|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1743 |
27.7.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/1743 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Iúil 2026
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le rochtain ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise ar fhaisnéis faoi cháin bhreisluacha ar leibhéal an Aontais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha maidir le faisnéis shonrach a stóráil agus a mhalartú, trí mhodhanna leictreonacha i réimse na cánach breisluacha (CBL) chun cuidiú le measúnú ceart ar CBL a chur i bhfeidhm, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart CBL, go háirithe maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal, agus calaois CBL a chomhrac. Mar sin féin, ní dhéantar foráil ann maidir le rialacha lena rialaítear an rochtain ar an bhfaisnéis sin a fhaigheann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (4), chun a cúraimí a fheidhmiú de bhun Airteagal 4 den Rialachán sin, ná le haghaidh rialacha lena rialaítear rochtain a fhaigheann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ar an bhfaisnéis sin chun a cúraimí a fheidhmiú arna bhunú le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (5) de bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, tuairisceoidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus údaráis na mBallstát atá inniúil faoin dlí náisiúnta is infheidhme do OIPE, gan moill mhíchuí, aon iompar coiriúil, lena n-áirítear calaois CBL trasteorann, a bhféadfadh sé a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 25(2) agus (3) den Rialachán sin. Baineann calaois CBL trasteorann, de réir mar a thuigfí é, le roinnt Ballstát, agus féadfar nach leor an sreabhadh faisnéise ó Bhallstáit aonair chuig OIPE, i gcásanna áirithe, chun forléargas tráthúil agus cuimsitheach ar chalaois CBL trasteorann ar leibhéal an Aontais a áirithiú. Dá bhrí sin, chun OIPE a chur ar an eolas faoi rioscaí calaoise CBL ar leibhéal an Aontais ar bhealach níos tráthúla agus chun a inniúlacht a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, is gá na rialacha a leagan amach ar bhealach níos mionsonraithe faoinar cheart do na Ballstáit, laistigh den líonra chun faisnéis spriocdhírithe maidir le calaois trasteorann idir na Ballstáit a mhalartú, a phróiseáil agus a anailísiú go tapa agus chun aon ghníomhaíochtaí leantacha a chomhordú (Eurofisc) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit torthaí phróiseáil agus anailís chomhpháirteach Eurofisc a tharchur chuig OIPE i bhfoirm tuarascálacha anailíse Eurofisc maidir le scéimeanna calaoiseacha trasteorann amhrasta. |
|
(3) |
Agus tuarascálacha anailíse Eurofisc á dtarraingt suas, níor cheart do Eurofisc a áireamh ach an fhaisnéis sin a bhfuil fíorghá léi chun go mbeidh OIPE in ann measúnú a dhéanamh ar cé acu a fheidhmeoidh nó nach bhfeidhmeoidh sé a inniúlacht. Maidir le tuarascálacha anailíse Eurofisc, chun na critéir ar ar a mbonn ba cheart iad a tharraingt suas agus an fhaisnéis ba cheart a áireamh sna tuarascálacha sin a shonrú, agus chun foirm chaighdeánach a bhunú dá dtarchur, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme sin á ullmhú, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le Eurofisc. |
|
(4) |
Thairis sin, de bhun Airteagal 24(9) de Rialachán (AE) 2017/1939, i gcásanna sonracha, féadfaidh OIPE tuilleadh faisnéise ábhartha a iarraidh a bheidh ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus d’údaráis na mBallstát. Dá bhrí sin, is iomchuí na rialacha a leagan amach faoinar cheart do Eurofisc faisnéis maidir le calaois CBL trasteorann a chur in iúl do OIPE tar éis iarraidh a fháil ó OIPE. