sin, i bhfianaise an leibhéil idirghaoil sin, is féidir brú iomaíoch a aistriú go héasca ó tháirge amháin go táirge eile.

3.   MÉADÚ AR ALLMHAIRÍ

(13)

Ar bhonn faisnéis ó Eurostat, rinne an Coimisiún anailís ar na cainníochtaí a allmhairíodh agus bhí sé in ann a shuí gur ann do mhéadú ar allmhairí an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse 2023-2025 (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). Go heisceachtúil, seachas a bheith ag brath ar thréimhse stairiúil níos faide, bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú ar an tréimhse 2023-2025, toisc nach raibh na blianta 2021 agus 2022 ionadaíoch ar ghnáthdhálaí an mhargaidh. Bhí tionchar suntasach ag an téarnamh eacnamaíoch tar éis COVID-19 ar shreafaí trádála le linn na mblianta sin, agus bhí forbairtí sa mhargadh á spreagadh den chuid is mó ag praghsanna thar a bheith ard agus ag téarnamh láidir san éileamh go dtí an dara leath de 2022.

(14)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí iomlána an táirge lena mbaineann:

Tábla 1

Allmhairí agus an sciar den mhargadh a bhaineann leo

Bliain

2023

2024

2025

Allmhairí (i dtonaí)

28 507 952

30 601 488

32 893 023

Innéacs 2023 = 100

100

107

115

Sciar den mhargadh a bhaineann le hallmhairí (%)

32

34

36

Foinse:

Eurostat

(15)

I dtéarmaí foriomlána, tháinig méadú 15 % ar allmhairí an táirge lena mbaineann i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse 2023-2025, agus tháinig méadú ar an sciar den mhargadh a bhain le hallmhairí ó 32 % go 36 %.

(16)

Rinne an Coimisiún measúnú freisin ar na treochtaí allmhairiúcháin aonair isteach san Aontas maidir leis an táirge lena mbaineann de thionscnamh na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Macadóine Thuaidh agus na Seirbia.

(17)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí an táirge lena mbaineann ó na tíortha sin:

Tábla 2

Allmhairí ón Albáin, ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ón Macadóin Thuaidh agus ón tSeirbia

Tír/Bliain

2023

2024

2025

Allmhairí ón Albáin (i dtonaí)

36 115

29 352

31 607

Innéacs 2023 = 100

100

81

88

Allmhairí ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin (i dtonaí)

94 803

61 567

76 160

Innéacs 2023 = 100

100

65

80

Allmhairí ón Macadóin Thuaidh (i dtonaí)

392 098

417 754

456 526

Innéacs 2023 = 100

100

107

116

Allmhairí ón tSeirbia (i dtonaí)

664 743

657 318

760 234

Innéacs 2023 = 100

100

99

114

Foinse:

Eurostat

(18)

Tháinig méadú 16 % de réir a chéile ar allmhairí ón Macadóin Thuaidh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 14 % ar allmhairí ón tSeirbia.

(19)

Idir 2024 agus 2025, tháinig méadú 8 % ar allmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na hAlbáine. Ós rud é gur luainigh allmhairí ón Albáin le linn na tréimhse faoi bhreathnú (2023–2025), mheas an Coimisiún gurbh iomchuí, ar bhonn eisceachtúil, a mheasúnú a chomhlánú trí scrúdú a dhéanamh ar threocht allmhairiúcháin níos fadtéarmaí. Cé gur tháinig laghdú ar allmhairí idir 2023 agus 2024, lean sé sin leibhéil arda allmhairí in 2023. Léirigh an anailís fhadtéarmach freisin gur shroich allmhairí leibhéil thar a bheith ard in 2022. Dheimhnigh sé freisin go bhfuil leibhéal reatha na n-allmhairí níos airde ná mar a bhí i ngach bliain seachas an bhuaicbhliain 2022 agus go bhfuil sé beagnach deich n-uaire níos airde ná na leibhéil a taifeadadh in 2019 agus 2020. Léiríonn na forbairtí sin gur ghéaraigh an brú allmhairiúcháin le linn na tréimhse is déanaí, d’ainneoin an laghdaithe shealadaigh a tugadh faoi deara idir 2023 agus 2024. Tráth a fhorchuirtear na bearta coimirce sin agus bunaithe ar an treocht allmhairiúcháin níos fadtéarmaí, tá an táirge lena mbaineann á allmhairiú i gcainníochtaí méadaithe.

