|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1744 |
24.7.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/1744 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Iúil 2026
lena leasaítear Rialacháin (AE) 2024/1689, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2023/1230 a mhéid a bhaineann le simpliú cur chun feidhme rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Omnibus Digiteach maidir leis an Intleacht Shaorga)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus is é is aidhm dó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, glacadh na hintleachta saorga duine-lárnach agus iontaofa a chur chun cinn, agus ardleibhéal cosanta don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha á áirithiú agus tacaíocht á tabhairt don nuálaíocht an tráth céanna. Tháinig Rialachán (AE) 2024/1689 i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2024. Tá teacht i bhfeidhm a fhorálacha céimnithe, agus tiocfaidh na rialacha uile i bhfeidhm faoin 2 Lúnasa 2027. |
|
(2) |
Leis an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme na gcodanna de Rialachán (AE) 2024/1689 a tháinig i bhfeidhm cheana féin, is féidir bonn eolais a chur faoi chur chun feidhme na gcodanna sin atá fós le cur i bhfeidhm. Sa chomhthéacs sin, mar thoradh ar ullmhú moillithe caighdeán, a chuireann réitigh theicniúla ar fáil do sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca chun a áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí faoin Rialachán sin, agus bunú moillithe na gcreataí rialachais agus measúnaithe comhréireachta ar an leibhéal náisiúnta, tá ualach comhlíontachta ann atá níos troime ná mar a raibh coinne leis. Ina theannta sin, léiríodh i gcomhairliúcháin le geallsealbhóirí gur ghá bearta breise chun soiléiriú ar chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh a éascú agus a sholáthar, gan laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha ar rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga, leibhéal cosanta a bhféachtar lena bhaint amach le rialacha Rialachán (AE) 2024/1689. |
|
(3) |
Tá gá le leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2024/1689 chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin cur chun feidhme áirithe, d’fhonn na rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm go héifeachtach, go simplí agus go haonfhoirmeach. |
|
(4) |
Chun nuálaíocht intleachta saorga a chumasú sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, tá sé tábhachtach go n-áiritheoidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát nach gcruthóidh maoirseacht, forfheidhmiú agus faireachán ar dhlíthe earnála agus náisiúnta forluí, léirmhínithe neamhréireacha nó forfheidhmiú éagsúil. |
|
(5) |
Le Rialachán (AE) 2024/1689 leagtar síos rialacha cothrománacha i gcás córais intleachta saorga chun ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do leasanna poiblí a mhéid a bhaineann le sláinte, le sábháilteacht agus le cearta bunúsacha. I gcás córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(1), tá feidhm ag an Rialachán sin i dteannta reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá liostaithe i Roinn A d’Iarscríbhinn I. I gcásanna áirithe, is féidir le reachtaíocht chomhchuibhithe sin an Aontais ceanglais a leagan síos a shroichfidh an leibhéal céanna cosanta nó leibhéal níos airde de leasanna poiblí ábhartha agus a shroichtear leis na ceanglais nó na hoibleagáidí sonracha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1689. Sa chás sin, ba cheart a bheith ábalta cur i bhfeidhm na gceanglas nó na n-oibleagáidí sonracha a theorannú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1689 chun comhlíonadh a éascú, an t-ualach riaracháin agus an dúbláil a íoslaghdú, fad a chaomhnaítear an leibhéal cosanta a áirithítear leis an Rialachán sin. Ba cheart an teorannú sin a bheith indéanta i gcás ina leagtar síos, agus a mhéid a leagtar síos, le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, ceanglais dá bhforáiltear leibhéal cosanta sláinte, sábháilteachta nó ceart bunúsach atá coibhéiseach leis an gceanglas nó leis an oibleagáid lena mbaineann. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí na cásanna sin a shainaithint agus trí na táirgí lena mbaineann, na ceanglais nó na hoibleagáidí a fhéadfar a theorannú, agus coinníollacha agus raon feidhme aon teorann a shonrú, lena n-áiritheofar nach laghdófar an leibhéal cosanta dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2024/1689. |
|
(6) |
Is fiontair bheaga agus mheánmhéide iad a bhformhór de chuideachtaí uile an Aontais, ar micrifhiontair agus fiontair bheaga iad a bhformhór mór. Tá ról ríthábhachtach i ngeilleagar an Aontais ag fiontair a sháraíonn an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), na ‘fiontair mheánchaipitlithe bheaga’ (FMBanna). I gcomparáid le FBManna, is gnách go mbíonn luas níos tapúla fáis i FMBanna, agus leibhéal níos airde nuálaíochta agus digitithe iontu. Mar sin féin, tá dúshláin rompu atá cosúil leis na dúshláin atá roimh FBManna i ndáil leis an ualach riaracháin, rud a fhágann go bhfuil gá le comhréireacht i gcur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1689 agus le tacaíocht spriocdhírithe. Chun aistriú rianúil fiontar ó FBManna go FMBanna a chumasú, tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar bhealach comhleanúnach ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán sin ar a ngníomhaíocht nuair a bheidh na fiontair sin ina FMBanna agus nuair a bheidh rialacha rompu a bhaineann le fiontair mhóra. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2024/1689 maidir le roinnt beart d’oibreoirí ar mionscála, ar cheart iad a leathnú chuig FMCBanna i gcás inarb iomchuí agus coimirciú á dhéanamh an tráth céanna ar na cuspóirí uileghabhálacha agus ar an leibhéal cosanta a thugtar faoi Rialachán (AE) 2024/1689. Chun cóireáil FBManna agus FMBanna a shoiléiriú i Rialachán (AE) 2024/1689, is gá sainmhínithe a thabhairt isteach i gcás FBManna agus FMBanna, ba cheart a bheith ag comhfhreagairt don sainmhíniú a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (6) agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún (7), faoi seach. |
|
(7) |
Tá coincheap ‘comhpháirt sábháilteachta’ ríthábhachtach chun córais intleachta saorga áirithe a aicmiú mar chórais ardriosca de réir Rialachán (AE) 2024/1689. Mar sin, ba cheart díriú ar an gcoincheap gan ach na córais intleachta saorga a áireamh a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar shláinte agus ar shábháilteacht daoine nó maoine, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe an Rialacháin sin. Leis an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (14) de Rialachán (AE) 2024/1689, ní thugtar an tsoiléireacht is gá chun go mbeidh soláthraithe córas intleachta saorga ábalta a chinneadh cé acu a cháilíonn córas intleachta saorga mar chomhpháirt sábháilteachta agus, mar thoradh air sin, tá riosca ann go leathnófar an aicmiú ardriosca córas intleachta saorga thar an méid a bhfuil údar leis de bharr chur chuige rioscabhunaithe an Rialacháin sin. Is gá, mar sin, an sainmhíniú sin a leasú. Ar an gcéad dul síos, is gá soiléireacht a thabhairt ar choincheap ‘feidhm sábháilteachta’. Ba cheart gur críoch atá beartaithe don chóras í an fheidhm sábháilteachta, rud a chinneann soláthraí an chórais. Comhlíonann córas intleachta saorga feidhm sábháilteachta i gcás inarb é an chríoch atá beartaithe dó, arna cinneadh ag an soláthraí, rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht daoine nó maoine a chosc nó a mhaolú. Go háirithe, ní áirítear leis sin córais intleachta saorga nach mbeartaítear leo ach feidhmeanna a chomhlíonadh a bhaineann le cúnamh d’úsáideoirí, barrfheabhsú feidhmíochta, éifeachtúlacht seirbhíse, uathoibriú, áisiúlacht, nó oibríochtaí rialaithe cáilíochta ar ghnéithe nach mbaineann leis an tsábháilteacht. Ní chiallaíonn sé, ann féin, go gcomhlíonann córas intleachta saorga feidhm sábháilteachta go bhfuil sé comhtháite i dtáirge atá faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais nó go n-oibríonn sé laistigh de tháirge den chineál céanna. |
|
(8) |
Faoi láthair, le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1689, forchuirtear oibleagáid ar sholáthraithe agus ar úsáideoirí gairmiúla uile na gcóras intleachta saorga chun litearthacht intleachta saorga a bhfoirne a áirithiú. Tá forbairt litearthachta intleachta saorga ríthábhacht, ag tosú leis an oideachas agus an oiliúint agus ag leanúint ar aghaidh ar shlí foghlama ar feadh an tsaoil, chun na scileanna is gá a thabhairt do sholáthraithe, d’úsáideoirí gairmiúla agus do dhaoine eile dá ndéantar difear chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le cur in úsáid córas intleachta saorga. Mar sin féin, is léir ón taithí atá i gcoitinne ag geallsealbhóirí nach bhfuil réiteach ina bhforchuirtear oibleagáidí diana chun leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga a áirithiú oiriúnach do gach cineál soláthraí agus úsáideora ghairmiúil i ndáil le litearthacht intleachta saorga a chur chun cinn. Thairis sin, léirítear le sonraí go gcruthaítear ualach breise comhlíontachta le forchur na n-oibleagáidí sin, go háirithe d’fhiontair bheaga, cé gur cheart an litearthacht intleachta saorga a bheith ina tosaíocht straitéiseach, gan beann ar oibleagáidí rialála agus smachtbhannaí féideartha. I bhfianaise na faisnéise sin, ba cheart Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1689 a leasú chun a cheangal ar sholáthraithe agus úsáideoirí gairmiúla bearta a dhéanamh chun tacú le forbairt litearthacht intleachta saorga a bhfoirne agus na ndaoine eile a dhéileálann le hoibriú agus úsáid córas intleachta saorga thar a gceann. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tacú le hiarrachtaí soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga agus iad a éascú, lena n-áirítear trí dheiseanna oiliúna a thairiscint, acmhainní faisnéise a sholáthar, agus malartú dea-chleachtas agus tionscnamh eile a lamháil. Agus an oibleagáid sin á comhlíonadh acu, d’fhéadfadh an Coimisiún agus na Ballstáit na creataí inniúlachta Eorpacha a chur san áireamh, mar shampla an Creat Inniúlachta Digití do Shaoránaigh (DigComp) agus an Creat Litearthachta intleachta saorga don Bhunoideachas agus don Mheánoideachas. Ba cheart don Bhord Eorpach um an Intleacht Shaorga (an Bord) tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit trí mholtaí a ghlacadh ina leagtar amach cuspóirí coiteanna atá le baint amach chun a n-oibleagáid a chomhlíonadh agus malartú rialta a áirithiú idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir leis an ábhar sin, agus ba cheart don Chomhghuaillíocht um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga plé a lamháil leis an bpobal i gcoitinne. |
|
(9) |
Is leas poiblí substaintiúil é brath agus ceartú claontachta ó chosnaíonn siad daoine nádúrtha ar éifeachtaí díobhálacha claontachta, lena n-áirítear an t-idirdhealú. Ar an gcúis sin, soláthraítear bunús dlí le Rialachán (AE) 2024/1689 ina n-údaraítear do sholáthraithe chórais intleachta saorga ardriosca chun catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil i gcásanna eisceachtúla áirithe agus faoi réir coimircí dochta. Tá an bunús dlíthiúil sin nasctha leis an oibleagáid atá ar na soláthraithe sin cleachtais a bhaineann le brath, cosc agus ceartú claontachtaí a bhunú, ar dócha go ndéanfaidh siad difear do shláinte agus do shábháilteacht daoine, go mbeidh tionchar diúltach acu ar chearta bunúsacha nó go mbeidh idirdhealú, a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais mar thoradh orthu. Mar sin féin, d’fhéadfadh claontachtaí ar dhócha go mbeadh na héifeachtaí sin acu leanúint freisin de ghníomhaíochtaí úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca. Thairis sin, d’fhéadfadh na claontachtaí sin teacht chun cinn freisin i gcás córais nó samhlacha intleachta saorga eile. Mar shampla, is féidir le claontachtaí in uirlisí incháilitheachta nó scórála riosca a úsáidtear chun iarratais a mheasúnú ar chineálacha éagsúla ceadanna poiblí nó ceadúnas poiblí cearta a shrianadh nó rochtain grúpaí áirithe ar sheirbhísí poiblí a chosc go héifeachtach. Dá réir sin, tá leas suntasach poiblí ann chun lamháil, go heisceachtúil agus i gcás inar gá go hiomlán, do phróiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta chun claontacht a bhrath agus a cheartú i gcás soláthraithe agus úsáideoir gairmiúil córas agus samhlacha intleachta saorga eile agus úsáideoirí gairmiúla córas ardriosca. Is gá, mar sin, an bunús dlí a leagtar síos de bhun Rialachán (AE) 2024/1689 a leathnú chun na soláthraithe agus na n-úsáideoirí gairmiúla sin. Ba cheart an bunús dlí sin a bheith faoi réir na srianta, na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna a bhfuil feidhm leo i gcomhréir le hAirteagal 10(5) atá ann cheana, lena n-áirithítear, sa tslí sin, comhlíonadh Airteagal 9(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), Airteagal 10(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Airteagal 10, pointe (a) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Thairis sin, chun a chumasú do sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca tabhairt faoi ghníomhaíochtaí braite agus ceartaithe claontachta go dleathach chun ullmhú do chomhlíonadh na gceanglas maidir le córais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear Airteagal 10(2), pointí (f) agus (g) de Rialachán (AE) 2024/1689, ba cheart feidhm a bheith ag an mbunús dlí a bunaíodh in Airteagal 4a de Rialachán (AE) 2024/1689 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin. |
|
(10) |
Le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1689 toirmisctear cleachtais áirithe de chórais intleachta saorga atá an-díobhálach agus mí-úsáideach, atá contrártha do luachanna áirithe an Aontais agus a sháraíonn cearta bunúsacha áirithe. Tá Airteagal 5 á athbhreithniú, mar a leagtar síos in Airteagal 112(1) den Rialachán sin. I bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus sochaíocha ó glacadh an Rialachán sin, lena n-áirítear imscaradh agus úsáid fhorleathan na gcóras intleachta saorga lena ngintear íomhánna, físeáin, fuaim agus ábhar comhchosúil neamhthoiliúil dlúthchaidrimh (‘ábhar collaí neamhthoiliúil’) agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí, is gá Airteagal 5 den Rialachán sin a leasú. |
