European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1825

30.7.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1825 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Iúil 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD), le huasleibhéil na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD agus le huasleibhéil na n-eistear aigéid shailligh ghlicidile i mbianna áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (2) leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia.

(2)

An 3 Márta 2016, ghlac Painéal maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM) de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) tuairim eolaíoch maidir leis na rioscaí do shláinte an duine a bhaineann le láithreacht 3- agus 2-monaclóraprópáindé-ól (MCPD) agus a n-eistir aigéid shailligh agus eistir aigéid shailligh ghlicidile i mbia (3). An 21 Samhain 2017, ghlac an Painéal maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra tuairim eolaíoch ar uasdátú ar mheasúnú a rinne siad maidir leis na rioscaí do shláinte an duine a bhaineann le láithreacht 3-monaclóraprópáindé-ól (‘3-MCPD’) agus a n-eistir aigéid shailligh i mbia (4). Tháinig an Painéal maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra ar an gconclúid gur ábhar imní do shláinte an duine é láithreacht na n-eistear glicidile i mbia agus gur ábhar imní é láithreacht 3-MCPD agus a eistir aigéid shailligh i gcásanna áirithe nochta agus i ngrúpaí daonra áirithe.

(3)

Le Rialachán (AE) 2023/915, suíodh uasleibhéil le haghaidh eistir aigéid shailligh arna sloinneadh mar ghlicidiól, agus le haghaidh shuim 3-MCPD agus eistir aigéid shailligh 3-MCPD arna sloinneadh mar 3-MCPD, i ndáil le holaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí. I bhfianaise an ábhair imní a bhaineann le sláinte naíonán agus leanaí óga, suíodh leis an Rialachán sin uasleibhéil in ndáil le bainne foirmle leantach do naíonáin agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga agus bainne foirmle do leanaí óga freisin.

(4)

Suíodh leibhéal sonrach atá níos ísle i ndáil le holaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí atá beartaithe chun bia do naíonáin agus bia próiseáilte gránachbhunaithe do naíonáin agus do leanaí óga a tháirgeadh. Níor suíodh uasleibhéil le haghaidh shuim 3-MCPD agus eistear aigéid shailligh 3-MCPD i ndáil le bia do naíonáin agus bia próiseáilte gránachbhunaithe do naíonáin agus do leanaí óga faoi Rialachán (AE) 2023/915 de dheasca na heaspa sonraí ag tráth a ghlactha.

(5)

Idir an dá linn, tá na sonraí faoi eistir aigéid shailligh ghlicidile, 3-MCPD agus eistir aigéid shailligh 3-MCPD i mbia do naíonáin agus i mbia próiseáilte gránachbhunaithe do naíonáin agus leanaí óga ar fáil anois. Tá sé iomchuí mar sin uasleibhéil a shuí sna bianna sin ar bhonn na sonraí sin. Sa bhreis air sin, ba cheart na huasleibhéil a ísliú i ndáil le holaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile atá beartaithe chun bia do naíonáin agus leanaí óga d’fhonn comhleanúnachas leis na huasleibhéil i mbia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga trí chion tipiciúil ola plandúla na mbianna sin a chur san áireamh.

(6)

Fuarthas leibhéil arda eistear aigéid shailligh agus leibhéil arda i suim na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD agus 3-MCPD i gcomhbhia ina bhfuil olaí plandúla agus bhí sé deacair a mheas an gcomhlíonann siad Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/915. Tá sé riachtanach mar sin, d’fhonn forfheidhmiú éifeachtach a chinntiú, forálacha sa bhreis a shuí a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme uasleibhéil na n-eistear aigéid shailligh agus uasleibhéil shuim 3-MCPD agus eistear aigéid shailligh 3-MCPD i gcomhbhia ina bhfuil olaí plandúla. Tá fianaise ann go dtarlaíonn breis-éilliú nuair a fhriochtar iasc agus feoil atá brataithe le 3-MCPD agus eistir aigéid shailligh 3-MCPD ach ní fios go fóill cad iad na fachtóirí as a n-eascraíonn an breis-éilliú sin. Toisc go bhfuil sé riachtanach na fachtóirí sin a shainaithint chun dea-chleachtais a chur i bhfeidhm chun an t-éilliú sin a mhaolú agus chun uasleibhéil chuí a shuí, ag leibhéil a bheidh chomh híseal agus réasúnta agus is féidir, do 3-MCPD agus eistir aigéid shailligh 3-MCPD sna bianna sin, níor chóir uasleibhéil a shuí a mhéid a bhaineann le bianna atá fós le sainaithint faoi na fachtóirí sin, rud nach bhfuil coinne leis roimh 2027.

