|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1885 |
30.7.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1885 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Iúil 2026
lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1). |
|
(2) |
An 29 Meán Fómhair 2025, tar éis na bearta sriantacha a bhaineann leis na Náisiúin Aontaithe a bheith ath-fhorchurtha ar an Iaráin, i gcomhréir le Rún 2231 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/1972 (2) lenar leasaíodh Cinneadh 2010/413/CBES chun bearta sriantacha uathrialacha uile an Aontais ar an Iaráin a cuireadh ar fionraí nó a foirceannadh faoin bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta a ath-fhorchur. |
|
(3) |
I bhfianaise na n-ábhar imní atá ann i gcónaí, chinn an Chomhairle duine amháin agus eintiteas amháin a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/413/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2025/1972 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine (IO L, 2025/1972, 29.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1972/oj)
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:
|
(1) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí núicléacha nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, fo-cheannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
|
(2) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí núicléacha nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1885/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)