|
(11) |
Is é atá in ábhar collaí neamhthoiliúil foréigean gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach i gcoinne daoine aonair, go háirithe mná. Tá riosca trom ag baint le córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann an t-ábhar sin do shláinte, do shábháilteacht agus do chearta bunúsacha, lena n-áirítear dínit dhaonna, neamhspleáchas pearsanta, sláine agus saol príobháideach na n-íospartach, le díobháil shíceolaíoch agus díobhálacha eile a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach, agus cumasaíonn siad mí-úsáid ar scála mór. Tá géarghá le toirmeasc rialála sainráite mar gheall ar iomadú na dteicneolaíochtaí sin, a thuairiscítear go minic mar feidhmchláir ‘bhréag-lomnochta’. Is bagairt thromaí ar shábháilteacht agus ar chearta bunúsacha leanaí é ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí, lena n-áirítear ábhar atá sintéiseach go hiomlán nó go páirteach. Tá baol tromaí do dhínit an duine agus do chearta an linbh ag baint le córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann an t-ábhar sin, agus tá an baol ann go ndéanfar foréigean gnéasach in aghaidh leanaí a normalú, a mhéadú agus a bhuanú. Dá réir sin, tá gá le leasú ar Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1689 chun mná, leanaí, daoine aonair eile agus an tsochaí a chosaint ar chleachtais atá mórdhíobhálach, agus sa tslí sin cuspóirí an Rialacháin sin a shaothrú, agus chun soiléireacht a thabhairt do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla maidir le raon feidhme a n-oibleagáidí, agus sa tslí sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin cur chun feidhme. a bhféadfadh díobháil shíceolaíoch mharthanach thromchúiseach agus díobhálacha eile a bheith ag baint leo. |
|
(12) |
Is gá raon feidhme an toirmisc a shainmhíniú go soiléir, lena n-áirítear go háirithe méid oibleagáidí na soláthraithe agus na n-úsáideoirí gairmiúla. Leis an toirmeasc sin, níor cheart cosc a chur ar sholáthraithe cumais theicniúla na gcóras intleachta saorga a fhorbairt chun íomhánna, físeáin, fuaim nó ábhar comhchosúil a ghiniúint nó a ionramháil. A mhéid a bhaineann le soláthraithe, ba cheart an toirmeasc a theorannú do chórais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann ábhar collaí neamhthoiliúil nó ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse in dhá chás. Ar an gcéad dul síos, ba cheart córais atá beartaithe chun giniúint nó ionramháil an ábhair sin a chlúdach leis. Ar an dara dul síos, ba cheart go gclúdófaí leis córais ina bhfuil an ghiniúint nó an ionramháil sin ina toradh atá measartha intuartha agus in-atáirgthe agus nach bhfuil aon bhearta sábháilteachta teicniúla réasúnta agus leordhóthanacha ná coimircí eile i bhfeidhm, agus mí-úsáid atá measartha intuartha á cur san áireamh, chun an toradh sin a chosc go hiontaofa agus, i gcás inar gá, é a cheartú agus chun aon mhí-úsáid bhreathnaithe nó tuairiscithe a cheartú, lena n-áirítear teacht timpeall ar na bearta sin. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta teicniúla agus ar choimircí eile chun cosc a chur ar an ábhar sin a ghiniúint glanadh sonraí, oiliúint diúltaithe, dearadh pras sábháilte agus rialuithe aschuir, ráillí garda prasa aga rite, sásraí aicmithe agus scagtha ábhair, srianta úsáide, sásraí braite mí-úsáide, agus sásraí fógra agus gníomhaíochta. Ba cheart na bearta coisctheacha sin a bheith réasúnta don chóras intleachta saorga sonrach, agus meastar iad a bheith leordhóthanach má tá siad ag teacht leis na bearta úrscothacha agus más léir go gcuireann siad cosc nó laghdú leordhóthanach i ngach cás sonrach ar an dóchúlacht go nginfear nó go mí-ionramhálfar an t-ábhar sin, agus mí-úsáid aitheanta atá measartha intuartha á cur san áireamh, lena n-áirítear teacht timpeall ar na bearta coisctheacha atá measartha intuartha gan modhnú teicniúil suntasach. I gcás soláthraithe a choinníonn rialú éifeachtach ar chórais intleachta saorga, mar shampla trí ardán nó trí chomhéadan gréasáin, lena bhféadfaí modhanna a áireamh chun cásanna mí-úsáide a leanúint agus a thuairisciú i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí. I gcás imchéimniú bhreathnaithe nó tuairiscithe ar na bearta coisctheacha nó ar choimircí eile, ba cheart bearta ceartaitheacha leordhóthanacha a dhéanamh ar choinníoll go mbeidh na bearta sin réasúnta, agus an córas intleachta saorga sonrach á chur san áireamh, lena n-áirítear a straitéis scaoilte agus dáileacháin (amhail scaoileadh foinse oscailte). Maidir le húsáideoirí gairmiúla, ba cheart úsáid córais intleachta saorga a thoirmeasc ach amháin i gcás ina n-úsáideann an t-úsáideoir gairmiúil córas intleachta saorga chun ábhar collaí neamhthoiliúil nó ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a ghiniúint nó a ionramháil. Áirítear leis sin cásanna ina n-úsáideann úsáideoir gairmiúil nó ina mbaineann úsáideoir gairmiúil mí-úsáid as córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse nach bhfuil bearta coisctheacha réasúnta agus leormhaithe acu nó i gcás ina dtéann úsáideoir gairmiúil timpeall ar na bearta coisctheacha nó ina n-úsáideann úsáideoir gairmiúil córais intleachta saorga dleathach chun na gcríoch sin, ar córais iad nach bhfuil beartaithe chun an t-ábhar sin a ghiniúint nó a ionramháil. Mar sin, ní chlúdaítear leis an toirmeasc ar úsáid córas intleachta saorga chun críoch dleathach, amhail ábhar seachas ábhar collaí neamhthoiliúil nó ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a ghiniúint nó a ionramháil, fiú i gcásanna nach bhfuil coimircí réasúnacha agus leordhóthanacha ag an gcóras intleachta saorga ba cheart a bheith curtha i bhfeidhm ag an soláthraí, ná ní chlúdaítear leis giniúint nó ionramháil an ábhair sin de thaisme. Maidir leis an toirmeasc ar ábhar collaí neamhthoiliúil, i gcás ina mbeidh córas intleachta saorga beartaithe chun ábhar a thagann faoin toirmeasc sin a ghiniúint nó a ionramháil, ba cheart a áireamh i mbearta agus i gcoimircí eile modhanna iomchuí chun an córas intleachta saorga a dháileadh arb é is aidhm dó toiliú an duine léirithe don ghiniúint nó don ionramháil sin a bhailiú agus a léiriú go hiontaofa, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart an toirmeasc maidir le hábhar collaí neamhthoiliúil a theorannú do léirithe réalaíocha ar chodanna collaí, go háirithe na baill ghiniúna, an réigiún púbasach, an t-anas, máis nochta nó cíocha baineanna nochta, siní nó aireola, nó ar ghníomhaíocht gháirsiúil. Tagraíonn an ‘réalachas’ seo do léiriú aghaidh, ghuth nó chorp an duine ar shlí inchreidte fíorshaoil, gan beann ar réalachas chomhthéacs an léirithe sin nó ar cé acu a chomhfhreagraíon sé go hiomlán do ghuth nó cuma iarbhír an duine léirithe. É sin ráite, eisiatar leis léirithe cartúin nó dodhéanta go fisiciúil ar chorp duine. Ní dhéanann an toirmeasc ar ábhar collaí neamhthoiliúil difear do ghiniúint ná d’ionramháil cineálacha eile ábhair nocht, amhail ábhar nach léiríonn daoine nádúrtha in-sainaitheanta, léirithe réalaíocha atá nochta go páirteach i gcás nach nochtar codanna collaí agus nach léirítear gníomhaíochtaí gáirsiúla, nó saothair ealaíne neamhréalaíocha nach léiríonn go réalaíoch daoine nádúrtha in-sainaitheanta atá ag gabháil do ghníomhaíocht gháirisiúil ná a gcodanna collaí. Ní chlúdaítear leis ach oiread feidhmchláir ghiniúnacha intleachta saorga nach nochtar codanna collaí dóibh nó, má nochtar iad, tá sé sin faoi réir toiliú sonrach, feasach, gan débhrí agus sainráite an duine a léirítear faoi shaoirse (mar shampla, feidhmchláir trialach agus feidhmeanna leighis, amhail ionsamhlúcháin leighis anatamaíocha agus mamagraim); leis an toirmeasc sin, ní chuirtear bac ar úsáid eisceachtúil a bhaint as córais intleachta saorga lena ngintear nó lena n-ionramháiltear léirithe nochta ar chodanna collaí duine inaitheanta, i gcomhréir leis an dlí um chearta bunúsacha, lena n-áirítear an dlí maidir le cosaint sonraí, agus leis an dlí leighis is infheidhme, chun diagnóis agus cóireáil leighis ag gairmithe leighis i gcás nach mbeidh an duine lena mbaineann ábalta toiliú a fháil (mar shampla i gcás éigeandála). Ar deireadh, leis an toirmeasc ar ábhar collaí neamhthoiliúil a ‘ionramáil’, eisiatar cásanna ina ndéantar ábhar collaí a bhí ann cheana a ionramháil ar shlí nach méadaíonn nochtadh aon pháirteanna collaí léirithe ná nach n-athraíonn cineál aon ghníomhaíochtaí gáirsiúla léirithe, mar shampla íomhá atá ann cheana ina léirítear codanna collaí nó físeán ina léirítear gníomhaíochtaí gáirsiúla a fheabhsú, amhail an cúlra a athrú, ceannteideal téacs a chur leis nó an chodarsnacht nó an ghile a fheabhsú. É sin ráite, tagann aon ionramháil ar ábhar, lena n-áirítear ábhar ina léirítear codanna collaí nó gníomhaíocht gháirsiúil cheana féin, a mhéadaíonn leibhéal nochta aon chuid chollaí a léirítear nó lena n-athraítear cineál aon ghníomhaíochta gáirsiúla a léirítear, faoi raon feidhme an toirmisc sin. |
|
(13) |
Leis an toirmeasc ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí, níor cheart go gcoiscfí córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid i gcás ina bhfuil feidhm ag cosaint ‘gan cheart’ faoin dlí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Áirítear leis sin gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chumhachtaí dlíthiúla baile, amhail ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a ghiniúint nó a ionramháil go dlisteanach ag na húdaráis chun imeachtaí coiriúla a sheoladh nó chun coireacht a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, chomh maith le húsáid dhlisteanach an chórais intleachta saorga i gcomhthéacs gníomhaíochtaí foirne deirge agus meastóireachta chun measúnú a dhéanamh ar an gcóras do chomhlíonadh an toirmisc a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(14) |
Is ionann na toirmisc sin agus cur isteach bailí ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh. Saothraítear leo cuspóirí leasa ghinearálta agus cosnaítear leo cearta agus saoirsí daoine eile, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach in Airteagal 1, Airteagal 3(1) agus Airteagail 4, 7, 8, 21, 23 agus 24 dn Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt). Tá siad saincheaptha go géar. I gcás ábhar collaí, tá siad teoranta do léirithe réalaíocha ar dhaoine nádúrtha in-sainaitheanta agus do chásanna ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga chun an leibhéal nochtachta nó sainráiteachta a mhéadú; agus do ghiniúint nó d’ionramháil le toiliú an duine a eisiamh. Thairis sin, tá siad teoranta do cheangal ar sholáthraithe chun bearta agus coimircí ‘réasúnta agus leordhóthanacha’ a chur chun feidhme i gcás córais nach bhfuil beartaithe chun an t-ábhar toirmiscthe a ghiniúint ná a ionramháil. Tá siad ailínithe chomh maith le dlí láithreach an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2011/93/AE agus Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Urramaítear leis an gcur isteach bunbhrí Airteagail 11 agus 16 den Chairt, forordaítear le dlí iad, agus tá siad comhréireach. |
|
(15) |
Féadfaidh an t-iompar a chlúdaítear leis na toirmisc sin dlí eile a shárú freisin, lena n-áirítear an dlí coiriúil. Ní chuireann na toirmisc bac ar ionchúiseamh faoin dlí sin. Mar sin féin, a mhéid a fhéadfaidh forchur pionós de chineál coiriúil a bheith mar thoradh ar shárú ar na toirmisc, a fhéadfar a leagan síos de bhun Airteagal 99(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, agus a mhéid a ghearrtar pionós ar an iompar céanna faoin dlí coiriúil, lena n-áirítear an dlí coiriúil a thagann faoi raon feidhme Threoracha 2011/93/AE agus (AE) 2024/1385, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go n-urramófar an prionsabal ne bis in idem i gcomhréir leis an gCairt. |
|
(16) |
Tá na toirmisc gan dochar do leigheasanna atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta do dhaoine aonair chun a gcearta bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear cearta ar a n-íomhá, ar phríobháideachas agus ar dhínit an duine. |
|
(17) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú, dúbailt a sheachaint agus ualaí riaracháin a íoslaghdú i ndáil leis an nós imeachta um chomhlachtaí dá dtugtar fógra a ainmniú faoi Rialachán (AE) 2024/1689, agus an leibhéal céanna grinnscrúdaithe á choinneáil ar bun an tráth céanna, ba cheart iarratas aonair agus nós imeachta measúnaithe aontaithe a bheith ar fáil do chomhlachtaí nua um measúnú comhréireachta agus do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmnítear de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689, amhail faoi Rialacháin (AE) 2017/745 (13) agus (AE) 2017/746 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcás ina mbunaítear iarratas agus nós imeachta den sórt sin faoi reachtaíocht chomhchuibhithe sin an Aontais. Is é is aidhm don iarratas aonair agus don nós imeachta measúnaithe aontaithe an nós imeachta ainmniúcháin faoi Rialachán (AE) 2024/1689 a éascú, a bhrostú agus tacú leis, fad a áirithítear comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán sin agus le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis. Ba cheart an nós imeachta measúnaithe aontaithe a chur i gcrích maidir le cúraimí agus freagrachtaí na n-údarás atá páirteach. Thairis sin, ba cheart a shoiléiriú nár cheart go mbeadh ar chomhlacht um measúnú comhréireachta atá ainmnithe de bhun níos mó ná píosa reachtaíochta comhchuibhithe amháin de chuid an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, ach iarratas amháin a chur isteach le bheith ainmnithe de bhun an Rialacháin seo. |
|
(18) |
