|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1712 |
21.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1712 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Iúil 2026
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe eastóscáin ar mhórán lúitéine, agus eastóscáin lúitéine/seaxaintine, ó Tagetes erecta mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh éanlaith chlóis (seachas turcaithe) a bhfuiltear lena ramhrú agus lena dtógáil le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh mionspeicis éanlaithe clóis a bhfuiltear lena ramhrú agus lena dtógáil le bheith ina mbéaróga agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe eastóscáin ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. le haghaidh turcaithe a bhfuiltear lena ramhrú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a mhodhnú. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 ón gCoimisiún (2) údaraíodh eastóscáin ar mhórán lúitéine agus eastóscáin lúitéine/seaxaintine ó Tagetes erecta ar feadh 10 mbliana mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh éanlaith chlóis (seachas turcaithe) a bhfuiltear lena ramhrú agus lena dtógáil le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh mionspeicis éanlaithe clóis a bhfuiltear lena ramhrú agus lena dtógáil le bheith ina mbéaróga. Ina theannta sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928 ón gCoimisiún (3) údaraíodh ullmhóid arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe a bhfuiltear lena ramhrú. |
|
(3) |
I gcomhthéacs chur isteach an iarratais ar údarú úsáide nua an bhreiseáin eastóscán ar mhórán lúitéine ó Tagetes erecta i mbeatha le haghaidh turcaithe a bhfuiltear lena ramhrú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, mheas an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) sa tuairim uaidh an 18 Meán Fómhair 2024 (4) nár athraíodh próiseas monaraíochta ná comhdhéanamh an bhreiseáin go substaintiúil i gcomparáid leis an eastóscán ar mhórán lúitéine mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097. Is é an chéad chuid den phróiseas monaraíochta, atá cosúil leis an gcuid a úsáidtear chun eastóscán lúitéine/seaxaintine a tháirgeadh, mar a luaitear sa tuairim ón Údarás an 3 Aibreán 2019 (5), ná peitil bláthanna triomaithe Tagetes erecta a eastóscadh le heacsán. Sa tuairim uaidh an 18 Meán Fómhair 2024 maidir le sonraíochtaí an bhreiseáin eastóscán ar mhórán lúitéine, mhol an tÚdarás gur cheart láithreacht heacsáin sa bhreiseán a bheith faoi bhun theorainn Threoirlíne 290 mg/kg an Chomhair Idirnáisiúnta maidir le Comhchuibhiú Ceanglas Teicniúil i ndáil le Clárú Táirgí Cógaisíochta Tréidliachta. Ag a chruinniú iomlánach den Phainéal um Breiseáin agus Táirgí nó Substaintí a úsáidtear i mBeatha Ainmhithe (‘FEGECP’) an 24-26 Meitheamh 2025 (6), luaigh an tÚdarás go mbeadh feidhm ag an moladh céanna freisin maidir leis an eastóscán lúitéine/seaxaintine atá údaraithe san Aontas faoi láthair. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go gcomhlíonann na breiseáin eastóscáin ar mhórán lúitéine agus eastóscáin lúitéine/seaxaintine ó Tagetes erecta fós na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, ba cheart an tsonraíocht maidir leis an teorainn 290 mg/kg de heacsán sna breiseáin sin a léiriú sna húdaruithe ábhartha a dheonaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097, agus ba cheart heacsán a lua mar thuaslagóir a úsáidtear san eastóscadh le linn an phróisis monaraíochta. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 a leasú dá réir. |
|
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 foráiltear freisin nach mór na breiseáin eastóscán ar mhórán lúitéine agus eastóscán lúitéine/seaxaintine Tagetes erecta a chur ar an margadh agus a úsáid mar bhreiseáin atá comhdhéanta d’ullmhóid, ach go hearráideach níor sonraíodh comhdhéanamh na n-ullmhóidí sin i dtéarmaí an údaraithe. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tuairisc níos cruinne ar na breiseáin a údaraítear mar ullmhóidí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097, trína shonrú go n-áirítear i gcomhdhéanamh na mbreiseán cion caraitéanóideach iomlán atá cothrom le 0,5 % nó níos mó ná sin, mar a shonraítear sa tuairim ón Údarás an 3 Aibreán 2019. Is iomchuí freisin foirmeacha féideartha na n-ullmhóidí a léiriú, ar ullmhóidí iad a d’fhéadfadh a bheith leachtach nó soladach, in ionad fhoirm na substainte gníomhaí. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 a cheartú dá réir. |
|
(6) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 foráiltear freisin nár cheart an meascán de na breiseáin eastóscán ar mhórán lúitéine agus eastóscán lúitéine/seaxaintine Tagetes erecta le caraitéanóidigh údaraithe eile agus xantaifillí a bheith níos mó ná an t-uaschion a shocraítear le haghaidh na gcatagóirí comhfhreagracha ainmhithe. Níor cheart tagairt a dhéanamh san fhoráil sin do xantaifillí, i gcomhréir leis an moladh sa tuairim ón Údarás an 3 Aibreán 2019, ós rud é gur foghrúpa caraitéanóideach iad xantaifillí. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 a cheartú dá réir. |
|
(7) |
Ceartaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/420 a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de. Athraíodh deireadh na tréimhse údaraithe de dhearmad go dtí an 30 Meán Fómhair 2031, ach níor cheart é a mhodhnú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 a cheartú dá réir. |
|
(8) |