(20)

Idir 2024 agus 2025, tháinig méadú 24 % ar allmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine. Ós rud é gur luainigh allmhairí ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin le linn na tréimhse faoi bhreathnú (2023–2025), mheas an Coimisiún gurbh iomchuí, ar bhonn eisceachtúil, a mheasúnú a chomhlánú trí scrúdú a dhéanamh ar threocht allmhairiúcháin níos fadtéarmaí. Léirigh an anailís sin gur tháinig laghdú ginearálta ar allmhairí le linn na tréimhse níos faide. Go háirithe, i gcomparáid leis na leibhéil a taifeadadh roimh 2020, tá laghdú suntasach tagtha ar allmhairí, d’ainneoin an mhéadaithe a tugadh faoi deara le déanaí idir 2024 agus 2025. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil an táirge lena mbaineann de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine á allmhairiú i gcainníochtaí méadaithe.

(21)

I bhfianaise na bhfigiúirí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an táirge lena mbaineann á allmhairiú i gcainníochtaí méadaithe, rud a chomhlíonann an coinníoll sin sna comhaontuithe déthaobhacha ábhartha leis an Albáin, Iosrael, an Iordáin, an Mhacadóin Thuaidh, Maracó, an tSeirbia, an Eilvéis, an Túinéis agus an Tuirc.

4.   STAID EACNAMAÍOCH THIONSCAL AN AONTAIS

(22)

Chun measúnú a dhéanamh ar staid eacnamaíoch thionscal cruach an Aontais, chuir an Coimisiún ceistneoirí chuig táirgeoirí cruach aitheanta de chuid an Aontais chun faisnéis a bhailiú maidir le táscairí díobhála áirithe i leith an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(23)

Fuair an Coimisiún freagraí ar an gceistneoir ó chomhaltaí de thrí chomhlachas tionscail aitheanta de chuid an Aontais (Eurofer, ESTA, CET). Chomhdhlúthaigh an Coimisiún na sonraí a fuarthas go díreach ó tháirgeoirí de chuid an Aontais ina n-aonar agus ansin rinne sé na freagraí ó chomhaltaí an chomhlachais a chumasc, rud a bhí mar bhonn don mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(24)

Léirítear éabhlóid na dtáscairí díobhála idir na blianta 2023 agus 2025 i dTábla 3 thíos:

Tábla 3

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, tomhaltas, díolacháin, sciar den mhargadh, brabúsacht agus fostaíocht

Tír/Bliain

2023

2024

2025

Méid táirgeachta (i dtonaí)

148 913 276

146 525 977

142 338 484

Innéacs 2023 = 100

100

98

96

Acmhainneacht táirgeachta (i dtonaí)

226 536 852

216 546 349

192 284 164

Innéacs 2023 = 100

100

96

85

Úsáid acmhainneachta (%)

66

68

74

Tomhaltas an Aontais (i dtonaí)

90 218 562

89 760 390

91 107 457

Innéacs 2023 = 100

100

99

101

Méid na ndíolachán intíre neamhchomhlachaithe (i dtonaí)

61 710 610

59 158 902

58 214 434

Innéacs 2023 = 100

100

96

94

Sciar den mhargadh intíre (%)

68

66

64

Brabúsacht intíre neamhchomhlachaithe (%)

0,43

1,35

-0,10

Innéacs 2023 = 100

100

99

101

Fostaíocht

145 073

118 230

120 056

Innéacs 2023 = 100

100

81

83

Foinse:

Freagraí ón tionscal ar an gceistneoir

(25)

Léirigh an méid táirgeachta treocht laghdaitheach leanúnach agus tháinig laghdú 4 % air idir 2023 agus 2025. Tháinig laghdú mór 15 % ar an acmhainneacht táirgeachta idir 2023 agus 2025 agus tháinig laghdú níos suntasaí fós uirthi idir 2024 agus 2025, nuair a tháinig laghdú 11 % uirthi. Tháinig méadú 8 % ar úsáid acmhainneachta idir 2023 agus 2025 mar gheall ar an gcaillteanas suntasach san acmhainneacht táirgeachta, ach tá sí fós ar leibhéal íseal atá neamh-inbhuanaithe.

(26)

Tháinig laghdú 6 % ar an méid díolachán le custaiméirí neamhchomhlachaithe intíre idir 2023 agus 2025. Ar an gcaoi chéanna, tháinig laghdú 4 % ar an sciar den mhargadh intíre idir 2023 agus 2025. Bhí díolacháin thionscal an Aontais leis na custaiméirí intíre neamhchomhlachaithe beagán brabúsach in 2023 agus 2024, ach d’éirigh siad neamhbhrabúsach in 2025.

(27)

Tháinig laghdú suntasach 17 % ar an bhfostaíocht idir 2023 agus 2025. Ar dtús tháinig méadú 19 % air idir 2023 agus 2024 agus ansin tháinig laghdú bog 2 % idir 2024 agus 2025.

