European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1818

10.8.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1818 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2026

maidir le leas madraí agus cat agus a n-inrianaitheacht

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2) agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cumhdaítear ainmhithe beo, lena n-áirítear madraí agus cait, le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus tá siad mar chuid de chomhbheartas talmhaíochta an Aontais, agus ba cheart a leas a chosaint. Tá margadh ann do mhadraí agus cait san Aontas, agus tá trádáil shubstaintiúil trasteorann i gceist leo. Tá na Ballstáit tiomanta do pheataí a chosaint, agus tá a bhformhór ina sínitheoirí leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chosaint Peataí, arna dhéanamh an 13 Samhain 1987, lena n-áirítear forálacha maidir le pórú, coimeád agus trádáil peataí. Tá raon leathan fianaise ar fáil maidir le feidhmiú fo-optamach an mhargaidh do mhadraí agus cait san Aontas, agus maidir le trádáil neamhdhleathach na n-ainmhithe sin laistigh den Aontas, agus maidir lena n-allmhairiú isteach san Aontas, rudaí a bhaineann an bonn dá leas. Dá bhrí sin, i bhfianaise gur neacha mothaitheacha iad ainmhithe a bhfuil ar a gcumas mothúcháin agus pian a bhrath agus idirghníomhú ar bhonn sóisialta, is gá íoscheanglais a leagan síos maidir le leas madraí agus cat a phóraítear agus a choimeádtar i mbunaíochtaí, chomh maith le ceanglais neartaithe maidir le hinrianaitheacht madraí agus cat.

(2)

Tá méadú suntasach tagtha ar líon na madraí agus na gcat a choimeádtar mar pheataí san Aontas le blianta beaga anuas, rud a léiríonn an ceangal láidir atá ag saoránaigh an Aontais leis na hainmhithe sin. Is luach de chuid an Aontais é leas ainmhithe a chumhdaítear in Airteagal 13 CFAE, ar dá réir, ós rud é gur neacha mothaitheacha iad ainmhithe, go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit le lánaird a thabhairt ar a leas.

(3)

Déantar madraí agus cait a thrádáil agus a choimeád san Aontas. Tá a riachtanais uathúla bhitheolaíocha agus iompraíochta féin acu. De cheal fhorálacha leasa an Aontais maidir le madraí agus cait a phórú, a choimeád agus a chur ar an margadh, chomh maith leis na difríochtaí atá idir rialacha náisiúnta i gcás inarb ann dóibh, ar uairibh déantar ainmhithe a bhreith, a phórú, a dhíol nó a uchtú gan aon chostas in imthosca a bhfhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha díobhálacha a bheith acu dá leas. Ní ann do chothrom iomaíochta le haghaidh póraitheoirí tráchtála madraí agus cat i mBallstáit éagsúla. Tá difríocht mhór idir na Ballstáit ó thaobh na rialacha maidir le dálaí leasa ainmhithe de. Tá na rialacha sin ar cheann de na príomhghnéithe lena gcinntear iomaíochas oibreoirí den sórt sin. Dá dheasca sin, déantar an iomaíocht a shaobhadh. Níl póraitheoirí ná coimeádaithe ag a bhfuil ardchaighdeáin ábalta toradh atá cóir a fháil ar a n-infheistíochtaí i leas ainmhithe nuair a thrádálann siad thar teorainn, toisc go mbíonn orthu dul i ngleic le hoibreoirí a dhéanann brabús as dálaí leasa ainmhithe atá fo-chaighdeánach, rud a chuireann brú iomaíoch i bhfeidhm agus a íslíonn praghsanna agus caighdeáin.

(4)

Chomh maith leis sin, ní thugtar cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí agus madra nó cat á fháil acu. Bíonn orthu dul i ngleic go minic le hiarmhairtí diúltacha na ndrochdhálaí leasa sna bunaíochtaí ina bpóraítear agus ina gcoimeádtar an madra nó an cat. Airítear ar na hiarmhairtí diúltacha sin fadhbanna sláinte, fadhbanna iompraíochta nó éalanga géiniteacha arb ann dóibh sa mhadra nó sa chat a fhaightear.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, íoscheanglais maidir le leas ainmhithe a leagan síos i gcás na mbunaíochtaí a bhíonn i mbun madraí agus cait a phórú, a choimeád agus a chur ar an margadh. Leis na híoscheanglais sin, ba cheart forbairt réasúnach na hearnála a áirithiú, lena soláthraítear dálaí córa iomaíochta agus cosaint tomhaltóirí leormhaith agus lena n-áirithítear ardleibhéal leasa ainmhithe ag an am céanna.

(6)

Déanann an Líonra maidir le Peataí (PAN) faoin Líonra um Chúnamh agus Comhar Riaracháin (AAC) an comhar idir na Ballstáit a éascú, rud a chuidíonn leo bunaíochtaí neamhdhleathacha a shainaithint, líonraí gaolmhara a dhíchóimeáil, agus forfheidhmiú éifeachtach na rialacha is infheidhme a áirithiú. I gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá na cásanna nach gcomhlíontar an Rialachán seo le cur in iúl trí PAN. Rannchuidíonn sé sin leis an gcomhar trasteorann agus le malartú faisnéise a neartú, rud atá bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar chineál trasnáisiúnta gníomhaíochtaí neamhdhleathacha áirithe agus chun leas ainmhithe agus leasanna tomhaltóirí a chosaint ar fud an Aontais.

(7)

Le 10 mbliana anuas, tá méadú suntasach tagtha ar an éileamh atá ar mhadraí agus ar chait mar pheataí. Mar thoradh air sin, tá méadú suntasach tagtha ar phórú madraí agus cat san Aontas agus ar an trádáil a dhéantar orthu ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear díolacháin agus uchtuithe, agus allmhairí ó thríú tíortha. Toisc nach ann do cheanglas de chuid an Aontais maidir le leas na n-ainmhithe sin, agus go bhfuil éagothromaíochtaí idir na ceanglais is infheidhme i mBallstáit éagsúla, tá méadú suntasach tagtha ar thrádáil neamhdhleathach, agus ar chleachtais mhíthreoracha nó mheabhlacha, trína ndéantar madraí agus cait a choimeád faoi dhálaí atá thar a bheith dochrach dá leas.

(8)

Tá an inrianaitheacht tábhachtach chun feidhmiú rianúil mhargadh na madraí agus na gcat san Aontas a áirithiú, margadh lena ngabhann ardleibhéal leasa ainmhithe, ós rud é go ndéanann trádáil neamhdhleathach an iomaíocht a shaobhadh agus go ligeann sí do dhálaí diúltacha leasa ainmhithe forbairt go rathúil de dheasca easpa rialaithe agus saothrú uasmhéadaithe brabúis. Thairis sin, tá gá le ceanglais maidir le hinrianaitheacht chun gur féidir tionscnamh na madraí agus na gcat a bhunú, agus chun a chinneadh cé atá freagrach, go háirithe i gcás fadhbanna a bhaineann le leas arna sainaithint maidir le hainmhí ar leith.

(9)

Mar thoradh ar an méadú ar éileamh na dtomhaltóirí ar mhadraí agus ar chait, arna éascú le ceannach ar líne, tá forbairt tagtha ar chleachtais trádála dho-ghlactha nó neamhdhleathacha, arb é is cúis leo, i bpáirt, a dhodhéanta atá sé na hainmhithe a rianú siar go dtí an bhunaíocht bhunaidh. Dá réir sin, tá baint ag na cleachtais trádála dho-ghlactha nó neamhdhleathacha sin le fulaingt madraí agus cat mar thoradh ar chleachtais phórúcháin neamhrialaithe. Ní féidir a áirithiú go gcloíonn oibreoirí leis na caighdeáin chéanna maidir le leas ainmhithe, agus ní féidir dálaí córa iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach i ndáil le madraí agus cait a chur ar an margadh gan modhanna iontaofa a bheith ann chun rianú a dhéanamh ar thionscnamh na n-ainmhithe sin. Is den ríthábhacht é, dá bhrí sin, inrianaitheacht madraí agus cat a áirithiú le córas a shainaithníonn agus a chláraíonn madraí agus cait agus a chomhlánaíonn an fhaisnéis a chláraítear nuair a thagann athrú ar úinéireacht ainmhí ar leith nó ar an té atá freagrach astu.

(10)

Tá fianaise ann gur minic a dhéanann trádálaithe neamhdhleathacha a gcuid trádála trína gcur féin i mbréagriocht úinéirí peataí. Mar shampla, léiríonn Gníomhaíocht Chomhordaithe an Aontais maidir le trádáil neamhdhleathach cat agus madraí a rinneadh in 2022 agus 2023 gur gnách gluaiseachtaí madraí agus cat chun críoch tráchtála a bheith faoi bhréagriocht gluaiseachtaí neamhthráchtála. Tá sé léirithe freisin ag na himscrúduithe atá déanta ar an bhfógraíocht ar líne a dhéantar ar mhadraí agus cait atá le díol san Aontas gur minic a bhíonn trádálaithe neamhdhleathacha i mbréagriocht úinéirí peataí. Faigheann Líonra Foláirimh agus Comhair an Aontais líon suntasach fógraí maidir le trádáil neamhdhleathach i madraí agus cat, a dhéanann trádálaithe atá i mbréagriocht úinéirí peataí a fhógairt mar pheataí nó a dhéanann trádálaithe atá i mbréagriocht úinéirí peataí a aistriú san Aontas mar pheataí. Is gá cur i gcoinne patrún gníomhaíochtaí calaoiseacha a dhéanann brabús as drochdhálaí leasa, atá míthreorach do thomhaltóirí agus a chruthaíonn rioscaí don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe. Ceanglaíonn roinnt Ballstát cheana féin ar gach úinéir, lena n-áirítear úinéirí peataí, gach madra agus cat atá faoina n-úinéireacht a shainaithint agus a chlárú, is cuma an bhfuil sé beartaithe acu aon mhadra nó cat a chur ar an margadh. Leis na difríochtaí atá idir na córais inrianaitheachta náisiúnta maidir le madraí agus cait, fágtar gan amhras gur féidir úsáid a bhaint as patrúin trádála neamhdhleathaí a bhfuil sé d’aidhm ag an Rialachán seo cur ina gcoinne. Dá bhrí sin, is gá na hoibleagáidí maidir le sainaithint agus clárú a leathnú chuig gach úinéir madraí agus cat san Aontas. D’áiritheofaí leis na bearta sin cothrom iomaíochta do na gníomhaithe uile a bhfuil baint acu le madraí agus cait a chur ar an margadh. Chuirfeadh córas inrianaitheachta comhchuibhithe cosc freisin ar imchéimniú na gcaighdeán maidir le leas ainmhithe agus rachadh sé i ngleic le cleachtais mhíthreoracha agus mheabhlacha sa mhargadh, lena neartófaí an comhrac i gcoinne na trádála neamhdhleathaí i madraí agus cait.

(11)

Tá méadú tagtha ar allmhairiú neamhdhleathach madraí agus cat ó lasmuigh den Aontas. Níl uirlisí leordhóthanacha i rialacha reatha an Aontais maidir le gluaiseachtaí madraí agus cat laistigh den Aontas agus maidir lena dteacht isteach san Aontas, amhail Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chun cosc a chur ar an trádáil neamhdhleathach sin agus ar na fadhbanna maidir le leas ainmhithe atá bainteach léi. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le rialacha breise chun cleachtais chalaoiseacha agus trádáil neamhdhleathach i madraí agus cat a chomhrac.

(12)

Le forálacha inrianaitheachta an Rialacháin seo, rannchuidítear freisin le cosaint na sláinte poiblí trí leas ainmhithe níos fearr agus trí shláinte ainmhithe níos fearr a bheith ann, agus trí rialuithe níos fearr ar tharchur féideartha galar ainmhithe a bheith ann, ar galair zónóiseacha cuid acu, i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin.

(13)

Forbraíodh coincheap na ‘gcúig fhearann’ (cothú, timpeallacht fhisiceach, sláinte, idirghníomhaíochtaí iompraíochta agus staid mheabhrach) trí fhianaise eolaíoch chun cur síos a dhéanamh ar na gnéithe éagsúla a bhaineann le leas ainmhithe. Díríonn sé ar easpa eispéiris dhiúltacha don ainmhí agus cuimsítear eispéiris dhearfacha ann freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán seo a bheith bunaithe ar choincheap na ‘gcúig fhearann’.

(14)

Le Rialachán (AE) 2016/429, rialaítear galair in-tarchurtha ainmhithe chun a leathadh san Aontas a sheachaint. Ní bhaineann Rialachán (AE) 2016/429 go díreach, dá bhrí sin, le leas ainmhithe. Mar sin féin, is follasach go bhfuil tionchar ag leathadh galar ar shláinte ainmhithe, atá ar cheann de na cúig fhearann. Cé nach dtugtar aghaidh sa Rialachán seo ar na galair a liostaítear i Rialachán (AE) 2016/429, baineann sé le leas ainmhithe. Tugtar aghaidh ann ar staid sláinte madraí agus cat mar a n-imríonn galair neamhtheagmhálacha, lena n-áirítear gortuithe, amhail trámaí, agus greamanna a bhaintear as ainmhithe nó daoine de dheasca ionsaithe, nó galair neamhliostaithe, amhail iad siúd ar paraisítí is cúis leo, amhail Giardia agus Leishmania, ionfhabhtuithe baictéaracha le Leiptispior, agus ionfhabhtuithe craicinn amhail Borrphéist agus Scaibéis (Fíneog chlaimhe), tionchar uirthi. Ina theannta sin, is féidir le madraí agus cait oibreáin a iompar amhail baictéir fhrithsheasmhacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hionfhabhtuithe i ndaoine. Ós rud é go bhfuil dhá chuspóir ag an gceanglas maidir le hinrianaitheacht, cleachtais chalaoiseacha agus trádáil neamhdhleathach a chomhrac mar aon leis an tsláinte phoiblí a chosaint, is iomchuí an ceanglas maidir le hinrianaitheacht a leathnú chuig úinéirí uile madraí agus cat, lena n-áirítear oibreoirí, daoine a chuireann madraí agus cait ar an margadh agus úinéirí peataí.

(15)

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2016/429 madraí agus cait a bheith sainaitheanta trí bhíthin trasfhreagróra, má bhíonn siad á n-aistriú idir na Ballstáit nó ag teacht isteach san Aontas, agus sna cásanna sin amháin. Níl an tsainaithint a cheanglaítear leis an Rialachán sin comhchuibhithe go hiomlán, toisc nach n-áirítear leis caighdeáin bheachta maidir le trasfhreagróirí. Thairis sin, ní cheanglaítear leis an Rialachán sin ar na Ballstáit bunachair sonraí maidir le madraí agus cait a choinneáil. Tá sé beartaithe leis na rialacha atá sa Rialachán seo, dá bhrí sin, na rialacha atá i Rialachán (AE) 2016/429 a chomhlánú, agus ní dhéanann siad dúbláil orthu ná iad a fhorluí.

(16)

Dírítear sa Rialachán seo ar dhá ghné. Rialaítear leis na ceanglais maidir le leas nuair a bhíonn madraí agus cait atá le cur ar an margadh á bpórú nó á gcoimeád. Ba cheart na ceanglais sin maidir le leas a dhíriú ar oibreoirí ionad pórúcháin, ionad díola agus ionad dídine, agus ar oibreoirí a chuireann madraí nó cait in árais altrama agus atá freagrach astu ansin. Níor cheart daoine nach meastar a bheith ina n-oibreoirí a chumhdach leis na ceanglais sin. Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais maidir le hinrianaitheacht madraí agus cat. Ba cheart a cheangal ar gach duine ar leis nó léi madra nó cat, lena n-áirítear oibreoirí, úinéirí peataí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, a madraí agus a gcait a shainaithint agus iad a chlárú i mbunachair sonraí náisiúnta idir-inoibritheacha arna mbunú chun na críche sin. Ba cheart a cheangal ar oibreoirí nó ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a chuireann madraí agus cait ar an margadh an fhaisnéis sin faoin madra nó faoin gcat a sholáthar agus é á chur ar an margadh.

(17)

Tugtar buntáistí iomadúla leis an bhforbairt ar uirlisí digiteacha agus leis an úsáid a bhaintear astu i réimse na sláinte agus an leasa ainmhithe, amhail éifeachtúlacht oibríochtúil fheabhsaithe, bailiú sonraí atá níos inrochtana agus níos iontaofa, inrianaitheacht fheabhsaithe agus formhaoirseacht rialála níos fearr. Áirítear sa Rialachán seo réitigh dhigiteacha iomadúla atá ceaptha chun inrianaitheacht madraí agus cat a fheabhsú ar fud an Aontais. Is é is aidhm do na bearta sin comhiomlánú agus tarchur sonraí ábhartha chuig na húdaráis inniúla a éascú, lena n-áirithítear, dá bhrí sin, forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo. Cuideoidh na bearta freisin leis na húdaráis léargais nua a bhailiú agus an chalaois a chomhordú agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Thairis sin, tacóidh siad le ceannaitheoirí leasmhara cinntí eolasacha a dhéanamh tráth a fhaigheann siad madra nó cat.

(18)

Bíonn tionchar ag madraí agus cait a chuirtear ar an margadh ar an margadh inmheánach, bíodh sin ar mhaithe le brabús nó gan aon chostas. Dá bhrí sin, chun calaois a chosc, ba cheart inrianaitheacht na madraí agus na gcat a thrádáiltear ar mhargadh an Aontais a áirithiú agus ba cheart coimeád na madraí agus na gcat in ionaid phórúcháin, in ionaid díola, in ionaid dídine agus in árais altrama a bheith faoi réir rialacha mionsonraithe.

(19)

Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh i madraí agus cait a áirithiú agus chun rannchuidiú le forbairt réasúnach earnáil na bpeataí ina hiomláine, ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le madraí agus cait a phórú, a choimeád agus a chur ar mhargadh an Aontais. Baineann na gníomhaíochtaí sin le hearraí agus seirbhísí a thairgtear de ghnáth ar an margadh, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce. Níl an rún brabús a dhéanamh ná stádas dlíthiúil nó eacnamaíoch an oibreora cinntitheach. Is é an comhthéacs gairmiúil nó a bhaineann le gnó ina ndéantar na gníomhaíochtaí sin an rud is tábhachtaí. Ní hionann cás na bhfórsaí míleata ná na seirbhísí póilíneachta nó custaim a phóraíonn nó a choimeádann madraí lena n-úsáid oifigiúil féin, toisc nach ndéantar na gníomhaíochtaí sin chun iad a chur ar an margadh. Úinéirí peataí a thugann madra nó cat mar thabhartas ar bhonn ócáideach agus ar bhonn mírialta gan é a fhógairt ar líne, níor cheart a mheas go bhfuil na hainmhithe sin á gcur ar an margadh acu. Is é ba cheart a thuiscint as sin, mar shampla, nach bhfuil cur ar an margadh chun críocha an Rialacháin seo i gceist má thugtar suas le hál amháin in aghaidh gach 24 mhí mar thabhartas do bhaill teaghlaigh nó do chomharsana.

(20)

Is gníomhaíocht ghearrthéarmach agus áitiúil é madraí agus cait a choimeád thar ceann úinéirí, mar shampla conchróite coinneála, agus ní bhíonn tionchar suntasach aige ar an margadh. Ós rud é nach bhfuil cur ar an margadh i gceist leis na gníomhaíochtaí sin, ní gá iad a rialáil sa Rialachán seo. Ar an gcaoi chéanna, ní choimeádann pónaí madraí ná cait chun iad a chur ar an margadh. Murab ionann agus ionaid dídine, soláthraíonn siad cóiríocht éigeandála nuair a aimsítear madra nó cat a bhí ar iarraidh agus coimeádann siad é ar feadh tréimhse ghearr chun é a chur ar chumas an úinéara é a ghlacadh ar ais.

(21)

Le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), rialaítear coimeád, pórú agus soláthar ainmhithe a choimeádtar chun críoch eolaíoch, lena n-áirítear madraí agus cait. Le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), rialaítear trialacha cliniciúla le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a bhaineann le húsáid ainmhithe, lena n-áirítear madraí agus cait. Maidir le madraí agus cait atá beartaithe chun críoch eolaíoch nó a úsáidtear chun na gcríoch sin, agus madraí agus cait a úsáidtear i dtrialacha cliniciúla atá riachtanach le haghaidh údarú margaíochta na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Is minic feidhm úsáideach a bheith ag cait fáin a bhíonn ag fánaíocht faoi shaoirse ar fheirmeacha nó mórthimpeall feirmeacha, trí líon na gcreimirí atá ar an bhfeirm a choinneáil faoi smacht. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart na feirmeoirí a sholáthraíonn bia agus dídean do na cait sin chun creimirí a choinneáil faoi smacht a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, ar choinníoll nach oibreoirí iad agus nach ndéanann siad na cait sin a chur ar an margadh.