D’fhonn cur i bhfeidhm rianúil agus comhsheasmhacht Rialachán (AE) 2024/1689 a áirithiú, ba cheart leasuithe a dhéanamh air. Ba cheart ceartúchán teicniúil ar Airteagal 43(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2024/1689 a dhéanamh air chun na ceanglais measúnaithe comhréireachta a ailíniú le ceanglais soláthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca in Airteagal 16 den Rialachán sin. Thairis sin, ba cheart a shoiléiriú, i gcás ina mbeidh soláthraí córais intleachta saorga ardriosca faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689, agus ina gcuimsítear sa mheasúnú comhréireachta comhlíontacht chóras bainistíochta cáilíochta an Rialacháin sin agus reachtaíocht comhchuibhithe sin an Aontais, gur cheart don soláthraí a bheith in ann gnéithe a bhaineann le córais bainistíochta cáilíochta de bhun an Rialacháin sin a áireamh mar chuid de na córais bainistíochta cáilíochta de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe sin an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2024/1689. Ba cheart Airteagal 43(3), an dara fomhír, den Rialachán sin a leasú chun a shoiléiriú gur cheart go mbeadh an chumhacht ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoina mbeidh fógra tugtha de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689 agus atá dírithe ar chórais ardriosca atá clúdaithe ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin chun comhréireacht córas intleachta saorga ardriosca a mheasúnú faoi choinníollacha áirithe ar feadh 18 mí ón 27 Iúil 2026. Tá an leasú seo gan dochar d’Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2024/1689, agus mar sin, comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo go n-ainmneofaí iad agus go dtabharfaí fógra fúthu de bhun an Rialacháin sin, is féidir leo iarratas a chur isteach tráth ar bith le linn na 18 mí sin agus ina ndiaidh. Thairis sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/1689 a leasú chun a shoiléiriú, i gcás ina gcumhdaítear córas intleachta saorga ardriosca le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689 agus ina dtagann sé faoi cheann de na cásanna úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, gur cheart don soláthraí an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leanúint mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha sin. |
|
(19) |
Déanann Rialacháin (AE) 2024/1689 agus (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a chéile a chomhlánú ionas go ndéantar sábháilteacht agus cibearshlándáil na dtáirgí a bhfuil eilimintí digiteacha iontu a áirithiú. De réir Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/2847, i gcás ina gcomhlíonann córais intleachta saorga ardriosca agus próisis a chuireann monaróirí i bhfeidhm na ceanglais chibearshlándála bhunriachtanacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/2847, ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/1689 a mhéid a chlúdaítear na ceanglais sin le dearbhú comhréireachta an Aontais, nó codanna de, arna eisiúint de bhun Rialachán (AE) 2024/2847. Chun infheictheacht an idirghníomhaithe idir Rialachán (AE) 2024/1689 agus Rialachán (AE) 2024/2847 a fheabhsú, ba cheart riail Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/2847 a léiriú freisin i Rialachán (AE) 2024/1689. Níor cheart go mbeadh an t-idirghníomhú idir an dá ionstraim buailte. |
|
(20) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, aicmítear córais intleachta saorga mar chórais ardriosca i gcás inar comhpháirt sábháilteachta é córas intleachta saorga atá ina chomhpháirt de tháirge a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus i gcás ina n-éilítear measúnú comhréireachta tríú páirtí leis an táirge sin. Ní dhéanann an gceanglas nach mór measúnú comhréireachta tríú páirtí a cheangal ar tháirge den sórt sin, difear, áfach, do rogha an mhonaróra maidir leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta don táirge sin. I gcás ina lamhálfar le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I chun nós imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú bunaithe ar chaighdeáin chomhchuibhithe i measc nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, beidh an deis sin infheidhme freisin le táirgí ina bhfuil córas intleachta saorga ardriosca leabaithe. Níor cheart a thuiscint le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 go gceanglaítear measúnú comhréireachta tríú páirtí lena mbaineann comhlacht faoina dtugtar fógra a dhéanamh go huathoibríoch ar tháirgí ina bhfuil córas intleachta saorga ardriosca leabaithe. I gcás ina bhforálfar don deis sin i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, d’fhéadfadh soláthraí an táirge ina bhfuil an córas intleachta saorga ardriosca leabaithe leanúint de bheith ag brath ar chaighdeáin chomhchuibhithe chun ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus Rialachán (AE) 2024/1689 a chomhlíonadh mar nós imeachta um measúnú comhréireachta. |
|
(21) |
Chun iomaíochas agus nuálaíocht a fheabhsú, tá sé fíor-riachtanach tacú le hoibreoirí eacnamaíocha a gceanglaítear orthu na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III, Ranna 2 agus 3 de Rialachán (AE) 2024/1689 a chomhlíonadh go comhuaineach, agus leis na ceanglais agus na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Chun tacú le conairí comhlíontachta rialála na n-oibreoirí eacnamaíocha sin agus chun iad a shimpliú, ba cheart don Choimisiún a iarraidh, gan moill mhíchuí, ar na heagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha táirgí insoláthartha caighdeánaithe a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, caighdeáin chomhchuibhithe. Ba cheart na táirgí insoláthartha caighdeánaithe sin a bheith bunaithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a thugann toimhde comhréireachta le ceanglais nó oibleagáidí Rialachán (AE) 2024/1689, chomh maith le haon chaighdeán comhchuibhithe ábhartha a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a thugann toimhde comhréireachta leis na ceanglais nó na hoibleagáidí ábhartha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart go gcuideodh na táirgí insoláthartha caighdeánaithe sin le héiginnteacht dhlíthiúil a laghdú, dúbailt neamhriachtanach ar ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, ar oibleagáidí tástála, doiciméadachta agus tuairiscithe a sheachaint, agus costais chomhlíontachta a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do ghnólachtaí nuathionscanta. Tá forbairt thráthúil na dtáirgí insoláthartha sin fíor-riachtanach chun réitigh theicniúla phraiticiúla iontaofa a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha, chun deimhneacht dhlíthiúil a neartú agus chun cur ar an margadh, cur i mbun seirbhíse agus úsáid córas intleachta saorga a éascú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(22) |
Chun comhlíonadh a chuíchóiriú agus na costais ghaolmhara a laghdú, ba cheart clárú na gcóras intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2024/1689 i mbunachar sonraí an Aontais de bhun Airteagal 49(2) den Rialachán sin, a shimpliú tríd an inneachar a cheanglaítear d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin a chuíchóiriú. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí ar mhaithe le faireachas margaidh éifeachtach agus cuntasacht phoiblí go gcláraítear na córais intleachta saorga sin i mbunachar sonraí an Aontais, ba cheart na ceanglais chlárúcháin a shimpliú agus a dhéanamh níos comhréirí. Leis an simpliú sin, bhainfí cothromaíocht níos fearr amach gan an bonn a bhaint den chosaint a leagtar síos le Rialachán (AE) 2024/1689. Ní mheastar go bhfuil ardriosca sna córais intleachta saorga sin faoi choinníollacha áirithe i gcás nach bhfuil riosca mór díobhála ag baint leo do shláinte, do shábháilteacht ná do chearta bunúsacha daoine. Thairis sin, tá oibleagáid ar sholáthraí a chuireann Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2024/1689 i bhfeidhm i gcónaí chun doiciméadú a dhéanamh ar a mheasúnú sula gcuirfear an córas intleachta saorga sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith ábalta an measúnú sin a iarraidh. |
|
(23) |
Ba cheart Airteagail 57, 58 agus 60 de Rialachán (AE) 2024/1689 a leasú chun tuilleadh comhair a neartú ar leibhéal an Aontais de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga, chun soiléireacht agus comhsheasmhacht a chothú i rialachas boscaí gainimh rialála intleachta saorga, agus chun raon feidhme na tástála faoi fhíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga a leathnú chuig córais intleachta saorga ardriosca a chlúdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Go sonrach, chun simpliú nós imeachta a lamháil, i gcás inarb infheidhme, sna tionscadail a ndéantar maoirseacht orthu sna boscaí gainimh rialála intleachta saorga lena n-áirítear tástáil faoi fhíordhálaí freisin, ba cheart an plean tástála i bhfíordhálaí a chomhtháthú sa phlean bosca gainimh arna gcomhaontú ag na soláthraithe nó na soláthraithe ionchasacha agus ag an údarás inniúil. |
|
(24) |
Ina theannta sin, is iomchuí go soláthrófar don deis a bheith ag an Oifig um Intleacht Shaorga chun bosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunú ar leibhéal an Aontais le haghaidh chórais intleachta saorga a chlúdaítear le hAirteagal 75(1) de Rialachán (AE) 2024/1689. Chun comhleanúnachas, deimhneacht dhlíthiúil agus leithdháileadh éifeachtúil freagrachtaí maoirseachta idir leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta a áirithiú, ba cheart raon feidhme an bhosca gainimh rialála intleachta saorga ar leibhéal an Aontais a shainmhíniú go soiléir chun aon fhorluí le boscaí gainimh rialála intleachta saorga náisiúnta arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a sheachaint. Chun nuálaíocht a chothú agus glacadh na hintleachta saorga a éascú, ba cheart rochtain tosaíochta a thabhairt do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus do FMBanna ar bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga arna mbunú ag an Oifig um Intleacht Shaorga. |
|
(25) |
Thairis sin, ba cheart go soiléireofar na forálacha maidir leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla ábhartha chun bosca gainimh rialála intleachta saorga a oibriú chun a bhfeidhmiú éifeachtach a áirithiú. Ar an gcúis sin, ba cheart cumhachtú an Choimisiúin chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear na socruithe mionsonraithe chun bunú, forbairt, cur chun feidhme, oibriú agus maoirseacht na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga a leathnú chun gnéithe rialachais na mboscaí gainimh sin a chlúdach freisin. Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh córais nuálacha intleachta saorga a phróiseálann sonraí pearsanta i gceist le boscaí gainimh rialála intleachta saorga nó ina dtagann siad faoi chúram maoirseachta údarás náisiúnta eile nó údarás inniúil a sholáthraíonn nó a thacaíonn le rochtain ar shonraí, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta inniúla ábhartha a bheith bainteach le hoibriú an bhosca gainimh rialála intleachta saorga agus páirteach i maoirseacht na ngnéithe sin fad a gcúraimí agus a gcumhachtaí faoi seach. |
|
(26) |
Chun an nuálaíocht a chothú, is iomchuí freisin raon feidhme na tástála faoi fhíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga in Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2024/1689, is infheidhme faoi láthair maidir le córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, a leathnú agus lamháil do sholáthraithe agus do sholáthraithe ionchasacha córas intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin na córais sin a thástáil faoi fhíordhálaí freisin, faoi réir coimircí leordhóthanacha. Tá an méid sin gan dochar do dhlí eile an Aontais nó do dhlí náisiúnta eile maidir le tástáil i bhfíordhálaí ar chórais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe sin an Aontais. |
|
(27) |
Is iomchuí freisin a áirithiú gur féidir tástáil i bhfíordhálaí ar chórais intleachta saorga ardriosca a chlúdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689. Tá na córais sin faoi réir cheanglais agus nósanna imeachta na reachtaíochta earnála ábhartha agus, chun formhór na gcríoch, níl siad faoi réir an Rialacháin sin go díreach. Corprófar sna gníomhartha earnála sin, in am trátha, ceanglais a chomhfhreagraíonn do na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 8 go 15 den Rialachán sin. Mar sin, is iomchuí a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit tástáil i bhfíordhálaí na gcóras intleachta saorga sin a lamháil d’fhonn measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht na gcóras sin leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 8 go 15 den Rialachán sin. Má chinneann na Ballstáit an tástáil sin a lamháil, ba cheart a cheangal orthu leis an Rialachán sin creataí a ghlacadh ina leagtar amach na ceanglais mhionsonraithe maidir leis an sin. Ba cheart go soláthrófar sa Rialachán sin d’eilimintí fíor-riachtanacha a bheith sna creataí sin. Nuair a dhearfaidh siad na creataí sin, ba cheart do na Ballstáit ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, doshábháilteacht agus do chearta bunúsacha daoine nádúrtha. Sula gcuirfidh siad an creat chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi. Ba cheart an tástáil i bhfíordhálaí a bheith i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689, lena n-áirítear aon fhoráil is infheidhme maidir le tástáil. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh sé sin difear do chur i bhfeidhm an airteagail nua maidir le tástáil i bhfíordhálaí. |
|
(28) |
Le hAirteagal 63 de Rialachán (AE) 2024/1689 tugtar an deis do mhicrifhiontair ar soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca iad tairbhe a bhaint as bealach simplithe chun an oibleagáid maidir le bunú córais bainistíochta cáilíochta a chomhlíonadh. D’fhonn comhlíonadh a éascú do níos mó nuálaithe, ba cheart an deis sin a leathnú chuig gach FBM, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta. |
|
(29) |
I bhfianaise ról tábhachtach na hOifige um Intleacht Shaorga ar mhaithe le rialachas éifeachtach comhordaithe Rialachán (AE) 2024/1689, arna threisiú a thuilleadh leis an Rialachán seo, agus gan dochar don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile agus don nós imeachta buiséadach, ba cheart don Choimisiún acmhainní leordhóthanacha daonna, airgeadais agus teicniúla a leithdháileadh ar an Oifig um Intleacht Shaorga chun a áirithiú gur féidir léi a cúraimí a dhéanamh go héifeachtach, agus laistigh de thréimhsí ama réasúnta, i ndáil le forfheidhmiú Rialachán (AE) 2024/1689, lena n-áirítear líon leordhóthanach pearsanra buan a leithdháileadh a bhfuil inniúlachtaí doimhne agus saineolas teicniúil acu. |
|
(30) |