(28)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, go bhfuil tionscal an Aontais thíos le mórdhíobháil de réir bhrí Airteagal 12 den Chonradh a tugadh i gcrích idir an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus Poblacht na Tuirce maidir le táirgí i dtáirgí a chumhdaítear leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, na Comhaontuithe Comhlachais le Maracó (17), leis an Túinéis (18), leis an Iordáin (19) agus le hIosrael (20), agus na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an Albáin (21), leis an Macadóin Thuaidh (22) agus leis an tSeirbia (23). Léirítear é sin go háirithe le laghdú ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, díolacháin, sciar den mhargadh, brabúsacht agus fostaíocht le linn na tréimhse lena mbaineann. Sna himthosca sin, thángthas ar an gconclúid freisin go bhfuil suaitheadh tromchúiseach san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 26 den Chomhaontú a tugadh i gcrích idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise in 1972 agus Airteagal 60 den Phrótacal Breise a síníodh an 23 Samhain 1970, atá i gceangal leis an gComhaontú lena mbunaítear an Comhlachas idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc.

5.   CÚISÍOCHT

(29)

Scrúdaigh an Coimisiún an ndearna na hallmhairí i gcainníochtaí méadaithe mórdhíobháil do tháirgeoirí an Aontais nó an ndearna siad suaitheadh tromchúiseach san earnáil cruach.

(30)

Meabhraítear go bhfuil an táirge a tháirgeann táirgeoirí an Aontais cosúil leis an táirge lena mbaineann nó in iomaíocht dhíreach leis. Tá na buntréithe céanna aige, na húsáidí céanna agus díoltar é trí bhealaí díolacháin comhchosúla nó comhionanna.

(31)

De réir na conclúide ar thángthas uirthi i Roinn 4, bhí tionscal an Aontais thíos le caillteanas díolachán intíre, táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, sciar den mhargadh agus fostaíocht laghdaithe, rud a d’fhág go raibh leibhéal diúltach brabúis neamh-inbhuanaithe ann. An tráth céanna, tháinig méadú suntasach ar allmhairí an táirge lena mbaineann agus baineadh sciartha den mhargadh a bhí i seilbh táirgeoirí de chuid an Aontais roimhe sin díobh. Ar an iomlán, d’fhás sciar den mhargadh na n-allmhairí ó 32 % go 36 %.

(32)

Shuigh an Coimisiún dá bhrí sin go bhfuil nasc cúisíoch idir allmhairí méadaithe an táirge lena mbaineann agus an mhórdhíobháil a bhain do tháirgeoirí an Aontais.

6.   CONCLÚID

(33)

I bhfianaise na hanailíse a leagtar amach thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha ábhartha. Léirigh an measúnú ar tháscairí eacnamaíocha ábhartha go ndearna na hallmhairí mórdhíobháil do tháirgeoirí intíre táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha, agus gur ann do shuaitheadh tromchúiseach san earnáil cruach. Ní hiad na hallmhairí sin amháin ba chúis leis an mórdhíobháil agus leis an suaitheadh sa mhargadh, ach is leor gur chuir siad leis an díobháil agus leis an suaitheadh mar aon leis na hallmhairí uile eile.

(34)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí an mhórdhíobháil agus an suaitheadh sa mhargadh a leigheas trí bhíthin bearta coimirce déthaobhaí maidir leis an táirge lena mbaineann.

(35)

Éilíonn leibhéal na dtaraifí san earnáil cruach i bpríomh-mhargaí eile go mbeadh bearta coimirce déthaobhaí den sórt sin i bhfoirm dleacht lasmuigh den chuóta ar ráta 50 % ad valorem. Ba cheart feidhm a bheith ag an dleacht 50 % ad valorem lasmuigh den chuóta ar ídiú na dtaraif-chuótaí arna ndáileadh faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1457, i bhfoirm cuótaí tírshonracha nó nuair is féidir leis na tíortha sin rochtain a fháil fós ar tharaif-chuótaí arna n-oscailt faoi iomaíocht.

(36)

Chinn an Coimisiún go gcuirfeadh an cineál birt sin ar chumas thionscal an Aontais a sciar den mhargadh agus a iomaíochas a fháil ar ais agus go gceadófaí leanúint d’allmhairí faoi na comhaontuithe déthaobhacha leis an suaitheadh is lú is féidir.

(37)

I bhfianaise an ghá atá lena áirithiú go gcuirfear coimircí déthaobhacha i bhfeidhm go pras chun cur chun feidhme éifeachtach cuimsitheach an Rialacháin maidir le Cruach a bhaint amach, ba cheart forálacha an Rialacháin seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe.