(22)

Mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cumhdófar líon mór madraí agus cat le rialacha mionsonraithe maidir le leas den chéad uair, rud a chuirfidh ar a gcumas tairbhe a bhaint as dálaí maireachtála níos fearr. Mar sin féin, i roinnt cásanna, d’fhéadfadh costais shuntasacha a bheith i gceist leis sin do na hoibreoirí. Tagann méadú ar an mbaol go bhféadfadh fadhbanna leasa a bheith ann de réir mar a mhéadaíonn líon na madraí nó na gcat a phóraítear nó a choimeádtar i mbunaíocht. Is iomchuí, dá bhrí sin, ar mhaithe leis an gcomhréireacht, an fhíric sin a chur san áireamh trí idirdhealú a dhéanamh idir bunaíochtaí de mhéideanna éagsúla. Gan beann ar líon na n-álta a phóraítear iontu ná ar líon na madraí nó na gcat a choimeádtar iontu, ba cheart na bunaíochtaí uile a bheith faoi réir prionsabail ghinearálta maidir le leas chomh maith le ceanglais shonracha áirithe maidir le leas. Níor cheart ach bunaíochtaí ina gcoimeádtar líon áirithe madraí nó cat, nó a mbíonn líon áirithe madraí nó cat á gcur ar an margadh acu, a bheith faoi réir ceanglais maidir le leas atá níos cuimsithí agus níos mionsonraithe. Cuirtear san áireamh faoin gcur chuige sin an t-ualach airgeadais arna eascairt as comhlíonadh na gceanglas maidir le leas atá níos cuimsithí agus níos mionsonraithe, amhail infheistíochtaí struchtúracha costasacha.

(23)

Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo na tairseacha maidir le hionaid phórúcháin, ionaid dídine agus árais altrama atá le bheith faoi réir ceanglais mhionsonraithe maidir le leas ainmhithe. Fiú má dhéantar na gníomhaíochtaí pórúcháin i dteaghlaigh, mar is amhlaidh go minic i gcás póraitheoirí tráchtála éagsúla, a luaithe a shroichtear na tairseacha sin, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais uile maidir le leas ainmhithe faoin Rialachán seo. I bhfianaise chineál tráchtála eisiach na n-ionad díola, ní gá tairseacha a shocrú, agus ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag ceanglais an Rialacháin seo maidir le gach ionad díola, gan beann ar an líon madraí ná cat a choimeádtar iontu.

(24)

Faoi láthair, níl na dálaí ábharacha i gcineálacha áirithe ionad díola iomchuí chun leas na madraí agus na gcat a choimeádtar iontu a áirithiú. Is amhlaidh atá sé i gcás roinnt siopaí peataí, ina gcoimeádtar na madraí nó na cait i gcoimeádáin ar a bhfuil taobhanna trédhearcacha agus a bhfuil spás teoranta iontu agus, i gcás madraí, atá gan rochtain lasmuigh iomchuí. Bíonn na madraí agus na cait a bhíonn sna bunaíochtaí sin ar taispeáint don phobal i gcoitinne, rud a chruthaíonn timpeallacht strusmhar do na hainmhithe agus a mhéadaíonn baol an tobcheannaigh ag tomhaltóirí ionchasacha áirithe. Is é is aidhm don Rialachán seo feabhas a chur ar chosaint madraí agus cat a choimeádtar in ionaid díola, trí na caighdeáin maidir le leas is infheidhme maidir leo a uasghrádú, go háirithe trí thoirmeasc a chur ar mhadraí agus cait a choimeád i gcoimeádáin, trína cheangal go mbeadh rochtain lasmuigh ann do mhadraí, agus trí lamháltais spáis íosta agus oibleagáidí a thabhairt isteach chun go mbeidh madraí agus cait ábalta sóisialú le hainmhithe den speiceas céanna agus le daoine. Is é is aidhm dó sin a áirithiú, a luaithe a bheidh feidhm ag na ceanglais, go mbeidh struchtúir agus cleachtais i bhfeidhm ag gach ionad díola a áirithíonn an t-ardleibhéal leasa ainmhithe a cheanglaítear.

(25)

Cé go mbíonn cuid de na hionaid phórúcháin á reáchtáil ag póraitheoirí ceadúnaithe ag a bhfuil dea-chaighdeán bainistíochta maidir le hainmhithe, tagann líon suntasach de na madraí agus na cait a chuirtear ar mhargadh an Aontais ó phóraitheoirí margaidh léith agus ó phóraitheoirí fo-chaighdeánacha nach n-áirithíonn leibhéal leordhóthanach leasa ainmhithe do na madraí ná do na cait a phóraíonn siad. Cruthaíonn sé sin iomaíocht éagórach do na póraitheoirí sin a dhéanann ardchaighdeáin leasa ainmhithe a chur i bhfeidhm. Is gá, dá bhrí sin, rialacha mionsonraithe maidir le leas ainmhithe a bhunú d’oibreoirí na n-ionad pórúcháin uile.

(26)

I margadh an Aontais, déanann cineálacha éagsúla oibreoirí cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí maidir le madraí agus cait a chur ar an margadh. Cé is moite de phóraitheoirí tráchtála, tá ionaid díola áirithe ann ina ndéantar de ghnáth madraí agus cait a bheirtear agus a phóraítear i mbunaíochtaí eile a thabhairt le chéile agus a choimeád chun iad a dhíol nó a bhailiú. I gcásanna áirithe, is de chineál fo-optamach an chosaint a thugtar do na madraí agus cait sin, agus faoi láthair níl feidhm ag aon chomhchaighdeáin maidir le leas ainmhithe maidir leis na bunaíochtaí sin. Ós rud é gur oibreoirí tráchtála iad ionaid díola a chuireann madraí agus cait ar an margadh, is gá ceanglais an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm maidir leo.

(27)

Is gnóthais phríobháideacha nó phoiblí nó eagraíochtaí neamhbhrabúis iad oibreoirí ionad dídine a bhailíonn agus a choimeádann madraí agus cait nach bhfuil aon éileamh orthu nó madraí agus cait fáin, nó madraí agus cait a bhí faoi úinéireacht roimhe seo ach a d’imigh ar iarraidh, a gabhadh nó a tréigeadh. Uaireanta, bíonn iomadú madraí agus cat fáin, arb iad na hionaid dídine a gcinniúint, mar thoradh ar atáirgeadh neamhrialaithe nó róphórú. Ag brath ar a gcúlra, d’fhéadfadh sé gur madraí agus cait folaíochta nó gur de bhunadh pórtha measctha iad na madraí agus na cait sin agus d’fhéadfadh álta na madraí nó na gcat a d’atáirg san ionad dídine a bheith san áireamh leo. Is féidir le hionaid dídine líon mór madraí agus cat a choimeád agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaidís iad a dhíol nó iad a thairiscint lena n-uchtú nó lena n-athshocrú, uaireanta saor in aisce nó ar íocaíocht a fháil as na costais réasúnacha a thabhaítear.

(28)

D’ainneoin na ndifríochtaí atá idir na gníomhaíochtaí a dhéanann ionaid phórúcháin agus ionaid díola, ar thaobh amháin, agus ionaid dídine agus árais altrama, ar an taobh eile, déanann siad go léir madraí agus cait a chur ar mhargadh an Aontais. Tá méid áirithe forluí i gceist, go háirithe ar leibhéal an éilimh. Agus madra nó cat á lorg acu, déanann tomhaltóirí roghanna idir ceann a cheannach ó phóraitheoir, bíodh sin go díreach nó trí ionad díola, nó ceann a uchtú ó ionad dídine nó áras altrama. Toisc thábhachtach amháin agus madra nó cat á roghnú is ea aon fhadhbanna iompraíochta nó aon fhadhbanna eile a d’fhéadfadh an madra nó an cat a léiriú de bharr a choimeádta i ndrochdhálaí leasa agus a d’fhéadfadh a oiriúnacht chun bheith coimeádta mar pheata a laghdú, gan beann ar arbh in ionad pórúcháin nó in ionad díola, nó in ionad dídine nó in áras altrama, a coimeádadh é. Thairis sin, toisc go mbíonn idirghabhálaithe i mbun trádála freisin, agus ar líne den chuid is mó, d’fhéadfadh sé nach mbeadh tomhaltóirí ar an eolas, sula bhfaigheann siad madra nó cat, i dtaobh an ó ionad dídine, ó áras altrama, ó phóraitheoir nó ó ionad díola a thionscnaíonn an t-ainmhí. Tríd an bhfaisnéis sin a sholáthar, d’fhéadfaí cabhrú le ceannaitheoirí roghanna eolasacha agus freagracha a dhéanamh. Tá fianaise ann go bhfuil an líon madraí agus cat a chuireann ionaid dídine ar mhargadh an Aontais suntasach, agus is amhlaidh go háirithe i gcás na gcat. Tá fianaise ann freisin go ndéantar madraí agus cait ó ionaid dídine i roinnt Ballstát a aistriú chuig úinéirí peataí i mBallstáit eile, agus is amhlaidh go háirithe i gcás na madraí. Chun a áirithiú go ndéanfar cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, arb iad sin feidhmiú rianúil an mhargaidh i madraí agus cait a áirithiú, agus forbairt réasúnach na hearnála a áirithiú, lena n-áirithítear ardleibhéal leasa ainmhithe ag an am céanna, is gá ceanglais áirithe an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm maidir le hionaid dídine a choimeádann líon íosta áirithe madraí nó cat, is cuma an gcuireann siad ar mhargadh an Aontais iad ar íocaíocht, nó saor in aisce nó ar aisíocaíocht costas réasúnach. Mar sin féin, ar chúiseanna comhréireachta agus ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí ionad dídine agus áras altrama éagsúil le gníomhaíochtaí sin oibreoirí eile agus go ndéantar feidhm leasa phoiblí a chomhlíonadh leo, níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais áirithe den Rialachán seo, lena n-áirítear lamháltais spáis íosta shonracha, maidir le hionaid dídine ná le hárais altrama.

(29)

Tá sé tugtha faoi deara ag na Ballstáit go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid áras altrama ag oibreoirí atá freagrach as madraí nó cait nach bhfuil aon éileamh orthu, atá tréigthe, ar iarraidh nó coigistithe. Ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag an líon madraí agus cat a choimeádtar in árais altrama ar mhargadh na madraí agus na gcat, ba cheart árais altrama a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart d’oibreoirí a chuireann madraí nó cait in árais altrama a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann na hárais sin ceanglais an Rialacháin seo. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh inter alia trí chaidreamh conarthach idir an t-oibreoir agus an teaghlach altrama a bhunú.

(30)

Ós rud é, de bharr a gcineáil, gur teaghlaigh iad árais altrama ag a bhfuil acmhainneacht theoranta chun freastal ar mhadraí agus ar chait, níor cheart d’oibreoirí líon mór madraí agus cat a chur in aon áras altrama amháin. Is iomchuí, dá bhrí sin, an líon uasta madraí agus cat is féidir a altramú in aon áras amháin a shocrú. Is é sin an chúis freisin nár cheart árais altrama ach a bheith faoi réir na bprionsabal ginearálta agus na gceanglas ginearálta maidir le leas ná ach a bheith faoi réir cuid de na ceanglais shonracha maidir le leas.

(31)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha i réimse na gceanglas maidir le leas i gcás ainmhithe lena n-áirítear ceanglais maidir le leas i gcás madraí agus cat, amhail na ceanglais sin a leagtar síos sa Rialachán seo, is iomchuí an sainmhíniú ar údaráis inniúla ó Rialachán (AE) 2017/625 a úsáid sa Rialachán seo chun comhsheasmhacht a áirithiú le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a bhaineann le leas ainmhithe.

(32)

Ós rud é gur sampla é an Rialachán seo de reachtaíocht an Aontais i réimse na gceanglas maidir le leas i gcás ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2017/625, tá feidhm ag ceanglais Rialachán (AE) 2017/625 sa bhreis orthu siúd a leagtar síos sa Rialachán seo. Go sonrach, tá oibleagáidí ar na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2017/625, lena n-áirítear oibleagáid tuarascáil bhliantúil maidir leis na rialuithe oifigiúla a rinne siad an bhliain roimhe sin a thíolacadh. Ba cheart a chumhdach leis an oibleagáid sin rialuithe oifigiúla a dhéantar chun comhlíonadh na rialacha maidir le leas ainmhithe agus inrianaitheacht i leith madraí agus cait a fhíorú. Ba cheart an fhoirm shamplach chaighdeánach atá le húsáid ag na Ballstáit le haghaidh an tuairiscithe sin a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 ón gCoimisiún (7) a thabhairt cothrom le dáta chun an Rialachán seo a chur san áireamh.

(33)

D’fhéadfadh cur chuige na hAon Sláinte Amháin a bheith ina threoir úsáideach d’oibreoirí agus na ceanglais maidir le leas faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme acu. Tá tacar cuimsitheach ceanglas i Rialachán (AE) 2019/6 chun a áirithiú go mbainfear úsáid stuama as ábhair fhrithmhiocróbacha in ainmhithe. Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus ardchaighdeáin sláinte agus leasa ainmhithe á n-áirithiú ag an am céanna, tá feidhm ag na ceanglais sin freisin maidir le madraí agus cait a choimeádtar in ionaid phórúcháin, in ionaid díola agus in ionaid dídine. Is den bhunriachtanas é do thréidlianna na gnéithe sin a chur san áireamh le linn a gcuairteanna comhairleacha leasa.

(34)

Tá fianaise ann go bhfuil gníomhaíochtaí ar siúl ar chríoch an Aontais, lena mbaineann gné thrasteorann ar uairibh, a fhágann madraí agus cait a bheith faoi réir fulaingt fhisiciúil agus mheabhrach, rud is féidir a bheith ina chúis le bás i gcásanna áirithe. Sampla suntasach is ea comhrac madraí. Leis an Rialachán seo, ba cheart toirmeasc a chur ar oibreoirí gabháil d’aon ghníomhaíocht a bhaineann le fulaingt madraí agus cat atá faoina gcúram.

(35)

Chun forfheidhmiú cuí an Rialacháin seo a áirithiú, is den bhunriachtanas é go mbeidh na húdaráis inniúla ábalta na bunaíochtaí atá faoi réir a rialuithe oifigiúla a shainaithint. Is gá, dá bhrí sin, d’oibreoirí a choimeádann madraí nó cait i mbunaíochtaí fógra faoina ngníomhaíochtaí a thabhairt do na húdaráis inniúla agus is gá do na húdaráis inniúla sin clár atá cothrom le dáta de na bunaíochtaí sin a choinneáil. Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a íoslaghdú, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint, chun na críche sin, as an bhfaisnéis nó na sonraí atá i gclár ábhartha na mbunaíochtaí faoi Rialachán (AE) 2016/429.

(36)

Tá foireann a bhfuil dea-oiliúint orthu agus scileanna maithe acu bunriachtanach chun feabhas a chur ar dhálaí leasa na n-ainmhithe i mbunaíochtaí. Is gá eolas a bheith ag an bhfoireann sin ar na bunphatrúin iompraíochta agus ar riachtanais bhunúsacha an speicis lena mbaineann. Chun go seachnófar go gcuirfear fulaingt fhisiciúil agus mheabhrach ar mhadraí agus ar chait, ba cheart an t-eolas agus na scileanna i réimse an leasa ainmhithe is ábhartha dá gcúraimí agus do na madraí nó na cait a láimhseálann siad a bheith ag cúramóirí ainmhithe. I gcás madraí agus cat, bíonn teicnící amhail riochtú oibríoch agus treisiú dearfach i gceist le láimhseáil éifeachtach ainmhithe, lena ndéantar timpeallacht atá saor ó strus a chur chun cinn. Ba cheart na hinniúlachtaí i réimse an leasa ainmhithe a fháil trí oideachas, oiliúint nó taithí ghairmiúil. Ós rud é gur minic ionaid dídine a bheith ag brath ar obair saorálaithe, agus ós rud é gur minic a fhaigheann intéirnigh a n-oiliúint phraiticiúil sna bunaíochtaí sin, níor cheart a cheangal ar shaorálaithe ná ar intéirnigh in ionaid dídine oideachas foirmiúil, oiliúint ná taithí ghairmiúil a bheith acu, ar choinníoll go ndéanann cúramóir inniúil ainmhithe maoirseacht orthu.

(37)

Ina theannta sin, chun leas na madraí agus na gcat i mbunaíocht a áirithiú, ba cheart oiliúint a chur ar chúramóir amháin ar a laghad sa bhunaíocht maidir le ceanglais an Rialacháin seo agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le ceanglais náisiúnta bhreise, agus eolas a bheith aige nó aici ar mholtaí eolaíocha agus teicniúla nuashonraithe. Ba cheart don oibreoir a áirithiú go ndéanfaidh an cúramóir a chuaigh faoi oiliúint an t-eolas a fuarthas a scaipeadh ar na cúramóirí eile sa bhunaíocht. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na híoscheanglais maidir leis an oiliúint sin a leagan síos. Tá an deis ag an gCoimisiún Lárionad Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas madraí agus cat a bhunú faoi Airteagal 95 de Rialachán (AE) 2017/625 chun comhairle theicniúil agus eolaíoch a sholáthar do na húdaráis inniúla i gcomhthéacs a rialuithe oifigiúla chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. D’fhéadfadh Lárionad Tagartha den sórt sin de chuid an Aontais Eorpaigh do leas madraí agus cat, tar éis dul i mbun comhordú leis an gCoimisiún, moltaí agus samplaí d’ábhair oiliúna a fhoilsiú, i gcomhréir leis na híoscheanglais a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme agus an t-eolas eolaíoch agus teicniúil is nuashonraithe á chur san áireamh.

(38)

Na húdaráis inniúla atá freagrach as a áirithiú go bhfuil cúrsaí oiliúna ar fáil agus ar cháilíocht leordhóthanach, d’fhéadfaidís comhoibriú leis na húdaráis ábhartha eile, le comhlachais tréidliachta agus le hinstitiúidí oideachasúla chun cláir oiliúna ardcháilíochta eolaíochtbhunaithe a fhorbairt.

(39)

Ós rud é go n-áirítear sláinte ainmhithe le leas ainmhithe, is iad na tréidlianna is fearr atá in ann comhairle a sholáthar d’oibreoirí d’fhonn an staid maidir le leas ainmhithe i mbunaíochtaí a fheabhsú. Maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar líon madraí agus cat ar mó é ná tairseach áirithe, ba cheart do thréidlia, dá bhrí sin, cuairt a bhfuil leas ainmhithe i gceist leis a thabhairt ar na bunaíochtaí sin laistigh den chéad bhliain ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó laistigh den chéad bhliain tar éis fógra a bheith tugtha faoi bhunaíocht nua.

(40)

Ar chúiseanna leasa, agus deireadh á chur le beatha madraí agus cat, ba cheart é a dhéanamh i gcónaí ar bhealach ina bhfulaingíonn an madra nó an cat lena mbaineann an pian agus an anacair is lú agus is féidir. Cuirtear oideachas ar thréidlianna chun measúnú a dhéanamh ar riocht an ainmhí agus chun eotanáis a dhéanamh, más gá. Ba cheart d’oibreoirí féachaint le dul i gcomhairle le tréidlia, agus ba cheart don tréidlia eotanáis a dhéanamh ar an madra nó ar an gcat, i bprionsabal, le toiliú roimh ré ón oibreoir. I gcás éigeandálaí nó tionóiscí, i gcás nach bhfuil cúnamh tréidliachta inrochtana, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit cead a thabhairt do dhuine inniúil oilte deireadh a chur le beatha an mhadra nó an chait, ar choinníoll go bhfuil an modh a úsáidtear meandrach.

(41)

Bíonn fadhbanna maidir le leas madraí agus cat ann mar thoradh ar straitéisí pórúcháin áirithe. Trí thréithe géiniteacha áirithe a roghnú ar chúiseanna aeistéitiúla nó ar chúiseanna margaíochta eile, is féidir tréithe neamh-inmhianaithe ó thaobh leas ainmhithe de a chruthú agus a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh na hiarmhairtí diúltacha sin do leas na madraí agus na gcat mar thoradh ar a straitéisí pórúcháin. Go sonrach, is féidir le ‘tréithe conformálacha iomarcacha’ a bheith i gcineálacha áirithe madraí agus cat mar gheall ar straitéisí pórúcháin a bhfuil cuspóirí margaíochta ina mbonn leo. Ós rud é gur féidir le tréithe conformálacha iomarcacha a bheith ina gcúis le fadhbanna sláinte suntasacha i gcás na madraí agus na gcat lena mbaineann, ba cheart do phóraitheoirí madraí agus cait a léiríonn tréithe den sórt sin a eisiamh ó na cláir phórúcháin.

(42)

Bíonn tionchar ag seónna, taispeántais agus comórtais aeistéitiúla ar na deiseanna a bhíonn ann sa mhargadh agus ar phraghsanna na madraí agus na gcat. Is féidir ciorruithe agus straitéisí pórúcháin áirithe a fhágann tréithe conformálacha iomarcacha a bheith i madraí nó cait a bheith ina mbuntáiste do phóraitheoirí atá in iomaíocht i seónna, taispeántais agus comórtais aeistéitiúla. Is féidir tosca eile seachas leas ainmhithe, amhail caighdeáin aeistéitiúla, a bheith ina gcúis leis na seónna, na taispeántais agus na comórtais sin a eagrú agus a bheith rannpháirteach iontu, agus é a bheith d’aidhm leo fógraíocht a dhéanamh faoi phórtha agus tréithe fisiciúla áirithe. Chun a áirithiú go dtabharfaidh póraitheoirí tosaíocht do leas na madraí agus na gcat arna dtógáil acu agus nach mbeidh tréithe conformálacha iomarcacha iontu, ná nach ndéanfaidh siad ciorruithe orthu, chun caighdeáin aeistéitiúla mhíshláintiúla a bhaint amach, níor cheart d’oibreoirí ionad pórúcháin ná d’oibreoirí ionad díola ná d’eagraithe na seónna, na dtaispeántas agus na gcomórtas sin madraí nó cait a bhfuil tréithe conformálacha iomarcacha iontu ná iad siúd a ndearnadh ciorrú orthu a úsáid ná a áireamh sna seónna, sna taispeántais nó sna comórtais sin.