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, ní mór do na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha a bheith in ann aon fhaisnéis ábhartha a stóráiltear i mbunachair sonraí náisiúnta um imscrúduithe coiriúla agus um fhorfheidhmiú an dlí, chomh maith le i gcláir ábhartha eile na n-údarás poiblí, a fháil faoi na coinníollacha céanna leis na coinníollacha sin a bhfuil feidhm acu faoin dlí náisiúnta i gcásanna comhchosúla. De bhun Airteagal 43(2) den Rialachán sin, beidh OIPE in ann aon fhaisnéis ábhartha a thagann faoina inniúlacht agus a stóráiltear i mbunachair sonraí agus i gcláir institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a fháil freisin. De réir mar a thuigfí é, tá baint ag roinnt Ballstát le calaois CBL trasteorann agus, i roinnt cásanna, féadfar nach leor rochtain ar leibhéal na mBallstát ar fhaisnéis ábhartha a stóráiltear i mbunachair sonraí náisiúnta do OIPE chun calaois CBL a chomhrac ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, gan dochar d’Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/1939 agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag OIPE ar an bhfaisnéis ábhartha go tráthúil, a shainordú rialála a chomhlíonadh agus calaois a chomhrac ar leibhéal an Aontais, tá sé tábhachtach na rialacha a leagan amach faoinar cheart do OIPE rochtain a bheith aige ar fhaisnéis ábhartha CBL ar leibhéal an Aontais ó na bunachair sonraí ábhartha agus ó chláir na n-údarás inniúil sna Ballstáit atá freagrach as na dlíthe maidir le cáin bhreisluacha a chur i bhfeidhm. Ar an gcúis chéanna, tá sé tábhachtach rochtain láraithe a thabhairt do OIPE ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le himscrúdú trí phointe iontrála aonair, fiú má bhaineann an fhaisnéis sin le roinnt Ballstát. Ba cheart an rochtain láraithe sin a theorannú go docht do chuardaigh spriocdhírithe a bhaineann le cásanna sonracha agus níor cheart fiosrúcháin ná faireachán randamach nó ginearálaithe ar fhaisnéis CBL a bheith i gceist léi. Is de chineál eisceachtúil í an rochtain láraithe sin ar bhunachair sonraí riaracháin do OIPE a dheonú chun críoch breithiúnach agus forfheidhmithe dlí agus tá údar léi mar gheall ar chomhrac na calaoise CBL trasteorann. Níor cheart míthuiscint a dhéanamh air mar fhasach a leagan síos do chur i bhfeidhm níos ginearálta. |
|
(6) |
Chun a chúraimí a chomhlíonadh, oibríonn OIPE go dlúth leis na húdaráis náisiúnta ábhartha a thugann cúnamh agus tacaíocht ghníomhach d’imscrúduithe agus d’ionchúisimh OIPE i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2017/1939. Soláthraíonn OIPE aiseolas freisin agus, i gcás inarb ábhartha, téann sé i gcomhairle le húdaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le forálacha infheidhme an Rialacháin sin, lena n-áirítear Airteagal 5(6), Airteagal 25, míreanna 1 go 3, Airteagal 27(7) agus Airteagal 34, míreanna 1 go 4. |
|
(7) |
I gcomhréír le prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach in OIPE tacú le gníomhaíochtaí OIPE agus staonadh ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh baint amach a chuspóirí a chur i mbaol. Tá Eurofisc comhdhéanta de na Ballstáit atá rannpháirteach in OIPE agus nach bhfuil rannpháirteach ann. Ós rud é gur féidir calaois CBL trasteorann a bheith ar fud gach Ballstáit, tá sé fíor-riachtanach do OIPE léargas iomlán a bheith aige ar na líonraí calaoise. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach do OIPE faisnéis ábhartha CBL a fháil arna malartú na mBallstát laistigh de Eurofisc, agus ó bhunachair sonraí agus ó chláir na n-údarás inniúil sna Ballstáit atá freagrach as na dlíthe maidir le cáin bhreisluacha a chur i bhfeidhm, gan dochar d’inniúlachtaí OIPE faoi Rialachán (AE) 2017/1939. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do raon feidhme inniúlachtaí OIPE mar a shainítear i Rialachán (AE) 2017/1939. |
|
(8) |
Mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa don Choimisiún agus do na Ballstáit deireadh a chur le bacainní dlí a chuireann cosc ar mhalartú faisnéise idir údaráis riaracháin, bhreithiúnacha agus forfheidhmithe dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Mhol an Chúirt freisin, go háirithe, go dtabharfaí rochtain do OLAF ar chóras malartaithe faisnéise CBL mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010(VIES) agus ar shonraí Eurofisc. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach go mbeadh bunús dlí soiléir ag an rochtain lárnach ar bhunachair sonraí agus ar chláir ábhartha na n-údarás inniúil sna Ballstáit atá freagrach as na dlíthe maidir le cáin bhreisluacha a chur i bhfeidhm ón gComhairle. |