Ba cheart Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1689 a leasú chun struchtúr táillí an phainéil eolaíoch a shimpliú. Má iarrann na Ballstáit saineolas ar an bpainéal, ba cheart na táillí a fhéadfaidh a bheith le híoc acu leis na saineolaithe sin a bheith coibhéiseach leis an luach saothair a bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún a íoc in imthosca comhchosúla. |
|
(31) |
Chun an córas rialachais le haghaidh córais intleachta saorga , a neartú, is gá soiléiriú a dhéanamh ar ról na hOifige um Intleacht Shaorga le linn faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcóras intleachta saorga sin le Rialachán (AE) 2024/1689. Tá inniúlacht eisiach ag an gCoimisiún a mhéid a bhaineann le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha faoi Airteagal 88 den Rialachán sin. Chun comhleanúnachas, soiléireacht agus éifeachtacht a mhéadú, agus i bhfianaise raon feidhme agus thionchair na gcóras intleachta saorga atá nasctha leis na hinniúlachtaí sin, ba cheart raon feidhme inniúlacht eisiach na hOifige um Intleacht Shaorga chun maoirseacht a dhéanamh ar chórais a bheachtú. Go háirithe, ba cheart inniúlacht eisiach a bheith ag an Oifig um Intleacht Shaorga ar chórais intleachta saorga atá bunaithe ar shamhlacha intleachta saorga intleachta saorga ilchuspóireacha, ní hamháin i gcás ina bhforbraíonn an soláthraí céanna an córas agus an tsamhail araon, ach freisin i gcás ina bhforbraíonn soláthraithe is cuid den ghnóthas céanna. I gcásanna áirithe, áfach, go háirithe i gcás ina ndéantar maoirseacht earnála shonrach, ba cheart an fhreagracht a fhágáil ar an údarás inniúil náisiúnta ábhartha. Dá réir sin, ba cheart eisceachtaí áirithe a leagan síos. Ba cheart raon feidhme pearsanta na hinniúlachta eisiaiche sin a leathnú chun soláthraithe na gcóras intleachta saorga sin agus a n-úsáideoirí gairmiúla laistigh den ghnóthas céanna. Ba cheart do na húsáideoirí gairmiúla eile leanúint de bheith faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú náisiúnta. Thairis sin, ní áirítear leis sin córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh, a chuirtear i mbun seirbhíse nó a úsáideann institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, atá faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí de bhun Airteagal 74(9) de Rialachán (AE) 2024/1689. |
|
(32) |
Ina theannta sin, i bhfianaise an chórais maoirseachta agus forfheidhmiúcháin atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), is iomchuí cumhachtaí údaráis inniúil faireachais margaidh faoi Rialachán (AE) 2024/1689 a dheonú don Choimisiún i gcás ina gcáilíonn córas intleachta saorga mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne i gcomhréir le brí Rialachán (AE) 2022/2065, nó i gcás ina bhfuil sé leabaithe in ardán nó in inneall cuardaigh den sórt sin. Ba cheart dó sin cur lena áirithiú go bhfeidhmeofar ar shlí chomhleanúnach agus éifeachtach cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin an Choimisiúin de bhun Rialachán (AE) 2024/1689 agus Rialachán (AE) 2022/2065, chomh maith leis na cumhachtaí sin is infheidhme maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha atá comhtháite sna hardáin nó sna hinnill chuardaigh sin. Is iomchuí é sin chomh maith i bhfianaise a thábhachtaí atá na hardáin agus na hinnill chuardaigh sin, i bhfianaise a rochtana, a dtionchair agus a n-acmhainneachta díobháil shochaíoch chasta mhór a dhéanamh. Ba cheart raon feidhme pearsanta na hinniúlachta eisiaiche sin a leathnú chun soláthraithe na gcóras intleachta saorga sin agus a n-úsáideoirí gairmiúla laistigh den ghnóthas céanna. I gcás córais intleachta saorga atá leabaithe in ardán an-mhór ar líne nó in inneall cuardaigh an-mhór ar líne nó a cháilíonn mar iad, is iad an measúnú riosca, na bearta maolaitheacha agus na hoibleagáidí iniúchóireachta a fhorordaítear le hAirteagail 34, 35 agus 37 de Rialachán (AE) 2022/2065 an chéad phointe iontrála chun measúnú a dhéanamh ar na córais intleachta saorga, gan dochar do chumhachtaí na hOifige um Intleacht Shaorga neamhchomhlíonadh rialacha Rialachán (AE) 2024/1689 seo a imscrúdú agus a fhorfheidhmiú ex post. I gcomhthéacs na hanailíse ar an measúnú riosca sin, ar bhearta maolaitheacha agus ar iniúchtaí, féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin atá freagrach as Rialachán (AE) 2022/2065 a fhorfheidhmiú, tuairim a lorg ón Oifig um Intleacht Shaorga ar an toradh ar mheasúnú riosca, a d’fhéadfadh a bheith ann níos luaithe nó an tráth céanna, a rinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1689 agus le hinfheidhmeacht na dtoirmeasc de bhun Rialachán (AE) 2024/1689. Ina theannta sin, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga agus do na húdaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1689 a n-iarrachtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú leis na húdaráis atá inniúil chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2022/2065, lena n-áirítear an Coimisiún, chun a áirithiú go n-urramófar prionsabail an chomhair dhílis, na comhréireachta agus ne bis in idem, agus go n-úsáidfí faisnéis a gheofaí de bhun Rialacháin amháin chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an gceann eile ar choinníoll go gcomhaontaíonn an gnóthas agus ar an gcoinníoll sin amháin. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis sin tuairimí a mhalartú go tráthrialta agus ba cheart dóibh a chur san áireamh, ina réimsí inniúlachta féin, aon fhíneáil agus aon phionós arna bhforchur ar an soláthraí céanna as an iompar céanna trí chinneadh críochnaitheach in imeachtaí a bhaineann le sárú ar rialacha eile an Aontais nó ar rialacha náisiúnta eile, chun a áirithiú go bhfuil na fíneálacha agus na pionóis fhoriomlána a fhorchuirtear comhréireach agus go bhfreagraíonn siad do thromchúis na sáruithe a rinneadh. |
|
(33) |
Agus maoirseacht agus forfheidhmiú á ndéanamh aici ar na hoibleagáidí maidir le córais intleachta saorga faoina inniúlacht, tá an ról agus an fhreagracht chéanna ag an Oifig um Intleacht Shaorga agus atá ag údarás faireachais margaidh de bhun Rialachán (AE) 2024/1689. Dá bharr sin, is gá go mbeadh ag an Oifig um Intleacht Shaorga na cumhachtaí agus na freagrachtaí uile atá ag na húdaráis faireachais margaidh de bhun an Rialacháin sin agus Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) (‘na cumhachtaí ginearálta’). Ba cheart a áirithiú leosan forfheidhmiú iomchuí agus éifeachtach na gceanglas agus na n-oibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1689. Is gá eilimintí bunriachtanacha áirithe agus gnéithe eile de na cumhachtaí ginearálta a shonrú, a chomhlánú agus a chumadh, áfach, chomh maith lena gcoimircí (‘na forálacha sonraithe’). Go háirithe, is gá forálacha a leagan síos lena rialaítear an caidreamh idir an Oifig um Intleacht Shaorga agus na húdaráis náisiúnta; forálacha lena sonraítear, lena gcomhlánaítear agus lena sriantar na cumhachtaí chun faisnéis a iarraidh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh; forálacha lena rialaítear imscrúduithe, lena n-áirítear an deis chun gealltanais a dhéanamh ceangailteach; agus forálacha ina sonraítear agus lena sriantar chumhacht chun neamhchomhlíonadh a aimsiú, fíneálacha a fhorchur agus pionóis thréimhsiúla a fhorchur. I gcás inar sonraíodh cineál cumhachta ginearálta amhlaidh, ní fhéadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga dul timpeall ar choinníollacha agus ar theorainneacha na gcumhachtaí sin trí bhrath ar chumhacht ghinearálta ghaolmhar. Os a choinne sin, i gcás cineálacha cumhachta ginearálta nach sonraítear ná nach gceaptar i leith na hOifige um Intleacht Shaorga, amhail an chumhacht chun bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga brath orthu. De réir mar is gá chun Rialachán (AE) 2024/1689 a chur chun feidhme go cuí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear a thuilleadh na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le tréimhsí teorann a chur i bhfeidhm agus, le rochtain ar an gcomhad agus le nochtadh caibidlithe faisnéise. Le linn na cumhachtaí sin go léir a fheidhmiú, ní mór don Oifig um Intleacht Shaorga an Chairt a chomhlíonadh. Ina theannta sin, tá an Oifig um Intleacht Shaorga faoi réir na gcoimircí agus na cosanta le haghaidh cearta bunúsacha a leagtar síos sna forálacha sonraithe. |
|
(34) |
De bhreis ar na coimircí nós imeachta agus cearta bunúsacha sin ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag na cearta nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le soláthraithe córas intleachta saorga, gan dochar do chearta nós imeachta níos sonraí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1689. I gcás ina n-iarrfaidh údaráis náisiúnta faireachas margaidh, tríd an bpointe teagmhála aonair, ar an Oifig um Intleacht Shaorga bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh maidir le córais intleachta saorga atá faoina maoirseacht eisiach, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis an iarraidh sin a fháil, an pointe teagmhála aonair a chur ar an eolas go bhfuil sé ar intinn aici a cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú nó faoi na cúiseanna atá aici gan a cumhachtaí a fheidhmiú. Má chinneann an Oifig um Intleacht Shaorga a cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú, ba cheart di an pointe teagmhála aonair a chur ar an eolas freisin faoi thoradh deiridh na n-imeachtaí sin agus faoi fhorbairtí idirmheánacha a measann an Oifig um Intleacht Shaorga go bhfuil tionchar mór acu ar an imscrúdú, lena n-áirítear an cinneadh imeachtaí a thionscnamh, fíneáil a fhorchur, agus an córas intleachta saorga a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh. |
|
(35) |
Chun rochtain ar mhargadh an Aontais a chumasú do chórais intleachta saorga atá faoi mhaoirseacht na hOifige um Intleacht Shaorga de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2024/1689 agus faoi réir measúnú comhréireachta tríú páirtí, ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach as measúnuithe comhréireachta réamh-mhargaidh a dhéanamh ar na córais sin. |
|
(36) |
Is sásra rialachais tábhachtach iad Airteagal 77 agus forálacha gaolmhara de Rialachán (AE) 2024/1689, toisc gurb é is aidhm dóibh é a chur ar a gcumas d’údaráis nó do chomhlachtaí atá freagrach as dlí an Aontais a fhorfheidhmiú nó a mhaoirsiú, ar dlí é atá beartaithe chun cearta bunúsacha a chosaint, an sainordú a tugadh dóibh a chomhlíonadh faoi choinníollacha sonracha agus comhar a chothú le húdaráis faireachais margaidh atá freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú an Rialacháin sin. Is gá raon feidhme an chomhair sin a shoiléiriú, chomh maith lena shoiléiriú cé na húdaráis phoiblí nó na comhlachtaí poiblí a bhaineann tairbhe as. D’fhonn an comhar a threisiú, ba cheart a shoiléiriú gur cheart iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméadacht a chur faoi bhráid an údaráis inniúil faireachais margaidh, ar cheart dó freagairt d’iarrataí den sórt sin gan moill mhíchuí, agus gur cheart oibleagáid fhrithpháirteach chun comhoibriú a bheith ar na húdaráis nó na comhlachtaí lena mbaineann. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil na forálacha sin gan dochar d’inniúlachtaí, do chúraimí, do chumhachtaí agus do neamhspleáchas na n-údarás nó na gcomhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha faoina sainorduithe. Go háirithe, leis na forálacha sin ní chuirtear teorainn le haon chumhacht atá ag na húdaráis agus na comhlachtaí sin chun faisnéis a iarraidh de bhun dlí eile de chuid an Aontais nó de bhun dlí náisiúnta eile. Dá réir sin, coinníonn na húdaráis agus na comhlachtaí sin aon chumhacht atá acu faisnéis a iarraidh go díreach ar oibreoirí de bhun a sainordaithe, dhlí an Aontais nó dlí náisiúnta. |
|
(37) |
Leis na ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1689, tugtar aghaidh ar rioscaí sonracha a bhaineann go dlúth le córais intleachta saorga, lena n-áirítear claontacht, iompraíocht samhla dhothuartha, stóinseacht nó cruinneas lag, leochaileachtaí i leith ionsaithe a dhéanann tríú páirtithe, agus easpa trédhearcachta sa chóras intleachta saorga. Trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga, comhlánaíonn an Rialachán sin na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, gan iad a dhúbláil. Le Rialachán (AE) 2024/1689, soláthraítear sásraí d’oibreoirí eacnamaíocha chun an t-ualach comhlíontachta a íoslaghdú. Go háirithe, le hAirteagal 8(2) maidir leis an idiroibriú leis an reachtaíocht earnála, le hAirteagal 9(10) maidir le bainistiú riosca agus le hAirteagal 17(3) maidir le bainistiú cáilíochta, lamháiltear d’oibreoirí eacnamaíocha measúnú ar rioscaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga a chomhtháthú, nuair is gá agus is iomchuí, sna córais bainistíochta riosca agus cáilíochta atá ann cheana. Le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1689 ceanglaítear tuilleadh ar an gCoimisiún a shonrú go bhfuil na caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbraítear de bhun an Rialacháin sin le bheith comhsheasmhach leis na caighdeáin a fhorbraítear de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a sholáthar chun cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha córas intleachta saorga a ardriosca a chlúdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689 an Rialachán sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí threoraíocht a sholáthar ar chur i bhfeidhm Airteagal 8(2), Airteagal 9(10) agus Airteagal 17(3) den Rialachán sin mar shásraí chun an t-ualach comhlíontachta a íoslaghdú, i gcomhréir le prionsabail na comhlántachta agus na comhréireachta. Ba cheart na treoirlínte sin a fhoilsiú, faoin 1 Lúnasa 2027 ar a dhéanaí. |
|
(38) |
Chun dóthain ama a thabhairt do sholáthraithe córas intleachta saorga giniúnach atá faoi réir na n-oibleagáidí marcála a leagtar síos in Airteagal 50(2) de Rialachán (AE) 2024/1689 a gcleachtais a oiriúnú laistigh de thréimhse réasúnta ama gan cur isteach ar an margadh, is iomchuí idirthréimhse 4 mhí a thabhairt isteach do sholáthraithe a chuir a gcórais ar an margadh cheana roimh an 2 Lúnasa 2026. |
|
(39) |
