|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1859 |
30.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1859 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2026
maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti táirín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh Canidae, Felidae, Mustelidae, éisc eite fheoiliteacha agus speicis uisceacha fheoiliteacha eile a athnuachan agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/722
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/722 ón gCoimisiún (2), údaraíodh táirín ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh Canidae, Felidae, Mustelidae agus éisc fheoiliteacha. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú ullmhóide arb é atá inti táirín mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh Canidae, Felidae, Mustelidae agus éisc fheoiliteacha, agus chun úsáid nua a údarú in éanlaith chlóis agus i speicis mhucúla, inar iarradh go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. Tharraing an t-iarratasóir siar an t-iarratas ina dhiaidh sin maidir le héanlaith chlóis agus speicis mhucúla. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 24 Meitheamh 2025 (3) gur sholáthair an t-iarratasóir fianaise go bhfuil an ullmhóid arb é atá inti táirín fós sábháilte le haghaidh Canidae, Felidae, Mustelidae, éisc fheoiliteacha, agus le haghaidh na dtomhaltóirí agus an chomhshaoil faoi na coinníollacha a údaraítear faoi láthair. Thug an t-údarás le fios go bhfuil leibhéil táirín 0,05 % – 0,25 % i mbeatha iomlán sábháilte do chait, agus lamháil sábháilteachta idir 4 agus 20 i gceist. Ar bhonn an tacair theoranta sonraí atá ar fáil ón litríocht maidir le héisc eite fheoiliteacha, measadh go bhfuil leibhéil idir 2,0 % agus 2,5 % sábháilte. I gcás na speiceas eile, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go nglactar le leibhéil táirín suas le 0,2 % i mbeatha iomlán, ach níorbh fhéidir lamháil sábháilteachta a sholáthar. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin gur greannaitheoir craicinn agus súl é táirín, agus gur íogróir craicinn agus riospráide é. Meastar go bhfuil riosca ag baint le haon nochtadh don tsubstaint sin. Luaigh an tÚdarás nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan an údaraithe togra maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú ná a fhorlíonadh, ar togra é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin. Dá bhrí sin, tháinig sé ar an gconclúid freisin nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhreiseáin i gcomhthéacs na hathnuachana ar an údarú. Mheas an tÚdarás nach bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar tháirín mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, ba é meas na Saotharlainne Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), níl gá leis an tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha dá bhrí sin. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid arb é atá inti táirín na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Measann an Coimisiún nárbh fhéidir lamháil sábháilteachta a sholáthar i gcás Canidae, Mustelidae, éisc eite fheoiliteacha agus speicis uisceacha fheoiliteacha eile, seachas mamaigh, agus dá bhrí sin is gá uaschion a shocrú le haghaidh na speiceas sin. Ós rud é nach féidir rialú éifeachtach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an t-uaschion nuair a úsáidtear an breiseán go comhuaineach in uisce agus i mbeatha, níor cheart a úsáid in uisce a cheadú ach amháin i gcás Felidae. I ndáil leis na speicis agus na catagóirí ainmhithe, measann an Coimisiún gur cumhdaíodh leis an údarú roimhe seo, faoin téarma cineálach ‘iasc,’ gach speiceas uisceach, seachas mamaigh. Tá staidéir ann ar speicis éagsúla crústach agus moileasc a n-éilítear táirín ina leith agus níl aon riosca ag baint le táirín a údarú i gcás na speiceas sin (5). Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(7) |
Mar thoradh ar údarú na hullmhóide táirín a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/722 a aisghairm. |
|
(8) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/722 foráiltear go gceadaítear táirín a chur ar an margadh agus a úsáid mar bhreiseán atá comhdhéanta d’ullmhóid, ach go hearráideach níor sonraíodh comhdhéanamh na hullmhóide sin i dtéarmaí an údaraithe. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tuairisc níos cruinne ar tháirín a údaraítear mar ullmhóid ag tiúchaintí 97 %, trí chomhdhéanamh an bhreiseáin a údaraítear mar ullmhóid a shonrú. Ina theannta sin, ós rud é go leagtar amach uaschion an bhreiseáin le haghaidh Canidae, Mustelidae agus éisc eite fheoiliteacha agus speicis uisceacha fheoiliteacha eile, seachas mamaigh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Údarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu’, athnuaitear é faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/722.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe táirín, mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/722 agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu atá beartaithe le haghaidh Canidae, Felidae, Mustelidae agus éisc fheoiliteacha, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Feabhra 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Lúnasa 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Lúnasa 2028 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/722 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2015 maidir le húdarú táirín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh Canidae, Felidae, Mustelidae agus éisc fheoiliteacha (IO L 115, 6.5.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/722/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9540. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9540.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
(5) Éifeachtaí an táirín chothúcháin ar fhás, ar imdhíonacht inbheirthe, ar airíonna frith-ocsaídiúcháin agus ar imdhíonacht stéige i bportán miotógach Eriocheir sinensis na Síne. Fish Shellfish Immunol. 2018 Nov:82:212-219. doi: 10.1016/j.fsi.2018.08.029. Epub 2018 Aug 18;
Éifeacht táirín ar fhás agus ar fhreagairt imdhíonachta shéacla bán an Aigéin Chiúin (Litopenaeus vannamei) saothraithe ag teochtaí éagsúla. Aquaculture, Imleabhar 594, an 15 Eanáir 2025, 741393. https://doi.org/10.1016/j.aquaculture.2024.741393;
Cuirtear téarnamh tapa breallach (Ruditapes philippinarum) chun cinn nuair a nochtar iad do tháirín san aer, toisc go ngníomhachtaítear an conair ghlútaitióin agus toisc go gcuirtear cosc ar apaptóis. Aquaculture Reports, Imleabhar 42, an 15 Iúil 2025, 102845. https://doi.org/10.1016/j.aqrep.2025.102845.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu |
||||||||||||||||||
|
3a370 |
Táirín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid táirín ina bhfuil íoschion 97 % táirín. Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Táirín C2H7NO3S Uimhir CAS: 107-35-7 Íonacht: íoschion 98 % Táirín, foirm sholadach, arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach Modh anailíse (1) Maidir le táirín sa bhreiseán beathaithe a chinneadh: crómatagrafaíocht malartaithe ian le díorthúchán ninhidrine iarcholúin (Ph. Eur. 2.2.56 Modh 1). Maidir le táirín i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chinneadh: crómatagrafaíocht malartaithe ian nasctha le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS) nó leachtchrómatagrafaíocht ardfheidhmíochta phas-aisiompaithe le díorthúchán iarcholúin agus brath fluaraiseachta (AOAC 999.12). Maidir le táirín in uisce óil a chinneadh: crómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta nasctha le brath UV nó fluaraiseachta (CLAF-UV/BF). |
Felidae |
- |
- |
- |
|
an 19 Lúnasa 2036 |
||||||||||
|
Canidae |
- |
- |
2 000 |
|||||||||||||||
|
Mustelidae |
- |
- |
2 000 |
|||||||||||||||
|
Éisc eite feoiliteacha Speicis uisceacha fheoiliteacha eile, seachas mamaigh |
- |
- |
25 000 |
|||||||||||||||
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. |
||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1859/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)