(7)

Bhí éiginnteacht ann maidir le cé acu uasleibhéal eistear aigéid shailligh 3-MCPD agus 3-MCPD atá infheidhme d’ola olóige scagtha. Tá sé iomchuí mar sin a shoiléiriú sna tráchtanna maidir leis na huasleibhéil do na holaí agus saillte plandúla eile, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile, go bhfuil an t-uasleibhéal infheidhme d’ola olóige scagtha freisin.

(8)

D’fhonn láithreacht na n-eistear aigéid shailligh a rialú, úsáidtear modhanna indíreacha anailíse go forleathan i saotharlanna rialaithe oifigiúla. Fuarthas amach i dtaighde le déanaí go gcinntear eistir aigéid shailligh 3-monabrómapróipáindé-ól (3-MBPD) agus eistir aigéid shailligh 3-mona-iadaprópáindé-ól (3-MIPD) in éineacht le heistir ghlicidile mar gheall ar thiontuithe anailíseacha, go háirithe i gcás na n-olaí muirí, le húsáid na modhanna indíreacha sin. Tá sé iomchuí, mar sin, go bhforálfar go gcuimseoidh uasleibhéil na n-eistear glicidile na comhábhair 3-MBPD agus 3-MIPD.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/915 a leasú dá réir sin.

(10)

D’fhonn oibreoirí eacnamaíocha a chumasú chun iad féin a ullmhú do na huasleibhéil nua i mbia do naíonáin agus i mbia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga agus don uasleibhéal íslithe in olaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile atá beartaithe don táirgeadh de bhia do naíonáin agus leanaí óga agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga, tá sé iomchuí amscála réasúnta a leagan amach go dtí go mbeidh feidhm ag na huasleibhéil nua.

(11)

Agus seilfré fhada earraí bia do naíonáin agus i mbia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga á cur san áireamh, tá sé iomchuí go gceadaítear na bianna sin a choinneáil ar an margadh má cuireadh iad ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm uasleibhéil na mbianna sin.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 10(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘Féadfar bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh na dátaí dá dtagraítear i bpointe (a) go (r) a choinneáil ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga:’;

(b)

cuirtear pointe (r) a leanas leis:

‘(r)

1 Eanáir 2027, a mhéid a bhaineann le huasleibhéil shuim na n-eistear aigéid shailligh 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD, arna sloinneadh mar 3-MCPD a leagtar amach i bpointí 5.3.2 agus 5.3.4 in Iarscríbhinn I agus maidir le huasleibhéil na n-eistear aigéid shailligh ghlicidile a leagtar amach i bpointí 5.4.2 agus 5.4.4 in Iarscríbhinn I’;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 37, 13.2.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1993/315/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/915/oj).

(3)  Tuairim eolaíoch maidir leis na rioscaí do shláinte an duine a bhaineann le láithreacht 3- agus 2-monaclóraprópáindé-ól (MCPD) agus a n-eistir aigéid shailligh agus eistir aigéid shailligh ghlicidile i mbia. EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(5): 4426 lch. 159, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2016.4426.

