|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1774 |
20.7.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1774 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2026
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an iarraidh ó na Stáit Aontaithe ar tharscaoileadh EDT chun síneadh a chur le clár AGOA agus maidir leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Trí bhíthin Chinneadh 94/800/CE ón gComhairle (1) a rinne an tAontas Comhaontú Marrakech a thabhairt i gcrích, comhaontú é lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), agus tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995. |
|
(2) |
Leagtar amach i míreanna 3 agus 4 d’Airteagal IX de Chomhaontú EDT na nósanna imeachta maidir le tarscaoileadh a dheonú i ndáil leis na Comhaontuithe Trádála Iltaobhacha in Iarscríbhinn 1A, 1B agus 1C a ghabhann le Comhaontú EDT agus a n-iarscríbhinní. |
|
(3) |
An 30 Samhain 2015, dheonaigh EDT tarscaoileadh do na Stáit Aontaithe faoi Chinneadh WT/L/970, lenar ceadaíodh don tír sin cóir saor ó dhleacht a sholáthar do tháirgí incháilithe de thionscnamh tíortha tairbhíocha na hAfraice fo-Shaháraí arna n-ainmniú de bhun Acht na Stát Aontaithe dar teideal the African Growth and Opportunity Act (AGOA). Chuaigh an tarscaoileadh sin in éag an 30 Meán Fómhair 2025. Trí bhíthin Chinneadh (AE) 2015/1942 ón gComhairle (2), thacaigh an tAontas leis an iarraidh a rinne na Stáit Aontaithe roimhe seo ar tharscaoileadh EDT chun síneadh a chur le clár AGOA. |
|
(4) |
De bhun Airteagal IX, mír 3, de Chomhaontú EDT, chuir na Stáit Aontaithe iarraidh isteach (G/C/W/893) ar a n-oibleagáidí faoi Airteagal I, mír 1, agus faoi Airteagal XIII, míreanna 1 agus 2, de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil a tharscaoileadh go dtí an 31 Nollaig 2026, a mhéid is gá chun a cheadú do na Stáit Aontaithe leanúint de chóir saor ó dhleacht a sholáthar do tháirgí incháilithe de thionscnamh na dtíortha is tairbhithe san Afraic Fho-Shahárach arna n-ainmniú de bhun chlár AGOA. |
|
(5) |
Dá dtacófaí le hiarraidh na Stát Aontaithe, ní bheadh tionchar diúltach ar tharscaoileadh EDT ar gheilleagar an Aontais ná ar a chaidreamh trádála le tairbhithe an tarscaoilte. Thairis sin, tacaíonn an tAontas go ginearálta le gníomhaíochtaí chun an bhochtaineacht a mhaolú agus cobhsaíocht agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn i dtíortha na dtairbhithe. |
|
(6) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Ghinearálta EDT a bhunú maidir leis an iarraidh a rinne na Stáit Aontaithe ar tharscaoileadh EDT chun síneadh a chur le clár AGOA go dtí an 31 Nollaig 2026 agus maidir le haon iarrataí comhchosúla ar tharscaoileadh a d’fhéadfadh a bheith ann ina dhiaidh sin ó na Stáit Aontaithe le haghaidh síneadh den sórt sin nár cheart dul thar an 30 Meán Fómhair 2030, i bhfianaise na córa leanúnaí saor ó dhleacht a dheonaítear do tháirgí incháilithe de thionscnamh tíortha is tairbhithe den Afraic fho-Shahárach arna n-ainmniú de bhun chlár AGOA ar feadh níos mó ná 10 mbliana agus i bhfianaise na tréimhse giorra a ghabhann leis an iarraidh ar tharscaoileadh arna cur isteach ag na Stáit Aontaithe (G/C/W/893) agus i gcomhréir le prionsabal an dea-riaracháin. |
|
(7) |
Cuireadh tús foirmiúil leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh i mí Mheán Fómhair 2020 agus tugadh chun críche í i mí Iúil 2023. Leis an tionscnamh bailítear tromlach mór de Chomhaltaí EDT, ar tíortha i mbéal forbartha agus tíortha is lú forbairt (TLFanna) iad a bhformhór. Leagtar amach sa Chomhaontú sin um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh rialacha maidir le trédhearcacht, cuíchóiriú nósanna imeachta riaracháin agus comhleanúnachas rialála intíre a mbeidh feidhm acu maidir le gach earnáil den gheilleagar i gcás na mbeart uile a bhaineann le gníomhaíochtaí infheistíochta. Cuireadh síos an Comhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh mar chomhaontú ilpháirtithe atá le hionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT. Thacaigh an tAontas leis an ionchorprú sin ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (MC13) agus ag cruinnithe na Comhairle Ginearálta ina dhiaidh sin. |
|
(8) |
De bhun Airteagal IV:2 de Chomhaontú EDT, sna tréimhsí idir cruinnithe na Comhdhála Aireachta, is í an Chomhairle Ghinearálta a dhéanfaidh feidhmeanna na Comhdhála. Má tá cinneadh chun an Comhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT le déanamh ag aon chruinniú den Chomhairle Ghinearálta roimh an gcéad Chomhdháil Aireachta eile de chuid EDT, ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tacú leis an ionchorprú sin. |
|
(9) |
Thacaigh an tAontas freisin leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT le linn MC14 (WT/MIN(26)/W/5/Rev.1). Mar sin féin, níor glacadh aon chinneadh aireachta chuige sin. |
|
(10) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Ghinearálta EDT a bhunú maidir leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Comhaontóidh an tAontas, i gComhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), gó ndéanfar tarscaoileadh EDT a dheonú lena gceadófar do na Stáit Aontaithe leanúint de chóir saor ó dhleacht a chur ar fáil do tháirgí incháilithe de thionscnamh thíortha is tairbhithe den Afraic fo-Shahárach arna n-ainmniú de bhun chlár AGOA ón 1 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 31 Nollaig 2026 agus ar feadh tréimhsí breise ama suas go dtí an 30 Meán Fómhair 2030.
Airteagal 2
Comhaontóidh an tAontas le dréachtchinneadh ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir leis an gComhaontú um Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a Dhéanamh a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ag aon chruinniú den Chomhairle Ghinearálta a thionólfar roimh an gcéad Chomhdháil Aireachta eile de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, ar choinníoll go bhfuil an fhoclaíocht atá le hionchorprú comhionann leis an bhfoclaíocht a leagtar amach i ndoiciméad WT/MIN(26)/W/5/Rev.1 de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le hábhair laistigh dá inniúlacht, na gcomhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994) (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1994/800/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2015/1942 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2015 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an iarraidh ó na Stáit Aontaithe ar tharscaoileadh ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun síneadh a chur le clár AGOA (IO L 283, 29.10.2015, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1942/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1774/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)