(43)

Léiríonn fianaise eolaíoch go bhfuil drochthionchar suntasach ag ionphórú ar leas ainmhithe. Ba cheart toirmeasc a chur ar ionphórú madraí agus cait idir tuismitheoirí agus sleachta, idir siblíní, idir leathshiblíní nó idir seantuismitheoirí agus garchlann, ós rud é go méadaíonn sé sin minicíocht na neamhord a fuarthas le hoidhreacht agus go ndéanann sé feidhmiú cuí an chórais imdhíonachta a chur i mbaol, a bhfuil drochthionchar acu araon ar shláinte agus leas madraí agus cat. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hionphórú, áfach, chun pórtha áitiúla a bhfuil linn ghéiniteach theoranta acu a chaomhnú. Ba cheart, dá bhrí sin, don údarás inniúil a bheith in ann é a údarú sna cásanna sin.

(44)

Níor cheart hibridiú le speicis fhiáine a mholadh, ós rud é nach bhfuil hibridí chomh ceansaithe céanna le madraí agus cait. I bhfianaise na deacrachta suntasaí a bhaineann le freastal ar riachtanais iompraíochta shonracha na hibridí sin agus an mhíchompoird nó na fulaingthe a bhaineann leo, ba cheart toirmeasc a chur ar phórú a dhéantar chun na hibridí sin a tháirgeadh.

(45)

Sholáthair an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) cúnamh teicniúil agus eolaíoch i dtaca le roinnt saincheisteanna maidir le cóiríocht, sláinte agus gnáthaimh phianmhara atá ábhartha do mhadraí agus cait a choimeádtar in ionaid phórúcháin. Cuirtear san áireamh leis an Rialachán seo moltaí ó EFSA maidir leis an gcineál cóiríochta agus aclaíochta, maidir le teocht agus solas na cóiríochta, agus maidir leis an tsláinte agus maidir le hidirghabhálacha máinliachta pianmhara.

(46)

Tugtar chun suntais i bhfianaise eolaíoch an tábhacht atá le beathú, uisciú, cóiríocht, cúram sláinte, freastal ar riachtanais iompraíochta, agus cleachtais phianmhara a chosc ar mhaithe le leas madraí agus cat. Is den bhunriachtanas é, dá bhrí sin, na gnéithe sin a bhaineann le coimeád madraí agus cat a rialú go mion.

(47)

Tá fianaise eolaíoch shoiléir ann gur gá do mhadraí agus do chait a ndóthain spáis a bheith acu chun a n-iompraíocht nádúrtha a léiriú agus chun gnáth-idirghníomhaíochtaí sóisialta a bheith acu. Ní féidir é sin a dhéanamh i gcás ina gcoimeádtar ainmhithe faoi ghaibhniú, agus go háirithe nuair a dhéantar iad a choimeád i gcoimeádáin. Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar mhadraí agus cait a choimeád i gcoimeádáin, ach amháin i gcás inar gá sin chun na hainmhithe a iompar nó chun madraí agus cait aonair a chur faoi leithlisiú sealadach agus gearrthéarmach, ar feadh thréimhse na rannpháirtíochta i seónna, taispeántais agus comórtais, nó i leith coileáin nó piscíní a bhfuil cumas teirmirialúcháin laghdaithe acu agus i leith coileáin nó piscíní a choimeádtar in éineacht lena máithreacha, ar choinníoll go ndéantar an strus a íoslaghdú, go ndéantar an fhulaingt de dheasca teochtaí foircneacha a sheachaint agus gur féidir leis an ainmhí seasamh suas, iompú thart agus luí síos i staidiúir nádúrtha.

(48)

Ba cheart áit scíthe ainmnithe a chur ar fáil do mhadraí agus do chait agus an deis a bheith acu cúbadh fúthu, a scíth a ligean agus mothú sábháilte. Ba cheart an áit scíthe a bheith glan agus tirim agus ba cheart í a bheith cumhdaithe, mar shampla, le hábhair bhoga, amhail mata, blaincéad nó ábhair oiriúnacha eile chun compord agus tacaíocht mhaith choirp a sholáthar. Ba cheart an áit scíthe a bheith mór a dhóthain chun go mbeidís ábalta seasamh suas, iompú thart agus luí síos i staidiúir nádúrtha. Ba cheart do gach madra nó cat a chomhroinneann an spás céanna a bheith ábalta a scíth a ligean ag an am céanna.

(49)

Bíonn tionchar ag roinnt tosca, lena n-áirítear timthriallta hormónacha, iompraíocht agus uainiú, ar chúpláil, i gcás ina mbíonn idirghníomhú nádúrtha idir an t-ainmhí fireann agus an t-ainmhí baineann. Dá bhrí sin, tá sé contrártha dá n-iompraíocht nádúrtha srian fisiceach a chur ar ghluaiseacht madraí nó cat le linn cúplála agus, dá bhrí sin, bíonn drochthionchar aige ar a leas. Níor cheart d’oibreoirí srian fisiceach a chur ar mhadraí ná cait le linn cúplála. Ina ionad sin, ba cheart d’oibreoirí iarracht a dhéanamh modhanna eile a aimsiú chun tionchar a imirt ar chúpláil rathúil, amhail an t-uainiú is fearr agus is féidir le haghaidh cúplála.

(50)

Is féidir leis an oibreoir, ag gníomhú dó nó di ar bhonn comhairle tréidliachta agus cás ar leith maidir le madra nó cat á chur san áireamh aige nó aici, a roghnú go rialófar atáirgeadh trí mhodhanna máinliachta nó neamh-mháinliachta. Chun pian a sheachaint, ba cheart do thréidlia aon steiriliú máinliachta a dhéanamh, nó, i gcás cait fhireanna, i gcás ina gceadaíonn an Ballstát amhlaidh, ba cheart d’altra tréidliachta ceadúnaithe é a dhéanamh, trí úsáid a bhaint as ainéistéise agus anailgéise fhaidréiseach.

(51)

Ba cheart toirmeasc a chur ar ainmhithe a chur ar teaghrán ar feadh tréimhsí fada, ós rud gur féidir leis sin a bheith ina chúis mhór imní ó thaobh leas ainmhithe de. Is féidir baint a bheith aige sin le leitheadúlacht mhéadaithe maidir le neamhoird féinghluaiseachta, le neamhábaltacht luí nó scíth a ligean go compordach agus le neamhábaltacht ar thaobh an ainmhí é féin a iompar mar is gnách.

(52)

Tá sé thar a bheith tábhachtach a ndóthain spáis a sholáthar do mhadraí agus do chait chun a n-iompraíochtaí dúchasacha a léiriú. Ar an gcúis chéanna, níor cheart coimeádáin a úsáid ach amháin in imthosca eisceachtúla, amhail an gá atá le madra nó cat foghach a chur faoi leithlisiú gearrthéarmach nó madraí agus cait a iompar chuig tréidlia. Chun rithimí laethúla nádúrtha na madraí agus na gcat a éascú, ba cheart rochtain ar sholas nádúrtha a sholáthar lena gcóiríocht freisin, cé gur féidir é a chomhlánú i gcás inar gá le soilsiú saorga. Chun tacú níos fearr lena bhforbairt, is féidir tús a chur le coileáin ó 5 seachtaine d’aois ar aghaidh a thabhairt go limistéar lasmuigh atá slán ar feadh tréimhsí áirithe, agus a riachtanais aonair agus na dálaí aimsire á gcur san áireamh. Chun díriú ar an ngá atá acu le haclaíocht a dhéanamh, le sóisialú a dhéanamh agus le hiompraíochtaí dúchasacha eile a léiriú, ba cheart rochtain lasmuigh a thabhairt do mhadraí atá níos sine ná 8 seachtaine d’aois. Ba cheart rochtain laethúil shábháilte lasmuigh a bheith ag na madraí sin ar feadh tréimhse iomlán uair an chloig ar a laghad, nó ba cheart iad a thabhairt amach ag siúl.

(53)

Ionas nach gcuirfear a leas i mbaol, agus go háirithe chun aimhréidheanna toirchis a chosc, níor cheart madraí baineanna ná cait bhaineanna a phórú sula mbainfidh siad aibíocht amach. Chun ligean dóibh téarnamh go fisiciúil ó thoircheas agus lachtadh, níor cheart ligean do shoitheanna ná cráinchait atáirgeadh arís ach amháin tar éis tréimhse leordhóthanach ama a bheith caite. Mar sin féin, chun cosc a chur ar riochtaí áirithe paiteolaíocha atáirgthe i soitheanna agus i gcráinchait, amhail piriméadra, ba cheart suas le trí thoircheas a cheadú laistigh de thréimhse 2 bhliain, agus tréimhse téarnaimh leormhaith a bheith ann ina dhiaidh sin, tréimhse ba cheart a bheith cothrom le bliain amháin ar a laghad i gcás soitheanna agus cráinchait a bhfuil trí ál tugtha ar an saol acu, lena n-áirítear álta coileán marbh-bheirthe nó piscíní marbh-bheirthe, laistigh de thréimhse 2 bhliain. Ba cheart soitheanna agus cráinchait atá ag dul in aois agus soitheanna agus cráinchait a bhfuil dhá ghearradh Chaesaracha déanta orthu, scor de bheith ag atáirgeadh ós rud é nach féidir a chur as an áireamh go mbeidh éifeacht dhiúltach ag toircheas eile ar a leas.

(54)

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an t-athrú ar chleachtais maidir leis an timthriall atáirgthe a cheanglaítear leis an Rialachán seo tionchar diúltach a imirt ar ioncam na bpóraitheoirí madraí agus cat mar gheall ar líon na n-álta a tháirgtear in aghaidh na bliana a laghdú. Is gá, dá bhrí sin, am breise a thabhairt do phóraitheoirí chun a samhlacha gnó a oiriúnú.

(55)

Is den bhunriachtanas é nach mbeidh madraí ná cait ina mbagairt ar shábháilteacht an duine. Chun baol an fhogha i leith daoine a laghdú, ba cheart madraí agus cait a bheirtear nó a choimeádtar i mbunaíochtaí a shóisialú go hiomchuí le hainmhithe den speiceas céanna, le daoine agus, i gcás inar féidir, le hainmhithe eile. Ba cheart iad a choimeád i dtimpeallacht spreagúil agus neamhbhagrach atá feistithe le saibhriú, mar shampla bréagáin, a thugann deiseanna dóibh a bheith ag macnas agus iompraíochtaí dúchasacha eile a léiriú. Níor cheart madraí agus cait a scaradh óna máithreacha ag aois ró-óg ós rud é gur féidir leis sin a bheith ina chúis le strus tromchúiseach scartha, agus le fadhbanna iompraíochta gaolmhara do na hainmhithe sin. Ba cheart, dá bhrí sin, é a thoirmeasc, ach amháin i gcás ina bhfuil cúiseanna leighis leis an scaradh.

(56)

Tá tionchar diúltach tromchúiseach ar leas madraí agus cat ag gnáthaimh a bhfuil sé d’aidhm leo dealramh na madraí agus na gcat a athrú, nó cosc a chur ar iompraíochtaí áirithe atá acu, amhail ciorrú ag cluasa, sciotadh eireaball, baint crúb agus téada gutha nó fillteacha gutha a athghearradh. Cuireann na gnáthaimh sin pian ar mhadraí agus ar chait agus cuireann siad cosc orthu iompraíochtaí dúchasacha a léiriú. Ar an gcúis sin, níor cheart na gnáthaimh sin a cheadú ach amháin má dhéanann tréidlia iad agus ar chúiseanna leighis amháin nuair is gá. Níor cheart idirghabhálacha próifiolacsacha a cheadú ach amháin má shainaithníonn an tréidlia tásc leighis a thugann údar leis an idirghabháil sin.

(57)

Bíonn ról lárnach ag madraí a úsáidtear i seirbhísí míleata, póilíneachta agus custaim sa tslándáil náisiúnta. Chun freastal ar riachtanais shonracha na bhfórsaí míleata, na seirbhísí póilíneachta agus na seirbhísí custaim agus na n-oibreoirí a phóraíonn madraí agus a chuireann oiliúint ar mhadraí do na húdaráis sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit díolúintí a dheonú maidir le cleachtais láimhseála phianmhara agus cur ar teaghrán, ós rud é go bhféadfadh cleachtais den sórt sin agus cur ar teaghrán a bheith riachtanach le linn oiliúint a bheith á cur ar na madraí sin. D’ainneoin na ndíolúintí sin, tá sé tábhachtach oiliúint rialta i scileanna iomchuí a chur ar bhaill foirne a chuireann oiliúint ar mhadraí do na fórsaí míleata nó do na seirbhísí póilíneachta agus custaim i mbunaíochtaí ionas go gcuirfidh siad modhanna láimhseála agus oiliúna iomchuí i bhfeidhm agus go ndéanfaidh siad pian a laghdú a mhéid is féidir do na madraí atá faoina gcúram.

(58)

Déantar madraí caomhnóra beostoic a phórú chun beostoc a chosaint agus iad a chosaint ar chreachadóirí i suíomhanna talmhaíochta nó tréadacha. Is minic a chaitheann na madraí sin tréimhsí faidréiseacha lasmuigh gan aon duine ina ngaobhar. Mar gheall ar an gcaoi ina n-úsáidtear iad, agus ar an éifeacht chinntitheach atá aige sin ar a ndálaí maireachtála, bíonn sé dúshlánach uaireanta na hainmhithe sin a bheathú agus súil a choinneáil orthu go rialta. Is deacair go minic ceanglais sin an Rialacháin seo a chomhlíonadh arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíontar riachtanais chóiríochta agus sóisialúcháin na n-ainmhithe sin. Thairis sin, is madraí tréadaíochta iad na madraí a úsáidtear chun tréad atá i mbun gluaiseachta a stiúradh agus bíonn siad i dtionlacan an duine atá freagrach. Tá gá le díolúintí le haghaidh ceanglais áirithe den Rialachán seo maidir le cóiríocht agus sóisialú i gcás na madraí sin le linn na tréimhse ina mbíonn buailteachas séasúrach na dtréada sin ar siúl.

(59)

Tá na dálaí in ionaid phórúcháin thar a bheith riachtanach chun a áirithiú go bpóraítear agus go gcoimeádtar madraí agus cait mar is ceart, agus go gcaitear mar is ceart leo sula gcuirtear ar an margadh iad, go háirithe mar gheall ar na hiarmhairtí is féidir a bheith ag drochdhálaí leasa ainmhithe do mhadraí agus do chait go luath sa saol. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na hionaid phórúcháin le haghaidh madraí agus cait ag a bhfuil acmhainneacht shuntasach táirgeachta a fhormheas agus go mbeidh na hionaid phórúcháin sin faoi réir réamhchigireacht ar an láthair sula bhformheasfar iad. Bealach éifeachtach lena áirithiú go gcomhlíonfaidh bunaíochtaí ceanglais an Rialacháin seo is ea an réamhchigireacht sin arna déanamh ag tréidlianna oifigiúla, nó, i gcás ina bhfuil an cúram rialaithe oifigiúil tarmligthe, ag gairmithe eile, agus na bunaíochtaí sin a fhormheas ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ós rud é gur cheart na cigireachtaí sin a bheith dírithe ar bhunaíochtaí a bhfuil riosca níos airde ag baint leo ó thaobh leas ainmhithe a chomhlíonadh de, agus ós rud é nach bhfuil ach líon teoranta tréidlianna oifigiúla ar fáil sna Ballstáit, ní bheadh sé comhréireach a cheangal go ndéanfaí cigireacht ar an láthair ar na bunaíochtaí uile roimh ré ná go ndéanfaí iad a fhormheas. Tá sé tábhachtach freisin liosta de na bunaíochtaí formheasta sin a bheith ar fáil go poiblí chun go bhféadfaidh faighteoirí ionchasacha stádas na n-ionad pórúcháin a fhíorú, lena dtacófar, dá bhrí sin, le rialú poiblí na mbunaíochtaí sin agus lena ndéanfar feasacht na saoránach a neartú. Ós rud é go bhfuil am ag teastáil ó na hionaid phórúcháin chun ceanglais maidir le cóiríocht a chur chun feidhme, agus go bhfuil am ag teastáil ó na húdaráis inniúla chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar ionaid phórúcháin atá ann cheana, maidir leis an oibleagáid atá ar na hionaid phórúcháin i leith formheas a fháil, ba cheart feidhm a bheith léi ar an dáta céanna leis na ceanglais maidir le cóiríocht.

(60)

Spreagann roinnt oibreoirí a chuireann madraí nó cait ar an margadh custaiméirí ionchasacha chun ceannach ar aon chostas agus úsáid á baint acu as argóintí mothúchánacha, gan na hiarmhairtí a bhaineann le húinéireacht madra nó cait a lua leis an úinéir ionchasach. Áitíonn oibreoirí eile na freagrachtaí a bhaineann le húinéireacht peataí a lua, rud a d’fhéadfadh, ar ndóigh, teorainn a chur lena gcumas madraí nó cait a chur ar mhargadh an Aontais. Is gnách go dtéann an difríocht atá idir an dá dhearcadh sin chun tairbhe d’oibreoirí nach bhfuil chomh freagrach céanna, rud a fhágann go mbíonn saobhadh iomaíochta ann d’ainneoin a thábhachtaí atá sé do leas ainmhithe agus don ord poiblí custaiméirí a chur ar an eolas faoina bhfreagrachtaí agus madra nó cat á fháil acu. Tá údar maith, dá bhrí sin, lena cheangal ar gach oibreoir a chuireann madraí nó cait ar mhargadh an Aontais na húinéirí a bheidh ann amach anseo a chur ar an eolas faoina bhfreagrachtaí. Ina theannta sin, i gcás ina n-éascaítear oibreoir madra nó cat a chur ar an margadh trí fhógrán ar líne, ba cheart rabhadh iomchuí a bheith ag gabháil leis chun an teachtaireacht maidir le húinéireacht fhreagrach a chur in iúl ar bhealach éifeachtúil. Tá sé tábhachtach úinéireacht fhreagrach peataí a chur chun cinn ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh agus le cosaint tomhaltóirí, agus chun nach dtréigfear madraí agus cait toisc nach raibh úinéirí peataí ar an eolas sula bhfuair siad an t-ainmhí faoi na freagrachtaí a bhaineann le húinéireacht peataí. Dá bhrí sin, an oibleagáid i leith rabhadh maidir le húinéireacht fhreagrach a thaispeáint i bhfógráin ar líne a bhaineann le díol, deonú nó aon chineál eile aistrithe úinéireachta, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha seachas oibreoirí. An oibleagáid an rabhadh maidir le húinéireacht fhreagrach a thaispeáint, tá feidhm aici maidir leis na daoine a chuireann madraí agus cait ar an margadh chun críocha an Rialacháin seo agus níl sé beartaithe cur isteach ar shaoirse an phreasa ná ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ná ar rialacha náisiúnta atá ann cheana maidir le freagracht eagarthóireachta nach bhfuil comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais.

(61)

Éascaítear gáinneáil neamhdhleathach agus cleachtais chalaoiseacha a bhaineann le madraí agus cait a chur ar mhargadh an Aontais i ngeall ar a dhodhéanta atá sé na hainmhithe sin a rianú. Eascraíonn an easpa inrianaitheachta sin as ceanglais maidir le sainaithint atá neamhiomlán agus as an easpa ceanglas maidir le clárú le haghaidh na n-ainmhithe sin. Thairis sin, éascaítear cleachtais chalaoiseacha nuair nach ndéantar comhchuibhiú ar na córais chun madraí agus cait a shainaithint agus a chlárú nó nuair nach féidir iad a oibriú go héasca toisc nach bhfuil an bonneagar teicniúil idir-inoibritheach. Le plean rialaithe comhordaithe an Aontais maidir le díolacháin madraí agus cat ar líne ó 2018 agus le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin an Aontais maidir le trádáil neamhdhleathach cat agus madraí a rinneadh in 2022-2023 araon, léiríodh cleachtais chalaoiseacha fhorleathana maidir le madraí agus cait a chur ar an margadh san Aontas, agus fadhbanna gaolmhara maidir leas ainmhithe. Is den bhunriachtanas é, dá bhrí sin, na caighdeáin maidir le modhanna sainaitheantais agus clárúcháin madraí agus cat a chomhchuibhiú. Trí oibleagáid leathan a leagan síos maidir le madraí agus cait a shainaithint agus a chlárú, seachnaítear lúba ar lár sa chóras inrianaitheachta a mbeadh baol ann, murach sin, go ndéanfadh calaoiseoirí dúshaothrú orthu. Ba cheart do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuireann madraí nó cait ar mhargadh an Aontais fianaise maidir le sainaithint agus clárú a sholáthar i gceann de na bunachair sonraí arna mbunú ag na Ballstáit chun na críche sin. Ba cheart gach athrú úinéireachta nó freagrachta ina dhiaidh sin maidir le madra nó cat ar leith a bheith cláraithe i gceann de na bunachair sonraí. Agus aird á tabhairt ar an ról lárnach atá ag madraí a úsáidtear i seirbhísí míleata, póilíneachta agus custaim maidir leis an tslándáil náisiúnta, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit díolúintí a dheonú maidir leis na madraí sin a chlárú chun cosc a chur ar iad a rianú siar go dtí na seirbhísí sin.