(4)  Scientific Opinion on the update of the risk assessment on 3-monochloropropanediol and its fatty acid esters [Tuairim Eolaíoch maidir leis an nuashonrú ar an measúnú riosca ar 3-monaclóraprópáindé-ól, agus a eistir aigéid shailligh]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(1):5083, lch 48, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2018.5083.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I, roinn 5 de Rialachán (AE) 2023/915, fo-ranna 5.3, in ionad ‘Suim na n-eistear aigéid shailligh 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD, arna sloinneadh mar 3-MCPD’ agus 5.4 ‘Eistir aigéid shailligh ghlicidile, arna sloinneadh mar ghliciodól’, cuirtear an méid seo a leanas:

5.3

Suim na n-eistear aigéid shailligh 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus 3-MCPD, arna sloinneadh mar 3-MCPD

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

 

Maidir le suim na n-eistear aigéid shailligh 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus 3-MCPD, tagraíonn na huasleibhéil do thiúchan cuimse íochtair, a ríomhtar ar an toimhde go bhfuil na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe nialas.

5.3.1

Olaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile seachas táirgí a liostaítear in 5.3.2 a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó atá le húsáid mar chomhábhar i mbia a thagann faoi na catagóirí seo a leanas:

 

Seachas olaí olóige íona (7).

5.3.1.1

olaí agus saillte ó chnó cócó, arbhar Indiach, ráibe, lus na gréine, pónaire soighe, eithne phailme agus olaí olóige (atá comhdhéanta d’ola olóige scagtha agus d’ola olóige íon) (7). agus meascáin d’olaí agus de shaillte le holaí agus le saillte amháin ón gcatagóir seo

1 250

Seachas olaí olóige íona (7).

5.3.1.2

olaí agus saillte plandúla eile, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile agus meascáin d’olaí agus de shaillte le holaí agus de shaillte amháin ón gcatagóir seo

2 500

Lena n-áirítear ola olóige scagtha (7) agus olaí olóige prabhaite (7).

5.3.1.3

meascáin d’olaí agus de shaillte ó tháirgí a liostaítear in 5.3.1.1 agus 5.3.1.2

Comhlíonfaidh na holaí agus na saillte a úsáidfear mar chomhábhar don mheascán an t-uasleibhéal a bhunófar le haghaidh na hola agus na saille. Dá bhrí sin, ní rachaidh leibhéal shuim na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD agus 3-MCPD, arna sloinneadh mar 3-MCPD sa mheascán, thar an leibhéal arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (c).

I gcás nach eol comhdhéanamh cainníochtúil an mheascáin don údarás inniúil ná don oibreoir gnó bia nach dtáirgeann an meascán é féin, ní rachaidh leibhéal shuim na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD agus 3-MCPD, arna sloinneadh mar 3-MCPD sa mheascán thar 2 500 μg/kg in aon chás.

5.3.2

Olaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile atá beartaithe chun bia do naíonáin agus bia próiseáilte gránachbhunaithe do naíonáin agus do leanaí óga a tháirgeadh (3)

750

500 ón 1 Eanáir 2027

Nuair is meascán d’olaí nó de shaillte éagsúla den bhunús céanna nó de bhunús luibheolaíoch éagsúil atá sa táirge, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meascán. Olaí agus saillte arna n-úsáid mar chomhábhar sa mheascán, comhlíonfaidh siad an t-uasleibhéal arna shuí do na holaí agus na saillte i bpointe 5.3.1.

5.3.3

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.3.3.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar

80

 

5.3.3.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht

12

 

5.3.4.

Bia do naíonáin (3)

Bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga (3)

50

ón 1 Eanáir 2027

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.3.5

Comhbhia ina bhfuil leibhéal saille níos mó ná 5 % agus ina bhfuil olaí agus saillte plandúla agus/nó olaí éisc agus/nó olaí ó orgánaigh mhuirí eile a chuirtear ar an margadh seachas

táirgí a liostaítear in 5.3 3 agus 5.3.4.

iasc réamhfhriochta, agus feoil agus iasc atá brataithe agus friochta

 

Tagraíonn na huasleibhéil don chion saille.