Le húdarú an bhreiseáin eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928, déantar foráil maidir le téarmaí comhchosúla údaraithe i leith an bhreiseáin sin agus, dá bhrí sin, ba cheart an uimhir aitheantais chéanna a bheith san áireamh ann. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928 a leasú dá réir. |
|
(9) |
An 15 Eanáir 2025, rinne an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 an tuarascáil maidir leis na modhanna anailíse ar lúitéin a thabhairt cothrom le dáta. Tá feidhm ag an modh nua freisin maidir le heastóscáin ar mhórán lúitéine agus eastóscáin lúitéine/seaxaintine ó Tagetes erecta mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Ós rud é nach gá na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na n-eastóscán ar mhórán lúitéine agus eastóscáin lúitéine/seaxaintine ó Tagetes erecta a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as na modhnuithe sin a chomhlíonadh. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartúchán agus leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097
Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928
Sa chéad cholún den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928, cuirtear ‘2a161b’ in ionad na huimhreach aitheantais ‘2a161bii’.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
1. Na breiseáin beathaithe eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta agus eastóscán lúitéine/seaxaintine ó Tagetes erecta, mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 iad, agus an breiseán beathaithe eastóscán ar mhórán lúitéine ó Tagetes erecta L., mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928 é, agus réamh-mheascáin a bhfuil na breiseáin sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 10 Feabhra 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 10 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na breiseáin beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 10 Lúnasa 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 10 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1097 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 maidir le heastóscáin ar mhórán lúitéine, agus eastóscáin lúitéine/seaxaintine, ó Tagetes erecta a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh éanlaith chlóis (seachas turcaithe) a bhfuiltear lena ramhrú agus lena dtógáil le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh mionspeicis éanlaithe clóis a bhfuiltear lena ramhrú agus lena dtógáil le bheith ina mbéaróga (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 241, 27.7.2020, lch. 23; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1097/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú (IO L, 2025/1928, 26.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1928/oj).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(10), e9027. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9027.
(5) EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(5):5698. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2019.5698.
(6) Miontuairiscí ón 183ú Cruinniú Iomlánach den Phainéal Eolaíoch um Breiseáin agus Táirgí nó Substaintí a úsáidtear i mBeatha Ainmhithe a tionóladh an 24-26 Meitheamh 2025.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||||||
|
mg de charaitéanóidigh iomlána/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Datháin. (ii) substaintí a chuireann dathanna ar bhia de bhunadh ainmhíoch nuair a úsáidtear in ábhar beatha d’ainmhithe iad |
||||||||||||||||||||||||||||
|
2a161b |
Eastóscán ar mhórán lúitéine |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. le caraitéanóidigh iomlána ≥ 0,5 % Beinséin ≤ 2 mg/kg Heacsán ≤ 290 mg/kg Foirm sholadach nó leachtach Saintréithriú na substainte gníomhaí Lúitéin ó eastóscán gallúnaithe Tagetes erecta L. (peitil bláthanna triomaithe) a fuarthas trí eastóscadh le heacsán agus gallúnú:
Foirmle cheimiceach: C40H56O2 Uimhir CAS 127-40-2 (lúitéin) Uimhir CAS 144-68-3 (seaxaintin) Uimhir Chomhairle na hEorpa: 494 Modh anailíse (1) Maidir le lúitéin, seaxaintin agus caraitéanóidigh iomlána sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le caraitéanóidigh iomlána (lena n-áirítear lúitéin) i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
- |
- |
80 |
|
16.8.2030 |
||||||||||||||||||||
|
Béaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga |
- |
- |
80 |
|||||||||||||||||||||||||
|
2a161bi |
Eastóscán lúitéine / seaxaintine |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti eastóscán lúitéine/seaxaintine de Tagetes erecta L. le caraitéanóidigh iomlána ≥ 0,5 % Beinséin ≤ 2 mg/kg Heacsán ≤ 290 mg/kg Foirm sholadach nó leachtach Saintréithriú na substainte gníomhaí Eastóscán lúitéine/seaxaintine gallúnaithe/isiméirithe ó pheitil bláthanna triomaithe de Tagetes erecta L. a fuarthas trí eastóscadh le heacsán, gallúnú agus isiméiriú:
Uimh. CAS 127-40-2 (lúitéin) Uimhir CAS 144-68-3 (seaxaintin) Uimhir Chomhairle na hEorpa: 494 Foirmle cheimiceach: C40H56O2 Modh anailíse (1) Maidir le lúitéin, seaxaintin agus caraitéanóidigh iomlána sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le caraitéanóidigh iomlána (lena n-áirítear lúitéin) i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chinneadh:
|
Sicíní lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú |
- |
- |
80 |
|
16.8.2030 |
||||||||||||||||||||
|
Béaróga |
- |
- |
80 |
|||||||||||||||||||||||||
|
Mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga |
- |
- |
50 |
|||||||||||||||||||||||||
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. |
||||||||||||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1712/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)