|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1824 |
29.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1824 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Iúil 2026
lena ndéantar allmhairí lísín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chur faoi réir a gcláraithe ionas go mbeifí in ann dleachtanna frithdhumpála a thobhach ar na hallmhairí a chuirtear faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’) agus go háirithe Airteagal 14(5) de, i gcomhar le hAirteagal 12(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 30 Aibreán 2026, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí lísín isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí sin tar éis iarraidh a chuir táirgeoir de chuid an Aontais isteach an 20 Márta 2026 a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais i lísín aige. |
|
(3) |
Is é is aidhm don imscrúdú ionsúcháin a shuí maidir leis na bearta frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1330 (3) ón gCoimisiún ar allmhairí lísín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, an raibh tionchar ag na bearta sin ar phraghsanna onnmhairiúcháin, ar phraghsanna athdhíola nó ar phraghsanna díola ina dhiaidh sin san Aontas. |
1. AN TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE
|
(4) |
Is é atá sa táirge faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’), lisín agus a eistir, agus salainn díobh sin, agus breiseáin bheathaithe, ina bhfuil, ar bhonn meáchan tirim, cion 68 % nó níos mó ach nach mó ná 80 % de shulfáit L-lisín, agus cion nach mó ná 32 % de chomhpháirteanna eile amhail carbaihiodráití agus aimíonaigéid eile ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad. Is é 657-27-2 uimhir chláraithe Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) le haghaidh hidreaclóiríd L-lísín, is é 56-87-1 an uimhir CAS le haghaidh an tuaslagáin uiscí de lísín, agus is iad 60343-69-3 agus 94195-18-3 na huimhreacha CAS le haghaidh sulfáit lísín |
2. CLÁRÚ
|
(5) |
Faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036 (‘an bun-Rialachán’), i dtaca le hAirteagal 12(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe, i gcás ina mbeidh athscrúdú ar ghnáthluachanna i gceist le hath-imscrúdú ionsúcháin. Chuir ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh san imscrúdú thuasluaite iarraidh isteach, an 15 Meitheamh 2026, ar athríomh an ghnáthluacha agus é cuí-réasúnaithe le fianaise. |
|
(6) |
Is é is cuspóir don chlárú a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála, más ann dóibh, a thobhach go cúlghabhálach ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, má chomhlíontar na coinníollacha is gá. |
|
(7) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena dtugtar i gcrích an imscrúdaithe ionsúcháin. |
|
(8) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe ionsúcháin a thiocfadh sé. |
|
(9) |
De réir na ríomhanna a sholáthraítear san iarraidh ar an imscrúdú frithdhumpála a athoscailt, meastar gur tháinig méadú ar na corrlaigh dhumpála ó 53,1 % sa tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh (an 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023) go 88,4 % sa tréimhse lena mbaineann an t-imscrúdú ionsúcháin ón 1 Aibreán 2025 go dtí an 31 Márta 2026. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) den bhun-Rialachán, ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála a fhorchuirfear mar thoradh ar an imscrúdú ionsúcháin níos mó ná dhá oiread na dleachta a forchuireadh ar dtús. |
|
(10) |
Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear san iarraidh agus ní féidir aon choinne a bheith ann, bunaithe ar na méideanna sin, leis an leibhéal iarbhír dliteanais a shuífear mar thoradh ar an imscrúdú. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(11) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí isteach san Aontas a chlárú i gcás allmhairí lísín agus a eistir, agus salainn díobh sin, agus breiseáin bheathaithe, ina bhfuil, ar bhonn meáchan tirim, cion 68 % nó níos mó ach nach mó ná 80 % de shulfáit L-lísín, agus cion nach mó ná 32 % de chomhpháirteanna eile amhail carbaihiodráití agus aimíonaigéid eile, a thagann de ghnáth faoi uimhreacha clárúcháin Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 657-27-2 le haghaidh hidreaclóiríd L-lísín, 56-87-1 le haghaidh an tuaslagáin uiscí de lísín, agus 60343-69-3 agus 94195-18-3 le haghaidh sulfáit lísín, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 2309 90 31 , ex 2309 90 96 , agus 2922 41 00 (cóid TARIC: 2309 90 31 51, 2309 90 31 59, 2309 90 31 61, 2309 90 31 69, 2309 90 96 51, 2309 90 96 59, 2309 90 96 61, 2309 90 96 69) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Rachaidh an clárú in éag 7 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2026/2557, 30.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2557/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1342 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin, (IO L, 2025/1342, 11.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1330/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1824/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)