|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1772 |
24.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1772 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Iúil 2026
maidir le húdarú ullmhóide d’alfa-galachtóisíodáis arna táirgeadh le Aspergillus tubingensis ATCC SD 6740 agus d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma orientale CBS 139997 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh atáirgthe (sealbhóir an údaraithe: Industrial Técnica Pecuaria, S.A.)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóide d’alfa-galachtóisíodáis arna táirgeadh le Aspergillus tubingensis ATCC SD 6740 agus d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma orientale (a leithdháileadh roimhe seo ar an speiceas Trichoderma longibrachiatum) CBS 139997. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le hullmhóid d’alfa-galachtóisíodáis arna táirgeadh le Aspergillus tubingensis ATCC SD 6740 agus d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma orientale CBS 139997 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus iarrtar ann an breiseán a aicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 19 Samhain 2025 (2) go bhfuil an ullmhóid d’alfa-galachtóisíodáis arna táirgeadh le Aspergillus tubingensis ATCC SD 6740 agus d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma orientale CBS 139997 sábháilte do thurcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin ar an uasleibhéal molta de 20 aonad gníomhaíochta alfa-galachtóisíodáise (GALU) agus 25 aonad gníomhaíochta ion-1,4-béite-xiolanáise (AXC) in aghaidh an kg d’ábhar beatha iomlán, agus do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go meastar gur íogróir riospráide í an ullmhóid d’alfa-galachtóisíodáis arna táirgeadh le Aspergillus tubingensis ATCC SD 6740 agus d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma orientale CBS 139997 agus go meastar gur riosca é aon nochtadh trí ionanálú di. Níor thángthas ar aon chonclúid maidir le hacmhainneacht an bhreiseáin a bheith ina ghreannaitheoir craicinn nó súl ná ina íogróir craicinn. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin go bhféadfadh an ullmhóid d’alfa-galachtóisíodáis arna táirgeadh le Aspergillus tubingensis ATCC SD 6740 agus d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma orientale CBS 139997 a bheith éifeachtúil i dturcaithe lena ramhrú agus i dturcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin ar an íosleibhéal úsáide molta, is é sin 14 GALU agus 18 AXC in aghaidh an kg de bheatha iomlán. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas i measúnú roimhe seo i ndáil le hiarratas eile ar údarú an bhreiseáin chéanna, conclúidí agus moltaí a d’fhíoraigh an tÚdarás sa tuairim uaidh an 19 Márta 2020 (3), mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), ní raibh gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha dá bhrí sin. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid d’alfa-galachtóisíodáis arna táirgeadh le Aspergillus tubingensis ATCC SD 6740 agus d’ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma orientale CBS 139997 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh atáirgthe. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, arb ullmhóid í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9796. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9796.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(4):6086. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6086.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta. |
|||||||||||||||||
|
4a33 |
Industrial Técnica Pecuaria, S.A. |
Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) agus alfa-galachtóisíodáis (EC 3.2.1.22) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) arna táirgeadh le Trichoderma orientale CBS 139997 agus d’alfa-galachtóisíodáis (EC 3.2.1.22) arna táirgeadh le Aspergillus tubingensis ATCC SD 6740 ag a bhfuil íosghníomhaíocht einsímeach de: 50 AXC (1)/g de bhreiseán agus 40 GALU (2)/g de bhreiseán Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) arna táirgeadh le Trichoderma orientale CBS 139997 agus alfa-galachtóisíodáis (EC 3.2.1.22) arna táirgeadh le Aspergillus tubingensis ATCC SD 6740 Modh anailíse (3) Maidir le hion-1,4-béite-xiolanáis a chainníochtú agus í sa bhreiseán beathaithe, i réamh-mheascáin agus sa bheatha chumaisc:
Maidir le halfa-galachtóisíodáis a chainníochtú agus í sa bhreiseán beathaithe, i réamh-mheascáin agus sa bheatha chumaisc:
|
Turcaithe lena ramhrú Turcaithe a thógtar le haghaidh atáirgthe |
- |
18 AXC 14 GALU |
- |
|
13 Lúnasa 2036 |
||||||||
|
(1) Is ionann Aonad amháin gníomhaíochta ion-1,4-béite-xiolanáise (AXC) agus méid na heinsíme lena scaoiltear 0.058 micreamhól in aghaidh an nóiméid de shiúcraí dí-ocsaídithe, arna shloinneadh mar choibhéisí xiolóise, ó shubstráit araibinixioláin chruithneachta ag pH 4.7 agus 30 °C. (2) Is ionann Aonad amháin gníomhaíochta alfa-galachtóisíodáise (GALU) agus méid na heinsíme lena ndíghrádaítear micreamhól amháin in aghaidh an nóiméid de phara-nítrifeinil-alfa-D-galachtaipioranóisíd ag pH 5.5 agus 37 °C. (3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint research centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation reports_ga |
|||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1772/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)