European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1893

31.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1893 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Iúil 2026

lena gcuirtear ar fionraí bearta athchothromúcháin tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le táirgí áirithe a onnmhairítear ón Aontas chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Iúil 2025, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564 (2) lena ndéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí sonraithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘na Stáit Aontaithe’) isteach san Aontas agus maidir le srianta a chur i bhfeidhm ar onnmhairiú táirgí áirithe de thionscnamh an Aontais chuig na Stáit Aontaithe (‘na bearta athchothromúcháin’).

(2)

Bhí sé d’aidhm ag na bearta athchothromúcháin na bearta coimirce a fhrithchothromú i bhfoirm dleachtanna custaim breise a thug na Stáit Aontaithe isteach ar allmhairí táirgí áirithe cruach agus alúmanaim agus táirgí áirithe díorthacha cruach agus alúmanaim, feithiclí áirithe do phaisinéirí agus trucailí éadroma áirithe, páirteanna áirithe gluaisteán, cannaí beorach agus cannaí alúmanaim folmha áirithe, agus raon leathan táirgí talmhaíochta, iascaigh agus táirgí tionsclaíocha eile, de thionscnamh an Aontais, dá dtagraítear in aithrisí 1 go 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564.

(3)

An 27 Iúil 2025, tháinig an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar chomhaontú polaitiúil a mhéid a bhaineann lena gcaidreamh trádála, rud a deimhníodh ina dhiaidh sin leis an Ráiteas Comhpháirteach ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe an 21 Lúnasa 2025 (3) (‘an Ráiteas Comhpháirteach’). Rinneadh foráil sa chomhaontú polaitiúil, i measc nithe eile, maidir le faoiseamh taraife láithreach i gcás allmhairí ón Aontas chuig na Stáit Aontaithe. Mar thoradh air sin, rinne na Stáit Aontaithe taraifí áirithe is infheidhme maidir le hallmhairí ón Aontas a mhodhnú i gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach.

(4)

An 5 Lúnasa 2025, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1727 (4), lenar cuireadh na bearta athchothromúcháin ar fionraí ar feadh 6 mhí, ón 6 Lúnasa 2025. An 4 Feabhra 2026, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/295 (5), lenar cuireadh na bearta athchothromúcháin ar fionraí ar feadh 6 mhí bhreise, ón 7 Feabhra 2026.

(5)

An 25 Meitheamh 2026, ghlac an tAontas Rialacháin (AE) 2026/1455 (6) agus (AE) 2026/1461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena gcuirtear chun feidhme gealltanas an Aontais faoin Ráiteas Comhpháirteach dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe a laghdú.

(6)

I bhfianaise na bhforbairtí dá dtagraítear in aithrisí 3 go 5, agus chun a áirithiú go leanfar den Ráiteas Comhpháirteach a chur chun feidhme, ba cheart cur i bhfeidhm bhearta athchothromúcháin an Aontais a bheith ar fionraí i gcónaí. Dá réir sin, ní gá fógra i scríbhinn a chur chuig Comhairle na hEagraíochta Domhanda Trádála um Thrádáil Earraí faoi láthair a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na mbeart sin agus ba cheart cur isteach an fhógra sin a chur ar fionraí.

(7)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar fhionraí na mbeart athchothromúcháin. Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíocht bhreise a dhéanamh más gá déanamh amhlaidh chun leasanna an Aontais a chosaint.

(8)

Tá an Rialachán seo gan dochar do sheasamh an Aontais go bhfuil bearta coimirce na Stát Aontaithe fós ar neamhréir leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(9)

Chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag an bhfionraíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo ón 7 Lúnasa 2026, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Bacainní Trádála,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar cur i bhfeidhm Airteagail 1, 2 agus 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564 a chur ar fionraí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 7 Lúnasa 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 189, 27.6.2014, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/654/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2025 maidir le bearta athchothromúcháin tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus táirgí áirithe a onnmhairítear ón Aontas chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/724, (AE) 2018/886, (AE) 2020/502 agus (AE) 2025/778 (IO L, 2025/1564, 24.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1564/oj).

(3)  Ráiteas Comhpháirteach maidir le Creat idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i ndáil le Comhaontú maidir le Trádáil Chómhalartach, Chóir agus Chothrom an 21 Lúnasa 2025, https://policy.trade.ec.europa.eu/news/joint-statement-united-states-european-union-framework-agreement-reciprocal-fair-and-balanced-trade-2025-08-21_ga.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1727 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2025 lena gcuirtear ar fionraí bearta athchothromúcháin tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le táirgí áirithe a onnmhairítear ón Aontas chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564 (IO L, 2025/1727, 5.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1727/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/295 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2026 lena gcuirtear ar fionraí bearta athchothromúcháin tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le táirgí áirithe a onnmhairítear ón Aontas chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1564 (IO L, 2026/295, 5.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/295/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2026/1455 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2026 maidir le coigeartú dleachtanna custaim ar allmhairiú earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus maidir le tionscnamh taraif-chuótaí i ndáil le hallmhairí d’earraí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L, 2026/1455, 30.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1455/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2026/1461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2026 maidir le neamhchur i bhfeidhm dleachtanna custaim ar allmhairí earraí áirithe (IO L, 2026/1461, 30.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1461/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1893/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)