Beidh an cion saille mar a dhearbhaítear é ar an lipéad nó i gcás nach bhfuil an cion saille lipéadaithe ar fáil, mar a dhíorthaítear é don anailís.

5.3.5.1.

Ina bhfuil na holaí agus saillte a liostaítear in 5.3.1.1 agus iad siúd amháin.

1 250 μg/kg saille

 

5.3.5.2.

Ina bhfuil na holaí agus saillte a liostaítear in 5.3.1.2 agus iad siúd amháin.

2 500 μg/kg saille

 

5.3.5.3.

Ina bhfuil na holaí agus saillte a liostaítear in 5.3.1.3.

 

Comhlíonfaidh na holaí agus na saillte a úsáidfear mar chomhábhar don mheascán an t-uasleibhéal a bhunófar le haghaidh na n-olaí agus na saillte. Dá bhrí sin, ní rachaidh leibhéal shuim na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD agus 3-MCPD, arna sloinneadh mar 3-MCPD sa mheascán, thar an leibhéal arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (c).

I gcás nach eol comhdhéanamh cainníochtúil an mheascáin don údarás inniúil ná don oibreoir gnó bia nach dtáirgeann an meascán é féin, ní rachaidh leibhéal shuim na n-eistear aigéid shailligh 3-MCPD agus 3-MCPD, arna sloinneadh mar 3-MCPD sa mheascán thar 2 500 μg/kg in aon chás.


5.4

Eistir aigéid shailligh ghlicidile, arna sloinneadh mar ghliciodól

Uasleibhéal (μg/kg)

Tráchtanna

 

 

Tagraíonn an t-uasleibhéal do shuim na n-eistear glicidile, 3-MBPD na n-eistear aigéid shailligh agus na n-eistear aigéid shailligh 3-MIPD.

I gcás ina n-úsáidtear modh díreach chun na heistir ghlicidile a chinneadh i ndáil le suimeanna na n-eistear glicidile, na n-eistear aigéid shailligh 3-MBPD agus na n-eistear aigéid shailligh 3-MIPD, tagraíonn na huasleibhéil do thiúchaintí cuimse íochtair a ríomhtar ar an toimhde go bhfuil na luachanna go léir faoi bhun na teorann cainníochtaithe nialas.

5.4.1

Olaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh nó atá le húsáid mar chomhábhar i mbia seachas táirgí a liostaítear in 5.4.2

1 000

Seachas olaí olóige íona (7).

5.4.2

Olaí agus saillte plandúla, olaí éisc agus olaí ó orgánaigh mhuirí eile atá beartaithe chun bia do naíonáin agus bia próiseáilte gránachbhunaithe do naíonáin agus do leanaí óga (3)

500

250 ón 1 Eanáir 2027

Nuair is meascán d’olaí nó de shaillte éagsúla den bhunús céanna nó de bhunús luibheolaíoch éagsúil atá sa táirge, beidh feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an meascán.

Olaí agus saillte arna n-úsáid mar chomhábhar sa mheascán, comhlíonfaidh siad an t-uasleibhéal arna shuí do na holaí agus na saillte i bpointe 5.4.1.

5.4.3

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga (3) agus bainne foirmle do leanaí óga (4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.4.3.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar

50

 

5.4.3.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht

6,0

 

5.4.4

Bia do naíonáin (3)

Bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga (3)

25

Ón 1 Eanáir 2027

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.4.5

Comhbhia ina bhfuil leibhéal saille níos mó ná 5 % agus ina bhfuil olaí agus saillte plandúla agus/nó olaí éisc agus/nó olaí ó orgánaigh mhuirí eile a chuirtear ar an margadh seachas táirgí a liostaítear in 5.4.3 agus in 5.4.4.

1 000 μg/kg saille

Tagraíonn an t-uasleibhéal don chion saille.

Beidh an cion saille mar a dhearbhaítear sin ar an lipéad nó i gcás nach bhfuil an cion saille lipéadaithe ar fáil, mar a dhíorthaítear é don anailís.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1825/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)