|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1575 |
10.9.2026 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2026/1575 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 29 Aibreán 2026
maidir le dúnadh chuntais bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn III — an Coimisiún
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 (COM(2025)0359 — C10-0145/2025) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2025)0373), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2024 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais (COM(2025)0824), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2024 (COM(2025)0314), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2025)0159), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024, maille le freagraí na n-institiúidí (3), agus do na tuarascálacha speisialta ón gCúirt Iniúchóirí, |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas (4) na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2024, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2026 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024 (05749/2026 — C10-0037/2026), |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2026 maidir le hurscaoileadh a dheonú do na gníomhaireachtaí i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2024 (05752/2026 — C10-0050/2026), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (6), agus go háirithe Airteagail 69, 266, 267 agus 268 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(2) agus (3) de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 101 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Aeráid agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0085/2026), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024; |
|
2. |
ag cur a barúlacha i láthair sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus an naoú, an deichiú agus an t-aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig institiúidí iniúchóireachta náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.
(2) IO C, C/2025/4944, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4944/oj.
(3) IO C, C/2025/5409, 8.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5409/oj.
(4) IO C, C/2025/5407, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5407/oj.
(5) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.
(6) IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.
(7) IO L 11, 16.1.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/58/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1575/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)