(62)

Ba cheart do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuireann madraí agus cait ar mhargadh an Aontais fianaise maidir le sainaithint a sholáthar trí dhoiciméad a thaispeáint a thagraíonn do chód an trasfhreagróra a ionphlandaíodh sa mhadra nó sa chat chomh maith le fianaise ar chlárú an ainmhí sin i mbunachar sonraí oifigiúil. Ar an gcaoi sin, beidh faisnéis ríthábhachtach faoin ainmhí curtha ar aghaidh chuig an úinéir nua agus déanfar a inrianaitheacht a áirithiú.

(63)

Ós rud é go dtairgtear formhór na madraí agus na gcat lena ndíol nó lena ndeonú faoi láthair trí bhíthin fógráin ar líne, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhforbrófar córas a bheidh ar fáil go poiblí agus saor in aisce lena gcuirfear ar a gcumas d’fhaighteoirí barántúlacht shainaithint, chlárú agus úinéireacht an mhadra nó an chait a fhógraítear a fhíorú. Chun na críche sin, ba cheart a cheangal ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a fhógraíonn an madra nó an cat ar líne an córas fíorúcháin a úsáid agus an ceadchomhartha arna ghiniúint ag an gcóras sin a thaispeáint san fhógrán. Is é is aidhm don bheart sin calaois a chomhrac ar bhealach níos fearr trí inrianaitheacht thionscnamh na madraí agus na gcat a chuirtear ar mhargadh an Aontais a fheabhsú, trí rialuithe níos fearr ag údaráis inniúla a cheadú agus trí leas na n-ainmhithe sin a fheabhsú ar deireadh thiar. Ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne gníomhú go dícheallach agus iad ag gníomhú mar idirghabhálaithe agus madraí agus cait á gcur ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart a cheangal ar ardáin ar líne lena gceadaítear fógraíocht a dhéanamh chun madraí agus cait a chur ar an margadh a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a chuireann ar a gcumas do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a fhógraíonn madraí agus cait an ceadchomhartha ábhartha a thaispeáint agus faighteoirí a chur ar an eolas faoin gcóras fíorúcháin. Níor cheart é sin a bheith ina oibleagáid ar ardáin ar líne i leith faireachán ginearálta a dhéanamh ar na fógráin a thairgtear trína n-ardán, ná ina oibleagáid ghinearálta aimsithe fíoras atá dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar chruinneas an tsainaitheantais agus an chlárúcháin sula bhfoilseofar an tairiscint.

(64)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag an leibhéal feasachta maidir le leas ainmhithe atá ag cúramóirí ainmhithe ar leas na madraí agus na gcat atá faoina gcúram, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go bhfuil oiliúint leordhóthanach ar fáil ó thaobh cainníochta agus cáilíochta araon de chun a chur ar a gcumas do chúramóirí ainmhithe na ceanglais oiliúna a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(65)

Chun inrianaitheacht madraí agus cat a áirithiú, ba cheart iad a bheith sainaitheanta ar bhonn aonair le haitheantóir uathúil atá i bhfoirm trasfhreagróra, agus ba cheart a sonraí aitheantais a chlárú freisin i mbunachar sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as bunachair sonraí na madraí agus na gcat ina gcríocha a bhunú agus a chothabháil chun inrianaitheacht na n-ainmhithe sin a áirithiú. Is gá idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí sin a áirithiú freisin. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé níos fusa faisnéis ar mhadraí agus cait ar fud an Aontais a fháil agus na húdaráis inniúla a chumasú chun seiceálacha oifigiúla a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir le leas ainmhithe. Chun an idir-inoibritheacht maidir leis na bunachair sonraí náisiúnta sin a éascú, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí innéacs a bhunú.

(66)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na ndálaí leasa ainmhithe ina gcoimeádtar madraí agus cait i mbunaíochtaí agus ar inrianaitheacht na n-ainmhithe, is gá do na Ballstáit príomhtháscairí beartais a bhailiú, a thuairisciú agus a anailísiú. Ba cheart na príomhtháscairí beartais sin a chomhchuibhiú faoin Rialachán seo chun a n-inchomparáideacht ar leibhéal an Aontais a áirithiú, agus chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí beartais an Rialacháin seo a bhaint amach.

(67)

Le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), leagtar síos rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit le linn na nósanna imeachta ábhartha. Ba cheart róil an Choimisiúin agus na mBallstát i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcásanna faoin Rialachán seo a shainiú go soiléir chun ardleibhéal cosanta sonraí a áirithiú.

(68)

Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart ainmneacha daoine nádúrtha agus sonraí teagmhála gaolmhara a bheith le feiceáil sna doiciméid a phróiseálann an Coimisiún agus na Ballstáit le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo, eadhon fógra a thabhairt faoi bhunaíochtaí agus formheas na mbunaíochtaí sin, clárú madraí agus cat, clárú madraí agus cat a fhíorú, agus allmhairí madraí agus cat. Tugtar bonn cirt le próiseáil na sonraí pearsanta sin trí leas an phobail maidir lena áirithiú go ndéanfar na ceanglais maidir le leas i gcás madraí agus cat a urramú, lena n-áirítear rialuithe oifigiúla a dhéanamh, agus inrianaitheacht a áirithiú, agus maidir le cosc a chur ar imchéimniú na ndálaí leasa sin agus na gceanglas sin maidir le leas, agus maidir le trádáil neamhdhleathach madraí agus cat idir na Ballstáit, agus, i gcás allmhairí, ó thríú tíortha araon, a chomhrac.

(69)

Ba cheart an tréimhse choinneála le haghaidh sonraí pearsanta i gclár na mbunaíochtaí agus liosta na n-ionad pórúcháin formheasta a bheith cothrom le 10 mbliana ó dháta scoir ghníomhaíocht na bunaíochta, ós rud é gur gá do na húdaráis inniúla rochtain a bheith acu ar stair gníomhaíochtaí oibreora i ndáil le madraí agus cait a phórú, a choimeád agus a chur ar mhargadh an Aontais, agus a bheith ar an eolas faoi neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le leas ainmhithe roimhe sin agus fógra nua maidir le gníomhaíocht nó iarraidh ar fhormheas á bhfáil acu.

(70)

Ba cheart an tréimhse choinneála le haghaidh sonraí pearsanta na n-úinéirí reatha agus na n-iarúinéirí madraí nó cat i mbunachair sonraí náisiúnta agus i mbunachar sonraí innéacs a bheith cothrom le 5 bliana ó bhás an mhadra nó an chait a thaifeadadh sna bunachair sonraí sin nó cothrom le 25 bliana ó dháta chéadchlárú an mhadra nó an chait sna bunachair sonraí sin. Tá an tréimhse choinneála sin ceaptha chun ionchas saoil madraí agus cat a chumhdach, chun a áirithiú go mbeidh córas láidir inrianaitheachta ann do gach madra agus cat a thrádáiltear san Aontas, agus chun sonraí a sholáthar, lena n-áirítear tar éis bás madra nó cait ar leith, le haghaidh rialuithe oifigiúla ar fhadhbanna leasa amhail rátaí báis atá níos airde ná mar is gnách, ar gá anailísiú sonraí a dhéanamh ina leith.

(71)

Maidir leis an tréimhse choinneála i gcás sonraí a bhaineann le húinéirí agus daoine údaraithe atá ag teacht isteach san Aontas le madraí nó cait faoi ghluaiseachtaí neamhthráchtála ar tugadh réamhfhógra ina leith i mbunachar sonraí de chuid an Aontais maidir le hallmhairí neamhthráchtála peataí, ba cheart í a bheith cothrom le 5 bliana ón réamhfhógra ón úinéir chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla anailísiú sonraí a dhéanamh, gluaiseachtaí amhrasacha a shainaithint, agus rialuithe oifigiúla rioscabhunaithe a bhunú chun díriú ar chalaoiseoirí ionchasacha.

(72)

Maidir leis an tréimhse choinneála i gcás na sonraí i gcóras fíorúcháin an Aontais a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a fhógraíonn madra nó cat chun é a chur ar an margadh agus a úsáideann an córas fíorúcháin chun an ceadchomhartha is gá a ghiniúint, ba cheart í a bheith cothrom le 18 mí ó ghiniúint an cheadchomhartha, chun go mbeidh an córas ábalta barántúlacht shainaithint, chlárú agus úinéireacht an mhadra nó an chait a fhógraítear a dheimhniú d’fhaighteoir a úsáideann an córas sin le linn tréimhse uasta mheasta fhoilsiú an fhógra ar líne.

(73)

D’fhéadfadh sé go ndearnadh madraí agus cait a allmhairítear isteach san Aontas a phórú nó a choimeád i dtríú tíortha faoi dhálaí a bhí dochrach dá leas. Ardaíonn sé sin ábhair imní mhorálta phoiblí, agus baineann riosca leis sin san Aontas a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte ainmhí agus le sláinte phoiblí. Measann saoránaigh an Aontais gur ceist freagrachta morálta é ardleibhéal leasa a bheith ann do mhadraí agus cait, mar is léir ó thorthaí Eorabharaiméadar 2023 ar leas ainmhithe, agus freisin ón gcomhfhreagras cuimsitheach agus ó na hachainíocha iomadúla atá faighte ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an ábhar seo, ó na ceisteanna parlaiminteacha iomadúla a ardaíodh agus ó rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2020 maidir le margadh inmheánach an Aontais agus cearta tomhaltóirí a chosaint i gcoinne impleachtaí diúltacha na trádála neamhdhleathaí in ainmhithe coimhdeachta, chomh maith leis an gcosc atá san Aontas ar fhionnadh madraí agus cat agus tairgí ina bhfuil an fionnadh sin a chur ar an margadh agus a allmhairiú. Thairis sin, is cuid d’fhadhbanna leasa ainmhithe iad fadhbanna a bhaineann le beatha agus sláinte ainmhithe. Mar shampla, is féidir tnáitheadh, caiceicse agus leochaileacht i leith galair thógálacha eascairt as dian-úsáid iomarcach a bheith á baint as madraí baineanna nó cait bhaineanna le haghaidh pórú a mhainníonn na riachtanais maidir le leas na n-ainmhithe sin a urramú. Ar deireadh, is féidir le drochdhálaí leasa a bheith ina siocair le rioscaí don tsláinte phoiblí, lena n-áirítear méadú ar mhinicíocht oibreán zónóiseach amhail borrphéist nó paraisítí inmheánacha, chomh maith le bheith ina bhaol méadaithe tánaisteach go dtiocfadh forás ar fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach toisc gur gá méideanna móra ábhar frithmhiocróbach a úsáid sa bhunaíocht tionscnaimh. Is féidir madraí agus cait a phóraítear faoi dhrochdhálaí leasa a bheith ina mbaol don tsábháilteacht phoiblí freisin ós rud é go mb’fhéidir go ndéanfaidh siad iompraíocht fhoghach a fhorbairt mar thoradh air sin. I bhfianaise na n-ábhar imní morálta poiblí sin, agus mar gheall ar an mbaol don tsábháilteacht, do leas na n-ainmhithe agus don tsláinte phoiblí, agus chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, is den tábhacht é go ndéanfaidh oibreoirí a bhfuil baint acu le madraí agus cait a allmhairiú ó thríú tíortha na rialacha maidir leas ainmhithe a chomhlíonadh, arb ionann iad agus na rialacha sin a leagtar síos sa Rialachán seo nó atá coibhéiseach leis na rialacha sin, agus go dtabharfaidh siad na ráthaíochtaí céanna maidir le hinrianaitheacht na n-ainmhithe. Ós rud é go n-éileofar leis sin athruithe ó oibreoirí tríú tír a bhfuil baint acu le madraí agus cait a onnmhairiú chuig an Aontas, is gá foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse atá chomh fada céanna leis an tréimhse is infheidhme maidir le hoibreoirí de chuid an Aontais.

(74)

Chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha allmhairiúcháin a fhorfheidhmiú go cuí, ba cheart don Choimisiún liosta de thríú tíortha atá formheasta chun madraí agus cait a chur ar mhargadh an Aontais a tharraigt suas, atá bunaithe ar a mheasúnú ar iontaofacht na rialuithe oifigiúla sna triú tiortha sin chun na rialacha maidir le leas ainmhithe a cheanglaítear faoin Rialachán seo a fhorfheidhmiú, nó atá aitheanta ag an Aontas mar rialacha coibhéiseacha, mar a chuirtear i bhfeidhm maidir le bunaíochtaí ar a gcríoch a onnmhairíonn madraí agus cait chuig margadh an Aontais nó a bhfuil sé beartaithe acu iad a onnmhairiú chuig margadh an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart liosta a bhunú de na bunaíochtaí a dhéanann madraí agus cait a phórú agus a choimeád sna tríú tíortha sin, agus a gceadaítear dóibh na hainmhithe sin a onnmhairiú chuig an Aontas, chun inrianaitheacht a áirithiú agus rialuithe ag Poist Rialaithe Teorainneacha an Aontais a éascú. Ba cheart don Choimisiún, agus cur chuige rioscabhunaithe á úsáid aige, iniúchtaí a dhéanamh ar iontaofacht córas rialaithe oifigiúil tríú tíortha arna bhformheas faoin Rialachán seo, chomh maith leis na tríú tiortha sin a iarrann go ndéanfaí iad a fhormheas faoin Rialachán seo. Ba cheart comhlíonadh rialacha ábhartha an Rialacháin seo nó rialacha a aithníonn an tAontas a bheith ina rialacha coibhéiseacha a dheimhniú sa deimhniú sláinte ábhartha a úsáidtear i gcomhair na n-onnmhairí sin. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún féachaint le samhail ábhartha an deimhnithe oifigiúil a leasú, chun an fianú gaolmhar maidir le leas ainmhithe a áireamh.

(75)

Chun cosaint an tomhaltóra a fheabhsú agus chun inrianaitheacht chuí na madraí agus na gcat a allmhairítear isteach san Aontas a áirithiú, is iomchuí a cheangal sa Rialachán seo go mbeidh na hainmhithe sainaitheanta roimh theacht isteach dóibh san Aontas agus go n-áiritheoidh a n-allmhaireoirí go gclárófar na hainmhithe i gceann de bhunachair sonraí na mBallstát. Mar thoradh air sin, déanfar formhaoirseacht níos fearr ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin. Thairis sin, léirigh Gníomhaíocht Chomhordaithe an Aontais maidir le trádáil neamhdhleathach cat agus madraí, a rinneadh in 2022 agus in 2023, go bhfuil allmhairiú madraí agus cat isteach san Aontas atá beartaithe lena dtrádáil ar cheann de na cleachtais chalaoiseacha choiteanna maidir le trádáil madraí agus cat, agus á mhaíomh gur gluaiseachtaí neamhthráchtála iad na gluaiseachtaí sin mar a shainmhínítear faoi rialacha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, eadhon gluaiseachtaí madraí agus cat i dtionlacan a n-úinéirí nó duine arna údarú ag an úinéir gan é a bheith beartaithe an úinéireacht a aistriú. Chun uirlisí a sholáthar do na Ballstáit chun rialuithe rioscabhunaithe a dhéanamh lena ndírítear ar an gcleachtas calaoiseach sin, is den riachtanas é go dtabharfar réamhfhógra, trí bhunachar sonraí tiomnaithe de chuid an Aontais maidir le hallmhairí neamhthráchtála peataí, faoi theacht isteach madraí agus cat san Aontas mar mhadraí agus cait neamhthráchtála, go neamhspleách ar líon na n-ainmhithe. Sa bhunachar sonraí sin, ba cheart fógraí a bhailiú faoi theacht isteach gach ainmhí den sórt sin san Aontas gan beann ar an bpointe iontrála, chun go mbeidh an forléargas is gá ag na Ballstáit agus chun cuidiú le gluaiseachtaí amhrasacha a bhrath. Ar an gcúis sin, is iomchuí go ndéanfaidh an Coimisiún an bunachar sonraí sin a bhunú agus a chothabháil ionas go mbeidh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí rialúcháin. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis a bhailítear sa bhunachar sonraí a úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, rialuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar ghluaiseachtaí amhrasacha lena n-áirítear, i gcás inar gá, seiceálacha ar an láthair.

(76)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtach, moltar do na Ballstáit feachtais a chur i gcrích chun feasacht a mhúscailt maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear feachtais atá dírithe ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ar leo madraí nó cait, agus ar fhaighteoirí ionchasacha madraí nó cat. D’fhéadfaí a chumhdach leis na feachtais sin an oibleagáid maidir le madraí agus cait a shainaithint agus a chlárú i gcomhréir leis an Rialachán seo, na ceanglais maidir le hinneachar na bhfógrán maidir le díol nó aistriú úinéireachta nó freagrachta i gcás madraí nó cat, chomh maith leis na cúiseanna atá ag an gcóras le barántúlacht na bhfógrán ar líne a fhíorú, a ghnéithe teicniúla agus conas é a úsáid. D’fhéadfadh na feachtais na cúiseanna atá leis an úinéireacht fhreagrach a chumhdach, agus coincheap na húinéireachta freagraí, lena n-áirítear a thábhachtaí atá sé gan madraí nó cait a thréigean, a mhíniú. Ba cheart don Choimisiún éascú a dhéanamh ar an malartú dea-chleachtas maidir leis na gníomhaíochtaí múscailte feasachta sin. Tá cláir neodrúcháin i bhfeidhm ag roinnt Ballstát le haghaidh madraí agus cat chun atáirgeadh neamhrialaithe madraí agus cat fáin a theorannú. Cuireann siad feachtais múscailte feasachta i gcrích maidir leis na cláir sin. Is féidir le cláir neodrúcháin neamhéifeachtacha a bheith ina siocair le tréigean méadaithe. Más rud é, ina theannta sin, nach ndéantar bainistiú leormhaith ar dhaonraí ainmhithe fáin, is féidir méadú ar líon na madraí agus na gcat a bheidh á gcur ar an margadh san Aontas a bheith mar thoradh air sin. D’fhéadfaí feachtais náisiúnta maidir le cláir neodrúcháin a chomhtháthú san fheachtas múscailte feasachta maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus é mar aidhm leis úinéireacht fhreagrach a spreagadh agus an brú ar mhargadh na madraí agus na gcat a laghdú.

(77)

Chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha, go háirithe na tuairimí ó EFSA, agus tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an dul chun cinn sin agus na bhforbairtí sin a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí tháscairí maidir le hiompraíocht agus cuma fhisiciúil madraí agus cat a leagan síos trí shaintréithe na ngéinitíopaí, agus na tréithe conformálacha iomarcacha ba cheart a bheith ina gcúis le madra nó cat a eisiamh ón atáirgeadh, a shainiú, ionas nach mbeidh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte nó ar leas na madraí agus na gcat mar thoradh ar straitéisí pórúcháin. I gcomhthéacs seónna, taispeántais agus comórtais aeistéitiúla, tar éis tuairim eolaíoch EFSA agus imthosca sonracha sóisialta agus eacnamaíocha na hearnála araon a mheas, ba cheart cur chuige forásach cothrom a léiriú sna gníomhartha tarmligthe sin, chun cur chun feidhme comhréireach agus praiticiúil a áirithiú.

(78)

Chun na critéir íosta a bhfuil measúnú le déanamh orthu le linn cuairteanna a bhfuil leas ainmhithe i gceist leis a leagan síos, chomh maith le dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha, agus a dtionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith Airteagal 10 den Rialachán seo a fhorlíonadh agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le pórú, coimeád agus sainaithint madraí agus cat chomh maith le táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chuspóirí beartais an Rialacháin seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(79)

Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis méid seo a leanas a chur chun feidhme:

comhchuibhiú ábhar an oideachais, na hoiliúna nó na taithí gairmiúla do chúramóirí inniúla ainmhithe;

an fhaisnéis atá le soláthar ag oibreoirí agus ag daoine nádúrtha a chuireann agus a fhógraíonn madraí nó cait ar an margadh mar chruthúnas ar shainaithint agus ar chlárú madraí agus cat, agus gnéithe áirithe den chóras fíorúcháin a dhéanann seiceálacha uathoibrithe ar bharántúlacht shainaithint agus chlárú na madraí agus na gcat;

na híoscheanglais maidir le hinneachar na mbunachar sonraí le haghaidh madraí agus cait a chlárú agus na ceanglais a bhaineann le hidir-inoibritheacht na mbunachar sonraí;

an mhodheolaíocht chomhchuibhithe chun na sonraí atá le bailiú, a leagtar amach in Iarscríbhinn III den Rialachán seo, a thomhas agus an teimpléad le haghaidh thuarascáil na mBallstát chuig an gCoimisiún maidir leis na sonraí sin;

an fhaisnéis a bhfuil réamhfhógra le tabhairt ina leith ag úinéirí i mbunachar sonraí an Aontais maidir le hallmhairí neamhthráchtála peataí, agus an nós imeachta le haghaidh réamhfhógraí maidir le gluaiseachtaí a bhfuil riosca calaoise ag baint leo.

Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(80)

Tá éagsúlacht i ndearcadh na saoránach ar fud na mBallstát maidir le leas madraí agus cat. Tá tacar cuimsitheach rialacha glactha cheana féin, dá bhrí sin, ag roinnt Ballstát maidir le leas na n-ainmhithe sin. Ós rud é go leagtar síos íoscheanglais leis an Rialachán seo, is iomchuí, dá bhrí sin, cead a bheith ag na Ballstáit rialacha náisiúnta níos déine a choinneáil nó a ghlacadh arb é is aidhm dóibh cosaint níos fairsinge a thabhairt do mhadraí agus do chait ná na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ar choinníoll nach ndéanfaidh na rialacha náisiúnta sin difear d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(81)

Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon riail náisiúnta atá níos déine ná na rialacha sin atá faoin Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún aird na mBallstát eile a tharraingt ar na rialacha sin. I gcás ina dtagann rialacha náisiúnta faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith i gcomhréir leis an Treoir sin.