Chun dóthain ama a thabhairt do sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca agus chun na rialacha is infheidhme maidir leis na córais intleachta saorga a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana a shoiléiriú roimh fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2024/1689, is iomchuí cur i bhfeidhm tréimhse chairde dá bhforáiltear in Airteagal 111(2) den Rialachán sin a shoiléiriú. Chun críche Airteagal 111(2) sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an tréimhse cairde i gcás ina bhfuil an cineál agus an tsamhail córais AI curtha ar an margadh cheana féin. Ciallaíonn sé sin, má cuireadh aonad aonair amháin ar a laghad den chóras intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó i mbun seirbhíse go dleathach roimh an dáta a shonraítear in Airteagal 111(2), go bhfuil aonaid aonair eile den chineál agus den tsamhail chéanna den chóras intleachta saorga ardriosca faoi réir na tréimhse cairde dá bhforáiltear in Airteagal 111(2) agus, dá bhrí sin, go bhféadfar leanúint dá gcur ar an margadh, dá gcur ar fáil nó dá gcur i mbun seirbhíse ar mhargadh an Aontais gan aon oibleagáid ná ceanglas breise nó gan aon ghá le deimhniú breise, fad nach dtiocfaidh aon athrú ar dhearadh an chórais intleachta saorga ardriosca sin. Chun an tréimhse chairde dá bhforáiltear in Airteagal 111(2) a chur i bhfeidhm, is é an toisc chinntitheach an dáta a cuireadh an chéad aonad den chineál agus den tsamhail córais intleachta saorga ardriosca sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar mhargadh an Aontais den chéad uair. Le haon athrú mór ar dhearadh an chórais intleachta saorga sin tar éis an dáta a shonraítear in Airteagal 111(2), ba cheart oibleagáid an tsoláthraí a thionscnamh chun forálacha ábhartha uile an Rialacháin seo is infheidhme maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear na ceanglais measúnaithe comhréireachta. |
|
(40) |
Le hAirteagal 113 de Rialachán (AE) 2024/1689 leagtar síos dátaí theacht i bhfeidhm agus chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, go háirithe gurb é an 2 Lúnasa 2026 an dáta ginearálta cur i bhfeidhm. I gcás na n-oibleagáidí a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos i Ranna 1, 2 agus 3 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2024/1689, mar gheall ar infhaighteacht mhoillithe caighdeán, sonraíochtaí coiteanna agus treoraíocht mhalartach agus bunú moillithe na n-údarás inniúil náisiúnta, tá dúshláin ann a chuireann i mbaol teacht i bhfeidhm éifeachtach na n-oibleagáidí sin agus a bhfuil baol ann go méadóidh costais cur chun feidhme go suaithinseach ar shlí nach dtugann údar lena ndáta tosaigh cur i bhfeidhm a choinneáil ar bun, is é sin an 2 Lúnasa 2026. Mar sin, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm Ranna 1, 2 agus 3 de Chaibidil III a shocrú don 2 Nollaig 2027 i gcás córais intleachta saorga a aicmítear mar chórais ardriosca de bhun Airteagal 6(2) agus Iarscríbhinn III, agus don 2 Lúnasa 2028 i gcás córais intleachta saorga a aicmítear mar chórais ardriosca de bhun Airteagal 6(1) agus Iarscríbhinn I. Tá an t-idirdhealú idir teacht i bhfeidhm na rialacha a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a aicmítear mar chórais ardriosca de bhun Airteagal 6(2) agus Iarscríbhinn III agus Airteagal 6(1) agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, comhsheasmhach leis an difríocht idir na dátaí tosaigh cur i bhfeidhm atá beartaithe i Rialachán (AE) 2024/1689 agus is é is aidhm dó an t-am is gá a sholáthar chun na hoibleagáidí comhfhreagracha a oiriúnú agus a chur chun feidhme. Tá sé tábhachtach ionstraimí tacaíochta, lena n-áirítear treoir, caighdeáin ábhartha, sonraíochtaí coiteanna agus cóid chleachtais, a bheith ar fáil go tráthúil chun comhlíonadh a éascú agus an baol a laghdú go léirmhíneofaí na rialacha ar shlite éagsúla agus go gcuirfí i bhfeidhm go míchothrom iad ar fud na mBallstát. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus breis moilleanna ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1689 a sheachaint, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh bearta i bhfeidhm chun tacú le comhlíonadh Chaibidil III, Ranna 1, 2 agus 3 den Rialachán sin in am trátha chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha is gá chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach. |
|
(41) |
I bhfianaise an chuspóra chun dúshláin cur chun feidhme a laghdú do shaoránaigh, do ghnóthaí agus do riaracháin phoiblí, tá sé ríthábhachtach nach nglacfar coinníollacha comhchuibhithe chun rialacha áirithe a chur chun feidhme ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis. Chun na críche sin, is iomchuí cumhachtuithe áirithe a bhaint a thugtar don Choimisiún chun na coinníollacha comhchuibhithe sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcásanna nach amhlaidh an cás. Mar sin, ba cheart Airteagal 50(7), Airteagal 56(6), agus Airteagal 72(3) de Rialachán (AE) 2024/1689 a leasú chun na cumhachtuithe a thugtar don Choimisiún a bhaint chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Ó tá éifeacht dhlíthiúil theoranta ag na cóid chleachtais dá dtagraítear in Airteagal 50(7) agus in Airteagal 56(6), agus go háirithe nach ndeonaítear toimhde comhréireachta leo, níl géarghá leis go bhformheasfaí na cóid sin le gníomh cur chun feidhme. Ba cheart do sholáthraithe a bheith ábalta brath, de bhun Airteagal 53(4) agus Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) 2024/1689, ar chóid chleachtais a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun Airteagal 56(6) de. Baineann buntáiste breise le cealú an chumhachtaithe chun teimpléad comhchuibhithe a ghlacadh le haghaidh plean faireacháin iarmhargaidh in Airteagal 72(3) de Rialachán (AE) 2024/1689 go gcuirfidh sé níos mó solúbthachta ar fáil do sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca chun córas faireacháin iarmhargaidh atá saincheaptha dá n-eagraíocht a chur i bhfeidhm. An tráth céanna, á aithint gur gá soiléireacht a thabhairt maidir le conas a cheanglaítear ar sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca a n-oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 a chomhlíonadh, ba cheart a cheangal ar an gCoimisiún treoir a fhoilsiú, lena n-áirítear teimpléad deonach, ar an bplean faireacháin iarmhargaidh faoin 2 Meán Fómhair 2027. |
|
(42) |
Is féidir le húsáid na hintleachta saorga in innealra cuidiú le nuálaíocht a chothú agus éifeachtúlacht na meaisíní sin a fheabhsú. D’fhéadfadh forluí leanúint as cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus Rialachán (AE) 2024/1689. An tráth céanna, tá sé tábhachtach leibhéal cosanta a áirithiú maidir le rioscaí a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga in innealra atá comhsheasmhach leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1689 maidir le córais intleachta saorga ardriosca. I bhfianaise chineál sonrach an innealra agus earnáil an innealra, agus chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá leis an gcreat rialála le haghaidh innealra atá cumasaithe ag intleacht shaorga a shimpliú, is iomchuí aistriú chun cur chuige earnála trí Rialachán (AE) 2023/1230 a bhogadh ó Roinn A go Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689. Dá réir sin, ar dtús, ba cheart cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1689 maidir leis na meaisíní sin a theorannú do na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Ba cheart an tagairt do Threoir 2006/42/CE a aistriú ó Roinn A go Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689 agus a nuashonrú chun tagairt do Rialachán (AE) 2023/1230. Sa dara háit, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcorprófar i Rialachán (AE) 2023/1230 ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta maidir le córais intleachta saorga ardriosca a aicmítear de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 agus a úsáidtear mar chomhpháirt sábháilteachta in innealra nó i gcórais intleachta saorga ardriosca is innealra a áirithíonn leibhéal cosanta atá comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2024/1689. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasófar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1230 chun na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, agus in Airteagail 17, 19, 72 agus 73 de Rialachán (AE) 2024/1689 a léiriú. Chun bearna dhlíthiúil a sheachaint agus chun ailíniú a áirithiú le teacht i bhfeidhm rialacha ábhartha an chórais intleachta saorga ardriosca a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1689, ba cheart feidhm a bheith ag na gníomhartha tarmligthe sin faoin 2 Lúnasa 2028. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart an tsaoirse a bheith ag monaróirí brath ar chaighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear nó a ghlactar de bhun Rialachán (AE) 2024/1689 a chlúdaíonn na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha maidir leis an toimhde chomhréireachta de réir bhrí Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2023/1230 go dtí go dtagrófar do chaighdeáin chomhchuibhithe nó do shonraíochtaí coiteanna maidir leis an intleacht shaorga nó go nglacfar iad de bhun Rialachán (AE) 2023/1230. |
|
(43) |
Is féidir gur gá rannpháirtíocht comhlachtaí um measúnú comhréireachta chun measúnú comhréireachta a dhéanamh ar chórais intleachta saorga ardriosca de bhun Rialachán (AE) 2024/1689. Níl ach comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheidh ainmnithe de bhun an Rialachán sin ábalta chun measúnuithe comhréireachta a dhéanamh agus i gcás na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na catagóirí agus na cineálacha córas intleachta saorga lena mbaineann amháin. Chun gur féidir raon feidhme ainmniú na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2024/1689 a shonrú, is gá liosta cód, catagóirí agus cineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga a tharraingt suas. Ba cheart a chur san áireamh i liosta na gcód an bhfuil an córas intleachta saorga ina chomhpháirt de tháirge nó an táirge ann féin a chlúdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I (dá ngairtear ‘cóid AIP’, le haghaidh córais intleachta saorga a chlúdaítear le reachtaíocht táirgí) nó an córas é dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689, nach mbaineann faoi láthair ach le córais intleachta saorga bhithmhéadracha dá dtagraítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn III (dá ngairtear ‘cóid AIB’, le haghaidh córais intleachta saorga bhithmhéadracha). Is cóid ingearacha iad cóid AIP agus cóid AIB araon. Is cóid tagartha iad na cóid AIP chun nasc a sholáthar le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1689. Is cóid nua iad cóid AIB atá sonrach do Rialachán (AE) 2024/1689 chun córais intleachta saorga bhithmhéadracha a shainaithint dá dtagraítear i mír 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart cineálacha sonracha agus teicneolaíochtaí foluiteacha na gcóras intleachta saorga a chur san áireamh sa liosta cód freisin (dá ngairtear ‘cóid AIH’, le haghaidh cóid chothrománacha córais intleachta saorga). Is cóid nua teicneolaíochtsonrach intleachta saorga iad cóid AIH agus is féidir iad a chur i bhfeidhm i gcomhar le cóid ingearacha AIP nó AIB. Le cóid AIH, clúdaítear cineálacha agus teicneolaíochtaí foluiteacha na gcóras intleachta saorga. Leis an liosta cód, ina bhfuil trí chatagóir, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tíopeolaíocht ilghnéitheach córas intleachta saorga a áirithíonn go bhfuil comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmnítear mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, go hiomlán inniúil maidir leis na córais intleachta saorga a gceanglaítear orthu a mheasúnú. |
|
(44) |
Le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) leagtar síos rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta. Le hAirteagal 108 de Rialachán (AE) 2024/1689 leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 chun a áirithiú go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh, agus aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha á nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1139, ar bhonn shainiúlachtaí teicniúla agus rialála earnáil na heitlíochta sibhialta, agus gan cur isteach ar na sásraí rialachais, measúnaithe comhréireachta agus forfheidhmiúcháin reatha ná ar na húdaráis arna mbunú san earnáil, na ceanglais shainordaitheacha maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1689. Tá gá le ceartúchán teicniúil chun Airteagail bhreise de Rialachán (AE) 2018/1139 a leasú chun a áirithiú go gclúdófar go hiomlán na ceanglais éigeantacha maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1689 agus gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha á nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(45) |
Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialacháin (AE) 2024/1689 agus (AE) 2023/1230 a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith:
Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (20). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(46) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú gan mhoill, d’fhonn Rialachán (AE) 2024/1689 a chur i bhfeidhm go ginearálta atá ar tí tarlú, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar bhonn práinne an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(47) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug siad a gcomhthuairim uathu an 20 Eanáir 2026, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2024/1689
Leasaítear Rialachán (AE) 2024/1689 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
; |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘13. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(1), féadfar cur i bhfeidhm na gceanglas sonrach nó na n-oibleagáidí sonracha a leagtar síos in Airteagail 9 go 15 agus 17 go 25 a theorannú:
Faoin 2 Lúnasa 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na córais intleachta saorga ardriosca lena mbaineann, na ceanglais nó na hoibleagáidí a fhéadfar a theorannú, na coinníollacha faoina mbeidh feidhm ag an teorannú sin, agus raon feidhme an teorannaithe a shonrú.’ |
|