(38)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Bacainní Trádála,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Allmhairí na gcatagóirí táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2026/1384 isteach san Aontas, ar allmhairí iad de thionscnamh na hAlbáine, Iosrael, na hIordáine, Mharacó, na Macadóine Thuaidh, na Seirbia, na hEilvéise, na Túinéise agus na Tuirce, beidh siad faoi réir dleacht lasmuigh den chuóta ag ráta 50 % ad valorem trí bhíthin bearta coimirce déthaobhaí.

2.   Beidh feidhm ag an dleacht lasmuigh den chuóta a leagtar síos i mír 1 a luaithe a bheidh an taraif-chuóta arna oscailt faoin Rialachán (AE) 2026/1384, taraif-chuóta a dáileadh ar gach tír lena mbaineann i bhfoirm cuóta tírshonrach nó in iomaíocht le tíortha eile le haghaidh gach catagóire táirgí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1457.

Airteagal 2

1.   Cinnfear tionscnamh aon táirge a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm san Aontas maidir le tionscnamh neamhfhabhair mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

2.   Táirgí de thionscnamh an Aontais a bhfuil claochlú déanta orthu i dtríú tír ar chlaochlú é nach bhfuil athrú tionscnaimh mar thoradh air, beidh siad faoi réir na córa dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le táirgí de thionscnamh an tríú tír sin nuair a allmhairítear isteach san Aontas iad.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Lúnasa 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2026/1384, 24.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1384/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1457 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2026 maidir le dáileadh taraifchuótaí arna n-oscailt faoi Rialachán (AE) 2026/1384 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le trádáil ar mhargadh cruach an Aontais de dheasca na ró-acmhainneachta domhanda agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 (IO L, 2026/1457, 30.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1457/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2019/287 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Feabhra 2019 lena gcuirtear chun feidhme clásail choimirce dhéthaobhacha agus sásraí eile lenar féidir aistarraingt shealadach a dhéanamh ar na fabhair tharaife a bhaineann le comhaontuithe trádála áirithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha (IO L 53, 22.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/287/oj).

(4)  Airteagal 25 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó (IO L 70, 18.3.2000, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2000/204/oj).

(5)  Airteagal 24 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine (IO L 129, 15.5.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/357(1)/oj).

(6)  Airteagal 23 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael (IO L 147, 21.6.2000, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2000/384/oj).

(7)  Airteagal 25 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Túinéise (IO L 97, 30.3.1998, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1998/238/oj).

(8)  Airteagal 12 den Chomhaontú a tugadh i gcrích idir an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus Poblacht na Tuirce maidir le trádáil i dtáirgí a chumhdaítear leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (IO L 227, 7.9.1996, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1996/528/oj).

(9)  Airteagal 38 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile (IO L 107, 28.4.2009, lch. 166, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2009/332/oj).

(10)  Airteagal 37 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais a tugadh i gcrích idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine (IO L 84, 20.3.2004, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2004/239(2)/oj).

(11)  Airteagal 39 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (IO L 164, 30.6.2015, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2015/997/oj).

(12)  Airteagal 41 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (IO L 278, 18.10.2013, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2013/490/oj).

(13)  Airteagal 60 den Phrótacal Breise arna shíniú an 23 Samhain 1970, atá i gceangal leis an gComhaontú lena mbunaítear an Comhlachas idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc, a bhfuil feidhm aige freisin faoi Chinneadh Uimh. 1/95 ó Chomhairle Comhlachais CE-na Tuirce an 22 Nollaig 1995 maidir leis an gcéim dheireanach den Aontas Custaim a chur chun feidhme de bhua Airteagal 63 de.

(14)  Airteagal 26 den Chomhaontú a tugadh i gcrích idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise in 1972 (IO L 300, 31.12.1972, lch. 188, Eagrán Speisialta Béarla, Sraith I, Imleabhar 1972 (31.12) L 300, lch. 190, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1972/2840/oj).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha ar allmhairí táirgí cruach áirithe (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/159/oj).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1013 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2018 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha ar allmhairí táirgí cruach áirithe (IO L 181, 18.7.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1013/oj).

(17)  Airteagal 25 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó.

(18)  Airteagal 25 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Túinéise.

(19)  Airteagal 24 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine.

(20)  Airteagal 23 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael.

(21)  Airteagal 38 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile.

(22)  Airteagal 37 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais a tugadh i gcrích idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine.

(23)  Airteagal 41 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile.

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1930/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)