|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1911 |
4.8.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1911 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste Tréidliachta arna chur ar bun leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta i ndáil le Cinneadh Uimh. 1/2026 a bhaineann le leasuithe ar Fhoscríbhinní 1, 2, 3, 5, 6 agus 10 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 2002/309/CE, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002. |
|
(2) |
Faoi Airteagal 19(1) d’Iarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú, tá an Comhchoiste Tréidliachta arna chur ar bun leis an gComhaontú Talmhaíochta (‘an Comhchoiste Tréidliachta’) le breithniú a dhéanamh ar aon ábhar a thagann chun cinn i dtaca leis an Iarscríbhinn sin agus lena cur chun feidhme, agus tá sé freagrach freisin as na cúraimí dá bhforáiltear inti a dhéanamh. Le hAirteagal 19, mír 3, d’Iarscríbhinn 11, údaraítear an Comhchoiste Tréidliachta na foscríbhinní a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a leasú, go háirithe d’fhonn iad a oiriúnú agus a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, tá an Comhchoiste Tréidliachta le cinneadh a ghlacadh lena leasófar Foscríbhinní 1, 2, 3, 5, 6 agus 10 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(4) |
I gcás ina nglactar an cinneadh ón gComhchoiste Tréidliachta lena leasaítear Foscríbhinní 1, 2, 3, 5, 6 agus 10 d’Iarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú, beidh éifeachtaí dlíthiúla ann i leith an Aontais. |
|
(5) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaítear agus aisghairtear roinnt téacsanna atá ábhartha d’Iarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú. Rinneadh na bearta a bhaineann le rialacha sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i reachtaíocht na hEilvéise a mheasúnú agus aithnítear iad a bheith coibhéiseach le reachtaíocht an Aontais. Rinneadh an measúnú ar an gcoibhéis sin agus na gníomhartha dlí uile atá bunaithe ar reachtaíocht an Aontais a bhaineann le sláinte ainmhithe á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart gach tagairt do na bearta sláinte a bhaineann le sláinte ainmhithe i bhFoscríbhinní 1, 2, 3, 5, 6 agus 10 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
|
(6) |
Ag féachaint do choibhéis aitheanta na mbeart a bhaineann le sláinte ainmhithe, ba cheart an t-aitheantas do stádas saor ó ghalair a shimpliú chun dlús a chur leis agus, ar an gcaoi sin, bainistiú níor fearr ar ghalair trasteorann a chumasú. |
|
(7) |
I bhfianaise na bhforbairtí comhleanúnacha a bhaineann le hábhar sonraithe riosca agus le húsáid próitéine ainmhíche i mbeatha ainmhithe neamh-athchogantacha feirmshaothraithe, cé is moite d’ainmhithe fionnaidh, ba cheart na forálacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú, forálacha dá dtagraítear i bhFoscríbhinní 1 agus 6 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú, a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú. |
|
(8) |
Le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaítear agus aisghairtear roinnt téacsanna a bhfuil tábhacht ag baint leo maidir le hIarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429. Thairis sin, ón 1 Eanáir 2009 i leith, tá ceanglais an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar chun comhlíonadh rialacha sláinte ainmhithe a fhíorú ionchorpraithe ina reachtaíocht náisiúnta ag an Eilvéis, mar aon leis na forálacha uile arna nglacadh lena gcur chun feidhme i réimse an rialaithe ar allmhairí ó thríú tíortha isteach san Aontas Eorpach, rinne an Eilvéis iad a ionchorprú ina reachtaíocht náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart gach tagairt do rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh rialacha sláinte ainmhithe a fhíorú agus do rialuithe ar allmhairí ó thríú tíortha, a leagtar amach i bhFoscríbhinní 1, 2, 3, 5, 6 agus 10 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú, a leasú. |
|
(9) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (4), rinneadh roinnt gníomhartha a bhí ann roimhe seo a thabhairt le chéile, a chuíchóiriú agus a ionadú, ar gníomhartha iad lenar rialaíodh ar leithligh na hardáin TF éagsúla atá anois ina gcomhpháirteanna den chóras bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla (CBFRO). Chun comhar riaracháin idir na páirtithe a éascú agus chun malartuithe rianúil faisnéise maidir le rialuithe oifigiúla a ráthú idir an Coimisiún Eorpach, údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis inniúla na hEilvéise, ba cheart an Eilvéis a chomhtháthú go hiomlán i gcóras CBFRO. Ba cheart don Eilvéis pointe teagmhála a ainmniú chun na críche sin. Dá bhrí sin, ba cheart gach tagairt don chóras bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla i bhFoscríbhinní 1, 5, 6 agus 10 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
|
(10) |
Is bunchloch í úsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha chun dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (FSFM). Tá an Eilvéis agus an tAontas ag troid go gníomhach i gcoinne FSFM trí phleananna gníomhaíochta bunaithe ar an gcur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’. 1 Cuirfidh an Eilvéis na forálacha céanna i bhfeidhm agus atá in Airteagal 107 (cé is moite de mhír 6) i gcomhar le hAirteagal 37(5) de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha in ainmhithe táirgiúla, an toirmeasc ar úsáid ábhar frithmhiocróbach ainmnithe nó grúpaí ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil in ainmhithe táirgiúla, agus maidir le rialuithe ar allmhairiú ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha. Dá bhrí sin, féadfar trádáil in ainmhithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach a dhéanamh gan deimhniú oifigiúil lena bhfianaítear comhlíonadh na srianta ar úsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha go dtí an 1 Iúil 2028. Ba cheart na forálacha sin a chur le Foscríbhinní 2, 3, 5, 6 agus 10 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(11) |
Ós rud é go bhfuil sé beartaithe ag an Eilvéis nuashonrú níos substaintiúla a dhéanamh ar a reachtaíocht maidir le táirgí íocshláinte sna míonna amach romhainn, tá sé beartaithe ag na páirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim a thuairiscítear thuas faoin 1 Iúil 2028, an dáta a thiocfaidh deireadh léi. |
|
(12) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste Tréidliachta a bhunú i ndáil le Cinneadh Uimh. 1/2026 a bhaineann le leasuithe ar Fhoscríbhinní 1, 2, 3, 5, 6 agus 10 d’Iarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcéad chruinniú eile den Chomhchoiste Tréidliachta arna chur ar bun le hAirteagal 19(1) d’Iarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta i ndáil leis na leasuithe ar Fhoscríbhinní 1, 2, 3, 5, 6 agus 10 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann leis an gComhaontú, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste Tréidliachta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1 gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. HEYDON
(1) Cinneadh 2002/309/CE, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Comhar Eolaíoch agus sa Teicneolaíoch, an 4 Aibreán 2002 maidir le tabhairt i gcrích seacht gComhaontú le Cónaidhm na hEilvéise (IO L 114, 30.4.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/309/oj).
(2) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).
(3) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1715/oj).
(5) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1911/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)