(4) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: ‘Airteagal 4 Litearthacht intleachta saorga 1. Déanfaidh soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga, a mhéid is féidir, bearta chun tacú le forbairt litearthacht intleachta saorga a áirithiú i measc a bhfoirne agus daoine eile a bhíonn ag déileáil le hoibriú agus úsáid córas intleachta saorga thar a gceann, agus a gcuid eolais theicniúil, taithí, oideachais agus oiliúna agus an comhthéacs ina mbeidh na córais intleachta saorga le húsáid á gcur san áireamh, agus aird á tabhairt ar na daoine nó na grúpaí díobh a n-úsáidfear na córais intleachta saorga orthu. Ní cheanglaítear ar sholáthraithe ná ar úsáideoirí gairmiúla aon leibhéal sonrach litearthacht intleachta saorga a ráthú i gcás aon duine aonair leis an oibleagáid seo. 2. Tacóidh an Coimisiún agus na Ballstáit le hiarrachtaí soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga, go háirithe FBManna, agus éascóidh siad na hiarrachtaí sin, agus a n-oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo á comhlíonadh acu. Chun na críche sin, foilseoidh an Coimisiún samplaí praiticiúla maidir le conas na hoibleagáide sin a chomhlíonadh ar an ardán faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagal 62(3), pointe (b). 3. Glacfaidh an Bord moltaí, agus creataí inniúlachta Eorpacha á gcur san áireamh, chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit litearthacht intleachta saorga a cheanglaítear faoi mhír 1 a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chuspóirí coiteanna a leagan amach.’ |
|
(6) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 4a Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontacht a bhrath agus a cheartú 1. A mhéid is fíorghá chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca, i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointí (f) agus (g) den Rialachán seo, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i dTreoir (AE) 2016/680, mar is infheidhme, comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas chun go bhféadfaí an phróiseáil sin a dhéanamh:
2. Féadfaidh soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas agus samhlacha intleachta saorga eile agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil a mhéid:
Ní chruthaítear leis an mír seo aon oibleagáid chun an chlaontacht sin a bhrath agus a cheartú.’ |
|
(7) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(8) |
in Airteagal 6, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘1a. Chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear mír 1 den Airteagal seo, ní mheasfar gur comhpháirteanna sábháilteachta iad córais intleachta saorga nach n-úsáidtear ach le haghaidh gnéithe i ndáil le cúnamh d’úsáideoirí, barrfheabhsú feidhmíochta, éifeachtúlacht seirbhíse, uathoibriú nó áisiúlacht nó rialú cáilíochta, ar gnéithe iad nach mbaineann le sábháilteacht. 1b. D’ainneoin mhír 1a, measfar gur comhpháirteanna sábháilteachta iad córais intleachta saorga a gcuirfeadh a gcliseadh nó a mífheidhmiú sláinte agus sábháilteacht i mbaol. 1c. Ní mheasfar go gcomhlíonann táirge an coinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (b), más rud é nach gceanglaítear measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh air ach amháin mar gheall ar rioscaí, seachas rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht, go háirithe rioscaí a bhaineann le dáileadh speictrim raidió nó trasnaíocht leictreamaighnéadach nach ndéanann difear do shláinte agus do shábháilteacht.’ |
|
(9) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(10) |
in Airteagal 11(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Tarraingeofar an doiciméadacht theicniúil sin suas ar bhealach a léireofar go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo agus a gcuirfear an fhaisnéis is gá, i bhfoirm shoiléir chuimsitheach, ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais sin. Beidh na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV inti ar a laghad. Féadfaidh FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna, eilimintí na doiciméadachta teicniúla a shonraítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe. Chuige sin, bunóidh an Coimisiún foirm shimplithe den doiciméadacht theicniúil a bheidh dírithe ar riachtanais FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus FMBanna. I gcás ina roghnaíonn FBM, lena n-áirítear gnólacht nuathionscanta, nó FMB an fhaisnéis a cheanglaítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe, bainfidh sé úsáid as an bhfoirm dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra leis an bhfoirm sin chun críocha measúnaithe comhréireachta.’ ; |
|
(11) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Beidh cur chun feidhme na ngnéithe dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le méid eagraíocht an tsoláthraí, go háirithe, más FBM, lena n-áirítear gnólacht nuathionscanta, nó FMB é an soláthraí. Urramóidh soláthraithe, in aon chás, an méid déine agus an leibhéal cosanta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a gcórais intleachta saorga ardriosca an Rialachán seo.’ |
|
(12) |
leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
|
|
(13) |
leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
|
(14) |
in Airteagal 28, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘8. Na húdaráis a thugann fógra arna n-ainmniú de bhun an Rialacháin seo atá freagrach as córais intleachta saorga a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, áiritheoidh siad go dtabharfar an deis don chomhlacht um measúnú comhréireachta, a dhéanann iarratas ar ainmniú de bhun an Rialacháin seo agus de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I araon, iarratas aonair a chur isteach agus go gcuirfear nós imeachta measúnaithe aontaithe i bhfeidhm air, ar nós imeachta measúnaithe aontaithe é atá le hainmniú de bhun an Rialacháin seo agus de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina ndéantar foráil i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais maidir leis an iarratas aonair sin agus an nós imeachta measúnaithe aontaithe sin. Chuige sin, comhoibreoidh na húdaráis a thugann fógra a ainmnítear de bhun an Rialacháin seo agus na húdaráis sin a ainmnítear de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, lena measúnuithe. Déanfar an t-iarratas aonair agus an nós imeachta measúnaithe aontaithe dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fáil freisin do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmníodh cheana de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, nuair a dhéanann na comhlachtaí sin faoina dtugtar fógra iarratas ar ainmniú de bhun an Rialacháin seo, ar choinníoll go bhforáiltear do nós imeachta den sórt sin i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais. Comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú de bhun níos mó ná píosa reachtaíochta comhchuibhithe amháin de chuid an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, ní bheidh air ach iarratas amháin a chur isteach le bheith ainmnithe de bhun an Rialacháin seo. Beidh ainmniú de bhun an Rialacháin seo infheidhme maidir le reachtaíocht chomhchuibhithe uile an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta ainmnithe ina leith. Leis an nós imeachta iarratais aonair agus an nós imeachta measúnaithe aontaithe, seachnófar aon dúbláil neamhriachtanach, cuirfear leis na nósanna imeachta atá ann cheana maidir le hainmniú i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus áiritheofar go gcomhlíonfar na ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais araon. 9. Is é an t-údarás a thugann fógra, ar údarás é a ainmníodh de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, an t-údarás a thugann fógra freisin chun an t-iarratas aonair agus an nós imeachta measúnaitheaontaithe dá dtagraítear i mír 8 a chur isteach, ach amháin má ainmníonn an Ballstát údarás eile a thugann fógra chun críocha an Rialacháin seo.’ |
|
(15) |
in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmnítear de bhun aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais, féadfar gach doiciméad agus deimhniú atá nasctha leis na hainmniúcháin sin a úsáid chun tacú lena nós imeachta ainmniúcháin faoin Rialachán seo agus chun dlús a chur leis, de réir mar is iomchuí. Comhlachtaí faoina dtugtar fógra, a ainmnítear de bhun aon reachtaíocht chomhchuibhithe de chuid an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus a chuirtear an nós imeachta measúnaithe aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(8) i bhfeidhm orthu, cuirfidh siad an t-iarratas aonair ar mheasúnú faoi bhráid an údaráis a thugann fógra arna ainmniú de bhun na reachtaíochta comhchuibhithe sin an Aontais. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a nuashonrú aon uair a tharlaíonn athruithe ábhartha, chun a chur ar chumas an údaráis atá freagrach as comhlachtaí faoina dtugtar fógra faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas uile a leagtar síos in Airteagal 31 agus an comhlíonadh sin a fhíorú.’ |
|
(16) |
in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Tabharfaidh na húdaráis a thugann fógra, fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, bunaithe ar liosta na gcód, na gcatagóirí agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIV, agus trí úsáid a bhaint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún, maidir le gach comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun Iarscríbhinn XIV a leasú, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil, an dul chun cinn maidir le heolas nó fianaise eolaíoch nua trí chód nua, catagóir nua nó cineál córais intleachta saorga nua a chur le liosta na gcód, na gcatagóirí agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga, trí chód, catagóir nó cineál córais intleachta saorga atá ann cheana a tharraingt siar ón liosta sin nó trí chód nó cineál córais intleachta saorga a bhogadh ó chatagóir amháin go catagóir eile.’ |
|
(17) |
in Airteagal 40(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus gan moill mhíchuí, táirgí insoláthartha caighdeánúcháin a fhorbairt, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, caighdeáin chomhchuibhithe, chun comhlíonadh comhpháirteach agus toimhde comhréireachta a éascú leis na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III, Ranna 2 agus 3 den Rialachán seo, agus leis na ceanglais agus na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.’ (*1) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj)." ; |
|
(18) |
in Airteagal 42, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. I gcás ina dtagann córais intleachta saorga ardriosca faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/2847 agus ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(1) den Rialachán sin, measfar go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán seo.’ |
|
(19) |
in Airteagal 43, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, leanfaidh soláthraí an chórais an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta de réir mar a cheanglaítear i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais. Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca sin agus beidh siad mar chuid den mheasúnú sin. Déanfar measúnú freisin ar an gcóras bainistithe cáilíochta a leagtar amach in Airteagal 17 , agus beidh feidhm ag pointí 3, 4.3, 4.4 agus 4.5, an cúigiú mír de phointe 4.6 agus pointe 5 d’Iarscríbhinn VII chomh maith. Chun críocha an mheasúnaithe comhréireachta sin, beidh sé de chumhacht ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra ar tugadh fógra fúthu faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht córas intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, ar choinníoll go ndearnadh measúnú ar chomhlíontacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31(4), (5), (10) agus (11) i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais, a léirítear tríd an measúnú mar chuid den fhógra atá ann cheana. Gan dochar d’Airteagal 28, déanfaidh na comhlachtaí sin faoina dtugtar fógra, ar tugadh fógra fúthu faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais i Roinn A d’Iarscríbhinn I, iarratas ar ainmniú i gcomhréir le Roinn 4 den Chaibidil seo faoin 28 Eanáir 2028. I gcás ina dtugtar rogha do mhonaróir an táirge le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I brath ar mheasúnú comhréireachta nach mbaineann le tríú páirtí, ar choinníoll gur chuir an monaróir sin na caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm chun comhlíonadh na gceanglas ábhartha uile a áirithiú, ní fhéadfaidh an monaróir sin úsáid a bhaint as an rogha sin ach amháin má tá caighdeáin chomhchuibhithe nó, i gcás inarb infheidhme, sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 curtha i bhfeidhm aige freisin, lena gcumhdaítear na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo. Ní dhéanann aicmiú táirge mar chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6(1) difear do rogha an nós imeachta um measúnú comhréireachta atá ar fáil do mhonaróirí táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, rogha brath ar chaighdeáin chomhchuibhithe. Ní cheanglaítear ar mhonaróirí na dtáirgí sin nós imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú lena mbaineann measúnú comhréireachta tríú páirtí toisc go n-áirítear sa táirge córas intleachta saorga ardriosca mar chomhpháirt sábháilteachta, agus ar an gcúis sin amháin, mura gceanglaítear amhlaidh le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I. I gcás ina gcumhdaítear córas intleachta saorga ardriosca le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus ina dtagann sé faoi cheann de na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn III, leanfaidh soláthraí an chórais sin an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta mar a cheanglaítear faoi bhun reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I.’ |
|
(20) |
