|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1838 |
27.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1838 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Iúil 2026
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 46(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 23 Márta 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 267/2012. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle (2), ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis an triúr a ainmnítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaint den Iarscríbhinn sin. Ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis eile a ainmnítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a choinneáil ar bun, agus ba cheart iontráil amháin a bhaineann le heintiteas atá inti a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) IO L 88, 24.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/267/oj.
(2) Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/413/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 267/2012 mar a leanas:
|
(1) |
faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí núicléacha nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, fo-cheannteideal ‘B. Eintitis’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 92:
|
|
(2) |
faoin gceannteideal ‘II. Iranian Revolutionary Guard Corps (IRGC)’, faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine’, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1838/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)