(82)

Is den bhunriachtanas é dlí an Aontais a bheith faoi réir faireachán agus meastóireacht rialta ionas gur féidir, i gcás inar gá, é a thabhairt cothrom le dáta chun go leanfaidh sé dá chuspóirí a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a bheith sa Rialachán seo ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar leas madraí agus cat san Aontas agus meastóireacht a dhéanamh atá le cur faoi bhráid institiúidí eile an Aontais.

(83)

Chun cur i bhfeidhm iomlán an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe a dhéantar ar an Rialachán seo lena gcumhdaítear na hoibleagáidí uile is infheidhme maidir le hoibreoirí, lena n-áirítear an toirmeasc ar mhadraí agus cait a thréigean, agus a áirithiú go bhforfheidhmeofar iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Go sonrach, i gcásanna sáruithe tromchúiseacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos atá athchomhairleach ó thaobh airgeadais de, agus láimhdeachas an oibreora á chur san áireamh, agus lena n-áirítear an fhéidearthacht toirmeasc a chur ar oibreoir a ghníomhaíocht a fheidhmiú.

(84)

I bhfianaise na gcostas a bhaineann le hionad dídine a oibriú agus na dtairbhí poiblí a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin, nuair a chomhlíonann ionaid dídine na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le leas madraí agus cat nach bhfuil aon éileamh orthu nó atá tréigthe, nó madraí agus cait fáin, moltar do na Ballstáit bearta a bhreithniú chun a áirithiú go ndéanfar ionaid dídine agus eagraíochtaí atá freagrach as na hainmhithe sin a mhaoiniú go hiomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(85)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon íoscheanglais a bhunú a áirithíonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus lena n-áirithítear ardleibhéal leasa madraí agus cat agus inrianaitheacht na n-ainmhithe sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

(86)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 57(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 18 Samhain 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na híoscheanglais maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

leas madraí agus cat a phóraítear nó a choimeádtar i mbunaíochtaí nó a chuirtear ar mhargadh an Aontais;

(b)

inrianaitheacht madraí agus cat.

Airteagal 2

Raon feidhme ábhartha

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le pórú, coimeád, rianú agus cur ar an margadh madraí agus cat agus maidir le teacht isteach san Aontas dóibh.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le pórú, coimeád nó cur ar an margadh madraí nó cat, ná maidir le teacht isteach san Aontas dóibh, ar madraí nó cait iad atá beartaithe chun críoch eolaíoch nó le haghaidh trialacha cliniciúla is gá chun údarú margaíochta a fháil i leith táirgí íocshláinte tréidliachta nó a úsáidtear chun na gcríoch sin nó le haghaidh na dtrialacha cliniciúla sin.

Airteagal 3

Raon feidhme pearsanta

1.   Tá feidhm ag Caibidil II maidir le gach oibreoir.

2.   Tá feidhm ag Caibidil III maidir le gach duine nádúrtha agus dlítheanach ar leis nó léi madraí nó cait san Aontas.

3.   Tá feidhm ag Caibidil V maidir le gach duine nádúrtha agus dlítheanach a thugann madraí nó cait isteach san Aontas.

4.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le feirmeoirí a thugann tearmann ar a ngabháltas do chait fáin saorfhánaíochta atá úsáideach i ndáil le rialú lotnaidí, i gcás nach oibreoirí na feirmeoirí sin agus nach gcuireann siad na cait sin ar an margadh.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘madra’ ainmhí den speiceas Canis lupus familiaris;

(b)

ciallaíonn ‘cat’ ainmhí den speiceas Felis silvestris catus;

(c)

ciallaíonn ‘leas madraí agus cat’ staid fhisiceach agus mheabhrach madra nó cait, a fhaigheann cothú iomchuí, a choimeádtar i dtimpeallacht iomchuí, a choimeádtar i ndea-shláinte, a léiríonn iompraíocht iomchuí, agus ag a bhfuil taithí mheabhrach dhearfach ar an saol ar an iomlán;

(d)

ciallaíonn ‘hibrid’ aon sliocht sa chéad ghlúin anuas go dtí an ceathrú glúin arna eascairt as crosphórú idir speiceas fiáin agus madra nó cat clóis, nó idir hibridí den sórt sin agus speicis fhiáine, madraí clóis nó cait chlóis, nó hibridí eile;

(e)

ciallaíonn ‘pórú’ madraí nó cait a bheith á gcoimeád in ionaid phórúcháin lena n-atáirgeadh;

(f)

ciallaíonn ‘coimeád’ aon ghníomhaíocht ar lena linn a choimeádtar madraí nó cait, a chuirtear cóiríocht ar fáil dóibh nó a láimhseáiltear iad, bíodh sin i mbunaíocht nó faoi fhreagracht oibreora, nó an dá rud araon;

(g)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ madraí agus cait a dhíol, a thairiscint lena ndíol, a dháileadh nó aon fhoirm eile d’aistriú úinéireachta orthu nó freagrachta astu, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce, mar aon le fógraíocht a dhéanamh ar mhadraí agus cait chun na gcríoch sin, ach ní áirítear leis sin tabhartais a thugann daoine nádúrtha, seachas oibreoirí, ar bhonn ócáideach agus ar bhonn mírialta gan fógraíocht ar líne a bheith i gceist;

(h)

ciallaíonn ‘fógraíocht’ aon chineál cumarsáide leis an bpobal, nó le cuid den phobal, arb é is éifeacht di, go díreach nó go neamhdhíreach, go gcuirtear chun cinn madra nó cat, saintréith fhisiceach amháin nó níos mó de chuid madra nó cait, nó de chuid póir, chun spéis a mhúscailt, idirghníomhú a spreagadh nó díolacháin a mhealladh;

(i)

ciallaíonn ‘ardán ar líne’ ardán ar líne, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065, atá ag gníomhú mar idirghabhálaí i dtaobh madraí nó cait a chur ar an margadh;

(j)

ciallaíonn ‘soith’ madra baineann ón tráth a dhéantar í a chúpláil nó a inseamhnú den chéad uair go dtí go ndéantar an t-ál deiridh aici a scoitheadh;

(k)

ciallaíonn ‘cráinchat’ cat baineann ón tráth a dhéantar í a chúpláil nó a inseamhnú den chéad uair go dtí go ndéantar an t-ál deiridh aici a scoitheadh;

(l)

ciallaíonn ‘madra caomhnóra beostoic’ madra a choimeádtar nó a thraenáiltear go príomha chun beostoc a chosaint ar chreachadóirí i dtimpeallachtaí talmhaíochta nó tréadacha;

(m)

ciallaíonn ‘madra tréadaíochta’ madra a choimeádtar nó a thraenáiltear go príomha chun beostoc a stiúradh, a bhogadh nó a smachtú ar bhealach eile i dtimpeallachtaí talmhaíochta nó tréadacha, lena n-áirítear feirmeacha, limistéir innilte nó le linn buailteachais;

(n)

ciallaíonn ‘bunaíocht’ ionad pórúcháin, ionad díola, ionad dídine nó áras altrama;

(o)

ciallaíonn ‘ionad pórúcháin’ aon áitreabh nó déanmhas, teaghlaigh san áireamh, ina gcoimeádtar madraí nó cait chun críocha atáirgthe d’fhonn a sliocht a chur ar an margadh;

(p)

ciallaíonn ‘feirmeoir’ feirmeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

(q)

ciallaíonn ‘ionad díola’ aon áitreabh nó déanmhas ina gcoimeádtar madraí nó cait lena ndíol nár rugadh ann, lena n-áirítear siopaí peataí nó teaghlaigh, mar aon le haon áitreabh nó déanmhas d’oibríochtaí tionóil, ina dtugtar le chéile madraí nó cait as níos mó ná bunaíocht amháin;

(r)

ciallaíonn ‘ionad dídine’ aon áitreabh nó déanmhas, lena n-áirítear teaghlaigh, ina gcoimeádtar madraí nó cait chun iad a chur ar an margadh, ar madraí nó cait iad nach bhfuil aon éileamh orthu, atá tréigthe, ar iarraidh, coigistithe nó a bhí ina madraí nó cait fáin roimhe sin;

(s)

ciallaíonn ‘áras altrama’ teaghlach a choimeádann madraí nó cait thar ceann oibreoir atá freagrach as madraí nó cait nach bhfuil aon éileamh orthu, atá tréigthe, ar iarraidh, coigistithe nó a bhí ina madraí nó cait fáin roimhe sin;

(t)

ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann madraí nó cait ar an margadh agus atá freagrach as ionad pórúcháin, ionad díola nó ionad dídine agus as na madraí nó na cait a choimeádtar ann, nó a chuireann madraí nó cait in áras altrama agus atá freagrach as na madraí nó na cait a choimeádtar ann;

(u)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2017/625;

(v)

ciallaíonn ‘straitéis phórúcháin’ sraith de ghníomhaíochtaí córasacha, lena n-áirítear madraí pórúcháin nó cait phórúcháin agus a gcuid táirgí geirmeacha a thaifeadadh, a roghnú, a phórú agus a mhalartú, ar gníomhaíochtaí iad a dheartar agus a chuirtear chun feidhme chun tréithe feinitíopacha nó géinitíopacha inmhianaithe sa spriocdhaonra pórúcháin a chaomhnú nó a fheabhsú;

(w)

ciallaíonn ‘eotanáis’ gníomh chun bás a spreagadh trí mhodh a úsáid is cúis le cailliúint mhear agus dho-aisiompaithe comhfheasa lena mbaineann íosmhéid péine agus anacra, a chuireann deireadh le beatha an mhadra nó an chait;

(x)

ciallaíonn ‘ciorrú’ idirghabháil, lena n-áirítear idirghabháil mháinliachta, a dhéantar chun críoch nach críocha teiripeacha ná diagnóiseacha iad, ach amháin i gcás neodrú nó trasfhreagróir a ionphlandú, arb idirghabháil í as a n-eascraíonn damáiste do bhall íogair den chorp nó cailliúint an bhaill sin, nó athrú ar struchtúr na gcnámh, i ndáil le madra nó cat;

(y)

ciallaíonn ‘neodrú’ an próiseas trína gcuirtear cosc máinliachta agus do-aisiompaithe ar mhadraí nó ar chait atáirgeadh;

(z)

ciallaíonn ‘fulaingt’ staid fhisiceach nó mheabhrach mhíthaitneamhach, neamh-inmhianaithe a bheith ann, ar staid í atá mar thoradh ar mhadra nó cat a bheith neamhchosanta ar spreagthaí díobhálacha nó atá mar thoradh ar easpa leanúnach spreagthaí dearfacha tábhachtacha;

(aa)

ciallaíonn ‘cóiríocht’ foirgnimh nó spás lasmuigh teorannaithe i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar madraí nó cait, cibé acu go sealadach nó go buan;

(bb)

ciallaíonn ‘conchró’ struchtúr fisiceach ina bhfuil cró amháin nó níos mó chun cóiríocht a chur ar fáil do mhadraí;

(cc)

ciallaíonn ‘catlann’ struchtúr fisiceach ina bhfuil cró amháin nó níos mó chun cóiríocht a chur ar fáil do chait;

(dd)

ciallaíonn ‘cúramóir ainmhithe’ duine a thugann aire do na madraí nó cait a phóraítear nó a choimeádtar i mbunaíocht, lena n-áirítear saorálaithe, intéirnigh agus oibrithe páirtaimseartha, faoi fhreagracht oibreora;

(ee)

ciallaíonn ‘saibhriú’ ábhair nó struchtúir, atá i láthair i dtimpeallacht madra nó cait, a bhfuil airí ceirde nó cothaitheach acu agus ar féidir leo fiosracht nó iompraíocht thothlaitheach madra nó cait a mhúscailt agus a shásamh nó madra nó cat a spreagadh go fisiceach;

(ff)

ciallaíonn ‘cur ar teaghrán’ madra nó cat a cheangal de phointe ancaireachta nó de rud chun é a choimeád i limistéar inmhianaithe nó chun a ghluaiseacht a shrianadh;

(gg)

ciallaíonn ‘coimeádán’ aon chliathbhosca, bosca, cás, gabhdán nó struchtúr sochorraithe a úsáidtear chun madraí nó cait a choinneáil;

(hh)

ciallaíonn ‘úinéireacht fhreagrach’ sraith iompraíochtaí ag úinéir madra nó cait, nó ag duine a bheidh ina úinéir madra nó cait nó ina húinéir madra nó cait amach anseo, arb iompraíochtaí iad atá i gcomhréir le gealltanas chun dualgais éagsúla a chomhlíonadh atá dírithe ar riachtanais sláinte, iompraíochta, timpeallachta agus fhisiceacha an mhadra nó an chait a shásamh, agus chun na rioscaí a íoslaghdú a d’fhéadfadh an madra nó an cat a chruthú don phobal, d’ainmhithe eile nó don timpeallacht;

(ii)

ciallaíonn ‘úinéir peata’ duine nádúrtha nó dlítheanach ar leis nó léi madra nó cat mar pheata;

(jj)

ciallaíonn ‘peata’ madra nó cat atá faoi úinéireacht chun taitneamh príobháideach a bhaint as nó chun comhluadar a chur ar fáil do dhaoine;

(kk)

ciallaíonn ‘Córas Mear-Rabhaidh’ (iRASFF) an córas leictreonach lena gcuirtear chun feidhme an Córas Mear-Rabhaidh a thuairiscítear in Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus na nósanna imeachta maidir le cúnamh agus comhar riaracháin idir na Ballstáit a thuairiscítear in Airteagail 102 go 108 de Rialachán (AE) 2017/625 faoi seach;

(ll)

ciallaíonn ‘an Líonra um Chúnamh agus Comhar Riaracháin’ an líonra ina bhfuil an Coimisiún agus na comhlachtaí idirchaidrimh arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/625 chun cumarsáid idir údaráis inniúla a éascú;

(mm)

ciallaíonn ‘gluaiseacht neamhthráchtála’ gluaiseacht neamhthráchtála, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (14), de Rialachán (AE) 2016/429, i gcás inar madra nó cat an peata lena mbaineann.

CAIBIDIL II

Oibleagáidí ar oibreoirí bunaíochtaí

Airteagal 5

Díolúintí ó na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo

1.   Ionad pórúcháin nach dtáirgtear níos mó ná dhá ál in aghaidh na bliana féilire ann lena gcur ar an margadh, ní bheidh sé ach faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 6, Airteagal 7(1), (3), (4) agus (5), Airteagail 8, 9 agus 11, Airteagal 14(2), (3) agus (4), Airteagal 15(3), (4) agus (8), Airteagal 16(1), pointí (b), (c) agus (d), Airteagal 17(2), (3), (5) agus (7), Airteagal 18, Airteagal 19(1) agus pointí 3 agus 4.3 d’Iarscríbhinn I.

2.   Ionad dídine nach gcoimeádtar níos mó ná 15 mhadra nó 15 chat san iomlán le chéile ann tráth ar bith, nó aon áras altrama, ní bheidh siad ach faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 6, Airteagal 7(1), (2), (3), (4) agus (5), Airteagal 9, Airteagal 11, Airteagal 14(2), (3) agus (4), Airteagal 15(3), (4) agus (8), Airteagal 16(1), pointí (a), (b), (c) agus (d), Airteagal 17(2), (3), (5) agus (7), Airteagal 18 agus pointe 4.3 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta maidir le leas

Cuirfidh oibreoirí na prionsabail ghinearálta seo a leanas maidir le leas i bhfeidhm maidir le madraí nó cait a phóraítear nó a choimeádtar ina mbunaíocht:

(a)

cuirtear uisce agus beatha ar fáil do mhadraí agus cait atá de chaighdeán agus de chainníocht a thugann cothú agus hiodráitiú iomchuí dóibh;

(b)

déantar madraí agus cait a choimeád i dtimpeallacht fhisiciúil atá iomchuí agus a ghlantar go tráthrialta, atá slán agus compordach, go háirithe maidir le spás, cáilíocht an aeir, teocht, solas agus cosaint ar dhrochdhálaí aeráide, agus atá mór go leor chun an plódú a chosc agus chun gur féidir leo gluaiseacht go héasca;

(c)

déantar madraí agus cait a choinneáil slán, glan agus i sláinte mhaith, agus cuirtear cosc le galair, gortuithe agus pian a eascraíonn, go háirithe, as bainistiú, as cleachtais láimhseála agus as cleachtais phórúcháin;

(d)

déantar madraí agus cait a choimeád i dtimpeallacht lena gcuirtear ar a gcumas iompraíocht a bhaineann go sonrach le speiceas agus iompraíocht shóisialta neamhdhíobhálach a léiriú, agus caidreamh dearfach a bhunú le daoine;

(e)

déantar madraí agus cait a choimeád ar bhealach lena ndéantar a staid mheabhrach a bharrfheabhsú trí spreagthaí diúltacha a chosc nó a laghdú maidir lena bhfad agus lena ndéine, mar aon le deiseanna ar spreagthaí dearfacha a uasmhéadú maidir lena bhfad agus lena ndéine, trí chosc a chur ar iompraíocht neamhghnáthach athchleachtach nó ar iompraíochtaí eile is comhartha ar dhrochleas ainmhithe a fhorbairt, agus trí riachtanais an ainmhí aonair a chur san áireamh sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d).

Airteagal 7

Oibleagáidí ginearálta maidir le leas

1.   Beidh oibreoirí freagrach as leas madraí agus cat a choimeádtar i mbunaíochtaí atá faoina bhfreagracht agus faoina smacht, agus beidh siad freagrach as aon rioscaí do leas na n-ainmhithe sin a íoslaghdú.

2.   I gcás árais altrama, is ar an oibreoir a gcoimeádtar madraí nó cait thar a cheann a bheidh an fhreagracht. Ní dhéanfaidh na hoibreoirí sin níos mó ná cúig mhadra nó cúig chat san iomlán le chéile, nó ál amháin le máthair nó gan í, a chur in áras altrama ag aon am amháin, déanfaidh siad faisnéis leordhóthanach maidir leis na hoibleagáidí i ndáil le leas ainmhithe, mar aon le riachtanais aonair na madraí nó na gcat, a sholáthar don teaghlach altrama, agus áiritheoidh siad go ndéanfar na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh san áras altrama.

Féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an t-áras altrama suite a cheadú go gcuirfear líon níos mó madraí, cat nó álta san áras altrama, ar choinníoll go bhfuil dóthain spáis ag áitreabh an árais altrama, lena n-áirítear spás lasmuigh, agus gur leor líon na gcúramóirí ainmhithe san áras altrama, chun leas na madraí nó na gcat a áirithiú.

3.   Ní chuirfidh oibreoirí aon mhadra ná cat faoi chruálacht, mí-úsáid ná drochíde, lena n-áirítear trína thabhairt orthu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar dócha go mbeidh cruálacht, mí-úsáid nó drochíde ar na madraí nó ar na cait arna bpórú nó arna gcoimeád ag an oibreoir mar thoradh orthu.

4.   Ní thréigfidh oibreoirí na madraí ná na cait a phóraíonn siad nó a choimeádann siad.

5.   Sula scoirfidh oibreoirí de ghníomhaíochtaí i mbunaíocht, áiritheoidh siad go gcuirfear cóiríocht eile ar fáil do na madraí nó na cait a choimeádtar ann, trína bheith ina n-úinéir peataí ar an gcat nó ar an madra iad féin nó trí fhreagracht as na madraí agus na cait, nó úinéireacht na n-ainmhithe sin, a aistriú chuig oibreoirí nó faighteoirí eile.

6.   Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar madraí agus cait a láimhseáil ag líon cúramóirí ainmhithe is leordhóthanach chun freastal ar riachtanais leasa na madraí nó na gcat a choimeádtar ina mbunaíochtaí, agus go mbeidh na hinniúlachtaí is gá faoi Airteagal 12 ag na cúramóirí sin.

7.   Áiritheoidh oibreoirí leas na madraí nó na gcat a bhfuil siad freagrach astu trí fhaireachán a dhéanamh ar tháscairí ainmhíbhunaithe a bhaineann le hiompraíocht agus le cuma fhisiceach, agus trí bhearta a dhéanamh bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin sin.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na táscairí ainmhíbhunaithe a bhaineann le hiompraíocht agus cuma fhisiceach atá le húsáid ag oibreoirí le haghaidh faireacháin, i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, agus na modhanna trína bhfuil oibreoirí le tomhas a dhéanamh orthu a leagan síos.

Airteagal 8

Oibleagáidí maidir le straitéisí pórúcháin

1.   Áiritheoidh oibreoirí ionad pórúcháin gur lú baol a bheidh ann, mar gheall ar a straitéisí pórúcháin, go dtáirgfear madraí nó cait ag a mbeadh géinitíopaí a mbeadh éifeachtaí díobhálacha acu ar leas na n-ainmhithe sin.