|
(9) |
Chun go mbeidh OLAF ar an eolas faoi chalaois amhrasta CBL a bhaineann le custaim agus a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus chun go bhfeidhmeoidh sé a shainordú rialála, ní mór na coinníollacha a leagan síos faoinar cheart do na Ballstáit laistigh de Eurofisc, torthaí phróiseáil agus anailís chomhpháirteach Eurofisc a thabhairt do OLAF i bhfoirm tuarascálacha anailíse Eurofisc maidir le scéimeanna calaoiseacha amhrasta trasteorann. Ina theannta sin, arna iarraidh sin do OLAF, ba cheart do Eurofisc faisnéis maidir le calaois trasteorann CBL a bhaineann le custaim agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais a chur in iúl do OLAF. |
|
(10) |
Agus tuarascálacha anailíse Eurofisc á dtarraingt suas, níor cheart do Eurofisc a áireamh ach an fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun go mbeidh OLAF in ann measúnú a dhéanamh ar cé acu a fheidhmeoidh nó nach bhfeidhmeoidh sé a inniúlacht. Maidir le tuarascálacha anailíse Eurofisc, chun na critéir ar ar a mbonn ba cheart iad a tharraingt suas agus an fhaisnéis ba cheart a áireamh sna tuarascálacha sin a shonrú, agus chun foirm chaighdeánach a bhunú dá dtarchur, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Agus andréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le Eurofisc. |
|
(11) |
I gcás ina bhfuil dóthain amhrais ann, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, gur tharla calaois tá an ceart le bheith ag OLAF rochtain a fháil ar aon fhaisnéis ábhartha atá i mbunachair sonraí atá i seilbh na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí agus prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta á n-urramú ag an am céanna. Tá an ceart rochtana sin le feidhmiú faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán sin. Dá bhrí sin, chun go mbeidh OLAF in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis CBL ábhartha ar leibhéal an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ábhartha a bhaineann le himscrúduithe riaracháin chun a inniúlacht a fheidhmiú, tá sé tábhachtach na rialacha a leagan amach faoinar cheart do OLAF rochtain a fháil ar fhaisnéis CBL ábhartha ar leibhéal an Aontais ó bhunachair sonraí ábhartha agus ó chláir na n-údarás inniúil sna Ballstáit atá freagrach as na dlíthe maidir le CBL a chur i bhfeidhm. Ar an gcúis chéanna, tá sé tábhachtach rochtain láraithe a thabhairt do OLAF, le haghaidh cuardaigh spriocdhírithe de réir an cháis, ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le himscrúdú trí phointe iontrála aonair, fiú má bhaineann an fhaisnéis sin le roinnt Ballstát. Ba cheart an rochtain láraithe sin a theorannú go docht do chuardaigh spriocdhírithe a bhaineann le cásanna sonracha agus níor cheart fiosrúcháin ná faireachán randamach nó ginearálaithe ar fhaisnéis CBL a bheith i gceist léi. Is de chineál eisceachtúil í an rochtain láraithe sin ar bhunachair sonraí riaracháin chun imscrúduithe riaracháin a bhaineann le custam a dhéanamh agus tá údar maith léi chun sainordú OLAF a chomhlíonadh, agus ní ceart tuiscint a bhaint aisti mar fhasach do chur i bhfeidhm níos ginearálta. |
|
(12) |
Chun a chúraimí a chomhlíonadh, oibríonn OLAF go dlúth leis na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013. Cuireann OLAF aiseolas ar fáil freisin agus, i gcás inarb ábhartha, téann sé i gcomhairle le húdaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le forálacha infheidhme an Rialacháin sin, lena n-áirítear Airteagal 12, míreanna 1 agus 5. |
|
(13) |
