European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1619

10.9.2026

CINNEADH (AE) 2026/1619 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 29 Aibreán 2026

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2024

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2024,

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar ghníomhaireachtaí don bhliain airgeadais 2024, maille leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 2 Márta 2026 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024 (05750/2026 – C10-0148/2026),

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (4), agus go háirithe Airteagal 70 de,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (5), agus go háirithe Airteagal 45 de,

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de,

ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Aeráid agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Shláinte Phoiblí, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Iascach, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0087/2026),

 

1.

Ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2024;

2.

Ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArd-Rúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C, C/2025/5734, 30.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5734/oj.

(2)   IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.

(4)   IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.

(5)   IO L 83, 25.3.2019, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/473/oj.

(6)   IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1619/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)