2.   Ní úsáidfidh oibreoirí ionad pórúcháin madraí nó cait, chun críoch atáirgthe, a bhfuil tréithe conformálacha iomarcacha iontu a d’fhágfadh gur mó baol a bheadh ann go ndéanfaí díobháil do leas na madraí nó na gcat sin, nó do leas a sleachta. Sula roghnóidh an t-oibreoir madra nó cat a bhféadfadh tréith chonformálach iomarcach a bheith aige le haghaidh pórúcháin, rachaidh an t-oibreoir i gcomhairle le tréidlia nó le duine cáilithe neamhspleách atá ag gníomhú faoi fhreagracht tréidlia. Déanfaidh an tréidlia nó an duine cáilithe neamhspleách sin measúnú i dtaobh an bhfuil tréith chonformálach iomarcach ag an madra nó ag an gcat.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sainiú a dhéanamh ar shaintréithe na ngéinitíopaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo atá le heisiamh ón atáirgeadh, na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu agus na ceanglais maidir le taifid a choimeád;

(b)

sainiú a dhéanamh ar thréithe conformálacha iomarcacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá le heisiamh ón atáirgeadh, ar na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu agus ar na ceanglais maidir le taifid a choimeád.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairim eolaíoch an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA), chomh maith le haon tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a bheidh ag na gníomhartha tarmligthe sin.

Déanfar na gníomhartha tarmligthe maidir leis na tréithe conformálacha iomarcacha a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2030. Déanfar na gníomhartha tarmligthe maidir leis na géinitíopaí a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2036.

4.   Toirmeascfar an méid seo a leanas agus atáirgeadh madraí agus cat á bhainistiú:

(a)

pórú idir tuismitheoirí agus sleachta, idir siblíní, idir leathshiblíní nó idir seantuismitheoirí agus garchlann, ach amháin i gcás ina gceadaíonn an t-údarás inniúil é sin ar bhonn riachtanas sonrach chun pórtha áitiúla a bhfuil linn ghéiniteach theoranta acu a chaomhnú;

(b)

pórú chun hibridí a tháirgeadh.

Airteagal 9

Fógra faoi bhunaíochtaí agus bunaíochtaí a chlárú

1.   Déanfaidh oibreoirí fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoina ngníomhaíocht, agus soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i leith gach ceann dá mbunaíochtaí:

(a)

ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an oibreora;

(b)

láthair na bunaíochta;

(c)

cineál na bunaíochta: ionad pórúcháin, ionad díola, ionad dídine nó áras altrama;

(d)

an speiceas agus, i gcás ionaid phórúcháin, pórtha na madraí nó na gcat a choimeádtar sa bhunaíocht;

(e)

toilleadh na bunaíochta, arna sloinneadh mar líon uasta na madraí agus na gcat is féidir a choimeád sa bhunaíocht;

(f)

i gcás ionaid phórúcháin, an líon álta a mheastar a chuirfear ar an margadh in aghaidh na bliana.

2.   Tabharfaidh oibreoirí fógra don údarás inniúil faoin méid seo a leanas:

(a)

aon athruithe i dtaca leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1;

(b)

i gcás inarb infheidhme, an dáta atá beartaithe le haghaidh scor a ngníomhaíochtaí, 5 lá oibre ar a dhéanaí roimh an dáta sin.

3.   Bainfidh na Ballstáit úsáid as an bhfaisnéis dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 84 de Rialachán (AE) 2016/429. Ní bheidh sé de cheangal ar oibreoirí fógra a thabhairt arís faoin bhfaisnéis a tíolacadh cheana i gcomhréir leis an Airteagal sin.

4.   Coimeádfaidh an t-údarás inniúil clár bunaíochtaí. Féadfaidh an t-údarás inniúil úsáid a bhaint as an gclár arna bhunú de bhun Airteagal 101(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/429 chun na críche sin.

Airteagal 10

Oibleagáid formheas a fháil d’ionaid phórúcháin áirithe

1.   Oibreoirí ionad pórúcháin a tháirgeann níos mó ná cúig ál in aghaidh na bliana féilire, nó a bhfuil sé beartaithe acu níos mó ná an méid sin a tháirgeadh in aghaidh na bliana féilire, nó a choimeádann níos mó ná cúig shoith nó cúig chráinchat san iomlán le chéile ag aon am amháin, ní chuirfidh siad madraí nó cait ar an margadh ach amháin tar éis dá n-ionad pórúcháin a bheith formheasta ag an údarás inniúil.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil cigireachtaí ar an láthair chun a fhíorú go gcomhlíonann an t-ionad pórúcháin ceanglais an Rialacháin seo. Féadfaidh na Ballstáit a lamháil go ndéanfaí cigireachtaí den sórt sin go cianda, ar choinníoll go bhfágfadh na modhanna cianchumarsáide arna n-úsáid fianaise leordhóthanach a bheith ann le go bhféadfadh an t-údarás inniúil cigireachtaí iontaofa a dhéanamh. Ní dheonóidh an t-údarás inniúil deimhnithe formheasa ach amháin d’ionaid phórúcháin a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo.

3.   Coimeádfaidh an t-údarás inniúil liosta a bheidh ar fáil go poiblí lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach ionaid pórúcháin fhormheasta:

(a)

ainm, sonraí teagmhála agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu, URL shuíomh gréasáin na bunaíochta;

(b)

seoladh na bunaíochta;

(c)

ainm an oibreora;

(d)

na speicis agus, más ábhartha, na pórtha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí bunaíochta arna bhformheas;

(e)

an uimhir formheasa uathúil a shann an t-údarás inniúil don bhunaíocht, mar aon le dáta an fhormheasa sin agus dáta scoir na ngníomhaíochtaí.

Airteagal 11

Oibleagáid maidir le húinéireacht fhreagrach a chur in iúl

1.   Soláthróidh oibreoirí an fhaisnéis i scríbhinn is gá d’fhaighteoir madra nó cait chun a chur ar chumas an fhaighteora leas an ainmhí a áirithiú, lena n-áirítear faisnéis faoi úinéireacht fhreagrach agus faoi riachtanais shonracha an ainmhí i dtaca le beathú, cúram, sláinte agus cóiríocht, mar aon le faisnéis maidir lena riachtanais iompraíochta agus lena stair shláinte.

2.   Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis i scríbhinn faoi stair shláinte an mhadra nó an chait dá dtagraítear i mír 1:

(a)

stádas vacsaínithe an ainmhí;

(b)

aon riochtaí leighis nó aon tograchtaí chun galar, lena n-áirítear ailléirgí, is eol don oibreoir, agus torthaí aon tástálacha diagnóiseacha i ndáil leis an madra nó leis an gcat atá ar fáil don oibreoir.

I gcás ina leagtar amach an fhaisnéis faoi stair shláinte an mhadra nó an chait i ndoiciméad a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2016/429, tarchuirfidh an t-oibreoir an doiciméad sin chuig an bhfaighteoir.

Airteagal 12

Inniúlachtaí leasa ainmhithe cúramóirí ainmhithe

1.   Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag cúramóirí ainmhithe, seachas saorálaithe in ionaid dídine agus intéirnigh a ghníomhaíonn faoi fhreagracht cúramóra ainmhithe inniúil, maidir leis na madraí agus na cait atá á láimhseáil acu:

(a)

tuiscint ar iompraíocht bhitheolaíoch na n-ainmhithe agus ar a riachtanais fhiseolaíocha agus eiteolaíocha;

(b)

an cumas chun gothaí na n-ainmhithe a aithint, lena n-áirítear aon chomhartha fulaingthe, agus chun na bearta maolaithe iomchuí a aithint agus a ghlacadh i gcásanna den sórt sin;

(c)

an cumas chun dea-chleachtais bainistithe ainmhithe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear riochtú oibríoch agus treisiú dearfach, chun an trealamh a úsáidtear le haghaidh na madraí nó na gcat atá faoina gcúram a úsáid agus a chothabháil agus chun aon rioscaí do leas na madraí nó na gcat sin a íoslaghdú, d’fhonn iad a chosaint ar an bhfulaingt;

(d)

eolas maidir le hoibleagáidí na gcúramóirí faoin Rialachán seo.

2.   Féadfar na hinniúlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a fháil trí oideachas, oiliúint nó taithí ghairmiúil. Ní chuirfear san áireamh ach oideachas, oiliúint nó taithí ghairmiúil atá doiciméadaithe nuair a bheidh sé á chinneadh an bhfuil na hinniúlachtaí sin ag cúramóir ainmhithe.

3.   Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh na cúrsaí oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 22 curtha i gcrích ag cúramóir ainmhithe amháin ar a laghad, seachas saorálaí nó intéirneach, de chuid na bunaíochta. Áiritheoidh oibreoirí go n-aistreoidh an cúramóir ainmhithe sin a chuid eolais nó a cuid eolais chuig cúramóirí ainmhithe eile na bunaíochta.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos na híoscheanglais maidir leis an oideachas foirmiúil, leis an oiliúint fhoirmiúil nó leis an taithí ghairmiúil fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 2 is gá chun a chinneadh an bhfuil na hinniúlachtaí dá dtagraítear i mír 1 ag cúramóir ainmhithe agus maidir leis na cúrsaí oiliúna dá dtagraítear i mír 3.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme maidir leis na cúrsaí oiliúna dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh faoin 31 Lúnasa 2029.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

Airteagal 13

Cuairteanna comhairleacha leasa

1.   Déanfaidh oibreoirí an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfaighidh na bunaíochtaí a bhfuil siad freagrach astu cuairt ó thréidlia chun aon fhachtóir riosca do leas na madraí nó na gcat a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh orthu agus chun comhairle a chur ar an oibreoir maidir le bearta chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin ar dtús faoin 31 Lúnasa 2029 nó bliain amháin tar éis fógra a thabhairt faoi bhunaíocht nua, agus ina dhiaidh sin nuair is iomchuí, bunaithe ar anailís riosca arna déanamh ag na húdaráis inniúla, nó ar bhonn bliantúil má fhorálann na Ballstáit amhlaidh ina ndlí náisiúnta;

(b)

taifid a choimeád ar thorthaí chuairt an tréidlia dá dtagraítear i bpointe (a) agus ar a ngníomhaíochtaí leantacha go ceann 4 bliana ar a laghad, ó lá na cuairte, agus cuirfidh siad na taifid sin ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin agus do na tréidlianna a thugann cuairteanna comhairleacha ina dhiaidh sin.

2.   Faoin 31 Lúnasa 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an t-Airteagal seo trí na híoschritéir a leagan síos a bhfuil measúnú le déanamh orthu ag an tréidlia le linn na cuairte comhairlí leasa.

Airteagal 14

Beatha agus uisce a thabhairt do na hainmhithe

1.   Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar madraí agus cait a bheathú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I.

2.   Ina theannta sin, áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar madraí agus cait a bheathú agus a hiodráitiú go leormhaith tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

uisce glan agus úr, ad libitum;

(b)

beatha de chainníocht leordhóthanach agus de cháilíocht leordhóthanach chun freastal ar riachtanais fhisiceacha, chothaitheacha agus mheitibileacha na madraí agus na gcat, mar chuid d’aiste bia atá oiriúnaithe d’aois, do phór, do chatagóir, do leibhéal gníomhaíochta, do shláinte agus do stádas atáirgiúil na madraí nó na gcat, agus é de chuspóir foriomlán leis sin a sláinte mhaith a bhaint amach agus a chothabháil;

(c)

beatha atá saor ó shubstaintí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le fulaingt;

(d)

beatha a thabhairt sa chaoi is go seachnófar athruithe tobanna agus go n-áiritheofar córas gastraistéigeach dea-fheidhmiúil, go háirithe le linn chéim an scoite.

3.   Áiritheoidh oibreoirí go gcoimeádfar saoráidí beathaithe agus uiscithe glan agus go ndéanfar iad a thógáil agus a shuiteáil sa chaoi is gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

déantar rochtain chomhionann ar mhéideanna leordhóthanacha beatha agus uisce a sholáthar do gach madra nó cat agus an iomaíocht eatarthu a íoslaghdú;

(b)

déantar doirteadh a íoslaghdú agus déantar éilliú beatha agus uisce le truailleáin dhíobhálacha fhisiceacha, cheimiceacha nó bhitheolaíocha a chosc;

(c)

cuirtear cosc ar ghortú, ar bhá nó ar dhochar eile do na madraí nó cait;

(d)

is féidir iad a ghlanadh agus a dhíghalrú go héasca chun leathadh galar a chosc.

4.   Féadfaidh na hoibreoirí na minicíochtaí beathaithe agus uiscithe a choigeartú i leith madra nó cat aonair, i gcás inar thug tréidlia comhairle i scríbhinn amhlaidh a dhéanamh. Coinneoidh na hoibreoirí taifead ar an gcomhairle scríofa sin ar feadh ré iomlán na socruithe sin.

Airteagal 15

Cóiríocht

1.   Áiritheoidh oibreoirí ionad pórúcháin agus ionad díola go gcuirfear cóiríocht ar fáil do mhadraí agus cait i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn I. Áiritheoidh oibreoirí ionad dídine go gcuirfear cóiríocht ar fáil do mhadraí agus cait i gcomhréir le pointe 2.2 d’Iarscríbhinn I.

2.   Áiritheoidh na hoibreoirí an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh na bunaíochtaí ina gcoimeádtar madraí nó cait, agus an trealamh a úsáidtear iontu, oiriúnach do chineálacha agus líon na madraí nó na gcat, agus go bhfágfaidh siad gur féidir an rochtain is gá a fháil orthu agus iniúchadh críochnúil a dhéanamh ar gach madra agus cat;

(b)

go ndéanfar comhpháirteanna foirgníochta uile na bunaíochta, lena n-áirítear an t-urlárlach agus an díon, agus na ranna spáis, mar aon leis an trealamh a úsáidtear le haghaidh madraí nó cait, a thógáil agus a chothabháil i gceart, chun a áirithiú nach mbeidh aon riosca ag baint leo do leas na madraí nó na gcat;

(c)

go ndéanfar comhpháirteanna foirgníochta uile na bunaíochta, lena n-áirítear an t-urlárlach, agus na ranna spáis, mar aon leis an trealamh a úsáidtear le haghaidh madraí nó cait, a choimeád glan chun a áirithiú nach mbeidh aon riosca ag baint leo do leas na madraí nó na gcat;

(d)

in ionaid phórúcháin agus ionaid díola ina gcoimeádtar madraí nó cait laistigh, nach mbeidh leibhéil an deannaigh, an teocht, agus taise choibhneasta an aeir agus na tiúchaintí gáis díobhálach do mhadraí ná do chait agus go bhfuil an aeráil leordhóthanach chun róthéamh a sheachaint;

(e)

go mbeidh dóthain spáis ag madraí nó cait chun go bhfuil siad in ann gluaiseacht timpeall faoi shaoirse agus chun iompraíocht a bhaineann go sonrach le speiceas a léiriú de réir a riachtanas agus go mbeidh an deis acu cúbadh fúthu agus a scíth a ligean;

(f)

go mbeidh áiteanna scíthe ag na madraí nó cait, arb áiteanna iad atá glan, compordach, tirim, mar aon le mór go leor agus iomadúil go leor chun a áirithiú gur féidir le gach madra nó cat luí síos agus a scíth a ligean i staidiúir nádúrtha ag an am céanna;

(g)

go mbeidh struchtúir agus bearta iomchuí i bhfeidhm i leith madraí nó cait a choimeádtar lasmuigh chun iad a chosaint ar dhrochdhálaí aimsire, lena n-áirítear chun strus teirmeach, dó gréine agus dó seaca a chosc.

3.   Ní choimeádfaidh oibreoirí madraí ná cait i gcoimeádáin.

Mar sin féin, féadfar coimeádáin a úsáid le haghaidh iompair, le haghaidh leithlisiú gearrthéarmach madraí nó cat aonair, ar feadh thréimhse na rannpháirtíochta i seónna, taispeántais agus comórtais, i leith coileáin nó piscíní a bhfuil cumas laghdaithe teirmearialaithe acu agus i leith coileáin nó piscíní in éineacht lena máithreacha, ar choinníoll, i gcás na madraí nó na gcat lena mbaineann, go ndéanfar strus a íoslaghdú agus fulaingt a sheachaint, agus go mbeidh siad in ann seasamh suas, iompú thart agus luí síos i staidiúir nádúrtha.

4.   Ní dhéanfaidh oibreoirí madraí atá níos sine ná 8 seachtaine a choimeád laistigh go heisiach. Beidh rochtain laethúil ag na madraí sin ar limistéar lasmuigh, nó tabharfar iad ag siúl go laethúil, chun an aclaíocht, an taiscéalaíocht agus an sóisialú a cheadú dóibh. Uair an chloig san iomlán a bheidh i gcomhfhad íosta na rochtana laethúla sin nó na siúlóide laethúla sin. Ní fhéadfaidh an t-oibreoir imeacht ó na ceanglais sin ach amháin ar bhonn comhairle i scríbhinn ó thréidlia.

5.   Nuair a choimeádtar cait i gcatlanna, déanfaidh na hoibreoirí cróite aonair a dhearadh agus a thógáil chun gur féidir le cait gluaiseacht timpeall faoi shaoirse agus a n-iompraíocht nádúrtha a léiriú.

6.   Áiritheoidh oibreoirí ionad pórúcháin agus ionad díola go ndéanfar crios teirmineodrach iomchuí a chothabháil i limistéir laistigh ina gcoimeádtar madraí agus cait, ar crios é lena gcuirtear san áireamh a gcineál fionnaidh, a n-aois, a méid, a bpór agus a sláinte.

7.   Déanfaidh oibreoirí ionad pórúcháin agus ionad díola, i gcás inar gá, córais téimh nó fuaraithe a úsáid sna cróite laistigh ina mbunaíochtaí chun dea-cháilíocht aeir agus teocht iomchuí a chothabháil, agus chun taise iomarcach a bhaint.

8.   Áiritheoidh oibreoirí go nochtfar madraí nó cait do sholas, agus go mbeidh siad in ann fanacht sa dorchadas go ceann tréimhsí leordhóthanacha agus leanúnacha chun gnáthrithim laethúil a chothabháil.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallaíonn ‘solas’ solas nádúrtha, arna chomhlánú, i gcás inar gá de bharr dálaí aeráide agus suíomh tíreolaíoch Ballstáit, le solas saorga.

9.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, pointí (a), (b), (c), (f) agus (g), agus míreanna 6, 7 agus 8 maidir le madraí caomhnóra beostoic, ná maidir le madraí tréadaíochta, le linn na dtréimhsí ina n-úsáidtear na madraí sin chun gardáil nó tréadaíocht a dhéanamh i gcomhthéacs buailteachais shéasúraigh de shiúl na gcos. Ní bheidh feidhm ag mír 2, pointe (f), maidir le madraí caomhnóra beostoic le linn na dtréimhsí ina n-úsáidtear na madraí sin chun críoch oiliúna.

Airteagal 16

Sláinte

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfaidh cúramóirí ainmhithe iniúchadh ar na madraí nó na cait a bhfuil siad freagrach astu uair sa lá ar a laghad agus go ndéantar iniúchadh ar bhonn níos minice ar mhadraí agus cait leochaileacha, amhail cinn nuabheirthe, madraí nó cait atá tinn nó gortaithe, agus soitheanna peireathuismidh nó cráinchait pheireathuismidh;

(b)

go ndéanfar na madraí nó na cait a bhfuil a leas i mbaol a aistriú, i gcás inar gá, gan moill mhíchuí chuig limistéar ar leithligh agus, i gcás inar gá, go dtugtar cóireáil iomchuí dóibh;

(c)

i gcás nach féidir téarnamh madra nó cait a bhfuil a leas i mbaol a bhaint amach agus ina mbíonn pian léanmhar nó fulaingt léanmhar ar an madra nó ar an gcat, go rachfar i gcomhairle le tréidlia gan moill mhíchuí chun a chinneadh an bhfuil eotanáis le déanamh ar an madra nó cat chun deireadh a chur lena fhulaingt, agus, más amhlaidh an cás, chun an eotanáis a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ainéistéise agus anailgéise;

(d)

go ndéanfar bearta chun paraisítí seachtracha agus inmheánacha a chosc agus a rialú, agus go ndéantar vacsaínithe chun galair choiteanna a chosc ar dócha go nochtfar na madraí nó na cait dóibh;

(e)

i gcás an tsaibhrithe a úsáidtear, nach mbeidh riosca suntasach gortaithe ag gabháil leis do mhadraí ná do chait ná riosca éillithe bhitheolaíoch nó cheimicigh ná aon riosca sláinte eile.

Ní bheidh feidhm ag pointe (a) den chéad fhomhír maidir le madraí caomhnóra beostoic a choimeádtar in ionaid phórúcháin le linn na dtréimhsí ina n-úsáidtear na madraí sin chun críoch gardála nó oiliúna.

Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó phointe (c) den chéad fhomhír a dheonú i gcásanna éigeandála, i gcás nach féidir teacht ar thréidlia gan moill mhíchuí, ar choinníoll go gcuirtear rialacha náisiúnta i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

gur duine inniúil oilte a dhéanfaidh aon ghníomhaíocht láithreach lena gcuirtear deireadh le saol an mhadra nó an chait leis an bpian agus leis an bhfulaingt is lú is féidir trí mhodh a úsáid chun bás láithreach a spreagadh;

(ii)

chun críocha an rialaithe oifigiúil faoi Rialachán (AE) 2017/625, go gcoinneoidh an t-oibreoir taifead ar úsáid na díolúine.

