|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1650 |
10.9.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1650 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 29 Aibreán 2026
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais don bhliain airgeadais 2024
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2024, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar ghníomhaireachtaí don bhliain airgeadais 2024, maille leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 2 Márta 2026 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024 (05750/2026 – C10-0148/2026), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (4), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (5), agus go háirithe Airteagal 47 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Aeráid agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Shláinte Phoiblí, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Iascach, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0087/2026), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais don bhliain airgeadais 2024; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO C, C/2025/5734, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5734/oj.
(2) IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.
(4) IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.
(5) IO L 295, 21.11.2018, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1726/oj.
(6) IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1650/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)