Bailíonn údaráis inniúla náisiúnta faisnéis maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal, íocaíochtaí trasteorann agus allmhairithe atá díolmhaithe ó CBL agus tá sé tábhachtach don chomhrac i gcoinne na calaoise. Maidir le cosaint sonraí pearsanta, tá an Coimisiún, mar phróiseálaí sonraí, ag éascú mhalartú na faisnéise sin agus gníomhaíonn na húdaráis inniúla na mBallstát mar rialaitheoirí sonraí an tráth céanna, faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) faoi seach. Ba cheart rochtain láraithe OIPE agus OLAF ar fhaisnéis CBL ar leibhéal an Aontais a thabhairt gan dochar do róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil sna Ballstáit sna Ballstáit atá freagrach as na dlíthe maidir le CBL a chur i bhfeidhm maidir le cosaint sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679. Tá OIPE agus OLAF faoi cheangal ag na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725, lena n-áirítear prionsabail na comhréireachta agus na cuntasachta agus na rialacha maidir le cur chun feidhme beart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil, agus maoirseacht arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Is éard atá san fhaisnéis atá faoi réir cuardaigh spriocdhírithe arna ndéanamh ag OIPE agus OLAF trí rochtain láraithe an fhaisnéis maidir le huimhreacha aitheantais CBL, idirbhearta laistigh den Chomhphobal, maidir le hallmhairí atá díolmhaithe ó CBLi ndáil leis an scéim speisialta maidir le ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha a bunaíodh le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (10) agus maidir le hallmhairí faoi nós imeachta custaim 42/63, agus faisnéis íocaíochta a stóráiltear sa lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (CESOP).. Níl an fhaisnéis a stóráiltear laistigh de chóras Anailíse ar Líonraí Idirbheart Eurofisc le bheith faoi réir cuardaigh spriocdhírithe arna ndéanamh ag OIPE ná ag OLAF. |
|
(14) |
Chun rochtain ar shonraí pearsanta a chosaint, na hIonchúisitheoirí Eorpacha, na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha, agus baill foirne shainaitheanta OIPE agus OLAF, a d’údaraigh OIPE nó OLAF faoi seach roimhe sin, níor cheart ach iad a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis CBL chun a gcúraimí a chur i gcrích. Chun críoch faisnéise ba cheart rochtain a bheith ag údaráis inniúla na mBallstát ar na logaí iniúchóireachta den rochtain a dhéanann OIPE agus OLAF, lena n-áirítear gach rochtain ar cháschomhaid shonracha imscrúdaithe agus ar úsáideoirí a shannadh. Ba cheart na codanna ábhartha den loga iniúchóireachta a chur ar fáil do OIPE agus do OLAF chun críoch sásraí rialaithe inmheánaigh a bhaineann le rochtain cheart ar shonraí agus úsáid cheart sonraí i gcomhréir leis an reachtaíocht cosanta sonraí is infheidhme, a ndéanann na hOifigigh Cosanta Sonraí ainmnithe i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2017/1939 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 faireachán ar a gcomhlíonadh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le rochtain den sórt sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na mionsonraí teicniúla a bhaineann leis an rochtain láraithe, na bearta teicniúla cosanta sonraí, ceanglais an loga iniúchóireachta agus na socruithe praiticiúla chun rochtain a fháil air. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(15) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. |
|
(16) |
Ós rud é gur gá na córais, an bonneagar agus na modhanna teicniúla lena n-éascaítear malartú faisnéise CBL ar leibhéal an Aontais a oiriúnú chun rochtain shlán a thabhairt do OIPE agus do OLAF, is gá cur i bhfeidhm na bhforálacha ábhartha a chur siar chun go mbeidh an Coimisiún, OIPE agus OLAF in ann na hoiriúnuithe is gá a dhéanamh. Ba cheart, sna hoiriúnuithe sin, an dáta a mheastar a bheidh an VIES lárnach oibríochtúil agus an dáta a mheastar a gcuirfear deireadh de réir a chéile le VIES oidhreachta a chur san áireamh. Ba cheart do OIPE agus OLAF a bheith freagrach as na costais a bhaineann leis an mbonneagar ábhartha agus na modhanna teicniúla ábhartha a bhunú agus a chothabháil chun rochtain shlán a fháil ar fhaisnéis CBL. Agus scrúdú agus meastóireacht á ndéanamh ar fheidhmiú na socruithe le haghaidh comhar riaracháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar chur i bhfeidhm praiticiúil agus ar thionchar rochtain láraithe OIPE agus OLAF ar fhaisnéis CBL, lena n-áirítear éifeachtacht na gcóras, an bhonneagair agus na modhanna teicniúla ábhartha. |