in Airteagal 50, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: ‘7. Déanfaidh an Coimisiún tarraingt suas na gcód cleachtais a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais chun éascú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na n-oibleagáidí maidir le brath, marcáil agus lipéadú inneachair a ghintear go saorga nó a ndearnadh cúbláil air. Déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim an Bhoird, measúnú i dtaobh an leor comhlíonadh na gcód cleachtais sin chun a áirithiú go gcomhlíontar an oibleagáid a leagtar síos i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 56(6). Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an cód cleachtais leordhóthanach, féadfaidh sé gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar comhrialacha maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 98(2).’ |
|
(21) |
in Airteagal 56, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: ‘6. Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar bhaint amach chuspóirí na gcód cleachtais ag na rannpháirtithe agus ar a rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim an Bhoird, measúnú i dtaobh an gcumhdaítear leis na cóid chleachtais na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, agus déanfaidh sé faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar bhaint amach a gcuspóirí. Foilseoidh an Coimisiún a mheasúnú ar leordhóthanacht na gcód cleachtais.’ |
|
(22) |
leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:
|
|
(23) |
in Airteagal 58(1), leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
|
|
(24) |
leasaítear Airteagal 60 mar a leanas:
|
|
(25) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 60a Tástáil ar chórais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I faoi fhíordhálaí domhanda lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga 1. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú, i gcomhréir leis an Airteagal seo, go ndéanfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha táirgí cumasaithe intleachta saorga a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I an tástáil ar chórais intleachta saorga ardriosca i bhfíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála IS , d’fhonn measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht na gcóras sin leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 8 go 15. 2. Glacfaidh na Ballstáit a roghnaíonn tástáil dá dtagraítear i mír 1 a cheadú, ina n-aonar nó i gcomhpháirt, creataí le haghaidh tástáil faoi fhíordhálaí domhanda. 3. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi aon chreat tástála i bhfíordhálaí a ghlacfaidh sé sula gcuirfidh sé chun feidhme é. Ní dhéanfaidh sé sin difear d’inniúlachtaí an Choimisiúin faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I. 4. Oibríonn na Ballstáit, a bhfuil creataí tástála faoi fhíordhálaí glactha acu, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, na húdaráis ábhartha agus na húdaráis phoiblí atá freagrach as bainistiú agus oibriú bonneagair agus táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I i ndlúthchomhar le chéile agus de mheon macánta, agus baineann siad aon bhacainn phraiticiúil, lena n-áirítear maidir le rialacha nós imeachta lena dtugtar rochtain ar bhonneagar poiblí fisiceach, i gcás inar gá sin, chun na creataí tástála sin faoi fhíordhálaí a chur chun feidhme go rathúil agus chun táirgí atá cumasaithe ag intleacht shaorga a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I a thástáil go rathúil. 5. Leis na creataí tástála faoi fhíordhálaí, leagfar síos na ceanglais faoina ndéanfar tástáil i bhfíordhálaí. Leis na creataí sin, déanfar an méid seo a leanas:
6. Comhlíonfaidh an tástáil i bhfíordhálaí na forálacha is infheidhme a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I. Ní dhéanfaidh aon cheanglas a leagtar síos sna forálacha sin difear do chur i bhfeidhm an Airteagail seo a mhéid is gá chun an tástáil dá dtagraítear i mír 1 a chumasú.’ |
|
(26) |
in Airteagal 63, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Féadfaidh FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, gnéithe áirithe den chóras bainistithe cáilíochta a cheanglaítear le hAirteagal 17 a chomhlíonadh ar bhealach simplithe, ar choinníoll nach bhfuil fiontair chomhpháirtíochta ná fiontair nasctha acu de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE. Chun na críche sin, forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis na heilimintí den chóras bainistithe cáilíochta is féidir a chomhlíonadh ar bhealach simplithe i bhfianaise riachtanais na FBManna, gan difear a dhéanamh don leibhéal cosanta ná don ghá atá le comhlíonadh na gceanglas i leith córais intleachta saorga ardriosca.’ |
|
(27) |
in Airteagal 64, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Gan dochar don nós imeachta buiséadach, leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha ar an Oifig um Intleacht Shaorga chun a dualgais a chomhlíonadh go héifeachtach agus a cumhachtaí a fheidhmiú i ndáil le forfheidhmiú an Rialacháin seo.’ |
|
(28) |
in Airteagal 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Féadfar a cheangal ar na Ballstáit táillí a íoc as an gcomhairle agus as an tacaíocht a sholáthraíonn na saineolaithe ar ráta atá coibhéiseach leis na táillí luacha saothair is infheidhme maidir leis an gCoimisiún de bhun an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 68(1).’ |
|
(29) |
in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: ‘8. Féadfaidh údaráis inniúla náisiúnta treoir agus comhairle a sholáthar maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna, agus treoir agus comhairle an Bhoird agus an Choimisiúin á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí. Nuair atá sé beartaithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta treoraíocht agus comhairle a sholáthar maidir le córas intleachta saorga i réimsí a chumhdaítear le dlí eile de chuid an Aontais, rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta faoin dlí sin, de réir mar is iomchuí.’ |
|
(30) |
in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Beidh an córas faireacháin iarmhargaidh bunaithe ar phlean faireacháin iarmhargaidh. Beidh an plean faireacháin iarmhargaidh mar chuid den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV. Déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim an Bhoird, treoir a ghlacadh, lena n-áirítear teimpléad, maidir leis an bplean faireacháin iarmhargaidh faoin 2 Meán Fómhair 2027.’ |
|
(31) |
leasaítear Airteagal 75 mar a leanas:
|
|
(32) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 75a Cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin na hOifige um Intleacht Shaorga 1. Agus a cúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a leagtar síos in Airteagal 75(1) den Rialachán seo á bhfeidhmiú ag an Oifig um Intleacht Shaorga, beidh na cumhachtaí uile aici maidir le húdaráis faireachais margaidh dá bhforáiltear sa Roinn seo agus in Airteagail 14(4) agus 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020. Údarófar don Oifig um Intleacht Shaorga iomlán chostais a gníomhaíochtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a aisghabháil go hiomlán ón oibreoir ábhartha i ndáil le cásanna um neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear costais a bhaineann le hacmhainní daonna agus teicniúla, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/1020. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/1020. 2. I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag an Oifig um Intleacht Shaorga amhras a bheith uirthi nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soláthraí nó úsáideoir gairmiúil chóras intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 75(1) den Rialachán seo, féadfaidh sí cinneadh a ghlacadh tús a chur le himscrúdú ar an neamhchomhlíonadh sin i gcomhréir le hAirteagal 14(4), pointe (f) de Rialachán (AE) 2019/1020. Ar thús a chur leis an imscrúdú sin, tabharfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga fógra d’oibreoir an chórais intleachta saorga lena mbaineann. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú ar a tionscnamh féin nó tar éis gearán a fuarthas de bhun Airteagal 85 den Rialachán seo, fiú sula gcuirfidh sí tús le himscrúdú de bhun Airteagal 14(4), pointe (f) de Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás ina bhfuil cúis ag údarás faireachais margaidh amhras a bheith air nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soláthraí nó úsáideoir gairmiúil chóras intleachta shaorga dá dtagraítear in Airteagal 75(1), féadfaidh sé iarraidh a sheoladh chuig an Oifig um Intleacht Shaorga measúnú a dhéanamh ar an ábhar. 3. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na cumhachtaí a liostaítear in Airteagal 14(4), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2019/1020 agus Airteagal 74(12) agus (13) den Rialachán seo a fheidhmiú trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh. Agus faisnéis á hiarraidh aici, luafaidh an Oifig um Intleacht Shaorga bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sí an fhaisnéis a cheanglaítear, agus socróidh sí an tréimhse ina bhfuil an fhaisnéis le soláthar. I gcás iarraidh shimplí, léireoidh an Oifig um Intleacht Shaorga freisin, cé nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar, i gcás freagra deonach, nach mór an fhaisnéis a bheith ceart agus gan a bheith míthreorach, agus léireoidh sí na fíneálacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá bhforáiltear in Airteagal 99(5) as faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar. I gcás ina ndéantar an iarraidh trí chinneadh, léireoidh an Oifig um Intleacht Shaorga freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 99(5) as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar agus léireoidh sí an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh. Seolfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cóip den iarraidh chuig údarás faireachas margaidh an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir nó a ionadaí dlíthiúil lonnaithe ar a chríoch. 4. Chun na cúraimí a shanntar di faoin Roinn seo a dhéanamh, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga gach cianchigireacht nó cigireacht ar an láthair is gá a dhéanamh de bhun na gcumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 14(4), pointí (d) agus (e) de Rialachán (AE) 2019/1020 agus Airteagal 74(5) den Rialachán seo. Agus cigireacht á déanamh aici, cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga an soláthraí lena mbaineann ar an eolas faoi ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, faoi na fíneálacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 99(5) den Rialachán seo, agus faoin gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Sula ndéanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cigireacht, cuirfidh sí é sin in iúl d’údarás faireachais margaidh an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir nó a ionadaí dlíthiúil lonnaithe ar a chríoch. Le linn na cigireachta sin, tabharfar de chumhacht d’oifigigh na hOifige um Intleacht Shaorga an méid seo a leanas a dhéanamh:
I gcás ina gcinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga go gcuireann duine nádúrtha nó dlítheanach i gcoinne cigireachta nó go gcuireann sé bac uirthi, tabharfaidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh is gá dó agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, chun a chur ar a cumas a cigireacht ar an láthair a dhéanamh. I gcás ina mbeidh údarú ag teastáil ó údarás breithiúnach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta le haghaidh cigireachta ar an láthair ar áitreabh gnó, ar thalamh nó ar mhaoin, déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga iarratas ar an údarú sin. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim. I gcás ina ndéanfar iarratas ar údarú den sórt sin, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta go pras nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach, ag féachaint d’ábhar an imscrúdaithe nó na cigireachta agus do na doiciméid arna soláthar ag an Oifig um Intleacht Shaorga in éineacht leis an gcinneadh. Le linn dó fíorú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an Oifig um Intleacht Shaorga mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag an Oifig um Intleacht Shaorga chun drochamhras a bheith uirthi go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta aithbhreithniú ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní fhéadfaidh sé faisnéis atá i gcáschomhad na hOifige um Intleacht Shaorga a éileamh. I gcomhréir leis na Conarthaí, is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin a fhéadfaidh athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht chinneadh na hOifige um Intleacht Shaorga. 5. Ar iarraidh a fháil ón Oifig um Intleacht Shaorga, féadfaidh údarás inniúil faireachas margaidh Ballstáit aon imscrúdú, cigireacht nó beart aimsithe fíoras eile a dhéanamh ina chríoch féin thar ceann na hOifige um Intleacht Shaorga agus ar chuntas na hOifige um Intleacht Shaorga chun a shuí ar sáraíodh an Rialachán seo. Déanfaidh oifigigh údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as na himscrúduithe, na cigireachtaí nó na bearta aimsithe fíoras sin a dhéanamh, chomh maith leo siúd arna n-údarú nó arna gceapadh acu, a gcumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. 6. I dteannta na gcumhachtaí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, agus a hinniúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 75(1) á bhfeidhmiú aici, an méid seo a leanas a dhéanamh:
7. Chun cúnamh a thabhairt di faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach agus ar chomhlíonadh fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus chun saineolas sonrach nó eolas sonrach a sholáthar di i bhfeidhmiú a hinniúlachtaí faoi Airteagal 75(1), féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga saineolaithe agus iniúchóirí seachtracha neamhspleácha a cheapadh, chomh maith le saineolaithe, foirne imscrúdaitheacha agus iniúchóirí ó údaráis inniúla an Bhallstáit le comhaontú an údaráis lena mbaineann. Déanfar an fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar na gníomhaíochtaí faireacháin sin a chomhroinnt le húdaráis inniúla ábhartha na mBallstát. 8. Ní úsáidfear faisnéis a bhailítear de bhun an Airteagail seo ach amháin chun críocha an Rialacháin seo. Airteagal 75b Gealltanais Más rud é, le linn imeachtaí faoi Airteagal 75a(2), go dtabharfaidh an t-oibreoir lena mbaineann gealltanais chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, trí chinneadh, na gealltanais sin a chur de cheangal ar an oibreoir lena mbaineann agus a dhearbhú nach bhfuil aon fhorais eile ann le haghaidh gníomhaíochta. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, ar iarraidh a fháil nó ar a tionscnamh féin, na himeachtaí a athoscailt i gcás:
I gcás ina measfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga nach bhfuil na gealltanais a thairg an t-oibreoir lena mbaineann ábalta comhlíonadh éifeachtach le forálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, diúltóidh sí do na gealltanais sin i gcinneadh réasúnaithe le linn na n-imeachtaí a bheith á dtabhairt chun críche. Airteagal 75c Neamhchomhlíonadh, fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha 1. I gcás ina gcinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga nach gcomhlíonann oibreoir a thagann faoi raon feidhme Airteagal 75(1) forálacha ábhartha an Rialacháin seo ná na gealltanais a rinneadh ceangailteach de bhun Airteagal 75b, glacfaidh sí cinneadh lena suífear an neamhchomhlíonadh sin. 2. Sula nglacfaidh sí cinneadh de bhun mhír 1, cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga a réamhchinntí in iúl don oibreoir lena mbaineann. Sna réamhthorthaí, míneoidh an Oifig um Intleacht Shaorga na bearta a bhfuil sé beartaithe aici a dhéanamh, nó a mheasann sí gur cheart don oibreoir lena mbaineann a dhéanamh, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí. 3. Sa chinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ordóidh an Oifig um Intleacht Shaorga, i gcás inarb ábhartha, don oibreoir lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha ábhartha an Rialacháin seo laistigh de thréimhse réasúnta a shonraítear ann agus chun faisnéis a sholáthar maidir leis na bearta atá beartaithe ag an oibreoir sin a dhéanamh chun an cinneadh a chomhlíonadh. Soláthróidh an t-oibreoir lena mbaineann don Oifig um Intleacht Shaorga tuairisc ar na bearta atá déanta aige chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cinneadh maidir lena gcur chun feidhme. Sula n-iarrfaidh sí aon bheart, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga dul i mbun idirphlé struchtúrtha le hoibreoir an chórais intleachta saorga atá i gceist. Le linn an idirphlé sin, féadfaidh an t-oibreoir gealltanais a mholadh i gcomhréir le hAirteagal 75b. 4. Féadfaidh pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 99(3) go (7) a bheith ag gabháil le cinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, a mbeidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an Oifig um Intleacht Shaorga i bhforghníomhú a cúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(1). Go háirithe, beidh an méid seo a leanas faoi réir fíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 99(4):
Beidh faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a sholáthraítear don Oifig um Intleacht Shaorga mar fhreagra ar iarraidh, faoi réir fíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 99(5). 5. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla chun iallach a chur ar na hoibreoirí atá faoi réir a hinniúlachta de bhun Airteagal 75(1) an méid seo a leanas a dhéanamh:
Beidh na híocaíochtaí pionóis sin éifeachtach agus comhréireach, agus, i gcás inarb infheidhme, ní rachaidh siad thar 5 % den mheánioncam laethúil ná den mheánláimhdeachas bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae, arna ríomh ón dáta a cheapfar leis an gcinneadh. 6. Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí na hOifige um Intleacht Shaorga lena bhforchuirtear fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil de bhun an Airteagail seo. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú. 7. Rannchuideoidh cistí a bhailítear trí fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun an Airteagail seo, le buiséad ginearálta an Aontais. 8. Beidh na cumhachtaí a thugtar don Oifig um Intleacht Shaorga leis an Airteagal seo, faoi réir tréimhse teorann 5 bliana. Tosóidh an tréimhse theorann an lá a dhéanfar an sárú. Mar sin féin, i gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a tharlaíonn arís agus arís eile, cuirfear tús leis an tréimhse theorann ar an lá a scoirfear den sárú. Beidh an chumhacht atá ag an Oifig um Intleacht Shaorga chun cinntí a ghlacfar de bhun an Airteagail seo a fhorfheidhmiú, faoi réir thréimhse teorann 5 bliana. Tosóidh an tréimhse theorann an lá a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 75d(3) an chéad fhomhír agus an dara fomhír den mhír seo, lena n-áirítear na himthosca ina mbrisfear na tréimhsí teorann. 9. I gcás ina gcinnfidh an Oifig um Intleacht Shaorga nach bhfuil aon fhoras ann chun cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, cuirfidh sí deireadh leis an imeacht le cinneadh. Beidh feidhm ag an gcinneadh sin le héifeacht láithreach. Airteagal 75d Coimircí agus sonraíocht bhreise 1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le hoibreoirí atá faoi réir inniúlacht na hOifige um Intleacht Shaorga de bhun Airteagal 75(1) den Rialachán seo, gan dochar do chearta nós imeachta níos sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. 2. Déanfar cearta cosanta agus rochtain ar chomhad na n-oibreoirí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 75(1) a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. I bhfianaise go bhféadfaí cinntí a ghlacadh ar bhonn Airteagal 75c(1), beidh na hoibreoirí sin i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad na hOifige um Intleacht Shaorga faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach an oibreora nó an duine eile lena mbaineann maidir lena rúin ghnó a chosaint. Beidh an chumhacht ag an Oifig um Intleacht Shaorga cinntí a ghlacadh ina leagfar amach na téarmaí sin den nochtadh i gcás easaontas idir na páirtithe. Ní áireofar leis an gceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha na hOifige um Intleacht Shaorga, an Bhoird, na n-údarás inniúil faireachas margaidh nó údarás poiblí eile na mBallstát. Go háirithe, ní shínfidh an ceart rochtana chuig comhfhreagras idir an Oifig um Intleacht Shaorga agus na húdaráis sin. Ní choiscfidh aon ní sa mhír seo ar an Oifig um Intleacht Shaorga faisnéis atá riachtanach a nochtadh agus a úsáid chun sárú a chruthú. 3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na socruithe praiticiúla chun rochtain a fháil ar an gcomhad agus nochtadh idirbheartaithe faisnéise dá bhforáiltear i mír 2. 4. Foilseoidh an Oifig um Intleacht Shaorga na cinntí a ghlacann sí de bhun Airteagail 75b agus 75c. Mar chuid den fhoilsiú sin, luafar ainmneacha na bpáirtithe agus príomhinneachar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis arna bhforchur. Tabharfar aird san fhoilsiú ar chearta agus leasanna dlisteanacha aon duine a bhfuil baint aige le cosaint a fhaisnéise rúnda.’ |
|
(33) |
in Airteagal 76(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘I gcás ina bhfuil tástáil i bhfíordhálaí bunaithe ar Airteagal 60a, déanfar aon tagairt d’údarás faireachais margaidh san Airteagal seo a fhorléiriú mar thagairt don údarás inniúil náisiúnta nó don údarás iomchuí faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I, agus déanfar tagairtí d’Airteagal 60 a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 60a, de réir mar is iomchuí.’ ; |
|
(34) |
leasaítear Airteagal 77 mar a leanas:
|
|
(35) |
in Airteagal 95, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit leasanna agus riachtanais shonracha FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna, agus tarraingt suas cód iompair á spreagadh agus á héascú acu.’ |
|
(36) |
in Airteagal 96, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(37) |
leasaítear Airteagal 97 mar a leanas:
|
|
(38) |
leasaítear Airteagal 99 mar a leanas:
|
|
(39) |
leasaítear Airteagal 111 mar a leanas:
|
|
(40) |
in Airteagal 113, leasaítear an tríú mír mar seo a leanas:
|
|
(41) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
|
(42) |
in Iarscríbhinn VIII, roinn B, scriostar pointí 7 agus 9; |
|
(43) |
cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas leis: ‘Iarscríbhinn XIV Liosta na gcód, na gcatagóirí agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga chun críocha an nós imeachta um fhógra a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 30, lena sonraítear raon feidhme an ainmniúcháin mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra 1. Réamhrá D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le rannpháirtíocht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta chun measúnú comhréireachta a dhéanamh ar chórais intleachta saorga ardriosca de bhun an Rialacháin seo. Ní fhéadfaidh ach comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo measúnuithe comhréireachta a dhéanamh agus ní féidir leo measúnuithe a dhéanamh ach le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na cineálacha córas intleachta saorga lena mbaineann agus lena n-aghaidh sin amháin. Le liosta na gcód, na gcatagóirí agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga, leagtar síos raon feidhme ainmniú na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra faoi Airteagal 30. 2. Liosta na gCód, na gcatagóirí, agus na gcineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga a. Córais intleachta saorga atá faoi réir Iarscríbhinn I
b. Córais intleachta saorga atá faoi réir phointe 1 d’Iarscríbhinn III
3. Cóid a bhaineann go sonrach le teicneolaíocht intleachta saorga a. Córais shiombalacha intleachta saorga agus saineolaithe
b. Meaisínfhoghlaim, gan intleacht shaorga ghiniúnach ná córais intleacht shaorga ilchuspóireacha a áireamh
c. Córais intleachta saorga atá bunaithe ar shamhlacha intleacht shaorga ilchuspóireacha nó ar intleacht shaorga ghiniúnach
d. Teicneolaíochtaí intleachta saorga éiritheacha
4. Iarratas ar ainmniú Úsáidfidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta na liostaí cód, catagóirí agus cineálacha comhfhreagracha córas intleachta saorga a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus na cineálacha córas intleachta saorga á sonrú acu san iarratas ar ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 29.’. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1139
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 27, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh. (*2) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 31, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.’ |
|
(3) |
in Airteagal 32, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.’ |
|
(4) |
in Airteagal 36, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.’ |
|
(5) |
in Airteagal 39, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.’ |
|
(6) |
in Airteagal 50, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.’ |
|
(7) |
in Airteagal 53, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 a bhaineann le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.’ |
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1230
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1230 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 8, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú trí cheanglais sláinte agus sábháilteachta a chur leis i leith chórais intleachta saorga a aicmítear mar chórais ardriosca de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) toisc gur comhpháirt sábháilteachta iad i dtáirge a chumhdaítear leis an Rialachán seo, nó gur táirge iad féin a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áiritheofar leis na ceanglais sin go léireofar na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, agus in Airteagail 17, 19, 72 agus 73 de Rialachán (AE) 2024/1689. Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa tríú mír á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún cuspóirí Rialachán (AE) 2024/1689 san áireamh agus áiritheoidh sé leibhéal cosanta atá comhsheasmhach leis an Rialachán sin. Beidh feidhm ag na gníomhartha tarmligthe sin faoin 2 Lúnasa 2028. (*3) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘10. Go dtí go ndéanfar tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe nó do shonraíochtaí coiteanna nó go dtí go nglacfar iad de bhun an Airteagail seo a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca, toimhdeofar go mbeidh córais intleachta saorga ardriosca, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha dá dtagraítear, nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh de bhun Airteagail 40 agus, faoi seach, 41 de Rialachán (AE) 2024/1689 i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca.’ |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:
|
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Iúil 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) IO C, C/2026/2285, 15.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2285/oj.
(2) Tuairim an 18 Márta 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Tuairim an 7 Bealtaine 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Meitheamh 2026.
(5) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).
(6) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).
(7) Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2025 maidir leis an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga (IO L, 2025/1099, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1099/oj).
(8) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj)
(9) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(10) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/680/oj).
(11) Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/93/oj).
(12) Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj).
(13) Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/745/oj).
(14) Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/746/oj).
(15) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).
(16) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).
(17) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj).
(18) Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (IO L 165, 29.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1230/oj).
(19) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj).
(20) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1744/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)