2.   Áiritheoidh oibreoirí ionad pórúcháin an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar bearta chun sláinte madraí agus cat a choimirciú i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I;

(b)

nach bpórófar soitheanna nó cráinchait ach amháin má tá aois íosta agus aibíocht chnámharlaigh bainte amach acu i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I, agus mura bhfuil aon ghalar diagnóisithe, comhartha cliniciúil galar nó riochtaí fisiciúla orthu a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar a dtoircheas agus ar a leas;

(c)

go leanfaidh toirchis na soitheanna nó na gcráinchat as a n-eascraíonn ál uasmhinicíocht i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I;

(d)

nach ndéanfar cráinchait a chúpláil ná a inseamhnú agus iad ag tál;

(e)

go ndéanfar madraí agus cait nach n-úsáidtear a thuilleadh le haghaidh atáirgeadh, lena n-áirítear mar thoradh ar fhorálacha an Rialacháin seo, a choimeád nó a dhíol, nó go dtabharfar iad mar thabhartas nó go gcuirfear cóiríocht eile ar fáil dóibh, agus nach ndéanfar iad a mharú ná a thréigean.

Airteagal 17

Riachtanais iompraíochta

1.   Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar bearta chun freastal ar riachtanais iompraíochta madraí agus cat i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I.

2.   Ina theannta sin, ní choimeádfaidh oibreoirí madraí ná cait i limistéir a chuireann teorainn lena ngluaiseachtaí nádúrtha, ach amháin i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 15(3), an dara fomhír, nó i gcás ina ndéantar na gnáthaimh nó na cóireálacha seo a leanas:

(a)

scrúduithe fisiceacha;

(b)

sainaithint aonair madraí nó cat, nó faisnéis aitheantais den sórt sin a léamh;

(c)

bailiú samplaí agus vacsaínithe;

(d)

gnáthaimh chun críoch grúmaeireachta, sláinteachais, sláinte nó atáirgthe seachas cúpláil;

(e)

cóireálacha leighis, lena n-áirítear cóireálacha máinliachta nó athshlánú ordaithe.

3.   Toirmeascfar madraí nó cait a chur ar teaghrán ar feadh níos mó ná uair an chloig, ach amháin ar feadh thréimhse na cóireála leighis nó chun páirt a ghlacadh i seónna, i dtaispeántais agus i gcomórtais madraí nó cat.

4.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó mhír 3 a dheonú i leith madraí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i seirbhísí míleata, póilíneachta agus custaim a choimeádtar in ionaid phórúcháin nó ionaid díola.

5.   Áiritheoidh oibreoirí go gcoimeádfar madraí nó cait i ndálaí a chuirfidh ar a gcumas iompraíochtaí sóisialta neamhdhíobhálacha agus iompraíochtaí a bhaineann go sonrach le speiceas a léiriú agus mothúcháin dhearfacha a bheith acu.

6.   Áiritheoidh oibreoirí gur féidir le madraí nó cait sóisialú i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I. Beidh straitéis dhoiciméadaithe le haghaidh an tsóisialaithe sin ag oibreoirí ionad pórúcháin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag ceanglais i ndáil le sóisialú maidir le madraí caomhnóra beostoic a choimeádtar in ionaid phórúcháin le linn na dtréimhsí ina n-úsáidtear na madraí sin chun críoch gardála nó oiliúna, nó maidir le madraí tréadaíochta le linn buailteachas séasúrach.

7.   Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar saibhriú a sholáthar agus go mbeidh sé inrochtana ag na madraí nó cait uile, d’fhonn timpeallacht spreagúil a chruthú dóibh, chun a chur ar a gcumas iompraíocht a bhaineann go sonrach le speiceas a fhorbairt agus a léiriú agus chun an frustrachas orthu a laghdú.

Airteagal 18

Cleachtais phianmhara

1.   Áiritheoidh oibreoirí nach ndéanfar ciorrú, lena n-áirítear ciorrú ag cluasa, sciotadh eireaball, baint crúb nó teascadh ar chuid de na méaracha nó orthu ar fad, agus athghearradh téada gutha nó fillteacha gutha, mura mbeidh údar leis de bharr tásca leighis. Féadfaidh tásca leighis den sórt sin a bheith de chineál próifiolacsach, arb é an t-aon chuspóir atá leo sláinte madraí nó cat a chothabháil nó a fheabhsú nó chun a ngortú a chosc. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfar an gnáthamh ach amháin faoi ainéistéise agus anailgéise fhaidréiseach agus ní dhéanfaidh ach tréidlia é.

2.   Déanfaidh tréidlia na tásca leighis lena dtugtar údar leis an gciorrú, mar aon le mionsonraí an ghnáthaimh arna dhéanamh, a dhoiciméadú. Coinneoidh an t-oibreoir an doiciméad sin agus beidh an doiciméad sin ag gabháil leis an madra nó an cat nuair a aistrítear é chuig bunaíocht eile nó chuig úinéir eile. Coinneoidh an t-oibreoir cóip den doiciméad ar feadh na chéad 3 bliana tar éis an aistrithe sin.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ciorrú ag cluasa a cheadú trí eang a chur i gcluasa cait, nó trína mbarr a ghearradh, i gcomhthéacs comhartha a chur ar chait fáin nuair a dhéantar iad a neodrú faoi chlár gabhála, neodraithe agus scaoilte.

4.   Áiritheoidh oibreoirí nach ndéanfar neodrú ach amháin faoi ainéistéise agus anailgéise fhaidréiseach agus nach ndéanfaidh ach tréidlia é. Mar sin féin, féadfaidh Ballstáit cead a thabhairt d’altra tréidliachta ceadúnaithe neodrú cat fireann a dhéanamh.

5.   Áiritheoidh oibreoirí nach ndéanfar cleachtais láimhseála is cúis le pian nó fulaingt, lena n-áirítear:

(a)

baill choirp a cheangal, ach amháin má éilítear sin ar chúiseanna leighis agus má tá sé teoranta don tréimhse íosta is gá;

(b)

madraí nó cait a chiceáil, a bhualadh, a tharraingt, a chaitheamh nó a fháscadh;

(c)

sruth leictreach a úsáid ar mhadraí nó ar chait, mura ndéantar é ar chúiseanna leighis;

(d)

béalóga a úsáid, ach amháin má éilítear sin ar chúiseanna leighis nó ar chúiseanna sábháilteachta ainmhithe nó daoine, teoranta don tréimhse íosta is gá agus ar lena linn a dhéantar maoirseacht ar an madra nó ar an gcat;

(e)

coiléir bheannacha a úsáid;

(f)

coiléir tachtaire a úsáid gan bac sábháilteachta;

(g)

greim a bhreith ar ghéaga, ceann, cluasa, eireaball nó fionnadh madraí nó cat, nó ar chraiceann madraí nó cat fásta, le hiad a thógáil.

Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ón gcéad fhomhír i leith madraí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i seirbhísí míleata, póilíneachta nó custaim.

Airteagal 19

Seónna, taispeántais agus comórtais aeistéitiúla

1.   Maidir le seónna, taispeántais agus comórtais aeistéitiúla madraí agus cat, ní úsáidfidh oibreoirí ionad pórúcháin ná oibreoirí ionad díola madraí nó cait a bhfuil tréithe conformálacha iomarcacha acu ná madraí nó cait ar ciorraíodh iad ar shlí a athraíonn a saintréithe fisiceacha.

2.   Agus seónna, taispeántais nó comórtais aeistéitiúla madraí nó cat á n-eagrú, déanfaidh na heagraithe madraí nó cait a bhfuil tréithe conformálacha iomarcacha acu, nó madraí nó cait ar ciorraíodh iad ar shlí a athraíonn a saintréithe fisiceacha, a eisiamh.

CAIBIDIL III

Madraí agus cait a shainaithint agus a chlárú agus ceanglais maidir le fógraíocht ar líne agus cur ar an margadh

Airteagal 20

Madraí agus cait a shainaithint agus a chlárú

1.   Gach madra agus cat a choimeádtar i mbunaíochtaí, a chuirtear ar an margadh nó atá faoi úinéireacht úinéirí peataí nó aon duine nádúrtha nó dhlítheanaigh eile, déanfar iad a shainaithint ar bhonn aonair trí bhíthin trasfhreagróir aonair in-insteallta ina bhfuil micrishlis inléite a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar madraí agus cait arna mbreith ina mbunaíochtaí a shainaithint ar bhonn aonair laistigh de 3 mhí tar éis a mbreithe, agus in aon chás roimh an dáta a chuirtear ar an margadh iad.

Áiritheoidh oibreoirí ionad díola agus ionad dídine, agus oibreoirí a chuireann madraí nó cait in árais altrama agus atá freagrach astu, go ndéanfar madraí agus cait a théann isteach ina mbunaíochtaí nó a thagann faoina bhfreagracht a shainaithint ar bhonn aonair laistigh de 30 lá tar éis teacht dóibh agus in aon chás roimh an dáta a chuirtear ar an margadh iad.

Áiritheoidh úinéirí peataí agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile seachas oibreoirí ar leo madraí nó cait go ndéanfar gach madra nó cat a shainaithint ar bhonn aonair ar a dhéanaí nuair a bhainfidh sé 3 mhí d’aois amach nó, má chuirtear an madra nó an cat ar an margadh, roimh an dáta a chuirtear an madra nó an cat sin ar an margadh.

Is tréidlia a ionphlandóidh an trasfhreagróir. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfaidh daoine seachas tréidlianna trasfhreagróirí a ionphlandú, ar choinníoll go nglacfaidh siad rialacha náisiúnta lena leagtar síos na cáilíochtaí íosta is gá a bheith ag na daoine sin.

I gcás ina ndearnadh madraí agus cait a shainaithint ar bhonn aonair trí bhíthin trasfhreagróir in-insteallta a bhfuil micrishlis ann i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta roimh an 31 Lúnasa 2028, measfar iad a bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 1 agus sa chéad fhomhír, sa dara fomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír den mhír seo, ar choinníoll go bhfuil an mhicrishlis fós inléite.

3.   Laistigh de 2 lá oibre tar éis iad a shainaithint, déanfaidh tréidlia na madraí agus na cait a chlárú i mbunachar sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do dhaoine eile, seachas tréidlianna, an clárú a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil bearta i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cruinneas na faisnéise a iontrálann na daoine sin sa bhunachar sonraí a áirithiú. I gcás madraí agus cait a choimeádtar i mbunaíochtaí, déanfar an clárú in ainm oibreoir na bunaíochta atá freagrach as an madra nó as an gcat. I gcás madraí agus cat atá faoi úinéireacht aon daoine nádúrtha agus dlítheanacha eile, déanfar an clárú in ainm na ndaoine sin.

Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón gcéad fhomhír den mhír seo a dheonú i leith madraí míleata, póilíneachta agus custaim.

4.   I gcás ina ndéanann daoine nádúrtha madraí nó cait a chur ar an margadh nó a thabhairt mar thabhartas ar bhonn ócáideach agus ar bhonn mírialta gan úsáid a bhaint as fógraíocht ar líne, áiritheoidh an duine nádúrtha nó dlítheanach a aistríonn an úinéireacht ar an madra nó ar an gcat, nó an fhreagracht as, go ndéanfar an t-athrú ar an úinéireacht sin ar an madra nó ar an gcat, nó ar an bhfreagracht sin as, a thaifeadadh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 23, laistigh de 2 sheachtain ó dháta an aistrithe sin, i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos ag an mBallstát atá freagrach as an mbunachar sonraí sin.

5.   I gcás bás madra nó cait, áiritheoidh an t-oibreoir, úinéir an pheata nó an duine nádúrtha nó dlítheanach ar leis nó léi an madra nó an cat go ndéanfar an bás a thaifeadadh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 23, i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos ag an mBallstát atá freagrach as an mbunachar sonraí sin.

6.   I gcás ina bhfuil trasfhreagróir doléite nó ina dtagann sé chun bheith doléite, áiritheoidh an t-oibreoir nó an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an madra nó as an gcat go ndéanfar trasfhreagróir nua a instealladh agus go dtabharfar an clárú sa bhunachar sonraí cothrom le dáta le huimhir aitheantais an trasfhreagróra nua sin.

7.   Beidh feidhm ag na ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin a leagtar amach san Airteagal seo mar a leanas:

(a)

i gcás oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuireann madraí agus cait ar an margadh: ón 31 Lúnasa 2030;

(b)

i gcás úinéirí peataí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, cé is moite d’oibreoirí, nach gcuireann madraí ar an margadh: ón 31 Lúnasa 2036;

(c)

i gcás úinéirí peataí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, cé is moite d’oibreoirí, nach gcuireann cait ar an margadh: ón 31 Lúnasa 2041.

Airteagal 21

Ceanglais maidir le fógraíocht ar líne agus cur ar an margadh

1.   Nuair a fhógraíonn oibreoirí madra nó cat ar líne d’fhonn é a chur ar mhargadh an Aontais, áiritheoidh siad go n-áireofar an rabhadh seo a leanas san fhógra i gcarachtair atá sofheicthe agus i gcló trom:

‘Ní haon dóithín é ainmhí. Is cinneadh é a chuirfidh cor i do shaol. Is é do dhualgas é sláinte agus leas an ainmhí a áirithiú agus gan é a thréigean.’.

2.   Nuair a fhógraíonn daoine nádúrtha nó dlítheanacha seachas oibreoirí madra nó cat ar líne d’fhonn é a chur ar mhargadh an Aontais, áiritheoidh siad go n-áireofar rabhadh maidir le húinéireacht fhreagrach san fhógra agus úsáid á baint as an bhfoclaíocht a leagtar amach i mír 1, nó as foclaíocht eile a bhfuil an bhrí chéanna léi.

3.   Nuair a chuirtear madra nó cat ar an margadh san Aontas, déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann an madra nó an cat ar an margadh na nithe seo a leanas a sholáthar don fhaighteoir:

(a)

cruthúnas ar shainaithint agus clárú an mhadra nó an chait i gcomhréir le hAirteagal 20;

(b)

an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an madra nó an cat:

(i)

a speiceas;

(ii)

a ghnéas;

(iii)

a dháta breithe agus a thír bhreithe; agus

(iv)

i gcás inarb iomchuí, a phór.

I gcás ina bhfógraíonn duine nádúrtha nó dlítheanach madra nó cat ar líne d’fhonn é a chur ar mhargadh an Aontais, úsáidfidh an duine sin an córas dá dtagraítear i mír 5 chun ceadchomhartha fíorúcháin uathúil a ghiniúint. Áireoidh an duine sin an ceadchomhartha sin san fhógra, mar aon le nasc gréasáin chuig an gcóras dá dtagraítear i mír 5.

Leis an gcóras dá dtagraítear i mír 5, cuirfear ar chumas faighteoirí barántúlacht shainaithint, chlárú agus úinéireacht na madraí nó na gcat a fhógraítear ar líne a fhíorú.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065, áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go ndéanfar a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar shlí a éascóidh do na hoibreoirí nó do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a chuireann madraí nó cait ar an margadh na hoibleagáidí orthu faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh, agus cuirfidh siad faighteoirí ar an eolas, ar shlí infheicthe, faoin bhféidearthacht barántúlacht shainaithint, chlárú agus úinéireacht an mhadra nó an chait a fhíorú sa chóras fíorúcháin ar líne dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, ar córas é a bhfuil rochtain air trí nasc gréasáin.

Is é an duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann madraí nó cait ar an margadh, agus an duine sin amháin, a bheidh freagrach as cruinneas na faisnéise arna soláthar trí chomhéadan an ardáin ar líne. Ní fhorléireofar aon ní sa mhír seo mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta faireacháin ar sholáthraí an ardáin ar líne de réir bhrí Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2065.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh córas fíorúcháin ar líne chun seiceálacha uathoibrithe a dhéanamh ar bharántúlacht shainaithint, chlárú agus úinéireacht na madraí nó na gcat a fhógraítear ar líne, agus úsáid á baint as an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 23, ar fáil go poiblí ar líne, saor in aisce, agus go nginfidh sé an ceadchomhartha fíorúcháin uathúil dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún forbairt, cothabháil agus oibriú an chórais sin a chur de chúram ar eintiteas neamhspleách. Roghnófar an t-eintiteas neamhspleách sin le haghaidh an chúraim sin tar éis próiseas roghnúcháin poiblí, de bhun fhorálacha ábhartha Theideal VII de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Áiritheofar an méid seo a leanas leis an gcóras:

(a)

fíorú iontaofa ar bharántúlacht shainaithint, chlárú agus úinéireacht an mhadra nó an chait trí úsáid á baint as na bunachair sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo;

(b)

comhlíonadh na cosanta sonraí i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos na nithe a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le soláthar ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuireann madraí nó cait ar an margadh mar chruthúnas ar shainaithint agus clárú na madraí agus na gcat i gcomhréir le mír 3, pointe (a);

(b)

an fhaisnéis atá le soláthar ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha a fhógraíonn madraí nó cait don chóras fíorúcháin dá dtagraítear i mír 5 chun barántúlacht shainaithint, chlárú agus úinéireacht an mhadra nó an chait faoina ndearnadh fógraíocht a léiriú;

(c)

na saintréithe seo a leanas den chóras dá dtagraítear i mír 5:

(i)

príomhfheidhmeanna an chórais;

(ii)

ceanglais theicniúla, leictreonacha agus chripteagrafacha an chórais;

(iii)

na céimeanna nós imeachta atá le leanúint, agus an fhaisnéis atá le soláthar, ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann an madra nó an cat ar an margadh, agus na céimeanna agus an fhaisnéis a cheanglaítear ar an bhfaighteoir, chun go n-oibreoidh an córas fíorúcháin ar líne.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) a ghlacadh faoin 31 Lúnasa 2028 agus déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) a ghlacadh faoin 31 Lúnasa 2029.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

CAIBIDIL IV

Údaráis inniúla

Airteagal 22

Oiliúint

1.   Chun críocha Airteagal 12, beidh na húdaráis inniúla freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go mbeidh cúrsaí oiliúna ar fáil do chúramóirí ainmhithe;

(b)

ábhar na gcúrsaí oiliúna dá dtagraítear i bpointe (a) a fhormheas, i gcomhréir leis na híoscheanglais a leagtar síos leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(4);

(c)

cúramóirí ainmhithe a dheimhniú a bhfuil na cúrsaí oiliúna dá dtagraítear i bpointe (a) curtha i gcrích go rathúil acu.

Féadfaidh na húdaráis inniúla an cúram dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a tharmligean chuig soláthraithe cúrsaí oiliúna.

2.   Féadfaidh Lárionad Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do Leas Ainmhithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (AE) 2017/625 samhlacha d’ábhair oiliúna agus moltaí a fhorbairt do na húdaráis inniúla nó do sholáthraithe eile cúrsaí oiliúna.

Airteagal 23

Bunachair sonraí maidir le madraí agus cait

1.   Beidh na Ballstáit freagrach as bunachair sonraí a bhunú agus a chothabháil chun madraí sainaitheanta agus cait shainaitheanta a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2), Airteagal 26(3) agus Airteagal 26(4), an dara fomhír.

2.   Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as bunachair sonraí arna gcoimeád ag Ballstát eile, ar bhonn socruithe iomchuí idir na Ballstáit sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh a mbunachair sonraí, dá dtagraítear i mír 1, na ceanglais a leagtar síos leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, pointe (b), chun a n-idir-inoibritheacht a áirithiú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí innéacs a bhunú agus a choimeád ina mbeidh an tacar íosta réimsí a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (b), den mhír seo. Féadfaidh an Coimisiún forbairt, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí innéacs sin a chur de chúram ar eintiteas neamhspleách, tar éis próiseas roghnúcháin poiblí, de bhun fhorálacha ábhartha Theideal VII de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

inneachar íosta na mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1;

(b)

an idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí na mBallstát agus an bunachar sonraí innéacs, lena n-áirítear an tacar íosta réimsí atá le tarchur chuig an mbunachar sonraí innéacs agus eatraimh an tarchuir;

(c)

an fheidhmiúlacht maidir le cruthúnas a sholáthar ar shainaithint agus clárú madra nó cait, dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a);

(d)

an chlárlann ina ndéanfaidh na Ballstáit a mbunachair sonraí a dhearbhú, agus na paraiméadair is gá chun na bunachair sonraí sin a nascadh le chéile i gcomhréir leis na socruithe arna mbunú de bhun phointe (b);

(e)

an t-idirnasc idir bunachair sonraí na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, bunachar sonraí an Aontais maidir le hallmhairí neamhthráchtála peataí dá dtagraítear in Airteagal 26(4), agus an Córas Bainistíochta Faisnéise le haghaidh Rialuithe Oifigiúla (CBFRO), i gcás inarb ábhartha.

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír, pointí (a) agus (c), a ghlacadh faoin 31 Lúnasa 2028. Déanfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír, pointí (b), (d) agus (e), a ghlacadh faoin 31 Lúnasa 2029.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

Airteagal 24

Sonraí a bhailiú faoi leas ainmhithe agus tuairisciú

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na sonraí faoi leas ainmhithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla tuarascáil a tharraingt suas agus a tharchur chuig an gCoimisiún i bhfoirm leictreonach maidir leis na sonraí faoi leas ainmhithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III faoin 31 Lúnasa gach 3 bliana. Déanfar an chéad tuarascáil den sórt sin a tharraingt suas agus a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Lúnasa 2032. Beidh achoimre i ngach tuarascáil ar na sonraí a bailíodh le linn na 3 bliana roimhe sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena mbunaítear modheolaíocht chomhchuibhithe chun na sonraí faoi leas ainmhithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a bhailiú agus lena mbunaítear teimpléad don tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

Airteagal 25

Cosaint sonraí

1.   Beidh údaráis inniúla na mBallstát ina rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna mbailiú faoi Airteagail 9 agus 10 den Rialachán seo, agus faoi Airteagal 23(1) den Rialachán seo nuair a úsáidtear iad chun críoch rialaithe oifigiúil.