|
(17) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 7 Eanáir 2026. |
|
(18) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010
Leasaítear Rialachán (AE) 904/2010 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 21, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘2c. Tabharfaidh gach Ballstát rochtain d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), arna bunú le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (*1), agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), arna bunú le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (*2), ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 49a agus 49b den Rialachán seo, agus i gcomhréir leis na teorainneacha agus na rialacha a leagtar amach, sna hAirteagail sin.’ (*1) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj)." (*2) Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/352/oj).’;" ; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24d: ‘Airteagal 24d 1. Tabharfar rochtain ar CESOP d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc, dá dtagraítear in Airteagal 36(1), a mbeidh aitheantas úsáideora pearsanta acu do CESOP agus i gcás ina mbainfidh an rochtain sin le himscrúdú ar chalaois CBL amhrasta nó le calaois CBL a bhrath. 2. De mhaolú ar mhír 1 den mhír seo, beidh rochtain ag OIPE agus OLAF ar fhaisnéis CESOP i gcomhréir leis na teorainneacha agus na rialacha a leagtar amach in Airteagail 49a agus 49b.’ |
|
(3) |
in Airteagal 24k, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘1a. Beidh rochtain ag OIPE agus OLAF ar fhaisnéis VIES lárnach i gcomhréir leis na teorainneacha agus na rialacha a leagtar amach in Airteagail 49a agus 49b.’ |
|
(4) |
in Airteagal 36, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas: ‘2a. Cuirfidh Eurofisc in iúl do OIPE, i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit atá rannpháirteach in OIPE agus i gcomhréir leis an Airteagal seo a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit eile, tuarascálacha sonracha anailíse Eurofisc lena sainaithnítear cásanna de scéimeanna calaoiseacha trasteorann amhrasta mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) de Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) bunaithe ar fhaisnéis arna malartú de bhun an Rialacháin seo agus tar éis a anailíse dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo, a bhféadfadh OIPE a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith. Maidir le tuarascálacha anailíse sonracha Eurofisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:
2b. Le linn imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanfaidh OIPE, agus arna iarraidh sin do OIPE, i gcomhréir le hAirteagal 24(9) de Rialachán (AE) 2017/1939 a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit atá rannpháirteach in OIPE agus i gcomhréir leis an Airteagal seo a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit eile, cuirfidh Eurofisc aon fhaisnéis ábhartha ó na Ballstáit maidir le calaois CBL trasteorann a mhalartaítear de bhun an Rialacháin seo in iúl do OIPE. 2c. Cuirfidh Eurofisc in iúl do OLAF, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), tuarascálacha anailíse sonracha Eurofisc ina sainaithnítear cásanna calaoise CBL amhrasta a bhaineann le custaim agus a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais bunaithe ar fhaisnéis ó na Ballstáit a mhalartaítear de bhun an Rialacháin seo agus tar éis a anailíse dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo, chun a chur ar chumas OLAF gníomhaíocht iomchuí a mheas i gcomhréir lena shainordú. Maidir leis na tuarascálacha sonracha anailíse Eurofisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:
2d. Cuirfidh Eurofisc in iúl do OLAF, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 aon fhaisnéis ó na Ballstáit atá ar fáil maidir le calaois CBL amhrasta a bhaineann le custaim agus a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, ar faisnéis í arna malartú de bhun an Rialacháin seo chun cur ar chumas OLAF gníomhaíocht iomchuí a mheas i gcomhréir lena shainordú. 2e. Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na critéir ar ar a mbonn a ndéanfar tuarascálacha anailíse Eurofisc a tharraingt suas agus an fhaisnéis atá le cur san áireamh sna tuarascálacha anailíse sin chun a chur ar chumas OIPE nó OLAF measúnú a dhéanamh ar a n-inniúlacht agus bunóidh sé na foirmeacha caighdeánacha chun na tuarascálacha sin a tharchur. Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2). Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme sin á ullmhú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Eurofisc. (*3) Treoir AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj)." (*4) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).’;" |
|
(5) |
in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Scrúdóidh agus measfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún conas atá na socruithe don chomhar riaracháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo ag feidhmiú. Áireofar sa mheastóireacht cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 36, míreanna (2a) go (2d), agus Airteagail 49a agus 49b. Déanfaidh an Coimisiún taithí na mBallstát a chomhthiomsú leis an aidhm chun feidhmiú na socruithe sin a fheabhsú.’ |
|
(6) |
i gCaibidil XIII, cuirtear isteach na hAirteagail seo: ‘Airteagal 49a 1. Chun na críche a shainítear i mír 2(b) den Airteagal seo agus gan dochar d’Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/1939, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát rochtain láraithe do OIPE, le haghaidh cuardaigh spriocdhírithe, ar an bhfaisnéis seo a leanas:
2. Tabharfar rochtain láraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
3. Rochtain láraithe dá dtagraítear i mír 1, déanfar foráil di trí phointe iontrála aonair, ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le himscrúdú, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le roinnt Ballstát. 4. Sonróidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2). 5. Is é OIPE a íocfaidh na costais as an mbonneagar agus na modhanna teicniúla a bhunú, a oibriú agus a chothabháil lena gceadaítear rochtain shlán ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san Airteagal sin. Airteagal 49b 1. Chun na críocha a leagtar amach i mír 2(b) den Airteagal seo, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát rochtain láraithe do OLAF, le haghaidh cuardaigh spriocdhírithe, ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le mír 2:
2. Tabharfar rochtain láraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
3. Rochtain láraithe dá dtagraítear i mír 1, déanfar foráil di trí phointe iontrála aonair ar an bhfaisnéis i ndáil le himscrúdú, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le roinnt Ballstát. 4. Sonróidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2). 5. Is é OLAF a íocfaidh na costais as an mbonneagar agus na modhanna teicniúla a bhunú, a oibriú agus a chothabháil lena gceadaítear rochtain shlán ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san Airteagal sin.’. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 17 Lúnasa 2027.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3), ón 1 Iúil 2030.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. HARRIS
(1) Tuairim an 17 Meitheamh (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim an 18 Feabhra 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/904/oj).
(4) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).
(5) Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/352/oj).
(6) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(9) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(10) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1743/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)