Beidh an Coimisiún ina rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta arna mbailiú faoi Airteagal 21(5), Airteagal 23(1) agus (4), agus Airteagal 26(4), an tríú fomhír, den Rialachán seo nuair a úsáidtear na sonraí sin chun Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2017/625 agus na hoibleagáidí tuairiscithe faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Beidh sé de thoirmeasc ar aon duine a bhfuil rochtain acu ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír aon sonraí pearsanta a nochtadh, ar sonraí iad a bhfuarthas eolas orthu i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas nó a bhfuarthas go teagmhasach ar shlí eile leis an bhfeidhmiú sin. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach beart is iomchuí chun an toirmeasc sin a fhorfheidhmiú.

Ní úsáidfear na sonraí pearsanta a bhailítear faoin gcéad fhomhír agus faoin dara fomhír ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo maidir le leas agus inrianaitheacht agus ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear cleachtais chalaoiseacha a bhrath; agus

(b)

comhlíonadh a oibleagáidí ag an gCoimisiún faoi Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2017/625 agus oibleagáidí tuairiscithe an Choimisiúin faoin Rialachán seo.

2.   Déanfar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a choinneáil go ceann na dtréimhsí seo a leanas:

(a)

i gcás Airteagail 9 agus 10, 10 mbliana tar éis dháta scoir ghníomhaíocht na bunaíochta;

(b)

i gcás Airteagal 21(5), 18 mí tar éis ghiniúint an cheadchomhartha dá dtagraítear in Airteagal 21(3), an dara fomhír;

(c)

i gcás Airteagal 23(1) agus (4), 25 bliana tar éis an madra nó an cat a chlárú den chéad uair sa bhunachar sonraí dá dtagraítear san Airteagal sin nó go ceann 5 bliana tar éis bás an mhadra nó an chait a thaifeadadh sa bhunachar sonraí sin;

(d)

i gcás Airteagal 26(4), an tríú fomhír, 5 bliana tar éis dháta an réamhfhógra.

CAIBIDIL V

Teacht isteach madraí agus cat san Aontas

Airteagal 26

Teacht isteach madraí agus cat san Aontas

1.   Ní fhéadfar madraí agus cait a thabhairt isteach san Aontas chun iad a chur ar mhargadh an Aontais ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

póraíodh agus coimeádadh i gcomhréir le haon cheann de na ceanglais seo a leanas iad:

(i)

na ceanglais atá i gCaibidil II den Rialachán seo;

(ii)

ceanglais a aithníonn an tAontas, i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) 2017/625, mar cheanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán seo; nó

(iii)

i gcás inarb infheidhme, ceanglais atá i gcomhaontú sonrach idir an tAontas agus an tír is onnmhaireoir;

(b)

tagann siad ó thríú tír nó ó thríú críoch agus ó bhunaíocht a liostaítear i gcomhréir le hAirteagail 126 agus 127 de Rialachán (AE) 2017/625.

2.   Sa deimhniú oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 a ghabhann le madraí agus cait a thugtar isteach san Aontas ó thríú tíortha agus ó thríú críocha chun iad a chur ar mhargadh an Aontais, beidh fianú ann lena ndeimhnítear go gcomhlíontar mír 1 den Airteagal seo.

3.   I gcás madraí agus cait a thugtar isteach san Aontas chun iad a chur ar mhargadh an Aontais, déanfaidh tréidlia iad a shainaithint, roimh theacht isteach san Aontas dóibh, trí bhíthin trasfhreagróir in-insteallta ina bhfuil micrishlis inléite a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Áiritheoidh an t-oibreoir atá freagrach as na madraí nó na cait a allmhairiú isteach san Aontas go mbeidh siad cláraithe ag tréidlia i mbunachar sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23(1), laistigh de 5 lá oibre tar éis dóibh a bheith tugtha isteach san Aontas. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do dhaoine nach tréidlianna iad an clárú a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil bearta i bhfeidhm acu chun cruinneas na faisnéise a iontrálann na daoine sin sa bhunachar sonraí a áirithiú.

4.   Gluaiseacht neamhthráchtála madra nó cait ó thríú tír nó ó thríú críoch go dtí an tAontas, tabharfaidh an t-úinéir réamhfhógra fúithi ar bhunachar sonraí an Aontais maidir le hallmhairí neamhthráchtála peataí 5 lá oibre ar a laghad sula dtrasnóidh an madra nó an cat teorainn an Aontais, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina dtugtar an madra nó an cat isteach san Aontas go díreach ó thríú tíortha nó ó chríocha lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón gCoimisiún (17); agus

(b)

i gcás ina bhfuil an madra nó an cat cláraithe i mbunachar sonraí Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 23(1) den Rialachán seo.

I gcás ina bhfanfaidh an madra nó an cat níos mó ná 6 mhí san Aontas, áiritheoidh an t-úinéir go gcláróidh tréidlia é i mbunachar sonraí an Bhallstáit chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1), laistigh de 5 lá oibre tar éis don séú mí dul in éag ó tháinig sé isteach san Aontas. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do dhaoine nach tréidlianna iad an clárú a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil bearta i bhfeidhm acu chun cruinneas na faisnéise a iontrálann na daoine sin sa bhunachar sonraí a áirithiú.

Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí an Aontais maidir le hallmhairí neamhthráchtála peataí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a bhunú agus a choimeád. Féadfaidh an Coimisiún forbairt, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí sin a chur de chúram ar eintiteas neamhspleách, tar éis próiseas roghnúcháin poiblí, de bhun fhorálacha ábhartha Theideal VII de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Beidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin teoranta d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún.

Áiritheoidh an Coimisiún go spreagfaidh an bunachar sonraí fógraí iRASFF le haghaidh gluaiseachtaí réamhfhógartha a bhfuil riosca calaoise ag baint leo. An Ballstát a fhaigheann an fógra, déanfaidh sé bearta iomchuí chun obair leantach a dhéanamh air i gcomhréir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (AE) 2017/625.

Faoin 31 Lúnasa 2034, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

an fhaisnéis a bhfuil réamhfhógra le tabhairt ina leith ag úinéirí i gcomhréir le mír (4) den Airteagal seo i mbunachar sonraí an Aontais maidir le hallmhairí neamhthráchtála peataí, agus ceanglais Rialacháin (AE) 2018/1725 agus (AE) 2016/679 maidir le cosaint sonraí pearsanta á gcur san áireamh;

(ii)

an nós imeachta trína bhfuil an riosca calaoise le suíomh, ar nós imeachta é lena bhfuil na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Líonra um Chúnamh agus Comhar Riaracháin le cur san áireamh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

CAIBIDIL VI

Forálacha nós imeachta

Airteagal 27

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuairimí eolaíocha EFSA, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

líon oiriúnach cúramóirí ainmhithe in ionaid phórúcháin agus ionaid díola;

(b)

ceanglais uiscithe agus beathaithe agus an próiseas maidir le scoitheadh;

(c)

raonta teochta;

(d)

ceanglais maidir le soilsiú;

(e)

leibhéil amóinia agus aonocsaíde carbóin;

(f)

dearaí conchróite agus catlann;

(g)

cóiríocht do ghrúpaí;

(h)

lamháltais spáis le haghaidh catagóirí éagsúla madraí agus cat;

(i)

minicíocht toircheas;

(j)

an aois íosta agus uasta chun soitheanna agus cráinchait a phórú;

(k)

sóisialú, soláthar saibhrithe agus bearta eile chun freastal ar riachtanais iompraíochta madraí agus cat;

(l)

na ceanglais maidir leis na trasfhreagróirí a úsáidtear chun madraí agus cait a shainaithint ar bhonn aonair;

(m)

na sonraí atá le bailiú chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais.

Aon cheanglais nua a chuirtear isteach sna hIarscríbhinní, beidh siad bunaithe ar fhianaise eolaíoch nó theicniúil nuashonraithe, go háirithe fianaise den sórt sin maidir leis na coinníollacha sonracha is gá chun leas na madraí agus na gcat a chumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. I gcás inarb ábhartha, leis na gníomhartha tarmligthe sin, déanfar na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a chur san áireamh agus déanfar foráil d’idirthréimhsí leordhóthanacha chun gur féidir leis na hoibreoirí lena mbaineann oiriúnú do na ceanglais nua.

Airteagal 28

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(8), Airteagal 8(3), Airteagal 13(2) agus Airteagal 27 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 30 Lúnasa 2026.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(8), Airteagal 8(3), Airteagal 13(2) agus Airteagal 27 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(8), Airteagal 8(3), Airteagal 13(2) nó Airteagal 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 29

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, a bunaíodh le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VII

Rialacha náisiúnta níos déine agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 30

Rialacha náisiúnta níos déine

1.   Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit aon rialacha náisiúnta níos déine a choinneáil ar bun nó a ghlacadh atá dírithe ar chosaint níos fairsinge a thabhairt do leas madraí agus cat a choimeádtar i mbunaíochtaí, agus ar inrianaitheacht níos fearr madraí agus cat a sholáthar, ar choinníoll nach bhfuil na rialacha sin ar neamhréir leis an Rialachán seo agus nach gcuireann siad isteach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

2.   Faoin 31 Lúnasa 2028, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon rialacha náisiúnta níos déine atá ann cheana a bhfuil sé beartaithe acu iad a choimeád ar bun i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi rialacha náisiúnta níos déine sula nglacfar iad, ach amháin má tá fógra tugtha cheana féin ag na Ballstáit faoi na dréachtrialacha náisiúnta mar dhréachtrialachán teicniúil faoi Airteagal 5 de Threoir (AE) 2015/1535. Tarraingeoidh an Coimisiún aird na mBallstát eile orthu.

3.   Ballstát ag a bhfuil rialacha náisiúnta níos déine dá dtagraítear i mír 1, ní chuirfidh sé toirmeasc ná bac ar chur ar an margadh laistigh dá chríoch i leith madraí agus cait a choimeádtar i mBallstát eile ar an bhforas nár coimeádadh na madraí agus na cait lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta níos déine sin atá aige.

Airteagal 31

Tuairisciú agus meastóireacht

1.   Ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 24 agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Lúnasa 2033 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil faireacháin a fhoilsiú maidir le leas madraí agus cat a chuirtear ar an margadh san Aontas.

2.   Faoin 31 Lúnasa 2040, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo a chur i gcrích agus tuarascáil ar na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Sa mheastóireacht sin agus sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

a mhéid a rannchuidigh an Rialachán seo le hardleibhéal leasa a áirithiú i leith madraí agus cat, le feabhas a chur ar a n-inrianaitheacht, agus le trádáil aindleathach madraí agus cat a laghdú;

(b)

an tionchar a bhí ag an Rialachán seo ar oibreoirí ionad pórúcháin agus ionad díola agus ionad dídine, agus ar oibreoirí a chuireann madraí agus cait in árais altrama, agus, inter alia, an t-ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta á gcur san áireamh.

3.   Chun críocha an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun a thuarascáil a ullmhú.

Airteagal 32

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos, lena n-áirítear na pionóis sin a eascraíonn as tréigean madraí agus cat ag oibreoirí, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 31 Lúnasa 2028. Mar sin féin,

(a)

beidh feidhm ag Airteagal 16 ón 31 Lúnasa 2029;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 21(3) agus ag Airteagal 23(1) ón 31 Lúnasa 2030;

(c)

beidh feidhm ag Airteagal 8(1) ón 1 Iúil 2036 agus beidh feidhm ag Airteagal 8(2) ón 1 Iúil 2030;

(d)

beidh feidhm ag Airteagal 15, ag Airteagal 21(3), an dara fomhír, Airteagal 21(4) agus (5), ag Airteagal 22(1), pointí (a), (b) agus (c), ag Airteagal 23(3) agus (4), agus ag Airteagal 26(1), (2) agus (3) ón 31 Lúnasa 2031;

(e)

beidh feidhm ag Airteagal 12(2) agus (3) ón 31 Lúnasa 2033;

(f)

beidh feidhm ag Airteagal 10 ón 31 Lúnasa 2034; agus

(g)

beidh feidhm ag Airteagal 26(4) ón 31 Lúnasa 2036.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Meitheamh 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)   IO C, C/2024/3388, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3388/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2026.

(3)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).

(5)  Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/63/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfoirm shamplach chaighdeánach atá le húsáid sna tuarascálacha bliantúla a chuireann na Ballstáit isteach (IO L 124, 13.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/723/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(11)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(13)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/1535/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe i ndáil le gluaiseacht neamhthráchtála peataí (IO L; 2026/131, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/131/oj).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS IS INFHEIDHME MAIDIR LE BUNAÍOCHTAÍ DE BHUN AIRTEAGAIL 14 GO 17

1.   Beatha agus uisce a thabhairt do na hainmhithe

1.1.

Beathófar madraí agus cait dhá uair sa lá ar a laghad. Beathófar coileáin agus piscíní ar bhonn níos minice.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais sin maidir le madraí caomhnóra beostoic a choimeádtar in ionaid phórúcháin le linn na dtréimhsí ina n-úsáidtear na madraí sin chun críoch gardála nó oiliúna.

1.2.

Déanfar gach coileán nó piscín a bheathú le gruth buí le linn na chéad 2 lá dá shaol ar a laghad. Ina dhiaidh sin, beathófar é le bainne óna mháthair nó ó shoith nó cráinchat atá ag tál. Mura féidir é sin a dhéanamh, toisc go bhfuil an mháthair tinn nó nach bhfuil sí in ann a sliocht a bheathú ar chúis eile nó nach bhfuil sí in ann bainne leordhóthanach a sholáthar, beathófar an coileán nó an piscín le bainne púdrach atá deartha le haghaidh coileán agus piscíní. Beidh minicíocht beathaithe den sórt sin i gcomhréir le treoracha an mhonaróra nó le treoracha tréidlia.

1.3.

Déanfar gach coileán agus piscín nár scoiteadh fós a bheathú go leordhóthanach le bainne, bainne púdrach nó meascán díobh chun ligean dóibh meáchan coirp a mhéadú ar bhonn seasta.

1.4.

Déanfar an scoitheadh trí bheatha sholadach a thabhairt isteach de réir a chéile ar feadh tréimhse nach giorra ná 7 lá, agus ní chuirfear i gcrích é sula mbeidh na coileáin agus na piscíní araon 6 seachtaine d’aois.

2.   Cóiríocht

2.1.   Teocht:

In ionaid phórúcháin, coinneofar an teocht laistigh de raon díobh seo a leanas:

(a)

22 go 28o °C i limistéir bhreithe do choileáin don chéad 10 lá dá saol;

(b)

18 go 27o °C i limistéir bhreithe do phiscíní don chéad 21 lá dá saol.

2.2.   Soilsiú

2.2.1.

Nochtfar madraí agus cait do sholas go ceann 7 n-uair an chloig ar a laghad in aghaidh an lae.

2.2.2.

Beidh solas saorga ina speictream leathan nó ina speictream iomlán lena ngabhfaidh minicíocht 80 Heirts ar a laghad.

2.2.3.

Beidh an deis ag madraí agus cait a bheith ar díth soilse saorga go ceann 8 n-uair an chloig ar a laghad in aghaidh an lae.

2.3.   Lamháltais spáis

2.3.1.

Déanfar na limistéir bhreithe do choileáin agus do phiscíní a dhearadh sa chaoi go mbeidh an mháthair in ann gluaiseacht amach óna sliocht.

2.3.2.

I gcás ionaid phórúcháin agus ionaid díola, beidh feidhm ag na lamháltais spáis íosta seo a leanas do mhadraí agus do chait, bunaithe ar an limistéar iomlán atá inrochtana go buan do na madraí nó do na cait:

Lamháltas spáis do mhadraí le hálta nó gan iad

 

Íosachar dromchla (*1)

Íosairde (m)

Airde na coirbe (cm)

< 30

30-39

40-59

60-70

> 70

2

Achar le haghaidh madra amháin (m2)

4

4

5

8

10

Achar le haghaidh gach madra breise (m2)

3

3,5

4

5

6

Lamháltas spáis do chait le hálta nó gan iad

 

Íosachar dromchla talún (*2)

Íosairde (m)

Achar le haghaidh cat amháin (m2)

3

2

Achar le haghaidh gach cat breise (m2)

2

(*1)  I gcás madraí folaíochta, is féidir airde na coirbe a ríomh ar bhonn airde chaighdeánach na coirbe don phór. Nuair a choimeádtar madraí a bhfuil éagsúlacht in airdí na coirbe acu in aon chró amháin, is é an colún don íosachar dromchla i leith an mhadra leis an gcoirb is airde amháin a úsáidfear chun an lamháltas spáis a ríomh i gcás gach madra.

(*2)  Ní áirítear dromchla an tsaibhrithe do chait san íosachar dromchla talún.

3.   Sláinte

3.1.

Ní dhéanfar cráinchait a phórú ach amháin má tá siad 10 mí d’aois ar a laghad.

3.2.

Ní dhéanfar soitheanna a phórú ach ón dara héastras acu.

3.3.

Ní dhéanfaidh soitheanna ná cráinchait níos mó ná 3 ál a bhreith laistigh de thréimhse 2 bhliain.

3.4.

I gcás soitheanna agus cráinchait a bhfuil 3 ál beirthe acu, lena n-áirítear coileáin mharbh-bheirthe nó piscíní marbh-bheirthe, laistigh de thréimhse 2 bhliain, beidh tréimhse téarnaimh de bhliain amháin ar a laghad ann.

3.5.

Aon shoith nó cráinchat a mbeidh dhá ghearradh Chaesaracha déanta orthu, ní úsáidfear a thuilleadh le haghaidh pórú iad.

3.6.

Sula ndéanfar aon shoith atá 8 mbliana d’aois nó níos mó, nó aon chat baineann cúpláilte atá 6 bliana d’aois nó níos mó, a úsáid le haghaidh pórú, ní mór scrúdú fisiceach a bheith déanta air ag tréidlia a dheimhneoidh i scríbhinn, tráth an scrúdaithe, nach bhfuil aon tásca leighis ann a bheadh i gcoinne úsáid na soithe sin nó na cráinchait sin le haghaidh pórú.

3.7.

Coinneoidh an t-oibreoir an deimhniú i scríbhinn dá dtagraítear i bpointe 3.6 ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad.

4.   Riachtanais iompraíochta

4.1.   Sóisialú

4.1.1.

Ó 3 seachtaine d’aois ar aghaidh, cuirfear deiseanna laethúla ar fáil do mhadraí agus do chait de réir a chéile maidir le teagmháil shóisialta le hainmhithe eile den speiceas céanna agus le daoine, agus, i gcás inar féidir, le hainmhithe de speicis eile.

4.1.2.

Madraí nó cait atá ina mbagairt dá chéile mar gheall ar iompraíocht ionsaitheach, nó atá ina gcúis le strus míchuí nó míchompord míchuí, coinneofar ar leithligh iad.

4.2.   Saibhriú

4.2.1.

Soláthrófar líon leordhóthanach cuaillí scríobtha, cróite folaigh agus seilfeanna do chait chun a áirithiú gur féidir le gach cat dreapadh, a scíth a ligean, breathnú agus cúbadh faoi.

4.3.   Scaradh

4.3.1.

Ní dhéanfar coileáin a choimeádtar i mbunaíochtaí a scaradh go buan óna máithreacha roimh 8 seachtaine d’aois.

4.3.2.

Ní dhéanfar piscíní a choimeádtar in ionaid dídine agus in árais altrama a scaradh go buan óna máithreacha roimh 8 seachtaine d’aois. Ní dhéanfar piscíní a choimeádtar in ionaid phórúcháin a scaradh go buan óna máithreacha roimh 12 sheachtain d’aois.

4.3.3.

Mar sin féin, beifear in ann scaradh níos luaithe ó mháithreacha ar chúiseanna leighis bunaithe ar chomhairle i scríbhinn ó thréidlia. Coinneoidh an t-oibreoir taifead ar an gcomhairle sin go dtí go gcuirfear coileán nó piscín deireanach an áil lena mbaineann ar an margadh.

IARSCRÍBHINN II

MADRAÍ AGUS CAIT A SHAINAITHINT AGUS A CHLÁRÚ

Le trasfhreagróirí a úsáidtear chun madraí agus cait a shainaithint ar bhonn aonair mar a cheanglaítear in Airteagail 20 agus 26, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh uimhir aitheantais aonair, neamh-in-athdhéanta agus neamh-in-athchláraithe sa mhicrishlis;

(b)

tosóidh an uimhir aitheantais le tír sainaitheantais an mhadra nó an chait a shainaithnítear i gcomhréir le caighdeán ISO 3166;

(c)

beidh struchtúr cóid agus coincheap teicniúil na sainaitheanta radaimhinicíochta i gcomhréir le caighdeáin ISO 11784 agus 11785;

(d)

déanfar meastóireacht ar chomhlíonadh chaighdeáin ISO 11784 agus 11785 i gcomhréir le caighdeán ISO 24631-1.


IARSCRÍBHINN III

SONRAÍ FAOI LEAS AINMHITHE

1.   

Líon na madraí agus na gcat arna gclárú in aghaidh na bliana, dá dtagraítear in Airteagal 20 agus in Airteagal 26(3).

2.   

Líon na n-ionad pórúcháin, na n-ionad díola, na n-ionad dídine agus na n-áras altrama arna gclárú in aghaidh na bliana i gcomhréir le hAirteagal 9.

3.   

Líon na n-ionad pórúcháin arna bhformheas in aghaidh na bliana, dá dtagraítear in Airteagal 10.

4.   

Líon na n-ionad pórúcháin ar cuireadh a bhformheas ar fionraí nó ar tarraingíodh siar é in aghaidh na bliana.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1818/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)